52013PC0896

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012 /* COM/2013/0896 final - 2013/0439 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Comhthéacs an togra

110 || Forais agus cuspóirí an togra I ndiaidh an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Samhain 2013 i dtaca le Cás C-63/12, ní mór don Choimisiún togra nua a thíolacadh ar bhonn Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. De réir an Airteagail sin, ní mór don Choimisiúin tograí iomchuí a thíolacadh, a ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. An 31 Lúnasa 2012, chuir an Coimisiún Tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir leis an bhforáil eisceachta (Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne) (COM(2012) 476) agus an 5 Nollaig 2012, chuir an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin faoi bhráid na Comhairle maidir leis an bhforáil eisceachta (SWD(2012) 428). Nuair is conclúidí malartacha atá mar thoradh ar mheasúnuithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle, ní mór don Choimisiún tograí iomchuí a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhonn an Airteagail sin, a mhaígh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ionas go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach leis an bpróiseas reachtach agus gur féidir leis na reachtóirí cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta iomchuí atá le déanamh i dtaca leis an staid eacnamaíoch agus shóisialta atá san Aontas fós (mír 76). De réir an bhreithiúnais, tá lamháil mheastóireachta ag an gCoimisiún maidir le gné iomchuí na dtograí, i bhfianaise na sonraí eacnamaíocha agus sóisialta, chomh maith le fachtóirí eile nach mór aird a thabhairt orthu, más gá, amhail iad siúd atá ábhartha maidir le bainistíocht acmhainní daonna agus, go háirithe, leis na riachtanais earcaíochta (mír 74). Déantar tagairt go córasach sna tuarascálacha ón gCoimisiún thuasluaite do mharbhántacht agus do ghéarchéim leanúnach chomh maith le leibhéal ard dífhostaíochta agus leibhéal ard easnaimh agus fiachais phoiblí san Aontas Eorpach, cé nár cinneadh an gcomhlíontar na critéir atá leagtha síos in Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.  Ós rud é gurbh é breithiúnas na Cúirte nach bhfuil aon lamháil ag an gCoimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh cibé an mbeadh feidhm ag an bhforáil eisceachta i dtaca leis na critéir sin nó nach mbeadh, is é an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne an t-aon bhealach amháin le géarchéim eacnamaíoch a chur san áireamh agus luach saothair á choigeartú agus an t-aon bhealach amháin, dá bharr sin, le feidhm a bhaint de na critéir atá leagtha síos in Airteagal 3(2) den iarscríbhinn sin. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí eacnamaíocha agus sóisialta sin san áireamh chun bearta iomchuí a bheartú le cur i bhfeidhm dian an mhodha a mhaolú. San am céanna, rinneadh roinnt forbairtí ábhartha ó 2011. Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athchóiriú ar na Rialacháin Foirne ina gcuirtear ar fionraí coigeartú a dhéanamh ar thuarastail, liúntais agus pinsin in 2013 agus 2014, arb ionann é sin agus calcadh pá ar feadh dhá bhliain, agus ina bhfuil roinnt athruithe suntasacha ar choinníollacha oibre fhoireann institiúidí an AE amhail bearta maidir le líon uaireanta oibre sa tseachtain, gairm bheatha, pinsin agus laethanta saoire a bhfuil coigilteas suntasach mar thoradh orthu. Agus an toradh a bhí le gnáthchur i bhfeidhm an mhodha in 2012, an staid eacnamaíoch agus shóisialta, an t-athchóiriú ar na Rialacháin Foirne chomh maith leis an staid maidir le hearcú agus bainistiú achmhainní daonna le blianta beaga anuas á gcur san áireamh, is é cinneadh an Choimisiúin go mbeadh an togra atá ann faoi láthair chomh maith leis an togra le haghaidh coigeartú don bhliain 2011 ina mbearta iomchuí don reachtóir bunaithe ar Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.  Faoi Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne déanfar an luach saothair agus na pinsin a thabhairt cothrom le dáta roimh dheireadh gach bliana. Maidir leis sin, cúis chuí chun an Rialachán seo a ghlacadh gan mhoill is ea cur chun feidhme práinneach Bhreithiúnas Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C‑63/12, a eisíodh an 19 Samhain 2013. Eilimintí den mhodh nua lena gcinntear ábhar an Togra Cuireadh tuarascáil Eurostat faoi bhráid na Comhairle an 5 Nollaig 2012 (SWD(2012) 427). De réir na tuarascála sin, is ionann -1.1 % agus an meánathrú ar chumhacht ceannaigh luach saothair státseirbhíseach náisiúnta le linn na tréimhse tagartha arna thomhas leis an táscaire sonrach. Is ionann an t-athrú ar chostas maireachtála sa Bhruiséil sa tréimhse thagartha agus 2.8 %. Faightear méid an choigeartaithe tríd an táscaire sonrach a iolrú faoi Innéacs Idirnáisiúnta na Bruiséile arna ríomh ag Eurostat. Ba é 1.7 %, mar sin, an coigeartú a bhí beartaithe ar luach saothair agus pinsin sa Bheilg agus i Lucsamburg. Ní mór méid an choigeartaithe a cheartú chun na heilimintí thuasluaite a chur san áireamh. Measann an Coimisiún, mar sin, gurb iomchuí an coigeartú ar luach saothair agus pinsin sa Bhelig agus i Lucsamburg a laghdú go 0.9 % in ionad 1.7 % mar gheall ar chur i bhfeidhm dian an modha.

120 || Bunaítear leis na paireachtaí eacnamaíocha le haghaidh luacha saothair cumhacht ceannaigh an luacha saothair a íoctar sa Bhruiséil, mar chathair thagartha, i gcoibhéis leis an méid a íoctar in áiteanna eile fostaíochta. Tá na paireachtaí sin ríofa ag Eurostat i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta. Bunaítear cumhacht ceannaigh na bpinsean a íoctar sa Bheilg, mar thír thagartha, i gcoibhéis leis an méid a íoctar i dtíortha cónaithe eile ar na paireachtaí eacnamaíocha le haghaidh pinsean. Tá na paireachtaí sin ríofa ag Eurostat i gcomhaontú leis na comhlachtaí staidrimh náisiúnta. Maidir leis an togra comhthreomhar le haghaidh 2011, bheadh coigeartú 0.9 % in ionad 1.7 % mar thoradh ar an gcur chuige céanna. Mar gheall ar na tograí nua le haghaidh 2011 agus 2012 bheadh laghdú 47%, dá bhrí sin, ar an toradh ar ghnáthchur i bhfeidhm an mhodha a bhí i bhfeidhm in 2011 agus 2012.

130 || Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Airteagal 65, Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI agus Airteagal 19 d'Iarscríbhinn XIII de na Rialacháin Foirne mhodhnaithe.

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus na measúnuithe tionchair

|| Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

211 || Na modhanna comhairliúcháin a úsáideadh, na príomhearnálacha a cumhdaíodh agus próifil ghinearálta na bhfreagróirí Pléadh eilimintí an togra leis na hionadaithe foirne i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí.

212 || Achoimre ar na freagraí a fuarthas agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad Cuirtear tuairimí na bpáirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo san áireamh sa togra.

Impleachtaí buiséadacha

401 || Déantar cur síos ar thionchar an choigeartaithe maidir le luach saothair agus pinsin ar chaiteachas riaracháin agus ar ioncam sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis seo.

2013/0439 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus go háirithe d'Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI díobh agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Chun Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C‑63/12 a chomhlíonadh, ní mór don Choimisiún Togra a thíolacadh faoi Airteagal 336 le go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach leis an bpróiseas reactaíochta nuair a chinnfidh an Chomhairle ag an staid sin den nós imeachta go bhfuil athrú tromchúiseach agus tobann chun donais ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta laistigh den Aontas. Ar an gcaoi chéanna, déanfadh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cinneadh maidir leis an togra ón gCoimisiún ag féachaint do na critéir atá leagtha síos in Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne agus na rialacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn XI seachas Airteagal 3(2) di á n-urramú.

(2)       Dheimhnigh an Chúirt go bhfuil lamháil mheastóireachta ag an gCoimisiún ba cheart a bheith bunaithe ar Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne, maidir le hábhar tograí iomchuí. Féadfar a áireamh san athbhreithniú ar luach saothair, más iomchuí, fachtóirí eile  amhail bainistíocht acmhainní daonna agus go háirithe na riachtanais earcaíochta. Laistigh den lamháil mheastóireachta sin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a bhunú ar shonraí eacnamaíocha agus sóisialta amhail marbhántacht 2012 agus an ghéarchéim leanúnach chomh maith leis an ráta ard dífhostaíochta agus an leibhéal ard easnaimh agus fiachais phoiblí san Aontas Eorpach. Chuir an Coimisiún forbairtí ó 2011 san áireamh freisin, amhail an t-athchóiriú ar na Rialacháin Foirne agus go háirithe an calcadh pá ar feadh dhá bhliain a forchuireadh ar oifigigh an AE agus an méadú go 40 uair an chloig ar uaireanta oibre na seachtaine.

(3)       De réir na sonraí a chuir Eurostat ar fáil i gcomhaontú le hoifigí staidrimh náisiúnta na mBallstát, chaill státseirbhísigh 1.1 % dá gcumhacht ceannaigh; ba cheart go mbeadh an caillteanas céanna maidir le cumhacht ceannaigh curtha i bhfeidhm i dtaca le hoifigigh agus seirbhísigh eile an AE don tréimhse 1 Iúil 2012 – 30 Meitheamh 2013 dá gcloífeadh an Coimisiún le gnáthchur i bhfeidhm an mhodha. Mheas an Coimisiún, áfach, gurbh iomchuí an coigeartú atá beartaithe ar luach saothair agus pinsin sa Bhelig agus i Lucsamburg a laghdú go 0.9 % in ionad 1.7 % ag féachaint don ghéarchéim eacnamaíoch agus do na hiarrachtaí a rinneadh cheana féin le toiliú oifigigh an AE.

(4)       Bheadh coigeartú 0.9 % in ionad 1.7 % mar thoradh ar an gcur chuige céanna in 2011. Bheadh an coigeartú iomlán sa dá bhliain 47% níos ísle, mar sin, ná mar a bheadh faoi ghnáthchur i bhfeidhm an mhodha a bhí i bhfeidhm in 2011 agus 2012.

(5)       Tá na bearta thuasluaite beartaithe ag an gCoimisiún ionas go mbeidh Parlaimint na hEorpa bainteach leis an nós imeachta reachtach agus gur féidir leis na comhreachtóirí cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 336 den CFAE.

(6)       Faoi bhun Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne déanfar an luach saothair agus na pinsin a thabhairt cothrom le dáta roimh dheireadh gach bliana. Maidir leis sin, cúis chuí chun an Rialachán seo a ghlacadh gan mhoill is ea cur chun feidhme práinneach Bhreithiúnas Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-63/12, a eisíodh an 19 Samhain 2013.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear '1 Iúil 2012' in ionad an dáta '1 Iúil 2011' sa dara mír d'Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 2

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne is infheidhme chun críoch luach saothair agus pinsin a ríomh:

Airteagal 3

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infeidhme maidir le luach saothair oifigeach agus seirbhíseach eile faoi Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 2 sa tábla a leanas.

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infeidhme maidir le haistriú oifigeach agus seirbhíseach eile faoi Airteagal 17(3) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 3 sa tábla a leanas.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infeidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 4 sa tábla a leanas.

Le héifeacht ón 16 Bealtaine 2012, na comhéifeachtaí ceartúcháin is infeidhme maidir le pinsin faoi Airteagal 20(1) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, cuirfear in iúl iad mar atá i gcolún 5 sa tábla a leanas. An 16 Bealtaine 2012 a bheidh mar dháta éifeachta le haghaidh an choigeartaithe bhliantúil do na Ballstáit sin.

Airteagal 4

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 928,22 méid an liúntais um shaoire tuismitheoirí dá dtagraítear sa dara mír agus sa triú mír d'Airteagal 42a de na Rialacháin Foirne, agus EUR 1237,61 an méid le haghaidh tuismitheoirí aonair.

Airteagal 5

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 173,60 méid bunúsach an liúntais teaghlaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 379,34 méid  an liúntais linbh chleithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 257,39 méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 92,67 méid an liúntais oideachais dá dtagraítear in Airteagal 3(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 514,53 íosmhéid an liúntais easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 69 de na Rialacháin Foirne agus sa dara fomhír d'Airteagal 4(1) d'Iarscríbhinn VII lena ngabhann.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 369,88 an liúntas easaoránachta dá dtagraítear in Airteagal 134 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE.

Airteagal 6

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, déanfar an liúntas de réir ciliméadair dá dtagraítear in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a choigeartú mar a leanas:

EUR 0 do gach ciliméadar ó 0 go dtí 200 km

EUR 0,3858 do gach ciliméadar ó 201 go dtí 1 000 km

EUR 0,6430 do gach ciliméadar ó 1 001 go dtí 2 000 km

EUR 0,3858 do gach ciliméadar ó 2 001 go dtí 3 000 km

EUR 0,1284 do gach ciliméadar ó 3 001 go dtí 4 000 km

EUR 0,0620 do gach ciliméadar ó 4 001 go dtí 10 000 km

EUR 0 do gach ciliméadar thar 10 000 km.

Cuirfear forlíonadh ar chothromráta leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

– EUR 192,91 má tá an fad d'iarnród idir an áit fostaíochta agus an áit tionscnaimh idir 725 km agus 1 450 km;

– EUR 385,78 má tá an fad d'iarnród idir ionad na fostaíochta agus an áit tionscnaimh níos mó ná 1 450 km.

Airteagal 7

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is é seo a leanas an liúntas cothaithe laethúil dá dtagraítear in Airteagal 10(1) d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

– EUR 39,88 i gcás oifigigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

– EUR 32,15 i gcás oifigigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 8

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is é seo a leanas an íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE.

– EUR 1135,15 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

– EUR 674,96 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 9

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE, is é EUR 1361,36 an íosteorainn, EUR 2722,75 an uasteorainn agus EUR 1237,61 an liúntas caighdeánach.

Airteagal 10

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid seo a leanas in ionad thábla na mbuntuarastal míosúil in Airteagal 93 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE.

Airteagal 11

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, is í seo a leanas an íosteorainn le haghaidh an liúntais suiteála, dá dtagraítear in Airteagal 94 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE.

– EUR 853,83 i gcás seirbhísigh atá i dteideal an liúntais teaghlaigh;

– EUR 506,21 i gcás seirbhísigh nach bhfuil i dteideal an liúntais teaghlaigh.

Airteagal 12

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 96(3) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE, is é EUR 1021,04 an íosteorainn, EUR 2042,04 an uasteorainn agus EUR 928,22 an liúntas caighdeánach.

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, maidir leis an liúntas dífhostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 136 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE, is é EUR 898,28 an íosteorainn agus EUR 2113,60 an uasteorainn.

Airteagal 13

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, EUR 389,08, EUR 587,27, EUR 642,10 agus EUR 875,39 na liúntais le haghaidh sealoibre atá leagtha síos sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh 300/76[1] .

Airteagal 14

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, beidh na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68[2] ón gComhairle faoi réir comhéifeacht 5,616515.

Airteagal 15

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid a leanas in ionad an tábla in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne:

Airteagal 16

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII de na Rialacháin Foirne, is é seo a leanas méid an liúntais sheasta dá dtagraítear in iar-Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII de na Rialacháin Foirne a bhí i bhfeidhm roimh an 1 Bealtaine 2004:

- EUR 134,23 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C4 nó C5;

- EUR 205,80 sa mhí d'oifigigh de Ghrád C1, C2 nó C3;

Airteagal 17

Le héifeacht ón 1 Iúil 2012, cuirfear an méid a leanas in ionad an scála le haghaidh buntuarastal míosúil in Airteagal 133 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an AE:

Airteagal 18

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa               Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012

1.2.        Réise/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[3]

D'fhéadfadh na réimsí agus na gníomhaíochtaí ar fad a bheith i gceist.

1.3.        Na forais leis an togra/tionscnamh:

1.3.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Chun a áirithiú go mbeidh forbairt ar chumhacht ceannaigh luach saothair agus phinsin státsheirbhísigh an AE atá comhionann leis na hathruithe ar chumhacht ceannaigh státseirbhísigh an rialtais láir sna Ballstáit.

1.4.        Fad agus tionchar airgeadais

ýTogra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le tréimhse tosaigh ón 1 Eanáir 2014;

– cuirfear i bhfeidhm go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.5.        Modh/Modhanna bainistíochta atá beartaithe[4]

ýBainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún Oifig an Phámháistir

2.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

2.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

· Beidh tionchar airgeadais ag an togra ar na línte buiséid ar fad a bhaineann le caiteachas foirne sna hInstitiúidí agus sna Gníomhaireachtaí ar fad, i.e. baineann sé le caiteachas i ndáil le tuarastail foirne i gceanncheathrúna agus i dtoscaireachtaí, gníomhairí ar conradh, foireann sna hoifigí riaracháin, Baill, cúntóirí parlaiminteacha, foireann taighde, foireann arna maoiniú faoi línte-BA, foireann arna híoc faoi na forálacha maidir le seirbhís a fhoirceannadh go luath, pinsin.

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc…...….] || LD/LN ([5]) || ó thíortha[6] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[7] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| XX.01.01.01 agus Caibidil 11, Caibidil 42 Caiteachas a bhaineann le Cúntóirí Parlaiminteacha || LN || Ní ann dó || Ní ann dó || Ní ann dó || Ní ann dó

2.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

2.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || XX.01.01.01 agus Caibidil 11, Caibidil 42 Caiteachas a bhaineann le Cúntóirí Parlaiminteacha

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 132.9 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || Níl fáil air

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 132.9 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || Níl fáil air

Íocaíochtaí || 132.9 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || 53.2 || Níl fáil air

2.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ýNí éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

2.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

2.2.3.1.  Achoimre

– ýNí éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe riaracháin

2.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ýNí éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

2.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ýTá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

2.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

2.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ýBeidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨ar acmhainní dílse

– ýar ioncam ilghnéitheach

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim: || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh

Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Blianta ina dhiaidh sin

Airteagal 410 Ranníocaíocht pinsin || 437.7 || 10.7 || 4.3 || 4.3 || 4.3 || 4.3 || 4.3 || 4.3

Airteagal 400 Cáin || 591.7 || 14.3 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7

Airteagal 410 Tobhach speisialta || 60.1 || 1.0 || 0.6 || 0.6 || 0.6 || 0.6 || 0.6 || 0.6

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Déantar an tionchar ar ioncam a ríomh ar bhonn íocaíocht an luacha saothair agus na bpinsean le haghaidh mhí Iúil agus éifeacht an choigeartaithe a chur i bhfeidhm.

[1]               Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle an 9 Feabhra 1976 lena gcinntear na catagóirí oifigeach atá i dteideal liúntas i leith sealoibre, agus na rátaí agus coinníollacha lena mbaineann (IO L 38, 13.2.1976, lch. 1). Rialachán arna fhorlíonadh le Rialachán (Euratom, CEGC, CEE) Uimh. 1307/87 (IO L 124, 13.5.1987, lch. 6).

[2]               Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochar na gComhphobal Eorpach (IO L 56, 4.3.1968, lch. 8).

[3]               ABM: Bainistíocht trí Ghníomhaíocht – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[4]               Is féidir mionsonraí faoi na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html.

[5]               LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[6]               CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[7]               Tíortha is iarrthóirí agus, más iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.