Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) /* COM/2013/0521 final - 2013/0247 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Síneadh a chur leis an maolú maidir leis na
Ballstáit sin a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena
gcobhsaíocht airgeadais rátaí méadaithe cómhaoinithe a úsáid. · Forais agus cuspóirí an togra I ngeall ar an ngéarchéim mharthanach airgeadais
agus eacnamaíoch, tá brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta agus na Ballstáit ag
tabhairt faoi na beartais um chomhdhlúthú fioscach is gá. Ina fhianaise sin, tá
tábhacht ar leith lena áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm cláir forbartha tuaithe
a mhéad agus is féidir. Is minic is dúshlánach cur chun feidhme clár, de
thoradh na bhfadhbanna leachtachta atá ann de dheasca comhdhlúthú fioscach. Is
amhlaidh atá go háirithe i gcás na mBallstát sin is mó atá thíos leis an
ngéarchéim airgeadais agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe.
Go dtí seo, tá cúnamh airgeadais faighte ag seacht dtír agus tá clár
coigeartaithe maicreacnamaíoch comhaontaithe acu leis an gCoimisiún. Is iad sin
an Chipir, an Ungáir, an Rómáin, an Laitvia, an Phortaingéil, an Ghréig agus
Éire, dá ngairtear "tíortha cláir" anseo feasta. Níl an Ungáir, an
Rómáin ná an Laitvia faoi chlár coigeartaithe a thuilleadh. Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin (nó
aon Bhallstát eile a d'fhéadfadh tairbhe a bhaint as clár cúnaimh den sórt sin
amach anseo) de chláir forbartha tuaithe a chur chun feidhme ar bhonn
praiticiúil agus de chistí a eisíoc do thionscadail, tá forálacha sa togra seo
lena bhféadfadh na Ballstáit sin rátaí cómhaoinithe méadaithe a úsáid, gan a
leithdháileadh foriomlán faoin mbeartas forbartha tuaithe don tréimhse
2007-2013 a mhodhnú. Ar an dóigh sin, cuirfear acmhainní airgeadais breise ar
fáil do na Ballstáit in aimsir na cruóige agus is fusa a bheidh sé leanúint de na
cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil dá bharr sin. ·
Comhthéacs ginearálta agus forálacha atá i
bhfeidhm i réimse beartais an togra Foráiltear in Airteagal 70(4c) de Rialachán
(CE) Uimh. 1698/2005 do mhaolú lena méadófar uasteorainneacha ranníocaíochta
an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), atá leagtha amach
i mír 3, i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal céanna, go dtí
uasmhéid 95 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin atá
incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus
sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go dtí 85 % den chaiteachas poiblí
incháilithe i réigiúin eile. Faoi láthair, níl feidhm ag an maolú sin ach ar an
gcaiteachas arna thabhú ag na gníomhaireachtaí a dhéanann íocaíochtaí go dtí an
31 Nollaig 2013. ·
Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile
an Aontais Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le
tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an
ngéarchéim airgeadais. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR ·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Níor eagraíodh aon chomhairliúchán le
geallsealbhóirí seachtracha. · Bailiú agus úsáid saineolais Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid. ·
Anailís ar an tionchar Féadfaidh na Ballstáit atá ag fáil cúnaimh
airgeadais iarraidh a chur isteach chuig an gCoimisiún ar mhodhnú ar a gclár
forbartha tuaithe 2007‑2013 agus úsáid a bhaint as an maolú chun rátaí
cómhaoinithe is airde ná an gnáthráta a chur i bhfeidhm. Tá Éire, an Ghréig
agus an Phortaingéil ag baint úsáide as an maolú sin faoi láthair, ach ní go
dtí an t‑uasmhéid is féidir i ngach cás. Ós rud é nach n‑athrófar
leithdháileadh airgeadais foriomlán na tréimhse sin ón CETFT do na Ballstáit
agus do na cláir lena mbaineann, is éard a dhéanann an t‑ardú ar rátaí
cómhaoinithe an AE, suim foriomlán na ranníocaíochta poiblí atá ar fáil ag
cláir forbartha tuaithe le linn na tréimhse clárúcháin a laghdú. Níl sé de
rogha ag na Ballstáit atá ag fáil cúnaimh airgeadais rátaí ranníocaíochtaí ón
CETFT faoi na cláir forbartha tuaithe reatha (2007‑2013) a mhéadú ach i
gcás an chaiteachais a tabhaíodh agus a thabhófar go dtí an
31 Nollaig 2013 (don tréimhse ina mbeidh an Ballstát ag fáil cúnamh
airgeadais) agus, dá bhrí sin, ní bheidh an rogha sin ar fáil go dtí dáta
incháilitheachta deiridh an chaiteachais, mar atá, an 31 Nollaig 2015. I gcás an chaiteachas a thabhófar le linn na
tréimhse clárúcháin nua (2014-2020), féadfar, de réir Airteagal 22 de
Rialachán (AE) Uimh. …/… [Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC)], méadú
deich bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe a chur le ráta
ranníocaíochta an CETFT is infheidhme maidir le gach beart don CETFT. Faoin
gcóras nua seo, lena gcuirfear an breisiú céanna le gach beart, is féidir, i
gcásanna áirithe, go mbeidh athruithe ar na rátaí ranníocaíochta ón CETFT arb
ísle nó arb airde iad ná na rátaí a bhaineann leis an gcóras atá ann faoi
láthair faoi Airteagal 70(4c) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005. Má chuirtear deireadh 2013, agus an tréimhse ina
mbeidh an Ballstát ag fáil cúnamh airgeadais, mar theorainn ama leis an rogha
dá bhforáiltear in Airteagal 70(4c) de Rialachán (CE)
Uimh. 1698/2005, mar atá, rátaí ranníocaíochta ón CETFT arb airde iad ná
an gnáthráta a úsáid faoi na cláir forbartha tuaithe atá ann faoi láthair, is
baol go ndéanfar dochar tromchúiseach don úsáid is mó agus is éifeachtaí is
féidir a bhaint as an maoiniú ón CETFT i gcás na gclár forbartha tuaithe lena
mbaineann sula mbeidh an rogha ann breisiú a fháil faoi na cláir nua. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA ·
Achoimre ar na bearta atá beartaithe Tá sé beartaithe Airteagal 70(4c) de
Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a leasú chun gur féidir leis na Ballstáit
atá ag fáil cúnamh airgeadais leas a bhaint as an méadú 10 bpointe céatadáin, i
gcás na ngealltanas buiséadach oscailte don tréimhse chlárúcháin 2007‑2013
amháin, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus éileamh a dhéanamh
air ina n-iarrataí ar an iarmhéid deiridh fiú mura bhfuil an cúnamh airgeadais
á chur ar fáil a thuilleadh. ·
Bunús Dlí Airteagail 42 agus 43 den CFAE. · Prionsabal na coimhdeachta Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta a
mhéad is go ndéantar iarracht ann tacaíocht mhéadaithe a thabhairt ón CETFT do
Bhallstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, go háirithe i ndáil
lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar
a staid maidir le heasnamh agus fiachas, meathlúchán ar de dheasca na ndálaí
idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais é freisin. Ina fhianaise sin, is gá
sásra sealadach a bhunú ar leibhéal an Aontais lenar féidir maolú ó ghnáthrátaí
cómhaoinithe an CETFT. ·
Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta: Tá an síneadh ar chur i bhfeidhm na rátaí cómhaoinithe
méadaithe comhréireach leis an ngéarchéim mharthanach eacnamaíoch agus leis na
hiarrachtaí eile a rinneadh le cuidiú leis na Ballstáit sin. ·
Roghnú na n‑ionstraimí An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an Rialachán
reatha. Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na
ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann agus measann sé,
i bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, gur gá modhnú ar
Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a bheartú. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl imreofar aon tionchar ar leithreasuithe faoi
chomhair gealltanas ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú beartaithe ar na suimeanna
uasta de mhaoiniú an CETFT dá bhforáiltear sna Cláir Oibríochtúla i gcomhair na
tréimhse cláraithe 2007-2013. Thairis sin, féadfar EUR 90 milliún a chur
leis na leathreasuithe is gá a íoc i mbuiséad 2014 i gcás ina leanfaidh
Ballstáit de na rátaí cómhaoinithe méadaithe a chur chun feidhme. I bhfianaise na n‑iarrataí ó Bhallstáit go
mbainfeadh siad tairbhe as an mbeart seo, agus éabhlóid chur isteach na n‑íocaíochtaí
eatramhacha á cur san áireamh aige, athbhreithneoidh an Coimisiún na dálaí
agus, más gá, dearcfaidh sé ar bhearta ábhartha. 2013/0247 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005
ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na
Réigiún[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) I ngeall ar an ngéarchéim
airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch ar fud an domhain nach
bhfacthas riamh roimhe, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch
agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meath mór tagtha ar dhálaí airgeadais
agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá Ballstáit áirithe i
ndeacrachtaí tromchúiseacha nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go
háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais
agus le meathlúchán ar a riocht maidir le heasnaimh agus fiachas, agus
fadhbanna a bhaineann le dálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais
freisin. (2) Cé go ndearnadh bearta
tábhachtacha cheana féin, lena n‑áirítear leasuithe ar an gcreat
reachtach, ar mhaithe le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú,
tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar le brath go
forleathan fós, agus tá méadú faoin mbrú ar acmhainní airgeadais náisiúnta. (3) I bhfianaise na ndeacrachtaí
tromchúiseacha a bhfuil na Ballstáit fós i ngleic leo maidir lena gcobhsaíocht
airgeadais, agus chun teorainn a chur leis na drochéifeachtaí a thagann astu
sin le linn an aistrithe ón tréimhse chlárúcháin atá ann faoi láthair go dtí an
ceann atá le bheith ann, chun an úsáid is fearr a bhaint as cistí CETFT atá ar
fáil, ba cheart síneadh a chur le tréimhse an mhaolaithe lena méadaítear
uasrátaí ranníocaíochta chistí an CETFT dá bhforáiltear in
Airteagal 70(4c) den Rialachán CE) Uimh. 1698/2005[3] ón gComhairle, síneadh go dtí
an dáta deiridh incháilitheachta caiteachais don tréimhse chlárúcháin 2007‑2013,
mar atá, an 31 Nollaig 2015. (4) Níor cheart go mbeadh an
fhéidearthacht íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí an iarmhéid deiridh a
mhéadú 10 bpointe céatadáin os cionn an ráta cómhaoinithe teoranta don tréimhse
ina mbeidh an Ballstát ag fáil cúnamh airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. 407/2010, Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 nó an Conradh lena
mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, toisc go mbeidh deacrachtaí móra ag
an mBallstát fós cómhaoiniú ón mbuiséad náisiúnta a áirithiú, fiú tar éis an
cúnamh airgeadais a bheith curtha i gcrích. (5) I gcomhréir le conclúidí na
Comhairle Eorpaí an 7-8 Feabhra 2013 agus mar a fhoráiltear in Airteagal 22 de
[RFC], beidh feidhm ag an ardú 10 bpointe céatadáin ar an ráta cómhaoinithe i
ndáil leis an tréimhse chlárúcháin 2014-2020 go dtí an 30 Meitheamh 2016, tráth
a ndéanfar athbhreithniú ar an bhféidearthacht an t-ardú a thabhairt. Toisc go
bhfuil forluí ann idir na tréimhsí clárúcháin 2007-2013 agus 2014‑2020,
is gá a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach aonfhoirmeach le Ballstáit a
fhaigheann cúnamh airgeadais sa dá thréimhse. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh
an Ballstát atá ag fáil cúnamh airgeadais in ann leas a bhaint as an ardú ar an
ráta cómhaoinithe go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta agus é a éileamh
ina n‑iarrataí ar an iarmhéid deiridh, fiú mura bhfuil an cúnamh
airgeadais á sholáthar a thuilleadh. (6) Ós rud é gurb ionann an
spriocam atá socraithe in Airteagal 70(4c) agus deireadh na tréimhse
clárúcháin agus na gceanglas maidir le clárúchán agus nósanna imeachta, is cuí
go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. (7) Ba cheart, mar sin, Rialachán
(CE) Uimh. 1698/2005 a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Airteagal 70(4c) de Rialachán (CE)
Uimh. 1698/2005 mar seo a leanas: (a)
(a) Sa chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad na coda tosaigh: "De mhaolú ar na
huasmhéideanna atá leagtha amach i mír 3, i mír 4 agus i mír 5,
féadfar rannchuidiú an CETFT a mhéadú go huasmhéad 95 % den chaiteachas
poiblí incháilithe sna réigiúin atá incháilithe faoin gcuspóir cóineasaithe
agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go 85 %
den chaiteachas poiblí incháilithe i réigiúin eile. Beidh feidhm ag na rátaí
sin maidir leis an gcaiteachas incháilithe arna nua-thuairisciú i ngach ráiteas
deimhnithe caiteachais arna thabhú, i gcás ina gcomhlíonann Ballstát, tar éis
an [OPOCE please insert date of entry into force of this Regulation],
ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:" (b)
(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara
fomhír: "Cuirfidh
Ballstát ar mian leis leas a bhaint as an maolú dá bhforáiltear sa chéad
fhomhír iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin a chlár forbartha tuaithe a mhodhnú
dá réir sin. Beidh feidhm ag an maolú ón tráth a mbeidh an modhnú formheasta ag
an gCoimisiún." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a
fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH RÁITEAS AIRGEADAIS || AGRI/I1/2013/1278200 6.20.2013.6 || DÁTA: 17.05.2013 1. || CEANNTEIDEAL BUISÉID: 05 04 Forbairt Tuaithe || 2. || TEIDEAL: Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d'fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) 3. || BUNÚS DLÍ: Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. || AIDHMEANNA: Leis an Rialachán seo, cuirtear síneadh go dtí deireadh 2015 leis an maolú lena bhféadfaidh Ballstáit atá ag fáil cúnaimh airgeadais rátaí ranníocaíochta an CETFT a mhéadú, go dtí 95 % i réigiúin atá faoin gCuspóir Cóineasaithe agus sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus go dtí 85 % i réigiúin eile. 5. || IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS || TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) || BLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2013 (EUR milliún) || AN CHÉAD BLIAIN AIRGEADAIS EILE 2014 (EUR milliún) 5.0 || CAITEACHAS - ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE || || || CA: - PA: + 90 5.1 || IONCAM - ACMHAINNÍ DÍLSE AN AE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA || || || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 5.0.1 || CAITEACHAS MEASTA || || || PA: - 90 || 5.1.1 || IONCAM MEASTA || || || || 5.2 || MODHANNA RÍOMHA: - 6.0 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? || n.b. 6.1 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CHAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? || n.b. 6.2 || AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? || NÍL 6.3 || AN GÁ LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO? || NÍL BARÚLACHA: Maidir le leathreasuithe faoi chomhair gealltanas, ní bhainfidh aon tionchar airgeadais le modhnú Rialachán 1698/2005 toisc nach n‑athrófar an t‑imchlúdach foriomlán le haghaidh forbartha tuaithe ná a mhiondealú bliantúil. I gcás íocaíochtaí, is féidir go dtabharfar aisíocaíochtaí níos airde don Bhallstát lena mbaineann de bharr an tsínidh leis an maolú lena bhféadfar rátaí cómhaoinithe méadaithe a chur i bhfeidhm. Ní bheidh aon tionchar ag an togra in 2013. Ar bhonn na réamhaisnéise íocaíochta is déanaí a bhfuil fáil uirthi ó na Ballstáit, is féidir a mheas go mbeidh riachtanais íocaíochtaí tuairim is EUR 90 milliún ann in 2014 (i gcomparáid le cás ina dtiocfadh deireadh le cur chun feidhme rátaí méadaithe in 2013). Cúiteofar an tsuim sin tráth chlabhsúr na gclár, in 2017, is dóichí. I bhfianaise na n‑iarrataí ó Bhallstáit go mbainfeadh siad tairbhe as an mbeart seo, agus éabhlóid chur isteach na n‑íocaíochtaí eatramhacha á cur san áireamh aige, athbhreithneoidh an Coimisiún na dálaí agus, más gá, dearcfaidh sé ar bhearta ábhartha. [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3] IO L 277, 21.10.2005, lch.1.