52013PC0535

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) /* COM/2013/0535 final - 2013/0256 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Bunaíodh Eurojust le Cinneadh 2002/187/CGB[1] ón gComhairle chun an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe tromchúisí san Aontas Eorpach a neartú. Ó shin i leith, tá Eurojust ag éascú comhordú agus comhair idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh agus iad ag láimhseáil cásanna a imríonn tionchar ar Bhallstáit éagsúla. Chuidigh sé muinín fhrithpháirteach a mhéadú agus droichid a thógáil idir chórais agus traidisiúin dlí an‑éagsúil an AE. Trí fhadhbanna dlí a réiteach go tapa, agus trí na húdaráis inniúla i dtíortha eile a shainaithint, tá Eurojust tar éis comhlíonadh iarrataí ar ionstraimí comhair agus ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh a éascú. Lean an eagraíocht de bheith ag fás le linn na mblianta sin, agus is gníomhaí lárnach í anois i gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

Is dúshlán laethúil fós an comhrac i gcoinne coireachta eagraithe agus an cur isteach ar eagraíochtaí coiriúla. Ar an drochuair, tháinig an‑bhorradh faoin gcoireacht trasteorann le deich mbliana anuas. Ar na coireanna sin tá, mar shampla, gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, lena n‑áirítear pornagrafaíocht leanaí. Tréith atá coiteann sna réimsí coireachta sin uile is ea go ndéanann grúpaí rí‑shoghluaiste agus rí‑sholúbtha na coireanna thar teorainneacha agus iad ag feidhmiú san iliomad dlínsí agus earnálacha coiriúla. Dá bhrí sin, is gá freagra comhordaithe ar fud na hEorpa chun iad a chomhrac go héifeachtach.

Is deacra do Bhallstáit áirithe coireacht trasteorann a bhrath agus a chomhrac, coireacht eagraithe go háirithe, de dheasca an mhéadaithe atá tagtha ar ghné thrasteorann na coireachta agus ar na cineálacha coireanna a dhéantar go dtí gur gníomhaíochtaí ilchoireanna atá i gceist. Sa chomhthéacs sin, tá ról ríthábhachtach fós ag Eurojust i bhfeabhsú an chomhair agus an chomhordaithe bhreithiúnaigh idir údaráis inniúla bhreithiúnacha na mBallstát agus i gcúnamh a thabhairt d'imscrúduithe a bhfuil tríú tíortha rannpháirteach iontu.

Faoi Chonradh Liospóin, tugadh isteach deiseanna nua maidir le comhrac Eurojust i gcoinne na bhfoirmeacha sin den choireacht a fheabhsú. In Airteagal 85 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE (CFAE), tá aitheantas tugtha go sainráite don chúram atá ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir a bhaint as Eurojust agus go gcuirfear deireadh leis na bacainní ar a fheidhmiú éifeachtach.[2]

Cuireadh athchóiriú leathan ar Chinneadh Eurojust ar bun chun Eurojust a threisiú in 2008. Ba é an spriocdháta den aistriú an 4 Meitheamh 2011. Tá sé tábhachtach an leagan leasaithe den Chinneadh a chur chun feidhme mar is ceart, ach níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua ná ar feidhmiú Eurojust a fheabhsú, agus na gnéithe sin lenar treisíodh a éifeachtacht fheidhmiúil á gcoinneáil ar bun.

Déantar foráil in Airteagal 85 den CFAE freisin maidir le struchtúr, feidhmiú, raon feidhme agus cúraimí Eurojust atá le cinneadh le rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear ann freisin go gcinntear leo socruithe maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.

Ina theannta sin, tar éis na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal 'Gníomhaireachtaí Eorpacha: an bealach ar aghaidh', thoiligh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún idirphlé idirinstitiúideach a sheoladh chun comhtháthú, éifeachtacht agus obair gníomhaireachtaí díláraithe a fheabhsú, agus mar thoradh air sin cruthaíodh Meitheal Idirinstitiúideach (MI) i Márta 2009. Tugadh aghaidh ann ar roinnt príomhcheisteanna, lena n‑áirítear ceisteanna maidir le ról agus suíomh na ngníomhaireachtaí i dtírdhreach institiúideach an AE, a gcruthú, a struchtúr agus ceisteanna oibríochta, maoinithe, buiséadacha, maoirseachta agus bainistíochta.

As an obair sin tháinig an Cur Chuige Comhchoiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an AE, lenar thacaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún in Iúil 2012, atá le cur san áireamh i gcomhthéacs na gcinntí uile uathu amach anseo maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an AE, tar éis anailíse de réir an cháis.

Tá na nithe sin uile curtha san áireamh sa togra seo le haghaidh Rialacháin agus soláthraítear leis creat dlíthiúil athnuaite aonair i gcomhair Gníomhaireachta nua um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), ar comharba dlíthiúil Eurojust, mar a bunaíodh le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle, í.

Agus na heilimintí sin a bhfuil sé léirithe go bhfuil siad éifeachtúil maidir le Eurojust a bhainistiú agus a oibriú á gcoinneáil, leis an Rialachán déantar creat dlíthiúil Eurojust a nuachóiriú agus a fheidhmiú agus a struchtúr a chuíchóiriú i gcomhréir le Conradh Liospóin agus ceanglais an Chur Chuige Chomhchoitinn, a mhéid is féidir de réir a chineáil.

Ós rud é go nglactar an togra le haghaidh Rialacháin san am céanna leis an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tá forálacha curtha san áireamh chun a áirithiú go mbunófar an Oifig sin ó Eurojust mar a cheanglaítear faoi Airteagal 86 den CFAE agus gur féidir le Eurojust tacú léi.

2.           TORTHAÍ ÓN gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Chun an Rialachán seo a ullmhú, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar saineolaithe iad sa réimse seo roinnt uaireanta. Is é an cuspóir atá leis an togra, go príomha, an deis atá curtha ar fáil i gConradh Liospóin a thapú chun Eurojust a nuachóiriú trí struchtúr bainistíochta feabhsaithe a chur air lena laghdófar an t‑ualach riaracháin atá ar an gColáiste faoi láthair agus lenar féidir leis díriú ar a bhunchúram.

Ar an 18 Deireadh Fómhair 2012 d'eagraigh an Coimisiún cruinniú comhairleach le saineolaithe ó na Ballstáit agus ionadaithe ó Rúnaíocht na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Eurojust chun ceisteanna a bhaineann le hathchóiriú a d'fhéadfadh tarlú faoi Airteagal 85 den CFAE a phlé. I measc na gceisteanna a pléadh bhí treisiú ar rialachas, rannpháirtíocht pharlaiminte ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta agus cumhachtaí breise a d'fhéadfaí a thabhairt, chomh maith le naisc le forbairt Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Bhí comhaontú ginearálta sa chruinniú gur mhaith an rud é struchtúr rialachais agus éifeachtúlacht Eurojust a fheabhsú.

Bhí Eurojust rannpháirteach go díreach sa phróiseas comhairliúcháin freisin agus sholáthair a ionchur trí mholtaí agus cruinnithe leis an gCoimisiún. Ina theannta sin, pléadh an t‑athchóiriú faoi chuimsiú seimineár éagsúil amhail an Seimineár Straitéiseach "Eurojust and the Lisbon Treaty. Towards more effective action" (Eurojust agus Conradh Liospóin. I dtreo beart níos éifeachtaí) (a tionóladh in Brugge an 20 go dtí an 22 Meán Fómhair 2010) agus Comhdháil Eurojust‑ERA “10 Years of Eurojust: Operational Achievements and Future Challenges” (Eurojust tar éis 10 mbliana: Gnóthachtálacha Oibríochta agus Dúshláin Amach Anseo), a tionóladh sa Háig an 12 agus 13 Samhain 2012. Ina theannta sin, pléadh todhchaí Eurojust ag cruinniú speisialta neamhfhoirmiúil de chuid na Comhairle tráth comórtha deich mbliana Eurojust, i mí Feabhra 2012.

Bailíodh tuairimí na bpáirtithe leasmhara le "Study on the strengthening of Eurojust" (Staidéar ar conas Eurojust a threisiú)[3], a d'ordaigh an Coimisiún, ina bhfuil léargas maith ar fáil ar na ceisteanna atá ann cheana agus ina bhfuil roinnt roghanna beartais malartacha i leith aghaidh a thabhairt orthu.

3.           TOGRA

3.1.        An bunús dlí

Is é Airteagal 85 den CFAE an bunús dlí atá leis an togra. Forordaítear ann Rialachán a úsáid.

3.2.        Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá gá le bearta ón AE mar is dual do na bearta atá beartaithe gné Eorpach a bheith leo, mar is intuigthe astu go gcruthófar eintiteas a mbeidh de chúram air tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta bhreithiúnacha i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

3.3.        Míniú ar an togra de réir caibidlí

Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na dtograí:

· éifeachtúlacht Eurojust a mhéadú trí struchtúr nua rialachais a chur air;

· éifeachtacht oibríochta Eurojust a fheabhsú trí shainmhínithe atá ar aon dul lena chéile a thabhairt ar stádas agus cumhachtaí na gComhaltaí Náisiúnta;

· foráil a dhéanamh maidir le ról do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust i gcomhréir le Conradh Liospóin;

· creat dlíthiúil Eurojust a thabhairt i gcomhréir leis an gCur Chuige Comhchoiteann, agus i gcomhréir lena a ról speisialta i ndáil le comhordú imscrúduithe coireachta leanúnacha;

· a áirithiú gur féidir le Eurojust oibriú i ndlúthchomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, tar éis a bunaithe.

3.3.1.     Caibidil I: Cuspóirí agus cúraimí

Rialáiltear leis an gcaibidil seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) a bhunú, mar chomharba dlíthiúil Eurojust, arna bhunú le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle. Sainítear ann freisin cúraimí agus inniúlacht na Gníomhaireachta. Tá an inniúlacht sin sainithe go huathrialach sa dréacht‑Rialachán trí bhíthin Iarscríbhinne.

3.3.2.     Caibidil II: Struchtúr Eurojust agus é a riar

Tá cuid de phríomheilimintí an athchóirithe le fáil sa chaibidil seo.

Tá Roinn II dírithe ar chomhaltaí náisiúnta Eurojust. San athchóiriú coinnítear nasc na gcomhaltaí sin lena mBallstát tionscnaimh ach san am céanna liostaítear go sainráite na cumhachtaí oibríochta a bheidh acu uile. Leis sin beidh siad in ann oibriú i gcomhar lena chéile agus leis na húdaráis náisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí.

Le Ranna III, IV agus V bunaítear struchtúr nua Eurojust tríd an gColáiste, an Bord Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Riaracháin a rialú faoi seach. Feabhsaítear rialachas Eurojust trí idirdhealú soiléir a dhéanamh idir dhá chomhdhéanamh an Choláiste, de réir cé acu a fheidhmíonn sé feidhmeanna oibríochta nó bainistíochta nó nach bhfeidhmíonn. Tagraíonn na feidhmeanna oibríochta do phríomhghnó Eurojust i ndáil le tacú le himscrúduithe náisiúnta agus iad a chomhordú. Baineann na feidhmeanna bainistíochta le clár oibre, buiséad bliantúil nó tuarascáil bhliantúil na gníomhaireachta a ghlacadh. Bunaítear orgán nua, an Bord Feidhmiúcháin, chun cinntí bainistíochta an Choláiste a ullmhú agus chun roinnt cúraimí riaracháin a ghlacadh chuige féin go díreach. Bíonn ionadaíocht ag an gCoimisiún sa Choláiste nuair a fheidhmíonn sé a fheidhmeanna bainistíochta agus sa Bhord Feidhmiúcháin. Ar deireadh, tá nós imeachta coinní, freagrachtaí agus cúraimí an Stiúrthóra Riaracháin leagtha amach go soiléir.

Leis sin tugtar isteach céim dhúbailte rialachais mar atá beartaithe sa Chur Chuige Comhchoiteann agus coinnítear cineál speisialta Eurojust leis agus cosnaítear a neamhspleáchas san am céanna. Tá sé cost‑éifeachtach freisin, agus cuireann sé le héifeachtúlacht Eurojust, mar tabharfar cúnamh do chomhaltaí náisiúnta i gcúrsaí buiséadacha agus riaracháin, ionas gur féidir leo díriú ar a gcúraimí oibríochta.

3.3.3.     Caibidil III: Cúrsaí oibríochta

Sa chaibidil sin coinnítear sásraí atá ann cheana le haghaidh éifeachtacht oibríochta Eurojust, lena n‑áirítear an Comhordú ar Ghlao‑dhualgas, Córas Eurojust um Chomhordú Náisiúnta, malartuithe faisnéise agus an fhreagairt ar iarrataí Eurojust. Níl aon athrú ar ailtireacht Chóras Bainistithe Cásanna Eurojust.

3.3.4.     Caibidil IV: Faisnéis a phróiseáil

Tá tagairt sa chaibidil seo do Rialachán 45/2001[4] mar an córas is infheidhme do phróiseáil na soraí pearsanta ar fad ag Eurojust. Ina theannta sin, déantar Rialachán 45/2001 a shonrú agus a chomhlánú sa Rialachán a mhéid a bhaineann sé le sonraí pearsanta oibríochta, agus maidir le sainiúlacht gníomhaíochtaí comhair bhreithiúnaigh agus maidir leis an ngá atá le comhsheasmhacht agus comhoiriúnacht leis na prionsabail cosanta sonraí ábhartha san áireamh. Is féidir srianta a chur le próiseáil sonraí pearsanta fós.

Sa chaibidil seo freisin déantar na forálacha maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a ailíniú le Rialachán 45/2001 agus cuirtear san áireamh inti caighdeáin na cosanta dá bhforáiltear sa phacáiste maidir le hathchóiriú na cosanta sonraí, a ghlac an Coimisiún in Eanáir 2012. Anuas air sin, déantar foráil maidir le hathrú tábhachtach ar an sásra maoirseachta sa chaibidil. Bunaítear leis freagrachtaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) i ndáil leis an bhfaireachán ar an bpróiseáil sonraí pearsanta uile a dhéanfar ag Eurojust. Glacfaidh an MECS cúraimí an Chomhchomhlachta Maoirseachta arna bhunú faoin gCinneadh ón gComhairle maidir le Eurojust chuige féin.

3.3.5.     Caibidil V: Caidreamh le comhpháirtithe

Léirítear sa chaibidil sin an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht agus comhar idir Eurojust agus institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile an AE sa chomhrac i gcoinne na coireachta. Áirítear ann ar an gcéad dul síos an caidreamh le Rúnaíochtaí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, Líonra Saineolaithe na gComhfhoirne Imscrúdaithe agus an Líonra um Chinedhíothú, atá faoi choimirce Eurojust. Áirítear ann freisin foráil shonrach maidir leis an gcaidreamh le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Ar an dara dul síos, tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhar le Europol, go háirithe maidir lena ról i ndáil le faisnéis a thabhairt do Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 85 den CFAE. Tugadh foráil shonrach isteach chun an caidreamh pribhléideach idir dhá ghníomhaireacht a leagan síos chun a n‑éifeachtacht a mhéadú maidir le foirmeacha tromchúiseacha den choireacht idirnáisiúnta a chomhrac faoi réim a n‑inniúlachta. Áirítear inti sásra chun a gcórais faisnéise faoi seach agus an malartú sonraí dá éis sin a chros‑seiceáil. Socrófar mionsonraí praiticiúla trí bhíthin comhaontú.

Braitear naisc le tríú tíortha go mion minic i gcásanna coireachta tromchúisí agus eagraithe, agus mar gheall air sin tá dlúthchomhar leis na tíortha sin ríthábhachtach. Mar gheall ar Chonradh Liospóin tá athrú ar an gcaoi a láimhseálann an tAontas Eorpach a chaidreamh seachtrach, agus tá tionchar ag an athrú sin ar na gníomhaireachtaí. Dá bharr sin, ní bheidh gníomhaireachtaí in ann comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú iad féin a thuilleadh – ní mór comhaontuithe mar sin a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 218 den CFAE. Beidh Eurojust in ann socruithe oibre a thabhairt chun críche, áfach, chun comhar leis na húdaráis inniúla i dtríú tíortha a fheabhsú, lena n‑áirítear faisnéis a mhalartú. Beidh na comhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana bailí fós.

3.3.6.     Caibidil VI: Forálacha airgeadais

Tá sé mar aidhm ag na forálacha sin buiséad Eurojust, bunú agus cur chun feidhme an bhuiséid sin, tíolacadh cuntas agus forálacha maidir le hurscaoileadh a nuachóiriú.

3.3.7.     Caibidil VII: Forálacha maidir leis an bhfoireann

Is léiriú iad na forálacha sin ar phrionsabail an Chur Chuige Chomhchoitinn agus urramaítear leo sainiúlachtaí Eurojust san am céanna. Ós rud é go bhfuil Eurojust hibrideach agus go mbaineann tábhacht leis an nasc oibríochta idir dheasca náisiúnta agus a mBallstáit tionscnaimh is iad na Ballstáit a iompróidh na costais a bhaineann le tuarastail agus luach saothair na foirne sin. Ceapfaidh Coláiste Eurojust Stiúrthóir Riaracháin Eurojust fós ach déanfaidh sé sin ar bhonn gearrliosta arna chur le chéile ag an gCoimisiún, tar éis próisis roghnúcháin a bheidh oscailte agus trédhearcach. Ar an gcaoi sin urramófar neamhspleáchas na gníomhaireachta agus áiritheofar go ndéanfar meastóireacht dhian ar na hiarrthóirí. Tá próiseas den chineál céanna beartaithe do dhífhostú an Stiúrthóra Riaracháin.

3.3.8.     Caibidil VIII: Meastóireacht agus Tuairisciú

Sa chaibidil seo déantar creat dlíthiúil Eurojust a ailíniú le dlisteanacht dhaonlathach mhéadaithe Eurojust a cheanglaítear faoi Chonradh Liospóin. Leagtar amach inti rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Déanfar é sin ar bhealach cost‑éifeachtach, ar bhonn Thuarascáil Bhliantúil Eurojust, agus caomhnófar neamhspleáchas oibríochta Eurojust san am céanna. Cuirfear meastóireacht fhoriomlán thréimhsiúil ar Eurojust atá i gcomhréir leis an gCur Chuige Comhchoiteann ar fáil freisin.

3.3.9.     Caibidil IX: Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Tá forálacha sa chaibidil seo le haghaidh an Rialachán maidir le Eurojust a ailíniú leis an gCur Chuige Comhchoiteann, chomh maith leis na forálacha a bhaineann le teacht i bhfeidhm an Rialacháin.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí costais ag baint leis an athchóiriú rialachais ('bord bainistíochta' taobh leis an gColáiste) agus níl aon chúraimí nua beartaithe do Eurojust sa togra seo, seachas tacú le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, rud a dhéanfar ar bhonn saor ó chostas.

2013/0256 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 85 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Bunaíodh Eurojust le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle[5] mar chomhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige chun comhordú agus comhar idir údaráis inniúla bhreithiúnacha na mBallstát a spreagadh agus a fheabhsú, go háirithe maidir le coireacht eagraithe thromchúiseach. Le Cinneadh 2003/659/CGB ón gComhairle[6] agus Cinneadh 2009/426/CGB ón gComhairle[7] maidir le Eurojust a neartú leasaíodh creat dlíthiúil Eurojust.

(2)       Déantar foráil in Airteagal 85 den Chonradh go ndéanfar Eurojust a rialáil le rialachán, arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Ceanglaítear ann freisin socruithe a chinneadh maidir le baint a bheith ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust.

(3)       Déantar foráil in Airteagal 85 den Chonradh freisin go mbeidh sé de chúram ar Eurojust tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdúcháin agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n‑oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol.

(4)       Ós rud é gur cheart Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú ó Eurojust, tá na forálacha is gá sa Rialachán seo chun an caidreamh idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a rialáil.

(5)       Cé gur cheart inniúlacht eisiach a bheith ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun coireanna a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ba cheart Eurojust a bheith in ann tacú leis na húdaráis náisiúnta agus iad ag imscrúdú agus ag ionchúiseamh na bhfoirmeacha coireachta sin i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

(6)       Ionas gur féidir le Eurojust a chúram a chomhlíonadh agus a acmhainn ar fad a fhorbairt sa chomhrac i gcoinne coireachta tromchúisí trasteorann, ba cheart a fheidhmeanna oibríochta a threisiú trí ualach oibre riaracháin na gcomhaltaí náisiúnta a laghdú, agus a ghné Eorpach a fheabhsú tríd an gCoimisiún a bheith rannpháirteach i mbainstíocht na gníomhaireachta agus tríd an mbaint atá ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta leis an meastóireacht ar a ghníomhaíochtaí a mhéadú.

(7)       Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle a aisghairm agus an Rialachán seo lena ndéantar socruithe do rannpháirtíocht pharlaiminteach a chinneadh, struchtúr Eurojust a nuachóiriú agus an creat dlíthiúil atá aige faoi láthair a shimpliú a chur ina ionad, agus na heilimintí sin a bhfuil a n‑éifeachtúlacht maidir le hoibríocht Eurojust cruthaithe a choinneáil san am céanna.

(8)       Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(9)       Ba cheart na foirmeacha de choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó ar a bhfuil Eurojust inniúil a leagan síos. Ina theannta sin, ba cheart cásanna nach mbaineann le dhá Bhallstát nó níos mó, ach a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, a shainiú. Ba cheart imscrúduithe agus ionchúisimh nach ndéanann difear ach do Bhallstát amháin agus do thríú Stát a áireamh ar na cásanna sin, chomh maith leis na cásanna nach ndéanann difear ach do Bhallstát amháin agus don Aontas.

(10)     Agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna oibríochta i ndáil le cásanna coireachta nithiúla, arna iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin, ba cheart do Eurojust gníomhú trí chomhalta náisiúnta amháin nó níos mó nó mar Choláiste.

(11)     Chun a áirithiú gur féidir le Eurojust tacú le himscrúduithe trasteorann agus iad a chomhordú mar is iomchuí, ní mór na cumhachtaí oibríochta céanna a bheith ag na comhaltaí náisiúnta ar fad ionas gur féidir leo comhoibriú eatarthu féin agus leis na húdaráis náisiúnta ar bhealach níos éifeachtaí. Ba cheart na cumhachtaí sin lenar féidir le Eurojust a mhisean a thabhairt i gcrích go hiomchuí a thabhairt do na comhaltaí náisiúnta. Ba cheart na rudaí seo a leanas a áireamh ar na cumhachtaí sin, faisnéis ábhartha i gcláir phoiblí náisiúnta a rochtain, iarrataí ar chúnamh frithpháirteach agus ar aitheantas a eisiúint agus a chomhlíonadh, dul i dteagmháil go díreach leis na húdaráis inniúla agus faisnéis a mhalartú leo, a bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe agus, ar aon dul leis an údarás náisiúnta inniúil nó i gcás práinne, bearta imscrúdaithe agus seachadtaí rialaithe a ordú.

(12)     Is gá struchtúr riaracháin agus bainistíocht a thabhairt do Eurojust inar féidir leis a chuid cúraimí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla agus lena n‑urramaítear na prionsabail is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí an Aontais agus lena gcoinnítear saintréithe speisialta Eurojust agus a gcosnaítear a neamhspleáchas i ndáil lena fheidhmeanna oibríochta a fheidhmiú. Chuige sin, ba cheart feidhmeanna na gcomhaltaí náisiúnta, an Choláiste agus an Stiúrthóra Riaracháin a shoiléiriú agus Bord Feidhmiúcháin a bhunú.

(13)     Ba cheart forálacha a leagan síos chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir feidhmeanna oibríochta agus bainistíochta an Choláiste, lena n‑íoslaghdófaí an t‑ualach riaracháin ar chomhaltaí náisiúnta sa chaoi go gcuirfí an bhéim ar obair oibríochta Eurojust. Ba cheart cláir oibre, buiséad, tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil agus rialacha airgeadais iomchuí Eurojust, agus a shocruithe oibre le comhpháirtithe a áireamh i gcúraimí bainistíochta an Choláiste go háirithe. Ba cheart dó cumhacht údaráis ceapacháin a fheidhmiú maidir le baill foirne na gníomhaireachta lena n‑áirítear an Stiúrthóir Riaracháin.

(14)     Chun rialachas agus nósanna imeachta cuíchóirithe Eurojust a fheabhsú, ba cheart Bord Feidhmiúcháin a bhunú chun cúnamh a thabhairt don Choláiste i dtaca lena fheidhmeanna bainistíochta agus sa chaoi gur féidir cinnteoireacht chuíchóirithe maidir le ceisteanna neamhoibríochta agus straitéiseacha a bheith ann.

(15)     Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún sa Choláiste nuair a fheidhmíonn sé a fheidhmeanna bainistíochta agus sa Bhord Feidhmiúcháin, chun a áirithiú go ndéanfar Eurojust a mhaoirsiú go neamhoibríochtúil agus a threorú go straitéiseach.

(16)     Chun riar éifeachtúil Eurojust ó lá go lá a áirithiú, ba cheart an Stiúrthóir Riaracháin a bheith ina ionadaí dlíthiúil agus ina bhainisteoir aige, atá freagrach don Choláiste agus don Bhord Feidhmiúcháin. Ba cheart don Stiúrthóir Riaracháin cinntí an Choláiste agus an Bhoird Feidhmiúcháin a ullmhú agus a chur chun feidhme.

(17)     Is gá Comhordú ar Ghlao‑dhualgas a bhunú laistigh de Eurojust ionas go mbeidh Eurojust ar fáil de ló is d'oíche agus go mbeidh sé in ann idiragairt i gcásanna práinne. Ba cheart an fhreagracht a bheith ar gach Ballstát a áirithiú go bhfuil a ionadaithe sa Chomhordú ar Ghlao‑dhualgas in ann gníomhú ar bhonn 24 uair an chloig seacht lá na seachtaine.

(18)     Ba cheart córais Eurojust um chomhordú náisiúnta a bhunú sna Ballstáit chun an obair a dhéanann na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust, comhfhreagraí náisiúnta Eurojust le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta, comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh agus suas le trí phointe teagmhála eile a chomhordú, chomh maith le hionadaithe sa Líonra um Chomhfhoirne Imscrúdaithe agus na líonraí a bunaíodh le Cinneadh 2002/494/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena mbunaítear líonra Eorpach pointí teagmhála i ndáil le daoine atá ciontach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh[8], Cinneadh 2007/845/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2007 maidir le comhar idir Oifigí um Aisghabháil Sócmhainní na mBallstát sa réimse a bhaineann le fáltais ó choireacht, nó maoin eile a bhaineann le coireacht, a lorg agus a shainaithint[9] agus le Cinneadh 2008/852/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir le líonra pointí teagmhála in aghaidh an éillithe[10].

(19)     Chun comhordú agus comhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a spreagadh agus a threisiú tá sé ríthábhachtach go bhfaighidh Eurojust an fhaisnéis ábhartha is gá ó na húdaráis náisiúnta chun a chuid cúraimí a dhéanamh. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta inniúla a gcomhaltaí náisiúnta a chur ar an eolas maidir le bunú agus torthaí na gcomhfhoirne imscrúdaithe, cásanna atá faoi inniúlacht Eurojust lena mbaineann go díreach trí Bhallstát ar a laghad agus ar cuireadh iarrataí nó cinntí maidir le comhar breithiúnach chuig dhá Bhallstát ar a laghad ina leith, agus chomh maith leis sin, i gcásanna áirithe, faisnéis faoi easaontais i ndáil le dlínse, seachadtaí rialaithe agus deacrachtaí leanúnacha le comhar breithiúnach.

(20)     Cé go dtagann próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust faoi raon feidhme Rialachán (CE) 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus saorghluaiseacht na sonraí sin[11], tá próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis na mBallstát agus aistriú na sonraí sin chuig Eurojust faoi chumhdach Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 108 [an Treoir ábhartha atá i bhfeidhm tráth an ghlactha le cur ina ionad].

(21)     Nuair a aistríonn Eurojust sonraí pearsanta chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó Interpol de bhua comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích de bhun Airteagal 218 den Chonradh, ba cheart dó a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha cosanta sonraí an Rialacháin seo i gcomhréir leis na coimircí leordhóthanacha maidir le cearta príobháideachais agus bunúsacha agus saoirse daoine aonair a chosaint.

(22)     Ba cheart údarás a thabhairt do Eurojust sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil maidir le daoine a a bhfuil amhras ann fúthu, faoi reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil ar a bhfuil Eurojust inniúil, gur ghlac siad páirt ann, nó maidir le daoine a ciontaíodh as an gcion sin. Níl sé beartaithe go ndéanfadh Eurojust comparáid uathoibrithe ar phróifílí DNA ná méarloirg.

(23)     Ba cheart an deis a thabhairt do Eurojust síneadh a chur leis na sprioc‑amanna atá le sonraí pearsanta a stóráil, faoi réir chomhlíonadh phrionsabal an teorannaithe de réir cuspóra is infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs gníomhaíochtaí ar fad Eurojust, chun a chuspóirí a bhaint amach. Ba cheart cinntí mar sin a dhéanamh tar éis na leasanna ar fad atá i gceist a mheas, lena n‑áirítear leasanna na ndaoine lena mbaineann. Níor cheart cinneadh a dhéanamh maidir le haon síneadh a chur leis na sprioc‑amanna atá le sonraí pearsanta a phróiseáil, i gcás ina bhfuil an t‑ionchúiseamh faoi urchosc reachta sna Ballstáit ar fad lena mbaineann, ach amháin i gcás ina bhfuil gá sonrach faoin Rialachán seo le cúnamh a thabhairt.

(24)     Ba cheart do Eurojust caidreamh pribhléideach a choinneáil leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach bunaithe ar chomhairliúchán agus comhlántacht. Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina chúnamh ag róil Eurojust agus an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh faoi seach agus a gcaidreamh frithpháirteach a shoiléiriú, agus sainiúlacht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a choinneáil san am céanna.

(25)     Ba cheart do Eurojust caidreamh comhair a choinneáil ar bun le comhlactaí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, le húdaráis inniúla tríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta, a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chur i gcrích.

(26)     Chun comhar oibríochta idir Eurojust agus Europol a fheabhsú, agus go háirithe chun naisc a bhunú idir shonraí atá i seilbh ceachtar den dá chomhlacht cheana féin, ba cheart do Eurojust a chur ar chumas Europol rochtain a bheith aige ar shonraí atá ar fáil ag Eurojust agus comparáidí a dhéanamh leo.

(27)     Ba cheart Eurojust a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le comhlachtaí eile an Aontais a mhéad is gá chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

(28)     Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le Eurojust chun giúistísí idirchaidrimh a phostú i dtríú tíortha chun cuspóirí a bhaint amach atá ar aon dul leis na cuspóirí sin a shainítear do ghiúistísí idirchaidrimh ar iasacht ó na Ballstáit ar bhonn Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 96/277/CGB ón gComhairle an 22 Aibreán 1996 maidir le creat i ndáil le giúistísí idirchaidrimh a mhalartú chun comhar breithiúnach a fheabhsú idir Bhallstáit an Aontais Eorpaigh[12].

(29)     Ba cheart foráil a dhéanamh go gcomhordóidh Eurojust comhlíonadh iarrataí i ndáil le comhar breithiúnach arna eisiúint ag tríú tír nuair a bhaineann siad le himscrúdú aonair agus nuair is gá iad a chomhlíonadh in dhá Bhallstát ar a laghad.

(30)     Chun uathriail agus neamhspleáchas iomlán Eurojust a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt dó, agus an t‑ioncam a theacht go bunúsach ó ranníocaíocht ó bhuiséad an Aontais, seachas i gcás tuarastal agus luacha saothair na gcomhaltaí náisiúnta agus cúnaimh do dhaoine, costais atá ar na Ballstáit tionscnaimh. Ba cheart nós imeachta buiséadach an Aontais a bheith infheidhmithe fad is atá ranníocaíocht an Aontais agus fhórdheontais eile is inmhuirir i leith bhuiséad ginearálta an Aontais i gceist. Ba cheart don Chúirt Iniúchóirí an t‑iniúchadh ar na cuntais a dhéanamh.

(31)     Chun trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach Eurojust a mhéadú is gá sásraí a chur ar fáil maidir le Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta páirt a ghlacadh sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust. Níor cheart dó sin sin bac a chur ar phrionsabail an neamhspleáchais i ndáil le gníomhaíocht a dhéantar i gcásanna sonracha oibríochta nó ar chuspóirí na discréide agus na rúndachta.

(32)     Tá sé oiriúnach meastóireacht rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(33)     Ba cheart feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle[13].

(34)     Ba cheart feidhm maidir le Eurojust a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑chalaoise (OLAF)[14].

(35)     Ba cheart na forálacha is gá agus na rialacha sonracha is infheidhme maidir le baill foirne uile Europol agus baill dá dteaghlaigh a leagan síos i gcomhaontú ceanncheathrún maidir le cóiríocht do Eurojust sa Bhallstát ina bhfuil a cheanncheathrú aige, is é sin an Ísiltír. Anuas air sin, ba cheart don Bhallstát aíochta na dálaí is fearr is féidir a chur ar fáil chun a áirithiú go mbeidh Eurojust ag feidhmiú i gceart, lena n‑áirítear scoileanna do leanaí agus modhanna iompair, chun acmhainní daonna ardchaighdeáin a mhealladh ó cheantar geografach chomh leathan is féidir.

(36)     Ós rud é go dtagann Eurojust, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, in ionad Eurojust agus i gcomharba air mar a bunaíodh ar bhonn Chinneadh 2002/187/CGB, ba cheart é a bheith ina chomharba dlíthiúil ar Eurojust i ndáil lena oibleagáidí conarthacha, lena n‑áirítear conarthaí fostaíochta, dliteanais agus maoin arna fáil. Ba cheart comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust mar a bunaíodh ar bhonn an Chinnidh sin a bheith fós i bhfeidhm.

(37)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon eintiteas a bhunú a bheidh freagrach as tacú agus treisiú leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, a bhaint amach go leordhóthanach agus, dá bhrí sin, gur féidir é a bhaint amach ar bhealach níos fearr, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta, ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(38)     [I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé curtha in iúl ag na Ballstáit sin gur mian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo.] NÓ [Gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i leith an Limistéir Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl siad faoi cheangal ná faoi réir chur i bhfeidhm an Rialacháin.]

(39)     I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I CUSPÓIR AGUS CÚRAIMÍ

Airteagal 1 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil

1.           Bunaítear leis seo Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).

2.           Beidh Eurojust, mar a bhunaítear leis an Rialachán seo, ina chomharba dlíthiúil ar Eurojust mar a bhunaítear le Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle.

3.           I ngach ceann de na Ballstáit, beidh an inniúlacht dhlíthiúil is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe na mBallstát sin ag Eurojust. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

Airteagal 2 Cúraimí

1.           Tacóidh agus treiseoidh Eurojust leis an gcomhordú agus leis an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh i ndáil le coireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn chomhchoiteanna, ar bhonn na n‑oibríochtaí arna seoladh agus ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag údaráis na mBallstát agus ag Europol.

2.           Agus é ag cur a chuid cúraimí chun feidhme, déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:

a)      cuirfidh sé san áireamh aon iarraidh a thagann ó údarás inniúil Ballstáit nó aon fhaisnéis a thugann aon chomhlacht atá inniúil de bhua forálacha arna nglacadh laistigh de chreat na gConarthaí nó arna mbailiú ag Eurojust féin;

b)      éascóidh sé iarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

3.           Déanfaidh Eurojust a chuid cúraimí arna iarraidh sin d'údaráis inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin.

Airteagal 3 Inniúlacht Eurojust

1.           Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust na foirmeacha coireachta atá liostaithe in Iarscríbhinn 1. Ní áireofar ina inniúlacht, áfach, na coireanna a bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh inniúil orthu.

2.           Cumhdófar faoi inniúlacht Eurojust cionta coiriúla lena mbaineann. Measfar na cionta seo a leanas a bheith ina gcionta coiriúla:

a)      cionta coiriúla arna ndéanamh chun caoi a fháil gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a dhéanamh;

b)      cionta coiriúla arna ndéanamh chun na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1 a éascú nó a dhéanamh;

c)      cionta coiriúla arna ndéanamh chun a áirithiú nach mbeidh baol pionóis leis na gníomhartha atá liostaithe in Iarscríbhinn 1.

3.           Arna iarraidh sin ag údarás inniúil Ballstáit, féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh freisin nach ndéanann difear ach don Bhallstát sin agus do thríú tír i gcás ina bhfuil comhaontú nó socrú comhair lena mbunaítear comhar de bhun Airteagal 43 tugtha i gcrích leis an tríú tír sin nó i gcás sonrach ina bhfuil leas bunúsach maidir le cúnamh den chineál sin a chur ar fáil.

4.           Arna iarraidh sin ag údarás inniúil Ballstáit nó ag an gCoimisiún, féadfaidh Eurojust cúnamh a thabhairt i ndáil le himscrúduithe agus ionchúisimh nach ndéanann difear ach don Bhallstát sin agus don Aontas.

Airteagal 4 Feidhmeanna oibríochta Eurojust

1.           Déanfaidh Eurojust an méid seo a leanas:

a)      údaráis inniúla na mBallstát a chur ar an eolas faoi imscrúduithe agus ionchúisimh ar cuireadh ar an eolas é fúthu agus a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;

b)      cúnamh a thabhairt d'údaráis inniúla na mBallstát an comhordú is fearr is féidir ar imscrúduithe agus ionchúisimh a áirithiú;

c)      cúnamh a thabhairt chun an comhar a fheabhsú idir údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe ar bhonn anailísí Europol;

d)      oibriú i gcomhar agus dul i gcomhairle leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair choiriúla, lena n‑áirítear úsáid a bhaint as bunachar sonraí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sin agus cur lena fheabhsú;

e)      tacaíocht oibríochta, theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil d’oibríochtaí agus d’imscrúduithe trasteorann na mBallstát, lena n‑áirítear comhfhoirne imscrúdaithe.

2.           Agus é i mbun a chuid cúraimí, féadfaidh Eurojust na nithe seo a leanas a iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá aige sa chás sin:

a)      imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar ghníomhartha sonracha;

b)      glacadh leis go bhféadfadh ceann amháin acu a bheith i riocht níos fearr tabhairt faoi imscrúdú nó gníomhartha sonracha a ionchúiseamh;

c)      comhordú idir údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann;

d)      comhfhoireann imscrúdaithe a bhunú i gcomhréir leis na hionstraimí comhair ábhartha;

e)      aon fhaisnéis is gá chun a chuid cúraimí a dhéanamh a thabhairt dó;

f)       bearta speisialta imscrúdaithe a dhéanamh;

g)      aon bheart eile a dhéanamh a bhfuil bonn cirt faoi i ndáil leis an imscrúdú nó ionchúiseamh.

3.           Ina theannta sin, féadfaidh Eurojust:

a)      tuairimí a thabhairt do Europol atá bunaithe ar anailísí arna ndéanamh ag Europol;

b)      tacaíocht lóistíochta a sholáthar, lena n‑áirítear cúnamh cruinnithe comhordaithe a eagrú agus aistriúchán agus ateangaireacht a dhéanamh orthu.

4.           I gcás nach féidir le dhá Bhallstát nó níos mó teacht ar chomhaontú maidir le cé acu ba cheart imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh tar éis iarraidh a fháil arna déanamh faoi phointe (b) de mhír 2, eiseoidh Eurojust tuairim scríofa faoin gcás. Cuirfear an tuairim ar aghaidh go pras chuig na Ballstáit lena mbaineann.

5.           Arna iarraidh sin ag údarás inniúil eiseoidh Eurojust tuairim scríofa faoi dhiúltuithe nó deacrachtaí leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ar choinníoll nárbh fhéidir é a réiteach trí chomhaontú frithpháirteach idir na húdaráis náisiúnta inniúla nó trí rannpháirtíocht na gcomhaltaí náisiúnta lena mbaineann. Cuirfear an tuairim ar aghaidh go pras chuig na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 5 Feidhmeanna oibríochta a fheidhmiú

1.           Gníomhóidh Eurojust trí cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2).

2.           Gníomhóidh Eurojust mar Choláiste:

a)      agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó (2):

(i)      arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta a bhaineann le cás a bhfuil Eurojust ina bhun;

(ii)      nuair a bhaineann an cás le himscrúduithe nó ionchúisimh a bhfuil iarmhairtí acu ar leibhéal an Aontais nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do Bhallstáit seachas na Ballstáit sin lena mbaineann go díreach;

b)      agus é i mbun aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 4(3), (4) nó (5);

c)      nuair is ceist ghinearálta a bhaineann lena chuspóirí oibríochta a bhaint amach atá i gceist;

d)      i gcás ina bhfuil foráil eile maidir leis sa Rialachán seo.

3.           Agus é ag déanamh a chuid cúraimí, cuirfidh Eurojust in iúl an bhfuil sé ag gníomhú trí cheann amháin nó níos mó de na comhaltaí náisiúnta nó mar Choláiste.

CAIBIDIL II STRUCHTÚR EUROJUST AGUS É A RIAR

Roinn I Struchtúr

Airteagal 6 Struchtúr Eurojust

Is éard a bheidh i struchtúr Eurojust:

a)           na comhaltaí náisiúnta;

b)           an Coláiste;

c)           an Bord Feidhmiúcháin;

d)           an Stiúrthóir Riaracháin.

Roinn II Comhaltaí Náisiúnta

Airteagal 7 Stádas na gcomhaltaí náisiúnta

1.           Beidh comhalta náisiúnta amháin ar iasacht ó gach Ballstát ag Eurojust i gcomhréir lena chóras dlí, a mbeidh a ghnátháit oibre aige ag suíomh Eurojust.

2.           Beidh ionadaí amháin agus cúntóir de chúnamh ag gach comhalta náisiúnta. Eurojust a bheidh ina ghnátháit oibre ag an ionadaí agus ag an gcúntóir. Féadfaidh níos mó ionadaithe nó cúntóirí a bheith de chúnamh ag an ionadaí náisiúnta agus, más gá agus le comhaontú ón gColáiste, féadfaidh Eurojust a bheith mar ghnátháit oibre acu.

3.           Beidh stádas ionchúisitheora, breithimh nó póilín ag comhaltaí náisiúnta agus ionadaithe agus beidh inniúlacht is cóibhéiseach acu. Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla na cumhachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo dóibh ionas gur féidir leo a gcuid cúraimí a dhéanamh.

4.           Beidh an t‑ionadaí in ann gníomhú thar ceann an chomhalta náisiúnta nó ina ionad. Féadfaidh cúntóir gníomhú thar ceann an chomhalta náisiúnta nó ina ionad freisin má tá stádas dá dtagraítear i mír 3 aige.

5.           Díreofar an fhaisnéis oibríochta a mhalartaítear idir Eurojust agus na Ballstáit tríd na comhaltaí náisiúnta.

6.           Rachaidh na comhaltaí náisiúnta i dteagmháil le húdaráis inniúla a mBallstáit go díreach.

7.           Is é an Ballstát tionscnaimh a íocfaidh tuarastail agus luach saothar na gcomhaltaí náisiúnta, na n‑ionadaithe agus na gcúntóirí.

8.           I gcás ina ngníomhaíonn na comhaltaí náisiúnta, na hionadaithe agus na cúntóirí faoi chreat chúraimí Eurojust, measfar ar an gcaiteachas ábhartha a bhaineann leis an gníomhaíochtaí sin a bheith ina chaiteachas oibríochta.

Airteagal 8 Cumhachtaí na gcomhaltaí náisiúnta

1.           Beidh sé de chumhacht ag na comhaltaí náisiúnta:

a)      éascaíocht a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt i ndáil le haon chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó iarraidh ar chúnamh frithpháirteach a eisiúint agus a chomhlíonadh nó iad a eisiúint agus a chomhlíonadh iad féin;

b)      dul i dteagmháil go díreach le haon údarás náisiúnta inniúil ón mBallstát agus faisnéis a mhalartú leis;

c)      dul i dteagmháil go díreach le haon údarás idirnáisiúnta inniúil agus faisnéis a mhalartú leis, i gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta a mBallstáit;

d)      bheith rannpháirteach i gcomhfhoirne imscrúdaithe lena n‑áirítear ina mbunú.

2.           Le comhaontú ón údarás náisiúnta inniúil déanfaidh na comhaltaí náisiúnta:

a)      bearta imscrúdaithe a ordú;

b)      seachadtaí rialaithe sna Ballstáit a údarú agus a chomhordú i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

3.           I gcásanna práinne nuair nach féidir comhaontú a thabhairt i gcrích go tráthúil, beidh na comhaltaí náisiúnta inniúil chun na bearta dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh, agus cuirfidh siad an t‑údarás náisiúnta inniúil ar an eolas a luaithe is féidir.

Airteagal 9 Rochtain ar chláir náisiúnta

Beidh rochtain ag na comhaltaí náisiúnta ar na cineálacha seo a leanas de chláir óna mBallstáit, nó beidh siad in ann an fhaisnéis atá iontu a fháil ar a laghad, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:

a)           taifid choiriúla;

b)           cláir na ndaoine gafa;

c)           cláir imscrúdaithe;

d)           cláir DNA;

e)           cláir eile ó údaráis phoiblí a mBallstáit i gcás inar gá faisnéis den chineál sin chun a gcuid cúraimí a dhéanamh.

Roinn III An Coláiste

Airteagal 10 Comhdhéanamh an Choláiste

1.           Beidh an Coláiste comhdhéanta de:

a)      na comhaltaí náisiúnta ar fad nuair a fheidhmíonn an Coláiste a fheidhmeanna oibríochta faoi Airteagal 4;

b)      na comhaltaí náisiúnta ar fad agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún nuair a fheidhmíonn an Coláiste a fheidhmeanna bainistíochta faoi Airteagal 14.

2.           Mairfidh téarma oifige na gcomhaltaí agus a n‑ionadaithe ceithre bliana ar a laghad, agus is féidir é a athnuachan uair amháin. Ar dhul in éag dá dtéarma oifige nó i gcás ina n‑éireoidh siad as a bpost, fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go ndéanfar a dtéarma a athnuachan nó go dtí go gcuirfear daoine ina n‑ionad.

3.           Freastalóidh an Stiúrthóir Riaracháin ar chruinnithe bainistíochta an Choláiste, ach ní bheidh cead vótála aige.

4.           Féadfaidh an Coláiste cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh tuairimí ábhartha a bheith aige freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnóir.

5.           Féadfaidh comhaltaí an Choláiste, faoi réir fhorálacha a Rialacha Nós Imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Airteagal 11 Uachtarán agus Leas‑Uachtarán Eurojust

1.           Toghfaidh an Coláiste Uachtarán agus beirt Leas‑Uachtarán as na comhaltaí náisiúnta trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

2.           Rachaidh na Leas‑Uachtaráin in ionad an Uachtaráin má choimeádtar é óna chuid dualgas a chomhlíonadh.

3.           Mairfidh tréimhsí oifige an Uachtaráin agus na Leas‑Uachtarán ceithre bliana Féadfar iad a atoghadh uair amháin. Nuair a thoghfar comhalta náisiúnta ina Uachtarán nó Leas‑Uachtarán ar Eurojust, cuirfear síneadh lena théarma oifige mar chomhalta náisiúnta chun a áirithiú gur féidir leis a fheidhm mar Uachtarán nó Leas‑Uachtarán a chomhlíonadh.

Airteagal 12 Cruinnithe an Choláiste

1.           Tionólfaidh an tUachtarán cruinnithe an Choláiste.

2.           Reáchtálfaidh an Coláiste cruinniú oibríochta amháin ar a laghad in aghaidh na míosa. Chun a fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú, reáchtálfaidh an Coláiste dhá ghnáthchruinniú ar a laghad in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh an Uachtaráin, arna iarraidh sin don Choimisiún, nó do thrian dá chomhaltaí ar a laghad.

3.           Gheobhaidh an tIonchúisitheoir Poiblí Eorpach na cláir oibre ó chruinnithe uile an Choláiste agus beidh sé i dteideal bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin, gan cead vótála aige, nuair a phléifear ceisteanna a mheasann sé a bheith ábhartha maidir le feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Airteagal 13 Rialacha vótála an Choláiste

1.           Mura luaitear a mhalairt, is trí thromlach a chomhaltaí a dhéanfaidh an Coláiste a chinntí.

2.           Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. In éagmais comhalta ag a bhfuil vóta, beidh an t‑ionadaí i dteideal a cheart vótála a fheidhmiú.

3.         Beidh cearta vótála ag an Uachtarán agus ag na Leas‑Uachtaráin.

Airteagal 14 Feidhmeanna bainistíochta an Choláiste

1.           Agus a fheidhmeanna bainistíochta á bhfeidhmiú ag an gColáiste, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

a)      doiciméad cláreagraithe Eurojust a ghlacadh gach bliain trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 15;

b)      buiséad bliantúil Eurojust a ghlacadh ag tromlach de dhá thrian dá chuid comhaltaí agus feidhmeanna eile a chomhlíonadh i dtaobh bhuiséad Eurojust de bhun Chaibidil VI;

c)      tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Eurojust a ghlacadh agus í a sheoladh, faoin [dáta dá bhforáiltear sa Rialachán Réime Airgeadais] den bhliain dar gcionn, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig na parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite a chur ar fáil go poiblí;

d)      cláreagrú acmhainní foirne a ghlacadh mar chuid den doiciméad cláreagraithe;

e)      na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 52;

f)       rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú i ndáil lena chuid comhaltaí;

g)      i gcomhréir le mhír 2, i dtaobh bhaill foirne na Gníomhaireachta, na cumhachtaí a fheidhmiú arna ndeonú ag an Rialacháin Foirne[15] ar an Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile[16] ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conarthaí Fostaíochta a thabhairt chun críche ("cumhachtaí an údaráis cheapacháin");

h)      an Stiúrthóir Riaracháin a cheapadh agus nuair is iomchuí a thréimhse oifige a shíneadh nó é a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 17;

i)       Oifigeach Cuntasaíochta agus Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh a bheidh neamhspleách go feidhmiúil i gcomhlíonadh a gcuid dualgas;

j)       socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 43 a ghlacadh;

k)      an tUachtarán agus na Leas‑Uachtaráin a thoghadh i gcomhréir le hAirteagal 11;

l)       a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

2.           Glacfaidh an Coláiste, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile chun cumhachtaí an údaráis cheapacháin ábhartha a tharmligean chuig an Stiúrthóir Riaracháin agus chun na coinníollacha a shainiú faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Riaracháin na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

3.           Más gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla, féadfaidh an Coláiste cinneadh sealadach a dhéanamh tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Riaracháin chomh maith leo siúd arna dtarmligean aige a chur ar fionraí agus iad a chleachtadh é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir Riaracháin.

4.           Tiocfaidh an Coláiste ar chinneadh faoi cheapachán, faoi shíneadh téarma oifige agus faoi chur as oifig an Stiúrthóra Riaracháin ar bhonn thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí.

Airteagal 15 Cláreagrú bliantúil agus ilbhliantúil

1.           Faoin [30 Samhain gach bliain], glacfaidh an Coláiste doiciméad cláreagraithe ina mbeidh an cláreagrú bliantúil agus ilbhliantúil, ar bhonn dréachta arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Riaracháin, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh. Cuirfidh sé ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún é. Beidh an doiciméad ina dhoiciméad cláreagraithe críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid ghinearálta agus más gá coigeartófar é dá réir.

2.           Cuimseofar sa chlár oibre bliantúil cuspóirí sonracha agus torthaí ionchais lena n‑áirítear táscairí feidhmíochta. Beidh cur síos ann freisin ar na gníomhartha atá le maoiniú chomh maith le léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna arna leithdháileadh ar gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus na bainistíochta bunaithe ar ghníomhaíocht. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4. Sonrófar ann go soiléir cad iad na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe.

3.           Leasóidh an Coláiste an clár oibre bliantúil a glacadh nuair a thabharfar cúram nua don Ghníomhaireacht. Glacfar le haon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Coláiste an chumhacht chun leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean chuig an Stiúrthóir Riaracháin.

4.           Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil amach an cláreagrú straitéiseach foriomlán lena n‑áirítear cuspóirí, torthaí ionchais agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach cláreagrú acmhainní freisin, lena n‑áirítear an buiséad agus an fhoireann. Tabharfar an cláreagrú acmhainní cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an cláreagrú straitéiseach cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 56.

Roinn IV An Bord Feidhmiúcháin

Airteagal 16 Feidhmiú an Bhoird Feidhmiúcháin

1.           Beidh Bord Feidhmiúcháin de chúnamh ag an gColáiste. Ní bheidh an Bord Feidhmiúcháin bainteach le feidhmeanna oibríochtúla Eurojust dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5.

2.           Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an méid seo a leanas freisin:

a)      cinntí a ullmhú atá le glacadh ag an gColáiste i gcomhréir le hAirteagal 14;

b)      straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá comhréireach leis na rioscaí calaoise ag féachaint do chostas‑sochar na mbeart atá le cur chun feidhme;

c)      rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh do Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

d)      a áirithiú go ndéantar obair leantach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, ó mheastóireachtaí agus ó imscrúduithe, lena n‑áirítear iad siúd de chuid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) agus na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF);

e)      gach cinneadh a ghlacadh faoi bhunú struchtúir inmheánacha Eurojust agus, nuair is gá, faoi leasú orthu;

f)       gan dochar d'fhreagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin, mar atá leagtha amach in Airteagal 18, beidh sé de chúnamh aige agus tabharfaidh sé comhairle dó maidir le cur chun feidhme chinntí an Choláiste, d’fhonn maoirseacht ar bhainistiú riaracháin agus buiséadach a threisiú.

g)      aon chinneadh eile a dhéanamh nach luaitear go sainráite leis an gColáiste in Airteagal 5 ná in Airteagal 14 nó atá faoi fhreagracht an Stiúrthóra Riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18;

h)      a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

3.           Nuair is gá, ar chúiseanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Choláiste maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha, cinntí a bheidh faoi réir a ndaingnithe ag an gColáiste.

4.           Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta d'Uachtarán agus de Leas Uachtaráin an Choláiste, ionadaí amháin ón gCoimisiúin agus comhalta amháin eile ón gColáiste. Beidh Uachtarán an Choláiste mar Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin. Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin a chinntí trí thromlach dá chomhaltaí, agus beidh vóta amháin ag gach comhalta. Glacfaidh an Stiúrthóir Riaracháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.

5.           Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar feadh ceithre bliana, ach amháin comhalta an Choláiste, a cheapfar de réir córais uainíochta dhá bhliain. Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena dtéarma mar chomhaltaí náisiúnta.

6.           Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach trí mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do bheirt dá chomhaltaí eile ar a laghad.

7.           Gheobhaidh an tIonchúisitheoir Poiblí Eorpach na cláir oibre ó chruinnithe uile an Bhoird Feidhmiúcháin agus beidh saoirse aige a bheith rannpháirteach sna cruinnithe sin, gan cead vótála aige, nuair a phléitear ceisteanna a mheasann sé a bheith ábhartha maidir le feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

8.           Féadfaidh feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin, agus freagróidh an Bord Feidhmiúcháin i scríbhinn iad gan mhoill mhíchuí.

Roinn V An Stiúrthóir Riaracháin

Airteagal 17 Stádas an Stiúrthóra Riaracháin

1.           Ceapfar an Stiúrthóir Riaracháin mar ghníomhaire sealadach de chuid Eurojust faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

2.           Ceapfaidh an Coláiste an Stiúrthóir Riaracháin, as liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Chun críche chonradh an Stiúrthóra Riaracháin a thabhairt i gcrích, déanfaidh Uachtarán an Choláiste ionadaíocht thar ceann Eurojust.

3.           Mairfidh tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin ar feadh cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ina gcuirfear san áireamh meastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra Riaracháin.

4.           Féadfaidh an Coláiste, ag gníomhú ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3, tréimhse oifige an Stiúrthóra Riaracháin a shíneadh uair amháin, ar feadh cúig bliana ar a mhéid.

5.           Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Riaracháin a ndearnadh a thréimhse oifige a shíneadh a bheith rannpháirteach i nós imeachta roghnúcháin eile le haghaidh an phoist chéanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

6.           Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach don Choláiste agus don Bhord Feidhmiúcháin.

7.           Ní fhéadfar an Stiúrthóir Riaracháin a chur as oifig ach amháin ar chinneadh ón gColáiste ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal 18 Freagrachtaí an Stiúrthóra Riaracháin

1.           Chun críocha riaracháin, déanfaidh a Stiúrthóir Riaracháin bainistíocht ar Eurojust.

2.           Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an Choláiste ná an Bhoird Feidhmiúcháin, beidh an Stiúrthóir Riaracháin go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid dualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile.

3.           Beidh an Stiúrthóir Riaracháin mar ionadaí dlí do Eurojust.

4.           Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach as na cúraimí arna sannadh do Eurojust a chur chun feidhme. Beidh an Stiúrthóir Riaracháin freagrach as an méid seo a leanas, go háirithe:

a)      riarachán laethúil Eurojust;

b)      na cinntí arna nglacadh ag an gColáiste agus ag an mBord Feidhmiúcháin a chur chun feidhme;

c)      an doiciméad cláreagraithe a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;

d)      an doiciméad cláreagraithe a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin agus don Choláiste ar a chur chun feidhme;

e)      an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena críochnú agus faoi bhráid an Choláiste lena faomhadh;

f)       plean gníomhaíochta a ullmhú ag leanúint as conclúidí na dtuarascálacha, na meastóireachtaí agus na n‑imscrúduithe inmheánacha nó seachtracha, lena n‑áirítear iad siúd ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ó OLAF, agus tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn dhá uair sa bhliain don Bhord Feidhmiúcháin, don Choimisiún agus don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;

g)      leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh calaoise, éilithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chur i bhfeidhm, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, más rud é go mbraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil agus, más iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur;

h)      straitéis frithchalaoise le haghaidh Eurojust a ullmhú agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Feidhmiúcháin lena faomhadh;

i)       na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust a ullmhú;

j)       dréachtráiteas Eurojust faoi mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a bhuiséad a chur chun feidhme.

CAIBIDIL III CÚRSAÍ OIBRÍOCHTÚLA

Airteagal 19 Comhordú ar Ghlaodhualgas

1.           D'fhonn a chuid cúraimí a chomhlíonadh i gcásanna práinne, feidhmeoidh Eurojust Comhordú ar Ghlaodhualgas a bheidh in ann iarrataí arna gcur chuige a fháil agus a phróiseáil tráth ar bith. Beifear in ann dul i dteagmháil leis an gComhordú ar Ghlaodhualgas trí phointe teagmhála aonair don Chomhardú ar Ghlaodhualgas ag Eurojust ar bhonn 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine.

2.           Rachaidh an Comhordú ar Ghlaodhualgas ar iontaoibh ionadaí amháin (an t‑ionadaí don Chomhardú ar Ghlaodhualgas) i ngach Ballstát. Is é an comhalta náisiúnta, a ionadaí, nó Cúntóir atá i dteideal ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chomhalta náisiúnta a bheidh ina ionadaí. Beidh an t‑ionadaí don Chomhardú ar Ghlaodhualgas in ann gníomhú ar bhonn 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine.

3.           Gníomhóidh na hionadaithe don Chomhardú ar Ghlaodhualgas gan mhoill, maidir leis an iarraidh ina mBallstát a chomhlíonadh.

Airteagal 20 Córas Eurojust um Chomhordú Náisiúnta

1.           Ainmneoidh gach Ballstát comhfhreagraí náisiúnta Eurojust amháin nó níos mó.

2.           Bunóidh gach Ballstát córas Eurojust um chomhordú náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar comhordú ar an obair arna déanamh acu seo a leanas:

a)      comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust;

b)      comhfhreagraí náisiúnta Eurojust le haghaidh cúrsaí sceimhlitheoireachta;

c)      comhfhreagraí náisiúnta an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh i gcúrsaí coiriúla agus suas le trí phointe teagmhála eile den Ghréasán Breithiúnach Eorpach sin;

d)      ionadaithe náisiúnta nó pointí teagmhála an Líonra um Chomhfhoirne Imscrúdaithe agus na ngréasán a bunaíodh le Cinneadh 2002/494/CGB, Cinneadh 2002/845/CGB agus le Cinneadh 2008/852/CGB.

3.           Coinneoidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bpost agus a stádas faoin dlí náisiúnta.

4.           Beidh comhfhreagraithe náisiúnta Eurojust freagrach as feidhmiú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta. I gcás na ndéantar go leor de chomhfhreagraithe Eurojust a ainmniú, beidh duine acu freagrach as feidhmiú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta.

5.           Laistigh den Bhallstát, éascóidh córas Eurojust um chomhordú náisiúnta cúraimí Eurojust a dhéanamh, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)      a áirithiú go bhfaighidh an Córas Bainistithe Cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24 faisnéis atá bainteach leis an mBallstát lena mbaineann ar bhealach éifeachtach agus iontaofa;

b)      cúnamh a thabhairt maidir le cinneadh a dhéanamh ar cheart déileáil le cás le cúnamh ó Eurojust nó ón nGréasán Breithiúnach Eorpach;

c)      cúnamh a thabhairt don chomhalta náisiúnta na húdaráis ábhartha a aithint i ndáil le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh;

d)      dlúthchomhar a choinneáil le hAonad Náisiúnta Europol.

6.           D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 5 a bhaint amach, nascfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2, agus féadfar go nascfar na daoine dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2, leis an gCóras Bainistithe Cásanna i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 24, 25, 26 agus 30. Bainfear costas an naisc leis an gCóras Bainistithe Cásanna as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

7.           Ní choiscfidh bunú chóras Eurojust um chomhordú náisiúnta ná ainmniú na gcomhfhreagraithe náisiúnta teagmhálacha díreacha idir an comhalta náisiúnta agus na húdaráis inniúla ina Bhallstát.

Airteagal 21 Malartuithe faisnéise leis na Ballstáit agus idir chomhaltaí náisiúnta

1.           Déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát aon fhaisnéis atá riachtanach do Eurojust chun a chúraimí a dhéanamh a mhalartú leis i gcomhréir le hAirteagal 2 agus le hAirteagal 4 chomh maith leis na rialacha um chosaint sonraí atá leagtha amach sa Rialachán seo. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 ar a laghad san áireamh ann.

2.           Ní thuigfear gurb ionann faisnéis a tharchur chuig Eurojust agus cúnamh Eurojust a iarraidh sa chás lena mbaineann ach amháin má shonraíonn údarás inniúil gurb amhlaidh go bhfuil cúnamh á iarraidh.

3.           Déanfaidh na comhaltaí náisiúnta aon fhaisnéis is gá chun cúraimí Eurojust a dhéanamh a mhalartú, gan údarú roimh ré, ina measc féin nó le húdaráis inniúla a mBallstáit. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta inniúla a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas go pras maidir le cás a bhaineann leo, go háirithe.

4.           Cuirfidh na húdaráis inniúla naisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir le comhfhoirne imscrúdaithe a bhunófar agus maidir le torthaí ar obair na bhfoirne sin.

5.           Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chás a bhaineann le coireanna a thagann faoi inniúlacht Eurojust agus a dhéanann difear do trí Bhallstát ar a laghad a bhfuil iarrataí ar chomhar breithiúnach, nó cinntí maidir leo, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, tarchurtha chuig dhá Bhallstát ar a laghad lena aghaidh.

6.           Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcomhaltaí náisiúnta ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:

a)      cásanna inar tháinig coinbhleachtaí dlínse chun cinn nó inar dócha go dtiocfaidh siad chun cinn;

b)      seachadtaí rialaithe a dhéanann difear do thrí thír ar a laghad, ar Ballstáit iad péire acu ar a laghad;

c)      deacrachtaí nó diúltuithe leanúnacha maidir le hiarrataí ar chomhar breithiúnach, agus cinntí maidir leis, a chomhlíonadh, lena n‑áirítear iad siúd atá bunaithe ar ionstraimí a thugann éifeacht do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

7.           Ní bheidh sé d'oibleagáid ar údaráis náisiúnta faisnéis a sholáthar i gcás sonrach más rud é go mbeadh sé de thoradh ar sholáthar na faisnéise sin:

a)      go ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta; nó

b)      go gcuirfí sábháilteacht daoine aonair i mbaol.

8.           Beidh an Airteagal seo gan dochar do na coinníollacha arna socrú i gcomhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha nó i socruithe idir na Ballstáit agus tríú tíortha, lena n‑áirítear aon choinníollacha arna socrú ag tríú tíortha maidir le húsáid na faisnéise tar éis í a sholáthar.

9.           Déanfar faisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar ar bhealach struchtúrtha arna bhunú ag Eurojust.

Airteagal 22 Faisnéis arna tabhairt ag Eurojust do na húdaráis náisiúnta inniúla

1.           Tabharfaidh Eurojust faisnéis do na húdaráis náisiúnta inniúla maidir leis na torthaí ar phróiseáil na faisnéise, lena n‑áirítear naisc a bheith ann le cásanna atá stóráilte cheana féin sa Chóras Bainistithe Cásanna. Féadfar sonraí pearsanta a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

2.           I gcás ina n‑iarrfaidh údarás náisiúnta inniúil ar Eurojust faisnéis a thabhairt dó, déanfaidh Eurojust í a tharchur laistigh den thréimhse ama a d'iarr an t‑údarás sin.

Airteagal 23 Iarrataí agus tuairimí Eurojust a leanúint

Tabharfaidh na húdaráis náisiúnta inniúla freagra gan moill mhíchuí ar iarrataí agus tuairimí Eurojust arna ndéanamh faoi Airteagal 4. I gcás ina ndéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann cinneadh gan iarraidh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a chomhlíonadh nó cinneadh gan tuairim i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 4(4) nó (5) a leanúint, cuirfidh siad Eurojust ar an eolas faon gcinneadh agus faoi na cúiseanna atá leis gan moill mhíchuí. I gcás nach féidir na cúiseanna lenar diúltaíodh iarraidh a chomhlíonadh a thabhairt toisc go ndéanfaí dochar do leasanna bunúsacha slándála náisiúnta nó go gcuirfí sábháilteacht daoine aonair i mbaol dá ndéanfaí sin, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát cúiseanna oibríochtúla a lua.

Airteagal 24 An Córas Bainistithe Cásanna, an t‑innéacs agus comhaid oibre shealadacha

1.           Bunóidh Eurojust Córas Bainistithe Cásanna a bheidh comhdhéanta de chomhaid oibre shealadacha agus innéacs ina mbeidh sonraí pearsanta mar a thagraítear dóibh in Iarscríbhinn 2 agus sonraí nach sonraí pearsanta iad.

2.           Is é cuspóir an Chórais Bainistithe Cásanna:

a)      tacú le bainistíocht agus comhordú ar imscrúduithe agus ar ionchúisimh a bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh ina leith, go háirithe trí an fhaisnéis a thrasthagartú;

b)      rochtain ar fhaisnéis maidir le himscrúduithe agus ionchúisimh leanúnacha a éascú;

c)      faireachán ar an dlíthiúlacht maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus ar chomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo ina leith a éascú;

3.           Féadfar an Córas Bainistithe Cásanna a nascadh leis an nasc slán teileachumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 9 de Chinneadh 2008/976/CGB.

4.           Beidh tagairtí san innéacs do chomhaid oibre shealadacha arna bpróiseáil faoi chuimsiú Eurojust agus ní fhéadfar aon sonraí pearsanta a bheith ann seachas na sonraí sin dá dtagraítear i bpointe (1)(a) go (i), (k) agus (m) agus i bpointe (2) d'Iarscríbhinn 2.

5.           Agus a gcuid dualgas á gcomhlíonadh acu, féadfaidh na comhaltaí náisiúnta sonraí a phróiseáil faoi na cásanna aonair ar a bhfuil siad ag obair i gcomhad oibre sealadach. Déanfaidh siad rochtain ar an gcomhad oibre sealadach a cheadú don Oifigeach Cosanta Sonraí. Cuirfidh an comhalta náisiúnta lena mbaineann an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas maidir le gach comhad oibre sealadach nua a osclófar ina bhfuil sonraí pearsanta.

6.           Ní fhéadfaidh Eurojust aon chomhad sonraí uathoibrithe a bhunú seachas an Córas Bainistithe Cásanna nó comhad oibre sealadach chun sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil.

7.           Cuirfear an Córas Bainistithe Cásanna agus na comhaid oibre shealadacha a ghabhann leis ar fáil le go mbainfidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh úsáid astu.

8.           Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rochtain ar an gCóras Bainistithe Cásanna agus ar na comhaid oibre shealadacha, mutatis mutandis, i leith Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Ní bheidh an fhaisnéis a iontrálfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sa Chóras Bainistithe Cásanna, sna comhaid oibre shealadacha ná san innéacs ar fáil chun rochtain a fháil orthu ar an leibhéal náisiúnta, áfach.

Airteagal 25 Feidhmiú na gcomhad oibre sealadach agus an innéacs

1.           Osclóidh an comhalta náisiúnta lena mbaineann comhad oibre sealadach do gach cás a ndéanfar faisnéis a tharchur chuige ina leith a mhéad agus a bheidh an tarchur sin i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le hionstraimí dlíthiúla eile is infheidhme. Beidh an comhalta náisiúnta freagrach as na comhaid oibre shealadacha arna n‑oscailt ag an gcomhalta naisiúnta sin a bhainistiú.

2.           Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d'oscail comhad oibre sealadach, de réir an cháis, an gcoinneofar srian ar an gcomhad oibre sealadach nó an dtabharfar rochtain air nó ar chodanna de, nuair is gá le go mbeidh Eurojust in ann a chuid cúraimí a dhéanamh, do chomhaltaí náisiúnta eile nó do bhaill foirne Eurojust atá údaraithe ag an Stiúrthóir Riaracháin.

3.           Cinnfidh an comhalta náisiúnta a d'oscail comhad oibre sealadach cén fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhad oibre sealadach sin a iontrálfar san innéacs.

Airteagal 26 Rochtain ar an gCóras Bainistithe Cásanna ar an leibhéal náisiúnta

1.           Ní fhéadfaidh daoine dá dtagraítear dóibh in Airteagal 20(2), sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna, rochtain a fháil ach ar an méid seo a leanas:

a)      an t‑innéacs, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a rinne an cinneadh na sonraí a iontráil san innéacs do rochtain den sórt sin go sainráite;

b)      comhaid oibre shealadacha a d'oscail comhalta náisiúnta a mBhallstáit;

c)      comhaid oibre shealadacha a d'oscail comhaltaí náisiúnta ó Bhallstáit eile agus a bhfuair comhalta náisiúnta óna mBallstáit rochtain orthu, ach amháin má dhiúltaigh an comhalta náisiúnta a d'oscail an comhad oibre sealadach do rochtain den sórt sin go sainráite.

2.           Déanfaidh an comhalta náisiúnta cinneadh, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear i mír 1, maidir leis an méid rochtana ar na comhaid oibre shealadacha arna thabhairt ina Bhallstát do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(2) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna.

3.           Déanfaidh gach Ballstát cinneadh, tar éis dul i gcomhairle lena chomhalta náisiúnta, maidir leis an méid rochtana ar an innéacs arna thabhairt sa Bhallstát sin do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 20(2) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Eurojust agus don Choimisiún maidir lena gcinneadh i ndáil le cur chun feidhme na míre seo. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoin méid sin.

4.           Beidh rochtain ar a laghad ag daoine ar tugadh rochtain dóibh i gcomhréir le mír 2 ar an innéacs sa mhéid is gá chun rochtain a fháil ar na comhaid oibre shealadacha ar tugadh rochtain orthu dóibh.

CAIBIDIL IV PRÓISEÁIL FAISNÉISE

Airteagal 27 Sonraí pearsanta a phróiseáil

1.           A mhéid is gá chun a chúram sainráite a bhaint amach, ní fhéadfaidh Eurojust ach na sonraí pearsanta atá liostaithe i bpointe 1 d'Iarscríbhinn 2 a phróiseáil ar mhodhanna uathoibrithe nó i gcomhaid struchtúrtha de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi chuimsiú a inniúlachta agus d'fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh, maidir le daoine a bhfuil amhras ann fúthu, faoi reachtaíocht náisiúnta na mBallstát lena mbaineann, go ndearna siad cion coiriúil ar a bhfuil Eurojust inniúil, gur ghlac siad páirt ann, nó a ciontaíodh as cion den sórt sin.

2.           Ní fhéadfaidh Eurojust na sonraí pearsanta atá liostaithe i bpointe 2 d'Iarscríbhinn 2 a phróiseáil ach maidir le daoine a mheastar a bheith ina bhfinnéithe nó ina n‑íospartach in imscrúdú nó in ionchúiseamh coiriúil, faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na cineálacha coireachta agus na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3, nó daoine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois. Ní fhéadfar próiseáil ar shonraí pearsanta den sórt sin a dhéanamh ach amháin má tá dearbhghá leis chun cúram sainráite Eurojust a bhaint amach, faoi chuimsiú a inniúlachta agus d'fhonn a fheidhmeanna oibríochtúla a dhéanamh.

3.           I gcásanna eisceachtúla, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta seachas na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a phróiseáil a bhaineann le cúinsí cion, ar feadh tréimhse theoranta nach mbeidh níos faide ná an méid ama is gá chun an cás lena mbaineann na sonraí arna bpróiseáil a thabhairt i gcrích, má tá dlúthbhaint acu le himscrúduithe leanúnacha a bhfuil Eurojust ag déanamh comhordú orthu nó ag cabhrú le comhordú a dhéanamh orthu agus san áireamh sna himscrúduithe sin agus má tá dearbhghá lena bpróiseáil chun na críocha atá sonraithe i mír 1. Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 31 ar an eolas láithreach má théitear ar iontaoibh na míre seo agus maidir leis na cúinsí sonracha lena bhfuil bonn cirt maidir leis an ngá atá le sonraí pearsanta den sórt sin a phróiseáil. I gcás ina dtagraítear d'fhinnéithe nó d'íospartaigh laistigh de bhrí mhír 2 i sonraí eile den sórt sin, is beirt chomhaltaí náisiúnta ar a laghad a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil i gcomhpháirtíocht.

4.           Ní fhéadfaidh Eurojust sonraí pearsanta, arna bpróiseáil le modhanna uathoibrithe nó le modhanna eile, lena nochtar bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, ballraíocht ar cheardchumann agus sonraí a bhaineann le sláinte nó saol gnéis, a phróiseáil ach amháin má tá dearbhghá le sonraí don sórt sin don imscrúdú náisiúnta lena mbaineann agus don chomhordú laistigh de Eurojust chomh maith agus má dhéanann siad sonraí pearsanta eile a próiseáladh cheana féin a fhorlíonadh. Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas láithreach má théitear ar iontaoibh na míre seo. Ní dhéanfar sonraí den sórt sin a phróiseáil san Innéacs dá dtagraítear in Airteagal 24(4). I gcás ina dtagraítear d'fhinnéithe nó d'íospartaigh laistigh de bhrí mhír 3 i sonraí eile den sórt sin, is é an Coláiste a dhéanfaidh an cinneadh iad a phróiseáil.

5.           Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust i gcomhthéacs a chuid gníomhaíochtaí. Déantar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a shonrú agus a chomhlánú sa Rialachán seo a mhéid a bhaineann sé le próiseáil sonraí pearsanta ag Eurojust dá chúraimí oibríochtúla.

Airteagal 28 Teorainneacha ama maidir le sonraí pearsanta a stóráil

1.           Ní fhéadfar sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust a stóráil níos faide ná an chéad dáta is infheidhme i measc na ndátaí seo a leanas:

a)      an dáta a mbeidh urchosc ar an ionchúiseamh faoi reacht na dtréimhsí i ngach ceann de na Ballstáit lena mbaineann an t‑imscrúdú nó na hionchúisimh;

b)      an dáta a n‑éigiontófar an duine agus a mbeidh an cinneadh breithiúnach ina chinneadh críochnaitheach;

c)      trí bliana tar éis an dáta a raibh an cinneadh breithiúnach sa Bhallstát deireanach lena mbaineann an t‑imscrúdú nó na hionchúisimh ina chinneadh críochnaitheach;

d)      an dáta ar bhunaigh nó ar chomhaontaigh Eurojust agus na Ballstáit lena mbaineann go frithpháirteach nach raibh gá ann a thuilleadh go ndéanfadh Eurojust comhordú ar an imscrúdú agus ar na hionchúisimh, ach amháin dá mbeadh oibleagáid ann an fhaisnéis seo a thabhairt do Eurojust i gcomhréir le hAirteagal 21(5) nó (6).

e)      trí bliana tar éis an dáta a ndearnadh na sonraí a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 21(6) nó (7).

2.           Déanfar athbhreithniú leanúnach go bhfuiltear ag cloí leis na sprioc amanna stórála dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1 le próiseáil oiriúnach uathoibrithe. Dá ainneoin sin, deanfar athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí a stóráil gach trí bliana tar éis iad a iontráil. Má stóráiltear sonraí a bhaineann le daoine a bhfuil tagairt déanta dóibh in Airteagal 27(4) ar feadh tréimhse a sháraíonn cúig bliana, cuirfear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar a eolas dá réir.

3.           I gás ina bhfuil ceann amháin de na sprioc amanna stórála dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) de mhír 1 imithe in éag, déanfaidh Eurojust athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí a stóráil níos faide ionas go mbeidh sé in ann a chuid cúraimí a dhéanamh agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh ar bhonn maolaithe na sonraí a stóráil go dtí an chéad athbhreithniú eile ina dhiaidh sin. Ní mór bonn cirt a bheith leis na cúiseanna atá leis an stóráil leantach agus iad a thaifeadadh. Mura ndéantar aon chinneadh faoi stóráil leantach sonraí pearsanta, scriosfar na sonraí sin go huathoibríoch tar éis trí bliana. A luaithe a bheidh ionchúiseamh faoi urchosc reachta sna Ballstáit ar fad lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, áfach, ní fhéadfar sonraí a stóráil ach amháin má tá gá leo ionas gur féidir le Eurojust cúnamh a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4.           I gcás ina ndearnadh sonraí a stóráil, i gcomhréir le mír 3, tar éis na dátaí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí athbhreithniú ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil gach trí bliana.

5.           I gcás ina bhfuil sonraí nach bhfuil uathoibrithe ná struchtúrtha i gcomhad, a luaithe a bheidh an sprioc am maidir leis an mír deiridh de na sonraí uathoibrithe ón gcomhad a stóráil caite, tabharfar gach doiciméad sa chomhad ar ais don údarás a thug iad agus scriosfar aon chóip díobh atá ann.

6.           I gcás ina ndearna Eurojust imscrúdú nó ionchúisimh a chomhordú, cuirfidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann Eurojust agus na Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas maidir le gach cinneadh breithiúnach a bhaineann leis an gcás atá ina gcinntí críochnaitheacha ionas gur féidir, inter alia, pointe (b) de mhír 1 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 29 Logáil agus doiciméadacht

1.           Chun críocha dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, féinfhaireacháin agus sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú, coimeádfaidh Eurojust taifid ar aon bhailiú, athrú, rochtain, nochtadh, meascadh ná scriosadh i leith sonraí pearsanta arna n‑úsáid chun críocha oibríochtúla. Scriosfar logaí nó doiciméadacht den sórt sin tar éis 18 mí, ach amháin má theastaíonn na sonraí le haghaidh rialaithe leanúnaigh.

2.           Cuirfear logaí nó doiciméadacht arna n‑ullmhú faoi mhír 1 in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin. Ní úsáidfidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an fhaisnéis sin ach chun cosaint sonraí a rialú, próiseáil cheart sonraí a áirithiú agus chun críocha sláine agus slándála sonraí.

Airteagal 30 Rochtain údaraithe ar shonraí pearsanta

Ní fhéadfaidh ach comhaltaí náisiúnta, a n‑ionadaithe agus a gcúntóirí, daoine dá dtagraítear dóibh in Airteagal 20(2) sa mhéid go bhfuil siad nasctha leis an gCóras Bainistithe Cásanna agus baill foirne údaraithe Eurojust rochtain a bheith acu, chun críche cúraimí Eurojust a bhaint amach agus laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagail 24, 25 agus 26, ar shonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust dá chuid cúraimí oibríochtúla.

Airteagal 31 Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh

1.           Ceapfaidh an Bord Feidhmiúcháin Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.           Agus na hoibleagáidí atá leagtha amach in Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 á gcomhlíonadh aige, déanfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an méid seo a leanas:

a)      a áirithiú go gcoinneofar taifead i scríbhinn d'aistriú na sonraí pearsanta;

b)      comhoibriú le baill foirne Eurojust atá freagrach as nósanna imeachta, oiliúint agus comhairle faoi phróiseáil sonraí;

c)      tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus an tuarascáil sin a chur chuig an gColáiste agus chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.

3.           Agus é i mbun a chuid cúraimí, beidh rochtain ag an Oifigeach Cosanta Sonraí ar na sonraí uile arna bpróiseáil ag Eurojust agus ar áitribh uile Eurojust.

4.           Beidh rochtain ag baill foirne Eurojust a thugann cúnamh don Oifigeach Cosanta Sonraí agus é i mbun a chuid dualgas ar na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Eurojust agus ar áitribh Eurojust a mhéid is gá chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh.

5.           Má mheasann an tOifigeach Cosanta Sonraí nár comhlíonadh forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 nó forálacha an Rialacháin seo maidir le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfidh sé an Stiúrthóir Riaracháin ar an eolas faoi, ag éileamh air an neamhchomhlíonadh a chur i gceart laistigh de thréimhse shonraithe. Mura gcuireann an Stiúrthóir Riaracháin neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart laistigh den thréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an Coláiste ar an eolas faoi agus tiocfaidh sé ar chomhaontú leis an gColáiste maidir le tréimhse shonraithe chun freagra a thabhairt. Mura gcuireann an Coláiste neamhchomhlíonadh na próiseála i gceart laistigh den tréimhse shonraithe, cuirfidh an tOifigeach Cosanta Sonraí an t‑ábhar faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

6.           Glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear dóibh in Airteagal 24(8) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 32 Modheolaíochtaí maidir leis an gceart rochtana a chleachtadh

1.           Féadfaidh aon duine is ábhar do na sonraí ar mian leis an ceart chun rochtana ar shonraí pearsanta a fheidhmiú iarratas a dhéanamh chuige sin saor in aisce don údarás a ceapadh don chuspóir sin i mBallstát dá rogha féin. Déanfaidh an t‑údarás sin an t‑iarratas sin a chur faoi bhráid Eurojust laistigh d’aon mhí amháin óna fháil.

2.           Tabharfaidh Eurojust freagra gan moill mhíchuí ar an iarratas agus in aon chás laistigh de thrí mhí ón uair a gheobhaidh Eurojust é.

3.           Rachadh Eurojust i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann maidir le cinneadh atá le déanamh. Beidh cinneadh faoi rochtain ar shonraí ag brath ar dhlúthchomhar idir Eurojust agus na Ballstáit a bhfuil baint dhíreach acu maidir leis na sonraí sin a chur in iúl. In aon chás ina gcuireann Ballstát i gcoinne fhreagra beartaithe Eurojust, tabharfaidh sé fógra do Eurojust faoi na cúiseanna lena chur i gcoinne.

4.           Nuair atá an ceart rochtana srianta i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, cuirfidh Eurojust an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Rialachán sin i scríbhinn. Féadfar an fhaisnéis maidir leis na príomhchúiseanna a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar faisnéise den sórt sin an éifeacht den srian. Cuirfear an té is ábhar do na sonraí ar an eolas ar a laghad go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gach fíorú is gá.

5.           Déanfaidh Eurojust doiciméadú ar na forais nár cuireadh na príomhchúiseanna ar a bhfuil an srian dá dtagraítear i mír 4 bunaithe in iúl.

6.           Déileálfaidh na comhaltaí náisiúnta lena mbaineann an iarraidh léi agus tiocfaidh siad ar chinneadh thar ceann Eurojust. Déileálfar leis an iarraidh ina hiomláine laistigh de trí mhí tar éis í a fháil. I gcás nach bhfuil na comhaltaí ar aon tuairim, cuirfidh siad an t‑ábhar faoi bhráid an Choláiste, a dhéanfaidh a chinneadh ar an iarraidh le tromlach dhá thrian.

7.           Má dhéanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dlíthiúlacht na próiseála a dhéanann Eurojust a sheiceáil, agus Airteagal 46 agus Airteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 á gcur i bhfeidhm, cuirfidh sé an té is ábhar do na sonraí ar an eolas ar a laghad go ndearna an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí gach fíorú is gá.

Airteagal 33 An ceart chun ceartúcháin, léirscriosta agus srianta ar phróiseáil

1.           Más amhlaidh gur chuir tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, páirtithe príobháideacha nó daoine príobháideacha na sonraí pearsanta is gá a cheartú nó a léirscrios nó srian a chur lena bpróiseáil i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ar fáil do Eurojust, nó más de thoradh anailísí Eurojust féin iad, is é Eurojust a cheartóidh nó a léirscriosfaidh na sonraí sin, nó a chuirfidh srian le próiseáil na sonraí sin.

2.           Más amhlaidh gur chuir na Ballstáit na sonraí pearsanta is gá a cheartú nó a léirscrios nó srian a chur lena bpróiseáil i gcomhréir le hAirteagail 14, 15 nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ar fáil do Eurojust go díreach, is é Eurojust a cheartóidh nó a léirscriosfaidh na sonraí sin, nó a chuirfidh srian le próiseáil na sonraí sin, i gcomhar leis na Ballstáit.

3.           Más rud é gur tarchuireadh sonraí míchearta trí mheán modha oiriúnaigh eile nó gur tharla na hearráidí sna sonraí arna soláthar ag na Ballstáit mar thoradh ar tharchur lochtach nó gur tarchuireadh iad de shárú ar an Rialachán seo nó má tá siad ann toisc gur iontráil Eurojust iad, go ndeachaidh Eurojust i gceannas orthu nó gur stóráil Eurojust iad ar bhealach mícheart nó de shárú ar an Rialachán seo, ceartóidh nó léirscriosfaidh Eurojust na sonraí i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.

4.           Sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 14, 15 nó 16 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, tabharfar fógra láithreach dóibh siúd go léir a bhfuil na sonraí dírithe orthu i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001. I gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leo, ceartóidh, léirscriosfaidh nó srianfaidh siad siúd a bhfuil na sonraí dírithe orthu na sonraí sin ina gcuid córas féin.

5.           Cuirfidh Eurojust an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de thrí mhí tar éis an iarraidh a fháil go ndéanfaí na sonraí a bhaineann leis an té sin a cheartú, a léirscrios nó go gcuirfí srian lena bpróiseáil.

6.           Cuirfidh Eurojust an té is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn faoi aon diúltú do cheartúchán, léirscrios nó srianta leis an bpróiseáil, agus gur féidir gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus leigheas breithiúnach a lorg.

Airteagal 34 Freagracht maidir le hábhair cosanta sonraí

1.           Déanfaidh Eurojust sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena mbeifear in ann an t‑údarás a sholáthraigh na sonraí nó an áit ónar bhfuarthas na sonraí pearsanta a bhunú.

2.           Is é an Ballstát a chuir na sonraí pearsanta ar fáil do Eurojust a bheidh freagrach as cáilíocht sonraí pearsanta agus is é Eurojust a bheidh freagrach as sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag comhlachtaí an AE, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus as sonraí pearsanta arna bhfáil ag Eurojust ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

3.           Is é Eurojust a bheidh freagrach as comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus comhlíonadh an Rialacháin seo. Is é an Ballstát a chuireann na sonraí pearsanta ar fáil a bheidh freagrach as dlíthiúlacht aistriú na sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag na Ballstáit do Eurojust, agus is é Eurojust a bheidh freagrach as sin maidir leis na sonraí pearsanta arna gcur ar fáil ag Eurojust do na Ballstáit, do chomhlachtaí an AE, agus do thríú tíortha nó eagraíochtaí.

4.           Faoi réir ag forálacha eile sa Rialachán seo, beidh Eurojust freagrach as na sonraí uile arna bpróiseáil aige.

Airteagal 35 Comhar idir an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí

1.           Gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí i ndáil le saincheisteanna sonracha a bhfuil rannpháirtíocht náisiúnta de dhíth orthu, go háirithe má fhaigheann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó údarás náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí neamhréitigh mhóra idir chleachtais na mBallstát nó aistrithe a d'fhéadfadh a bheith neamhdhleathach ina mbaintear úsáid as cainéil chumarsáide Eurojust, nó i bhfianaise ceisteanna arna gcur ag údarás náisiúnta maoirseachta amháin nó níos mó maidir le cur chun feidhme agus léirmhíniú an Rialacháin seo.

2.           I gcásanna dá dtagraítear faoi mhír 1, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na húdaráis náisiúnta atá inniúil ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí, agus iad ag gníomhú laistigh de raon feidhme a gcuid inniúlachtaí faoi seach, faisnéis ábhartha a mhalartú, cabhrú lena chéile chun iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh, scrúdú a dhéanamh ar dheacrachtaí maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, staidéar a dhéanamh ar fhadhbanna a bhaineann le maoirseacht neamhspleách a fheidhmiú nó cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú, tograí comhchuibhithe a cheapadh le haghaidh comhréiteach ar aon fhadhb agus feasacht a chur chun cinn faoi chearta um chosaint sonraí, de réir mar is gá.

3.           Tiocfaidh na hÚdaráis Mhaoirseachta Náisiúnta agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí le chéile chun na críocha atá leagtha amach san Airteagal seo, de réir mar is gá. Is ar chuntas an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a bheidh costais agus reáchtáil na gcruinnithe sin. Glacfar rialacha nós imeachta ag an gcéad chruinniú. Déanfar modhanna oibre eile a fhorbairt i gcomhpháirtíocht, de réir mar is gá.

Airteagal 36 An ceart chun gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí

1.           I gcás ina mbaineann gearán arna dhéanamh ag duine is ábhar do shonraí de bhun Airteagal 32(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 32 nó Airteagal 33, rachaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhairle leis na comhlachtaí náisiúnta maoirseachta nó leis an gcomhlacht breithiúnach inniúil sa Bhallstát arbh é foinse na sonraí é nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach. Déanfar cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i ndlúthchomhar leis an gcomhlacht náisiúnta maoirseachta nó leis an gcomhlacht breithiúnach inniúil agus féadfar a bheith dá thoradh go ndiúltófar faisnéis ar bith a chur in iúl.

2.           I gcás ina mbaineann gearán le próiseáil sonraí arna gcur ar fáil ag Ballstát do Eurojust, áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go bhfuil na seiceálacha is gá déanta i gceart agus i ndlúthchomhar le comhlacht náisiúnta maoirseachta an Bhallstáit a bhfuil na sonraí curtha ar fáil aige.

3.           I gcás ina mbaineann gearán le próiseáil sonraí arna gcur ar fáil ag comhlachtaí an AE, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí nó ag páirtithe príobháideacha do Eurojust, áiritheoidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí go mbeidh na seiceálacha is gá déanta ag Eurojust.

Airteagal 37 Dliteanas i leith próiseála neamhúdaraithe nó mhíchirte sonraí

1.           Beidh Eurojust faoi dhliteanas, i gcomhréir le hAirteagal 340 den Chonradh, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a eascraíonn as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart sonraí arna déanamh aige.

2.           Éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais gearáin i gcoinne Eurojust de bhun an dliteanais dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le hAirteagal 268 den Chonradh.

3.           Beidh gach Ballstát faoi dhliteanas, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, i leith aon damáiste arna dhéanamh do dhuine aonair a eascraíonn as próiseáil neamhúdaraithe nó mhícheart atá déanta aige ar shonraí a chuir sé ar fáil do Eurojust.

CAIBIDIL V CAIDREAMH LE PÁIRTITHE

ROINN I FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 38 Forálacha coiteanna

1.           Féadfaidh Eurojust, a mhéid is gá chun a chuid chúraimí a dhéanamh, caidreamh comhair a bhunú agus a choinneáil le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais i gcomhréir le cuspóirí na gcomhlachtaí nó na ngníomhaireachtaí sin, le húdaráis inniúla tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le hEagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol).

2.           A mhéid atá ábhartha maidir lena chuid cúraimí a dhéanamh agus faoi réir aon sriain arna shonrú de bhun Airteagal 21(8), féadfaidh Eurojust aon fhaisnéis, seachas sonraí pearsanta, a mhalartú go díreach leis na heintitis dá dtagraítear i mír 1.

3.           Féadfaidh Eurojust, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, sonraí pearsanta ó na heintitis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus a phróiseáil a mhéid is gá ionas gur féidir leis sé a chuid cúraimí a dhéanamh agus faoi réir fhorálacha Roinn IV.

4.           Ní dhéanfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha, chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ná chuig Interpol ach amháin más gá sin a dhéanamh chun coireacht a thagann faoi inniúlacht Eurojust a chosc agus a chomhrac, agus déanfar é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Má tá na sonraí atá le haistriú curtha ar fáil ag Ballstát, iarrfaidh Eurojust toiliú an Bhallstáit, ach amháin más amhlaidh:

a)      gur féidir talamh slán a dhéanamh den údarú toisc nár chuir an Ballstát sin teorainn shoiléir leis an deis sonraí a aistriú ar aghaidh; nó

b)      má tá údarú roimh ré tugtha ag an mBallstát d’aistriú ar aghaidh den sórt sin, i dtéarmaí ginearálta nó faoi réir coinníollacha sonracha. Féadfar toiliú den sórt sin a tharraingt siar uair ar bith.

5.           Sonraí pearsanta atá faighte ag Eurojust ó na Ballstáit, ó chomhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, ó thríú tíortha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ó Interpol, beidh toirmeasc ar a n‑aistriú ar aghaidh chuig tríú páirtithe ach amháin má thoilíonn Eurojust go sainráite é sin a dhéanamh tar éis cúinsí an cháis atá idir lámha a mheas, chun críche cuspóra shonraigh nach bhfuil ar neamhréir leis an gcuspóir lenar tarchuireadh na sonraí.

ROINN II CAIDREAMH LE COMHPHÁIRTITHE

Airteagal 39 Comhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach agus le líonraí eile de chuid an Aontais Eorpaigh atá rannpháirteach i gcomhar maidir le hábhair choiriúla

1.           Beidh caidreamh pribhléideach idir Eurojust agus an Gréasán Breithiúnach Eorpach maidir le hábhair choiriúla, ar bhonn comhairliúcháin agus comhlántachta, go háirithe idir an comhalta náisiúnta, pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh sa Bhallstát céanna agus na comhfhreagraithe náisiúnta do Eurojust agus don Ghréasán Breithiúnach Eorpach. Chun a áirithiú go mbeidh comhar éifeachtúil ann, déanfar na bearta seo a leanas:

a)      cuirfidh na comhaltaí náisiúnta, de réir an cháis, pointí teagmhála an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ar an eolas faoi na cásanna uile a measann siad ina leith gurb é an Gréasán is fearr a bheadh in ann iad a láimhseáil;

b)      beidh rúnaíocht an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh ina cuid d’fhoireann Eurojust. Feidhmeoidh sí mar aonad ar leithligh. Féadfaidh sí úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá iad chun cúraimí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh a dhéanamh, lena n‑áirítear costais chruinnithe iomlánacha an Ghréasáin a chumhdach.

c)      Féadfar cuireadh a thabhairt do phointí teagmhála de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh de réir an cháis freastal ar chruinnithe Eurojust.

2.           Beidh Rúnaíocht an Líonra um Chomhfhoirne Imscrúdaithe agus an líonra arna bhunú ag Cinneadh 2002/494/CGB ina gcuid d’fhoireann Eurojust. Feidhmeoidh na rúnaíochtaí sin mar aonaid ar leithligh. Féadfaidh siad úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin Eurojust ar gá iad chun a gcúraimí a dhéanamh. Is é Eurojust a áiritheoidh an comhordú idir na rúnaíochtaí. Beidh feidhm ag an mír seo ar rúnaíocht aon líonra nua a bhunófar le cinneadh ón gComhairle i gcás ina bhforáiltear sa chinneadh sin gurb é Eurojust a sholáthróidh an rúnaíocht sin.

3.           Féadfaidh an líonra a bhunófar le Cinneadh 2008/852/CGB a iarraidh go soláthróidh Eurojust rúnaíocht don líonra sin. Má iarrtar sin, beidh feidhm ag mír 2.

Airteagal 40 Caidreamh le Europol

1.           Déanfaidh Eurojust na bearta uile is cuí chun a chur ar chumas Europol, laistigh dá shainordú, rochtain indíreach a bheith aige, ar bhonn córais braite/neamhbhraite, ar fhaisnéis arna soláthar ag Eurojust, gan dochar d’aon srianta arna sonrú ag na Ballstáit, ag comhlachtaí de chuid an Aontais, ag tríú tíortha, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag Interpol I gcás braite, tionscnóidh Eurojust an nós imeachta lenar féidir an fhaisnéis as ar eascair an bhraith a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit, an chomhlachta de chuid an Aontais, an tríú tír, na heagraíochta idirnáisiúnta nó Interpol a sholáthair an fhaisnéis do Eurojust.

2.           Ní dhéanfar cuardaigh faisnéise i gcomhréir le mír 1 ach chun a fhionnadh an bhfuil meaits idir an fhaisnéis atá ar fáil ag Eurojust, agus an fhaisnéis arna próiseáil ag Europol.

3.           Ní cheadóidh Eurojust cuardaigh i gcomhréir le mír 1 ach tar éis faisnéis a fháil ó Europol ar cé na baill foirne a ainmníodh ina mbaill a bhfuil sé d’údarás acu na cuardaigh sin a dhéanamh.

4.           Más rud é, le linn ghníomhaíochtaí próiseála faisnéise Eurojust i dtaobh imscrúdaithe aonair, go n‑aithníonn Eurojust nó Ballstát go bhfuil gá le comhordú, le comhar nó le tacaíocht i gcomhréir le sainordú Europol, tabharfaidh Eurojust fógra ina leith sin dóibh agus tionscnóidh sé an nós imeachta le haghaidh an fhaisnéis a roinnt, i gcomhréir le cinneadh an Bhallstáit atá ag soláthar na faisnéise. Sa chás sin rachaidh Eurojust i gcomhairle le Europol.

5.           Urramóidh Europol aon srian le rochtain nó le húsáid, i dtéarmaí ginearálta nó sonracha, arna shonrú ag na Ballstáit, ag na comhaltaí nó ag na gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, ag na tríú tíortha, ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag Interpol.

Airteagal 41 Caidreamh le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

1.           Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust caidreamh speisialta ar bun le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bheidh bunaithe ar dhlúthchomhar agus ar naisc fheidhmiúla, naisc riaracháin agus naisc bhainistíochta a fhorbairt eatarthu mar atá sainithe thíos. Chun na críche sin, tiocfaidh an tIonchúiseoir Poiblí Eorpach agus Uachtarán Eurojust le chéile ar bhonn rialta chun saincheisteanna ar ábhar leasa choitinn iad a phlé.

2.           Próiseálfaidh Eurojust aon iarraidh ar thacaíocht a thiocfaidh ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh gan moill mhíchuí, agus láimhseálfaidh sé na hiarrataí sin, más iomchuí, amhail is dá bhfaighfí ó údarás náisiúnta is inniúil i leith comhair bhreithiúnaigh iad.

3.           Nuair is gá, bainfidh Eurojust úsáid as Córais Eurojust um Chomhordú Náisiúnta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 20, chomh maith leis an gcaidreamh atá curtha ar bhun aige le tríú tíortha, lena n‑áirítear a chuid giúistísí idirchaidrimh, chun tacú leis an gcomhar arna bhunú i gcomhréir le mír 1.

4.           Beidh malartú faisnéise, lena n‑áirítear faisnéis phearsanta, ina chuid den chomhar arna bhunú i gcomhréir le mír 1. Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh ar an dóigh sin ach chun na gcríoch ar soláthraíodh iad ar a son. Ní cheadófar aon úsáid eile a bhaint as na sonraí ach a mhéad is a bhfuil an úsáid sin laistigh de shainordú an chomhlachta atá ag fáil na sonraí, agus faoi réir réamhúdarú an chomhlachta a sholáthair na sonraí.

5.           Chun a aithint an meaitseálann faisnéis atá ar fáil ag Eurojust faisnéis arna próiseáil ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, cuirfidh Eurojust sásra ar bun le haghaidh cros‑seiceála uathoibríche sonraí arna n‑iontráil ina Chóras Bainistithe Cásanna. Cibé uair a gheofar meaits idir sonraí arna n‑iontráil sa Chóras Bainistithe Cásanna ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus sonraí arna n‑iontráil ag Eurojust, cuirfear in iúl do Eurojust agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, agus don Bhallstát a sholáthair an fhaisnéis do Eurojust, go bhfuil meaits ann. I gcásanna inar sholáthair tríú páirtí an fhaisnéis, ní chuirfidh Eurojust an tríú páirtí sin ar an eolas faoin meaits a fuarthas ach i gcás ina dtoilíonn Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh leis sin.

6.           Ainmneoidh Eurojust na baill foirne a bheidh údaraithe rochtain a bheith acu ar thorthaí an tsásra cros‑seiceála, agus tabharfaidh sé na hainmneacha sin d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

7.           Tacóidh Eurojust le feidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh le seirbhísí atá le soláthar ag a fhoireann. Beidh an méid seo a leanas ina chuid den tacaíocht sin ar aon chuma:

a)      tacaíocht theicniúil maidir leis an mbuiséad bliantúil, an doiciméad clárúcháin ina mbeidh an clárú bliantúil agus an clárú ilbhliantúil agus an plean bainistíochta a ullmhú;

b)      tacaíocht theicniúil maidir le foireann a earcú agus gairmréimeanna a bhainistiú;

c)      seirbhísí slándála;

d)      Seirbhísí Teicneolaíochta Faisnéise;

e)      bainistíocht airgeadais, seirbhísí cuntasaíochta agus iniúchóireachta;

f)       aon seirbhísí eile a bhfuil an leas coiteann ag baint leo.

Leagfar síos sonraí na seirbhísí atá le soláthar i gcomhaontú idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

8.           Féadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí Eorpach tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid an Choláiste, agus freagróidh an Coláiste i scríbhinn iad gan moill mhíchuí. Déanfar na tuairimí i scríbhinn sin a thiolacadh nuair a ghlacfaidh an Coláiste an buiséad agus an clár oibre bliantúil.

Airteagal 42 Caidreamh le comhlachtaí agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais

1.           Cuirfidh agus coinneoidh Eurojust caidreamh comhair ar bun leis an nGréasán Eorpach um Oiliúint Breithiúnach.

2.           Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise cuidiú le hobair comhordúcháin Eurojust maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint, i gcomhréir lena shainordú faoi Rialachán (AE, Eurotom) Uimh. .../2103 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle.

3.           Chun críocha fála agus traschuir faisnéise idir Eurojust agus OLAF, agus gan dochar d’Airteagal 8, áiritheoidh na Ballstáit go measfar comhaltaí náisiúnta Eurojust a bheith ina n‑údaráis inniúla de chuid na mBallstát, chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Eurotom) Uimh. 1074/1999[17] amháin. Beidh an malartú faisnéise idir OLAF agus comhaltaí náisiúnta gan dochar don fhaisnéis nach mór a thabhairt do na húdaráis inniúla eile faoi na Rialacháin sin.

ROINN III COMHAR IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal 43 Caidreamh le húdaráis tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

1.           Féadfaidh Eurojust socruithe oibre a chur ar bun leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 38(1).

2.           Féadfaidh Eurojust pointí teagmhála a ainmniú, le comhaontú na n‑údarás inniúil, i dtríú tíortha chun an comhar a éascú.

ROINN IV SONRAÍ PEARSANTA A THRASCHUR

Airteagal 44 Sonraí pearsanta a aistriú chuig comhlachtaí nó chuig gníomhaireachtaí de chuid an Aontais

Faoi réir aon srianta is féidir a bheith ann de bhun Airteagal 21(8) féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú go díreach chuig comhlachtaí de chuid an Aontais a mhéad is gá chun a chuid cúraimí nó cúraimí an chomhlachta nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais a fhaigheann na sonraí a dhéanamh.

Airteagal 45 Sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta

1.           Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta a aistriú chuig údarás tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta nó chuig Interpol, a mhéad is gá chun a chúraimí a dhéanamh, ar na boinn seo a leanas amháin:

a)      cinneadh ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 agus le hAirteagal 31 de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] go bhfuil an tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin, nó earnáil phróiseála laistigh den tríú tír sin nó den eagraíocht idirnáisiúnta sin ag áirithiú leibhéal leordhóthanach cosanta (cinneadh leordhóthanachta); nó

b)      comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin de bhun Airteagal 218 den Chonradh lena dtugtar cosaintí leordhóthanacha i dtaobh príobháideacht agus cearta agus saoirsí bunúsacha daoine a chosaint; nó

c)      comhaontú comhair arna thabhairt i gcrích idir Eurojust agus an tríú tír sin nó an eagraíocht idirnáisiúnta sin i gcomhréir le hAirteagal 27 de Chinneadh 2002/187/CGB.

Ní theastaíonn tuilleadh údaraithe ó na haistrithe sin. Féadfaidh Eurojust socruithe oibre a thabhairt chun críche chun na comhaontuithe sin nó na cinntí leordhóthanachta sin a chur chun feidhme.

2.           De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Eurojust aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí a údarú de réir an cháis más rud é:

a)      go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí chun leas bunúsach an Bhallstáit nó na mBallstát laistigh de raon cuspóirí Eurojust a chosaint

b)      go bhfuil dearbhghá le haistriú na sonraí chun garchontúirt a bhaineann le coireacht nó le cionta sceimhlitheoireachta a chosc;

c)      go bhfuil gá leis an aistriú ar chúiseanna eile nó go gceanglaítear go dlíthiúil é a dhéanamh ar fhorais thábhachtacha de chuid an Aontais nó Bhallstáit an Aontais, i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí náisiúnta, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; nó

d)      go bhfuil gá leis an aistriú chun leas bunúsach an duine is ábhar do na sonraí nó duine eile a chosaint.

3.           Sa bhreis air sin, féadfaidh an Coláiste, i gcomhaontú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, sraith aistrithe a údarú i gcomhréir le pointí (a) go (d) thuas, agus é á chur san áireamh aige go bhfuil cosaintí ann maidir le cosaint príobháideachta agus ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha, le linn tréimhse nach mó ná aon bhliain amháin ar féidir í a athnuachan.

4.           Cuirfear an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an eolas faoi chásanna inar cuireadh mír 3 i bhfeidhm.

5.           Féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta riaracháin a thraschur i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 46 Giúistísí idirchaidrimh a phostú go tríú tíortha

1.           Chun comhar breithiúnach le tríú tíortha a éascú i gcásanna ina bhfuil Eurojust ag tabhairt cúnaimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Coláiste breithiúna caidrimh a phostú chuig tríú tír faoi réir socraithe oibre dá dtagraítear in Airteagal 43 leis an tríú tír sin.

2.           Ní mór don ghiúistís caidreamh dá dtagraítear i mír 1 taithí a bheith aige ar bheith ag obair le Eurojust agus eolas leordhóthanach ar chomhar breithiúnach agus ar an dóigh a n‑oibríonn Eurojust. Beidh postú giúistísí caidrimh thar cheann Eurojust faoi réir réamhthoilithe an ghiúistís agus a Bhallstáit.

3.           I gcás ina roghnófar an giúistís caidrimh a phostóidh Eurojust as measc comhaltaí, ionadaithe nó cúntóirí naisiúnta:

a)      ionadóidh an Ballstát é ina fheidhm mar chomhalta, mar ionadaí nó mar chúntóir náisiúnta

b)      ní bheidh sé i dteideal na cumhachtaí a tugadh dó i gcomhréir le hAirteagal 8 a fheidhmiú a thuilleadh.

4.           Gan dochar d’Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne, tarraingeoidh an Coláiste suas rialacha maidir le giúistís caidrimh a phostú agus glacfaidh sé na socruithe cur chun feidhme is gá ina leith sin i gcomhairle leis an gCoimisiún.

5.           Beidh gníomhaíochtaí giúistísí caidrimh arna bpostú ag Eurojust faoi mhaoirseacht an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí. Tuairisceoidh na giúistísí caidrimh don Choláiste, agus cuirfidh an Coláiste Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoina ngníomhaíochtaí go cuí sa tuarascáil bhliantúil. Cuirfidh na giúistísí caidrimh na comhaltaí náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas faoi na cásanna uile a bhaineann lena mBallstát.

6.           Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát agus giúistísí caidrimh dá dtagraítear i mír 1 teagmháil a dhéanamh le chéile go díreach. Sna cásanna sin, cuirfidh an giúistísí caidrimh an comhalta náisiúnta ar an eolas faoi na teagmhálacha sin.

7.           Beidh nasc idir na giúistísí caidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus an Córas Bainistithe Cásanna.

Airteagal 47 Iarrataí ar chomhar dlíthiúil ó thríú tíortha agus orthu

1.           Comhordóidh Eurojust feidhmiú iarrataí ar chomhar dlíthiúil arna n‑eisiúint ag tríú tír i gcás ina mbeidh na hiarrataí sin ina gcuid den aon imscrúdú amháin agus inar gá iad a fheidhmiú in dhá Bhallstát ar a laghad. Féadfaidh údarás inniúil náisiúnta na hiarrataí sin a thraschur chuig Eurojust freisin.

2.           I gcás práinne agus i gcomhréir le hAirteagal 19, féadfaidh an Comhordú ar Ghlao‑dhualgas iarrataí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna eisiúint ag tríú tír a thug socrú oibre i gcrích le Eurojust a fháil agus a phróiseáil.

3.           Gan dochar d’Airteagal 3(3), i gcás ina gcuirtear isteach iarrataí ar chomhar breithiúnach a bhaineann leis an aon imscrúdú amháin agus ar gá iad a fheidhmiú i dtríú tír, éascóidh Eurojust comhar dlíthiúil leis an tríú tír sin.

CAIBIDIL VI FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 48 Buiséad

1.           Ullmhófar meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas iomlán Eurojust do gach bliain airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar i mbuiséad Eurojust iad.

2.           Beidh buiséad Eurojust comhordaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais araon.

3.           Gan dochar d’acmhainní eile, beidh ar áireamh in ioncam na hOifige:

a)      ranníocaíocht ón Aontas a chuirfear isteach i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh;

b)      aon ranníocaíocht dheonach ó na Ballstáit.

c)      táillí ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn Eurojust.

d)      deontais ad‑hoc

4.           Áireofar le caiteachas na hOifige luach saothair na foirne ag costais riaracháin, bhonneagair, agus oibriúcháin.

Airteagal 49 An buiséad a bhunú

1.           Tarraingeoidh an Stiúrthóir Riaracháin dréachtráiteas suas uair sa bhliain ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust le chéile don bhliain airgeadais tar éis sin, lena n‑áirítear an plean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an gColáiste é.

2.           Ar bhonn an dréachta sin, ullmhóidh an Coláiste dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust don bhliain airgeadais tar éis sin.

3.           Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus ar chaiteachas Eurojust chuig an gCoimisiún Eorpach tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir gach bliain. Cuirfidh an Coláiste an leagan críochnaitheach den mheastachán sin, lena n‑áireofar dréachtphlean bunaíochta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta.

4.           Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (an t‑údarás buiséadach) mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

5.           Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid na ranníocaíochta a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

6.           Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe do ranníocaíocht Eurojust.

7.           Glacfaidh an t‑údarás buiséadach plean bunaíochta Eurojust.

8.           Glacfaidh an Coláiste buiséad Eurojust. Beidh sé críochnaitheach tar éis ghlacadh críochnaitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

9.           I gcás aon tionscadail tógála ar dócha go mbeidh impleachtaí suntasacha aige ar an mbuiséad, cuirfidh Eurojust Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir i gcomhréir le forálacha Airteagal 203 de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012.

10.         Mura cás force majeure dá dtagraítear in Airteagal 203 de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 atá i gceist, pléifidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an tionscadal tógála faoi cheann ceithre seachtaine tar éis dó a bheith curtha faoi bhráid an dá institiúid.

Measfar an tionscadal tógála a bheith formheasta ar dhul in éag don tréimhse ceithre seachtaine sin, mura rud é gur ghlac Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh i gcoinne an togra laistigh den tréimhse sin.

Má ardaíonn Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cúiseanna imní cuí-réasúnaithe laistigh den tréimhse ceithre seachtaine sin, cuirfear síneadh dhá sheachtain leis an tréimhse sin aon uair amháin.

Má ghlacann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cinneadh i gcoinne an tionscadail tógála, tarraingeoidh Eurojust an togra siar agus féadfaidh sé togra nua a thíolacadh.

11.         Féadfaidh Eurojust tionscadal fála buiséid a mhaoiniú le hiasacht faoi réir réamhthoiliú an údaráis bhuiséadaigh i gcomhréir le hAirteagal 203 de Rialachán (AE, Eurotom) Uimh. 966/2012.

Airteagal 50 An buiséad a chur chun feidhme

Beidh an Stiúrthóir Riaracháin ina oifigeach údarúcháin ag Eurojust agus cuirfidh sé buiséad Eurojust chun feidhme ar a fhreagracht féin agus laistigh de na teorainneacha atá údaraithe sa bhuiséad.

Airteagal 51 Na cuntais a thíolacadh agus a urscaoileadh

1.           Faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta Eurojust na cuntais shealadacha in iúl d’Oifigeach Cuntasaíochta an Choimisiúin agus don Chúirt Iniúchóirí.

2.           Cuirfidh Eurojust tuarascáil ar an mbainistíocht bhuiséadach agus ar an mbainistíocht airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 31 Márta an bhliain tar éis sin.

3.           Faoin 31 Márta tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha Eurojust arna gcomhdhlúthú le cuntais an Choimisiúin chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.           I gcomhréir le hAirteagal 148(1) de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012, tabharfaidh an Chúirt Iniúchóirí, faoin 1 Meitheamh an bhliain tar éis sin ar a dhéanaí, a tuairimí uaithi ar chuntais shealadach Eurojust.

5.           Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairimí na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha Eurojust de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012, tarraingeoidh sé suas cuntais chríochnaitheacha Eurojust ar a fhreagracht féin agus cuirfidh sé chuig an gColáiste iad chun a bharúil sin a fháil orthu.

6.           Tabharfaidh an Coláiste barúil uaidh ar chuntais chríochnaitheacha Eurojust.

7.           Faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le barúil an Choláiste, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

8.           Foilseofar cuntais chríochnaitheacha Eurojust in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain tar éis sin.

9.           Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena bharúlacha faoin 30 Meán Fómhair an bhliain tar éis sin ar a dhéanaí. Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin an freagra sin chuig an gColáiste agus chuig an gCoimisiún freisin.

10.         Tuairisceoidh an Stiúrthóir Riaracháin do Pharlaimint na hEorpa ar an dóigh a ndearna sé a dhualgais nuair a iarrfar air sin a dhéanamh. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Riaracháin tuairisciú ar an dóigh a ndearna sé a dhualgais.

11.         Cuirfidh an Stiúrthóir Riaracháin aon fhaisnéis is gá chun go bhfeidhmeoidh an nós imeachta um urscaoileadh don bhliain airgeadais i gceist go réidh i gcomhréir le hAirteagal 165(3) de Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 966/2012 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

12.         Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar a mholadh sin don Chomhairle agus í ag gníomhú trí thromlach cáilithe, urscaoileadh don Stiúrthóir Riaracháin roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith chur chun feidhme an bhuiséid do bhliain N.

Airteagal 52 Rialacha Airgeadais

Glacfaidh an Coláiste na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le Eurojust i gcomhréir le [Rialachán 2343/2002 an 23 Nollaig 2002 maidir leis an gCreat‑Rialachán Airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 185 de Rialacháin (EC, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach] agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Ní imeoidh siad ó [Rialachán Uimh. 2343/2002] mura mbeidh gá sonrach leis an imeacht sin chun go bhfeidhmeoidh Eurojust agus murar thoiligh an Coimisiún leis sin roimh ré.

CAIBIDIL VII FORÁLACHA FOIRNE

Airteagal 53 Forálacha ginearálta

Beidh feidhm maidir le foireann Eurojust ag Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais Eorpaigh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne sin agus do Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 54 Saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus baill foirne eile

1.           Féadfaidh Eurojust úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó as baill foirne eile nach fostaithe de chuid Eurojust iad.

2.           Glacfaidh an Coláiste cinneadh lena leagfar síos rialacha maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht chuig Eurojust.

CAIBIDIL VIII MEASTÓIREACHT AGUS TUAIRISCIÚ

Airteagal 55 Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta a bheith rannpháirteach:

1.           Tarchuirfidh Eurojust a Thuarascáil Bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, agus féadfar tuairimí agus conclúidí a léiriú inti.

2.           Tiocfaidh Uachtarán an Choláiste os comhair Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin di, chun ábhair a bhaineann le Eurojust a phlé, agus go háirithe chun Tuarascálacha Bliantúla Eurojust a thíolacadh, agus oibleagáidí discréide agus rúndachta á gcur san áireamh aige. Ní thagrófar go díreach ná go hindíreach do bhearta nithiúla maidir le cásanna oibríochtúla sonracha sa phlé sin.

3.           Sa bhreis ar na hoibleagáidí eile maidir le faisnéis agus comhairliúchán atá leagtha amach sa Rialachán seo, tarchuirfidh Eurojust an méid seo a leanas chuig Parlaimint na hEorpa mar fhaisnéis:

a)      torthaí staidéar agus tionscadal straitéiseach a mhionsaothraigh nó a choimisiúnaigh Eurojust;

b)      socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le tríú páirtithe;

c)      tuarascáil bhliantúil an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

4.           Tarchuirfidh Eurojust a Thuarascáil Bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta. Tarchuirfidh Eurojust na doiciméid dá dtagraítear i mír 3 chuig na Parlaimintí náisiúnta freisin.

Airteagal 56 Meastóireacht agus athbhreithniú

1.           Faoin [5 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, agus gach 5 bliana tar éis sin, coimisiúnóidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme agus ar thionchar an Rialacháin seo, mar aon le héifeachtach agus éifeachtúlacht Eurojust agus a chleachtas oibre. Díreofar sa mheastóireacht go háirithe ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le sainordú Eurojust a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag an modhnú sin.

2.           Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta mar aon lena chonclúidí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig na Parlaimintí náisiúnta, chuig an gComhairle agus chuig an gColáiste. Cuirfear fionnachtana na meastóireachta sin ar fáil don phobal.

3.           Tráth gach dara meastóireacht, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na torthaí a bhain Eurojust amach i leith a chuspóra, a shainordaithe agus a chúraimí.

CAIBIDIL IX FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 57 Pribhléidí agus Díolúintí

Beidh feidhm maidir le Eurojust agus a bhaill foirne ag an bPrótacal maidir le Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 58

Socruithe teanga

1.           Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1[19] maidir le Eurojust.

2.           Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin is gá chun go bhfeidhmeoidh Eurojust.

Airteagal 59 Rúndacht

1.           Beidh oibleagáid rúndachta maidir le haon fhaisnéis ar ar tháinig siad le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh ar na comhaltaí náisiúnta, ar a n‑ionadaithe agus ar a gCúntóirí dá dtagraítear in Airteagal 7, ar fhoireann Eurojust, ar chomhfhreagraithe náisiúnta agus ar an Oifigeach Cosanta Sonraí.

2.           Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta maidir leis na daoine uile agus na comhlachtaí uile a n‑iarrfar orthu oibriú le Eurojust.

3.           Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta freisin tar éis do na daoine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a bpost a fhágáil nó tar éis deireadh a theacht lena ngníomhaíochtaí.

4.           Beidh feidhm ag an oibleagáid rúndachta ar an bhfaisnéis uile a gheobhaidh Eurojust, murar cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil don phobal roimhe sin nó mura bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi.

5.           Beidh an oibleagáid rúndachta maidir le haon fhaisnéis ar ar tháinig siad uirthi le linn dóibh a gcúraimí a dhéanamh ar chomhaltaí agus ar fhoireann an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Airteagal 60 Trédhearcacht

1.           Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid a bhaineann le cúraimí riaracháin Eurojust.

2.           Faoi cheann sé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, glacfaidh an Coláiste na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.           Féadfaidh cinntí a dhéanfaidh Eurojust de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 bheith ina gcúis le gearán chuig an Ombudsman nó ina gcúis le caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus in Airteagal 263 den Chonradh faoi seach.

Airteagal 61 OLAF agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

1.           Chun gur fusa calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chomhrac faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, faoi cheann sé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, aontóidh sé don Chomhaontú idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), agus glacfaidh sé na forálacha iomchuí is infheidhme d’fhostaithe uile Eurojust agus an teimpléad atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú á úsáid aici.

2.           Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais ó Eurojust.

3.           Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, i gcomhreir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[20] chun a shocrú an raibh aon mhírialtachtaí ann a rinne difear do leas airgeadais an Aontais i ndáil le caiteachas arna chistiú ag Eurojust.

4.         Gan dochar do mhíreanna 1, 2 ná 3, beidh sna socruithe oibre le tríú tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le Interpol, sna conarthaí, sna comhaontuithe deontais agus sna cinntí deontais a dhéanfaidh Eurojust forálacha a thugann an chumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh de réir a n‑inniúlachtaí féin

Airteagal 62 Rialacha slándála maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe

Cuirfidh Eurojust na prionsabail slándála i bhfeidhm atá cuimsithe i rialacha slándála an Choimisiún chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) a chosaint, mar atá leagtha amach san aguisín a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE ón gCoimisiún, ECSC, Euratom[21]. Cuimseofar leis sin, inter alia, forálacha maidir leis an bhfaisnéis sin a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

Airteagal 63 Imscrúduithe riaracháin

Beidh gníomhaíochtaí riaracháin Eurojust faoi réir imscrúduithe an Ombudsman Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 228 den Chonradh.

Airteagal 64 Dliteanas nach dliteanas i leith próiseála neamhúdaraithe ná próiseála míchirte sonraí é

1.           Beidh dliteanas conarthach Eurojust faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i gceist.

2.           Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána a bheidh i gconradh arna thabhairt i gcrích ag Eurojust.

3.           I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh Eurojust, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát agus ar neamhcheist le haon dliteanas faoi Airteagal 37, aon damáiste a shlánú arbh iad Coláiste nó baill foirne Eurojust ba chúis leis agus iad i mbun a ndualgas.

4.           Beidh feidhm ag mír 3 freisin maidir le damáiste arbh é locht comhalta náisiúnta, ionadaí nó Cúntóra ba chúis leis agus iad i mbun a ndualgas. Agus é nó í ag gníomhú ar bhonn na gcumhachtaí atá deonaithe dó nó di de bhun Airteagal 8, aisíocfaidh a Bhallstát bunaidh nó a Ballstát bunaidh na suimeanna do Eurojust a d'íoc Eurojust chun an damáiste sin a shlánú.

5.           Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i ndíospóidí a bhaineann leis an gcúiteamh as damáiste a dtagraítear dó i mír 3.

6.           Na cúirteanna náisiúnta de chuid na mBallstát atá inniúil déileáil le díospóidí a bhaineann le dliteanas Eurojust dá dtagraítear san Airteagal seo, cinnfear trí thagairt do Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle[22] iad.

7.           Beidh dliteanas pearsanta na mball foirne i leith Eurojust faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 65 Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus maidir le coinníollacha feidhme na hOifige

Beidh suíomh Eurojust sa Háig, san Ísiltír.

Na socruithe is gá maidir leis an gcóiríocht atá le soláthar do Eurojust san Ísiltír agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an Ísiltír maille leis na rialacha sonracha is infheidhme san Ísiltír ar an Stiúrthóir Riaracháin, ar an gColáiste, ar bhaill foirne Eurojust agus ar bhaill dá dteaghlaigh, leagfar síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir Eurojust agus an Ísiltír iad a thabharfar i gcrích nuair a gheofar formheas an Choláiste.

Cuirfidh an Ísiltír na dálaí is fearr is féidir ar fáil lena áirithiú go bhfeidhmeoidh Eurojust mar is cuí, lena n‑áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 66 Socruithe idirthréimhseacha

1.           Beidh Eurojust ina chomharba dlíthiúil ginearálta ar gach conradh arna thabhairt i gcrích ag Eurojust, ar gach dliteanas is dlite de, agus ar mhaoin arna sealbhú aige, arna bhunú ag Cinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle.

2.           Na comhaltaí náisiúnta de Eurojust a thug gach Ballstát ar iasacht faoi Chinneadh 2002/187/CGB, glacfaidh siad ról na gcomhaltaí náisiúnta de Eurojust faoi Chaibidil II den Rialachán seo. Féadfar tréimhse a n‑oifige a shíneadh uair amháin faoi Airteagal 10(2) den Rialachán seo tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gan beann ar shíneadh roimhe sin.

3.           Glacfaidh Uachtarán agus Leas‑Uachtarán Eurojust tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ról Uachtaráin agus Leas‑Uachtaráin Eurojust faoi Airteagal 11, go dtí go rachaidh a dtréimhse oifige i gcomhréir le Cinneadh 2002/187/CGB in éag. Féadfar iad a atoghadh uair amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo faoi Airteagal 11(3) den Rialacháin seo, gan beann ar a n‑atoghadh roimhe sin.

4.           Glacfaidh an Stiúrthóir Riaracháin a ceapadh go deireanach faoi Airteagal 29 de Chinneadh 2002/187/CGB ról an Stiúrthóra Riaracháin faoi Airteagal 17 go dtí go rachaidh a thréimhse oifige mar a cinneadh faoi Chinneadh 2002/187/CGB í in éag. Féadfaidh tréimhse an Stiúrthóra Riaracháin a shíneadh aon uair amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.           Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear d'fheidhm dhlíthiúil comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag Eurojust arna bhunú ag Cinneadh 2002/187/CGB. Go háirithe, leanfaidh gach comhaontú idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích ag Eurojust agus atá tagtha i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo de bheith bailí de réir dlí.

Airteagal 67 Aisghairm

1.           Tiocfaidh an Rialachán seo in ionad Chinntí 2002/187/CGB, 2003/659/CGB agus2009/426/CGB, agus déanfar iad a aisghairm leis.

2.           Déanfar tagairtí do na Cinntí aisghairthe ón gComhairle dá dtagraítear i mír1 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 68 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

AGUISÍN 1

Liosta d'fhoirmeacha coireachta tromchúisí a bhfuil Eurojust inniúil déileáil leo i gcomhréir le hAirteagal 3(1):

– coireacht eagraithe;

– sceimhlitheoireacht;

– gáinneáil ar dhrugaí;

– sciúradh airgid;

– éilliú;

– coireacht i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais;

– dúnmharú, mórdhíobháil choirp;

– fuadach, srianadh neamhdhleathach agus tógáil giall;

– mí‑úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ban agus leanaí, pornagrafaíocht leanaí agus sirtheoireacht leanaí chun críocha gnéasacha;

– ciníochas agus seineafóibe;

– robáil eagraithe;

– coireacht a bhaineann le mótarfheithiclí;

– caimiléireacht agus calaois;

– cambheartaíocht agus sracadh;

– góchumadh agus píoráideacht táirgí;

– brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu;

– brionnú airgid agus modhanna íocaíochta;

– coireacht ríomhaire;

– déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaí airgeadais;

– smuigleáil inimirceach neamhdhleathach;

– gáinneáil ar dhaoine;

– trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíochán an duine;

– gáinneáil aindleathach substaintí hormónacha agus fástionscnóirí eile;

– gáinneáil aindleathach earraí cultúrtha, lena n‑áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne;

– gáinneáil aindleathach arm, armlón agus pléascán;

– gáinneáil aindleathach speiceas ainmhithe i mbaol;

– gáinneáil aindleathach speiceas agus cineálacha plandaí i mbaol;

– coireacht chomhshaoil;

– truailliú ó longa;

– coireacht a bhaineann le substaintí núicléacha agus radaighníomhacha;

– cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh.

AGUISÍN 2

Na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 27

1.           a)       sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;

b)      dáta agus ionad breithe;

c)      náisiúntacht;

d)      inscne;

e)      áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;

f)       uimhreacha slándála sóisialaí, ceadúnais tiomána, doiciméid aitheantais agus sonraí pas, uimhreacha custaim agus aitheantais chánach;

g)      faisnéis maidir le daoine dlítheanacha má áirítear ann faisnéis i ndáil le daoine aonair atá sainaitheanta nó in‑sainaitheanta agus atá faoi réir imscrúdaithe bhreithiúnaigh nó ionchúisimh;

h)      cuntais bhainc agus cuntais le hinstitiúidí airgeadais eile;

i)       tuairisc agus cineál na gcionta líomhainte, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na cionta agus dul chun cinn an imscrúdaithe;

j)       na fíorais a léiríonn go bhféadfaí an cás a shíneadh go hidirnáisiúnta;

k)      mionsonraí a bhaineann le ballraíocht líomhainte in eagraíocht choiriúil;

l)       uimhreacha teileafóin, seoltaí ríomhphoist, sonraí tráchta agus sonraí suímh, chomh maith leis na sonraí gaolmhara is gá chun an rannpháirtí nó an t‑úsáideoir a shainaithint;

m)     sonraí clárúcháin feithicle;

n)      Próifílí DNA arna suí ón gcuid neamh‑chódaitheach den DNA, grianghraif agus méarloirg.

2.           a)       sloinne, sloinne roimh phósadh, ainmneacha baiste agus aon ailiasanna nó ainmneacha bréige;

b)      dáta agus ionad breithe;

c)      náisiúntacht;

d)      inscne;

e)      áit chónaithe, gairm agus an áit a bhfuil an duine lena mbaineann;

f)       tuairisc agus cineál na gcionta lena mbaineann, an dáta a rinneadh iad, an catagóir coiriúil lena mbaineann na cionta agus dul chun cinn na n‑imscrúduithe;

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta]

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta]

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais (EUROJUST)

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[23]

Réimse beartais: 33 - Ceartas

Gníomhaíocht: 33.03 - Ceartas i gcúrsaí coiriúil agus sibhialta (ó 2014: 33.03 – Ceartas)

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[24]

þ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Bunaíodh Eurojust, i ndiaidh tionscnaimh ó Bhallstáit agus trí Chinneadh 2002/187/CGB, mar chomhlacht de chuid an Aontais le pearsantacht dhlítheanach d'fhonn an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí a neartú. Déantar foráil in Airteagal 85 den CFAE go ndéanfar Eurojust a rialáil le Rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Is é a mhisean an comhordú agus an comhar idir údaráis náisiúnta imscrúdaithe agus ionchúisimh a neartú agus tacú leis i ndáil le coireacht thromchúiseach a bhaineann le dhá Bhallstát nó níos mó den Aontas Eorpach. Sa togra seo le haghaidh Rialacháin foráiltear maidir le creat dlíthiúil athnuaite aonair i gcomhair Gníomhaireachta nua de chuid an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil, ar comharba dlíthiúil Eurojust í.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.2: Feabhas a chur ar chomhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúil agus dá thoradh sin cuidiú Limistéar Eorpach Ceartais a chruthú i bhfírinne.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

33.03 - Ceartas i gcúrsaí coiriúla agus sibhialta

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Trí ionchúisitheoirí agus breithiúna sinsearacha ó Bhallstáit uile an AE a thabhairt le chéile, tá ról lárnach ag Eurojust maidir le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt. Tá ról tábhachtach aige freisin maidir le coireacht trasteorann a chomhrac san AE, mar éascaitheoir éifeachtach don chomhar breithiúnach, agus sa cháil sin dó tá borradh faoin éileamh atá ar chúnamh uaidh ó lucht dlí náisiúnta. Áirítear ar na héifeachtaí a bhfuil súil leo:

1. Obair oibriúcháin Eurojust

Tacaíonn Eurojust le comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla, agus neartaíonn sé an comhar sin. Idirghabhann comhaltaí náisiúnta, ag gníomhú dóibh ina n‑aonair nó mar Choláiste, i gcásanna coiriúla nithiúla ina dteastaíonn comhar feabhsaithe ó údaráis náisiúnta nó inar gá dóibh deacrachtaí a shárú maidir le húsáid phraiticiúil comhair bhreithiúnaigh agus ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh. Chuidigh Eurojust chun córais agus traidisiúin iléagsúla dlí an AE a chomhfhogasú agus chun muinín frithpháirteach a chothú, agus is é sin bunchloch aon ionstraimí aitheantais fhrithpháirtigh, trí fadhbanna teanga nó dlí a réiteach go mear nó trí údaráis inniúla i dtíortha eile a shainaithint.

2. Lárionad saineolais bhreithiúnaigh Eurojust um ghníomhaíocht éifeachtach i gcoinne coireachta trasteorann

Tá ról tábhachtach ag Eurojust sa chomhrac i gcoinne coireachta trasteorann. Eagraíonn Eurojust cruinnithe comhordaithe ina dtagann údaráis náisiúnta le chéile chun cur chuige coiteann a chomhaontú maidir le himscrúduithe, chun iarrataí cúnaimh a ullmhú, chun ceisteanna dlí a réiteach nó chun teacht rompu nó chun cinneadh a dhéanamh maidir le hoibríochtaí comhuaineacha. Tá Eurojust bainteach le bunú comhfhoirne imscrúdaithe agus rannpháirteach iontu, ag tabhairt tacaíochta do Bhallstáit.

3. Comhar Eurojust le páirtithe

Oibríonn Eurojust i gcomhar le gníomhaireachtaí eile, go háirithe le Europol, le OLAF agus le tríú tíortha chomh maith agus tá sé ina óstach ag rúnaíochtaí an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh, Líonra Saineolaithe na gComhfhoirne Imscrúdaithe agus an Líonra um Chinedhíothú, i gcomhréir leis an gCinneadh ón gComhairle.

4. Caidreamh Eurojust le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

I gcomhréir le hAirteagal 86 den CFAE, ní mór Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun "ó Eurojust". Tá sé mar aidhm ag an togra seo dá bhrí sin an caidreamh idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a rialáil. Tabharfar an tacaíocht riaracháin d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar bhonn costais nialasaigh.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

I gcomhréir leis an bplean oibre maidir le cur chun feidhme an cur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí, tá an Coimisiún ag forbairt treoirlínte chun príomhthascairí feidhmíochta a shainiú i gcomhair gníomhaireachtaí. Meastar go dtabharfar é sin i gcrích in 2013.

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa ghearrthéarma, meastar go leanfaidh Eurojust dá chroíghníomhaíochtaí a dhéanamh, go háirithe na cinn sin a bhaineann le tacú le comhordú agus comhar, agus le hiad a neartú, idir údaráis imscrúdaithe agus ionchúisimh i gcásanna coireachta tromchúisí trasteorann. Is cinnte go neartófar an sreabhadh faisnéise agus an nasc idir údaráis náisiúnta agus Eurojust.

Sa mheántéarma, neartófar struchtúr, oibríocht, cúraimí agus maoirseacht pharlaiminteach Eurojust tríd an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 85 den CFAE. Tá ceanglais ann freisin a bhaineann le hAirteagal 86 den CFAE agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar bun ó Eurojust: Beidh sé de cheangal ar Eurojust seirbhísí tacaíochta riaracháin a sholáthar d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Luach breise na gníomhaíochta atá forbartha ag Eurojust: comhar breithiúnach a éascú idir údaráis náisiúnta na mBallstát agus feabhas a chur ar chomhordú chun comhrac níos éifeachtaí a dhéanamh i gcoinne coireachta eagraithe, tá gné ag roinnt leis na nithe sin a bhaineann go dlúth leis an AE agus ní fhéadfaí iad a bhaint amach ach ar leibhéal an AE.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Deimhníonn tuarascálacha bliantúla Eurojust go bhfuil gá leantach le comhordú ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta agus le tacaíocht i réimse na coireachta tromchúisí trasteorann. Le deich mbliana anuas tá borradh as cuimse tagtha faoi choireacht eagraithe, amhail gáinneáil ar dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, sceimhlitheoireacht agus cibearchoireacht, lena n‑áirítear pornagrafaíocht leanaí. Tá tírdhreach nua coireachta ag teacht chun cinn, arb iad na saintréithe a bhaineann leis grúpaí rí‑shoghluaiste agus rí‑sholúbtha a fheidhmíonn san iliomad dlínsí agus earnálacha coiriúla, agus a bhaineann leas, go háirithe, as úsáid fhorleathan agus aindleathach an idirlín. Ní féidir leis na Ballstáit comhrac éifeachtach a dhéanamh ina gcoinne ar an leibhéal náisiúnta, mar sin de teastaíonn comhordú agus cúnamh go mór. Tá Eurojust ar an aon ghníomhaireacht amháin de chuid an AE a thacaíonn le húdaráis náisiúnta breithiúnacha imscrúdú agus ionchúiseamh iomchuí a dhéanamh sna cásanna sin.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Dlúthchuid de limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú is ea comhar breithiúnach a threisiú i gcúrsaí coiriúla. Forbraíodh misean Eurojust maidir le comhordú agus comhar i gcomhthéacs ionstraimí dlíthiúla eile sa réimse céanna, amhail an Coinbhinsiún um Chúnamh Frithpháirteach Dlí in 2000, an Cinneadh Réime ón gComhairle maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach nó an Cinneadh Réime ón gComhairle maidir le coinbhleachtaí dlínse. Tá aird á tabhairt ar shineirgíochtaí leis na gníomhaireachtaí eile a bhaineann le ceartas agus gnóthaí baile, go háirithe Europol, agus ar an ngá dúbailt cúraimí a sheachaint agus comhar a fheabhsú. Beidh sineirgíochtaí follasacha ann freisin mar chuid den chomhar idir Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

x Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[25]

Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

– ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– ¨  ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

X Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– X comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Is é is aidhm don togra reachtach seo creat dlíthiúil Eurojust a nuachóiriú agus a fheidhmiú a chuíchóiriú.

Dréachtaíodh é agus aird á tabhairt ar neodracht i gcúrsaí buiséid. Dá thoradh sin, is bailí maidir leis an togra reachtach seo an clárú airgeadais i gcomhair Eurojust a ullmhaíodh don tréimhse 2014-2020 agus a ghlac an Coimisiún in Iúil 2013.

Tá eilimint nua á tabhairt isteach leis an Rialachán seo, áfach, a bhaineann leis an gcaidreamh le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh: mar atá sainithe sa Rialachán seo chuirfeadh Eurojust struchtúir tacaíochta riaracháin ar fáil d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n‑áirítear airgeadas, acmhainní daonna, slándáil agus TF.

San am céanna, ní oibreodh Eurojust a thuilleadh ar chionta a bhainfeadh le leasanna airgeadais an AE, arb ionann iad agus idir 5 % agus 10 % den ualach cásanna atá air faoi láthair. Dá thoradh sin, d'fhéadfaí poist a aistriú laistigh den ghníomhaireacht leis an tacaíocht a thabharfaí d'fheidhmiú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chumhdach.

Dá bhrí sin, tá tionchar airgeadais an togra seo neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus ní athróidh sé líon na bpost atá luaite sa chlárú airgeadais don tréimhse 2014-2020.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Gach bliain, déanfaidh Uachtarán Eurojust, thar ceann an Choláiste, an tuarascáil bhliantúil maidir leis an obair atá déanta ag Eurojust, chomh maith le faisnéis faoi shocruithe oibre arna dtabhairt i gcrích le tríú páirtithe, agus tuarascáil bhliantúil an Maoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, a chur ar aghaidh chuig Pharlaimint na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin agus ar ghníomhaíochtaí Eurojust laistigh de chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh.

Níor sainaithníodh aon rioscaí sonracha maidir le córais bainistíochta agus rialaithe ag an gcéim seo.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Tá Eurojust faoi réir rialuithe riaracháin lena n‑áirítear rialú buiséadach, iniúchóireacht inmheánach, tuarascálacha bliantúla ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an tarscaoileadh bliantúil chun buiséad an AE a fheidhmiú.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srianta ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ar an nGníomhaireacht.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal…..................................….] || LD/LN[26] || ó thíortha CSTE[27] || ó thíortha is iarrthóirí[28] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3 || 33.0304 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (EUROJUST) || Difreáilte || Níl || TÁ Tar éis comhaontú || Níl || Níl

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal…...….] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Níl

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus saoránacht

EUROJUST || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

Teideal 1 || Gealltanais || (1) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || ||

Teideal 2 || Gealltanais || (1a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Íocaíochtaí || (2a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Teideal 3 || Gealltanais || (3a) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

|| Íocaíochtaí || (3b) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN na leithreasuithe do EUROJUST || Gealltanais || =1+1a +3a || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =2+2a +3b || || || || || || || ||

An Clár um Cheartas || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

33 03 02 – An comhar breithiúnach a fheabhsú in ábhair shibhialta agus choiriúla (...). || Gealltanais || (1) || || || || || || 0.400 || || 0.400

Íocaíochtaí || (2) || || || || || || 0.400 || || 0.400

IOMLÁN don Chlár um Cheartas[29] || Gealltanais || (1) || || || || || || 0.400 || || 0.400

Íocaíochtaí || (2) || || || || || || 0.400 || || 0.400

Tá an ríomh seo bunaithe ar an toimhde go bhfuil na struchtúir tacaíochta riaracháin a thabharfaidh Eurojust d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, lena n‑áirítear airgeadas, acmhainní daonna, slándáil agus TF, neodrach ó thaobh an bhuiséid de agus nach dteastaíonn foireann bhreise ó phlean bunaíochta Eurojust, ós rud é go ndéanfar ath‑imlonnú laistigh de Eurojust toisc go gcuirfear deireadh le roinnt gníomhaíochtaí nuair a bhunófar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Go praiticiúil, chumhdódh struchtúr riaracháin Eurojust riachtanais Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh araon. D'áiritheodh an struchtúr riaracháin sin go mbeadh pleanáil agus feidhmiú an bhuiséid comhordaithe, mar aon le gnéithe éagsúla de bhainistíocht foirne agus de sholáthar gach seirbhíse tacaíochta eile.

Meastar go mbeidh cuntasóir Eurojust mar chuntasóir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Ba cheart go gcumhdódh an Clár nua um Cheartas na costais a bhaineann leis an meastóireacht, go háirithe, ar chur chun feidhme agus ar thionchar an Rialacháin seo, chomh maith le héifeachtacht agus éifeachtúlacht Eurojust.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || ‘Caiteachas riaracháin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: JUSTICE ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN DG JUSTICE || Leithreasuithe || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || || || || || || 0.400 || || 0.400

Íocaíochtaí || || || || || || 0.400 || || 0.400

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta]

– X  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí      Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a thuairiscítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas[30] || Meánchostas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[31] || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 … || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || . || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe [an chomhlachta]

3.2.3.1.  Achoimre

– þ  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– o  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a thuairiscítear thíos:

i gcoibhéis lánaimseartha: FTE

Acmhainní daonna || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán

Poist don phlean bunaíochta (de réir líon na ndaoine) || || || || || || || ||

- ar AD iad || || || || || || || ||

- ar AST iad || || || || || || || ||

Pearsanra seachtrach FTE || || || || || || || ||

- ar gníomhairí ar conradh iad || || || || || || || ||

- ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad || || || || || || || ||

Foireann iomlán || || || || || || || ||

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Caiteachas foirne || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán

Poist don phlean bunaíochta || || || || || || || ||

- ar AD iad || || || || || || || ||

- ar AST iad || || || || || || || ||

Pearsanra seachtrach || || || || || || || ||

- ar gníomhairí ar conradh iad || || || || || || || ||

- ar saineolaithe náisiúnta ar iasacht iad   || || || || || || || ||

Caiteachas foirne iomlán || || || || || || || ||

3.2.3.2.  Riachtanais acmhainní daonna réamh‑mheasta don mháthair-Ard‑Stiúrthóireacht

– X  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear breis acmhainní daonna.

– Is gá acmhainní daonna a úsáid don togra/tionscnamh mar a thuairiscítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) ||

|| XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || || || || || ||

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

|| || || || || || || ||

|| Ÿ Baill foirne seachtracha (i gCoibhéis Lánaimseartha: FTE)[32] ||

|| XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy[33] || - sa Cheanncheathrú[34] || || || || || || ||

|| - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || || || || || || ||

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach || Scáthú beartais agus comhairle don ghníomhaireacht, comhairle bhuiséadach agus airgeadais don ghníomhaireacht agus íocaíochtaí, urscaoileadh agus dréacht‑nósanna imeachta buiséid mar atá siad faoi láthair

Pearsanra seachtrach ||

Ba cheart tuairisc ar ríomh an chostais i gcomhair FTE (coibhéis lánaimseartha) a bheith ar áireamh i roinn 3 den Iarscríbhinn.

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[35].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do chómhaoiniú ó thríú páirtithe.

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[36]

Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               An Cinneadh ón gComhairle an 28 feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d’fhonn an comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí a neartú arna leasú le Cinneadh 2003/659/JHA ón gComhairle agus le Cinneadh 2009/426/JHA ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le Eurojust a neartú.             IO L 063, 6.3.2002, lch. 1.

[2]               Tugtar aghaidh ar chomhar agus cúnamh a fheabhsú i ndáil le coireacht thromchúiseach a chosc agus a chomhrac sa dréácht‑togra le haghaidh Rialacháin nua maidir le Europol.

[3]               "Study on the Strengthening of Eurojust" a rinne GHK.

[4]               IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[5]               IO L 63, 6.3.2002, lch. 1.

[6]               IO L 245, 29.9.2003, lch. 44.

[7]               IO L 138, 4.6.2009, lch. 14.

[8]               IO L 167, 26.6.2002, lch. 1.

[9]               IO L 332, 18.12.2007, lch. 103.

[10]             IO L 301, 12.11.2008, lch.38.

[11]             IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[12]             IO L 105, 27.4.1996, lch. 1.

[13]             IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

[14]             IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

[15]             Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) ón gComhairle an 18 Nollaig 1961 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, IO P 045, 14.6.1962, lch. 1385, arna leasú, go háirithe, ag Rialachán Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú é féin ina dhiaidh sin.

[16]             Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) ón gComhairle an 18 Nollaig 1961 lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Chomhphobail Eorpaigh d'Fhuinneamh Adamhach, IO P 045, 14.6.1962, lch. 1385, arna leasú, go háirithe, ag Rialachán Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1), arna leasú é féin ina dhiaidh sin.

[17]             IO L 136, 31.5.99, lch. 8.

[18]             IO L 281, 23.11.95, lch. 31.

[19]             IO L 17, 6.10.1958, lch.385.

[20]             IO L 292, 15.11.96, lch. 2.

[21]             IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

[22]             IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. Beidh Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 curtha in ionad Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón 10 Eanáir 2015

[23]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí - ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[24]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[25]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[26]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[27]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[28]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[29]             Foráiltear in Airteagal 56 den dréacht‑Rialachán maidir le hoibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin. Beidh an tuarascáil sin bunaithe ar staidéar seachtracht.

[30]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (m.sh.: an líon malartuithe mac léinn arna maoiniú, an líon ciliméadar de bhóithre a tógadh, etc.)

[31]             Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’

[32]             CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht; INT = Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí Sóisearach i dToscaireacht.

[33]             Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[34]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI) go príomha.

[35]             Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[36]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.