52013PC0428

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais /* COM/2013/0428 final - 2013/0200 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           Cúlra an togra

· Forais agus cuspóirí an togra

An cómhaoiniú méadaithe do Bhallstáit, a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, a shíneadh.

I ngeall ar an ngéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch tá brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta, agus na beartais is gá do chomhdhlúthú fioscach á saothrú ag na Ballstáit. Sa chomhthéacs seo, tá sé ríthábhachtach cur chun feidhme rianúil chláir an Chiste Eorpaigh Iascaigh a áirithiú don infheistíocht in earnáil an iascaigh.

Is minic a bhíonn cur chun feidhme clár dúshlánach, de thoradh na bhfadhbanna leachtachta atá ann de dheasca comhdhlúthú fioscach. Is amhlaidh an cás go háirithe do na Ballstáit sin is mó atá thíos leis an ngéarchéim agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár coigeartaithe. Go dtí an pointe seo, tá cúnamh airgeadais faighte ag seacht dtír agus tá clár coigeartaithe maicreacnamaíoch comhaontaithe acu leis an gCoimisiún. Is iad sin an Chipir, an Ungáir, an Rómáin, an Laitvia, an Phortaingéil, an Ghréig agus Éire, dá ngairtear "tíortha cláir" anseo feasta. Níl an Ungáir, an Rómáin ná an Laitvia faoi chlár coigeartaithe a thuilleadh.

Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin (nó aon Bhallstát eile a d'fhéadfadh tairbhiú de chláir chúnaimh den sórt sin amach anseo) de chláir an bheartais iascaigh  a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil agus de chistí a eisíoc do thionscadail, tá forálacha sa togra seo lena bhféadfadh an Coimisiún íocaíochtaí méadaithe a thabhairt do na tíortha sin, le linn na tréimhse a bheidh siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta, gan a leithdháileadh foriomlán faoin mbeartas iascaigh don tréimhse 2007-2013 a mhodhnú. Dá bharr sin, cuirfear acmhainní airgeadais breise ar fáil do na Ballstáit in aimsir na cruóige agus is éasca a bheidh sé leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil.

· Comhthéacs ginearálta agus forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an togra

Foráiltear le hAirteagal 76 agus Airteagal 77 de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006  (dá ngairtear an 'Rialachán' anseo feasta) go ndéanfar na híocaíochtaí eatramhacha agus an t‑iarmhéid críochnaitheach a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe maidir le gach ais tosaíochta arna leagan síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena nglactar an clár oibríochtúil i dtrácht. Déantar foráil ann freisin maidir le cur i bhfeidhm ráta cómhaoinithe méadaithe do tíortha cláir. Tá feidhm ag an bhforáil seo faoi láthair go dtí an 31 Nollaig 2013.

· Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais.

2.           COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR AN TIONCHAR

· Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Níor eagraíodh aon chomhairliúchán le geallsealbhóirí seachtracha.

· Bailiú agus úsáid saineolais

Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid.

· Anailís ar an tionchar

Leis an togra d’fhéadfadh an Coimisiún íocaíochtaí le tíortha cláir a bhreisiú go dtí deireadh tréimhse 2007-2013. Is éard a bheidh sa mhéadú sin suim a ríomhfar trí bhreisiú deich bpointe céatadáin a chur leis na rátaí cómhaoinithe atá infheidhme maidir le haiseanna tosaíochta na gclár maidir le gach caiteachas nuadheimhnithe arna chur isteach le linn na tréimhse i dtrácht go dtí go sroichfear uasteorainn na n-íocaíochtaí.

Ní athrófar an leithdháileadh airgeadais iomlán ón gCiste ar na tíortha agus na cláir i dtrácht don tréimhse.

3.           Eilimintí dlíthiúla an togra

· Achoimre ar na bearta atá beartaithe

Tá sé beartaithe Airteagal 77a den Rialachán a mhodhnú le go mbeidh an Coimisiún in ann leanúint, go dtí deireadh thréimhse incháilitheachta 2007-2013, de na cláir oibríochtúla, an caiteachas nuathuairiscithe a aisíoc le suim mhéadaithe arna ríomh trí bhreisiú deich bpointe céatadáin a chur leis na rátaí cómhaoinithe is infheidhme maidir leis an ais tosaíochta.

Ní féidir an ranníocaíocht ó na cistí leis an ais tosaíochta lena mbaineann a bheith níos airde ná an tsuim atá luaite sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil.

· Bunús Dlí

Sa Rialachán sainítear na comhrialacha is infheidhme maidir leis an gCiste. Ar bhonn phrionsabal na bainistíochta comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tá forálacha sa Rialachán seo maidir leis an bpróiseas cláraithe chomh maith le socruithe chun bainistíocht clár (lena n-áirítear cláir airgeadais), faireachán, rialú airgeadais agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail.

· Prionsabal na coimhdeachta

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta a mhéid is a ndéantar iarracht ann tacaíocht mhéadaithe a thabhairt, trí an gCiste Eorpach Iascach do Bhallstáit áirithe a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu, go háirithe i ndáil lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, ar de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais iad freisin. Sa chomhthéacs sin, is gá sásra sealadach a bhunú ar leibhéal an Aontais lena gceadófar don Choimisiún Eorpach an aisíocaíocht a mhéadú ar bhonn an chaiteachais dheimhnithe faoin gCiste Eorpach Iascaigh.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta:

Tá an síneadh ar chur i bhfeidhm na ráta cómhaoinithe méadaithe comhréireach leis an ngéarchéim mharthanach eacnamaíoch agus leis na hiarrachtaí eile arna ndéanamh le cuidiú leis na Ballstáit sin.

· Rogha na n-ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: leasú ar an Rialachán reatha.

Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann agus measann sé, i bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, gur gá modhnuithe ar an Rialachán Ginearálta a mholadh.

4.           Impleacht Bhuiséadach

Níl aon tionchar ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí ós rud é nach mbeartaítear aon athrú ar na huasmhéideanna maoinithe ón gCiste dá bhforáiltear sna Cláir Oibríochta i gcomhair na tréimhse cláraithe 2007-2013.

I gcás leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, tá an togra a bhaineann leis an mbreisiú neodrach ó thaobh an bhuiséid de. Mar sin féin, is féidir aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann in 2014 a bheith de thoradh air, ach comhardófar í tráth an chlabhsúir in 2017. Is éard a chiallóidh na leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí sa togra seo go mbeidh méadú ar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (tuairim is EUR 10 milliún in 2014) a dhéanfar a chúiteamh faoi dheireadh na tréimhse cláraithe. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse cláraithe iomlán.

2013/0200 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meath mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá Ballstáit áirithe i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais.

(2)       Rinneadh bearta tábhachtacha le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a shárú de bhun Airteagal 122(2), Airteagal 136 agus Airteagal 143 den Chonradh. Mar sin féin, tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus is éifeachtaí is féidir a bhaint as cistiú ón gCiste Eorpach Iascaigh.

(3)       Chun bainistíocht a éascú ar chistiú ón Aontas, chun infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luasghéarú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht an chistithe don gheilleagar, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh[3] a leasú trí Rialachán (AE) Uimh. 387/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4] chun go bhféadfaí íocaíochtaí eatramhacha ón gCiste Eorpach Iascaigh a mhéadú de réir suime a fhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír maidir le gach ais tosaíochta i gcás Ballstát atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais agus a d'iarr tairbhe a bhaint as an mbeart sin.

(4)       Le mír 5 d’Airteagal 77a de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, fágtar gur féidir ráta cómhaoinithe méadaithe a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2013. Mar sin féin, ó tharla go bhfuil na Ballstáit fós i ngleic le deacrachtaí tromchúiseacha maidir lena gcobhsaíocht airgeadais, níor cheart an tréimhse cur i bhfeidhm do ráta comhaoinithe méadaithe a theorannú go dtí an 31 Nollaig 2013.

(5)       Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 a leasú dá réir sin.

(6)       I bhfianaise na géarchéime nár tháinig a samhail riamh roimhe, ní mór bearta tacaíochta a ghlacadh go tapa. Is iomchuí dá bhrí sin go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006, scriostar mír 5 d’Airteagal 77a.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

2.           CREAT ABM/ABB

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Ghníomhaíochtaí ghaolmhara:

Gnóthaí Muirí agus Iascaigh Gníomhaíocht ABB 11.06

3.           LÍNTE BUISÉID

3.1.        Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.)):

Cuirfear an ghníomhaíocht nua atá beartaithe chun feidhme de réir na línte buiséid seo a leanas:

· 11.061200 Cóineasú (CEI)

· 11.0613 Neamhchóineasú (CEI)

3.2.        Fad thréimhse an ghnímh agus an tionchair airgeadais:

Ní bheidh tionchar airgeadais ag aon cheann de na hathruithe atá beartaithe. Is é rud go gcúiteofar riachtanas méadaithe 2014, atá ann chun éilimh íocaíochta a chumhdach do Bhallstáit atá ag fáil cúnamh airgeadais, tráth chlabhsúr na gclár in 2017. Leis an sásra, is féidir roinnt tús-ualú a dhéanamh ar íocaíochtaí, i gcomparáid leis an gcás a bheadh ann mura ndéanfaí breisiú.             3.3.      Saintréithe buiséadacha:

Líne buiséid || Saghas caiteachais || Nua || Ranníocaíocht CSTE || Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí || Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais

11.061200 || Neamhéigeantach || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || Uimh 2

11.061300 || Neamhéigeantach || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || Uimh 2

4.           ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1.        Acmhainní Airgeadais

4.1.1.     Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

Léirítear sna táblaí seo a leanas an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe sna blianta 2014-2017. Ós rud é nach bhfuil aon acmhainní nua airgeadais beartaithe le haghaidh leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí, níor cuireadh aon fhigiúirí isteach sna táblaí ach cuireadh N/B (neamhbhainteach) isteach. Dá bhrí sin, luíonn an togra leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh 2007-2013.

I gcás íocaíochtaí, féadfaidh aisíocaíocht níos airde leis na Ballstáit lena mbaineann a bheith ann de thoradh an mholta an sásra um breisiú a shíneadh, agus cúiteofar sin tráth an chlabhsúir. Ar bhonn na réamhaisnéise íocaíochta is déanaí a bhfuil fáil uirthi ó na Ballstáit, na n-íocaíochtaí breisithe a íocadh leis na Ballstáit lena mbaineann in 2012, agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí a áiríodh i mBuiséad 2013, bheadh riachtanais bhuiséadacha de thuairim is EUR 10 milliún ann don bhliain 2014.

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais || Uimh. na coda || || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí || Iomlán

Caiteachas oibríochtúil[5] || || || || || || || ||

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) || 8.1 || a || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) || || b || n.b || +10 || n.b ||  n.b. || -10 || n.b; || 0.

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[6] || || || ||

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) || 8.2.4 || c || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN || || || || || || ||

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí || || a+c || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí || || b+c || n.b. || +10 || n.b || n.b. || -10 || n.b. || 0,000

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[7] || ||

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) || 8.2.5 || d || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) || 8.2.6 || e || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i dtéarmaí airgeadais

IOMLÁN LO agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh || || a+c+d+e || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

IOMLÁN LÍ agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh || || b+c+d+e || n.b || n.b. || n.b || n.b. || n.b. || n.b. || n.b

Sonraí an Chómhaoinithe

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe || || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí || Iomlán

…………………… || f || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

IOMLÁN LO lena n-áirítear cómhaoiniú || a+c+d+e+f || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

4.1.2.     Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

x     Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

¨      Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais ag gabháil leis an togra seo.

¨      Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[8] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3.     Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

x      Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

¨      Tá tionchar airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

|| || Roimh ghníomhaíocht [Bliain n-1] || || Staid tar éis na gníomhaíochta

Líne buiséid || Ioncam || || [Bliain n] || [n+1] || [n+2] || [n+3] || [n+4] || [n+5][9]

|| a) Ioncam mar ghlanfhigiúr || || || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

b) Athrú ar ioncam ||  D || || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

(Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá tionchar ar níos mó ná líne buiséid amháin.)

4.2.        Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus foireann sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais bhliantúla || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí

Líon iomlán na n-acmhainní daonna || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

5.           SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1.        An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag méadú an bhrú ar acmhainní airgeadais náisiúnta na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin is tábhachtach an uirlis é a áirithiú go gcuirfear cláir an bheartais iascaigh chun feidhme go rianúil chun cistí a instealladh sa gheilleagar. Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin de chláir an chiste Eorpaigh Iascaigh a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil agus de chistí a eisíoc le tionscadail, tá forálacha sa togra lena bhféadfadh an Coimisiún íocaíochtaí méadaithe a dhéanamh le Ballstáit, fad is atá siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta.

5.2.        An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

De bharr an togra, beifear in ann leanúint de na cláir a chur chun feidhme, airgead a instealladh sa gheilleagar agus an t-ualach ar chaiteachas poiblí a laghdú ag an am céanna.

5.3.        Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí (ABM)

Is é an cuspóir atá leis cuidiú leis na Ballstáit sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim airgeadais a bheith in ann leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, agus ar an dóigh sin cistí a instealladh sa gheilleagar.

5.4.        Modhanna cur chun feidhme (táscach)

Sonraigh thíos an modh/na modhanna atá roghnaithe chun an gníomh a chur chun feidhme.

· Leis na Ballstáit

6.           FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

6.1.        Córas Faireacháin

Ní theastaíonn sé, ós rud é go dtagann sé faoin gcóras faireacháin atá bunaithe faoin gCiste Eorpach Iascaigh.

6.2.        Meastóireacht

6.2.1.     Meastóireacht ex-ante

Neamhbhainteach

6.2.2.     Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

Neamhbhainteach

6.2.3.     Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Neamhbhainteach

7.           BEARTA FRITH-CHALAOISE

N.B.

8.           SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1.        Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba cheart ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) || Saghas aschuir || Meán-chostas || Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 agus níos déanaí || IOMLÁN

Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais || Líon na n-aschur || Iomlán costais

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 1 Leanúint ar aghaidh ag cur na gclár oibríochtúil chun feidhme || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| || || || 0,000 || || 0,000 || || || || || || || || || || 0,000

COSTAS IOMLÁN || || || || 0,000 || || 0,000 || || || || || || || || || || 0,000

8.2.        Caiteachas Riaracháin

8.2.1.     Líon agus saghas acmhainní daonna

Saghsanna post || || Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTEanna)

|| || Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n+5

Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01) || A*/AD || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

B*, C*/AST || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Foireann eile arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 04/05 || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

IOMLÁN || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

8.2.2.     Tuairisc ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Neamhbhainteach

8.2.3.     Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

(Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse)

¨      Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

¨      Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

¨      Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

¨      Poist a ath-imlonnófar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistíochta (ath-imlonnú inmheánach)

¨      Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4.     Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) || Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n+5 agus níos déanaí || IOMLÁN

1      Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) || || || || || || ||

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

- intra muros || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

- extra muros || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

8.2.5.     Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna || Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n+5 agus níos déanaí

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Ríomh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha

Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí

n.b.

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí

n.b.

8.2.6.     Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain n || Bliain n+1 || Bliain n+2 || Bliain n+3 || Bliain n+4 || Bliain n+5 agus níos déanaí || IOMLÁN

XX 01 02 11 01 – Misin || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

XX 01 02 11 03 – Coistí || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

 2     Caiteachas iomlán eile bainistíochta (XX 01 02 11) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

3      Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b. || n.b.

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid thagartha

n.b.

[1]               IO C , , lch.

[2]               IO C , , lch.

[3]               IO L 223, 15.8.2006, lch. 1.

[4]               IO L 129, 16.5.2012, lch. 7.

[5]               Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[6]               Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[7]               Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[8]               Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[9]               Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.