52013SC0337

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais /* SWD/2013/0337 final */


1. réamhrá

Is slat tomhais staidrimh é innéacs, ar phraghas nó ar chainníocht de ghnáth, a ríomhtar ó thacar ionadaíoch de shonraí bunúsacha: nuair a úsáidtear an t-innéacs sin mar phraghas tagartha d'ionstraim airgeadais nó do chonradh eile airgeadais is tagarmharc ansin é. Tá raon leathan tagarmharcanna á dtáirgeadh faoi láthair. Bíonn na tagarmharcanna sin difriúil óna chéile, ní amháin ó thaobh na sonraí bunúsacha a úsáidtear, ach ó thaobh na modhanna a úsáidtear chun na sonraí a bhailiú, an chaoi a ríomhtar an t-innéacs agus an úsáid a baintear astu i ndeireadh na dála.

Gineann tionscal na dtagarmharcanna ioncam de thart ar EUR 2 bhilliún do riarthóírí tagarmharcanna airgeadais agus tráchtearraí ar fud an domhain. Tugtar le tuiscint ó mheastacháin a rinneadh go bhféadfadh méid na margaí a n-imreofar tionchar orthu a bheith os cionn EUR 1,000 trilliún. I bhfianaise chúbláil líomhnaithe na dtagarmharcanna ráta úis LIBOR agus EURIBOR le déanaí, tarraingíodh aird ar an tábhacht a bhaineann le tagarmharcanna agus ar a leochailí atá siad. Tá sláine na dtagarmharcanna ríthábhachtach ó thaobh go leor ionstraimí airgeadais a phraghsáil, ar nós babhtálacha rátaí úis agus comhaontuithe réamhráta, agus conarthaí tráchtála agus neamhthráchtála, ar nós comhaontuithe soláthair, iasachtaí agus morgáistí. Bíonn ról tábhachtach acu freisin i ndáil le bainistíocht riosca.

Díríodh ar shláine tagarmharcanna in Athbhreithniú Wheatley ar LIBOR agus sa rialáil ar LIBOR ina dhiaidh sin sa Ríocht Aontaithe, agus sa rialáil ar CIBOR sa Danmhairg chomh maith. D'fhoilsigh an EBA agus an ESMA Prionsabail na bPróiseas faoina Socraítear Tagarmharcanna san Eoraip ar an 6 Meitheamh 2013, prionsabail lena gcuirtear treoir ar fáil do rannpháirtithe sa bhearna ama sula dtiocfaidh aon thionscnamh ón gCoimisiún i bhfeidhm. Thug an EBA faoi athbhreithniú ar Euribor freisin agus d'fhoilsigh sé moltaí don EBF-Euribor in Eanáir 2013. Chomh maith leis sin, tá imscrúduithe ar bun ag an gCoimisiún Eorpach ar chairtéal a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil le EURIBOR agus ar chás féideartha de chlaonpháirteachas ó rannchuiditheoirí sna measúnuithe ar phraghsanna le haghaidh ola agus bithbhreoslaí ó roinnt de na gníomhaireachtaí tuairiscithe praghsanna tráchtearraí.

Tá comhordú á dhéanamh ag an FSB ar an gcur chuige idirnáisiúnta maidir le hathchóiriú tagarmharcanna. Ar iarratas uaidh, d'fhoilsigh IOSCO Prionsabail  i gcomhair Tagarmharcanna Airgeadais in Iúil 2013. Roimhe seo, d'fhoilsigh IOSCO Prionsabail maidir le maoirseacht ar ghníomhaireachtaí tuairiscithe praghsanna ola i nDeireadh Fómhair 2012. Tá obair bhreise á dhéanamh ar leibhéal an FSB, an G20 agus an BIS.

2. sainmhíniú na faidhbe 2.1 An baol ar chúbláil tagarmharcanna

Bíonn tionchar díreach ag tagarmharcanna ar luach na n-ionstraimí airgeadais agus na gconarthaí eile a dtagraíonn siad dóibh. Dá bhrí sin, má dhéantar cúbláil ar luach tagarmhairc, aistrítear airgead go díreach ó cheann amháin de na páirtithe conarthacha chuig an gceann eile dá bharr. Is é an príomhchúis leis an mbaol cúblála a fheictear i go leor tagarmharcanna an discréid a bhíonn acu siúd a sheolann isteach sonraí le linn dóibh sonraí a roghnú le seoladh chuig an áiritheoir nó le linn dóibh na sonraí atá á seoladh isteach acu a mheasúnú, agus an discréid a fheidhmíonn riarthóirí le linn dóibh an tagarmharc a ríomh. Bíonn roinnt tagarmharcanna ag brath go hiomlán ar mheasúnuithe ó rannchuiditheoirí, agus ní bhíonn mórán deise ann fíorú ex post a dhéanamh i gcoinne fíorshonraí. D'fhéadfaí nach mbeadh an soláthraí in ann a fhíorú an bhfuil na sonraí sin a sheoltar isteach ionadaíoch agus feidhmíonn sé discréid agus an tagarmharc á ríomh nó á mheasúnú ar bhonn na sonraí sin.

Ina theannta sin, féadfaidh rannchuiditheoirí rogha a dhéanamh gan ach fothacar dá gcuid sonraí a sheoladh isteach, rud a dhéanann dochar do chruinneas an tagarmhairc. Féadfaidh drogall a bheith ar rannchuiditheoirí freisin sonraí iomlána nó cruinne a sholáthar do riarthóírí tagarmharcanna dá mbeadh sé sin ag teacht salach ar leasanna eile, amhail faisnéis nó sonraí tráchtála íogaire nó faoi rún a nochtadh a bheadh ina gcomhartha do rannpháirtithe eile sa mhargadh. Bíonn coinbhleachtaí leasa ann go áirithe más iad na rannchuiditheoirí nó na riarthóirí úsáideoirí an tagarmhairc freisin. Féadfaidh rannchuiditheoirí meastacháin nach bhfuil macánta, nó sonraí páirteacha nó bréagacha nach léiríonn fíordhálaí an mhargaidh, a seoladh isteach, nuair atá siad in ann brabús a dhéanamh tríd an tagarmharc a athrú.

Nuair a fhoilsítear innéacs, d'fhéadfadh sé go mbeidh úsáid chomh forleathan á baint as go mbeidh sé criticiúil, nó ar a laghad go mbeadh tionchar suntasach ag aon chliseadh ar mhargaí agus ar infheisteoirí. Ar deireadh, níl cumhachtaí maoirsithe ná forfheidhmithe ag formhór na n-údarás ar na próisis ná ar na ngníomhaithe socraithe, rud a chuireann cosc ar mhaoirseacht éifeachtach ar thagarmharcanna agus ar chomhlíonadh na n-íoschaighdeán soláthair a fhorfheidhmiú.

2.2. Úsáid tagarmharcanna nach bhfuil láidir, iontaofa ná oiriúnach don chuspóir

I gás nach bhfuil tagarmharc láidir agus go bhfuil sé faoi réir riosca cúblála, má úsáidtear é, d'fhéadfaí dochar a dhéanamh d'infheisteoirí agus d'úsáideoirí eile.  D'fhéadfadh tuiscint mhaith a bheith ag úsáideoirí níos sofaisticiúla, amhail bainc agus rannpháirtithe eile sa mhargadh mórdhíola, ar na rioscaí a bhaineann le heaspa láidreachta na dtagarmharcanna agus an riosca sin a ghlacadh chucu féin, nó d'fhéadfaidís a bheith in ann bearta maolaithe iomchuí a ghlacadh. D'fhéadfadh sé, áfach, nach mbeadh tomhaltóirí miondíola ar an eolas go hiomlán faoi chineál an tagarmhairc a bhfuil conradh airgeadais atá déanta acu ag tagairt dó agus d'fhéadfadh nach mbeadh aon rogha acu faoin tagarmharc a úsáidtear.

Is é easpa trédhearcachta maidir le cuspóir tagarmharcanna agus easpa oiriúnachta na dtagarmharcanna don chuspóir atá beartaithe dóibh, go háirithe i ndáil le conarthaí airgeadais, an phríomhchúis leis an bhfadhb a bhaineann le tagarmharcanna a úsáid nach bhfuil láidir, iontaofa ná oiriúnach don chuspóir.

Úsáidtear tagarmharcanna chun réadúlacht mhargaidh nó eacnamaíoch ar leith a thomhas. I go leor cásanna, áfach, bíonn easpa trédhearcachta ann maidir le céard go baileach atá sé beartaithe a thomhas le tagarmharc, céard iad na cúinsí ina soláthraítear tomhas iontaofa leis agus céard iad na rioscaí eile a bhaineann lena úsáid. Mura bhfuil an trédhearcacht sin ar fáil, d'fhéadfadh sé nach mbeadh úsáideoirí in ann cinntí iomchuí a dhéanamh faoi cén tagarmharc ar cheart dóibh a úsáid. Nuair a tharlaíonn sé sin, beidh cinntí eacnamaíocha bunaithe ar luachanna saofa, as a dtiocfaidh dáileadh sócmhainní nach bhfuil barrmhaith agus caillteanais fhéideartha d'infheisteoirí agus do thomhaltóirí.

Go minic baintear úsáid as tagarmharcanna chun tagairt a dhéanamh do chonarthaí tomhaltóirí gan measúnuithe leordhóthanacha nó iomchuí ar a n-oiriúnacht chun na críche sin. Fiú tagarmharcanna a dhéanann tomhas iomchuí ar an réaltacht eacnamaíoch lena bhfuil siad beartaithe léiriú a thabhairt uirthi, féadfaidh siad drochthionchar a bheith acu má úsáidtear iad chun críocha eile. Easpa tuisceana de chuid na ndaoine siúd a dhéanann conarthaí ina ndéantar tagairt do na tagarmharcanna sin is bunchúis leis an bhfadhb seo, go háirithe nuair is infheisteoirí miondíola nó tomhaltóirí na daoine sin. Is minic a úsáidtear tagarmharc i margadh toisc gurb é an tagarmharc ar leith sin an t-aonad tomhais seanbhunaithe i ngeall ar éifeachtaí an ghréasáin, agus ar an gcúis sin amháin, seachas tagarmharcanna a úsáid toisc go bhfuil siad oiriúnach. Ar an gcaoi chéanna, i ngeall ar chumhacht éagothrom margála nó téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha a úsáid, d'fhéadfaí go gcuirfí iallach ar dhuine de na contrapháirtithe tagarmharc míchuí a roghnú.  Féadfaidh coinbhleachtaí leasa suntasach ann freisin sna hinnéacsanna straitéise/dílsithe a úsáideann nó a tháirgeann bainisteoirí cistí a bhfuil leas díreach acu i bhfeidhmíocht na gcistí sin.

3. Coimhdeacht agus comhréireacht

Cé gur tagarmharcanna náisiúnta iad roinnt tagarmharcanna, is tionscal idirnáisiúnta é an tionscal tagarmharcanna trí chéile ó thaobh táirgthe agus úsáide araon. I gcás tagarmharcanna a n-úsáidtear nó a dtáirgtear go forleathan ar fud roinnt Ballstát, d'fhéadfaí go mbeadh ilroinnt ar an margadh inmheánach mar thoradh ar ghníomhaíochtaí náisiúnta agus go n-éascófaí arbatráiste rialála dá bharr, toisc gur féidir táirgeadh tagarmharcanna a aistriú chuig Ballstáit eile gan stró. Ar an lámh eile, chabhródh tionscnamh ón AE le feabhas a chur ar an margadh aonair trí chreat comhchoiteann a chruthú maidir le tagarmharcanna iontaofa agus oiriúnacha a úsáid thar Bhallstáit dhifriúla. Tá gníomhaíocht an AE i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta dá bhrí sin.

De réir phrionsabal na comhréireachta ní mór gach idirghabháil a bheith spriocdhírithe agus ní féidir dul thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a bhaint amach. Bhí prionsabal na comhréireachta mar threoir don phróiseas nuair a bhí roghanna malartacha á sainaithint, agus le linn anailís a dhéanamh ar na roghanna agus a raon feidhme agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Baineadh é sin amach ar dhá bhealach: ar an gcéad dul síos, trí dhíriú ar na tagarmharcanna sin a bhféadfadh tionchar eacnamaíoch cinnte díreach a bheith acu má dhéantar cúbláil orthu agus orthu sin amháin agus ar an dara dul síos, trí bhearta a shainaithint nach mbaineann saincheisteanna comhréireachta leo de bharr chineál na mbeart nó, i gcás ina bhféadfadh bearta ualach díréireach a fhorchur, trí shocrú a dhéanamh ionas gur féidir na bearta sin a chalabrú ar bhealach comhréireach..

4. Raon feidhme

Cinneadh raon feidhme an togra faoi threoir na bhfadhbanna atá leagtha amach thuas chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar na fadhbanna ar bhonn éifeachtach, éifeachtúil agus comhréireach.  Tá dhá chéim i gceist sa chur chuige lena gcinntear raon feidhme an togra: ar dtús, cad na tagarmharcanna atá cumhdaithe (“tagarmharcanna spriocdhírithe”) agus ar an dara dul síos, cad iad na gníomhaíochtaí de chuid na dtagarmharcanna spriocdhírithe sin ar cheart a chumhdach. 

Ar an gcéad dul síos, cumhdaítear gach innéacs foilsithe a úsáidtear chun tagairt a dhéanamh do phraghas ionstraime nó conartha airgeadais nó chun feidhmíocht chiste infheistíochta a thomhas, toisc gurb iad sin na tagarmharcanna a mbeidh caillteanas airgeadais ann má dhéantar cúbláil orthu agus is iad seo is so-ghabhálaí i ndáil leis na fadhbanna atá leagtha amach thíos.

Ar an dara dul síos, tagann gach soláthraí tagarmharcanna a tháirgeann na tagarmharcanna sin agus atá bunaithe san Aontas laistigh den raon feidhme, toisc go mbíonn riarthóirí faoi réir na bhfadhbanna go léir atá leagtha amach thuas. Tá bainc cheannais díolmhaithe ón raon feidhme toisc go ndéanann siad leibhéal ard sláine a urramú cheana féin agus toisc go mbíonn siad faoi réir rialaithe ag údaráis phoiblí. Baineann na fadhbanna sin le rannchuiditheoirí atá bunaithe san Aontas chomh maith ach de réir na hanailíse, is comhréireach díriú ar rannchuiditheoirí sprice atá faoi réir rialála airgeadais an AE cheana féin amháin. Is é an phríomhchúis leis sin ná go bhfágfadh an t‑ualach comhlíontachta go bhféadfadh rannchuiditheoirí nach bhfuil á rialáil faoi láthair scor de bheith rannpháirteach, agus ar aon chuma ní fhéadfadh na rialtóirí airgeadais iad a mhaoirsiú go héifeachtach.

5. cuspóirí

Sa tábla thíos tugtar forbhreathnú ar chuspóirí ginearálta, ar chuspóirí sonracha agus ar chuspóirí faoi chomhair oibríochtaí an tionscnaimh seo, i bhfianaise na hanailíse ar na rioscaí agus ar na fadhbanna thuas:

Cuspóirí ginearálta || Cuspóirí sonracha || Cuspóirí faoi chomhair oibríochtaí || Cuspóirí intomhaiste

1) Muinín i margaí airgeadais a athbhunú 2) Sláine agus cothroime an mhargaidh a fheabhsú; a áirithiú go bhfreastalaíonn margaí airgeadais ar an bhfíorgheilleagar 3) Cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a áirithiú ||  Sláine na dtagarmharcanna a áirithiú 1.  Riosca cúblála tagarmharcanna a laghdú 2) A áirithiú go mbaintear úsáid iomchuí as tagarmharcanna láidre agus iontaofa || 1) Dreasachtaí agus deiseanna cúblála a theorannú 2) Discréid a íoslaghdú - a áirithiú go bhfuil tagarmharcanna bunaithe ar shonraí leordhóthanacha ionadaíocha 3) A áirithiú go dtugann rialachas agus rialuithe láidre aghaidh ar rioscaí: 4) Trédhearcacht agus úsáid tagarmharcanna oiriúnacha a fheabhsú 5) Maoirseacht éifeachtach a áirithiú || 1) Líon na dtagarmharcanna atá leochaileach ó thaobh cúblála de a laghdú 2) Líon na dtagarmharcanna atá bunaithe ar shonraí leordhóthanacha ionadaíocha a mhéadú 3) Líon na n-uaireanta go n-aimsítear rialachas nó rialuithe míchuí a laghdú 4) Líon na ráiteas ar chuspóirí tagarmharcanna gus na measúnuithe ar a n-oiriúnacht d'úsáid mhiondíola a mhéadú 5) Líon na gcásanna cúblála ar thagarmharcanna a laghdú

6. roghanna beartais agus anailís ar na tionchair

Rinneadh na roghanna beartais difriúla a thástáil i gcoinne na gcritéar a bhaineann le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht maidir leis na sé chuspóir faoi chomhair oibríochtaí a bhaint amach.

6.1. Dreasachtaí agus deiseanna cúblála a theorannú:

Roghanna beartais

1 Gan aon ghníomh a dhéanamh

2 Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a nochtadh

3 Deighilt struchtúrach

Is í Rogha 2 an rogha thosaíochta: bíonn deighilt struchtúrach éifeachtach chun deiseanna cúblála a theorannú, ach bheadh sí díréireach i go leor cásanna, toisc go bhféadfaí soláthar tagarmharcanna a dhíspreagadh agus d'fhéadfadh sé go gcuirfí deireadh le roinnt tagarmharcanna dá bharr. Trí choinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a nochtadh, cruthaítear dreasachtaí do na daoine sin a bhfuil ríomhanna á ndéanamh acu nó a bhfuil faisnéis á seoladh isteach acu i leith tagarmharcanna é sin a dhéanamh ar bhealach oibiachtúil. Ar an gcaoi sin, tugtar spreagadh chun sonraí cruinne a sheoladh isteach agus a bheith ionraic sa phróiseas fíoraithe sonraí.

6.2. Discréid a íoslaghdú; a áirithiú go bhfuil tagarmharcanna bunaithe ar shonraí leordhóthanacha ionadaíocha:

Roghanna beartais

1 Gan aon ghníomh a dhéanamh

2 A cheangal go n-úsáidfear sonraí idirbhirt má tá siad ar fáil agus iontaofa, nó discréid infhíoraithe a bhfuil bunús maith léi a úsáid seachas sin

3 Úsáid éigeantach sonraí idirbhirt, más gá amháin

4 Rannchuidiú a shainordú i gcás tagarmharcanna criticiúla

Is iad Rogha 2 agus Rogha 4 na roghanna tosaíochta: le riail lena gceanglaítear go mbeidh tosaíocht ag sonraí idirbhirt ionadaíocha, agus go gcaithfidh úsáid sonraí eile a bheith infhíoraithe, soláthraítear ionstraim chun a áirithiú go mbeidh rátaí agus rannchuidiú tagarmhairc bunaithe ar shonraí leordhóthanacha agus ionadaíocha agus go bhfuil bonn cirt agus údar maith le discréid agus go bhfeidhmítear i gceart í. Dá bhrí sin, feabhsaítear iontaofacht tagarmharcanna agus trédhearcacht an phróisis. Leis an gcumhacht chun rannchuidiú le tagarmharcanna criticiúla a shainordú, déantar leanúnachas tagarmharcanna a bhfuil tábhacht chriticiúil leo a áirithiú má tá baol ann go scoirfidh ranchuiditheoirí de bheith ag rannchuidiú Áirithítear freisin go mbíonn siad bunaithe ar a dhóthain samplaí de shonraí margaidh, go háirithe nuair a bhíonn dálaí anáis sa mhargadh, nuair a d'fhéadfadh drogall a bheith ar rannchuiditheoirí sonraí nó meastacháin chun tagarmharcanna a ríomh a sheoladh isteach.

6.3. A áirithiú go dtugann rialachas agus rialuithe láidre aghaidh ar rioscaí:

Roghanna beartais

1 Gan aon ghníomh a dhéanamh

2 Eiseoidh údaráis mhaoirseachta treoirlínte 'comhlíon nó mínigh'

3 Córais bhainistíochta iomchuí agus rialuithe éifeachtacha a shainordú

Is í Rogha 3 an rogha thosaíochta: i bhfianaise na gcoinbhleachtaí leasa bunúsacha a bhaineann le rannchuidiú le tagarmharcanna agus iad a ríomh, ní dócha go mbainfí amach na torthaí inmhianaithe trí úsáid a bhaint as prionsabail 'comhlíon nó mínigh'. Trí chórais bhainistíochta chuí agus rialuithe éifeachtacha a shainordú, soláthraítear uirlis chun rialachas agus rialuithe láidre a fhorfheidhmiú, rud is gá chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá sainaitheanta sna gníomhaíochtaí a bhaineann le tagarmharcanna a sholáthar agus rannchuidiú leo.

6.4. Trédhearcacht a fheabhsú agus a áirithiú go mbaintear úsáid as tagarmharcanna láidre agus iontaofa:

Roghanna beartais

1 Gan aon ghníomh a dhéanamh

2 A cheangal go mbeidh trédhearcacht ann sa mhodheolaíocht, sna sonraí bunúsacha, sa phróiseas agus sa chuspóir, ach trédhearcacht i bpáirt nó le moill a cheadú  sna sonraí bunúsacha nuair atá bonn cirt leis

3 Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht úsáid na dtagarmharcanna i ndáil le conarthaí miondíola

4 Fógra éigeantach a thabhairt maidir le húsáid tagarmharcanna

Is iad Rogha 2 agus Rogha 3 na roghanna tosaíochta: dá mbeadh modheolaíocht agus sonraí trédhearcacha ann, bheadh na rialtóirí agus an pobal araon in ann a mheas an bhfuil na tagarmharcanna cruinn agus iontaofa nó nach bhfuil. Agus rochtain acu ar na sonraí agus ar an modheolaíocht araon, bheadh infheisteoirí agus rialtóirí in ann an tagarmharc a mhacasamhlú nó a chúltástáil chun cruinneas an tagarmhairc a mheas. Dá mbeadh trédhearcacht iomlán ann faoin méid a thomhaistear leis an tagarmharc, faoin gcaoi ar cheart é a úsáid agus faoina heasnaimh, bheadh rialtóirí agus an pobal ar an eolas go hiomlán faoin réaltacht eacnamaíoch atá sé beartaithe a thomhas le tagarmharc agus faoi easnamh ar bith a bheadh i dtagarmharc ó thaobh an méid sin a rianú. Cheadófaí foilsiú moillithe nó foilsiú i bpáirt, dá mbeadh iarmhairtí dochracha tromchúiseacha i gceist do na rannchuiditheoirí nó dá ndéanfaí dochar d'iontaofacht nó do shláine an tagarmhairc mar thoradh ar fhoilsiú iomlán comhaimseartha. Ní cheadófaí foilsiú a mhoilliú ach a mhéid a laghdódh sé go mór na hiarmhairtí sin. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag eintiteas rialaithe ar nós bainc conradh airgeadais a dhéanamh le tomhaltóir, i gcás ina bhfuil na híocaíochtaí ag tagairt do thagarmharc, ba cheart don eintiteas sin oiriúnacht an tagarmhairc don úsáid sin a mheas agus rabhadh a thabhairt don tomhaltóir mura bhfuil sé oiriúnach.

6.5. Maoirseacht éifeachtach ar thagarmharcanna a áirithiú:

Roghanna beartais

1 Gan aon ghníomh a dhéanamh

2 Soláthar príobháideach tagarmharcanna, maoirseacht phríobháideach neamhspleách

3 Soláthar príobháideach tagarmharcanna, maoirseacht agus forfheidhmiú poiblí

4 Soláthar poiblí tagarmharcanna criticiúla

Is í Rogha 3 an rogha thosaíochta: d'fhéadfadh soláthar poiblí tagarmharcanna bac a chur le nuálaíocht agus a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa freisin. D'fhéadfadh maoirseacht phríobháideach a bheith faoi réir coinbhleachtaí leasa freisin. Má dhéantar gníomhaíocht rialaithe as soláthar tagarmharcanna, áirithítear go mbeidh maoirseacht ar an leibhéal is airde is féidir ar riarthóirí tagarmharcanna. Thabharfaí uirlis do na húdaráis dá bhrí sin chun comhlíontacht agus cuntasacht riarthóirí agus rannchuiditheoirí a fhorfheidhmiú. Dhéanfaí neamhspleáchas an mhaoirseora a áirithiú toisc go mbeadh sé ina údarás poiblí agus cheadófaí rogha mhargaidh, nuálaíocht agus iomaíochas toisc go mbeadh soláthar tagarmharcanna fós á ndéanamh go príobháideach.

Dhéanfadh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta maoirseacht ar riarthóirí faoi chomhordú an ESMA. I gcás tagarmharcanna criticiúla, bheadh maoirseacht ó choláiste maoirseoirí náisiúnta éigeantach. Ghlacfadh an ESMA páirt sna coláistí maoirseoirí le haghaidh tagarmharcanna criticiúla agus dhéanfadh sé eadráin cheangailteach nuair is gá. Is iad a maoirseoirí reatha a dhéanfadh maoirseacht ar na rannchuiditheoirí.

7. Tionchair phacáiste na roghanna tosaíochta

Tá achoimre sa chairt thíos ar na roghanna beartais a coinníodh

Cuspóir faoi chomhair oibríochtaí || Roghanna beartais tosaíochta

Dreasachtaí agus deiseanna cúblála a theorannú  || Coinbhleachtaí leasa a bhainistiú agus a nochtadh

Sonraí leordhóthanacha agus discréid íoslaghdaithe || Sonraí idirbhirt má tá siad ar fáil agus iontaofa, nó discréid infhíoraithe a bhfuil bunús maith léi a úsáid seachas sin

Rannchuidiú a shainordú i gcás tagarmharcanna criticiúla más gá amháin

A áirithiú go dtugann rialachas agus rialuithe láidre aghaidh ar riosca || Córais bhainistíochta iomchuí agus rialuithe éifeachtacha a shainordú

Trédhearcacht a fheabhsú agus a áirithiú go n-úsáidtear tagarmharcanna atá láidir, iontaofa agus oiriúnach don chuspóir || A cheangal go mbeidh trédhearcacht ann sa mhodheolaíocht, sna sonraí bunúsacha, sa phróiseas agus sa chuspóir, ach trédhearcacht i bpáirt nó le moill a cheadú sna sonraí bunúsacha nuair atá bonn cirt leis

Measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht úsáid na dtagarmharcanna i ndáil le conarthaí miondíola

Maoirseacht éifeachtach a áirithiú || Soláthar príobháideach tagarmharcanna, maoirseacht agus forfheidhmiú poiblí

Is é príomhsprioc an tionscnaimh seo láidreacht agus sláine na dtagarmharcanna Eorpacha a fheabhsú tríd an baol ar chúbláil tagarmharcanna a laghdú. Dá bhrí sin, rannchuideoidh sé le sláine agus cothroime an mhargaidh a fheabhsú agus le muinín as margaí airgeadais a athbhunú. Tá sé d'aidhm ag an tionscnamh seo freisin a áirithiú go mbaintear úsáid iomchuí as tagarmharcanna láidre agus iontaofa, rud a fheabhsóidh cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí agus a áiritheoidh go bhfreastalaíonn margaí airgeadais ar an bhfíorgheilleagar.

8. Faireachán agus meastóireacht

D'fhéadfaí an mheastóireacht ar na hiarmhairtí ar chur i bhfeidhm an bhirt reachtaigh a dhéanamh trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an bhirt reachtaigh, i gcomhthéacs tuarascála a chuirfear faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte maidir le héifeachtacht an tionscnaimh reachtaigh agus oiriúnacht an chur chuige earnálaigh.