Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh /* COM/2013/0197 final - 2013/0106 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Nós imeachta agus glacadh le
Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle[1] I nDeireadh Fómhair 2009, thug an Chomhairle
Eorpach cuireadh don Choimisiún tograí a chur i láthair a bhunódh nósanna
imeachta coitianta soiléire ina mbeadh rialacha soiléire páirtíochta do
chomhoibríochtaí ar an bhfarraige, ag féachaint do chosaint a chinntiú dóibh
siúd atá i ngátar agus a thaistealaíonn i sreabhadh measctha, de réir an dlí
idirnáisiúnta.[2] Deimhníodh é seo arís i
gClár Stócólm mí na Nollag 2009, nuair a d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an
gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 2010 chun ról na
Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag
Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ('an Ghníomhaireacht')
a shoiléiriú agus a fheabhsú agus chun rialacha soiléire páirtíochta i gcomhair
comhoibríochtaí ar an bhfarraige, ag féachaint do chosaint a chinntiú dóibh
siúd atá i ngátar agus a thaistealaíonn i sreabhadh measctha, de réir an dlí
idirnáisiúnta[3] a réiteach. In 2010, ghlac an Chomhairle le Cinneadh
2010/252/AE ('an cinneadh') mar fhreagra ar na héilimh seo ón gComhairle
Eorpach chun oibríochtaí faireachais ar na teorainneacha a láidriú arna
chomhordú ag an nGníomhaireacht agus chun rialacha soiléire páirtíochta a bhunú
i gcomhair comhphatrólú agus díbhordáil daoine tascartha nó tarrtháilte le
sábháilteacht na ndaoine sin a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta a chinntiú agus
chun básanna ar an bhfarraige a chosc. Roghnaigh an Coimisiún a dtogra a chur i
láthair faoin nós imeachta coiste atá bunaithe ar Airteagal 12(5) de Chód
Teorainneacha Schengen[4] á bhreithniú dó gur beart
breise a rialaíonn faireachas teorann a bhí sa chinneadh. Measadh go raibh an cinneadh riachtanach agus
cuí chun cuspóir an fhaireachais teorann a fhorfheidhmiú, is é sin trasnú
teorainneacha neamhúdaraithe a chosc. Chuige sin, measadh ní amháin go
gcuimsíonn faireachas nóisean an bhraite ach go n-áirítear air, leis, bearta
cosúil le soithí atá ag iarraidh dul isteach san Aontas go mídhleathach a
thascradh. Bunaíodh an nasc idir cuardach agus tarrtháil agus faireachas
teorann ar chleachtas – uaireanta bíonn imircigh a thaistealaíonn i soithí nach
bhfuil muiracmhainneach in anacair nuair a bhraitear iad. Chorpraigh an cinneadh, laistigh d'ionstraim
dhleathach amháin, forálacha reatha de dhlí an AE agus den dlí idirnáisiúnta.
Ba í an aidhm na mínithe éagsúla ar dhlí muirí idirnáisiúnta arna nglacadh ag
Ballstáit agus a gcleachtais éagsúla a shárú chun éifeachtúlacht oibríochtaí
farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a chinntiú. Bhí baol ann go
mbeadh rialacha éagsúla, agus uaireanta rialacha contrártha fiú, i bhfeidhm sa
chás céanna in oibríocht farraige. Agus an éiginnteacht dhlíthiúil sin ann, bhí
rannpháirtíocht na mBallstát in oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an
nGníomhaireacht íseal i dtéarmaí báid, soithí agus acmhainní daonna a
thabhairt. Dá dheasca sin, cuireadh bac ar éifeachtúlacht na n-oibríochtaí agus
baineadh an bonn d'iarrachtaí dlúthpháirtíochta AE. Bhí sé i gceist leis an gcinneadh go ndéanfaí
atreisiú ar chosaint cearta bunúsacha agus go ndéanfaí meas a ráthú ar
phrionsabal an non-refoulement in oibríochtaí farraige. Cheistigh
roinnt Ballstát, Baill de Pharlaimint na hEorpa, eagraíochta um chearta an
duine agus acadóirí an raibh meas á léiriú ar chearta bunúsacha agus ar chearta
teifeach le linn oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, go
háirithe ar an muirmhór. Rinneadh iarracht leis an gcinneadh dul i ngleic leis
na buarthaí seo trí roinnt ráthaíochtaí a bhunú chun meas ar na cearta sin a
chinntiú, cosúil leis an riachtanas go gcuirfí an áit díbhordála in iúl do na
daoine tascartha nó tarrtháilte, go gcuirfí san áireamh riachtanais daoine
leochaileacha agus an riachtanas go gcuirfí oiliúint ar ghardaí teorann sna
forálacha cuí de chearta bunúsacha agus den dlí teifeach. Glacadh leis an
gcinneadh an 26 Aibreán 2010 mar chinneadh ón gComhairle i gcomhréir leis an
nós imeachta rialála le hiniúchadh. Mheas Parlaimint na hEorpa gur chóir an
cinneadh a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach in ionad
an nós imeachta coiste. Dá bhrí sin, thug siad cás chuig Cúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh ('an Chúirt') in aghaidh na Comhairle ag iarraidh go gcuirfí an
cinneadh ar neamhní. 1.2. C-355/10:
Parlaimint na hEorpa v. An Chomhairle[5] Mheas Parlaimint na hEorpa gur sháraigh an
cinneadh na cumhachtaí forfheidhmithe a bhronntar faoi Airteagal 12(5) de
Chód Teorainneacha Schengen ar na cúiseanna seo: (i) thug sé isteach gnéithe
nua ríthábhachtacha i gCód Teorainneacha Schengen; (ii) mhionathraigh sé
gnéithe ríthábhachtacha de Chód Teorainneacha Schengen; agus (iii)
mhionathraigh sé ábhar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.[6]
Phléadáil an Chomhairle neamh-inghlacthacht an bhirt, agus ar an lámh eile,
mheas siad nach raibh fiúntas ar bith leis an mbeart. Thacaigh an Coimisiún, an
t-aon pháirtí idirghabhála, leis an gComhairle. Thug an Chúirt a breithiúnas an 5 Meán Fómhair
2012. Chuir sí an cinneadh ar neamhní bunaithe ar an gcéad chúis sa mhéid is
gur mheas sí gur gnéithe ríthábhachtacha den bhun-acht iad na forálacha a
bhaineann le bearta tascartha, tarrtháil agus díbhordáil, is é sin Cód
Teorainneacha Schengen. Níor scrúdaigh sí an mionathraíonn an cinneadh gnéithe
ríthábhachtacha eile de Chód Teorainneacha Schengen ná an mionathraíonn sé
ábhar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004. Chinn an Chúirt
éifeachtaí an chinnidh a choimeád ar bun go dtí go ngabhfaidh rialacha nua a
n-ionad laistigh de thréimhse réasúnach. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Nuair a rinneadh measúnú ar an ngá le measúnú
tionchair a dhéanamh, cuireadh na cúrsaí seo a leanas san áireamh. Ar an gcéad dul síos, rinneadh méid suntasach
réamhoibre sular glacadh le Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle. In 2005, d'iarr
an Chomhairle ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcreat dleathach is
infheidhme maidir le hoibríochtaí faireachais teorann ar an bhfarraige agus
rialacha a réiteach ar leibhéal Aontais dá éis. In 2007, chuir an Coimisiún
staidéar i láthair ina ndearnadh anailís ar an gcreat dleathach idirnáisiúnta
maidir le faireachas na dteorainneacha farraige seachtracha agus leis na baic
lena fhorfheidhmiú éifeachtúil.[7] Sa bhliain chéanna,
bhunaigh an Coimisiún grúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe ó Bhallstáit, ón
nGníomhaireacht, ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh
Dídeanaithe agus ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce chun treoirlínte
d'oibríochtaí farraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht a chur i dtoll a
chéile. D'úsáid an Coimisiún torthaí an ghrúpa neamhfhoirmiúil seo mar bhunús
dá dhréacht-togra, a cuireadh i láthair faoin nós imeachta coiste. Ar an dara dul síos, agus an togra seo á
réiteach, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Ballstáit agus leis an
nGníomhaireacht trí Ghrúpa Saineolaithe ar Theorainneacha Seachtracha lena
fháil amach cé mhéad d'ábhar an chinnidh seo ba cheart a bheith sa togra. Go
ginearálta, mheas Ballstáit gur cheart go dtógfadh an togra seo ar an
gcinneadh, agus a raon feidhme a choinneáil teoranta d'oibríochtaí farraige
arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, na forálacha maidir le cosaint do chearta
bunúsacha a láidriú, an difríocht idir bearta tascartha agus tarrtháil a
shoiléiriú, dul i ngleic le saincheist na díbhordála agus comhsheasmhacht a
chinntiú le hoibleagáidí idirnáisiúnta, agus forbairtí dlí agus breithiúnacha
ar leibhéal AE agus ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh. Ar an tríú dul síos, nuair a cuireadh Cinneadh
2010/252/AE ón gComhairle ar neamhní, d'éiligh an Chúirt go gcuirfí cinneadh
nua ina áit laistigh de thréimhse réasúnach. Cé nár sainmhíníodh 'tréimhse
réasúnach' sa bhreithiúnas, tuigtear gur cheart don Choimisiún feidhmiú go
gasta de bhrí go bhféadfadh pléití idir an dá reachtóir AE a bheith deacair
agus fada. Dá réir sin, measadh nár ghá measúnú tionchair
a bheith leis an togra seo. 3. EILIMINÍ DLÍ AN TOGRA Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 77(2)(d)
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. D'fhonn beartas teorann seachtrach
a fhorbairt, lena n-áirítear a chinntiú go ndéantar faireachas éifeachtúil ar
theorainneacha seachtracha mar atá leagtha amach in Airteagal 77(1),
folaíonn Airteagal 77(2)(d) go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle, ag feidhmiú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, "aon
bheart riachtanach chun córas bainistíochta comhtháite do theorainneacha
seachtracha a bhunú de réir a chéile." Is í aidhm bheartas an Aontais i réimse
theorainneacha seachtracha an AE a chinntiú go ndéantar faireachán éifeachtúil
ar thrasnú teorainneacha seachtracha lena n‑áirítear trí fhaireachas
teorann. Is é cuspóir an fhaireachais teorann cosc a chur ar thrasnú teorann
neamhúdaraithe, dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus na daoine sin a
thrasnaigh an teorainn ar bhealach mírialta a ghabháil nó beart eile a dhéanamh
ina gcoinne. Ba cheart go mbeadh faireachas teorann éifeachtach chun daoine a
chosc agus a dhíspreagadh ó dhul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe
teorann. Chuige sin, níl faireachas teorann teoranta d'iarrachtaí ar thrasnú
mírialta teorann a bhrath ach áirítear air chomh maith bearta cosúil le báid a
mheastar atá ag iarraidh dul isteach san Aontas gan seiceálacha teorann a
dhéanamh a ghabháil, mar aon le socruithe a bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic
le cásanna cosúil le cuardach agus tarrtháil a d'fhéadfadh teacht chun cinn le
linn oibríocht farraige agus socruithe atá ceaptha chun deireadh rathúil a chur
le hoibríocht den chineál sin. De bhrí nach féidir le Ballstáit cuspóirí an
bhirt atá le déanamh, is é sin rialacha sonracha a ghlacadh maidir le
faireachas ar theorainneacha farraige ag gardaí teorann ag feidhmiú faoi
chomhordú na Gníomhaireachta, a bhaint amach go leordhóthanach de bharr na
ndifríochtaí ina ndlíthe agus ina gcleachtais, agus go bhféadfaí, dá bhrí sin,
trí cháilíocht ilnáisiúnta na n‑oibríochtaí, iad a bhaint amach ar
leibhéal Aontais, féadfaidh an tAontas glacadh le beartais de réir phrionsabal
na coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. De réir phrionsabal na comhréireachta, faoi
mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní
théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint
amach. Is ar bhonn na bprionsabal sin, mar ab
amhlaidh i gcás an chinnidh, nach bhfuil feidhm ag an togra seo ach amháin i
gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht, agus
ní bhaineann sé le gníomhaíochtaí faireachais arna ndéanamh ag Ballstáit astu
féin nó ag comhoibriú taobh amuigh den chreat sin. 4. IMPLEACHT BUISÉADACH Ní chuireann an togra seo aon ualach airgid ná
riaracháin ar an Aontas. Dá bhrí sin, níl aon tionchar aige ar bhuiséad an
Aontais. 5. GNÉITHE ROGHNACHA 5.1. Comparáid idir an togra seo
agus Cinneadh 2010/252/AE ón gComhairle Tá raon feidhme agus ábhar an togra seo cosúil
le raon feidhme agus ábhar an chinnidh. Tá na hathruithe sa togra, nuair a
chuirtear i gcomparáid leis an gcinneadh iad, bunaithe ar fhorbairtí dlí agus
breithiúnacha, cosúil leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004[8]
agus breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Hirsi Jamaa agus
Eile v. an Iodáil,[9] maidir leis an ngá atá le
soiléire a áirithiú i ndáil le coincheapa an tascartha agus na tarrthála, agus
ar thaithí phraiticiúil na mBallstát agus na Gníomhaireachta agus an cinneadh á
fhorfheidhmiú. 5.1.1. Foirm Tá an rogha ionstraime dlí agus na nósanna
imeachta cinnteoireachta éagsúil. Is togra é seo do Rialachán dírithe ar na
Ballstáit ar fad de réir na gConarthaí agus tá sé le glacadh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachach. Léiríonn a fhoirm an rogha ionstraime dlí ina
bhfuil brollach (luanna agus ocht réamhaithris déag) agus aon Airteagal déag
arna roinnt ina gceithre chaibidil. Beidh sé ina cheangal go huile agus go
hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Ar an taobh eile,
glacadh leis an gcinneadh mar bheart forfheidhmithe leis an nós imeachta
rialaitheach le hiniúchadh. Tá brollach (luanna agus ocht réamhaithris déag),
dhá airteagal agus Iarscríbhinn arna roinnt ina dhá chuid ann. Leagtar amach i
gCuid I den Iarscríbhinn na rialacha d'oibríochtaí teorann farraige arna
gcomhordú ag an nGníomhaireacht agus leagtar amach i gCuid II den
Iarscríbhinn treoirlínte neamhcheangailteacha do chásanna cuardaigh agus
tarrthála agus do dhíbhordáil i gcomhthéacs oibríochtaí farraige arna gcomhordú
ag an nGníomhaireacht. 5.1.2. Ábhar Is ionann raon feidhme an togra seo agus raon
feidhme an chinnidh, is é sin oibríochtaí faireachais teorann ar an bhfarraige
arna ndéanamh ag Ballstáit faoi chomhordú na Gníomhaireachta (Airteagal 1).
Cé gur tuigeadh sa chinneadh go raibh bearta tascartha agus socruithe do
tharrtháil le linn oibríochtaí faireachais teorann laistigh de choincheap an
'fhaireachais teorann', bhí amhras fós ann an raibh na bearta seo i gcoincheap
an fhaireachais teorann arna sainmhíniú i gCód Teorainneacha Schengen.
Clúdaíonn an togra seo go sainráite an coincheap níos leithne seo den
fhaireachas teorann trína léiriú nach bhfuil faireachas teorann teoranta
d'iarrachtaí ar thrasnú teorann mírialta a bhrath ach go n-áirítear air chomh
maith bearta cosúil le bearta tascartha, agus socruithe le dul i ngleic le
cásanna cosúil le cuardach agus tarrtháil a d'fhéadfaí teacht chun cinn le linn
oibríochta farraige agus socruithe a thabharfadh oibríocht den chineál sin chun
críche go rathúil (réamhaithris 1 agus Caibidil III). Ag féachaint siar ar an gcinneadh, b'éigean na
leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a chur san áireamh. Tá an
Ghníomhaireacht freagrach anois, leis, as cuidiú le Ballstáit i gcúinsí ina
dteastóidh breischúnamh teicniúil ag na teorainneacha seachtracha, agus ag
tógáil san áireamh go bhféadfadh éigeandáil dhaonnúil agus tarrtháil ar an
bhfarraige a bheith i gceist i roinnt cásanna. Is é atá i gceist anseo, cé nach
mbeidh an Ghníomhaireacht ina chomhlacht cuardaigh agus tarrthála ná nach
nglacann sí le feidhmeanna ionaid chomhordaithe tarrthála, go gcuideoidh sí le
Ballstáit le linn oibríochta farraige lena n-oibleagáid a chomhlíonadh faoin
dlí muirí idirnáisiúnta chun cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair agus
leagtar amach sa togra seo, rialacha faoin tslí le déileáil leis na cásanna seo
in oibríocht farraige arna comhordú ag an nGníomhaireacht (réamhaithris 2 agus Airteagal 9).
Leis na leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004,
rinneadh ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí den phlean oibríochtúil
maidir le gach oibríocht arna comhordú ag an nGníomhaireacht agus ní amháin
maidir le hidirghabhálacha gasta. Liostaítear ábhar an phlean oibríochtúil in
Airteagail 3a agus 8e de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 a thagraíonn chomh
maith d'oibríochtaí farraige. Tá sé i gceist go mbeidh na rialacha a leagtar
síos sa togra seo mar chuid den phlean oibríochtúil a cuireadh le chéile de réir
Rialacháin (CE) Uimh. 2007/2004, agus riachtanais d'oibríochtaí farraige á
gcur san áireamh. Cuireadh san áireamh sa togra seo, leis, na
forbairtí dlí agus breithiúnacha a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach.
Téitear i ngleic in Airteagal 4, a dhéileálann le cosaint na gceart
bunúsach agus le prionsabal an non-refoulement in oibríochtaí farraige,
le buarthaí a d'ardaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ina rialú in Hirsi
Jamaa agus Eile v. an Iodáil maidir le díbhordáil daoine tascartha nó tarrtháilte
i dtríú tíortha, i dtéarmaí an chaidrimh idir Ballstáit agus tríú tíortha, agus
oibleagáidí na mBallstát i leith an duine aonair, araon. Baineann an
t-airteagal seo le forfheidhmiú praiticiúil phrionsabal an non-refoulement
arna chumhdach in Airteagal 19(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh. I gcás díbhordála i dtríú tír, caithfear na daoine tascartha
nó tarrtháilte a shainaithint agus caithfear a gcúinsí pearsanta a mheas a
mhéid agus is féidir roimh dhíbhordáil. Caithfear iad a chur ar an eolas chomh
maith maidir le háit na díbhordála ar bhealach cuí agus caithfear deis a
thabhairt dóibh chun aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit
bheartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl. Rathaíonn
sé seo go gcuirtear imircí ar an eolas maidir lena gcás agus an áit bheartaithe
díbhordála agus dá bhrí sin go dtugtar seans dóibh agóid a dhéanamh. Faoi Chaibidil III, déantar idirdhealú soiléir
sa togra seo idir brath, tascradh agus tarrtháil. Maidir le tascradh, cé go
gcoinnítear an tsraith chéanna beart sa togra seo is atá sa chinneadh, déantar
idirdhealú idir na bearta a d'fhéadfaí a dhéanamh san fharraige chríche (Airteagal 6),
ar an mórmhuir (Airteagal 7) agus sa réigiún tadhlach[10]
(Airteagal 8), ag soiléiriú mar sin na coinníollacha faoinar féidir na
bearta seo a dhéanamh agus an bonn dlínsiúil ar ar féidir beart a dhéanamh, go
háirithe maidir le longa gan stát. Bunaithe ar an bPrótacal in aghaidh
Smuigleáil Imirceach ar an Talamh, ar an bhFarraige agus san Aer, tá nasc
soiléir anois idir tascradh long ar an mórmhuir agus an riachtanas go mbeadh
amhras réasúnach ann go bhfuil an long páirteach i smuigleáil imirceach. Mar
atá sa chinneadh, caithfear feidhmiú na dlínse ar an mórmhuir a bhunú ar údarú
an bhratstáit. Maidir le cásanna cuardaigh agus tarrthála, tá
an téacs sa togra seo cosúil leis an téacs sa chinneadh (Airteagal 9). Tá
an fhoclaíocht ailínithe léi sin a úsáideadh sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um
Chuardach agus Tarrtháil Idirnáisiúnta Muirí agus sa Lámhleabhar Idirnáisiúnta
um Chuardach agus Tarrtháil Aerloingseoireachta agus Muirí 1979 (International
Convention on Maritime Search and Rescue and the International Aeronautical and
Maritime Search and Rescue Manual (IAMSAR)). Chomh maith leis sin, ar bhonn na
n‑ionstraimí idirnáisiúnta seo, áirítear critéir sa togra maidir le cén
uair a mheastar go bhfuil long i gcás neamhchinnteachta (Airteagal 9(3)),
práinne (Airteagal 9(4)) agus guaise (Airteagal 9(5)) mar aon le
sainmhíniú ar ionad comhordaithe tarrthála (Airteagal 2(12)). Téitear i ngleic sa togra seo, rud nach
ndéantar sa chinneadh, le saincheist na díbhordála i dtéarmaí tascartha agus
tarrthála (Airteagal 10). Maidir le tascradh san fharraige chríche nó sa
réigiún tadhlach, déantar díbhordáil sa Bhallstát cósta. Maidir le tascradh ar an
muirmhór, faoi réir chosaint na gceart bunúsach agus prionsabal an non-refoulement
a rathú, d'fhéadfaí díbhordáil sa tríú tír ónar fhág an long. Murar féidir é
seo a dhéanamh, déanfar díbhordáil sa Bhallstát aíochta. Maidir le díbhordáil tar éis oibríocht
tarrthála, tagraítear sa togra seo do choincheap na 'háite sábháilte' arna
sainmhíniú sna Treoirlínte um Chaitheamh le Daoine arna dTarrtháil ar an
bhFarraige arna n-eisiúint ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta,[11]
ag cur gnéithe de na cearta bunúsacha san áireamh[12]
(Airteagal 2(11) agus 10(4)), agus ceanglaíonn sé ar Bhallstáit comhoibriú
leis an ionad comhordaithe tarrthála cuí chun caladh nó áit shábháilte
oiriúnach a chur ar fáil agus chun díbhordáil ghasta agus éifeachtach a
chinntiú. Cuirtear san áireamh sa togra seo go mbeadh na haonaid mhuirí agus
aeir faoin am seo ag feidhmiú faoi chomhordú an ionaid chomhordaithe tarrthála,
a chinneann an caladh nó an áit chuí díbhordála. Ach, aithníonn sé chomh maith
go bhféadfadh aonaid mhuirí díbhordáil a dhéanamh sa Bhallstát aíochta mura
scaoiltear iad óna n-oibleagáid le cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair a
luaithe agus is féidir le réasún, ag cur san áireamh shábháilteacht na ndaoine
tarrtháilte agus shábháilteacht an aonaid mhuirí féin. 2013/0106 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha i gcomhair
faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú
oibríochtúil arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú
Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais
Eorpaigh TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(d) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Is í aidhm bheartas an
Aontais i réimse theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú go
ndéantar faireachán éifeachtúil ar thrasnú teorainneacha seachtracha lena
n-áirítear trí fhaireachas teorann. Is é cuspóir an fhaireachais teorann cosc a
chur le trasnú teorann neamhúdaraithe, dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann
agus na daoine sin a thrasnaigh an teorainn ar bhealach mírialta a ghabháil nó
bearta eile a dhéanamh ina gcoinne. Ba cheart go mbeadh faireachas teorann
éifeachtach chun daoine a chosc agus a dhíspreagadh ó dhul timpeall ar
sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann. Chuige sin, níl faireachas teorann
teoranta d'iarrachtaí ar thrasnú teorann mírialta a bhrath ach áirítear air
chomh maith bearta cosúil le báid a mheastar atá ag iarraidh dul isteach san
Aontas gan seiceálacha teorann a dhéanamh a ghabháil, mar aon le socruithe a
bhfuil sé i gceist leo dul i ngleic le cásanna cosúil le cuardach agus
tarrtháil a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn oibríocht faireachais teorann
ar an bhfarraige agus socruithe a bhfuil sé i gceist leo go dtabharfadh siad
oibríocht den chineál sin chun críche go rathúil. (2) Tá an Ghníomhaireacht Eorpach
chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha
Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ('an Ghníomhaireacht') arna bunú ag Rialachán ón
gComhairle (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004[13]
freagrach as comhordú an chomhoibrithe oibríochtúil idir Ballstáit i réimse
bhainistiú na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear maidir le faireachas
teorann. Tá an Ghníomhaireacht freagrach chomh maith as cuidiú le Ballstáit i
gcúinsí ina dteastaíonn breischúnamh teicniúil ag na teorainneacha seachtracha,
agus ag tógáil san áireamh go bhféadfadh éigeandáil dhaonnúil agus tarrtháil ar
an bhfarraige a bheith i gceist i roinnt cásanna. Teastaíonn rialacha sonracha
maidir le gníomhaíochtaí faireachais teorann arna ndéanamh ag aonaid mhuirí
agus aeir as Ballstát amháin ag teorainn farraige Ballstát eile nó ar an
mórmhuir i gcomhthéacs an chomhoibrithe oibríochtúil arna chomhordú ag an
nGníomhaireacht chun an comhoibriú sin a láidriú tuilleadh. (3) Ba cheart go láidreodh bunú
an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) arna bhunú ag
Rialachán (AE) Uimh. […/…] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
[…] an malartú faisnéise agus an comhoibriú oibríochtúil idir Ballstáit
agus leis an nGníomhaireacht. Áirithíonn sé seo go dtiocfaidh feabhas suntasach
ar fheasacht suímh agus ar chumas frithghníomhaithe na mBallstát, agus le tacaíocht
ón nGníomhaireacht, chun críocha imirce mírialta a bhrath agus a chosc, chun
dul i ngleic le coiriúlacht trasteorann agus chun beatha imirceach a chosaint
agus a shábháil ag a dteorainneacha seachtracha. Agus comhordú á dhéanamh ar
oibríochtaí um fhaireachais teorainneacha, ba cheart don Ghníomhaireacht
faisnéis agus anailís maidir leis na hoibríochtaí seo a thabhairt do
Bhallstáit. (4) Le linn oibríochtaí um
fhaireachas ar theorainneacha, ba cheart do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht
a n-oibleagáidí a urramú faoi Choinbhinsiún Dhlí na Farraige na Náisiún
Aontaithe, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir,
faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil Idirnáisiúnta,
faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne coireacht eagraithe
trasnáisiúnta agus a bPrótacal i gcoinne Smuigleáil Imirceach ar an Talamh, ar
an bhFarraige agus san Aer, faoin gCoinbhinsiún a bhaineann le Stádas
Dídeanaithe, faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chosaint Chearta an Duine agus Saoirsí
Bunúsacha, faoin gCúnant Idirnáisiúnta um Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,
faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in Aghaidh Céastóireachta agus in
Aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach agus faoi
ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile. (5) I gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006
a bhunaigh Cód Comhphobail ar na rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine thar theorainneacha
(Cód Teorainneacha Schengen)[14] agus prionsabail
ghinearálta dhlí an Aontais, ba cheart go mbeadh aon bheart a dhéantar le linn
oibríochta faireachais i gcomhréir leis na cuspóirí a bhfuiltear sa tóir orthu,
neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart go n‑urramódh sé ina n-iomlaine dínit
an duine, cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn,
lena n-áirítear prionsabal an non-refoulement. Tá Ballstáit agus an
Ghníomhaireacht faoi cheangal ag forálacha an acquis tearmainn, agus go
háirithe ag Treoir 2005/85CE ón gComhairle an 1 Nollaig 2005
maidir le híoschaighdeáin ar nósanna imeachta i mBallstáit chun stádas dídeanaí
a bhronnadh agus a tharraingt siar[15] maidir le hiarratas ar
thearmann a dhéantar sa chríoch, lena n‑áirítear ag an teorainn nó i
gcriosanna trasdula na mBallstát. (6) Le comhaontú a d'fhéadfadh a
bheith idir Ballstát agus tríú tír, ní féidir Ballstáit a scaoileadh ó na
hoibleagáidí sin nuair atá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas
gurb ionann easnamh córasach sa nós imeachta tearmainn agus i gcoinníollacha
fáiltithe iarrthóirí tearmainn sa tríú tír sin agus forais shuntasacha le
creidiúint go mbeadh an t-iarrthóir tearmainn i mbaol ceart a bheith faoi réir
íde mhídhaonna nó tháireach nó má tá siad ar an eolas nó más ceart go mbeidís
ar an eolas go bhfuil an tríú tír seo páirteach i gcleachtais a sháraíonn
prionsabal an non-refoulement. (7) D'fhéadfadh cás teacht chun
cinn le linn oibríocht um fhaireachas teorann ar an bhfarraige ina mbeadh sé
riachtanach cúnamh a thabhairt do dhaoine in anacair. De réir an dlí
idirnáisiúnta, caithfidh gach Stát a éileamh go dtabharfaidh máistir gach
loinge a bhfuil brat ar crochadh air, a mhéid agus is féidir leis gan dochar
tromchúiseach don long, an criú nó na paisinéirí, cúnamh d'aon duine a
aimsítear ar an bhfarraige agus atá i mbaol a chaillte, agus go ndéanfar daoine
in anacair a tharrtháil chomh gasta agus is féidir. Ba cheart an cúnamh sin a thabhairt in ainneoin náisiúntacht nó stádas na ndaoine
óna dteastaíonn an cúnamh nó na gcúinsí ina n‑aimsítear iad. (8) Ba cheart do Bhallstáit an
oibleagáid sin a chomhlíonadh de réir fhorálacha infheidhmithe na n-ionstraimí
idirnáisiúnta a rialaíonn cásanna cuardaigh agus tarrthála agus de réir na
riachtanas a bhaineann le cosaint na gceart bunúsach. Níor cheart go mbeadh tionchar
ag an Rialachán seo ar fhreagrachtaí na n-údarás cuardaigh agus tarrthála, lena
n-áirítear a áirithiú go ndéantar comhordú agus comhoibriú i gcaoi is gur
féidir na daoine a tharrtháiltear a thabhairt chuig caladh nó áit shábháilte. (9) De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004,
déanann an Ghníomhaireacht oibríochtaí um fhaireachas teorann a chomhordú i
gcomhréir le plean oibríochtúil. Dá réir sin, maidir le hoibríochtaí ar an
bhfarraige, ba cheart a áireamh sa phlean oibríochtúil faisnéis shonrach ar fheidhmiú
na dlínse agus na reachtaíochta ábhartha sa limistéar ina ndéantar an
chomhoibríocht nó an tionscadal píolótach, lena n‑áirítear tagairtí don
dlí idirnáisiúnta agus do dhlí an Aontais, maidir le tascradh, tarrtháil ar an
bhfarraige agus díbhordáil. Ansin, rialaíonn an Rialachán seo saincheisteanna
tascartha, tarrtháil ar an bhfarraige agus díbhordáil i gcomhthéacs oibríochtaí
um fhaireachas teorann ar an bhfarraige arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht. (10) Is é an cleachtas faoi
Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 do gach oibríocht farraige, go mbunaítear
struchtúr comhordaithe sa Bhallstát aíochta, ina mbeidh oifigigh ón mBallstát aíochta,
aoi-oifigigh agus ionadaithe ón nGníomhaireacht, lena n-áirítear Oifigeach
Comhordaithe na Gníomhaireachta. Ba cheart an struchtúr comhordaithe seo, ar a
dtugtar Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta go hiondúil, a bheith ina chainéal
cumarsáide idir na hoifigigh atá páirteach san oibríocht farraige agus na
húdaráis lena mbaineann. (11) Urramaíonn an Rialachán seo na
cearta bunúsacha agus na prionsabail a shainaithnítear i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go príomha an ceart chun na beatha, dínit an
duine, cosc ar chiapadh agus íde nó píonós atá mídhaonna nó táireach, an ceart
chun saoirse agus slándála, non-refoulement, neamh-idirdhealú, an ceart
chun leighis éifeachtaigh, an ceart chun dídine agus cearta an linbh. (12) De bhrí nach féidir le
Ballstáit cuspóirí an bhirt atá le déanamh, is é sin rialacha sonracha a
ghlacadh maidir le faireachas ar theorainneacha farraige ag gardaí teorann ag
feidhmiú faoi chomhordú na Gníomhaireachta, a bhaint amach de bharr na
ndifríochtaí ina ndlíthe agus ina gcleachtais, agus is féidir dá bhrí sin, trí
cháilíocht ilnáisiúnta na n-oibríochtaí, iad a bhaint amach ar leibhéal
Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na
coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (13) De réir Airteagal 1 agus
2 de Phrótacal Uimh. 22 ar sheasamh na Danmhairge, atá in iarscríbhinn a
ghabhann le Conradh an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh maidir le
Feidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg ag glacadh páirte i nglacadh an
Rialacháin seo agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a fhorfheidhmithe. De
bharr go dtógann an Rialachán seo ar acquis Schengen faoi Theideal V de
Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an
Danmhairg cinneadh, de réir Airteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de
thréimhse shé mhí tar éis dáta glactha an Rialacháin seo an bhforfheidhmeoidh
sé ina dhlí náisiúnta é. (14) Maidir leis an Íoslainn agus
an Iorua, tá forbairt ar fhorálacha acquis Schengen sa Rialachán seo laistigh de bhrí an Chomhaontaithe a thug
Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua
chun críche maidir le baint a bheith ag an dá Stát sin le forfheidhmiú, úsáid
agus forbairt acquis[16] Schengen a thagann laistigh den réimse dá dtagraítear in Airteagal 1,
pointe A, de Chinneadh na Comhairle 1999/437CE[17] maidir le socruithe áirithe d'úsáid an Chomhaontaithe sin. (15) Maidir
leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar na
forálacha in acquis Schengen
laistigh de bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal
Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na hEilvéise le
forfheidhmiú, úsáid agus forbairt acquis Schengen,[18] a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A,
de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh
2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 tar éis an Comhaontú a thabhairt
chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.[19] (16) Maidir le Lichtinstéin, is é
atá sa Rialachán seo, forbairt ar na
forálacha in acquis Schengen laistigh de bhrí an Phrótacail idir an
tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht
Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú
idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, agus Cónaidhm na hEilvéise
maidir le baint a bheith ag Cónaidhm na hEilvéise le forfheidhmiú, úsáid agus
forbairt acquis Schengen, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1,
pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE[20]
arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/CE ón
gComhairle an 7 Márta 2011 tar éis an Comhaontú a thabhairt chun
críche thar ceann an Aontais Eorpaigh.[21] (17) Is é atá sa Rialachán seo
forbairt ar na forálacha in acquis Schengen nár ghlac an Ríocht
Aontaithe páirt iontu, de réir Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine
2000 maidir le hiarratas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart
Éireann ar pháirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis Schengen.[22]
Níl an Ríocht Aontaithe, dá bhrí sin, páirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina
cheangal ná faoi réir a úsáide. (18) Is é atá sa Rialachán seo
forbairt ar na forálacha in acquis Schengen nár ghlac Éire páirt iontu,
de réir Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir le
hiarratas Éireann ar pháirt a ghlacadh i gcuid d'fhorálacha acquis
Schengen.[23] Níl Éire, dá bhrí sin,
páirteach ina ghlacadh agus níl sí faoina cheangal ná faoi réir a úsáide. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA
GINEARÁLTA Airteagal 1 Raon feidhme Bainfidh an Rialachán seo le hoibríochtaí um
fhaireachas teorann arna ndéanamh ag Ballstáit ina dteorainneacha farraige
seachtracha i gcomhthéacs an chomhoibrithe oibríochtúil arna chomhordú ag an
nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil
a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh na
sainmhínithe seo a leanas i bhfeidhm: 1. Ciallaíonn 'Gníomhaireacht'
an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag
Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh arna bhunú le Rialachán
(CE) Uimh. 2007/2004; 2. Ciallaíonn 'oibríocht
farraige' comhoibríocht, tionscadal píolótach nó idirghabháil ghasta arna
dhéanamh ag Ballstát le haghaidh faireachais ar a theorainneacha farraige
seachtracha faoi chomhordú na Gníomhaireachta; 3. Ciallaíonn 'Ballstát aíochta'
Ballstát ina ndéantar oibríocht farraige nó óna seoltar í; 4. Ciallaíonn 'Ballstát
rannpháirteach' Ballstát atá rannpháirteach in oibríocht farraige trí
shócmhainní nó acmhainní daonna a chur ar fáil, ach nach Ballstát aíochta é; 5. Ciallaíonn ‘aonad
rannpháirteach’ aonad muirí nó aeir den Bhallstát aíochta nó den Bhallstát
rannpháirteach; 6. Ciallaíonn 'Ionad
Comhordaithe Idirnáisiúnta' an struchtúr comhordaithe a bunaíodh laistigh den
Bhallstát aíochta chun oibríocht farraige a chomhordú; 7. Ciallaíonn ‘Ionad Comhordaithe Náisiúnta’ an t-ionad comhordaithe
náisiúnta a bunaíodh chun críocha an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar
Theorainneacha (EUROSUR) de réir Rialacháin (AE) Uimh.[…/…]; 8. Ciallaíonn 'long' bád, soitheach nó aon árthach eile a
úsáidtear ar an bhfarraige; 9. Ciallaíonn 'long gan stát'
long gan náisiúntacht nó long atá asamhlaithe le long gan náisiúntacht nuair
nár thug aon Stát an ceart don long a bhrat a chur ar foluain nó nuair a
sheolann sé faoi bhrat dhá Stát nó níos mó, á n-úsáid de réir áisiúlachta; 10. Ciallaíonn 'Prótacal in
aghaidh Smuigleáil Imirceach' an Prótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach ar an
Talamh, ar an bhFarraige agus san Aer, ag forlíonadh Choinbhinsiún na Náisiún
Aontaithe i gcoinne Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta arna shíniú in Palermo,
an Iodáil i mí na Nollag 2000; 11. Ciallaíonn 'áit shábháilte'
áit ina meastar go dtagann deireadh le hoibríochtaí tarrthála agus áit nach
bhfuil bagairt ar shábháilteacht bheatha na marthanóirí lena n-áirítear maidir
le cosaint a gceart bunúsach, áit ar féidir a mbunriachtanais dhaonna a shásamh
agus ónar féidir socruithe iompair a dhéanamh do mharthanóirí chuig a gcéad
cheann scríbe eile nó a gceann scríbe deiridh; 12. Ciallaíonn 'Ionad Comhordaithe
Tarrthála' an t-aonad atá freagrach as eagrú éifeachtúil a chur chun cinn i
dtaobh seirbhísí cuardaigh agus tarrthála agus as comhordú iompar oibríochtaí
cuardaigh agus tarrthála laistigh de réigiún cuardaigh agus tarrthála arna
sainmhíniú i gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chuardach agus Tarrtháil na bliana
1979. CAIBIDIL II RIALACHA GINEARÁLTA Airteagal 3 Sábháilteacht ar
an bhfarraige Bearta a dhéanfar chun críche oibríochta
farraige, déanfar iad ar bhealach nach gcuireann sábháilteacht na ndaoine
tascartha nó tarrtháilte ná sábháilteacht na n-aonad rannpháirteach i mbaol. Airteagal 4 Cosaint na gceart
bunúsach agus prionsabal an non-refoulement 1. Ní dhíbhordálfar aon duine, nó ní thabharfar ar láimh iad
d'údaráis aon tíre ina bhfuil baol tromchúiseach go gcuirfí pionós an bháis,
íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach orthu nó óna bhfuil baol
tromchúiseach díbeartha, bainte nó eiseachadta chuig tír eile i sárú
phrionsabal an non-refoulement. 2. Roimh chinneadh a dhéanamh
maidir le díbhordáil i dtríú tír, cuirfidh na haonaid rannpháirteacha san
áireamh an cás ginearálta sa tríú tír sin agus ní dhíbhordálfar daoine
tascartha nó tarrtháilte sa tríú tír sin nuair atá Ballstát aíochta nó na
Ballstáit rannpháirteacha ar an eolas nó más ceart go mbeidís ar an eolas go
bhfuil an tríú tír sin páirteach i gcleachtais a bhfuil tuairisc orthu i
mír 1. 3. I gcás díbhordála i dtríú
tír, sainaithneoidh na haonaid rannpháirteacha na daoine tascartha nó
tarrtháilte agus déanfaidh siad measúnú ar a gcúinsí pearsanta a mhéid agus is
féidir roimh dhíbhordáil. Cuirfidh siad na daoine tascartha nó tarrtháilte ar
an eolas maidir le háit na díbhordála ar bhealach cuí agus tabharfaidh siad
deis dóibh chun aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit atá beartaithe
ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl. 4. Rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngleic le riachtanais
speisialta leanaí, íospartaigh gháinneála, daoine óna dteastaíonn
cúnamh leighis práinneach, daoine óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta agus daoine
eile i gcás leochaileach le linn na hoibríochta farraige. 5. Cuirfear oiliúint ar ghardaí teorann
atá rannpháirteach in oibríocht farraige maidir le forálacha ábhartha na gceart
bunúsach, dlí dídeanaithe agus réim dlí idirnáisiúnta cuardaigh agus tarrthála. CAIBIDIL III RIALACHA
SONRACHA Airteagal 5 Brath 1. Ar a bhrath, rachaidh na haonaid rannpháirteacha i ngar do
long a mheastar atá ag trasnú teorann nó a bhfuil sé i gceist aige teorainn a
thrasnú ar bhealach mírialta chun a aitheantas agus a
náisiúntacht a fheiceáil agus, ag feitheamh le bearta breise, breathnófar
uirthi ó fhad stuama. Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis
an long in iúl láithreach don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta. 2. Sa chás go bhfuil an long ar tí nó tar éis dul isteach i bhfarraige chríche nó
réigiún tadhlach Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san oibríocht farraige,
cuirfidh na haonaid rannpháirteacha faisnéis maidir leis an long in iúl don
Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a chuirfidh an fhaisnéis seo ar aghaidh chuig
Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann. 3. Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha
faisnéis maidir le haon long a mheastar a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí
mídhleathacha ar an bhfarraige lasmuigh de raon feidhme na hoibríochta farraige
in iúl don Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, a chuirfidh an fhaisnéis seo ar
aghaidh chuig Ionad Comhordaithe Náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena
mbaineann Airteagal 6 Tascradh san
fharraige chríche 1. I bhfarraige chríche an Bhallstáit
aíochta nó Ballstáit rannpháirtigh, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha ceann
amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas nuair atá forais réasúnacha le
hamhras a bheith ann go bhfuil an long ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist
acu dul timpeall ar sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach
i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige: (a) eolas agus doiciméadacht a iarradh maidir
le húinéireacht, clárú agus gnéithe a bhaineann leis an turas, agus maidir le
haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar bord; (b) an long a stopadh, a bhordáil agus a
chuardach, agus a lastas agus na daoine ar bord a chuardach agus na daoine ar
bord a cheistiú; (c) na daoine
ar bord a chur ar an eolas go mb'fhéidir nach bhfuil siad údaraithe chun an
teorainn a thrasnú agus go bhféadfaí pionóis a chur ar na daoine atá ag seoladh
na loinge as an turas a éascú; (d) an long a urghabháil agus na daoine ar
bord a ghabháil; (e) a ordú go n-athrófaí cúrsa na loinge
taobh amuigh den fharraige chríche nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cheann
scríbe eile seachas san fharraige chríche nó sa réigiún tadhlach, lena
n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go dtéann
an long ar chúrsa eile; (f) an long
nó na daoine ar bord a thabhairt chuig Ballstát aíochta nó Ballstát eile atá
rannpháirteach san oibríocht, nó chuig Ballstát cósta. 2. Údaróidh
an Ballstát aíochta nó an Ballstát rannpháirteach a ndéantar an tascradh ar a
fharraige chríche na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus stiúrfaidh sé an t‑aonad
rannpháirteach go cuí tríd an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta. Cuirfidh an t‑aonad
rannpháirteach an Ballstát ar an eolas, tríd an Ionad Comhordaithe
Idirnáisiúnta, aon uair a iarrann máistir an bháid go gcuirfí gníomhaire
taidhleoireachta nó oifigeach consalach an bhratstáit ar an eolas. 3. I gcás go
bhfuil forais réasúnacha ann le hamhras a bheith ann go bhfuil long gan
náisiúntacht nó long a d'fhéadfadh a bheith asamhlaithe le long gan
náisiúntacht ag iompar daoine a bhfuil sé i gceist acu dul timpeall ar
sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann nó atá páirteach i smuigleáil imirceach
ar an bhfarraige, údaróidh agus ordóidh an Ballstát aíochta nó an Ballstát
rannpháirteach a bhfuil an long gan stát tascartha ina fharraige chríche don aonad
rannpháirteach an long a stopadh agus aon bheart a leagtar amach i mír 1 a
dhéanamh. 4. Déanfar aon ghníomhaíocht
oibríochtúla i bhfarraige chríche Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach san
oibríocht farraige i gcomhréir le húdarú an Bhallstáit sin. Cuirfear an tIonad
Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le haon chumarsáid leis an
mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin a údaraíonn an Ballstát
sin. Airteagal 7 Tascradh ar an mórmhuir 1. Ar an mórmhuir, déanfaidh na
haonaid rannpháirteacha ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas nuair
atá forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long páirteach i
smuigleáil imirceach ar an bhfarraige le húdarú an bhratstáit i gcomhréir leis
an bPrótacal in aghaidh Smuigleáil Imirceach: (a) eolas agus doiciméadacht a iarraidh
maidir le húinéireacht, clárú agus gnéithe a bhaineann leis an turas, agus
maidir le haitheantas, náisiúntacht agus sonraí ábhartha eile na ndaoine ar
bord; (b) an long a stopadh, a bhordáil agus a
chuardach, agus a lastas agus na daoine ar bord a chuardach agus na daoine ar
bord a cheistiú; (c) na daoine
ar bord a chur ar an eolas go mb'fhéidir nach bhfuil siad údaraithe chun an
teorainn a thrasnú agus go bhféadfaí pionóis a chur ar na daoine atá ag seoladh
na loinge as an turas a éascú; (d) an long a urghabháil agus na daoine ar
bord a ghabháil; (e) a ordú go n-athrófaí cúrsa na loinge
taobh amuigh den fharraige chríche nó den réigiún tadhlach nó i dtreo cheann
scríbe eile seachas san fharraige chríche nó sa réigiún tadhlach, lena
n-áirítear an soitheach a thionlacan nó fanacht in aice láimhe go dtí go dtéann
an long ar chúrsa eile; (f) an long nó na daoine ar bord a thabhairt
chuig tríú tír nó an long a thabhairt ar láimh
ar bhealach eile chuig údaráis an tríú tír sin; (g) an long
nó na daoine ar bord a thabhairt chuig Ballstát aíochta nó Ballstát eile atá
rannpháirteach san oibríocht. 2. I gcás go bhfuil brat ar an long nó go bhfuil marc cláraithe air den
Bhallstát aíochta nó den Bhallstát rannpháirteach uirthi, údaróidh an Ballstát
sin, tar éis náisiúntacht na loinge a dheimhniú, na bearta a leagtar síos i
mír 1. 3. I gcás go bhfuil brat ar an long nó
go bhfuil marc cláraithe uirthi de Bhallstát nach bhfuil rannpháirteach san
oibríocht farraige nó marc tríú tír, cuirfidh an Ballstát aíochta nó an
Ballstát rannpháirteach, ag brath ar cén t-aonad rannpháirteach a rinne an long
a thrascradh, an bratstát ar an eolas, iarrfaidh sé deimhniú cláraithe agus, má
dheimhnítear an náisiúntacht,
iarrfaidh sé údarú ón mbratstát chun aon bheart atá leagtha síos i mír 1 a
dhéanamh. 4. I gcás go bhfuil forais
réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long den náisiúntacht chéanna
leis an aonad rannpháirteach, cé go bhfuil brat eachtrannach uirthi nó go ndiúltaíonn sí brat a
thaispeáint, fíoróidh an t-aonad rannpháirteach sin ceart na loinge chun a
bhrat a úsáid. Chuige sin, féadfaidh leis druidim leis an long atá faoi amhras.
Má mhaireann an t-amhras tar éis na doiciméid a sheiceáil, déanfaidh sé
tuilleadh scrúdaithe ar bord na loinge, a chaithfear a dhéanamh ar an tslí is
tuisceanaí is féidir. Déanfar teagmháil ar na bealaí cuí
leis an mBallstát rannpháirteach a bhfuil a bhrat ar foluain ag an long. 5. I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil an long
de náisiúntacht an Bhallstáit aíochta nó Ballstát rannpháirteach eile, cé go bhfuil brat eachtrannach uirthi nó go ndiúltaíonn sí brat a thaispeáint, fíoróidh
an t-aonad rannpháirteach sin ceart na loinge chun a bhrat a úsáid. 6. I gcás, i gcásanna dá
dtagraítear i mír 4 nó i mír 5, ina mbíonn bunús leis an amhras
maidir le náisiúntacht na loinge, údaróidh an Ballstát aíochta nó an Ballstát
rannpháirteach na bearta a leagtar
síos i mír 1. 7. Ag feitheamh le húdarú an
bhratstáit nó ina éagmais, déanfar faire ar an long ó fhad stuama. Ní ghlacfar aon bheart eile gan údarú
sainráite an bhratstáit, seachas iad siúd atá riachtanach chun garchontúirt do
bheatha daoine a mhaolú nó na bearta sin a eascraíonn ó chomhaontuithe ábhartha
déthaobhacha nó iltaobhacha. 8. I gcás go bhfuil forais réasúnacha le hamhras a bheith ann go bhfuil long gan
náisiúntacht nó long a d'fhéadfadh a bheith asamhlaithe le long gan
náisiúntacht páirteach i smuigleáil imirceach ar an bhfarraige, féadfaidh an
t-aonad rannpháirteach an long a bhordáil agus a stopadh chun a staid gan stát
a fhíorú. Má aimsítear go mbíonn bunús leis an amhras, is féidir tuilleadh
beart arna leagan amach i mír 1 a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí
náisiúnta agus an dlí idirnáisiúnta. 9. Ballstát a rinne aon bheart i
gcomhréir le mír 1, cuirfidh sé an bratstát ar an eolas láithreach maidir le
torthaí an bhirt sin. 10. An t-oifigeach náisiúnta a
ionadaíonn don Bhallstát aíochta nó do Bhallstát rannpháirteach ag an Ionad
Comhordaithe Náisiúnta, ainmneofar é faoin dlí náisiúnta mar údarás le haghaidh
an údaraithe chun fíorú a dhéanamh ar cheart loinge chun brat an Bhallstáit
lena mbaineann a úsáid nó chun aon cheann de na bearta i mír 1 a dhéanamh. 11. I gcás nach mbíonn bunús leis
an amhras go bhfuil long páirteach i smuigleáil imirceach ar an mórmhuir nó
nach bhfuil dlínse ag an aonad rannpháirteach chun feidhmiú, ach go bhfuil
amhras réasúnach ann fós go bhfuil daoine ar an long agus go bhfuil sé i gceist
acu dul chomh fada le teorainn Bhallstáit agus chun dul timpeall ar
sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann, leanfar d'fhaireachán a dhéanamh ar
an long. Cuirfidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta eolas faoin long in iúl
d'Ionad Comhordaithe Náisiúnta na mBallstát ar a bhfuil sé dírithe. Airteagal 8 Tascradh sa réigiún tadhlach 1. Sa réigiún atá tadhlach le
farraige chríche Ballstáit, atá ina Bhallstát aíochta nó ina Bhallstát
rannpháirteach, déanfar na bearta arna leagan síos in Airteagal 6(1) i
gcomhréir le hAirteagal 6(2). 2. Ní
dhéanfar na bearta arna leagan síos in Airteagal 6(1) i réigiún tadhlach
Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht farraige gan údarú ón
mBallstát sin. Cuirfear an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta ar an eolas maidir
le haon chumarsáid leis an mBallstát sin agus aon ghníomhaíocht ina dhiaidh sin
a údaraíonn an Ballstát sin. 3. I gcás go bhfuil long gan stát ar idirthuras sa réigiún tadhlach, beidh
feidhm ag Airteagal 7(8). Airteagal 9 Cásanna cuardaigh
agus tarrthála 1. Le linn oibríochta farraige,
tabharfaidh aonaid rannpháirteacha cúnamh d'aon long nó
duine in anacair ar an bhfarraige. Déanfaidh siad amhlaidh gan aird ar
náisiúntacht ná ar stádas an duine sin ná ar na cúinsí ina n-aimsítear an duine
sin. 2. Nuair a thagann aonad
rannpháirteach, i gcúrsa oibríochta farraige, chuig cás neamhchinnteachta,
práinne nó anacra maidir le long nó aon duine ar bord, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach ar aghaidh a luaithe agus is féidir gach eolas atá ar fáil chuig an Ionad
Comhordaithe Tarrthála atá freagrach as an réigiún cuardaigh agus tarrthála ina
dtarlaíonn an cás. 3. Measfar long nó na daoine ar
bord a bheith i gcás neamhchinnteachta go háirithe nuair: (a) atá amhras ann maidir le sábháilteacht
loinge nó na daoine ar bord; nó (b) atá easpa eolais maidir le dul chun cinn
nó suíomh loinge. 4. Measfar long nó na daoine ar
bord a bheith i gcás práinne go háirithe nuair: (a) atá amhras ann maidir le sábháilteacht
loinge nó daoine ar bord mar gheall ar eolas go bhfuil deacrachtaí
tromchúiseacha ann, ach nach bhfuil siad chomh dona go bhfuil cás anacra
dóchúil; nó (b) atá easpa eolais leanúnach maidir le dul
chun cinn nó suíomh loinge. 5. Measfar long nó na daoine ar
bord a bheith i gcás anacra go háirithe nuair: (a) a fhaightear eolas dearfach go bhfuil
long nó duine ar bord i gcontúirt agus go dteastaíonn cúnamh láithreach uathu;
nó (b) a theipeann ar iarrachtaí le teagmháil a
bhunú le long agus mar thoradh air sin gur dóchúil go bhfuil an long in
anacair; nó (c) a fhaightear eolas a léiríonn go bhfuil
éifeachtúlacht oibríochtúil na loinge lagaithe sa mhéid is go bhfuil cás anacra
dóchúil. 6. Agus
measúnú á dhéanamh ar an gcás chun críocha mhír 3 go mír 5, cuirfidh
aonaid rannpháirteacha gach gné ábhartha san áireamh, lena n-áirítear: (a) iarratas ar chúnamh a bheith ann; (b) muiracmhainneacht na loinge agus an
dóchúlacht nach sroichfidh an long a ceann scríbe; (c) an líon paisinéirí i ndáil le cineál agus
bail na loinge; (d) infhaighteacht na soláthairtí
riachtanacha cosúil le breosla, uisce, bia chun an cladach a bhaint amach; (e) criú agus ceannasaí cáilithe a bheith ar
an long; (f) infhaighteacht agus cumas trealamh
sábháilteachta, loingseoireachta agus cumarsáide; (g) práinn a bheith le cúnamh leighis do
phaisinéirí; (h) paisinéirí básaithe a bheith ann; (i) mná ag iompar clainne nó leanaí a bheith
ann; (j) na coinníollacha aimsire agus farraige, lena n-áirítear réamhaisnéisí aimsire agus
mara. 7. Cuirfidh aonaid rannpháirteacha a measúnú ar an gcás in
iúl láithreach don Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach. Agus iad ag fanacht le
treoracha ón Ionad Comhordaithe Tarrthála, déanfaidh aonaid rannpháirteacha
gach beart cuí chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a chinntiú. 8. Ní bheidh cás anacra i gcónaí ag brath go hiomlán ar
iarratas ar chúnamh, nó ní chinnfear é i gcónaí dá réir. I
gcás go ndiúltaíonn na daoine ar bord cúnamh a ghlacadh, in ainneoin go meastar
go bhfuil an long i gcás anacra, cuirfidh an t-aonad rannpháirteach an tIonad
Comhordaithe Tarrthála ar an eolas agus leanfaidh siad ag comhlíonadh dualgais
cúraim trí fhéachaint ar an long ó fhad stuama agus tríd aon bheart a
theastaíonn chun sábháilteacht na ndaoine lena mbaineann a chinntiú a dhéanamh,
agus ag an am céanna ag seachaint aon ghníomh a chuirfeadh an cás chun donais
nó a mhéadódh an seans go ngortófaí nó go gcaillfí duine. 9. I gcás nach bhfreagraíonn
Ionad Comhordaithe Tarrthála an tríú tír atá freagrach as an réigiún cuardaigh
agus tarrthála an fógra a thugann an t-aonad rannpháirteach dóibh, déanfaidh an
t-aonad teagmháil le hIonad Comhordaithe Tarrthála an Bhallstáit aíochta mura
bhfuil Ionad Comhordaithe Tarrthála i suíomh níos fearr chun comhordú an cháis
chuardaigh agus tarrthála a ghlacadh. 10. Cuirfidh na haonaid rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe
Idirnáisiúnta ar an eolas a luaithe agus is féidir maidir le haon teagmháil
leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála agus na bearta a dhéanfaidh siad. 11. I gcás
nach féidir a mheas go bhfuil an long i gcás anacra níos mó nó má
chríochnaítear an oibríocht chuardaigh agus tarrthála, rachaidh an t-aonad
rannpháirteach, i gcomhairle leis an Ionad Comhordaithe Idirnáisiúnta, ar ais i
mbun na hoibríochta farraige. Airteagal 10 Díbhordáil 1. Leagfar amach sa phlean
oibríochtúil na rialacha mionsonraithe do dhíbhordáil na ndaoine tascartha nó
tarrtháilte in oibríocht farraige. Ní bheidh feidhm ag na módúlachtaí sin chun
oibleagáidí a chur ar Bhallstáit nach bhfuil rannpháirteach in oibríocht
farraige mura dtugann siad údarú sainráite do bhearta atá le déanamh ina
bhfarraige chríche nó ina réigiún tadhlach i gcomhréir le hAirteagal 6(4)
nó le hAirteagal 8(2). 2. I gcás
ina ndéantar tascradh i bhfarraige chríche nó i réigiún tadhlach arna leagan
amach in Airteagal 6(2) nó Airteagal 8(1), déanfar díbhordáil sa Bhallstát aíochta nó sa
Bhallstát rannpháirteach a dtarlaíonn an tascradh ina uiscí críche nó ina
réigiún tadhlach. I gcás ina ndéantar tascradh i bhfarraige chríche
nó i réigiún tadhlach arna leagan amach in Airteagal 6(4)
nó Airteagal 8(2), déanfar díbhordáil sa Bhallstát
a dtarlaíonn an tascradh ina uiscí críche nó ina réigiún tadhlach. 3. Faoi réir
fheidhmiú Airteagal 4, i gcás go ndéanfar tascradh ar an mórmhuir arna
leagan amach in Airteagal 7, d'fhéadfaí díbhordáil a dhéanamh sa tríú tír
ónar fhág an long. Murar féidir é sin a dhéanamh, déanfar díbhordáil sa
Bhallstát aíochta. 4. I gcásanna cuardaigh agus tarrthála a leagtar
amach in Airteagal 9, comhoibreoidh na
haonaid rannpháirteacha leis an Ionad Comhordaithe Tarrthála freagrach chun
caladh nó áit shábháilte chuí a chur ar fáil do dhaoine tarrtháilte agus chun a
ndíbhordáil ghasta agus éifeachtach a chinntiú. Gan dochar d'fhreagracht an Ionaid Chomhordaithe
Tarrthála, áiritheoidh an Ballstát aíochta agus
na Ballstáit rannpháirteacha a luaithe agus is féidir go sainaithnítear caladh
nó áit shábháilte agus tosca ábhartha á gcur san áireamh, cosúil leis an bhfad
chuig an gcaladh nó an áit shábháilte is cóngaraí, rioscaí agus cúinsí an
cháis. I gcás nach scaoiltear an
t-aonad rannpháirteach óna oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a
luaithe agus is féidir go praiticiúil, beidh sé údaraithe na daoine tarrtháilte
a dhíbhordáil sa Bhallstát aíochta, agus sábháilteacht na ndaoine tarrtháilte
agus sábháilteacht an aonaid rannpháirtigh féin á chur san áireamh. 5. Cuirfidh na haonaid
rannpháirteacha an tIonad Comhordaithe
Idirnáisiúnta ar an eolas maidir le láithreacht aon duine laistigh de bhrí Airteagal 4(1),
agus cuirfidh an tIonad Comhordaithe Idirnáisiúnta an t-eolas sin ar fáil do na
húdaráis náisiúnta inniúla. Ar bhonn an
eolais seo, ba cheart go gcinnfeadh an plean oibríochtúil cé na bearta
leantacha is féidir a dhéanamh. CAIBIDIL IV FORÁLACHA DEIRIDH Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i
gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Cinneadh na Comhairle an 26 Aibreán 2010 ag forlíonadh
Cód Teorainneacha Schengen maidir le faireachas ar theorainneacha farraige
seachtracha i gcomhthéacs comhoibriú oibríochtúil arna chomhordú ag an
nGníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag
Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO L 111,
4.5.2010 lch. 20. [2] An Chomhairle Eorpach, Conclúidí Uachtaránachta 29-30
Deireadh Fómhair 2009. [3] Féach pointe 5.1 de Chlár Stócólm , “Bainistiú
comhtháite ar theorainneacha seachtracha”, IO C 115, 4.5.2010, lch. 1. [4] Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 a bhunaíonn Cód Pobail ar na
rialacha a rialaíonn gluaiseacht daoine trasna teorainneacha (Cód Teorainneacha
Schengen), IO L 105, 13.4.2006, lch. 1. [5] C-355/10: Parlaimint na hEorpa v. Comhairle an Aontais
Eorpaigh
ag http://curia.europa.eu/juris/liste.jsf?language=en&jur=C,T,F&num=C-355/10&td=ALL#
(níl sé foilsithe i dTuairiscí na Cúirte Eorpaí go fóill). [6] Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26
Deireadh Fómhair 2004 a bhunaigh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhoibriú
Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais
Eorpaigh, IO L 349, 25.11.2004, lch. 1. [7] Doiciméad Inmheanach Oibre an Choimisiúin: Staidéar ar
ionstraimí dlí idirnáisiúnta i ndáil le himirce mhídhleathach ar an bhfarraige,
SEC(2007) 691. [8] Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 ag leasú
Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle a bhunaigh Gníomhaireacht
Eorpach chun Comhoibriú Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha
Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, IO L 304, 22.11.2011,
lch. 1. [9] Breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine
(Dlísheomra Mór) an 23 Feabhra 2012 (Uimh. Iarratais 27765/09); ag
http://hudoc.echr.coe.int/sites/eng/pages/search.aspx?i=001-109231#{"itemid":["001-109231"]} [10] Rialaítear an réigiún tadhlach in Airteagal 33 de
Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Is réigiún atá
ann atá buailte leis an bhfarraige chríche agus ní féidir leis a bheith níos
faide ná 24 muirmhíle ó na bonnlínte óna dtomhaistear leithead na farraige
críche. Tá sé mar chuid de chrios geilleagrach eisiach nó den mhórmhuir, ag
brath ar cibé acu ar fhógair an Stát cósta crios geilleagrach eisiach nó nár
fhógair, agus is crios é ina bhfuil saoirse loingseoireachta i bhfeidhm. Cé
nach bhfuil sé ina chuid d'fharraige chríche, is féidir leis an Stát cósta an
smacht riachtanach a fheidhmiú chun aon sárú ar a chustaim, dlíthe agus
rialacháin fioscacha, imirce nó sláintíochta laistigh dá chríocha nó farraige
chríche a chosc nó pionós a ghearradh astu. [11] Rún MSC.167(78), arna ghlacadh an 20 Bealtaine 2004. [12] Rún 1821(2011) de Thionól Parlaiminteach Chomhairle na
hEorpa. [13] IO L 349, 25.11.2004, lch. 1. [14] IO L 105, 13.4.2006, lch. 1. [15] IO L 326, 13.12.2005, lch. 13. [16] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36. [17] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31. [18] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52. [19] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1. [20] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31. [21] IO L 160, 18.6.2011, lch. 19. [22] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43. [23] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.