DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad togra reachtach agus bearta breise neamhreachtacha lena neartaítear iniúchtaí agus forfheidhmiú Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola /* SWD/2013/0267 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR a ghabhann leis an doiciméad togra reachtach agus bearta breise
neamhreachtacha lena neartaítear iniúchtaí agus forfheidhmiú Rialachán (CE)
Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006
maidir le loingsiú dramhaíola 1. An fhadhb a shainiú 1.1. Cad é an fhadhb go díreach? An fhadhb ar gá aghaidh a thabhairt uirthi is
ea a mhinice a dhéantar dramhaíl a loingsiú go neamhdhleathach ón AE go cinn
scríbe áirithe de shárú ar rialachán an AE maidir le loingsiú dramhaíola[1], "an RLD". Léiríodh le hiniúchtaí a rinneadh i gcalafoirt,
ar bhóithre agus i gcuideachtaí nach bhfuil thart ar 25% de loingsithe san AE a
bhfuil dramhaíl iontu ag comhlíonadh an RLD. Léirítear
i mórán tuarascálacha ó eagraíochtaí
neamhrialtasacha, sna meáin agus i staidéir a foilsíodh idir 2007 agus 2011 go
n‑onnmhairítear go neamhdhleathach mórán dramhaíola de thionscnamh an AE
go tíortha i mbéal forbartha san Afraic agus san Áise.
Príomhspreagadh eacnamaíoch don loingsiú neamhdhleathach dramhaíola is
ea go bhfuil cóireáil agus diúscairt dramhaíola i bhfad níos saoire i dtíortha
atá i mbéal forbartha. Rialáil comhshaoil
agus sláinte níos scaoilte ná mar atá san AE is príomhúdar leis na costais ísle
seo. Bíonn trádálaithe neamhdhleathacha ag
iarraidh na costais níos airde laistigh den AE a sheachaint trí dhramhaíl a
loingsiú go neamhdhleathach go saoráidí dramhaíola atá níos saoire agus ar
chaighdeán níos ísle i dtíortha i mbéal forbartha. Tionchar tromchúiseach ar an gcomhshaol agus
ar shláinte an toradh de ghnáth a bhíonn ar an dumpáil nó ar an gcóireáil
fhochaighdeánach dramhaíola a leanann seoladh neamhdhleathach. D'fhéadfadh dramhaíl nach ndearnadh a dhiúscairt
go leormhaith nó dramhaíl neamhchóireáilte fadhbanna tromchúiseacha comhshaoil
agus sláinte a chruthú don daonra timpeall ar limistéar an diúscartha. Déanann sceitheanna ó dhramhaíl a caitheadh i
gcártaí dochar chomh maith d'ithreacha agus do shrutháin uisce, agus
truaillítear an t‑aer, trí astaíochtaí miotal trom agus truailleán
orgánach marthanach mar shampla. De bhreis
ar na rioscaí sláinte fadtéarmacha do shaoránaigh agus d'oibrithe, cuireann sé
le téamh domhanda agus le hídiú an ózóin chomh maith.
Tá dlúthcheangal idir fairsinge na dtionchar sin agus úsáid teicnící cuí
nó míchuí cóireála dramhaíola. Is minic go
ngéaraítear ar an riosca a bhaineann le nádúr tocsaineach na substaintí
contúirteacha toisc easpa treallaimh chosanta pearsanta nó easpa beart
rialaithe truaillithe in úsáid i gcóireáil dramhaíola i dtíortha a ghlacann
isteach loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola. Tá loingsiú neamhdhleathach dramhaíola ina
chúis le costais mhóra chomh maith do Bhallstáit agus d'oibreoirí. Áirítear orthu sin na costais ar oibríochtaí
glanta tar éis loingsithe agus dumpála neamhdhleathaí dramhaíola, chomh maith
le costais a bhaineann le haisdúichiú na dramhaíola chuig an tír thionscnaimh. Ina theannta sin, cuirtear bac ar an rochtain ar
amhábhair luachmhara de thoradh an "sceite" reatha dramhaíola ar
loingsithe neamhdhleathacha go saoráidí cóireála fochaighdeánacha laistigh agus
lasmuigh den AE. Ach níos mó dramhaíola a
ródú trí bhealaí dleathacha chun athghabhála agus cóireála chuirfí barrfheabhas
ar phróisis, bheadh teicnící sórtála dramhaíola níos fearr, agus cáilíocht
dramhaíola níos fearr dá bhrí sin, agus i ndeireadh thiar bheadh fáil níos mó
ar amhábhair ar chaighdeán ard. De bhreis
air sin, cuirtear gnólachtaí a bhíonn ag cloí leis an dlí faoi mhíbhuntáiste
eacnamaíoch de thoradh an easpa cothroime iomaíochta atá ann faoi láthair de
dheasca éagothromaíochtaí móra sna cleachtais forfheidhmithe. Dá bhrí sin, leis na rátaí arda loingsithe
neamhdhleathaigh tá dochar á dhéanamh do thionscail dhlisteanacha cóireála agus
diúscartha dramhaíola. 1.2. Cé hiad is mó a mbeidh
tionchar aige orthu? Baineann iniúchtaí agus forfheidhmiú an RLD go
príomha leis na páirtithe leasmhara seo a leanas: ·
Údaráis na mBallstát a thugann faoi iniúchtaí ar
loingsithe dramhaíola ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. ·
Trádálaithe agus lastóirí dramhaíola a chomhlíonann
ceanglais an RLD. ·
Trádálaithe agus lastóirí neamhdhleathacha
dramhaíola a bhaineann úsáid as bearnaí i bhforfheidhmiú agus in iniúchtaí sna
Ballstáit chun dul timpeall ar an RLD sa dóigh agus go mbíonn cúrsaí comhshaoil
agus sláinte thíos leis. ·
Saoránaigh a bhíonn ag fulaingt ó éifeachtaí
sláinte de thoradh dumpáil nó míbhainistiú dramhaíola. 1.3. Cén fáth a bhfuil gá le
hidirghabháil phoiblí? Tá ceanglais maidir le hiniúchtaí agus
forfheidhmiú ceaptha ar bhealach ginearálta sa RLD (Airteagal 50). Níl aon fhorálacha ar leith sa RLD maidir leis an
gcaoi a ndéanfar iniúchtaí. Dá thoradh sin, tá difríochtaí móra sa dóigh a
gcuirtear iad i bhfeidhm sna Ballstáit éagsúla. Tá córais iniúchta atá
críochnúil, atá ag feidhmiú go maith agus a dhíríonn ar loingsithe dramhaíola i
gcalafoirt nó ag suíomhanna lucht déanta agus lucht bailithe dramhaíola
forbartha ag cuid acu, ach tá fadhbanna suntasacha forfheidhmithe ag Ballstáit
eile agus easpa struchtúir agus acmhainní orthu le sruthanna dramhaíola a rialú
ná iniúchtaí a dhéanamh orthu. Fágann sin go roghnaíonn onnmhaireoirí
dramhaíola neamhdhleathaí a gcuid dramhaíola a sheoladh trí Bhallstáit a bhfuil
an méid is lú rialuithe i bhfeidhm iontu, rud ar a dtugtar 'ceannach ó
chalafort go calafort’. Má threisítear ar an bhforfheidhmiú i mBallstát amháin,
aistríonn onnmhaireoirí neamhdhleathacha a n‑onnmhairiú go Ballstát eile.
Dá bhrí sin, ní féidir loingsiú neamhdhleathach dramhaíola a chosc go
héifeachtach ach amháin má tá rialuithe leordhóthanacha á gcur i bhfeidhm i
ngach Ballstát 2. Anailís ar choimhdeacht 2.1. Bunús sa Chonradh Tá an ceart chun gníomhú ag an AE bunaithe ar
Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá forálacha áirithe maidir le forfheidhmiú i
reachtaíocht reatha an AE, lena n‑áirítear in Airteagal 50 den RLD, lena
ndírítear ar chórais iniúchta éifeachtacha a chur i bhfeidhm sna Ballstáit. Forfheidhmítear an RLD ar bhealach scaipthe,
áfach, agus leantar de mhórán cineálacha difriúla dramhaíola neamhdhleathaí a
onnmhairiú ón AE. Dealraíonn sé gur fadhb
mhór atá san easpa critéar sonrach sa RLD faoi láthair maidir le pleanáil
iniúchtaí, dualgas cruthúnais, iniúchtaí réamhtheachtacha agus oiliúint. 2.2. An 'tástáil riachtanais' Tá gné idirnáisiúnta ag baint le loingsithe
dramhaíola ó nádúr agus éilítear mar sin go ndéanfaí rialacháin a chur chun
feidhme agus a fhorfheidhmiú ar an mbealach céanna i ngach Ballstát chun
cothroime iomaíochta a áirithiú agus chun srian a chur ar líon na loingsithe
neamhdhleathacha dramhaíola a chuireann isteach ar thrádáil AE agus ar thrádáil
idirnáisiúnta agus atá dainséarach do shláinte an duine agus don chomhshaol. Dá
bhrí sin, dealraíonn sé go bhfuil gá le gníomhaíocht ón AE. Ní shonraítear ceanglais iniúchta sa
reachtaíocht reatha (Airteagal 50 den RLD) agus mar sin de tá cur chun feidhme
agus forfheidhmiú ar fud an AE lag agus éagothrom. Ní féidir, dá bhrí sin,
cuspóirí beartais an RLD a bhaint amach faoi láthair. Is mórspéis le Ballstáit go ndéanfaí an RLD a
fhorfheidhmiú go héifeachtach i mBallstáit eile. Ar ndóigh, is minic a bhogtar
laistigh den AE i dtosach dramhaíl a loingsítear go tríú tíortha. Dá bhrí sin,
má tá forfheidhmiú lag i mBallstáit áirithe, bíonn breis oibre le déanamh ag
údaráis i mBallstáit eile. Ina theannta sin, aon chuideachtaí atá ag iarraidh
Ballstáit ina gcuirtear an RLD chun feidhme i gceart a sheachaint, féadfaidh
siad dramhaíl a iompar go Ballstáit nach gcuirtear an RLD chun feidhme chomh
dian sin iontu agus sa dóigh sin laghdaítear ar an mbaol go mbéarfaí orthu. Tá
ríthábhacht le gníomhú ar leibhéal an AE chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb
seo, toisc gur gá don AE ina iomláine na tionchair a bhíonn ag a chuid
dramhaíola i dtríú tíortha a laghdú, ach cuireann an lúb is laige sa slabhra
iniúchta ó mhaith iarrachtaí an AE chuige sin. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go
bhfuil gá le nósanna imeachta iniúchta comhchuibhithe san AE. 3. Cuspóirí thionscnaimh an AE Na haidhmeanna seo a leanas atá mar
phríomhchuspóirí i gcur chun feidhme na gceanglas dlíthiúla atá beartaithe
maidir le hiniúchtaí ar loingsithe dramhaíola. Cuspóir ginearálta: An comhshaol agus an tsláinte a chosaint trí
loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola a laghdú. Sainchuspóirí: Cur chun feidhme agus forfheidhmiú Rialachán an AE maidir le Loingsiú
Dramhaíola a fheabhsú agus, ar an dóigh sin, rannchuidiú le tasc an Choimisiúin
in Airteagal 17(1) de Chonradh an AE a chomhlíonadh; costais a laghdú sna
Ballstáit, a bhaineann, mar shampla, le glanadh agus aisdúichiú dramhaíola;
rochtain ar amhábhair a mhéadú agus rannchuidiú le héifeachtúlacht acmhainní;
agus cothroime iomaíochta ar fud an AE a áirithiú dóibh siúd a bhíonn ag plé le
dramhaíl. Sainchuspóirí oibriúcháin: Éifeachtacht iniúchtaí ar loingsithe
dramhaíola a neartú agus a fheabhsú; agus comhchuibhiú a dhéanamh ar na critéir
a úsáidtear i mBallstáit éagsúla in iniúchtaí. 4. Roghanna beartais Bhí na roghanna beartais a rinneadh a
anailísiú faoi réir ag comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus tugadh mórán
barúlacha orthu le linn an phróisis sin. Ina measc siúd tá idir leasuithe féideartha ar reachtaíocht an
AE agus bhearta neamhreachtacha. Níl siad comheisiatach
agus is féidir iad a chur le chéile d'fhonn forfheidhmiú an RLD a neartú.
Sainaithníodh ceithre phríomhrogha beartais agus rinneadh measúnú orthu ó
thaobh a dtionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta: Rogha 1 – Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal
an AE Rogha 2 - Saincheanglais agus critéir
d'iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola a thabhairt isteach i reachtaíocht an AE
trí Airteagal 50 den RLD a leasú chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí
forfheidhmithe nithiúla a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair: easpa pleanála iniúchtaí agus easpa measúnuithe riosca; forálacha
neamhleora maidir leis an dualgas cruthúnais; easpa iniúchtaí réamhtheachtacha
chun onnmhairí neamhdhleathacha a bhrath; agus easpa oiliúna do chigirí. Rogha 3 – Treoir d'iniúchtaí ar loingsithe
dramhaíola ar leibhéal an AE chun aghaidh a thabhairt ar na ceithre shainréimse
a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair mar réimsí ina bhfuil gá le treoir: rialú ar loingsiú á éascú ag údaráis chustaim; forbairt inmharthanach
ó thaobh na héiceolaíochta de a áirithiú ag saoráidí cóireála agus athchúrsála
i dtríú tíortha; inrianaitheacht dramhaíola a chur chun cinn trí mhodhanna
teicniúla; agus comhar, comhordú agus faireachán. Rogha 4 – Teaglaim de cheanglais reachtacha
agus treoir AE 5. Measúnú ar Thionchair Rogha 1 – Gan aon ghníomhaíocht ar leibhéal
an AE Ciallaíonn an rogha 'gan ghníomhaíocht' nach
ndéanfar athrú ar bith agus go bhfágfar faoi na Ballstáit iniúchtaí ar
loingsithe dramhaíola a shocrú ina mbealach féin chun aghaidh a thabhairt ar a
sainchás náisiúnta féin. Ar an taobh eile, ní réitíonn an rogha sin aon cheann
de na fadhbanna a luaitear sa tuarascáil. De thoradh easpa rialacha sonracha
uile‑AE maidir le hiniúchtaí, tagann léirmhínithe difriúla chun cinn mar
aon le cur chun feidhme míchothrom i measc na mBallstát. Tá riosca ann go
dtiocfaidh méadú ar na rátaí loingsithe neamhdhleathaigh dramhaíola mar thoradh
ar mhí‑éifeachtacht reatha agus easnaimh shonracha sna hiniúchtaí ar
loingsithe dramhaíola i mórán Ballstát. Bheadh na fadhbanna reatha ann i gcónaí, i.e.
mór‑impleachtaí diúltacha don chomhshaol agus do shláinte an duine,
ardchostas do Bhallstáit (dramhaíl a loingsíodh go neamhdhleathach a ghlanadh)
agus don tionscal (easpa cothroime iomaíochta). Ní fheabhsófaí an rochtain ar
amhábhair agus leanfaí leis an úsáid mhí‑éifeachtach acmhainní mar atá faoi
láthair. Tá baol ann go n‑athlonnófaí poist lasmuigh den AE leis an rogha
seo. Rogha 2 -
Saincheanglais agus critéir d'iniúchtaí ar loingsithe dramhaíola a thabhairt
isteach i reachtaíocht an AE Is beag costais a bheidh ar na Ballstáit sin a
bhfuil éifeacht lena gcórais iniúchta do loingsithe dramhaíola cheana. Is lú
costais a bheadh orthu go deimhin dá ndéanfaí iniúchtaí leordóthaineacha ag an
bhfoinse i mBallstáit eile ós rud é gur minic a eascraíonn loingsiú
neamhdhleathach dramhaíola i mBallstát amháin agus go n‑onnmhairítear trí
Bhallstát eile í. Sa dóigh sin laghdófaí ar an mbrú ar phointí éalaithe
traidisiúnta na loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola agus iad ag fágáil an
AE. Bheadh ar Bhallstáit nach bhfuil d’acmhainn
acu iniúchtaí a dhéanamh i gceart agus nach bhfuil bonneagar cuí acu cigirí nua
a earcú agus an acmhainneacht riachtanach a bhunú chun na ceanglais nua a
chomhlíonadh. Meastar sa mheasúnú tionchair go mbeadh EUR 4,000,000.00 de
dhíth in aghaidh na bliana chun acmhainneacht agus bonneagar maidir le
hiniúchtaí a dhéanamh a mhéadú don AE ar fad. Ní bheadh aon chostais ar
chuideachtaí dlíthiúla ná ar thomhaltóirí ach chuirfí ar na honnmhaireoirí
neamhdhleathacha iad, i gcomhréir leis an bprionsabal "íoc mar a
thruaillítear". Níl costas breise ar bith d'oibreoirí eacnamaíocha,
seachas na hoibreoirí neamhdhleathacha amhrasta chuig a n‑aistreofaí an
dualgas cruthúnais i gcásanna sonracha. D'fhéadfaí na costais seo a chlúdach le
hioncam féideartha ó fhíneálacha nó ó phionóis a ghearrfaí ar na hoibreoirí
neamhdhleathacha, agus d'fhéadfadh sé gur mhó go mór na costais a shábhálfaí
trí aisdúichiú agus glanadh a sheachaint. Rogha 3 –
Treoir maidir le hiniúchtaí ar loingsithe dramhaíola ar leibhéal an AE Is ar éigean gur le treoir amháin a
chuideofaí le hiniúchtaí ar loingsithe dramhaíola a fheabhsú i ngach Ballstát.
Is ann cheana do mhórán treoracha ar loingsithe dramhaíola agus ar iniúchtaí ar
leibhéal an AE, ach ós rud é nach bhfuil siad ceangailteach ó thaobh dlí de is
doiligh forfheidhmiú an RLD a fheabhsú. Mura leanann roinnt Ballstát na
treoracha, leanfar den “cheannach ó chalafort go calafort”. Rogha 4 –
Teaglaim de cheanglais reachtacha agus treoir AE Beidh na costais agus na leasanna céanna ag an
rogha seo agus mar atá ag rogha 2 agus rogha 3 i dteannta a chéile. Ciallaíonn
sé seo go mbeadh na costais bhreise, laghduithe ar chostais agus leasanna
eacnamaíocha ón reachtaíocht cheangailteach mar a bheadh le rogha 2, le
fíorbheagán costais bhreise do threoir mar atá i rogha 3. Ag féachaint do na
glanchostais agus na glanleasanna a bhaineann le rogha 2 agus rogha 3,
d'fhéadfaí glacadh leis go bhfuil an dá rogha seo ag treisiú a chéile. 6. Comparáid idir na roghanna A dhearbhú má tá réiteach ar na fadhbanna a
sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair sa rogha is ea an chéad chritéar. An dara
critéar is ea na glanchostais a mheas, i.e. na difríochtaí a mheastar a bheith
idir costais eacnamaíocha agus leasanna. Agus na critéir sin á gcur i bhfeidhm,
is í rogha 4 (Teaglaim de cheanglais reachtacha agus treoir AE) an t‑aon
rogha lena réiteofaí na fadhbanna go léir a sainaithníodh sa Mheasúnú Tionchair
agus lena ngabhann na glanchostais is ísle chomh maith. Baineann na tionchair
eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil is dearfaí leis an rogha sin chomh
maith. 7. Faireachán agus Measúnú Ba cheart faireachán agus meastóireacht a
dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart atá beartaithe chun an fhadhb maidir le
loingsiú neamhdhleathach dramhaíola a réiteach, sa tslí seo a leanas: (1) Bonneagar, acmhainneachtaí agus córais
forfheidhmithe a bhunú. Ghlacfaí leis go raibh rath i gcleachtas ar an bpleanáil iniúchtaí
beartaithe dá mbunófaí bonneagar, acmhainneachtaí, córais forfheidhmithe a
fheidhmíonn go maith agus iniúchtaí feabhsaithe ar loingsithe dramhaíola dá
thoradh sna Ballstáit. (2) Líon na loingsithe neamhdhleathacha
dramhaíola á laghdú. D'fhéadfaí éifeachtacht na mbeart atá beartaithe a mheas le staidreamh
a léireodh rátaí íslithe loingsithe neamhdhleathaigh dramhaíola. (3) Faireachán ag an gCoimisiún. Agus faireachán á dhéanamh
ar an bhfaisnéis ó na Ballstáit i leith chur chun feidhme an RLD, d'fhéadfadh
an Coimisiún measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchair na mbeart
reachtach ar iniúchtaí agus ar loingsithe neamhdhleathacha agus é seo a chur san
áireamh nuair atá a thuarascáil thrébhliantúil ar chur chun feidhme an RLD á
cur le chéile. (4) Tionscadail ar an láthair. D'fhéadfaí dul chun cinn a
thomhas freisin trí na sainchásanna neamhchomhlíontacha arna mbrath le linn
iniúchtaí a mheasúnú i dtéarmaí na laghduithe ar chostais a bhainfí amach, i.e.
costais aisdúichithe agus costais ghlanta a sheachaint etc., agus i dtéarmaí na
bhfeabhsuithe don chomhshaol ar‑an‑láthair, i.e. ag na cinn scríbe
a ghlacann isteach loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola faoi láthair. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh, i gcleachtas, trí
thionscadail le tíortha i mbéal forbartha. (5) Meastacháin bunaithe ar rátaí ardaithe
athchúrsála. De thoradh ar reachtaíocht AE agus reachtaíocht naisiúnta, déantar
faireachán laistigh den AE ar rátaí athchúrsála dramhaíola. D'fhéadfaí na harduithe sna rátaí athchúrsála a
úsáid mar tháscairí go bhfuil ag éirí leis na ceanglais bheartaithe toisc
dramhaíl a bheith á hathchúrsáil in áit í a bheith á honnmhairiú go
neamhdhleathach agus á dumpáil. [1] Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le loingsiú dramhaíola, IO L
190, 12.7.2006, lch. 1.