52013PC0327

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Treoir 2009/128/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle /* COM/2013/0327 final - 2013/0169 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

· Comhthéacs ginearálta

An 29 Meitheamh 2011, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020[1] a leasaíodh an 6 Iúil 2012[2]. Ag cur conclúidí na Comhairle Eorpaí an 7/8 Feabhra 2013 san áireamh, tá uasmhéid EUR 1 891,936 milliún á moladh ag an gCoimisiún le haghaidh caiteachais ar bhia agus beatha le linn thréimhse iomlán 2014-2020. Is é is aidhm leis an Rialachán seo forálacha airgeadais maidir leis an réimse seo a nuachóiriú.

Is iad Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle maidir le cláir dhíothaithe tréidliachta agus bearta éigeandála tréidliachta, Treoir 2000/29/CE ón gComhairle maidir le bearta i dtaca le sláinte plandaí agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cistiúcháin i dtaca le rialuithe oifigiúla, is iadsan an príomhchreat dlíthiúil airgeadais reatha a úsáidtear chun na réimsí seo a chistiú. Tá forálacha sonracha airgeadais freisin i Rialachán (CE) Uimh. 36/2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh planda nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin, i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, i dTreoir 2009/128/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach agus i roinnt mhaith Treoracha eile ón gComhairle maidir le sláinte ainmhithe agus plandaí.

Níl an creat ilroinnte seo ag luí le roinnt forálacha an Rialacháin Airgeadais agus tá sé sách casta. Tá éabhlóid tagtha air le himeacht ama agus ní mór é a chuíchóiriú.

Is deis an méid sin chun na forálacha airgeadais reatha atá in iliomad bunús dlí a ionadú le haon chreat airgeadais soiléir agus nuachóirithe amháin a bhaineann an leas is fearr as cur chun feidhme agus feidhmiú na bainistíochta airgeadais ar chaiteachas i réimse an bhia agus na beatha. Go háirithe, déanfar na struchtúir bhainistíochta airgeadais a shimpliú ar bhonn cuspóirí agus táscairí soiléire. Beidh rátaí cistithe níos soiléire agus níos simplithe freisin.

Tá an togra seo ina chuid den ‘Phacáiste um Ainmhithe agus Plandaí níos Sláintiúla le haghaidh Biashlabhra níos Sábháilte’ lena n‑áirítear tograí maidir leis an méid seo a leanas:

– an beartas sláinte ainmhithe, a bhfuil sé d’aidhm aige stádas sláinte agus staid na n‑ainmhithe san AE a chosaint agus a fheabhsú, go háirithe bia-ainmhithe, agus trádáil idir Ballstáit den AE agus allmhairithe ainmhithe agus táirgí ainmhithe á gceadú ag an am céanna, i gcomhréir leis na caighdeáin sláinte iomchuí agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta;

– an córas sláinte plandaí, arbh é a chuspóir talmhaíocht agus foraoiseacht an AE a chosaint trí bhriseadh amach agus leathadh lotnaidí neamhdhúchasacha plandaí a chosc.

– an córas le haghaidh ábhair atáirgthe plandaí de speiceas talmhaíochta, glasra, foraoise, toraidh, finiúnach agus ornáideach a tháirgeadh agus a chur ar fáil ar an margadh, lena n‑áirithítear go gcomhlíontar critéir an AE i dtaca le sláinte, aitheantas, agus cáilíocht;

– na rialacha lena rialaítear rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna bhfeidhmiú chun cur i bhfeidhm dhlí an bhia agus dhlí na beatha a áirithiú, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, táirgí cosanta plandaí agus lotnaidicídí.

· Fócas na ngníomhaíochtaí/ Caiteachas

Tá na cláir dhíothaithe tréidliachta fíor‑riachtanach chun deireadh a chur, diaidh ar ndiaidh, le líon áirithe galar ainmhithe atá liostaithe agus a bhaineann le ceantair áirithe an Aontais, trí bhíthin réimse leathan beart lena n‑áirítear vacsaíniú, tástáil ainmhithe agus cúiteamh ar mharú agus ar dhealú. Agus cistiú an AE á thabhairt chun tacú leis na bearta sin tugtar tosaíocht do ghalair atá tábhachtach ó thaobh shláinte an phobail de agus do ghalair a bhfuil iarmhairt mhór eacnamaíoch acu, i ngeall ar impleachtaí trádála agus caillteanais ioncaim d’fheirmeoirí, do thionscal an bheostoic i gcoitinne, agus d'earnálacha gaolmhara chomh maith.

I gcóras sláinte plandaí an AE agus i gcóras an AE um ábhar atáirgthe plandaí tugtar tosaíocht do chosaint thalmhaíocht agus fhoraoiseacht an AE trí bhriseadh amach agus leathadh lotnaidí neamhdhúchasacha plandaí a chosc agus tugtar tosaíocht d'infhaighteacht agus úsáid ábhair shláintiúil plandaí ag tús shlabhra an táirgthe plandaí.

Ar an gcaiteachas ar rialuithe oifigiúla áirítear maoiniú an chláir dar teideal Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte, lena ndéantar cur chuige comhchuibhithe a chur chun cinn i dtaca le hoibriú chórais rialaithe an Aontais agus córas rialaithe náisiúnta; agus maoiniú an líonra de Shaotharlanna Tagartha an AE, a thugann saineolas eolaíoch agus teicniúil sna réimsí sin ina bhfuil éifeachtacht na rialuithe oifigiúla ag brath ar cháilíocht, aonfhoirmeacht agus iontaofacht na modhanna anailíse nó na dtástálacha, agus ar a gcuid torthaí, arna n‑úsáid i saotharlanna oifigiúla. Áirítear gníomhaíochtaí eile freisin chun feabhas a chur ar éifeachtacht rialuithe oifigiúla arna gcur i gcrích ag na Ballstáit agus chun forghníomhú an acquis maidir leis an slabhra agraibhia i gcoitinne a áirithiú.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

· Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Toisc go bhfuil na beartais seo faoi athbhreithniú le tamall anuas, tacaítear leo go hindibhidiúil trína measúnuithe tionchair féin, agus táthar tar éis mionsonraí na mbeartas sin a phlé go mion le geallsealbhóirí i bhfóraim éagsúla chomhairliúcháin.

· Measúnú tionchair luathaithe

Rinne Ard‑Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí measúnú tionchair idir Lúnasa agus Meán Fómhair 2012. Rinneadh ceithre rogha a mheas sa mheasúnú tionchair sin:

– Rogha 1: gan athrú. Ní bheidh an creat dlíthiúil reatha comhsheasmhach leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil. Ní fhéadfaí caiteachas ar shláinte plandaí a mhéadú.

– Rogha 2: an reachtaíocht atá ann cheana a thabhairt le chéile faoi aon ionstraim reachtach amháin. Leis sin cuirfear reachtaíocht níos simplí agus níos intuisceana chun cinn, ach ní cheadófar an creat airgeadais a oiriúnú.

– Rogha 3(a): clár airgeadais aonair comhleanúnach a bhunú, agus úsáid a bhaint as forálacha airgeadais atá ann cheana den chuid is mó, ach go gcuirfí feabhsuithe orthu. Ach an córas a shimpliú agus na rátaí a chomhchuibhiú laghdófar an t‑ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit. A bhuí le huirlisí nua bainistíochta airgeadais amhail cuspóirí agus táscairí soiléire bainfear úsáid níos éifeachtaí as acmhainní atá ann cheana.

– Rogha 3(b): gnéithe Scéimeanna Comhroinnte Costais agus Freagrachta a thabhairt isteach. Leis an rogha seo beartaítear cur chuige rannpháirteach ina roinneann údaráis phoiblí ualach na gcaillteanas arna dtabhú leis an earnáil phoiblí chomh maith leis na freagrachtaí maidir le reáchtáil an chórais. Táthar ag tuar go méadóidh an t‑ualach riaracháin sa ghearrthéarma agus go mbeidh sé deacair an córas a bhainistiú.

– Rogha 4: deireadh a chur le gach gníomhaíocht ón AE. Measadh nárbh iomchuí an rogha sin mar go gcuirfidh sí cuspóirí na réimsí beartais i gcontúirt agus go mbeidh tionchar an‑diúltach aici ar thrádáil.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ba cheart gá a bheith le bearta arna nglacadh faoi Airteagal 43(2) chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a shaothrú. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag bearta arna nglacadh faoi Airteagal 168(4)(b) ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a bhaint amach. Leis an togra seo tugtar faoi thacaíocht airgeadais a thabhairt do ghníomhaíochtaí de chuid an AE agus na mBallstát a fhéachann le hardleibhéal sláinte a áirithiú don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus ardleibhéal cosanta agus faisnéise a áirithiú do na tomhaltóirí sa bhiashlabhra. Tá údar le rogha Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) den CFAE ar an gcaoi sin ó thaobh chuspóir agus ábhar an togra de. Glacfar an togra seo i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

An 29 Meitheamh 2011, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020[3] a leasaíodh an 6 Iúil 2012[4]. Ag cur conclúidí na Comhairle Eorpaí an 7/8 Feabhra 2013 san áireamh, tá uasmhéid EUR 1 891,936 milliún á moladh ag an gCoimisiún le haghaidh caiteachais ar bhia agus beatha le linn thréimhse iomlán 2014-2020. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin, ó 2008 i leith, tá curtha de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus um Thomhaltóirí cúraimí cur chun feidhme chun an Clár Bia agus Beatha a bhainistiú. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse costais/sochair, úsáid a bhaint as gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana chun an Clár sin a chur chun feidhme.

5. ACHOIMRE AR A BHFUIL SA RIALACHÁN SEO

Sa Rialachán seo déantar foráil maidir le scóip agus cuspóirí le haghaidh caiteachais ar bhia agus beatha suas le huasmhéid EUR 1 891,936 milliún i bpraghsanna reatha. Is iad na cuspóirí ardleibhéal sábháilteachta a bhaint amach maidir le bia agus córais táirgthe bia, stádas sláinte ainmhithe níos airde agus leas ainmhithe níos fearr a bheith ann, lotnaidí a bhrath agus a dhíothú, agus cur chun feidhme éifeachtach rialuithe oifigiúla a áirithiú. Tá a gcuid táscairí ag gabháil leis na cuspóirí sin.

Sa Rialachán seo leagtar amach bearta agus costais incháilithe freisin.

Tá na rátaí cistithe do dheontais cuíchóirithe. Socraítear ráta cistithe caighdeánach ag 50 % de na costais incháilithe. Is féidir an ráta sin a ardú faoi choinníollacha áirithe suas le 75 % agus 100 %. Ar mhaithe leis an ualach riaracháin a bhaineann le bainistiú micreachlár a sheachaint, leagtar síos íosmhéideanna do dheontais ar fiú EUR 50 000 sa Rialachán seo.

Déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le rochtain ar an gCúlchiste i gcás géarchéime in earnáil na talmhaíochta in imthosca áirithe.

Maidir le sláinte plandaí, chun an AE a chosaint in aghaidh lotnaidí a bhaineann inter alia le domhandú trádála agus athrú aeráide, cumhdóidh ranníocaíocht airgeadais ón Aontas cláir shuirbhéireachta chun lotnaidí a bhrath agus bearta tacaíochta fíteashláintíochta do na críocha is forimeallaí sna Ballstáit.

Sa Rialachán seo foráiltear go bhféadfaí tacú le saotharlanna tagartha de chuid an Aontais agus tionscadail a bhfuil sé mar sprioc acu éifeachtacht agus éifeachtúlacht rialuithe oifigiúla a fheabhsú.

Ar mhaithe le soiléire agus trédhearcacht, sa Rialachán seo leagtar síos na nósanna imeachta maidir le cur isteach clár rialaithe bliantúil agus ilbhliantúil agus meastóireacht orthu agus an nós imeachta maidir leis an liosta de na galair ainmhithe nó lotnaidí plandaí is incháilithe do chomhchistiú a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Tá na nósanna imeachta maidir le maoiniú na réimsí sin simplithe. Go háirithe, tiocfaidh laghdú suntasach ar líon na gcinntí a bheidh ar an gCoimisiún a ghlacadh. Mar shampla, ní dhéanfaidh an Coimisiún na cinntí maidir le haisíocaíocht a thuilleadh.

2013/0169 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Treoir 2009/128/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[5],

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       I reachtaíocht an Aontais déantar foráil maidir le ceanglais i ndáil le bia agus sábháilteacht bia agus beatha agus sábháilteacht beatha, ag gach céim den táirgeadh lena n‑áirítear rialacha a bhfuil sé mar sprioc acu cleachtais chóra sa trádáil agus soláthar faisnéise do thomhaltóirí a ráthú. Déantar foráil inti freisin maidir le ceanglais i dtaca le galair in‑tarchurtha in ainmhithe agus zónóisí a chosc agus a shrianadh, agus ceanglais maidir le leas ainmhithe, seachtháirgí ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, cosaint cineálacha plandaí, orgánaigh ghéinmhodhnaithe, táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus a úsáid agus úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí. Déantar foráil freisin i reachtaíocht an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialaithe eile a bhfuil sé mar sprioc acu cur chun feidhme éifeachtach na gceanglas sin agus a gcomhlíonadh a áirithiú.

(2)       Is é cuspóir ginearálta reachtaíocht an Aontais sna réimsí sin cur le hardleibhéal sláinte don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra, le hardleibhéal cosanta agus faisnéise do thomhaltóirí agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol, agus iomaíochas agus cruthú post á gcothú ag an am céanna.

(3)       Ní mór acmhainní airgeadais iomchuí chun an cuspóir ginearálta sin a shaothrú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go ranníocaíonn an tAontas le cistiú beart a dtugtar fúthu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcuspóir ginearálta sin. Sa bhreis air sin, ionas gur féidir an caiteachas a spriocdhíriú go héifeachtúil, ba cheart cuspóirí sonracha a leagan síos agus táscairí a shocrú le baint amach na gcuspóirí sin a mheasúnú.

(4)       Ba i bhfoirm deontas, soláthair agus íocaíochtaí le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sa réimse sin a tugadh maoiniú ón Aontas i ndáil le bia agus beatha san am atá thart. Is iomchuí leanúint den mhaoiniú a dhéanamh sa tslí sin.

(5)       Ar chúiseanna smachta bhuiséadaigh, is gá a leagan síos sa Rialachán seo liosta beart incháilithe a d’fhéadfadh tairbhiú de ranníocaíocht ón Aontas mar aon leis na costais incháilithe agus na rátaí infheidhme chomh maith.

(6)       An 29 Meitheamh 2011, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020[8] a leasaíodh an 6 Iúil 2012[9]. Ag cur conclúidí na Comhairle Eorpaigh an 7/8 Feabhra 2013 san áireamh, tá uasmhéid EUR 1 891,935 milliún á moladh ag an gCoimisiún le haghaidh caiteachais ar bhia agus ar bheatha le linn thréimhse iomlán 2014-2020.

(7)       Ina theannta sin, ina thogra le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil do 2014-2020, molann an Coimisiún sásra éigeandála a chur ar bun le freagairt do cásanna géarchéime. Dá bhrí sin, i gcás imthosca eisceachtúla amhail cásanna éigeandála a bhaineann le sláinte ainmhithe nó plandaí, nuair nach leor na leithreasuithe faoi cheannteideal buiséid 3 ach go bhfuil gá le bearta éigeandála, ba cheart cistí ón gCúlchiste le haghaidh géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta a aistriú i gcomhréir le Comhaontú Idirnáisiúnta an... idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais[10].

(8)       Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair, foráiltear go n‑aisíocfaí roinnt costas incháilithe ag rátaí socraithe, agus i gcás costas eile níl foráil maidir le haon teorannú. D'fhonn an córas a chuíchóiriú agus a shimpliú, ba cheart uasráta seasta don aisíocaíocht a leagan síos. Is iomchuí an ráta sin a shocrú ag an ngnáthráta a chuirtear i bhfeidhm maidir le deontais. Is gá freisin an deis a thabhairt an t‑uasráta sin a ardú in imthosca áirithe.

(9)       I ngeall ar a thábhachtaí is atá sé cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is iomchuí 100 % de na costais incháilithe a mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe ar an gcoinníoll go bhfuil tabhú costas nach bhfuil incháilithe intuigthe freisin agus na gníomhaíochtaí sin á gcur chun feidhme.

(10)     Tá sé de fhreagracht ar an Aontas a áirithiú go gcaithfear na cistí go hiomchuí ach tá sé de fhreagracht air freisin bearta a ghlacadh chun freagairt don ghá a chláir chaiteachais a shimpliú chun an t‑ualach riaracháin a laghdú agus na costais ar thairbhithe cistí agus ar na gníomhaithe uile lena mbaineann a laghdú, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta Eorpach agus chuig Coiste na Réigiún Clár Oibre – Rialáil Chliste san Aontas Eorpach[11]. Ar chúiseanna éifeachtúlachta costais, ar leibhéal an Choimisiúin agus na mBallstát araon, níor cheart deontais faoi uasmhéid áirithe a thabhairt níos mó.

(11)     I reachtaíocht an Aontais ceanglaítear ar na Ballstáit bearta áirithe a chur chun feidhme i gcás ina mbriseann galair ainmhithe nó zónóisí áirithe amach nó i gcás ina bhfuil siad á bhforbairt. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh i leith na mbeart éigeandála sin.

(12)     Is gá freisin, líon na ráigeanna de ghalair ainmhithe agus zónóisí a chuireann sláinte an duine agus sláinte ainmhithe i mbaol a laghdú trí bhearta iomchuí díothúcháin, rialaithe agus faireacháin a dhéanamh, agus ráigeanna den sórt sin a chosc freisin. Dá bhrí sin, ba cheart do chláir náisiúnta chun na galair agus na zónóisí sin a dhíothú, a rialú agus chun faireachán a dhéanamh orthu tairbhiú de chistiú ón Aontas.

(13)     Ar chúiseanna eagraíochtúla agus éifeachtúlachta i dtaca le láimhseáil cistithe i réimse na sláinte ainmhithe agus plandaí, is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le hábhar, cur isteach, meastóireacht agus formheas clár náisiúnta, lena n‑áirítear na cláir arna gcur chun feidhme sna réigiúin is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’). Ar na cúiseanna céanna, ba cheart spriocdhátaí le haghaidh tuairisciú agus comhdú iarrataí ar íocaíocht a leagan síos.

(14)     I dTreoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal[12] , ceanglaítear ar na Ballstáit bearta áirithe éigeandála a dhéanamh chun orgánaigh a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí (‘lotnaidí’) a dhíothú. Ba cheart don Aontas ranníocaíocht airgeadais a dhéanamh i leith díothú na lotnaidí sin. Ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a bheith ar fáil freisin faoi choinníollacha áirithe le haghaidh beart éigeandála a bhfuil sé mar chuspóir acu na lotnaidí a bhfuil an iarmhairt is tromchúisí acu ar an Aontas, ach nach féidir a dhíothú i gcriosanna áirithe, a shrianadh agus le haghaidh beart coisctheach maidir leis na lotnaidí sin.

(15)     Ba cheart bearta éigeandála arna ndéanamh i gcoinne lotnaidí a bheith incháilithe le haghaidh cómhaoiniú ón Aontas más rud é go bhfuil breisluach ag na bearta sin don Aontas iomlán. Ar an gcúis sin, ba cheart ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil i gcás lotnaidí atá liostaithe i dTreoir 2000/29/CE mar lotnaidí nach fios gurb ann dóibh san Aontas. I gcás lotnaidí ar fios iad a bheith san Aontas, níor cheart a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ach na bearta sin a bhaineann le lotnaidí a bhfuil an iarmhairt is tromchúisí acu san Aontas. Ba cheart bearta a bhaineann le lotnaidí atá faoi réir bhearta éigeandála an Aontais lena ndíothú a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas.

(16)     Is gá láithreacht lotnaidí áirithe a bhrath go tráthúil. Tá na suirbhéanna a dhéanann na Ballstáit ar láithreacht na lotnaidí fíor-riachtanach chun díothú láithreach ráigeanna de na lotnaidí sin a áirithiú. Tá na suirbhéanna a dhéanann na Ballstáit aonair fíor‑riachtanach chun críoch na mBallstát uile a chosaint. Ba cheart don Aontas ranníocaíocht a dhéanamh leis na suirbhéanna sin a mhaoiniú.

(17)     Bíonn deacrachtaí roimh na réigiúin is forimeallaí de na Ballstáit i ngeall ar a n‑iargúltacht agus toisc go mbíonn siad ag brath ar líon teoranta táirgí. Is iomchuí don Aontas ranníocaíocht airgeadais a thabhairt do Bhallstáit i leith clár a chuireann siad i gcrích chun lotnaidí a shrianadh sna réigiúin is forimeallaí sin i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013[13] lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle.

(18)     Is uirlis fhíor-riachtanach iad rialuithe oifigiúla arna ndéanamh ag na Ballstáit lena fhíorú go ndéantar ceanglais ábhartha Aontais a chur chun feidhme, a chomhlíonadh agus a fhorghníomhú agus le faireachán a dhéanamh air sin. Tá éifeachtacht agus éifeachtúlacht córas rialaithe oifigiúil rí-thábhachtach chun ardleibhéal sábháilteachta don duine, d'ainmhithe agus do phlandaí a chothabháil ag gach céim den bhiashlabhra, agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú ag an am céanna. Ba cheart tacaíocht airgeadais ón Aontas a chur ar fáil do na bearta rialaithe sin. Go háirithe, ba cheart ranníocaíocht airgeadais a bheith ar fáil do shaotharlanna tagartha an Aontais chun cuidiú leo na costais a sheasamh a thagann as cur chun feidhme na gclár oibre arna bhformheas ag an gCoimisiún. Thairis sin, ós rud é go mbraitheann éifeachtacht rialuithe oifigiúla ar fhoireann dea‑oilte, a bhfuil eolas iomchuí acu ar reachtaíocht an Aontais, a bheith ar fáil do na húdaráis rialaithe, ba cheart don Aontas bheith in ann rannchuidiú lena n‑oiliúint agus leis na cláir mhalartacha ábhartha arna n‑eagrú ag na húdaráis inniúla.

(19)     Tá bainistíocht éifeachtúil rialuithe oifigiúla ag brath ar mhalartú tapa sonraí agus faisnéise a bhaineann leis na rialuithe sin. Sa bhreis air sin, tá cur chun feidhme cuí agus comhchuibhithe na rialacha ábhartha ag brath ar chórais éifeachtúla a shocrú a bhfuil údaráis inniúla na mBallstát rannpháirteach iontu. Dá bhrí sin, ba cheart bunú agus oibriú bunachar sonraí agus córas ríomhairithe bainistíochta faisnéise chun na gcríoch sin a bheith incháilithe do ranníocaíocht airgeadais freisin.

(20)     Ba cheart don Aontas cistiú a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí teicniúla, eolaíocha, comhordúcháin agus cumarsáide is gá chun cur chun feidhme ceart reachtaíocht an Aontais a áirithiú agus chun oiriúnú na reachtaíochta d'fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha a áirithiú. Ba cheart cistiú a chur ar fail freisin do thionscadail lena ndírítear ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht rialuithe oifigiúla a fheabhsú.

(21)     De bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle[14], i gcás aon togra arna chur faoi bhráid an údaráis reachtaigh ina bhfuil aon mhaoluithe ar fhorálacha an Rialacháin sin, ní mór na maoluithe sin a léiriú go soiléir sa togra agus na cúiseanna sonracha is údar leo a lua. Dá bhrí sin, i bhfianaise sainiúlachtaí cuspóirí áirithe atá cumhdaithe sa Rialachán seo agus de bhrí gur fearr iad údaráis inniúla na mBallstát faoi seach chun na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na cuspóirí seo a chur chun feidhme, ba cheart na húdaráis sin a mheas mar thairbhithe aitheanta chun críocha Airteagal 128(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfaí deontais a thabhairt do na húdaráis sin gan glaonna ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(22)     De mhaolú ar Airteagal 86 agus mar eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 130 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, ba cheart costais na mbeart éigeandála arna gcumhdach faoi Airteagal 7 agus Airteagal 17 den Rialachán seo a bheith incháilithe, amhail ón dáta a thabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le galar nó lotnaid a bheith ann, i ngeall ar chineál práinneach agus neamh‑intuartha na mbeart sin. Ba cheart don Choimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocaíocht caiteachais incháilithe a dhéanamh, tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú, agus, más iomchuí agus más gá, trí úsáid a bhaint as an gcúlchiste le haghaidh géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta.

(23)     Tá sé ríthábhachtach na bearta éigeandála sin a chur chun feidhme láithreach. Bheadh sé fritorthúil na costais sin arna dtabhú roimh chur isteach an iarratais ar dheontas a eisiamh ó chistiú, mar leis seo spreagfaí na Ballstáit lena n‑iarrachtaí láithreacha a dhíriú ar ullmhú iarratais ar dheontas, seachas ar na bearta éigeandála a chur chun feidhme.

(24)     I bhfianaise raon reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme beart díothúcháin agus faireachais agus na teorainneacha teicniúla i ndáil le saineolas eile atá ar fáil, is iad údaráis inniúla na mBallstát go príomha is gá na bearta arna gcumhdach sa Rialachán seo a chur chun feidhme. Is gá, dá bhrí sin, costais tuarastail phearsanra na riarachán náisiúnta a chómhaoiniú i gcásanna áirithe.

(25)     Trí chlárú is féidir comhordú agus beartú tosaíochta a dhéanamh agus sa tslí sin rannchuidiú le húsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme beart áirithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

(26)     Chun úsáid fhreagrach agus éifeachtach acmhainní airgeadais an Aontais a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún seiceáil go n‑úsáidtear cistiú ón Aontas go héifeachtach chun bearta incháilithe a chur chun feidhme cibé acu trí sheiceálacha ar an láthair nó seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh.

(27)     Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, agus cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú.

(28)     Ionas gur féidir coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le bunú agus leasú na liostaí de ghalair ainmhithe agus zónóisí atá incháilithe cistiú a fháil ón Aontas, chomh maith le bunú clár oibre. Agus liosta na ngalar ainmhithe atá incháilithe cistiú a fháil do bhearta éigeandála á leasú, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh na galair ainmhithe nach mór fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le Treoir 82/894/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1982 maidir le fógra a thabhairt i leith galar ainmhithe laistigh den Chomhphobal[15]. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[16].

(29)     Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid le haghaidh na liostaí tosaigh de ghalair ainmhithe agus zónóisí atá incháilithe cistiú a fháil i réimse na sláinte ainmhithe, i bhfianaise nach ceart a bheith sna liostaí tosaigh sin, gan aon mhodhnuithe, ach na galair ainmhithe agus zónóisí atá incháilithe cheana don chistiú sin faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 maidir le caiteachas i réimse na tréidliachta[17].

(30)     Ba cheart reachtaíocht an Aontais a bhainistiú agus a chur chun feidhme sa chaoi agus go n‑áiritheofar go dtabharfadh sí na sochair atá beartaithe, i bhfianaise na taithí a fuarthas. Dá bhrí sin, is iomchuí don Choimisiún feidhmiú agus éifeachtacht an Rialacháin seo a mheasúnú agus na torthaí a chur i bhfios do na hinstitiúidí eile.

(31)     Bíonn coistí éagsúla de chúnamh ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme rialacha an Aontais arna gcumhdach ag an Rialachán seo, go háirithe na Coistí arna mbunú ag Cinneadh 66/399/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 lena mbunaítear Buanchoiste um Shíolta agus Ábhar Iomadaithe le haghaidh Talmhaíochta, Gairneoireachta agus Foraoiseachta[18], Cinneadh 76/894/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1976 lena mbunaítear Buanchoiste um Shláinte Plandaí[19], Treoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Meitheamh 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha[20], Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí[21] agus Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia[22]. Is iomchuí an nós imeachta sa réimse seo a chuíchóiriú agus a chur de chúram ar an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cuidiú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme i dtaca leis an gcaiteachas arna thabhú sna réimsí ábhartha agus chun ainm an Choiste sin a oiriúnú chun a chúraimí níos leithne a léiriú. Ba cheart Cinneadh 66/399/CEE agus Cinneadh 76/894/CEE a aisghairm dá bhrí sin agus ba cheart Treoir 98/56/CE agus Treoir 2008/90/CE agus Rialachán (EC) Uimh. 178/2002 a leasú dá bhrí sin dá réir.

(32)     Cuirtear an Rialachán seo in ionad fhorálacha Chinneadh 2009/470/CE. Sa bhreis air sin, cuirtear an Rialachán seo in ionad Airteagal 13c(5) agus Airteagail 22 go 26 de Threoir 2000/29/CE, Airteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 an 29 Aibreán 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dhlí an bhia agus na beatha, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú[23], Airteagal 36 agus Airteagal 37 de Rialachán (CE) 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh planda nó ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle[24], Airteagal 22 de Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach[25] agus Airteagal 76 de Rialachán (CE) 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí ar an margadh agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE ón gComhairle agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle[26]. Ba cheart Treoir 2000/29/CE, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, Treoir 2009/128/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a leasú dá bhrí sin dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I FORÁLACHA COITEANNA

CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS CUSPÓIRÍ

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

Tríd an Rialachán seo bunaítear forálacha maidir le bainistíocht caiteachais ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh sna réimsí atá cumhdaithe ag rialacha an Aontais:

(a) lena rialaítear bia agus sábháilteacht bia, ag céim ar bith de tháirgeadh, próiseáil, dáileadh agus diúscairt bia, lena n‑áirítear rialacha a bhfuil mar sprioc acu cleachtais trádála chothroma a ráthú agus leasanna na dtomhaltóirí agus faisnéis a chosaint, agus lena rialaítear monarú agus úsáid ábhar agus earraí atá ceaptha teacht i dteagmháil le bia;

(b) lena rialaítear beatha agus sábháilteacht beatha, ag gach céim de tháirgeadh, próiseáil, dáileadh agus diúscairt beatha agus úsáid beatha, lena n‑áirítear rialacha a bhfuil mar sprioc acu cleachtais trádála chothroma a ráthú agus leasanna na dtomhaltóirí agus faisnéis a chosaint;

(c) lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte ainmhithe ;

(d) lena leagtar síos ceanglais maidir le leas ainmhithe;

(e) maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/29/CE (dá ngairtear anseo feasta: ‘lotnaidí’);

(f) maidir le táirgeadh ábhair atáirgthe plandaí d’fhonn é a chur ar an margadh, agus maidir le hé a chur ar an margadh;

(g) lena leagtar síos na ceanglais maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí;

(h) a bhfuil mar sprioc acu rioscaí do shláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a thagann chun cinn as seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe a chosc agus a laghdú;

(i) lena rialaítear scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe d’aon turas isteach sa chomhshaol;

(j) maidir le cosaint ceart maoine intleachtúla i ndáil le cineálacha plandaí agus caomhnú agus malartú acmhainní géiniteacha plandaí.

Airteagal 2 Cuspóirí

1.           Is é an sprioc a bheidh leis an gcaiteachas dá dtagraítear in Airteagal 1:

(a)     an cuspóir ginearálta maidir le rannchuidiú le hardleibhéal sláinte don duine, d’ainmhithe agus do phlandaí ag gach céim den bhiashlabhra agus i réimsí gaolmhara agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus don chomhshaol, agus, san am céanna, é a chur ar chumas thionscal bia agus beatha an Aontais feidhmiú i dtimpeallacht ina gcothaítear an t‑iomaíochas agus cruthú post;

(b)     na sainchuspóirí seo a leanas:

(i)      rannchuidiú le hardleibhéal sábháilteacha bia agus córas táirgthe bia agus táirgí eile a fhéadfaidh tionchar a imirt ar shábháilteacht bia, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht an táirgthe bia a fheabhsú;

(ii)      rannchuidiú le stádas níos airde sláinte ainmhithe san Aontas agus tacú le feabhas a chur ar leas ainmhithe;

(iii)     rannchuidiú le brath tráthúil lotnaidí agus lena ndíothú i gcás inar tháinig na lotnaidí sin isteach san Aontas;

(iv)     rannchuidiú le feabhas a chur ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar chun rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh go héifeachtach.

2.           Chun baint amach na sainchuspóirí dá dtagraítear i mír 1(b) a thomhas, úsáidfear na táscairí seo a leanas:

(a)     i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(i), measfar é de réir an laghdaithe a thiocfaidh ar an líon cásanna de ghalair i ndaoine san Aontas a bhfuil baint acu le sábháilteacht bia nó le zónóisí.

(b)     i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(ii):

(i)      an méadú i líon na mBallstát nó na réigiún sna Ballstáit atá saor ó ghalair ainmhithe a ndeontar ranníocaíocht airgeadais ina leith;

(ii)      laghdú foriomlán na bparaiméadar galair amhail ráta tarlaithe, leitheadúlacht agus líon na ráigeanna;

(c)     i gcás shainchuspóir mhír 1(b)(iii):

(i)      An méid atá críoch an Aontais cumhdaithe le suirbhéanna le haghaidh lotnaidí, go háirithe lotnaidí nach fios gurb ann dóibh ar chríoch an Aontais agus lotnaidí a mheastar a bheith ar na lotnaidí is contúirtí do chríoch an Aontais;

(ii)      an t‑am is gá chun na lotnaidí sin a dhíothú agus an ráta rathúlachta maidir leis sin;

(d)     I gcás shainchuspóir mhír 1(b)(iv), measfar é de réir treochta fabhraí i dtoradh rialuithe i réimsí áirithe lena mbaineann, ar rialuithe iad arna ndéanamh agus arna dtuairisciú ag saineolaithe de chuid an Choimisiúin sna Ballstáit.

CAIBIDIL II CINEÁLACHA MAOINITHE AGUS FORÁLACHA GINEARÁLTA AIRGEADAIS

Airteagal 3 Cineálacha maoinithe

1.           Déanfar an maoiniú ón Aontas le haghaidh an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012.

2.           Nuair a bhronntar deontais ar údaráis inniúla na mBallstát, measfar gur tairbhithe aitheanta iad na húdaráis sin laistigh de bhrí Airteagal 128(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012. Féadfar deontais den sórt sin a bhronnadh gan glao ar thograí.

3.           Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i leith na mbeart dá dtagraítear sa Rialachán seo a bheith i bhfoirm íocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sna réimsí atá cumhdaithe ag na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1, ar eagraíochtaí iad a bhfuil an tAontas ina chomhalta iontu, nó a mbíonn sé rannpháirteach ina gcuid oibre.

Airteagal 4 Buiséad

1.           Gan dochar d’Airteagal 5, is uasmhéid EUR 1 891,936 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san uasteorainn le haghaidh an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

2.           Féadfar a chumhdach freisin faoin uasteorainn dá dtagraítear i mír 1 speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a cheanglaítear le haghaidh bhainistíocht an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus baint amach a gcuspóirí, go háirithe staidéir, cruinnithe le saineolaithe, speansais a bhaineann le líonraí TF lena ndírítear ar phróiseáil agus malartú faisnéise, chomh maith leis na speansais eile ar fad a bhaineann le cúnamh riaracháin agus teicniúil arna dtabhú ag an gCoimisiún chun an caiteachas sin a bhainistiú.

3.           Féadfar a chumhdach faoin uasteorainn sin freisin na speansais a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin is gá chun an t‑aistriú idir gníomhartha arna nglacadh roimh agus tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a áirithiú. Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun costais chosúla a chumhdach, le go bhféadfar gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 5 Úsáid an chúlchiste le haghaidh géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta

An ranníocaíocht ón Aontas do bhearta i gcás staideanna éigeandála arna gcumhdach i Roinn 1 de Chaibidil 1 de Theideal II agus Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal II, féadfar iad a mhaoiniú freisin i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/201X ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air.

Airteagal 6 Uasrátaí agus íosmhéid deontas

1.           I gcás ina bhfuil ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontais, ní sháróidh sí 50 % de na costais incháilithe.

2.           Féadfar an t‑uasráta dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú go 75 % de na costais incháilithe sna cásanna seo a leanas:

(a)     gníomhaíochtaí trasteorann arna gcur chun feidhme ag dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit chun lotnaidí nó galair ainmhithe a shrianadh nó a dhíothú;

(b)     Ballstáit ar lú a n‑ollioncam náisiúnta in aghaidh an áitritheora ná 90 % den mheán san Aontas, bunaithe ar na sonraí Eurostat is déanaí;

3.           Féadfar an t‑uasráta dá dtagraítear i mír 1 a mhéadú go 100% de na costais incháilithe i gcás inar fíor an méid seo a leanas faoi na gníomhaíochtaí a thairbhíonn de ranníocaíocht ón Aontas:

(a)     baineann siad le rialú rioscaí sláinte tromchúiseacha don Aontas;

(b)     is sainchúraimí de thábhacht ar leith don Aontas iad, mar a aithníonn an Coimisiún go sainráite sa chlár oibre a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35(1); nó

(c)     cuirtear chun feidhme iad i dtríú tíortha.

4.           Ní bhronnfar aon deontas ar lú ná EUR 50 000 é.

TEIDEAL II FORÁLACHA AIRGEADAIS

CAIBIDIL I SLÁINTE AINMHITHE

Roinn 1 Bearta Éigeandála

Airteagal 7 Bearta incháilithe

1.           Féadfar deontais, nach sáróidh na huasrátaí atá leagtha amach in Airteagal 6(1), (2) agus (3), a thabhairt do Bhallstáit do na bearta arna ndéanamh ar dhearbhú a fháil gur bhris ceann de na galair ainmhithe atá liostaithe de bhun Airteagal 8 amach, ar an gcoinníoll gur cuireadh na bearta sin i bhfeidhm láithreach agus gur comhlíonadh na forálacha infheidhme atá leagtha síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais.

2.           Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit, ar dhearbhú a fháil gur bhris ceann de na galair ainmhithe atá liostaithe de bhun Airteagal 8 amach, i gcás ina dtéann ar a laghad dhá Bhallstát i ndlúthchomhar lena chéile chun an eipidéim a shrianadh.

3.           Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit, do thríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta do bhearta cosanta arna ndéanamh i gcás ina bhfuil baol díreach ann do stádas sláinte an Aontais de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 8 nó Airteagal 11 a bheith ann nó a bheith ag forbairt ar chríoch tríú tír nó i mBallstát.

4.           Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit i gcás ina gcinneann an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, nach mór do na Ballstáit stoic táirgí bitheolaíocha a bhunú lena mbeartaítear na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 8 nó Airteagal 11 a shrianadh.

5.           Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt chun stoic táirgí bitheolaíocha a bhunú nó chun dáileoga vacsaíne a cheannach dá bhféadfadh an tAontas a bheith i mbaol de dheasca ceann de na galair ainmhithe nó na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 8 nó Airteagal 11 a bheith ann nó ag forbairt i dtríú tír nó i mBallstát.

Airteagal 8 Liosta galar ainmhithe

1.           Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, liosta de na galair ainmhithe atá incháilithe cistiú a fháil faoi Airteagal 7. Ar an liosta sin áireofar na galair ainmhithe dá dtagraítear in Airteagail 3(1), 4(1), 6(2) agus 14(1) de Chinneadh 2009/470/CE. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Rialachán seo.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an liosta de na galair ainmhithe arna bhunú de bhun mhír 1 a leasú, chun na galair ainmhithe nach mór fógra a thabhairt ina leith i gcomhréir le Treoir 82/894/CEE a chur san áireamh mar aon leis na galair ar dóigh dóibh a bheith ina mbaol nua don Aontas i ngeall ar an tionchar suntasach atá acu orthu seo a leanas:

(a) sláinte an duine;

(b) sláinte ainmhithe nó leas ainmhithe; nó

(c) táirgeadh talmhaíochta nó dobharshaothraithe nó earnálacha gaolmhara den gheilleagar.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Rialachán seo.

Airteagal 9 Costais incháilithe

1.           Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) á ndéanamh acu, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe cistiú a fháil faoin mír sin:

(a) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d'úinéirí ar luach a n‑ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh, ach gan dul thar luach margaidh na n‑ainmhithe díreach sular maraíodh nó dealaíodh iad;

(b) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d'úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, ach gan dul thar luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular scriosadh iad;

(c) na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú gabháltas agus trealaimh;

(d) na costais a bhaineann le scriosadh ábhar éillithe beathúcháin agus, i gcás nach féidir an trealamh a dhíghalrú, na costais a bhaineann le scriosadh an trealaimh sin;

(e) na costais a bhaineann le ceannach agus dáileadh vacsaíní má chinneann an Coimisiún go bhfuil gá leo nó má údaraíonn an Coimisiún iad;

(f) na costais a bhaineann le hiompar conablach go monarchana próiseála nuair is infheidhme;

(g) i gcásanna éisceachtúla agus cuí-réasúnaithe, aon chostais eile a bhfuil gá leo chun an galar a dhíothú mar a fhoráiltear sa chinneadh maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán seo.

2.           Mar eisceacht, de réir mar a thagraítear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, beidh costais incháilithe ón dáta a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le briseadh amach an ghalair.

Tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocfaidh sé an caiteachas incháilithe.

Roinn 2 Cláir chun galair ainmhithe agus zónóisí a dhíothú, a shrianadh agus chun faireachas a dhéanamh orthu

Airteagal 10 Cláir incháilithe

Féadfar deontais a thabhairt do chláir náisiúnta bhliantúla nó ilbhliantúla Ballstát chun na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 11 a dhíothú, a shrianadh agus chun faireachas a dhéanamh orthu (dá ngairtear “cláir náisiúnta” anseo feasta).

Airteagal 11 Liosta galar ainmhithe agus zónóisí

1.           Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh chur chun feidhme, liosta de na galair ainmhithe agus zónóisí atá incháilithe deontais a fháil faoi Airteagal 10. Ar an liosta sin beidh na galair ainmhithe agus na zónóisí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2009/470/CE. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 39(2) den Rialachán seo.

2.           Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an liosta arna bhunú de bhun mhír 1 a leasú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) cás na ngalar ainmhithe a bhfuil tionchar suntasach acu ar tháirgeadh beostoic nó ar thrádáil i mbeostoc;

(b) forbairt zónóisí a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol; nó

(c) forbairt nua eolaíoch nó eipidéimeolaíoch.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3) den Rialachán seo.

Airteagal 12 Costais incháilithe

Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na cláir náisiúnta á gcur chun feidhme, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe deontais a fháil faoi Airteagal 10:

(a) na costais a bhaineann le sampláil ainmhithe;

(b) na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar an gcoinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)      costais na dtrealamh tástála, na n‑imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)     costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le déanamh na dtástálacha;

(c) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d'úinéirí ar luach a n‑ainmhithe a maraíodh nó a dealaíodh faoi chuimsiú an chláir náisiúnta, ach gan dul thar luach margaidh na n‑ainmhithe díreach sular maraíodh nó dealaíodh iad;

(d) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt d'úinéirí ar luach a dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a scriosadh, ach gan dul thar luach margaidh na dtáirgí sin díreach sular scriosadh iad;

(e) na costais a bhaineann le ceannach agus stóráil dáileog vacsaíne nó ceannach agus stóráil vacsaíní agus baoití d'ainmhithe a úsáidtear do na cláir;

(f) na costais a bhaineann le hainmhithe clóis a ionaclú le dáileoga vacsaíne;

(g) na costais a bhaineann le vacsaíní agus baoití a leithdháileadh ar ainmhithe fiáine;

(h) na costais a bhaineann le glanadh, dífheithidiú agus díghalrú an ghabháltais agus an trealaimh, bunaithe ar eipidéimeolaíocht agus sainghnéithe na pataigine;

(i) i gcásanna eisceachtúla agus cuí‑réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha eile á ndéanamh seachas iad dá dtagraítear i bpointí (a) go (h), ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le deontas a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 14(2).

Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, bainfear luach tarrthála na n‑ainmhithe, má tá a leithéid ann, den chúiteamh.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír, bainfear luach tarrthála uibheacha teaschóireáilte nach bhfuil gortha den chúiteamh.

Airteagal 13 Ábhar na gclár náisiúnta agus iad a chur isteach

1.           Gach bliain, faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir náisiúnta a thosóidh an bhliain dár gcionn agus dá bhfuil deontas á lorg acu.

Ní bheidh cláir náisiúnta a chuirtear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe maoiniú a fháil don bhliain dár gcionn.

2.           Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir náisiúnta:

(a)     tuairisc ar staid eipidéimeolaíoch an ghalair ainmhithe nó na zónóise sular cuireadh tús leis an gclár;

(b)     tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin;

(c)     fad an chláir;

(d)     na bearta atá le cur chun feidhme;

(e)     an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(f)      na spriocanna atá le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a bhfuiltear ag tnúth leo;

(g)     táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir náisiúnta ilbhliantúil, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den chéad fhomhír do gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

3.           I gcás ina mbriseann ceann de na galair ainmhithe nó de na zónóisí atá liostaithe de bhun Airteagal 11 amach nó ina bhfuil ceann acu ag forbairt, agus gur dóigh dóibh stádas sláinte an Aontais a chur i mbaol, agus chun an tAontas a chosaint ar thabhairt isteach ceann de na galair nó de na zónóisí sin, féadfaidh Ballstáit bearta a áireamh ina gcláir náisiúnta a chuirfear chun feidhme i gcríocha tríú tíortha comharsanachta i gcomhar le húdaráis na dtíortha sin.

Airteagal 14 Meastóireacht a dhéanamh ar na cláir náisiúnta agus na cláir sin a fhormheas

1.           Déanfar meastóireacht ar na cláir náisiúnta ag cur san áireamh na dtosaíochtaí agus na gcritéar atá leagtha amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus, nuair is iomchuí, ag cur san áireamh na dtosaíochtaí agus na gcritéar atá leagtha amach sna treoirlínte bliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

2.           Déanfar cláir náisiúnta bhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin maidir le deontas a thabhairt a leasú más gá i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

3.           Déanfar cláir náisiúnta ilbhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

4.           I gcás cláir náisiúnta ilbhliantúla a fhormheas i gcomhréir le mír 3, féadfar gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinntear gealltanais bhuiséadacha ina dtráthchodanna bliantúla, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheastar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur san áireamh.

5.           Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte bliantúla nó ilbhliantúla a ghlacadh ina leagfar amach na tosaíochtaí agus na critéir tréidliachta is gá a úsáid agus meastóireacht á déanamh ar na cláir náisiúnta.

Airteagal 15 Tuairisciú

Do gach clár náisiúnta bliantúil nó ilbhliantúil a fhormheastar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Márta gach bliain, tuarascáil mhionsonraithe theicniúil agus airgeadais faoin mbliain roimhe sin, lena n‑áirítear na torthaí a baineadh amach, arna dtomhas ar bhonn na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(g), agus mionchuntas ar na costais incháilithe a tabhaíodh.

Ina theannta sin, do gach clár náisiúnta bliantúil a fhormheastar, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Iúil gach bliain, tuarascálacha idirmheánacha teicniúla agus airgeadais.

Airteagal 16 Íocaíochtaí

Maidir le hiarratas ar íocaíocht i ndáil le clár náisiúnta i mbliain ar leith, cuirfidh Ballstáit an t‑iarratas sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta an bhliain dár gcionn.

Íocfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais do na costais incháilithe tar éis na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 a fhíorú go hiomchuí.

CAIBIDIL II SLÁINTE PLANDAÍ

Roinn 1 Bearta Éigeandála

Airteagal 17 Bearta incháilithe

1.           Féadfar deontais, nach sáróidh na huasrátaí atá leagtha amach in Airteagal 6(1), (2) agus (3), a thabhairt do Bhallstáit chun na bearta seo a leanas a dhéanamh i gcoinne lotnaidí, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 18:

(a)     bearta chun lotnaid a dhíothú ó limistéar foirgthe, arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 16(1) agus 16(2) de Threoir 2000/29/CE nó de bhun bhearta an Aontais a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 16(3) den Treoir sin;

(b)     bearta chun lotnaid, ar ghlac an tAontas bearta srianta ina coinne cheana de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE, a shrianadh laistigh de limistéar foirgthe nach féidir an lotnaid a dhíothú uaidh, i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin. Ní bhainfidh na bearta sin ach le díothú na lotnaide sin ón gcrios maolánach i gcás ina mbraitear go bhfuil sí sa chrios maolánach sin;

(c)     bearta cosanta breise arna ndéanamh i gcoinne leathadh lotnaide, ar ghlac an tAontas bearta ina coinne cheana de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE, seachas na bearta díothúcháin sin dá dtagraítear i bpointe (a) agus na bearta srianta dá dtagraítear i bpointe (b), i gcás ina bhfuil na bearta sin riachtanach chun an tAontas a chosaint ar leathadh breise na lotnaide sin.

2.           Féadfar deontais dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt freisin do Bhallstát nach bhfuil na lotnaidí dá dtagraítear i mír 1 ann, i gcás ina ndearnadh bearta i gcoinne theacht isteach na lotnaidí sin i gcríoch an Bhallstáit sin toisc iad a bheith i mBallstát nó i dtríú tír comharsanachta atá ag críochantacht lena theorainn.

Airteagal 18 Coinníollacha

Féadfaidh na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17 a bheith incháilithe deontais a fháil ar an gcoinníoll gur cuireadh iad i bhfeidhm láithreach agus gur comhlíonadh na forálacha infheidhme atá leagtha síos i reachtaíocht ábhartha an Aontais, agus ar an gcoinníoll go gcomhlíontar ar a laghad ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) baineann na bearta le lotnaidí atá liostaithe i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn I agus i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE;

(b) tá na bearta cumhdaithe ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

I gcás beart lena gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (b) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deontas na costais arna dtabhú tar éis dhul in éag an bhirt arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

Airteagal 19 Costais incháilithe

1.           Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na bearta dá dtagraítear in Airteagal 17 á ndéanamh acu, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe deontais a fháil faoin Airteagal sin:

(a) costais an phearsanra, gan aird ar a stádas , a bhfuil baint dhíreach aige leis na bearta, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus aon ábhair riachtanacha eile a ghlacadh ar cíos, agus na costais a bhaineann le táirgí cóireála agus tástálacha saotharlainne;

(b) na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

(c) na costais a bhaineann le cúiteamh a thabhairt do na hoibreoirí lena mbaineann as plandaí, táirgí plandaí agus ábhair eile a scriosadh agus ansin as fáil réidh leo, agus as áitreabh, talamh, uisce, ithir, meáin fáis, áiseanna, innealra agus trealamh a ghlanadh agus a dhíghalrú;

(d) i gcásanna eisceachtúla agus cuí‑réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha eile á ndéanamh seachas iad dá dtagraítear i bpointí (a) go (c), ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le maoiniú dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

2.           Mar eisceacht, de réir mar a thagraítear in Airteagal 130(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, beidh costais incháilithe ón dáta a thabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le lotnaid a bheith ann.

Tar éis na hiarratais ar íocaíocht arna gcur isteach ag na Ballstáit a mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha agus íocfaidh sé an caiteachas incháilithe.

Roinn 2 Cláir shuirbhéireachta maidir le lotnaidí a bheith ann

Airteagal 20 Cláir shuirbhéireachta incháilithe

Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit do chláir shuirbhéireachta bhliantúla agus ilbhliantúla a ritheann na Ballstáit sin maidir le lotnaidí a bheith ann (dá ngairtear 'cláir shuirbhéireachta' anseo feasta), ar an gcoinníoll go gcomhlíonann na cláir sin ar a laghad ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) baineann na bearta le lotnaidí atá liostaithe i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn I agus i Roinn I de Chuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2000/29/CE;

(b) tá na bearta cumhdaithe ag beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

I gcás na lotnaidí dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad mhír, beidh na cláir shuirbhéireachta bunaithe ar mheasúnú ar an mbaol go dtiocfaidh na lotnaidí isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, go ndaingneoidh siad iad féin ann agus go leathfaidh siad, agus díreoidh na cláir sin ar a laghad ar na lotnaidí a bhfuil na rioscaí is mó ag baint leo agus ar na príomhspeicis plandaí atá faoi bhagairt ag na rioscaí sin.

I gcás beart lena gcomhlíontar an coinníoll atá leagtha síos i bpointe (b) den chéad mhír, ní chumhdóidh an deontas na costais arna dtabhú tar éis dhul in éag an bhirt arna ghlacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2000/29/CE.

Airteagal 21 Costais incháilithe

Na costais seo leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na cláir shuirbhéireachta dá dtagraítear in Airteagal 20 á gcur chun feidhme acu, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe deontais a fháil faoin Airteagal sin:

(a) na costais a bhaineann le sampláil;

(b) na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar an gcoinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)      costais na dtrealamh tástála, na n‑imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)      costais an phearsanra, gan aird ar an a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le bailiú na samplálacha agus le déanamh na dtástálacha;

(c) i gcásanna eisceachtúla agus cuí‑réasúnaithe, na costais arna dtabhú agus bearta riachtanacha eile á ndéanamh seachas iad dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), ar an gcoinníoll go bhfuil na bearta sin leagtha amach sa chinneadh maidir le deontas a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Airteagal 22 Ábhar na gclár suirbhéireachta agus iad a chur isteach

1.           Gach bliain, faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir shuirbhéireachta a thosóidh an bhliain dár gcionn agus dá bhfuil deontas á lorg acu.

Ní bheidh cláir shuirbhéireachta a chuirtear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe maoiniú a fháil don bhliain dár gcionn.

2.           Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir shuirbhéireachta:

(a) liosta de na lotnaidí atá cumhdaithe faoin gclár;

(b) tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin, mar aon le tuairisc ar stádas na limistéar sin ó thaobh na lotnaidí lena mbaineann a bheith iontu;

(c) fad an chláir;

(d) an méid scrúduithe súl, samplálacha agus tástálacha atá sceidealaithe do na lotnaidí agus plandaí, do na táirgí plandaí agus d'ábhair eile lena mbaineann;

(e) an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(f) na spriocanna atá le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a bhfuiltear ag tnúth leo;

(g) táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir shuirbhéireachta ilbhliantúil, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (g) den chéad fhomhír do gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

Airteagal 23 Meastóireacht a dhéanamh ar na cláir shuirbhéireachta agus na cláir sin a fhormheas

1.           Déanfar meastóireacht ar na cláir shuirbhéireachta ag cur san áireamh na dtosaíochtaí agus na gcritéar atá leagtha amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1) agus, nuair is iomchuí, ag cur san áireamh na dtosaíochtaí agus na gcritéar atá leagtha amach sna treoirlínte bliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

2.           Déanfar cláir shuirbhéireachta bhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin maidir le deontas a thabhairt a leasú más gá i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

3.           Déanfar cláir shuirbhéireachta ilbhliantúla agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

4.           I gcás cláir shuirbhéireachta ilbhliantúla a fhormheas i gcomhréir le mír 3, féadfar gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinntear gealltanais bhuiséadacha ina dtráthchodanna bliantúla, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheastar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur san áireamh.

5.           Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte bliantúla nó ilbhliantúla a ghlacadh ina bhfuil na tosaíochtaí fíteashláintíochta, lena n‑áirítear go háirithe lotnaidí nach fios gurb ann dóibh ar chríoch an Aontais agus lotnaidí a mheastar a bheith ar na lotnaidí is contúirtí do chríoch an Aontais, mar aon leis na critéir a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar na cláir shuirbhéireachta.

Airteagal 24 Tuairisciú agus íocaíochtaí

Beidh feidhm ag Airteagal 15 agus Airteagal 16 mutatis mutandis maidir le cláir shuirbhéireachta.

Roinn 3 Cláir a bhaineann le srianadh lotnaidí sna réigiúin is forimeallaí den Aontas

Airteagal 25 Bearta agus costais incháilithe

1.           Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit le haghaidh clár atá acu chun lotnaidí sna réigiúin is forimeallaí den Aontas a shrianadh, mar atá liostaithe in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 (dá ngairtear ‘cláir do na réigiúin is forimeallaí’ anseo feasta). Bainfidh na deontais sin le gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le lotnaidí a shrianadh atá i bhfeidhm sna réigiúin sin a chur chun feidhme i gceart.

2.           Na costais seo a leanas, arna dtabhú ag na Ballstáit agus na cláir do na réigiúin is forimeallaí á gcur chun feidhme, d’fhéadfaidís a bheith incháilithe ranníocaíocht airgeadais a fháil ón Aontas:

(a) costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le cur chun feidhme na mbeart, mar aon leis na costais a bhaineann le trealamh, tomhaltáin agus táirgí cóireála a ghlacadh ar cíos;

(b) na costais a bhaineann le conarthaí seirbhíse le tríú páirtithe chun cuid de na bearta a fhorfheidhmiú;

(c) na costais a bhaineann le sampláil;

(d) na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanamh, ar an gcoinníoll nach mbeidh níos mó ná an méid seo a leanas i gceist leis sin:

(i)      costais na dtrealamh tástála, na n‑imoibrithe agus na dtomhaltán atá inaitheanta agus a úsáidtear go speisialta chun na tástálacha sin a dhéanamh;

(ii)      costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le bailiú na samplálacha agus le déanamh na dtástálacha;

Airteagal 26 Ábhar na gclár do na réigiúin is forimeallaí agus iad a chur isteach

1.           Gach bliain, faoin 31 Bealtaine, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na cláir do na réigiúin is forimeallaí a thosóidh an bhliain dár gcionn agus dá bhfuil deontas á lorg acu.

Ní bheidh cláir do na réigiúin is forimeallaí a chuirtear isteach tar éis an 31 Bealtaine incháilithe maoiniú a fháil don bhliain dár gcionn.

2.           Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir do na réigiúin is forimeallaí:

(a) liosta de na lotnaidí atá cumhdaithe faoin gclár;

(b) tuairisc ar na limistéir gheografacha agus riaracháin ina gcuirfear an clár i bhfeidhm agus teorannú na limistéar sin, mar aon le tuairisc ar stádas na limistéar sin ó thaobh na lotnaidí lena mbaineann a bheith iontu;

(c) anailís theicniúil ar staid fíteashláintíochta na réigiún;

(d) fad an chláir;

(e) na gníomhaíochtaí a áireofar faoin gclár agus, más ábhartha, an méid scrúduithe súl, samplálacha agus tástálacha atá sceidealaithe do na lotnaidí agus plandaí, do na táirgí plandaí agus d'ábhair eile lena mbaineann;

(f) an buiséad a mheastar a bheidh i gceist;

(g) na spriocanna atá le baint amach faoi dháta críochnaithe an chláir agus na sochair a bhfuiltear ag tnúth leo;

(h) táscairí iomchuí chun baint amach spriocanna an chláir a thomhas.

I gcás gach cláir ilbhliantúil do na réigiúin is forimeallaí, tabharfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (h) den chéad fhomhír do gach bliain a chumhdaítear faoin gclár.

Airteagal 27 Meastóireacht a dhéanamh ar na cláir do na réigiúin is forimeallaí agus na cláir sin a fhormheas

1.           Déanfar meastóireacht ar na cláir do na réigiúin is forimeallaí ag cur san áireamh na dtosaíochtaí agus na gcritéar atá leagtha amach sna cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 35(1).

2.           Déanfar cláir bhliantúla do na réigiúin is forimeallaí agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir gach bliain trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig sa bhliain sin. Tar éis do na Ballstáit na tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún cinntí den sórt sin maidir le deontas a thabhairt a leasú más gá i ndáil leis an tréimhse incháilitheachta ina iomláine.

3.           Déanfar cláir ilbhliantúla do na réigiúin is forimeallaí agus cistiú gaolmhar a fhormheas faoin 31 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme trí bhíthin cinnidh maidir le deontas a thabhairt i ndáil leis na bearta a chuirfear chun feidhme agus na costais a thabhófar ón 1 Eanáir den chéad bhliain chur chun feidhme go dtí deireadh na tréimhse chur chun feidhme.

4.           I gcás cláir ilbhliantúla do na réigiúin is forimeallaí a fhormheas i gcomhréir le mír 3, féadfar gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. I gcás ina roinntear gealltanais bhuiséadacha ina dtráthchodanna bliantúla, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla, agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheastar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur san áireamh.

Airteagal 28 Tuairisciú agus íocaíochtaí

Beidh feidhm ag Airteagal 15 agus Airteagal 16 mutatis mutandis maidir le cláir do na réigiúin is forimeallaí.

CAIBIDIL III TACAÍOCHT airgeadais do rialuithe oifigiúla agus do ghníomhaíochtaí eile

Airteagal 29 Saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh

1.           Féadfar deontais a thabhairt do shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 le haghaidh na gcostas arna dtabhú acu chun na cláir oibre atá formheasta ag an gCoimisiún a chur chun feidhme.

2.           D’fhéadfadh na costais seo a leanas a bheith incháilithe deontais a fháil faoi mhír 1:

(a) costais an phearsanra, gan aird ar a stádas, a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí na saotharlann a dhéantar ina gcáil mar shaotharlanna tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh;

(b) costais trealaimh chaipitiúil;

(c) costais tomhaltán;

(d) na costais a bhaineann le samplálacha a sheoladh, le misin, le cruinnithe agus le gníomhaíochtaí oiliúna.

Airteagal 30 Oiliúint

1.           Féadfaidh an tAontas maoiniú a thabhairt chun foireann na n‑údarás inniúil atá freagrach as rialuithe oifigiúla a oiliúint, mar a thagraítear dó in Airteagal 51 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, chun cur chuige comhchuibhithe a fhorbairt i leith rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí.

2.           Forbróidh an Coimisiún cláir oiliúna lena saineofar na tosaíochtaí maidir le hidirghabháil a dhéanamh, bunaithe ar na rioscaí a aithnítear a bheith ann do shláinte phoiblí, sláinte agus leas ainmhithe agus sláinte plandaí.

3.           Le bheith incháilithe maoiniú a fháil ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na húdaráis inniúla go scaipfear aon eolas arna fháil ó na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear sa mhír sin de réir mar is gá agus go n‑úsáidfear an t‑eolas sin mar is iomchuí sna cláir oiliúna náisiúnta.

4.           D’fhéadfadh na costais seo a leanas a bheith incháilithe an ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a fháil:

(a) an costas a bhaineann le heagrú na hoiliúna nó le gníomhaíochtaí malartaithe;

(b) na costais a bhaineann le taisteal agus lóistín do bhaill foirne na n‑údarás inniúil a ghlacann páirt san oiliúint.

Airteagal 31 Saineolaithe ó na Ballstáit

Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt le haghaidh caiteachais taistil agus caiteachais chothaithe má thabhaíonn saineolaithe ó na Ballstáit iad sin ós rud é gur iarr an Coimisiún orthu cuidiú lena shaineolaithe féin, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 45(1) agus Airteagal 46(1) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 32 Pleananna rialaithe comhordaithe agus bailiú sonraí

1.           Féadfar deontais a thabhairt do Bhallstáit do na costais arna dtabhú acu i gcur chun feidhme na bpleananna rialaithe comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (CE) Uimh. 822/2004 agus do na costais bailithe sonraí.

2.           D’fhéadfadh na costais seo a leanas a bheith incháilithe:

(c) costais tástálacha saotharlainne,

(d) costais an trealaimh is gá chun an rialú oifigiúil a dhéanamh agus chun táscanna bailithe sonraí a dhéanamh.

CAIBIDIL IV BEARTA EILE

Airteagal 33 Córais faisnéise

1.           Maoineoidh an tAontas bunú agus oibriú bunachar sonraí agus córas ríomhairithe bainistíochta faisnéise atá riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1 má tá na córais agus na bunachair sin bainistithe ag an gCoimisiún.

2.           Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt chun bunachair sonraí agus córais ríomhairithe bainistíochta faisnéise tríú páirtithe a bhunú agus a bhainistiú freisin, lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta, atá á gcur ar bun nó á mbainistiú, ar an gcoinníoll seo a leanas:

(a) gur léiríodh go bhfuil breisluach ag baint leis na huirlisí sin don Aontas ina iomláine agus go bhfuil siad ar fáil ar fud an Aontais do gach úsáideoir a mbeadh spéis aige iontu; agus

(b) go bhfuil na huirlisí sin riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 34 Cur chun feidhme agus cur in oiriúint na rialacha

1.           Féadfaidh an tAontas obair theicniúil agus eolaíoch a mhaoiniú freisin, lena n‑áirítear staidéir agus gníomhaíochtaí comhordúcháin, ar obair í is gá a dhéanamh lena áirithiú go gcuirtear na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1 chun feidhme i gceart agus go gcuirtear na rialacha sin in oiriúint d'fhorbairtí eolaíocha, teicneolaíocha agus sochaíocha.

Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt freisin do na Ballstáit nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta a oibríonn sna réimsí dá dtagraítear in Airteagal 1 chun gníomhaíochtaí a dhéanamh mar thacú le forbairt agus cur chun feidhme na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

2.           Féadfar deontais a thabhairt do thionscadail arna n‑eagrú ag Ballstát amháin nó níos mó chun feidhmiú éifeachtúil rialuithe oifigiúla a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as teicnící agus prótacail nuálacha.

3.           Féadfar ranníocaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt freisin chun tacú le tionscnaimh eolais agus tionscnaimh mhúscailte feasachta a bhfuil mar aidhm acu iompar feabhsaithe, comhlíontach agus inbhuanaithe a áirithiú maidir le cur chun feidhme na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1.

TEIDEAL III CLÁRÚ, CUR CHUN FEIDHME AGUS RIALÚ

Airteagal 35 Cláir oibre

1.           Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla coiteanna nó cláir oibre bhliantúla nó ilbhliantúla ar leith chun na bearta dá dtagraítear i dTeideal II a chur chun feidhme, seachas i gcás Roinn 1 de Chaibidil I agus Roinn 1 de Chaibidil II. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(3).

2.           Leagfar amach sna cláir oibre dá dtagraítear i mír 1 na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus an tsuim iomlán. Cuimseofar ann freisin tuairisc ar na bearta a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach beart agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. I gcás deontas, beidh na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta bhunriachtanacha agus an ráta cistithe ar áireamh iontu.

3.           Glacfaidh an Coimisiún cinntí maoinithe ad hoc i gcomhréir le hAirteagal 84(2) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 chun na bearta dá dtagraítear i Roinn 1 de Chaibidil I de Theideal II agus i Roinn 1 de Chaibidil II de Theideal II a chur chun feidhme, nó más gá sin le freagairt a thabhairt ar fhorbairtí nárbh fhéidir a thuar.

Airteagal 36 Seiceálacha ar an láthair a dhéanann an Coimisiún

Féadfaidh an Coimisiún seiceálacha ar an láthair a eagrú i mBallstáit agus ag áitreabh tairbhithe d'fhonn na rudaí seo a leanas a fhíorú go háirithe:

(a) go gcuirtear chun feidhme go héifeachtach na mbeart a thairbhíonn den ranníocaíocht airgeadais ón Aontas;

(b) go gcomhlíonann na cleachtais riaracháin rialacha an Aontais;

(c) go bhfuil na doiciméid riachtanacha tacaíochta ann agus an bhaint atá acu leis na bearta a thairbhíonn de ranníocaíocht ón Aontas.

Airteagal 37 Rochtain ar fhaisnéis

Cuirfidh na Ballstáit agus tairbhithe ar fáil don Choimisiún an fhaisnéis ar fad is gá chun cur chun feidhme na mbeart a fhíorú agus déanfaidh siad na bearta iomchuí ar fad is gá chun na seiceálacha a éascú a mheasann an Coimisiún a bheith oiriúnach i ndáil le bainistiú maoinithe ón Aontas, lena n‑áirítear seiceálacha ar an láthair.

Airteagal 38 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, i gcás ina gcuirtear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go mbeidh leasanna airgeadais an Aontais á gcosaint trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha, agus, má thugtar mírialtachtaí faoi deara, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus bhactha a chur i bhfeidhm.

2.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad nó ar an láthair, i ndáil le gach tairbhí deontais, gach comhlacht cur chun feidhme, gach conraitheoir agus gach fochonraitheoir a bhfuil cistí faighte acu ón Aontas faoin Rialachán seo.

Tabharfar údarás don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96[27] ón gComhairle d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú nó Cinneadh maidir le deontas a thabhairt nó i ndáil le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

Gan dochar don chéad fhomhír ná don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe agus cinntí maidir le deontas a thabhairt agus trí chonarthaí a thagann ó chur chun feidhme an Rialacháin seo, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair den sórt sin a dhéanamh.

TEIDEAL IV FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 39 Nós imeachta coiste

1.           Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste é.

Airteagal 40 Meastóireacht

1.           Faoin 31 Nollaig 2018, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar bhaint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2(1) i ndáil leis na bearta dá dtagraítear i gCaibidil I agus Caibidil II de Theideal II agus in Airteagal 29 agus Airteagal 30 de Chaibidil III (torthaí agus tionchair), maidir le héifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní agus an breisluach ar leibhéal an Aontais. Sa mheastóireacht scrúdófar freisin an scóip atá ann do shimpliú, ábharthacht leantach na gcuspóirí ar fad, chomh maith leis an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin.

2.           Faoin 30 Meitheamh 2022 déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, meastóireacht ex‑post ar na bearta dá dtagraítear i mír 1. Leis an meastóireacht ex-post sin ar na bearta dá dtagraítear i mír 1 scrúdófar éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chaiteachais dá dtagraítear in Airteagal 1 agus tionchar an chaiteachais sin.

3.           Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 an dul chun cinn atá déanta bunaithe ar úsáid na dtáscairí dá dtagraítear in Airteagal 2(2).

4.           Cuirfidh an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún torthaí na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 41 Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.           Nuair is iomchuí, áiritheoidh tairbhithe agus na Ballstáit lena mbaineann go dtabharfar poiblíocht oiriúnach do ranníocaíochtaí airgeadais a bhronnfar faoin Rialachán seo chun an pobal a chur ar an eolas faoi ról an Aontais i gcistiú na mbeart.

2.           Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feidhme maidir le bearta arna gcistiú agus torthaí na mbeart sin. Ina theannta sin, cumhdóidh an buiséad a leithdháilfear ar chumarsáid faoin Rialachán seo cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 42 Aisghairmeacha

1.           Aisghairtear Cinntí 66/399/CEE, 76/894/CEE agus 2009/470/CE.

2.           Déanfar tagairtí do Chinneadh 66/399/CEE agus Cinneadh 76/894/CEE a fhorléiriú mar thagairtí d’Airteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

Airteagal 43 Forálacha idirthréimhseacha

I gcás clár náisiúnta chun galair ainmhithe agus zónóisí a dhíothú, a shrianadh agus chun faireachas a dhéanamh orthu sa bhliain 2013, ar cláir iad a thairbhíonn de mhaoiniú ón Aontas faoin mbeart airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 27 de Chinneadh 2009/470/CE, leanfaidh mír 7 agus mír 8 den Airteagal sin d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 44 Leasú ar Threoir 98/56/CE

Leasaítear Treoir 98/56/CE[28] mar seo a leanas:

3.           In Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.      Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.'

4.           In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.      Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.'

Airteagal 45 Leasú ar Threoir 2000/29/CE

Leasaítear Treoir 2000/29/CE mar seo a leanas:

(1)          Scriostar mír 5 d'Airteagal 13c.

(2)          Scriostar Airteagal 22 agus Airteagal 26.

Airteagal 46 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 178/2002

5.           In Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1.      Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, dá ngairtear an ‘Coiste’ anseo feasta. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[29] a bheidh sa choiste sin. Eagrófar an Coiste i rannóga chun déileáil leis na hábhair ábhartha go léir.'

Déanfar gach tagairt i reachtaíocht an Aontais don Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a fhorléiriú mar thagairtí don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (CA) Uimh. 178/2002.

Airteagal 47 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004

Scriostar Airteagal 66 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

Airteagal 48 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 396/2005

Scriostar Airteagal 36 agus Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Airteagal 49 Leasú ar Threoir 2008/90/CE

In Airteagal 19 de Threoir 2008/90/CE, cuirfear an méid a leanas in ionad mhír 1:

'1.           Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin.'

Airteagal 50 Leasú ar Threoir 2009/128/CE

Scriostar Airteagal 22 de Threoir 2009/128/CE.

Airteagal 51 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009

Scriostar Airteagal 76 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 52 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

an tUachtarán                                               an tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais atá leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha maidir le caiteachas a bhainistiú i réimse an bhiashlabhra, leasa agus sláinte ainmhithe, sláinte plandaí agus ábhair atáirgthe plandaí ("caiteachas ar bhia agus ar bheatha")

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[30]

17 04 Sábháilteacht bia agus beatha, sláinte ainmhithe, leas ainmhithe agus sláinte plandaí

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[31]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

P       Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Ba cheart an caiteachas atá cumhdaithe ag an Rialachán seo a bheith dírithe ar ardleibhéil sláinte a bheith ag daoine, ag ainmhithe agus ag plandaí feadh an bhiashlabhra agus i réimsí a bhaineann leo agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí agus comhshaoil a áirithiú, agus, san am céanna, é a chur ar chumas thionscal bia an AE feidhmiú i dtimpeallacht ina gcothaítear an t‑iomaíochas agus cruthú post.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1:

Cur le hardleibhéal sábháilteacha bia agus córas táirgthe bia agus táirgí eile arbh fhéidir go n‑imreodh siad tionchar ar shláinte bia, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht táirgthe bia a fheabhsú.

Cuspóir sonrach Uimh. 2:

Cur le stádas níos airde sláinte ainmhithe san Aontas agus tacú le feabhsú leasa ainmhithe.

Cuspóir sonrach Uimh. 3:

Cur le brath tráthúil lotnaidí agus lena ndíothú i gcás inar tháinig na lotnaidí sin isteach san Aontas

Cuspóir sonrach Uimh. 4:

Cuidiú a thabhairt éifeachtacht, le héifeachtúlacht agus le hiontaofacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar chun rialacha an Aontais dá dtagraítear sa Rialachán seo lena leagtar síos forálacha maidir le caiteachas ar bhia agus beatha a chur i bhfeidhm agus a chomhlíonadh, agus an éifeachtacht, an éifeachtúlacht agus an iontaofacht sin a fheabhsú.

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Téann creat airgeadais 2007‑2013 i gcion go príomha ar na Ballstáit agus ar a n‑údaráis inniúla ós iad is mó a bhaineann tairbhe as an ranníocaíocht airgeadais. Tá tionchar neamhdhíreach ann freisin ar gheallsealbhóirí amhail príomhtháirgeoirí (feirmeoirí etc.), oibreoirí eile agus tréidlianna, ach tionchar tánaisteach is ea é. Leanfar de sin leis an dréacht‑Rialacháin lena gcumhdófar an tréimhse 2014-2020.

Is é an toradh foriomlán a bhfuil súil leis go ndéanfar, le cómhaoiniú ón AE:

- galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a dhíothú níos gasta i gcás ráige

- teacht i láthair galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí a sheachaint

- reachtaíocht an AE maidir le sábháilteacht bia agus beatha a chur i bhfeidhm ar dhóigh níos comhchuibhithe ar fud an AE.

Lena chois sin, cuirfear freisin le héascú fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus le rochtain níos fusa ar mhargaí tríú tíortha a d’fhéadfadh dea‑thionchar a imirt ar fhostaíocht san AE.

Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Cuspóir 1: Cur le hardleibhéal sábháilteacha bia agus córas táirgthe bia agus táirgí eile arbh fhéidir go n‑imreodh siad tionchar ar shábháilteacht bia, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht táirgthe bia a fheabhsú.

Deanfar an cuspóir seo a mheas de réir an laghdaithe a thiocfaidh ar líon cásanna galar ar dhaoine san Aontas a bhfuil baint acu le sábháilteacht bia nó le zónóisí.

Cuspóir 2: Cur le stádas níos airde sláinte ainmhithe san Aontas agus tacú le feabhsú ar leas ainmhithe.

Déanfar an cuspóir seo a mheas de réir an mhéadaithe a thiocfaidh ar líon na mBallstát nó na réigiún iontu atá saor ó ghalair ainmhithe a dtugtar ranníocaíocht airgeadais chun dul i ngleic leo agus de réir laghdaithe ar pharaiméadair galair, amhail ráta tarlaithe, leitheadúlacht agus líon na gcásanna ráigeanna.

Cuspóir 3: Cur le brath tráthúil lotnaidí agus lena ndíothú i gcás inar tháinig na lotnaidí sin isteach san Aontas    

Déanfar an cuspóir seo a mheas de réir na nithe seo a leanas:

- an cumhdach a dhéanfar ar chríoch an Aontais le suirbhéanna maidir le lotnaidí, go háirithe lotnaidí nach bhfuil a fhios go mbíonn siad ann, laistigh de chríoch agus lotnaidí a mheastar is mó a bhfuil contúirt leo maidir le críoch an Aontais, agus

- an t‑am atá de dhíth chun díothú a dhéanamh ar na lotnaidí sin agus ráta ratha an díothaithe.

Cuspóir 4: Cuidiú a thabhairt éifeachtacht, le héifeachtúlacht agus le hiontaofacht rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí eile a dhéantar chun rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 den dréacht‑Rialacháin a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh, agus an éifeachtacht, an éifeachtúlacht agus an iontaofacht sin a fheabhsú.

Déanfar an cuspóir seo a mheas de réir treochta fabhraí i dtoradh rialuithe i réimsí áirithe lena mbaineann arna dhéanamh agus arna thuairisciú ag saineolaithe de chuid an Choimisiúin sna Ballstáit.

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Táthar leis an earnáil phríobháideach a chosaint ar aon drochthionchar tromchúiseach ó ghalair agus ó lotnaidí agus cuirfidh an earnáil phríobháideach le cothú fáis agus le cruthú post dá bharr sin. Ba cheart go dtacódh forálacha an Rialacháin seo le spriocanna beartais gach réimse faoi leith a bhfuil sé de chuspóir acu sláinte mhaith ainmhithe, plandaí agus ábhair atáirgthe plandaí agus rialuithe oifigiúla a dhaingniú.

Leis an Rialachán seo, leanfar de thacú le cur chun feidhme bhearta an AE i réimse beartais sábháilteachta bia ó 2014 amach. Is iad na torthaí a fuarthas tríd an reachtaíocht atá ann faoi láthair agus an measúnú tionchair luathaithe a ghabhann leis an togra seo is bonn leis an Rialachán seo, agus cuireann sé leo.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

I gcomhréir le cur chuige “ó pháirc go bord” maidir le sábháilteacht bia agus beatha, tá an beart seo dírithe ar fheabhsaithe a dhéanamh feadh an bhiashlabhra. Tá an earnáil seo comhchuibhithe ar leibhéal an AE agus déantar trádáil nach beag idir na Ballstáit. Tá tionscal bia agus dí an AE ar an earnáil monaraíochta is mó san Eoraip, agus is e an láimhdeachas bliana a bhí aige in 2009 EUR 954 billiún; onnmhairíonn sé táirgí bia agus dí ar fiú tuairim is EUR 54 billiún iad chuig tríú tíortha, cuireann sé le hiarmhéid dhearfach trádála EUR 10 billiún agus tá tuairim is 4.2 milliún duine fostaithe ann. (Foinse: Cónaidhm thionscail bia agus dí an AE).

Is féidir go mbeidh caillteanais mhóra dhíreacha ann i dtaobh na talmhaíochta agus caillteanais ollmhóra neamhdhíreacha i dtaobh gheilleagar na hEorpa de dheasca ráigeanna galar tromchúiseach ainmhithe agus plandaí. Is féidir do na fadhbanna sin leathadh ó Bhallstáit gona chéile agus dochar a dhéanamh do mhargadh an AE ina iomláine. Fuarthas an galar gormtheanga i gcuid mhór de chríoch na hEorpa le déanaí, agus tháinig caillteanais mhóra as. Is mór an cur i gcuimhne sin ar chomh neamh‑intuartha agus chomh tromchúiseach a bhíonn ráigeanna galar ainmhithe.

Is cuspóir d’idirghabháil an AE an tionchar ar shláinte an duine, ar shláinte ainmhithe agus ar mhargaí a íoslaghdú agus rioscaí a laghdú feadh an bhiashlabhra le bearta coisctheacha agus le bainistiú géarchéimeanna.

Tugtar ranníocaíocht de chuid an AE do chláir náisiúnta atá dírithe ar sláinte ainmhithe a fheabhsú nó ar na galair sin a théann i gcion ar dhaoine nó ar féidir tionchar mór sóisialta, eacnamaíoch nó polaitiúil a bheith acu a dhíothú. Is gá cláir dhíothaithe, faireachais agus faireacháin a bheith ann chun an riosca seo a ísliú i gcás shláinte an phobail agus/nó sláinte ainmhithe go leibhéal is inghlactha. Déantar faireachas ar fud an AE freisin atá dírithe ar ghalair amhail an fhliú éanúil agus einceifileapaití spúinseacha in‑tarchurtha (TSE).

Tá ranníocaíocht airgeadais le haghaidh beart éigeandála (ciste éigeandála) curtha ar fáil chun cuidiú leis na Ballstáit plé le géarchéimeanna galair ainmhithe agus tá bancanna vaicsíne curtha ar bun a gcoinnítear a stoc vaicsíne leo chun soláthar vacsaíní a choinneáil ar bun lena úsáid i gcás éigeandála.

Tá cistí curtha ar fáil freisin chun tacú le haon Bhallstát a dtagann orgánaigh amach ann a dhéanann dochar do phlandaí, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an trádáil idir na Ballstáit agus le tíortha eile. Tá tionchar aige sin, ní hamháin ar an tionscal bia ach ar an tionscal i gcoitinne ós féidir go mbeidh tionchar ag roinnt orgánach a dhéanann dochar do phlandaí ar adhmad agus ar ábhar pacáistíochta adhmaid, e.g. pailléid.

Ina theannta sin, cistítear líonra de Shaotharlanna Tagartha de chuid an AE chun a áirithiú gur mó a bheifear ullamh agus chun tacaíocht eolaíoch a thabhairt ar leibhéal an AE don Choimisiún agus do na Ballstáit. Cuireann sin le comhchuibhiú na gcleachtas diagnóiseach ar leibhéal an AE. Ina chuid den bheart freisin tá clár oiliúna (ONFBNF: Clár um Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte) do bhaill foirne na n‑údarás inniúil, laistigh den AE agus lasmuigh de chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme chaighdeáin an AE mar is ceart.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Is é is mó atá i gceist le fadhbanna an chreata dlí atá ann faoi láthair gur gá an creat sin a leasú de réir na riachtanas earnála arna n‑athrú mar atá sainaitheanta sna hathbhreithnithe faoi seach. Ba cheart na riachtanais sin a bheith léirithe sa reachtaíocht a dhéanfar amach anseo, is cuma cé acu a bheidh na forálacha maidir le caiteachas sna gníomhartha earnála nó a thiomsófar iad in aon ghníomh cothrománach amháin Spreagadh 1: Tá an creat dlí atá ann faoi láthair róchasta

Mar gheall ar an easpa soiléireachta atá ann faoi láthair maidir le rátaí cistithe, bíonn éiginnteacht mhór roimh na Ballstáit agus iad i mbun pleanála. Dá bhrí sin, déantar foráil sa rialachán seo maidir le trí uasráta: 50 %, 75 % agus 100 %: Beidh an ráta cistithe 100 % i bhfeidhm ar cheannach vacsaíní agus ar chostais inghlactha shaotharlanna tagartha an AE; bheadh an ráta 75 % i bhfeidhm ar chaiteachas inghlactha Ballstát ar lú ná 90 % de mheán an Aontais an t‑ollioncam náisiúnta is déanaí in aghaidh an áititheora acu; beidh an ráta 50 % i bhfeidhm ar an gcaiteachas inghlactha eile; glactar leis ina bhunráta ó 2014 amach.

Ina theannta sin, tá na forálacha maidir leis na forálacha airgeadais éagsúla le fáil faoi láthair i roinnt ionstraimí reachtacha éagsúla. Réiteofar an cheist sin trí na forálacha sin a thiomsú in aon bhunús dlí amháin. Is cinnte go simpleofar an bainistiú buiséadach ag na ranna riaracháin sna Ballstáit agus sna hinstitiúidí Eorpacha leis an leibhéal EUR 50 000 in aghaidh an deontais atá beartaithe.      Spreagadh 2: Tá easpa ar na huirlisí bainistíochta airgeadais atá ann faoi láthair

Ní shocraítear cuspóirí agus táscairí soiléire leis na forálacha airgeadais atá ann faoi láthair.

Ní léir na sainmhínithe ar bhearta inghlactha agus ar chostais a ghabhann leo. Moladh i dtuarascáil iniúchóireachta inmheánaí 2012 go soiléireofaí agus go simpleofaí iad.

Mar gheall ar na fachtóirí sin uile, tá an córas róchasta agus tá na rátaí earráidí ró‑ard. Ba é conclúid suirbhé a rinneadh le déanaí ar ionadaithe Ballstát gur trom leo an creat pleanála ilbhliantúil agus an creat pleanála bliantúil don chlár. Tá an timthriall bhliantúil i ndáil le hullmhúchán plean, meastóireacht, formheasadh, glacadh agus tuairisciú trom ar acmhainní agus bíonn leibhéal ard athdhéanaimh léi ó bhliain go bliain.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh an togra atá á mheas faoi láthair de bheith comhoiriúnach do bheartais eile de chuid an AE. Ar leibhéal ard, ciallaíonn sin go dtacófar ann le cuspóirí AE 2020 agus leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Thar aon ní eile, is dócha, tá sé ríthábhachtach go mbeidh tacaíocht sa chreat airgeadais don téarnamh geilleagrach i bhfoirm cur chun cinn trádála agus gníomhaíochta eacnamaíche tábhachtaí eile. I réimsí eile, beidh sé tábhachtach go n‑áiritheofar go dtacóidh an beartas um shábháilteacht bia agus beatha le beartais eile de chuid an AE, go gcomhlánfaidh sé iad agus nach mbeidh sé ag forluí orthu ná ag baint an bhoinn díobh. Is fíor sin go háirithe i réimsí na talmhaíochta agus na trádála. Tá na tograí nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta ag tacú leis na cineálacha céanna cuspóirí ginearálta lena dtacaíonn an dréachtrialachán reatha atá i gceist, ach tá cuspóirí sonracha éagsúla acu agus tacaítear leo trí bhíthin modhanna éagsúla. Tá sé ríthábhachtach freisin go leanfaidh an dréachtrialachán de thacú leis an trádáil Eorpach agus go mbeidh sé comhoiriúnach do rialacha trádála atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Is gá roinnt machnaimh a dhéanamh ar bheartas muirí, i gcás ina dtacaíonn an creat airgeadais le cosaint ar ghalair a thagann ar ainmhithe dobharshaothraithe, mar shampla, nó lena ndíothú. Agus tá sé tábhachtach, ar deireadh, aird a thabhairt ar chuspóirí beartas comhshaoil agus ar na naisc dlútha atá ann le beartais eile amhail sláinte phoiblí, leas ainmhithe, ar gá comhordú a dhéanamh leo.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– þ  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón 1/1/2014 go dtí an 31/12/2020

– þ  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2020

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse neamhtheoranta

– Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB

– Cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[32]

þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

þBainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– þ  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[33]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Tomhaltóirí (EAHC): I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin[34], chuir an Coimisiún cúraimí cur chun feidhme i dtaca le bainistíocht ar an mbeartas um Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte do na blianta 2007‑2013 ar EAHC[35]. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún Cinneadh a dhéanamh cúraimí cur chun feidhme maidir le bainistíocht an chláir um Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte 2014‑2020 a thabhairt do EAHC.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Faoi láthair, déanann an EAHC caiteachas ar an gclár um Oiliúint Níos Fearr le haghaidh Bia Níos Sábháilte a bhainistiú. Is é an Coimisiún a bhainistíonn a bhfuil de chaiteachas eile. Tabharfar níos mó airde ar anailísiú na gclár tréidliachta agus fíteashláintíochta arna dtíolacadh; ba iad cláir 2013 a ndearnadh meastóireacht sheachtrach orthu den chéad uair; déanfar sin a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Tá táscairí feidhmíochta á bhforbairt faoi láthair; beidh siad ina gcuidiú agus meastóireacht á déanamh ar ar baineadh amach leis an gclár.

Faoi dheireadh na bliana 2018, beidh tuarascáil mheastóireachta déanta ag an gCoimisiún maidir le cuspóirí na mbeart a bhaint amach (ar leibhéal na dtorthaí agus na n‑iarmhairtí), éifeachtúlacht úsáide acmhainní agus a bhreisluach Eorpach, chun go ndéanfar Cinneadh maidir le hathnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na mbeart. Sa mheastóireacht scrúdófar freisin an scóip atá ann do shimpliú agus d’ábharthacht leantach na gcuspóirí ar fad, chomh maith leis an méid a chuir na bearta le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin.

Ina theannta sin, tráth nach déanaí ná lár 2022, déanfar meastóireacht ex-post.

Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí sin, chomh maith lena chuid nótaí féin, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Beidh an chuid is mó de na cistí dírithe ar na Ballstáit.

Is iad seo a leanas príomhghnéithe chur chun feidhme an bhuiséid:

Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, glacfar cláir oibre bhliantúla, bíodh siad comhpháirteach nó scartha, chun ranníocaíocht airgeadais do rialuithe oifigiúla agus do ghníomhaíochtaí eile a chur chun feidhme. Leagfar amach sna cláir oibre bhliantúla thuasluaite na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus an tsuim iomlán. Ina theannta sin, beidh tuairisc iontu ar na bearta a bheidh le maoiniú, léiriú ar an méid a leithdháilfear ar gach beart agus amchlár táscach cur chun feidhme. Maidir le deontais, beidh na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta bhunriachtanacha agus an ráta cistithe san áireamh iontu.

Chun na cláir um dhíothú, um shuirbhéireacht agus um fhaireachán i réimse na sláinte ainmhithe agus plandaí a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Eanáir gach bliain tar éis meastóireachta ar na cláir a tíolacadh, na cláir a fhormheas, faoi réir aon choinníll más iomchuí agus suim an deontais a chinneadh. I gcás ina bhformheasfar cláir ilbhliantúla, féadfar gealltanais bhuiséadacha a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla. Má dhéantar sin, geallfaidh an Coimisiún na tráthchodanna bliantúla agus dul chun cinn na gclár, na riachtanais a mheastar a bheith ann agus an buiséad atá ar fáil á gcur san áireamh aige.

Chun bearta éigeandála i réimse na sláinte ainmhithe agus na sláinte plandaí a chur chun feidhme nó i gcás inar gá freagairt d'fhorbairtí nach féidir a thuar, glacfaidh an Coimisiún cinntí airgeadais ad hoc.

Ar a bharr sin, sannfar roinnt conarthaí seirbhíse.

Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

- maidir le rialuithe oifigiúla, an riosca go ndéanfar cur chun feidhme go heaspach agus go laghdófar dá dheasca sin éifeachtach na mbeart cómhaoinithe;

- an riosca go mbainfí úsáid mhí‑eifeachtach nó neamheacnamaíoch as cistí le haghaidh clár um dhíothú agus as na bearta éigeandála de dheasca castachta i leith costais inghlactha iarbhír a aisíoc chomh maith le teorainn leis na deiseanna costais inghlactha a sheiceáil ón deasc.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

I gcoitinne, is iad na hoifigigh údaraithe fhotharmligthe a bhíonn i bhfeighil na gníomhaíochta a sheiceálfaidh, a údaróidh agus a shíneoidh na hidirbhearta airgeadais uile (gealltanais, íocaíochtaí, orduithe gnóthachain, etc.) agus na conarthaí/comhaontuithe deontais uile a bhaineann leis an mbeartas um chaiteachas ar bhia agus ar bheatha. Beidh de chúnamh ag gach oifigeach údaraithe fotharmlighthe cill airgeadais dhíláraithe a fhíoróidh agus a chomhlíonfaidh comhaid na n‑idirbheart airgeadais agus na gconarthaí / na gcomhaontuithe deontais sula síneofar iad. Is iad baill foirne an Aonaid atá freagrach a dhéanfaidh an oibríocht a thionscnamh agus a fhíorú.

Ina theannta sin, déanfaidh an chill airgeadais lárnach fíorú deisce ex ante dara leibhéal ar bhonn sampla idirbheart. Ina theannta sin, fíoróidh foireann rialaithe ar an láthair an AS inghlacacht na gcostas a éilíodh ar leibhéal an tairbhí ar an suíomh. Beidh AS na Sláinte agus na dTomhaltóirí ag baint feidhme freisin as gnólacht a bhfuil saineolas aige ar rialuithe ex post a eagrú.

Deontais: Má chuirtear san áireamh an creat thuasluaite ar thaobh amháin, agus go bhfuil mórchuid thairbhithe dheontais an AE ina n‑eintitis phoiblí, is léir gur féidir a mheas go mbeidh an riosca mírialtachtaí an‑teoranta. Beidh tionscadail chríochnaitheacha dá dtugtar deontas faoi réir rialuithe ex post. Is é an straitéis a bheidh leis an iniúchadh ex post: (a) measúnú riosca agus roghnú randamach a úsáid le chéile chun a áirithiú nach mbeidh an próiseas roghnúcháin ró-shrianta, agus (b) aird a thabhairt ar ghnéithe oibríochtúla tráth ar bith is féidir le linn an iniúchta ar an láthair.

Conarthaí seirbhíse. Cuirfidh AS na Sláinte agus na dTomhaltóirí conarthaí seirbhíse i gcrích go díreach leis na soláthraithe seirbhíse. Roghnófar na conraitheoirí ar bhonn nósanna imeachta glao ar thairiscint, i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Airgeadais. Beidh conarthaí os cionn tairsí áirithe faoi réir rialaithe ó bhonn a dhéanfaidh coiste soláthair phoiblí de chuid AS na Sláinte agus na dTomhaltóirí. Úsáidfidh AS na Sláinte agus na dTomhaltóirí na conarthaí caighdeánacha arna mbeartú ag an gCoimisiún lena bhforáiltear don deis rialuithe ex post a dhéanamh. Os a choinne sin, de réir mar a shocrófar suimeanna na gconarthaí, laghdófar rioscaí maidir le hearráidí airgeadais agus beidh le líon na rialuithe ex post ar chonarthaí seirbhíse an‑teoranta.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Déanfaidh an Coimisiún bearta cuí lena n‑áiritheofar go gcosnófar, nuair a bheidh bearta arna mhaoiniú faoin Rialachán seo curtha chun feidhme, leas airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe nó aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear mírialtachtaí, trí na suimeanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, más cuí, le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus coisctheach, i gcomhréir le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leas airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus Airteagal 58 den Rialachán Airgeadais.

Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais. Tabharfar údarás don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile maidir le comhaontú deontais nó Cinneadh deontas a thabhairt nó i ndáil le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas.

Gan dochar do na fomhíreanna a tháinig roimhe seo, tabharfar cead go sainráite le cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann as cur chun feidhme an Rialacháin seo, don Choimisiún, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den chineál sin a dhéanamh.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana (arna n‑athuimhriú i gcomhréir leis an ainmniú nua don tréimhse 2014‑2020)

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh (an t‑ainmniú nua 2014‑2020)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

|| LD/LN || ó thíortha CSTE[36] || ó thíortha is iarrthóirí[37] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3 || 17 01 04 03 Caiteachas riaracháin ar mhaithe le bearta sláinte plandaí, sábháilteacht beatha agus bia, díothú galar ainmhithe agus ciste éigeandála || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3 || 17 01 06 03 Caiteachas riaracháin ar mhaithe leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Tomhaltóirí || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3 || 17 04 01 Ranníocaíocht airgeadais lena n‑áirithítear stádas sláinte ainmhithe níos airde agus ardleibhéal cosanta ainmhithe san Aontas || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3 || 17 04 02 Ranníocaíocht airgeadais lena n‑áirithítear brath tráthúil orgánach a dhéanann díobháil do phlandaí agus a ndíothú || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3 || 17 04 03 Ranníocaíocht airgeadais lena n‑áirithítear rialuithe atá éifeachtach, éifeachtúil agus iontaofa || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3 || 17 04 04 Bearta éigeandála maidir le sláinte ainmhithe agus plandaí || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

4 || 17 04 10 Comhaontuithe idirnáisiúnta || LD/LN || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas

(in current prices)

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 3 || Slándáil agus saoránacht

DG: SANCO || || An bhliain || Year || Year || Year || Year || Year || Year || Year || IOMLÁN

2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || >2020

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

17 04 01 Cur le stádas sláinte ainmhithe níos airde agus ardleibhéal cosanta ainmhithe san Aontas || Gealltanais || (1) || 180,000 || 178,500 || 177,000 || 175,000 || 171,500 || 171,500 || 171,000 || || 1,224,500

Íocaíochtaí || (2) || 10,000 || 165,000 || 163,000 || 161,000 || 157,000 || 158,000 || 159,000 || 251,500 || 1,224,500

17 04 02 Cur le brath tráthúil orgánach a dhéanann díobháil do phlandaí agus a ndíothú || Gealltanais || (1) || 5,000 || 10,000 || 14,000 || 19,000 || 25,000 || 28,500 || 30,500 || || 132,000

Íocaíochtaí || (2) || 3,000 || 9,000 || 12,000 || 17,000 || 22,000 || 25,000 || 26,000 || 18,000 || 132,000

17 04 03 Cuidiú héifeachtacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht rialuithe a fheabhsú || Gealltanais || (1) || 45,724 || 47,360 || 50,401 || 53,558 || 57,520 || 60,021 || 62,162 || || 376,746

Íocaíochtaí || (2) || 18,000 || 45,000 || 48,000 || 50,000 || 52,000 || 55,000 || 58,000 || 50,746 || 376,746

17 04 04 Bearta éigeandála maidir le sláinte ainmhithe agus plandaí || Gealltanais || (1) || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || || 140,000

|| Íocaíochtaí || (2) || 10,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 20,000 || 10,000 || 140,000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach (seanlínte "BA" taighde indíreach agus díreach) || || || || || || || || ||

17 01 04 03 Caiteachas tacaíochta i réimse sábháilteachta beatha agus bia, sláinte ainmhithe, leasa ainmhithe agus sláinte plandaí || (3) || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || || 18,690

17 01 06 03 An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Tomhaltóirí – cuidiú i réimse sábháilteachta beatha agus bia, sláinte ainmhithe, leasa ainmhithe agus sláinte plandaí

IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || =1+3 || 253,394 || 258,530 || 264,071 || 270,228 || 276,690 || 282,691 || 286,332 || || 1,891,936

DG SANCO || Íocaíochtaí || =2+3 || 43,670 || 241,670 || 245,670 || 250,670 || 253,670 || 260,670 || 265,670 || 330,246 || 1,891,936

IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 250,724 || 255,860 || 261,401 || 267,558 || 274,020 || 280,021 || 283,662 || || 1,873,246

Íocaíochtaí || (5) || 41,000 || 239,000 || 243,000 || 248,000 || 251,000 || 258,000 || 263,000 || 330,426 || 1,873,246

IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (6) || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || || 18,690

IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || =4+6 || 253,394 || 258,530 || 264,071 || 270,228 || 276,690 || 282,691 || 286,332 || || 1,891,936

faoi CHEANNTEIDEAL 3

den chreat airgeadais ilbhliantúil || Íocaíochtaí || =5+6 || 43,670 || 241,670 || 245,670 || 250,670 || 253,670 || 260,670 || 265,670 || 330,246 || 1,891,936

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || Caiteachas riaracháin

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Year || Year || Year || Year || Year || Year || Year || IOMLÁN

2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

DG: SANCO || ||

Acmhainní Daonna || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 23,446

Caiteachas riaracháin eile || 6,121 || 6,243 || 6,368 || 6,495 || 6,625 || 6,758 || 6,893 || 45,503

IOMLÁN || Leithreasuithe || 9,470 || 9,593 || 9,717 || 9,845 || 9,975 || 10,107 || 10,242 || 68,949

|| || || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe || (Iomlán gealltanas = iomlán íocaíochtaí) || 9,470 || 9,593 || 9,717 || 9,845 || 9,975 || 10,107 || 10,242 || 68,949

faoi CHEANNTEIDEAL 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil

Tá suim EUR 5 milliún nasctha le hathrú aeráide leagtha amach sa dréachtbhuiséad 2014, go háirithe chun galar gormtheanga agus galar Schmallenberg a dhíothú

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain >2020 || IOMLÁN

2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

IOMLÁN leithreasuithe || Gealltanais || 262,865 || 268,123 || 273,789 || 280,073 || 286,665 || 292,799 || 296,575 || || 1,960,886

faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5

den chreat airgeadais ilbhliantúil || Íocaíochtaí || 53,141 || 251,263 || 255,388 || 260,515 || 263,645 || 270,778 || 275,913 || 330,246 || 1,960,886

Ba cheart a chuimhneamh gur uas‑suimeanna atá sna suimeanna a luaitear i bpointe 3.2.1 agus go measfar na riachtanais bhliantúla gach bliain laistigh den uas‑suim fhoriomlán.

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: (Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil))

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 – Cur le hardleibhéal sábháilteacha bia agus córas táirgthe bia agus táirgí eile arbh fhéidir go n‑imreodh siad tionchar ar shláinte bia, agus, san am céanna, inbhuanaitheacht táirgthe bia a fheabhsú

Is cuid é an caiteachas a bhaineann le baint amach an chuspóra seo den chaiteachas atá nasctha le bearta a ghlacfar faoi chuspóirí Uimh. 2 go dtí 4.

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 – Cur le stádas níos airde sláinte ainmhithe san Aontas agus tacú le feabhsú ar leas ainmhithe

Cuspóirí agus aschuir || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN ||

ASCHUIR ||

||

Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán ||

- Aschur || Cláir chun galair agus zónóisí a dhíothú, a shrianadh agus chun faireachas a dhéanamh orthu || +/- 1,4 million || +/-120 || 170 || +/-120 || 168 || +/-120 || 166 || +/-120 || 163 || +/-120 || 159 || +/-120 || 158 || +/-120 || 157 || +/- 840 || 1,141 ||

- Aschur || Bearta tréidliachta eile agus ceannach vacsaíní/antaigine || +/- 2,38 million || +/- 5 || 10 || +/- 5 || 10,5 || +/- 5 || 11 || +/- 5 || 12 || +/- 5 || 12,5 || +/- 5 || 13,5 || +/- 5 || 14 || +/- 35 || 83,5 ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || 180,0 || || 178,5 || || 177,0 || || 175,0 || || 171,5 || || 171,5 || || 171 || || 1,224,5 ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 – Cur le brath tráthúil lotnaidí agus lena ndíothú i gcás inar tháinig na lotnaidí sin isteach san Aontas

Cuspóirí agus aschuir || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Aschur || Cláir faireachais || +/-0,9 || 5 || 5,0 || 13 || 9,0 || 16 || 13,0 || 20 || 18,0 || 24 || 24,0 || 27 || 27,0 || 31 || 29,0 || 136 || 125,0

Aschur || Síolta || 0,600 || - || - || 2 || 1,0 || 2 || 1,0 || 2 || 1,0 || 2 || 1,0 || 2 || 1,5 || 2 || 1,5 || 12 || 7,0

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || 5,0 || || 10,0 || || 14,0 || || 19,0 || || 25,0 || || 28,5 || || 30,5 || || 132,0

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 – Cuidiú a thabhairt éifeachtacht, éifeachtúlacht agus iontaofacht rialuithe a fheabhsú

Cuspóirí agus aschuir || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Aschur || Saotharlanna agus ionaid || 0,330 || 45 || 15 || 45 || 15,5 || 47 || 16 || 48 || 16,5 || 51 || 17 || 55 || 18 || 56 || 18,8 || 345 || 116,8

Aschur || ONFBNF || 0,150 || 95 || 15 || 100 || 15,5 || 105 || 16 || 105 || 16,5 || 116 || 17,5 || 122 || 18 || 127 || 19 || 770 || 117,5

Aschur || Cumarsáid || 0,25 || 8 || 2,0 || 8 || 2,0 || 8 || 2,0 || 10 || 2,5 || 10 || 2,5 || 10 || 2,70 || 10 || 2,70 || 64 || 16,4

Aschur || Saineolaithe náisiúnta || 0,005 || 125 || 0,5 || 125 || 0,5 || 125 || 0,6 || 125 || 0,6 || 125 || 0,7 || 125 || 0,7 || 125 || 0,7 || 875 || 4,3

Aschur || Córais foláirimh agus uirlisí TF || 1,300 || 6 || 8 || 7 || 8 || 7 || 8,5 || 7 || 9 || 7 || 9,5 || 7 || 10 || 8 || 10 || 49 || 63,0

Aschur || Sonraí a bhailiú || 0,500 || 4 || 2 || 5 || 2,5 || 6 || 3 || 7 || 3,5 || 9 || 4,5 || 9 || 4,5 || 9 || 4,5 || 49 || 24,5

Aschur || Eagraíochtaí Idirnáisiúnta || 0,370 || 3 || 1,0 || 3 || 1,0 || 4 || 1,5 || 4 || 1,5 || 4 || 1,5 || 4 || 1,8 || 6 || 2,0 || 28 || 10,3

Aschur || Staidéir agus meastóireachtaí || 0,300 || 7 || 2,224 || 7 || 2,360 || 9 || 2,901 || 10 || 3,358 || 12 || 4,320 || 12 || 4,321 || 13 || 4,462 || 70 || 23,946

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 4 || || 45,724 || || 47,360 || || 50,401 || || 53,558 || || 57,520 || || 60,021 || || 62,162 || || 376,746

CUSPÓIRÍ SONRACHA Uimh. 2 agus 3 – Bearta éigeandála a bhaineann le sláinte ainmhithe agus plandaí

Cuspóirí agus aschuir || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

Aschur || Éigeandála a bhaineann le sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí || || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 20,0 || * || 140,0

|| || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 agus Uimh. 3 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 20 || || 140

* ní fios cá mhéad aschur: de réir líon na ráigeanna

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

COSTAS IOMLÁN || || 250,724 || || 255,860 || || 261,401 || || 267,558 || || 274,020 || || 280,021 || || 283,662 || || 1,873,246

Ba cheart a chuimhneamh gur uas‑suimeanna atá sna suimeanna a luaitear i bpointe 3.2.2 agus go measfar na riachtanais bhliantúla gach bliain laistigh den uas‑suim fhoriomlán.

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 3,349 || 23,446

Caiteachas riaracháin eile || 6,121 || 6,243 || 6,368 || 6,495 || 6,625 || 6,758 || 6,893 || 45,503

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 9,470 || 9,593 || 9,717 || 9,845 || 9,975 || 10,107 || 10,242 || 68,949

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[38] den chreat airgeadais ilbhliantúil ||

Acmhainní daonna || xx || xx || xx || xx || xx || xx || xx || xx

Caiteachas eile de chineál riaracháin || xx || xx || xx || xx || xx || xx || xx || xx

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 2,670 || 18,690

IOMLÁN || 12,141 || 12,263 || 12,388 || 12,515 || 12,645 || 12,778 || 12,913 || 87,640

Déanfar na figiúirí thuas a choigeartú i gcomhréir leis na torthaí ar an bpróiseas seachtraithe atá beartaithe

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) 

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 24,5 || 24,5 || 24,5 || 24,5 || 24,5 || 24,5 || 24,5

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha - FTE) [39] ||

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2 || 2

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy[40] || - sa cheanncheathrú[41] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 26,5 || 26,5 || 26,5 || 26,5 || 26,5 || 26,5 || 26,5

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Faoi láthair tá bainistíocht caiteachais i réimse an bhiashlabhra, na sláinte agus an leasa ainmhithe, na sláinte plandaí agus an ábhair atáirgthe plandaí (caiteachas ar bhia agus beatha) arna chumhdach ag togra SANCO/11220/2012 Ath. 1 á chur i gcrích ag 28.5 coibhéis lánaimseartha. Dá ainneoin sin tá súil gur leor 26,5 coibhéis lánaimseartha ó 2013 amach. Baill foirne Ard‑Stiúrthóireacht SANCO amháin atá san áireamh san fhigiúr seo.

Ní bhaineann na figiúirí seo ach le baill foirne a dhéanfaidh bainistiú ar an gcaiteachas ar 'bhia agus beatha' agus, dá bhrí sin, ní áirítear iontu na baill foirne a bheidh ag obair ar chur chun feidhme oibríochtúil na mbeartas earnála. Os a choinne sin, ní bheidh aon tionchar breise ag an athbhreithniú ar an gcreat reachtach maidir le beartais earnála (sláinte ainmhithe, lotnaidí, ábhair atáirgthe plandaí agus rialuithe) atá beartaithe freisin in aon am amháin leis an Rialachán don Chreat Airgeadais seo ar acmhainní airgeadais agus daonna os cionn a bhfuil léirithe sa chomh‑Ráiteas Airgeadais Reachtach seo.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna le baill foirne ón Ard Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || · An nós imeachta glactha maidir leis na cláir oibre bhliantúla (cinntí airgeadais), lena n‑áirítear dul i gcomhairle le coiste ó na Ballstáit, a chomhordú, a dhréachtú agus a eagrú · Obair leantach/faireachán a dhéanamh ar phleanáil agus ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí airgeadais i gcomhréir leis na rialacha buiséadacha agus airgeadais atá i bhfeidhm; cur le tuarascálacha ar ghníomhaíocht · Uirlisí faisnéise a ullmhú agus a chothabháil; faisnéis a thabhairt le haghaidh iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha · Íocaíochtaí, gealltanais agus comhaid soláthair/deontais a ullmhú agus a fhíorú; a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na téarmaí conartha agus le rialacha/rialacháin airgeadais · A áirithiú go ndéanfar cuntasaíocht mar is ceart ar na hidirbhearta airgeadais · Faireachán a dhéanamh ar spriocamanna íocaíochtaí i gcomhréir leis an rialachán agus leis na rialacha airgeadais, agus ar shreabha oibre comhad airgeadais aonair · Oiliúint a ullmhú agus a thabhairt d’eagraíochtaí seachtracha maidir le hiarratais ar ghlaonna ar thograí · Faisnéis ábhartha a chur chuig na conraitheoirí agus chuig na tairbhithe le linn thréimhse iomlán an tionscadail · Glaonna ar thograí/thairiscintí, meastóireacht agus roghnú tionscadal a sheoladh, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu · Obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal agus ar fheidhmíocht bainisteoirí agus comhpháirtithe tionscadal, faireachán a dhéanamh ar oibleagáidí conarthacha · Faireachán a dhéanamh ar spriocamanna íocaíochtaí i gcomhréir leis an rialachán agus leis na rialacha airgeadais, agus ar shreabha oibre comhad airgeadais aonair · A fhíorú go gcomhlíontar an Rialachán Airgeadais, na rialacha cur chun feidhme, na rialacha inmheánacha maidir le buiséad a chur i bhfeidhm, an bunghníomh, an Cinneadh airgeadais agus rialacha eile lena mbaineann agus cóirithe buiséadacha sna hidirbhearta airgeadais. · An comhaontú deontais/an conradh leis an tairbhí/an gconraitheoir roghnaithe agus an bunús atá leis a fhíorú · A fhíorú gur cuireadh i bhfeidhm an mhodheolaíocht, lena n‑áirítear inghlacthacht, na critéir roghnúcháin agus na critéir dámhachtana mar ba cheart le linn an phróisis roghnúcháin agus gur cuireadh an próiseas roghnúcháin i gcrích i gcomhréir leis na rialacha · Cirte na bpróiseas gealltanas a sheiceáil

Pearsanra seachtrach || · Uirlisí faisnéise a ullmhú agus a chothabháil; faisnéis a thabhairt le haghaidh iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha · Íocaíochtaí, gealltanais agus comhaid soláthair/deontais a ullmhú agus a fhíorú; a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir leis na téarmaí conartha agus le rialacha/rialacháin airgeadais · A áirithiú go ndéanfar cuntasaíocht mar is ceart ar na hidirbhearta airgeadais · Faireachán a dhéanamh ar spriocamanna íocaíochtaí i gcomhréir leis an rialachán agus leis na rialacha airgeadais, agus ar shreabha oibre comhad airgeadais aonair · Oiliúint a ullmhú agus a thabhairt d’eagraíochtaí seachtracha maidir le hiarratais ar ghlaonna ar thograí · Faisnéis ábhartha a chur chuig na conraitheoirí agus chuig na tairbhithe le linn thréimhse iomlán an tionscadail · Glaonna ar thograí/thairiscintí, meastóireacht agus roghnú tionscadal a sheoladh, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu · Obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme tionscadal agus ar fheidhmíocht bainisteoirí agus comhpháirtithe tionscadal, faireachán a dhéanamh ar oibleagáidí conarthacha · Faireachán a dhéanamh ar spriocamanna íocaíochtaí i gcomhréir leis an rialachán agus leis na rialacha airgeadais, agus ar shreabha oibre comhad airgeadais aonair · A fhíorú go gcomhlíontar an Rialachán Airgeadais, na rialacha cur chun feidhme, na rialacha inmheánacha maidir le buiséad a chur i bhfeidhm, an bunghníomh, an Cinneadh airgeadais agus rialacha eile lena mbaineann agus cóirithe buiséadacha sna hidirbhearta airgeadais. · An comhaontú deontais/conradh agus an bunús atá leis a fhíorú leis an tairbhí/an gconraitheoir roghnaithe · A fhíorú gur cuireadh i bhfeidhm an mhodheolaíocht, lena n‑áirítear inghlacthacht, na critéir roghnúcháin agus na critéir dámhachtana mar ba cheart le linn an phróisis roghnúcháin agus gur cuireadh an próiseas roghnúcháin i gcrích i gcomhréir leis na rialacha · Cirte na bpróiseas gealltanas a sheiceáil

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach do chreat airgeadais ilbhliantúil 2014‑2020 mar atá beartaithe ag an gCoimisiún.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

NEAMHBHAINTEACH

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[42].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

NEAMHBHAINTEACH

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– þ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– ¨  Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú a bhfuil meastachán air thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– þ  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasuithe atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[43]

Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

NEAMHBHAINTEACH

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

NEAMHBHAINTEACH

[1]               COM(2011)398 final.

[2]               COM(2012)388 final.

[3]               COM(2011)298 final.

[4]               COM(2012)388 final.

[5]               IO C , , lch.

[6]               IO C , , lch.

[7]               IO C , , lch.

[8]               COM(2011)398 final.

[9]               COM(2012)388 final.

[10]             IO C , , lch.

[11]             COM(2010)543 final.

[12]             IO L 169, 10.7.2000, lch.1.

[13]             IO L 78, 20.3.2013, lch. 23.

[14]             IO L 298, 26.10.2012, Lch. 1.

[15]             IO L 378, 31.12.1982, Lch. 58.

[16]             IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13.

[17]             IO L 155, 18.6.2009, Lch. 30.

[18]             IO L 125, 11.7.1966, Lch. 2289.

[19]             IO L 340, 9.12.1976, Lch. 25.

[20]             IO L 226, 13.8.1998, Lch. 16.

[21]             IO L 267, 8.10.2008, Lch. 8.

[22]             IO L 31, 1.2.2002, Lch. 1.

[23]             IO L 165, 30.4.2004, lch.1.

[24]             IO L 70, 16.3.2005, lch.1.

[25]             IO L 309, 24.11.2009,Lch. 71.

[26]             IO L 309, 24.11.2009, Lch. 1.

[27]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[28]             IO L 31, 1.2.2002, lch. 1

[29]             IO L 55, 28.2.2011, Lch. 13.

[30]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[31]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais

[32]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[33]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

[34]            

IO L 11, 16.1.2003, Lch. 1.

[35]             Cinneadh (2008)4943 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2008.

[36]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[37]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí .

[38]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[39]             CA= Gníomhaire ar conradh ("Contract Agent"); INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = Saineolaí Óg i dToscaireacht ("Jeune Expert en Délégation"); LA= Gníomhaire áitiúil ("Local Agent"); SNE= Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht ("Seconded National Expert").

[40]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[41]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[42]             Féach pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[43]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.