52013PC0520

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle /* COM/2013/0520 final - 2013/0253 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Mar atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 'Treochlár um Aontas Baincéireachta'[1], sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Treoirphlean d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh Domhain agus Fíor lena dTosófar ar Dhíospóireacht Eorpach'[2] agus i dtuarascáil na gCeithre Uachtarán 'I dtreo fíoraontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta'[3] in 2012, tá creat airgeadais chomhtháite ina cuid dhílis de na bearta beartais le haghaidh an Eoraip a chur ar ais ar bhealach an téarnaimh agus an fháis eacnamaíoch.

Tá dul chun cinn i dtreo Aontais Bhaincéireachta fíor‑riachtanach chun cobhsaíocht agus fás airgeadais a áirithiú i limistéar an euro agus ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Is céim riachtanach í an ilroinnt airgeadais agus an neamhchinnteacht airgeadais atá ann faoi láthair a shárú, coinníollacha cistithe a éascú i gcás stát agus banc atá i mbaol agus an nasc idir an dá ní a bhriseadh, agus gníomhaíocht bhaincéireachta trasteorann a athlainseáil sa mhargadh inmheánach chun tairbhe Ballstát, idir iad siúd atá laistigh de limistéar an euro agus iad siúd atá lasmuigh de. Dá bhrí sin, agus an creat rialála is infheidhme maidir leis na 28 ball den mhargadh inmheánach (leabhar rialacha aonair) mar dhúshraith aige, roghnaigh an Coimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus mhol sé Treochlár um Aontas Baincéireachta ina bhfuil ionstraimí agus céimeanna éagsúla, is féidir a bheidh ar fáil ag na Ballstáit uile, ach, ar scor ar bith, ina n‑áirítear na 18 mBallstát atá laistigh de limistéar an euro faoi láthair.

I Márta 2013, gheall an Chomhairle Eorpach an tAontas Baincéireachta a chomhlánú de réir na gcéimeanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, ba cheart tosaíocht a thabhairt do chríochnú na nósanna imeachta reachtacha le haghaidh Sásra Aonair Maoirseachta (SMA) a chur ar bun lena dtabharfar cumhachtaí don Bhanc Ceannais Eorpach chun maoirseacht a dhéanamh ar bhainc limistéar an euro[4]. Ar an dara dul síos, ba cheart teacht ar aontú le linn mhíonna an tsamhraidh maidir le conas is féidir bainc a athchaipitliú go díreach leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), tar éis bhunú an SMA agus athbhreithniú ar chláir chomhordaithe banc lena n‑áirítear an sainmhíniú ar 'shócmhainní leagáide'. Mar an gcéanna le linn shamhradh 2013, ba cheart teacht ar aontú maidir le tograí an Choimisiúin le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ] lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ('Treoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ]' anseo feasta[5]). Ar deireadh, ba cheart tosaíocht a thabhairt do scrúdú a dhéanamh ar an togra le haghaidh Sásra Aonair Réitigh (SAR) ón gCoimisiún maille le socruithe tacaíochta a bheidh cuí agus éifeachtach d'fhonn iad a ghlacadh le linn an timthrialla pharlaimintigh reatha.

Mar a socraíodh, cumhdóidh an tAontas Baincéireachta Ballstáit limistéar an euro uile agus na Ballstáit nach bhfuil i limistéar an euro ar rogha leo teacht isteach ann. An leabhar rialacha aonair ceanglas stuamachta[6] agus na rialacha maidir le réiteach banc céanna is infheidhme ar fud na hEorpa, beidh feidhm acu laistigh den Aontas Baincéireachta agus sna Ballstáit eile ar fad. Caomhnófar sláine an mhargaidh inmheánaigh ar an dóigh sin. Tiocfaidh méadú ar mhuinín agus ar dheiseanna fáis ar fud an mhargaidh inmheánaigh mar gheall ar an bhfeabhsú a bheidh ar an gcobhsaíocht airgeadais de thoradh an Aontais Bhaincéireachta. Bainfidh na Ballstáit uile tairbhe as cur chun feidhme rialacha stuamachta agus réitigh a dhéanfar go lárnach agus go haonfhoirmeach san Ballstáit ar rannpháirtithe iad san Aontas Baincéireachta iad. Má sháraítear an ilroinnt airgeadais atá ina bhac ar ghníomhaíocht eacnamaíoch faoi láthair, is fusa, de thoradh an chur chun feidhme sin, a áireofar iomaíocht chothrom maidir le saorfheidhmiú saoirsí bunúsacha agus a cuirfear bacainní ar na saoirsí sin as an tslí, ní amháin sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad, ach ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

1.1.        Sásra Réitigh Aonair agus socruithe maoiniúcháin ina bpríomheilimintí de chuid an Aontais Bhaincéireachta

Leis an gcomhaontú luath ar Shásra Réitigh Aonair in Aibreán 2012, ar thángthas air faoi cheann seacht mí tar éis an togra ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2012, leagadh síos an dúshraith le haghaidh Aontais Bhaincéireacht a bheidh ina cuid dhílis d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

Tiocfaidh muinín as sláinte banc ar ais de bharr daingniú ar mhaoirseacht laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair. Glacfaidh an BCE an fhreagracht deiridh as maoirseacht a dhéanamh ar bhainc uile limistéar an euro in 2014. I dtéarmaí praiticiúla, is é an BCE a dhéanfaidh maoirseacht dhíreach ar na bainc is mó agus is mó gníomhaíocht idirnáisiúnta agus beidh an rogha aige 'glaoch ar' mhaoirseacht dhíreach do na bainc eile, cé gur údaráis náisiúnta a bheidh freagrach as maoirseacht laethúil ar na bainc nach bhfuil chomh mór sin.

Agus an Sásra Maoirseachta Aonair mar dhúshraith aige, chun inbhuanaitheacht na margaí baincéireachta a chur ar bun sna Ballstáit ar rannpháirtithe sa Sásra Maoirseachta Aonair iad, ní mór don AE Sásra Aonair Réitigh a chur ar bun chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a láimhseáil. Ní féidir an riosca go mbeidh dianfhadhb leachtachta nó sócmhainneachta ag banc a chur as an áireamh go hiomlán choíche. Dá bhrí sin, is gá creat a leagan amach lenar féidir le húdaráis na bainc a athstruchtúrú ó bhonn agus, san am céanna, na rioscaí an‑suntasach maidir le cobhsaíocht eacnamaíoch agus costais a thagann as iad leachtú go mí‑ordúil faoi dhlíthe náisiúnta sócmhainneachta a sheachaint agus deireadh a chur leis an ngá an próiseas a mhaoiniú as acmhainní poiblí.

Nuair a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc, socrófar leis na rialacha maidir le conas a athstruchtófar bainc de chuid an AE ag a bhfuil deacrachtaí airgeadais tromchúiseacha, conas a chothabhálfar feidhmeanna atá lárnach don fhíorgheilleagar, agus conas a leithdháilfear caillteanais agus costais ar scairshealbhóirí, ar chreidiúnaithe agus ar thaisceoirí gan árachas. Leithdháilfear caillteanais agus díluachálfar éilimh scairshealbhóirí, fochreidiúnaithe agus creidiúnaithe sinsearacha le hathshnámhú, ar príomhionstraim é sa Treoir Réitigh. Ní ligfear caillteanais ar thaisceoirí faoi bhun EUR 100 000 ar aon nós, ó tá a n‑éilimh cosanta ag Scéimeanna Ráthaithe Taiscí náisiúnta.

Tá an Treoir ag brath ar líonra d'údaráis náisiúnta agus de chistí réitigh chun bainc a réiteach. Cé gur céim mhór chun tosaigh é sin maidir leis an difear idir chineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta a íoslaghdú agus maidir le sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, ní leor é i gcás na mBallstát sin a bhfuil an mhaoirseacht ar institiúidí creidmheasa laistigh den Sásra Maoirseachta Aonair comhroinnte eatarthu. Mar a dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, san Aontas Baincéireachta is gá an t‑aon leibhéal amháin údaráis a bheith i mbun maoirseachta ar bhainc agus réitigh banc. Ina éagmais sin, féadfaidh teannais teacht chun cinn idir an maoirseoir (an BCE) agus údaráis náisiúnta réitigh maidir le conas bainc anásta a láimhseáil, agus d’fhéadfadh ionchais mhargaidh bheith ann fós maidir le Ballstáit a bheith in ann nó gan bheith in ann clistí banc a láimhseáil ar leibhéal naisiúnta, rud a d’athneartódh lúbanna aischothaithe idir stáit agus bainc ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

I gcomparáid le líonra d’údaráis réitigh, bainfidh na Ballstáit, na cáiníocóirí, na bainc agus an chobhsaíocht airgeadais ar fud an AE príomhshochair as Sásra Aonair Réitigh ina bhfuil comhlacht cinnteoireachta lárnach agus Ciste Aonair Réitigh Banc:

· áiritheofar le cinnteoireacht lárnach láidir go ndéanfar cinntí réitigh ar fud na mBallstáit ar rannpháirtithe iad go héifeachtach agus go gasta, nach mbeidh gníomhaíocht neamh‑chomhordaithe ann, go n‑íoslaghdófar drochthionchair ar chobhsaíocht airgeadais agus go gcuirfear teorainn leis an ngá atá an tacaíocht airgeadais a fháil;

· agus linn láraithe saineolais agus taithí ar réiteach banc ann, beifear in ann bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a láimhseáil ar dhóigh níos córasaí agus níos éifeachtaí ná mar a dhéanfadh údaráis náisiúnta a bhfuil níos lú acmhainní agus taithí acu;

· le Ciste Aonair Réitigh Banc, beifear in ann acmhainní suntasacha a chomhthiomsú ó ranníocaíochtaí bainc agus, dá bhrí sin, cáiníocóirí a chosaint ar dhóigh níos éifeachtúla ná mar a dhéanfadh cistí náisiúnta, agus, san am céanna, cothrom iomaíochta a chur ar fáil do bhainc ar fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad. Le Ciste Aonair, ní bheidh fadhbanna comhordaithe ann a thagann chun cinn agus cistí naisiúnta á n‑imlonnú agus tabharfar cuidiú mór stad a chur le bainc a bheith ag brath ar acmhainn creidmheasa stáit.

Ní mór an Sásra Aonair Réitigh a chruthú laistigh de chreat dlí institiúideach an AE. Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 14 Nollaig 2012 tá an ráiteas seo 'beidh próiseas comhlánaithe an AEA bunaithe ar chreat dlí institiúideach an AE'. Cé go raibh gá le uirlisí idir‑rialtasacha ad hoc a imlonnú lasmuigh de chreat an AE chun dul i ngleic le dálaí margaí eisceachtúla agus le fadhbanna rialachais i struchtúr bunaidh an AEA, tá baol ann go mbainfidh an t‑imlonnú sin an bonn den ghné dhaonlathach de chinnteoireacht an AE agus de chomhsheasmhacht chóras dlí an AE. Dá bhrí sin, is gá an SAR a chruthú laistigh de chreat dlí agus institiúideach an AE, mar a rinneadh i gcás an SMA, an AEA a thabhairt chun críche i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach agus, i gcomhthéacs níos leithne, is gá sin a dhéanamh chun ord daonlathach institiúideach an AE a chosaint.

1.2.        An t‑aistriú go hAontas Baincéireachta

Tá an Sásra Aonair Maoirseachta le teacht i bhfeidhm i lár 2014. Ba cheart go dtosódh an Sásra Aonair Réitigh ar oibríochtaí in Eanáir 2015, nuair a bheidh Treoir [ ] lena soláthrófar an leabhar rialacha a mbeidh réiteach banc ar fud an mhargaidh inmheánaigh faoina réir le teacht i bhfeidhm[7]. Chuirfeadh an SAR na rialacha den Rialachán seo atá i gcomhréir le rialacha Threoir [ ] le haghaidh Ballstát ar rannpháirtithe iad san Aontas Baincéireachta i bhfeidhm tar éis sin, agus chuirfeadh údaráis náisiúnta rialacha Threoir [ ] i bhfeidhm ar na stáit lasmuigh den Aontas.

Ar aon nós, beidh feidhm ag na rialacha státchabhrach maidir le comhroinnt ualaigh má bhaineann bearta réitigh le tacaíocht ó rialtas. Chun an chomhroinnt ualaigh a dhéanfaidh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha, bheadh an SAR ina ann rialacha a chur i bhfeidhm, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ar aghaidh, a cheadódh díluacháil scaireanna agus fofhiachas a mhéad is gá chun na rialacha státchabhrach a chur i bhfeidhm.

Sa bhreis air sin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dheanamh rialacha nua a bheidh leagtha amach i dTreoir [ ] a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta, roimh spriocam aistriú na treorach sin. Ar aon nós, caomhnófar inniúlachtaí státchabhrach an Choimisiún sna cásanna réitigh uile a bhaineann le cúnamh a aicmítear mar státchabhair. Is amhlaidh, a mhéad nach ionann úsáid an Chiste Aonair Réitigh Banc ag an SAR agus státchabhair de bhun na gcritéar sonrach atá leagtha síos sa Chonradh, go mbeidh feidhm ag na rialacha sin fós, ar mhodh analaí, chun a áirithiú, i gcás ina n‑úsáidtear an Ciste Réitigh, go mbeidh na rialacha céanna i bhfeidhm ar a idirghabháil agus a bheadh dá n‑úsáidfeadh na húdaráis náisiúnta réitigh socruithe náisiúnta airgeadais.

Ar an leibhéal Eorpach, cuirtear próiseas seo an chóineasaithe chun cinn, ar thaobh amháin, le treoracha stáit athbhreithnithe maidir le tacaíocht do bhainc agus, ar an taobh eile, leis an gcomhaontú maidir le conas is féidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach bainc anásta a athchaipitliú. Cuireann na treoracha athbhreithnithe maidir le státchabhair ceanglais níos déine i bhfeidhm maidir le comhroinnt ualaigh i gcás scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha in aon Bhallstát a thugann tacaíocht phoiblí dá bhainc . Chuirfeadh sin a bheag nó a mhór i gcoinne na ilroinnte leantaí ar an margadh inmheánach de réir a láidre atá an stát agus sócmhainní leagáide a bheith ann nó as. Lena linn sin, shonrófaí le treoracha an SCE cé na cásanna, faoi réir rialacha státchabhrach, ina mbeadh Ballstáit nárbh fhéidir leo tacaíocht phoiblí a sholáthar do na bainc in ann iasachtaí a fháil, nó, dá mba ghá, conas ab fhéidir bainc a athchaipitliú leis an SCE.

2.           BUNRÉASÚNAÍOCHT MAIDIR LE SÁSRA AONAIR RÉITIGH

Chuir an Coimisiún san áireamh an anailís a rinneadh sa Mheasúnú Tionchair a rinneadh maidir leis an togra le haghaidh Threoir [ ] a ghlacadh ina ndearnadh measúnú ar ghnéithe oibríochtúla agus dlíthiúla a bhaineann le bunú Sásra Aonair Réitigh (SAR).

Rinneadh anailís bhreise ar na tréithe atá beataithe a bheidh ag an SAR ar bhonn na faisnéise is déanaí atá sa Mheasúnú Tionchair. Maidir leis an SAR a bheith in ann cinntí éifeachtacha a chur ar fáil, tá fad ama ríthábhachtach ar dhá chúis mhóra: ex-ante, chun creidiúnacht an SAR nuabhunaithe a fheabhsú mar uirlis fhreagrúil, a chuideoidh na foinsí neamhchinnteachta san margaí a íoslaghdú; agus, i gcás ina dtiocfadh réiteach i bhfeidhm, chun go caomhnóidh an SAR luach na sócmhainní is féidir a mheilt mar gheall ar mhoilleanna sa phróiseas réitigh nach gá a bheith ann. Chun líonra údarás náisiúnta a bheith ann, bheadh gá le ham nós imeachta breise do gach breithniúchán maidir le hinstitiúidí trasteorann. Ach, má tá an SAR i bhfeidhm, is lú an t‑am a chaithfear, ós rud é go mbeidh comhroinnt ar fhreagrachtaí ann idir leibhéal lárnach cinnteoireachta agus údaráis chur chun feidhme áitiúla. Ar an leibhéal náisiúnta, is lú an t‑am a theastóidh ná ar an leibhéal lárnach chun an saineolas uile a thiomsú chun cur chun feidhme a bhainistiú, mar gur dlí náisiúnta an dlí is infheidhme; ar an leibhéal lárnach, is féidir mais chriticiúil níos mó a bheith ann chun an acmhainn dhaonna shaineolach is fearr a mhealladh agus a fhorbairt níos tapa.

Maidir leis an SAR a bheith in ann cinntí éifeachtacha a chur ar fáil, cuideoidh leibhéal lárnach cinnteoireachta na costais a íoslaghdú ar an dá chúis gur féidir buntáistí móra a bhaint amach leis maidir le barainneachtaí scála thar líonra agus go mbeadh sé ina bhunchuidiú agus an cinneadh réitigh á dhéanamh infheidhmithe agus barrmhaith.  Ó thaobh struchtúir de, má tá córas ann nach sáraítear leis an sainordú atá ag údaráis náisiúnta maidir leis an gcostas ar a mBallstát féin a íoslaghdú, ní bheidh seachtrachtaí trasteorann curtha san áireamh ann. Tá na Ballstáit ag smaoineamh ar shásra comhroinnte ualaigh le haghaidh caiteachais leasa fhoriomlána sna cásanna sin ó thosaigh an ghéarchéim[8]. Is fearr a oireann sásra aonair réitigh ná líonra d'infheidhmitheacht aistrithe ualaigh a ráthú agus is coinníoll riachtanach é sin le feidhmiú comhaontaithe comhroinnte ualaigh. Ráthófar leis freisin infheidhmitheacht sheachtrach an bheartais maidir le réiteach barrmhaith, lenar féidir aontú ar riail chomhroinnte ualaigh ex-ante lena leithdháilfear na costais réitigh de réir critéar atá cothrom agus cothromúil.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Bunús dlí

Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 114 den CFAE, lenar féidir bearta a ghlacadh le haghaidh forálacha náisiúnta atá dírithe ar bhunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chomhfhogasú.

Tá an togra dírithe ar shláine an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus ar a fheidhmiú a fheabhsú. Má tá tacar aonair de rialacha réitigh ann a chuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach maille le rochtain ar chiste aonair réitigh Eorpach a bheith ag údarás lárnach, tabharfar ar ais feidhmiú ordúil mhargaí baincéireachta an Aontais, cuirfear bacainní ar chearta bunúsacha a fheidhmiú as an tslí, seachnófar mórshaobhadh iomaíochta sna Ballstáit siúd ar a laghad a bhfuil maoirseacht ar institiúidí creidmheasa ar an leibhéal Eorpach ar comhroinnt acu.

Cé go dtabharfar ardleibhéal comhchuibhiúcháin isteach le Treoir [ ], fágann sí go mbeidh réimse solúbthachta ag na Ballstáit, rud is ionann agus a rá gur féidir go mbeidh ilroinnt áirithe sa mhargadh inmheánach fós. Chun an fhadhb sin a sheachaint, foráiltear leis an SAR go mbeidh struchtúr cinnteoireachta comhtháite ann lena gcuirfear réiteach faoin SAR i gcomhréir le maoirseacht faoin SMA chun deireadh a chur leis an míbhuntáiste iomaíochta faoina mbíonn bainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa SMA i gcomparáid le bainc sna Ballstáit nach rannpháirtithe iad sa SMA ó nach bhfuil córas lárnach ann chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a láimhseáil. Chun a airithiú go mbeidh lánmhuinín ag na Ballstáit ar rannpháirtithe iad as cáilíocht agus as neamhchlaontacht an phróisis réitigh banc, go háirithe maidir le himpleachtaí eacnamaíocha áitiúla, ullmhóidh Bord Aonair Réitigh cinntí réitigh go lárnach agus déanfaidh sé faireachán orthu go lárnach chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhleanúnach agus aonfhoirmeach ann agus is é an Coimisiún a thionscnóidh an próiseas. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh freisin maidir le creat na n‑uirlisí réitigh a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an eintiteas lena mbaineann agus maidir leis an gCiste a úsáid chun tacú leis an mbeart réitigh.

Sa bhreis air sin, chun tacú leis an bpróiseas réitigh agus chun a éifeachtacht a fheabhsú, bunaítear leis an Rialachán atá beartaithe Ciste Aonair Réitigh Banc. Tá an Rialachán atá beartaithe infheidhmithe go díreach sna Ballstáit uile, ach beidh feidhm aige ar na heintitis uile a bheidh faoi mhaoirseacht an SMA. An leabhar rialacha aonair arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta[9], Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta[10] agus Treoir [ ], beidh feidhm acu ar na Ballstáit ar rannpháirtithe iad ar an dóigh chéanna a bhfuil feidhm acu ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den CFAE an bunús dlí cuí.

3.2.        Coimhdeacht

Faoi phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5.3 den CAE, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach dtagann faoina fhreagracht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Gníomhaíocht ar leibhéal Eorpach amháin is féidir a áirithiú go réiteofar bainc a bhfuil ag cliseadh orthu ar dhóigh a mbeidh an méid is lú éifeachtaí iarmhairte aici agus ar dhóigh chomhsheasmhach de bhun tacar aonair rialacha. Beidh barainneachtaí scála suntasacha i gceist leis an SAR freisin, agus seachnófar na seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn as cinntí a dhéantar ar bhonn náisiúnta amháin. Is féidir go mbeidh difir shuntasacha idir cinntí réitigh a ghlacfar ar leibhéal náisiúnta, agus faoi réir sonraíochtaí áitiúla agus srianta maoiniúcháin, an bonn de chobhsaíocht agus de shláine an mhargaidh inmheánaigh.

Cé go n‑áireofar le bunú Sásra Aonair Maoirseachta cothrom iomaíochta i maoirseacht ar bhainc agus go laghdófar leis an baol go staonfar, áiritheofar leis an SAR, i gcás ina gclisfear ar bhanc, gur féidir athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcostas is ísle, go gcaithfear le creidiúnaithe go cothrom agus go comhionann agus gur féidir maoiniú a imlonnú san úsáid is táirgiúla dó ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

Dá bhrí sin, ba chuí go mbeartódh an tAontas an ghníomhaíocht reachtach is gá chun an socrú réitigh sin a bhunú do bhainc atá faoi mhaoirseacht an SMA. Rialachán is ea an ionstraim dhlí is cuí chun nach mbeidh neamhréitigh ann maidir le haistriú náisiúnta agus chun a áirithiú go mbeidh sásra institiúideach aontaithe agus cothrom iomaíochta ann do na bainc eile sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad.

3.3.        Comhréireacht

Faoi phrionsabal na comhréireachta, níor cheart ábhar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a bheith os cionn an méid is gá chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach.

San Aontas Baincéireachta, is gá an t‑aon leibhéal amháin údaráis maoirseacht ar bhainc agus réiteach banc a fheidhmiú. Mura ndéanfar sin, is féidir go dtiocfaidh teannais idir an maoirseoir Eorpach agus na húdaráis náisiúnta réitigh maidir le conas costais banc anásta a láimhseáil agus a chumhdach. B’fhéidir go mbainfeadh na teannais sin an bonn d’éifeacht maoirseachta agus réitigh araon agus go saobhfadh siad iomaíocht idir na Ballstáit.

Tharraing an ghéarchéim a tharla le déanaí aird ar an ngá atá ann le gníomhaíocht atá tapa agus cinntitheach ag a bhfuil tacaíocht ó shocruithe maoiniúcháin ar leibhéal Eorpach chun nach mbeidh tionchar díréireach ar an bhfíorgheilleagar ag réiteach banc a dhéantar ar leibhéal náisiúnta, agus chun neamhchinnteacht a mhaolú agus scaoill bhanc agus éifeachtaí gabhála laistigh den mhargadh inmheánach a chosc. D'áiritheofaí le Sásra Aonair Réitigh go gcuirfí na rialacha céanna i bhfeidhm ar an dóigh chéanna ar aon bhanc a bhfuil ag clis air i mBallstát ar rannpháirtí é. Dá mbeadh maoiniú cúltaca leordhóthanach ann, mhaolófaí an méid a éiríonn fadhbanna i mbainc aonair ina gcúis ar a gcailltear muinín i gcóras baincéireachta uile an Bhallstáit nó i gcóras baincéireachta Ballstát eile a mheasann na margaí baoil den chineál céanna a bheith ag baint leo.

Mar gheall ar an deimhneacht dhlithiúil bhreise, na dreasachtaí maidir leis an Aontas Baincéireachta a bheith ailínithe mar is ceart agus na sochair eacnamaíocha atá le gníomhaíocht réitigh a bheith lárnach agus aonfhoirmeach, comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta agus ní dhéanann sé níos mó ná mar is gá chun na cuspóirí a bhaint amach.

Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail atá aitheanta i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart sonraí pearsanta a bheith cosanta, an ceart gnóthas a chur ar bun, an ceart leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

4.           léirmhíniú mionsonraithe ar an togra

4.1.        Sásra Aonair Réitigh

4.1.1.     Prionsabail, struchtúr agus raon feidhme

Ní mór struchtúir chinnteoireachta a bheith leis an Sásra Aonair Réitigh, struchtúir atá fónta ó thaobh dlí de, agus éifeachtach in am na géarchéime. Ní mór do chinnteoireacht cinntí Eorpacha a áirithiú, ach baint a bheith ag na Ballstáit léi agus tábhacht réitigh banc do gheilleagair náisiúnta a bheith aitheanta inti.

Cuirfidh an Sásra Aonair Réitigh i bhfeidhm an Leabhar Rialacha aonair maidir le réiteach banc atá leagtha amach sa Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc i ndáil le bainc anásta sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa sásra seo. Is éard a bheidh sa Sásra Aonair Réitigh, rialacha agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag an mBord Aonair Réitigh ('an Bord') maille leis an gCoimisiún agus údaráis réitigh na mBallstáit ar rannpháirtithe iad.

Ní bheidh an Coimisiún Eorpach rannpháirteach sa SAR ach a mhéad is gá chun cúraimí sonracha a dhéanamh dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus maidir le scrúdú státchabhrach faoin gConradh nó chun críche cur chun feidhme, de réir analaí, na gcritéar arna socrú le haghaidh Airteagal 107 den CFAE a chur chun feidhme.

Os a choinne sin, ní leanann an Sásra Aonair Réitigh cur chuige difreáilte an tSásra Maoirseachta Aonair le haghaidh cineálacha éagsúla banc mar gheall ar thréithe an phróisis réitigh. Ní hionann agus cúram leantach na maoirseachta laethúla, níl ach líon áirithe banc ann ar dócha go gclisfidh orthu agus go mbeidh siad faoi réiteach ag tráth áirithe ar bith. Lena chois sin, tá raon feidhme cuimsitheach do Shásra Aonair Réitigh go hiomlán comhsheasmhach leis an loighic ar féidir leis an BCE, dá réir, maoirseacht dhíreach a ghlacadh ar aon bhanc i gcás fadhbanna, an cás inar féidir go ndéanfar é a réiteach san áireamh. Ar deireadh, léirigh an ghéarchéim nach iad na bainc mhóra idirnáisiúnta amháin a bhfuil creat réitigh ar an leibhéal Eorpach de dhíth orthu. Chomh maith leis sin, dá mbeadh údaráis réitigh difreáilte ann le haghaidh méideanna éagsúla banc, bheadh maoiniú agus socruithe tacaíochta difreáilte ann a d'fhéadfadh naisc idir stáit agus bainc a dhaingniú agus iomaíocht a shaobhadh.

4.1.2.     Prionsabal beart SAR

Chun a áirithiú go mbeidh próiseas réitigh ann a bheidh oibiachtúil agus cothrom, tá toirmeasc ar aon leithcheal a dhéanfadh an Coimisiún, an Bord nó na húdaráis náisiúnta réitigh ar bhainc, ar a dtaisceoirí, ar a gcreidiúnaithe nó ar a scairshealbhóirí ar bhonn náisiúntachta nó áite gnó. Tá líon prionsabal ina dtreoir ag réiteach grúpaí trasteorann chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le heintitis éagsúla an ghrúpa, chun go gcuirfear san áireamh go cuí leasanna na mBallstát a bhaineann leis an réiteach, chun nach mbeidh an costas a chuirfear ar na creidiúnaithe níos mó ná mar a bheadh sé de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. I gcás nach bhfuil ach codanna de ghrúpa faoi réiteach, tá an togra dírithe ar a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag an bpróiseas réitigh ar eintitis an ghrúpa nach bhfuil faoi réiteach. Mar phrionsabal, is ar an athshnámhú agus ar an earnáil bhaincéireachta a bheidh an costas réitigh. Dá bhrí sin, áirithíonn an togra gurb iad an Coimisiún, an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh a chinnfidh ar shocruithe maoiniúcháin réitigh sa dóigh is go n‑íoslaghdófar tacaíocht phoiblí urghnách.

4.1.3.     Idirghníomhaíocht le rialú státchabhrach an Choimisiúin

Laistigh den SAR, chaomhnófaí rialú státchabhrach an Choimisiúin i ngach cás. Ciallaíonn sin gur cheart, tar éis don BCE a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhord go bhfuil ag cliseadh nó gur dócha go gclisfidh ar bhanc nó ar ghrúpa, an nós imeachta réitigh laistigh den SAR a reáchtáil go comhuaineach leis an nós imeachta státchabhrach, más infheidhme, ionas gur cheart cuireadh a thabhairt don Bhallstát nó do na Ballstáit lena mbaineann na bearta atá beartaithe a chur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 108 den CFAE. Chun sin a dhéanamh, is gá comhar leantach agus malartú leantach faisnéise a bhunú idir an Bord agus an Coimisiún le haghaidh an nós imeachta státchabhrach a chur i gcrích. Lena chois sin, ba é an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir rialacha státchabhrach an réamhchoinníoll leis an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh banc a chur faoi réiteach. I gcás nach bhfuil aon státchabhair á úsáid ag an gCiste faoi láthair, ba cheart na critéir a socraíodh le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 107 den CFAE a chur i bhfeidhm, de réir analaí, mar réamhchoinníoll le glacadh cinnidh banc a chur faoi réiteach, ionas go gcaomhnófar sláine an mhargaidh inmheánaigh idir Ballstáit ar rannpháirtithe iad agus Ballstáit nach iad.

4.1.4.     Struchtúr maidir le cúraimí agus cinnteoireacht

Cumhdaíonn an Sásra Aonair Réitigh na príomhchúraimí réitigh uile is gá chun bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Ar na cúraimí sin tá, inter alia, an t‑údarú oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir leis an gceanglas pleananna réitigh a dhréachtú, pleananna réitigh a tharraingt suas, pleananna réitigh a athbhreithniú, inréititheacht banc a mheasúnú, cinneadh a dhéanamh banc a chur faoi réiteach, cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir le hinstitiúid faoi réiteach agus scéimeanna réitigh a chur chun feidhme. Lena chois sin, cumhdaíonn an SAR cinntí maidir le maoiniú réitigh a úsáid.

Áirithíonn an dóigh a bhfuil an SAR curtha le chéile go mbeidh a struchtúir chinnteoireachta fónta ó thaobh an dlí de, le linn géarchéime féin. Ceapadh iad chun a áirithiú go mbeidh cinntí Eorpach agus go mbeidh baint ag Ballstáit leo i bhfianaise a thábhachtaí atá réiteach banc do gheilleagair náisiúnta.

Ar struchtúir chinnteoireachta an tSásra Aonair Réitigh, tá an Bord Aonair Réitigh, údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad agus an Coimisiún Eorpach. Beidh cúraimí an SAR comhroinnte idir an Bord Aonair Réitigh agus na húdaráis náisiúnta réitigh.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach, mar institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh, sa chás seo, ar bhonn molta ón mBord Réitigh nó ar a thionscnamh féin, réiteach bainc a thionscnamh, chun a áirithiú go mbeidh an Sásra Aonair Réitigh éifeachtach agus cuntasach. Má thionscnaíonn an Coimisiún nós imeachta réitigh, cinnteoidh sé freisin creat na n‑uirlisí réitigh a chuirfear i bhfeidhm i ngach cás agus úsáid an Chiste. Dhéanfadh an Bord Aonair Réitigh na cinntí eile uile faoin Rialachán SAR agus chuirfeadh sé iad ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta réitigh chun a bhfeidhmithe ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán SAR agus Treoir [ ]. Dhéanfadh an Bord faireachán ar an bhfeidhmiú a dhéanfadh na húdaráis náisiúnta réitigh ar a chinntí ar an leibhéal náisiúnta agus, mura gcomhlíonfadh údarás náisiúnta réitigh a chinneadh, d'fhéadfadh sé a chinneadh a chur ar aghaidh go díreach chuig na bainc.

4.1.5.     An próiseas cinnteoireachta

De bhun an Leabhair Rialacha atá leagtha amach i dTreoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ], chuirfí banc faoi réiteach nuair a bheadh ag cliseadh air nó nuair ba dhócha go gclisfeadh air, murarbh fhéidir cliseadh a sheachaint le haon socrú san earnáil phríobháideach, agus nuair a bheadh réiteach le leas an phobal mar go bhfuil an banc sistéamach sa mhéid is go ndéanfadh a chliseadh dochar don chobhsaíocht airgeadais. Is é is cuspóir do réiteach, a áirithiú go leanfar d'fheidhmeanna criticiúla an bhainc, cobhsaíocht airgeadais a chosaint, an méid a bhfuiltear ag brath ar airgead na gcáiníocóirí a íoslaghdú, agus taisceoirí a chosaint.

Cuirfear tús le réiteach tar éis próisis lena n‑áireofar go ndéanfar cinneadh a bhfuil údar leis agus atá neamhchlaonta maidir le haon bhanc a bhfuil ag cliseadh air.

– cuirfidh an BCE, mar mhaoirseoir banc, in iúl don Choimisiún, don Bhord Réitigh agus do na húdaráis agus do na haireachtaí náisiúnta is ábhartha go bhfuil ag cliseadh ar bhanc;

– déanfaidh an Bord Réitigh a mheas an bhfuil bagairt shistéamach ann gan aon réiteach earnála príobháidí a bheith ann;

– más amhlaidh, molfaidh an Bord Réitigh don Choimisiún réiteach a thionscnamh;

– cinnfidh an Coimisiún ar réiteach a thionscnamh agus léireoidh sé don Bhord Réitigh cén creat atá le húsáid le haghaidh na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus le haghaidh an Ciste a úsáid chun tacú leis an mbeart réitigh. Glacfaidh an Bord Réitigh, le cinneadh a chuirfear ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta réitigh, scéim réitigh lena leagfar amach na huirlisí, na bearta agus na bearta maoiniúcháin maidir le réiteach agus lena n‑ordaítear treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh na bearta réitigh a fheidhmiú;

– feidhmeoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na bearta réitigh arna gcinneadh ag an mBord de réir an dlí náisiúnta. Mura gcomhlíonfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh cinntí an Bhoird, beidh sé de chumhacht ag an mBord gabháil in ionad na n‑údarás náisiúnta réitigh agus cinntí áirithe maidir leis na bearta réitigh a chur i bhfeidhm a chur ar aghaidh go díreach chuig na bainc.

4.1.6.     Cuntasacht agus buiséad

Beidh gach comhpháirt aonair den Sásra Aonair Réitigh neamhspleách maidir lena cúraimí a dhéanamh agus beidh sí faoi réir forálacha diana cuntasachta chun a áirithiú go n‑úsáidfidh sí a cumhachtaí ar dhóigh a bheidh ceart agus neamhchlaonta, laistigh de theorainneacha arna socrú ag an Rialachán seo agus ag Treoir [ ]. Dá bhrí sin, beidh an Bord Réitigh freagrach go díreach ó thaobh cuntasachta de do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le haon chinntí arna nglacadh ar bhonn an togra seo. Cuirfear Parlaimintí náisiúnta na mBallstát is rannpháirtithe iad ar an eolas freisin faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird réitigh. Beidh ar an mBord freagairt d’aon bharúlacha nó d’aon cheisteanna a chuirfidh Parlaimintí náisiúnta na mBallstát is rannpháirtithe iad air. Ní cuid de bhuiséad an Aontais buiséad an SAR, a bhfuil an ciste aonair réitigh ina chuid de. Is le ranníocaíochtaí ón earnáil bhaincéireachta a mhaoineofar caillteanas a bhaineann le cúraimí an SAR, le bainistiú agus le húsáid an Chiste .

4.1.7.     An caidreamh le Ballstáit nach rannpháirtithe iad

Le Treoir [ ], bunaítear coláistí réitigh i measc údarás náisiúnta réitigh chun grúpaí baincéireachta a láimhseáil, lena n‑áirithítear go mbeidh údaráis réitigh na mBallstát uile ina n‑oibríonn an banc ar dhóigh atá cuí agus cothrom. Beidh ról idirghabhála ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) i gcás ina mbeidh easaontú idir údarás náisiúnta réitigh bhaile agus údarás náisiúnta réitigh aíochta maidir le pleananna réitigh a ullmhú agus maidir leis an réiteach féin. Laistigh den chomhthéacs SAR, i gcás eintiteas agus grúpa atá bunaithe laistigh de na Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa SAR amháin, ionadóidh an SAR na coláistí réitigh dá bhforáiltear i dTreoir [ ] lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta. Ina ionad sin, beidh ionadaithe ó údaráis náisiúnta réitigh rannpháirteach sa Bhord réitigh.

I gcás banc atá bunaithe i mBallstáit nach rannpháirtithe iad de réir bhrí an Rialachán SMA, beidh feidhm iomlán ag Treoir [ ] fós. Mar an gcéanna, beidh an idirghníomhaíocht idir an SAR agus údaráis náisiúnta réitigh i mBallstáit nach rannpháirtithe iad go hiomlán faoi réir Threoir []. Beidh feidhm iomlán freisin ag forálacha maidir leis an idirghníomhaíocht idir chistí réitigh éagsúla (frithpháirtiú agus iasachtaíocht agus iasachtú atá deonach agus comhchoiteann) idir an Ciste Aonair Réitigh agus cistí náisiúnta réitigh Ballstát nach rannpháirtithe iad. Soiléirítear leis an togra freisin go mbeidh feidhm iomlán ag ról an ÚBE dá bhforáiltear i dTreoir [ ] agus an Rialachán ÚBE, lena n‑áirítear a chumhachtaí idirghabhála, ar an mBord Réitigh.

Sa bhreis air sin, cuirtear cás na mbanc atá bunaithe i mBallstáit nach rannpháirtithe iad sa SAR san áireamh sa togra ar thrí dhóigh.

Ar an gcéad dul síos, tá an prionsabal nach ndéanfaidh aon chomhpháirteanna de SAR leithcheal ar institiúidí creidmheasa, ar shealbhóirí taiscí, ar infheisteoirí nó ar chreidiúnaithe eile ar bhonn a náisiúntachta ná a n‑áite gnó leagtha síos sa togra.

Ar an dara dul síos, foráiltear sa togra, i gcás ina bhfuil institiúidí atá bunaithe i mBallstát ar rannpháirtí é agus i mBallstát nach rannpháirtí é, go n‑ionadóidh an Bord údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad san coláistí réitigh dá bhforáiltear faoi Threoir [ ].

Ar an tríú dul síos, beidh an rogha i gcónaí ag Ballstáit nach rannpháirtithe iad dul isteach sa SMA agus, ar an dóigh sin, a áirithiú freisin go mbeidh na bainc atá bunaithe laistigh dá gcríoch faoi réir an SAR.

4.1.8.     An Bhaint le Treoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [ ] lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

Laistigh den Sásra Aonair Réitigh, beidh feidhm ag an Leabhar Rialacha atá leagtha amach i dTreoir [ ] lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta ar Bhallstáit ar rannpháirtithe iad ar an dóigh a bhfuil feidhm aige laistigh den mhargadh inmheánach ar fad. Ní mó sin a dhéanamh a dhéanamh, ach amháin i gcás ina ngabhann nósanna imeachta nó forálacha ina n‑ionad dá bhforáiltear sa Rialachán seo forálacha ábhartha Threoir [ ] (forálacha maidir le coláistí trasteorann, mar shampla, a ngabhann an chinnteoireacht laistigh den SAR ina n‑ionad).

Tá forálacha áirithe curtha isteach sa togra SAR atá comhthreomhar le Treoir [ ], ó nach mór don Bhord Réitigh agus don Choimisiún a mbearta a bhunú go díreach ar dhlí infheidhme an Aontais. I bhforálacha eile de chuid an togra seo, tá crostagairtí don togra ón gCoimisiún maidir le Treoir [ ]. Is féidir gur leasaíodh cuid de na forálacha sin leis an tuarascáil a vótáil coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa a ghlacadh mí Bealtaine agus le cur chuige ginearálta na Comhairle an 26 Meitheamh. Ní mór an Rialachán SAR a bheith go hiomlán i gcomhréir i ndeireadh thiar leis an gcomhaontú maidir le Treoir [ ] a cuireadh i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Tagraíonn an togra sin do chur chuige ginearálta na Comhairle, ina cháil mar an doiciméad is déanaí a bhfuil fáil air. Ós rud é go bhfuil an chaibidlíocht ar siúl idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle fós agus nach bhfuil an Treoir tugtha chun críche fós, is é an cuspóir atá ag an gCoimisiún, na forálacha substaintiúla sin a ionadú le toradh deiridh na caibidlíochta idir na comhreachtóirí ar Threoir [ ].

I gcás gnéithe áirithe atá cumhdaithe cheana ag Treoir [ ], tá gá le hailíniú breise chun go bhfeidhmeoidh SAR in éineacht le Ciste Aonair Réitigh Banc. Ar an gcéad dul síos, ba cheart tosaíocht na n‑éileamh a chomhchuibhiú go hiomlán le haghaidh réitigh, ar bhonn phrionsabal na tosaíochta taisceora. Tá sé beartaithe in Airteagal 15 tosaíocht na‑éileamh i réiteach a chomhchuibhiú, ar bhonn phrionsabal na tosaíochta taisceora. Measann an Coimisiún gur gá an comhchuibhiú sin i gcás na n‑eintiteas uile atá faoi réir Threoir [ ], chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann laistigh den mhargadh inmheánach. Ar an dara dul síos, laistigh de SAR, ní mór creat teann a bheith ann le haghaidh aon solúbthachta maidir le hathshnámhú agus an tsolúbthacht sin a bheith faoi réir na gcoinníollacha céanna do na bainc uile. Dá bhrí sin, in Airteagal 24 den togra tá creat teann breise, ar bhonn chur chuige ginearálta na Comhairle an 26 Meitheamh 2013, agus tá úsáid aon mhaoluithe dá bhforáiltear i dTreoir [ ] curtha as an áireamh sa chomhthéacs sin (go háirithe maidir le ríomh na tairsí le haghaidh athshnámhaithe).

4.2.        An Bord Réitigh

4.2.1.     Rialachas

Chun a áirithiú go mbeidh próiseas cinnteoireachta éifeachtach agus cuntasach maidir le réiteach ann, foráiltear i struchtúr agus i rialacha oibríochta an Bhoird Réitigh do bhaint chuí a bheith ag na Ballstáit uile a mbaineann an próiseas go díreach leo. Is iad a bheidh ar an mBord sin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an BCE agus na baill arna gceapadh ag gach Ballstát ar rannpháirtí é thar cheann na n‑údarás náisiúnta réitigh. Tiocfaidh an Bord, agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina chathaoirleach air, le chéile agus oibreoidh sé in dhá sheisiún: seisiún feidhmiúcháin agus seisiún iomlánach. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do bhreathnadóirí freastal ar chruinnithe an Bhoird.

Le linn a sheisiúin iomlánaigh, dhéanamh an Bord gach cinneadh de chineál ginearálta. Le linn a sheisiúin feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord cinntí maidir le heintitis aonair nó grúpaí baincéireachta. Beidh raon na gcinntí sin idir pleanáil réitigh agus cumhachtaí luath-idirghabhála, ar thaobh amháin, agus scéimeanna réitigh, lena n‑áirítear an Ciste a úsáid chun an próiseas réitigh a mhaoiniú agus treoir a thabhairt don réiteach náisiúnta maidir le conas na cinntí réitigh a chur chun feidhme, ar an taobh eile.

Le linn a sheisiúin feidhmiúchán, is iad a bheidh ar an mBord, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an BCE.

De réir na mbanc nó na ngrúpaí a bheidh le réiteach i ngach cás, le linn a sheisiúin feidhmiúcháin, ar a bharr sin, comhghairfidh an Bord baill arna cheapadh ag na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha chomh maith leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, an Leas Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na hionadaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus ag an BCE. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanfar réiteach ar ghrúpaí baincéireachta trasteorann, an ball arna cheapadh ag an mBallstát ina bhfuil an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa suite agus na baill arna gceapadh ag na Ballstáit ina bhfuil fochuideachtaí nó eintitis atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite bunaithe, beidh an dá cheann acu rannpháirteach sna cruinnithe agus sa phróiseas cinnteoireachta.  Sna rialacha vótála is infheidhme maidir leis an mBord, tá an gá atá ann leas na mBallstát uile lena mbaineann cinneadh réitigh curtha san áireamh. Ní bheidh cumhacht crosta ag aon rannpháirtí sa chinnteoireacht.

Os a choinne sin, ós rud é go bhfuil sé de cheannas ag na Ballstáit an úsáid a bhaintear as an mbuiséad náisiúnta a chinneadh iad féin, foráiltear go sainráite sa togra nach bhféadfaidh SAR a cheangal ar na Ballstáit go soláthróidh siad tacaíocht phoiblí urghnách d’aon eintitis faoi réiteach. Lena chois sin, chun go gcuirfear aon impleachtaí fioscacha ar na Ballstáit san áireamh go hiomlán, féadfaidh na baill arna gceapadh ag na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha aon chinnteoireacht bhreise amháin a iarraidh le linn sheisiún feidhmiúcháin an Bhoird le haghaidh na himpleachtaí sin is féidir a bheith ann a phlé.

4.2.2.     Cumhachtaí

Láróidh an Bord Réitigh an fhaisnéis atá ag an BCE agus ag na húdaráis náisiúnta réitigh ar fhóntacht airgeadais banc atá faoina ndlínse. I gcomparáid le líonra d’údaráis náisiúnta a oibríonn laistigh de shainorduithe náisiúnta, is féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar na himthosca arbh fhéidir go mbeadh gá banc a chur faoi réiteach agus iarmhairtí trasteorann a sheachaint mar gheall orthu leis sin.

Beidh cumhachtaí ag an mBord Réitigh a chinneadh cathain ba cheart a mholadh don Choimisiún banc nó grúpa a chur faoi réiteach. Tar éis don Choimisiún a chinneadh gur comhlíonadh na coinníollacha agus an banc a chur faoi réiteach, cinnfidh an Bord laistigh den chreat arna bhunú ag an gCoimisiún, mionsonraí na n‑uirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm agus conas acmhainní an Chiste a leithdháileadh. Leis na cumhachtaí sin, féadfaidh an Bord Réitigh na huirlisí, na rialacha agus an nósanna imeachta réitigh a roghnú agus a chur chun feidhme go haonfhoirmeach. Go háirithe, i gcás ina bhfuil bainc ag oibriú thar theorainneacha, fágfaidh sin go gcuirfear deireadh leis na difríochtaí atá faoi láthair i rialacha agus i gcur chuige na mBallstát agus leis na drochthionchar a imríonn siad ar fheidhmiú mhargaí baincéireachta an Aontais.

Ós rud é go mbeidh an fhreagracht dhíreach sin ag an mBord Réitigh, áiritheofar go gcaithfear go cothrom leis na bainc ar fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad, go mbeidh cur chun feidhme an Leabhair Rialacha aonair maidir le réiteach banc intuartha agus go mbeidh muinín as. Méadóidh sin an deimhneacht dhlithiúil agus is fearr a chaomhnóidh sé luach sócmhainní airgeadais trí chur isteach nach gá ar shreabhadh cistí a sheachaint. Áiritheoidh sé freisin go n‑úsáidfear sócmhainní na hinstitiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi de réir na dóighe is táirgiúla ar a n‑íoslaghdófar caillteanais creidiúnaithe ar fud na mBallstáit ar rannpháirtithe iad, agus ní de réir na n‑ábhar is cúram do na Ballstáit aonair.

Áiritheoidh an Bord Réitigh go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta réitigh na cinntí réitigh chun feidhme go dílis, de réir an dlí náisiúnta. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag an mBord maoirseacht agus measúnú a dhéanamh ar an dóigh a ndéanann na húdaráis náisiúnta réitigh cur chun feidhme trí bheith in ann, más gá, faisnéis a fháil go díreach ó na bainc nó imscrúduithe nó cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh. I gcás nach gcuirfidh údarás náisiúnta réitigh cinneadh réitigh de réir na scéime réitigh comhaontaithe, beidh sé de chumhacht ag an mBord cinntí áirithe a dhíriú go díreach ar an mbanc lena mbaineann agus a éileamh ar an mbanc sin go ndéanfaidh sé an beart is gá chun an cinneadh réitigh a chur chun feidhme.

4.2.3.     Comhar Eorpach agus comhar idirnáisiúnta

Chun a chúraimí a dhéanamh, oibreoidh an Bord Réitigh i gcomhar leis an BCE agus leis na húdaráis eile ar tugadh de chumhacht dóibh maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa laistigh den SMA, agus le húdaráis eile ar cuid iad den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais. Oibreoidh an Bord Réitigh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta réitigh freisin, ó tá ról lárnach acu in ullmhú agus i gcur chun feidhme beart réitigh.

Ós rud é nach laistigh den Aontas amháin a oibríonn mórán institiúidí creidmheasa, ach go hidirnáisiúnta freisin, ag an mBord Réitigh amháin a bheidh an chumhacht comhaontuithe neamhcheangailteacha a chur i gcrích le húdaráis tríú tíortha thar cheann údarás náisiúnta na mBallstát ar rannpháirtithe iad.

4.3.        An Ciste Réitigh do Bhainc Aonair

4.3.1.     Prionsabail, bunú agus misin

Is é an prionsabal is bun do ghníomhaíocht an Bhoird gur ar scairshealbhóirí agus ar chreidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach ar dtús a bheidh aon chaillteanais, aon chostais nó aon speansais eile a bhaineann le húsáid na n‑uirlisí réitigh, agus ag deireadh thiar, más gá, ar an tionscal airgeadais. Os a choinne sin, fiú dá leithdháilfí an costas le hinstitiúid a athstruchtúrú ar a n‑acmhainní inmheánacha, bheadh gá le sásra lenarbh fhéidir leis an institiúid (bíodh sé ina foirm bhunaidh, le banc droichid, nó mar mheán bainistithe sócmhainní – drochbhanc) leanúint de bheith ag oibriú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach ciste réitigh banc a bhunú chun a áirithiú go mbeidh na bearta réitigh éifeachtach, bearta amhail maoiniú gearrthéarmach a sholáthar d’institiúid faoi réiteach nó ráthaíochtaí a sholáthar do cheannaithe ionchasacha institiúide faoi réiteach.

Is é is príomhchuspóir don Chiste Aonair Réitigh cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, agus ní caillteanais a chomhghabháil ná caipiteal a sholáthar d'institiúid faoi réiteach. Níor cheart a mheas gur ciste tarrthála é an Ciste. Os a choinne sin, is féidir go mbeidh cásanna eisceachtúla ann nárbh fhéidir, tar éis na hacmhainní inmheánacha a ídiú go leor (8 % ar a laghad de dhliteanais agus de chistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach), an príomhchuspóir a bhaint amach gan ligean don chiste na caillteanais sin a chomhghabháil nó an caipiteal a sholáthar. Is sna cásanna sin amháin ab fhéidir don Chiste bheith ina shocrú tacaíochta ag acmhainní príobháideacha.

Is é is príomhúdar do Chiste Aonair Réitigh a chruthú, go gcuireann, i margaí airgeadais comhtháite, aon tacaíocht airgeadais a thugtar chun banc a réiteach feabhas ar chobhsaíocht airgeadais agus sláinte banc eile, ní amháin sa Bhallstát lena mbaineann, ach i mBallstáit eile freisin. Ó bhaineann bainc ar fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad tairbhe as an tacaíocht sin go hindíreach, níor cheart ranníocaíochtaí le haghaidh an tacaíocht a mhaoiniú a theorannú do bhainc in aon Ballstát amháin.

Maidir le héifeachtacht, ó bheidh sé ar chumas an Chiste na hacmhainní ó bhainc limistéar an euro a thiomsú, beidh maolán níos éifeachtaí ann i gcoinne géarchéimeanna baincéireachta ina gcomhdhlúitear caillteanais go neamhshiméadrach i roinnt Ballstát agus, i dtaca leis sin de, feidhmeoidh an Ciste mar shásra árachais ar fud limistéar an euro. Léirigh an ghéarchéim a bhí ann le déanaí gur tháinig caillteanais chun cinn go difreáilte de réir an Bhallstáit.

Ós dócha go mbeidh comhdhlús níos mó caillteanas a thiocfaidh as turraingí i dtionscal na baincéireachta amach anseo i roinnt Ballstát ag pointe áirithe ama, is éifeachtaí a bheidh comhshásra socraithe tacaíochta ná socruithe tacaíochta príobháideacha a dhéanfaí ar bhonn aonair, agus na turraingí sin á gcomhghabháil le ranníocaíochtaí ex-ante agus, i gcásanna fíoranáis, le ranníocaíochtaí ex‑post ó thionscal baincéireachta i limistéar an euro ar fad. Dá bhrí sin, trí acmhainní a thiomsú ar an leibhéal Eorpach, soláthróidh an Ciste 'cumas scaoilte' níos mó agus méadóidh sé athléimneacht an chórais baincéireachta. San am céanna, má spréitear na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha go cothrom thar bhainc sna Ballstáit rannpháirteacha uile, laghdófar leibhéal na ranníocaíochtaí sin in aghaidh an bhainc, rud a theorannóidh aon éifeacht chomh-thimthriallach a bheadh ag na ranníocaíochtaí sin.

Lena chois sin, má tá sásra ann i gcás ina leathann comhghabháil caillteanas thar theorainneacha náisiúnta, is féidir leis fáinne fí an idirspleáchais idir an ghéarchéim baincéireachta i mBallstát áirithe agus staid fhioscach an stáit a bhriseadh. Ar an dóigh sin, mhaolófaí an t‑ualach reatha ar roinnt Ballstát dá mbeadh Sásra Aonair Réitigh ann ó bhí tús na géarchéime airgeadais ann.

Ar a bharr sin, beidh Sásra Aonair Réitigh ar féidir leis cistí a thiomsú ón tionscal baincéireachta ar fud na mBallstát ar rannpháirtithe iad ag brath ar bhonn ranníocaíochtaí níos mó agus, dá bhrí sin, beidh bonn clú níos mó faoi lena bhféadfaidh an Bord, más gá, níos mó iasachtaí a fháil ar an margadh ag praghas níos ísle. Má tá cumas níos mó ann maoiniú a fháil go seachtrach ar an margadh, beidh laghdú ar an méid is gá don Chiste brath ar chistí poiblí sna cásanna is mó caillteanas, rud neartódh arís an nasc idir stáit agus bainc a bhriseadh agus a chuideodh cáiníocóirí a chosaint ar chostais an réitigh.

Ar deireadh, tá gá le ciste aonair chun dreasachtaí ar fud institiúidí an Aontais Bhaincéireachta a ailíniú mar is ceart. Dá mba mhór, go háirithe i gcás grúpaí baincéireachta trasteorann, an acmhainn le haghaidh costais an réitigh os cionn na gcostas a chomhghabh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a sholáthar le cistí náisiúnta, ní ar an Sásra Aonair Réitigh amháin a chuirfí bac, ach ar an Sásra Maoirseachta Aonair chomh maith.

Chun Sásra Aonair Réitigh a bhunú, is gá go mbeidh rochtain thapa agus éifeachtach ag an mBord Réitigh.  Cruthófar leis an gCiste sraith phríobháideach sheachtrach lenar féidir maoiniú meántéarmach agus fadtéarmach a sholáthar nó úsáid airgid phoiblí a sheachaint nó a íoslaghdú agus bainc á réiteach. Lena chois sin, méadófar leis éifeachtacht an phróisis réitigh trí fadhbanna comhordúcháin a thagann chun cinn agus cistí náisiúnta a chosc, go háirithe i gcás grúpaí trasteorann.

4.3.2.     An Ciste a Mhaoiniú

Chun a áirithiú go mbeidh go leor maoiniúcháin ann, nach mbeidh comh-thimthriallacht córas íoc‑mar‑a‑úsáidtear ann agus go n‑íoslaghdófar an gá le tacaíocht airgeadais sheachtrach a iarraidh, teastaíonn acmhainní atá ar fáil gan dua ar an gCiste. Chun na críche sin, ba leor spriocmhéid don Chiste 1 % ar a laghad de thaiscí cumhdaithe i gcóras baincéireachta na mBallstát rannpháirteach chun réiteach ordúil a áirithiú sa ghéarchéim amach anseo fad is go n‑athshnámhófar na creidiúnaithe go dtí 8 % ar a laghad de dhliteanais iomlána agus de chistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach.

Ar bhonn shonraí 2011 i ndáil le bainc agus meastacháin ar mhéid na dtaiscí cumhdaithe i seilbh banc i limistéar an euro, bheadh an spriocleibhéal 1 % don Chiste Aonair Réitigh tuairim is EURO 55 billiún.  Beidh an spriocmhéid don Chiste i ndearbhmhéideanna (euro) dinimiciúil fós agus méadóidh sé go huathoibríoch má thagann borradh faoin tionscal baincéireachta.

Tuartar go mbeidh tréimhse eatramhach 10 mbliana ann sula mbainfidh an Ciste a spriocleibhéal iomlán amach. D’fhéadfaí síneadh a chur leis go dtí 14 bliana má dhéantar eisíocaíochtaí os cionn leathchuid spriocmhéid an Chiste as an gCiste. Mura ndéanfaí aon eisíocaíochtaí as an gCiste le linn na céime tosaigh tiomsúcháin, ranníocfadh an tionscal baincéireachta tuairim is aon deichiú cuid den spriocmhéid nó, i ndearbhthéarmaí, tuairim is EUR 5.5.

Tar éis na chéad chéime, a dtiomsófar an Ciste lena linn, beidh ar na bainc ranníocaíochtaí breise a dhéanamh má thagann borradh faoina mbonn ranníocaíochtaí nó má dhéantar eisíocaíochtaí as an gCiste. Má éiríonn an acmhainn airgeadais de chuid an Chiste níos ísle ná leathchuid dá spriocmhéid, beidh ar na bainc íos‑ranníocaíocht bhliantúil a thabhairt arb ionann í agus aon chúigiú cuid ar a laghad de dhliteanais iomlána (seachas caipiteal rialála agus taiscí cumhdaithe) na mbanc uile sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa Sásra Aonair Réitigh.

Ríomhfar na ranníocaíochtaí i gcomhréir leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc ar bhonn dhliteanais an bhainc seachas cistí dílse agus taiscí cumhdaithe, agus coigeartófar iad de réir a bpróifíle riosca. Ciallaíonn sin go mbeidh ranníocaíochtaí an‑íseal le déanamh ag bainc a mhaoinítear beagnach le taiscí amháin. Ranníocfaidh na bainc sin isteach i scéimeanna ráthaithe taiscí náisiúnta, ar ndóigh.

Foráiltear do ráthaíochtaí chun nach gcruthóidh tobhach ranníocaíochtaí fadhbanna maidir le cobhsaíocht airgeadais in institiúidí sláintiúla, i.e. díolmhú sealadach ón oibleagáid ranníocaíochtaí ex‑post a íoc.

I gcás nach leor ranníocaíochtaí ex‑ante agus nach féidir rochtain ar na ranníocaíochtaí ex‑post láithreach, is féidir go mbeidh gá le maoiniú breise cúltaca, go háirithe le linn na céime eatramhaí, chun a áirithiú go mbeidh feidhmeanna córasacha na mbanc/an bhainc leanúnach ar feadh an phróisis athstruchúraithe. Féadfar leis an gCiste iasachtaí nó cineálacha eile tacaíochta a fháil ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile más gá chun réiteach a mhaoiniú (acmhainní poiblí san áireamh). Is í an institiúid faoi réiteach féin a aisíocfaidh an tacaíocht sin i bprionsabal. Ach, murar féidir sin, foráiltear sa Rialachán go leithdháilfear na caillteanais ar na bainc uile atá faoi réir an tsásra le ranníocaíochtaí ex‑post. Áiritheofar leis sin go mbeidh aon úsáid a bhainfear as acmhainní poiblí neodrach sa mheántéarma.

Chun nach gcruthófar míbhuntáiste do na Ballstáit a mbeidh ciste réitigh curtha ar bun acu nuair a thiocfaidh an togra seo i bhfeidhm, fágann an Rialachán faoi na Ballstáit lena mbaineann a chinneadh cén dóigh a n‑úsáidfear na cistí réitigh a bheidh ann chun oibleagáidí a mbanc faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

4.3.3.     Ról scéimeanna ráthaithe taiscí i gcomhthéacs réitigh

I gcás ina réitófar banc, ranníocfaidh an scéim ráthaithe taiscí náisiúnta lena bhfuil an banc cleamhnaithe, go dtí méid na dtaiscí cumhdaithe, as méid na gcaillteanas a bheadh le hiompar aige dá bhfoirceannfaí é de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Is ról é sin dá bhforáiltear go hiomlán cheana le Treoir [ ].

Ar a bharr sin, ní dhéanann an SAR difear do Scéimeanna Cosanta Institiúideacha na do shásraí eile inghrúpa lena maoinítear sásraí tacaíochta arna gcur ar bun ag grúpaí áirithe d'institiúidí creidmheasa. Ní idirghabhfaidh an SAR ach i gcás ina dteipfidh ar na réitigh sin ón earnáil phríobháideach cliseadh bainc a láimhseáil.

4.3.4.     Ról an Chiste i réiteach grúpaí lena mbaineann institiúidí lasmuigh den SAR

Chun críche réitigh grúpaí ina bhfuil institiúidí nach bhfuil faoi réir an SAR, freagróidh an ranníocaíocht as an gCiste leis na codanna sin den ghrúpa atá faoi réir an SAR, agus cumhdóidh na socruithe náisiúnta airgeadais lasmuigh den SAR an méid atá fágtha.

Chun an maoiniú réitigh a neartú ar fud an mhargaidh inmheánaigh, ceadaítear leis an togra don Chiste iasacht a fháil ó shocruithe eile um maoiniú réitigh, nó iasachtaí a thabhairt dóibh, ar bhonn deonach. Ar an dóigh sin, is féidir leis an gCiste eisíocaíochtaí móra a iompar nach bhfuil cumhdaithe ag ranníocaíochtaí ex‑ante ná ex‑post. Tacóidh sé freisin le socruithe um maoiniú réitigh i mBallstáit lasmuigh den SAR.

4.3.5.     Socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh a ionadú

De réir mar a ionadóidh an Ciste socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe ann iad, féadfaidh na Ballstáit a mbeidh socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe acu tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo cinneadh a dhéanamh maidir leis na socruithe sin a úsáid de réir a ndlí náisiúnta. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfadh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh sin na ranníocaíochtaí atá dlite don Chiste thar cheann a mbanc go dtí go mbeidh na socruithe sin ídithe go hiomlán.

5.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Maoineofar an Bord Réitigh go hiomlán as ranníocaíochtaí ó na hinstitiúidí airgeadais. Os a choinne sin, beidh roinnt mionimpleachtaí ann maidir le buiséad an Aontais le linn chéim thosaigh an Bhoird. Tá na mionsonraí ina leith sin leagtha amach sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis seo.           

2013/0253 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[11],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá sé ríthábhachtach margadh inmheánach comhtháite níos fearr do sheirbhísí baincéireachta a bheith ann d'fhonn téarnamh eacnamaíoch san Aontas a sporadh. Mar sin féin, léiríonn an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch atá ann faoi láthair go bhfuil feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh faoi bhagairt agus go bhfuil ag méadú ar an mbaol go mbeidh ilroinnt airgeadais ann.  Níl margaí idirbhainc chomh leachtach agus a bhí, agus tá ag laghdú ar ghníomhaíochtaí trasteorann i ngeall ar eagla na héifeachta gabhála, agus i ngeall ar easpa muiníne i gcórais bhaincéireachta náisiúnta eile agus i gcumas na mBallstát tacú le bainc.

(2)       Toisc na ndifríochtaí idir rialacha na mBallstát maidir le réiteach agus a gcuid cleachtas riaracháin agus toisc gan aon chóras aontaithe cinnteoireachta a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le réiteach banc trasteorann, tá ag géarú ar an easpa muiníne sin agus ar an éagobhsaíocht sa mhargadh, ráite nach bhfuil cinnteacht ná intuarthacht ann maidir lena mbeidh mar thoradh ar chliseadh bainc. D'fhéadfadh saobhadh na hiomaíochta, agus i ndeireadh thiar thall, baint na mbonn ón margadh inmheánach teacht as cinntí maidir le réiteach a bheith á ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta amháin.

(3)       Go háirithe, na cleachtais éagsúla atá ag na Ballstáit ó thaobh na caoi a gcaitheann siad le creidiúnaithe banc agus ó thaobh bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a tharrtháil, imríonn siad tionchar ar an riosca creidmheasa, ar an tsláine airgeadais agus ar an tsócmhainneacht a mheastar a bheith ag baint lena gcuid mbanc. Lagaíonn sin an mhuinín atá ag an bpobal in earnáil na baincéireachta agus cuireann sé bac le feidhmiú shaoirse na bunaíochta agus saorsholáthair sheirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach ós rud é gur ísle a bheadh costais mhaoiniúcháin mura mbeadh cleachtas sin na mBallstát.

(4)       D'fhéadfadh difríochtaí idir rialacha náisiúnta na mBallstát maidir le réiteach agus a gcuid cleachtas riaracháin costais níos airde iasachtaíochta a chur ar bhainc agus ar chustaiméirí, agus sin i ngeall ar a n‑áit bhunaíochta amháin, beag beann ar a bhfíoracmhainn creidmheasa. Ina theannta sin, is airde na rátaí iasaíochta a ghearrtar ar chustaiméirí banc i roinnt Ballstát ná na rátaí a ghearrtar ar chustaiméirí banc i mBallstáit eile, beag beann ar a n‑acmhainn creidmheasa.

(5)       A fhad is de chineál náisiúnta a bheidh rialacha, cleachtais agus cineálacha cur chuige réitigh ó thaobh comhroinnte ualaigh, agus a fhad a bheidh na hacmhainní airgeadais a theastaíonn chun réiteach a mhaoiniú á dtiomsú agus á gcaitheamh ar an leibhéal náisiúnta, leanfaidh an margadh inmheánach de bheith ilroinnte. Ina theannta sin, tá dreasachtaí tréana ag maoirseoirí náisiúnta an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag géarchéimeanna baincéireachta ar an ngeilleagar náisiúnta a mhaolú trí ghníomhú go haontaobhach chun oibríochtaí baincéireachta a imfhálú, mar shampla trí aistrithe agus iasachtaí laistigh de ghrúpaí a theorannú, nó trí cheanglais leachtachta agus chaipitil níos airde a fhorchur ar fhochuideachtaí de chuid máthairghnóthais ina ndlínse a bhféadfadh a bheith ag cliseadh orthu. Cuireann sin srian ar ghníomhaíochtaí trasteorann banc agus dá thoradh sin cuirtear bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha agus saobhtar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

(6)       Tá comhchuibhiú éigin déanta le Treoir [ ] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13] ar na rialacha náisiúnta maidir le réiteach agus tá foráil déanta aige freisin maidir le comhar idir údaráis réitigh agus iad ag plé le cliseadh banc trasteorann. Mar sin féin, níl an comhchuibhiú sin a ndéantar foráil maidir leis le Treoir [ ] iomlán ná níl an próiseas cinnteoireachta láraithe. Go bunúsach, déantar foráil le Treoir [ ] maidir le huirlisí comhchoiteanna réitigh agus cumhachtaí a chur ar fáil d'údaráis náisiúnta gach Ballstáit, ach fágtar faoi na húdaráis náisiúnta cur i bhfeidhm na n‑uirlisí agus úsáid socruithe náisiúnta um maoiniú chun tacú le nósanna imeacht réitigh. Ní chuireann Treoir [ ] cosc ar na Ballstáit cinntí a dhéanamh ar bhonn leithligh agus ar bhealach a d'fhéadfadh a bheith neamhréireach maidir le réiteach grúpa trasteorann a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chostais iomláin réitigh. Ina theannta sin, ós rud é go ndéanann an Treoir sin foráil maidir le socruithe náisiúnta um maoiniú, ní leor an laghdú a dhéanann sí ar spleáchas na mbanc ar thacaíocht ó na buiséid náisiúnta ná ní chuireann sí cosc ar chineálacha éagsúla cur chuige a bheith ag na Ballstáit i leith úsáid na socruithe um maoiniú.

(7)       Chun an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chur i gcrích, tá se ríthábhacht a áirithiú go mbeidh cinntí maidir le réiteach banc a bhfuil ag cliseadh orthu laistigh den Aontas éifeachtach aonfhoirmeach, lena n‑áirítear cinntí maidir le maoiniú a thiomsaítear ar leibhéal an Aontais. Laistigh den mhargadh inmheánach, d'fhéadfadh cliseadh roinnt banc i mBallstát amháin cur as do chobhsaíocht mhargaí airgeadais uile an Aontais. Maidir le rialacha réitigh atá éifeachtach aonfhoirmeach agus coinníollacha comhionanna réitigh a áirithiú i ngach mBallstát, ní le leas na mBallstát ina mbíonn na bainc ag feidhmiú amháin é sin, is le leas gach Ballstáit é toisc gur dóigh é leis an iomaíochas a chaomhnú agus le feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá dlúthnasc ag córais bhaincéireachta le chéile sa mhargadh inmheánach, arae is grupaí idirnáisiúnta iad grúpaí bainc, agus is sócmhainní eachtracha céatadán ard dá gcuid sócmhainní. De cheal sásra aonair réitigh, ba mhóide an drochéifeacht shistéamach a bheadh ag géarchéimeanna baincéireachta i mBallstáit atá páirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) ná i mBallstáit nach bhfuil páirteach ann. Méadóidh bhunú an tSásra Aonair Réitigh ar chobhsaíocht bhainc na mBallstát atá páirteach ann agus cuirfidh sé cosc ar leathnú géarchéimeanna chuig tíortha nach bhfuil páirteach ann, agus ar an dóigh sin éascófar feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ina iomláine.

(8)       I ndiaidh bhunú an tsásra maoirseachta aonair le Rialachán (AE) Uimh. .../...[14], faoina ndéanann an Banc Ceannais Eorpach maoirsiú lárnach ar bhainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe sa sásra sin iad, tá míréir ann idir an mhaoirseacht a dhéanann an tAontas ar na bainc sin agus ar an gcaoi a gcaitear leo ar an leibhéal náisiúnta sna nósanna imeachta réitigh de bhun Threoir [ ].

(9)       Bíonn bainc sna Ballstáit nach bhfuil sa SMA ag tairbhiú ar an leibhéal náisiúnta de shocruithe maoirseachta, réitigh agus tacaíochta airgeadais atá ag teacht le chéile, ach os a choinne sin bíonn bainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad san SMA faoi réir shocruithe an Aontais i gcás maoirseachta agus socruithe náisiúnta a fhad a bhaineann le réiteach agus socruithe tacaíochta airgeadais. Fágann an mhíréir sin go bhfuil na bainc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad sa SMA faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht i gcomparáid le bainc i mBallstáit eile. Ó tharla go ndéantar maoirseacht agus réiteach ar dhá leibhéal éagsúla laistigh den SMA, ní bheadh idirghabháil agus réiteach i leith banc sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad san SMA chomh gasta, chomh comhleanúnach ná chomh héifeachtach céanna agus a bheadh sé i gcás banc i mBallstáit nach bhfuil páirteach ann. Bíonn drochimpleachtaí aige sin do chostais mhaoiniúcháin na mbanc sin agus tagann míbhuntáiste san iomaíocht as, rud a dhéanann díobháil do na Ballstáit ina bhfeidhmíonn na bainc sin agus do fheidhmiú ginearálta an mhargaidh inmheánaigh. Dá bhrí sin, d'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, tá ríthábhacht ag baint le sásra réitigh lárnaithe don uile bhanc a fheidhmíonn sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad san SMA.

(10)     Ba cheart comhroinnt na bhfreagrachtaí réitigh idir an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais a chur ar aon dul le comhroinnt na bhfreagrachtaí maoirseachta idir an dá leibhéal sin. A fhad a bheidh maoirseacht á déanamh ar an leibhéal náisiúnta i mBallstát, ba cheart go leanfadh an Ballstát sin de bheith freagrach as iarmhairtí aon chliste bainc. Dá bhrí sin, níor cheart go gcumhdódh an sásra réitigh aonair ach bainc agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad san SMA agus atá faoi réir mhaoirseacht an BCE faoi chuimsiú an SMA. Bainc atá bunaithe sna Ballstáit nach rannpháirtithe iad san SMA, níor cheart iad a bheith faoi réir an tsásra réitigh aonair. Dá dtiocfadh na Ballstáit sin faoi réir an tsásra réitigh aonair, bheadh na dreasachtaí contráilte acu. Go háirithe, d'fhéadfadh sé go n‑éireodh maoirseoirí sna Ballstáit sin níos boige i leith na mbanc ina ndlínse féin ráite nach orthusan a thitfeadh iomlán an riosca airgeadais a bhainfeadh le cliseadh. Dá bhrí sin, d'fhonn comhthreomhaireacht leis an SMA a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an sásra aonair réitigh maidir le gach Ballstát ar rannpháirtí é san SMA. Gach uair a thagann Ballstát isteach san SMA, ba cheart go dtiocfadh sé faoi réir an tsásra réitigh aonair go huathoibríoch. Meastar go gcumhdóidh an sásra réitigh aonair an margadh inmheánach ina iomláine i ndeireadh thiar thall.

(11)     Tá ríthábhacht ag baint le ciste aonair réitigh Eorpach (an 'Ciste' anseo feasta) arae ní fheidhmeodh sásra réitigh aonair i gceart dá uireasa. Da mbeadh córais dhifriúla maoiniúcháin náisiúnta ann chuirfí as do chur i bhfeidhm rialacha aonfhoirmeacha maidir le réiteach banc sa mhargadh inmheánach. Ba cheart an Ciste a bheith ina chuidiú cleachtas aonfhoirmeach riaracháin a áirithiú ó thaobh réiteach a mhaoiniú agus ó thaobh cosc a chur ar theacht chun cinn bacainní le feidhmiú saoirsí bunúsacha agus ar chur as riocht na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach i ngeall ar chleachtais éagsúla náisiúnta. Ba cheart go maoineodh na bainc an Ciste go díreach agus ba cheart é a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais sa chaoi is go bhféadfar na hacmhainní réitigh a leithdháileadh ar bhealach oibiachtúil ar na Ballstáit agus ar an dóigh sin an chobhsaíocht airgeadais a mhéadú agus srian a chur leis an nasc idir an suíomh fioscach a mheastar a bheith ag Ballstáit aonair agus costais mhaoiniúcháin banc agus gnólachtaí a fheidhmíonn sna Ballstáit sin.

(12)     Is gá, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun sásra aonair réitigh a chruthú do gach Ballstát ar rannpháirtí iad san SMA ionas go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh cobhsaí.

(13)     Níl ach aon dóigh amháin le féachaint chuige go mbeidh na rialacha maidir le réiteach banc atá leagtha amach i dTreoir [ ] á gcur i bhfeidhm go lárnach ag údarás aonair réitigh de chuid an Aontais sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad, agus is é sin na rialacha a rialaíonn bunú agus feidhmiú sásra réitigh aonair a bheith infheidhme go díreach sna Ballstáit ionas nach mbainfear cialla éagsúla astu sna Ballstáit éagsúla. Rachadh sé sin ar sochar don mhargadh inmheánach ina iomláine mar go mbeadh sé ina chuidiú an iomaíocht chóir a áirithiú agus cosc a chur ar bhacainní le saorfheidhmiú saoirsí bunúsacha ní amháin sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad ach sa mhargadh inmheánach ina iomláine.

(14)     Amhail raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. .../... ón gComhairle, ba cheart go gcumhdódh sásra aonair réitigh gach institiúid chreidmheasa atá bunaithe sa Bhallstát ar rannpháirtí é. Mar sin féin, ba cheart go bhféadfaí, faoi chuimsiú an tsásra aonair réitigh, aon institiúid chreidmheasa de chuid Ballstáit rannpháirtigh a réiteach go díreach d'fhonn míréireachtaí laistigh den mhargadh inmheánach a sheachaint ó thaobh na caoi a ndéileáiltear, le linn próiseis réitigh, le hinstitiúidí agus creidiúnaithe a bhfuil ag cliseadh orthu. A mhéid a bheidh máthairghnóthais, gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais ag teacht faoi mhaoirseacht chomhdhlúite an BCE, ba cheart iad a theacht faoi raon feidhme an tsásra aonair réitigh. Cé nach é an BCE amháin a bheidh ag déanamh maoirseachta ar na hinstitiúidí sin, is é an t‑aon mhaoirseoir amháin é a mbeidh osamharc aige ar an riosca a bhfuil grúpa, agus, go hindíreach, baill an ghrúpa, nochta orthu. Dá ndéanfaí eintitis atá faoi réir mhaoirseacht chomhdhlúite an BCE a eisiamh ó raon feidhme an tsásra réitigh aonair, ní fhéadfaí pleanáil a dhéanamh i leith réiteach grúpaí baincéireachta ná straitéis um réiteach grúpa a ghlacadh, agus d'fhágfaí gur lú an éifeachtacht a bheadh ag aon chinntí maidir le réiteach.

(15)     Laistigh den sásra réitigh aonair, ba cheart cinntí a ghlacadh ar an leibhéal is oiriúnaí is féidir é.

(16)     Is é an BCE, ina cháil mar mhaoirseoir laistigh den SMA, ar fearr is féidir leis a mheas an bhfuil ag cliseadh ar institiúid chreidmheasa agus an bhfuil aon dóchúlacht réasúnta ann go ndéanfadh aon ghníomh de chineál eile ag an earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta eile cosc a chur lena cliseadh faoi cheann tréimhse réasúnta ama. Ar fhógra a fháil dó ón BCE, ba cheart don Bhord moladh a dhéanamh don Choimisiún. Ráite gur gá na leasanna éagsúla atá i dtreis a chothromú, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh cé acu a chuirfidh sé nó nach gcuirfidh sé institiúid faoi réiteach, agus ina theannta sin ba cheart dó cinneadh ar chreat réitigh soiléir mionsonraithe lena leagfaí síos na gníomhartha réitigh a bheadh le déanamh ag an mBord. Laistigh den chreat sin, ba cheart don Bhord cinneadh ar scéim réitigh agus treoir a thabhairt do na húdaráis náisiúnta réitigh maidir leis na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí a bheadh le fheidhmiú ar an leibhéal náisiúnta.

(17)     Ba cheart an chumhacht cinntí a dhéanamh a thabhairt don Bhord, go háirithe a fhad a bhaineann le réiteach a phleanáil, inréiteacht a mheasúnú, baic le hinréiteacht a bhaint agus gníomhartha réitigh a ullmhú. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta réitigh cúnamh a thabhairt don Bhord réiteach a phleanáil agus cinntí maidir le réiteach a ullmhú. Lena chois sin, ós rud é go mbíonn cur i bhfeidhm an dlí náisiúnta i gceist le feidhmiú cumhachtaí réitigh, ba cheart cur chun feidhme cinntí maidir le réiteach a bheith de chúram ar na húdaráis náisiúnta réitigh.

(18)     Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach go réidh, tá sé ríthábhacht feidhm a bheith ag na rialacha céanna maidir le gach beart réitigh, is cuma cé acu bearta iad a dhéanann údaráis náisiúnta réitigh faoi Threoir [ ] nó bearta a dhéantar faoi chuimsiú an tsásra réitigh aonair. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta sin faoi Airteagal 107 CFAE. Nuair nach mbíonn státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE i gceist le socruithe um maoiniú réitigh, ba cheart don Choimisiún, d'fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, measúnú a dhéanamh ar na bearta sin ar analach Airteagal 107 CFAE. Mura bhfuil gá le fógra faoi Airteagal 108 CFAE toisc nach bhfuil aon státchabhair de bhun Airteagal 107 CFAE i gceist leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as an gCiste ag an mBord, ba cheart don Choimisiún, d'fhonn sláine an mhargaidh inmheánaigh idir Ballstáit ar rannpháirtithe iad agus Ballstáit nach rannpháirtithe iad a áirithiú, na rialacha ábhartha maidir le státchabhair faoi Airteagal 107 CFAE a chur i bhfeidhm ar análach agus iad ag measúnú na húsáide atá beartaithe a bhaint as an gCiste. Ní chinnfidh an Bord ar scéim réitigh go mbeidh sé áirithe ag an gCoimisiún, ar análach na rialacha maidir le státchabhair, go bhfuil úsáid an Chiste ag cloí leis na rialacha céanna is infheidhme i leith idirghabháil a dhéanamh le socruithe náisiúnta um maoiniú.

(19)     D'fhonn a áirithiú go mbeidh an próiseas cinnteoireachta le linn réitigh go pras éifeachtúil, ba cheart gníomhaireacht ar leith de chuid an Aontais a bheith sa Bhord, gníomhaireacht a mbeadh struchtúr ar leith aici a bheadh in oiriúint dá gcuid cúraimí agus nach mbeadh ar aon mhúnla le gníomhaireachtaí eile an Aontais. Ba cheart gach leas ábhartha sna próisis réitigh a chur san áireamh agus comhdhéanamh an Bhoird á cheapadh. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Bord i seisiúin feidhmiúcháin agus i séisiúin iomlánacha. Sa seisiún feidhmiúcháin dó, ba cheart é a bheith comhdhéanta de Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus de chuid an BCE. I bhfianaise mhisin an Bhoird, ba cheart gurbh í an Chomhairle, ar bhonn molta ón gCoimisiún agus i ndiaidh don Pharlaimint a tuairim a chur uaithi, a cheapfadh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Leas‑Fheidhmiúcháin. Agus réiteach bainc nó grúpaí banc atá bunaithe laistigh d'aon Bhallstát ar rannpháirtí é á phlé aige, ba cheart don Bhord, sa seisiún feidhmiúcháin dó, fios a chur ar an mball arna cheapadh ag an mBallstát lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht dá údarás náisiúnta réitigh agus ról a thabhairt dó sa phróiseas cinnteoireachta. Agus grúpa trasteorann á phlé, ba cheart fios a chur freisin ar na baill arna gceapadh ag an mBallstát baile agus ag gach Ballstát aíochta lena mbaineann a dhéanann ionadaíocht ar na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha agus ról a thabhairt dóibh i bpróiseas cinnteoireachta sheisiúin feidhmiúcháin an Bhoird. Mar sin féin, ba cheart gurb ionann tionchar d'údaráis bhaile agus d'údaráis aíochta ar an gcinneadh, agus dá bhrí sin níor cheart ach an t‑aon vóta amháin in éineacht a bheith ag údaráis óstacha. Féadfar iarraidh ar bhreathnadóirí, lena n‑áirítear ionadaí den Sásra Eorpach um Chobhsaíocht, freastal ar chruinnithe den Bhord freisin.

(20)     I bhfianaise mhisin an Bhoird agus spriocanna an réitigh, ar cheann acu cosaint cistí poiblí, ba cheart feidhmiú an Bhoird a mhaoiniú le ranníocaíochtaí instititiúidí na mBallstát ar rannpháirtithe iad.

(21)     Nuair is ábhartha, ba cheart don Bhord agus don Choimisiún áit na n‑údarás náisiúnta réitigh arna n‑aimniú faoi Threoir [ ] a ghlacadh a fhad a bhaineann le gach gné den phróiseas cinnteoireachta maidir le réiteach. Ba cheart go leanfadh na húdaráis náisiúnta réitigh arna n‑ainmniú faoi Threoir [ ] de bheith ag déanamh gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme scéimeanna réitigh atá glactha ag an mBord. D'fhonn an trédhearcacht agus rialú daonlathach a áirithiú agus d'fhonn cearta na n‑institiúidí Eorpacha a chosaint, ba cheart an Bord a bheith inchuntais chun Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle as aon chinntí a dhéanann sé ar bhonn an togra seo. Ar na cúiseanna céanna sin, eadhaon an trédhearcacht agus an rialú daonlathach, ba cheart cearta áirithe a bheith ag parlaimintí náisiúnta faisnéis a fháil faoi ghníomhaíochtaí an Bhoird agus dul i mbun dialóige leis.

(22)     I gcás ina ndéantar foráil le Treoir [ ] maidir leis an bhféidearthacht a bheith ag na húdaráis náisiúnta réitigh oibleagáidí simplithe nó tarscaoiltí a chur i bhfeidhm maidir leis an gceanglas pleananna réitigh a dhréachtú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta trína bhféadfadh an Bord úsáid oibleagáidí simplithe den sórt sin a údarú.

(23)     D'fhonn a áirithiú go mbeidh cur chuige aonfhoirmeach ann i leith institiúidí agus grúpaí ba cheart cumhacht a thabhairt don Bhord pleananna réitigh a dhréachtú d'institiúidí agus do ghrúpaí. Ba  cheart don Bhord measúnú a dhéanamh ar inréiteacht institiúidí agus grúpaí, agus bearta a ghlacadh chun baic le hinréiteacht a bhaint, más ann dóibh. Ba cheart go gcuirfeadh an Bord ceanglas ar na húdaráis náisiúnta réitigh na bearta oiriúnacha sin a chur i bhfeidhm chun baic le hinréiteacht a bhaint féachaint comhleanúnachas agus inréiteacht na n‑institiúidí lena mbaineann a áirithiú.

(24)     Cuid riachtanach de réiteach éifeachtach a dhéanamh is ea pleanáil réitigh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an mBord a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúr agus ar eagrú institiúidí nó grúpaí d'fhonn baic phraiticiúla le húsáid uirlisí réitigh a bhaint agus inréiteacht na n‑eintiteas lena mbaineann a áirithiú. Ó tharla go bhféadfadh tábhacht shistéamach a bheith ag gach institiúid, tá sé ríthábhachtach, d'fhonn cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go bhféadfaidh na húdaráis aon institiúid a réiteach. D'fhonn urraim a thabhairt don cheart chun gnó a sheoladh atá leagtha síos le hAirteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ba cheart discréid an Bhoird a bheith teoranta dá bhfuil riachtanach le simpliú a dhéanamh ar struchtúr agus ar oibríochtaí na hinstitiúide ar mhaithe lena dhéanamh níos inréitithe, agus ar mhaithe leis sin amháin. Ina theannta sin, ba cheart aon bhearta a fhorchuirtear chuige sin a bheith comhchuí le dlí an Aontais. Níor cheart aon bheart a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras a bhaineann le náisiúntacht, agus ba cheart pobal-leas sáraitheach na cobhsaíochta airgeadais a bheith d'údar leo. D'fhonn a cinneadh an ar mhaithe le leas coiteann an phobail a rinneadh beart, ba cheart go bhféadfadh an Bord, ag gníomhú dó ar son leas coiteann an phobail, na cuspóirí réitigh a bhaint amach gan baic a bheith air ó thaobh úsáid na n‑uirlisí réitigh ná a chumais na cumhachtaí a tugadh dó a fheidhmiú. Ina theannta sin, níor cheart aon bheart dul thar an méid is lú a bhfuil gá leis chun na cuspóirí a bhaint amach.

(25)     Ba cheart an sásra aonair réitigh a thógáil ar chreat Threoir [ ] agus ar chreat an tsásra maoirseachta aonair. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Bhord idirghabháil a dhéanamh ag céim luath i gcás ina bhfuil staid airgeadais nó sócmhainneacht institiúide ag meathlú. Beidh an fhaisnéis a gheobhaidh an Bord ó na húdaráis náisiúnta réitigh nó ón BCE ag an gcéim sin ríthábhacht ó thaobh cinneadh ar an mbeart a d'fhéadfadh sé a dhéanamh d'fhonn réiteach na hinstitiúide lena mbaineann a ullmhú.

(26)     D'fhonn a áirithiú go ndéanfar beart réitigh nuair is gá, ba cheart don Bhord, i gcomhar leis an údarás inniúil ábhartha nó leis an BCE, géarfhaireachán a dhéanamh ar staid na n‑institiúidí lena mbaineann agus ar an gcaoi a bhfuil na hinstitiúidí sin ag comhlíonadh aon bhirt luath‑idirghabhála a rinneadh ina leith.

(27)     D'fhonn cur isteach ar an margadh airgeadais agus ar an ngeilleagar a laghdú a oiread is féidir é, ba cheart an próiseas réitigh a chur i gcrích laistigh d'achar gearr ama. Ba cheart rochtain a bheith ag an gCoimisiún, ó thús deireadh an phróisis réitigh, ar aon fhaisnéis a measann sé gá a bheith léi chun cinneadh eolasach a dhéanamh sa phróiseas réitigh. I gcás ina gcinneann an Coimisiún ar institiúid a chur faoi réiteach, ba cheart don Choimisiún scéim réitigh a ghlacadh láithreach lena leagfar síos sonraí na n‑uirlisí réitigh agus na cumhachtaí atá le húsáid, agus aon socruithe um maoiniú atá le húsáid.

(28)     Dá ndéanfaí institiúid a mbeadh ag cliseadh uirthi a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta d'fhéadfaí an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol, d'fhéadfaí cur as do sholáthar seirbhísí riachtanacha, agus d'fhéadfaí difear a dhéanamh do chosaint taisceoirí. Sa chás sin is le leas an phobail é uirlisí réitigh a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith de chuspóir ag réiteach a dhéanamh leanúnachas seirbhísí riachtanacha a áirithiú, cobhsaíocht an chórais airgeadais a chaomhnú, baol morálta a laghdú trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais poiblí a thugtar d'institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a laghdú a oiread is féidir é, agus taisceoirí a chosaint.

(29)     Mar sin féin, ba cheart cuimhneamh ar institiúid dhócmhainneach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta sula ndéantar cinneadh í a choinneáil ag dul mar ghnóthas leantach.  Ba cheart institiúid dhócmhainneach a choinneáil ag dul mar ghnóthas leantach chun críche na cobhsaíochta airgeadais, agus a oiread úsáide is féidir é á baint as cistí príobháideacha chuige sin. D'fhéadfaí sin a dhéanamh trína dhíol nó trína chumasc le ceannaitheoir de chuid na hearnála príobháidí, nó trí bhíthin dliteanais na hinstitiúide a dhíluacháil nó a cuid fiachais a chomhshó ina cothromas chun athchaipitliú a dhéanamh.

(30)     Agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún agus don Bhord deimhin a dhéanamh de go n‑iompróidh scarshealbhóirí agus creidiúnaithe cuid chuí de na caillteanais, go n‑athrófar an lucht bainstíochta, agus go laghdófar costais réitigh na hinstitiúide a oiread is fhéidir é, agus go gcaithfear ar an dóigh chéanna le creidiúnaithe uile institiúide dócmhainní ar creidiúnaithe den aicme chéanna iad.

(31)     Ba cheart na srianta ar chearta scarshealbhóirí agus creidiúnaithe a bheith i gcomhréir le hAirteagal 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Dá bhrí sin, níor cheart na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach maidir leis na hinstitiúidí sin a bhfuil ag cliseadh orthu nó is dóigh a mhainneoidh, agus nuair is gá sin chun cuspóir na cobhsaíochta airgeadais a bhaint amach ar son an leasa choitinn. Go háirithe, ba cheart na huirlísí réitigh a úsáid i gcás nach féidir an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta gan an córas airgeadais a dhíchobhsú agus i gcás ina bhfuil gá leis na bearta d'fhonn aistriú gasta agus leanúnachas feidhmeanna a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a áirithiú agus i gcás nach bhfuil aon dóchúlacht réasúnach ann go dtiocfar ar réiteach eile príobháideach, lena n‑áirítear na scarshealbhóirí atá ann cheana nó aon tríú páirtí an caipiteal a mheadú ar shlí a d'fhágfadh go bhféadfaí inmharthanacht na hinstitiúide a athbhunú.

(32)     Níor cheart cur isteach ar cheart maoine a bheith díréireach. Dá thoradh sin, níor cheart gur mhó na caillteanais a thabhódh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh tráth déanta an chinnidh maidir le réiteach. I gcás páirtaistriú sócmhainní institiúide atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig institiúid idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den institiúid atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. D'fhonn scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide atá ann cheana a chosaint le linn na nósanna imeachta réitigh, ba cheart go mbeidís i dteideal a fháil mar íocaíocht a n‑éileamh méid nach lú ná an méid a mheastar a gheobhaidís ar ais dá ndéanfaí an institiúid ina hiomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(33)     D'fhonn ceart scairshealbhóirí a chosaint agus féachaint chuige nach bhfaighidh creidiúnaithe níos lú ná a gheobhaidís de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus ba cheart leordhóthain ama a thabhairt chun a mheasúnú cén chaoi a gcaithfí leo dá ndéanfaí an institiúid a scor de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go bhféadfaí tús a chur leis an measúnú sin go luath i gcéim na hidirghabhála. Sula ndéantar aon bheart réitigh, ba cheart meastachán a dhéanamh ar luach iomlán shócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide agus measúnú ar an gcaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(34)     Tá sé tábhachtach caillteanais a shainaithint nuair a chliseann ar institiúid. Is éard ba cheart a bheith ina threoir rialaithe ag an luacháil ar shócmhainní agus dliteanais institiúidí a bhfuil ag cliseadh uirthi a luach margaidh tráth a úsáidtear na huirlísí réitigh, nuair atá na margaí ag feidhmiú i gceart. Nuair nach bhfuil na margaí mífheidhmiúil amach is amach, is de réir luach fadtéarmach eacnamaíoch na sócmhainní agus na ndliteanas, agus údar tugtha leis sin an luach sin, ba cheart an luacháil a dhéanamh. Ba cheart go bhféadfadh an Bord, ar chúiseanna práinne, luacháil ghasta shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi, agus ba cheart feidhm a bheith ag an luacháil sin nó go ndéantar luacháil neamhspleách.

(35)     D'fhonn a áirithiú go leanfaidh an nós imeachta réitigh de bheith oibiachtúil agus cinnte, is gá an t‑ord a leagan síos inar cheart éilimh neamhurraithe creidiúnaithe ar institiúid atá faoi réiteach a díluacháil nó a chomhshó. D'fhonn srian a chur leis an mbaol go dtabhóidh creidiúnaithe caillteanais is mó ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart an t‑ord sin a bheith infheidhme i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta agus sa phróiseas díluachála nó comhshó arna dhéanamh mar chuid de réiteach. D'éascódh sin praghsáil fiachais.

(36)     Ba cheart don Choimisiún creat an bhirt réitigh a bheadh le déanamh de réir chúinsí an cháis a chur ar fáil agus ba cheart go bhféadfadh sé na huirlisí réitigh uile ba ghá a úsáid a ainmniú. Faoi chuimsiú an chreata shoiléir bheaicht sin, ba cheart don Bhord cinneadh ar mhionsonraí na scéime réitigh. Ar na huirlisí réitigh ábhartha ba cheart a bheith an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis institiúide idirlinne, an uirlis athshnámhaithe, an uirlis deighilte sócmhainní, uirlisí a ndéantar foráil maidir leo le Treoir [ ]. Ba cheart go bhfágfadh an creat go bhféadfaí a mheas an bhfuil na coinníollacha maidir le díluacháil agus comhshó na n‑ionstraimí caipitil á gcomhlíonadh.

(37)     Ba cheart go bhfágfadh an uirlis díolacháin ghnó go bhféadfaí an institiúid nó codanna dá gnó a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí.

(38)     Ba cheart go bhfágfadh an uirlis deighilte sócmhainní go bhféadfadh na húdaráis sócmhainní tearcfheidhmíochta nó lagaithe a aistriú chuig meán eile. Níor cheart an uirlis sin a úsáid ach amháin in éineacht le huirlisí eile ionas nach mbeidh buntáiste míchuí san iomaíocht ag an institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi.

(39)     Ba cheart go n‑íoslaghdódh córas éifeachtach réitigh na costais a iompraíonn an cáiníocóir de thoradh réiteach institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi. Ina theannta sin, ba cheart go n‑áiritheodh an córas go bhféadfaí fiú amháin institiúidí móra a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a réiteach gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Baineann an uirlis athshnámhaithe an cuspóir sin amach trína áirithiú go dtiocfaidh caillteanais iomchuí ar scairshealbhóirí agus creidiúnaithe agus go n‑iompróidh siad sciar iomchuí de na costais sin. Chuige sin, ba cheart cumhachtaí díluachála reachtacha a bheith ina gcuid den chreat réitigh mar rogha bhreise is féidir a úsáid in éineacht le huirlisí eile réitigh, mar atá molta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

(40)     D'fhonn a áirithiú go mbeidh an tsolúbhthacht is gá ann chun caillteanais a leithdháileadh ar chreidiúnaithe i gcineálacha éagsúla cásanna, is iomchuí a bheith in ann an uirlis athshnámhaithe a úsáid i gcás inarb é an cuspóir atáthar ag iarraidh a bhaint amach an institiúid a bhfuil ag cliseadh uirthi a réiteach mar ghnóthas leantach má tá fíorsheans ann go bhféadfar inmharthanacht na hinstitiúide a athbhunú, agus chomh leis sin i gcás ina ndéantar seirbhísí a bhfuil tábhacht shistéamach ag baint leo a aistriú go hinstitiúid idirlinne agus go scoireann cuid iarmharach na hinstitiúide de bheith ag feidhmiú go bhfoirceanntar í.

(41)     I gcás ina n‑úsáidtear uirlis athshnámhaithe chun caipitil na hinstitiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi a athbhunú d'fhonn é a chur ar a cumas a bheith ag feidhmiú mar ghnóthas leantach, ba cheart a bheith ag gabháil le haon réiteach trí bhíthin athshnámhú athrú an luchta bainistíochta agus ina dhiaidh sin athstruchtúrú na hinstitiúide agus a cuid gníomhaíochtaí ar dhóigh a leigheasfar na cúiseanna lena cliseadh. Ba cheart t‑athstruchtúrú a bhaint amach trí phlean atheagrucháin ghnó a chur i bhfeidhm.

(42)     Níl sé iomchuí an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir le héilimh atá urraithe, comhthaobhaithe nó ráthaithe ar bhealach eile. Mar sin féin, d'fhonn a chinntiú go mbeidh an uirlis athshnámhaithe éifeachtach agus go mbainfidh sé amach a cuid cuspóirí, ba cheart go bhféadfaí í a chur i bhfeidhm maidir lena oiread cineálacha dliteanas neamhurraithe de chuid institiúide a bhfuil ag cliseadh uirthi agus is féidir é. Mar sin féin, is iomchuí cineálacha áirithe dliteanas neamhurraithe a eisiamh ó raon feidhme na huirlise athshnámhaithe. Ar chúiseanna a bhaineann le beartas poiblí agus réiteach éifeachtach, níor cheart feidhm a bheith ag an uirlis athshnámhaithe maidir leis na taiscí sin atá faoi chosaint ag Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[15], ná dliteanais fostaithe de chuid na hinstitiúide a bhfuil ag teip uirthi, ná éilimh thráchtála a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a theastaíonn le haghaidh fheidhmiú leathúil na hinstitiúide.

(43)     Taisceoirí a bhfuil taiscí acu atá faoi ráthaíocht ag scéim ráthaithe taiscí, níor cheart an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir leo. Is amhlaidh, áfach, atá an scéim ráthaithe taiscí ina cuidiú an próiseas réitigh a mhaoiniú, suas go dtí an méid a chaithfeadh sí na taisceoirí a shlánú. Chinnteodh feidhmiú na gcumhachtaí athshnámhaithe go mbeadh rochtain i gcónaí ag taisceoirí ar a gcuid taiscí, agus is é sin an phríomhchúis ar bunaíodh na scéimeanna ráthaithe taiscí. Mura ndéanfaí foráil maidir le feidhmiú na scéimeanna sin sna cásanna sin bheadh buntáiste eagothrom ag creidiúnaithe a bheadh faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí ag an údarás réitigh.

(44)     D'fhonn comhroinnt ualaigh idir scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha a chur i bhfeidhm, mar a cheanglaítear leis na rialacha maidir le Státchabhair, d'fhéadfadh feidhm a bheith ag an sásra aonair réitigh, ar analach, nuair a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, maidir leis an uirlis athshnámhaithe.

(45)     Ionas nach gcuirfidh institiúidí struchtúr ar a gcuid dliteanas a bhacfadh éifeachtacht na huirlise athshnámhaithe, ba cheart go bhféadfadh an Bord a shuíomh go bhfuil ag na hinstitiúidí, agus é sloinnte mar chéatadán de dhliteanais iomlána na hinstitiúide, méid comhiomlán de chistí dílse, d'fhofhiachas, agus de dhliteanais shinsearacha atá faoi réir na huirlise athshnámhaithe, nach cistí dílse iad chun críche Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[16] ná chun críche Threoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa [17]agus ón gComhairle, ar nithe iad sin ba cheart a bheith ag na hinstitiúidí i gcónaí.

(46)     Is i bhfianaise chúinsí an cháis i gceist ba cheart an modh is fearr réitigh a roghnú, agus chuige sin ba cheart gach uirlis réitigh dá bhforáiltear le Treoir [ ] a chur ar fáil.

(47)     Le Treoir [ ] tugtar d'údaráis náisiúnta réitigh an chumhacht ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó, de bhrí go bhféadfadh na coinníollacha maidir le díluacháil agus comhshó ionstraimí capitil a bheith mar an gcéanna leis na coinníollacha réitigh agus sa chás sin tá measúnú le déanamh féachaint an bhfuil díluacháil agus comhshó na n‑ionstraimí caipitil leordhóthanach ann féin le sláine airgeadais an eintitis lena mbaineann a athbhunú nó an gá beart réitigh a dhéanamh freisin. De ghnáth úsáidfear an chumhacht sin mar chuid de réiteach. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún áit na n‑údarás réitigh a fhad a bhaineann leis an bhfeidhm seo freisin, agus dá bhrí sin ba cheart a thabhairt de chumhacht dó measúnú a dhéanamh ar cé acu atá na coinníollacha maidir le dílucháil agus comhshó na n‑ionstraimí caipitil á gcomhlíonadh nó nach bhfuil agus cinneadh a dhéanamh maidir le heintiteas a chur faoi réiteach, má tá na ceanglais maidir le réiteach á gcomhlíonadh freisin.

(48)     Ba cheart éifeachtacht agus aonfhoirmeacht beart réitigh a áirithiú sna Ballstáit uile ar rannpháirtithe iad. Chuige sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Bhord, i gcásanna eisceachtúla agus i gcás nach bhfuil curtha i bhfeidhm nó nach bhfuil curtha i bhfeidhm go leordhóthanach ag údarás náisiúnta réitigh cinneadh ón mBord maidir le cearta, sócmhainní nó dliteanais de chuid institiúide faoi réiteach a aistriú chuig duine eile nó cinneadh uaidh ag ceangal comhshó ionstraimí fiachais ina bhfuil téarma conarthach i leith comhshó a dhéanamh i gcúinsí áirithe. Aon bheart a dhéanfadh údaráis náisiúnta réitigh a chuirfeadh srian ar fheidhmiú chumhachtaí nó feidhmeanna an Bhoird nó a dhéanfadh difear dóibh, ba cheart iad a eisiamh.

(49)     D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an tsásra aonair réitigh, ba cheart don Bhord oibriú i ndlúthchomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach i ngach uile chás. Nuair is iomchuí, ba cheart don Bhord oibriú i gcomhar freisin leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, agus leis na húdaráis eile ar cuid den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais iad. Ina theannta sin, ba cheart don Bhord oibriú i ndlúthchomhar leis an BCE agus le húdaráis eile a bhfuil sé de chumhacht acu maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa laistigh den sásra maoirseachta aonair, go háirithe i gcás grúpaí atá faoi réir mhaoirseacht an BCE. D'fhonn an próiseas réitigh bainc a bhfuil ag cliseadh uirthi a bhainistiú go héifeachtach, ba cheart don Bhord oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta réitigh i ngach céim den phróiseas réitigh. Dá bhrí sin, is gá oibriú i gcomhar leis na húdaráis sin ní amháin ní amháin nuair atá cinntí réitigh an Bhoird á gcur chun feidhme, ach ina theannta sin roimh ghlacadh aon chinneadh maidir le réiteach, le linn chéim phleanáil an réitigh nó le linn céim na luath‑idirghabhála.

(50)     Ó tharla go bhfuil an Bord ceaptha áit údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad a ghlacadh a fhad a bhaineann le cinntí maidir le réiteach, ba cheart go nglacfadh an Bord áit na n‑údarás sin a fhad a bhaineann le comhar le Ballstáit nach rannpháirtithe iad ó thaobh feidhmeanna réitigh freisin. Go háirithe, ba cheart don Bhord ionadaíocht a dhéanamh d'údarás uile na mBallstát ar rannpháirtithe iad sna coláistí réitigh, lena n‑áirítear údaráis de chuid Ballstát nach rannpháirtithe iad.

(51)     Ó tharla go mbíonn go leor institiúidí ag feidhmiú ní amháin san Aontas, ach go hidirnáisiúnta freisin, ní mór do shásra réitigh, le bheith éifeachtach, prionsabail i leith comhair le húdaráis ábhartha tríú tíortha a leagan amach. Aon tacaíocht a thugtar d'údaráis tríú tíortha, is i gcomréir leis an gcreat dlí dá bhforáiltear le hAirteagal 88 de Threoir [ ] ba cheart í a thabhairt. Chun na críche sin, ó tharla gur cheart an Bord a bheith ar an aon údarás a mbeadh sé de chumhacht aige bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Bhord, agus dó-san amhain, comhaontais neamhcheangailteacha comhair le húdaráis sin na dtríú tíortha, thar ceann údaráis náisiúnta na mBallstát ar rannpháirtithe iad.

(52)     D'fhonn a cuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach, ba cheart cumhachtaí iomchuí imscrúdaithe a bheith ag an mBord. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gach faisnéis is gá a iarraidh go díreach, nó trí údaráis náisiúnta réitigh, agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, nuair is iomchuí i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla. A fhad a bhaineann le réiteach a dhéanamh, d'fhéadfadh an Bord dul i mbun cigireachtaí ar an láthair chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme ag údaráis náisiúnta agus d'fhonn a chinntiú ar bhonn faisnéis lánchruinn a dhéanfaidh an Coimisiún agus an Bord a gcuid cinntí.

(53)     D'fhonn a chinntiú go mbeidh rochtain ag an mBord ar gach faisnéis ábhartha, níor cheart go bhféadfadh na fostaithe dul in iontaoibh rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil chun cosc a chur ar nochtadh faisnéise don Bhord.

(54)     D'fhonn a chinntiú go n‑urramófar cinntí arna nglacadh faoi chuimsiú chreat an tsásra aonair réitigh, ba cheart smachtbhannaí comhréireacha athchomhairleacha a fhorchur i gcás sárú. Ba cheart an bord a bheith i dteideal treoir a thabhairt d'údaráis náisiúnta réitigh fíneálacha nó íocaíochtaí píonóis thréimhsiúla a fhorchur ar ghóthais as gan na hoibleagáidí a thagann as a gcuid cinntí a chomhlíonadh. D'fhonn cleachtais fhorfheidhmiúcháin atá comhleanúnach, éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú, ba cheart an Bord a bheith i dteideal treoirlínte a eisiúint chuig údaráis náisiúnta réitigh maidir le cur i bhfeidhm fíneálacha agus íocaíochtaí píonóis.

(55)     I gcás ina sáraíonn údarás náisiúnta réitigh rialacha an tsásra aonair réitigh trí gan na cumhachtaí a úsáid arna dtabhairt dó de réir dlí náisiúnta chun treoir ón mBord a chur chun feidhme, féadfaidh an Ballstáit lena mbaineann a bheith faoi dhliteanas aon damáiste a dhéantar do dhaoine aonair a chúiteamh, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme, maidir leis an eintiteas nó maidir leis an ngrúpa faoi réiteach, nó aon damáiste a dhéantar do chreidiúnaí nó d'aon chuid den eintiteas nó den ghrúpa sin in aon Bhallstát, i gcomhréir leis an gcásdlí sin.

(56)     Ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos lena rialófar buiséad an Bhoird, ullmhú an bhuiséid, glacadh rialacha inmheánacha lena sonrófar an nós imeachta i ndáil lena bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme, agus iniúchadh inmheánach agus seachtrach na gcuntas.

(57)     Tá imthosca ann ina bhféadfaidh éifeachtúlacht na n‑uirlisí réitigh arna gcur i bhfeidhm a bheith ag brath ar mhaoiniú gearrthéarmach a bheith ar fáil don institiúid nó d'institiúid idirlinne, ar ráthaíochtaí a thabhairt do cheannaitheoirí ionchasacha, nó ar sholáthar caipitil d'institiúid idirlinne. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, ciste a bhunú chun a áirithiú nach n‑úsáidtear cistí poiblí chun na gcríoch sin.

(58)     Ní mór a áirithiú go bhfuil iomlán an Chiste ar fáil chun institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Dá bhrí sin, níor cheart an Ciste a úsáid chun críche eile seachas cur chun feidhme éifeachtúil uirlisí agus cumhachtaí réitigh. Ina theannta sin, níor cheart é a úsáid ach i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail réitigh is infheidhme. Dá réir sin, ba cheart don Bhord a áirithiú gurb iad scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a íocann i dtús báire aon chaillteanais, costais nó aon speansais eile a thabhaítear i dtaobh úsáid na n‑uirlisí réitigh. Níor cheart don Chiste na caillteanais, costais ná speansais eile a íoc ach i gcás ina bhfuil na hacmhainní ó scairshealbhóirí agus ó chreidiúnaithe ídithe.

(59)     Go ginearálta, ba cheart ranníocaíochtaí a bhailiú ón tionscal airgeadais roimh aon oibríocht réitigh agus neamhspleách ar aon oibríocht réitigh. Nuair nach leor réamh‑mhaoiniú chun na caillteanais ná na costais arna dtabhú le húsáid an Chiste a chumhdach, ba cheart ranníocaíochtaí breise a thiomsú chun an costas nó caillteanas breise a iompar. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Ciste in ann iasachtaí nó cineálacha eile tacaíochta a fháil faoi chonradh ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile i gcás nach leor na cistí atá ar fáil dó chun na caillteanais, na costais agus na speanais eile arna dtabhú le húsáid an Chiste a chumhdach, agus i gcás nach bhfuil rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí urghnácha ex post.

(60)     Chun mais chriticiúil a bhaint amach agus chun éifeachtaí comh‑thimthriallacha a sheachaint, a thiocfadh chun cinn dá mbeadh ar an gCiste a bheith ag brath ar ranníocaíochtaí ex post amháin le linn géarchéime sistéamaí, ní foláir acmhainní airgeadais an Chiste atá ar fáil ex ante a bheith ar spriocleibhéal áirithe.

(61)     Ba cheart tréimhse iomchuí a shocrú chun an spriocleibhéal maoiniúcháin a bhaint amach don Chiste. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh an Bord in ann tréimhse na ranníocaíochta a choigeartú chun eisíocaíochtaí suntasacha arna ndéanamh as an gCiste a chur san áireamh.

(62)     I gcás ina bhfuil socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh bunaithe cheana féin ag na Ballstáit ar rannpháirtithe iad, ba cheart dóibh a bheith in ann foráil a dhéanamh go n‑úsáidfidh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh, arna mbailiú ó institiúidí roimhe sin trí bhíthin ranníocaíochtaí ex ante, chun institiúidí a chúiteamh i leith na ranníocaíochtaí ex ante is ceart do na hinstitiúidí sin a íoc isteach sa Chiste. Ba cheart an aisíocaíocht sin a bheith gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát de réir Threoir 94/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18].

(63)     D'fhonn a áirithiú go ndéantar ríomh cothrom ar ranníocaíochtaí agus chun dreasachtaí a sholáthar le hoibriú de réir samhla lena mbaineann níos lú riosca, ba cheart a áireamh i ranníocaíochtaí leis an gCiste an méid riosca a thabhaíonn institiúidí creidmheasa.

(64)     D'fhonn a áirithiú go roinntear costais réitigh go cuí idir scéimeanna ráthaithe taiscí agus an Ciste, féadfaidh an scéim ráthaithe taiscí a bhfuil institiúid faoi réiteach cleamhnaithe léi a bheith faoi dhliteanas, suas le méid na dtaiscí cumhdaithe, i ndáil le méid na gcaillteanas a mbeadh uirthi a íoc dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(65)     D'fhonn luach na méideanna atá sa Chiste a chosaint, ba cheart na méideanna sin a infheistiú i sócmhainní atá sábháilte a ndóthain, éagsúlaithe agus leachtach.

(66)     Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE d'fhonn an cineál ranníocaíochta leis an gCiste a chinneadh, cad chuige na ranníocaíochtaí, an bealach ina ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus an bealach ina bhfuil siad le híoc; rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú agus eile a shonrú chun a áirithiú go n‑íoctar ranníocaíochtaí ina n‑iomláine agus go tráthúil; an córas ranníocaíochtaí a chinneadh d’institiúidí atá údaraithe oibriú tar éis don Chiste a spriocleibhéal a bhaint amach; na critéir a chinneadh i ndáil leis na ranníocaíochtaí a dhéanamh i dtráthchodanna de réir a chéile; na himthosca a chinneadh faoinar féidir ranníocaíochtaí a dhéanamh roimh ré; na critéir lena mbunaítear na ranníocaíochtaí bliantúla a chinneadh; na bearta a chinneadh lena sonrófar na himthosca agus na rialacha mionsonraithe faoinar féidir institiúid a dhíolmhú i bpáirt nó ina hiomláine ó ranníocaíochtaí ex post, agus na bearta chun na cúinsí agus na rialacha mionsonraithe a shonrú faoinar féidir institiúid a dhíolmhú i bpáirt nó ina hiomláine ó ranníocaíochtaí ex post.

(67)     D'fhonn rúndacht obair an Bhoird a chaomhnú, ba cheart a bhaill, foireann an Bhoird, lena n‑áirítear an fhoireann a mhalartaítear leis na Ballstáit ar rannpháirtithe iad, nó a thugtar ar iasacht dóibh chun críche dualgais réitigh a thabhairt i gcrích, a bheith faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais. Chun críche na cúraimí arna dtabhairt dó a thabhairt i gcrích, ba cheart an Bord a údarú, faoi réir coinníollacha áirithe, faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta nó de chuid an Aontais.

(68)     D'fhonn a áirithiú go ndéantar ionadaíocht ar an mBord sa Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a leasú chun an Bord a áirithiú i gcoincheap na n‑údarás inniúil arna bhunú leis an Rialachán sin. Tá an comhshamhlú sin idir an Bord agus na húdaráis inniúil de bhun Rialachán Uimh. 1093/2010 ag teacht leis na feidhmeanna atá sannta don BCE de bhun Airteagal 25 de Rialachán Uimh. 1093/2010 cuidiú le forbairt agus comhordú pleananna téarnaimh agus réitigh, agus páirt ghníomhach a ghlacadh iontu, agus díriú ar réiteach na n‑institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, go háirithe grúpaí trasteorann,  a éascú.

(69)     Go dtí go mbeidh an Bord lánoibríochtúil, ba cheart don Choimisiún bheith freagrach as na hoibríochtaí tosaigh lena n‑áirítear na ranníocaíochtaí a bhailiú is gá chun speansais riaracháin a chumhdach, agus stiúrthóir feidhmiúcháin eatramhach a ainmniú chun na híocaíochtaí ar fad is gá a údarú thar ceann an Bhoird.

(70)     Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon an ceart chun maoine, sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun gnóthas a chur ar bun, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus ní mór é a chur chun feidhme i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(71)     Ós rud é nach féidir cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon creat aonair Eorpach atá éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú chun institiúidí creidmheasa a réiteach, agus a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le réiteach i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CUID I FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach chun na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach, ar eintitis iad atá bunaithe sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad dá dtagraítear in Airteagal 4.

Cuirfidh an Coimisiún i gcomhar le Bord agus údaráis réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad na rialacha aonfhoirmeacha agus an nós imeachta aonfhoirmeach sin i bhfeidhm faoi chuimsiú sásra aonair réitigh arna bhunú leis an Rialachán seo. Tacóidh ciste aonair réitigh banc (an 'Ciste' anseo feasta) leis an sásra aonair réitigh.

Airteagal 2 Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a) institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad;

(b) máthairghnóthais atá bunaithe i gceann amháin de na Ballstáit rannpháirteacha, lena n‑áirítear cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha nuair atá siad faoi réir maoirseachta comhdhlúite arna déanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(i) de Rialachán (AE) Uimh. [] lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa;

(c) gnólachtaí infheistíochta agus institiúidí airgeadais atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad nuair atá siad cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite an mháthairghnóthais arna déanamh ag an BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(i) de Rialachán (AE) Uimh. [] ón gComhairle.

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 2 de Threoir [ ] agus in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[19]. Ina theannta sin, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'údarás náisiúnta inniúil' aon údarás náisiúnta inniúil mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle;

(2) ciallaíonn 'údarás náisiúnta réitigh' údarás arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir [ ] ;

(3) ciallaíonn 'beart réitigh' uirlis réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú ina leith;

(4) ciallaíonn 'taiscí cumhdaithe' taiscí atá ráthaithe faoi scéimeanna ráthaithe taiscí de réir dlí náisiúnta i gcomhréir le Treoir 94/19/CE agus suas leis an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 7 de Threoir 94/19/CE;

(5) ciallaíonn 'taiscí incháilithe' taiscí mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 de Threoir 94/19/CE nach n‑eisiatar ó chosaint de réir Airteagal 2 den Treoir sin, is cuma cén méid atá iontu;

(6) ciallaíonn 'údarás réitigh ar leibhéal grúpa' údarás náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar rannpháirtí é agus ina bhfuil an institiúid, nó an máthairghnóthas atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite bunaithe;

(7) ciallaíonn 'institiúid chreidmheasa' institiúid chreidmheasa mar atá sainmhínithe i bpointe (1) d'Airteagal 4(1) de Rialachán 575/2013[20];

(8) ciallaíonn 'gnólacht infheistíochta' gnólacht infheistíochta mar atá sainmhínithe i bpointe (2) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá faoi réir cheanglas an chaipitil tosaigh atá sonraithe in Airteagal 9 den Rialachán sin;

(9) ciallaíonn 'institiúid airgeadais' institiúid airgeadais mar atá sainmhínithe i bpointe (26) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(10) ciallaíonn 'máthairghnóthas' máthairghnóthas mar atá sainmhínithe i bpointe (15) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n‑áirítear institiúid, cuideachta shealbhaíochta airgeadais nó cuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha;

(11) ciallaíonn 'institiúid faoi réiteach' eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a ndéantar beart réitigh ina leith;

(12) ciallaíonn 'institiúid' institiúid chreidmheasa, nó gnólacht infheistíochta atá cumhdaithe faoi mhaoirseacht chomhdhlúite i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 2;

(13) ciallaíonn 'grúpa' máthairghnóthas agus a fhochuideachtaí, arb eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 iad;

(14) ciallaíonn 'fochuideachtaí' fochuideachta mar atá sainmhínithe i bpointe (16) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(15) ciallaíonn 'uirlis díolacháin ghnó' ionstraimí úinéireachta, nó sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a aistriú chuig ceannaitheoir nach institiúid idirlinne é;

(16) ciallaíonn 'uirlis institiúide idirlinne' sócmhainní, cearta nó dliteanais institiúide a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a aistriú chuig institiúid idirlinne;

(17) ciallaíonn 'uirlis deighilte sócmhainní' sócmhainní agus cearta institiúide a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a aistriú chuig meán bainistíochta sócmhainní;

(18) ciallaíonn 'uirlis athshnámhaithe' cumhachtaí díluachála agus comhshó dliteanas institiúide a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach;

(19) ciallaíonn 'acmhainní airgeadais atá ar fáil' an t‑airgead tirim, na taiscí, na sócmhainní agus na gealltanais íocaíochta neamh‑inchúlghairthe atá ar fáil don Chiste chun na gcríoch atá liostaithe faoi Airteagal 74;

(20) ciallaíonn 'spriocleibhéal maoiniúcháin' méid na n‑acmhainní airgeadais atá ar fáil a bheidh le baint amach de réir Airteagal 68.

Airteagal 4 Ballstáit ar rannpháirtithe iad

Ballstát ar rannpháirtí é is ea Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige nó Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige ach a bhfuil dlúthchomhar bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle.

Airteagal 5 Gaol le Treoir [ ] agus an dlí náisiúnta is infheidhme

1.           I gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún nó an Bord, de bhua an Rialacháin seo, cúraimí nó cumhachtaí atá le feidhmiú, de réir Threoir [ ] ag údarás náisiúnta réitigh Ballstáit ar rannpháirtí é, measfar, d'fhonn an Rialachán seo agus Treoir [ ] a chur i bhfeidhm, gurb é an Bord an t‑údarás náisiúnta réitigh ábhartha nó, i gcás réitigh grúpa trasteorann, an t‑údarás náisiúnta ábhartha réitigh ar leibhéal grúpa.

2.           Feidhmeoidh an Bord, nuair atá sé ag feidhmiú mar údarás náisiúnta réitigh, faoi údarú an Choimisiúin, nuair is ábhartha.

3.           Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, feidhmeoidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar rannpháirtí é ar bhonn fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta, agus i gcomhréir leis na forálacha sin, mar atá comhchuibhithe le Treoir [ ].

Airteagal 6 Prionsabail ghinearálta

1.           Ní dhéanfaidh aon bheart, togra nó beartas de chuid an Bhoird, an Choimisiúin ná údaráis náisiúnta réitigh idirdhealú i gcoinne na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcoinne sealbhóirí taiscí, infheisteoirí ná creidiúnaithe eile atá bunaithe san Aontas, ar bhonn a náisiúntachta nó a n‑áite gnó.

2.           Agus é ag déanamh cinntí nó i mbun beart a dhéanamh, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar níos mó ná Ballstát rannpháirteach amháin, agus go háirithe agus é ag déanamh cinntí a bhaineann le grúpaí atá bunaithe in dhá Bhallstát rannpháirteacha nó níos mó, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na fachtóirí seo a leanas ar fad:

(a) leasanna na mBallstát ar rannpháirtithe iad ina n‑oibríonn grúpa agus go háirithe tionchar aon chinnidh nó birt nó neamhbhirt i ndáil leis an gcobhsaíocht airgeadais, an geilleagar, an scéim ráthaithe taiscí nó an scéim cúitimh d'infheisteoirí in aon cheann de na Ballstáit sin;

(b) cuspóir leasanna na mBallstát éagsúil atá bainteach a chomhardú agus dochar éagothrom do leasanna an Bhallstáit ar rannpháirtí é a sheachaint nó cosaint éagothrom na leasanna sin a sheachaint;

(c) an gá atá le tionchar diúltach a sheachaint i gcás codanna eile de ghrúpa ar ball de eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 é, agus atá faoi réir réitigh;

(d) an gá atá le méadú díréireach ar na costais arna bhforchur i leith creidiúnaithe na n‑eintiteas sin dá dtagraítear in Airteagal 2 a sheachaint, sa mhéad go mbeadh an méadú sin níos mó ná an méadú a bheadh tabhaithe acu dá mbeadh na heintitis sin faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(e) na cinntí atá le déanamh de réir Airteagal 107 CFAE agus dá dtagraítear in Airteagal 16(10).

3.           Déanfaidh an Coimisiún na tosca dá dtagraítear i mír 2 a chomhardú leis na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 12 de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus imthosca gach cáis.

4.           Ní cheanglóidh aon chinneadh de chuid an Bhoird ná an Choimisiúin ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar.

CUID II FORÁLACHA SONRACHA

TEIDEAL I

Feidhmeanna faoi chuimsiú an tSásra Aonair Réitigh agus rialacha nós imeachta

Caibidil 1

Pleanáil réitigh

Airteagal 7 Pleananna réitigh

1.           Déanfaidh an Bord pleananna réitigh a tharraingt suas do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus do ghrúpaí.

2.           Chun críocha mhír 1, agus gan dochar do Chaibidil 5 den Teideal seo, cuirfidh na húdaráis náisiúnta réitigh ar aghaidh chuig an mBord an fhaisnéis ar fad is gá chun na pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, mar a fuair siad an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 12(1) de Threoir [ ].

3.           Leagfar amach sa phlean réitigh roghanna chun na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.

4.           Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na bearta réitigh a fhéadfaidh an Coimisiún agus an Bord a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa na coinníollacha maidir le réiteach. Tabharfar aird sa phlean réitigh ar raon cásanna lena n‑áirítear go bhféadfadh cliseadh a bheith neamhghnách nó go bhféadfadh sé tarlú tráth éagobhsaíochta airgeadais níos leithne nó tráth teagmhas sistéamach. Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh go bhfuil aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo.

5.           Beidh na nithe seo a leanas ar fad sa phlean réitigh:

(a) achoimre ar phríomheilimintí an phlean;

(b) achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an institiúid a tharla tar éis an fhaisnéis is déanaí faoin réiteach a bheith comhdaithe;

(c) léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas a áirithiú i gcás chliseadh na hinstitiúide;

(d) meastachán ar an tréimhse ama chun gach gné ábhartha den phlean a fhorfheidhmiú;

(e) tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréiteacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8;

(f) tuairisc ar aon bhearta is gá de bhun Airteagal 8(5) chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó chun deireadh a chur leo;

(g) tuairisc ar na próisis chun an luach agus an indíoltacht a chinneadh i ndáil le feidhmeanna criticiúla, croílínte gnó agus sócmhainní na hinstitiúide;

(h) tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a éilítear de bhun Airteagal 8 cothrom le dáta agus ar fáil do na húdaráis réitigh an t‑am ar fad;

(i) míniú ón údarás réitigh maidir le conas a d’fhéadfaí na roghanna réitigh a mhaoiniú gan aon toimhdiú i ndáil le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;

(j) tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann;

(k) tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla;

(l) anailís ar thionchar an phlean ar institiúidí eile laistigh den ghrúpa;

(m) tuairisc ar roghanna chun rochtain ar íocaíochtaí agus seirbhísí imréitigh agus bonneagair eile a chaomhnú;

(n) plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal;

(o) an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha a cheanglaítear de bhun Airteagal 10 agus sprioc‑am chun an leibhéal sin a bhaint amach, más infheidhme;

(p) más infheidhme, an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus uirlisí athshnámhaithe conarthacha de bhun Airteagal 10, agus sprioc‑am chun an leibhéal sin a bhaint amach, más infheidhme;

(q) tuairisc ar oibríochtaí agus córais riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta na hinstitiúide a choinneáil;

(r) tuairisc ar an tionchar a bheadh ag cur chun feidhme an phlean ar fhostaithe, lena n‑áirítear measúnú ar aon chostais lena mbaineann.

6.           I bpleananna réitigh grúpa beidh plean maidir le réiteach an ghrúpa ina iomláine agus sainaithneoidh siad bearta le haghaidh réiteach na máthairghnóthas agus na bhfochuideachtaí atá mar chuid den ghrúpa.

7.           Déanfaidh an Bord na pleananna réitigh a tharraingt suas i gcomhar leis an maoirseoir nó leis an maoirseoir comhdhlúthaithe agus le húdaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad agus ina bhfuil na heintitis bunaithe.

8.           Féadfaidh an Bord a cheangal ar údaráis náisiúnta réitigh réamhdhréachtaí de phleananna réitigh a ullmhú agus a cheangal ar an údarás réitigh ar leibhéal grúpa réamhdhréacht de phlean réitigh grúpa a ullmhú.

9.           Déanfar athbhreithniú ar phleananna réitigh, agus más iomchuí tabharfar cothrom le dáta iad, go bliantúil ar a laghad agus tar éis aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó ar a gnó nó a staid airgeadais a d’fhéadfadh éifeacht ábhartha a bheith acu nó athrú a éileamh ar an bplean.

Airteagal 8 Measúnú ar inréiteacht

1.           Agus an Bord ag dréachtú pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 7, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, lena n‑áirítear an BCE, agus údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí tábhachtacha lonnaithe, a mhéid atá sé ábhartha don bhrainse tábhachtach sin, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir institiúidí agus grúpaí a réiteach gan toimhdiú i ndáil le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a bheith ann seachas úsáid an Chiste a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 64.

2.           Agus plean réitigh á dhréachtú aige do na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, déanfaidh an Bord measúnú ar a mhéid is féidir eintiteas den sórt sin a réiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir eintiteas a réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag an údarás réitigh é a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh éagsúla a chur i bhfeidhm air gan iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do chórais airgeadais, lena n‑áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eintiteas suite, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d’fhonn a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla a dhéanann an t‑eintiteas.

3.           Agus an Bord ag dréachtú pleananna réitigh do ghrúpaí, déanfaidh sé measúnú ar a mhéid is féidir grúpaí a réiteach i gcomhréir leis an Rialachán seo. Measfar gur féidir grúpa a réiteach má tá sé indéanta agus inchreidte ag na húdaráis réitigh grúpeintitis a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó grúpeintitis a réiteach trí na huirlisí agus cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm maidir le grúpeintitis gan iarmhairtí díobhálacha suntasacha a bheith ann do chórais airgeadais, lena n‑áirítear imthosca ina bhfuil éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha, na mBallstát ina bhfuil eintitis ar cuid de ghrúpa iad suite, nó na mBallstát eile, nó an Aontais ann agus d’fhonn a áirithiú go leanfar d’fheidhmeanna criticiúla a dhéanann na heintitis sin, mar gur féidir iad a dheighilt go héasca agus go tráthúil nó ar bhealach eile.

4.           Chun críche an mheasúnaithe, scrúdóidh an Bord na hábhair atá sonraithe i Roinn C den Iarscríbhinn de Threoir [ ] ar a laghad.

5.           Más rud é, de bhun measúnaithe ar inréiteacht eintitis nó grúpa arna dhéanamh i gcomhréir le mír 2 agus mír 3, agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, lena n‑áirítear an BCE, go gcinnfidh an Bord go bhféadfadh baic shuntasacha a bheith ann ar inréiteacht an eintitis nó an ghrúpa sin, ullmhóidh an Bord tuarascáil, i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, agus díreoidh sé í ar an institiúid nó máthairghnóthas atá i mbun anailíse ar na baic shuntasacha ar chur i bhfeidhm éifeachtach na n‑uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh. Molfar sa tuarascáil sin freisin aon bhearta is gá nó is iomchuí, dar leis an mBord, chun deireadh a chur leis na baic sin i gcomhréir le mír 8.

6.           Tabharfar fógra faoin tuarascáil don eintiteas nó máthairghnóthas lena mbaineann, do na húdaráis inniúla agus d’údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí tábhachtacha lonnaithe. Ag gabháil leis an tuarascáil sin beidh cúiseanna leis an measúnú nó cinneadh lena mbaineann agus léireofar conas a chomhlíonann an measúnú nó cinneadh sin an ceanglas maidir le cur i bhfeidhm comhréireach atá leagtha amach in Airteagal 6.

7.           Laistigh de cheithre mhí tar éis an tuarascáil a fháil, féadfaidh an t‑eintiteas nó máthairghnóthas barúlacha a chur isteach agus bearta malartacha a mholadh don Bhord chun na baic atá sainaitheanta sa tuarascáil a réiteach. Cuirfidh an Bord aon bheart a mholann an t‑eintiteas nó máthairghnóthas in iúl do na húdaráis inniúla agus d’údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteacha ina bhfuil brainsí tábhachtacha lonnaithe.

8.           Mura gcuirfear deireadh leis na baic ar inréiteacht trí na bearta a mholann an t‑eintiteas nó máthairghnóthas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus, más iomchuí, leis an údarás macrastuamachta, ina léireofar nach leor na bearta atá molta le deireadh éifeachtach a chur leis na baic ar inréiteacht, agus ina dtabharfar treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh a cheangal ar an institiúid, an máthairghnóthas, nó aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, aon bhearta atá liostaithe i mír 9 a dhéanamh, bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(a) éifeachtacht an bhirt chun deireadh a chur leis na baic ar inréiteacht;

(b) an gá atá le tionchar diúltach ar chobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad a sheachaint;

(c) an gá tionchar ar an institiúid nó ar an ngrúpa lena mbaineann a sheachaint, rud a rachadh thar a bhfuil riachtanach chun deireadh a chur leis an mbac ar inréiteacht nó a bheadh díréireach.

9.           Chun críche mhír 8, tabharfaidh an Bord treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh:

(a) a cheangal ar an eintiteas comhaontuithe seirbhíse a tharraingt suas (laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe) chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b) a cheangal ar an eintiteas a neamhchosaintí uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c) ceanglais faisnéise shonracha nó rialta atá ábhartha chun críocha réitigh a fhorchur;

(d) a cheangal ar an eintiteas sócmhainní sonracha a dhífheistiú;

(e) a cheangal ar an eintiteas gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó a stopadh;

(f) forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó díol táirgí nua nó táirgí atá ann cheana a shrianadh nó a chosc;

(g) athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochta an eintitis nó aon eintitis atá i ngrúpa, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun castacht a laghdú lena áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(h) a cheangal ar eintiteas máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a bhunú i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais a bhunú ar leibhéal an Aontais;

(i) a cheangal ar eintiteas dliteanais inghlactha a eisiúint chun ceanglais Airteagal 10 a chomhlíonadh;

(j) a cheangal ar eintiteas iarracht a dhéanamh aon dliteanas inghlactha, ionstraim bhreise Leibhéal 1 nó ionstraim Leibhéal 2 atá eisithe aige a chaibidliú an athuair, d’fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh an Choimisiúin an dliteanas nó an ionstraim sin a dhíluacháil nó a chomhshó faoi dhlí na dlínse a rialaíonn an dliteanas nó an ionstraim sin.

10.         Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26.

Airteagal 9 Oibleagáidí simplithe agus tarscaoiltí

1.           Féadfaidh an Bord, ar a thionscnamh féin nó ar thogra ó údarás náisiúnta réitigh, oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le dréachtú na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 7, nó an oibleagáid maidir le dréachtú na bpleananna sin a tharscoileadh.

2.           Féadfaidh údaráis náisiúnta réitigh a mholadh don Bhord oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm nó an oibleagáid maidir le pleananna réitigh a dhréachtú a tharscaoileadh i gcás institiúidí nó grúpaí sonracha. Tabharfar cúiseanna réasúnaithe leis an togra sin agus beidh an doiciméadacht ábhartha ar fad ag gabháil leis.

3.           Tar éis dó togra a fháil de bhun mhír 1, nó agus é ag gníomhú ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú ar na hinstitiúidí nó ar an ngrúpa lena mbaineann. Le linn an measúnú sin a dhéanamh, tabharfar aird ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cliseadh na hinstitiúide nó an ghrúpa ar mhargaí airgeadais, ar institiúidí eile, nó ar choinníollacha maidir le maoiniú, de dheasca an chineáil ghnó atá ar siúl aige nó aici, na méide atá ann nó inti nó na hidircheangailteachta le hinstitiúidí eile nó leis an gcóras airgeadais i gcoitinne.

4.           Déanfaidh an Bord measúnú ar chur i bhfeidhm leanúnach na dtarscaoiltí ar bhonn bliantúil ar a laghad agus ón dáta a thugtar an tarscaoileadh nó tar éis athrú ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil, nó ar staideanna gnó nó airgeadais na hinstitiúide nó an ghrúpa lena mbaineann. Ní thabharfaidh an Bord tarscaoiltí d’institiúid i gcásanna ina bhfuil ceann amháin nó níos mó d’fhochuideachtaí nó de bhrainsí tábhachtacha ag an institiúid sin i mBallstát eile nó i dtríú tír.

Ní chuirfidh an Bord oibleagáidí simplithe i bhfeidhm ná ní tharscaoilfidh sé an oibleagáid maidir le pleananna réitigh a dhréachtú a thuilleadh murab ann a thuilleadh d’aon cheann de na himthosca faoinar cuireadh bonn cirt leo.

I gcás ina measann an t‑údarás náisiúnta réitigh, a mhol an oibleagáid shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a thabhairt i gcomhréir le mír 1, nach mór an cinneadh maidir le hoibleagáid shimplithe a chur i bhfeidhm nó tarscaoileadh a thabhairt a tharraingt siar, cuirfidh sé togra faoi bhráid an Bhoird chun na críche sin. Sa chás sin, déanfaidh an Bord cinneadh maidir leis an tarraingt siar atá beartaithe agus cuirfidh sé an bonn cirt leis an tarraingt siar a thug an t‑údarás náisiúnta réitigh, i bhfianaise na n‑eilimintí atá leagtha amach i mír 3, san áireamh go hiomlán.

5.           Féadfaidh an Bord, i gcomhréir le mír 3 agus mír 4, maidir leis an oibleagáid i ndáil le pleananna téarnaimh a dhréachtú, tarscaoileadh a thabhairt d’institiúidí aonair atá cleamhnaithe le comhlacht lárnach i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir 2013/36/AE agus atá díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais stuamachta sa dlí náisiúnta i gcomhréir le  hAirteagal 2(5) de Threoir 2013/36/AE. Sa chás sin, is ar bhonn comhdhlúite maidir leis an gcomhlacht lárnach a bheidh feidhm ag an oibleagáid i ndáil leis an bplean réitigh a dhréachtú.

6.           Féadfaidh an Bord, i dtaca le cur i bhfeidhm na hoibleagáide i ndáil le pleananna réitigh a dhréachtú, tarscaoileadh a thabhairt d’institiúidí ar cuid de scéim chosanta institiúideach iad i gcomhréir le hAirteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Agus cinneadh á dhéanamh aige tarscaoileadh a thabhairt d’institiúid ar cuid de scéim chosanta institiúideach í, déanfaidh an Bord a mheas cé chomh dhóichí atá sé go mbeidh an scéim cosanta institiúideach in ann freastal ar na héilimh chomhuaineacha a bheidh ar an scéim maidir lena baill.

7.           Cuirfidh an Bord an ÚBE ar an eolas faoi mar atá míreanna 1, 4 agus 5 curtha i bhfeidhm aige.

Airteagal 10 An t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha

1.           Cinnfidh an Bord, i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear an BCE, an t‑íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais inghlactha, dá dtagraítear i mír 2, faoi réir cumhachtaí díluachála agus comhshó, a mbeidh ar na hinstitiúidí agus na máthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 a chomhlíonadh.

2.           Déanfar an t‑íoscheanglas a ríomh mar mhéid na gcistí dílse agus na ndliteanas inghlactha arna sloinneadh mar chéatadán d'iomlán na ndliteanas agus na gcistí dílse, gan dliteanais a thagann as díorthaigh a áireamh, atá ag na hinstitiúidí agus na máthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2.

3.           Déanfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a) an gá a áirithiú gur féidir an institiúid agus máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach trí na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm lena n‑áirítear, más iomchuí, an uirlis athshnámhaithe, ar dhóigh a chomhlíonann na cuspóirí réitigh;

(b) an gá a áirithiú, i gcásanna iomchuí, go bhfuil dliteanais inghlactha leordhóthanacha ag an institiúid agus an máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun a áirithiú, dá gcuirfí an uirlis athshnámhaithe i bhfeidhm, go bhféadfaí caillteanais a iompar agus cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú ar leibhéal is gá ionas gur féidir leis nó léi leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé nó sí údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus muinín leordhóthanach an mhargaidh as an institiúid agus máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 a choinneáil;

(c) an gá a áirithiú, má réamh‑mheastar sa phlean réitigh go bhféadfadh sé nach mbeadh aicmí áirithe de dhliteanais inghlactha san áireamh san athshnámhú faoi Airteagal 24(5), nó go ndéanfaí aicmí áirithe de dhliteanais inghlactha a aistriú go hiomlán chuig faighteoir faoi pháirtaistriú, go bhfuil dliteanais inghlactha leordhóthanacha eile ag an institiúid agus máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2 chun a áirithiú go bhféadfaí caillteanais a iompar agus go bhféadfaí cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú ar leibhéal is gá ionas gur féidir leis nó léi leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé nó sí údaraithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(d) méid, samhail ghnó agus próifíl riosca na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2, lena n‑áirítear a cistí dílse nó a chistí dílse;

(e) a mhéid a d’fhéadfadh an Scéim Ráthaithe Taiscí rannchuidiú le maoiniú réitigh i gcomhréir le hAirteagal 73;

(f) a mhéid tionchair dhíobhálaigh a bheadh ag cliseadh na hinstitiúide agus an mháthairghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 2 ar chobhsaíocht airgeadais, lena n‑áirítear, de dheasca a hidircheangailteachta le hinstitiúidí eile, nó leis an gcuid eile den chóras airgeadais toisc na héifeachta gabhála ar institiúidí eile.

Sonrófar sa chinneadh sin an t‑íoscheanglas a mbeidh ar na hinstitiúidí a chomhlíonadh ar bhonn aonair, agus a mbeidh ar mháthairghnóthais a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite. Féadfaidh an Bord a chinneadh an t‑íoscheanglas a tharscaoileadh ar bhonn comhdhlúite don mháthairghnóthas ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 39(4ca) de Threoir [ ]. Féadfaidh an Bord a chinneadh tarscaoileadh maidir leis an íoscheanglas a thabhairt ar bhonn comhdhlúite d’fhochuideachta ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i bpointí (a) go (c) d’Airteagal 39(4d) de Threoir [ ].

4.           Sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1 d’fhéadfaí foráil a dhéanamh go ndéanfar an t‑íoscheanglas i ndáil le cistí dílse agus dliteanais inghlactha a chomhlíonadh go páirteach, ar bhonn comhdhlúite nó ar bhonn aonair, trí uirlis athshnámhaithe chonarthach.

5.           Chun cáiliú mar uirlis athshnámhaithe chonarthach faoi mhír 4, ní mór don Bhord a bheith sásta:

(a) go bhfuil téarma conarthach san uirlis ar an gcoinníoll, i gcás ina gcinneann an Coimisiún an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an institiúid sin, go ndíluachálfar an uirlis nó go gcomhshófar í a mhéid is gá sula ndíluachálfar nó sula gcomhshófar dliteanais inghlactha eile; agus

(b) go bhfuil an uirlis faoi réir comhaontaithe, gealltanais nó forála atá fo‑ordaithe agus ceangailteach agus faoina bhfuil sí rangaithe, i gcás gnáthimeachtaí dócmhainneachta, faoi bhun dliteanas inghlactha eile agus nach féidir í a aisíoc go dtí go socraítear na dliteanais inghlactha eile atá gan íoc an tráth sin.

6.           Déanfaidh an Bord aon chinneadh dá dtagraítear faoi mhír 1 le linn dó pleananna réitigh a fhorbairt agus a chothabháil de bhun Airteagal 7.

7.           Díreoidh an Bord a chinneadh ar na húdaráis náisiúnta réitigh. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26. Cuirfidh an Bord ceangal ar na húdaráis náisiúnta réitigh a fhíorú agus a áirithiú go gcoinneoidh na hinstitiúidí agus na máthairghnóthais an t‑íoscheanglas dá bhforáiltear i mír 1.

8.           Cuirfidh an Bord an BCE agus an ÚBE ar an eolas faoin íoscheanglas atá cinnte aige do gach institiúid agus máthairghnóthas faoi mhír 1.

Caibidil 2

Luath‑idirghabháil

Airteagal 11 Luath‑idirghabháil

1.           Cuirfidh an BCE nó údaráis inniúla na mBallstát ar rannpháirtithe iad an Bord ar an eolas faoi aon bheart a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar ghrúpa a dhéanamh nó a dhéanann siad féin de bhun Airteagal 13b de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle, de bhun Airteagal 23(1) nó Airteagal 24 de Threoir [ ], nó de bhun Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE.

Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis atá faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.

2.           Ón dáta tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil, agus gan dochar do chumhachtaí an BCE agus na n‑údarás inniúil i gcomhréir le dlí eile an Aontais, féadfaidh an Bord ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, déanfaidh an Bord dlúthfhaireachán, i gcomhar leis an BCE agus leis an údarás inniúil ábhartha, ar choinníollacha na hinstitiúide nó an mháthairghnóthais, agus ar chomhlíonadh aon bhirt luath‑idirghabhála a bhfuil ceangal orthu a dhéanamh.

3.           Beidh sé de chumhacht ag an mBord:

(a) an fhaisnéis ar fad is gá chun ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa a cheangal i gcomhréir le Caibidil 5 den Teideal seo;

(b) luacháil a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide nó an ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 17;

(c) dul i dteagmháil le ceannaitheoirí ionchasacha chun ullmhú do réiteach na hinstitiúide nó an ghrúpa, nó a cheangal ar an institiúid, ar an máthairghnóthas, nó ar an údarás náisiúnta réitigh a dhéanamh amhlaidh, faoi réir chomhlíonadh na gceanglas maidir le rúndacht a leagtar síos leis an Rialachán seo agus le hAirteagal 76 de Threoir [ ];

(d) a cheangal ar an údarás náisiúnta réitigh ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don institiúid nó grúpa lena mbaineann.

4.           Má bheartaíonn an BCE nó údaráis inniúla na mBallstát ar rannpháirtithe iad aon bheart breise faoi Airteagal 13b de Rialachán (AE) Uimh. [ ] ón gComhairle nó faoi Airteagal 23 nó Airteagal 24 de Threoir [ ] nó faoi Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE a fhorchur ar institiúid nó ar ghrúpa roimh an chéad bheart ar tugadh fógra don Bhord ina leith a bheith comhlíonta ag an institiúid nó grúpa, rachaidh siad i gcomhairle leis an mBord, roimh aon bheart breise den sórt sin a fhorchur ar an institiúid nó grúpa lena mbaineann.

5.           Déanfaidh an BCE nó an t‑údarás inniúil, agus an Bord a áirithiú go mbeidh an beart breise dá dtagraítear i mír 4 agus aon bheart ón mBord a bhfuil d’aidhm leis réiteach a ullmhú faoi mhír 2 comhsheamhach.

Caibidil 3

Réiteach

Airteagal 12 Cuspóirí réitigh

1.           Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16, tabharfaidh an Coimisiún agus an Bord aird, i ndáil lena bhfreagrachtaí faoi seach, ar na cuspóirí réitigh, agus roghnóidh siad na huirlisí agus na cumhachtaí is fearr, dar leo féin, lenar féidir na cuspóirí atá ábhartha maidir le himthosca an cháis a bhaint amach.

2.           Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1:

(a) leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b) éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, lena n‑áirítear éifeacht ghabhála a sheachaint, agus smacht an mhargaidh a choinneáil;

(c) cistí poiblí a chosaint tríd an méid a bhítear ag brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú;

(d) taisceoirí atá cumhdaithe faoi Threoir 94/19/CE agus infheisteoirí atá cumhdaithe faoi Threoir 97/9/CE[21] a chosaint.

Agus iad ag gabháil do na cuspóirí thuas, féachfaidh an Coimisiún agus an Bord le díluacháil neamhriachtanach a sheachaint agus an costas a bhaineann le réiteach a íoslaghdú.

3.           Caithfidh an Coimisiún go cothrom leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 de réir mar is iomchuí i ndáil le cineál agus imthosca gach cáis ar leith.

Airteagal 13 Prionsabail ghinearálta lena rialaítear réiteach

1.           Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh an Coimisiún agus an Bord na bearta ar fad is iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an beart réitigh i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) gurb iad scairshealbhóirí na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais;

(b) gurb iad creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a n‑éileamh de bhun Airteagal 15;

(c) go gcuirfear bainistíocht na hinstitiúide faoi réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina meastar, de réir mar is iomchuí i ndáil leis na himthosca, é a bheith riachtanach an bhainistíocht a choinneáil, ina hiomláine nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(d) i gcomhréir leis an bpróiseas dlí cuí, go mbeidh daoine aonair agus eintitis freagrach as cliseadh na hinstitiúide faoi réiteach a mhéid a bhaineann sé lena bhfreagracht faoin dlí náisiúnta;

(e) go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe ón aicme chéanna;

(f) nach dtabhóidh aon chreidiúnaí caillteanais níos mó ná na caillteanais a thabhófaí dá bhfoirceannfaí an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.           I gcás inar eintiteas atá i ngrúpa í an institiúid, cuirfidh an Coimisiún, más infheidhme, agus an Bord uirlisí réitigh i bhfeidhm agus feidhmeoidh siad cumhachtaí réitigh ar dhóigh ina n‑íoslaghdaítear an tionchar ar eintitis eile atá sa ghrúpa agus ar an ngrúpa ina iomláine agus ina n‑íoslaghdaítear an tionchar díobhálach ar chobhsaíocht airgeadais san Aontas agus go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil an grúpa ag oibriú.

3.           I gcás ina gcuirtear an uirlis díolacháin ghnó, an uirlis institiúide idirlinne nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, measfar an t‑eintiteas sin a bheith faoi réir imeachtaí féimheachta nó imeachtaí analógacha dócmhainneachta chun críocha Airteagal 5(1) de Threoir 2001/23/CE[22].

Airteagal 14 Institiúidí airgeadais agus máthairghnóthais a réiteach

1.           Déanfaidh an Coimisiún beart réitigh maidir le hinstitiúid airgeadais, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá sonraithe in Airteagal 16(2) i ndáil leis an institiúid airgeadais agus i ndáil leis an máthairghnóthas.

2.           Déanfaidh an Coimisiún beart réitigh maidir le máthairghnóthas dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha atá sonraithe in Airteagal 16(2) i ndáil leis an máthairghnóthas sin agus i ndáil le ceann amháin nó níos mó d’fhochuideachtaí ar institiúidí iad.

3.           De mhaolú ar mhír 2 agus d’ainneoin go bhféadfadh sé nach gcomhlíonfadh máthairghnóthas na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16(2), féadfaidh an Coimisiún beart réitigh a dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas sin i gcás ina gcomhlíonann fochuideachta amháin nó níos mó ar institiúidí iad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16(2) agus i gcás inar gá beart a dhéanamh i ndáil leis an máthairghnóthas sin maidir le réiteach fochuideachta amháin nó níos mó ar institiúidí iad nó maidir le réiteach an ghrúpa ina iomláine.

Airteagal 15 Ord tosaíochta na n‑éileamh

Le linn an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid faoi réiteach, agus gan dochar do na dliteanais nach bhfuil san áireamh san uirlis athshnámhaithe faoi Airteagal 24(3), déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoina cumhachtaí díluachála agus comhshó ar éilimh, agus feidhmeoidh an Bord agus údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad na cumhachtaí sin, de réir oird tosaíochta atá droim ar ais ar an ord seo a leanas maidir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta:

(a) éilimh a bhaineann le taiscí incháilithe agus éilimh ó scéimeanna ráthaithe taiscí;

(b) éilimh neamhthosaíochta gan urrús;

(c) éilimh fho‑ordaithe seachas na héilimh sin atá luaite i bpointí (d) go (f);

(d) éilimh ó fheidhmeannaigh shinsearacha agus ó stiúrthóirí;

(e) éilimh a bhaineann le hionstraimí breise Leibhéal 1 agus ionstraimí Leibhéal 2;

(f) éilimh a bhaineann le hionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1;

ag tosú ar phointe (f) agus ag críochnú ar phointe (a).

Airteagal 16 Nós imeachta réitigh

1.           I gcás ina measann an BCE nó údarás náisiúnta réitigh go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 comhlíonta maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.

2.           Tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun mhír 1, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Bord measúnú ar chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go gclisfear air;

(b) ag féachaint don uainiú agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach ná aon bheart malartach maoirseachta (lena n‑áirítear bearta luath‑idirghabhála nó díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 14), a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach;

(c) is gá beart réitigh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 4.

3.           Chun críocha phointe (a) de mhír 2, meastar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfear air in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) tá na ceanglais chun leanúint d’údarú á sárú ag an eintiteas nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go sáróidh an t‑eintiteas na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le tarraingt siar an údaraithe ag an BCE nó ag an údarás inniúil lena n‑áirítear de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an eintiteas nó gur dócha go dtabhóidh an t‑eintiteas caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan a bheith teoranta don chúis sin amháin;

(b) tá sócmhainní an eintitis níos lú ná dliteanais an eintitis nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé amach anseo;

(c) níl an t‑eintiteas in ann na fiacha atá air a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite nó tá eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh gurb amhlaidh a bheidh sé amach anseo;

(d) tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ach amháin, chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, go bhfuil an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(i)      ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais de réir choinníollacha na mbanc ceannais;

(ii)      ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua‑eisithe;

(iii)     instealladh cistí dílse nó ceannach ionstraimí caipitil ar phraghsanna agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste don eintiteas, i gcás nach ann do na himthosca atá leagtha amach i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 ná do na himthosca atá leagtha amach in Airteagal 14 tráth a thugtar an tacaíocht phoiblí.

I ngach ceann de na cásanna atá luaite i bpointí (i), (ii) agus (iii) beidh an ráthaíocht nó na bearta coibhéiseacha dá dtagraítear iontu teoranta d’eintitis shócmhainneacha agus beidh siad faoi réir formheasa faoi na rialacha maidir le Státchabhair. Beidh na bearta sin de chineál réamhchúramach agus sealadach agus beidh siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas agus ní úsáidfear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an eintiteas, nó ar dócha é go dtabhófar iad amach anseo, a chúiteamh.

4.           Chun críocha phointe (c) de mhír 2, caithfear le beart réitigh mar a chaithfí le beart atá ar mhaithe le leas an phobail má bhaintear amach leis ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh mar atá sonraithe in Airteagal 12 agus é comhréireach leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin ar an gcaoi chéanna dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

5.           Má chomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 2, molfaidh an Bord don Choimisiún an t‑eintiteas a chur faoi réiteach. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa mholadh:

(a) an moladh an t‑eintiteas a chur faoi réiteach;

(b) an creat maidir leis na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 19(3);

(c) an creat maidir le húsáid an Chiste chun tacaíocht a thabhairt don bheart réitigh i gcomhréir le hAirteagal 71.

6.           Ag féachaint do phráinn na n‑imthosca sa chás, déanfaidh an Coimisiún cinneadh, ar a thionscnamh féin nó tar éis dó an teachtaireacht dá dtagraítear i mír 1 nó an moladh ón mBord dá dtagraítear i mír 5, más ann dóibh, a chur san áireamh, i dtaca le cibé acu an t‑eintiteas a chur faoi réiteach nó gan é a chur faoi réiteach, agus i dtaca leis an gcreat maidir leis na huirlisí réitigh a chuirfear i bhfeidhm i ndáil leis an eintiteas lena mbaineann agus i ndáil le húsáid an Chiste chun tacaíocht a thabhairt don bheart réitigh. Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, cinneadh a dhéanamh eintiteas a chur faoi réiteach má chomhlíontar na coinníollacha ar fad dá dtagraítear i mír 2.

7.           Cuirfear cinneadh an Choimisiúin in iúl don Bhord. Má dhéanann an Coimisiún cinneadh gan an t‑eintiteas a chur faoi réiteach, toisc nach bhfuil an coinníoll atá leagtha síos i mír 2(c) comhlíonta, déanfar an t‑eintiteas lena mbaineann a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta dócmhainneachta.

8.           Faoi chuimsiú an chreata arna shocrú leis an gcinneadh ón gCoimisiún, déanfaidh an Bord cinneadh faoin scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20 agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh an beart réitigh is gá chun an scéim réitigh a chur i gcrích. Cuirfear cinneadh an Bhoird in iúl do na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha agus tabharfar treoir ann do na húdaráis sin, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 26, trí aon cheann de na cumhachtaí réitigh dá bhforáiltear i dTreoir [ ], go háirithe na cumhachtaí sin in Airteagail 56 go 64 den Treoir sin [ ], a fheidhmiú. Más ann do Státchabhair, ní fhéadfaidh an Bord cinneadh a dhéanamh ach tar éis cinneadh a bheith déanta ag an gCoimisiún faoin Státchabhair sin.

9.           Tar éis teachtaireacht a fháil de bhun mhír 1, nó ar a thionscnamh féin, má mheasann an Bord gur Státchabhair de bhun Airteagal 107(1) CFAE a d’fhéadfadh a bheith i mbearta réitigh, tabharfaidh sé cuireadh do na Ballstáit ar rannpháirtithe iad nó do na Ballstáit i gceist fógra a thabhairt láithreach don Choimisiún faoi na bearta atá beartaithe faoi Airteagal 108(3) CFAE.

10.         A mhéid a bhaineann an beart réitigh mar atá beartaithe ag an mBord le húsáid an Chiste agus nach mbaineann sé le Státchabhair a thabhairt de bhun Airteagal 107(1) CFAE, déanfaidh an Coimisiún na critéir, a bunaíodh chun Airteagal 107 CFAE a chur i bhfeidhm, a chur i bhfeidhm go comhthreomhar de réir analaí.

11.         Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún aon fhaisnéis a mheasann sé a bheith ábhartha chun a chúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus, más infheidhme, faoi Airteagal 107 CFAE, a fháil ón mBord. Beidh an chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le Caibidil 5 den Teideal seo, aon fhaisnéis is gá le gur féidir leis beart réitigh a ullmhú agus cinneadh a dhéanamh faoi, lena n‑áirítear faisnéis atá cothrom le dáta agus faisnéis fhorlíontach a thugtar sna pleananna réitigh, a fháil ó aon duine.

12.         Beidh an chumhacht ag an mBord a mholadh don Choimisiún an creat a leasú maidir leis na huirlisí réitigh agus maidir le húsáid an Chiste i ndáil le heintiteas a chuirtear faoi réiteach.

Airteagal 17 Luacháil

1.           Roimh don Bhord beart réitigh a dhéanamh nó an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó, áiritheoidh sé go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n‑áirítear an Bord, an t‑údarás réitigh, agus an t‑eintiteas lena mbaineann, luacháil chothrom agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.

2.           Faoi réir mhír 13, más rud é go gcomhlíontar na ceanglais ar fad atá leagtha síos i míreanna 3 go 14, measfar an luacháil a bheith cinntitheach.

3.           I gcás nach féidir luacháil neamhspleách a dhéanamh de réir mhír 1, féadfaidh an Bord luacháil shealadach a dhéanamh ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, i gcomhréir le forálacha mhír 9.

4.           Is é an cuspóir a bheidh leis an luacháil measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfear air.

5.           Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil:

(a) í a chur san áireamh chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó na n‑ionstraimí caipitil comhlíonta;

(b) i gcás ina bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach comhlíonta, í a chur san áireamh sa chinneadh faoin mbeart réitigh iomchuí atá le déanamh i ndáil leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;

(c) nuair a chuirfear an chumhacht chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta, agus méid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le hionstraimí caipitil ábhartha;

(d) nuair a chuirfear an uirlis athshnámhaithe i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le dliteanais inghlactha;

(e) nuair a chuirfear an uirlis institiúide idirlinne nó an uirlis deighilte sócmhainní i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi na sócmhainní, cearta, dliteanais nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá le haistriú agus sa chinneadh faoi luach aon chomaoine atá le híoc leis an institiúid faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, le húinéirí na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile;

(f) nuair a chuirfear an uirlis díolacháin ghnó i bhfeidhm, í a chur san áireamh sa chinneadh faoi na sócmhainní, cearta, dliteanais nó scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile atá le haistriú agus fógra a thabhairt faoi thuiscint an Bhoird ar céard is téarmaí tráchtála ann chun críocha Airteagal 21(2)(b);

(g) i ngach cás, a áirithiú go n‑aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 an tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm nó an tráth a fheidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó.

6.           Más infheidhme, beidh an luacháil bunaithe ar thoimhdí stuama, lena n‑áirítear i ndáil le rátaí mainneachtana agus an déine a bhaineann le caillteanais. Ní thoimhdeofar sa luacháil aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ón tráth a dhéanfar beart réitigh nó a fheidhmeofar an chumhacht chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó. Anuas air sin, más rud é go gcuirfear aon uirlis réitigh i bhfeidhm, cuirfear san áireamh sa luacháil:

(a) go bhféadfaidh an Bord aon chostais réasúnacha a thabhaítear mar is ceart ón institiúid faoi réiteach a ghnóthú;

(b) go bhféadfaidh an Ciste ús nó táillí a ghearradh i leith aon iasachtaí nó ráthaíochtaí a thugtar don institiúid faoi réiteach, i gcomhréir le hAirteagal 71.

7.           Déanfar an luacháil a fhorlíonadh leis an bhfaisnéis seo a leanas mar atá i leabhair chuntasaíochta agus i dtaifid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2:

(a) clár comhardaithe cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b) anailís agus meastachán ar luach cuntasaíochta na sócmhainní;

(c) liosta na ndliteanas atá gan íoc atá i leabhair agus i dtaifid an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, le tásc ar na creidiúintí faoi seach agus tosaíocht na n‑éileamh dá dtagraítear in Airteagal 15;

(d) liosta na sócmhainní atá ag an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 thar ceann na dtríú páirtithe a bhfuil cearta úinéireachta acu i ndáil leis na sócmhainní sin.

8.           Más iomchuí, chun cúiseanna réasúnaithe a thabhairt leis na cinntí dá dtagraítear i bpointe (e) agus i bpointe (f) de mhír 5, féadfar an fhaisnéis i bpointe (b) de mhír 7 a fhorlíonadh le hanailís agus meastachán ar an luach atá ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar bhonn luacha margaidh.

9.           Tabharfar le fios sa luacháil miondealú na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir le tosaíocht na n‑éileamh dá dtagraítear in Airteagal 15 agus meastachán ar conas a bheadh súil caitheamh le gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe, dá ndéanfaí an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

10.         I gcás nach féidir, de dheasca na práinne in imthosca an cháis, na ceanglais i mír 6 agus mír 8 a chomhlíonadh, nó i gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, déanfar luacháil shealadach. Comhlíonfaidh an luacháil shealadach na ceanglais i mír 4 agus, a mhéid is indéanta go réasúnach de réir imthosca an cháis, na ceanglais i míreanna 1, 7 agus 9.

Áireofar sa luacháil shealadach dá dtagraítear sa chéad fhomhír maolán i leith caillteanas breise, agus bonn cirt iomchuí ag gabháil leis.

11.         Measfar gur luacháil shealadach aon luacháil nach gcomhlíonann na ceanglais ar fad atá leagtha síos san Airteagal seo go dtí go mbeidh luacháil a chomhlíonann go hiomlán na ceanglais ar fad atá leagtha amach san Airteagal seo curtha i gcrích ag duine neamhspleách. Déanfar an luacháil chinntitheach ex post a luaithe is indéanta.

Beidh na cuspóirí seo a leanas leis an luacháil chinntitheach ex post:

(a) a áirithiú go mbeidh aon chaillteanais ar shócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 aitheanta go hiomlán i leabhair chuntasaíochta an eintitis sin;

(b) réasúnú a chur ar fáil maidir le cinneadh éilimh creidiúnaithe a aisiompú nó  luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 12.

12.         I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ex post ar ghlanluach sócmhainní an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an eintitis sin, féadfaidh an Bord a iarraidh ar an údarás náisiúnta réitigh:

(a) a chumhacht a fheidhmiú chun an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe atá díluacháilte faoin uirlis athshnámhaithe a mhéadú;

(b) treoir a thabhairt d’institiúid idirlinne nó do mheán bainistíochta sócmhainní íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, cearta agus dliteanais a dhéanamh leis an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 atá faoi réiteach, nó de réir mar a bheidh, i ndáil leis na scaireanna nó ionstraimí úinéireachta a dhéanamh le húinéirí na scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta.

13.         De mhaolú ar mhír 1, luacháil shealadach arna déanamh i gcomhréir le mír 10 agus mír 11, beidh sí ina bhunús bailí don Bhord chun bearta réitigh a dhéanamh nó chun cumhacht díluachála nó comhshó na n‑ionstraimí caipitil a fheidhmiú.

14.         Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil leis an luacháil agus céim nós imeachta a bheidh inti chun ullmhú don mholadh ón mBord uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó cumhacht réitigh a fheidhmiú.

15.         Comhlíonfaidh an luacháil na gníomhartha tarmligthe freisin maidir leis na himthosca ina bhfuil an duine neamhspleách, an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an luach atá ar shócmhainní agus dliteanais an eintitis, agus an mhodheolaíocht chun maolán a ríomh agus a chur san áireamh maidir le caillteanais bhreise sa luacháil shealadach arna glacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 30(7) de Threoir [ ].

16.         Tar éis éifeacht a bheith leis an mbeart réitigh, áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil chun a mheas an gcaithfí níos fearr le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá rachadh an institiúid faoi réiteach i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Beidh an luacháil sin ar leithligh ón luacháil arna déanamh faoi mhíreanna (1) go (14).

17.         Leis an luacháil dá dtagraítear i mír 16 cinnfear:

(a) an chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá rachadh an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, agus é faoi nós imeachta réitigh, agus a bhfuil an páirtaistriú, díluacháil nó comhshó déanta ina leith, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta láithreach bonn sula ndearnadh an t‑aistriú, an díluacháil nó an comhshó;

(b) an chaoi ar caitheadh dáiríre leis na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe i ndáil le réiteach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 faoin nós imeachta réitigh;

(c) an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) agus an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (b).

18.         Maidir leis an luacháil dá tagraítear i mír 16:

(a) glacfar leis go rachadh an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 faoin nós imeachta réitigh, a bhfuil an páirtaistriú, díluacháil nó comhshó déanta ina leith, i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta láithreach bonn sula gcuirfí an beart réitigh i bhfeidhm;

(b) glacfar leis nach ndearnadh an páirtaistriú/na páirtaistrithe i ndáil le cearta, sócmhainní nó dliteanais, ná an díluacháil ná an comhshó;

(c) ní thabharfar aird ar aon soláthar de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách  don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 faoin nós imeachta réitigh.

Airteagal 18 Ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó

1.           Cuirfidh an BCE, údarás inniúil nó údarás réitigh, mar atá ainmnithe ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1)(ba) agus (bb), agus Airteagal 54 de Threoir [ ], an Bord ar an eolas faoi mar a mheasann siad a bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa atá bunaithe i mBallstát ar rannpháirtí é:

(a) nach mbeidh an t‑eintiteas inmharthana a thuilleadh mura ndíluachálfar na hionstraimí caipitil nó mura gcomhshófar iad ina gcothromas;

(b) nach bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách de dhíth ar an eintiteas nó grúpa, seachas in aon cheann de na himthosca atá leagtha amach i bpointe (d)(iii) d’Airteagal 16(3).

2.           Chun críocha mhír 1, ní mheasfar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa a bheith inmharthana a thuilleadh ach amháin má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó grúpa nó gur dócha go gclisfear air;

(b) ag féachaint don uainiú agus d’imthosca ábhartha eile, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart, lena n‑áirítear beart malartach ón earnáil phríobháideach nó beart malartach maoirseachta (lena n‑áirítear bearta luath‑idirghabhála), seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil, ina aonar nó i gcomhcheangal le beart réitigh, cosc ar chliseadh an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnach.

3.           Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas sin nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina dtarlaíonn ceann amháin nó níos mó de na himthosca atá leagtha amach in Airteagal 16(3):

4.           Chun críocha phointe (a) de mhír 2, measfar go bhfuil ag cliseadh ar ghrúpa nó gur dócha go gclisfear air i gcás ina bhfuil an grúpa ag sárú na gceanglas stuamachta comhdhlúite nó go bhfuil eilimintí oibiachtúla ann chun bonn a chur faoin gcinneadh go sáróidh an grúpa na ceanglais sin amach anseo, ar dhóigh ina mbeadh bonn cirt le beart ón údarás inniúil de dheasca caillteanais a bheith tabhaithe ag an ngrúpa nó gur dócha go dtabhóidh an grúpa caillteanais a ídeoidh a chistí dílse ar fad nó cuid shuntasach díobh, ach gan é a bheith teoranta don chúis sin amháin.

5.           Deimhneoidh an Coimisiún, tar éis dó moladh a fháil ón mBord nó ar a thionscnamh féin, go gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1. Cinnfidh an Coimisiún an ndéanfar na cumhachtaí chun ionstraimí caipitil a dhíluacháil nó a chomhshó a fheidhmiú ina n‑aonar nó, de réir an nós imeachta faoi Airteagal 16(4) go (7), i gcomhcheangal le beart réitigh.

6.           I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, ach nach bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach i gcomhréir le hAirteagal 16(2) comhlíonta, tabharfaidh an Bord, tar éis dó cinneadh a fháil ón gCoimisiún, treoir do na húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 51 agus Airteagal 52 de Threoir [ ].

7.           I gcás ina bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 comhlíonta, agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 16(2) comhlíonta freisin, beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 16(4) go (7).

8.           Áiritheoidh an Bord go bhfeidhmeoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí díluachála nó comhshó ar mhodh a thabharfaidh na torthaí seo a leanas:

(a) go ndéanfar Gnáthchothromas Leibhéal 1 a laghdú ar dtús i gcomhréir leis na caillteanais agus de réir a acmhainneachta;

(b) go ndíluachálfar príomhshuim na n‑ionstraimí caipitil ábhartha nó go gcomhshófar iad in ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó an dá rud, a mhéid is gá agus de réir acmhainneacht na n‑ionstraimí caipitil ábhartha.

9.           Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh na treoracha ón mBord a chur chun feidhme agus feidhmeoidh siad díluacháil nó comhshó na n‑ionstraimí caipitil i gcomhréir le hAirteagal 26.

Airteagal 19 Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh

1.           I gcás ina gcinneann an Bord uirlis réitigh a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, agus ina mbeadh de thoradh ar an mbeart réitigh sin go mbeadh caillteanais le hiompar ag creidiúnaithe nó go ndéanfaí a n‑éilimh a chomhshó, déanfaidh an Bord an chumhacht faoi Airteagal 18 a fheidhmiú láithreach bonn roimh chur i bhfeidhm na huirlise réitigh nó go comhuaineach léi.

2.           Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 16(5):

(a) an uirlis díolacháin ghnó;

(b) an uirlis institiúide idirlinne;

(c) an uirlis deighilte sócmhainní;

(d) an uirlis athshnámhaithe.

3.           Le linn don Bhord an moladh dá dtagraítear in Airteagal 16(5) a ghlacadh, déanfaidh sé na tosca seo a leanas a mheas:

(a) sócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach ar bhonn na luachála de bhun Airteagal 17;

(b) staid leachtachta na hinstitiúide faoi réiteach;

(c) indíoltacht luach saincheadúnais na hinstitiúide faoi réiteach i bhfianaise dhálaí iomaíocha agus eacnamaíocha an mhargaidh;

(d) an méid ama atá ar fáil.

4.           Faoi réir mhír 5, féadfar na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ina n‑aonar nó le chéile, ach amháin i gcás na huirlise deighilte sócmhainní mar nach féidir í a chur i bhfeidhm ach amháin i dteannta uirlise réitigh eile.

Airteagal 20 Scéim réitigh

I gcomhréir le cinntí an Choimisiúin maidir leis an gcreat réitigh faoi Airteagal 16(6) agus le haon chinneadh maidir le Státchabhair, más infheidhme de réir analaí, is é a leagfar síos leis an scéim réitigh arna glacadh ag an mBord faoi Airteagal 16(8) mionsonraí na n‑uirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm maidir leis an institiúid faoi réiteach i dtaca leis na bearta dá dtagraítear in Airteagail 21(2), 22(2), 23(2) agus 24(1) ar a laghad agus cinnfear na méideanna agus na cuspóirí sonracha maidir le húsáid an Chiste.

Le linn an phróisis réitigh, féadfaidh an Bord an scéim réitigh a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí i bhfianaise na n‑imthosca sa chás agus faoi chuimsiú an chreata réitigh arna chinneadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(6).

Airteagal 21 An uirlis díolacháin ghnó

1.           Faoi chuimsiú an chreata arna chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis díolacháin ghnó aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig ceannaitheoir nach institiúid idirlinne é:

(a) na scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta atá ag institiúid faoi réiteach; nó

(b) na sócmhainní, cearta nó dliteanais uile nó atá sonraithe atá ag institiúid faoi réiteach.

2.           Maidir leis an uirlis díolacháin ghnó, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 16(8) an méid seo a leanas go háirithe:

(a) na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú ag an údarás náisiúnta réitigh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) agus (7) go (11) de Threoir [ ];

(b) na téarmaí tráchtála, ag féachaint do na himthosca agus do na costais arna dtabhú sa phróiseas réitigh, agus is de bhun an phróisis sin a dhéanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an t‑aistriú i gcomhréir le hAirteagal 32(2) go (4) de Threoir [ ];

(c) an bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh na cumhachtaí aistrithe a fheidhmiú níos mó ná uair amháin i gcomhréir le hAirteagal 32(5) agus (6) de Threoir [ ];

(d) na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an t‑eintiteas sin nó na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais sin a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 33(1) agus (2) de Threoir [ ];

(e) an dóchúlacht go mbainfidh comhlíonadh na gceanglas margaíochta ag an údarás náisiúnta réitigh an bonn de na cuspóirí réitigh i gcomhréir le mír 3.

3.           Cuirfidh an Bord an uirlis díolacháin ghnó i bhfeidhm gan na ceanglais mhargaíochta faoi phointe (e) de mhír 2 a chomhlíonadh má chinneann sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh agus go háirithe i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go measann sé go bhfuil baol ábhartha ann don chobhsaíocht airgeadais de bharr chliseadh na hinstitiúide faoi réiteach nó an cliseadh a d'fhéadfadh a bheith uirthi nó arna ghéarú ag an gcliseadh sin;

(b) go measann sé gur dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gceanglas sin an bonn d'éifeachtacht na huirlise díolacháin gnó dul i ngleic leis an mbaol sin nó chun an cuspóir réitigh atá sonraithe i bpointe (b) d'Airteagal 12(2) a bhaint amach.

Airteagal 22 An uirlis institiúide idirlinne

1.           Faoi chuimsiú an chreata arna chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis institiúide idirlinne aistriú aon cheann de na nithe seo a leanas chuig institiúid idirlinne:

(a) na scaireanna nó ionstraimí eile úinéireachta arna n‑eisiúint ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach;

(b) aon sócmhainní, aon chearta nó aon dliteanais nó na nithe sin uile atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach.

2.           Maidir leis an uirlis institiúide idirlinne, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20 an méid seo a leanas go háirithe:

(a) na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú chuig institiúid idirlinne ag an údarás náisiúnta réitigh i gcomhréir le hAirteagal 34(1) go (9) de Threoir [ ];

(b) na socruithe faoina ndéanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an institiúid idirlinne a bhunú, a oibriú agus a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 35(1) go (3) agus (5) go (8) de Threoir [ ];

(c) na socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an institiúid idirlinne nó a sócmhainní nó a dliteanais a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 35(4) de Threoir [ ].

3.           Áiritheoidh an Bord nach mó luach iomlán na ndliteanas arna n‑aistriú ag an údarás náisiúnta réitigh chuig an institiúid idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna n‑aistriú ón institiúid faoi réiteach nó arna gcur ar fáil ó fhoinsí eile.

Airteagal 23 An uirlis deighilte sócmhainní

1.           Faoi chuimsiú an chreata arna chinneadh ag an gCoimisiún, is éard a bheidh san uirlis deighilte sócmhainní aistriú na sócmhainní, na gceart nó na ndliteanas atá ag institiúid faoi réiteach chuig meán bainistíochta sócmhainní.

Eintiteas dlíthiúil a bheidh sa mheán bainistíochta sócmhainní a chomhlíonann na ceanglais seo ar fad a leanas:

(a) tá sé faoi úinéireacht iomlán nó faoi pháirtúinéireacht nó tá sé faoi rialú údaráis phoiblí amháin nó níos mó, ina bhféadfadh an t‑údarás réitigh nó an socrú um maoiniú réitigh a bheith san áireamh;

(b) cruthaíodh é chun na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar fad nó cuid acu atá ag institiúid amháin nó níos mó atá faoi réiteach nó institiúid idirlinne a fháil.

2.           Maidir leis an uirlis deighilte sócmhainní, bunófar leis an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 20 an méid seo a leanas go háirithe:

(a) na hionstraimí, sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú ag an údarás náisiúnta réitigh chuig meán bainistíochta sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 36(1) go (4) agus (6) go (10) de Threoir [ ];

(b) an chomaoin a gheofar nuair a aistreoidh an t‑údarás náisiúnta réitigh na sócmhainní chuig an meán bainistíochta sócmhainní, i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaítear in Airteagal 17. Ní chuireann an fhoráil seo cosc ar luach ainmniúil ná luach diúltach a bheith ag an gcomaoin.

Airteagal 24 An uirlis athshnámhaithe.

1.           Féadfar an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a) le haghaidh athchaipitliú eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le réiteach a mhéid is leor chun cumas an eintitis a athbhunú le go bhféadfaidh sé na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus leanúint de na gníomhaíochtaí dá bhfuil sé údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2004/39/CE;

(b) chun príomhshuim éileamh nó ionstraimí fiachais a aistríodh chuig institiúid idirlinne a laghdú nó a chomhshó ina cothromas, d'fhonn caipiteal a chur ar fáil don institiúid idirlinne sin.

Faoi chuimsiú an chreata arna chinneadh ag an gCoimisiún maidir leis an uirlis athshnámhaithe, bunófar leis an scéim réitigh an méid seo a leanas go háirithe:

(a) an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais inghlactha a laghdú nó a chomhshó, i gcomhréir le mír 6;

(b) na dliteanais a fhéadfar a chur as an áireamh i gcomhréir le míreanna 5 go 13;

(c) na cuspóirí leis an bplean atheagrúcháin ghnó agus an t‑ábhar ba cheart a bheith ann ar a laghad i gcomhréir le mír 16.

2.           Ní fhéadfar an uirlis athshnámhaithe a chur i bhfeidhm chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 ach amháin má tá ionchas réalaíoch ann le cur i bhfeidhm na huirlise sin, i gcomhar leis na bearta arna gcur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean atheagrúcháin ghnó a cheanglaítear le mír 16, anuas ar na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach, go n‑athbhunófar sláine airgeadais agus inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide lena mbaineann.

Mura gcomhlíonfar an coinníoll atá leagtha amach sa chéad fhomhír, beidh feidhm ag aon cheann de na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 d’Airteagal 19, agus ag an uirlis athshnámhaithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 2 d’Airteagal 19, de réir mar is iomchuí.

3.           Ní bheidh na dliteanais seo a leanas faoi réir díluachála agus comhshó:

(a) taiscí cumhdaithe;

(b) dliteanais urraithe lena n‑áirítear bannaí faoi chumhdach;

(c) aon dliteanas a eascraíonn de bhua sócmhainní nó airgead cliaint a bheith i seilbh an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, nó de bhua caidrimh mhuinínigh idir an t‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, mar mhuiníneach, agus duine eile, mar thairbhí, ar choinníoll go bhfuil an cliant nó an tairbhí sin faoi chosaint an dlí dócmhainneachta nó shibhialta is infheidhme;

(d) dliteanais i leith institiúidí, gan eintitis atá mar chuid den ghrúpa céanna a áireamh, a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná seacht lá acu;

(e) dliteanais a eascraíonn as a bheith rannpháirteach i gcóras atá ainmnithe de réir Threoir 98/26/CE[23] a bhfuil aibíocht níos lú na seacht lá fágtha iontu;

(f) dliteanas i leith aon cheann díobh seo a leanas:

(i)      fostaí, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, amach ó chomhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil faoi riail an dlí ná faoi réir comhaontaithe chómhargála;

(ii)      creidiúnaí tráchtála nó trádála de bharr earraí nó seirbhísí atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú laethúil oibríochtaí na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear i bpointí (b), (c) nó (d) d’Airteagal 1, lena n‑áirítear seirbhísí TF, fóntais, cíos agus seirbhísiú agus cothabháil an áitribh, a bheith á gcur ar fáil aige don institiúid nó don eintiteas sin;

(iii)     údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll go bhfuil tosaíocht ag na dliteanais sin faoin dlí dócmhainneachta nó faoin dlí sibhialta is infheidhme.

4.           Ní chuirfidh raon feidhme na huirlise athshnámhaithe atá leagtha amach i mír 3 bac, nuair is iomchuí, ar fheidhmiú na gcumhachtaí athshnámhaithe maidir le haon chuid de dhliteanas urraithe nó de dhliteanas ar gealladh comhthaobhacht ina leith a sháraíonn luach na sócmhainní, an ghealltáin, an liain nó na comhthaobhachta lena bhfuil sé urraithe. Féadfar bannaí faoi chumhdach de réir bhrí Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE[24] a dhíolmhú ón bhforáil seo.

5.           In imthosca eisceachtúla, féadfar dliteanais áirithe a eisiamh nó a pháirteisiamh ó fheidhmiú na gcumhachtaí díluachála agus comhshó in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a) I gcás nach féidir an dliteanas sin a athshnámhú laistigh de thréimhse réasúnta ainneoin iarrachtaí ionraice an údaráis réitigh; nó

(b) I gcás ina bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go bhfuil sé comhréireach le gur féidir leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla agus na gcroílínte gnó a áirithiú ar shlí a fhágann gur féidir leis an institiúid faoi réiteach leanúint d’oibríochtaí, de sheirbhísí agus d’idirbhearta tábhachtacha; nó

(c) I gcás ina bhfuil géarghá leis an eisiamh agus go bhfuil sé comhréireach le nach gcuirfear le héifeacht ghabhála fhorleathan a chuirfeadh isteach go mór ar fheidhmiú na margaí airgeadais ar shlí a d’fhéadfaí suaitheadh tromchúiseach a chruthú i ngeilleagar Ballstáit nó i ngeilleagar an Aontais; nó

(d) I gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm na huirlise athshnámhaithe maidir leis na dliteanais sin ina chúis le díluacháil sa chaoi is go mbeadh na caillteanais arna n‑iompar ag creidiúnaithe eile níos airde ná a bheadh siad mura gcuirfí na dliteanais sin san áireamh san athshnámhú.

I gcás ina ndéantar dliteanas inghlactha nó aicme de dhliteanais inghlactha a eisiamh, nó a pháirteisiamh, féadfar leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirfear i bhfeidhm maidir le dliteanais inghlactha eile a ardú chun eisiaimh den sórt sin a chur san áireamh, ar choinníoll go gcomhlíonann leibhéal na díluachála nó an chomhshó a chuirfear i bhfeidhm maidir le dliteanais inghlactha eile an prionsabal atá leagtha síos i bpointe (f) d’Airteagal 13(1).

6.           I gcás nach ndearnadh dliteanas inghlactha nó aicme de dhliteanais inghlactha atá eisiata nó páirteisiata, de bhun mhír 5, agus na caillteanais a bheadh le hiompar ag na dliteanais sin, a thabhairt ar aghaidh go hiomlán chuig creidiúnaithe eile, féadfar ranníocaíocht ón gCiste a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach:

(a) chun aon chaillteanais nach bhfuil ionsúite ag dliteanais inghlactha a chumhdach agus glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach a chur ar ais go neamhní i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1;

(b) chun scaireanna nó ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí caipitil eile san institiúid faoi réiteach a cheannach, chun an institiúid a athchaipitliú i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1.

7.           Féadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh freisin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an ranníocaíocht sin na critéir seo a leanas:

(a) go ndearna scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas inghlactha eile ranníocaíocht trí dhíluacháil, trí chomhshó nó ar shlí eile le hionsúchán caillteanais agus le hathchaipitliú, ranníocaíocht a bheidh cothrom le méid nach lú ná 8% d’iomlán na ndliteanas, lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth an bhirt réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 17;

(b) nach sáraíonn an ranníocaíocht ón gCiste 5% d’iomlán na ndliteanas, lena n‑áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas tráth an bhirt réitigh i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 17.

8.           Féadfar an ranníocaíocht ón gCiste a mhaoiniú mar seo a leanas:

(a) an méid atá ar fáil ag an gCiste nár tiomsaíodh trí ranníocaíochtaí ó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcomhréir le hAirteagal 66;

(b) an méid is féidir a thiomsú trí ranníocaíochtaí ex post i gcomhréir le hAirteagal 67 laistigh de thréimhse trí bliana; agus

(c) mura leor na méideanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), méideanna arna dtiomsú ó fhoinsí eile maoinithe i gcomhréir le hAirteagal 69.

9.           In imthosca eisceachtúla, féadfar maoiniú breise a lorg ó fhoinsí eile maoinithe sa chás:

(a) go bhfuil an teorainn 5% atá sonraithe i bpointe (b) de mhír 7 sroichte; agus

(b) go ndearnadh gach dliteanas neamhthosaíochta gan urrús, amach ó thaiscí inghlactha, a dhíluacháil nó a chomhshó ina iomláine.

10.         Mar rogha mhalartach nó mar rogha bhreise, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 7, féadfar ranníocaíocht a dhéanamh ó na hacmhainní a tiomsaíodh trí ranníocaíochtaí ex ante i gcomhréir le hAirteagal 66 agus nár úsáideadh fós.

11.         Chun críocha an Rialacháin seo, ní bheidh feidhm ag fomhír 5 d’Airteagal 38 (3cab) de Threoir [ ].

12.         Le linn an cinneadh dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na tosca seo a leanas:

(a) an prionsabal gurb iad scairshealbhóirí i dtosach, agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach ina dhiaidh sin, i gcoitinne, ba cheart na caillteanais a iompar in ord tosaíochta;

(b) an leibhéal d’acmhainneacht ionsúcháin caillteanais a d’fhágfaí san institiúid faoi réiteach dá ndéanfaí an dliteanas nó an aicme de dhliteanais a eisiamh;

(c) an gá dóthain acmhainní a bheith ann i gcónaí do mhaoiniú an réitigh.

13.         Déanfaidh an Bord measúnú ar na pointí seo a leanas bunaithe ar luacháil a chomhlíonann ceanglais Airteagal 17;

(a) an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais inghlactha a dhíluacháil lena áirithiú go bhfuil glanluach sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach cothrom le neamhní;

(b) i gcás inarb iomchuí, an méid comhiomlán faoi nach mór dliteanais inghlactha a chomhshó ina scaireanna d’fhonn cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach nó na hinstitiúide idirlinne a athbhunú.

A luaithe a dhéanfar cinneadh faoi chur i bhfeidhm na huirlise athshnámhaithe chun na críche dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, déanfar a leagan síos sa mheasúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír an méid faoinar gá dliteanais inghlactha a chomhshó a bhunú le gur féidir cóimheas Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach, nó nuair is infheidhme, na hinstitiúide idirlinne, a athbhunú, agus, á dhéanamh sin, cuirfear aon ranníocaíocht caipitil ón gciste réitigh de bhun phointe (d) d’Airteagal 71(1) san  áireamh, agus le go mbeidh dhóthain muiníne ag an margadh as an institiúid faoi réiteach nó as an institiúid idirlinne agus le go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh agus na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe a dhéanamh faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2004/39/CE a chur i gcrích.

14.         Féadfar na heisiaimh faoi mhír 5 a chur i bhfeidhm chun dliteanas a eisiamh go hiomlán ó dhíluacháil nó chun méid na díluachála a chuirfear i bhfeidhm maidir leis an dliteanas sin a theorannú.

15.         Comhlíonfaidh na cumhachtaí díluachála agus comhshó na ceanglais maidir le tosaíocht na n‑éileamh atá leagtha amach in Airteagal 15.

16.         Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an plean atheagrúcháin ghnó a fuarthas, tar éis chur i bhfeidhm na huirlise athshnámhaithe,  ón riarthóir a ceapadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Threoir [ ] a chur ar aghaidh láithreach chuig an mBord.

Faoi cheann 2 sheachtain ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin ghnó isteach, déanfaidh an t‑údarás réitigh an measúnú a rinne sé ar an bplean a thabhairt don Bhord. Faoi cheann 1 mhí ón dáta ar cuireadh an plean atheagrúcháin ghnó isteach, déanfaidh an Bord a mheas cé chomh dóchúil atá sé go ndéanfadh an plean, dá gcuirfí chun feidhme é, inmharthanacht fhadtéarmach an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a athbhunú. Tabharfar an measúnú chun críche i gcomhaontú leis an údarás inniúil.

I gcás ina bhfuil an Bord sásta go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, tabharfaidh sé cead don údarás náisiúnta réitigh an plean a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 47(5) de Threoir [ ]. I gcás nach bhfuil an Bord sásta go mbainfí amach an cuspóir sin leis an bplean, tabharfaidh sé treoir don údarás náisiúnta réitigh fógra a thabhairt don riarthóir faoi na cúiseanna imní atá air agus iarrfaidh sé ar an riarthóir an plean a leasú ar chaoi a dtabharfar aghaidh ar na cúiseanna imní sin i gcomhréir le hAirteagal 47(6) de Threoir [ ]. Déanfar an méid sin i gcomhaontú leis an údarás inniúil.

Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta réitigh an plean leasaithe a chur ar aghaidh chuig an mBord. Tabharfaidh an Bord treoir don údarás náisiúnta réitigh fógra a thabhairt don riarthóir faoi cheann seachtaine maidir lena bhfuil nó nach bhfuil sé sásta go dtugann an plean leasaithe aghaidh ar na cúiseanna imní a tugadh le fios san fhógra nó lena bhfuil nó nach bhfuil leasú breise ag teastáil.

Airteagal 25 Faireachán arna dhéanamh ag an mBord

1.           Déanfaidh an Bord faireachán géar ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis náisiúnta réitigh an scéim réitigh chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh an méid seo a leanas:

(a) comhoibreoidh siad leis an mBord agus cuideoidh siad leis chun a dhualgais faireacháin a fheidhmiú;

(b) go tráthrialta mar a bheidh leagtha síos ag an mBord, cuirfidh siad faisnéis chruinn iontaofa iomlán ar fáil maidir le feidhmiú na scéime réitigh, cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh agus feidhmiú na gcumhachtaí réitigh, a d’fhéadfadh an Bord a iarraidh, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(i)      oibriú agus staid airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach, na hinstitiúide idirlinne agus an mheáin bhainistíochta sócmhainní;

(ii)      an chaoi a gcaithfí leis na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndéanfaí an institiúid a leachtú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(iii)     aon imeachtaí cúirte atá ar siúl maidir le leachtú sócmhainní institiúide ar chlis uirthi, maidir le hagóidí in aghaidh an chinnidh maidir le réiteach agus in aghaidh na díluachála nó a bhaineann le hiarratais ar chúiteamh arna gcur isteach ag scairshealbhóirí nó ag creidiúnaithe;

(iv)     faisnéis faoi mheasúnóirí, riarthóirí, cuntasóirí, dlíodóirí agus aon ghairmithe eile a ceapadh, a cuireadh as oifig nó a hionadaíodh a mbeadh gá ag an údarás náisiúnta réitigh léi, agus faoi fheidhmiú a gcuid dualgas;

(v)     aon ábhar eile a bhfhéadfadh an Bord tagairt a dhéanamh dó;

(vi)     an méid agus an tslí a fheidhmíonn na húdaráis náisiúnta réitigh na cumhachtaí atá liostaithe i gCaibidil V de Threoir [ ];

(vii)    inmharthanacht eacnamaíoch, féidearthacht agus cur chun feidhme an phlean atheagrúcháin ghnó dá bhforáiltear in Airteagal 24(16).

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh tuarascáil deiridh ar fheidhmiú na scéime réitigh a chur chuig an mBord.

2.           I bhfianaise na faisnéise a chuirfear ar fáil, féadfaidh an Bord treoracha a thabhairt do na húdaráis náisiúnta réitigh maidir le haon ghné d’fheidhmiú na scéime réitigh, agus go háirithe na gnéithe sin dá dtagraítear in Airteagal 20 agus maidir le feidhmiú na gcumhachtaí réitigh.

3.           I gcás ina bhfuil gá leis sin d’fhonn na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó moladh a fháil ón mBord nó ar a thionscnamh féin, an cinneadh a rinne sé maidir leis an gcreat réitigh a athbhreithniú agus na leasuithe cuí a ghlacadh.

Airteagal 26 Cinntí maidir le réiteach a chur chun feidhme

1.           Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh gach beart is gá leis an gcinneadh maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 16(8) a chur chun feidhme, go háirithe trí smacht a fheidhmiú ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2, trí na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 64 den Treoir sin [ ] agus trína áirithiú go gcomhlíonfar na cosaintí dá bhforáiltear i dTreoir [ ]. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta réitigh gach cinneadh a chuireann an Bord faoina mbráid a chur chun feidhme.

Chun na gcríoch sin, bainfidh siad leas as na cumhachtaí atá acu faoin dlí náisiúnta lenar trasuíodh Treoir [ ] agus i gcomhréir leis na coinníollacha atá leatha síos sa dlí náisiúnta. Cuirfidh na húdaráis náisiúnta réitigh an Bord ar an eolas go hiomlán faoi fheidhmiú na gcumhachtaí sin. Aon bheart a dhéanfaidh siad, comhlíonfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16(8).

1.           I gcás nach bhfuil cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16 curtha i bhfeidhm ag údarás náisiúnta réitigh, nó má chuir sé i bhfeidhm é ar chaoi nach bhfágann go mbainfear na cuspóirí réitigh faoin Rialachán seo amach, beidh sé de chumhacht ag an mBord ordú a thabhairt d’institiúid faoi réiteach:

(a) cearta sonracha, sócmhainní sonracha nó dliteanais shonracha institiúide faoi réiteach a aistriú chuig duine eile;

(b) comhshó ionstraimí fiachais ina bhfuil téarma conarthach maidir le comhshó sna himthosca dá bhforáiltear in Airteagal 18 a iarraidh.

2.           Déanfaidh an institiúid faoi réiteach aon chinneadh a dhéantar de bhun mhír 2 a chomhlíonadh. Beidh forlámhas ag na cinntí sin ar aon chinneadh arna ghlacadh roimhe sin ag na húdaráis náisiúnta maidir leis an ábhar céanna.

3.           Aon bheart a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le saincheisteanna atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 2, beidh sé i gcomhréir leis na cinntí sin.

Caibidil 4

Comhar

Airteagal 27 Oibleagáid an chomhair

4.           Cuirfidh an Bord an Coimisiún ar an eolas maidir le haon bheart a dhéanfaidh sé chun ullmhú i gcomhair réiteach. Maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Bord, beidh comhaltaí an Choimisiúin agus foireann an Choimisiúin faoi réir an cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil atá leagtha síos in Airteagal 79.

5.           Agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Coimisiún, an BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar le chéile. Soláthróidh an BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis uile is gá lena gcuid cúraimí a fheidhmiú don Bhord agus don Choimisiún.

6.           Agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Coimisiún, an BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar le chéile le linn céimeanna na pleanála réitigh, na luath‑idirghabhála agus an réitigh de bhun Airteagail 7 go 26. Soláthróidh an BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla an fhaisnéis uile is gá lena gcuid cúraimí a fheidhmiú don Bhord agus don Choimisiún.

7.           Chun críocha an Rialacháin seo, i gcás ina n‑iarrfaidh an BCE ar ionadaí den Bhord a bheith páirteach i mBord Maoirseachta an BCE a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. [] ón gComhairle, ceapfaidh an Bord ionadaí.

8.           Chun críocha an Rialacháin seo, ceapfaidh an Bord ionadaí a bheidh páirteach i gCoiste Réitigh an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir [ ].

9.           Oibreoidh an Bord i ndlúthchomhar leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais Eorpach (SaorCAE) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe i gcás inar dheonaigh nó inar dóchúil go ndeonóidh an SaorCAE nó an SCE cúnamh airgeadais díreach nó indíreach d'eintitis atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtí é, go háirithe sna himthosca urghnácha sin dá dtagraítear in Airteagal 24(9).

10.         Tabharfaidh an Bord agus an BCE meabhrán comhthuisceana i gcrích ina mbeidh tuairisc ar théarmaí ginearálta a n‑oibre i gcomhar le chéile faoi mhír 2. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar í a fhoilsiú faoi réir láimhseáil iomchuí na faisnéise rúnda ann.

Airteagal 28 Malartú faisnéise laistigh den Sásra Aonair Réitigh

1.           Beidh an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh araon faoi réir dualgais comhar ionraic a dhéanamh agus faoi réir oibleagáid faisnéis a mhalartú.

2.           Tabharfaidh an Bord aon fhaisnéis don Choimisiún is ábhartha lena chúraimí faoin Rialachán seo agus, más infheidhme, faoi Airteagal 107 den CFAE a chomhlíonadh.

Airteagal 29 Comhar laistigh den Sásra Aonair Réitigh agus cóireáil grúpaí

Míreanna 4, 5, 6 agus 15 d'Airteagal 12 agus Airteagal 80 go hAirteagal 83 de Threoir [ ], ní bheidh feidhm acu maidir le caidreamh idir údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad. Beidh feidhm ag na forálacha ábhartha den Rialachán seo ina ionad sin.

Airteagal 30 Comhar le Ballstáit nach rannpháirtithe iad

I gcás ina bhfuil i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit ar rannpháirtithe iad agus i mBallstáit nach rannpháirtithe iad chomh maith, gan dochar d'aon fhormheas ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht thar ceann údarás náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad, chun oibriú i gcomhar le Ballstáit nach rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 11, 12, 15, 50, 80, 83 de Threoir [ ].

Airteagal 31 Comhar le húdaráis tríú tíortha

Is iad an Coimisiún agus an Bord amháin laistigh dá bhfreagrachtaí féin a mbeidh an fhreagracht orthu, thar ceann údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad, na socruithe comhair neamhcheangailteacha dá dtagraítear in Airteagal 88(4) de Threoir [ ] a thabhairt i gcrích agus tabharfaidh siad fógra dóibh i gcomhréir le mír 6 den Airteagal sin.

Caibidil 5

Cumhachtaí imscrúdaithe

Airteagal 32 Iarrataí ar fhaisnéis

1.           Chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a dhéanamh, féadfaidh an bord, go díreach nó trí na húdaráis náisiúnta réitigh, ceangal a chur ar na daoine dlítheanacha nó nádúrtha seo a leanas an fhaisnéis uile a sholáthar is gá chun na cúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh

(a) na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2;

(b) fostaithe na n‑eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2;

(c) tríú páirtithe ar eisfhoinsigh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 feidhmeanna nó gníomhaíochtaí chucu.

2.           Déanfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus aon duine dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 an fhaisnéis a iarrtar de bhonn mhír 1 a sholáthar. Ní bheidh na heintitis ná na daoine sin díolmhaithe ón dualgas faisnéis a sholáthar de dhroim forálacha maidir le rúndacht ghairmiúil. Ní mheasfar gur sárú ar rúndacht ghairmiúil an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar.

3.           I gcás ina bhfaighidh an Bord faisnéis go díreach ó na heintitis agus ó na daoine sin, cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta réitigh lena mbaineann.

4.           Beidh an Bord in ann a fháil ar bhonn leanúnach aon fhaisnéis maidir le caipiteal, leachtacht, sócmhainní agus dócmhainní i dtaobh aon institiúide atá faoi réir a chumhachtaí réitigh, ar faisnéis í atá ábhartha chun críoch réitigh.

5.           Féadfaidh an Bord, na húdaráis inniúla agus na húdaráis náisiúnta réitigh meabhrán comhthuisceana a tharraingt suas ina mbeidh nós imeachta le faisnéis a mhalartú.

6.           Oibreoidh údaráis inniúla, lena n‑áirítear an BCE más ábhartha, agus údaráis náisiúnta réitigh i gcomhar leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis a iarrtar nó í ar fad ar fáil cheana. I gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, tabharfaidh údaráis náisiúnta, lena n‑áirítear an BCE más ábhartha, nó údaráis náisiúnta réitigh an fhaisnéis sin don Bhord.

Airteagal 33 Imscrúduithe ginearálta

1.           Chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a fheidhmiú, agus faoi réir aon choinníollacha eile atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord na himscrúduithe riachtanacha ar fad a dhéanamh ar aon duine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) atá bunaithe nó lonnaithe i mBallstát ar rannpháirtí é.

Chuige sin, beidh sé de cheart ag an mBord an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) a cheangal go gcuirfí doiciméid faoina bhráid;

(b) leabhair chuntais agus taifid na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair agus de na taifid sin nó sleachta a thógáil astu;

(c) mínithe i scríbhinn nó ó bhéal a fháil ó dhuine ar bith dá dtagraítear in Airteagal 32(1) nó óna ionadaí nó óna fhoireann;

(d) agallamh a chur ar aon duine eile a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun faisnéis a bhailiú i ndáil le hábhar imscrúdaithe;

2.           Beidh na daoine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) faoi réir imscrúduithe arna seoladh ar bhonn cinnidh ón mBord.

I gcás ina gcuirfidh duine bac ar imscrúdú, déanfaidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit ar rannpháirtí é agus ina bhfuil an áitreabh i gceist an cúnamh riachtanach a thabhairt, lena n‑áirítear rochtain an Bhoird ar áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1), i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ionas gur féidir na cearta réamhráite a fheidhmiú.

Airteagal 34 Cigireachtaí ar an láthair

1.           Chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 7, 8, 11, 16 agus 17 a fheidhmiú, agus faoi réir coinníollacha eile atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, féadfaidh an Bord, faoi réir fógra a thabhairt roimh ré do na húdaráis náisiúnta réitigh lena mbaineann, na cigireachtaí ar an láthair uile is gá a dhéanamh ar áitreabh gnó na ndaoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1). Féadfaidh an Bord an chigireacht ar an láthair a dhéanamh gan fógra a thabhairt roimh ré do na daoine dlítheanacha sin más gá sin ar mhaithe leis na cigireachtaí a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil.

2.           Féadfaidh oifigigh an Bhoird agus na daoine eile a údaróidh sé chun cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh dul isteach in áitreabh gnó ar bith agus ar thalamh ar bith de chuid na ndaoine dlítheanacha atá faoi réir an chinnidh maidir le himscrúdú a ghlacfaidh an Bord de bhonn Airteagal 32(2) agus beidh na cumhachtaí go léir a shonraítear in Airteagal 32(1) acu.

3.           Beidh na daoine dlítheanacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1) faoi réir cigireachtaí ar an láthair ar bhonn cinnidh ón mBord.

4.           Déanfaidh oifigigh agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ina bhfuil an chigireacht le déanamh, faoi mhaoirseacht agus faoi chomhordú an Bhoird, cúnamh gníomhach a thabhairt do na hoifigigh agus do na daoine eile atá údaraithe ag an mBord. Chuige sin, teachtfaidh siad na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2. Beidh sé de cheart ag oifigigh de chuid údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát lena mbaineann ar rannpháirithe iad páirt a ghlacadh sna cigireachtaí ar an láthair.

5.           I gcás ina gcinnfidh oifigigh an Bhoird agus daoine tionlacain eile atá údaraithe nó ceaptha ag an mBord go bhfuil duine ag cur i gcoinne cigireachta a ordaíodh de bhonn mhír 1, tabharfaidh údaráis náisiúnta réitigh an Bhallstáit lena mbaineann ar rannpháirtí é an cúnamh is gá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. A mhéid is gá i gcomhair na cigireachta, beidh séalú aon áitreabh gnó agus leabhar cuntais nó taifead ar áireamh sa chúnamh sin. I gcás nach bhfuil an chumhacht sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta réitigh lena mbaineann, úsáidfidh sé a chumhachtaí chun an cúnamh is gá a iarraidh ar údaráis náisiúnta réitigh eile.

Airteagal 35 Údarú ag údarás breithiúnach

1.           Más rud é, maidir le cigireacht ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) agus (2) nó maidir leis an gcúnamh dá bhforáiltear in Airteagal 34(5), go gceanglaítear údarú a fháil ó údarás breithiúnach de réir rialacha náisiúnta, déanfar iarratas ar an údarú sin.

2.           I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú amhail dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta rialú i dtaobh an bhfuil cinneadh an Bhoird barántúil agus nach bhfuil na bearta comhéigneacha a shamhlaítear treallach ná iomarcach ag féachaint d'ábhar na cigireachta. Le linn dó rialú a dhéanamh i dtaobh chomhréireacht na mbeart comhéigneach, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta a iarraidh ar an mBord mínithe mionsonraithe a thabhairt, go háirithe maidir leis na forais atá ag an mBord drochamhras a bheith air go ndearnadh sárú ar na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 26 agus maidir le tromchúis an tsáraithe a bhfuil drochamhras ann ina leith agus maidir le cineál na rannpháirtíochta ar thaobh an duine atá faoi réir na mbeart comhéigneach. Ní dhéanfaidh an t‑údarás breithiúnach náisiúnta athbhreithniú, áfach, ar an ngá atá leis an gcigireacht ná ní éileoidh sé go ndéanfar an fhaisnéis atá ar chomhad an Bhoird a sholáthar dó. Ní bheidh dlíthiúlacht chinneadh an Bhoird faoi réir a athbhreithnithe ach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Caibidil 6

Cumhachtaí smachtbhannaí

Airteagal 36 Fíneálacha

1.           I gcás ina gcinnfidh an Bord go ndearna eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ceann de na sáruithe dá dtagraítear i mír 2 d'aon turas nó go faillíoch, ordóidh an Bord don údarás náisiúnta réitigh lena mbaineann fíneáil a chur ar an eintiteas ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcomhréir le Treoir [ ].

Measfar go ndearna ceann de na heintitis sin sárú d'aon turas más ann d'imthosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh an t‑eintiteas nó a lucht bainistíochta sinsearaí d'aon turas chun an sárú a dhéanamh.

2.           Féadfar na fíneálacha a chur ar na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 as na sáruithe seo a leanas:

(a) Mura dtabharfaidh siad an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 32;

(b) Mura ngéillfidh siad d'imscrúdú ginearálta i gcomhréir le hAirteagal 33 nó do chigireacht ar an láthair agus mura dtabharfaidh siad an fhaisnéis a iarrtar i gcomhréir le hAirteagal 32;

(c) Mura ndéanfaidh siad ranníocaíocht leis an gCiste i gcomhréir le hAirteagal 66 nó le hAirteagal 67;

(d) Mura gcloífidh siad le cinneadh a dhéanfaidh an Bord ina leith de bhonn Airteagal 24.

3.           Foilseoidh na húdaráis náisiúnta réitigh aon fhíneálacha a fhorchuirfear de bhonn mhír 1. I gcás ina ndéanfadh a foilsiú dochar díréireach do na páirtithe lena mbaineann, foilseoidh na húdaráis náisiúnta réitigh na smachtbhannaí gan chéannacht na bpáirtithe a nochtadh.

4.           Déanfaidh an Bord, d'fhonn cleachtais forfheidhmithe a bhunú a bheidh comhleanúnach, éifeachtúil agus éifeachtach, agus lena n‑áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhleanúnach, treoirlínte a eisiúint maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla pionóis a chur i bhfeidhm atá dírithe ar na húdaráis náisiúnta réitigh.

Airteagal 37 Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla

1.           Ordóidh an Bord don údarás náisiúnta réitigh lena mbaineann íocaíocht phionósach thréimshiúil a fhorchur maidir leis an eintiteas ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcomhréir le Treoir [ ] chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) iallach a chur ar institiúid chreidmheasa cloí le cinneadh a glacadh faoi Airteagal 32;

(b) iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 32(1) faisnéis iomlán a sholáthar a iarradh trí chinneadh de bhonn an Airteagail sin;

(c) iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 33(1) géilleadh d'imscrúdú agus go háirithe taifid iomlána, sonraí, nósanna imeachta nó aon ábhar eile a iarrtar a thabhairt ar láimh agus faisnéis eile a iomlánú agus a cheartú a thugtar in imscrúdú arna sheoladh ag cinneadh de bhun an Airteagail sin;

(d) iallach a chur ar dhuine dá dtagraítear in Airteagal 34(1) géilleadh do chigireacht ar an láthair a ordaíodh trí chinneadh de bhonn an Airteagail sin.

2.           Beidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil éifeachtach agus comhréireach. Fochuirfear an íocaíocht phionósach thréimshiúil ar bhonn laethúil go dtí go gcloífidh an institiúid chreaidmheasa nó an duine lena mbaineann leis na cinntí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 1.

3.           Féadfaidh íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí.

CUID III AN CREAT INSTITIÚIDEACH

TEIDEAL I

An Bord

Airteagal 38 Stádas dlíthiúil

1.           Bunaítear leis seo Bord Aonair Réitigh. Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh sa Bhord agus beidh struchtúr sonrach aige i gcomhréir lena chúraimí. Beidh pearsantacht dhlítheanach aige.

2.           Beidh ag an mBord i ngach Ballstát an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoin dlí náisiúnta. Féadfaidh an Bord, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3.           Feidhmeoidh a Stiúrthóir Feidhmiúcháin thar ceann an Bhoird.

Airteagal 39 Comhdhéanamh

1.           Is iad a bheidh ar an mBord:

(a) Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(b) an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(c) comhalta a cheapfaidh an Coimisiún;

(d) comhalta a cheapfaidh an BCE;

(e) comhalta a cheapfaidh gach Ballstát rannpháirteach, a fheidhmeoidh thar ceann an údaráis náisiúnta réitigh.

2.           Cúig bliana a bheidh i dtréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, an Leas‑Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus na gcomhaltaí den Bhord a cheapfaidh an Coimisiún agus an BCE. Faoi réir Airteagal 53(6), ní bheidh an tréimhse sin in‑athnuaite.

3.           Is éard a bheidh i struchtúr riaracháin agus bainistíochta an Bhoird:

(a) seisiún iomlánach den Bhord a fheidhmeoidh na cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 47;

(b) seisiún feidhmiúcháin den Bhord a fheidhmeoidh na cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 51;

(c) Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí atá leagtha amach in Airteagal 53.

Airteagal 40 Dlí an Aontais a chomhlíonadh

Gníomhóidh an Bord de réir dhlí an Aontais, go háirithe maidir le cinntí an Choimisiúin de bhonn an Rialacháin seo.

Airteagal 41 Cuntasacht

1.           Beidh an Bord cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcomhréir le mír 2 go mír 8.

2.           Cuirfidh an Bord tuarascáil faoi Bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gach bliain maidir le feidhmiú na gcúraimí a thugtar dó faoin Rialachán seo.

3.           Tíolacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil sin go poiblí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4.           Arna iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt in éisteacht maidir le feidhmiú a chúraimí réitigh ag na coistí inniúla de chuid na Parlaiminte.

5.           Féadfaidh an Chomhairle, arna iarraidh ag an gComhairle, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a éisteacht maidir le feidhmiú na gcúraimí réitigh.

6.           Tabharfaidh an Bord freagra ó bhéal nó i scríbhinn, i gcomhréir lena nósanna imeachta féin, ar cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air i láthair ionadaithe ó aon Bhallstáit rannpháirteacha nach bhfuil an Euro mar airgeadra acu.

7.           Arna iarraidh, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin pléití rúnda ó bhéal agus i seomra iata le Cathaoirleach agus Leas‑Chathaoirleach an choiste inniúil de Pharlaimint na hEorpa i gcás inar gá na pléití sin chun cumhachtaí Parlaimint na hEorpa a fheidhmiú faoin gConradh. Tabharfar comhaontú i gcrích idir Parlaimint na hEorpa agus an Bord maidir leis na rialacha mionsonraithe a bhaineann leis na pléití sin a eagrú, d'fhonn rúndacht iomlán a áirithiú i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta atá curtha ar an BCE mar údarás inniúil faoin dlí ábhartha de chuid an Aontais.

8.           Le linn aon imscrúduithe a dhéanfaidh an Pharlaimint, oibreoidh an Bord i gcomhar leis an bParlaimint, faoi réir an CFAE. Tabharfaidh an Bord agus an Pharlaimint socruithe iomchuí i gcrích maidir leis na rialacha mionsonraithe praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le maoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí atá tugtha don Bhord faoin Rialachán seo. Cumhdóidh na socruithe sin, inter alia, rochtain ar fhaisnéis, comhar in imscrúduithe agus faisnéis faoi nós imeachta roghnúcháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Airteagal 42 Na parlaimintí náisiúnta

1.           De thoradh na gcúraimí sonrach atá ag an mBord, féadfaidh parlaimintí náisiúnta na mBallstát rannpháirteacha, trína nósanna imeachta féin, iarraidh ar an mBord freagra a thabhairt i scríbhinn ar aon bharúlacha nó ar aon cheisteanna a chuirfidh siad faoi bhráid an Bhoird maidir le feidhmeanna an Bhoird faoin Rialacháin seo.

2.           Féadfaidh parlaimint náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i malartú tuairimí faoi réiteach institiúidí creadmheasa sa Bhallstát sin le hionadaí de chuid an údaráis náisiúnta réitigh.

3.           Beidh an Rialachán seo gan dochar do chuntasacht údarás náisiúnta réitigh do pharlaimintí náisiúnta i gcomhréir le dlí náisiúnta maidir le feidhmiú cúraimí nach bhfuil tugtha don Bhord ná don Choimisiún faoin Rialachán seo.

Airteagal 43 Neamhspleáchas

1.           Agus na cúraimí atá tugtha dó faoin Rialachán seo á gcur i gcrích acu, gníomhóidh an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh go neamhspleách agus ar son an leasa choitinn.

2.           Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 40(2) go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais ina iomláine agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí ná ó chomhlachtaí an Aontais, ó aon rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Airteagal 44 Suíomh

Is sa Bhruiséil, sa Bheilg a bheidh suíomh an Bhoird.

TEIDEAL II

Seisiún Iomlánach an Bhoird

Airteagal 45 Rannpháirtíocht i seisiúin iomlánacha

Beidh comhaltaí uile an Bhoird rannpháirteach i séisiúin iomlánacha.

Airteagal 46 Cúraimí

1.           Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún iomlánach:

(a) faoin 30 Samhain gach bliain, clár oibre bliantúil an Bhoird a ghlacadh don chéad bhliain eile i gcomhréir le hAirteagal 49(1), bunaithe ar dhréacht a chuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar aghaidh agus é a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach mar eolas;

(b) buiséad bliantúil an Bhoird a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 59(2);

(c) cinneadh a dhéanamh maidir leis an iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 68, maidir le frithpháirtiú socruithe náisiúnta um maoiniú i gcomhréir le hAirteagal 72 agus maidir le hiasachtú do scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 73;

(d) tuarascáil gníomhaíochta bhliantúil a ghlacadh maidir leis na gníomhaíochtaí de chuid an Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 42. Beidh mínithe mionsonraithe sa tuarascáil sin ar chur chun feidhme an bhuiséid;

(e) na rialacha airgeadais is infeidhme maidir leis an mBord i gcomhréir le hAirteagal 61 a ghlacadh;

(f) straitéis frithchalaoise a ghlacadh, atá i gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag cur san áireamh chostais agus thairbhí na mbeart atá le cur chun feidhme;

(g) rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa i ndáil lena chomhaltaí a chosc agus a bhainistiú;

(h) a rialacha nós imeachta a ghlacadh;

(i) i gcomhréir le mír 2, maidir le foireann an bhoird, na cumhachtaí a fheidhmiú atá tugtha don Údarás Ceapúcháin ag na Rialacháin Foirne agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile ar an Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche[25] ("cumhachtaí an údaráis cheapacháin");

(j) na rialacha iomchuí cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne;

(k) Oifigeach Cuntasaíochta a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach aige agus a chuid dualgas á ndéanamh aige;

(l) a áirithiú go ndéanfar a dhóthain oibre leantaí ar chinntí agus ar mholtaí a eascróidh ó thuarascálacha iniúchóireachtaí agus ó mheastóireachtaí, inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe an Oifig Eorpach Frith-chalaoise (OLAF);

(m) na cinntí uile a ghlacadh maidir le bunú struchtúir inmheánacha an Bhoird agus, más gá, maidir lena gcoigeartú.

2.           Ina sheisiún iomlánach, glacfaidh an Bord, i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, cinneadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena dtarmligfear na cumhachtaí údaráis cheapúcháin ábhartha chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus lena saineofar na coinníollacha faoinar féidir tarmligean na gcumhachtaí a chur ar fionraí. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin údaraithe na cumhachtaí sin a fhotharmligean.

I gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, féadfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dó, trí bhíthin cinnidh, tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na cumhachtaí sin atá fotharmligthe aigesean a chur ar fionraí agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó chuig ball foirne seachas an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Airteagal 47 Cruinniú sheisiún iomlánach an Bhoird

1.           Comórfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cruinnithe sheisiún iomlánach an Bhoird.

2.           Reáchtálfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dhá ghnáthchruinniú in aghaidh na bliana ar a laghad. Ina theannta sin, beidh cruinniú ann ar thionscnamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin don Choimisiún, nó arna iarraidh sin d'aon trian dá chomhalta ar a laghad.

3.           Féadfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach iarraidh ar bhreathadnóirí freastal ar chruinnithe ar bhonn  ad hoc.

4.           Forálfaidh an Bord maidir le rúnaíocht sheisiún iomlánach an Bhoird.

Airteagal 48 An próiseas cinnteoireachta

1.           Déanfaidh an Bord, ina sheisiún iomlánach dó, a chuid cinntí trí thromlach simplí dá chomhaltaí. Déanfar na cinntí dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 47(1), áfach, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

2.           Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa vótáil.

3.           Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta féin agus poibleoidh sé iad. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na himthosca ina bhféadfaidh comhalta gníomhú thar ceann comhalta eile agus na rialacha a rialaíonn córaim san áireamh, más iomchuí.

TEIDEAL III

Seisiún Feidhmiúcháin an Bhoird

Airteagal 49 Rannpháirtíocht sna seisiúin feidhmiúcháin

1.           Faoi réir mhír 2 agus mhír 3, glacfaidh na comhaltaí den Bhoird dá dtagraítear in Airteagal 40(1)(a) go (d) páirt i seisiúin feidhmiúcháin an Bhoird.

2.           Agus eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, glacfaidh an comhalta a cheap an Ballstát sin páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhréir le hAirteagal 52(1) agus (3).

3.           Agus grúpa trasteorann á bhreithniú, glacfaidh an comhalta a cheap an Ballstát ina bhfuil lonnaithe an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa, chomh maith leis na comhaltaí a cheap na Ballstáit ina bhfuil bunaithe fochuideachta nó eintiteas atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite, páirt sa bhreithniú agus sa phróiseas cinnteoireachta i gcomhréir le hAirteagal 52(2) agus (3).

Airteagal 50 Cúraimí

1.           Beidh seisiún feidhmiúcháin den Bhord de chúnamh ag an mBord ina sheisiún iomlánach.

2.           Déanfaidh an Bord an méid seo a leanas ina sheisiún feidhmiúcháin:

(a) cinntí a ullmhú a ghlacfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach;

(b) gach cinneadh a dhéanamh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Áirítear leis sin:

(i)      aon fhaisnéis ábhartha a thabhairt don Choimisiún, a luaithe is féidir, a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin measúnú agus cinneadh réasúnaithe a dhéanamh de bhonn Airteagal 16(6);

(ii)      cinneadh maidir le cuid II de bhuiséad an Bhoird, ar cuid í a bhaineann leis an gCiste.

3.           Más gá, de dheasca práinne, féadfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin dó cinntí sealadacha áirithe a dhéanamh thar ceann an Bhoird ina sheisiún iomlánach, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le bainistíocht riaracháin, lena n‑áirítear ábhair bhuiséadacha.

4.           Cruinneofar an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin ar thionscamh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó arna iarraidh sin dá chomhaltaí.

5.           Déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach dó rialacha nós imeachta an Bhord ina sheisiún feidhmiúcháin a leagan síos.

Airteagal 51 Cinnteoireacht

1.           Agus eintiteas nó grúpa eintiteas nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á mbreithniú, déanfaidh an Bord a chinntí ina sheisiúin feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí rannpháirteacha. Is ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

2.           Agus grúpa trasteorann á bhreithniú, déanfaidh an Bord a chinntí ina sheisiúin feidhmiúcháin trí thromlach simplí dá chomhaltaí rannpháirteacha. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta den Bhord dá dtagraítear in Airteagal 40(2) agus ag an gcomhalta a cheap an Ballstát ina bhfuil lonnaithe an t‑údarás réitigh ar leibhéal grúpa. Beidh ag na comhaltaí rannpháirteacha eile ceart vótala arb ionann é agus aon vóta amháin roinnte ar líon na n‑údarás náisiúnta réitigh de chuid na mBallstát ina bhfuil bunaithe fochuideachta nó eintiteas atá cumhdaithe ag maoirseacht chomhdhlúite. Is ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh an vóta réitigh i gcás cothromais.

3.           Go dtí go mbainfear amach an spriocleibhéal maoiniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 65, beidh comhalta a cheap Ballstát in ann a éileamh ar an mBord breithniú a dhéanamh uair amháin eile i gcás ina gcuirfidh an cinneadh atá faoi chaibidil isteach ar fhreagrachtaí fioscacha an Bhallstáit sin.

4.           Déanfaidh an Bord ina sheisiún feidhmiúcháin dó na rialacha nós imeachta dá sheisiúin feidhmiúcháin a ghlacadh agus a phoibliú.

Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird ina sheisiún feidhmiúcháin ar a thionscamh féin nó arna iarraidh sin do dhá chomhalta, agus is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh mar chathaoirleach orthu. Féadfaidh an Bord iarraidh ar bhreathnadóirí freastal ar a sheisiúin feidhmiúcháin ar bhonn ad hoc.

TEIDEAL IV

STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN AGUS LEAS‑STIÚRTHÓIR FEIDHMIÚCHÁIN

Airteagal 52 Ceapachán agus cúraimí

1.           Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin lánaimseartha, nach sealbhóidh aon oifigí ar na húdaráis náisiúnta inniúla, i gceannas ar an mBord.

2.           Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:

(a) obair an Bhoird a ullmhú, ina sheisiúin iomlánach agus feidhmiúcháin, agus a chruinnithe a thionól agus bheith ina chathaoirleach orthu;

(b) gach gnó foirne;

(c) gnóthaí riaracháin ó lá go lá;

(d) buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 59(3).

(e) bainistiú an Bhoird;

(f) Clár oibre bliantúil an Bhoird a chur chun feidhme;

(g) ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht‑tuarascáil gach bliain agus beidh roinn ann a bhaineann le gníomhaíochtaí réitigh agus beidh roinn ann a bhaineann le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

3.           Beidh Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin de chúnamh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Comhlíonfaidh an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nuair atá sé as láthair.

4.           Ceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar cúrsaí baincéireachta agus airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais.

5.           Tar éis dó an Bord a éisteacht ina sheisiún iomlán, molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don Chomhairle as a gceapfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Ceapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin tar éis Parlaimint na hEorpa a éisteacht.

6.           De mhaolú ar Airteagal 40(2), is trí bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chéad Leas‑Stiúrthóra Fheidhmiúcháin arna cheapadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; is féidir an téarma sin a athnuachan uair amháin ar feadh tréimhse cúig bliana. Fanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin i seilbh a n‑oifigí go dtí go gceapfar a gcomharbaí.

7.           Ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ar síníodh a théarma oifige, páirt i nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna ag deireadh na tréimhse foriomláine.

8.           Mura gcomhlíonann an Stiúrthóir nó an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin na coinníollacha a cheanglaítear d’fheidhmiú a gcuid dualgas nó má tá sé ciontach i mí‑iompar tromchúiseach, féadfaidh an Pharlaimint, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis Parlaimint na hEorpa a éisteacht, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig.

Airteagal 53 Neamhspleáchas

1.           Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin a gcuid cúraimí i gcomhréir le cinntí an Choimisiúin agus an Bhoird.

Agus iad ag glacadh páirte sna caibidlíochtaí agus sna próisis chinnteoireachta laistigh den Bhord, ní lorgóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoir ó chomhlachtaí nó institiúidí an Aontais agus ní ghlacfaidh siad le treoir uatha ach oiread, ina ionad sin cuirfidh siad a mbarúlacha féin in iúl agus vótálfaidh siad go neamhspleách. Sna caibidlíochtaí agus sna próisis chinnteoireachta sin ní bheidh an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi údarás an Stiúrthóra Fheidhmiúcháin.

2.           Ní dhéanfaidh na Ballstáit, ná aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile iarracht tionchar a imirt ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ná ar an Leas‑ Stiúrthóir Feidhmiúcháin  i gcomhlíonadh a chúraimí.

3.           I gcomhréir leis na Rialacháin Foirne dá dtagraítear in Airteagal 78(6), tar éis don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin éirí as an tseirbhís, leanfaidh sé de bheith faoi cheangal ag an dualgas chun é féin a iompar go hionraic agus go discréideach maidir le ceapacháin nó sochair áirithe.

TEIDEAL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Caibidil 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 54 Acmhainní

Beidh an Bord freagrach as na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá a thiomnú d'fheidhmiú na gcúraimí a bhronntar air tríd an Rialachán seo.

Airteagal 55 Buiséad

1.           Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Bhoird a ullmhú le haghaidh gach bliana airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Bhoird.

2.           Beidh buiséad an Bhoird comhardaithe i dtéarmaí ioncaim agus caiteachais.

3.           Beidh an buiséad déanta de dhá chuid: Cuid I do riarachán an Bhoird agus Cuid II don Chiste.

Airteagal 56 Cuid I den bhuiséad ar riaradh an Bhoird

4.           Is éard a bheidh sna hioncaim i gCuid I den bhuiséad na ranníocaíochtaí bliantúla is gá leis an gcaiteachas riaracháin a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a).

5.           Áireofar ar a laghad sa chaiteachas i gCuid I den bhuiséad, costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair, costais a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil agus costais oibríochtúla.

Airteagal 57 Cuid II den bhuiséad ar an gCiste

1.           Is éard a bheidh in ioncaim Chuid II den bhuiséad, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a) ranníocaíochtaí arna n‑íoc ag institiúidí bunaithe sna Ballstáit ar  rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagal 62 cé is moite den ranníocaíocht bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(a);

(b) iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú réitigh i mBallstáit nach rannpháirithe iad i gcomhréir le hAirteagal 68(1);

(c) iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 69;

(d) toradh ar infheistiú na méideanna arna sealbhú sa Chiste i gcomhréir le hAirteagal 70.

2.           Is éard a bheidh i gcaiteachas Chuid II den bhuiséad:

(a) costais chun na críocha a léirítear in Airteagal 71;

(b) infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 70;

(c) iasachtaí arna bhfáil ó shocruithe eile um maoiniú réitigh  i mBallstáit nach rannpháirtithe iad i gcomhréir le hAirteagal 68(1);

(d) ús arna íoc ar iasachtaí arna bhfáil ó institiúidí airgeadais nó ó aon tríú páirtithe eile i gcomhréir le hAirteagal 69.

Airteagal 58 An Buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme

1.           Faoin 15 Feabhra gach bliain, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin meastachán ar ioncam agus caiteachas an Bhoird don bhliain ina dhiaidh sin a tharraingt suas agus a chur chuig an mBord, ina sheisiún iomlánach, lena fhormheas, tráth nach déanaí ná 31 Márta gach bliain.

2.           Glacfaidh seisiún iomlánach an Bhoird buiséad an Bhoird ar bhonn an ráitis ar meastacháin. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

3.           Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin buiséad an Bhoird chun feidhme.

Airteagal 59 Iniúchadh agus rialú

1.           Bunófar feidhm iniúchóireachta inmheánaí laistigh den Bhord, le feidhmiú i gcomhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha. Is é an t‑iniúchóir inmheánach, arna cheapadh ag an mBord, a bheidh freagrach dó le hoibriú cuí chórais agus nósanna imeachta cur chun feidhme buiséid an Bhoird a fhíorú.

2.           Tabharfaidh an iniúchóir inmheánach comhairle don Bhord maidir le déileáil le rioscaí, trí thuairimí neamhspleácha ar cháilíocht córas bainistíochta agus rialaithe a eisiúint agus trí mholtaí chun na coinníollacha maidir le cur chun feidhme oibríochtaí a eisiúint agus trí bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn.

3.           Is ar an mBord a bheidh an fhreagracht córais agus nósanna imeachta rialaithe inmheánacha a chur ar bun ar oiriúnach iad chun a chúraimí a chur i gcrích.

Airteagal 60 Tíolacadh cuntas agus tarscaoileadh

1.           Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údarúcháin.

2.           Faoin 1 Márta den bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, cuirfidh Oifigeach Cuntasaíochta an Bhoird cuntais shealadacha chuig an gCúirt Iniúchóirí.

3.           Faoin 31 Márta gach bliain tarchuirfidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, cuntais chuntais sealadach an Bhoird don bhliain roimhe sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

4.           Tar éis dó barúlacha na Cúirte Iniúchóirí ar chuntais shealadacha an Bhoird a fháil, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha an Bhoird faoina fhreagracht a tharraingt suas agus a chur chuig an mBord ina sheisiún iomlánach, lena bhformheas.

5.           Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, faoin 1 Iúil tar éis gach bliana airgeadais, na cuntais chríochnaitheacha a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6.           Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair.

7.           Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoin 15 Samhain an bhliain ina dhiadh sin.

8.           Ina sheisiún iomlánach, tabharfaidh an Bord urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i ndáil leis an mbuiséad a chur chun feidhme.

9.           Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis a éilítear i ndáil le cuntais an Bhoird, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin don Pharlaimint.

Airteagal 61 Rialacha airgeadais

Déanfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle le Cúirt Iniúchóirí an Aontais agus leis an gCoimisiún, forálacha airgeadais inmheánacha a ghlacadh, ina sonraítear, go háirithe, an nós imeachta chun a bhuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme.

A mhéid is comhoiriúnach le cineál áirithe an Bhoird, beidh na forálacha airgeadais bunaithe ar an Rialachán maidir le creat airgeadais a glacadh do chomhlachtaí arna mbunú faoin CFAE i gcomhréir le hAirteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais[26].

Airteagal 62 Ranníocaíochtaí

1.           Ranníocfaidh eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 le buiséad an Bhoird i gcomhréir leis an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe maidir le ranníocaíochtaí arna nglacadh de bhun mhír 5. Beidh an méid seo a leanas sna ranníocaíochtaí:

(a) na ranníocaíochtaí bliantúla is gá chun an caiteachas riaracháin a chumhdach;

(b) na ranníocaíochtaí ex ante bliantúla is gá le spriocleibhéal maoiniúcháin an Chiste a shonraítear in Airteagal 65 a bhaint amach, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66; agus

(c) ranníocaíochtaí ex-post urghnácha, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 67.

2.           Socrófar méideanna na ranníocaíochtaí ag leibhéal áirithe lena áirithiú gur leor an t‑ioncam ina leith i bprionsabal chun go mbeidh buiséad an Bhoird comhardaithe gach bliain agus  gur leor é do mhisin an Chiste.

3.           Cinnfidh an Bord, i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 5, na ranníocaíochtaí arna ndlí ag gach eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 i gcinneadh arna ndíriú ar an eintiteas lena mbaineann. Cuirfidh an Bord rialacha nós imeachta, tuairiscithe agus eile i bhfeidhm lena –áiritheofar go n‑íocfar na ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am.

4.           Ní úsáidfear na méideanna arna dtiomsú i gcomhréir le míreanna 1-3 ach amháin chun críocha an Rialacháin seo.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le ranníocaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) na cineálacha ranníocaíochtaí agus na hábhair a bhfuil na ranníocaíochtaí dlite ina leith, an modh ina ríomhtar méid na ranníocaíochtaí agus ina n‑íoctar iad a chinneadh;

(b) rialacha maidir le clárú, cuntasaíocht, tuairisciú agus eile dá dtagraítear i mír 3 a shonrú a bhfuil gá leo chun a áirithiú go n‑íocfar ranníocaíochtaí go hiomlán agus in am;

(c) an córas ranníocaíochtaí a chinneadh d’institiúidí atá údaraithe oibriú tar éis don Chiste a spriocleibhéal a bhaint amach;

(d) na ranníocaíochtaí bliantúla is gá le caiteachas riaracháin an Bhoird a chumhdach, sula dtiocfaidh sé chun a bheith oibríochtúil, a chinneadh

Airteagal 63 Bearta frith‑chalaoise

1.           Chun an comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile a éascú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999, laistigh de sé mhí ón lá a thiocfaidh an Bord chun bheith oibríochtúil, aontóidh sé do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile an Bhoird a úsáideann an teimpléid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin

2.           Beidh sé de chumhacht ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar na tairbhithe, conraitheoirí agus fo-chonraitheoirí a fuair cistí de chuid an Aontais ón mBord.

3.           Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí d’fhonn a shuíomh ar tharla calaois, éilliú nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile maidir le conradh arna maoiniú ag an mBord i gcomhréir le forálacha agus nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. Uimh. 2185/96, a dhéanfadh difear do leasa airgeadais an Aontais

Caibidil 2

An Ciste Aonair Réitigh Banc

ROINN 1

BUNREACHT AN CHISTE

Airteagal 64 Forálacha ginearálta

1.           Bunaítear an Ciste Aonair Réitigh Banc leis seo.

2.           Ní úsáidfidh an Bord an Ciste ach amháin chun críche cur chun feidhme éifeachtúil na n‑uirlisí réitigh agus cumhachtaí a shonraítear i gCuid II, Teideal I a áirithiú agus i gcomhréir le cuspóirí réitigh agus leis na prionsabail a rialaíonn réiteach a leagtar amach in Airteagal 12 agus in Airteagal 13. Ní beidh buiséad an AE faoi dhliteanas i leith chostais nó chaillteanais an Chiste i gcás ar bith.

3.           Beidh an Bord ina úinéir ar an gCiste.

Airteagal 65 Spriocleibhéal maoiniúcháin

1.           I dtréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste 1 % de mhéid thaiscí na n‑institiúidí creidmheasa uile arna n‑údarú sna Ballstáit ar rannpháirtithe iad arna ráthú faoi Threoir 94/19/CE.

2.           I rith na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, déanfar ranníocaíochtaí leis an gCiste arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66, agus arna dtiomsú i gcomhréir le hAirteagal 62 a leathnú amach thar am chomh réidh agus is féidir go dtí go mbainfear an spriocleibhéal amach mura rud é, ag brath ar na himthosca, gur féidir iad a réamhíoc i bhfianaise coinníollacha fabhracha margaidh nó riachtanas maoinithe.

3.           Féadfaidh an Bord an tréimhse tosaigh a fhadú go huastréimhse ceithre bliana i gcás ina ndéanann an Ciste eisíocaíochtaí carntha níos mó ná 0.5 % den méid iomlán dá dtagraítear i mír 1.

4.           Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go laghdaítear na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocmhéid a shonraítear i mír 1, ranníocaíochtaí arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 66, tiomsófar iad go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. I gcás inarb ionann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus níos lú ná leath an spriocleibhéil, ní bheidh na ranníocaíochtaí bliantúla níos lú ná aon cheathrú den spriocleibhéal.

5.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) critéir maidir leis na ranníocaíochtaí leis an gCiste a ríomhtar faoi mhír 2 a leathnú go réidh thar am;

(b) dálaí faoina bhféadfar ranníocaíochtaí a réamhíoc faoi mhír 2;

(c) critéir lena gcinnfear an líon blianta is féidir a chur leis an tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, faoi mhír 3;

(d) critéir maidir leis na ranníocaíochtaí bliantúla dá bhforáiltear i mír 4 a bhunú.

Airteagal 66 Ranníocaíochtaí ex ante

1.           Tiomsófar ranníocaíocht aonair gach institiúide gach bliain ar a laghad agus ríomhfar é pro-rata le méid a dliteanas cé is moite de chistí dílse agus taiscí faoi chumhdach, i ndáil leis na dliteanais iomlána, cé is moite de chistí dílse agus táiscí faoi chumhdach, na n‑institiúidí uile arna n‑údarú i gcríocha na mBallstát ar rannpháirtithe iad.

Coigeartófar í i gcomhréir le próifíl riosca gach institiúide, i gcomhréir leis na critéir atá sonraithe sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraíter in Airteagal 94(7) de Threoir [ ].

2.           Ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil atá le cur san áireamh chun an spriocleibhéal maoiniúcháin a shonraítear in Airteagal 65 a bhaint amach, féadfar a áireamh gealltanais íocaíochta atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun críocha a shonraítear in Airteagal 71(1). Ní rachaidh cion na ngealltanas íocaíochta neamh‑inchúlghairthe seo thar 30 % de méid iomlán na ranníocaíochtaí arna dtiomsú i gcomhréir le mír 1.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) an modh ríofa do ranníocaíochtaí aonair dá dtagraítear i mír 1;

(b) cailíocht na comhthaobhachta atá mar chúltaca leis na gealltanais íocaíochta i mír 2;

(c) na critéir maidir le ríomh chion na ngealltanas íocaíochta dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 67 Ranníocaíochtaí ex post urghnácha

1.           I gcás nach leor na hacmhainní airgeadais atá ar fáil leis na caillteanais, na costais nó na costais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste a chumhdach, tiomsóidh an Bord i gcomhréir le hAirteagal 62 ranníocaíochtaí ex-post urghnácha ó institiúidí arna n‑údarú i gcríocha Ballstát ar rannpháirtithe iad, leis na costais bhreise a chumhdach. Leithdháilfear na ranníocaíochtaí urghnácha sin idir institiúidí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 66.

2.           Féadfaidh an Bord institiúid a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 3, ón oibleagáid ranníocaíochtaí ex‑post a íoc i gcomhréir le mír 1 más rud é go ndéanfadh suim na n‑íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 66 agus i mír 1 den Airteagal seo socrú éileamh creidiúnaithe eile ina haghaidh a chur i gcontúirt. Ní thabharfar an díolmhú sin ar feadh tréimhse níos faide ná 6 mhí ach is féidir é a athnuachan arna iarraidh sin don institiúid.

3.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 82 leis na himthosca agus na coinníollach faoinar féidir eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó ranníocaíochtaí ex-post faoi mhír 2.

Airteagal 68 Iasachtaíocht dheonach idir socruithe um maoiniú

1.           Féadfaidh an Bord iarraidh a dhéanamh iasacht a fháil don chiste ó na socruithe eile uile um maoiniú réitigh laistigh de Bhallstáit nach rannpháirtithe iad, sna cásanna seo a leanas:

(a) ní leor na méideanna arna dtiomsú faoi Airteagal 66 leis na caillteanais, na costais ná na speansais eile arna dtabhú trí úsáid an Chiste a chumhdach;

(b) níl rochtain láithreach ar na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha dá bhforáiltear in Airteagal 67; agus

(c) níl rochtain láithreach ar na hacmhainní maoinithe malartacha dá bhforáiltear in Airteagal 69 ar théarmaí réasúnta.

2.           Cinnfidh na socruithe um maoiniú réitigh sin a leithéid d’iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 97 de Threoir [ ]. Beidh na coinníollacha iasachtaíochta faoi réir pointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 97(3) den Treoir sin [ ].

Airteagal 69 Acmhainní maoiniúcháin malartacha

1.           Féadfaidh an Bord conrú d’iasachtaíochaí an Chiste nó d’fhoirmeacha eile tacaíochta ó institiúidí airgeadais nó ó thríú páirtithe eile, i gcás nach bhfuil rochtain láithreach ar na méideanna arna dtiomsú i gcomhréir le hAirteagal 66 agus Airteagal 67 nó i gcás nach leor iad chun na costais arna dtabhú trí úsáid an Chiste a chumhdach.

2.           Déanfar an iasachtaíocht nó cineálacha eile tacaíochta dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 62 laistigh de thréimhse aibíochta na hiasachta.

3.           Is é an Bord féin seachas buiséad an Aontais ná na Ballstáit ar rannpháirtithe iad a íocfaidh as aon costais arna dtabhú trí iasachtaíochtaí arna sonrú i mír 1.

ROINN 2

riar an chiste

Airteagal 70 Infheistíochtaí

1.           Riarfaidh an Bord an Ciste agus féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún cúraimí áirithe a chomhlíonadh maidir le riar an Chiste.

2.           Is chun sochair an Chiste amháin na méideanna a fhaightear ó institiúid faoi réiteach nó ó institiúid idirlinne, na húis agus aon tuilleamh eile.

3.           Infheisteoidh an Bord na méideanna atá i seilbh an Chiste in oibleagáidí na mBallstát ar rannpháirtithe iad, nó eagraíochtaí idir-rialtasacha, nó i sócmhainní fíorleachtacha ar ardcháilíocht creidmheasa. Ba cheart éagsúlú geografach dóthanach a dhéanamh ar infheistíochtaí. Is chun sochair an Chiste an toradh ar na hinfheistíochtaí sin.

4.           Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le rialacha mionsonraithe le haghaidh riar an Chiste, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 82.

ROINN 3

úsáid an chiste

Airteagal 71 Misean an Chiste

1.           Laistigh den chreat a chinn an Coimisiún, agus na huirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm maidir le hAirteagal 2, féadfaidh an Bord an Ciste a úsáid chun na críocha seo a leanas:

(a) sócmhainní nó dliteanais na hinstitiúide faoi réiteach, a fochuideachtaí, institiúide idirlinne nó meán bainistíochta sócmhainní a ráthú;

(b) iasachtaí a thabhairt don institiúid faoi réiteach, a fochuideachtaí, institiúid idirlinne nó meán bainistíochta sócmhainní;

(c) sócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach a cheannach;

(d) caipiteal a ranníoc le hinstitiúid idirlinne nó le meán bainistíochta sócmhainní;

(e) cúiteamh a íoc le scairshealbhóirí nó le creidiúnaithe más rud é, tar éis meastóireachta de bhun Airteagal 17(5), go bhfuair siad níos lú, mar íocaíocht ar a gcreidmheasanna ná mar a gheobhaidís, tar éis luachála de bhun Airteagal 17(16), i gcás foirceanta faoi ghnáthimeachtaí dóchmhainneachta;

(f) ranníocaíocht a dhéanamh leis an institiúid faoi réiteach in áit na ranníocaíochta a bhainfí amach trí chreidiúnaithe áirithe a dhíluacháil, nuair a chuirtear an uirlis athsnámhaithe i bhfeidhm agus nuair a chinneann an t‑údarás réitigh creidiúnaithe áirithe a eisiamh ó scóip an athshnámhaithe i gcomhreir le hAirteagal 24(3);

(g) aon teaglaim de na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (f) a dhéanamh.

2.           Féadfar an Ciste a úsáid le bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) a dhéanamh freisin i ndáil leis an gceannaitheoir i gcomhthéacs  na huirlise díolacháin gnó.

3.           Ní úsáidfear an Ciste go díreach le caillteanais institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a iompar nó le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 a athchaipitliú.  I gcás ina gcuirtear cuid de chaillteanais institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste mar thoradh indíreach ón socrú um maoiniú réitigh a úsáid chun na críocha mhír 1, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an tsocraithe um maoiniú réitigh a leagtar amach in Airteagal 24.

4.           Ní fhéadfaidh an Bord an caipiteal a ranníocfar leis  i gcomhréir le pointí (f) de mhír 1 a shealbhú ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana.

Airteagal 72 Socruithe náisiúnta um maoiniú a fhrithpháirtiú i gcás réitigh grúpa  a bhaineann le hinstitiúidí i mBallstáit nach rannpháirtithe iad

I gcás réitigh grúpa a bhaineann le hinstitiúidí arna n‑údarú i Ballstát amháin ar rannpháirtí é nó níos mó ar thaobh amháin, agus institiúidí arna n‑údarú i mBallstát amháin nach rannpháirtí é nó níos mó ar an taobh eile, ranníocfaidh an Ciste le maoiniú an réitigh ghrúpa i gcomhréir  le forálacha arna leagan síos in Airteagal 98 de Threoir [ ] .

Airteagal 73 Scéimeanna Ráthaithe Taiscí a úsáid i gcomhthéacs réitigh

1.           Áiritheoidh Ballstáit ar rannpháirtithe iad, nuair a dhéanann an Bord bearta réitigh, agus ar an gcoinníoll go n‑áiritheofar trí na bearta sin go leanfaidh taisceoirí de rochtain a fháil ar a dtaiscí, áiritheoidh siad go mbeidh an scéim ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi faoi dhliteanas i leith na méideanna arna sonrú in Airteagal 99(1) agus (4) de Threoir [ ].

2.           Beidh cinneadh an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1 i gcomhlíonadh na gcoinníollacha a bhunaítear in Airteagal 17.

3.           Sula gcinnfidh an Bord, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, an méid atá dlite le híoc ag an scéim ráthaithe taiscí i gcomhlíonadh na gcoinníollacha arna mbunú in Airteagal 39(3)(d) de Threoir [ ], rachaidh sé i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí lena mbaineann, agus lánaird á tabhairt ar phráinn an ghnó.

4.           I gcás nach leor acmhainní scéime ráthaithe taiscí leis na híocaíochtaí atá le híoc le taisceoirí a chumhdach, agus nach bhfuil acmhainní eile ar fáil láithreach ón  mBallstát ábhartha ar rannpháirtí é, féadfaidh an Ciste na hacmhainní is gá a thabhairt ar iasacht don scéim ráthaithe taiscí ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile faoi Airteagal 10 de Threoir 94/19/CE.

TEIDEAL VI

forálacha eile

Airteagal 74 Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an  gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an mBord agus lena fhoireann.

Airteagal 75 Teangacha

1.           Beidh feidhm ag Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle[27] maidir leis an mBord

2.           Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Bhoird.

3.           Féadfaidh an Bord a chinneadh cén teanga oifigiúil a bheidh le húsáid agus doiciméid á gcur chuig institiúidí agus comhlachtaí an Aontais.

4.           Féadfaidh an Bord comhaontú le gach údarás náisiúnta réitigh faoin teanga nó teangacha ina ndréachtófar na doiciméid atá le cur chuig na húdaráis náisiúnta réitigh nó uathu.

5.           Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh i ndáil le feidhmiú an Bhoird.

Airteagal 76 Foireann an Bhoird

1.           Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh i gcomhaontú idir institiúidí an Aontais lena dtugtar éifeacht do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, maidir le foireann an Bhoird, lena n‑áirítear an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

2.           Glacfaidh an Bord i gcomhaontú leis an gCoimisiún, na rialacha iomchuí cur chun feidhme le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Airteagal 77 Malartú foirne

1.           Féadfaidh an Bord úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta ar iasacht nó baill foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an mBord.

2.           Ina sheisiún iomlánach glacfaidh an Bord cinntí iomchuí lena leagfar síos rialacha maidir le malartú foirne agus iad a bheith ar iasacht ó údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad.

3.           Féadfaidh an Bord foirne réitigh inmheánacha a bhunú ar a mbeidh baill foirne ó na húdaráis náisiúnta réitigh ó na Ballstáit ar rannpháirtithe iad.

Airteagal 78 Dliteanas an Bhoird

1.           Rialófar dliteanas conarthach an Bhoird tríd an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2.           Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána atá i gconradh arna chur i gcrích ag an mBord.

3.           I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Bord, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe maidir le dliteanas údarás poiblí na mBallstát, aon damáiste arb é féin nó arb é a fhoireann is cúis leis i bhfeidhmiú a gcuid dualgas a shlánú, go háirithe ina bhfeidhmeanna réitigh, lena n‑áirítear gníomhartha agus neamhghníomhartha ag tacú le nósanna imeachta réitigh eachtracha.

4.           Cúiteoidh an Bord d’údarás náisiúnta réitigh na damáistí as ar chiontaigh cúirt náisiúnta é, nó ar gheall sé, i gcomhaontú leis an mBord, a íoc i gcomhréir le socraíocht chairdiúil, ar thoradh iad ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an t‑údarás náisiúnta réitigh sin le linn réitigh ar bith faoin Rialachán seo, mura rud é gur sárú dhlí an Aontais, an Rialacháin seo, Cinnidh ón gCoimisiún nó Cinnidh ón mBord é an gníomh nó an neamhghníomh sin, nó gur earráid bhreithiúnais shoiléir agus thromchúiseach a bhí ann.

5.           Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in aon díospóid a bhaineann le míreanna 3 agus 4. Cuirfear urchosc le himeachtaí in ábhair a thagann as dliteanas neamhchonarthach tar éis tréimhse cúig bliana ó tharla an teagmhas is siocair leis.

6.           Rialófar dliteanas pearsanta a fhoirne i leith an Bhoird leis na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 79 Rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise

1.           Beidh comhaltaí an Bhoird, baill foirne an Bhoird agus baill foirne arna malartú le Ballstáit ar rannpháirtithe nó arna bhfáil ar iasacht acu, atá i mbun dualgas réitigh, fiú nuair atá deireadh lena ndualgais, beidh siad faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil de bhun Airteagal 339 CFAE agus na forálacha ábhartha i reachtaíocht an Aontais, fiú nuair atá deireadh lena ndualgais.

2.           Áiritheoidh an Bord go mbeidh daoine aonair a sholáthraíonn seirbhís ar bith, go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, a bhaineann le comhlíonadh a dhualgas faoi réir ceanglas coibhéiseach maidir le rúndacht ghairmiúil.

3.           Chun críocha na gcúraimí arna mbronnadh air leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, údarófar an Bord, laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha atá leagtha amach i ndlí ábhartha an Aontais, faisnéis a mhalartú le húdaráis agus comhlachtaí náisiúnta nó Eorpacha i gcásanna ina gceadaíonn dlí ábhartha an Aontais d’údaráis inniúla náisiúnta faisnéis a nochtadh leis na heintitis sin nó i gcás  ina ndéanann Ballstáit foráil maidir lena a leithéid de nochtadh faoi dhlí ábhartha an Aontais.

Airteagal 80 Trédhearcacht

1.           Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[28] maidir le doiciméid atá i seilbh an Bhoird.

2.           Glacfaidh an Bord, laistigh de shé mhí ó dháta a chéad chruinnithe, na rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm.

3.           Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n‑ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n‑ábhar caingne os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tar éis achomhairc chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 228 agus Airteagal 263 CFAE faoi seach.

4.           Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an mBord faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29]. Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag na húdaráis náisiúnta réitigh faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 95/46 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30].

Airteagal 81 Rialacha slándála maidir faisnéis aicmithe agus faisnéis neamhaicmithe íogair a chosaint

Déanfaidh an Bord prionsabail slándála atá i rialacha slándála an Choimisiúin maidir le Faisnéis Aicmithe Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis neamhaicmithe íogair a chosaint a chur i bhfeidhm, mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom. Agus na prionsabail slándála á gcur i bhfeidhm áireofar forálacha maidir le malartú, próiseáil agus stóráil na faisnéise sin a chur i bhfeidhm.

CUID IV CUMHACHTAÍ FORGHNÍOMHAITHE AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 82 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar an tarmligean cumhachta ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 88.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 62(5) 65(5), 66(3), 67(3), agus 70(4) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 62(5), 65(5), 66(3) 67(3), agus 70(4) i bhfeidhm ach amháin i gcás nach ndearna Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ón uair a tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse sin, gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid i gcoinne an ghnímh. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 83 Athbhreithniú

1.           Faoin 31 Nollaig 2016, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina gcuirfear béim ar leith  ar fhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann d’fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:

(a) feidhmiú an SAR agus tionchar a ghníomhaíochtaí réitigh ar leasa an Aontais ina iomlán agus ar chomhleanúnachas agus iontaobh an mhargaidh aonair i seirbhísí airgeadais, lena n‑áirítear a thionchar féideartha ar struchtúir na gcóras baincéireachta náisiúnta laistigh den Aontas, agus maidir le héifeachtacht comhair agus socruithe comhroinnte faisnéis laistigh den SAR, idir an SAR agus an SMA agus idir an SAR agus na húdaráis náisiúnta réitigh agus údaráis inniúla náisiúnta Ballstát nach rannpháirtithe iad.

(b) éifeachtacht socruithe neamhspleáchais agus cuntasachta;

(c) an idirghníomhaíocht idir an Bord agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach;

(d) an idirghníomhaíocht idir an Bord agus údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát nach rannpháirtithe iad agus éifeachtaí an SAR ar na Ballstáit sin.

2.           Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Déanfaidh an Coimisiún na tograí a ghabhann léi, mar is iomchuí.

Airteagal 84 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1093/2010 mar a leanas:

1.           Cuirtear an méid  seo a leanas in ionad phointe (2) in Airteagal 4:

“(2) ciallaíonn "údaráis inniúla":

(i)      údaráis inniúla mar atá sainmhínithe i bpointe 40 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2007/64/CE agus dá dtagraítear i dTreoir 2009/110/CE;

(ii)      maidir le Treoir 2002/65/CE agus Treoir 2005/60/CE, na húdaráis atá inniúil lena áirithiú go gcomhlíonann institiúidí creidmheasa agus airgeadais  ceanglais na dTreoracha sin;

(iii)     maidir le scéimeanna rathaithe taiscí, ciallaíonn sé comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun Threoir 94/19/CE, nó i gcás ina bhfuil oibriú na scéime ráthaithe taiscí á riar ag cuideachta phríobháideach, ciallaíonn sé an t‑údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin, de bhun na Treorach sin; agus

(iv)     maidir le hAirteagail 62(5), 65(5), 66(3), 67(4) agus 70(4), údaráis réitigh mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 den Treoir sin agus ag an mBord Aonair Réitigh arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh. …/…ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.           In Airteagal 25, cuirtear isteach an mír seo a leanas:

“1a.    Féadfaidh an tÚdarás athbhreithnithe piaraí ar an malartú faisnéise agus ar chomhghníomhaíochtaí an Bhoird dá dtagraítear sa Rialachán maidir le Sásra Réitigh Aonair agus ar chomhghníomhaíochtaí údarás náisiúnta réitigh Ballstát nach rannpháirtithe iad sa Sásra Réitigh Aonair a eagrú agus a chur i gcrích i réiteach grúpaí trasteorann, chun éifeachtacht agus comhsheasmhacht torthaí a threisiú. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna chun gur féidir measúnú agus comparáid oibiachtúil a dhéanamh.

3.           In Airteagal 40(6), cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas:

“Chun gníomhú laistigh de raon feidhme Airteagail 62(5), 65(5), 66(3), 67(4) agus 70(4), beidh  Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bhoird Aonair Réitigh ina bhreathnadóir don Bhord Stiúrthóirí.”

Airteagal 85 Socruithe náisiúnta um maoiniu réitigh a ionadú

Ó dháta an iarratais dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 88, glacfar leis an gCiste mar shocrú um maoiniú réitigh na mBallstát ar rannpháirtithe iad faoi Theideal VII de Threoir [ ].

Airteagal 86 Comhaontú maidir le ceanncheathrú agus coinníollacha oibriúcháin

1.           Déanfar na socruithe is gá maidir le cóiríocht atá le soláthar don Bhord sa Bhallstát aíochta  agus na saoráidí atá le cur ar fáil ag an mBallstát sin mar aon le rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát aíochta maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhaltaí an Bhoird ina sheisiún iomlánach, foireann an Bhoird agus baill dá dteaghlaigh, a leagan síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Bord agus an Ballstát aíochta, arna chur i gcrích tar éis formheas an Bhoird a fháil ina sheisiún iomlánach agus tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

2.           Soláthróidh Ballstát aíochta an Bhoird na coinníollacha is fearr is féidir lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an Bord mar is cuí, lena n‑áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 87 Tús ghníomhaíochtaí an Bhoird

1.           Beidh an Bord lánoibríochtúil faoin 1 Eanáir 2015.

2.           Beidh an Coimisiún freagrach as bunú agus oibriú tosaigh an Bhoird go dtí go mbeidh an cumas oibríochtúil ag an mBord a bhuiséad féin a chur chun feidhme. Chun na críche sin:

(a) go dtí go dtéann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i mbun a dhualgas tar éis don Chomhairle é a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 53, féadfaidh an Coimisiún oifigeach ón gCoimisiún a ainmniú mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus na dualgais a shanntar don Stiúrthoir Feidhmiúcháin a chomhlíonadh;

(b) de mhaolú ó Airteagal 47(1)(i) agus go dtí go nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 47(2), feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach  cumhachtaí an údaráis cheapacháin;

(c) Féadfaidh an Coimisiún cúnamh a thairiscint don Bhord, go háirithe trí oifigigh ón gCoimisiún a chur ar iasacht chun gníomhaíochtaí na gníomhaireachta a dhéanamh faoi chúram an Stiúrthóra Feidhmiúcháin nó an Leas‑Stiúrthóra Feidhmiúcháin;

(d) baileoidh an Coimisiún na ranníocaíochtaí bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 62(5)(d) thar ceann an Bhoird.

3.           Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na híocaíochtaí uile arna gcumhdach ag leithreasuithe arna n‑iontráil i mbuiséad an Bhoird a údarú agus féadfaidh sé conarthaí a chur i gcrích, lena n‑áirítear conarthaí foirne.

Airteagal 88 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagail 7 go 23 agus Airteagail 25 go 38 amhail ón 1 Eanáir 2015.

Beidh feidhm ag Airteagal 24 amhail ón 1 Eanáir 2018.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Foras an togra/tionscnaimh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Sásra Aonair Réitigh agus Ciste Aonair Réitigh Banc

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[31]

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

þ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[32]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

· An margadh inmheánach a neartú do sheirbhísí baincéireachta, ach cothrom iomaíochta a áirithiú ag an céanna.

· Gan baint de chobhsaíocht airgeadais ná den mhuinín as na bainc, leanúnachas na mbunseirbhísí airgeadais a áirithiú agus leathadh na bhfadhbanna (éifeacht ghabhála) a sheachaint.

· Na caillteanais don tsochaí ina hiomláine a íoslaghdú agus, go háirithe i gcás an cháiníocóra, taisceoirí a chosaint agus an baol mórálta a laghdú.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta thuas, beidh gá na sainchuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

Ullmhúchán agus cosaint:

· cur le cé chomh hullamh agus atá na maoirseoirí agus na bainc do ghéarchéimeanna agus

· inréiteacht na mbanc uile a áirithiú.

Luath‑idirghabháil:

· na socruithe luath‑idirghabhála do mhaoirseoirí banc a fheabhsú.

Réiteach banc:

· réiteach na mbanc sin atá faoi réir sásra maoirseachta aonair a áirithiú go tráthúil agus go láidir;

· deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do gheallsealbhóirí réitigh bainc.

Maoiniú:

· ciste aonair réitigh banc a chruthú, le caillteanais nach bhfuil siméadrach ar bhonn geografach a iompar go héifeachtach i gcóras baincéireachta an Aontais;

· a áirithiú go mbeidh réiteach na mbanc sin a bhfuil ag cliseadh orthu cumhdaithe go hiomlán ag ranníocaíochtaí institiúidí airgeadais, tar éis do na geallsealbhóirí agus creidiúnaithe a bheith athshnámhaithe.

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

· An lúb aischothaithe dhiúltach idir na stáit cheannasacha agus a mbainc a bhriseadh.

· Dálaí cothroma agus rochtain chothrom ar mhaoiniú ó na bainc a chur ar fáil do gach gnólacht san aontas baincéireachta ina iomláine.

· Na caillteanais a bhíonn ar thaisceoirí, ar rialtais agus ar cháiníocóirí a iompar de bharr téarnamh agus réiteach bainc mhóir a bhfuil tábhacht shistéamach leis a laghdú.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

· Raonta difríochta fadtéarmacha na mbannaí rialtais idir Ballstáit.

· Líon na mbanc atá ag dul trí réiteach.

· An costas a bhaineann le réitigh bainc, íocaíochtaí ón gciste aonair réitigh san áireamh.

· Athruithe ar an méid den fhiachas atá in‑athshnámhaithe sna bainc.

1.5.        Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Mar atá luaite i dTreoirphlean an Choimisiúin d’Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh Domhain agus Fíor agus i dtuarascáil na gCeithre Uachtarán in 2012, tá creat airgeadais comhtháite nó “Aontas Baincéireachta” ina chuid dhílis de na bearta beartais le haghaidh an Eoraip a chur ar ais ar bhealach an téarnaimh agus an fháis eacnamaíoch. De bharr easpa comhordaithe sa chaoi a bhfuil na Ballstáit éagsúla ag tabhairt aird ar chliseadh na mbanc, tá an margadh inmheánach níos ilroinnte anois i dtaobh iasachtú agus maoiniú. Dá thoradh sin, bheadh an comhbheartas airgeadaíochta níos laige agus dhéanfadh imfhálú dochar don iasachtú a dhéantar le gnólachtaí agus le tomhaltóirí.

Déanann an cás sin dochar go háirithe do limistéar an euro. Ceal spáis le huirlisí airgeadaíochta a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar laigí in earnáil na baincéireachta, tá nasc diúltach aischothaithe fós ann idir na bainc agus na stáit de bharr an tábhacht a bhaineann le hacmhainní fioscacha náisiúnta chun cliseadh na mbanc a bhainistiú. Gnólachtaí a meastar nach bhfuil ach cumas íslithe iontu teacht i gcabhair ar bhainc anásta ina gcríoch, tá siad go mór faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht. Thairis sin, mar a tharla le linn na géarchéime, is féidir le fadhbanna a bhíonn ag Ballstáit áirithe i limistéar an euro leathadh go gasta de bharr amhrais agus naisc airgeadais chuig Ballstáit eile a bhfuil na margaí den tuairim fúthu go bhfuil siad neamhchosanta ar rioscaí den chineál céanna.

I gconclúidí na Comhairle Eorpaí i Nollaig 2012 dearbhaíodh “I gcomhthéacs ina n‑aistreofar an mhaoirseacht ar na bainc chuig sásra aonair maoirseachta ar bhealach éifeachtach, beidh gá le sásra aonair réitigh a mbeidh na cumhachtaí riachtanacha aige chun a áirithiú go bhféadfar aon bhanc sna Ballstáit rannpháirteacha a réiteach leis na huirlisí iomchuí”.

Tá dul chun cinn ionsar Aontas Baincéireachta fíor‑riachtanach chun cobhsaíocht agus fás airgeadais a áirithiú i limistéar an euro. Dá bhrí sin, agus an creat rialála is infheidhme maidir leis na 28 ball den mhargadh inmheánach (leabhar rialacha aonair) mar dhúshraith aige, roghnaigh an Coimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm agus mhol sé Treochlár um Aontas Baincéireachta ina bhfuil ionstraimí agus céimeanna éagsúla, is féidir a bheidh ar fáil ag na Ballstáit uile, ach, ar scor ar bith, ina n‑áirítear na 17 mBallstát atá laistigh de limistéar an euro faoi láthair.

Sa chéad chéim den phróiseas, is é sin an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) le haghaidh na mbanc i limistéar an euro agus le haghaidh na mbanc sin i mBallstáit eile ar mian leo ballraíocht a ghlacadh sa limistéar, tabharfar de chumhacht don BCE cúraimí tábhachtacha maoirseachta a fheidhmiú maidir leis na bainc sin.

Gné thábhachtach eile den Aontas Baincéireachta, is é sin an togra le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) a glacadh in 2012, tá sé á phlé ag na reachtóirí éagsúla faoi láthair. Is é a bhunófar leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc na rialacha maidir leis an tslí a gcuirfear réiteach i gcrích ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus tabharfar cumhachtaí agus nósanna imeachta do na húdaráis náisiúnta réitigh le go bhféadfaidh siad bainc a réiteach.

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, is é a bheidh ag teastáil chun margaí baincéireachta an Aontais a chomhtháthú sásra réitigh do limistéar uile an euro le déileáil le bainc anásta agus leis an mbaol go mbeadh éifeacht ghabhála ann a bhainistiú le gur féidir cobhsaíocht airgeadais limistéar an euro a chosaint ar mhaithe leis an margadh inmheánach ina iomláine.

I gcomhréir le Treoirphlean an Choimisiúin in 2012, is é an cuspóir fadtéarmach atá againn Aontas Baincéireachta a chruthú do na bainc i ngach Ballstát. Maoirseacht dhíreach an BCE, an sásra aonair réitigh banc agus scéimeanna ráthaithe taiscí atá éifeachtach agus stóinseach i ngach Ballstát, beidh siad ríthábhachtach le nach mbainfear den mhuinín atá ag an bpobal as cobhsaíocht inbhuanaithe an Aontais.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Faoi phrionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5.3 den CAE, níor cheart don Aontas gníomhú i réimsí nach dtagann faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt arna bheartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal láir nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí an bhirt arna bheartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Beart ar an leibhéal Eorpach an t‑aon bheart lena n‑áiritheofar go ndéanfar bainc a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach ar dhóigh neamh‑idirdhealaitheach agus de bhun foirne aonair rialacha le gur féidir feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú. Ainneoin an chomhtháthaithe dhlúith atá déanta in earnáil baincéireachta an Aontais, tá difríochtaí suntasacha fós ann idir na cinntí maidir le réiteach a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta, rud a d’fhéadfadh baol doghlactha a chruthú don chobhsaíocht airgeadais.

De bharr an airgeadra aonair, tá géarghá le córas amháin maoirseachta agus réitigh le haghaidh bhainc limistéar an euro le go seachnófar ilroinnt scriosach an gheilleagair. Beidh Sásra Aonair Réitigh i bhfad níos éifeachtaí ná gréasán d’údaráis náisiúnta réitigh, go háirithe do ghrúpaí baincéireachta trasteorann a bhfuil luas agus comhordú ríthábhachtach dóibh leis na costais a laghdú agus an mhuinín a thabhairt ar ais. Beidh barainneachtaí scála suntasacha i gceist freisin, agus seachnófar na seachtrachtaí diúltacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn as cinntí a dhéantar ar bhonn náisiúnta amháin.

1.5.3.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Sa chéad chéim den phróiseas, is é sin an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) le haghaidh na mbanc i limistéar an euro agus le haghaidh na mbanc sin i mBallstáit eile ar mian leo ballraíocht a ghlacadh sa limistéar, tabharfar de chumhacht don BCE cúraimí tábhachtacha maoirseachta a fheidhmiú maidir leis na bainc sin.

Gné thábhachtach eile den Aontas Baincéireachta, is é sin an togra le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) a glacadh in 2012, tá sé á phlé ag na reachtóirí éagsúla faoi láthair. Is é a bhunófar leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc na rialacha maidir leis an tslí a gcuirfear réiteach i gcrích ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus tabharfar cumhachtaí agus nósanna imeachta do na húdaráis náisiúnta réitigh le go bhféadfaidh siad bainc a réiteach.

I gcomhréir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, is é a bheidh ag teastáil chun margaí baincéireachta an Aontais a chomhtháthú sásra réitigh do limistéar uile an euro le déileáil le bainc anásta agus leis an mbaol go mbeadh éifeacht ghabhála ann a bhainistiú le gur féidir cobhsaíocht airgeadais limistéar an euro a chosaint ar mhaithe leis an margadh inmheánach ina iomláine.

I gcomhréir le Treoirphlean an Choimisiúin in 2012, is é an cuspóir fadtéarmach atá againn Aontas Baincéireachta a chruthú do na bainc i ngach Ballstát. Maoirseacht dhíreach an BCE, an sásra aonair réitigh banc agus scéimeanna ráthaithe taiscí atá éifeachtach agus stóinseach i ngach Ballstát, beidh siad ríthábhachtach le nach mbainfear den mhuinín atá ag an bpobal as cobhsaíocht inbhuanaithe an Aontais.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

· ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

· ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

· Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh 2014 go deireadh 2014,

· cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[33]

¨ Bainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún

– ¨ ag a ranna, lena n‑áirítear an fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

– þ                              ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin;

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht indíreach trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

– ¨ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

– ¨an BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

– þ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 agus Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais;

– ¨ comhlachtaí dlí poiblí;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

– ¨ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

– ¨ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme sa CBES de bhun Theideal V den CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

– I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

De réir Airteagal 47 den Rialachán, tá de cheangal ar an mBord bheith cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus, i measc nithe eile, tuarascáil ar fheidhmiú na gcúraimí a tugadh dó faoin Rialachán seo a chur gach bliain chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Ní chruthódh an togra aon rioscaí nua maidir le húsáid dhlíthiúil, thíosach, éifeachtúil agus éifeachtach na línte buiséid.

Ba chóir don lucht bainistíochta inmheánach riosca aird a thabhairt, mar sin féin, ar an nádúr sonrach a bhaineann le sásra maoinithe an Bhoird. Murab ionann agus a lán comhlachtaí eile a bhunaigh na Comhphobail, is institiúidí airgeadais amháin a mhaoineoidh na seirbhísí a chuirfidh an Bord ar fáil.

Chomh maith leis sin, beidh an Bord freagrach as bainistiú an Chiste Aonair Réitigh Banc a áirithiú. Chuige sin, beidh gá nósanna imeachta rialaithe inmheánacha a fhorbairt agus a leagan síos.

2.2.2.     Faisnéis maidir leis an gcóras rialaithe inmheánaigh atá i bhfeidhm

Ba cheart don chreat agus do na rialacha maidir le rialú inmheánach a bheith ag luí leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag údaráis eile a bhunaigh an Coimisiún, cé is moite de bhainistiú an Chiste Aonair Réitigh Banc, a mbeidh rialacha sonracha de dhíth maidir leis.

2.2.3.     Meastachán ar chostais agus ar shochair na rialuithe agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis

Beidh an rialú inmheánach ina dhlúthchuid de nósanna imeachta an Bhoird i dtaobh chomhlíonadh a dhualgais agus chur chun feidhme na gcúraimí a tugadh dó. Ní bheidh na costais ar na nósanna imeachta sin níos airde ná na sochair a thugann siad maidir le hearráidí ábhartha a sheachaint.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an mBord ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

Aontóidh an Bord do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an Bhoird.

Maidir leis na cinntí maidir le maoiniú agus na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu, sonrófar go sainráite iontu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar thairbhithe an airgid arna eisíoc ag an mBord agus, chomh maith leis sin, ar dhaoine den fhoireann atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

Is in Airteagail 58-63 den Rialachán lena mbunaítear an Bord a leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme agus rialú bhuiséad an Bhoird agus na rialacha airgeadais is infheidhme.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

Tugann an anailís thíos meastachán ar an gcostas iomlán a chuirfidh an togra seo ar an mBord agus ar a fhoireann riaracháin (an Bord anseo feasta) agus ar an gCoimisiún.

Is institiúidí airgeadais a thagann faoi scáth an tSásra Réitigh Eorpaigh a mhaoineoidh costais an Bhoird ina n‑iomláine. Tá tuairim is 6,000 banc i limistéar an euro a íocfaidh, sa bhreis ar an ranníocaíocht bhliantúil leis an gCiste Aonair Réitigh Banc, pro rata seasta den mhéid sin chun an costas a bhaineann le buiséad an Bhoird a ghlanadh go hiomlán. Déanfar an ráta ranníocaíochta agus buiséad an Bhoird a fhormheas gach bliain. Déanfar an ráta ranníocaíochta leis an mBord a choigeartú gach bliain le go mbeidh buiséad an Bhoird ar comhardú.

Cuirfidh an Bord cúraimí i gcrích maidir le réiteach na mbanc a ullmhú agus a fheidhmiú agus maidir leis na ranníocaíochtaí leis an gCiste Réitigh Banc agus riar an Chiste sin. Maidir le réiteach bainc a ullmhú, déanfaidh an Bord pleananna réitigh a tharraingt suas nó a athbhreithniú, glacfaidh sé páirt i gcoláistí um réiteach trasteorann agus ullmhóidh sé an réiteach ansin. I gcás líon mór institiúidí agus grúpaí, beidh ar an mBord pleananna réitigh a tharraingt suas, i gcomhar leis an maoirseoir (comhdhlúthaithe) agus na húdaráis náisiúnta réitigh, maidir leis na bearta réitigh is féidir a dhéanamh nuair a chomhlíonfar na coinníollacha maidir le réiteach, agus na pleananna a athbhreithniú go bliantúil ar a laghad agus, nuair is iomchuí, iad a thabhairt cothrom le dáta. Beidh ar an mBord inréiteacht na n‑institiúidí agus na ngrúpaí a mheasúnú freisin agus aon bhac substainteach a d’fhéadfadh a bheith ar an inréiteacht sin a fhiosrú.

Beidh ar na húdaráis náisiúnta réitigh pleananna réitigh a tharraingt suas freisin do na heintitis agus na grúpaí eile, agus beidh ar an mBord na pleananna sin a athbhreithniú. I gcás ina bhfuil údaráis atá bunaithe i mBallstáit nach rannpháirtithe iad sa ghrúpa, is é an Bord a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann údaráis náisiúnta réitigh na mBallstát sin ar rannpháirtithe iad den choláiste um réiteach. Bunaítear na coláistí um réiteach lena áirithiú go mbeidh comhar agus comhordú ann idir na húdaráis ábhartha agus cuireann siad cúraimí i gcrích, inter alia, maidir le forbairt na bpleananna réitigh, measúnú ar inréiteacht agus an réiteach féin.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún eintiteas áirithe a chur faoi réiteach, déanfaidh an Bord faireachán ar fheidhmiú an réitigh, agus déanfaidh sé measúnú freisin ar fhéidearthacht phlean atheagrúcháin ghnó an eintitis sin.

Maidir leis an gCiste, beidh ar an mBord ranníocaíochtaí bliantúla a ghearradh ar bheagnach 6,000 institiúid, beidh air a áirithiú go bhfuil an ráta ranníocaíochta i mbainc ar leith socraithe i gceart, gur íocadh na ranníocaíochtaí in am agus go ndéantar suimeanna gan íoc a ghnóthú go héifeachtach. Chuige sin, déanfaidh an Bord iniúchadh ar thaifid na mbanc. Beidh ar an mBord na cistí a riaradh freisin. Bheadh an méid le bailiú agus le riaradh níos airde ná leath de bhuiséad bliantúil an Aontais. Beidh ar an mBord cistí a riaradh freisin sa chaoi is nach mbeadh riosca ard ag baint leis agus go bhféadfaí, más gá, na hacmhainní a chur ar fáil go tapa do réiteach airgeadais. Ciallaíonn sé sin go mbeadh gá le straitéis fhónta fhadtéarmach infheistíochta ina gcuirfí tíreolas agus aibíocht na n‑infheistíochtaí san áireamh i measc nithe eile. Dar ndóigh, bheadh ar fheidhmeanna foirne an Bhoird tacú leis na feidhmeanna líne sin, lena n‑áirítear teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide.

Na príomhthoimhdí

An struchtúr foirne agus costais atá réamh‑mheasta don Bhord:

· Tá súil go mbeidh an líon iomlán foirne ag an mBord faoi dheireadh na chéad bhliana, rud a chiallaíonn go mbeidh gá an fhoireann iomlán a earcú le linn na chéad bhliana: meastar gur 50% an tionchar ar an mbuiséad sa chéad bhliain agus 100% ón dara bliain ar aghaidh.

· Ceal dóthain údarás náisiúnta réitigh atá seanbhunaithe san Eoraip, rinneadh meastachán ar riachtanais acmhainní daonna an Bhoird trí chúraimí an Bhoird a thargarmharcáil leis na cúraimí atá ar an Federal Deposit Insurance Corporation (FDIC) sna Stáit Aontaithe – féach tábla 1 thíos.

· Maidir leis na taiscí cumhdaithe agus an sprioc atá ann ó thaobh mhéid na gcistí réitigh de, tá na méideanna sin inchomparáide idir na Stáit Aontaithe agus limistéar an euro, ach tá méid na sócmhainní bainc a thig faoi sásra réitigh i bhfad níos airde i limistéar an euro ná mar atá sna Stáit Aontaithe.

· Maidir leis na forchostais, rinneadh comparáid leis na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha (ESAnna). Ós rud é go raibh an méid a caitheadh ar fhorchostais níos airde sna ESAnna ná an méid a fuarthas ón tagarmharcáil le FDIC, úsáideadh an méid a fuarthas ón tagarmharcáil, sin coibhneas níos coimeádaí 11.5% Tá toimhdí eile agus míniúcháin ón tagarmharcáil le FDIC le fáil i dtábla 1 thíos. Sa bhliain 2012, bhí 7,476 duine fostaithe i gcoibhéis lánaimseartha (FTE) in FDIC.

· Tá sainordú níos leithne ag FDIC i gcomparáid leis an mBord, rud a fhágann nár cuireadh ach na ranna ábhartha in FDIC san áireamh sa tagarmharcáil.

· De réir na tagarmharcála, meastar gur 309 fostaí an líon foirne a theastóidh. Ba cheart a mheabhrú freisin gur ar bhonn neamhbhuan atá 21% de na fostaithe in FDIC.  Má ghlactar leis an toimhde is coimeádaí nach mbeadh ach foireann bhuan ag obair in FDIC i dtréimhse gan ghéarchéim, thiocfadh laghdú 75 fostaí ar mhéid an Bhoird go 244 fostaí i dtréimhse gan ghéarchéim. Is tábhachtach a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeadh a dhóthain solúbtachta ag an mBord le foireann bhreise a earcú ar conradh nó an t‑ualach oibre a chur amach ag soláthraithe seachtracha.

· Moltar an miondealú seo ar an bhfoireann:

· 80% TA (68% AD agus 12% AST);

· 10% END;

· 10% CA.

· Cuirfear Rialachán Foirne an AE i bhfeidhm, rud a thuigtear ó na rátaí in aghaidh an duine:

· meánchostas bliantúil TA: EUR 131,000;

· meánchostas bliantúil END: EUR 78,000;

· meánchostas bliantúil CA: EUR 70,000.

Sa bhreis ar an tuarastal féin, tá costais indíreacha san áireamh ann, m.sh. costais foirgnimh, oiliúna, TF agus bonnegair shóisialta leighis.

· Ós rud é nach bhfuil eolas fós cén áit a bheidh an Bord suite, úsáideadh comhéifeacht choigeartaithe tuarastail 1. Dá lonnófaí an Bord in áit eile gach seans go mbeadh gá na costais sin a mheas arís.

· Rinneadh an caiteachas eile foirne, riaracháin agus oibriúcháin a réamh‑mheas bunaithe ar thagarmháil le struchtúr costais reatha na ESAnna.

· Tá súil gur caiteachas oibriúcháin a bheidh i 25% de chostais iomlána an Bhoird, go mór mór maidir le córais faisnéise a fhorbairt agus a chothabháil, agus caidreamh agus cultúr na comh‑mhaoirseachta a chur chun cinn i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta réitigh i bhfianaise an tSásra Réitigh Eorpaigh, le go mbeidh caidreamh dlúth agus éifeachtach idir an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh atá páirteach i gcur chun feidhme na gcinntí maidir le réiteach.

· Tá achoimre i dtábla 2 thíos ar struchtúr costais réamh‑mheasta an Bhoird.

Tábla 1. Meastachán ar an bhfoireann a theastóidh ón mBord i bhfianaise struchtúr foirne an Federal Deposit Insurance Corporation sna Stáit Aontaithe

|| FDIC1 || AN BORD

Saintréithe

Líon na mbanc || 7,1812 || 6,0083

Iomlán sócmhainní || $14,451 (bn, 2012) || €29,994 (bn, 2011)

Iomlán taiscí cumhdaithe || $6,027 (bn, Márta 2013) || €5,514 (bn, 2011)

Sprioc do mhéid an chiste || $81 (bn) || €55 (bn)

Institiúidí anásta 2008-2012 || 465 || 904

Foireann

Líon iomlán fostaithe (fte, 2012: % sa cheanncheathrú) || 7,476 (28.6%) ||

(g) Fostaithe ‘Réiteach agus Glacadóireacht’ (fte, 2012) || 1,428 || 82 (meastachán)5

(h) Fostaithe ‘Airgeadas’ (fte, 2012) || 176 || 88 (meastachán)6

(i) Fostaithe ‘Institiúidí casta’ (fte, 2012) || 148 || 74 (meastachán)7

(j) Fostaithe ‘Rannóg dlí’ (fte, 2012 / % den líon iomlána) || 716 / 9.6% || 30 / 9.6% (meastachán)8

(k) Líon iomlán fostaithe sna rannóga ábhartha (fte, 2012) (suim a, b, c, d) || 2,468 || 274

(l) Fostaithe i seirbhísí don fhoireann (TF, cumarsáid srl.) (líon/% den líon iomlán) || 863 / 11.5% || 35 / 11,5% (meastachán)

(m) Líon iomlán fostaithe an Bhoird (suim e agus f) || || 309 (meastachán)

(n) Fostaithe neamhbhuana (% den líon iomlán fostaithe, 2012) || 21%9 || 21%

(o) Líon iomlán fostaithe buana an Bhoird || || 244 (meastachán)

1               Foinse: www.fdic.gov. 2               Líon ball sa Deposit Insurance Fund, 2012. 3               Líon na n‑institiúidí creidmheasa in AE-17 in Eanáir 2013. Foinse: BCE. 4               Foinse: Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin: ‘Facts and figures on State aid in the EU Member States, 2012 Update’. Tá líon na n‑institiúidí anásta i limistéar an euro níos airde ná sin i ndáiríre, mar nár cuireadh institiúidí ar chlis orthu ach nár bhfuair Státchabhair san áireamh. 5               Meastar go mbeidh lámh ag 20% de na fostaithe i réiteach agus 80% de na fostaithe i nglacadóireacht. Ní bheadh baint ag an mBord ach le réiteach. Bunaithe ar an athdháileadh foirne idir leibhéal láir agus leibhéal réigiúnach FDIC, glactar leis go mbeidh 28.6% de na fostaithe a bhfuil lámh acu i réiteach ag obair ar leibhéal an Bhoird agus 71.4% ar an leibhéal náisiúnta. Is toimhde coimeádach go leor atá ann ós rud é go bhfuil foráil sa togra go bhfanfaidh gach cúram a bhaineann le réiteach ag leibhéal na Bhoird agus nach ndéanfar ar an leibhéal náisiúnta ach cur chun feidhme na gcinntí maidir le réiteach agus déanfaidh leibhéal an Bhoird faireachán ar an gcur chun feidhme sin. 6               Cuirtear cúraimí airgeadais FDIC i gcrích ar an leibhéal láir. Ní dhéantar an deighilt sin i dtiomsú ranníocaíochtaí agus i riaradh an chiste amháin, ach i ngníomhaíochtaí níos ginearálta freisin, m.sh. rialú, oibríochtaí airgeadais agus pleanáil airgeadais. Ar an gcúis sin, glactar leis go mbeadh 50% de líon na bhfostaithe i rannóg airgeadais FDIC ag teastáil ag leibhéal láir an Bhoird chun na ranníocaíochtaí agus an ciste a riaradh. 7               Freagracht ar an mBord is ea réiteach a phleanáil do bhainc mhóra limistéar an euro. Is féidir leis an mBord a iarraidh ar na húdaráis náisiúnta réamhdhréachtaí de phleananna réitigh a chur ar fáil. Chuige sin, glactar leis go mbeidh 50% de na fostaithe ag obair ar leibhéal láir an Bhoird. 8               Ní hamháin go bhfuil lámh ag rannóg dlí FDIC i réiteach, i nglacadóireacht agus i riaradh an chiste, ach tá ról maoirseachta aici freisin. Ar an ábhar sin, baintear leas as an gcoibhneas idir líon na bhfostaithe sa rannóg dlí agus líon iomlán na bhfostaithe chun an líon fostaithe a mbeidh gá ag an mBord leis a mheas. 9               Tá an céatadán d’fhostaithe neamhbhuan bunaithe ar líon iomlán fostaithe FDIC, amach ó na daoine atá fostaithe sa rannóg ‘Réiteach agus Glacadóireacht’, atá fostaithe ar an leibhéal réigiúnach den chuid is mó.

Tábla 2. Struchtúr costais réamh‑mheasta an Bhoird de réir 309 fostaí

Figiúirí sna milliúin EUR || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

|| || || || || || ||

Costais foirne (tuarastail, liúntais agus costais ghaolmhara m.sh. costais foirgnimh agus troscáin agus costais TF san áireamh) || 18 || 37 || 38 || 38 || 39 || 40 || 41

Costais eile acmhainní daonna (earcaíocht, misin, costais foirne seachtraí (gníomhairí sealadacha, soláthraithe seirbhísí seachtracha srl.)) || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3

Foriomlán acmhainní daonna agus costais ghaolmhara || 22 || 40 || 41 || 42 || 43 || 43 || 44

|| || || || || || ||

Caiteachas riaracháin (teileachumarsáid, faisnéis agus foilsiú, costais chruinnithe agus eile) || 3 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5

Foriomlán caiteachais riaracháin || 3 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5

|| || || || || || ||

Caiteachas eile (rialachas, tionscadail TF, idirchaidreamh le húdaráis ábhartha Eorpacha agus i dtríú tíortha, comhthionscadail agus ceardlanna le húdaráis náisiúnta réitigh agus comhlachtaí eile, srl.) || || || || || || ||

Foriomlán caiteachais eile || 8 || 16 || 16 || 16 || 16 || 17 || 17

|| || || || || || ||

Caiteachas iomlán || 33 || 61 || 62 || 63 || 64 || 65 || 66

Ciste Aonair Réitigh Banc:

· Tá an sprioc atá ann do mhéid an Chiste Aonair Réitigh Banc socraithe ag 1% de na taiscí atá cumhdaithe i gcóras baincéireachta na mBallstát ar rannpháirtithe iad. I bhfianaise shonraí na bliana 2011 maidir le bainc, EUR 55 billiún an méid a bheadh réamh‑mheasta mar sprioc don chiste.

· Déanfaidh na bainc ar rannpháirtithe iad a ranníocaíocht (a bheidh coigeartaithe de réir riosca) a íoc leis an gCiste Aonair Réitigh Banc laistigh de thréimhse deich mbliana. Ba cheart go mbeadh iomlán bliantúil na gcistí réitigh cothrom le timpeall EUR 5.5 billiún, dá bhrí sin, gan tuairisceáin agus eis‑sreafaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh.

· I ndearbhmhéideanna, is iad na bainc is mó a dhéanfaidh an ranníocaíocht is mó leis an gCiste Aonair Réitigh Banc. Gan próifíl riosca na mbanc a chur san áireamh, is é a léiríonn meastacháin sheirbhísí an Choimisiúin bunaithe ar shonraí 2011 gur ó 17 de na bainc is mó san Eoraip a gheofar timpeall 40% d’iomlán na ranníocaíochtaí leis na gCiste.

· Maidir le riaradh an Chiste, ba cheart a mheabhrú nár cuireadh san áireamh sa mheastachán ar chostais an Bhoird ach na himpleachtaí a bhaineann le hacmhainní daonna. Glactar leis go ndéanfar na costais eile, m.sh. costais infheistíochta, a asbhaint ón gCiste.

Tionchar airgeadais ar leibhéal an Choimisiúin:

· Meastar go mbeidh gá le 15 phost shealadacha ar leibhéal an Choimisiúin sa chéad bhliain (2014) chun an Bord a bhunú agus chun díriú ar chéim thosaigh (6 mhí nó mar sin) an Bhoird. Beidh saineolas ag na fostaithe sin ar shaincheisteanna acmhainní daonna, cúrsaí buiséid agus cúrsaí riaracháin eile a bhaineann le bunú an Bhoird agus glactar leis gur sa Bhruiséil a bheidh siad. D’fhéadfadh an measúnú airgeadais atá thíos athrú ag brath ar an suíomh a roghnófar don Bhord.

· Ón mbliain 2015, meastar go mbeadh gá b’fhéidir le 10 bpost laistigh den Choimisiún chun na cúraimí a tugadh don Bhord faoin Rialachán a chur i gcrích, go háirithe cinntí maidir le réiteach a ullmhú. Beidh an rogha sin faoi réir cinnidh faoin nós imeachta buiséadach bliantúil.

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar     

Meastar go mbeidh gá le 15 phost ar leibhéal an Choimisiúin sa chéad bhliain (2014) chun an Bord a bhunú agus chun díriú ar chéim thosaigh an Bhoird.

Ón mbliain 2015, meastar go mbeidh gá le 10 bpost laistigh den Choimisiún chun na cúraimí a tugadh don Bhord faoin Rialachán a chur i gcrích, go háirithe cinntí maidir le réiteach a ullmhú.

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Uimhir || […][Ceannteideal………...……………………………………………………………….]

DG: <…….> || || || Bliain N[34] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2) || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || ||

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach[35] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || ||

TOTAL appropriations for DG <….> || Gealltanais || =1+1a +3 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || 5 || Caiteachas Riaracháin

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Coimisiún ||

Ÿ Acmhainní daonna || 1.965 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 9.825

Ÿ Caiteachas riaracháin eile – costais misean || 0.150 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.750

IOMLÁN an Choimisiúin || Leithreasuithe || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe do CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

Íocaíochtaí || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨                              Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨                              Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas[36] || Meánchostas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon || Costas || Líon iomlán || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[37] || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨                              Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– þ                              Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

|| Bliain N[38] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 ||

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 1.965 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 1.310 || 9.825

Caiteachas riaracháin eile || 0.150 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.100 || 0.750

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[39] den chreat airgeadais ilbhliantúil || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A

Acmhainní daonna || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A

Caiteachas eile de chineál riaracháin || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A || N/A

IOMLÁN || 2.115 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 1.410 || 10.575

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

¨         Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

þ         Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

|| || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

|| Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) || ||

|| XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 15 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[40] ||

|| XX 01 02 01 (CA, SNE, INT ón 'gclúdach iomlánaíoch') || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, LA, SNE, INT agus JED sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy[41] || - sa cheanncheathrú || || || || || || ||

|| - Toscaireachtaí || || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, SNE, INT – Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 15 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach || Féach an tuairisc thuas

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ¨                              Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨                              Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨                              Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[42].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– þ                              Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨                              Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

· ¨         ar acmhainní dílse

· ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha || Tionchar an togra/tionscnaimh[43]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               Teachtaireach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle 'Treochlár um Aontas Baincéireachta', COM(2012) 510, 12.9.2012.

[2]               Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bheidh Domhain agus Fíor', COM(2012) 777 final/2, 30.11.2012.

[3]               'I dtreo fíoraontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta', Tuarascáil ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy EUCO 120/12, 26.06.2012.

[4]               COM(2012) 511.

[5]               COM(2010) 368.

[6]               An Rialachán agus an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil            (CRR/CRDIV)http://ec.europa.eu/internal_market/bank/regcapital/index_en.htm   

[7]               Faoi réir thoradh deiridh na caibidlíochta idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, is féidir go gcuirfí aistriú breise ar theacht i bhfeidhm iomlán an athshnámhaithe, ar feadh tréimhse is féidir a mhaireachtáil go dtí 2018, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún.

[8]               Féach na Conclúidí ón gComhairle maidir leis na Socruithe le haghaidh Cobhsaíocht Airgeadais san AE a Fheabhsú an 9 Meán Fómhair 2007         http://www.consilium.europa.eu/ueDocs/cms_Data/docs/pressData/en/ecofin/96351.pdf

[9]               Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 1.

[10]             Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 338.

[11]             IO C , , Lch. .

[12]             IO C , , Lch. .

[13]             Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 77/91/CEE agus Treoir 82/891/CE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE agus 2011/35/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. IO C , , Lch. .

[14]             Rialachán (AE) Uimh. .../... lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.

[15]             Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí. IO L 135, 31.5.1994, Lch. 5–14.

[16]             Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 338.

[17]             Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 1.

[18]             Treoir 94/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 lena leasaítear Treoir 80/390/CEE lena gcomhordaítear na ceanglais i ndáil leis na sonraí liostaithe a tharraingt suas, a ghrinnscrúdú agus a leithdháileadh, atá le foilsiú chun urrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin, ag féachaint don oibleagáid sonraí liostaithe a fhoilsiú, IO L 135, 31.5.1994, Lch. 1.

[19]             Treoir 2013/36/AE an 26 Meitheamh 2013 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 338

[20]             Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, IO L 176, 27.6.2013, Lch. 1.

[21]             Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirùi, IO L 084, 26.3.1997, Lch. 22.

[22]             Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cearta fostaithe a chosaint i gcás aistriú gnóthas, gnólachtaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnólachtaí, IO L 82, 22.3.2001, Lch. 16.

[23]             Treoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, IO L 166, 11.6.1998, Lch. 45.

[24]             Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), IO L 302, 17.11.2009, Lch. 32.

[25]             -

[26]             IO L 298, 26.10.2012, Lch. 1.

[27]             IO 17, 6.10.1958, Lch. 385.

[28]             Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, IO L 145, 31.5.2001, Lch. 43

[29]             Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1.

[30]             Rialachán (CE) Uimh. 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. IO L 281, 23.11.1995, Lch. 31.

[31]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí - ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[32]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[33]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[34]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[35]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[36]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g. : líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[37]             Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’

[38]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[39]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[40]             CA = Ball foirne ar conradh; LA= Ball foirne Áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JED = Saineolaí sóisearach i dtoscaireacht).

[41]             Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[42]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach (don tréimhse 2007-2013).

[43]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.