Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d’fhíon a leasú /* COM/2013/0187 final - 2013/0099 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Deonaíonn an tAontas Eorpach rochtain
eisceachtúil neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an AE i gcás beagnach
gach táirge de thionscnamh na dtíortha a thairbhíonn den phróiseas Cobhsaíochta
agus Comhlachais, trí Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an
30 Samhain 2009, cé is moite d'fhíon agus de mhairteoil óg, atá faoi réir
taraifchuótaí i gcónaí. Is é aidhm na mbeart sin beocht a chur i ngeilleagair
na mBalcán Thiar arís trí rochtain faoi phribhléid ar mhargadh an AE a
thabhairt dóibh. Táthar ag dréim go gcothóidh forbairt eacnamaíoch cobhsaíocht
pholaitiúil sa réigiún ar fad dá bharr sin. Deonaítear na fabhair thrádála seo ar feadh
tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2015, agus tá feidhm acu faoi láthair
maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, an Albáin,
Poblacht na Cróite, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró agus an
Chosaiv*. I gcásanna áirithe deonaítear taraifchuóta
d’fhíon, siúcra agus mairteoil óg trí na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus
Comhlachais agus trí na Comhaontuithe Eatramhacha. I Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle déantar foráil maidir le
taraifchuóta iomlán breise d’fhíon, arb ionann é agus 50 000 hl, cuóta atá
oscailte do na tairbhithe uile faoi réir a gcuóta shonraigh faoi na
Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha a
bheith ídithe acu. Níl aon Chomhaontú Cobhsaíochta agus
Comhlachais leis an gCosaiv, agus ní féidir léi tairbhiú ach den taraifchuóta
ginearálta. Nuair a bheidh an taraifchuóta sin ídithe ag tíortha eile, ní
bheidh aon rochtain fhabhrach ar mhargadh an AE ag onnmhaireoirí na Cosaive. Tá sé léirithe ag an gCosaiv go bhfuil an
acmhainn inti fíon a onnmhairiú chuig an AE, agus tá creat cobhsaí iontaofa ag
teastáil ó na honnmhaireoirí. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe taraifchuóta
sonrach de 20 000 hl a leithdháileadh ar an gCosaiv, méid a bhaintear
den chuóta iomlán de 50 000 hl dá bhforáiltear i Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle, a laghdaítear go 30 000 hl
dá réir. Baintear an méid sin amach tríd an taraifchuóta reatha a dhúnadh agus
dhá chuóta nua a bhunú do na suimeanna thuasluaite. Déantar foráil maidir le sásra a chuirfidh
deireadh leis na héiginnteachtaí dlíthiúla atá ann de thoradh go ndeonaítear na
cuótaí ar bhonn 'tús freastail ar an gceann is túisce’, agus nach féidir dáta
theacht i bhfeidhm an rialacháin seo a thuar. Ionas nach gcuirfear le méid
iomlán na lámháltas, cuirtear an cuóta atá curtha in áirithe don Chosaiv i
bhfeidhm ar bonn pro rata. Ní dhéanann an leithdháileadh in athuair aon
difear don mhéid iomlán lámháltas a thugtar do na tíortha sna Balcáin Thiar,
agus coimeádann sé dálaí cobhsaí sa mhargadh fíona san AE. Ní dhéantar difear
do taraifchuótaí sonracha arna mbunú le Comhaontuithe Cobhsaíochta agus
Comhlachais nó le Comhaontuithe Eatramhacha. Ní thabhófar aon chostas ar bhuiséad an AE de
thoradh an leasaithe atá beartaithe. Anuas air sin, dá gcuirfí i bhfeidhm é ní
chaillfí aon ioncam custaim dá thoradh, i gcomparáid leis an staid atá ann faoi
láthair. I bhfianaise an méid thuas is é is aidhm don
togra reatha Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a leasú, trí chuóta sonrach de
20 000 hl a bhunú d’fhíon de thionscnamh na Cosaive agus tríd an
gcuóta iomlán a laghdú go comhréireach. Ionas nach gcuirfear isteach ar thrádáil, ní
mór an Rialachán seo a ghlacadh agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh roimh an 31 Nollaig 2013. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Neamhinfheidhme 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, agus Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009. 4. IMPLEACHT BUISÉADACH Neamhinfheidhme 2013/0099 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
ón gComhairle i ndáil le taraifchuótaí d’fhíon a leasú TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Ó 2000 i leith deonaíonn an
tAontas rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais do
beagnach gach táirge de thionscnamh na mBalcán Thiar. Faoi láthair, déantar
foráil maidir leis an gcóras seo i Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón
gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla
trádála do thíortha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an
Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis[1]. (2) Tairbhíonn tíortha uile na
mBalcán Thiar de shocruithe trádála fabhracha, lena n‑áirítear
taraifchuótaí aonair, faoi na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na
Comhaontuithe Eatramhacha maidir le trádáil agus ábhair a bhaineann le trádáil
a cuireadh i gcrích leis na tíortha seo, cé is moite den Chosaiv*. (3) Le Rialachán
(CE) Uimh. 1215/2009, cuireadh cuóta ginearálta de 50 000 hl
ar fáil d’fhíon, ar bonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ le haghaidh na
dtairbhithe uile, faoi réir a gcuótaí sonracha faoi na Comhaontuithe
Cobhsaíochta agus Comhlachais nó na Comhaontuithe Eatramhacha a bheith ídithe
acu. (4) Is gá rochtain chobhsaí ar
mhargadh an Aontais chun forbairt shocheacnamaíoch na Cosaive a bhaint amach, a
bhfuil a hachmhainn chun fíon a onnmhairiú léirithe aici. In éagmais
taraifchuóta aonair, níl an intuarthacht is gá i ndáil lena n-onnmhairí ag
táirgeoirí na Cosaive. (5) Is iomchuí taraifchuóta
sonrach bliantúil de 20 000 hl a leithdháileadh ar onnmhairí fíona ón
gCosaiv chuig an AE, agus an taraifchuóta ginearálta d’fhíon atá ar fáil do na
tairbhithe uile a laghdú go comhréireach ó 50 000 hl go 30 000 hl. (6) Déantar taraifchuóta sonrach
a leithdháileadh tríd an taraifchuóta iomlán atá ann faoi láthair a dhúnadh
agus dhá chuóta nua a oscailt, arb ionann a méid iomlán agus méid an
taraifchuóta a dúnadh. (7) Is iomchuí freisin sásra a
thabhairt isteach lena seachnaítear éiginnteachtaí dlíthiúla maidir le
taraifchuótaí atá ar fáil ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus lena
áirithiú nach dtéann méid iomlán an lámháltais thar 50 000 hl. (8) Ós rud é nach modhnaítear
méid iomlán na lámháltas, ní dhéanann an Rialachán seo difear don earnáil fíona
san Aontas. Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na lámháltais shonracha dá
bhforáiltear sna Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais nó sna
Comhaontuithe Eatramhacha. (9) Ní dhéanann an Rialachán seo
difear d’oibleagáidí an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ní
gá dó tarscaoileadh ón EDT a fháil. (10) Ba cheart, dá bhrí sin,
Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Cuirtear an téacs atá leagtha amach san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a
ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 1215/2009. Airteagal 2 Beidh feidhm ag na bearta idirthréimhseacha
seo a leanas sa bhliain a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm: (1)
Gheobhaidh na taraifchuótaí nua faoi na huimhreacha
ordaithe 09.1530 agus 09.1560 iarmhéid an taraifchuóta 09.1515 go comhréireach
le hoidhreacht ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus beidh na
rialacha mionsonraithe seo a leanas ag gabháil leo: (a)
Déanfar méid tosaigh tharaifchuóta 09.1530 a ríomh
tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid: 0.6 x iarmhéid tharaifchuóta 09.1515[2]
ar lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. (b)
Déanfar méid tosaigh tharaifchuóta 09.1560 a ríomh
tríd an bhfoirmle seo a leanas a úsáid: 0.4 x iarmhéid tharaifchuóta 09.1515 ar lá theacht
i bhfeidhm an Rialacháin seo. (c)
Déanfar an dá mhéid tosaigh a shlánú go dtí an
t-aonad iomlán (heictilítear). (2)
Déanfar na hiarrataí ar taraifchuótaí atá ar
feitheamh (nach bhfuil leithdháilte) do tharaifchuóta 09.1515 a aistriú go dtí
na taraifchuótaí 09.1530.agus 09.1560 faoi seach, de réir áit tionscnaimh an
fhíon. Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN "IARSCRÍBHINN
I TARAIFCHUÓTAÍ DÁ
dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009
ón gComhairle. In ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú
na hAinmníochta Comhcheangailte (AC), is ceart a mheas nach bhfuil ach luach
táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. I gcomhthéacs na
hIarscríbhinne seo, is de réir raon feidhme chóid na hAinmníochta Comhcheangailte
(cóid AC) a chinnfear an scéim fhabhrach. I gcás ina luaitear cóid AC a bhfuil
"ex" rompu, tá an scéim fhabhrach le cinneadh trí bhíthin an cód AC
agus an tuairisc a chomhfhreagraíonn dó a chur i bhfeidhm ag an am céanna. Uimh. an Ordaithe || Cód AC || Tuairisc || Cuóta-mhéid in aghaidh na bliana[3] || Tairbhithe || Ráta dleachta 09.1571 || 0301 91 10 || Breac (Salmo trutta, Oncorhynchus mykiss, Oncorhynchus clarki, Oncorhynchus aguabonita, Oncorhynchus gilae, Oncorhynchus apache agus Oncorhynchus chrysogaster): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine || 15 tona || críoch chustaim na Cosaive || 0% 0301 91 90 0302 11 10 0302 11 20 0302 11 80 0303 14 10 0303 14 20 0303 14 90 0304 42 10 0304 42 50 0304 42 90 ex 0304 52 00 0304 82 10 0304 82 50 0304 82 90 ex 0304 99 21 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 0305 43 00 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 09.1573 || 0301 93 00 || Carbán (Cyprinus carpio, Carassius carassius, Ctenopharyngodon idellus, Hypophthalmichthys spp., Cirrhinus spp., Mylopharyngodon piceus): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine || 20 tona || críoch chustaim na Cosaive || 0% 0302 73 00 0303 25 00 ex 0304 39 00 ex 0304 51 00 ex 0304 69 00 ex 0304 93 90 ex 0305 10 00 ex 0305 31 00 ex 0305 44 90 ex 0305 59 80 ex 0305 64 00 09.1575 || ex 0301 99 85 || Garbhánach (Dentex dentex agus Pagellus spp.): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe, saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine || 45 tona || críoch chustaim na Cosaive || 0% 0302 85 10 0303 89 50 ex 0304 49 90 ex 0304 59 90 ex 0304 89 90 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 09.1577 || ex 0301 99 85 || Doingean mara Eorpach (Dicentrarchus labrax): beo; úr nó fuaraithe; reoite; triomaithe saillte nó faoi sháile, nó deataithe; filléid agus feoil eile éisc; plúir, min agus millíní, atá oiriúnach lena gcaitheamh ag an duine || 30 tona || Críoch chustaim na Cosaive || 0% 0302 84 10 0303 84 10 ex 0304 49 90 ex 0304 59 90 ex 0304 89 90 ex 0304 99 99 ex 0305 10 00 ex 0305 39 90 ex 0305 49 80 ex 0305 59 80 ex 0305 69 80 09.1530 || ex 2204 21 93 || Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach || 30 000 hl[4] || An Albáin[5] An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin[6], an Chróit[7], Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine[8], Montainéagró[9], an tSeirbia[10], críoch chustaim na Cosaive[11] || Díolúine ex 2204 21 94 ex 2204 21 95 ex 2204 21 96 ex 2204 21 97 ex 2204 21 98 ex 2204 29 93 ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 09.1560 || ex 2204 21 93 || Fíon ó fhíonchaora úra nach mó ná 15 % toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte, cé is móite d'fhíon súilíneach || 20 000 hl || críoch chustaim na Cosaive || Díolúine ex 2204 21 94 ex 2204 21 95 ex 2204 21 96 ex 2204 21 97 ex 2204 21 98 ex 2204 29 93 ex 2204 29 94 ex 2204 29 95 ex 2204 29 96 ex 2204 29 97 ex 2204 29 98 * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le
stádas, agus tá sé ag luí le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún
Aontaithe agus tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive. [1] IO L328, 15.12.2009, lch 1. * Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le
stádas, agus tá sé ag luí le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún
Aontaithe agus tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive. [2] Foilsítear iarmhéideanna na
dtaraifchuótaí ar leathanaigh ghréasáin an Choimisiúin Eorpaigh,
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim. [3] Aon mhéid iomlán amháin in aghaidh
an taraifchuóta is inrochtana ag allmhairí de thionscnamh na ns dtíortha is
tairbhithe. [4] Laghdófar méid an taraifchuóta
iomláin sin má mhéadaítear cuóta-mhéid an taraifchuóta aonair is infheidhme
faoi ordú Uimh. 09.1588 i gcás fíonta áirithe de thionscnamh na Cróite. [5] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh na hAlbáine ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an
taraifchuóta aonair a ndéantar foráil dó sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh i
gcrích leis an Albáin a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1514 agus
09.1513. [6] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh na Boisnia agus na Heirseagaivéine ar an taraifchuóta iomlán seo,
tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal
maidir le fíon a tugadh i gcrích leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin a
bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na
taraifchuótaí aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1528 agus faoi Ordú Uimh.
09.1529. [7] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh Phoblacht na Cróite ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir
an dá tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal Breise maidir
le fíon a tugadh i gcrích leis an gCróit a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear na taraifchuótaí aonair sin faoi Ordú
Uimh. 09.1588 agus faoi Ordú Uimh. 09.1589. [8] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine ar an taraifchuóta iomlán
seo, tá sí faoi réir an dá tharaifchuóta aonair dá bhforáiltear["a
ndéantar foráil dóibh" atá agat sna fonótaí roimhe seo'] sa Phrótacal
Breise maidir le fíon a tugadh i gcrích le hIar-Phoblacht Iúgslavach na
Macadóine a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear
na taraifchuótaí aonair sin faoi ordú Uimh. 09.1558 agus faoi Ordú 09.1559. [9] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh Mhontainéagró ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an
tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dó sa Phrótacal maidir le fíon a tugadh
i gcrích le Montainéagró a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú Uimh. 09.1514. [10] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh na Seirbia ar an taraifchuóta iomlán seo, tá sí faoi réir an dá
tharaifchuóta aonair a ndéantar foráil dóibh sa Phrótacal maidir le fíon a
tugadh i gcrích leis an tSeirbia a bheith ídithe roimh ré.
Osclaítear na taraifchuótaí aonair sin faoi Ordú
Uimh. 09.1526 agus faoi Ordú Uimh. 09.1527. [11] An rochtain atá ag fíon de
thionscnamh chríoch na Cosaive ar an taraifchuóta iomlán, tá sí faoi réir an
taraifchuóta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith ídithe roimh ré. Osclaítear an cuóta aonair sin faoi Ordú
Uimh. 09.1560.