52013PC0769

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 i ndáil le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide /* COM/2013/0769 final - 2013/0377 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Leasú Doha

Ag Comhdháil Doha maidir leis an Athrú Aeráide i mí na Nollag 2012, ghlac an 192 Páirtí i bPrótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ('an Coinbhinsiún') leasú ar an bPrótacal sin.[1] Le 'Leasú Doha', mar a ghlaoitear air, leagtar síos an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, dar tús an 1 Eanáir 2013 agus dar críoch an 31 Nollaig 2020.

Faoi Leasú Doha, gheall an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Íoslainn go ndéanfaidís a meánastaíocht bhliantúil de ghás ceaptha teasa (GCT) sna blianta idir 2013 agus 2020 a theorannú ag 80% dá n‑astaíochtaí bonnbhliana (1990 den chuid is mó).[2] Tá an gealltanas sin bunaithe ar na spriocanna laghdaithe astaíochta a leagadh síos sa phacáiste maidir le haeráid agus fuinneamh a glacadh in 2009, go háirithe Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill.[3] Cuirtear san áireamh agus an gealltanas á ríomh na difríochtaí raoin feidhme idir reachtaíocht an Aontais agus an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.[4] Tá an cur chuige sin ag teacht le conclúidí na Comhairle ó Mhárta 2012, inar dúradh gur cheart gealltanas comhpháirteach an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne a bheith bunaithe ar an bpacáiste maidir le haeráid agus fuinneamh, ach inar dúradh freisin maidir leis na hoibleagáidí laghdaithe astaíochta ar Bhallstáit aonair sa dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, nach sáróidís na hoibleagáidí atá comhaontaithe acu i reachtaíocht an AE'. Leanadh an cur chuige sin san aighneacht a rinne an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit maidir lena ngealltanas faoin dara tréimhse gealltanais in Aibreán 2012.[5]

Diomaite de Leasú Doha a ghlacadh, Ghlac Comhdháil Doha maidir leis an Athrú Aeráide roinnt cinntí freisin i dtaobh saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cur chun feidhme na ngealltanas maolúcháin substainteacha atá liostaithe i Leasú Doha: áirítear orthu sin cinntí maidir le cuntasaíocht agus bainistíocht aonaid Kyoto le linn na hidirthréimhse idir an chéad agus an dara tréimhse ghealltanais agus don dara tréimhse ghealltanais (Cinneadh 1/CMP.8 agus Cinneadh 2/CMP.8)[6]. Tá sraith eile cinntí, lena gcríochnófar an pacáiste cur chun feidhme, á hullmhú, agus tá an tAontas Eorpach ag obair lena áirithiú go nglacfar ag Comhdháil Vársá maidir leis an Athrú Aeráide i Samhain 2013 iad.

Comhlíonadh comhpháirteach ghealltanais an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne

Ligeann Airteagal 4 de Phrótacal Kyoto do na Páirtithe a ngealltanais faoi seach a chomhlíonadh go comhpháirteach. Bhain an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit leas as an rogha sin in 2002 nuair a dhaingnigh siad Prótacal Kyoto agus chuir siad an chéad tréimhse ghealltanais de chun feidhme[7]. Le linn na gcaiblíochtaí maidir le Leasú Doha, chuir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit in iúl go soiléir go raibh sé beartaithe acu arís a ngealltanais a chomhlíonadh go comhpháirteach sa dara tréimhse ghealltanais, agus i gcomhpháirt leis an Íoslainn freisin an uair seo.

Meastar i dtaobh Páirtithe a chomhaontaigh a ngealltanais a chomhlíonadh go comhpháirteach, gur chomhlíon siad na gealltanais sin má bhaintear amach a ngealltanas comhpháirteach (bunaithe ar a n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa comhiomlána ar feadh na tréimhse ghealltanais). Sa chás go dteipfeadh orthu an gealltanas comhpháirteach a bhaint amach áfach, bheadh gach Páirtí freagrach as a leibhéal astaíochta féin mar atá sé leagtha amach sa chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh eatarthu. I bPrótacal Kyoto, dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Páirtithe i gcomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh na leibhéil astaíochta atá leithdháilte do gach ball den chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh a leagan amach agus a fhógairt tráth a chuirtear isteach a n‑ionstraimí glactha.

Tá téarmaí chomhlíonadh comhpháirteach ghealltanas an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le conclúid Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto do Chreat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus comhlíonadh comhpháirteach na gcoinníollacha faoi sin.[8] Áireofar na téarmaí freisin sa chomhaontú déthaobhach leis an Íoslainn, ar mhol an Coimisiún don Chomhairle moladh maidir le sainordú idirbheartaíochta ina leith. A luaithe is a chomhaontaítear iad, ní mór fógra a thabhairt i leith na dtéarmaí seo, lena n‑áirítear na leibhéil astaíochta faoi seach, chuig Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide nuair a thaisceann an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Íoslainn a gcuid ionstraimí glactha le Leasú Doha.

Cuntasaíocht astaíochtaí tar éis 2012

Leanfaidh an dara tréimhse ghealltanais den Phrótacal Kyoto agus go pointe áirithe cuirfidh sí leis an gcóras cuimsitheach reatha do chuntasaíocht astaíochtaí chun trédhearcacht feidhmíochta Páirtithe agus comhlíonadh a n‑oibleagáidí a áirithiú. Ag croílár an chórais seo tá an ceanglas, do gach Páirtí a bhfuil gealltanas acu, méid sannta a ríomh. Is ionann an méid sannta sin agus an méid tonna a cheadaítear do gach Páirtí a astú le linn na tréimhse gealltanais, i gcoibhéis dé-ocsaíde carbóin (CO2-eq). Eisiatar é i bhfoirm aonad de mhéid sannta (AAUanna) i gclárlann náisiúnta gach Páirtí. Faoin gcomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle ciallaíonn sé sin go bhfuil gach ceann acu, an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Íoslainn freagrach as AAUanna, arb ionann iad agus a méideanna sannta faoi seach a eisiúint chuig an gclárlanna náisiúnta.

Sa bhreis ar AAUanna, sna clárlanna náisiúnta coinneofar agus tabharfar cúiseanna le hidirbhearta in aonaid a thagann as úsáid sásraí solúbtha Phrótacal Kyoto. Ní hiad AAUanna amháin a áirítear iontu, ach  laghduithe astaíochtaí deimhnithe (CERanna) freisin, le haghaidh tionscadal sásraí forbartha glaine, aonaid laghdaithe astaíochtaí (ERUanna) do thionscadail cur chun feidhme comhpháirteach, chomh maith le haonaid ionsúcháin (RMUanna) d'aistriú linnte. Beidh idirbhearta sna haonaid seo faoi réir ceanglas idirnáisiúnta amhail na critéir incháilitheachta do rannpháirteachas i sásraí solúbtha agus na critéir a rialaíonn cúlchiste na tréimhse gealltanais (CPR). Tugann na ceanglais sin cosaint in aghaidh ródhíol aonad ag Páirtí i gcás nach bhfuil bonn cirt leis trí laghduithe iarbhír astaíochtaí arna ndéanamh ag an bPáirtí sin. Ina theannta sin, ag Comhdháil Doha maidir leis an Athrú Aeráide, comhaontaíodh rialacha maidir leis an aistriú ón gcéad tréimhse ghealltanais go dtí an dara tréimhse ghealltanais, go háirithe i ndáil le tabhairt anonn (baincéireacht) AAUanna breise ón gcéad tréimhse ghealltanais.

Cé nach ndéanann na rialacha nua a comhaontaíodh ag Kyoto, i bprionsabal, difear d'oibríocht Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, ba cheart an t‑idirghníomhú idir córas cuntasaíochta Phrótacal Kyoto agus na rialacha cuntasaíochta faoi reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a shoiléiriú, agus ní mór cur chun feidhme rialacha Kyoto a ailíniú leis na rialacha faoi reachtaíocht an AE. Sa bhreis air sin, ní mór tuilleadh rialacha teicniúla a tharraingt suas chun an comhaontú comhlíonta chomhpháirtigh a chur chun feidhme.

Bunús dlí do chur chun feidhme teicniúil san Aontas Eorpach

Le linn chéad tréimhse gealltanais Phrótacal Kyoto (2008 go 2012), cuireadh ceanglais a comhaontaíodh go chun feidhme tríd an gCinneadh maidir le Faireachán a dhéanamh[9] agus na Rialacháin Clárlainne is infheidhme do chéim a dó de EU ETS (2008-2012).[10] Ar na ceanglais sin áiríodh cuntasaíocht na n‑astaíochtaí agus na n‑aonad, comhlíonadh comhpháirteach an AE, an bhainistíocht aonad i dtaca le gealltanais faoi Phrótacal Kyoto agus a n‑idirghníomhaíocht le próisis bhainistíochta aonad faoi EU ETS. Bhí rialacha maidir le cuntasaíocht agus maidir le bainistíocht aonad sna Rialacháin Clárlainne chun an EU ETS a chur chun feidhme agus chun an chéad tréimhse ghealltanais de Phrótacal Kyoto a chur chun feidhme. Níl sa Rialachán Clárlainne atá i bhfeidhm faoi láthair[11] ach amháin forálacha maidir le bainistíocht aonad a bhaineann le cur chun feidhme agus oibriú chéim a trí den EU ETS agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Ní rialáiltear leis riachtanais chuntasaíochta do chur chun feidhme teicniúil an Phrótacail tar éis 2012.

Chun Prótacal Kyoto a chur chun feidhme tar éis 2012 ní mór sraith rialacha maidir le cur chun feidhme teicniúil a tharraingt suas don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit agus don Íoslainn. Sa Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán[12] a dhéanamh, a glacadh le déanaí, níl an bunús dlí a chumasódh don Choimisiún amhlaidh a dhéanamh i ndáil le clárlanna náisiúnta na mBallstát. Dá thoradh sin tá gá leis an leasú seo ar an Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh chun an bunús dlí is gá a chur ar fail.

2.           cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto tar éis 2012

Le cur chun feidhme Phrótacal Kyoto a áirithiú san Aontas Eorpach tar éis 2012, le hoibríocht éifeachtach chomhlíonadh comhpháirteach ghealltanais an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne a chumasú, agus lena ailíniú le hoibríocht EU ETS agus an Chinnidh maidir le Comhroinnt Díchill a áirithiú, tá gá le rialacha maidir le cur chun feidhme teicniúil san Aontas Eorpach. Ba cheart díriú ar roinnt saincheisteanna sna rialacha sin, lena n‑áirítear:

– Próisis bhainistíochta aonad amhail idirbhearta aonaid Kyoto (eisiúint, aistriú, éadáil, cealú, scor, tabhairt anonn, athrú dáta athsholáthair nó éaga) laistigh de chlárlanna náisiúnta an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne agus eatarthu;

– Próisis chuntasaíochta a bhaineann leis an idirthréimhse idir an chéad agus an dara tréimhse ghealltanais, lena n‑áirítear farasbarr AAUnna, CERanna agus ERUnna a thabhairt anonn ón gcéad chuig an dara tréimhse ghealltanais;

– Bunú agus cothabháil cúltaisce farasbairr réamhthréimhse agus cúltaisce tréimhse gealltanais do gach ball den chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh;

– An tobhach nó 'cion na bhfáltas' a chuirtear i bhfeidhm maidir le heisiúint ERUanna agus an chéad aistriú AAUanna sa dara tréimhse ghealltanais.

Leis an togra seo le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tugtar an bunús chun na saincheisteanna teicniúla seo a chur chun feidhme san Aontas Eorpach trí ghníomhartha dlíthiúla a ghlacadh.

Próisis bhainistíochta aonad

Tá gá leis na gníomhartha tarmligthe atá beartaithe sa togra seo lena áirithiú go mbeidh na hidirbhearta uile d'aonaid Kyoto i gclárlanna náisiúnta an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne comhsheasmhach le comhlíonadh comhpháirteach a ngealltanas. Ar na hidirbhearta áirítear éisiúint, aistriú, éadáil, cealú, tabhairt anonn, athrú dáta athsholáthair agus éaga agus scor. Is gá freisin cur chun feidhme éifeachtach na bpróiseas bainistíochta aonad, a bunaíodh le haghaidh chuntasaíocht na n‑astaíochtaí agus na n‑aonad faoi EU ETS agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill , a áirithiú. Beidh tuilleadh sonraithe ar rialacha cur chun feidhme Kyoto ag teastáil don chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh don dara tréimhse ghealltanais.

Thairis sin, le EU ETS agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill ceadaítear úsáid theoranta aonaid Kyoto chun oibleagáidí a bunaíodh i reachtaíocht an AE a chomhlíonadh. Tá sé fíor-riachtanach agus rialacha Kyoto á gcur chun feidhme san Aontas Eorpach go ndéantar foráil maidir le solúbthacht iomlán atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais, chun gur féidir le hoibreoirí rochtain a fháil ar na haonaid sin i gcomhréir le forálacha EU ETS agus gur féidir le Ballstáit rochtain a fháil orthu i ndáil lena n‑oibleagáidí faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Tá sé fíor-riachtanach freisin go gcloíonn lucht cur chun feidhme teicniúil cleachtais chuntasaíochta láidre ar ábhartha iad d'ailíniú le rialacha cur chun feidhme Kyoto le EU ETS agus leis an gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill. Airítear leis sin an gá a áirithiú go ndéanfar aonad Kyoto a eisiúint nó a scor do gach aonad AE gaolmhar arna chruthú nó arna úsáid le haghaidh comhlíonadh.

Sa bhreis air sin, tá gá leis na gníomhartha atá beartaithe sa togra seo chun rialáil éifeachtach a dhéanamh ar scor na n‑aonad tar éis 2012: Beidh baint amach an chomhlíonta chomhpháirtigh ag brath ar scor na n‑aonad ag an Aontas Eorpach, ag gach Ballstát agus ag an Íoslainn, de réir a leibhéal astaíochtaí faoi seach. Ach próiseas comhtháite maidir le scor aonad a bheith ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag an Íoslainn agus sainaithint shoiléir a dhéanamh ar na haonaid atá le scor ag gach Páirtí, ráthófar gurb ionann comhlíonadh faoi reachtaíocht an Aontais agus comhlíonadh gealltanas faoi Phrótacal Kyoto agus a mhalairt. Thairis sin, tá gá lena leithéid de phróiseas le hiontaofacht na cuntasaíochta a chosaint faoi EU ETS. Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann oibreoirí arna gcumhdach ag EU ETS na hoibleagáidí atá ann, ráthófar leis freisin nach mbeidh gá le tuilleadh aonaid Kyoto a fháil chun na hastaíochtaí sin a chumhdach le haghaidh comhlíonadh cheanglais chuntasaíochta Kyoto don dara tréimhse ghealltanais. Chun na críche sin, áiritheofar leis na gníomhartha tarmligthe atá beartaithe sa togra seo go gcomhfhreagróidh astaíochtaí arna gcumhdach ag EU ETS idir 1 Eanáir 2013 agus 31 Nollaig 2020 do scor aonad ina dhiaidh sin ar bailí iad don dara tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kyoto. Go bunúsach, áiritheofar leo go scorfar aon aonad Kyoto, ar bailí é don dara tréimhse ghealltanais, le haghaidh gach aonaid a thabharfar suas in EU ETS i gcás astaíochtaí ó fhoinsí atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Prótacal Kyoto. Ar an dóigh céanna, suífear leo freisin go dtabharfar suas aonaid Kyoto, ar bailí iad don dara tréimhse ghealltanais, in aghaidh astaíochtaí agus asbhaintí Ballstát agus na hÍoslainne in earnálacha EU ETS, a mhéid is atá na gáis, foinsí agus linnte cumhdaithe ag an bPrótacal.

Próisis chuntasaíochta a bhaineann leis an aistriú ón gcéad chuig an dara tréimhse ghealltanais

I gCinneadh 13/CMP.1, ina bhfuil príomhrialacha cuntasaíochta Phrótacal Kyoto,[13] leagtar amach na forálacha chun na Páirtithe a chumasú le ERUanna, CERanna agus AAUanna a thabhairt anonn chuig tréimhse ghealltanais ina dhiaidh sin, tar éis do gach Páirtí an measúnú comhlíonta a chur i gcrích. Faoin gCinneadh seo, féadfar ERUanna agus CERanna a thabhairt anonn suas go teorainn ar coibhéis le 2.5% de mhéid sannta an Pháirtí. Ní féidir aonaid ionsúcháin (RMUanna), CERanna sealadacha (tCERanna), CERanna fadtéarmacha (lCERanna) ná ERUanna arna dtiontú ó RMUanna a thabhairt anonn.  I gCinneadh 1/CMP/8 deimhnítear cur i bhfeidhm na rialachá sin tar éis 2012 agus cuireann sé leis an ceanglas nach mór AAUanna arna dtabharit anonn a aistriú chuig cúlchiste farasbairr réamhthréimhse an Pháirtí sin.

Déantar teorainn an chéatadáin ar thabhairt anonn CERanna agus ERUanna a chur i bhfeidhm ar bhonn méid shannta, agus coimeádtar CERanna agus ERUanna atá bailí don chéad tréimhse ghealltanais arna húsáid do chomhlíonadh i gcéim a trí EU ETS (2013-2020) i gClárlann an Aontais. Ar na chúiseanna sin, beidh sé fíor-riachtanach an teorainn  ar fud an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chur i bhfeidhm i gcaoi inar féidir na haonaid sin a thabhairt anonn le haghaidh scoir ina dhiadh sin. Ina theannta sin, ceanglaíonn EU ETS go mbeidh  cuntais oscailte agus cothabháilte ní hé amháin ag na Páirtithe, agus ag einitis phríobháideacha freisin. A mhéid is a áirítear CERanna agus ERUanna sna cuntais seo, beidh sé tábhachtach rialacha comhsheasmhacha a bhunú lena gcumasófar cur chun feidhme barrmhaith na rialacha maidir le tabhairt anonn. Coimeádtar AAUanna arb ionann iad agus liúntais arna dtaisceadh idir céim a dó agus céim a trí de EU ETS i gClárlann an Aontais Ba cheart dá bhrí sin rialacha maidir le cur i bhfeidhm rialacha maidir le tabhairt anonn i dtaca le AAUanna a bhunú sna gníomhartha tarmligthe lena n‑áirithiú go n‑ailíneofar cur chun feidhme chóras cuntasaíochta Kyoto leis an gcur chun feidhme faoi EU ETS agus faoin gCinneadh maidir le Comhroinnt Díchill.

Bunú agus cothabháil cúltaisce tréimhse gealltanais  agus cúltaisce farasbairr réamhthréimhse do gach ball den chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh;

Sna gníomhartha tarmligthe atá beartaithe don tréimhse seo ní mór a shonrú freisin oibríocht an chúltaisce tréimhse gealltanais i gclárlanna náisiúnta an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne. Is cuid den chúram atá ar gach Páirtí a mhéid sannta a bhainistiú agus cuntasaíocht a dhéanamh air an ceanglas idirnáisiúnta maidir le cúltaisce tréimhse gealltanais a bhunú agus a chothabháil.  De réir cinntí idirnáisiúnta, is ionann an cúltaisce tréimhse gealltanais agus níos lú ná 90% de mhéid sannta tosaigh Páirtí nó 100% den fhardal is deireanaí dá chuid a ndearnadh athbhreithniú air, iolraithe faoi 8. Tá feidhm ag an cúltaisce tréimhse gealltanais maidir le gach ball den chomhaontú comhlíonta chomhpháirtigh ar bhonn indibhiúil. Ós rud é nach gcumhdaíonn méid sannta na mBallstát agus na hÍoslainne ach earnálacha neamh ETS agus go gcumhdaíonn méid sannta an Aontais na hearnálacha ETS, tá gá leis na gníomhartha tarmligthe a bheartaítear sa togra seo chun cur chuige comhtháite a chinneadh ionas go ríomhfar go beacht chúltaiscí tréimhse gealltanais an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne faoi seach, agus go dtuairisceofar go trédhearcach orthu.

Le Cinneadh 1/CMP.8 ceanglaítear ar gach Páirtí cuntas cúltaisce farasbairr réamhthréimhse (PPSR) a bhunú ina chlárlann náisiúnta agus bunaítear leis rialacha comhghaolmhara maidir leis an gcúltaisce farasbairr réamhthréimhse mar seo a leanas: féadtar aonaid a aistriú idir cuntais PPSR; féadfaidh gach Páirtí na haonaid atá ina PPSR féin a aistarraingt suas go dtí an leibhéal faoina sáraíonn astaíochtaí sa dara tréimhse ghealltanais an méid sannta.  agus féadfaidh Páirtí aonaid a fháil suas go 2 % dá mhéid sannta sa réamhthréimhse ghealltanais ó PPRS Páirtí eile. Tá an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus an Íoslainn freagrach as PPSR a bhunú agus a chothabháil i gcomhréir le rialacha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus le téarmaí an chomhlíonta chomhpháirtigh. Is gá scóip gach PPSR a shainiú de bhun shainiú na leibhéal astaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh molta ón gComhairle. Is gá freisin comhrialacha a bhunú maidir leis an iarmhéid tosaigh,[14] agus maidir le húsáid agus éadáil aonad i PPSRanna an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne.

Cion na bhfáltas arna gcur i bhfeidhm ar AAUanna agus ar ERUanna

Le Cinneadh 1/CMP.8 bionn an chead aistriú AAUanna agus eisiúint ERUanna faoi réir cion 2 % thobhach na bhfáltas. A mhéid is atá feidhm ag an tobhach seo maidir le heisiúint ERUanna, beidh sé seo faoi chúram gach Ballstáit agus na hÍoslainne. Mar sin féin, a mhéid is gá iarmhéideanna AAU a chothabháil lena n‑áirithiú gur féidir aonad Kyoto bailí a aistarraingt do gach aonad a úsáidtear chun an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill a chomhlíonadh, tá gá leis na gníomhartha tarmligthe atá beartaithe sa togra seo lena n‑áirithiú go mbeadh an chuntasaíocht do chur i bhfeidhm thobhach chion na bhfáltas ag luí le ceanglais reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

3.           Gnéithe Dlíthiúla An Togra

Leis an togra seo leasaítear an bunús dlí, atá sa Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh, rud a chumasaíonn an Coimisiún gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh lena mbunaítear rialacha maidir le heilimintí neamhriachtanacha sa chuntasaíocht aonaid Kyoto tar éis 2012 i ndlí an AE. Tá na heilimintí fíor-riachtanacha maidir le gealltanais an Aontais Eorpaigh, a Bhallstát agus na hÍoslainne, a gcur chun feidhme agus a gcomhlíonadh comhpháirteach leaga síos i roinnt ionstraimí dlíthiúla,lena n‑áirítear an togra ar leith do chinneadh ón gComhairle. Díreofar orthu freisin sa chomhaontú déthaobhach leis an Íoslainn agus áirítear iad i gComhaontú Doha agus sna cinntí a ghabhann le Comhdháil na gComhpháirtithe atá ag fónamh mar chruinniú na gComhpháirtithe do Phrótacal Kyoto, agus sa Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme faoi sin.

Roimhe seo, faoi na Rialacháin Clárlainne, glacadh na rialacha sin faoi nós imeachta coiste rialála lena ngabhann grinnscrúdú. Bhí siad bunaithe ar bhunús dlí a bhí sa Chinneadh maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh. An bunús dlí lena gcumasaíodh cur chun feidhme saincheisteanna teicniúla maidir le bainistiú aonad sa chéad tréimhse ghealltanais de Phrótacal Kyoto trí ghlacadh na Clárlainne, bhí sé in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 6(1), den Chinneadh maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh. Thagair sé, inter alia, don ghá atá le forálacha coisteolaíochta cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca le tuarascálacha ar fhaisnéis ón gclárlann náisiúnta, maidir le heisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú, aistarraingt agus tabhairt anonn aonad de mhéid sannta, aonad ionsúcháin, aonad laghdaithe astaíochtaí agus laghduithe astaíochtaí deimhnithe le linn na bliana roimhe. Rinneadh foráil ann freisin maidir le bearta coisteolaíochta a ghlacadh i dtaca le ceanglas an Chomhphobail agus a Bhallstát, chun 'clárlanna a bhunú agus a chothabháil le cuntasaíocht bheacht a áirithiú ar eisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú agus aistarraingt aonad de mhéid sannta, aonad ionsúcháin, aonad laghdaithe astaíochtaí agus laghduithe astaíochtaí deimhnithe agus tabhairt anonn aonad de mhéid sannta, aonad laghdaithe astaíochtaí agus laghduithe astaíochtaí deimhnithe'.

Aisghaireadh an Cinneadh maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh agus cuireadh Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh ina ionad, a tháinig i bhfeidhm an 8 Iúil 2013.  Tagraíonn an Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh don chóras clárlanna a chumasaíonn cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto i dtaca le bainistiú aonad i gclárlanna náisiúnta ina Airteagal 10 ('Clárlanna a bhunú agus a oibriú') Tá an eilimint fhíor-riachtanach den cheanglas idirnáisiúnta don  Aontas Eorpach agus do na Ballstáit 'clárlanna a bhunú agus a chothabháil chun cuntas beacht a dhéanamh d’eisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú, scor, tabhairt anonn, athsholáthar nó athrú ar an dáta éaga, de réir mar a bheidh ábhartha, na AAUanna, RMUanna, ERUanna, CERanna, tCERanna agus ICERanna'. In Airteagal 10(4) freisin tá bunús dlí maidir le gníomh tarmligthe a ghlacadh lena gcuirtear chun feidhme eilimintí neamhriachtanacha cur chun feidhme Phrótacal Kyoto maidir le bainistiú aonad i gclárlanna náisiúnta, a chuirtear in ionad iar-Airteagal 6(1) den Chinneadh maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh. Mar sin féin, cé go raibh feidhm ag Airteagal 6(1) den Chinneadh maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh i dtaca le saincheisteanna uile bainistithe aonad i 'gclárlanna an Chomhphobail agus a Bhallstát', laghdaíodh raon feidhme an fhoráil seo sa Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh. Níl feidhm ag an mbunús dlí le haghaidh glacadh gníomhartha tarmligthe ach maidir le 'bunú' (seachas bunú agus cothabháil) 'Chlárlann an Aontais' (seachas clárlanna an Aontais agus Ballstát).

D'fhonn córas éifeachtach clárlanna a bhunú lena gcuirtear chun feidhme ceanglais nua maidir le bainistiú aonad sa dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, is gá dá bhrí sin Airteagal 10 den Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh a leasú. Ní mór an raon feidhme dá chur chun feidhme a leathnú chun saincheisteanna uile cur chun feidhme theicniúil a áireamh i dtaca le bainistiú aonad i gclárlanna náisiúnta mar a cheanglaítear i bPrótacal Kyoto, i Leasú Doha agus i gcinntí a glacadh fúthu don dara tréimhse ghealltanais de Phrótacal Kyoto.

Bunaithe ar ábhar na rialacha ar gá iad a ghlacadh sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa togra seo i gcomhréir leis an méid thuas, ní mór na gníomhartha dlíthiúla seo a ghlacadh de bhun Airteagal 290, CFAE, ar an mbealach céanna agus a fhoráiltear dóibh in Airteagal 10(4), den Rialachán maidir le Sásra chun Faireachán a dhéanamh.

Le gníomh tarmligthe forlíontar na rialacha fíor-riachtanacha trí a shubstaint a shonrú agus tuilleadh mionsonraithe a rialáil. Tá sé difriúil ó ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 291 CFAE ina bhforáiltear do choinníollacha aonfhoirmeacha i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ag na Ballstáit. Mar a léirítear thuas, ní eascraíonn na ceanglais chuntasaíochta atá le cur chun feidhme tar éis 2012 as reachtaíocht an AE amháin, ach tá siad bunaithe den chuid is mó ar rialacha a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, ní hiad na Ballstáit amháin a chuireann chun feidhme iad, ach tá feidhm acu maidir leis an Aontas Eorpach féin ar an mbealach céanna, rud a chuireann oibleagáid ar institiúidí an AE. Mar a fhoráiltear in Airteagal 290 CFAE, ní dhéanfadh na gníomhartha tarmligthe atá beartaithe sa togra seo cur chun feidhme aon rialacha fíor-riachtanacha atá ann cheana a chomhchuibhiú, ach ina ionad sin leagtar amach iontu tuilleadh mionsonraithe teicniúla sonracha maidir le cur chun feidhme Phrótacal Kyoto tar éis 2012.

2013/0377 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 i ndáil le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[15],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[16],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Ghlac an Chomhairle Cinneadh [...] maidir le Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a thabhairt i gcrích agus an comhlíonadh comhpháirteach faoi sin.[17] Leis an gCinneadh sin tugtar i gcrích Leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (XXXXXX), bunaítear an dara tréimhse gealltanais, thar ceann an Aontais, agus leagtar amach na téarmaí faoina gcomhlíonfar go comhpháirteach gealltanais an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Kyoto.

(2)       Mar gheall ar thabhairt i gcrích Leasú Doha, ar chur chun feidhme cinntí tionlacan ó Chomhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar chruinniú Pháirtithe Phrótacal Kyoto agus ar théarmaí an chomhlíonta chomhpháirtigh san Aontas, ina Bhallstáit agus san Íoslainn, ní mór rialacha a leagan síos le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto san Aontas tar éis 2012 a áirithiú, le hoibriú éifeachtach a chumasú maidir le comhlíonadh comhpháirteach ghealltanas an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne, agus lena n‑áirithiú go bhfuil sé ailínithe le hoibriú Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) a bunaíodh le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] agus Cinneadh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[19]

(3)       Le linn an chéad thréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto, rinneadh na ceanglais a aontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le cuntasaíocht agus bainistíocht astaíochtaí agus aonad agus comhlíonadh comhpháirteach an Aontais agus a Bhallstát a chur chun feidhme faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20] agus na rialacháin a nglaoitear na Rialacháin Clárlainne[21]orthu. Cuireadh Rialachán (AE) Uimh. 389/2013 ón gCoimisiún in ionad na Rialachán Clárlainne a bhí ann roimhe, agus tá forálacha sa rialachán sin anois maidir le bainistíocht aonad agus oibriú EU ETS agus Chinneadh 406/2009/CE[22].[23] I Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24] a glacadh le déanaí, níl an bunús dlí is gá ann le reachtaíocht tharmligthe a ghlacadh chun na rialacha don dara tréimhse gealltanais a chur chun feidhme.

(4)       I gcás an dara tréimhse gealltanais, baineann an méid atá sannta don Aontas le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoinsí atá cumhdaithe ag EU ETS, sa mhéid go bhfuil siad cumhdaithe ag Prótacal Kyoto, ach baineann na méideanna atá sannta do na Ballstáit agus don Íoslainn faoi seach le gach astaíocht eile de gháis cheaptha teasa ó na foinsí agus aistriú le linnte atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Prótacal Kyoto.

(5)       Leasaítear le Cinneadh 1/CMP.8[25] na rialacha maidir le hincháilíocht a shuí i ndáil le bheith rannpháirteach sna meicníochtaí solúbtha faoi Phrótacal Kyoto. Sainítear leis freisin teorainneacha a bhaineann le haonaid arna n‑aistriú ón gcéad chuig an dara tréimhse gealltanais, lena náirítear an ceanglas ar gach Páirtí cúltaisce farasbairr réamhthréimhse (PPSR) a chur ar bun. Thairis sin, déantar foráil sa Chinneadh sin maidir le cion 2% den fháltas a ghearradh ar na chéad aistrithe idirnáisiúnta d'aonaid den mhéid sannta (AAUnna) agus maidir le haonaid laghdaithe astaíochtaí (ERUnna) a eisiúint le haghaidh tionscadal cur chun feidhme comhpháirteach nuair a athrófar AAUnna nó aonaid ionsúcháin (RMUnna) a bhí i seilbh na bPáirtithe roimhe sin go ERUnna Tá tuilleadh rialacha maidir le cur chun feidhme an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto á gcaibidliú faoi láthair.

(6)       Chun rialacha comhsheasmhacha a leagan síos le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto san Aontas tar éis 2012 a áirithiú, le hoibriú éifeachtach a chumasú maidir le comhlíonadh comhpháirteach ghealltanas an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne, agus lena n‑áirithiú go bhfuil sé ailínithe le hoibriú Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí agus an Cinneadh maidir le Comhroinnt Díchill, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE. Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go bhfuil na gníomhartha sin comhsheasmhach le ceanglais chomhaontaithe idirnáisiúnta cuntasaíochta, le téarmaí an chomhlíonta chomhpháirtigh atá leagtha amach i gCinneadh [...] agus reachtaíocht ábhartha an Aontais.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (UE) Uimh. 525/2013 mar seo a leanas:

1.           cuirtear pointe (13a) agus pointe (13b) le hAirteagal 3 mar a leanas:

"(13a) ciallaíonn 'cúltaisce tréimhse gealltanais' nó 'CPR' an cúltaisce arna bhunú de bhun na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh 11/CMP.1 nó cinntí ábhartha eile de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an Athrú Aeráide nó chomhlachtaí Phrótacal Kyoto;

(13b) ciallaíonn 'cúltaisce farasbairr réamhthréimhse' nó 'PPSR' an cúltaisce arna bhunú de bhun Chinneadh 1/CMP.8 nó cinntí ábhartha eile de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an Athrú Aeráide nó chomhlachtaí Phrótacal Kyoto;"

2.           Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a)      cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 10(1):

"Is mar chion den fháltas ó eisiúint ERUnna agus tar éis an chéad aistrithe idirnáisiúnta de AAUnna a thabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit cuntas, ina gclárlanna, ar an aistriú aonad a cheanglaítear de réir Phrótacal Kyoto, Chinneadh 1/CMP.8 nó cinntí ábhartha eile de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an Athrú Aeráide nó chomhlachtaí Phrótacal Kyoto."

(b)     cuirtear an mhír 5 seo a leanas le hAirteagal 10:

"5.        Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 le cur chun feidhme teicniúil Phrótacal Kyoto a áirithiú, trí chlárlanna an Aontais agus na mBallstát, le hoibriú éifeachtach a chumasú maidir le comhlíonadh comhpháirteach ghealltanais an Aontais, a Bhallstát agus na hÍoslainne, agus lena n‑áirithiú go bhfuil sé ailínithe le hoibriú Threoir 2003/87/CE agus Chinneadh 406/2009/CE, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(a) próisis bhainistíochta aonad amhail idirbhearta AAUnna, CERanna, lena náirítear CERanna agus tCERanna, ERUnna agus RMUnna (eisiúint, aistriú, éadáil, cealú, scor, tabhairt anonn, athrú dáta athsholáthair nó éaga) laistigh de chlárlanna náisiúnta an Aontais agus a Bhallstát agus na hÍoslainne agus eatarthu;

(b) próisis chuntasaíochta a bhaineann leis an idirthréimhse idir an chéad agus an dara tréimhse gealltanais, lena n‑áirítear farasbarr AAUnna, CERanna agus ERUnna a thabhairt anonn ón gcéad chuig an dara tréimhse ghealltanais;

(c) bunú agus cothabháil cúltaisce farasbairr réamhthréimhse agus cúltaisce tréimhse gealltanais don Aontas agus do na Ballstáit;

(d) an chuntasaíocht don chion d'fháltas dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

Agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á nglacadh aige, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar na ceanglais a aontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le cuntasaíocht a chur chun feidhme go comhleanúnach, bharrfheabhsóidh sé an trédhearcacht agus áiritheoidh sé an cruinneas maidir leis an gcuntasaíocht ar aonaid Kyoto a dhéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, agus íoslaghdóidh sé an t‑ualach riaracháin agus costais."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               Cinneadh 1/CMP.8 a ghlac Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar chruinniú Pháirtithe Phrótacal Kyoto, FCCC/KP/CMP/2012/13/Add.1

[2]               Don chéad tréimhse gealltanas, bhí bonnbhlianta thíortha an AE mar a leanas: i gcás CO2, CH4 agus N2O úsáideann na Ballstáit uile 1990 mar bhonnbhliain cé is moite de: an Bhulgáir – 1988; an Ungáir – meán na mblianta idir 1985 agus 1987; an tSlóivéin – 1986; an Pholainn ­– 1988; an Rómáin – 1989. i gcás na ngás fluairínithe úsáideann na Ballstáit uile 1995 mar bhonnbhliain cé is moite de: an Ostair, an Fhrainc, an Iodáil agus an tSlóvaic – 1990; agus an Rómáin – 1989.

[3]               Le reachtaíocht a glacadh an 23 Aibreán 2009, lena náirítear Treoir 2009/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun scéim trádála liúntais an Chomhphobail um astaíochtaí gás ceaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh agus Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, IO L 140, 5.6. 2009.

[4]               Tá an difríocht raoin feidhme sin mínithe go grinn sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin 'Cuspóir Cainníochtaithe Teorannaithe nó Laghdaithe Astaíochtaí an AE a ullmhú bunaithe ar phacáiste an AE maidir le haeráid agus fuinneamh', Doiciméad Inmheánach Oibre (2012) 18 críochnaitheach an 13.2.2012.

[5]               Aighneacht a rinne an Danmhairg agus an Coimisiún Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát an 19 Aibreán 2012 maidir le 'Faisnéis faoi chuspóirí cainníochtaithe teorannaithe nó laghdaithe astaíochtaí don dara tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kyoto', FCCC/KP/AWG/2012/MISC.1.

[6]               Fonóta 1 thuas.

[7]               Cinneadh 2002/358/CE ón gComhair an 25 Aibreán 2002 maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus an comhlíonadh comhpháirteach faoi sin, IO L 130/1, 15.5.2002, lch. 1.

[8]               COM(2013) 768 final.

[9]               Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa Comhphobail agus chun Prótacal Kyoto a chur chun feidhme, IOJ L 49, 19.2.2004, lch. 1.

[10]             Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2004 maidir le córas clárlanna caighdeánaithe agus slándálaithe de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh.280/2004/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún, IO L 386, 29.12.2004, lch. 1 agus Rialachán ón gCoimisiún (AE) Uimh. 920/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le córas caighdeánaithe agus slándálaithe clárlanna de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 270, 14.10.2010, lch. 1.

[11]             Rialachán ón gCoimisiún (AE) Uimh. 389/2013 an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinntí Uimh. 280/2004/CE agus Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin ón gCoimisiún Uimh. 920/2010 agus Uimh.1193/2011, IO L 122, 3.5.2013, lch. 1.

[12]             Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE, IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.

[13]             Cinneadh 13/CMP/1 maidir le Modúlachtaí le haghaidh na cuntasaíochta méideanna sannta faoi Airteagal 7(4), de Phrótacal Kyoto, in: FCCC/KP/CMP/2005/8/Add.2.

[14]             Go príomha, is éard a bheidh in iarmhéid tosaigh PPRS an Aontais Eorpaigh, atá le bunú i gClárlann an Aontais, AAUanna arna sealbhú i gClárlann an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 56 de Rialachán 920/2010/CE a dhéanann ionadaíocht do liúntais EU ETS arna  dtaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán 920/2010/CE. Is éard a bheidh in iarmhéid tosaigh gach PPSR de chuid na mBallstát agus na hÍoslainne AAUanna arna dtabhairt anonn i ngach clárlann náisiúnta.

[15]             IO C , , Lch. .

[16]             IO C , , Lch. .

[17]             IO L , , lch. .

[18]             Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275/32, 25.10.2003).

[19]             Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6.  2009).

[20]             Cinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le sásra chun faireachán a dhéanamh ar gháis cheaptha teasa an Chomhphobail agus chun Prótacal Kyoto a chur chun feidhme, IO L 49, 19.2.2004, lch. 1.

[21]             Rialachán (CE) Uimh. 2216/2004 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2004 maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 386, 29.12.2004, lch. 1) agus Rialachán Uimh. 920/2010 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le córas caighdeánaithe agus daingnithe clárlann de bhun Threoir 2033/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 270, 14.10.2010, lch.1).

[22]             Rialachán ón gCoimisiún (AE) Uimh. 389/2013 an 2 Bealtaine 2013 lena mbunaítear Clárlann Aontais de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Cinntí Uimh. 280/2004/CE agus Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialacháin ón gCoimisiún Uimh. 920/2010 agus Uimh.1193/2011, IO L 122, 3.5.2013, lch. 1.

[23]             Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú d'fhonn gealltanais an Chomhphobail suas go dtí 2020 a chomhlíonadh i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú (IO L 140, 5.6. 2009, lch. 136.).

[24]             Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE, IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.

[25]             Cinneadh 1/CMP.8 a ghlac Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar chruinniú Pháirtithe Phrótacal Kyoto, FCCC/KP/CMP/2012/13/Add.1.