52013SC0145

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR A ghabhann leis an doiciméad Togra le haghaidh Rialacháin maidir le saorghluaisteacht saoránach agus gnólachtaí a chur chun cinn trí ghlacadh le doiciméid phoiblí áirithe san Aontas Eorpach a shimpliú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 /* SWD/2013/0145 final */


DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR

A ghabhann leis an doiciméad

Togra le haghaidh

Rialacháin maidir le saorghluaisteacht saoránach agus gnólachtaí a chur chun cinn trí ghlacadh le doiciméid phoiblí áirithe san Aontas Eorpach a shimpliú agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

CLÁR NA nÁBHAR

1........... Sainiú na faidhbe............................................................................................................. 3

2........... Anailís ar an gcoimhdeacht.............................................................................................. 4

3........... Príomhchuspóirí beartais................................................................................................. 5

4........... Roghanna beartais.......................................................................................................... 5

5........... Measúnú ar thionchair na roghanna beartais..................................................................... 6

6........... An rogha tosaíochta........................................................................................................ 8

7........... Faireachán agus meastóireacht........................................................................................ 9

1.           Sainiú na faidhbe

Más mian le saoránaigh agus gnólachtaí a gcearta chun saorghluaiseachta nó saoirsí an mhargaidh inmheánaigh a fheidhmiú trí rogha a dhéanamh cónaí nó gnó a dhéanamh i mBallstát eile, bíonn deacrachtaí os a gcomhair nuair a bhíonn orthu na doiciméid phoiblí riachtanacha a chur ar fáil chuige sin agus iad ag iarraidh go nglacfar leo sa Bhallstát nua sin. Ní mór dóibh foirmiúlachtaí riaracháin troma díréireacha a chomhlíonadh chun barántúlacht doiciméad poiblí éagsúil a chruthú agus neamhdheimhneacht dhlíthiúil a chomhrac. Is iad na foirmiúlachtaí sin dlisteanú agus Apastail, chomh maith le cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe.

Tá dhá aidhm leis an mbeart seo:

(1) neamhdheimhneacht dhlíthiúil, costais agus nósanna imeachta fada a bhaineann leis na foirmiúlachtaí thuasluaite a laghdú, ar foirmiúlachtaí iad a fhágann go bhfuil sé casta ag saoránaigh a gcearta chun saorghluaiseachta a fheidhmiú agus casta ag gnólachtaí an AE a saoirsí maidir leis an margadh inmheánach a fheidhmiú; agus

(2) cosaintí riachtanacha in aghaidh úsáid doiciméad poiblí brionnaithe laistigh den AE a chur ar fáil.

Is é príomhfheidhm doiciméad poiblí ná cruthú fíorasach a chur ar fáil ar ghníomhartha údaráis phoiblí atá taifeadta sna doiciméid sin. Fad is go nglactar leis go bhfuil doiciméid phoiblí intíre barántúil gan cruthúnas breise, is faoi réir cruthúnais ar bharántúlacht,trí Apastail nó reachtaíocht nó foirm ar leith, i.e. cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe, a ghlactar le doiciméid phoiblí de thionscnamh Ballstát eile sna Ballstáit ina dtaispeántar iad.

Samplaí tipiciúla de dhoiciméid phoiblí a bhaineann le cearta AE do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE atá faoi réir na bhfoirmiúlachtaí riaracháin a aithníodh is ea iad seo a leanas:

· Taifid ar stádas sibhialta (mar shampla doiciméid a bhaineann le breith, bás agus pósadh);

· Doiciméid a bhaineann le cónaí, saoránacht agus náisiúntacht;

· Doiciméid a bhaineann le heastát réadach;

· Doiciméid a bhaineann le stádas dlíthiúil agus ionadaíocht cuideachta nó gnóthais eile;

· Doiciméid a bhaineann le cearta maoine intleachtúla;

· Doiciméid a chruthaíonn nach bhfuil taifead coiriúil ag duine.

Is sásraí díréireacha agus as dáta iad na foirmiúlachtaí reachtaíochta, Apastaile, cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe chun barántúlacht doiciméad poiblí a bhunú, de bhrí go bhféadfaí sásraí níos éifeachtacha a aithint i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach ann, sásraí a cheadódh muinín fhrithpháirteach a chomhdhlúthú idir na Ballstát laistigh den Mhargadh Aonair.

Ní chuireann na hionstraimí dlí AE agus idirnáisiúnta reatha réitigh sásúla ar fáil chun go nglacfar níos éasca le doiciméid phoiblí sna Ballstáit.

Díríonn dlí an AE ar an saincheist maidir le barántúlacht doiciméad poiblí ar bhonn earnála, uaireanta go sainráite, ach ar bhealach neamhréireach go ginearálta. Ar an iomlán is féidir trí chur chuige a aithint:

(1) díolmhaíonn ionstraim ábhartha dlí an AE na doiciméid ón gceangal maidir le barántúlacht go sainráite (m.sh. ionstraimí maidir le ceartas sibhialta do dhoiciméid bhreithiúnacha);

(2) níl aon tagairt sainráite do bharántúlacht in ionstraim ábhartha dlí an AE ach cuireann sé bealaí eile ar fáil chun doiciméid phoiblí de thionscnamh Ballstáit eile a fhíorú (m.sh. aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí gairmiúla); agus

(3) níl tagairt sainráite do dhíothú barántúlachta san ionstraim agus ní chuireann sé bealaí malartacha ar fáil chun na críche sin (m.sh. saorghluaiseacht daoine).

Maidir le cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe, tá samplaí i ndlí reatha an AE (m.sh. Treoir 2006/123/CÉ maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach) lena bhforáiltear nach bhféadfaidh Ballstáit éileamh a dhéanamh doiciméad a tháirgeadh ina bhunfhoirm nó mar chóip dheimhnithe nó mar aistriúchán deimhnithe.

Tá roinnt mhór ionstraimí dlí idirnáisiúnta de bhreis air sin a chuireann cineálacha éagsúla cur chuige i bhfeidhm maidir leis na gnéithe seo de dhoiciméid phoiblí, lena n‑áirítear Coinbhinsiún Apastaile na Háige, Coinbhinsiún na Bruiséile maidir le deireadh a chur le dlisteanú doiciméad sna Ballstáit agus Coinbhinsiúin dhifriúla de chuid an Choimisiúin Idirnáisiúnta ar Stádas Sibhialta.

Mar sin féin ní leor na hionstraimí seo chun dualgais riaracháin shaoránaigh agus ghnólachtaí an AE a éascú go hinmhianaithe agus dá bhrí sin cuireann siad teorainn fós le feidhmiú ceart bunúsach. De dheasca na n‑easnamh thuasluaite, tá nósanna imeachta costasacha agus an‑íditheacha fós roimh shaoránaigh agus gnólachtaí an AE in a lán cásanna.

Is féidir meastachán a dhéanamh gurb ionann breis agus €25 milliún an costas ar shaoránaigh agus gnólachaí an AE chun Apastail a fháil d’úsáid laistigh den AE thar aon bhliain amháin. D’fhéadfadh an costas foriomlán measta bliantúil chun doiciméid phoiblí a dhlisteanú a bheith idir €2.3 agus €4.6 milliún. De bhreis air sin, d’fhéadfadh costais bhliantúla do chóipeanna deimhnithe do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE a mheas ag thart ar €75 – 100 milliún. D’fhéadfadh costas foriomlán na n‑aistriúchán deimhnithe do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE a bheith suas le €100-200 milliún in aghaidh na bliana.

Ar na cúiseanna seo go léir, tá cur chuige cothrománach de dhíth chun feidhmiú chearta shaoránaigh an AE chun saorghluaiseachta agus chearta gnólachtaí an AE chun saoirse bunaíochta agus saoirse seirbhísí a chur ar fáil laistigh den Mhargadh Aonair a éascú agus a fheabhsú.

2.           Anailís ar an gcoimhdeacht

Tá sé níos éasca don AE seachas Ballstáit eile gníomhaíocht a dhéanamh chun deireadh a chur le reachtaíocht agus Apastail agus an ceanglas maidir le cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe a shimpliú, agus ag an am céanna creat AE trasteorann agus trasearnála a áirithiú chun calaois agus brionnú ar dhoiciméid phoiblí a aimsiú ar leibhéal níos éifeachtaí.

Chabhródh gníomhaíocht ar leibhéal an AE le saoránaigh agus gnólachtaí an AE úsáid a bhaint as catagóirí difriúla doiciméad poiblí i gcásanna trasteorann gan foirmiúlachtaí díréireacha, troma agus costasacha riaracháin. Ar na cúiseanna sin, dhéanfadh gníomhaíocht an AE éifeachtúlacht níos mó a áirithiú.

Léiríonn beart simplithe a bheadh infheidhme go díreach a ghlacadh ina mbeadh prionsabail chothrománacha ar shaorchúrsaíocht doiciméad poiblí idir Ballstáit an breisluach soiléir a bhaineann le gníomhaíocht an AE.

Thabharfadh gníomhaíocht ar leibhéal AE aird ar phrionsabal na comhréireachta trí dhíriú ar dheireadh a chur leis na bhfoirmiúlachtaí riaracháin aitheanta agus iad a shimpliú agus ar na nithe sin amháin.

3.           Príomhchuspóirí beartais

Bunaithe ar shainiú na faidhbe is féidir na cuspóirí ginearálta agus sainiúla seo a leanas a aithint.

Cuspóir ginearálta:

· Feidhmiú cearta saorghluaiseachta an AE do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE a éascú agus a bhreisiú.

Cuspóirí sainiúla:

· Deacrachtaí a bhaineann le foirmiúlachtaí riaracháin chun glacadh le doiciméid phoiblí de thionscnamh Ballstáit eile a laghdú.

· An creat dlíthiúil ilroinnte a rialaíonn cúrsaíocht doiciméad poiblí idir na Ballstáit a shimpliú.

· Leibhéal níos éifeachtaí chun calaois agus brionnú doiciméad poiblí a aimsiú a áirithiú.

· Deireadh a chur leis an mbaol go ndéanfaí leatrom ar shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais.

4.           Roghanna beartais

Rinneadh measúnú mionsonraithe ar chúig rogha agus seacht bhfo‑rogha faoi rogha beartais 4:

Rogha Beartais 1: An status quo a choimeád (cás bunlíne).

Rogha Beartais 2: Beart neamhreachtach a chuireann dea‑chleachtas idir na Ballstáit chun cinn chun cúrsaíocht trasteorann doiciméad poiblí a éascú.

Rogha Beartais 3: Daingniú Choinbhinsiún na Bruiséile 1987 ag na Ballstáit go léir arna spreagadh ag an gCoimisiún, i.e. deireadh a chur le reachtaíocht agus Apastail do réimse leathan doiciméad poiblí agus úsáid comhar riaracháin mar atá bunaithe sa Choinbhinsiún.

Rogha Beartais 4: Beart reachtach a chuireann saorghluaiseacht saoránach agus gnólachtaí chun cinn trí fhoirmiúlachtaí riaracháin a shimpliú a bhaineann le doiciméid phoiblí áirithe a úsáid agus le glacadh leo san AE, arna gcomhlánú le comhar feabhsaithe riaracháin idir na Ballstáit agus foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a eisiúint.

Chuirfeadh an t‑ionstraim seo deireadh le reachtaíocht agus Apastail agus dhéanfaí leathnú breise ar raon feidhme an tionscnaimh trí fhorálacha a chur isteach le húsáid trasteorann na gcóipeanna deimhnithe agus na n‑aistriúcháin deimhnithe a shimpliú.

Tá trí fho‑rogha ann chun díriú ar an gcomhar feabhsaithe riaracháin;

Fo‑rogha 4A: Comhar riaracháin mar atá feicthe roimhe seo faoi rogha beartais 3.

Fo‑rogha 4B: Comhar riaracháin bunaithe ar Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (FMI) i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach faoi bharántúlacht doiciméad poiblí.

Fo‑rogha 4C: Líonra de chláir shibhialta a chruthú, tógtha ar Líonra Clárlann Sibhialta na hEorpa (ECRN).

Tá ceithre fho‑rogha ann chun díriú ar na foirmeacha caighdeánacha ilteangacha:

Fo‑rogha 4D: An status quo a choimeád a chiallaíonn nach dtabharfaí isteach aon fhoirmeacha caighdeánacha.

Fo‑rogha 4E: Foirmeacha caighdeánacha a thabhairt isteach le húsáid i gcás nithiúil trasteorann.

Fo‑rogha 4F: Foirmeacha caighdeánacha roghnacha a thabhairt isteach mar iarscríbhinní ag gabháil le doiciméid phoiblí náisiúnta le go bhféadfar iad a úsáid i mBallstáit eile.

Fo‑rogha 4G: Foirmeacha caighdeánacha roghnacha a thabhairt isteach a úsáidtear go neamhspleách i gcásanna trasteorann. Leanfar leis an doiciméad poiblí náisiúnta comhfhreagrach a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta.

Rogha beartais 5: Comhchuibhiú iomlán ar dhoiciméid phoiblí agus ar rialacha a rialaíonn a gcúrsaíocht laistigh den AE.

5.           Measúnú ar thionchair na roghanna beartas

Rogha beartais 1: Níltear ag súil go mbeidh tionchar ar bith ag an rogha beartais seo i dtéarmaí éifeachtúlachta i gcomhlíonadh na gcuspóirí.

Rogha beartais 2: Meastar go mbeidh éifeachtúlacht na rogha beartais seo an‑íseal. D’ainneoin tionchar dearfach neamhdhíreach de bharr laghdú ar mhoilleanna maidir le doiciméid phoiblí de thionscnamh Ballstáit eile a sheiceáil agus malartú faisnéise níos fearr, d’fhanfadh na foirmiúlachtaí riaracháin reatha mar an gcéanna agus fós bheadh an creat dlíthiúil ilroinnte. Sa bhreis air sin ní bheifí ag súil ach le tionchar an‑íseal ar aimsiú calaoise.

Rogha beartais 3: Ní thabharfadh an rogha beartais seo ráthaíocht go mbeadh feabhas ar an gcás reatha de bhrí nach bhfuil aon dualgas dlíthiúil ar na Ballstáit an Coinbhinsiún sin a dhaingniú. Dá ndaingneodh agus nuair a dhaingneodh na Ballstáit go léir é, ansin bheadh tionchar dearfach ann maidir le leas iomlán a bhaint as cearta shaoránaigh an AE chun saorghluaiseachta agus as saoirsí ghnólachtaí an AE maidir leis an margadh inmheánach, de bharr deireadh a chur le reachtaíocht agus Apastail i gcúrsaíocht trasteorann na ndoiciméad poiblí. Tá breisluach foriomlán na rogha beartais seo ar fheidhmiú iomlán chearta saorghluaiseachta an AE an‑teoranta, mar d’fhéadfadh cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe a bheith ag teastáil fós gan eisceacht.

Rogha beartais 4: Táthar ag súil go mbeidh tionchar ard dearfach ag an rogha beartais i dtéarmaí éifeachtúlachta mar thoradh ar dheireadh a chur le reachtaíocht agus Apastail agus an simpliú breise ar chóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe. Mar thoradh, bheadh tacú suntasach agus éifeachtúil le cúrsaíocht doiciméad poiblí idir na Ballstáit agus bheadh soghluaiseacht shaoránaigh agus ghnólachtaí an AE laistigh den AE feabhsaithe. Bheadh coigiltis bhliantúla do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE idir €25.8 milliún agus €26.2 milliún ar Apastailí agus idir €2.3 agus €4.6 milliún ar reachtaíocht dá bharr. Beidh coigiltis bhreise thart ar €100-200 milliún in aghaidh na bliana de bharr cóipeanna deimhnithe a shimpliú. Ina theannta sin laghdófaí costais idir €75 – 100 milliún freisin gach bliain do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE tríd an ngá le haistriúcháin dheimhnithe a bhaint, ag cur san áireamh gurb é €30 euro an costas a bhaineann le leathanach amháin. D’fhéadfadh na glanchoigiltis costas bhliantúla do Bhallstáit a mheas idir €5 mhilliún agus €7 milliún ar Apastailí agus idir €500.000 agus €1 mhilliún ar reachtaíocht.

Comhar riaracháin feabhsaithe

Fo‑rogha 4A: Bheadh éifeachtúlacht na fo‑rogha seo íseal de bhrí nach bhfuil aon tacaíocht leictreonach ag baint leis an saghas seo comhar riaracháin agus bheadh a éifeachtacht ag brath ar dhiscréid na mBallstát.

Fo‑rogha 4B: Bheadh tionchar dearfach i dtéarmaí éifeachtúlachta ag an bhfo‑rogha seo i gcásanna ina bhfuil amhras réasúnach faoi bharántúlacht doiciméad poiblí de thionscnamh Ballstáit eile. Cuireann Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh reatha cainéil chumarsáide thapa shlána ar fáil chun faisnéis trasteorann a mhalartú agus cuireann sé leaganacha leictreonacha de dhoiciméid phoiblí ar fáil chomh maith. De bhreis air sin, táthar ag súil go mbeidh tionchar dearfach ar chalaois a chosc tríd an gcomhar riaracháin agus an malartú slán faisnéise faoi Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh. Ina theannta sin, chun deimhneacht a sholáthar maidir le cóipeanna deimhnithe bheadh an sásra céanna ar fáil ag na húdaráis.

Fo‑rogha 4C: Ní bheadh an tionchar dearfach do chláraitheoirí sibhialta a d’fhéadfadh cumarsáid a dhéanamh lena chéile go díreach i gcás ina bhfuil amhras faoi bharántúlacht doiciméad poiblí teoranta ach do chatagóir amháin de dhoiciméid phoiblí eadhon doiciméid maidir le stádas sibhialta. Bheadh tionchar eacnamaíoch diúltach agus costais chomhlíonta ard ag leibhéal an AE agus na mBallstát ós rud é go mbeadh córas TF nua le cur ar bhun agus le hoibriú.

Foirmeacha caighdeánacha ilteangacha

Forogha 4D: Ní bheadh aon tionchar i dtéarmaí éifeachtúlachta maidir leis na cuspóirí a chomhlíonadh.

Meastar go bhfuil éifeachtúlacht fho‑rogha 4E meándearfach mar d’fhanfadh roinnt deacrachtaí agus costais a bhaineann le doiciméid phoiblí de thionscnamh Ballstáit eile a aistriú agus a thuiscint.

Meastar go bhfuil éifeachtúlacht fho‑rogha 4F chomh hard le fo‑rogha 4E. Mar sin féin, bhraithfeadh úsáid na bhfoirmeacha caighdeánacha seo ar dhiscréid na n‑úsáideoirí agus b'fhéidir go mbeadh an chuma ar an gcóras go bhfuil sé ró‑chasta. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh costais a bheith ann de bharr an ghá cóipeanna de dhoiciméid phoiblí náisiúnta a chur ar fáil lena mbeadh na foirmeacha seo ceangailte.

Táthar ag súil go mbeidh tionchar ard dearfach ag fo‑rogha 4G ar shaoránaigh agus gnólachtaí an AE i dtéarmaí tairbhí praiticiúla méadaithe agus deacrachtaí laghdaithe nuair atá doiciméid phoiblí á gcur i láthair i gcásanna trasteorann.

Rogha beartais 5: Bheadh an tionchar a mbeifí ag súil leis chun cuspóirí a bhaint amach faoin rogha beartais ‘foircneach’ seo teoranta, thar aon rud eile mar go gcuirfeadh sé isteach an iomarca ar an gcóras dlí náisiúnta agus ar chleachtais riaracháin. D’ainneoin tairbhí féideartha do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE i dtéarmaí costas, ama, deimhneachta dlíthiúla agus éascú ar a gcearta faoi na Conarthaí agus faoin gCairt, gan amhras bheadh deacrachtaí ann maidir le doiciméid phoiblí iomlána comhchuibhithe a ghlacadh sna Ballstáit. Míbhuntáiste eile a bhaineann leis an rogha beartais seo is ea an t‑ardchostas comhlíonta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE.

6.           An rogha tosaíochta

Léiríonn measúnú comparáideach na dtionchar gurbh iad an beart reachtach a chuirfeadh deireadh le reachtaíocht agus Apastail agus úsáid cóipeanna deimhnithe agus aistriúchán deimhnithe (rogha beartais 4), in éineacht le comhar riaracháin feabhsaithe idir na Ballstáit trí líonra cumarsáide nua‑aimseartha bunaithe ar Chórais Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (fo‑rogha 4G) agus foirmeacha caighdeánacha ilteangacha a úsáidtear go neamhspleách i gcásanna trasteorann a fhorbairt (fo‑rogha 4B), is éifeachtaí chun na cuspóirí a aithníodh a bhaint amach.

Is é rogha beartais 4 an modh is oiriúnaí chun na cuspóirí beartais a bhaint amach gan ardchostais feidhmithe, lena n‑áirítear laghdú suntasach ar fhoirmiúlachtaí riaracháin troma do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE. Is féidir go háirithe a bheith ag súil le deireadh a chur le reachtaíocht nó Apastail agus cóipeanna deimhnithe agus aistriúcháin dheimhnithe do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE a shimpliú, agus ní bheadh an leibhéal céanna coigilteas ann leis na roghanna malartacha eile.

Léireodh an fho‑rogha tosaíochta beartais, 4B, lena n‑úsáidtear bonneagar TF reatha gan ach an tionchar buiséadach is lú a bheith ag baint leis, modh éifeachtúil agus slán chun measúnú a dhéanamh ar bharántúlacht doiciméad poiblí agus a gcuid cóipeanna deimhnithe, ag cur cosc le calaois agus brionnú agus ag laghdú na n‑ualaí riaracháin ar shaoránaigh agus gnólachtaí an AE ag an am céanna. Trí mhodh leictreonach slán agus bacainní teanga laghdaithe, bheadh sé éasca na hidirghabhálaithe ábhartha i mBallstáit eile a aithint. Thabharfadh fo‑rogha tosaíochta 4G coigiltis costas agus ama do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE agus d’oifigigh phoiblí náisiúnta, bheadh sé fabhrach do chomhthuiscint doiciméad poiblí ar fud na mBallstát, laghdódh sé na ceanglais aistriúcháin a bheadh fós ann mar bheadh foirmeacha ilteangacha ann, agus cheadódh sé bundoiciméid phoiblí náisiúnta a bheith ann i gcomhthráth ar leibhéal na mBallstát.

Maidir le foirm reachtach na hionstraime, is cosúil gurb é Rialachán is iomchuí, ag cur na bhfadhbanna agus na gcuspóirí a aithníodh san áireamh.

7.           Faireachán agus meastóireacht

Tá sé ríthábhachtach sásra faireacháin agus meastóireachta a chur ar fáil chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha san ionstraim a chomhlíonadh sa chleachtas. Déanfar foráil maidir le hidirthréimhse san ionstraim chun deis a thabhairt do na Ballstáit ullmhú chun é a chur chun feidhme agus an fhaisnéis iarrtha a chur in iúl don Choimisiún. Cuirfear isteach clásal athbhreithnithe freisin san ionstraim chun meastóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ar an bhféidearthacht do leasuithe leantacha a áirithiú.