Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Margaidh Airgid /* COM/2013/0615 final - 2013/0306 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá Cistí Margaidh Airgid (CMAnna) ina bhfoinse
thábhachtach do mhaoiniú gearrthéarmach le haghaidh institiúidí airgeadais,
corparáideach agus rialtas. San Eoraip, tá thart ar 22% de na hurrúis fiachais
gearrthéarmacha a eisíonn rialtais nó an earnáil chorparáideach ina seilbh ag
CMAnna. Sealbhaíonn CMAnna 38% den fhiachas gearrthéarmach a d’eisigh an
earnáil baincéireachta. Ar thaobh an éilimh, uirlis bainistíochta
ghearrthéarmach airgid is ea CMAnna, a chuireann leibhéal ard leachtachta,
éagsúlaithe, cobhsaíochta luacha fara toradh margadh‑bhunaithe ar fáil. Corparáidí
a bhíonn ag féachaint lena gcuid airgid breise a infheistiú ar feadh tréimhse
ama ghearr, mar shampla go dtí go mbíonn caiteachas mór mar an bpárolla le
híoc, is mó a úsáideann CMAnna. Nasc ríthábhachtach is ea CMAnna, dá bhrí sin,
a thugann le chéile éileamh agus tairiscint ar airgead gearrthéarmach. Agus
sócmhainní faoi bhainistíocht thart ar 1000 billiún Euro acu,
catagóir is ea cistí CMAnna atá éagsúil ó gach ciste frithpháirteach eile. Bíonn
formhór na CMAnna, thart ar 80% de na sócmhainní agus 60% de na cistí, ag
feidhmiú faoi rialacha na Treorach 2009/65/CE maidir le Gnóthais le
haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe (GCUInna). Ba cheart go
mbeadh an chuid eile de na CMAnna, ó Iúil 2013 amach, ag feidhmiú faoi rialacha
na Treorach 2011/61/AE um an mBainisteoir Cistí Infheistíochta Malartacha
(AIFM). Is mó i bhfad meánmhéid CMA ná meánmhéid chiste GCUInna. Mar shampla,
tá CMAnna aonair a shroicheann € 50 billiún. Tá sainchónaí CMAnna i
mbeagán Ballstát, agus tá breis is 95% den mhargadh in FR, IE agus LU. Mar sin
féin, tá an margadh idirnasctha go mór le tíortha eile mar gheall ar chion ard
na n‑infheistíochtaí agus na n‑infheisteoirí trasteorann, agus na
naisc ghabhála trasteorann idir an CMA agus a n‑urraitheoir, a mbíonn
sainchónaí air i dtír eile seachas sainchónaí an CMA i bhformhór na gcásanna. Mar gheall ar idircheangailteacht
shistéamach na CMAnna le hearnáil na baincéireachta ar thaobh amháin agus leis
an airgeadas corparáideach agus rialtais, ar an taobh eile, tá oibriú na CMAnna
ag croílár na hoibre idirnáisiúnta ar scáthbhaincéireacht. Rinne an Bord um
Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) agus institiúidí eile, cosúil leis an Eagraíocht
Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) agus an Bord Eorpach um Riosca
Sistéamach (BERS), anailís ar an earnáil airgeadais agus tháinig siad ar
chonclúid go raibh gníomhaíochtaí agus eintitis áirithe a bhfuil tábhacht
shistéamach acu, ach nár leor mar a thug rialtóirí aghaidh orthu. In earnáil na
bainistíochta sócmhainní, measadh go raibh tábhacht shistéamach ag baint le
CMAnna. Ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le scáthbhaincéireachta i mí na
Samhna 2012, áit a n‑iarrann sé ar an gCoimisiún togra le fócas ar leith
ar cheist na CMAnna a thíolacadh[1]. Chuir an BERS anailís fhónta ar fáil ar na
rioscaí sistéamacha is gné dhílis de oibriú CMAnna. Go háirithe, bhain a chuid
moltaí le cobhsaíocht agus le leachtacht na CMAnna agus bhí rialacha breise
iontu freisin maidir le trédhearcacht agus le tuairisciú. Tá na moltaí sin le
sonrú den chuid is mó i dtogra an Choimisiúin, agus a dtionchair dhiúltacha
maidir le maoiniú an gheilleagair Eorpaigh á gcur san áireamh freisin. Uirlis áisiúil d’infheisteoirí is ea CMAnna,
mar bíonn gnéithe iontu atá ar aon dul le taiscí bainc: rochtain mheandrach ar
leachtacht agus cobhsaíocht choibhneasta luacha. I bhfianaise na saintréithe
sin, measann infheisteoirí gur rogha shábháilte, níos éagsúlaithe ná taiscí
bainc, iad na CMAnna. Ach dáiríre, cistí infheistíochta clasaiceacha is ea na
CMAnna, agus tá na rioscaí margaidh a bhíonn ag gabháil le haon infheistíocht
ciste acu. Dá bhrí sin, nuair a thagann laghdú ar phraghsanna na sócmhainní ina
bhfuil na CMAnna infheistithe, go háirithe agus dálaí anáis sa mhargadh, ní
féidir le CMA an gealltanas a chomhlíonadh luach an aonaid nó na scaire a
d’eisigh an CMA d’infheisteoirí a chaomhnú i gcónaí agus a fhuascailt
láithreach. D’fhéadfadh roinnt urraitheoirí ciste (bainc den chuid is mó)
bheith in ann ‘tacú le’ luachanna scaireanna le tacaíocht a dheonú
d’urraitheoir, ach bíonn urraitheoirí eile (bainisteoirí sócmhainní den chuid
is mó) agus gan an caipiteal acu sin a dhéanamh. I ngeall ar an neamhréir aibíochta
idir an leachtacht laethúil a thairgeann CMA d’infheisteoirí agus leachtacht na
sócmhainní a bhíonn sa phunann CMA, ní i gcónaí. a bhíonn fuascailt láithreach
indéanta. Is minic a léiríonn rátáil AAA an gealltanas go mbeidh na praghsanna
fuascailte cobhsaí. Is é an taobh thíos go mbíonn infheisteoirí, agus a luaithe
a mheasann siad go bhfuil baol ann go dteipfeadh ar na CMAnna cloí leis an
ngealltanas leachtachta agus fuascailtí cobhsaí am ar bith, go bhfuasclóidh
siad, rud as a dtiocfaidh “fuadar” infheisteoirí, mar a thugtar air, b’fhéidir.
Fuadair infheisteoirí, sin iarratais
fuascailte ollmhóra, tobanna, ó ghrúpa mór infheisteoirí a mbíonn fúthu
caillteanais a sheachaint agus a bheith in ann fuascailt ar an bpraghas is
airde. Bíonn tábhacht shistéamach ag baint le fuadair infheisteoirí mar tugann
siad ar CMAnna a gcuid sócmhainní a dhíol go tapa chun freastal ar iarratais
fuascailte. Cuireanna an bhís fuascailtí luas leis an meath i nglanluach
sócmhainní an chiste, rud a mhéadaíonn na meathanna i nglanluach sócmhainní agus
an eagla go bhfuil an margadh airgid ina iomláine éagobhsaí. Toisc go mbíonn
ról lárnach ag CMAnna i maoiniú gearrthéarmach na n‑eintiteas cosúil le
bainc, corparáidí nó rialtais, uaireanta bíonn torthaí maicreacnamaíocha níos
leithne ag fuadair infheisteoir ar CMAnna. Cé gur le bainc formhór (85%) na n‑ionstraimí
airgeadais EUR 1000 billiún a eisíodh chuig CMAnna, bíonn sciar thart ar 10% ag
rialtais agus bíonn timpeall 5% ag corparáidí. Úsáideann rialtais agus
corparáidí an‑mhór an margadh airgid mar bhealach le maoiniú
gearrthéarmach a fháil, fara línte creidmheasa banc. Bíonn na fadhbanna a bhaineann le fuadair
infheisteoirí sistéamach i ngeall ar an méid seo a leanas: (1) An dlúthnaisc
idir CMAnna agus an fíorgheilleagar (an ról a bhíonn ag CMAnna le riachtanais
airgeadais ghearrthéarmacha na n‑eintiteas a úsáideann an margadh airgid
mar uirlis mhaoinithe a shásamh ), (2) an nasc a bhíonn acu le hurraitheoirí. Ina
theannta sin, bíonn baint ag fuadair ar CMAnna freisin le cosaint
infheisteoirí, ós rud é go mbíonn daoine a fhuasclaíonn go déanach (de ghnáth
infheisteoirí príobháideacha) faoi mhíbhuntáiste fíor i gcomparáid le lucht na
luathfhuascailte. Téann an Rialachán atá beartaithe i ngleic
leis na fadhbanna sin. Tugann sé isteach caighdeáin chomhchoiteanna le cur le
leachtacht na CMAnna chomh maith le cobhsaíocht a gcuid struchtúr a áirithiú. Tabharfar
isteach rialacha aonfhoirmeacha le híosleibhéal sócmhainní leachtacha laethúla
agus seachtainiúla a áirithiú. Bunófar beartas caighdeánaithe le tuiscint níos
fearr ar a bhonn infheisteoirí a thabhairt don bhainisteoir cistí. Tugtar
isteach rialacha comhchoiteanna freisin chun a ráthú go n‑infheisteoidh
CMAnna i sócmhainní d’ardchaighdeán, éagsúlaithe go maith, a mbeidh
dea-chaighdeán creidmheasa acu. Ba cheart go gcinnteodh na bearta sin gur leor
leachtacht an chiste le dul i ngleic le hiarratais fuascailte na n‑infheisteoirí.
Déanfar cobhsaíocht an CMA a áirithiú trí
rialacha soiléire, níos comhchuibhithe, luachála a chruthú do na sócmhainní ina
n‑infheistíonn na CMAnna. Athdheimhneoidh na rialacha luachála sin an
fhírinne léir gur gnáthchistí frithpháirteacha iad CMAnna a mbíonn sócmhainní
infheistíochta acu a bhíonn faoi réir ag luaineachtaí praghsanna. Féadfaidh CMAnna áirithe an mhodheolaíocht
cuntasaíochta a choimeád ar bun a cheadaíonn praghas cobhsaí suibscríbhinne
agus fuascailte ar an gcoinníoll go gcuimseoidh siad cúlchistí airgid cuí. Ba
cheart go maolódh an “maolán GLS” seo, mar a thugtar air, na gluaiseachtaí
margaidh is gné dhílis de na margaí caipitil. Ba chóir go seachnódh sé freisin
urraitheoirí a bheith gan ullmhú dá dteastódh tacaíocht sheachtrach óna gcuid
CMAnna. Beidh an maolán comhionann le 3% de na sócmhainní a bheidh faoi
bhainistíocht an CMA. De réir na gcásanna tacaíochta urraitheoirí a
breathnaíodh le linn na géarchéime (123 cás ar CMAnna SAM), ní raibh ach 3
huaire arbh airde an tacaíocht ná 3%. Nuair a mhainnigh an Cúlchiste Príomha in
2008, chaill sé 3% ar nochtadh 1.5% le sócmhainní Lehman. Ní thabharfaidh an
maolán ráthaíocht iomlán do shealbhóirí scaireanna CNAV ach sroicheann an
leibhéal cothromaíocht idir an gá go mbeadh múnla láidir, sábháilte CNAV ann
agus cumas maoinithe na mbainisteoirí. Braithfidh costais na CMAnna ar chostais
mhaoinithe gach bainisteora. D'fhéadfadh na costais sin a bheidh idir 3% agus
10% sa bhliain. Dá gcuirfí i bhfeidhm ar mhaolán 3% iad, thabharfadh sé sin
ardú 0.09% go 0.30% sa bhliain ar na táillí bainistíochta. Táthar ag súil gurb
é an bainisteoir a íocfaidh cuid den mhéadú costais sin agus go gcuirfear an
chuid eile ar aghaidh chuig na hinfheisteoirí. Beidh tionchar ag an méadú
táille ar an toradh is féidir le hinfheisteoirí a bhaint amach agus iad ag
infheistiú i CMAnna ach os a choinne sin, bainfidh siad tairbhe as táirge a
bhfuil ciseal breise inslithe aige i gcoinne gluaiseachtaí margaidh sna
bunsócmhainní. Chomh maith leis na forálacha sin, áiritheoidh
riail choiteann ar an rátáil go stopfaidh bainisteoirí ciste agus infheisteoirí
a bheith ag brath ar rátálacha creidmheasa seachtracha a d’fhéadfadh a bheith
díobhálach d’fheidhmiú an mhargaidh airgid nuair a tharlaíonn íosghráduithe. Ní
mór ceanglais bhreise trédhearcachta a bheith in éineacht leis na bearta sin
lena áirithiú go dtuigfidh an t‑infheisteoir i gceart próifíl riosca agus
luaíochta a infheistíochta. Braithfidh an rialachán atá beartaithe ar na
nósanna imeachta údarúcháin atá ann cheana féin do GCUInna, nósanna a
chomhchuibhíonn Treoir GCUInna. Tabharfaidh sé isteach nós imeachta
comhchuibhithe údarúcháin do CMAnna CIM, toisc go bhfágann an Treoir AIFM údarú
AIFanna faoi rogha na mBallstát. Beidh an nós imeachta comhchuibhithe do CMAnna
CIM ina scáthán ar an nós imeachta comhchuibhithe údarúcháin dá bhforáiltear do
GCUInna. Leanfaidh bainisteoirí a bheith á rialú ag Treoir GCUInna nó AIFM, ach
bainisteoirí agus cistí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, beidh
orthu cloí leis an tsraith bhreise seo de rialacha sonracha táirge CMA. Is é is cuspóir do na rialacha
aonfhoirmeacha seo sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus cur lena
neart le torthaí aon ghéarchéime nua a íoslaghdú. Éireoidh infheisteoirí
feasach ar na rioscaí a ghabhann leis na táirgí rialaithe sin agus cinnteacht
maidir leis an tairiscint infheistíochta aonchineálach a bhaineann le cistí
margaidh airgid san Aontas. Bainfidh bainisteoirí tairbhe as rialacha
comhchuibhithe do tháirgí ar fud na hEorpa. Eisitheoirí ionstraimí don mhargadh
airgid, bainfidh siad buntáiste as timpeallacht níos cobhsaí a chaomhnóidh ról
na CMAnna mar uirlis mhaoinithe. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA agus measúnuithe tionchair 2.1. Comhairliúchán le páirtithe
leasmhara Ó thús na bliana 2012 i leith tá an
Coimisiún i mbun comhairliúcháin fhairsing le hionadaithe ó raon leathan
eagraíochtaí. San idirghníomhaíocht sin bhí cruinnithe déthaobhacha agus
iltaobhacha, comhairliúchán poiblí amháin ar scáth‑bhaincéireacht,
comhairliúchán poiblí amháin ar shaincheisteanna bainistíochta sócmhainní lena n‑áirítear
CMAnna agus comhdháil phoiblí ar scáth‑bhaincéireacht. Tríd an bpróiseas
sin fuair an Coimisiún an‑lear eolais mar gheall ar fheidhmiú an
mhargaidh CMA agus a chuid deighleog éagsúil, chomh maith le tuairimí maidir
leis na ceisteanna atá le réiteach agus conas iad a réiteach. 2.1.1. Páipéar uaine ar scáth‑bhaincéireacht Thug na freagraí ar an bPáipéar Uaine léargas
leathan ar earnáil scáth‑bhaincéireachta na hEorpa. Cheadaigh sé sin go
bhforbrófaí ceisteanna níos spriocdhírithe ar oibriú CMAnna i gcomhairliúchán
poiblí ar bhainistíocht sócmhainní a seoladh i mí Iúil 2012. I gcomhdháil
phoiblí i mí Aibreáin 2012, ar a d’fhreastail páirtithe leasmhara ón AE agus
SAM, bhí roinn a bhí dírithe ar CMAnna freisin. Ionadaithe ó na réimsí rialála
agus tionscal, a bhí mar phainéal ar CMAnna, chuir siad i láthair a gcuid
tuairimí ar an ngá atá le leasú ar mhargadh CMA an AE. 2.1.2. Comhairliúchán ar
bhainistíocht sócmhainní Tugadh caibidil CMA isteach i gcomhairliúchán
poiblí níos ginearálta ar shaincheisteanna éagsúla a bhain le bainistíocht
sócmhainní, a foilsíodh an 26 Iúil 2012 (dúnadh an comhairliúcháin
sin an 18 Deireadh Fómhair 2012). Fuair seirbhísí an Choimisiúin 56
freagra a bhain leis an roinn CMA. 2.2. Measúnú tionchair I gcomhréir lena bheartas maidir le “Rialáil
Níos Fearr”, rinne an Coimisiún measúnú tionchair inar scrúdaíodh roghanna
beartais éagsúla. Rinneadh anailís ar 16 rogha, d’fhonn leachtacht agus
cobhsaíocht na CMAnna a áirithiú. Rinneadh anailís ar na roghanna sin de réir
na gcuspóirí ginearálta, is é sin feabhas a chur ar chobhsaíocht airgeadais sa
mhargadh aonair agus cosaint infheisteoirí CMA a mhéadú, ach freisin de réir
chuspóirí níos sainiúla an tionscnaimh seo: (i) cosc a chur ar bhaol na
héifeachta gabhála ar an bhfíorgheilleagar, (ii) baol na héifeachta gabhála ar
an urraitheoir a chosc agus, (iii) laghdú ar mhíbhuntáistí na bhfuascailteoirí
déanacha, go háirithe maidir le fuascailtí i ndálaí anáis sa mhargadh. Rinneadh anailís ar na tionchair, lena n‑áirítear
na costais agus na sochair ar na páirtithe leasmhara éagsúla, infheisteoirí, bainisteoirí
sócmhainní, eisitheoirí fiachais ghearrthéarmaigh, urraitheoirí. In anailís den
sórt sin thángthas ar chonchúid i bhfabhar creata níos urrúnta do CMAnna a
chruthú: leibhéil leachtachta níos mó agus struchtúr níos cobhsaí. Táthar ag
súil go rachaidh tionchar na roghanna tosaíochta chun tairbhe na CMAnna agus an
mhargaidh airgid i gcoitinne trína n‑athléimneacht i gcoinne dhálaí anáis
sa mhargadh a fheabhsú. Cothóidh sé sin timpeallacht margaí airgid níos cobhsaí
san Eoraip, a thairbheoidh infheisteoirí, eisitheoirí fiachais ghearrthéarmaigh
agus na bainc a urraíonn CMAnna. Bhuail seirbhísí Ard‑Stiúrthóireacht
MARKT leis an mBord um Measúnú Tionchair an 16 Eanáir 2013. Rinne an
Bord anailís ar an Measúnú Tionchair sin agus thug sé tuairim dhearfach an 18 Eanáir 2013.
I rith an chruinnithe sin, thug comhaltaí an Bhoird roinnt barúlacha do
sheirbhísí Ard‑Stiúrthóireacht MARKT maidir le bealaí chun feabhas a chur
ar inneachar an Mheasúnaithe Tionchair agus rinneadh roinnt modhnuithe ar an
dréacht deiridh dá bharr sin. Feabhsaíodh sainmhíniú na faidhbe le breis sonraí
a chur ar fáil ar mhargaí CMA agus saibhríodh a cur síos le samplaí breise san
Aontas a léiríonn, go háirithe, gné thrasteorann na bhfadhbanna. Nascadh ar
bhealach níos fearr na cuspóirí agus na roghanna fairis na fadhbanna a
aithníodh, agus úsáideadh cuspóirí oibríochtúla níos inchainníochtaithe. Míníodh
níos mine na tionchair ar infheisteoirí chomh maith leis na costais chomhlíonta
a tharraingeodh na bearta atá beartaithe. Rinneadh cur síos níos fearr ar na
hiarmhairtí ar na Ballstáit agus ar chomhleanúnachas rialála idirnáisiúnta
freisin. Ar deireadh, tugadh isteach tuairimí na ngeallsealbhóirí, go háirithe
sna codanna inan ndéantar anailís agus comparáid ar na roghanna, go córasach. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA 3.1. Bunús dlí agus rogha na
foirme dlí Cuireann Airteagal 114 (1) den CFAE bunús
dlí ar fáil le haghaidh Rialacháin a chruthóidh forálacha aonfhoirmeacha atá
dírithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Bunaíonn rialacha táirge
stuamachta teorainneacha na rioscaí a bhaineann le CMAnna. Iontu féin, ní
dhéanann siad rochtain ar ghníomhaíochtaí bainistíochta sócmhainní a rialáil
ach rialaíonn siad an tslí a gcuirtear gníomhaíochtaí den sórt sin i gcrích
d’fhonn cosaint infheisteoirí agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Tugann
siad buntaca d’fheidhmiú ceart, sábháilte an mhargaidh inmheánaigh. D’fhonn cuspóir shláine an mhargaidh
inmheánaigh a leanúint, cruthóidh an beart reachtach atá beartaithe creat
rialála do CMAnna d’fhonn cosaint níos mó d’infheisteoirí i CMAnna a áirithiú,
chomh maith le feabhas a chur ar chobhsaíocht airgeadais trí riosca gabhála a
chosc. Díreoidh na forálacha atá beartaithe go sonrach chun a áirithiú gur leor
leachtacht an chiste chun aghaidh a thabhairt ar iarratais fuascailte
infheisteoirí agus i gcóir chun struchtúr CMAnna a fhágáil sábháilte go leor le
seasamh i gcoinne dhálaí díobhálacha sa mhargadh. Meastar gurb é Rialachán an
ionstraim dhlí is iomchuí le ceanglais aonfhoirmeacha a thabhairt isteach a
bheidh ag plé, i measc nithe eile, le raon feidhme sócmhainní incháilithe,
rialacha éagsúlaithe, rialacha a bhaineann le neamhchosaintí ar rioscaí
creidmheasa, ráta úis agus leachtachta, chomh maith le rialacha maidir le
húdarú na gcistí a bhfuil sé ar intinn iad a chur i mbun infheistíochta sa
mhargadh airgid. Rialacha táirge stuamachta is ea iad go bunúsach, chun CMAnna
na hEorpa a dhéanamh níos sábháilte agus níos éifeachtaí, le himní faoi na
rioscaí sistéamacha a bhaineann leis seo a mhaolú. Is iad an Treoir GCUInna nó an Treoir AIFM a
rialaíonn dul i mbun gníomhaíochtaí mar bhainisteoir ciste. Leanfaidh
gníomhaíochtaí na mbainisteoirí a bheith faoi réir Threoir AIFMD agus GCUInna
ach déanfar na rialacha táirge atá faoi chreat GCUInna a fhorlíonadh leis na
rialacha táirge atá sa Rialachán nua seo. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht Bíonn cur chuige rialála náisiúnta teoranta
ann féin don Bhallstát atá i gceist. Mura ndéantar rialáil ar phróifíl táirge
agus leachtacht CMA ach ag an leibhéal náisiúnta, bíonn riosca go ndíolfaí
táirgí éagsúla go léir mar CMAnna. Chruthódh sé sin mearbhall d’infheisteoirí
agus chuirfeadh sé bac le réimse Chothrom na Féinne a theacht chun cinn san
Aontas dóibh siúd a thairgeann CMAnna d’infheisteoirí gairmiúla nó miondíola. Mar
an gcéanna, bheadh gach cur chuige náisiúnta éagsúil maidir le saintréithe CMA
ag cur le riosca na gabhála trasteorann, go háirithe nuair is i mBallstáit
éagsúla atá na heisitheoirí agus na CMAnna lonnaithe. Toisc go n‑infheistíonn
CMAnna i raon leathan ionstraimí airgeadais ar fud an AE, rachadh teip ar CMA
amháin (i ngeall ar rialachán nár leordhóthanach ar leibhéal náisiúnta) i gcion
ar mhaoiniú Rialtas agus corparáideach ar fud an AE. Ina theannta sin, óir tá sainchónaí i
mBallstáit seachas iad sin ina margaítear na cistí ar go leor oibreoirí a
thairgeann CMAnna san Eoraip, ní mór creat láidir a chruthú chun gabháil
thrasteorann a sheachaint. Ba chóir gabháil thrasteorann a sheachaint chomh
maith idir CMA agus a urraitheoir, a bhíonn lonnaithe go minic i mBallstát
eile. Is amhlaidh is géire é sin nuair a bhíonn an t‑urraitheoir
lonnaithe i mBallstát nach bhfuil na hacmhainní buiséadacha aige fóirithint ar
urraitheoir a loiceann. Maidir le comhréireacht, tagann an togra ar
an gcothromaíocht chuí idir leas an phobail atá i gceist agus cost‑éifeachtúlacht
an bhirt. Rinneadh calabrú cúramach ar na ceanglais a fhorchuirtear ar na
páirtithe éagsúla. Aon uair is féidir, dréachtaíodh na ceanglais mar
chaighdeáin íosta (e.g. leachtacht laethúil nó sheachtainiúil,
sainteorainneacha chomhchruinniúchán eisitheora) agus cuireadh ceanglais
rialála in oiriúint ionas nach gcuirfí isteach gan ghá ar shamhlacha gnó (e.g.,
idirthréimhsí iomchuí a fhoráil sular gá glanluach sócmhainní an CMA a bhunú go
poiblí nó an rogha a fhágáil ag oibreoirí idir riachtanais chaipitil dhiana
agus glanluach sócmhainní CMA a bhunú go poiblí). Go háirithe, cothromaíodh an
gá atá le cothromú ar chosaint infheisteoirí, gabháil thrasteorann a
sheachaint, éifeachtúlacht na margaí, maoiniú an tionscail Eorpaigh agus na
costais bhreise don tionscal agus na ceanglais sin á leagan amach. 3.3. Tionchar ar shaincheisteanna
chearta bunúsacha Tá ábharthacht ag an togra don tionchar ar
dhá cheart bhunúsacha sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, is é sin an
tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagail 16 agus 22) agus cosaint tomhaltóirí (Airteagal 38). Is é is an cuspóir leasa ghinearálta an
togra, a chuireann bonn cirt le teorainneacha áirithe ar na cearta bunúsacha
thuasluaite, sláine agus cobhsaíocht an mhargaidh a chinntiú. Féadfaidh an
tsaoirse chun gnó a dhéanamh a bheith faoi thionchar an ghá leis na cuspóirí
sonracha a leanúint, dóthain leachtachta a chinntiú, cosc a chur le riosca
gabhála agus a cosaint leasanna infheisteoirí a fheabhsú. Mar sin féin,
urramaíonn an togra bunbhrí na saoirse bunúsaí seo go hiomlán. Neartóidh na
rialacha nua atá beartaithe an ceart tomhaltóirí a chosaint (Airt. 38) go
foriomlán, agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt
um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar atá cumhdaithe sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, á n‑urramú agus á gcomhlíonadh. 3.4. Mínithe mionsonraithe ar an
togra An togra le haghaidh Rialacháin maidir le
Cistí Margaidh Airgid (CMA), tá sé struchtúrtha ina naoi gcaibidil. 3.4.1. Caibidil I - Forálacha
Ginearálta (Airteagail 1-6) Pléann Caibidil I le rialacha ginearálta,
mar shampla ábhar agus raon feidhme na rialacha atá beartaithe, sainmhínithe,
CMAnna a údarú agus an idirghníomhaíocht idir an Rialachán atá beartaithe le
rialacha reatha atá i dTreoracha 2009/65/CE (GCUInna) agus 2011/61 / AE
(AIFMD). In Airteagal 1 sonraítear ábhar agus
sonraítear raon feidhme an Rialacháin atá beartaithe mar a bhaineann le gach
CMA a bhunaítear, a bhainistítear agus / nó a mhargaítear san Aontas agus a
sonraíonn sé go bhfuil sé ar intinn go mbeidh ceanglais an Rialacháin
bheartaithe uileghabhálach, is é sin gur cumadh iad gan aon scóip bhreise a
fhágáil do ‘ór-phlátáil’ ag an leibhéal náisiúnta. CMAnna, sin GCUInna nó CIM a
infheistíonn in ionstraimí airgeadais gearrthéarmacha agus a bhfuil cuspóirí
sonracha acu. In Airteagal 2 tá na sainmhínithe riachtanacha is gá
d’fheidhmiú aonfhoirmeach an Rialacháin atá beartaithe. Ceanglaítear le hAirteagal 3
go n‑údarófaí comhghnóthais infheistíochta go sainráite mar CMAnna mar
chuid de nós imeachta comhchuibhithe GCUInna, sin nó ag leanúint an nóis
imeachta chomhchuibhithe nua atá leagtha síos in Airteagal 4 do CIM. Forchoimeádann
Airteagal 5 an t‑ainmniú ‘CMA’ do chistí a chomhlíonann an Rialachán
amháin. In Airteagal 6 déantar cur síos ar an idirghníomhú idir na
rialacha GCUInna agus AIFMD reatha agus an Rialachán nua CMA, a shonraíonn go
bunúsach go mbeidh sé de dhualgas ar bhainisteoir an CMA an Rialachán a
chomhlíonadh. 3.4.2. Caibidil II - Oibleagáidí
maidir le beartais infheistíochta CMAnna (Airteagail 7‑20) I gCaibidil II tá na rialacha maidir le
beartais infheistíochta incheadaithe atá le saothrú ag CMA, mar shampla
sócmhainní incháilithe, éagsúlú, comhchruinniú agus cáilíocht chreidmheasa na
sócmhainní infheistíochta. In Airteagal 7 déantar cur síos ar an
gcaidreamh leis na rialacha GCUInna maidir le beartais infheistíochta agus na
rialacha atá beartaithe maidir le beartais infheistíochta CMA, arna mheas gurb
ionann an CMA agus lex specialis i ndáil leis na rialacha GCUInna a
áirítear go sonrach in Airteagal 7. In Airteagal 8 tá cur síos ar
cheithre chatagóir sócmhainní airgeadais ar féidir le CMA infheistiú iontu: ionstraimí
margaidh airgid, taiscí le hinstitiúidí creidmheasa, díorthaigh airgeadais agus
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais. Os a choinne sin, ní féidir le CMA
infheistiú in aon sócmhainní eile, dul i mbun díola ghearr ar ionstraimí
margaidh airgid, nochtadh do ghnáthscaireanna nó tráchtearraí a fháil, dul i
mbun urrúis a iasachtú nó comhaontuithe faoi iasacht urrúis, dul isteach i
gcomhaontuithe athcheannaigh nó airgead tirim a fháil nó a thabhairt ar
iasacht, toisc go mbainfeadh na ranganna agus cleachtais sócmhainní sin an bonn
de phróifíl leachtachta an CMA. In Airteagail 9 go 13 tugtar cur síos breise ar
na coinníollacha incháilitheachta do na ceithre chatagóir sócmhainní ar féidir
le CMA infheistiú iontu. In Airteagal 13 tá rialacha atá dírithe ar a
áirithiú go mbeidh an chomhthaobhacht a fhaightear mar mhalairt ar chomhaontú
athcheannaigh droim ar ais sách leachtach lena dhíol tapa a cheadú nuair is gá. In Airteagal 14 tá rialacha
mionsonraithe maidir leis an éagsúlú ar shócmhainní infheistíochta incháilithe
a bhfuil ar gach CMA iad a urramú, mar shampla uasteorainneacha ar an méid is
féidir le heisitheoir amháin a ionadú (mar chéatadán de shócmhainní an CMA atá
á mbainistiú) agus rialacha maidir leis an uasnochtadh riosca atá ceadaithe do
CMA vis‑à-vis contrapháirtí amháin. In Airteagal 15, os a choinne
sin, dírítear ar na teorainneacha uasta is féidir le CMA (mar infheisteoir) a
shealbhú in eisitheoir amháin (teorainneacha comhchruinniúcháin). D'fhonn
tuilleamaí meicniúil ar rátálacha seachtracha a laghdú, in Airteagail 16 go dtí
19 tá rialacha mionsonraithe maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht
chreidmheasa na n‑ionstraimí infheistíochta CMA. In Airteagal 20 tá
cur síos ar na riachtanais rialachais a rialaíonn an próiseas rátála
creidmheasa inmheánaigh, go háirithe ról na bainistíochta sinsearaí. 3.4.3. Caibidil III - Oibleagáidí
maidir le beartais infheistíochta CMAnna (Airteagail 21-25) Pléann Caibidil III le gnéithe bainistíochta
riosca, mar shampla próifíl aibíochta agus leachtachta shócmhainní CMAnna,
sireadh na rátálacha, agus beartais 'Bíodh aithne agat ar do chustaiméir', mar
a thugtar orthu, agus tástáil struis a bhfuil oibleagáid ar CMA a thabhairt
isteach. Tá na rialacha nua maidir le meánaibíocht
ualaithe (WAM) agus meánré ualaithe (WAL), in éineacht leis na ceanglais maidir
le sealúchais sócmhainní a aibíonn go laethúil agus go seachtainiúil ina
gcodanna riachtanacha le próifíl leachtachta CMA a ardú agus dá bhrí sin ar a
chumas le fuascailtí infheisteoirí a shásamh. In Airteagal 21 tá an
fhoráil thábhachtach ar an bpróifíl aibíochta a mbíonn ar CMAnna gearrhéarmacha
a chomhlíonadh. In Airteagal 22 tá rialacha comhfhreagracha le haghaidh
CMAnna caighdeánacha, a infheistíonn in ionstraimí níos fadtéarmaí ná i CMA
gearrthéarmach. Bíonn teorainneacha aibíochta éagsúla ag CMAnna caighdeánacha,
amhail WAL agus WAM, agus is féidir leo úsáid a bhaint as teorainn níos ísle
éagsúlaithe do na hinfheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid arna eisiúint
ag an eintiteas céanna. Tá na gnéithe sin comhleanúnach le cuspóirí na CMAnna
caighdeánacha torthaí beagán níos airde a thairiscint ná na rátaí margaidh
airgid. Tá na saintréithe an chatagóra CMAnna sin comhleanúnach freisin leis an
bhfíric nach féidir CMAnna caighdeánacha a bhainistiú mar CMA glanluach
sócmhainní atá tairiseach (Airteagal 22 (5)) agus dá bhrí sin is lú an
baol go mbeidh éis‑sreafaí ollmhóra ann. Coisceann Airteagal 23 ar CMA rátáil
creidmheasa sheachtrach a shireadh nó a mhaoiniú agus dá bhrí sin comhlánaíonn
sé na rialacha maidir le rátálacha inmheánacha atá in Airteagail 16 go 19. In Airteagal 24
tugtar isteach ceanglais maidir le ''Bíodh aithne agat ar do chustaiméir'. Is é
is aidhm do na rialacha sin a cheadú do CMAnna timthriallta fuascailte a réamh‑mheas
níos fearr. Rialacha maidir le tástáil struis atá in Airteagal 25. 3.4.4. Caibidil IV - Rialacha
Luachála (Airteagail 26-28) Pléann Caibidil IV sócmhainní infheistíochta
CMA a luacháil agus glanluach shócmhainní an CMA in aghaidh an aonaid nó na
scaire a ríomh. In Airteagail 26 go 28 tá rialacha maidir
leis an tslí ina gcaithfidh CMA a shócmhainní infheistíochta ar leith a
luacháil, an glanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire CMA a
ríomh, chomh maith le minicíocht an dá shraith luachálacha. Cé go bhfuil feidhm
ag riail ghinearálta i bhfabhar luacháil marcála ón margadh, d'fhéadfadh CMAnna
marcáil de réir samhlach a úsáid freisin, i gcás nach bhfuil marcáil don
mhargadh indéanta nó nach mbíonn na sonraí margaidh ar chaighdeán sách ard. Ní
féidir ach le CMAnna ar seasmhach glanluach a sócmhainní a luacháil ag costas
amúchta. Tá tábhacht mhór leis an modh a roghnaítear chun an glanluach
sócmhainní a ríomh nuair a eisítear agus a fhuasclaítear scaireanna nó aonaid i
CMA (Airteagal 26). 3.4.5. Caibidil V - Ceanglais
shonracha le haghaidh CMAnna ar seasmhach glanluach a sócmhainní (Airteagail
29-34) I gCaibidil V tá ceanglais shainiúla do
CMAnna a luachálann a gcuid sócmhainní ag costas amúchta nó a fhógraíonn
glanluach sócmhainní leanúnach in aghaidh an aonaid nó na scaire nó a
shlánaíonn an NAV leanúnach in aghaidh an aonaid nó na scaire leis an bpointe
céatadáin is gaire - ar a dtugtar NAV tairiseach nó CMAnna ar seasmhach
glanluach a sócmhainní. In Airteagal 29 tá ceanglais shonracha
údarúcháin nach mbaineann ach le CMAnna a úsáideann costas amúchta chun a
sócmhainní a luacháil nó a fhógraíonn glanluach sócmhainní leanúnach in aghaidh
an aonaid nó na scaire nó a shlánaíonn an glanluach sócmhainní leanúnach in
aghaidh an aonaid nó na scaire leis an bpointe céatadáin is gaire. Ní mór na
CMAnna sin ar seasmhach glanluach a sócmhainní maolán a bhunú agus a
chothabháil i gcónaí arb ionann é agus 3% ar a laghad de luach iomlán a gcuid
sócmhainní. In Airteagal 30 tá cur síos ar chomhdhéanamh an mhaoláin (an
"maolán GLS"), agus tá cur síos ar Airteagal 31 ar a oibriú. Níos
tábhachtaí fós, in Airteagal 31 tá an riail nach féidir an maolán GLS a
úsáid ach amháin mar chúiteamh ar an difríocht idir an nglanluach sócmhainní
leanúnach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an luach 'fíor' d'aonad nó do
scair. Ina theannta sin, in Airteagal 31 tá rialacha maidir leis an uair
nach mór an maolán GLS a chur do dhochar an uair is féidir é a chur do shochar.
Mar fhocal scoir, in Airteagail 32 go 34 tá an oibleagáid chun an maolán a
athshlánú agus na hiarmhairtí ar mhainneachtain an maolán GLS a athshlánú. 3.4.6. Caibidil VI - Tacaíocht
sheachtrach (Airteagail 35-36) I gCaibidil VI tá rialacha maidir le
tacaíocht sheachtrach. Leagann sé síos an riail nach féidir le CMAnna ar
seasmhach glanluach a sócmhainní tacaíocht sheachtrach a fháil ach amháin tríd
an maolán GLS, de bhrí cé go bhfuil cosc ar CMAnna eile de ghnáth tacaíocht
sheachtrach a fháil. Tá cur síos in Airteagal 35 ar a bhfuil
le tuiscint le tacaíocht sheachtrach agus tá liosta neamh‑uileghabhálach
de chásanna tacaíochta seachtraí ann. Dhá aidhm atá ag an Airteagal seo: a
áirithiú go ndeonaítear an tacaíocht uile 'urraitheora' do CMAnna ar seasmhach
glanluach a sócmhainní tríd an sásra trédhearcach dá bhforáiltear in Airteagal 31
trí dhul ar iontaoibh mhaolán GLS réamhbhunaithe nó, más rud é go bhfuil
tacaíocht urraitheora á deonú do CMAnna eile, nach gceadóidh na húdaráis
inniúla an tacaíocht sin ach amháin má chuireann imthosca eisceachtúla a
bhaineann le cobhsaíocht airgeadais bonn cirt faoin deontas ad hoc tacaíochta
urraitheora (Airteagal 36). 3.4.7. Caibidil VII - Ceanglais
trédhearcachta (Airteagail 37-38) I gCaibidil VII tá rialacha trédhearcachta
nuair a dhéantar CMAnna a fhógairt d'infheisteoirí agus ceanglais tuairiscithe
do na húdaráis inniúla. In Airteagal 37 tá ceanglais trédhearcachta
speisialta. Le hAirteagal 38 bunaítear ceanglais tuairiscithe maidir le
gach CMA, a bhfuil feidhm leo sa bhreis ar na ceanglais faoi Threoracha 2009/65
agus 2011/61. 3.4.8. Caibidil VIII – Maoirsiú
(Airteagail 39-42) I gCaibidil VIII tá na rialacha is
infheidhme maidir le maoirseacht ar CMAnna: In Airteagal 39 mínítear róil
na n‑údarás inniúil ar an CMA agus bhainisteoir an CMA faoi seach. Deir Airteagal 40
gur cheart cumhachtaí na n‑údarás inniúil, faoi na Treoracha GCUInna agus
AIFM, a fheidhmiú freisin trí thagairt don Rialachán atá beartaithe. Tagraíonn Airteagal 41
do chumhachtaí ÚEUM, ach forálann Airteagal 42 do chomhar idir na
húdaráis. 3.4.9. Caibidil IX (Forálacha
críochnaitheacha, Airteagail 43 - 46) I gCaibidil IX tá rialacha maidir le
cóireáil GCUInna agus AIFanna atá ann cheana féin a ghníomhaíonn mar CMAnna
chun a áirithiú go gcomhlíonann siad na rialacha nua maidir le CMAnna agus
clásal athbhreithnithe le maoláin GLS a chur i bhfeidhm CMAnna CNAV áirithe. Go
háirithe, deir Airteagal 43 conas ba cheart do GCUInna agus AIFanna atá
ann cheana a chomhlíonann critéir an tsainmhínithe CMA CNAV an maolán NAV a
thógáil diaidh ar ndiaidh. Deir Airteagal 45 gur cheart cur i bhfeidhm
mhaolán GLS ar CMAnna CNAV a dhíríonn a bpunanna ar fhiacha a eisíonn nó a
ráthaíonn Ballstáit a athbhreithniú trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Comhordaíodh obair ar athchóiriú na CMAnna
go dlúth leis an Údarás Eorpach um Urrúis Mhargaidh (ÚEUM). Bhí saineolaithe ón
gCoimisiún i réimse na bainistíochta ciste i dteagmháil rialta lena macasamhla
san ÚEUM; i gcomhthéacs na meithle oibríochtúla ar CMAnna agus sa Bhuanchoiste
um Sheirbhísí Bainistíochta Infheistíochta a bunaíodh san ÚEUM araon. Go deimhin, chuir an ÚEUM an obair leanúnach
ar CMAnna ar fionraí toisc gur fhógair an Coimisiún a rún reachtaíocht a
mholadh sa réimse, i measc saincheisteanna eile, le prionsabail áirithe atá i
dtreoirlínte CESR agus an ÚEUM cheana féin ar CMAnna a chumhdach sa chorpas
reachtaíochta príomha. Tharla an cur ar fionraí sin tar éis don ÚEUM tús a chur
cheana féin le sruth oibre ar 'mhodheolaíochtaí rátála malartacha'. Tionscnaíodh
an sruth oibre sin le teacht in ionad rátálacha creidmheasa a eisíonn
gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar ionstraimí mhargadh an airgid. Chuir an
ÚEUM an sruth oibre sin ar fionraí chun fanacht ar an sainordú foirmiúil a
gheobhadh an obair sin de bhua reachtaíochta atá beartaithe. Ina theannta sin,
mar chuid dá iarrachtaí maidir le cóineasú a bhunú i réimse na CMAnna, tá an
ÚEUM cheana féin i mbun bunachar sonraí maidir le cleachtais mhaoirseachta,
agus le cloí leis na treoirlínte atá ann cheana féin, a chruthú. Dá bhrí sin, tá an ÚEUM feistithe go maith
cheana féin leis an sainordú sa Rialachán atá beartaithe a chomhlíonadh; go
deimhin bhí an obair seo go léir tosaithe cheana féin roimh thogra an
Choimisiúin maidir le CMAnna. Sna cúinsí sin, níor aithin an Coimisiún aon
impleachtaí do bhuiséad an AE. I bhfianaise an méid thuas, ní bheidh aon
mhaoiniú breise ná aon phoist bhreise ag teastáil don ÚEUM chun na cúraimí a
leagfaidh an reachtaíocht atá beartaithe air a chomhlíonadh: modheolaíocht
rátála mhalartach a fhorbairt agus bunachar sonraí de CMAnna ceadaithe a chur
ar bun. Mar a míníodh thuas, cuid de shruthanna oibre dea-bhunaithe laistigh
den ÚEUM cheana féin is ea na cúraimí sin. Tá an obair faoi rialacha oibríochtúla a
shainiú sa réimse CMA cheana féin laistigh de raon na bhfreagrachtaí atá ag an
ÚEUM: Mar chuid dá chúram foriomlán maidir le maoirseacht agus cóineasú rialála
i réimse na gcistí GCUInna a chruthú, thiomnaigh an ÚEUM acmhainní foirne
cheana féin le beartas agus uirlisí maoirseachta maidir le CMAnna a fhorbairt,
catagóir ar leith cistí a ndéantar rialáil orthu mar GCUInna, sin ó mar AIFanna.
De bhun na n‑iarrachtaí sin, d'eisigh
CESR, réamhtheachtaí an ÚEUM, treoirlínte fairsinge ar CMAnna (CESR 10/049) i
mBealtaine 2010. In 2012 rinne an ÚEUM athbhreithniú piaraí
le dian‑acmhainní chun measúnú a dhéanamh ar an tslí ina raibh na
Ballstáit ag cur i bhfeidhm na dtreoirlínte go praiticiúil (bhí na treoirlínte
á gcur i bhfeidhm ag 12 Bhallstát ach bhí ocht mBallstát nach raibh siad
trasuite isteach ina gcleachtas rialála acu). In 2013, cuireadh C & F mionsonraithe leis
na Treoirlínte CMA. 2013/0306 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Margaidh Airgid (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[2],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Cistí Margaidh Airgid
(CMAnna) soláthraítear maoiniú gearrthéarmach d'institiúidí airgeadais, do
chorparáidí agus do rialtais. Trí mhaoiniú a thabhairt do na heintitis sin,
rannchuidíonn CMAnna le maoiniú gheilleagair na hEorpa. (2) Ar thaobh an éilimh, uirlisí
bainistíochta airgid thirim gearrthéarmacha is ea CMAnna, a chuireann ar fáil
ardleibhéal leachtachta, éagsúlaithe, cobhsaíochta luacha don bhunairgead a
infheistíodh agus a bhfuil toradh margadh‑bhunaithe ag baint leo. Is
gnách gur corparáidí a úsáideann CMAnna chun a gcuid airgead tirim fuílleach a
infheistiú go ceann achair ghearr. Nasc ríthábhachtach is ea CMAnna, dá bhrí
sin, a thugann le chéile éileamh agus tairiscint airgid ghearrthéarmaigh. (3) Léirigh roinnt tarluithe a
thit amach le linn na géarchéime airgeadais go bhfuil laigí in MFFanna a
fhágann leochaileach iad nuair a bhíonn na margaí airgeadais i dteanna agus a
d'fhéadfadh rioscaí sa chóras airgeadais a leathnú nó a mhéadú. Nuair a
thosaíonn praghsanna na sócmhainní ina bhfuil na CMAnna infheistithe ag laghdú,
go háirithe agus an margadh faoi strus, ní i gcónaí is féidir leis an CMA an
gealltanas a chomhlíonadh go bhfuasclófar láithreach é agus go gcaomhnófar
luach príomhshuime aonaid nó scaire a d'eisigh an CMA d'infheisteoirí. D'fhéadfadh
iarrataí ollmhóra tobanna ar fhuascailt teacht as sin a bhféadfadh iarmhairtí
maicreacnamaíocha leathana a bheith mar thoradh orthu. (4) Tugann iarrataí mór ar
fhuaiscailt ar CMAnna roinnt dá sócmhainní infheistíochta a dhíol i margadh atá
ag titim, rud as a dtagann géarchéim leachtachta. Sa chás sin, is féidir
géardheacrachtaí maoinithe a bheith ag eisitheoirí an mhargaidh airgid má
théann margadh na bpáipéar tráchtála agus ionstraimí eile an mhargaidh airgid i
ndísc. Aon éifeacht ghabhála ar an margadh maoinithe gearrthéarmach ansin,
d'fhéadfadh sé deacrachtaí móra díreacha a chur roimh mhaoiniú institiúidí
airgeadais, corparáidí agus rialtas, agus i ndeireadh báire roimh mhaoiniú an
gheilleagair. (5) D'fhéadfadh bainisteoirí
sócmhainní, le cuidiú urraitheoirí, cinneadh ar thacaíocht lánroghnach a
thabhairt chun leachtacht agus cobhsaíocht a gcuid CMAnna a chaomhnú. Is minic
a bhíonn ar urraitheoirí tacú leis na CMAnna atá siad a urrú nuair a bhíonn
siad ag cailleadh luacha, i ngeall ar an bhfaitíos go ndéanfaí díobháil cáile
agus go leathfadh an scaoll go dtí gnólachtaí eile an urraitheora. De réir
mhéid an chiste agus mhéid an bhrú fuascailte, d'fhéadfadh tacaíocht an
urraitheora a bheith níos mó ná méid na gcúlchistí a bhfuil acu orthu gan dua. Dá
bhrí sin, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le creat rialacha
aonfhoirmeacha chun cosc a chur ar chliseadh an urraitheora agus ar an riosca
go mbeidh éifeacht ghabhála in eintitis eile a urraíonn CMAnna. (6) D'fhonn sláine agus
cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú trí CMAnna atá níos athléimní a
chur chun cinn agus srian a chur ar na dóigheanna ar féidir éifeacht ghábhála
leathnú, is gá rialacha a leagan síos maidir le feidhmiú CMAnna, go háirithe
maidir le comhdhéanamh a bpunainne. Tá gá le rialacha aonfhoirmeacha ar fud an
Aontais lena áirithiú go bhféadfaidh CMAnna infheisteoirí a fhuascailt
láithreach, go háirithe agus an margadh faoi strus. Tá gá le rialacha
aonfhoirmeacha maidir le punann CMAnna freisin, lena áirithiú go mbeidh siad in
ann chuig iarrataí ollmhóra tobanna ar fhuascailt ó mhéid mór infheisteoirí. (7) Tá gá le rialacha
aonfhoirmeacha maidir le CMAnna freisin chun dea-fheidhmiú an mhargaidh
mhaoinithe ghearrthéarmaigh d'institiúidí airgeadais, d'eisitheoirí
corparáideacha féich ghearrthéarmaigh agus do rialtais a áirithiú. Ina theannta
sin, tá gá leo d'fhonn a áirithiú go gcuirfear an chóir chéanna ar
infheisteoirí uile in CMAnna agus chun nach mbeidh ar fhuascailteoirí déanacha
breis ciotaí a sheasamh nuair a chuirtear fuascailtí ar fionraí go sealadach nó
nuair a leachtaítear an CMA. (8) Is gá foráil a dhéanamh
maidir le comhchuibhiú na gceanglas stuamachta a bhaineann le CMAnna trí
rialacha soiléire a leagan amach a fhorchuireann oibleagáidí díreacha ar CMAnna
agus ar a mbainisteoirí ar fud an Aontais. Chuirfeadh sin feabhas ar
chobhsaíocht CMAnna mar fhoinse maoinithe ghearrthéarmaigh do rialtais agus don
earnáil chorparáideach ar fud an Aontais. Lena chois sin, d'áiritheodh sé go
leanfadh CMAnna de bheith ina n‑uirlis éifeachtach ó thaobh riar ar
riachtanais thionscal an AE ó thaobh bainistiú airgid thirim. (9) Na treoirlínte a ghlac Coiste
na Rialtóirí Urrús Eorpach maidir le CMAnna féachaint (CESR) íosmhéid de
chothrom iomaíochta a bhaint amach idir CMAnna san Aontas, ní raibh siad curtha
chun feidhme ach ag 12 Bhallstát bliain i ndiaidh a dteacht i bhfeidhm,
rud a léiríonn go bhfuil rialacha náisiúnta nach bhfuil ag teacht le chéile fós
ann. Ní théann na cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta atá ann i ngleic leis
na laigí atá i margaí airgeadais an Aontais agus ba léir sin le linn na
géarchéime airgeadais, ná ní mhaolaíonn siad ar an riosca éifeachta gabhála,
agus dá bhrí sin tá feidhmiú agus cobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh i mbaol.
Dá bhrí sin, leis na comhrialacha i leith CMAnna ba cheart foráil a dhéanamh
maidir le hardleibhéal cosanta d'infheisteoirí agus ba cheart maolú ar aon
riosca éifeachta gabhála a d'fhéadfadh teacht as aon ollráchairt ag
infheisteoirí i CMAnna. (10) In éagmais Rialacháin a
leagfadh amach rialacha maidir le CMAnna, d'fhéadfadh sé go leanfaí de bheith
ag glacadh beart éagsúil ar an leibhéal náisiúnta, rud is dealraitheach a
dtiocfadh mórshaobhadh iomaíochta as i ngeall ar dhifríochtaí móra a bheith sna
caighdeáin bhunúsacha maidir le cosaint infheistíochtaí. Nuair is ann do cheanglais
nach bhfuil ag teacht le chéile maidir le comhdhéanamh punainne, sócmhainní
incháilithe agus aibíocht na sócmhainní sin, leachtacht agus éagsúlú, agus ceanglais
maidir le cáilíocht chreidmheasa eisitheoirí uirlisí margaidh airgid, tagann
astu leibhéil éagsúla cosanta d'infheisteoirí i ngeall ar na leibhéil éagsúla
riosca a bhaineann leis an tairiscint infheistíochta a ghabhann le ciste
margaidh airgid. De cheal comhrialacha diana maidir le CMAnna sa mhargadh
inmheánach ní féidir cosaint aonfhoirmeach a thabhairt d'infheisteoirí agus dá
thoradh sin bíonn cúiseanna éagsúla ag infheisteoirí a gcuid infheistíochtaí a
fhuascailt, rud a bhíonn ina údar le hollráchairt. Dá bhrí sin, tá sé
ríthábhachtach féachaint chuige, trí rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh, nach mbainfidh
éifeacht ghabhála don mhargadh maoinithe gearrthéarmach ná d'urraitheoirí an
CMA, rud a chuirfeadh cobhsaíocht mhargadh airgeadais an Aontais i mórbhaol. (11) Tá dlúthbhaint ag na rialacha
nua maidir le CMAnna le Treoir 2009/65/CE[3]
agus le Treoir 2011/61/AE[4],
ráite gurb iad an creat dlí lena rialaítear bunú, bainistiú agus margú CMAnna
san Aontas iad. (12) San Aontas, féadfaidh gnóthais
chomhinfheistíochta feidhmiú mar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in
urrúis inaistrithe (GCUInna) arna mbainistiú ag bainisteoirí GCUInna nó ag
cuideachtaí infheistíochta atá údaraithe faoi Threoir 2009/65/CE nó mar
chistí infheistíochta malartacha (CIManna) arna mbainistiú ag bainisteoirí
CIManna atá údaraithe nó cláraithe faoi Threoir 2011/61/CE. Tá na rialacha
nua maidir le CMAnna ag glacadh áit na dTreoracha sin. Dá bhrí sin, na rialacha
nua aonfhoirmeacha maidir le CMAnna, ba cheart feidhm a bheith acu sa bhreis
orthu sin atá leagtha síos i dTreoir 2009/65/CE agus i dTreoir 2011/61/AE.
San am céanna, ba cheart deireadh a chur go sainráiteach le feidhm roinnt
rialacha a bhaineann le beartais infheistíochta GCUInna atá leagtha síos i
gCaibidil VII de Threoir 2009/65/CE agus ba cheart rialacha maidir le
táirgí sonracha a leagan síos sna forálacha nua aonfhoirmeacha maidir le
CMAnna. (13) Ba cheart feidhm a bheith ag
rialacha comhchuibhithe maidir le gnóthais chomhinfheistíochta a bhfreagraíonn
a saintréithe do shaintréithe CMA. Maidir le GCUInna agus CIManna a
infheistíonn i sócmhainní gearrthéarmacha amhail uirlisí margaidh airgid nó
taiscí, nó a dhéanann comhaontú athcheannaigh droim ar ais nó conarthaí díorthacha
áirithe agus gan d'aidhm acu ach rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí eile
de chuid an chiste a fhálú, agus atá ceaptha torthaí atá inchurtha le rátaí an
mhargaidh airgid nó luach na hinfheistíochta a thairiscint, ba cheart
chomhlíonadh na rialacha nua maidir le CMAnna a bheith sainordaitheach. (14) Eascraíonn sainiúlacht CMAnna
as dhá ní in éineacht, na sócmhainní a n‑infheistíonn siad iontu agus na
cuspóirí a bhíonn siad ag iarraidh baint amach. Na cuspóir toradh a thairiscint
atá i gcomhréir rátaí an mhargaidh airgid agus luach infheistíochta a chosaint,
níl siad comheisiach. D'fhéadfadh ceann amháin de na cuspóirí sin an dá cheann
acu in éineacht a bheith ag CMA. (15) Ba cheart tuiscint leathan a
bhaint as an gcuspóir torthaí a thairiscint atá i gcomhréir le rátaí an
mhargaidh airgid. Ní gá an toradh a bhfuil coinne leis a bheith lánailínithe le
EONIA, Libor, Euriobor ná ráta aon mhargaidh airgid ábhartha eile. An cuspóir
ráta an mhargaidh airgid a shárú le corrlach beag, níor cheart a mheas go bhfágfadh
sé GCUI nó CIM lasmuigh de raon feidhme na rialacha nua aonfhoirmeacha. (16) Maidir leis an gcuspóir luach
na hinfheistíochta a chaomhnú, níor cheart a mheas gur ráthaíocht caipitil é
atá geallta ag an gciste. Ba cheart a mheas gur cuspóir é a fhéachann an GCUI
nó an CIM le baint amach. Níor cheart laghdú a theacht ar luach na n‑infheistíochtaí
a thabhairt le fios gur athraigh an gnóthas comhinfheistíochta an cuspóir atá
aige luach na hinfheistíochta a chosaint. (17) Tá sé tábhachtach GCUInna agus
CIManna a bhfuil saintréithe CMAnna iontu a shainaithint mar CMAnna agus a
gcumas na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le CMAnna a chomhlíonadh a fhíorú
go follasach. Chun na críche sin, ba cheart d'údaráis inniúla CMAnna a údarú. I
gcás GCUInna, ba cheart an t‑údarú mar CMA a bheith ina chuid den údarú
mar GCUI i gcomhréir leis na nósanna imeachta um chomhchuibhiú dá bhforáiltear
i dTreoir 2009/65/CE. I gcás CIManna, ráite nach bhfuil siad faoi réir
nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le húdarú agus maoirseacht faoi Threoir 2011/61/AE,
is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha bunúsacha comhchoiteanna i leith
údarú, rialacha a bheadh mar an gcéanna leis na rialacha comhchuibhithe atá ann
cheana maidir le GCUInna. Ach nósanna imeachta den sórt sin a bheith ann,
d'áiritheofaí gur bainisteoir CIM arna údarú i gcomhréir le Treoir 2011/61/AE
a bheadh ina bhainisteoir ag CIM arna údarú mar ciste margaidh airgid. (18) D'fhonn a áirithiú go mbeidh
gach gnóthas comhinfheistíochta ina bhfuil saintréithe CMA faoi réir na
comhrialacha nua maidir le CMAnna, is gá toirmeasc a chur ar úsáid an
ainmniúcháin 'CMA' agus ar aon téarma eile a thugann le fios go bhfuil
saintréithe CMA i ngnóthas comhinfheistíochta ach amháin má chomhlíontar an
Rialachán seo. D'fhonn cosc a chur ar dhul timpeall na rialacha maidir le
CMAnna, ba cheart d'údaráis inniúil faireachán a dhéanamh ar chleachtais
gnóthas comhinfheistíochta atá bunaithe nó a mhargaítear ar a gcríoch nó ina
ndlínse d'fhonn a fhíorú nach mbaineann siad mí-úsáid as an ainmniúchán mar CMA
ná nach dtugann siad le fios gur CMA iad gan an creat nua rialacháin a
chomhlíonadh. (19) Ba cheart na Rialacha nua is
infheidhme maidir le CMAnna a thógáil ar an gcreat rialála atá ann cheana agus
a bunaíodh le Treoir 2009/65/CE agus le Treoir 2011/61/CE agus leis
na gníomhartha a glacadh chun iad a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart
feidhm a bheith ag na rialacha maidir le táirgí a bhaineann le CMAnna sa bhreis
ar na rialacha atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais atá ann cheana ach
amháin má rinneadh iad a dhífheidhmiú go sainráiteach. Lena chois sin, na
rialacha bainistíochta agus margaíochta atá leagtha síos sa chreat atá ann
cheana, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le CMAnna, ag cur san áireamh cé
acu GCUInna nó CIManna iad. Ar an gcuma chéanna, na rialacha maidir le soláthar
trasteorann seirbhísí agus saoirse bhunaíochta atá leagtha síos i dTreoir 2009/65/CE
agus i dTreoir 2011/61/AE, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le
gníomhaíochtaí trasteorann CMAnna. (20) Ós rud é gur féidir le GCUInna
agus CIManna a bheith i riochtaí difriúla dlí nach dtugann dóibh pearsantacht
dhlítheanach i gcónaí, ba cheart a mheas, maidir leis na forálacha a
cheanglaíonn ar CMAnna gníomhú, gur ag tagairt do bhainisteoir an CMA atáthar i
gcásanna ina bhfuil an CMA bunaithe mar GCUI nó mar CIM nach féidir gníomhú
leis féin toisc nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige. (21) Faoi na rialacha maidir le
punann CMAnna, bheadh sé ina cheangal na catagóirí sócmhainní ar cheart go
bhféadfadh CMAnna infheistiú iontu agus na coinníollacha faoina mbeidís
incháilithe a shainaithint go soiléir. D'fhonn sláine CMAnna a áirithiú ba
mhaith an rud é, leis, toirmeasc a chur ar CMA idirbhearta airgeadais áirithe a
dhéanamh a chuirfeadh a straitéis agus a chuspóirí infheistíochta i mbaol. (22) Is éard atá in ionstraimí
margaidh airgid ionstraimí inaistrithe a dhéileáiltear air de ghnáth ar an
margadh airgeadais, mar bhillí údarás áitiúil agus billí státchiste, mar dheimhnithe
taisce, mar pháipéir thráchtála, mar ghlacthaí bainc nó mar nótaí meántéarmacha
nó fadtéarmacha. Níor cheart go bhféadfadh CMAnna infheistiú iontu ach a mhéid
a chomhlíonann siad teorainneacha aibíochta agus a mhéid a mheasann an CMA
cáilíocht ard creidmheasa a bheith acu. (23) Páipéir thráchtála a bhfuil
sócmhainní mar chúltaca acu, ba cheart a mheas gur ionstraimí incháilithe
margaidh airgid iad a mhéid a chomhlíonann siad ceanglais bhreise. Ó tharla go
raibh neamhchobhsaíocht mhór ag roinnt le hurrúsuithe áirithe le linn na
géarchéime, is gá teorainneacha aibíochta agus critéir cháilíochta a fhorchur i
leith bunsócmhainní. Toisc go raibh roinnt catagóirí bunsócmhainní níos
neamhchobhsaí ná an chuid eile, níor cheart gach catagóir díobh a bheith
incháilithe. I ngeall air sin, níor cheart a bheith sna bunsócmhainní ach
ionstraimí fiachais gearrthéarmacha a d'eisigh corparáidí le linn a gníomhaíochta
gnó, agus sin amháin, infháltais tráchtála mar shampla. Ionstraimí eile amhail
ionstraimí iasachta agus léasa carr, léasanna trealaimh, iasachtaí tomhaltóirí,
iasachtaí morgáistí le haghaidh áiteanna cónaithe, infháltais cártaí
creidmheasa, nó aon chineál eile ionstraime a bhaineann le ceannach nó maoiniú
earraí nó seirbhísí ag tomhaltóirí, níor cheart iad a bheith incháilithe. Ba
cheart dréachtú caighdeán rialála teicniúil a bheadh le faomadh ag an
gCoimisiún a chur de chúram ar ESMA a fhad a bhaineann leis na coinníollacha
agus na cásanna faoina meastar fiachas corparáideach, agus sin amháin, a bheith
sa bhunneamhchosaint nó sa bhunlinn neamhchosaintí agus a fhad a bhaineann leis
na coinníollacha agus na tairsí uimhriúla a chineann cathain atá fiachas
corparáideach d'ardcháilíocht chreidmheasa agus leachtach. (24) Ba cheart cead a bheith ag CMA
infheistiú i dtaiscí a mhéid is féidir leis airgead a aistharraingt aon am ar
leith. Laghdófaí an fhíor-fhéidearthacht go ndéanfaí an aistarraingt sin dá
mbeadh na pionóis ar aistarraingt luath chomh hard sin go mbeidís níos airde ná
an t‑ús a d'fhabhródh roimh an aistarraingt. Ar an ábhar sin, ba cheart
don CMA cúram cuí a ghlacadh gan taiscí a dhéanamh le hinstitiúid chreidmheasa
a ghearrann pionóis atá os cionn an mheáin ná taiscí rófhada a dhéanamh dá
dtiocfadh pionóis ró-ard as sin. (25) Níor cheart a bheith d'fheidhm
ag ionstraimí díorthacha is incháilithe d'infheistíocht ag CMA ach riosca a
bhaineann le rátaí úis agus airgeadraí a fhálú agus níor cheart a bheith mar
bhunionstraim acu ach rátaí úis, airgeadraí malartaithe nó innéacsaí a sheasann
do na catagóirí sin. Ba cheart toirmeasc a bheith ar úsáid díorthach chun gach
chríche eile agus ar a n‑úsáid agus sócmhainní de chineál eile mar bhonn
acu. Níor cheart díorthaigh a úsáid ach mar chomhlánú ar straitéis an chiste
agus níor cheart iad a úsáid mar phríomhionstraim chun cuspóirí an chiste a
bhaint amach. Dá n‑infheisteodh CMA i sócmhainní a bheadh lipéadaithe in
airgeadra seachas airgeadra an chiste, bheifí ag súil go bhfálódh an
bainisteoir CMA iomlán na neamhchosanta ar riosca airgeadra, lena n‑áirítear
trí dhíorthaigh a úsáid. (26) D'fhéadfadh CMAnna
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a úsáid chun airgead tirim a
infheistiú ar feadh achair fhíorghearr, ar chuntar go bhfuil an suíomh lán‑chomhthaobhaithe.
D'fhonn leasanna na n‑infheisteoirí a chosaint, is gá á áirithiú gur
d'ardchaighdeán atá an comhthaobhach a sholáthraítear mar chuid de
chomhaontuithe athcheannaigh. Níor cheart don CMA aon teicnící eile um
bainistiú éifeachtach punann a úsáid, lena n‑áirítear urrúis a thabhairt
agus a fháil ar iasacht, ráite gur dealraitheach go gcuirfidís isteach ar
bhaint amach chuspóirí an CMA. (27) D'fhonn teorainn a chur leis
an riosca a dtéann CMAnna ina bhfiontar, tá sé ríthábhachtach riosca
contrapháirtí a laghdú trí phunainn CMAnna a chur faoi réir ceanglas soiléir
maidir le héagsúlú. Chuige sin, is gá, leis, na comhaontuithe athcheannaigh
droim ar ais a bheith lán‑chomhthaobhaithe agus, d'fhonn teorainn a chur
leis an riosca oibriúcháin, is gá gan é a bheith ceadmhach níos mó ná 20% de
shócmhainní an CMA a bheith i gcontrapháirtí aon chomhaontú athcheannaigh droim
ar ais ar leith. Ba cheart gach díorthach thar an gcuntar a bheith faoi réir
Rialachán (AE) Uimh. 648/2012[5]. (28) Ar chúiseanna stuamachta agus
ionas nach n‑imreoidh CMA tionchar mór ar bhainistiú comhlachta eisiúna,
is gá cásanna a sheachaint ina bhfuil CMA an iomarca cistí ag CMA in
infheistíochtaí arna n‑eisiúint ag an aon chomhlacht eisiúna. (29) Ba cheart go mbeadh sé de
fhreagracht ar an CMA infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní incháilithe
d'ardcháilíocht. Dá bhrí sin, ba cheart nós imeachta maidir le measúnú
inmheánach atá stuama agus dian a bheith ag CMAnna chun cáilíocht chreidmheasa
na n‑ionstraimí margaidh airgid a bhfuil sé beartaithe acu infheistiú
iontu a mheas. I gcomhréir le reachtaíocht an Aontais a chuireann teorainn le
róspleáchas ar rátálacha creidmheasa, tá sé tábhachtach a áirithiú nach mbeidh
CMAnna ag brath ar dhóigh mheicniúil ar rátálacha a eisíonn gníomhaireachtaí
rátála agus cáilíocht sócmhainní incháilithe á measúnú acu. Chuige sin, ba
cheart don CMA córas rátála inmheánach a bhunú a bheadh bunaithe ar scála
comhchuibhithe rátála agus ar nós imeachta um measúnú inmheánach. (30) Ionas nach n‑úsáidfidh
bainisteoirí CMAnna critéir éagsúla measúnaithe leis an riosca creidmheasa a
bhaineann le hionstraim margaidh airgeadais a mheasúnú agus, dá dhroim sin,
saintréithe riosca éagsúla a lua leis an aon ionstraim, tá sé ríthábhachtach go
n‑úsáidfidh bainisteoirí na critéir chéanna. Chuige sin, ba cheart na
critéir rátála a bheith sainithe agus comhchuibhithe go beacht. Samplaí de
chritéir rátála inmheánacha is ea tomhais chainníochta i leith eisitheoir na
hionstraime, e.g. cóimheasa airgeadais, forás an chláir chomhordaithe,
treoirlínte brabúsachta, tomhais a mheasúnaítear agus a chuirtear i gcomparáid
leo siúd atá ag piaraí agus grúpaí den earnáil chéanna; tá tomhais cháilíochta
ann freisin i leith eisitheoir na hionstraime, e.g. éifeachtúlacht a
bhainistíochta agus a stráitéis chorparáideach, tomhais a ndéantar anailís
orthu féachaint a dheimhniú nach gcuirfidh straitéis fhoriomlán an eisitheora
isteach ar a cháilíocht chreidmheas sa todhchaí. Is é ciall ba cheart a bheith
leis na rátálacha inmheánacha is airde a thabhairt d'eisitheoir ionstraimí go
mbíonn a acmhainneacht creidmheasa seasta i gcónaí ag an leibhéal is airde is féidir
é. (31) D'fhonn córas rátála
inmheánach a bheadh trédhearcach comhleanúnach a fhorbairt, ba cheart don
bhainisteoir na nósanna imeachta um measúnú inmheánach a dhoiciméadú. Ba cheart
go n‑áiritheodh sé sin go leanfaidh an nós imeachta sraith shoiléir
rialacha ar féidir faireachán a dhéanamh orthu agus go ndéanfar na
modheolaíochtaí atáthar a leanúint a chur in iúl do na geallsealbhóirí a
mbaineann sé leo nuair a iarrtar sin. (32) Chun an riosca a bhaineann le
punann CMA a laghdú tá sé tábhachtach teorainneacha a shocrú, agus foráil a
dhéanamh maidir le huas‑mheánaibíocht ualaithe incheadaithe agus meánré
ualaithe. (33) Úsáidtear an mheánaibíocht
ualaithe chun íogaireacht CMA ar athruithe ar rátálacha úis an mhargaidh airgid
a thomhas. Agus an mheánaibíocht ualaithe á cinneadh, ba cheart do
bhainisteoirí tionchar ionstraimí airgeadais díorthacha, taiscí, agus
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus a n‑éifeacht ar riosca ráta
úis an CMA a chur san áireamh. Nuair a dhéanann CMA idirbheart babhtála d'fhonn
a bheith neamhchosanta ar ionstraim ráta sheasta seachas ar ráta comhlúthach,
ba cheart sin a chur san áireamh agus an mheánaibíocht ualaithe á cinneadh. (34) Úsáidtear an mheánré ualaithe
chun an riosca creidmheasa a thomhas, ó tharla go méadaíonn an riosca
creidmheasa de réir mar a chuirtear aisíoc an phrionsabail ar atráth. Úsáidtear
an mheánré ualaithe chun an riosca leachtacha a theorannú freisin. Murab ionann
is ríomh na meánaibíochta ualaithe, is é an chaoi nach féidir dátaí
athshocraithe rátaí úis a úsáid chun meánré ualaithe urrús ráta chomhlúthaigh
agus ionstraimí airgeadais struchtúrtha a ríomh, ní féidir ach dáta deiridh
aibíochta sonraithe na hionstraime airgeadais a úsáid. Is í aibíocht a
úsáidtear chun an mheánré ualaithe a ríomh an aibíocht iarmharach go dtí an
fhuascailt dhlíthiúil, arae is é sin an t‑aon dáta amháin ar féidir an
comhlacht bainistíochta a bheith deimhin de go mbeidh an ionstraim aisíoctha
roimhe. Tá gnéithe áirithe d'ionstraimí ann, amhail an fhéidearthacht an
fhuascailt a dhéanamh ar dhátaí sonracha – is é sin na céadroghanna ar dhíol –,
agus ní féidir iad a chur san áireamh i ríomh na meánré ualaithe. (35) D'fhonn neartú ar chumas
CMAnna déileáil le fuascailtí agus d'fhonn cosc a chur ar leachtú a sócmhainní
ar phraghsanna a bhfuil mór-lascaine déanta orthu, ba cheart íosmhéid
sócmhainní leachtacha a bhíonn ag aibiú go laethúil nó go seachtainiúil a
bheith ina seilbh acu i gcónaí ag CMAnna. Is é rud ba cheart a úsáid chun an
coibhneas de shócmhainní a aibíonn go laethúil agus go seachtainiúil a ríomh an
dáta fuascailte dlíthiúil. Is féidir féidearthacht an bhainisteora conradh a
fhoirceannadh ar bhonn gearrthéarmach a chur san áireamh. Mar shampla, más
féidir comhaontú athcheannaigh droim ar ais a fhoirceannadh ar réamhfhógra lae,
ba cheart a mheas gur sócmhainn a aibíonn go laethúil é. Má tá féidearthacht ag
an mbainisteoir airgead a aistharraingt ó chuntas taisce ar réamhfhógra lae, is
féidir a mheas gur sócmhainn a aibíonn go laethúil é. (36) Ós ní é gur féidir le CMAnna
infheistiú i sócmhainní a bhfuil raonta aibíochta éagsúla acu, ba cheart go
mbeadh infheisteoirí in ann idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla
CMAnna. Dá bhrí sin, ba cheart CMAnna a aicmiú ina CMAnna gearrthéarmacha nó ina
CMA fadtéarmacha. Tá de chuspóir ag CMAnna gearrthéarmacha torthaí an mhargaidh
airgeadais a thairiscint, agus san am céanna an leibhéal sábháilteachta is
airde is féidir é a thabhairt d'infheisteoirí. I gcás meánaibíochta ualaithe
agus meánré ualaithe, coinnítear riosca faid agus riosca creidmheasa na CMAnna
gearrthéarmacha ag leibhéil an‑íseal. (37) Tá de chuspóir ag CMAnna
caighdeánacha torthaí a thairiscint atá pas níos airde ná torthaí an mhargaidh
airgid, agus dá bhrí sin, infheistíonn siad i sócmhainní a bhfuil aibíocht
shínte acu. Ina theannta sin, chun na torthaí is fearr sin a bhaint amach, ba
cheart cead a bheith ag an gcatagóir sin CMAnna teorainneacha sínte a úsáid don
riosca punann, cuir i gcás meánaibíocht ualaithe agus meánré ualaithe. (38) Faoi na rialacha atá leagtha
síos in Airteagal 84 de Threoir 2009/65/CE, is féidir le bainisteoirí
CMAnna ar GCUInna iad fuascailtí a chur ar fionraí go sealadach i gcásanna
eisceachtúla nuair is gá sin. Faoi na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 16
de Threoir 2011/61/AE agus in Airteagal 47 de Rialachán Tarmligthe ón
gCoimisiún (AE) Uimh. 231/2013[6],
féadfaidh bainisteoirí CMAnna ar CIManna iad dul i muinín socruithe speisialta
d'fhonn a bheith in ann chuig aon neamhleachtacht a d'fhéadfadh teacht chun
cinn i sócmhainní an chiste. (39) Tá sé tábhachtach gan
bainistiú riosca CMAnna a bheith á chlaonadh ag cinntí gearrthéarmacha a
dhéantar i bhfianaise na rátála a d'fhéadfaí a thabhairt don CMA. Dá bhrí sin,
is gá toirmeasc a chur ar CMA nó ar a bhainisteoir iarraidh a dhéanamh go
rátálfaidh gníomhaireacht rátála creidmheasa an CMA, ionas nach n‑úsáidfear
an rátáil sin chun críocha margaíochta. Ba cheart don CMA nó dá bhainisteoir
staonadh ó mhodhanna eile a úsáid chun rátáil ar an CMA a fháil. I gcás ina
ndéanfaí rátáil sheachtrach ar CMA, ar chonlán na gníomhaireachta rátála
creidmheasa nó ar bhonn iarrata ó thríú páirtí atá neamhspleách ar an CMA nó ar
a bhainisteoir agus nach bhfuil ag gníomhú thar a gceann, ba cheart do
bhainisteoir an CMA staonadh óna bheith ag brath ar chritéir a bhí mar bhunús
leis an rátáil sheachtrach sin. D'fhonn bainistiú iomchuí leachtacha a
áirithiú, tá sé riachtanach CMAnna beartais agus nósanna imeachta fónta a chur ar
bun féachaint aithne a chur ar a gcuid infheisteoirí. Maidir leis na beartais sin
a chaithfidh an bainisteoir a chur ar bun, ba cheart go mbeidís ina gcuidiú
tuiscint a fháil ar infheisteoirí an CMA, tuiscint a d'fhágfadh go bhféadfaí
fuascailtí móra a dhéanamh amach roimh ré. Ionas nach bhfaighidh an CMA
iarratais mhóra gan choinne ar fhuascailtí, ba cheart aird a leith a thabhairt
ar infheisteoirí móra a mbaineann cuid shubstaintiúil de shócmhainní an CMA
leo, mar shampla infheisteoir amháin a mbaineann níos mó ná an chuid sin de
sócmhainní a aibíonn go laethúil leis. Sa chás sin ba cheart don CMA an méid de
shócmhainní a aibíonn go laethúil atá aige a mhéadú go dtí méid an infheisteora
sin. Gach uair is féidir é, ba cheart don bhainisteoir aitheantas na n‑infheisteoirí
a dhéanamh amach, fiú amháin más cuntais ainmnithigh, tairsigh nó aon
cheannaitheoir indíreach eile atá ag déanamh ionadaíochta dóibh. (40) Mar chuid den bhainistiú
riosca stuama, ba cheart do CMAnna tástáil struis a dhéanamh go tráthrialta.
Bítear ag siúl go ngníomhóidh bainisteoirí CMAnna chun na CMAnna a neartú aon
uair a léiríonn an tástáil struis go bhfuil laigí iontu. (41) D'fhonn luach iarbhír
sócmhainní a léiriú, is marcáil ón margadh an modh ba cheart a úsáid chun
sócmhainní CMAnna a luacháil. Níor cheart cead a bheith ag bainisteoir modh
luachála na marcála de réir samhla a úsáid i gcás ina dtugann marcáil ón
margadh luacháil iontaofa ar an sócmhainn, ráite gur féidir modh luachála na
marcála de réir samhla luacháil a thabhairt nach bhfuil chomh cruinn céanna.
Sócmhainní amhail billí údarás áitiúil agus billí státchiste, nótaí
meántéarmacha agus gearrthéarmacha, sin iad na sócmhainní ar gnách an luacháil
marcála ón margadh ina leith a bheith cruinn. Maidir le páipéir thráchtála nó
deimhnithe taisce a luacháil, ba cheart don bhainisteoir féachaint an bhfuil
margadh tánaisteach ann a thugann praghsáil chruinn. Ba cheart a mheas gur
meastachán maith ar luach an pháipéir tráchtála atá sa phraghas athcheannaigh
atá an t‑eisitheoir a thairiscint. I ngach cás eile, ba cheart don
bhainisteoir meastachán a thabhairt ar an luach, e.g. trí shonraí margaidh a
úsáid amhail torthaí eisiúintí agus eisitheoirí inchomparáide. (42) Tá de chuspóir ag CMAnna ar
seasmhach glanluach a sócmhainní, caipiteal na hinfheistíochta a chaomhnú agus
san am céanna ardleibhéal leachtachta a áirithiú. Bíonn glanluach sócmhainní in
aghaidh an aonaid nó na scaire ag bunús na CMAnna ar seasmhach glanluach a
sócmhainní, agus é socraithe mar shampla, ag EUR 1, USD 1, nó GBP 1, nuair a
dháileann siad an t‑ioncam ar na hinfheisteoirí. Na CMAnna eile, carnann
siad an t‑ioncam i nglanluach sócmhainní an chiste a fhad agus atá luach
intreach na sócmhainne á choinneáil ag luach seasmhach. (43) Chun saintréithe CMAnna ar
seasmhach glanluach a shócmhainní a chur san áireamh, tá sé riachtanach cead a
bheith acu modh an chostais amúchta a úsáid chun an glanluach sócmhainní
seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a chinneadh. Ina ainneoin sin, chun
a áirithiú go ndéanfar faireachán i rith an ama ar an difear idir glanluach
sócmhainní seasmhach ina aghaidh an aonaid nó na scaire agus an glanluach
sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire, ba cheart do CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní luach a sócmhainní a ríomh le modh na marcála ón
margadh nó le modh na marcála de réir samhla. (44) Ó tharla gur cheart do CMA glanluach
sócmhainní a fhoilsiú a léiríonn gluaiseachtaí uile i luach a shócmhainní, ba
cheart an glanluach sócmhainní a shlánú, ar a mhéad, go dtí an bonnphointe is
gaire nó go dtí a choibhéis. Dá bharr sin, nuair a fhoilsítear an glanluach
sócmhainní in airgeadra ar leith, e.g. EUR 1, ba cheart an t‑athrú
incriminteach ar an luach a dhéanamh gach EUR 0, 0001. I gcás glanluach
sócmhainní atá ag EUR 100, ba cheart an t‑athrú incriminteach a dhéanamh
gach EUR 0, 01. Sa chás gur CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní atá
sa CMA, agus sa chás sin amháin, is féidir leis an CMA praghas a fhoilsiú nach
leanann go dlúth na gluaiseachtaí i luach a shócmhainní. Sa chás sin is féidir
an glanluach sócmhainní a shlánú go dtí an cent is cóngaraí i gcás glanluacha
sócmhainní atá ag EUR 1 (gach gluaiseacht EUR 0, 01). (45) Ionas go mbeidh sé in ann
chuig luaineacht laethúil ar luach sócmhainní CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní agus ionas go bhféadfaidh sé glanluach sócmhainní seasmhach in
aghaidh an aonaid nó na scaire a thairiscint, ba cheart maolán glanluacha
sócmhainní (GLS) arb ionann é agus 3% dá shócmhainní a bheith i gcónaí ag an
CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. Ba cheart go bhfeidhmeodh an maolán GLS
mar shásra ionsúcháin chun glanluach sócmhainní a choinneáil seasmhach. Ba
cheart gach difear idir glanluach sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na
scaire agus an glanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a chur ar
ceal leis an maolán GLS. Nuair a bhíonn an margadh faoi strus, tráth is féidir
méadú mór teacht ar na difir sin, ba cheart nós imeachta a bheith ann a
d'áiritheodh rannpháirteachas an tslabhra bainistíochta ar fad. Ba cheart go
gcuirfeadh an nós imeachta géaraithe sin ar a cumas do lucht bainistíochta
sinsearaí bearta ceartaitheacha a dhéanamh go pras. (46) Ó tharla nach féidir le CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní agus nach gcoinníonn an maolán GLS ag an
leibhéal is gá glanluach sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire
a choinneáil ar bun, ba cheart ceangal a bheith air an glanluach sócmhainní a
luainiú. Dá bhrí sin, má ráiníonn, in ainneoin úsáid an nós imeachta géaraithe,
go leanann méid an mhaoláin GLS de bheith 10 mbonnphointe faoi bhun an 3% is gá
ar feadh míosa, ba cheart go n‑iompódh an CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní go huathoibríoch ina CMA nach bhfuil cead aige modh an chostais
amúchta a úsáid ná slánú go dtí an pointe céatadáin is cóngaraí a dhéanamh. Más
rud é, roimh dheireadh na míosa a thugtar chun an maolán a athlíonadh, go
measann údarás inniúil go bhfuil cúiseanna réasúnta aige le creidiúint nach
bhfuil CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní in ann an maolán a athlíonadh,
ba cheart é a bheith de chumhacht aige CMA nach CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní a dhéanamh den CMA. Is é an maolán GLS an t‑aon mhodh amháin
lenar féidir tacaíocht sheachtrach a thabhairt do CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní. (47) Tacaíocht sheachtrach a
thugtar do CMA nach CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní é d'fhonn
leachtacht nó cobhsaíocht an CMA a áirithiú nó tacaíocht a bhfuil sin de
thoradh uirthi, méadaíonn sí an riosca éifeachta gabhála idir earnáil na CMAnna
agus an chuid eile den earnáil airgeadais. Triú páirtithe a thugann tacaíocht
den sórt sin, is lena leas í a thabhairt, toisc go bhfuil leas eacnamaíoch acu
sa chomhlacht bainistíochta atá ag bainistiú an CMA, sin nó toisc nach mian leo
go smálfar a chlú trína bheith luaite le teip CMA. Ós rud é nach ngeallann na
tríú páirtithe sin go sainráiteach an tacaíocht a thabhairt ná í a ráthú, ní
bhítear cinnte an dtabharfar an tacaíocht sin nuair a bheidh gá ag an CMA léi.
Sna himthosca sin, is móide neamhchinnteacht ghníomhaithe an mhargaidh maidir
le cé a sheasfaidh caillteanais an CMA, má bhíonn caillteanais ann, tacaíocht an
urraitheora a bheith de chineál lánroghnach. Is dealraitheach go bhfágann an
neamhchinnteacht sin gur móide leochaileacht CMAnna ar ollráchairtí le linn
tréimhsí neamhchobhsaíochta airgeadais, tráth a bhíonn rioscaí airgeadais níos
mó ná mar is gnách agus a bhíonn ábhar imní ann faoi fholláine na n‑urraitheoirí
agus a gcumas tacaíocht a thabhairt do CMAnna cleamhnaithe. Ar na cúiseanna
sin, níor cheart CMAnna a bheith i dtuilleamaí tacaíocht sheachtrach chun a
leachtacht agus cobhsaíocht an ghlanluacha sócmhainní in aghaidh an aonaid nó
na scaire a chaomhnú mura ndearna údarás inniúil an CMA an tacaíocht
sheachtrach a údarú go sonrach d'fhonn cobhsaíocht na margaí airgeadais a
chothú. (48) Ba cheart a chur in iúl go
soiléir d'infheisteoirí, roimh dóibh infheistiú in CMA, cé acu de chineál
gearrthéarmach nó de chineál fadtéarmach an CMA agus an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní é nó nach ea. Ionas nach mbeidh aon dul amú ar
infheisteoirí, ní mór a rá go soiléir, leis, in aon doiciméad margaíochta nach
aon mhodh cinnte infheistíochta CMAnna. Ba cheart do CMAnna ar seasmhach
glanluach a shócmhainní míniú go soiléir d'infheisteoirí cé an sásra maoláin
atá siad a úsáid chun an glanluach sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó
na scaire a chothú. (49) D'fhonn a áirithiú go
bhféadfaidh údaráis inniúla rioscaí i margadh na CMAnna a bhrath, faireachán a
dhéanamh orthu agus gníomhú ina leith, ba cheart do CMAnna liosta mionsonraithe
faisnéise a thuairisciú dá n‑údaráis inniúla, sa bhreis ar an tuairisciú
a cheanglaítear cheana faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE.
Ba cheart d'údaráis inniúla na mionsonraí sin a bhailiú ar dhóigh éifeachtach
ar fud an Aontais chun eolas domhain a chur ar na príomhathruithe a thagann ar
mhargadh na CMAnna. D'fhonn anailís fhoriomlán a dhéanamh ar na cineálacha
tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag margadh na CMAnna san Aontas, ba cheart na
mionsonraí sin a tharchur chuig an Údarás Eorpach Urrús agus Margaí (ESMA) agus
ba cheart don údarás sin bunachar sonraí lárnach do CMAnna a chruthú. (50) Ba cheart d’údarás inniúil an CMA
fíorú go bhfuil CMA in ann an Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.
Ós rud é go bhfuil cumhachtaí leathana ar fáil ag na húdaráis inniúla cheana
faoi Threoir 2009/65/EC agus Treoir 2011/61/AE, is gá na cumhachtaí
sin a leathnú chun go bhfeidhmeofar iad i gcomhréir leis na comhrialacha nua
maidir le CMAnna. Ba cheart d'údaráis inniúla GCUI nó CIM a fíorú go bhfuil na
rialacha á gcomhlíonadh ag gach comhghnóthas infheistíochta ina bhfuil saintréithe
CMA agus atá ann tráth teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. (51) Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis an nós imeachta maidir le measúnú
inmheánach, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais
Eorpaigh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun
comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le
saineolaithe san áireamh. (52) Ba cheart go dtabharfaí de
chumhacht freisin don Choimisiún caighdeáin theicniúla chur chun feidhme a
ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal 291
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir le hAirteagal 15
de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010[7].
Ba cheart dréachtú caighdeán teicniúil cur chun feidhme atá le cur faoi bhráid
an Choimisiúin a chur de chúram ar ESMA a fhad a bhaineann leis an teimpléad tuairiscithe
ina mbíonn faisnéis faoi CMAnna atá le cur in iúl do na húdaráis inniúla. (53) Ba cheart ESMA a bheith in ann
na cumhachtaí uile a thugtar faoi Threoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE
maidir leis an Rialachán seo a fheidhmiú. Ina theannta sin, forbairt
dréachtchaighdeán theicniúil rialála agus cur chun feidhme curtha de chúram air. (54) Tá sé ríthábhachtach
athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo d'fhonn a oiriúnaí atá sé CMAnna
áirithe ar seasmhach glanluach a shócmhainní a bhfuil a gcuid punann
infheistíochta comhchruinnithe i bhfiachas arna eisiúint ag na Ballstáit a
dhíolmhú ón gceanglas maolán caipitil a bhunú arb ionann é agus 3% ar a laghad
de luach iomlán shócmhainní an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. Dá
bhrí sin, sna chéad trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialachán seo, ba
cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar an taithí a bheidh faighte ó chur i
bhfeidhm an Rialacháin seo agus ar a impleachtaí do ghnéithe eacnamaíocha
éagsúla de CMAnna. Is éard atá san fhiachas arna eisiúint nó arna ráthú ag na
Ballstáit catagóir ar leith infheistíochta a bhfuil tréithe sonracha
creidmheasa agus leachtachta ag baint léi. Ina cheann sin, tá ról
ríthábhachtach ag an bhfiachas ceannasach i maoiniú na mBallstát. Ba cheart don
Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fhorás mhargadh an fhiachais
cheannasaigh arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus ar an
bhféidearthacht creat speisialta a chruthú do CMAnna lena ndíreofaí a mbeartas
infheistíochta CMAnna ar an gcineál sin fiachais. (55) Ba cheart na rialacha nua
aonfhoirmeacha maidir le CMAnna a bheith ag comhlíonadh
fhorálacha Threoir 95/46/CE[8]
agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001[9]. (56) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá, ceanglais aonfhoirmeacha
stuamachta a bhfuil feidhm acu maidir le CMAnna ar fud an Aontais a áirithiú, agus
san am céanna an gá a chur san áireamh atá le cothromaíocht a bhaint amach idir
sábháilteacht agus iontaofacht CMAnna ar thaobh amháin agus feidhmiú
éifeachtach na margaí airgeadais agus na costais a chuirtear ar
gheallsealbhóirí na margaí sin ar an taobh eile, nach féidir leo iad a bhaint
amach go leordhóthanach agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, mar gheall ar a
scála agus a n‑éifeachtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais,
féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an
Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach
san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach
chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (57) Leis na rialacha nua
aonfhoirmeacha maidir le CMAnna, urraimítear na cearta bunúsacha agus
comhlíonann siad na prionsabail a aithnítear go háirithe, i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe cosaint tomhaltóirí, an tsaoirse
chun gnó a sheoladh, an ceart chun leigheas agus triail chóir a fháil agus
cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart na rialacha nua aonfhoirmeacha maidir le
CMAnna a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta sin agus na prionsabail
sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁIN SEO A GHLACADH: Caibidil
I
Forálacha ginearálta Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Leagtar síos leis an
Rialachán seo rialacha maidir leis na hionstraimí airgeadais is féidir le
CMAnna infheistiú iontu, punann agus luacháil an chiste sin, agus ceanglais
tuairiscithe maidir le CMA arna bhunú, arna bhainistiú nó arna mhargú san
Aontas. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
gnóthais chomhinfheistíochta a dteastaíonn údarú uathu mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE,
nó ar CIManna iad faoi Threoir 2011/61/AE, a dhéanann infheistíocht i
sócmhainní gearrthéarmacha agus arb iad na cuspóirí sonracha nó carnacha atá
acu torthaí a thairiscint i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid nó luach na
hinfheistíochta a chaomhnú. 2. Ní chuirfidh na Ballstáit aon
cheanglas breise leis an réimse a chumhdaíonn an Rialachán seo. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn 'sócmhainní gearrthéarmacha' sócmhainní
airgeadais a bhfuil aibíocht iarmharach acu nach mó ná dhá bhliain; (2)
ciallaíonn 'ionstraimí margaidh airgid' ionstraimí
margaidh airgid mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(o) de Threoir 2009/65/CE; (3)
ciallaíonn 'urrúis inaistrithe' urrúis inaistrithe
mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(n) de Threoir 2009/65/CE; (4)
ciallaíonn 'comhaontú athcheannaigh' aon chomhaontú
ina n‑aistríonn páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann leis an
teideal sin chuig contrapháirtí, faoi réir gealltanais go n‑athcheannóidh
sé iad ar phraghas sonraithe ar dháta níos déanaí atá sonraithe nó atá le
sonrú; (5)
ciallaíonn 'comhaontú athcheannaigh droim ar ais'
aon chomhaontú ina bhfaigheann páirtí amháin urrúis nó aon chearta a bhaineann
le teideal nó le hurrús, ó chontrapháirtí, faoi réir gealltanais go ndíolfar ar
ais iad ar phraghas sonraithe ar dháta níos déanaí atá sonraithe nó atá le
sonrú; (6)
ciallaíonn 'urrúis a thabhairt ar iasacht' agus
'urrúis a fháil ar iasacht' aon idirbheart ina n‑aistríonn institiúid nó
a contrapháirtí urrúis faoi réir gealltanais go dtabharfaidh an t‑iasachtaí
urrúis choibhéiseacha ar ais ar dháta níos déanaí nó nuair a iarrfaidh an t‑aistreoir
sin air, nuair is ionann an t‑idirbheart sin agus urrúis a thabhairt ar
iasacht don institiúid atá ag aistriú na n‑urrús agus urrúis a fháil ar
iasacht ag an institiúid a bhfuil siad á n‑aistriú chuici; (7)
ciallaíonn 'urrúsú' urrúsú mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(61)
de Rialachán 575/2013[10]; (8)
ciallaíonn 'fiachas corparáideach' ionstraimí
fiachais arna n‑eisiúint ag gnóthas atá, dáiríre, i mbun earraí nó
seirbhísí neamhairgeadais a tháirgeadh nó a thrádáil; (9)
ciallaíonn 'marcáil ón margadh' luacháil suíomhanna
ar phraghsanna socraíochta a bhfuil fáil éasca orthu agus a bhfuil foinse
neamhspleách acu, lena n‑áirítear praghsanna malartaithe,
scáileánphraghsanna nó meastacháin ó roinnt bróicéirí neamhspleácha creidiúnacha; (10)
ciallaíonn 'marcáil de réir samhla' aon luacháil is
gá a thagarmharcáil, a eachtarshuí nó a ríomh ar bhealach eile ó ionchur
margaidh amháin nó níos mó; (11)
ciallaíonn 'modh an chostais amúchta' modh luachála
arb é atá ann costas éadála sócmhainne a choigeartú chun préimheanna (nó
lascainí) a amúchadh go dtí tráth na haibíochta; (12)
ciallaíonn 'ciste margaidh airgid ar seasmhach
glanluach a shócmhainní' (CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní) ciste
margaidh airgid a choinníonn glanluach sócmhainní gan athrú in aghaidh an
aonaid nó na scaire; i gcás ina bhfabhraítear ioncam sa chiste ar bhonn
laethúil nó inar féidir é a íoc leis an infheisteoir, agus i gcás ina ndéantar
sócmhainní a luacháil go ginearálta de réir mhodh an chostais amúchta, nó i
gcás ina slánaítear an glanluach sócmhainní go dtí an pointe céatadáin is gaire
nó a choibhéis in airgeadra; (13)
ciallaíonn 'CMA gearrthéarmach' ciste margaidh
airgid a infheistíonn sna hionstraimí incháilithe margaidh airgid dá
dtagraítear in Airteagal 9(1); (14)
ciallaíonn 'CMA caighdeánach' ciste margaidh airgid
a infheistíonn sna hionstraimí incháilithe margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 9(1)
agus (2); (15)
ciallaíonn 'institiúidí creidmheasa' institiúid
chreidmheasa mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán
575/2013; (16)
ciallaíonn 'údarás inniúil an CMA': (a)
i gcás GCUInna, údarás inniúil Bhallstát baile an
GCUI arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir 2009/65/CE (b)
i gcás CIManna de chuid an AE, údarás inniúil
Bhallstát baile an CIM mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(p) de Threoir 2011/61/AE; (c)
i gcás CIManna neamh‑AE: (i) údarás inniúil an Bhallstáit ina
ndéantar an CIM neamh‑AE a mhargú san Aontas gan phas; (ii) údarás inniúil an bhainisteora CIM de
chuid an AE a bhainistíonn an CIM neamh‑AE, i gcás ina margaítear an CIM
neamh‑AE san Aontas le pas, nó nach ndéantar é a mhargú san Aontas; (iii) údarás inniúil an Bhallstáit tagartha i
gcás nach mbainistíonn bainisteoir CIM de chuid an AE an CIM neamh‑AE
agus ina ndéantar é a mhargú san Aontas le pas; (17)
ciallaíonn 'Ballstát baile an CMA' an Ballstát ina
bhfuil an CMA údaraithe; (18)
ciallaíonn 'meánaibíocht ualaithe' an mheántréimhse
a thógann sé ar na bunsócmhainní ar fad sa chiste aibíocht dhlíthiúil a bhaint
amach nó, más giorra í, go dtí an chéad ráta úis eile a athshocrófar de réir an
ráta margaidh airgid, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach
sócmhainn; (19)
ciallaíonn 'meánré ualaithe' an mheántréimhse a
thógann sé ar na bunsócmhainní ar fad sa chiste aibíocht dhlíthiúil a bhaint
amach, rud a léiríonn na sealúchais choibhneasta i ngach sócmhainn; (20)
ciallaíonn 'aibíocht dhlíthiúil' an dáta ar a
bhfuil bunairgead urrúis le haisíoc ina iomláine nach bhfuil faoi réir
roghnaíochta; (21)
ciallaíonn 'aibíocht iarmharach' fad na tréimhse go
dtí an aibíocht dhlíthiúil; (22)
ciallaíonn 'díol folamh' díol neamhchumhdaithe
ionstraimí margaidh airgid. Airteagal 3
CMAnna a údarú 1. Ní dhéanfar aon ghnóthas
comhinfheistíochta a bhunú, a mhargú ná a bhainistiú san Aontas mar CMA ach
amháin má údaraítear é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh an t‑údarú sin bailí do na Ballstáit
ar fad. 2. Déanfar gnóthas
comhinfheistíochta a theastaíonn údarú uaidh mar GCUI faoi Threoir 2009/65CE
a údarú mar CMA mar chuid den nós imeachta údarúcháin de bhun Threoir 2009/65/CE. 3. Déanfar gnóthas
comhinfheistíochta ar CIM é a údarú mar CMA de bhun an nós imeachta údarúcháin
atá leagtha síos in Airteagal 4. 4. Ní dhéanfar aon ghnóthas
comhinfheistíochta a údarú mar CMA ach amháin má tá údarás inniúil an CMA sásta
go mbeidh an CMA in ann ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh. 5. Chun críocha údarúcháin,
cuirfidh an CMA na doiciméid seo a leanas faoi bhráid a údaráis inniúil: (a)
rialacha an chiste nó na hionstraimí
ionchorprúcháin; (b)
doiciméad aitheanais an bhainisteora; (c)
doiciméad aitheanais an taiscí; (d)
tuairsic ar an CMA atá ar fáil d'infheisteoirí, nó
faisnéis faoi; (e)
tuairisc agus faisnéis faoi na socruithe agus na
nósanna imeachta is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidlí II go VII a
chomhlíonadh; (f)
aon fhaisnéis nó doiciméad eile a iarrann údarás
inniúil an CMA chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú. 6. Cuirfidh na húdaráis inniúla
an ESMA ar an eolas, gach ráithe, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna
dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo. 7. Coinneoidh ESMA clár lárnach
poiblí ina sainaithneofar gach CMA arna údarú faoin Rialachán seo mar aon le
tíopeolaíocht, bainisteoir agus údarás inniúil na CMAnna sin. Cuirfear an clár
ar fáil i bhformáid leictreonach. Airteagal 4
Nós imeachta chun CIManna a údarú mar CMAnna 1. Ní údarófar CIM mar CMA ach
amháin má ghlacann údarás inniúil an CIM le hiarratas ó bhainisteoir CIM arna
údarú faoi Threoir 2011/61/AE an CIM, rialacha an chiste agus rogha an
taiscí a bhainistiú. 2. Nuair atá an t‑iarratas
á chur isteach ar an CIM a bhainistiú, cuirfidh an bainisteoir CIM arna údarú
an méid seo a leanas ar fáil d'údarás inniúil an CMA: (g)
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí; (h)
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le
bainistiú punainne agus riosca agus le riarachán i ndáil leis an CIM; (i)
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, an
phróifíl riosca agus saintréithe eile CIManna a bhfuil an bainisteoir CIM
údaraithe a bhainistiú. Féadfaidh údarás inniúil an CMA soiléiriú a
iarraidh ar údarás inniúil an bhainisteora CIM chomh maith le faisnéis faoi na
doiciméid dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo, nó dearbhú i dtaobh CMAnna a
bheith faoi raon feidhme údarú bainistithe an bhainisteora CIM. Tabharfaidh
údarás inniúil an bhainisteora CIM freagra laistigh de 10 lá oibre tar éis dó
an t‑iarratas a fháil ó údarás inniúil an CMA. 3. Déanfaidh an bainisteoir CIM
aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 2
a chur in iúl láithreach d'údarás inniúil an CMA. 4. Ní fhéadfaidh údarás inniúil
an CMA iarratas an bhainisteora CIM a dhiúltú ach sna cásanna seo a leanas: (j)
ní chomhlíonann an bainisteoir CIM an Rialachán
seo; (k)
ní chomhlíonann an bainisteoir CIM Treoir 2011/61/AE; (l)
ní thugann an t‑údarás inniúil údarú don
bhainisteoir CIM CMAnna a bhainistiú; (m)
ní chuireann an bainisteoir CIM na doiciméid dá
dtagraítear i mír 2 ar fáil. Sula ndiúltaíonn sé d'iarratas, rachaidh údarás
inniúil an CMA i gcomhairle le húdarás inniúil an bhainisteora CIM. 5. Ní bheidh údarú an CIM mar
CMA faoi réir ceanglais go ndéanfaidh bainisteoir CIM arna údarú i mBallstát
baile an CIM bainistiú ar an CIM, ná ceanglais go saothróidh nó go dtarmligfidh
an bainisteoir CIM aon ghníomhaíochtaí i mBallstát baile an CIM. 6. Cuirfear an bainisteoir CIM
ar an eolas laistigh de dhá mhí ón iarratas iomlán a fháil cibé ar tugadh nó
nár tugadh údarú don CIM mar CMA. 7. Ní thabharfaidh údarás
inniúil an CMA údarú má dhéantar an CIM a chosc go dlíthiúil ar a aonaid nó a
scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile. Airteagal 5
Úsáid an ainmniúcháin 'CMA' 1. Ní úsáidfidh GCUI ná CIM an t‑ainmniúchán
'ciste margaidh airgid' nó 'CMA' i dtaca leis féin ná leis na haonaid nó na
scaireanna a eisíonn sé ach amháin i gcás ina bhfuil an GCUI nó an CIM
údaraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ní úsáidfidh GCUI nó CIM ainmniúchán a thugann le
fios gur ciste margaidh airgid atá ann ná ní úsáidfidh siad téarmaí amhail
'airgead tirim', 'leacht,' airgead', 'sócmhainní réidh', 'taisce' nó focail atá
cosúil leo sin ach amháin i gcás inar údaraíodh iad i gcomhréir leis an Rialachán
seo. 2. Cuimseofar faoi úsáid an
ainmniúcháin 'ciste margaidh airgid', 'CMA' nó úsáid ainmniúcháin a thugann le
fios gur CMA atá ann, nó úsáid na dtéarmaí dá dtagraítear i mír 1, cuimseofar
úsáid an ainmniúcháin in aon doiciméid sheachtracha nó inmheánacha,
tuarascálacha, ráitis, fógraí, cumarsáidí, litreacha nó aon ábhar eile atá
dírithe ar infheisteoirí ionchasacha, sealbhóirí-aonaid, scairshealbhóirí nó
údaráis inniúla, nó atá beartaithe lena ndáileadh orthu, i scríbhinn, de bhéal,
go leictreonach nó i bhfoirm ar bith eile. Airteagal 6
Rialacha is infheidhme 1. Comhlíonfaidh CMA forálacha
an Rialacháin seo i gcónaí. 2. Comhlíonfaidh CMA ar GCUI é,
agus bainisteoir an CMA sin, ceanglais Threoir 2009/65/CE i gcónaí, ach
amháin má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. 3. Déanfaidh CMA ar CMI é, agus
bainisteoir an CMA sin, ceanglais Threoir 2011/61/AE i a chomhlíonadh i
gcónaí, ach amháin má shonraítear a mhalairt sa Rialachán seo. 4. Beidh bainisteoir an CMA
freagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Beidh an bainisteoir
faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a thig as
neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo. 5. Ní chuirfidh an Rialachán seo
cosc ar CMAnna teorainneacha infheistíochta a chur i bhfeidhm atá níos déine ná
na teorainneacha a cheanglaítear faoin Rialachán seo. Caibidil II
Oibleagáidí maidir le beartais infheistíochta CMAnna Roinn I
Rialacha ginearálta agus sócmhainní incháilithe Airteagal 7
Prionsabail ghinearálta 1. I gcás ina bhfuil níos mó ná
urrann infheistíochta amháin i CMA, measfar gur CMA ar leith gach urrann chun
críocha Chaibidlí II go VII. 2. Ní bheidh CMAnna atá
údaraithe mar GCUInna faoi réir na n‑oibleagáidí a bhaineann le beartais
infheistíochta GCUInna mar atá leagtha síos in Airteagail 49, 50, 50a,
51(2), agus 52 go 57 de Threoir 2009/65/CE, ach amháin má shonraítear a
mhalairt go sainráite sa Rialachán seo. Airteagal 8
Sócmhainní incháilithe 1. Ní dhéanfaidh CMA
infheistíocht ach i gceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas de
shócmhainní airgeadais, agus faoi na coinníollacha arna sonrú sa Rialachán seo
amháin: (a)
ionstraimí margaidh airgid; (b)
taiscí le hinstitiúidí creidmheasa; (c)
ionstraimí díorthacha airgeadais; (d)
comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais; 2. Ní dhéanfaidh CMA aon cheann
de na gníomhaíochtaí seo a leanas: (a)
infheistíocht i sócmhainní cé is moite de na
sócmhainní sin dá dtagraítear i mír 1; (b)
díol folamh ionstraimí margaidh airgid; (c)
a bheith neamhchosanta go díreach nó go hindíreach
ar chothromas nó ar thráchtearraí, lena n‑áirítear trí dhíorthaigh,
deimhniúcháin ar a son, innéacsanna bunaithe orthu, nó aon mhodh nó ionstraim
eile a bhfágfadh go mbeidís neamhchosanta; (d)
dul i mbun comhaontuithe i ndáil le hurrúis a
thabhairt ar iasacht nó comhaontuithe a fháil ar iasacht, agus comhaontuithe
athcheannaigh, nó aon chomhaontú eile a chuirfeadh isteach ar shócmhainní an
CMA; (e)
airgead tirim a thabhairt nó a fháil ar iasacht. Airteagal 9
Ionstraimí incháilithe margaidh airgid 1. Féadfaidh CMA infheistíocht a
dhéanamh in ionstraim margaidh airgid ar choinníoll go gcomhlíonann an
ionstraim na ceanglais seo ar fad a leanas: (a)
baineann sí le ceann amháin de chatagóirí na n‑ionstraimí
margaidh airgid dá dtagraítear in Airteagal 50(1)(a), (b), (c) nó (h) de Threoir 2009/65/CE. (b)
tá ceann amháin den dá shaintréith seo thíos ag
roinnt léi: (i) tráth a heisiúna, tá aibíocht dhlíthiúil
397 lá nó níos lú aici; (ii) tá aibíocht iarmharach 397 lá nó níos
lú aici. (c)
tugadh ceann amháin den dá ghrád rátála inmheánaí
is airde d'eisitheoir na hionstraime margaidh airgid de réir na rialacha atá
leagtha síos in Airteagail 16 go 19 den Rialachán seo. (d)
I gcás ina mbíonn sé neamhchosanta ar urrúsú, beidh
sé faoi réir na gceanglas breise atá leagtha síos in Airteagal 10. 2. Ceadófar do CMAnna
caighdeánacha infheistíocht a dhéanamh in ionstraim margaidh airgid a ndéantar
a toradh a choigeartú go rialta i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh
airgid gach 397 lá nó ar bhonn níos rialta, agus nach bhfuil aibíocht
iarmharach níos mó ná 2 bhliain aige. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1(c)
maidir le hionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint nó arna ráthú ag
údarás lárnach nó ag banc ceannais Ballstáit, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag
an Aontas, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach ná ag an mBanc Eorpach
Infheistíochta. Airteagal 10
Urrúsuithe incháilithe 1. Measfar go bhfuil urrúsú
incháilithe ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a leanas: (a)
fiachas corparáideach, agus sin amháin, atá sa bhun‑neamhchosaint
nó sa bhunlinn neamhchosaintí; (b)
fiachas ar ardcháilíocht chreidmheasa agus
leachtachta atá sa bhunfhiachas corparáideach; (c)
tráth a heisiúna, tá aibíocht dhlíthiúil 397 lá nó
níos lú ag an mbunfhiachas corparáideach, sin nó tá aibíocht iarmharach 397 lá
nó níos lú aige. 2. Chun críche mír 1 a chur
i bhfeidhm go comhsheasmhach, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála ina shonrófar: (a)
na coinníollacha agus na cúinsí faoina measfar gur
fiachas corparáideach, agus sin amháin, atá sa bhun‑neamhchosaint nó sa
bhunlinn neamhchosaintí; (b)
coinníollacha agus tairsigh uimhriúla lena
gcinnfear cén uair is fiachas ar ardcháilíocht chreidmheasa agus leachtachta an
fiachas corparáideach; Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún
chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a
ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 11
Taiscí incháilithe le hinstitiúidí creidmheasa Féadfaidh CMA infheistíocht a dhéanamh i
dtaisce le hinstitiúid chreidmheasa ar choinníoll go gcomhlíontar na
coinníollacha seo a leanas: (a)
is féidir an taisce a aisíoc arna iarraidh sin nó
is féidir é a tharraingt siar tráth ar bith; (b)
bainfidh an taisce aibíocht amach i dtréimhse nach
mó ná 12 mhí; (c)
tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i
mBallstát nó, má tá oifig chláraithe na hinstitiúide creidmheasa i dtríú tír,
tá sí faoi réir rialacha stuamachta a mheastar a bheith coibhéiseach leo sin
atá leagtha síos i ndlí an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha
síos in Airteagal 107(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Airteagal 12
Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilithe Féadfaidh CMA infheistíocht a dhéanamh in
ionstraim dhíorthach airgeadais má dhéileáiltear uirthi ar mhargadh rialáilte
dá dtagraítear in Airteagal 50(1)(a), (b) nó (c) de Threoir 2009/65/CE
nó thar an gcuntar, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo ar fad a
leanas i ngach cás: (a)
is é bunús na hionstraime díorthaí rátaí úis, rátaí
malairte eachtraí, airgeadraí, nó innéacsanna a sheasann do cheann amháin de na
catagóirí sin; (b)
níl de chuspóir ag an ionstraim dhíorthach ach fálú
a dhéanamh ar fhad tréimhse agus rioscaí malartaithe ar gnéithe iad
d'infheistíochtaí eile an CMA; (c)
is institiúidí atá faoi réir rialála stuamachta
agus maoirseachta iad na contrapháirtithe in idirbhearta díorthacha thar an
gcuntar, agus baineann siad leis na catagóirí arna bhformheas ag údaráis
inniúla Bhallstát baile an CMA; (d)
tá na díorthaigh thar an gcuntar faoi réir luachála
iontaofa agus infhíoraithe ar bhonn laethúil agus is féidir iad a dhíol, a
leachtú nó a dhúnadh le hidirbheart fritháirimh tráth ar bith ag a luach
cothrom ar thionscnamh an CMA. Airteagal 13
Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh droim ar ais 1. Féadfaidh CMA dul i mbun
comhaontú athcheannaigh droim ar ais ar choinníoll go gcomhlíontar na
coinníollacha seo ar fad a leanas: (a)
tá sé de cheart ag an CMA deireadh a chur leis an
gcomhaontú tráth ar bith tar éis fógra dhá lá oibre ar a laghad a fháil; (b)
is ionann i gcónaí luach margaidh na sócmhainní
arna bhfáil mar chuid den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais agus luach an
airgid thirim a thugtar amach. 2. Is ionstraimí margaidh airgid
a chomhlíonann Airteagal 9 iad na sócmhainní arna bhfáil ag an CMA mar
chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais. 3. Ní bhfaighidh an CMA
urrúsuithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 10 mar chuid de chomhaontú
athcheannaigh droim ar ais. Ní dhéanfar na sócmhainní arna bhfáil ag an CMA mar
chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais a dhíol, a athinfheistiú, a
ghealladh, nó a aistriú ar bhealach eile. 4. Beidh na sócmhainní arna
bhfáil ag an CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais ar áireamh agus
na teorainneacha ar éagsúlú agus ar chomhchruinniú atá leagtha síos sa
Rialachán seo á ríomh. 5. De mhaolú ar mhír 2,
féadfaidh CMA, mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, sócmhainní
leachtacha inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid cé is moite dóibh siúd atá
i gcomhréir le hAirteagal 9, a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann na
sócmhainní sin ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a)
tá siad ar ardcháilíocht chreidmheasa agus is
údarás lárnach nó banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an
tAontas, an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht, an Banc Eorpach Infheistíocht a
d'eisigh nó atá á ráthú; (b)
is údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír a
d'eisigh nó atá á ráthú, ar choinníoll gur bhain an tríú tír is eisitheoir na
sócmhainne amach ceann amháin den dá ghrád rátála inmheánaí is airde de réir na
rialacha atá leagtha síos in Airteagail 16 go 19. Nochtfar na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de
chomhaontú athcheannaigh droim ar ais d'infheisteoirí CMA de réir na chéad
fhomhíre. Beidh na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de
chomhaontú athcheannaigh droim ar ais de réir na céad fhomhíre faoi réir na
rialacha atá leagtha síos i mír 6 d'Airteagal 14. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44
ina sonrófar na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le
leachtacht is infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 5,
agus na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le creidmheas is
infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 5(a). Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún san
áireamh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal [509(3)] de Rialachán
(AE) Uimh. 575/2013. Glacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá
dtagraítear sa chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2014. Roinn II
Forálacha maidir le beartais infheistíochta Airteagal 14
Éagsúlú 1. Ní infheisteoidh CMA níos mó
ná 5 % dá shócmhainní in aon cheann díobh seo a leanas: (a)
ionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint ag
an gcomhlacht céanna; (b)
taiscí a dhéantar leis an institiúid chreidmheasa
chéanna; 2. Ní rachaidh luach carnach na
neamhchosanta ar fad ar urrúsuithe thar 10 % de shócmhainní CMA. 3. Ní rachaidh an neamhchosaint
chomhiomlán ar riosca don aon chontrapháirtí céanna den CMA a eascraíonn ó idirbhearta
díorthacha thar an gcuntar thar 5 % dá shócmhainní. 4. Ní rachaidh méid comhiomlán
an airgid thirim a sholáthrófar don chontrapháirtí céanna den CMA i
gcomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais thar 20 % dá shócmhainní. 5. D'ainneoin na dteorainneacha
aonair atá leagtha síos i mír 1 agus i mír 3, ní chuirfidh CMA na
nithe seo a leanas le chéile, i gcás ina bhfágfadh sin go mbeadh infheistíocht
de níos mó ná 10 % dá shócmhainní in aon chomhlacht amháin: (a)
infheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint
ag an gcomhlacht sin; (b)
taiscí arna ndéanamh leis an gcomhlacht sin; (c)
ionstraimí airgeadais díorthacha thar an gcuntar a
fhágann go bhfuil an comhlacht sin neamhchosanta ar riosca. 6. De mhaolú ar mhír 1(a),
féadfaidh údarás inniúil a údarú a thabhairt do CMA suas go 100 % dá
shócmhainní a infheistiú, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le scaipeadh
riosca, in ionstraimí éagsúla margaidh airgid arna n‑eisiúint nó arna
ráthú ag údarás lárnach, réigiúnach nó áitiúil nó ag banc ceannais Ballstáit, an
Banc Ceannais Eorpach, an tAontas, an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht nó ag an
Banc Eorpach Infheistíochta, údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, nó ag
comhlacht poiblí idirnáisiúnta a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó leis. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin i
gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo ar fad a leanas: (a)
tá ionstraimí margaidh airgid ag an CMA ó shé
eisiúint dhifriúla ar a laghad den eisitheoir lena mbaineann; (b)
tá an infheistíocht in ionstraimí margaidh airgid
ón eisiúint chéanna teoranta ag an CMA do 30 % dá shócmhainní ar a mhéad; (c)
luann an CMA go sonrach sna rialacha cistí nó in
ionstraimí ionchorprúcháin údarás lárnach, réigiúnach nó áitiúil nó banc
ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an tAontas, an Sásra Eorpach um
Chobhsaíocht, údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír nó comhlacht poiblí
idirnáisiúnta lena mbaineann Ballstát amháin nó níos mó, a eisíonn nó a
ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ina bhfuil sé beartaithe aige níos mó ná
5 % dá shócmhainní a infheistiú; (d)
tá ráiteas soiléir ag an CMA ina réamheolaire agus
ina teachtaireachtaí margaíochta a tharraingíonn aird ar úsáid an mhaolaithe
sin agus a léiríonn an t‑údarás lárnach, réigiúnach nó áitiúil nó banc
ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an tAontas, an Sásra Eorpach um
Chobhsaíocht, an Banc Eorpach Infheistíochta, údarás lárnach nó banc ceannais
tríú tír nó an comhlacht poiblí idirnáisiúnta lena mbaineann Ballstát amháin nó
níos mó, a eisíonn nó a ráthaíonn ionstraimí margaidh airgid ina bhfuil sé
beartaithe aige níos mó ná 5% dá shócmhainní a infheistiú; 7. Measfar gur comhlacht aonair
iad cuideachtaí atá sa ghrúpa céanna chun críocha cuntas comhdhlúite, arna
rialú le Treoir 83/349/CEE[11]
ón gComhairle, nó i gcomhréir le rialacha cuntasóireachta idirnáisiúnta
aitheanta, chun críche na teorainneacha dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 a
ríomh. Airteagal 15
Comhchruinniú 1. Ní fhéadfaidh CMA níos mó ná
10 % d'ionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint ag comhlacht
aonair a bheith ina sheilbh aige. 2. Ní bheidh feidhm ag an
teorainn atá leagtha síos i mír 1 i ndáil le sealúchais ionstraimí
margaidh airgid arna n‑eisiúint nó arna ráthú ag údarás lárnach,
réigiúnach nó áitiúil nó ag banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach,
an tAontas, an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht nó an Banc Eorpach Infheistíochta,
údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, nó ag an gcomhlacht poiblí
idirnáisiúnta lena mbaineann Ballstát amháin nó níos mó. ROINN III
CÁILÍOCHT CHREIDMHEASA IONSTRAIMÍ MARGAIDH AIRGID Airteagal 16
Nós imeachta um measúnú inmheánach 1. Déanfaidh bainisteoir CMA nós
imeachta um measúnú inmheánach atá stuama agus dian a bhunú, a chur chun
feidhme agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach d'fhonn cáilíocht chreidmheasa
ionstraimí margaidh airgid a chinneadh, agus eisitheoir na hionstraime agus
saintréithe na hionstraime féin á gcur san áireamh. 2. Beidh an nós imeachta um
measúnú inmheánach bunaithe ar chóras rátála inmheánaí agus ar mhodheolaíochtaí
sannacháin atá stuama, dian, córasach agus leanúnach. Beidh na modheolaíochtáí
sannacháin faoi réir bailíochtú ag an mbainisteoir bunaithe ar thaithí
stairiúil agus ar fhianaise eimpíreach, lena n‑áirítear cúltástáil. 3. Comhlíonfaidh an nós imeachta
um measúnú inmheánach na ceanglais seo a leanas: (a)
áiritheoidh bainisteoir CMA gur de cháilíocht
leordhóthanach an fhaisnéis a úsáidfear agus rátáil chreidmheasa inmheánach á
sannadh, go bhfuil sí bord ar bhord leis an aimsir agus gur ó fhoinsí iontaofa
a tháinig sí. Déanfaidh an bainisteoir sin próiseas éifeachtach a chur chun
feidhme agus a choinneáil ar bun chun faisnéis ábhartha maidir le saintréithe
eisitheora a fháil agus a thabhairt cothrom le dáta; (b)
déanfaidh bainisteoir CMA bearta leordhóthanacha a
ghlacadh agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go bhfuil sannadh a rátálacha
inmheánacha bunaithe ar mhionanailís ar an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil agus
atá ábhartha, agus go bhfuil curtha san áireamh na fachtóirí dinimiciúla
ábhartha ar fad a imríonn tionchar ar acmhainneacht creidmheasa an eisitheora; (c)
déanfaidh bainisteoir CMA faireachán ar bhonn
leanúnach ar na rátálacha inmheánacha a shannann sé agus déanfaidh sé
athbhreithniú ar gach rátáil inmheánach a shanntar ar bhonn bliantúil ar a
laghad. Déanfaidh an bainisteoir sin athbhreithniú ar an sannadh gach uair a
dhéanfar athrú ábhartha a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar rátáil chreidmheasa
inmheánach. Cuirfidh an bainisteoir socruithe inmheánacha ar bun chun
faireachán a dhéanamh ar thionchar aon athruithe ar dhálaí maicreacnamaíocha,
ar dhálaí sa mhargadh airgeadais nó ar dhálaí sainiúla an eisitheoirí ar a
rátálacha creidmheasa inmheánacha. (d)
i gcás ina sannann gníomhaireacht rátála
creidmheasa atá cláraithe leis an ESMA rátáil chreidmheasa d'eisitheoir
ionstraimí margaidh airgid, measfar gurb ionann an t‑íosghrádú faoin dá
rátáil chreidmheasa ghearrthéarmacha is airde arna n‑úsáid ag an
ngníomhaireacht sin agus athrú ábhartha chun críocha phointe (c) agus cuirfidh
sé de cheangal ar an mbainisteoir nós imeachta sannta nua a chur i bhfeidhm; (e)
déanfar athbhreithniú bliantúil ar a laghad ar
mhodheolaíochtaí sannacháin lena chinneadh an bhfuil siad
iomchuí i gcónaí don phunann reatha agus do na dálaí
seachtracha; (f)
i gcás ina n‑athraítear modheolaíochtaí,
samhlacha nó príomhbhoinn tuisceana rátála arna n‑úsáid sna nósanna
imeachta um measúnú inmheánach, déanfaidh bainisteoir CMA athbhreithniú ar na
rátálacha creidmheasa inmheánacha lena mbaineann a luaithe is féidir é agus
tráth nach déanaí ná mí tar éis an athrú a dhéanamh; (g)
ní dhéanfaidh na daoine atá i mbun nó freagrach as
punann an CMA a bhainistiú na rátálacha inmheánacha ná athbhreithnithe
tréimhsiúla na rátálacha sin ag bainisteoir CMA a shannadh. Airteagal 17
Córas rátála inmheánaí 1. Sannfar rátáil inmheánach do
gach eisitheoir a eisíonn ionstraim margaidh airgid a bhfuil sé beartaithe ag
CMA infheistíocht a dhéanamh inti de réir an nós imeachta um measúnú
inmheánach. 2. Comhlíonfaidh struchtúr an
chórais rátála inmheánaí na ceanglais seo ar fad a leanas: (a)
beidh an córas rátála inmheánaí bunaithe ar scála
rátála amháin nach léireoidh ach cainníochtú riosca creidmheasa an eisitheora.
Beidh sé ghrád ar an scála rátála le haghaidh eisitheoirí neamh‑mhainneachtana
agus grád amháin le haghaidh eisitheoirí mainneachtana; (b)
beidh baint shoiléir idir na gráid a léiríonn
riosca creidmheasa an eisitheora agus na critéir rátála a úsáidtear le leibhéal
an riosca creidmheasa sin a dhéanamh amach; (c)
cuirfear san áireamh sa chóras rátála gur
ionstraimí gearrthéarmacha iad ionstraimí margaidh airgid. 3. Comhlíonfaidh na critéir
rátála dá dtagraítear i mír 2(b) na ceanglais seo ar fad a leanas: (a)
cuimseoidh siad ar a laghad táscairí cainníochtúla
agus cáilíochtúla i dtaobh eisitheoir na hionstraime, agus i dtaobh staid an
mhargaidh mhaicreacnamaíoch agus an mhargaidh airgeadais; (b)
déanfaidh siad tagairt do na luachanna uimhriúla
agus cáilíochtúla comhchoiteanna a úsáidtear chun na táscairí cainníochtúla
agus cáilíochtúla a mheas; (c)
beidh siad leordhóthanach don eisitheoir áirithe
sin. Déanfar na cineálacha eisitheoirí seo a leanas ar a laghad a aithint:
údarás ceannasach, réigiúnach nó údarás poiblí áitiúil, corparáidí airgeadais,
agus corparáidí neamhairgeadais. (d)
I gcás neamhchosanta ar urrúsuithe, cuirfear san
áireamh iontu riosca creidmheasa an eisitheora, struchtúr an urrúsuithe agus
riosca creidmheasa na mbunsócmhainní a chur san áireamh. Airteagal 18
Doiciméadú 1. Déanfaidh bainisteoir CMA taifead
i scríbhinn ar a nós imeachta um measúnú inmheánach agus ar an gcóras rátála
inmheánaí. Beidh an méid seo a leanas ann: (a)
sonraí faoi dhéanamh agus faoi chúrsaí oibríochtúla
na nósanna imeachta um measúnú inmheánach agus na gcóras rátála inmheánaí ar dhóigh
a ligeann do na húdaráis inniúla sannadh na ngrád áirithe a thuiscint agus
oiriúnacht shannadh na ngrád sin a mheas; (b)
an bhunréasúnaíocht agus an anailís a thacaíonn le
cinneadh an bhainisteora maidir leis na critéir rátála agus minicíocht an
athbhreithnithe. Áireofar san anailís sin na paraiméadair, an tsamhail agus
teorainneacha na samhla a úsáidtear chun na critéir rátála a roghnú; (c)
gach athrú mór ar an nós imeachta um measúnú
inmheánach, cúiseanna na n‑athruithe sin san áireamh; (d)
leagan amach an nós imeachta um measúnú inmheánach,
lena n‑áirítear an próiséas i ndáil le sannadh rátála, agus struchtúr an
rialaithe inmheánaigh; (e)
tuairiscí iomlána rátála inmheánaí ar eisitheoirí
agus ar ráthóirí aitheanta; (f)
dátaí sannta na rátálacha inmheánacha; (g)
na príomhshonraí agus an mhodheolaíocht a úsáidtear
leis an rátáil inmheánach a dhíorthú, lena n‑áirítear na príomhbhoinn
tuisceana rátála; (h)
an duine nó na daoine a bhfuil sé de chúram air nó
orthu rátálacha inmheánacha a shannadh. 2. Beidh mionsonraí an nós
imeachta um measúnú inmheánach sna rialacha cistí nó i rialacha ionchorprúcháin
an CMA agus cuirfear na doiciméid ar fad dá dtagraítear i mír 1 ar fáil
arna iarraidh sin ag údaráis inniúla an CMA, agus ag údaráis inniúla
bhainisteoir an CMA. Airteagal 19
Gníomhartha tarmligthe Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44, ina
sonrófar na pointí seo a leanas: (a)
na coinníollacha faoina meastar na modheolaíochtaí
sannacháin a bheith stuama, dian, córasach agus leanúnach, agus coinníollacha
an bhailíochtaithe, dá dtagraítear in Airteagal 16(2); (b)
sainmhínithe gach gráid i ndáil le cainníochtú riosca
creidmheasa eisitheora dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(a), agus na
critéir chun cainníochtú an riosca creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 17(2)(b)
a chinneadh; (c)
na luachanna tagartha sonracha do gach táscaire
cáilíochtúil agus na luachanna tagartha uimhriúla do gach táscaire
cainníochtúil. Sonrófar luachanna tagartha na dtáscairí le haghaidh gach gráid
rátála agus na critéir atá in Airteagal 17(3) á gcur san áireamh; (d)
brí an athraithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 16(3)(c). Airteagal 20
Rialachas an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa 1. Is iad an lucht bainistíochta
sinsearach, an comhlacht rialachais agus, nuair is ann dó, feidhm maoirseachta
bhainisteoir an CMA a dhéanfaidh na nósanna imeachta um measúnú inmheánach a
fhormheas. Beidh tuiscint mhaith ag na páirtithe sin ar an
nós imeachta um measúnú inmheánach, ar na córais rátála inmheánaí agus ar
mhodheolaíochtaí sannacháin an bhainisteora agus beidh miontuiscint acu ar na
tuarascálacha bainteacha. 2. Cuid lárnach den tuairisciú
do na páirtithe dá dtagraítear i mír 1 is ea anailís, bunaithe ar rátáil
inmheánach, ar phróifíl riosca creidmheasa an CMA. Beidh sa tuairisciú sin, ar
a laghad, an phróifíl riosca de réir gráid, aistriú ó ghrád go grád, meastachán
ar na paraiméadair ábhartha in aghaidh an ghráid, agus comparáid idir rátaí
réadaithe mainneachtana. Beidh minicíocht an tuairiscithe ag brath ar thábhacht
agus ar chineál na faisnéise agus déanfar é ar bhonn bliantúil ar a laghad. 3. Áiritheoidh an lucht
bainistíochta sinsearach, ar bhonn leanúnach, go bhfuil an nós imeachta um
measúnú inmheánach ag oibriú i gceart. Cuirfear an lucht bainistíochta sinsearaí ar an
eolas go rialta faoi fheidhmíocht phróiseas an mheasúnaithe inmheánaigh, na
réimsí inar aithníodh easnaimh agus faoi stádas iarrachtaí agus gníomhaíochtaí
arna ndéanamh chun easnaimh a aithníodh roimhe sin a fheabhsú. Caibidil III
Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca CMAnna Airteagal 21
Rialacha maidir le punann CMAnna gearrthéarmacha Comhlíonfaidh CMA gearrthéarmach i gcónaí na
ceanglais phunainne go léir a leanas: (a)
ní bheidh meánaibíocht ualaithe a phunainne níos mó
ná 60 lá; (b)
ní bheidh meánré ualaithe a phunainne níos mó ná
120 lá; (c)
sócmhainní a aibíonn go laethúil a bheidh in 10% dá
shócmhainní ar a laghad. Ní bhfaighidh CMA gearrthéarmach aon sócmhainn eile
seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil i gcás ina bhfágfadh éadáil sócmhainne
eile den sórt sin go mbeadh an CMA gearrthéarmach ansin ag infheistiú níos lú
ná 10% dá phunann i sócmhainní a aibíonn go laethúil; (d)
sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil a bheidh in
20% dá shócmhainní ar a laghad. Ní bhfaighidh CMA gearrthéarmach aon sócmhainn
eile seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil i gcás ina bhfágfadh éadáil
sócmhainne eile den sórt sin go mbeadh an CMA gearrthéarmach ansin ag
infheistiú níos lú ná 20% dá phunann i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil. Airteagal 22
Rialacha maidir le punann CMAnna caighdeánacha 1. Comhlíonfaidh CMA
caighdeánach i gcónaí na ceanglais go léir seo a leanas: (a)
beidh ag a phunann i gcónaí meánaibíocht ualaithe
nach faide ná sé mhí; (b)
beidh ag a phunann i gcónaí meánré ualaithe nach mó
riamh ná 12 mhí; (c)
sócmhainní a aibíonn go laethúil a bheidh in 10% ar
a laghad dá shócmhainní a infheistiú in ionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint
ag an gcomhlacht céanna. Ní bhfaighidh CMA caighdeánach aon sócmhainn seachas
sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás gurb éard a bheadh de thoradh ar an
sócmhainn sin a fháil níos lú ná 10% dá phunann a bheith infheistithe i
sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA caighdeánach; (d)
sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil a bheidh in
20% ar a laghad dá shócmhainní. Ní bhfaighidh CMA caighdeánach aon sócmhainn
seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás gurb éard a bheadh de
thoradh ar an sócmhainn sin a fháil níos lú ná 20% dá phunann a bheith
infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA caighdeánach; 2. Féadfaidh CMA caighdeánach
suas le 10% dá shócmhainní a infheistiú in ionstraimí margaidh airgeadais arna
eisiúint ag an aon chomhlacht. 3. D'ainneoin na teorann aonair
atá leagtha síos i mír 2 féadfaidh CMA caighdeánach aon cheann de na nithe
seo a leanas a chur le chéile, i gcás ina bhfágfadh sin go mbeadh suas le 15%
dá shócmhainní infheistithe in aon chomhlacht amháin: (a)
infheistíochtaí in ionstraimí margaidh airgid arna n‑eisiúint
ag an gcomhlacht sin; (b)
taiscí arna ndéanamh leis an gcomhlacht sin; (c)
ionstraimí díorthacha airgeadais thar an gcuntar a
fhágann an comhlacht sin neamhchosanta ar riosca contrapháirtí. 4. Aon sócmhainní punainne a n‑infheistíonn
CMA caighdeánach iontu de réir mhír 2 agus mhír 3, nochtfar iad
d'infheisteoirí sa CMA sin. 5. Ní bheidh CMA caighdeánach
ina CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. Airteagal 23
Rátálacha creidmheasa CMAnna Ní iarrfaidh an CMA ná bainisteoir an CMA ar
ghníomhaireacht rátála creidmheasa an CMA a rátáil ná ní thabharfaidh sé
maoiniú di chuige sin. Airteagal 24
An beartas ‘Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’ 1. Déanfaidh bainisteoir an CMA
nósanna imeachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm agus glacfaidh
sé cúram cuí chun líon na n‑infheisteoirí i CMA áirithe, a riachtanais
agus a n‑iompraíocht agus méid a sealúchas a shainaithint d'fhonn an
tionchar a bheadh ag fuascailtí comhthráthacha ag roinnt infheisteoirí a thuar
go cruinn. Chuige sin, cuirfidh bainisteoir an CMA an méid seo a leanas ar a
laghad san áireamh: (d)
pátrúin inaitheanta maidir le riachtanais airgid
infheisteoirí; (e)
sofaisticiúlacht na n‑infheisteoirí difriúla; (f)
col riosca na n‑infheisteoirí difriúla; (g)
méid an chomhghaoil nó na ndlúthnasc idir
infheisteoirí difriúla sa CMA. 2. Áireoidh bainisteoir an CMA
an méid seo a leanas: (h)
nach mó, tráth ar bith, luach na n‑aonad nó
na scaireanna atá i seilbh infheisteora aonair ná luach na sócmhainní a aibíonn
go laethúil; (i)
i gcás ina ndéanann infheisteoir fuascailt, nach
ndéanfaí difear ábhartha do phróifíl leachtachta an CMA. Airteagal 25
Tástáil struis 1. Beidh próisis fhónta tástála
struis ar bun do gach CMA a fhágfaidh gur féidir teagmhais fhéideartha nó
athruithe todhchaí sna dálaí eacnamaíocha a rachadh i gcion go mífhabhrach ar
an CMA a aithint. Déanfaidh bainisteoir CMA tástáil struis go rialta agus
forbróidh sé pleananna gníomhaíochta do chásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith
ann. Beidh na tástálacha struis bunaithe ar chritéir
oibiachtúla agus cuirfear san áireamh na héifeachtaí a bheadh ag géarchásanna
dealraitheacha. Maidir leis na cásanna a áireofar sna tástálacha struis,
cuirfear san áireamh iontu paraiméadair thagartha ar a laghad, lena n‑áirítear
na fachtóirí seo a leanas: (a)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal leachtachta na
sócmhainní i bpunann an CMA; (b)
athruithe hipitéiseacha ar leibhéal an riosca
creidmheasa a bhaineann leis na sócmhainní i bpunann an CMA, lena n‑áirítear
teagmhais chreidmheasa agus teagmhais rátála; (c)
athruithe hipitéiseacha ar na rátaí úis; (d)
leibhéil hipitéiseacha fuascailte. 2. Ina theannta sin, i gcás
CMAnna ar seasmhach glanluach a shócmhainní, measúnófar leis na tástálacha
struis an difear a bheadh ann i gcásanna éagsúla idir an glanluach sócmhainní
seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an glanluach sócmhainní in
aghaidh an aonaid nó na scaire, agus an tionchar atá ag an difear ar an maolán
GLS. 3. I gcás ina léiríonn an
tástáil struis go bhfuil an CMA leochaileach, déanfaidh bainisteoir an CMA
beart chun stóinseacht an CMA a neartú, lena n‑áirítear bearta a
athneartóidh leachtacht nó cáilíocht shócmhainní an CMA. 4. Cinnfidh bord stiúrtha
bhainisteoir an CMA a mhinice a dhéanfar tástálacha struis, tar éis a mheas cad
is eatramh iomchuí agus réasúnta ann i bhfianaise dhálaí an mhargaidh agus tar
éis aon athruithe a cheaptar a thiocfaidh ar phunann an CMA a mheas. Uair sa
bhliain a bheidh i gceist ar laghad. 5. Cuirfear tuarascáil
fhorleathan le torthaí na tástála struis faoi bhráid bhord stiúrtha
bhainisteoir an CMA lena scrúdú. Leasóidh an bord stiúrtha an plean
gníomhaíochta atá beartaithe más gá agus faomhfaidh sé an plean gníomhaíochta
críochnaitheach. Is i bhfoirm scríofa a tharraingeofar suas an
tuarascáil ina leagfar amach torthaí na tástála struis agus an plean
gníomhaíochta agus coinneofar í ar feadh cúig bliana ar a laghad. 6. Cuirfear an tuarascáil ina
mbeidh torthaí na tástála struis faoi bhráid údaráis inniúla bhainisteoir an
CMA. Seolfaidh na húdaráis inniúla an tuarascáil chuig an Údarás Eorpach Urrús
agus Margaí. 7. Eiseoidh ESMA treoirlínte
d’fhonn paraiméadair choiteanna thagartha a bhunú do na cásanna a áireofar sna
tástálacha struis, agus na fachtóirí a shonraítear i mír 1 á gcur san
áireamh. Tabharfar na treoirlínte cothrom le dáta ar a laghad gach bliain agus
na forbairtí margaidh is déanaí á gcur san áireamh. Caibidil IV
Rialacha luachála Airteagal 26
Sócmhainní CMA a luacháil 1. Déanfar sócmhainní CMA a
luacháil ar bhonn laethúil ar a laghad. 2. Aon uair is féidir é, úsáidfear
marcáil ón margadh chun sócmhainní CMA a luacháil. 3. Agus marcáil ón margadh á
déanamh, déanfar na sócmhainní a luacháil agus an taobh is stuama de
thairiscint agus atairiscint ina bhonn léi ach amháin más féidir leis an
institiúid an cuntas a ghlanadh sa mheánmhargadh. Agus marcáil ón margadh á déanamh, ní úsáidfear
ach sonraí margaidh d’ardcháilíocht. Déanfar cáilíocht na sonraí margaidh a
mheas ar bhonn na bhfachtóirí go léir a leanas: (a)
líon agus cáilíocht na gcontrapháirtithe; (b)
méid agus láimhdeachas na sócmhainne sin sa
mhargadh; (c)
méid na heisiúna agus an chuid den eisiúint atá
beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol. 4. I gcás nach féidir marcáil ón
margadh a dhéanamh nó nach leor cáilíocht na sonraí margaidh, déanfar sócmhainn
CMA a luacháil go coimeádach trí mharcáil de réir samhla a úsáid. Déanfaidh an tsamhail luach intreach na sócmhainne
a mheas go cruinn, bunaithe ar na príomhfhachtóirí cothrom le dáta seo a
leanas: (a)
méid agus láimhdeachas na sócmhainne sin sa
mhargadh; (b)
méid na heisiúna agus an chuid den eisiúint atá
beartaithe ag an CMA a cheannach nó a dhíol; (c)
an riosca margaidh, an riosca ráta úis agus an
riosca creidmheasa a bhaineann leis an tsócmhainn. Agus marcáil de réir samhla á déanamh, ní
úsáidfear aon samhlacha luachála atá bunaithe ar chostas amúchta. 5. I dteannta mhodh na marcála
ón margadh dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 agus mhodh na marcála
de réir samhla dá dtagraítear i mír 4, féadfar sócmhainní CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní a luacháil freisin trí mhodh an chostais amúchta a
úsáid. Airteagal 27
Glanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a ríomh 1. Is é atá i ‘nglanluach sócmhainní
in aghaidh an aonaid nó na scaire' an difríocht idir suim sócmhainní uile CMA
agus suim dhliteanais uile an CMA, arna luacháil i gcomhréir le modh na marcála
ón margadh agus modh na marcála de réir samhla, arna roinnt ansin ar líon na n‑aonad
nó na scaireanna den CMA atá i gcúrsaíocht. Déanfar an glanluach sócmhainní in aghaidh an
aonaid nó na scaire a ríomh do gach CMA, is cuma más CMA ar seasmhach glanluach
a shócmhainní é nó nach ea. 2. Déanfar an glanluach
sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a shlánú chuig an mbonnphointe is
gaire nó chuig a choibhéis nuair a fhoilsítear an glanluach sócmhainní in aonad
airgeadra. 3. Déanfar an glanluach
sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire de CMA a ríomh go laethúil ar a
laghad. 4. Is éard atá i ‘nglanluach
sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire' an difríocht idir suim na
sócmhainní uile atá CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní agus suim na ndliteanas
uile atá ag CMA seasmhach glanluach a shócmhainní, arna luacháil i gcomhréir le
modh an chostais amúchta, arna roinnt ansin ar líon na n‑aonad nó na
scaireanna den CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní atá i gcúrsaíocht. 5. Féadfar an glanluach
sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire atá ag CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní a shlánú chuig an bpointe céatadáin is gaire nó chuig a
choibhéis nuair a fhoilsítear an glanluach sócmhainní in aonad airgeadra. 6. Déanfar faireachán go
leanúnach ar an difríocht idir an glanluach sócmhainní seasmhach in aghaidh an
aonaid nó na scaire agus ar an nglanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na
scaire atá ag CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. Airteagal 28
Praghas eisiúna agus fuascailte 1. Déanfar na haonaid nó na
scaireanna de CMA a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá cothrom le glanluach
sócmhainní an CMA in aghaidh an aonaid nó na scaire. 2. De mhaolú ar mhír 1,
déanfar na haonaid nó na scaireanna de CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní
a eisiúint nó a fhuascailt ag praghas atá cothrom le glanluach sócmhainní
seasmhach an CMA in aghaidh an aonaid nó na scaire. Caibidil V
Ceanglais shonracha i leith CMAnna ar seasmhach glanluach a sócmhainní Airteagal 29
Ceanglais bhreise i leith CMAnna ar seasmhach glanluach a sócmhainní 1. Ní úsáidfidh CMA modh an
chostais amúchta chun luacháil a dhéanamh, ní fhógróidh sé glanluach sócmhainní
seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire ná ní dhéanfaidh sé an glanluach
sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire a shlánú chuig an
bpointe céatadáin is gaire ná chuig a choibhéis nuair a fhoilsítear an glanluach
sócmhainní in aonad airgeadra, ach amháin má tá an CMA údaraithe go sainráite
mar CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. 2. Comhlíonfaidh CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní na ceanglais bhreise go léir a leanas: (a)
tá maolán GLS bunaithe aige i gcomhréir leis na
ceanglais in Airteagal 30; (b)
tá údarás inniúil an CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní sásta le plean mionsonraithe an CMA sin ina sonraítear na rialacha
mionsonraithe maidir le húsáid an mhaoláin i gcomhréir le hAirteagal 31; (c)
tá údarás inniúil an CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní sásta le socruithe an CMA sin maidir leis an maolán a athlíonadh
agus tá sé sásta le láidreacht airgeadais an eintitis atá ceaptha an t‑athlíonadh
a mhaoiniú; (d)
tá i rialacha nó ionstraimí ionchorprúcháin an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní nósanna imeachta soiléire i leith an CMA sin
a thiontú ina CMA nach gceadaítear dó modh an chostais amúchta ná na modhanna
slánaithe a úsáid; (e)
tá struchtúir rialachais thrédhearcacha shoiléire i
bhfeidhm ag an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní agus ag a bhainisteoir
lena sainaithnítear agus lena sanntar go glan soiléir cúraimí do na leibhéil
éagsúla rialachais; (f)
tá uirlisí soiléire éifeachtacha cumarsáide
bunaithe ag an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní i leith cumarsáide le
hinfheisteoirí, uirlisí a áirithíonn go gcuirtear ar an eolas go pras iad i
gcás an maolán GLS a bheith á úsáid nó á athlíonadh agus i gcás an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní a thiontú; (g)
beidh sé ráite go soiléir i rialacha nó in
ionstraimí ionchorprúcháin an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní nach
féidir leis an CMA de ar seasmhach glanluach a shócmhainní tacaíocht
sheachtrach a fháil seachas trí bhíthin an mhaoláin GLS. Airteagal 30
Maolán GLS 1. Déanfaidh gach CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní maolán GLS a bhunú agus a choimeád ar bun,
maolán arb ionann é i gcónaí agus 3% ar a laghad de luach iomlán shócmhainní an
CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. Déanfar luach iomlán shócmhainní an
CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní a ríomh trí luachanna gach sócmhainne
de chuid an CMA a shuimiú, luachanna arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 26(3)
nó (4). Ní úsáidfear an maolán GLS ach chun difríochtaí a
chlúdach idir glanluach sócmhainní seasmhach an CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire agus glanluach sócmhainní an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire mar a
leagtar síos in Airteagal 31. 2. Ní áireofar na méideanna sa
mhaolán GLS i ríomh ghlanluach sócmhainní nó glanluach sócmhainní seasmhach an
CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. 3. Airgead tirim amháin a bheidh
sa mhaolán GLS. 4. Coinneofar an maolán GLS i
gcuntas cosanta cúltaca a osclaíodh le hinstitiúid creidmheasa a chomhlíonann
na ceanglais in Airteagal 11(c), cuntas a bheidh in ainm an CMA agus ar a
shon. Beidh an cuntas cúltaca leithscartha ó aon chuntas
eile de chuid an CMA, ó chuntais bhainisteoir an CMA, ó chuntais chliaint eile
na hinstitiúide creidmheasa, agus ó chuntais aon eintiteas eile a thugann
maoiniú don mhaolán GLS. Ní bheidh an cuntas cúltaca ná aon mhéideanna sa
chuntas cúltaca faoi réir aon ghealltáin, aon liain ná aon socrú
comhthaobhachta. I gcás dhócmhainneacht bhainisteoir an CMA, nó na hinstitiúide
creidmheasa inar osclaíodh an cuntas nó aon eintitis a thug maoiniú don mhaolán
GLS, ní bheidh an cuntas cúltaca ar fáil lena dháileadh ar chreidiúnaithe an
eintitis dhócmhainnigh ná lena réadú chun leasa na gcreidiúnaithe sin. 5. Is chun leasa an CMA agus
chuige sin amháin a úsáidfear an cuntas cúltaca. Ní aistreofar cistí ón gcuntas
cúltaca ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 31(2)(b)
agus in Airteagal 31(3)(a). 6. Fíoróidh taisceánach an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní go bhfuil aon aistriú ón gcuntas cúltaca i
gcomhréir le forálacha na Caibidle seo. 7. Bunóidh an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní socruithe soiléire agus mionsonraithe i scríbhinn leis
an eintiteas atá ceaptha athlíonadh an mhaoláin GLS a mhaoiniú. Beidh
gealltanas sainráite sna socruithe go maoineofar an t‑athlíonadh agus cuirfear
de cheangal ar an eintiteas an t‑athlíonadh a mhaoiniú óna acmhainní
airgeadais féin. Nochtfar na socruithe maidir leis an athlíonadh
agus céannacht an eintitis atá ceaptha an t‑athlíonadh a mhaoiniú i
rialacha an chiste nó in ionstraimí ionchorprúcháin an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní. Airteagal 31
Úsáid an mhaoláin GLS 1. Ní úsáidfear an maolán GLS
ach amháin i gcás suibscríbhinní agus fuascailtí chun an difríocht idir an glanluach
sócmhainní seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an glanluach
sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a chothromú. 2. Chun críocha mhír 1, i
gcás suibscríbhinní: (a)
i gcás ina bhfuil an glanluach sócmhainní seasmhach
ag ar shuibscríobh aonad nó scair níos airde ná an glanluach sócmhainní in
aghaidh an aonaid nó na scaire, cuirfear an difríocht dhearfach chun sochair
don chuntas cúltaca; (b)
i gcás ina bhfuil an glanluach sócmhainní seasmhach
ag ar shuibscríobh aonad nó scair níos ísle ná an glanluach sócmhainní in
aghaidh an aonaid nó na scaire, cuirfear an difríocht dhiúltach de dhochar an
chuntais chúltaca. 3. Chun críocha mhír 1, i
gcás fuascailtí: (a)
i gcás ina bhfuil an glanluach sócmhainní seasmhach
ag ar shuibscríobh aonad nó scair níos airde ná an GLS in aghaidh an aonaid nó
na scaire, cuirfear an difríocht dhiúltach de dhochar an chuntais chúltaca; (b)
i gcás ina bhfuil an glanluach sócmhainní seasmhach
ag ar shuibscríobh aonad nó scair níos ísle ná an GLS in aghaidh an aonaid nó
na scaire, cuirfear an difríocht dhearfach chun sochar don chuntas cúltaca. Airteagal 32
Nós imeachta géaraithe 1. Déanfaidh CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní nós imeachta géaraithe a bhunú agus a chur chun feidhme
a áiritheoidh gur daoine atá inniúil gníomhú go tráthúil ar son an chiste iad
na daoine a mheasann an difríocht dhiúltach idir an glanluach sócmhainní
seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire agus an glanluach sócmhainní in
aghaidh an aonaid nó na scaire. 2. Ceanglófar leis an nós
imeachta géaraithe: (a)
go gcuirfear lucht bainistíochta sinsearach an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní ar an eolas má bhaineann an difríocht
dhiúltach 10 mbonnphointe nó a choibhéis amach nuair a fhoilsítear an glanluach
sócmhainní in aonad airgeadra; (b)
go gcuirfear bord stiúrtha bhainisteoir an CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní, údaráis inniúla an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní agus ESMA ar an eolas má bhaineann an difríocht
dhiúltach 15 bhonnphointe nó a choibhéis amach nuair a fhoilsítear an glanluach
sócmhainní in aonad airgeadra; (c)
go ndéanfaidh daoine inniúla fáth na difríochta
diúltaí a mheas agus go ndéanfar beart iomchuí chun na héifeachtaí diúltacha a
laghdú. Airteagal 33
Athlíonadh an mhaoláin GLS 1. Gach uair a thiteann méid an
mhaoláin GLS faoi 3% déanfar é a athlíonadh. 2. I gcás nach ndéantar an
maolán GLS a athlíonadh agus go bhfanann méid an mhaoláin GLS 10
mbonnphointe faoi na 3% dá dtagraítear in Airteagal 30(1), scoirfidh an
CMA láithreach de bheith ina CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní agus
cuirfear toirmeasc air modh an chostais amúchta nó modhanna slánaithe a úsáid. Cuirfidh an CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní gach infheisteoir ar an eolas faoi sin i scríbhinn ar bhealach
soiléir sothuigthe. Airteagal 34
Cumhachtaí an údaráis inniúil maidir leis an maolán GLS 1. Tabharfar fógra láithreach
d’údarás inniúil an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní má thiteann méid
an mhaoláin GLS faoi 3%. 2. Tabharfar fógra láithreach
d’údarás inniúil an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní agus don Údarás
Eorpach Urrús agus Margaí ar laghdú 10 mbonnphointe faoi bhun na 3% dá
dtagraítear in Airteagal 30(1) a theacht ar mhéid an mhaoláin GLS. 3. Tar éis an fógra dá
dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an t‑údarás inniúil
dianfhaireachán ar an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní. 4. Tar éis an fógra dá
dtagraítear i mír 2 a fháil, fíoróidh an t‑údarás inniúil gur
athlíonadh an maolán GLS nó gur scoir an CMA de bheith ag maíomh gur CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní atá ann agus gur chuir sé a infheisteoirí ar
an eolas faoi sin. Caibidil VI
Tacaíocht sheachtrach Airteagal 35
Tacaíocht sheachtrach 1. Ní fhéadfaidh CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní tacaíocht sheachtrach a fháil seachas san
fhoirm agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 30 go 34. 2. Ní bheidh cead ag CMAnna nach
CMAnna ar seasmhach glanluach a shócmhainní iad tacaíocht sheachtrach a fháil,
seachas faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 36. 3. Ciallóidh tacaíocht
sheachtrach tacaíocht dhíreach nó indíreach a thairgeann tríú páirtí arb is aidhm
leis, nó arb é a bheadh mar thoradh uirthi dáiríre, leachtacht an CMA a ráthú
nó glanluach sócmhainní an CMA in aghaidh an aonaid nó na scaire a chobhsú. Tacaíocht sheachtrach a bheidh sa mhéid seo a
leanas: (a)
instealltaí airgid thirim ó thríú páirtí; (b)
tríú páirtí sócmhainní an CMA a cheannach ag
praghas boilscithe; (c)
tríú páirtí aonaid nó scaireanna an CMA a cheannach
chun leachtacht a sholáthar don chiste; (d)
aon chineál ráthaíochta follasaí nó intuigthe, aon
bharánta nó litir tacaíochta chun leasa an CMA a eisíonn tríú páirtí; (e)
aon ghníomh a dhéanann tríú páirtí a bhfuil mar
chuspóir díreach nó indíreach aige próifíl leachtachta an CMA agus GLS an CMA
in aghaidh an aonaid nó na scaire a choinneáil. Airteagal 36
Imthosca eisceachtúla 1. In imthosca eisceachtúla a
bhfuil bonn cirt leo de dheasca impleachtaí sistéamacha nó dálaí díobhálacha
margaidh, féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt do CMA nach CMA ar
seasmhach glanluach a shócmhainní tacaíocht sheachtrach a fháil, ar tacaíocht í
dá dtagraítear in Airteagal 35 agus atá beartaithe leachtacht an CMA a
ráthú nó glanluach sócmhainní an CMA in aghaidh an aonaid nó na scaire a
chobhsú, nó a bheadh an méid sin mar thoradh uirthi dáiríre, ar an gcoinníoll
go gcomhlíontar na coinníollacha go léir a leanas: (a)
tugann an CMA údar leis an ngá atá leis an
tacaíocht sheachtrach agus léiríonn sé le fianaise dhochloíte go bhfuil gá
práinneach leis an tacaíocht sin; (b)
tá an tacaíocht sheachtrach teoranta ó thaobh an méid
atá le soláthar agus an tréimhse ama a mbeidh sé ar fáil lena linn; (c)
tá an t‑údarás inniúil sásta go bhfuil
soláthraí na tacaíochta seachtraí fónta ó thaobh airgeadais de agus gur leor a
acmhainní airgeadais chun aon chaillteanais a sheasamh, gan aon éifeachtaí
díobhálacha, a d'fhéadfadh teacht as tabhairt na tacaíochta seachtraí. 2. Chun críocha mhír 1(c),
i gcás inar eintiteas é soláthraí na tacaíochta seachtraí atá faoi réir
maoirseachta stuamachta, iarrfar comhaontú údarás maoirseachta an eintitis sin
d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tacaíocht a thabharfaidh an t‑eintiteas
faoi réir cistí dílse leordhóthanacha arna soláthar ag an eintiteas agus go
bhfuil an tacaíocht ag teacht le córas bainistíochta riosca an eintitis sin. 3. I gcás ina gcomhlíontar na
coinníollacha maidir le tacaíocht sheachtrach a fháil dá dtagraítear i mír 1,
cuirfidh an CMA gach infheisteoir ar an eolas faoi sin láithreach i scríbhinn
ar bhealach soiléir sothuigthe. Caibidil VII
Ceanglais trédhearcachta Airteagal 37
Trédhearcacht 1. Tabharfaidh CMA le fios go
soiléir cé acu CMA gearrthéarmach nó caighdeánach é in aon doiciméad,
tuarascáil, ráiteas, fógra, litir, nó fianaise scríofa eile, bídís ina
ndoiciméid sheachtracha nó inmheánacha, a eisíonn sé féin nó a bhainisteoir
agus atá dírithe ar infheisteoirí ionchasacha, ar shealbhóirí aonad, ar
gheallsealbhóirí nó ar údaráis inniúla an CMA nó a bhainisteoir, nó atá
beartaithe lena ndáileadh orthu siúd. Tabharfaidh CMA ar seasmhach glanluach a
shócmhainní le fios go soiléir gur CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní é
in aon doiciméad, tuarascáil, ráiteas, fógra, litir, nó fianaise scríofa eile,
bíodh siad ina ndoiciméid sheachtracha nó inmheánacha, a eisíonn sé féin nó a
bhainisteoir agus atá dírithe ar infheisteoirí ionchasacha, ar shealbhóirí
aonad, ar gheallsealbhóirí nó ar údaráis inniúla an CMA nó a bhainisteoir, nó
atá beartaithe lena ndáileadh orthu siúd. 2. In aon doiciméad de chuid an
CMA a úsáidfear chun críocha margaíochta, áireofar go soiléir ann na ráitis go
léir a leanas: (a)
nach infheistíocht ráthaithe é an CMA; (b)
nach mbraitheann an CMA ar thacaíocht sheachtrach
chun leachtacht an CMA a ráthú ná chun an glanluach sócmhainní in aghaidh an
aonaid nó na scaire a chobhsú; (c)
gurb é an t‑infheisteoir a iompróidh an
riosca go gcaillfear an bunairgead. 3. Ní thabharfar le fios in aon
chumarsáid ón CMA nó óna bhainisteoir leis na hinfheisteoirí nó le
hinfheisteoirí ionchasacha go bhfuil infheistíocht in aonaid nó i scaireanna an
CMA ráthaithe. 4. Tabharfar eolas soiléir
d’infheisteoirí i CMA faoin modh nó faoi na modhanna a úsáideann an CMA chun
sócmhainní an CMA a luacháil agus chun an glanluach sócmhainní a ríomh. 5. I dteannta na faisnéise a
thabharfar i gcomhréir le míreanna 1 go 4, míneoidh CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní go soiléir d’infheisteoirí agus d’infheisteoirí
ionchasacha úsáid mhodh an chostais amúchta agus/nó úsáid modhanna slánaithe.
Cuirfidh CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní in iúl an méid atá ina
mhaolán GLS, an nós imeachta chun an glanluach sócmhainní seasmhach in aghaidh
an aonaid nó na scaire agus an GLS in aghaidh an aonaid nó na scaire a
chothromú agus luafaidh sé go soiléir ról an mhaoláin agus na rioscaí a
bhaineann leis. Cuirfidh an CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní in iúl go
soiléir na rialacha mionsonraithe a bhaineann le hathlíonadh an mhaoláin GLS
agus an t‑eintiteas atá ceaptha an t‑athlíonadh a mhaoiniú.
Cuirfidh sé ar fáil d'infheisteoirí gach faisnéis maidir le comhlíonadh na
gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 29(2)(a) go (g). Airteagal 38
Tuairisciú do na húdaráis inniúla 1. I gcás gach CMA atá á
bhainistiú, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás
inniúil an CMA, ar bhonn ráithiúil ar a laghad. Arna iarraidh sin don
bhainisteoir, tabharfaidh sé an fhaisnéis d'údarás inniúil an bhainisteora
freisin murab ionann é agus údarás inniúil an CMA. 2. San fhaisnéis arna tuairisciú
de bhun mhír 1, beidh na poncanna seo a leanas: (a)
cineál agus sainghnéithe an CMA; (b)
táscairí punainne amhail luach iomlán na
sócmhainní, glanluach sócmhainní, meánaibíocht ualaithe, meánré ualaithe,
miondealú ar aibíocht, leachtacht agus toradh; (c)
méid agus forás an mhaoláin GLS; (d)
torthaí na dtástálacha struis; (e)
faisnéis ar na sócmhainní arna sealbhú i bpunann an
CMA: (i) saintréithe gach sócmhainne, amhail an t‑ainm,
tír, catagóir eisitheora, riosca eisitheora nó aibíocht eisitheora, agus na
rátálacha inmheánacha a shanntar di; (ii) cineál na sócmhainne, lena n‑áirítear
mionsonraí faoin gcontrapháirt i gcás díorthach nó comhaontuithe athcheannaigh
droim ar ais; (f)
faisnéis faoi dhliteanais an CMA, lena n‑áirítear
na pointí seo a leanas: (i) an tír ina bhfuil an t‑infheisteoir
bunaithe; (ii) an catagóir infheisteora; (iii) aon ghníomhaíocht suibscríbhinne nó
fuascailte. Más gá agus má tá bonn cirt leis, féadfaidh
údaráis inniúla faisnéis bhreise a iarraidh. 3. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin
theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad tuairiscithe a bhunú ina mbeidh an
fhaisnéis ar fad a liostaítear i mír 2. Tugtar cumhacht don Choimisiún na
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 4. Tarchuirfidh na húdaráis
inniúla chuig ESMA gach faisnéis arna fáil de bhun an Airteagail seo, mar aon
le haon fhógra nó aon fhaisnéis eile arna mhalartú leis an CMA nó lena
bhainisteoir de bhua an Rialacháin seo. Tarchuirfear gach faisnéis den sórt sin
chuig ESMA tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dheireadh na ráithe tuairiscithe.
Baileoidh ESMA an fhaisnéis is gá chun bunachar
sonraí lárnach a chruthú de na CMAnna ar fad arna mbunú, arna mbainistiú nó
arna gcur ar an margadh san Aontas. Is chun críocha staidrimh amháin a bheidh
ceart chun rochtana ar an mbunachar sonraí sin ag an mBanc Ceannais Eorpach. Caibidil VIII
Maoirseacht Airteagal 39
Maoirseacht ag na húdaráis inniúla 1. Déanfaidh na húdaráis inniúla
maoirseacht ar chomhlíonadh an Rialacháin seo ar bhonn leanúnach. 2. Beidh údarás inniúil an CMA
freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha a leagtar síos
i gCaibidlí II go VII. 3. Beidh údarás inniúil an CMA
freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a
leagtar amach i rialacha an chiste nó sna hionstraimí ionchorprúcháin agus ar
chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach sa réamheolaire, a bheidh
comhsheasmhach leis an Rialachán seo. 4. Beidh údarás inniúil an
bhainisteora freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar leordhóthanacht shocruithe
agus eagrúchán an bhainisteora ionas go mbeidh bainisteoir an CMA in ann na
hoibleagáidí agus na rialacha a chomhlíonadh a bhaineann le comhdhéanamh agus
feidhmiú na CMAnna go léir atá faoina stiúir. 5. Déanfaidh údaráis inniúla
faireachán ar GCUInna nó ar CIManna arna mbunú nó arna gcur ar an margadh ina
gcríocha lena fhíorú nach n‑úsáideann siad sonrúchán an CMA ná nach
dtugann siad le tuiscint gur CMA atá iontu ach amháin má chomhlíonann siad an
Rialachán seo. Airteagal 40
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil 1. Beidh gach cumhacht
maoirseachta agus imscrúdaithe ag údaráis inniúla a bheidh de dhíth orthu chun
a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo. 2. Na cumhachtaí arna dtabhairt
d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE,
feidhmeofar iad freisin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Airteagal 41
Cumhachtaí agus inniúlachtaí an Údaráis Eorpaigh Urrús agus Margaí 1. Beidh ag ESMA na cumhachtaí
go léir is gá chun na cúraimí a shanntar dó leis an Rialachán seo a dhéanamh. 2. Na cumhachtaí atá ag ESMA i
gcomhréir le Treoir 2009/65/CE agus Treoir 2011/61/AE, feidhmeofar
iad freisin i ndáil leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.
3. Chun críche Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,
áireofar an Rialachán seo faoi aon ghníomh eile de chuid an Aontais atá
ceangailteach ó thaobh dlí agus lena dtugtar cúraimí don Údarás dá dtagraítear
in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Airteagal 42
Comhar idir na húdaráis 1. Murab ionann údarás inniúil
an CMA agus údarás inniúil an bhainisteora, oibreoidh siad i gcomhar le chéile
agus malartóidh siad faisnéis chun a gcuid dualgas faoin Rialachán seo a
chomhlíonadh. 2. Oibreoidh na húdaráis inniúla
agus ESMA i gcomhar le chéile chun a gcuid dualgas féin faoin Rialachán seo a
chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 3. Malartóidh na húdaráis
inniúla agus ESMA gach faisnéis agus doiciméadacht is gá chun a gcuid dualgas
féin faoin Rialachán seo a chomhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,
go háirithe chun sáruithe ar an Rialachán seo a shainaithint agus a leigheas.
Caibidil IX
Forálacha críochnaitheacha Airteagal 43
Láimhseáil GCUInna agus CIManna atá ann cheana 1. Laistigh de shé mhí ó theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo, aon GCUI nó CIM atá ann cheana a dhéanann
infheistíocht i sócmhainní gearrthéarmacha agus a bhfuil cuspóirí sonracha nó
carnacha acu a thugann torthaí i gcomhréir le rátaí an mhargaidh airgid nó a
chaomhnaíonn luach na hinfheistíochta, cuirfidh sé iarratas isteach chuig a
údarás inniúil mar aon le gach doiciméad agus fianaise is gá lena léiriú go
gcomhlíonann sé an Rialachán seo. 2. Tráth nach déanaí ná dhá mhí
tar éis an iarratas a fháil, measfaidh an t‑údarás inniúil an
gcomhlíonann an GCUI nó an CIM an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 3
agus Airteagal 4. Eiseoidh an t‑údarás inniúil cinneadh agus
tabharfaidh sé fógra don GCUI nó don CIM faoi sin láithreach. 3. De mhaolú ar an gcéad abairt
d’Airteagal 30(1), aon GCUI nó CIM a chomhlíonann na critéir don
sainmhíniú ar CMA ar seasmhach glanluach a shócmhainní a leagtar amach in Airteagal 2(10),
bunóidh sé maolán GLS ar fiú ar a laghad (a)
1% de luach iomlán shócmhainní an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní, laistigh d'aon bhliain amháin tar éis theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo; (b)
2% de luach iomlán shócmhainní an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní, laistigh de dhá bhliain ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo; (c)
3% de luach iomlán shócmhainní an CMA ar seasmhach
glanluach a shócmhainní, laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 4. Chun críocha mhír 3 den Airteagal seo,
forléireofar an tagairt do 3% in Airteagal 33 agus Airteagal 34 mar
thagairt do na méideanna den mhaolán GLS a luaitear i bpointí (a), (b)
agus (c) de mhír 3. Airteagal 44
Feidhmiú an tarmligin 1. Tabharfar an chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a
leagtar síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 19
don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13
agus in Airteagal 19 a chúlghairm tráth ar bith. Má chinntear cúlghairm a
dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa
chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa
chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe
atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint
na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh na gníomhartha
tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13 agus Airteagal 19 i bhfeidhm
ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina
choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón dáta a dtabharfar fógra faoin
ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más
rud é go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag
an gComhairle araon, sula mbeidh an tréimhse sin caite, nach ndéanfaidh
siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 45
Athbhreithniú Faoi cheann trí bliana tar éis theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar
oiriúnacht an Rialacháin seo ó thaobh na stuamachta agus na heacnamaíochta de.
Breithneofar, go háirithe, san athbhreithniú sin, feidhmiú an mhaoláin GLS ó
thaobh CMAnna ar seasmhach glanluach a shócmhainní a bhfuil a gcuid punann
comhchruinnithe i bhfiachas arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit. San
athbhreithniú sin déanfar an méid seo a leanas: (a)
anailíseofar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm
an Rialachán seo, agus a impleachtaí d'infheisteoirí, do CMAnna agus do
bhainisteoirí CMAnna san Aontas; (b)
measúnófar an ról atá ag CMAnna i gceannach
fiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit; (c)
cuirfear san áireamh saintréithe an fhiachais arna
eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus an ról atá aige sin i maoiniú na
mBallstát; (d)
cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear
in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013; (e)
cuirfear forbairtí rialála ar an leibhéal
idirnáisiúnta san áireamh. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe sin in iúl do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon, agus i gcás ina bhfuil gá
leis, beidh ag gabháil leo moltaí maidir le leasuithe. Airteagal 46
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2012 maidir
le scáthbhaincéireacht (2012/2115 (INI)). [2] IO C , , lch. . [3] Treoir 2009/65/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú
dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais
comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUInna) (IO L 302, 17.11.2009,
lch 32). [4] Treoir 2011/61/AE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir
le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha
2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch 1). [5] Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le
díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO
L 201, 27.7.2012, lch 1). [6] Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún
(AE) Uimh. 231/2013 an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Treoir 2011/61/AE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí, coinníollacha
ginearálta oibríochta, taiscí, giaráil, trédhearcacht agus le maoirseacht (IO L
83, 22.3.2013, lch 1). [7] Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena
mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach),
lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n‑aisghairtear
Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch 84). [8] Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le
daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31–50). [9] Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le
daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag
institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht
sonraí den sórt sin IO L 8, 12.1.2001, lch. 1–22. [10] Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir
le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí
infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L
176, 27.06.2013, lch. 1–337. [11] Seachtú Treoir ón gComhairle
83/349/CEE an 13 Meitheamh 1983 bunaithe ar Airteagal 54(3)(g)
den Chonradh maidir le cuntais chomhdhlúite; IO L 193, 18.07.1983, lch. 1–17.