52013PC0789

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh (2011/0153 (COD)) /* COM/2013/0789 final - 2011/0039 (COD) */


2013/0039 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an

seasamh ón gComhairle maidir le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear rialacháin áirithe a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála maidir leis na nósanna imeachta chun bearta áirithe a ghlacadh (2011/0153 (COD))

An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COM(2011) 82 final – – 2011/0039 (COD)): || 7 Márta 2011

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || n.b.

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: || 14 Márta 2012

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle: || 15 Samhain 2013

2.           CUSPÓIR AN TOGRA ÓN gCOIMISIÚN

Léiríonn an togra na hathruithe i gcreat dlí an Aontais agus an chothromaíocht institiúideach de thoradh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.  Ailínítear na rialacháin atá ann le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den CFAE agus le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin, a d'eascair ó Airteagal 291(3) den CFAE.

Trí rialú fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin i dtaca le Rialachán Uimh. 182/2011 a ailíniú beifear in ann cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin a fheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla agus cuirfear le chomhbheartas tráchtála atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Trí na nósanna imeachta ar na gnáthnósanna imeachta a ailíniú, ceadófar  tuiscint níos éasca faoin togra freisin ar na nósanna imeachta is infheidhme maidir le beartas trádála agus le forálacha trédhearcachta an rialacháin chothrománaigh cuirfear leis an trédhearcacht i ndáil le seoladh beartais trádála ina hiomláine.

3.           BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE

Tá an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh i gcomhréir le toradh an idirphlé thrípháirtigh dheireanaigh idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a tionóladh an 5 Meitheamh 2013, agus a dhaingnigh an dá institiúid ina dhiaidh sin ar leibhéal COREPER agus an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA) in Iúil 2013. 

4.           CONCLÚID

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a rinne an Chomhairle ar an togra uaidh.