Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta /* COM/2013/0794 final - 2013/0403 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Comhthéacs ginearálta an
togra An 11 Iúil 2007 glacadh
Rialachán 861/2007 lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga[1] chun rochtain ar an
gceartas a fheabhsú trí dhlíthíocht trasteorann maidir le héilimh bheaga a
shimpliú agus dlús a chur léi agus na costais a bhaineann le dlíthíocht den
chineál sin a laghdú. Anuas air sin, ba é an aidhm a bhí leis an Rialachán
forfheidhmiú a éascú trí dheireadh a chur leis an ngá a bhí le himeachtaí
idirmheánacha (exequatur) ionas go ndéanfaí an t‑aitheantas agus
an forfheidhmiú i mBallstáit eile seachas an tír inar tugadh an breithiúnas. Tugadh nós imeachta malartach isteach leis an
Rialachán, i dteannta na nósanna imeachta atá ann cheana faoi dhlíthe na mBallstát,
maidir le cásanna trasteorann a bhaineann le héilimh nach mó ná
EUR 2 000 iad. Tá an Rialachán á chur i bhfeidhm san AE (seachas sa
Danmhairg) ó bhí an 1 Eanáir 2009 ann. Is nós imeachta i scríbhinn é
an nós imeachta i bprionsabal, ar bhonn foirmeacha caighdeánacha agus
rialaítear é le sprioc‑amanna diana. Ní bheidh ionadaíocht dlíodóra
éigeantach agus moltar modhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid. Anuas air
sin, ní bhíonn ar an bpáirtí nár éirigh leis ach na costais a bhaineann le
himeachtaí an pháirtí ar éirigh leis a iompar a mhéid is atá siad comhréireach
leis an éileamh. Tá an nós imeachta ar fáil le húsáid ag tomhaltóirí agus
gnólachtaí araon a bhíonn i mbun idirbheart trasteorann san AE chun rochtain ar
an gceartas agus forfheidhmiú a gceart a fheabhsú. Faoi Airteagal 28 den Rialachán cuirtear
ceanglas ar an gCoimisiún tuarascáil mhionsonraithe maidir le feidhmiú an
Rialacháin seo, lena n‑áirítear go háirithe an tairseach
EUR 2 000, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle
agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 1 Eanáir 2014.
Ba cheart tograí le haghaidh leasuithe a bheith ag gabháil leis an tuarascáil,
más iomchuí. 1.2. An gá atá le hathbhreithniú
ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga I bhfianaise na géarchéime
eacnamaíche san Aontas Eorpach, an ceann is mó ó bunaíodh é, tá feabhsú
éifeachtúlacht an cheartais san Aontas Eorpach ina ghné thábhachtach chun tacú
leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch[2].
Tá an t‑athbhreithniú ar an Rialachán lena
mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar cheann de na bearta lena
gcuirtear éifeachtúlacht an cheartais san AE chun cinn.
Glacadh an Rialachán mar gheall air go dtéann
na fadhbanna maidir le dlíthíocht neamhéifeachtúil éileamh beag i méid nuair a
dhéantar éilimh ar luach íseal trasna theorainneacha Bhallstáit an AE. Tagann
fadhbanna breise chun cinn i gcásanna mar sin, amhail aineolas na bpáirtithe ar
na dlíthe eachtracha agus ar nósanna imeachta na gcúirteanna thar lear, an
méadú ar an ngá atá le haistriúchán agus ateangaireacht, agus an gá atá le
taisteal thar lear le haghaidh éisteachtaí ó bhéal. I
bhfianaise an mhéadaithe ar an trádáil trasteorann san AE le blianta beaga
anuas agus an mhéadaithe bhreise a bhfuiltear ag súil leis sna blianta atá
amach romhainn, beidh géarghá le foráil a dhéanamh maidir le sásraí
comhshásaimh éifeachtúla mar mhodh chun tacú leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch.
Faoin nós imeachta cuirtear ar chumas na
gcúirteanna, trí fhoráil a dhéanamh maidir le foirmeacha caighdeánacha agus
cúnamh saor in aisce do na páirtithe chun na foirmeacha a líonadh isteach,
iarratais a phróiseáil go hiomlán trí nós imeachta i scríbhinn, faoina
gcuirtear deireadh leis an ngá atá le taisteal le haghaidh éisteachtaí ó bhéal
- seachas i gcásanna eisceachtúla i gcás nach féidir breithiúnas a thabhairt ar
bhonn fianaise i scríbhinn - chomh maith leis an ngá atá le hionadaíocht
dlíodóra. Sa Rialachán seo freisin moltar do na cúirteanna agus na binsí
modhanna cianchumarsáide a úsáid chun glacadh le foirmeacha éileamh agus chun
éisteachtaí ó bhéal a eagrú. Ar deireadh, scaiptear an breithiúnas a leanann as
go neamhshrianta i measc na mBallstát, gan chall le haon imeachtaí
idirmheánacha breise chun go mbeidh aitheantas agus forfheidhmiú ann[3]. D'ainneoin na sochar a d'fhéadfadh a bheith i
gceist leis ó thaobh na costais agus an tréimhse a bhaineann le dlíthíocht
éileamh trasteorann a laghdú, is beag eolas atá ar an nós imeachta agus ní
bhaintear mórán úsáide as fós cé go bhfuil roinnt blianta caite ó tháinig an
Rialachán i bhfeidhm. I ó 2011[4]
dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa gur gá níos mó a dhéanamh i dtaca le
deimhneacht dhlíthiúil, bacainní teanga agus trédhearcacht imeachtaí. D'iarr sí
ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí agus
gnólachtaí níos feasaí agus ionstraimí reachtacha atá ann cheana féin, amhail
an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, a úsáid. Tá sé tugtha le fios ag na
tomhaltóirí agus na gnólachtaí ar geallsealbhóirí iad gur cheart an Rialachán a
fheabhsú tuilleadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus gnólachtaí, go háirithe
fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá easnaimh áirithe sainaitheanta ag na
Ballstáit sa Rialachán atá ann faoi láthair ar cheart aghaidh a thabhairt
orthu. Tá na fadhbanna ag
eascairt, den chuid is mó, as na heasnaimh atá sna rialacha atá ann faoi
láthair, amhail raon feidhme teoranta cur i bhfeidhm i dtaobh tairsí ísle chomh
maith le cumhdach trasteorann, agus nós imeachta atá róchiotach, róchostasach
agus rófhada fós nach léiríonn an dul chun cinn teicneolaíoch atá bainte amach
i gcórais ceartais na mBallstát ó glacadh an Rialachán. Fiú i gcás ina
mbaineann na fadhbanna le cur chun feidhme easnamhach na rialacha atá ann faoi
láthair - mar atá i gceist go pointe áirithe i gcás na faidhbe a bhaineann le
heaspa trédhearcachta - ní mór a admháil nach mbíonn rialacha an Rialacháin
soiléir i gcónaí. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a
bhaineann le heaspa feasachta, tá roinnt beart seolta ag an gCoimisiún Eorpach
cheana féin, mar shampla sraith seimineár téamach sna Ballstáit chun fiontair bheaga agus mheánmhéide a chur ar an
eolas faoin nós imeachta sin, foilsiú treoirleabhair cleachtais agus dáileadh
modúl múinteoireachta chun fiontraithe Eorpacha a oiliúint san ábhar sin. Shainaithin an Coimisiún an t‑athbhreithniú
ar an Rialachán i dTuarascáil 2013 ar Shaoránacht an AE[5] ar cheann de na bearta
chun cearta shaoránaigh an Aontais a neartú, trí shocrú díospóidí maidir le
ceannacháin a rinneadh i mBallstát eile a éascú. Tá an tionscnamh sin san
áireamh freisin sa Chlár Eorpach do Thomhaltóirí[6] mar mhodh chun
forfheidhmiú ceart tomhaltóirí a fheabhsú. Ina theannta sin, tá nuachóiriú an
Rialacháin ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla reatha an AE an téarnamh
eacnamaíoch agus an fás inbhuanaithe a chur chun cinn, trí nósanna imeachta
cúirte atá níos éifeachtúla agus níos simplí a chur ar aghaidh agus rochtain
níos éasca orthu a chur ar fáil d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. 1.3. An gá atá le hathbhreithniú a
dhéanamh ar Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 I gcomhthéacs an ordaithe Eorpaigh maidir le
nós imeachta íocaíochta, is é a bhíonn mar thoradh ar ráiteas cur i gcoinne
arna chur isteach ag an gcosantóir leanúint uathoibríoch d'imeachtaí faoi
ghnáthnósanna imeachta sibhialta. Ós rud é go bhfuil an Nós Imeachta Eorpach um
Éilimh Bheaga curtha i bhfeidhm, áfach, níl bonn cirt leis an srian sin a
thuilleadh i ndáil le héilimh a thagann faoi raon feidhme
Rialachán 861/2007. Dá bhrí sin, i gcás ina dtagann díospóid faoi
raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ba cheart a shoiléiriú
i Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 gur cheart an nós imeachta sin a bheith
ar fáil do pháirtí in Ordú Eorpach maidir le Nós Imeachta Íocaíochta a bhfuil
ráiteas cur i gcoinne curtha isteach aige i ndáil le hordú Eorpach maidir le
híocaíocht. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tá comhairliúcháin déanta ag an
gCoimisiún chun faisnéis a bhailiú faoi chur i bhfeidhm reatha an Rialacháin
agus faoi ghnéithe a d'fhéadfaí a athbhreithniú. Cuireadh seasamh na bpáirtithe
leasmhara agus na mBallstát maidir le beartais in iúl sna torthaí agus cuireadh
na torthaí san áireamh trí phróiseas an mheasúnaithe tionchair ar fad. Rinneadh suirbhé Eurobarometer i mí na
Samhna agus mí na Nollag 2012 chun measúnú a dhéanamh ar fheasacht,
ionchais agus taithí na saoránach Eorpach maidir le cur i bhfeidhm an
Rialacháin[7].
De réir an tsuirbhé, tá 71 % d'éilimh tomhaltóirí laistigh den tairseach
EUR 2 000 a bunaíodh leis an Rialachán. Is é EUR 786 an meán‑íosmhéid
a bhfuil tomhaltóirí toilteanach dul i mbun dlíthíochta faoi i mBallstát eile. Bhí
12 % de na freagróirí ar an eolas gurb ann don Nós Imeachta Eorpach um
Éilimh Bheaga, agus mhaígh 1 % de na freagróirí ar fad gur bhain siad
úsáid as an nós imeachta cheana féin. Bhí 69 % acu sin a bhain úsáid as an
Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga cheana féin sásta. Maidir le 97 % de
na freagróirí ar fad a thug gnó chun na cúirte agus ar éirigh leo le dhá
bhliain anuas (i gcásanna ina dtír féin agus i gcásanna trasteorann),
forfheidhmíodh a mbreithiúnais mar ba cheart. Is iad na nithe is tábhachtaí a spreagfadh
saoránaigh le dul chun na cúirte: a bheith in ann na himeachtaí a dhéanamh i
scríbhinn gan teacht os comhair na cúirte (33 %), na himeachtaí a dhéanamh
gan dlíodóir (26 %), na himeachtaí a dhéanamh ar líne (20 %) agus a
dteanga féin a úsáid (24 %). Rinneadh comhairliúchán poiblí ar líne
idir an 9 Márta agus an 10 Meitheamh 2013. Bailíodh tuairimí
maidir leis an bhfeabhas agus simpliú breise a d'fhéadfaí a dhéanamh chun cur
le tairbhí an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, go háirithe do na
tomhaltóirí agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Fuarthas 80 freagairt ó
réimse leathan páirtithe leasmhara, amhail comhlachais tomhaltóirí agus gnó,
breithiúna, dlíodóirí agus lucht acadúil. Léirítear i dtorthaí[8] an chomhairliúcháin go
dtacaíonn 66 % de na freagróirí le síneadh a chur leis an tairseach go
suas le EUR 10 000, go bhfuil 63 % i bhfabhar modhanna
leictreonacha a úsáid le linn an nós imeachta agus go dtacaíonn 71 % leis
an smaoineamh trealamh físchomhdhála nó trealamh cumarsáide leictreonaí eile a
bheith le fáil sna cúirteanna. Níor cheap ach
28 % de na freagróirí go gcuireann na Ballstáit an cúnamh ar fáil saor in
aisce. Seoladh ceistneoir mionsonraithe maidir le
feidhmiú agus cur i bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin chuig na Ballstáit ag
tús mhí Aibreán 2013 agus chuig an nGréasán Breithiúnach Eorpach. Ba é an
aidhm a bhí leis na ceisteanna sonraí a bhailiú faoin méid seo a leanas: líon
na gcásanna ina n‑úsáidtear an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga sna
Ballstáit, úsáid modhanna leictreonacha cumarsáide in imeachtaí cúirte, cúnamh
a bheith ar fáil do shaoránaigh chun foirmeacha a líonadh isteach agus na
rialacha mionsonraithe a bhaineann leis, sprioc‑amanna nós imeachta,
éisteachtaí agus fianaise, costas na n‑imeachtaí agus an gá atá leis an tairseach
a mhéadú le haghaidh éileamh beag incháilithe. An 15 Bealtaine 2013
an spriocdháta a bhí ann leis na freagraí a chur isteach. Sheol 20
Ballstát san iomlán freagairtí isteach[9].
Tá plé déanta go minic ag an nGréasán
Breithiúnach Eorpach maidir le cur i bhfeidhm an Nós Imeachta Eorpaigh um
Éilimh Bheaga, na bearta atá le déanamh chun feasacht a ardú faoi agus ar a
fheidhmiú chomh maith leis na heilimintí a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil leis
an athbhreithniú. Sa chruinniú an 17 Bealtaine 2011, thug roinnt
Ballstát dá n‑aire nach raibh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga á
úsáid a mhéad is féidir agus gur cheart feabhas a chur ar an nós imeachta agus
bearta ardaithe feasachta a dhéanamh. Bunaíodh meitheal agus sainordaíodh di
Treoir Cleachtais a dhréachtú maidir leis an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga ar mhaithe le dlíodóirí. Ag an gcruinniú an 29/30 Bealtaine 2013,
pléadh roinnt gnéithe a bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh orthu amhail an
tairseach a mhéadú, modhanna leictreonacha cumarsáide a úsáid idir na
cúirteanna agus páirtithe, íoschaighdeáin an AE maidir leis an nós imeachta a
chur i bhfeidhm amhail: trealamh físchomhdhála a bheith ar fáil chun
éisteachtaí ó bhéal a reáchtáil agus trédhearcacht maidir le táillí cúirte a
ríomh agus a íoc agus an cúnamh d'úsáideoirí an nós imeachta, lena n‑áirítear
ionadaíocht dlí. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Príomheilimintí an bhirt atá
beartaithe Is iad seo a leanas príomheilimintí an
athbhreithnithe atá beartaithe: ·
Síneadh a chur le raon feidhme an Rialacháin sa
chaoi go gcumhdófaí éilimh trasteorann suas le EUR 10 000; ·
an sainmhíniú ar chásanna trasteorann a leathnú; ·
Feabhas a chur ar úsáid na cumarsáide leictreonaí,
lena n‑áirítear chun doiciméid áirithe a sheirbheáil; ·
Oibleagáid a fhorchur ar na cúirteanna trealamh
físchomhdhála, teileachumarsáide agus modhanna eile cianchumarsáide a úsáid le
haghaidh éisteachtaí ó bhéal agus chun fianaise a ghlacadh; ·
Uasteorainn a chur leis na táillí cúirte arna
ngearradh as an nós imeachta; ·
Foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid ar na
Ballstáit modhanna cianíocaíochta le haghaidh táillí cúirte a chur i bhfeidhm; ·
An ceanglas maidir le Foirm D a aistriú, ina
bhfuil an Deimhniú Forfheidhmiúcháin, a theorannú do bhunús an bhreithiúnais
amháin; ·
Oibleagáidí faisnéise a fhorchur ar na Ballstáit i
ndáil leis na táillí cúirte, na modhanna íocaíochta maidir le táillí cúirte
agus cúnamh a chur ar fáil chun na foirmeacha a líonadh isteach. 3.1.1. Síneadh a chur le raon feidhme
an Rialacháin sa chaoi go gcumhdófaí éilimh trasteorann suas le
EUR 10 000; Cuireann an tairseach EUR 2 000
teorainn le raon feidhme an Rialacháin. Cé gur lú an tábhacht a bhaineann leis
sin do thomhaltóirí, ós rud é nach mó ná EUR 2 000 an chuid is mó dá n‑éilimh,
cuireann sé teorainn mhór leis an nós imeachta a bheith ar fáil d'fhiontair
bheaga agus mheánmhéide. Ní bhíonn ach 20 % d'éilimh ghnó faoi bhun
EUR 2 000, agus is ionann na héilimh idir EUR 2 000 agus
EUR 10 000 agus tuairim is 30 % de na héilimh ghnó thrasteorann
ar fad. Ní théann 45 % de na cuideachtaí a mbíonn
díospóid trasteorann acu chun na cúirte mar níl na costais a bhaineann leis na
himeachtaí comhréireach le luach na n‑éileamh, agus ní théann 27 %
acu chun na cúirte mar bheadh tréimhse rófhada i gceist leis na himeachtaí. Dá
gcuirfí an nós imeachta Eorpach simplithe ar fáil freisin i gcás éileamh
trasteorann a bhfuil luach idir EUR 2 000 agus EUR 10 000
orthu, laghdófaí go mór ar an gcostas agus ar an bhfad ama a bhaineann le
dlíthíocht i gcásanna mar sin. Le blianta beaga anuas, tá raon feidhme a
nósanna imeachta simplithe náisiúnta méadaithe ag roinnt Ballstát trí na tairsí
a ardú. Is dearbhú é an treocht leanúnach sin gur gá na córais dlí a nuachóiriú
agus rochtain níos fearr orthu a áirithiú do shaoránaigh trí nósanna imeachta simplithe,
costéifeachtacha agus tapa a chur ar fáil do bhreis éileamh a bhfuil luach
íseal orthu. Sa chomhthéacs sin, ní mór an tairseach EUR 2 000 atá
ann faoi láthair don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a ardú. Tríd an tairseach atá ann faoi láthair a ardú
beidh na páirtithe in ann dul i mbun dlíthíochta maidir le líon i bhfad níos mó
cásanna ar bhonn an nós imeachta Eorpaigh shimplithe. Mar gheall ar an mbreis
simplithe sin, an laghdú ar an costais agus fad na n‑imeachtaí is féidir
bheith ag súil leis go dtógfaí arís na héilimh ar éireodh astu nó nár leanadh
ar aghaidh leo. Is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide an grúpa is mó a
bhainfidh sochar as an sin, ach bainfidh na tomhaltóirí sochar as
freisin, mar is mó ná EUR 2 000 an cúigiú cuid d'éilimh tomhaltóirí.
De bharr úsáid mhéadaithe an nós imeachta beidh na breithiúna, cléirigh chúirte
agus dlíodóirí in ann eolas níos fearr a chur ar an nós imeachta agus cuirfidh
siad i bhfeidhm é ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtúla, rud a mbainfidh
idir ghnólachtaí agus tomhaltóirí tairbhe as. 3.1.2. An sainmhíniú ar chásanna
trasteorann a leathnú Faoi láthair níl feidhm ag an Rialachán ach
maidir le díospóidí ina bhfuil sainchónaí nó gnáthchónaí ar pháirtí amháin ar a
laghad de na páirtithe i mBallstát seachas Ballstát na cúirte a dtugtar an cás
os a comhair nó Ballstát an bhinse a dtugtar an cás os a chomhair. Mar sin
féin, na díospóidí a bhaineann le páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu sa
Bhallstát céanna a bhfuil eilimint thábhachtach trasteorann ag baint leo agus a
d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as an nós imeachta Eorpach simplithe dá bhrí sin,
fágtar lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin iad. I measc na samplaí tá: ·
an cás ina bhfuil an áit ina gcomhlíontar an
conradh i mBallstát eile, mar shampla conradh léasa le haghaidh réadmhaoine
saoire atá lonnaithe i mBallstát eile; nó ·
an cás ina bhfuil an áit inar tharla an teagmhas
díobhálach i mBallstát eile, mar shampla nuair a bhaineann timpiste cairr
do pháirtithe i réigiún atá in aice na teorann i mBallstát eile; nó ·
an cás ina bhfuil an breithiúnas le forfheidhmiú
i mBallstát eile, mar shampla i gcás nach mór breithiúnas a dhéanamh ar
thuarastal an chosantóra a fhaigheann sé i mBallstát eile. Go háirithe, de réir fhorálacha Rialachán (CE)
Uimh. 44/2001 agus Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012, i gcás ina bhféadfaidh
an t‑éilitheoir rogha a dhéanamh idir dlínse chúirteanna an Bhallstáit
ina bhfuil sainchónaí air féin agus ar an gcosantóir agus dlínse an Bhallstáit
ina gcomhlíontar an conradh nó inar tharla an teagmhas díobhálach, mar shampla,
níor cheart gurbh é an toradh a bheadh ar rogha an éilitheora i bhfabhar
chúirteanna ná bhinsí an Bhallstáit ina bhfuil an sainchónaí comónta go
bhfágfaí an t‑éilitheoir gan an deis úsáid a bhaint as an Nós Imeachta Eorpach
um Éilimh Bheaga a bheadh ann murach sin. Ina theannta sin, leis an teorainn atá ann
faoi láthair cuirtear urchosc ar iarratais faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga arna gcur os comhair chúirteanna Bhallstáit an AE ag cónaitheoirí tríú
tíortha nó ina n‑aghaidh, agus ní chuirtear aon nós imeachta náisiúnta ar
leataobh do náisiúnaigh na tíre lena mbaineann ná do shaoránaigh an AE. Ba é a bheadh de thoradh ar an leasú go mbeadh
an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar fáil i ngach cás a bhfuil eilimint
trasteorann ag baint leis, lena n‑áirítear na cásanna a bhaineann le tríú
tíortha. Ba é a bheadh mar thoradh air sin simpliú agus laghdú ar na costais
agus ar an bhfad a bhainfeadh le dul i mbun dlíthíochta do na saoránaigh sin a
d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as an nós imeachta Eorpach simplithe, mar shampla
i gcás inar gá éisteacht leis na saineolaithe sa Bhallstát inar comhlíonadh an
conradh nó inar tharla an teagmhas díobhálach. Ar an gcaoi chéanna, bheadh sé
níos éasca breithiúnas arna thabhairt faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga a fhorfheidhmiú i mBallstát eile ina bhfuil eolas maith ar an nós
imeachta, nó iontaoibh as, a raibh an breithiúnas ábhartha mar thoradh air. Ós rud é go bhfuil an chumhacht ag na
cúirteanna de réir Airteagal 4(3) den Rialachán scrúdú a dhéanamh an
bhfuil an foras atá leis an dlínse faoin Rialachán comhlíonta, níl ach riosca
beag mí-úsáide ann ar thaobh na n‑éilitheoirí. 3.1.3. Feabhas a chur ar úsáid
modhanna leictreonacha cumarsáide, lena n‑áirítear chun doiciméid áirithe
a sheirbheáil I bprionsabal, d'fhéadfaí roinnt cumarsáide
idir na páirtithe agus na cúirteanna a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha
lena laghdófaí an t‑am agus na costais a bhainfeadh leis an nós imeachta
i gcásanna trasteorann, go háirithe i gcás ina bhfuil achar fada i gceist. Is
féidir an t‑iarratas tosaigh a chur isteach cheana féin trí mhodhanna
leictreonacha i gcás ina nglacann na Ballstáit leis an modh sin. Mar sin féin,
sna cásanna sin inar gá doiciméid a sheirbheáil ar na páirtithe le linn an nós
imeachta[10],
socraítear sa Rialachán gurb í an tseirbhís phoist in éineacht le hadmháil go
bhfuarthas na doiciméid an príomh‑mhodh seirbheála. D'fhéadfaí modhanna
eile seirbheála a chur i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil an tseirbhís phoist ar
fáil. Mar sin féin, tá seirbheáil leictreonach ar
fáil cheana féin i roinnt Ballstát. Leis an togra cuirfear an tseirbhís phoist
agus an tseirbhís leictreonach ar comhchéim, ionas gur féidir leis na Ballstáit
sin na modhanna leictreonacha sin a chur ar fáil do na páirtithe tríd an Nós
Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Ní fhéadfaí simpliú a dhéanamh agus am agus
costais a laghdú ach amháin i gcás dlíthíochta sna Ballstáit a chinneann
seirbheáil leictreonach doiciméad a chur chun feidhme; Táthar ag súil, áfach,
go leanfar leis an méadú ar líon na mBallstát atá ag baint leasa as na
forbairtí teicneolaíocha sin. I gcás cumarsáide eile idir na páirtithe agus
na cúirteanna, nach bhfuil an tábhacht chéanna léi, déanfar riail sa togra den
chumarsáid leictreonach, a bheidh faoi réir chomhaontú na bpáirtithe amháin. 3.1.4. Oibleagáid a fhorchur ar na
cúirteanna trealamh físchomhdhála, teileachumarsáide nó modhanna eile
cianchumarsáide a úsáid le haghaidh éisteachtaí ó bhéal agus chun fianaise a
ghlacadh Nós imeachta i scríbhinn atá sa Nós Imeachta
Eorpach um Éilimh Bheaga. I gcásanna eisceachtúla, áfach, inar gá éisteacht ó
bhéal nó éisteachtaí ó shaineolaí nó ó fhinné chun breithiúnas a thabhairt,
féadfaidh an chúirt nó an binse éisteacht ó bhéal a eagrú. Féadfar éisteachtaí
ó bhéal a dhéanamh trí bhíthin físchomhdhála nó trí mhodhanna eile
cianchumarsáide. Go praiticiúil, áfach, eagraítear éisteachtaí ó bhéal go
rialta agus is minic gur gá na páirtithe a bheith i láthair go fisiciúil, agus
tá méadú ar chostais taistil agus moilleanna do na páirtithe mar thoradh air
sin. I dtús báire, chuirfí béim níos láidre sa
leasú ar chineál eisceachtúil éisteachtaí ó bhéal i gcomhthéacs an nós imeachta
simplithe sin. Ina dhiaidh sin, d'fhorchuirfí oibleagáid ar na cúirteanna agus
ar na binsí úsáid a bhaint i gcónaí as modhanna cianchumarsáide amhail modhanna
físchomhdhála nó teileachumarsáide i gcás ina dtionóltar éisteacht ó bhéal.
Chun cearta na bpáirtithe a chosaint, déanfar eisceacht don pháirtí a iarrann
go sainráite a bheith i láthair sa chúirt. Faoin leasú seo d'fhéadfaí a cheangal ar na
Ballstáit a gcúirteanna a fheistiú leis an teicneolaíocht chumarsáide iomchuí,
i gcás nach bhfuil an teicneolaíocht sin ar fáil go fóill. Tá na
féidearthachtaí teicneolaíocha atá ag na Ballstáit éagsúil, agus ina measc tá
saoráidí idirlín costéifeachtacha. 3.1.5. Uasteorainn a chur leis na
táillí cúirte arna ngearradh as an nós imeachta Déantar táillí cúirte a thobhach láithreach
nuair a chuirtear iarratas isteach. Meastar na táillí cúirte sin a bheith
díréireach nuair a bhíonn os cionn 10 % de luach an éilimh orthu. Sna
cásanna sin, féadfar áiteamh ar na héilitheoirí gan leanúint lena n‑éilimh.
In go leor Ballstát, cuirtear íostáillí i bhfeidhm chun cur in éadan
dlíthíochta suaibhreosaí nó mí-úsáidí. EUR 34 atá ar an meán‑íostáille
chúirte. Leis an bhforáil atá beartaithe ní dhéanfaí
táillí cúirte sna Ballstáit a chomhchuibhiú. Ina ionad sin, chuirfí uasteorainn
le táillí cúirte d'iarratais faoin Rialachán, arna ríomh mar chéatadán de luach
an éilimh, agus mheasfaí táillí cúirte atá thar an teorainn sin a bheith
díréireach le luach an éilimh agus iad ag cur baic ar rochtain ar an gceartas
d'éilitheoirí a bhfuil éilimh ar luach beag acu. Trí uasteorainn a chur le
táillí cúirte don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga laghdófaí na costais
sna Ballstáit sin ina bhfuil na táillí díréireach le luach éileamh den sórt
sin. Ar an gcaoi sin, bheadh tarraingt níos mó ag éilitheoirí ar an nós
imeachta. Ina theannta sin, leis an mbeart sin is féidir
leis na Ballstáit íostáille chúirte sheasta a choinneáil nach gcuirfeadh
toirmeasc ar rochtain ar an gceartas maidir le héilimh ar luach níos ísle. Tá
an beart comhréireach i bhfianaise chineál sonrach na ndíospóidí trasteorann -
murab amhlaidh agus díospóidí intíre - faoina gceanglaítear ar an éilitheoir go
rialta costais bhreise a íoc, amhail costais aistriúcháin agus, i gcás ina n‑eagraítear
éisteachtaí ó bhéal, costais taistil agus ateangaireachta. 3.1.6. Foráil a dhéanamh maidir le
hoibleagáid ar na Ballstáit modhanna íocaíochta ar líne le haghaidh táillí
cúirte a chur i bhfeidhm Tá na modhanna íocaíochta maidir le táillí
cúirte éagsúil i ngach Ballstát. Go háirithe i gcás nach nglactar ach le
hairgead tirim nó stampaí mar mhodhanna íocaíochta, bíonn ar pháirtithe costais
taistil a íoc nó aturnae a fhostú sa Bhallstát ina bhfuil an chúirt, rud a
d'fhéadfadh cosc a chur orthu leanúint lena n‑éilimh. Tagann fadhbanna
den chineál céanna chun cinn i gcás nach nglactar ach le seiceanna mar mhodh
íocaíochta, mar ní bhíonn seiceanna in úsáid ghinearálta in go leor Ballstát,
nó ní bhíonn siad in úsáid ach ag dlíodóirí. Is é is aidhm leis an togra oibleagáid a chur
ar na Ballstáit modhanna cianíocaíochta a chur i bhfeidhm - aistrithe bainc
agus córais íocaíochta ar líne le cártaí creidmheasa/dochair ar a laghad. Is
dócha go dtiocfaidh méadú ar éifeachtúlacht iomlán an chórais ceartais, ós rud
é go mbeidh laghdú ar an am agus ar na costais. 3.1.7. An ceanglas maidir leis an
deimhniú forfheidhmiúcháin i bhFoirm D a aistriú a theorannú do bhunús an
bhreithiúnais amháin Ag céim forfheidhmiúcháin breithiúnais, ní mór
don pháirtí atá ag iarraidh an fhorfheidhmiúcháin aistriúchán ar an deimhniú
forfheidhmiúcháin i bhFoirm D a fháil ó aistritheoir deimhnithe go teangacha Bhallstát
an fhorfheidhmiúcháin. Ní ghlacann ach roinnt Ballstát le Foirm D i dteangacha
eile seachas a dteangacha féin. Baineann costais nach gá leis an oibleagáid
aistriúchán a dhéanamh ar Fhoirm D sa mhéid is nár cheart gur ghá ach Roinn 4.3
den fhoirm a aistriú (bunús an bhreithiúnais), toisc go bhfuil na réimsí eile
ar fáil i ngach teanga cheana féin. Is minic a ghearrann aistritheoirí costas
ar an bhfoirm ar fad a aistriú, áfach. D'fhéadfadh na costais nach gá sin,
anuas ar na costais eile, a bheith ina ndídhreasacht don pháirtí ar mian leis
breithiúnas a fhorfheidhmiú chun leanúint le héileamh nó forfheidhmiú an éilimh
sin a iarraidh. Faoin leasú beidh an ceanglas aistriúcháin
teoranta do shubstaint an bhreithiúnais i bpointe 4.3 i bhFoirm D. 3.1.8. Oibleagáidí faisnéise a
fhorchur ar na Ballstáit i ndáil le táillí cúirte, modhanna íocaíochta táillí
cúirte agus cúnamh a bheith ar fáil chun na foirmeacha a líonadh isteach Cé go bhfuil ceanglas ar na Ballstáit i
láthair na huaire fógra a thabhairt don Choimisiún, chun críocha an fhaisnéis a
chur ar fáil go poiblí, faoi chúirteanna inniúla, na modhanna cumarsáide a
nglactar leo, faoin deis achomharc a dhéanamh, na teangacha a nglactar leo le
haghaidh forfheidhmiúcháin agus na húdaráis forfheidhmiúcháin (Airteagal 25),
tá faisnéis faoi tháillí cúirte agus modhanna íocaíochta táillí cúirte ar
iarraidh i láthair na huaire. Níl tuilleadh trédhearcachta maidir leis na
heilimintí sin ann de thoradh na hoibleagáide maidir le comhar idir na
Ballstáit chun an fhaisnéis faoi chostais a chur ar fáil go poiblí (Airteagal 24).
Ina theannta sin, níl an oibleagáid atá ar na Ballstáit cúnamh praiticiúil a
chur ar fáil chun na foirmeacha a líonadh isteach (Airteagal 11) curtha
chun feidhme in go leor cásanna. Trí oibleagáid a chur ar na Ballstáit an
Coimisiún a chur ar an eolas maidir le táillí cúirte agus modhanna íocaíochta
don Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, chomh maith le cúnamh praiticiúil a
bheith ar fáil do na páirtithe, agus oibleagáid an Choimisiúin an fhaisnéis sin
a chur ar fáil go poiblí, d'fheabhsófaí an trédhearcacht agus an rochtain ar an
gceartas dá réir sin. 3.2. Leasuithe teicniúla eile D'fhéadfaí feabhas a chur ar roinnt
d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 chun na forbairtí is déanaí a
chur san áireamh, amhail teacht i bhfeidhm Choradh Liospóin agus cásdlí Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ar an gcéad dul síos, is gá Airteagal 26
agus Airteagal 27 den Rialachán a chur i gcomhréir leis an nós imeachta
tarmligin nua a bunaíodh le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh. Ar an dara dul síos, is gá Airteagal 18
den Rialachán a shoiléiriú chun deacrachtaí praiticiúla a sheachaint atá
comhchosúil leo sin a tugadh chun solais in iarraidh ar réamhrialú a cuireadh
os comhair na Cúirte Breithiúnais le déanaí, inar iarradh ar an gCúirt foráil
chomhchosúil a léirmhíniú i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006[11]. Tá an ceart céanna
chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú leagtha amach ar bhealach atá beagán
difriúil, ach níos soiléire, i Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 maidir le
dlínse, an dlí is infheidhme, breitheanna a shainaithint agus a fhorfheidhmiú
agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála. Níl aon chúis
leis na forálacha sin maidir le hathbhreithniú, a bhfuil an cuspóir ceannann
céanna á leanúint acu, a bheith leagtha amach ar bhealaí difriúla sna
rialacháin Eorpacha éagsúla. Tá sé d'aidhm ag an athbhreithniú atá beartaithe
an ceart chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar bhealach atá i gcomhréir
le Rialachán 4/2009 a shoiléiriú. 3.3. Bunús dlí Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 861/2007
faoi Airteagal 61(c) de Chonradh CE ina bhfuil coinníoll go nglacfaidh an
Chomhairle bearta i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta agus
Airteagal 67(1) de Chonradh CE ina sainítear an nós imeachta reachtach atá
le leanúint. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, beidh aon
athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 bunaithe ar Airteagal 81(2)
(a), (c) agus (f) den CFAE. 3.4. Coimhdeacht agus comhréireacht Bunaíodh an gá le beart ón AE cheana féin in
2007 nuair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 861/2007. Tá gnéithe trasnáisiúnta i gceist leis an tsaincheist atá faoi
bhreithniú nach féidir déileáil leo go sásúil le beart aonair na mBallstát. Ní féidir an cuspóir i ndáil le muinín tomhaltóirí agus
gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, a fheabhsú i dtrádáil
trasteorann agus i rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a bhaint
amach gan leasú ar an Rialachán atá ann cheana chun forbairtí ó 2007 agus
easnaimh thuairiscithe i gcur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 a
léiriú níos fearr. Áit a bhfuil nósanna imeachta náisiúnta
simplithe, tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh tairsigh de agus ó thaobh an
tsimplithe a rinneadh ar an nós imeachta. De cheal caighdeán nós imeachta
aonfhoirmeach ar fud an AE, chuirfeadh an chastacht bhunúsach bhreise agus an
costas a bhaineann le héileamh trasteorann, atá mar thoradh ar an easpa eolais
atá ag na páirtithe ar an dlí nós imeachta eachtrach, an gá atá le haistriúchán
agus ateangaireacht agus an gá atá le taisteal le haghaidh éisteachtaí ó bhéal,
chuirfeadh sé le costais dhíréireacha agus fad díréireach dlíthíochta i
gcomparáid le díospóidí intíre. Toisc go ndéantar
saobhadh ar an iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach de dheasca
míchothromaíochtaí i bhfeidhmiú na nósanna imeachta atá ar fáil d'iarrthóirí/do
chreidiúnaithe i mBallstáit éagsúla, tá gá le beart ón AE a ráthódh cothrom
iomaíochta do chreidiúnaithe agus d'fhéichiúnaithe ar fud an AE. Mar shampla,
de cheal athbhreithnithe, mar gheall ar an tairseach atá ann faoi láthair beidh
go leor fiontair bheaga agus mheánmhéide atá i mbun díospóide trasteorann gan
rochtain ar nós imeachta cúirte aonfhoirmeach agus simplithe sna Ballstáit ar fad.
Ar an gcaoi chéanna, mura gcuirfí teorainn le táillí cúirte díréireacha ar fud
an AE agus mura bhféadfaí táillí cúirte a íoc trí mhodhanna cianíocaíochta ar
fud an AE, ní bheadh aon rochtain ar na cúirteanna ag go leor creidiúnaithe. Anuas air sin, bheadh
tairbhe chinnte ag baint le beart ar leibhéal an AE i gcomparáid le beart na
mBallstát ó thaobh éifeachtachta de toisc go mbunófar leis an Rialachán
athbhreithnithe ionstraimí nós imeachta aonfhoirmeacha do gach éileamh
trasteorann laistigh dá raon feidhme, is cuma cén áit san AE ina bhfuil an
chúirt ag éisteacht an cháis. Leis an athbhreithniú go háirithe, feabhsófar an
rochtain ar an gceartas do chuid mhór d'éilimh bheaga fiontar beag agus
meánmhéide atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin anois, agus do
thomhaltóirí agus fiontair bheaga agus mheánmhéide freisin a bhfuil éilimh
trasteorann acu atá lasmuigh de shainmhíniú an Rialacháin atá ann faoi láthair.
Anuas air sin, leis an athbhreithniú dhéanfaí an nós imeachta níos éifeachtúla
i gcás gach éilimh atá laistigh dá raon feidhme, trí rialacha nós imeachta
aonfhoirmeacha a chur ar fáil lena ndéantar an dlíthíocht i ndíospóidí
trasteorann níos simplí agus lena laghdaítear an costas a bhaineann léi. Le
rochtain níos fearr ar nósanna imeachta breithiúnacha éifeachtúla do níos mó
creidiúnaithe a bhfuil éilimh ar luach íseal acu, bainfear an bac den sreabhadh
caipitil, agus mar thoradh air sin beidh muinín níos mó ann as trádáil
trasteorann agus feidhmeoidh an margadh inmheánach ar bhealach níos fearr. Leis an athbhreithniú
freisin déanfar forfheidhmiú breithiúnas a shimpliú tuilleadh, go háirithe i
gcás éileamh atá thar an tairseach atá ann faoi láthair, agus cothófar
tuilleadh muiníne i measc na gcúirteanna agus na n‑údarás
forfheidhmiúcháin a chuirfidh eolas ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga. 3.5. Cearta bunúsacha Mar atá leagtha amach go mionsonraithe sa
Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo agus i gcomhréir le straitéis
an Aontais Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme
go héifeachtach, urramaíonn eilimintí uile an athchóirithe na cearta atá
leagtha amach sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha. Urramaítear an ceart chun
trialach córa (Airteagal 47(2) den Chairt), ós rud é go mbeidh de thoradh
ar an leasú rochtain níos mó ar an gceartas i gcás éileamh a bhfuil luach íseal
orthu i ngach cás trasteorann. Anuas air sin, cuirtear coimircí nós imeachta i
bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ag simpliú breise an nós
imeachta faoi na leasuithe atá beartaithe ar chearta na bpáirtithe. Dá bhrí sin, ní úsáidfear seirbhísí leictreonacha a bhfuil admháil go
bhfuarthas an chumarsáid ag gabháil leo ach amháin i gcás ina gcomhaontaíonn na
páirtithe amhlaidh; déanfar eisceacht i dtaca le héisteacht físchomhdhála nó
teileachomhdhála éigeantaí i gcónaí don pháirtí ar mian leis a bheith i láthair
sa chúirt; agus, i gcás éileamh os cionn EUR 2 000, ní bheidh na
cúirteanna in ann éisteacht ó bhéal arna déanamh le modhanna cianchumarsáide a
dhiúltú má iarrann aon pháirtí amháin ar a laghad a leithéid. 3.6. Impleachtaí buiséadacha Ní bheidh d'impleachtaí ann do bhuiséad an
Aontais Eorpaigh mar thoradh ar an Rialachán atá beartaithe ach costais aon
uaire a bhaineann le tuarascáil a ullmhú 5 bliana tar éis dáta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin. 2013/0403 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena
mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena
gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta íocaíochta TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialach na hEorpa[12], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Bunaíodh le Rialachán (CE)
Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13] an Nós Imeachta
Eorpach um Éilimh Bheaga. Tá feidhm aige maidir le héilimh thrasteorann
shibhialta agus thráchtála a chonspóidtear agus nach gconspóidtear araon a
bhfuil luach nach mó ná EUR 2 000 orthu. Áirithíodh leis freisin gur
féidir na breithiúnais a thugtar laistigh den nós imeachta sin a fhorfheidhmiú
gan aon nós imeachta inmheánach, go háirithe gan gá a bheith le dearbhú
forfheidhmiúcháin sa Bhallstát forfheidhmiúcháin (exequatur a dhíothú).
Ba é an aidhm ghinearálta a bhí leis an Rialachán rochtain ar an gceartas a
fheabhsú trí chostais a laghdú agus dlús a chur leis an nós imeachta sibhialta
i ndáil le héilimh laistigh dá raon feidhme le haghaidh tomhaltóirí agus
gnólachtaí araon. (2) Faoi Rialachán (CE)
Uimh. 861/2007 tugtar treoir don Choimisiún tuarascáil mhionsonraithe a
thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa faoin 1 Eanáir 2014 lena n‑athbhreithneofar
feidhmiú an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, lena n‑áirítear an
teorainn ar luach an éilimh a fhéadfar a dhéanamh faoin nós imeachta sin. (3) Sainaithníodh sa tuarascáil
ón gCoimisiún[14]
maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 na bacainní ar
lánacmhainneacht an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga chun sochair
tomhaltóirí agus gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.
Léirítear sa tuarascáil go gceileann tairseach íseal na reachtaíochta atá ann
faoi láthair úsáid nós imeachta simplithe ar éilitheoirí ionchasacha a mbíonn
díospóidí trasteorann acu. Anuas air sin, d'fhéadfaí roinnt eilimintí den nós
imeachta a shimpliú tuilleadh chun costais agus tréimhse na dlíthíochta a
laghdú. Is é tátal na tuarascála go bhféadfaí deireadh a chur leis na bacainní
sin go han‑éifeachtach tríd an Rialachán a leasú. (4) Ba cheart tomhaltóirí a
bheith in ann na deiseanna a thugtar leis an margadh aonair a úsáid a mhéad is
féidir, agus níor cheart teorainn a bheith lena muinín de bhrí easpa réiteach
éifeachtach dlí ar dhíospóidí ina bhfuil eilimint trasteorann i gceist. Is é is
aidhm leis na feabhsuithe ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga atá
beartaithe sa Rialachán seo na hacmhainní is gá le haghaidh sásaimh
éifeachtaigh a chur ar fáil do na tomhaltóirí, rud a chuirfeadh le forfheidhmiú
praiticiúil a gceart. (5) Dá n‑ardófaí an
tairseach go dtí EUR 10 000 bheadh sochar ag baint leis d'fhiontair
bheaga agus mheánmhéide go háirithe, nach bhfuil sé de mhisneach acu faoi
láthair tabhairt faoi chaingean cúirte mar faoi na gnáthnósanna imeachta
náisiúnta nó na nósanna imeachta simplithe náisiúnta tá na costais a bhaineann
le dlíthíocht díréireach le luach an éilimh agus/nó tá na himeachtaí
breithiúnacha rófhada. Dá n‑ardófaí an tairseach chuirfí feabhas ar an
rochtain ar leigheas breithiúnach éifeachtach agus costéifeachtúil ar
dhíospóidí trasteorann lena mbaineann fiontair bheaga agus mheánmhéide. Le
rochtain mhéadaithe ar an gceartas d'fheabhsófaí an mhuinín as idirbhearta
trasteorann agus chuirfí le lánúsáid na ndeiseanna a thugtar leis an margadh
inmheánach. (6) Tá feidhm ag an Nós Imeachta
Eorpach um Éilimh Bheaga maidir le gach éileamh a bhfuil eilimint trasteorann
ag baint leis. Áirítear leis sin cásanna ina bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí
sa Bhallstát céanna agus nach bhfuil ach an áit ina gcomhlíontar an conradh, an
áit ina dtarlaíonn an teagmhas díobhálach nó an áit ina bhforfheidhmítear an
breithiúnas lonnaithe i mBallstát eile. Go háirithe, de réir Rialachán (CE)
Uimh. 44/2001 ón gComhairle[15]
[Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16]], i gcás ina
bhféadfaidh an t‑éilitheoir rogha a dhéanamh idir dlínse chúirteanna an
Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí air féin agus ar an gcosantóir agus dlínse
chúirteanna an Bhallstáit ina gcomhlíontar an conradh nó inar tharla an
teagmhas díobhálach, níor cheart gurbh é an toradh a bheadh ar rogha an
éilitheora i bhfabhar chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit ina bhfuil an
sainchónaí comónta go bhfágfaí an t‑éilitheoir gan an deis úsáid a bhaint
as an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a bheadh ann murach sin. Anuas air
sin, ba cheart an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a bheith ar fáil i
gcásanna a chuirtear os comhair chúirteanna Bhallstáit an AE ag cónaitheoirí
tríú tíortha nó ina n‑aghaidh. (7) Níor cheart feidhm a bheith
ag an Rialachán seo ach i ndíospóidí trasteorann, ach níor cheart go gcuirfeadh
aon ní cosc ar na Ballstáit na forálacha ceannann céanna a chur i bhfeidhm
freisin maidir le himeachtaí inmheánacha amháin i ndáil le héilimh a bhfuil
luach íseal orthu. (8) D'fhéadfaí tuilleadh feabhais
a chur ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga trí leas a bhaint as na
forbairtí teicneolaíocha i réimse an cheartais lena bhfaightear réidh le fad
geografach agus na hiarmhairtí a bhaineann leis ó thaobh costas ard agus fad
imeachtaí mar dhálaí lena gcuirtear bac ar rochtain ar an gceartas. (9) Chun fad an nós imeachta a
laghdú tuilleadh, ba cheart na páirtithe agus na cúirteanna a spreagadh
tuilleadh le teicneolaíocht chumarsáide nua-aimseartha a úsáid. Ba cheart
bheith in ann iarratas a dhéanamh faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga
trí bhíthin modhanna leictreonacha cumarsáide i gcás ina bhfuil an
teicneolaíocht ar fáil cheana féin sna Ballstáit. I gcás doiciméad is gá a
sheirbheáil ar na páirtithe, ba cheart an tseirbheáil leictreonach a bheith ar
comhchéim leis an tseirbheáil phoist i gcás ina bhfuil an teicneolaíocht ar
fáil sna Ballstáit. I gcás gach cumarsáide eile i scríbhinn idir na páirtithe
agus na cúirteanna nó na binsí, ba cheart tosaíocht a thabhairt do mhodhanna
leictreonach ar an tseirbhís phoist. I ngach cás, ba cheart rogha a bheith ag
na páirtithe idir modhanna leictreonacha agus modhanna níos traidisiúnta i gcás
iarratais, seirbhíse nó cumarsáide. (10) Ba cheart don chúirt nó don
bhinse a thugann an breithiúnas an breithiúnas a sheirbheáil ar an éilitheoir
agus ar an gcosantóir araon i gcomhréir leis na modhanna dá bhforáiltear sa
Rialachán seo. (11) Nós imeachta i scríbhinn atá
sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Is féidir éisteachtaí ó bhéal a
thionól go heisceachtúil mura féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na
fianaise i scríbhinn arna cur ar fáil ag na páirtithe. Anuas air sin, chun
cearta nós imeachta na bpáirtithe a chosaint, ba cheart éisteacht ó bhéal a
eagrú i gcónaí arna hiarraidh sin ag páirtí amháin ar a laghad i gcás ina bhfuil
luach an éilimh níos mó ná EUR 2 000. Ar deireadh, ba cheart do na
cúirteanna iarracht a dhéanamh teacht ar shocraíocht idir na páirtithe agus, dá
bhrí sin, i gcás ina ndearbhaíonn na páirtithe go bhfuil siad toilteanach
teacht ar shocraíocht chúirte, ba cheart don chúirt éisteacht ó bhéal a eagrú
chun na críche sin. (12) Ba cheart éisteachtaí ó bhéal
chomh maith le glacadh fianaise trí bhíthin éisteachtaí finnéithe, saineolaithe
nó páirtithe, a dhéanamh trí mhodhanna cianchumarsáide. Leis sin níor cheart
difear a dhéanamh do cheart páirtí in imeachtaí a bheith i láthair sa chúirt
don éisteacht ó bhéal. I gcomhthéacs éisteachtaí ó bhéal agus glacadh fianaise,
ba cheart do na Ballstáit modhanna nua-aimseartha cianchumarsáide a úsáid ionas
gur féidir daoine a éisteacht gan iallach a chur orthu taisteal chun na cúirte
nó chun an bhinse. I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an duine arna éisteacht i
mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt a bhfuiltear os a comhair,
ba cheart éisteachtaí ó bhéal a eagrú i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha
amach i Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle[17]. I gcás ina bhfuil
sainchónaí ar an bpáirtí atá le héisteacht sa Bhallstát ina bhfuil an chúirt a
bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige lonnaithe nó i dtríú tír,
féadfar éisteacht ó bhéal a thionól trí bhíthin físchomhdhála, teileachomhdhála
nó teicneolaíochta cianchumarsáide iomchuí eile i gcomhréir leis an dlí
náisiúnta. Ba cheart páirtí a bheith i dteideal teacht os comhair na cúirte nó
éisteachta ó bhéal má iarrann an páirtí sin a leithéid. Ba cheart don chúirt nó
don bhinse an modh is simplí agus is lú costas a úsáid chun fianaise a
ghlacadh. (13) D'fhéadfadh go n‑imreodh
na costais a bhainfeadh le dlíthíocht tionchar ar chinneadh an éilitheora dul
chun na cúirte. D'fhéadfadh táillí cúirte, i measc costas eile, bac a chur ar
éilitheoirí dul chun na cúirte, go háirithe sna Ballstáit sin ina bhfuil na
táillí cúirte díréireach. Ba cheart na táillí cúirte a bheith comhréireach le
luach an éilimh chun rochtain ar an gceartas i gcás éileamh beag trasteorann a
áirithiú. Ní hé is aidhm leis an Rialachán seo táillí cúirte a chomhchuibhiú;
ina ionad sin, cuirtear uasteorainn leis an bhforáil le táillí cúirte sa chaoi
go mbeadh rochtain ag cuid shuntasach d'éilitheoirí ar an nós imeachta, agus é
de lánrogha ag na Ballstáit an modh ríomha agus méid na dtáillí cúirte a
roghnú. (14) Níor cheart a cheangal ar an
éilitheoir taisteal ná dlíodóir a fhostú chun na táillí cúirte a íoc. Ar a
laghad, ba cheart do gach cúirt a bhfuil dlínse aici agus gach binse a bhfuil
dlínse aige i Nósanna Imeachta Eorpacha um Éilimh Bheaga glacadh le haistrithe
bainc agus córais íocaíochta ar líne le cártaí creidmheasa nó dochair. (15) Ba cheart faisnéis faoi na
táillí cúirte agus modhanna íocaíochta, chomh maith le faisnéis faoi na
húdaráis nó eagraíochtaí atá inniúil cúnamh praiticiúil a thabhairt sna
Ballstáit a bheith níos trédhearcaí agus ar fáil ar an idirlíon go héasca. Ba
cheart do na Ballstáit an fhaisnéis sin a thabhairt don Choimisiún, agus ba
cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirtear ar fáil go poiblí í agus go
scaiptear go forleathan í. (16) I gcás ina dtagann díospóid
faoi raon feidhme an Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga, ba cheart a
shoiléiriú i Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[18]
gur cheart an nós imeachta sin a bheith ar fáil do pháirtí in Ordú Eorpach
maidir le Nós Imeachta Íocaíochta a bhfuil ráiteas cur i gcoinne curtha isteach
aige i dtaca le hordú Eorpach maidir le híocaíocht. (17) Chun feabhas a chur ar
chosaint an chosantóra, ba cheart faisnéis a bheith sna foirmeacha
caighdeánacha atá in Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann le
Rialachán (CÉ) Uimh. 861/2007 faoi na hiarmhairtí don chosantóir mura
ndéanann sé agóid i gcoinne an éilimh nó mura mbíonn sé i láthair sa chúirt, go
háirithe i gcás ina bhféadfaí breithiúnas a thabhairt nó a fhorfheidhmiú in
aghaidh an chosantóra agus ina bhféadfaí dliteanas a thabhú i leith costas a
bhaineann leis na himeachtaí cúirte. Ba cheart an fhaisnéis sna hIarscríbhinní
na hathruithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo a léiriú, mar shampla na
hathruithe atá dírithe ar úsáid modhanna cianchumarsáide idir an chúirt agus na
binsí agus na páirtithe a éascú. (18) I ndáil leis na hathruithe ar
Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún.
Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn
a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le
saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe
á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha
a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint
na hEorpa agus chuig an gComhairle. (19) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus
na hÉireann i leith limistéir saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, [tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn
gur mhian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an
Rialacháin seo]/[gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní bheidh an
Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní
bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm]. (20) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge
atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh
an Rialacháin seo agus dá bhrí sin ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal ar
an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. (21) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006 a leasú
dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007
mar seo a leanas: (1)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2: "Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir le hábhair shibhialta agus thráchtála, beag beann ar chineál na
cúirte nó an bhinse, i gcás nach mó ná EUR 10 000 luach an éilimh
tráth a gheobhaidh an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse
aige an fhoirm éilimh, gan aon ús, aon chaiteachais ná aon íocaíochtaí amach a
áireamh. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim,
chustaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha ná
neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta jure imperii). 2. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo, an tráth a fhaigheann an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse
a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh, i gcás ina bhfuil na heilimintí seo ar
fad a leanas, más ábhartha, in aon Bhallstát amháin: (a)
sainchónaí nó gnátháit chónaithe na bpáirtithe; (b)
an áit ina gcomhlíontar an conradh; (c)
an áit as ar eascair na fíorais ar a bhfuil an t‑éileamh
bunaithe; (d)
an áit ina bhforfheidhmítear an breithiúnas; (e)
an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil
dlínse aige. Déanfar an sainchónaí a chinneadh i gcomhréir le
[hAirteagal 59 agus Airteagal 60 de Rialachán (CE)
Uimh. 44/2001]/[Airteagal 62 agus Airteagal 63 de Rialachán (AE)
Uimh. 1215/2012]. 3. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le hábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas: (a)
stádas nó inniúlacht dhlíthiúil daoine nádúrtha; (b)
maoin‑chearta de bhua cóngais phósta,
oibleagáidí cothabhála, uachtanna agus comharbais; (c)
féimheacht, imeachtaí maidir le foirceannadh
cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá dócmhainneach,
comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí cosúil leo sin; (d)
slándáil shóisialta; (e)
eadráin; (f)
dlí na fostaíochta; (g)
tionóntachtaí maoine dochorraithe, seachas caingne
maidir le héilimh ar airgead; nó (h)
sáruithe príobháideachta agus sáruithe ceart a
bhaineann le pearsantacht, lena n‑áirítear clúmhilleadh. 4. Sa Rialachán seo, ciallaíonn
an téarma "Ballstát" na Ballstáit seachas an Danmhairg." (2)
Scriostar Airteagal 3. (3)
Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas: (a)
Sa dara fomhír de mhír 4, cuirtear isteach an
abairt seo a leanas: "Cuirfidh an chúirt an t‑éilitheoir ar
an eolas faoin díbhe sin." (b)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: 5. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil Foirm
éilimh chaighdeánach A ar fáil i bhfoirm páipéir i ngach cúirt agus binse inar
féidir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thosú, agus i bhfoirm
leictreonach freisin ar shuíomhanna gréasáin na gcúirteanna sin nó an údaráis
lárnaigh iomchuí." (4)
In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 1: 1. Nós imeachta i scríbhinn a bheidh sa Nós
Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga. Tionólfaidh an chúirt nó an binse éisteacht
ó bhéal má mheasann sí nó sé nach féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na
fianaise i scríbhinn arna cur isteach ag na páirtithe nó má iarrann páirtí
amhlaidh. Féadfaidh an chúirt nó an binse an iarraidh sin a dhiúltú má mheasann
sí nó sé, ag féachaint d'imthosca an cháis, nach gá éisteacht ó bhéal d'fhonn
na himeachtaí a dhéanamh go cóir. Tabharfar i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis
an diúltú. Ní fhéadfar cur in aghaidh an diúltaithe ar leithligh ó aon agóid in
aghaidh an bhreithiúnais féin. Ní fhéadfaidh an chúirt ná an binse iarraidh ar
éisteacht ó bhéal a dhiúltú i gcás: (a)
inar mó ná EUR 2 000 luach an éilimh, nó (b)
ina léiríonn an dá pháirtí go bhfuil siad
toilteanach socraíocht chúirte a chur i gcrích agus éisteacht chúirte a
iarraidh chun na críche sin. " (5)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8: "Airteagal 8 Éisteacht ó bhéal 1. Tionólfar éisteacht ó bhéal
trí bhíthin físchomhdhála, teileachomhdhála nó teicneolaíochta cianchumarsáide
iomchuí eile i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle i
gcás ina bhfuil sainchónaí ar an bpáirtí atá le héisteacht i mBallstát seachas
an Ballstát ina bhfuil an chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse
aige. 2. Beidh páirtí i dteideal
teacht os comhair na cúirte nó an bhinse agus éisteacht a fháil é féin go
pearsanta má iarrann an páirtí sin amhlaidh." (6)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: "Airteagal 9 Fianaise a ghlacadh 1. Cinnfidh an chúirt nó an
binse na modhanna a úsáidfear chun fianaise a ghlacadh agus an méid fianaise is
gá dá breithiúnas nó dá bhreithiúnas faoi na rialacha is infheidhme maidir le
hinghlacthacht fianaise. Féadfaidh an chúirt nó an binse a cheadú go nglacfar
fianaise trí bhíthin ráiteas i scríbhinn ó fhinnéithe, ó shaineolaithe nó ó
pháirtithe. I gcás ina bhfuil sé intuigthe ó ghlacadh fianaise go dtugtar
éisteacht do dhuine, déanfar an éisteacht i gcomhréir leis na coinníollacha atá
leagtha amach in Airteagal 8. 2. Ní fhéadfaidh an chúirt ná an
binse glacadh le fianaise ó shaineolaithe nó fianaise ó bhéal ach amháin mura
féidir an breithiúnas a thabhairt ar bhonn na fianaise arna tabhairt ag an
páirtithe. 3. Úsáidfidh an chúirt nó an
binse an modh is simplí agus is lú a bhfuil anró ag baint leis chun fianaise a
ghlacadh." (7)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11: "Airteagal 11 Cúnamh do na páirtithe 1. Áiritheoidh na Ballstáit gur
féidir leis na páirtithe cúnamh praiticiúil a fháil chun na foirmeacha a líonadh
isteach. Beidh an cúnamh sin ar fáil go háirithe chun a chinneadh an bhféadfar
an nós imeachta a úsáid chun an díospóid lena mbaineann a réiteach agus an
chúirt a bhfuil dlínse aici a chinneadh, chun ús atá dlite a ríomh agus chun na
doiciméid is gá a cheangal a shainaithint. 2. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil faisnéis faoi na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun cúnamh a
thabhairt i gcomhréir le mír 1 ar fáil i bhfoirm páipéir i ngach cúirt
agus binse inar féidir an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a thosú, agus i
bhfoirm leictreonach freisin ar shuíomhanna gréasáin na gcúirteanna sin nó an
údaráis lárnaigh iomchuí." (8)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13: "Airteagal 13 Doiciméid a sheirbheáil agus cumarsáid eile
idir na páirtithe agus an chúirt nó an binse 1. Déanfar na doiciméid atá
luaite in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 7(2) a sheirbheáil trí
mhodhanna poist nó modhanna leictreonacha agus dearbhófar sin le hadmháil go
bhfuarthas an doiciméad lena n‑áirítear an dáta a bhfuarthas an doiciméad
Ní dhéanfar doiciméid a sheirbheáil go leictreonach ach ar pháirtí ar ghlac
leis go sainráite roimh ré go bhféadfaí doiciméid a sheirbheáil go
leictreonach. Féadfar seirbheáil trí mhodhanna leictreonacha a dhearbhú le
deimhniú uathoibríoch ar sheachadadh. 2. Déanfar gach cumarsáid i
scríbhinn nach dtagraítear di i mír 1 idir an chúirt nó an binse agus na
páirtithe trí mhodhanna leictreonacha agus dearbhófar sin le hadmháil go
bhfuarthas an chumarsáid, i gcás ina bhfuil na modhanna sin inghlactha sna
nósanna imeachta faoin dlí náisiúnta agus ní dhéanfar é ach i gcás ina nglacann
an páirtí leis na modhanna cumarsáide sin. 3. Mura féidir seirbheáil a
dhéanamh i gcomhréir le mír 1, féadfar seirbheáil a dhéanamh ar aon cheann de
na modhanna dá bhforáiltear in Airteagal 13 nó in Airteagal 14 de
Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006. Mura féidir cumarsáid a dhéanamh i
gcomhréir le mír 2, féadfar aon mhodh cumarsáide eile atá inghlactha faoin
dlí náisiúnta a úsáid." (9)
Cuirtear isteach an t‑Airteagal nua seo
a leanas: "Airteagal 15a Táillí cúirte agus modhanna íocaíochta 1. Ní bheidh an táille chúirte a
ghearrtar ar an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga níos mó ná 10 % de
luach an éilimh, gan ús, costais ná íocaíochtaí amach ar bith a áireamh. Má
ghearrann na Ballstáit íostáille chúirte ar Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga, ní bheidh an táille sin níos mó ná EUR 35 an tráth a fhaigheann an
chúirt a bhfuil dlínse aici nó an binse a bhfuil dlínse aige an fhoirm éilimh. 2. Áiritheoidh na Ballstáit gur
féidir leis na páirtithe na táillí cúirte a íoc trí bhíthin modhanna
cianíocaíochta, lena n‑áirítear aistriú bainc agus córas íocaíochta ar
líne le cártaí creidmheasa nó dochair." (10)
In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2: 2. Beidh feidhm ag Airteagal 15a agus Airteagal 16
maidir le haon achomharc." (11)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18: "Airteagal 18 Caighdeáin íosta maidir leis an
mbreithiúnas a athbhreithniú 1. Beidh an cosantóir nach raibh
i láthair i dteideal athbhreithniú ar bhreithiúnas a thabharfar sa Nós Imeachta
Eorpach um Éilimh Bheaga a iarraidh os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici
nó os comhair an bhinse a bhfuil dlínse aige de chuid an Bhallstáit inar tugadh
an breithiúnas (a)
mura seirbheáladh an fhoirm éilimh ar an gcosantóir
in am trátha agus ar bhealach ina bhféadfadh sé a chosaint a eagrú; nó (b)
coisceadh ar an gcosantóir cur in aghaidh an éilimh
mar gheall ar force majeure nó de dhroim imthosca urghnácha, gan aon
locht a bheith air féin; seachas má theip ar an gcosantóir cur in aghaidh
an bhreithiúnais nuair ab fhéidir leis a dhéanamh amhlaidh. 2. Beidh teorainn ama 30 lá ann
chun an t‑athbhreithniú a chur i bhfeidhm. Cuirfear tús léi ón lá a
chuirfear ábhar an bhreithiúnais in iúl don chosantóir agus a bheidh sé in ann
freagairt, ar a dhéanaí ón dáta a chuirfear an chéad bheart forfheidhmiúcháin i
bhfeidhm a mbíonn de thoradh air go ndéantar maoin an chosantóra neamh‑indiúscartha
ina hiomláine nó go páirteach. Ní fhéadfar síneadh leis an teorainn ama a
thabhairt mar gheall ar fhad an bhealaigh. 3. Má dhiúltaíonn an chúirt an t‑iarratas
ar athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 toisc nach bhfuil feidhm ag aon
cheann de na forais atá leagtha amach sa mhír sin, leanfaidh an breithiúnas de
bheith i bhfeidhm. Má chinneann an chúirt go ndlitear athbhreithniú
de bharr ceann de na forais a leagtar síos i mír 1, beidh an breithiúnas a
tugadh sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga ar neamhní. Ní chaillfidh an
creidiúnaí na sochair a bhaineann le briseadh an rúraidh nó na dtréimhsí
teorann, áfach." (12)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(2)(b):
"(b) cóip den deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 20(2)
agus, nuair is gá, aistriúchán ar bhunús an bhreithiúnais atá curtha in iúl i
bpointe 4.3 den deimhniú go dtí teanga oifigiúil Bhallstát an
fhorfheidhmithe, nó, má tá líon teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, go dtí
teanga oifigiúil nó ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte nó binse na
háite ina n‑iarrtar an forfheidhmiú i gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin,
nó go dtí teanga eile ar chuir Ballstát an fhorfheidhmithe in iúl go bhféadfadh
sé glacadh léi. Déanfaidh gach Ballstát aon teanga oifigiúil amháin ar a laghad
nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh a chur in
iúl, seachas a theanga nó a theangacha féin, atá inghlactha le haghaidh an Nós
Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga. Duine a bheidh cáilithe chun aistriúcháin a
dhéanamh i gceann de na Ballstáit a aistreoidh bunús an bhreithiúnais i
bpointe 4.3 den deimhniú." (13)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: "Airteagal 25 Faisnéis a bhaineann le dlínse, modhanna
cumarsáide, achomhairc, táillí cúirte, modhanna íocaíochta agus athbhreithniú 1. Cuirfidh na Ballstáit na
nithe seo a leanas in iúl don Choimisiún nach déanaí ná [6 mhí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin]: (a)
na cúirteanna nó na binsí a mbeidh dlínse acu
breithiúnas a thabhairt sa Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga; (b)
na modhanna cumarsáide a ghlacfar chun críocha an
Nós Imeachta Eorpaigh um Éilimh Bheaga agus a bheidh ar fáil do na cúirteanna
nó do na binsí i gcomhréir le hAirteagal 4(1); (c)
na táillí cúirte as an Nós Imeachta Eorpach um
Éilimh Bheaga nó conas a dhéanfar iad a ríomh, chomh maith leis na modhanna
íocaíochta a nglactar leo chun táillí cúirte a íoc i gcomhréir le hAirteagal 15a; (d)
na húdaráis nó na heagraíochtaí atá inniúil chun
cúnamh praiticiúil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 11; (e)
an bhfuil achomharc ar fáil faoina ndlí nós
imeachta i gcomhréir le hAirteagal 17, an teorainn ama atá ann chun
achomharc mar sin a chur isteach agus cad é an chúirt nó an binse lenar féidir
achomharc a chur isteach; (f)
na nósanna imeachta maidir le hathbhreithniú a chur
i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagal 18; (g)
na teangacha a nglacfar leo de bhun Airteagal 21(2)(b);
agus (h)
na húdaráis atá inniúil chun críocha forfheidhmithe
agus na húdaráis atá inniúil chun críocha Airteagal 23 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh na Ballstáit aon athruithe a dhéanfar
ina dhiaidh sin ar an bhfaisnéis sin i bhfios don Choimisiún. 2. Cuirfidh an Coimisiún an
fhaisnéis a chuirfear i iúl dó i gcomhréir le mír 1 ar fáil go poiblí trí aon
mhodh iomchuí, amhail trína foilsiú ar an idirlíon." (14)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26: "Airteagal 26
Na hIarscríbhinní a leasú 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27
maidir le leasuithe a dhéanamh ar Iarscríbhinní I, II, III agus IV." (15)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: Airteagal 27
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir
na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar
an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Déanfar an chumhacht
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 26, a
thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse éiginnte ama ó [dáta theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo]. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 26
a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh
deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh
éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 26 i bhfeidhm ach amháin mura
mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó
ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin
nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in
iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle." (16)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28: Airteagal 28
Athbhreithniú Faoi [5 bliana tar éis dháta a theacht i
bhfeidhm], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na
hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir
le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh tograí le haghaidh leasuithe ar an
Rialachán in éineacht leis an tuarascáil, más iomchuí. Chun na críche sin agus faoin dáta céanna,
cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le líon na n‑iarratas
faoin Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga chomh maith le líon na n‑iarrataí
ar fhorfheidhmiú breithiúnas arna dtabhairt i Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga. " Airteagal 2 Déantar an méid seo a leanas a chur in ionad Airteagal 17
de Rialachán (CE) Uimh. 1896/2006: "Airteagal 17 An éifeacht a bhaineann le ráiteas cur i
gcoinne a chur isteach 1. Má chuirtear ráiteas cur i
gcoinne isteach laistigh den teorainn ama atá leagtha síos in Airteagal 16(2),
leanfar leis na himeachtaí roimh chúirteanna inniúla an Bhallstáit tionscnaimh
seachas má tá sé iarrtha go sainráite ag an éilitheoir go gcuirfí deireadh leis
na himeachtaí sa chás sin. Leanfar leis na himeachtaí i gcomhréir le: (a)
rialacha aon nós imeachta simplithe is infheidhme,
go háirithe an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE)
Uimh. 861/2007; nó (b)
rialacha an ghnáthnós imeachta shibhialta. I gcás ina bhfuil éilitheoir tar éis leanúint
lena éileamh tríd an nós imeachta maidir le hordú íocaíochta Eorpach, ní
dhéanfaidh aon ní faoin dlí náisiúnta dochar dá sheasamh in imeachtaí sibhialta
ina dhiaidh sin. 2. Is é dlí an Bhallstáit
tionscnaimh a rialóidh an t‑aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir
bhrí mhír 1 (a) agus (b). 3. Cuirfear an t‑éilitheoir
ar an eolas má tá ráiteas cur i gcoinne curtha isteach ag an gcosantóir agus
faoi aon aistriú chuig imeachtaí sibhialta de réir bhrí mhír 1." Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [6 mhí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i
gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN
TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga agus Rialachán
(CE) Uimh. 1896/2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta
íocaíochta 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[19] Teideal
33 - Ceartas 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[20] Ø Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Forbairt
ar limistéar an Cheartais, An Ceartas le haghaidh Fáis 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir
sonrach Uimh. Comhar
breithiúnach in ábhair shibhialta agus tráchtála Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 33+1a
03 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar
a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Méadú
ar shimpliú, laghdú costais agus ama i dtaobh an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga, méadú ar rochtain ar cheartas i gcás éileamh ar luach beag 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. […] Is iad seo a leanas na táscairí le
héifeachtúlacht agus le héifeachtacht a mheas: - méadú ar líon na n-iarratas ar nós imeachta
Eorpach um éilimh bheaga, éilimh faoi bhun EUR 2 000 agus idir
EUR 2 000 agus EUR 10 000 araon – faisnéis ón nGréasán
Breithiúnach Eorpach, ó Eorabharaiméadair, ó ECC-Net (Líonra na Lárionad
Eorpach do Thomhaltóirí); - laghdú ar chostais fhoriomlána agus ar am
foriomlán an nós imeachta in aghaidh an cháis, lena n-áirítear costais
aistrithe Fhoirm D – Eorabharaiméadair, ECC-Net; - feabhsú thrédhearcacht na faisnéise faoi
tháillí cúirte agus modhanna íocaíochta, chomh maith leis an bhfaisnéis faoi
chúnamh praiticiúil – Eorabharaiméadair, ECC-Net; - laghdú ar ualach oibre na gcúirteanna in
aghaidh an cháis tríd an nós imeachta a úsáid seachas gnáthnósanna imeachta
náisiúnta nó nósanna imeachta simplithe náisiúnta a úsáid – an Gréasán
Breithiúnach Eorpach, agallaimh le breithiúna i roinnt Ballstát. 1.5. Foras an togra/tionscnaimh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Athbhreithniú
ar Rialachán Uimh. 861/2007 maidir le Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Léiríodh cheana gur
gá beart ón AE, in 2007, nuair a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 861/2007. Is
é príomh-údar an bhirt seo tuilleadh laghdaithe a dhéanamh ar chostais
dhíréireacha dlí a bhaineann le héilimh bheaga de chineál trasteorann laistigh
den AE. Ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach ós rud é go
mbaineann sé le nós imeachta a leagadh síos i Rialachán ón AE. Is gá beart ar
leibhéal an AE chun an nós imeachta Eorpach a fheabhsú agus a shimpliú
tuilleadh agus chun é a chur ar fáil i níos mó cásanna, trína raon feidhme a
leathnú agus an tairseach a ardú, ar mhaithe le tomhaltóirí agus fiontair
bheaga agus mheánmhéide. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart […] D'ainneoin na sochar a d'fhéadfadh a bheith i
gceist leis ó thaobh na costais agus an tréimhse a bhaineann le dlíthíocht
éileamh trasteorann a laghdú, is beag eolas atá ar an nós imeachta agus ní
bhaintear mórán úsáide as fós cé go bhfuil roinnt blianta caite ó tháinig an
Rialachán i bhfeidhm. Dhearbhaigh Parlaimint na hEorpa i
Rún[21]
ó 2011 gur gá níos mó a dhéanamh i dtaca le deimhneacht dhlíthiúil, bacainní
teanga agus trédhearcacht imeachtaí. D'iarr sí ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh
tomhaltóirí agus gnólachtaí níos feasaí agus ionstraimí reachtacha atá ann
cheana féin, amhail an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, a úsáid. Tá sé
tugtha le fios ag na tomhaltóirí agus na gnólachtaí ar geallsealbhóirí iad gur
cheart an Rialachán a fheabhsú tuilleadh ar mhaithe le tomhaltóirí agus
gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá easnaimh áirithe
sainaitheanta ag na Ballstáit sa Rialachán atá ann faoi láthair ar cheart
aghaidh a thabhairt orthu. 1.5.4. Comhsheasmhacht le hionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann: Le Rialachán (AE)
Uimh. 1215/2012 (athmhúnlú an Bhruiséil I) táthar ag iarraidh comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha
príobháideacha idirnáisiúnta maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú
breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála. Foráiltear ann, i measc nithe
eile, go ndéanfar aitheantas a thabhairt do bhreithiúnas a tugadh i mBallstát
sna Ballstáit eile gan aon cheanglas a bheith ann i ndáil le nós imeachta
speisialta. Glaoitear nósanna imeachta "exequatur" ar na nósanna
imeachta speisialta sin, agus beidh deireadh leo ón 10 Eanáir 2015 i gcás na
mbreithiúnas sibhialta agus tráchtála uile. Go bunúsach, is éard atá sa Rialachán maidir
le nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga ionstraim lena simplítear na nósanna
imeachta atá ann chun díospóidí de luach beag a réiteach - an t-iarratas a chur
isteach mar fhoirm chaighdeánach, an nós imeachta a sheoladh go príomha i
scríbhinn, éisteacht na bpáirtithe agus glacadh fianaise, ionadaíocht na
bpáirtithe, teorainneacha costais agus ama. Tá freisin sa Rialachán maidir le nós imeachta
Eorpach um éilimh bheaga rialacha lena gcuirtear deireadh leis an nós imeachta
exequatur lena n-aithnítear breithiúnais arna dtabhairt tríd an nós imeachta
simplithe sin (Airteagal 20) agus tá forluí ann le hathmhúnlú an Bhruiséil I sa
mhéid sin. A fhad a bhaineann leis an deimhniú forfheidhmiúcháin áfach, simpliú
atá sa Rialachán maidir le nós imeachta Eorpach um éilimh bheaga i gcomparáid
le hathmhúnlú an Bhruiséil I – leagan simplithe d'Iarscríbhinn I d'athmhúnlú an
Bhruiséil I atá i bhFoirm D sa Rialachán maidir le nós imeachta Eorpach. Ón 10 Eanáir 2015 (dáta theacht i bhfeidhm
athmhúnlú an Bhruiséil I), luach breise de chuid an Rialacháin maidir le nós
imeachta Eorpach um éilimh bheaga a bheidh i bhformhór mór a fhorálacha ós rud
é go mbaineann siad le simpliú nósanna imeachta, agus sna forálacha sin a
bhaineann le forfheidhmiú sa mhéid gur simpliú iad i gcomparáid la hathmhúnlú
an Bhruiséil I. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB Ø Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme le tréimhse tosaigh ón tráth
a ghlacfar an rialachán é –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[22] Ø Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[23] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Déanfar
athbhreithniú/tuarascáil i ndiaidh 5 bliana. Ba cheart tograí le haghaidh
leasuithe a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha más gá. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Níor
aithníodh aon rioscaí. 2.2.2. Na modhanna rialaithe atá
beartaithe […]
Neamhbhainteach 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. […]
Neamhbhainteach 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A
MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Na línte buiséid caiteachais atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([24]) || ó thíortha CSTE[25] || ó thíortha is iarrthóirí[26] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3] || [33.03.01 [Clár Ceartais] || LD/ || Níl || Níl || Níl || Níl · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord
cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………..] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3] || [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal …3………...……………………………………………………………….] DG: JUST || || || Bliain 2014[27] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid 33.03 01 || Gealltanais || (1) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0 || 0 || 150.000 Íocaíochtaí || (2) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0 || 0 || 150.000 Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2 a) || || || || || || || || Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[28] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe le haghaidh DG JUST || Gealltanais || =1+1a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0 || 0 || 150.000 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0 || 0 || 150.000 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+1a 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0 || 0 || 150.000 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0,150 || 0. || 0 || 150.000 Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || || Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || || Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin " EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN DG: JUST || Acmhainní daonna || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,182 Caiteachas riaracháin eile || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,105 IOMLÁN DG JUST || Leithreasuithe || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,287 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,287 EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,191 || 0,041 || 0,041 || 0,437 Íocaíochtaí || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,191 || 0,041 || 0,041 || 0,437 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
Ø Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an tríú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[29] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Iomlán líon na n-aschur || Iomlán costais CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 Faireacháin ar chur chun feidhme[30]... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || 0 || || 0 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 || || 0 || || 0 || 1 || 0,150 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin –
X éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an tríú deachúil) || Bliain 2014[31] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,182 Caiteachas riaracháin eile || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,015 || 0,0,15 || 0,015 || 0,015 || 0,105 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,287 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[32] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,041 || 0,287 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
Ø Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a
mhínítear thíos: Tá an meastachán le sloinneadh mar mhéideanna
iomlána (nó go dtí an chéad deachúil ar a mhéad) || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain N2016 || Bliain N2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) 33 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[33] XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy [34] || - sa cheanncheathrú[35] || || || || || || || - sna toscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 || 0,026 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram
cheana agus/nó
atá ath-imlonnaithe
taobh istigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun
bainistíochta faoi
chuimsiú an
nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Déanann na hoifigigh uile lena mbaineann faireachán ar chur i bhfeidhm an dlí sna Ballstáit agus ullmhaíonn siad na bearta cur chun feidhme a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 26, ullmhaíonn siad an coiste (Airteagal 27) agus déanann siad athbhreithniú an Rialacháin i mbliain n+5 (Airteagal 28). Foireann sheachtrach || Neamhbhainteach 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
Ø Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[36]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe ØNí dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú
deachúil) || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || || 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
Ø Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil) Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[37] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh atá sannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] Foráiltear
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach go gcuirfidh an tAontas Eorpach “ar fáil
dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha
inmheánacha, ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht daoine”. Chun an
limistéar sin a bhunú, tá an tAontas Eorpach le forbairt a dhéanamh ar chomhar
breithiúnach sna hábhair shibhialta sin. [2] Scórchlár
Ceartais an AE, ar fáil ag
http://ec.europa.eu/justice/effective-justice/scoreboard/index_en.htm. [3] Is
iad eilimintí simpliúcháin eile an Rialacháin na teorainneacha sonracha ama do
na gníomhartha nósanna imeachta do na páirtithe agus don chúirt agus an
prionsabal "an duine nár éirigh leis a íocann" a theorannú do
chostais réasúnta. [4] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an
25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le réiteach malartach díospóidí
in ábhair shibhialta, thráchtála agus theaghlaigh, (2011/2117(INI)). [5] Teachtaireacht
ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Tuarascáil ar
Shaoránacht an AE, "EU Citizens: Your Rights, Your Future (Saoránaigh an
AE: Bhur gCearta-sa, Bhur dTodhchaí-se)", COM(2013) 269 final, lch. 15-16. [6] COM(2012)
225 final. [7] Eorabharaiméadar
Speisialta 395 maidir le Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga, ar fáil ag http://ec.europa.eu/public_opinion/archives/ebs/ebs_395_sum_en.pdf.
[8] Fuair
an Coimisiún roinnt freagairtí i bhfoirm doiciméad aonair neamhspleách. Ní
léirítear sna torthaí a thugtar anseo i gcéatadáin ach na freagairtí a
ionchódaíodh sa chomhairliúchán ar líne. Rinneadh gach freagairt a mheas sa
Mheasúnú Tionchair seo, áfach. [9] An
Ostair, an Bhulgáir, an Chipir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Eastóin, an
Ghréig, an Spáinn, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, Málta, an
Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSualainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic
agus an Ríocht Aontaithe. [10] Tá
trí chéim nós imeachta ann a ndéanann an oibleagáid an tseirbhís phoist a úsáid
difear dóibh: an t‑iarratas a sheirbheáil ar an gcosantóir, an
breithiúnas a sheirbheáil ar an éilitheoir agus an breithiúnas a sheirbheáil ar
an gcosantóir. Níl sé soiléir ó théacs an Rialacháin atá ann faoi láthair an gá
an toghairm chun éisteachtaí ó bhéal a sheirbheáil freisin. Mar sin féin, in go
leor Ballstát déantar gach cumarsáid idir na páirtithe agus an chúirt tríd an
bpost. [11] Féach
Cás C‑119/13 Eco-cosmetics Gmbh & Co.KG v Virginie Laetitia Barbara
Dupuy, Cás C‑120/13 Raiffeisenbank St. Georgen reg. Gen. m.b.h. v Tetyana
Bonchyk agus C‑121/13 Rechtsanwaltskanzlei CMS Hasche Sigle,
Partnerschaftsgesellschaft v Xceed Holding Ltd. [12] IO
C , , Lch. . [13] Rialachán
(CE) Uimh 861/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007
lena mbunaítear Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga (IO L 199 an 31.7.2007,
lch. 1). [14] IO
C, , lch. [15] Rialachán
(CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le
dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus
tráchtála (IO L 12, 16.1.2001, lch. 1). [16] Rialachán
(AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus
forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351,
20.12.2012, lch. 1). [17] Rialachán
(CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir
le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair
shibhialta agus thráchtála, IO L 174, 27.6.2001, lch. 1. [18] Rialachán
(CE) Uimh. 1896/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
12 Nollaig 2006 lena gcruthaítear ordú Eorpach maidir le nós imeachta
íocaíochta (IO L 399, 30.12.2006, lch. 1). [19] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir
gníomhaíochtaí. [20] Mar
a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais [21] Rún
ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le
réiteach malartach díospóidí in ábhair shibhialta, thráchtála agus theaghlaigh,
(2011/2117(INI)). [22] Is
féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán
Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [23] Mar
a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais [24] LD
= Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte [25] CSTE:
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [26] Tíortha
is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh
a bheith ina n-iarrthóirí. [27] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [28] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [29] Is
éard atá in aschuir táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na
malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh,
etc.). [30] Mar
a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..." [31] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [32] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [33] CA=
Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire");
JED= "Jeune Expert en Délégation" ('Saineolaí Óg i
dToscaireacht'); LA= Gníomhaire Áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; [34] Faoin uasteorainn
d'fhoireann sheachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na
seanlínte "BA"). [35] I
gcomhair Cistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe
(CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI), go bunúsach. [36] Féach
pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [37] A
fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta,
tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna,
i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin bainte astu.