Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail /* COM/2013/0161 final - 2013/0088 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Comhthéacs ginearálta agus
forais le haghaidh an togra Le Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988,
a códaíodh mar Theoir 2008/95/CE (dá ngairtear ‘an Treoir’ anseo feasta),
comhchuibhíodh dlíthe na mBallstát maidir le trádmharcanna go páirteach. I
dteannta le agus ceangailte leis na córais trádmhairc náisiúnta, bunaíodh le
Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle an 20 Nollaig 1993
maidir leis an trádmharc Comhphobail, a códaíodh mar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009
(dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta), córas aonair maidir le clárú ceart
aonadach a bhfuil éifeacht chomhionann acu ar fud an AE. Sa chomhthéacs sin
bunaíodh an Oifig um Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach (OCMI) chun a bheith
freagrach as trádmharcanna Comhphobail a chlárú agus a riar. Fónann trádmharc chun idirdhealú a dhéanamh
idir na hearraí agus seirbhísí de chuid cuideachta. Is é an márc trína
bhféadann gnó dílseacht chustaiméara a mhealladh agus a choinneáil, agus trína
gcruthaítear luach agus fás. Feidhmíonn an márc sa chás seo mar inneall
nuálaíochta: cothaíonn an riachtanas chun é a choinneáil ábhartha
infheistíochtaí i T & F, agus tagann próiseas leanúnach ina chuirtear
feabhas ar agus a fhorbraítear an táirge as iad sin féin. Tá tionchar fabharach
ag an bpróiseas dinimiciúil seo ar fhostaíocht freisin. I dtimpeallacht atá ag
éirí níos iomaíche, bhí fás rianúil, ní amháin i ról fíorthábhachtach na
dtrádmharcanna le haghaidh rath an mhargaidh, ach i luach tráchtála agus líon na
dtrádmharcanna chomh maith. Sa bhliain 2012, comhdaíodh líon curiarrachta
d’iarratais trádmharcanna Comhphobail (níos mó ná 107,900, i gcomparáid le
98,217 sa bhliain 2010 agus 49,503 deich mbliana ó shin). Chomh maith leis sin,
le linn 2011 fuair OCMI an milliúnú iarratas ó tosaíodh oibríochtaí sa bhliain
1996. Mar gheall ar an bhforbairt seo, tá ionchais mhéadaitheacha ag páirtithe
leasmhara go mbeadh córais chlárúcháin trádmharcanna ann a bheadh níos
athchóirithe agus d’ardchaighdeán, ar córais iad a bheadh níos comhsheasmhaí,
le rochtain níos fearr ag an bpobal orthu agus a bheadh nua-aimseartha ó thaobh
teicneolaíochta de. Sa bhliain 2007, agus aghaidh á tabhairt ar
shaincheist ghnéithe airgeadais OCMI, chuir an Chomhairle[1] i bhfios go láidir go raibh
rath mór ann mar gheall ar bhunú OCMI agus gur chuir sé go mór le hiomaíochas
an AE a neartú. Mheabhraigh sí gur ceapadh an córas trádmhairc Chomhphobail
chun a bheith ar cómharthain leis na córais trádmhairc náisiúnta a bhí fós
riachtanach do na gnóthais sin nár mian leo a gcuid trádmharcanna a bheith
cosanta ar leibhéal an AE. Mheabhraigh an Chomhairle tuilleadh an tábhacht a
bhí ag obair chomhlántach na n‑oifigí trádmhairc náisiúnta, agus d’iarr
sí ar OCMI leathnú a dhéanamh ar a comhoibriú leo ar mhaithe le feidhmiú iomlán
an chórais trádmhairc Chomhphobail. Ar deireadh, d’admhaigh sí go raibh níos mó
ná deich mbliana caite ó cruthaíodh an trádmharc Comhphobail, agus leag sí béim
ar an ngá chun measúnú iomlán a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais trádmhairc
Chomhphobail. D’iarr sí ar an gCoimisiún obair a thosú ar staidéar
comhfhreagrach, go háirithe, d’fhonn na hionstraimí comhoibrithe atá ann faoi
láthair idir OCMI agus oifigí trádmhairc náisiúnta a threisiú agus a leathnú. Ina Acht um Ghnólachtaí Beaga[2] ó 2008, gheall an Coimisiún go
ndéanfaí an córas trádmhairc Chomhphobail níos inrochtana do FBManna. Thairis
sin, leagadh béim sa Scéala ó 2008 maidir le Straitéis um Chearta Maoine
Tionsclaíochta don Eoraip[3]
ar thiomantas an Choimisiúin do chosaint trádmhairc a bheadh níos éifeachtaí
agus níos éifeachtúla agus do chóras trádmhairc d’ardchaighdeán. Bhain sé de
thátal as go raibh an t‑am ann chun measúnú iomlán a dhéanamh, ar measúnú
é a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le haghaidh athbhreithnithe a dhéanfar as
seo amach ar an gcóras trádmhairc san Eoraip agus le haghaidh feabhsaithe
bhreise ar chomhoibriú idir OCMI agus na hOifigí Náisiúnta. Sa bhliain 2010,
ghabh an Coimisiún air féin, sa Scéala ar Eoraip 2020, faoin Tionscnamh
Suaitheanta ‘An tAontas Nuálaíochta’, chun creat na dtrádmharcanna a nua-aoisiú
d’fhonn feabhas a chur ar choinníollacha creata ionas go nuálfar gnó[4]. Ar deireadh, ina straitéis CMI
don Eoraip ó 2011[5],
d’fhógair an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcóras trádmhairc san
Eoraip d’fhonn an córas a nua-aoisiú, ag leibhéal an AE agus ag an leibhéal
náisiúnta araon, tríd an córas a dhéanamh níos éifeachtaí, níos éifeachtúla
agus níos comhsheasmhaí ar an iomlán. 1.2. Aidhm an togra Agus iad measta le chéile mar phacáiste, is é
príomhchuspóir coiteann an tionscnaimh seo agus an togra chomhuainigh maidir le
hathmhúnlú na Treorach ná nuálaíocht agus fás eacnamaíoch a chothú trí chórais
chlárúcháin trádmhairc ar fud an AE a dhéanamh níos inrochtana agus níos
éifeachtúla do ghnólachtaí i dtéarmaí costas agus castachta níos ísle, luais
mhéadaithe, intuarthachta agus deimhneachta dlíthiúla níos fearr. Tá na
coigeartuithe seo nasctha leis na hiarrachtaí chun a chinntiú go mbeadh
cómhaireachtáil agus comhlántacht idir an tAontas agus na córais trádmhairc
náisiúnta. Maidir leis an tionscnamh seo chun an
Rialachán a athbhreithniú, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún go mbeadh córas
nua ann, ach go mbeadh nua-aoisiú dírithe go maith ar fhorálacha atá ann cheana
amháin, leis na príomhaidhmeanna seo a leanas: ·
Téarmeolaíocht a oiriúnú do Chonradh Liospóin agus
forálacha a oiriúnú don Chur Chuige Coiteann maidir le gníomhaireachtaí
díláraithe (féach rannán 5.1); ·
Nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach ar
thrádmharc Eorpach agus é a chlárú a athchóiriú (féach alt 5.2); ·
Deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú trí fhorálacha a
shoiléiriú agus trí dhébhríochtaí a bhaint (féach alt 5.3); ·
Creat iomchuí maidir le comhoibriú idir OCMI agus
oifigí náisiúnta a bhunú chun coinbhéirseacht cleachtais a chur chun cinnn agus
uirlisí coiteanna a fhorbairt (féach alt 5.4); ·
An creat a ailíniú le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (féach alt 5.5). 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNACHT TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán poiblí Tá an tionscnamh seo bunaithe ar mheasúnú ar
an tslí ina fheidhmíonn an córas trádmhairc san Eoraip ar an iomlán agus ar
chomhairliúcháin fhorleathana leis na príomhpháirtithe leasmhara uile. Ba é an phríomhchuid den mheasúnú ná staidéar
a rinne Institiúid Max Planck um Dhlí Maoine Intleachtúla agus Dlí na
hIomaíochta thar ceann an Choimisiúin. Rinneadh an staidéar idir Samhain 2009
agus Feabhra 2011[6].
De bhreis ar anailís shaineolaíoch, baineadh úsáid sa staidéar as
comhairliúcháin le páirtithe leasmhara éagsúla. Áiríodh ann suirbhé i measc
úsáideoirí an chórais trádmhairc Chomhphobail, síntiúis ó eagraíochtaí a
dhéanann ionadaíocht ar son úsáideoirí trádmhairc ag an leibhéal náisiúnta,
Eorpach agus idirnáisiúnta agus éisteacht a eagraíodh leis a heagraíochtaí sin
i Meitheamh 2010. Ar deireadh, chuaigh an Institiúid i gcomhairle le hOifigí
Náisiúnta na mBallstát uile agus OCMI. Baineadh de thátal as sa Tuarascáil Deiridh go
bhfuil buntosca an chórais trádmhairc Eorpaigh fónta. Go háirithe, d’fhreastail
na nósanna imeachta is indéanta ag OCMI do riachtanais agus d’ionchais ghnó.
Bhí comhdhearcadh tuilleadh ann go bhfuil cómharthain na gceart trádmhairc
Comhphobail agus náisiúnta bunúsach agus riachtanach d’fheidhmiú éifeachtúil
córais trádmhairc a fhreastalaíonn do riachtanais cuideachtaí le méideanna
difriúla, a thagann ó mhargaí difriúla agus le riachtanais gheografacha
dhifriúla. Dá ainneoin sin, fuair an Tuarascáil go raibh gá ann do chóineasú
tuilleadh dlíthe agus cleachtas trádmhairc san AE. Deimhníodh inti go raibh a
lán gnéithe den chóras trádmhairc Comhphobail reatha ag feidhmiú go maith, agus
rinne sí líon mór tograí maidir le feabhsú. Sainaithníodh sa Tuarascáil réimsí
sonracha ina bhféadfadh OCMI agus Oifigí Náisiúnta a gcuid comhoibrithe a fheabhsú. Agus í ag tabhairt freagra ar thorthaí
eatramhacha an staidéir, ghlac an Chomhairle Conclúidí an 25 Bealtaine 2010[7]. Thacaigh na Conclúidí sin leis
an gcomhaontú arna thabhairt i gcrích i Meán Fómhair 2008 laistigh de
chomhlachtaí rialaithe OCMI (Bord Riaracháin agus Coiste Buiséid) maidir le
sraith beart buiséadach a bhí ceaptha chun buiséad OCMI a chothromú níos fearr
as seo amach. D’aontaigh an Chomhairle gur chuir na bearta buiséadacha seo le
nuálaíocht, athchóiriú, comhchuibhiú agus neartú an chórais trádmhairc san
Eoraip ar an iomlán. D’iarr sí ar an gCoimisiún tabhairt isteach forála sonraí
chun an creat le haghaidh comhoibrithe idir OCMI agus na hOifigí Náisiúnta a
áireamh san athbhreithniú. Ba cheart go mbeadh sé follasach gur chóir d’oifigí
trádmhairc uile an AE comhchuibhiú cleachtas a shaothrú agus gur chóir d’OCMI a
n‑iarrachtaí a éascú chun na críche sin. Iarradh inti freisin bunús dlí a
chruthú chun méid is ionann agus 50% de tháillí athnuachana OCMI a dháileadh ar
Oifigí Náisiúnta le húsáid chun trádmharcanna a chosaint, a chur chun cinn
agus/nó a fhorfheidhmiú. Mar athleanúint ar an staidéar, thionóil
seirbhísí an Choimisiúin éisteacht de chomhlachais úsáideoirí an 26 Bealtaine 2011.
Mhúnlaigh agus dheimhnigh na torthaí réamhanailís an Choimisiúin. 2.2. Measúnacht Tionchair Sainaithníodh sa mheasúnacht tionchair
príomhfhadhb amháin a chaithfidh an Rialachán tabhairt faoi: íosleibhéal an
chomhoibrithe i measc oifigí trádmhairc san Eoraip. Mar a míníodh sa
mheasúnacht tionchair, tá a lán nasc idir na córais trádmhairc Chomhphobail
agus trádmhairc náisiúnta, le hiarmhairtí díreacha d’úsáideoirí trádmhairc
agus oifigí maoine intleachtúla araon. Ceanglaítear leo go mbeadh leibhéal
áirithe comhlántachta idir an dá chóras. Chun é sin a bhaint amach agus a
áirithiú, ba cheart go mbeadh dlúthchomhar idir OCMI agus Oifigí Náisiúnta. Faoi láthair, tá bac tromchúiseach ar
chomhoibriú éifeachtúlach agus éifeachtach idir oifigí trádmhairc san Eoraip
mar gheall ar roinnt bacainní: ·
Easpa bunúis dlí shoiléir maidir le comhoibriú ar
reachtaíocht trádmhairc AE ·
Easpa saoráidí teicniúla in Oifigí Náisiúnta ·
Easpa maoinithe inbhuanaithe sa mheántéarma go
fadtéarma. Rinneadh na roghanna seo a leanas a mheas chun
na fadhbanna seo a réiteach agus chun trí chuspóir chomhfhreagracha a bhaint
amach. 1. Bunús dlí leordhóthanach le
haghaidh comhoibrithe a sholáthar: (a)
Rogha 1: Bunús dlí sonrach ar bith le haghaidh
comhoibrithe idir oifigí maoine intleachtúla san Eoraip; (b)
Rogha 2: Bunús dlí a cheadaíonn d’Oifigí Náisiúnta
agus OCMI comhoibriú le chéile (comhoibriú roghnach); (c)
Rogha 3: Bunús dlí a cheanglaíonn ar Oifigí
Náisiúnta agus OCMI comhoibriú le chéile (comhoibriú éigeantach). 2. Forbairt acmhainne teicniúla
ag Oifigí Náisiúnta: (d)
Rogha 1: Na saoráidí agus uirlisí riachtanacha a
fháil agus a fhorbairt ag gach oifig; (e)
Rogha 2: Rochtain roghnach ar uirlisí: na saoráidí
agus uirlisí is gá inrochtana d’oifigí MI laistigh de chreat comhoibrithe
dheonaigh; (f)
Rogha 3: Rochtain éigeantach ar uirlisí: na
saoráidí is gá inrochtana trí chreat comhoibrithe éigeantaigh. Téann an rogha
seo isteach ar rogha 3 thuas maidir le bunús dlí leordhóthanach agus ar rogha 3
thíos maidir le maoiniú fadtéarmach gníomhaíochtaí comhoibrithe. 3. Comhoibriú fadtéarmach a
aimsiú le haghaidh gníomhaíochtaí comhoibrithe: (g)
Rogha 1: Maoiniú ó Bhallstáit; (h)
Rogha 2: Maoiniú ó bhuiséad an AE; (i)
Rogha 3: Maoiniú ó bhuiséad OCMI. Baineadh de thátal as sa mheasúnacht tionchair
go mbeadh rogha 3 comhréireach agus gurbh é an rogha is oiriúnaí i ngach cás
chun na cuspóirí a shaothraítear a bhaint amach. 3. BUNÚS DLÍ AGUS COIMHDEACHT I gcomhthéacs bhunú agus fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh, foráiltear le hAirteagal 118(1) CFAE go mbunófar
cearta maoine intleachtúla Eorpacha chun cosaint aonfhoirmeach a sholáthar agus
go mbeadh na cearta seo ar fáil ar fud an AE, lena n‑áirítear bunú
socruithe údaraithe, comhordaithe agus maoirseachta ar fud an Aontais. Is teideal maoine intleachtúla a sheasann leis
féin de chuid an AE é an trádmharc Comhphobail a bunaíodh le Rialachán AE.
Cruthaíodh leis an anailís a rinneadh mar chuid den mheasúnacht tionchair go
bhfuil gá ann codanna den Rialachán a athrú chun an córas trádmhairc Comhphobal
a fheabhsú agus a athchóiriú. Tá an inniúlacht chun na leasuithe is gá a
dhéanamh le reachtóir an AE amháin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní
bheidh tionchar ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus mar sin níl
ráiteas airgeadais ag gabháil leis mar a cheanglaítear faoi Airteagal 31
den Rialachán Airgeadais (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir
leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an
Aontais agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002). 5. MIONMHÍNIÚ AR AN TOGRA Cuirtear na leasuithe molta ar an Rialachán i
láthair de réir na gcuspóirí a leagtar amach in alt 1.2 thuas. 5.1. Téarmeolaíocht a oiriúnú agus
Cur chuige coiteann maidir le gníomhaireachtaí díláraithe Mar iarmhairt ar theacht i bhfeidhm Chonradh
Liospóin, nuashonraítear téarmeolaíocht an Rialacháin. Ciallaíonn sé seo go n‑athrófar
‘trádmharc Comhphobail’ go ‘trádmharc Eorpach’. Tá raon beart ann chun feabhas a chur ar
rialachas agus éifeachtúlacht na ngníomhaireachtaí atá ann faoi láthair agus na
ngníomhaireachtaí atá fós le bunú sa chur chuige coiteann maidir le
gníomhaireachtaí díláraithe, a comhaontaíodh le Parlaimint na hEorpa, leis an
gComhairle agus leis an gCoimisiún in Iúl 2012. Ní mór an Rialachán a
athchóiriú chun an cur chuige coiteann a chur san áireamh maidir lena
fhorálacha ar OCMI. Maidir le hainm na gníomhaireachta, beartaítear é a
athainmniú mar ‘Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thrádmharcanna agus
Dhearaí’ (dá ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta), feidhmeanna a Bhoird
Bainistíochta a fheabhsú, nósanna imeachta roghnúcháin maidir le
hardfheidhmeannaigh a ailíniú agus foráil a dhéanamh do chláir oibre bliantúla
agus ilbhliantúla agus do mheasúnachtaí rialta. 5.2. Nósanna imeachta a athchóiriú - Iarratais
a chomhdú (Airteagal 25) Is annamh a fhaigheann Oifigí Náisiúnta
iarratais le haghaidh trádmharcanna Eorpacha a thuilleadh. Comhdaítear beagnach
gach iarratas (96.3% sa bhliain 2012) anois go díreach trí chóras comhdúcháin
leictreonaigh OCMI. I bhfianaise na dála seo, agus ós rud é gur féidir
iarratais a chomhdú ar líne go furasta, ba cheart go ndíothófaí an rogha chun
iad a chomhdú ag Oifigí Náisiúnta. - Dáta
comhdaithe (Airteagal 27) Sa lá atá inniu ann, déantar scrúdú ar an
gcuid is mó d’iarratais trádmhairc Eorpaigh roimh dhul in éag na tréimhse aon
mhí sula mbeidh ar iarratasóirí an táille iarratais a íoc. Ceadaíonn sé seo
d’iarratasóirí ‘iarratais trialach’ a chomhdú gan an táille a íoc más rud é go
dtarraingíonn an Ghníomhaireacht easnamh nó agóid anuas. Meastar go bhfuil íocaíochtaí
trí chuntais reatha déanta ar an lá deireanach den mhí, más mian le
hiarratasóirí. Leasaítear Airteagal 27, dá bhrí sin, chun an tréimhse aon
mhí a dhíothú agus chun an ‘oibleagáid’ chun íoc a cheangal le comhdú an
iarratais, ionas go mbeidh ar iarratasóirí fianaise a chur ar fáil á léiriú gur
chuir siad a n‑íocaíocht isteach nó gur údaraigh siad í tráth a
chomhdaigh siad a n‑iarratas. - Cuardaigh
(Airteagal 38 agus Airteagal 155) Ní sholáthraítear leis na córais láithreacha i
leith cuardach uirlis trádmhairc réitigh iontaofa, ná maoirseacht go hiomlán
cuimsitheach ar an gClár. Tá na laigí a bhaineann le cuardaigh náisiúnta agus
AE tar éis éirí níos géire le himeacht ama, agus ciallaíonn an dul chun cinn
maidir le TF atá ann faoi láthair go bhfuil úsáideoirí in ann rochtain a fháil
ar roghanna eile níos fearr, níos tapa agus níos saoire. Níl mórán suime ag
iarratasóirí anois i dtorthaí na gcuardach náisiúnta a fháil ó Oifigí Náisiúnta
a ghlacann páirt sa chóras roghnach. Tá an Ghníomhaireacht i mbun roinnt
uirlisí dóchúla a fhorbairt in éineacht le hOifigí Náisiúnta, ar uirlisí iad a
chuireann modhanna i bhfad níos fearr ar fáil maidir le cuardaigh tosaíochta a
dhéanamh agus maoirseacht a dhéanamh ar an gclár le haghaidh sáruithe.
Díothaítear, dá bhrí sin, córais chuardaigh reatha. - An t‑iarratas
a fhoilsiú (Airteagal 39) Má dhíothaítear an córas cuardaigh, beifear in
ann an tréimhse aon mhí láithreach idir an nóiméad a chuireann an
Ghníomhaireacht tuarascálacha cuardaigh in iúl don iarratasóir agus a
fhoilsítear an t‑iarratas a dhíothú. Brostófar an nós imeachta clárúcháin
mar gheall air sin. - Tuairimí ó
thríú páirtithe (Airteagal 40) Chun cur isteach tuairimí ó thríú páirtithe a
éascú, leasaítear Airteagal 40 tríd an tréimhse ina bhféadfaidh tuairimí a
chomhdú a shíneadh. Táthar chun an tagairt don dáta foilsithe a scriosadh, á
chur san áireamh go gcuirtear iarratais trádmhairc Eorpaigh ar fáil cheana don
phobal i mbunachar sonraí trádmhairc de chuid na Gníomhaireachta ‘CTM ar líne’
laistigh de chúpla lá ón gcomhdúchán. Chun imeachtaí a athchóiriú, tabharfar an
deis do thríú páirtithe tuairimí a chomhdú a luaithe agus a fhaigheann siad
fios iarratais. Beidh an sprioc-am chun tuairimí a chomhdú socraithe ag
deireadh na tréimhse freasúra nó a luaithe agus a chuirtear imeachtaí freasúra
i gcrích, de réir chleachtais reatha na Gníomhaireachta. - Cinntí inter
partes a athbhreithniú (Airteagal 62) Sa deireadh, níl aon ábharthacht phraiticiúil
ag Airteagal 62. Níor athbhreithníodh aon chinneadh inter partes faoin
bhforáil seo go dtí seo. Is í an phríomhchúis leis sin ná nach bhfuil aon suim
ag an bpáirtí eile an formheas is gá faoi Airteagal 62(2) a thabhairt. Ós
rud é go bhfuil leigheasanna leordhóthanacha ann chun cinneadh inter partes
earráideach a cheartú, scriostar Airteagal 62. - Leanúint
imeachtaí (Airteagal 82) Ba é an toradh a bhí ar fheidhmiú Airteagal 82
ná go raibh roinnt fadhbanna iarbhíre ann agus bhí sé sin ina chúis le Scéala ó
Uachtarán na Gníomhaireachta, Uimh. 06/05[8].
Leasaítear Airteagal 82 chun a fheidhmiú a athchóiriú agus chun an méid a
bhí sa Scéala a chuimsiú. Faoi mar a scriostar Airteagal 25(3) agus Airteagal 62
araon, scriostar gach tagairt dóibh ó liosta na dteorainneacha ama eisiata.
Scriostar an tagairt d’Airteagal 42 freisin le go bhféadfaidh na
teorainneacha ama uile in imeachtaí freasúra leanúint ar aghaidh, seachas an
tréimhse freasúra a leagtar síos in Airteagal 41(1) agus an tréimhse le
haghaidh an táille freasúra a leagtar amach in Airteagal 41(3) a íoc. - Tréimhse freasúra le haghaidh Clárúchán Idirnáisiúnta (Airteagal 156) Ós rud é nach bhfuil gá ann don tréimhse sé
mhí dá bhforáiltear faoi láthair, leasaítear Airteagal 156 chun an t‑am
idir foilsiú faoi Airteagal 152(1) agus tús na tréimhse freasúra le
haghaidh clárúchán idirnáisiúnta a ghiorrú go dtí mí amháin. 5.3. Deimhneacht dhlíthiúil a
mhéadú - Sainmhíniú
ar thrádmharc Eorpach (Airteagal 4) Leasaítear Airteagal 4 chun an riachtanas
go mbeadh ‘inléiritheacht ghrafach’ ann a bhaint. Tá an réamhriachtanas gur
cheart go mbeifí in ann léiriúchán grafach a dhéanamh den chomhartha a bheifear
a iarraidh as dáta. Cruthaíonn sé cuid mhór neamhdheimhneachta dlíthiúla maidir
le marcanna neamhthraidisiúnta áirithe, ar nós fuaimeanna amháin. Sna cásanna
deireanacha seo, seans go mbeadh léiriúchán trí mhodhanna eile seachas modhanna
grafacha (m.sh. comhad fuaime) níos fearr ná léiriúchán grafach, más rud é go
gceadaíonn sé aitheantas níos cruinne ar an marc agus ar an dóigh sin
comhlíonann sé aidhm na deimhneachta dlíthiúla. Fágann an sainmhíniú nua a
bheartaítear an bealach saor chun ábhar is féidir a léiriú trí mhodhanna
teicneolaíocha a chuireann ráthaíochtaí sásúla ar fáil a chlárú. Níl an
smaoineamh chun síneadh gan teorainn a dhéanamh ar na slite inghlactha chun
comhartha a léiriú ach chun foráil a dhéanamh do níos mó solúbthachta ar an
gcuma sin agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr á háirithiú. - Sonraí
geografacha agus téarmaí traidisiúnta a chosaint (Airteagal 7) Le hAirteagal 7(1)(j) agus (k), ní
chuirtear an méid cosanta céanna ar fáil do shonraí geografacha mar a
fhoráiltear sna nithe seo a leanas: ·
Airteagal 13 agus Airteagal 14 de
Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 an 21 Samhain 2012 maidir le
scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí[9]; ·
Airteagal 118l agus Airteagal 118m de
Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena
mbunaítear comheagrú na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha
le haghaidh táirgí talmhaíochta áirithe, arna leasú ag Rialachán (CE) Uimh. 491/2009
an 25 Bealtaine 2009[10]; ·
Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008
an 15 Eanáir 2008 maidir le cosaint sonraí geografacha deochanna
biotáilleacha[11].
Chun a áirithiú go dtugtar éifeacht iomlán do
dhlí AE a chosnaíonn sonraí geografacha le linn imeachtaí a bhaineann le
clárúchán trádmharcanna Eorpacha, tá na forais dhiúltaithe dhaingne ailínithe
go hiomlán le dlí an AE maidir le sonrúcháin gheografacha agus athchóirithe sa
Rialachán. Ina theannta sin, ar mhaithe le comhtháthú, síntear forais
dhiúltaithe chun téarmaí traidisiúnta cosanta i leith fíona agus sainearraí
traidisiúnta faoi ráthaíocht a chumhdach. - Cearta a
thugtar le trádmharc Eorpach (Airteagal 9 agus Airteagal 9a) 1. Cearta a thugtar gan dochar do
réamhchearta Níl riail shoiléir sa Rialachán ná sa Treoir á
shonrú nach féidir le dílseánach an trádmhairc a chearta a agairt go rathúil i
gcoinne úsáid comhartha chomhionainn nó chomhchosúil, ar comhartha é atá ina
ábhar do cheart a tugadh roimhe sin. I gcomhréir le hAirteagal 16(1) den
Chomhaontú TRIPS[12],
leasaítear Airteagal 9 den Rialachán chun a shoiléiriú go bhfuil éilimh
sáraithe gan dochar do chearta a tugadh roimhe sin. 2. Cásanna
féiniúlachta dúbailte Tá neamhdheimhneacht dhlíthiúil ann mar gheall
ar aithint feidhmeanna trádmhairc breise faoi Airteagal 5(1)(a) den Treoir (Airteagal 9(1)(a)
den Rialachán). Go háirithe, tá an gaol idir cásanna féiniúlachta dúbailte agus
an chosaint sínte a thugtar do thrádmharcanna a bhfuil clú orthu faoi Airteagal 5(2)
den Treoir (Airteagal 9(1)(c) den Rialachán) tar éis éirí
neamhshoiléir[13].
Ar mhaithe le deimhneacht agus comhsheasmhacht dhlíthiúil, soiléirítear nach
mbaineann tábhacht ach leis an bhfeidhm tionscnaimh amháin i gcás féiniúlachta
dúbailte faoi Airteagal 9(1)(a) agus i gcás cosúlachta faoi Airteagal 9(1)(b)
araon. 3. Úsáid
mar ainm trádála nó cuideachta De réir na Cúirte Breithiúnais[14], tá Airteagal 5(1) den Treoir infheidhme
i gcás nuair a mheasann an pobal go mbaineann úsáid ainm cuideachta (chomh
maith) leis na hearraí nó seirbhísí a chuirtear ar fáil ag an gcuideachta. Is
iomchuí, dá bhrí sin, go gcaitear le húsáid ainm trádála i leith trádmhairc
chosanta mar ghníomh sáraithe, más rud é go gcomhlíontar na ceanglais úsáide le
haghaidh earraí nó seirbhísí. 4. Úsáid
i bhfógraíocht chomparáideach Le Treoir 2006/114/CE an 12 Nollaig 2006
a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach[15], rialaítear na coinníollacha
faoinar ceadmhach fógraíocht a dhéanann sainaithint go sainráite nó go
hintuigthe ar iomaitheoir nó ar earraí nó seirbhísí a chuirtear ar fáil ag
iomaitheoir. Tá amhras tar éis teacht ar an scéal mar gheall ar ghaol na
hionstraime seo leis an reachtaíocht a bhaineann le trádmharcanna. Is iomchuí,
dá bhrí sin, a shoiléiriú go bhféadfaidh úinéir an trádmhairc úsáid a
thrádmhairc i bhfógraíocht chomparáideach a chosc i gcás nach comhlíonann
fógraíocht chomparáideach den sórt sin ceanglais Airteagal 4 de Theoir 2006/114/CE. 5. Coinsíneachtaí
ó sholáthraithe tráchtála Moltar
leasuithe chun a shoiléiriú nach féidir earraí a allmhairiú isteach san AE fiú
más rud é go bhfuil an coinsíneoir ag gníomhú chun críocha tráchtála amháin.
Áirithítear leis seo go bhfuil an ceart ag úinéir an trádmhairc cosc a chur ar
ghnólachtaí (cé acu an bhfuil siad suite san AE nó nach bhfuil) earraí atá
suite laistigh den AE agus a díoladh le, a cuireadh ar fáil do, a fógraíodh do
nó a seoladh chuig tomhaltóirí príobháideacha a allmhairiú, agus chun ordú agus
díol earraí góchumtha ar an idirlíon a dhímholadh. 6. Earraí
a thugtar isteach sa chríoch chustaim De réir na Cúirte Breithiúnais i mbreithiúnas Philips/Nokia[16], faoin acquis atá ann faoi
láthair, ní sháraíonn tabhairt isteach, láithreacht agus gluaiseacht earraí
neamh‑AE, a bhfuil nós imeachta fionraíochta curtha i bhfeidhm orthu, i
gcríoch chustaim an AE, cearta maoine intleachtúla a thugtar le dlí
substainteach an Aontais agus a Bhallstát. Ní féidir earraí den sort sin a
aicmiú mar earraí góchumtha go dtí go mbeidh fianaise ann go bhfuil siad ina n‑ábhar
do ghníomh tráchtála dírithe ag tomhaltóirí an AE, ar nós díola, cur ar díol nó
fógraíochta. Cuireadh cáineadh láidir roimh impleachtaí bhreithiúnas Philips/Nokia
ag geallsealbhóirí ós rud é go cuirtear dualgas cruthúnais an‑ard agus
míchuí ar shealbhóirí ceart agus go cuirtear cosc ar an gcomhrac i gcoinne
góchumtha. Is léir go bhfuil gá práinneach ann le creat dlíthiúil Eorpach a
chur i bhfeidhm lena gceadaítear comhrac níos éifeachtaí i gcoinne ghóchumadh
earraí mar ghníomh atá ag méadú go tapa. Beartaítear dá bhrí sin an bearna atá
ann faoi láthair a líonadh trí shealbhóirí ceart a chur i dteideal cosc a chur
ar thríú páirtithe earraí, a thagann ó thríú tíortha agus a bhfuil trádmharc
orthu, gan údarú, atá comhionann go bunúsach leis an trádmharc a cláraíodh i
leith na n‑earraí sin, a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais,
is cuma cé acu an scaoiltear le haghaidh saorchúrsaíochta iad nó nach
scaoiltear. 7. Gníomhartha
ullmhúcháin Níl aon fhoráil sa Rialachán ná sa Treoir lena
gceadaítear imeachtaí i gcoinne dháileadh agus dhíol na lipéad agus an
phacáistithe nó nithe comhchosúla a d’fhéadfaí táirgí neamhcheadaithe a chumasc
leo ina dhiaidh sin. Tá rialacha follasacha ag roinnt dlíthe náisiúnta a
chumhdaíonn an ghníomhaíocht seo. Is iomchuí riail a bhaineann leis sin a
áireamh sa Rialachán agus sa Treoir chun cion eile praiticiúil, iomchuí
agus éifeachtach a sholáthar ar mhaithe leis an ngóchumadh a chomhrac. - Teorainn a
chur le héifeachtaí trádmhairc Eorpaigh (Airteagal 12) Sriantar an teorainn in Airteagal 12(1)(a)
chun úsáid ainmneacha pearsanta a chumhdach agus i gcomhréir amháin leis an
gComhráiteas ón gComhairle agus ón gCoimisiún[17].
Ar mhaithe le comhsheasmhacht, síntear an teorainn in Airteagal 12(1)(b)
chun úsáid comharthaí neamhshainiúla nó tásc neamhshainiúil a chumhdach.
Meastar gur iomchuí é freisin foráil a dhéanamh in Airteagal 12(1)(c) do
theorainn fhollasach a chumhdaíonn úsáid thagrach i gcoitinne. Ar deireadh,
soiléirítear le mír ar leithligh na coinníollacha faoina mheastar nuair nach
bhfuil úsáid trádmhairc ag cloí le cleachtais ghnó mhacánta. - Sonrú agus
aicmiú earraí agus seirbhísí (Airteagal 28) Leasaítear Airteagal 28 chun rialacha
riachtanacha a bhaineann le sonrú agus aicmiú earraí agus seirbhísí sa
Rialachán a chur ar fáil. Tugtar na rialacha seo isteach sa Treoir. Leanann
siad na prionsabail a bunaíodh ag an gCúirt Bhreithiúnais[18] agus de réir na bprionsabal
sin, bar cheart don iarratasóir na hearraí agus seirbhísí ar iarradh cosaint
ina leith a shainaithint le soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go
mbeidh na húdaráis agus gnólachtaí iomchuí in ann raon na cosanta a thugann an
trádmharc a shocrú. Is féidir tásca ginearálta an cheannteidil ó Aicmiú Nice a
úsáid chun earraí nó seirbhísí a shainaithint ar choinníoll go bhfuil
sainaithint den sórt sin soiléir agus beacht go leor. Soiléirítear leis an
leasú gur cheart úsáid téarmaí ginearálta a léiriú sa chaoi is go n‑áirítear
gach earra nó seirbhís a chuimsítear go soiléir ag brí liteartha an téarma. Ar
deireadh, ceadaítear leis an leasú dílseánaigh trádmharcanna Eorpacha a comhdaíodh
roimh dháta foilsithe chleachtas aicmithe nua na Gníomhaireachta[19] a gcuid sonrúchán ar earraí
agus seirbhísí a oiriúnú i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais d’fhonn a
áirithiú go gcomhlíonann ábhar an chláir caighdeán na soiléireachta agus an bheachtais
is gá. - Marcanna
deimhniúcháin Eorpacha (Airteagal 74b – Airteagal 74k) Cé go gcuireann córais náisiúnta éagsúla
cosaint ar fáil do mharcanna deimhniúcháin, ní chuirtear ar fáil leis an gcóras
trádmhairc Eorpach ach clárú marcanna aonair agus cómharcanna. Tá córas maidir
le cosaint marcanna deimhniúcháin ag leibhéal an AE ag teastáil ó roinnt
comhlachtaí poiblí agus príobháideacha nach gcomhlíonann na coinníollacha chun
bheith i dteideal cosaint cómhairc a fháil. Leigheasfaí le córas den sórt sin an
mhíchothromaíocht atá ann faoi láthair idir córais náisiúnta agus an córas
trádmhairc Eorpach. Beartaítear raon sonrach rialacha a chur leis an Rialachán
a chumhdódh clárú marcanna deimhniúcháin Eorpacha. - Cúraimí na Gníomhaireachta (Airteagal 123b) Chun cumhdach cuimsitheach, deimhneacht
dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr a áirithiú, sainmhínítear cúraimí uile
na Gníomhaireachta in Airteagal 123b nua, lena n‑áirítear na cúraimí
a thagann ó ghníomhartha dlíthiúla nach mbaineann leis an gcóras trádmhairc
Eorpach. 5.4. Creat le haghaidh
comhoibrithe (Airteagal 123c) Foráiltear le hAirteagal 123c creat
soiléir le haghaidh comhoibrithe éigeantaigh idir an Ghníomhaireacht agus
oifigí maoine intleachtúla na mBallstát arb í an aidhm atá aige ná coinbhéirseacht
cleachtais a chur chun cinn agus comhuirlisí a fhorbairt. Sonraítear leis go
bhfuil oibleagáid ar an nGníomhaireacht agus ar oifigí na mBallstát chun
comhoibriú le chéile, agus déantar coinníoll ar na príomhréimsí comhoibrithe
agus na comhthionscadail shonracha ar mhaithe le leas an Aontais a chomhordóidh
an Ghníomhaireacht. Thairis sin, cuirtear sásra cistiúcháin ar bun lena
gceadaítear don Ghníomhaireacht na comhthionscadail sin a mhaoiniú trí
dheontais. Is é atá i gceist leis an scéim chistiúcháin seo ná malairt
fhéideartha ó thaobh dlí agus airgeadais ar an gcur chuige a mhol an Chomhairle
ina Conclúidí ó Bhealtaine 2010. 5.5. Ailíniú le hAirteagal 290
CFAE Leis an Rialachán seo, tugtar cumhachtaí don
Choimisiún d’fhonn rialacha áirithe a ghlacadh. Faoi láthair, déantar foráil do
na rialacha so i Rialachán (CE) Uimh. 2868/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995
lena gcuirtear chun feidhm Rialachán (CE) Uimh. 40/94 ón gComhairle maidir
leis an trádmharc Comhphobail[20],
Rialachán (CE) Uimh. 2869/95 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1995
maidir leis na táillí iníoctha leis an Oifig um
Chomhoiriúnú sa Mhargadh Inmheánach[21], agus
Rialachán (CE) Uimh. 216/96 ón gCoimisiún an 5 Feabhra 1996 lena
leagtar síos rialacha nós imeachta Bhoird Achomhairc na hOifige um Chomhoiriúnú
sa Mhargadh Inmheánach[22]. Tá sé riachtanach mar gheall ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin
na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoin Rialachán a ailíniú le hAirteagal 290
den Chonradh (Airteagail 24a, 35a, 45a, 49a, 57a, 65a, 74a, 74k, 93a, 114a,
144a agus 161a nua). 2013/0088 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 207/2009
ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail (Téacs ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 118(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Rialachán (CE) Uimh. 40/94
ón gComhairle an 20 Nollaig 1993 maidir leis an trádmharc Comhphobail[23], a códaíodh in 2009 mar
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009
maidir leis an trádmharc Comhphobail[24],
bunaíodh córas cosanta ar thrádmharcanna a bhaineann go sonrach leis an Aontas
Eorpach, ar córas é a rinne foráil do chosaint trádmharcanna ag leibhéal an
Aontais Eorpaigh, i gcomhthráth leis an gcosaint ar thrádmharcanna a bhí ar
fáil ag leibhéal na mBallstát i gcomhréir leis na córais trádmhairc náisiúnta a
comhchuibhíodh ag Treoir 89/104/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988
maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna[25], a códaíodh mar Theoir 2008/95/CE
óPharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir
le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna[26]. (2) De thoradh theacht i bhfeidhm
Chonradh Liospóin, ba cheart téarmeolaíocht Rialachán (CE) Uimh. 207/2009
a nuashonrú. Leis seo, tugtar le tuiscint go gcuirfear ‘trádmharc Eorpach’ in
ionad ‘trádmharc Comhphobail’. I ndáil leis an gCur Chuige coiteanna chuige
maidir le Gníomhaireachtaí díláraithe, a comhaontaíodh in Iúl 2012 ag
Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, ba cheart go
gcuirfí ‘Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thrádmharcanna agus Dhearaí’ (dá
ngairtear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo feasta) in ionad an ainm ‘Oifig um Chomhchuibhiú
sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí)’. (3) De bhun Scéala an Choimisiúin
an 16 Iúl 2008 maidir le Straitéis um Chearta Maoine Tionsclaíochta
don Eoraip[27],
rinne an Coimisiún measúnacht chuimsitheach ar fheidhmiú foriomlán an chórais
trádmhairc san Eoraip ina iomláine, lenar cumhdaíodh leibhéil Aontais agus
náisiúnta agus an t‑idirghaol eatarthu. (4) Ina conclúidí an 25 Bealtaine 2010
maidir leis an athbhreithniú amach anseo ar an gcóras Trádmhairc san Aontas
Eorpach[28], d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún tograí le haghaidh
athbhreithnithe ar Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 agus ar Theoir 2008/95/CE
a thíolacadh. (5) Léiríodh an taithí a fuarthas
ó bunaíodh an córas trádmhairc Comhphobail gur ghlac gnóthais ó laistigh den
Aontas agus ó thríú tíortha leis an gcóras, ar córas é atá ina rogha rathúil
agus inmharthana i gcomparáid leis an gcosaint ar thrádmharcanna ag leibhéal na
mBallstát. (6) Dá ainneoin sin, tá
trádmharcanna náisiúnta fós riachtanach do na gnóthais sin nach mian leo a gcuid
trádmharcanna a chosaint ag leibhéal an Aontais nó na gnóthais nach féidir leo
cosaint ar fud an Aontais a fháil agus níl aon bhacainní ag baint le cosaint
náisiúnta. Ba cheart é a fhágáil faoi gach duine a bhfuil cosaint trádmhairc á
lorg acu cinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu an lorgaítear nó nach
lorgaítear an chosaint mar mharc náisiúnta amháin i mBallstát amháin nó níos
mó, nó mar thrádmharc Eorpach amháin, nó iad araon. (7) Cé gur dearbhaíodh leis an
measúnacht ar fheidhmiú foriomlán an chórais trádmhairc Chomhphobail go bhfuil
a lán gnéithe den chóras sin, lena n‑áirítear na bunphrionsabail ar ar
bunaíodh é, fós iontaofa le himeacht ama agus leanann siad ar aghaidh ag
freastal ar riachtanais agus ionchais ghnó, ba é an tátal a bhain an Coimisiún
as a Scéala ‘Margadh Aonair le haghaidh Ceart Maoine Intleachtúla an 24 Bealtaine 2011[29] ná go bhfuil gá ann an córas
trádmhairc san Aontas a nuachóiriú trí é a dhéanamh níos éifeachtaí, níos
éifeachtúla agus níos comhsheasmhaí ina iomláine agus a oiriúnú do ré an
Idirlín. (8) I gcomhthráth leis na
feabhsuithe agus leasuithe ar chóras trádmhairc an Chomhphobail, ba cheart
dlíthe agus cleachtais trádmhairc náisiúnta a chomhchuibhiú tuilleadh agus a
chur i gcomhréir le córas trádmhairc an Aontais de réir mar is iomchuí d’fhonn
coinníollacha comhionanna maidir le clárú agus cosaint trádmharcanna ar fud an
Aontais a chruthú oiread agus is féidir. (9) Chun níos mó solúbthachta a
cheadú, agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú maidir leis na
modhanna trádmharcanna a léiriú, ba cheart an ceanglas go mbeadh inléiritheacht
ghrafach ann a bhaint de shainmhíniú trádmhairc Eorpaigh. Ba cheart go
gceadófaí comhartha a léiriú in aon fhoirm iomchuí, agus mar sin ní gá go
mbeadh sé trí mhodh grafach, a fhad agus a cheadaíonn an léiriú do na húdaráis
inniúla agus don phobal ábhar cruinn na cosanta a chinneadh go cruinn agus go
soiléir. (10) Ní théann forálacha reatha
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 chomh fada leis an gcosaint chéanna a
thabhairt do shonrúcháin tionscnaimh agus do shonraí geografacha agus a thugtar
in ionstraimí eile de chuid dhlí an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, na
dearbhfhorais lena dhiúltú a bhaineann le sonrúcháin tionscnaimh agus sonraí
geografacha a shoiléiriú agus comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht Aontais
ábhartha lena bhforáiltear do chosaint na dteideal maoine intleachtúla sin a
áirithiú. Ar mhaithe le comhtháthú le reachtaíocht Aontais eile, ba cheart raon
feidhme na ndearbhfhoras sin a shíneadh chun téarmaí traidisiúnta faoi chosaint
le haghaidh fíona agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht a chumhdach
freisin. (11) Níor
cheart go mbeadh cosaint tuillte ag trádmharcanna a ndéantar iarratas orthu i
script nó teanga nach bhfuil intuisceana san Aontas más rud é nach mór iad a
dhiúltú ar dhearbhfhorais tráth a aistrítear nó a thras‑scríobhtar iad go
haon teanga oifigiúil de na Ballstáit. (12) Is iomchuí sealbhú mímhacánta
trádmharcanna a dhéanamh níos deacra trí na deiseanna a leathnú chun dul i
bhfreasúra le hiarratais trádmhairc Eorpaigh a comhdaíodh de mheon mímhacánta. (13) Ar mhaithe le cosaint láidir
na gceart i sonrúcháin tionscnaimh agus sonraí geografacha atá faoi chosaint ag
leibhéal an Aontais a chothabháil, is gá a shoiléiriú go dtugtar leis na cearta
sin teideal chun dul i bhfreasúra le clárú trádmhairc Eorpaigh níos déanaí, is
cuma cé acu an forais lena dhiúltú a bheidh le cur san áireamh ar bhealach ex
officio ag an scrúdaitheoir iad chomh maith nó nach iad. (14) D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil
agus comhsheasmhacht iomlán le prionsabal na tosaíochta a áirithiú, ar
prionsabal é ar go mbeidh tosaíocht ag trádmharc a cláraíodh roimhe sin ar
thrádmharcanna a cláraíodh dá eis sin dá réir, is gá a leagann síos nach mbeadh
forfheidhmiú na gceart a thugann an trádmharc Eorpach gan dochar do chearta na
ndílseánach a fuarthas roimh an trádmharc Eorpach a chomhdú nó roimh dháta
tosaíochta an trádmhairc Eorpaigh. Is i gcomhréir le hAirteagal 16(1) den
Chomhaontú maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le
trádáil an 15 Aibreán 1994 é seo[30]. (15) D’fhonn deimhneacht agus
soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú go dtugtar cosaint do
thrádmharc Eorpach, ní amháin i gcás comhchosúlachta ach i gcás go n‑úsáidfí
comhartha comhionann le haghaidh earraí nó seirbhísí comhionanna chomh maith,
ach sa chás amháin go ndéantar dochar do phríomhfheidhm an trádmhairc Eorpaigh,
ar feidhm í tionscnamh tráchtála na n‑earraí nó na seirbhísí a ráthú,
agus sa mhéid sin amháin. (16) D’fhéadfadh go mbeadh foinse
tráchtála na n‑earraí nó na seirbhísí ina cúis mearbhaill nuair a
bhaineann cuideachta úsáid as an gcomhartha céanna nó comhartha comhchosúil mar
thrádainm ar dhóigh a bhunaítear nasc idir an chuideachta lena ngabhann an t‑ainm
agus na hearraí nó seirbhísí a thagann ón gcuideachta sin. Ba cheart dá bhrí
sin go gcuimseodh sárú ar thrádmharc Eorpach úsáid an chomhartha mar thrádainm
nó sonrúchán comhchosúil freisin a fhad agus a bhaintear úsáid as d’fhonn
earraí nó seirbhísí a idirdhealú maidir lena dtionscnamh tráchtála. (17) D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil
agus comhsheasmhacht iomlán le reachtaíocht shonrach Aontais a áirithiú, is
iomchuí a fhoráil gur cheart go mbeadh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc
Eorpaigh cosc a chur ar thríú páirtí comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach
i gcás go mbeadh fógraíocht chomparáideach den sórt sin contrártha le Treoir 2006/114/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 a
bhaineann le fógraíocht mhíthreorach agus chomparáideach[31]. (18) Ar mhaithe le cosaint trádmharcanna
a neartú agus góchumadh a chomhrac níos éifeachtúla, ba cheart go mbeadh
dílseánach trádmhairc Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar thríú páirtithe ó
earraí a thabhairt isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a bheith
scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, i gcás ina thagann earraí den sort
sin ó thríú tíortha agus ina mbíonn trádmharc is ionann go bunúsach agus an
trádmharc Eorpach a cláraíodh i leith earraí den sórt sin orthu gan údarú. (19) D’fhonn cosc níos éifeachtaí a
chur ar theacht isteach na n‑earraí sáraitheacha, go háirithe i
gcomhthéacs díola ar an Idirlíon, ba cheart go mbeadh an dílseánach i dteideal
allmhairiúchán earraí den sórt sin chuig an Aontas a
thoirmeasc, más rud é gurb é an coinsíneoir amháin a ghníomhaíonn chun
críocha tráchtála. (20) D’fhonn cumasú do dhílseánaigh
trádmharcanna Eorpacha an góchumadh a chomhrac níos éifeachtaí, ba cheart go
mbeadh siad i dteideal greamú mairc sháraithigh ar earraí agus gníomhartha
ullmhúcháin a rinneadh roimh an ngreamú a thoirmeasc. (21) Níor
cheart go gcuirfí na cearta eisiacha a thugann an trádmharc Eorpach an
dílseánach i dteideal cosc a chur ar úsáid comharthaí ná sonrúcháin a úsáidtear
go macánta agus i gcomhréir le cleachtais mhacánta in ábhair tionsclaíocha agus
tráchtála. D’fhonn coinníollacha comhionanna maidir le trádainmneacha agus
trádmharcanna i gcás coinbhleachtaí a chruthú, agus aird á tabhairt ar an
bhfíric go ndeonaítear cosaint neamhshrianta go rialta do thrádainmneacha i
gcoinne trádmharcanna níos déanaí, ba cheart a mheas go n‑áirítear le
húsáid den sórt sin úsáid an ainm phearsanta féin amháin. De bhreis air sin, ba
cheart go n‑áireofaí úsáid comharthaí tuairisciúla nó neamhshainiúla nó
úsáid sonrúchán tuairisciúil nó neamhshainiúil i gcoitinne. Thairis sin, níor cheart
go mbeadh an dílseánach i dteideal cosc a chur ar úsáid ghinearálta chothrom
agus mhacánta an trádmhairc Eorpaigh maidir le sainaithint a dhéanamh ar nó
tagairt a dhéanamh do na hearraí nó seirbhísí mar earraí nó seirbhísí an
dílseánaigh. (22) D’fhonn
deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus cearta trádmhairc a fuarthas go
dlisteanach a chosaint, is iomchuí agus is gá go leagfaí síos, gan difear á
dhéanamh don phrionsabal nach féidir an trádmharc níos déanaí a fhorfheidhmiú i
gcoinne an trádmhairc níos luaithe, nár cheart go mbeadh dílseánaigh
trádmharcanna Eorpacha i dteideal dul i bhfreasúra úsáid trádmhairc níos déanaí
i gcás inar fuarthas an trádmharc níos déanaí tráth nach bhféadfaí an trádmharc
níos luaithe a fhorfheidhmiú i gcoinne an trádmhairc níos déanaí. (23) Ar chúiseanna cothromais agus
deimhneachta dlíthiúla ba cheart go mbeadh úsáid trádmhairc Eorpaigh i bhfoirm
atá éagsúil ó thaobh eilimintí nach n‑athraítear saintréith an mhairc san
fhoirm inar cláraíodh é leordhóthanach chun na cearta a thugtar a chaomhnú is
cuma cé acu an gcláraítear an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear nó nach
gcláraítear. (24) Le
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, tugtar cumhachtaí don Choimisiún d’fhonn
rialacha lena gcuirtear an Rialachán chun feidhme a ghlacadh. Mar gheall ar
theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní foláir na cumhachtaí a thugtar don
Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a ailíniú le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. (25) Tá sé tábhachtach, go
háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal saineolaí. Ba cheart don
Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas,
a áirithiú go ndéanfaí doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. (26) D’fhonn clárú éifeachtach na
ngníomhartha dlíthiúla a bhaineann leis an trádmharc Eorpach mar ní maoine a
áirithiú agus chun a áirithiú go mbeidh trédhearcacht iomlán i gceist maidir le
clár na dtrádmharcanna Eorpacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a
tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hoibleagáidí áirithe an iarratasóra
maidir le trádmharcanna sonracha a shonrú, sonraí na nósanna imeachta maidir le
haistriú na dtrádmharcanna Eorpacha a thaifeadadh, ceart in rem a chruthú agus
a aistriú, tobhach an fhorghníomhaithe, baint le linn imeachta dócmhainneachta
agus ceadúnas sa Chlár a dheonú nó a aistriú agus iontrálacha ábhartha a chur
ar ceal nó a mhodhnú. (27) Ag féachaint do mhionlíon na n‑iarratas
trádmhairc Chomhphobail a chomhdaítear ag lároifigí maoine intleachtúla na
mBallstát ('oifigí na mBallstát') agus ó tharla go bhfuil an líon sin ag
meathlú de réir a chéile, ba cheart go gceadófaí iarratas trádmhairc Eorpaigh a
chomhdú ag an nGníomhaireacht amháin. (28) Deonaítear cosaint trádmhairc
Eorpaigh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a socraíonn a gcineál agus a líon méid
na cosanta a thugtar d’úinéir an trádmhairc. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin,
rialacha maidir le sonrúchán agus aicmiúchán na n‑earraí agus seirbhísí i
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 a bhunú agus deimhneacht dhlíthiúil agus
dea-rialachas a áirithiú trí cheangal go sainaithneodh an t‑iarratasóir
na hearraí agus seirbhísí ar iarradh cosaint trádmhairc ina leith le
soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla
agus oibreoirí eacnamaíochta in ann, ar bhonn an iarratais amháin, méid na
cosanta iarradh a shocrú. Ba cheart go léireofaí úsáid téarmaí ginearálta sa
chaoi is go n‑áireofar amháin gach earra agus seirbhís a chuimsítear go
soiléir ag brí liteartha an téarma. Ba cheart go dtabharfaí an deis do
dhílseanaigh trádmharcanna Eorpacha, ar trádmharcanna iad a chláraítear i leith
ceannteideal iomlán aicme de chuid Aicmiúchán Nice mar gheall ar iarchleachtas
na Gníomhaireachta, a gcuid sonrúchán ar earraí agus seirbhísí a oiriúnú
d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann inneachar an chláir na caighdeáin is gá a
bhaineann le soiléireacht agus beachtas i gcomhréir le cásdlí Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. (29) D’fhonn córas éifeachtach agus
éifeachtúil maidir le iarratais trádmhairc Eorpaigh a chomhdú lena n‑áirítear
éilimh tosaíochta agus shinsearachta a sholáthar, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na modhanna agus rialacha
mionsonraithe a shonrú maidir le hiarratas trádmhairc Eorpaigh a chomhdú, leis
na sonraí maidir le coinníollacha foirmiúla iarratais trádmhairc Eorpaigh, le
hinneachar an iarratais, le cineál an táille iarratais, mar aon leis na sonraí
a bhaineann leis na nósanna imeachta maidir le cómhalartacht a dhearbhú, le
tosaíocht iarratais a rinneadh roimhe seo, tosaíocht taispeántais agus
sinsearacht trádmhairc náisiúnta a éileamh. (30) Níl córas reatha na gcuardach
trádmhairc Eorpaigh agus náisiúnta iontaofa ná éifeachtúil. Ba cheart, dá bhrí
sin go n‑athrófaí an córas trí innill chuardaigh tapa agus cumhachtacha
atá uilechuimsitheach a chur ar fail le haghaidh úsáide saoire ag an bpobal
laistigh de chomhthéacs an chomhoibrithe idir an Ghníomhaireacht agus oifigí na
mBallstát. (31) D’fhonn breithniú agus clárú
éifeachtach, éifeachtúil agus gasta ag an nGníomhaireacht a áirithiú trí úsáid
a bhaint as nósanna imeachta atá trédhearcach, cruinn, cothrom agus
cothromasach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i
ndáil leis na sonraí ar na nósanna imeachta a bhaineann leis an scrúdú ar
chomhlíontacht leis na ceanglais maidir leis an dáta comhdaithe, leis na
nósanna imeachta maidir le híocaíocht na dtáillí aicme a dheimhniú agus maidir
leis na dearbfhorais lena dhiúltú a scrúdú, leis na sonraí a bhaineann leis an
iarratas a fhoilsiú, leis na nósanna imeachta maidir le botúin agus earráidí i
bhfoilseacháin na n‑iarratas a cheartú, leis na sonraí maidir leis na
nósanna imeachta a bhaineann le tuairimí ó thríú páirtithe, leis na sonraí
maidir leis an nós imeachta freasúra, leis na sonraí ar na nósanna imeachta
maidir le freasúra a chomhdú agus a scrúdú agus na nósanna imeachta lena
rialaítear leasú agus roinnt an iarratais, leis na sonraí le bheith taifeadta
sa Chlár tráth a chláraítear trádmharc Eorpach, leis na rialacha mionsonraithe
maidir leis an gclár a fhoilsiú agus leis an inneachar agus na rialacha
mionsonraithe a bhaineann le deimhniú clárúcháin a shonrú. (32) Ionas go bhféadfar
trádmharcanna Eorpacha a athnuachan ar mhodh éifeachtach agus éifeachtúil agus
go bhféadfar na forálacha maidir le hathrú agus roinnt iarbhír trádmhairc
Eorpaigh a chur chun feidhme gan amhras a tharraingt ar dheimhneacht
dhlíthiúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i
ndáil leis na rialacha mionsonraithe maidir leis an trádmharc Eorpach a
athnuachan agus leis na nósanna imeachta lena rialaítear athrú agus roinnt
trádmhairc Eorpaigh a shonrú. (33) Ionas go gceadófar do
dhílseánach trádmhairc Eorpaigh trádmharc Eorpach a thabhairt suas go furasta,
agus cearta tríú páirtithe a iontráladh sa chlár maidir leis an marc sin á n‑urramú,
agus go n‑áireofar go bhféadfar trádmharc Eorpach a chúlghairm nó a
dhearbhú go bhfuil sé neamhbhailí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trí
nósanna imeachta trédhearcacha, cruinne, cothroma agus cothromasacha, agus go
gcuirfear san áireamh na prionsabail a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart
an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis an nós imeachta lena
rialaítear trádmharc Eorpach a thabhairt suas mar aon leis na nósanna imeachta
le haghaidh cúlghairme agus neamhbhailithe a shonrú. (34) Chun foráil a dhéanamh
d’athbhreithniú éifeachtach, éifeachtúil agus iomlán ag na Boird Achomhairc ar
chinntí na Gníomhaireachta trí nós imeachta trédhearcach, cruinn, cothrom agus
cothromasach lena gcuirtear san áireamh na prionsabail a leagtar síos i
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a
tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na sonraí ar inneachar an fhógra
achomhairc, leis an nós imeachta chun achomharc a chomhdú agus a scrúdú, le
hinneachar agus foirm chinntí na mBord Achomhairc agus leis na táillí
achomhairc a chúiteamh a shonrú. (35) Chun na forálacha atá ann
cheana maidir le cómharcanna Comhphobail a chomhlánú agus chun an
mhíchothromaíocht atá ann faoi láthair idir córais náisiúnta agus an córas
trádmhairc Eorpaigh a leigheas, tá sé riachtanach sraith forálacha sonracha a
chur leo chun cosaint a thabhairt do mharcanna deimhniúcháin Eorpacha a
cheadaíonn d’institiúid nó eagraíocht deimhníochta iad siúd a chloíonn leis an
gcóras deimhniúcháin a cheadú úsáid a bhaint as an marc mar chomhartha le
haghaidh earraí nó seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais deimhniúcháin. (36) Ionas go bhféadfar cómharcanna
Eorpacha agus marcanna deimhniúcháin Eorpacha a úsáid go héifeachtach agus go
héifeachtúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i
ndáil leis na tréimhsí chun na rialacháin lena rialaítear úsáid na marcanna sin
agus an inneachair díobh a chur isteach a shonrú. (37) Ba léir
ón taithí a fuarthas le linn chóras reatha na dtrádmharcanna Comhphobail a chur
chun feidhme go bhféadfaí gnéithe áirithe den nós imeachta a fheabhsú. Dá bhrí
sin, ba cheart bearta áirithe a ghlacadh chun nósanna imeachta a shimpliú agus
a bhrostú más iomchuí agus chun feabhas a chur ar dheimhneacht agus
intuarthacht dhlíthiúil más gá sin. (38) D’fhonn feidhmiú rianúil,
éifeachtach agus éifeachtúil an chórais trádmhairc Eorpaigh a áirithiú, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na ceanglais maidir le
foirm na gcinntí, leis na sonraí ar imeachtaí ó bhéal agus na rialacha
mionsonraithe maidir le fianaise a thógáil, leis na rialacha mionsonraithe a
bhaineann le fógraíocht, leis an nós imeachta maidir le caillteanas ceart a
nótáil, leis na modhanna cumarsáide agus na foirmeacha le húsáid ag na
páirtithe sna himeachtaí, leis na rialacha lena rialaítear ríomh agus fad na
dteorainneacha ama, leis na nósanna imeachta maidir le cinneadh a chúlghairm nó
maidir le hiontráil sa Chlár a chur ar ceal agus maidir le hearráidí soiléire i
gcinntí agus earráidí is inchurtha i leith na Gníomhaireachta a cheartú, leis
na rialacha mionsonraithe maidir le comhoibriú riaracháin idir an
Ghníomhaireacht agus údaráis na mBallstát, agus leis na sonraí maidir le
hionadaíocht os comhair na Gníomhaireachta a shonrú. (39) Ar chúiseanna deimhneachta
dlíthiúla agus trédhearcachta níos fearr, is iomchuí cúraimí uile na
Gníomhaireachta a shonrú go soiléir lena n‑áirítear na cúraimí nach
mbaineann le bainistíocht chóras trádmhairc an Aontais. (40) Ar mhaithe le coinbhéirseacht
cleachtas a chur chun cinn agus comhuirlisí a fhorbairt, tá sé riachtanach
creat iomchuí i gcomhair comhair idir an Ghníomhaireacht agus oifigí na
mBallstát a bhunú, lena sonraítear go soiléir réimsí an chomhair agus lena
chumasú don Ghníomhaireacht comhthionscadail ábhartha ar mhaithe le leas an
Aontais a chomhordú agus na comhthionscadail sin a mhaoiniú, suas go méid
uasta, trí dheontais. Ba cheart go mbeadh na gníomhartha comhair sin tairbhiúil
do ghnóthais a bhaineann úsáid as córais trádmhairc san Eoraip. Maidir le
úsáideoirí chóras an Aontais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart go
soláthródh na comhthionscadail, go háirithe na bunachair sonraí i gcomhair
críocha cuardaigh agus comhairliúcháin, uirlisí éifeachtúla agus saor in aisce
chun cloí leis na ceanglais shonracha a thagann as saintréith aonadach an
trádmhairc Eorpaigh. (41) Ba cheart prionsabail áirithe
maidir le rialachas na Gníomhaireachta a athchóiriú don Chur Chuige Coiteann i
ndáil le gníomhaireachtaí díláraithe an AE a ghlac Parlaimint na hEorpa, an
Chomhairle agus an Coimisiún an Iúl 2012. (42) Ar
mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr, is gá roinnt
forálacha a bhaineann le heagrú agus le feidhmiú na Gníomhaireachta a
nuashonrú. (43) Ar
mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart carnadh barrachas
buiséadach móra sheachaint. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar don
Ghníomhaireacht cúlchiste airgeadais a chuimsítear bliain amháin dá caiteachas
oibríochtúil a chothabháil chun leanúnachas a cuid oibríochtaí agus cur i
bhfeidhm a cuid cúraimí a áirithiú. (44) Ionas go
bhféadfar iarratas nó clárú trádmhairc Eorpaigh a chomhshó go héifeachtach agus
go héifeachtúil go hiarratas trádmhairc náisiúnta sa chaoi go n‑áireofar
go scrúdófar na ceanglais ábhartha go cruinn, ba cheart an chumhacht chun
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na coinníollacha foirmiúla
lena gcomhlíonfar iarratas le haghaidh comhshó agus sonraí a bhaineann lena
scrúdú agus foilsiú a shocrú. (45) Chun modh
éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach a áirithiú, chun
comhsheasmhacht leis an gcóras teanga a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009,
cinntí ar ábhar simplí a thabhairt go gasta, agus eagrúchán éifeachtach agus
éifeachtúil na mBord Achomhairc a áirithiú, agus chun leibhéal iomchuí agus
réalaíoch na dtáillí a mbeidh le gearradh ag an nGníomhaireacht a ráthú, agus
na prionsabail bhuiséadacha a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 207/2009
á gcomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean don Choimisiún i
ndáil leis na sonraí a bhaineann leis na teangacha le húsáid os comhair na
Gníomhaireachta, leis na cásanna ina bhfuil cinntí freasúra agus cealúcháin le
déanamh ag comhalta aonair, leis na sonraí a bhaineann le heagrúchán na mBord
Achomhairc, le méideanna na dtáillí a mbeidh le híoc don Ghníomhaireacht agus
na sonraí a bhaineann lena n‑íocaíocht a shonrú. (46) D’fhonn a
áirithiú go gclárófar na trádmharcanna idirnáisiúnta go héifeachtach agus go
héifeachtúil i gcomhsheasmhacht iomlán le rialacha an Phrótacail a bhaineann le
Comhaontú Mhaidrid maidir le clárú idirnáisiúnta marcanna, ba cheart an chumhacht
chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean don Choimisiún i ndáil leis na sonraí ar na nósanna
imeachta a bhaineann le clárú idirnáisiúnta trádmharcanna a shonrú. (47) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán
(CE) Uimh. 207/2009 a leasú dá réir sin. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 mar seo a leanas: (1)
Sa teideal, cuirtear ‘trádmharc Eorpach’ in ionad
‘trádmharc Comhphobail’; (2)
Ar fud an Rialacháin, cuirtear ‘trádmharc Eorpach’
in ionad na bhfocal ‘trádmharc Comhphobail’ agus déantar aon athruithe gramadaí
is gá; (3)
Ar fud an Rialacháin, cuirtear ‘cúirt trádmhairc de
chuid an Chomhphobail’ in ionad na bhfocal ‘cúirt trádmhairc de chuid an
Aontais’ agus déantar aon athruithe gramadaí is gá; (4)
Ar fud an Rialacháin, cuirtear ‘cómharc Eorpach’ in
ionad na bhfocal ‘cómharc Comhphobail’ agus déantar aon athruithe gramadaí is
gá; (5)
Ar fud an Rialacháin, seachas sna cásanna dá
dtagraítear i bpointe (2), i bpointe (3) agus i bpointe (4), cuirtear ‘Aontas’
in ionad na bhfocal ‘Comhphobal’, ‘Comhphobal Eorpach’ agus ‘Comhphobail
Eorpacha’ agus déantar aon athruithe gramadaí is gá; (6)
Ar fud an Rialacháin, cuirtear ‘Gníomhaireacht’ in
ionad an fhocail ‘Oifig’, sa mhéid go dtagraíonn sé d’Oifig um Chomhchuibhiú sa
Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí) dá bhforáiltear in Airteagal 2
den Rialachán agus déantar aon athruithe gramadaí is gá; (7)
Ar fud an Rialacháin, cuirtear ‘Stiúrthóir
Feidhmiúcháin’ in ionad an fhocail ‘Uachtarán’ agus déantar aon athruithe
gramadaí is gá; (8)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 2: 'Airteagal 2
Gníomhaireacht 1. Bunófar leis seo Gníomhaireacht an Aontais
Eorpach um Thrádmharcanna agus Dhearaí, dá ngairfear ‘an Ghníomhaireacht’ anseo
feasta. 2. Léifear gach tagairt i ndlí an Aontais don
Oifig um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (trádmharcanna agus dearaí)mar
thagairtí don Ghníomhaireacht.'; (9)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 4: 'Airteagal 4
Comharthaí a bhféadfar a chur san áireamh i dtrádmharc Eorpach Is éard a bheidh i dtrádmharc Eorpach aon
chomharthaí, go háirithe focail, lena n‑áirítear ainmneacha pearsanta,
dearaí, litreacha, uimhreacha, dathanna sa cháil sin dóibh, cruth earraí nó a
bpacáistíochta, nó fuaimeanna, ar choinníoll go bhféadfaidh comharthaí den sórt
sin (a) earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais amháin a
idirdhealú ó earraí nó seirbhísí de chuid gnóthais eile; (b) léiriú ar dhóigh a thugann cumas do na
húdaráis inniúla agus don phobal ábhar cruinn na cosanta a thugtar dá
dílseánach a chinneadh.'; (10)
Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas: (a)
I mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
pointe (j) agus pointe (k): '(j) trádmharcanna a eisítear ó chlárú agus nach
leanfar ar aghaidh á n‑úsáid de bhun reachtaíocht an Aontais nó
comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí é an tAontas iontu, a fhorálann go
gcosnófar sonrúcháin tionscnaimh agus sonraí geografacha; (k) trádmharcanna a eisítear ó chlárú de bhun
reachtaíocht an Aontais nó comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí é an tAontas
iontu, a fhorálann go gcosnófar téarmaí traidisiúnta le haghaidh fíona agus
sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht.'; (l) trádmharcanna ina bhfuil nó atá déanta as
ainmniú éagsúlachta a bhí ann roimhe arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 2100/94 an 27 Iúil 1994 maidir le cearta éagsúlachta plandaí i leith
an chineáil chéanna táirge.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 2: '2. Beidh feidhm ag mír 1 d’ainneoin go mbeidh
forais na neamh‑inchláraitheachta i réim: (a) i gcuid amháin den Aontas; (b) ach amháin má aistrítear nó má thras‑scríobhtar
trádmharc a bhí i dteanga eachtrach go script nó teanga oifigiúil Ballstáit.'; (11)
Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 3: '3. Ar dhul i bhfreasúra ag dílseánach an
trádmhairc, ní chlárófar trádmharc: (a) i gcás ina gcuireann gníomhaire nó ionadaí
isteach ar chlárúchán de ina ainm féin gan údarú a fháil ón dílseánach, mura
dtugann gníomhaire nó ionadaí údar lena bheart; (b) i gcás go bhféadfaí an trádmharc a mheascadh
le trádmharc níos luaithe ar tugadh cosaint dó lasmuigh den Aontas, ar
choinníoll go raibh an trádmharc níos luaithe, ag dáta an iarratais, fós i
bhfíorúsáid agus go raibh an t‑iarratasóir ag gníomhú de mheon
mímhacánta.'; (b)
i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an
fhrása réamhráitigh: '4. Ar dhul i bhfreasúra ag
dílseánach trádmhairc neamhchláraithe nó comhartha eile a úsáidtear i gcúrsa
trádála de thábhacht níos mó ná tábhacht áitiúil amháin, ní chlárófar an
trádmharc a ndearnadh iarratas air i gcás ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, de
bhun reachtaíocht Aontais lena bhforáiltear do chosaint shonrúcháin tionscnaimh
agus sonraí geografacha, nó de bhun dhlíthe an Bhallstáit lena rialaíltear an
comhartha sin:' (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 5: '5. Ar dhul i bhfreasúra ag dílseánach trádmhairc
níos luaithe de réir bhrí mír 2, ní chlárófar an trádmharc a ndearnadh iarratas
air i gcás ina bhfuil sé comhionann le, nó cosúil le, trádmharc níos luaithe is
cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hearraí nó seirbhísí a ndearnadh
iarratas air ina leith comhionann leis, cosúil leis nó neamhchosúil leis na
hearraí nó seirbhísí ar chucu a cláraíodh an trádmharc níos luaithe, más rud é
go bhfuil clú ar an trádmharc san Aontas, i gcás trádmhairc Eorpaigh níos
luaithe, nó más rud é go bhfuil clú ar an trádmharc sa Bhallstát lena
mbaineann, i gcás trádmharc náisiúnta níos luaithe, agus más rud é go
mbainfeadh úsáid an trádmhairc a ndearnadh iarratas air, gan chúis chuí,
buntáiste éagórach as saintréith nó clú an trádmhairc níos luaithe, nó go
ndéanfadh sé dochar dóibh.'; (12)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 9: 'Airteagal 9
Cearta a thugann trádmharc Eorpach 1. Tabharfar cearta eisiacha don dílseánach le
clárú trádmhairc Eorpaigh. 2. Gan dochar do chearta na ndílseánach a fuarthas
roimh dháta comhdaithe nó ag dáta comhdaithe an trádmhairc Eorpaigh, beidh
dílseánach an trádmhairc Eorpaigh i dteideal cosc a chur ar gach tríú páirtí
nach bhfuil a chomhthoil acu úsáid a bhaint as aon chomhartha i gcúrsa trádála
maidir le hearraí nó seirbhísí más rud é: (a)
go bhfuil an comhartha comhionann leis an trádmharc
Eorpach agus go mbaintear úsáid as maidir le hearraí nó seirbhísí atá
comhionann leo siúd ar cláraíodh an trádmharc Eorpach ina leith, agus más rud é
go ndéanann úsáid den sórt sin dochar do nó go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh
d’fheidhmiú an trádmhairc Eorpaigh chun ráthaíocht a thabhairt do thomhaltóirí
maidir le tionscnamh na n‑earraí nó seirbhísí; (b)
go bhfuil an comhartha comhionann leis, nó cosúil
leis an trádmharc Eorpach agus go mbaintear úsáid as le haghaidh earraí nó
seirbhísí atá comhionann le nó cosúil leis na hearraí nó seirbhísí ar cláraíodh
an trádmharc Eorpach ina leith, más rud é gur dócha go mbeadh mearbhall ag an
bpobal; áirítear leis an dóchúlacht mhearbhaill an dóchúlacht de chomhcheangal
idir an comhartha agus an trádmharc; (c)
go bhfuil an comhartha comhionann leis, nó cosúil
leis an trádmharc Eorpach is cuma cé acu an mbaintear úsáid as nó nach
mbaintear maidir le hearraí nó seirbhísí atá comhionann leo, cosúil leo nó
neamhchosúil leo siúd ar cláraíodh an trádmharc Eorpach dóibh, más rud é go
bhfuil clú ar an gceann deireanach san Aontas agus más rud é go mbaineann úsáid
an chomhartha sin gan chúis chuí buntáiste éagórach as saintréith nó clú an
trádmhairc Eorpaigh, nó go ndéanann sé dochar dóibh. 3. Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a
thoirmeasc faoi mhír 2: (a)
an comhartha a ghreamú ar na hearraí nó ar an
bpacáistíocht díobh; (b)
na hearraí a thairiscint, a chur ar an margadh nó a
stocáil chun na gcríoch sin faoin gcomhartha sin, nó seirbhísí a thairiscint nó
a sholáthar faoi; (c)
na hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú faoin
gcomhartha sin; (d)
an comhartha a úsáid mar thrádainm nó ainm
cuideachta nó mar chuid de thrádainm nó ainm cuideachta; (e)
an comhartha a úsáid ar pháipéir ghnó agus i
bhfógraíocht; (f)
an comhartha a úsáid i bhfógraíocht chomparáideach
ar bhealach atá ar neamhréir le Treoir 2006/114/CE. 4. Beidh dílseánach trádmhairc Eorpaigh i dteideal
chomh maith cosc a chur ar earraí dá dtagraítear i mír 3(c) a allmhairiú i gcás
ina ngníomhaíonn coinsíneoir na n‑earraí amháin chun críoch tráchtála. 5. Beidh dílseánach trádmhairc Eorpaigh i dteideal
chomh maith cosc a chur ar gach tríú páirtí ó earraí a thabhairt isteach, i
gcomhthéacs gníomhaíochta tráchtála, i gcríoch chustaim an Aontais gan a bheith
scaoilte le haghaidh saorchúrsaíochta ansin, más rud é go dtagann earraí den
sórt sin, lena n-áirítear pacáistíocht, ó thríú tíortha agus go mbíonn
trádmharc acu, gan údarú, atá comhionann leis an trádmharc Eorpach a cláraíodh
i leith earraí den sórt sin, nó nach féidir a sainghnéithe a idirdhealú ón
trádmharc sin.'; (13)
Cuirtear isteach Airteagal 9a agus Airteagal 9b
mar seo a leanas: 'Airteagal 9a
Cearta an dílseánaigh a shárú trí húsáid feisteáin, pacáistíochta nó trí
mhodhanna eile Más cosúil go mbainfear úsáid as an bhfeisteán, as
an bpacáistíocht nó as modhanna eile lena ngreamaítear an marc le haghaidh
earraí nó seirbhísí agus go mbeadh an úsáid maidir leis na hearraí nó seirbhísí
sin ina sárú ar chearta an dílseánaigh faoi Airteagal 9(2) agus (3), beidh
de cheart ag dílseánach an trádmhairc Eorpaigh an méid seo a leanas a
thoirmeasc: (a)
comhartha atá comhionann le nó cosúil leis an
trádmharc Eorpach a ghreamú, i gcúrsa tráchtála, ar fheisteán, ar phacáistíocht
nó ar mhodhanna eile ar ar féidir an marc a ghreamú; (b)
feisteán, pacáistíocht nó modhanna eile ar a
ghreamaítear an marc a thairiscint nó a chur ar an margadh, nó a stocáil chun
na gcrích sin, nó a allmhairiú nó a onnmhairiú. Airteagal 9b
Dáta na gceart atá i réim i gcoinne tríú páirtithe 1. Ní bheidh na cearta a
thugann an trádmharc Eorpach i réim i gcoinne tríú páirtithe ó dháta foilsithe
chlárú an trádmhairc. 2. Féadfar cúiteamh réasúnach a éileamh i leith
gníomhartha a tharlaíonn i ndiaidh dáta foilsithe an iarratais ar thrádmharc
Eorpach, más rud é go dtoirmiscfí na gníomhartha sin, i ndiaidh clárú an
trádmhairc a fhoilsiú, de bhua an fhoilseacháin sin. 3. Ní fhéadfar an chúirt a mbeidh an cás os a
comhair an cás cinneadh a dhéanamh ar thuillteanais an cháis go dtí go
bhfoilseofar an clárú.'; (14)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 12: 'Airteagal 12
Teorainn a chur le héifeachtaí trádmhairc Eorpaigh 1. Ní bheidh an dílseánach i dteideal, mar gheall
ar thrádmharc Eorpach, cosc a chur ar thríú páirtí ó úsáid a bhaint as an méid
seo a leanas i gcúrsa trádála: (a)
a ainm pearsanta féin nó a sheoladh pearsanta féin; (b)
comharthaí nó sonrúcháin nach bhfuil sainiúil nó a
bhaineann le cineál, cáilíocht, cainníocht, cuspóir beartaithe, tionscnamh
geografach, am táirgeachta na n‑earraí, nó soláthar seirbhíse nó tréithe
eile na n‑earraí nó seirbhísí;; (c)
an trádmharc chun críocha sainaithint a dhéanamh ar
nó tagairt a dhéanamh d’earraí nó seirbhísí mar earraí nó seirbhísí de chuid
dhílseánach an trádmhairc, go háirithe, más rud é go bhfuil úsáid an trádmhairc
riachtanach chun an cuspóir ar ceapadh an táirge nó seirbhís dó a shonrú, go
háirithe mar ghabhálais nó páirteanna spártha. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír ach amháin
más rud é go mbeidh an úsáid a mbainfidh an tríú páirtí as i gcomhréir le
cleachtais mhacánta i gcúrsaí tionslaíocha nó tráchtála. 2. Measfar nach mbeidh úsáid tríú páirtí i
gcomhréir le cleachtais mhacánta, go háirithe in aon cheann de na cásanna seo a
leanas: (a)
má thugann sé le tuiscint go bhfuil nasc tráchtála
idir an tríú páirtí agus dílseánach an trádmhairc; (b)
go mbaineann sé buntáiste éagórach as saintréith nó
clú an trádmhairc, nó go ndéanann sé dochar dó, gan chúis chuí.'; (15)
In Airteagal 13(1), cuirtear 'sa Limistéar
Eorpach Eacnamaíoch' in ionad na bhfocal 'sa Chomhphobal'.; (16)
Cuirtear isteach Airteagal 13a mar seo a
leanas: 'Airteagal 13a
Ceart idirghabhála de dhílseánach trádmhairc a cláraíodh níos déanaí mar
chosaint in imeachtaí um shárú 1. Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh
dílseánach trádmhairc Eorpaigh i dteideal úsáid trádmhairc Eorpaigh a cláraíodh
níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófar go bhfuil an trádmharc níos
déanaí sin neamhbhailí de bhun Airteagail 53(3) agus (4), Airteagail 54(1)
agus (2) agus Airteagail 57(2). 2. Le linn imeachtaí um shárú, ní bheidh
dílseánach trádmhairc Eorpaigh i dteideal úsáid trádmhairc náisiúnta a
cláraíodh níos déanaí a thoirmeasc más rud é nach ndearbhófar go bhfuil an
trádmharc sin a cláraíodh níos déanaí neamhbhailí de bhun Airteagail 8, Airteagail 9(1)
agus (2) agus Airteagail 48(3) de Theoir [xxx]. 3. I gcás nach mbeidh dílseánach trádmhairc
Eorpaigh i dteideal úsáid trádmhairc a cláraíodh níos déanaí de bhun mhír 1 nó
mhír 2 a thoirmeasc, ní bheidh dílseánach an trádmhairc sin a cláraíodh níos
déanaí i dteideal úsáid an trádmhairc Eorpaigh níos luaithe sin a thoirmeasc le
linn imeachtaí um shárú.'; (17)
In Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad na dara fomhíre: 'Beidh úsáid de réir bhrí na chéad fomhíre i
gceist leis an méid seo a leanas: (a)
trádmharc Eorpach a úsáid i bhfoirm atá éagsúil ó
thaobh eilimintí nach n‑athraíonn saintréith an mhairc san fhoirm inar
cláraíodh é, is cuma cé acu an gcláraítear an trádmharc san fhoirm mar a úsáidtear
chomh maith nó nach gcláraítear.; (b)
an trádmharc Eorpach a ghreamú ar earraí, nó ar an
bpacáistíocht díobh, san Aontas chun críoch onnmhairíochta amháin.'; (18)
In Airteagal 16(1), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad an fhrása tosaigh: '1. Mura bhforáiltear a mhalairt le hAirteagail 17
go 24, déileálfar le trádmharc Eorpach ina ábhar maoine ina iomláine, agus le
haghaidh limistéar iomlán an Aontais, mar thrádmharc náisiúnta a cláraíodh sa
Bhallstát ina, de réir Chlár na dtrádmharcanna Eorpacha (dá ngairfear ‘an Clár’
anseo feasta):'; (19)
In Airteagal 17, scriostar mír 4; (20)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 18: 'Airteagal 18
Trádmharc a chláraítear in ainm gníomhaire a aistriú 1. I gcás ina gcláraítear trádmharc Eorpach in
ainm ghníomhaire nó ionadaí an duine atá ina dhílseánach ar an trádmharc sin, gan
údarú an dílseánaigh, beidh an duine deireanach sin i dteideal a éileamh go
sannfaí an trádmharc Eorpach ina fhabhar féin dó, mura dtugann an gníomhaire nó
an t‑ionadaí sin údar maith lena ghníomh. 2. Féadfaidh an dílseánach iarratas sannta a chur
faoi bhráid iad siúd a leanas de bhun mhír 1: (a)
an Ghníomhaireacht, seachas iarratas i leith
dearbhú neamhbhailithe bunaithe ar Airteagal 53(1)(b); (b)
cúirt trádmharcanna na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 95,
seachas frithéileamh i leith dearbhú neamhbhailithe bunaithe ar Airteagal 100(1).'; (21)
Leasaítear Airteagal 19 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: '2. Ar iarratas a fháil ó cheann de na páirtithe,
cuirfear na cearta dá dtagraítear i mír 1 nó aistriú na gceart sin isteach sa
Chlár agus foilseofar é.'; (b)
cuirtear isteach mír 3 mar seo a leanas '3. Cealófar nó leasófar iontráil a cuireadh sa
Chlár de bhun mhír 2 ar iarraidh a fháil ó cheann de na páirtithe.'; (22)
In Airteagal 20, cuirtear isteach mír 4 mar
seo a leanas: '4. Cealófar nó leasófar iontráil arna cur sa
Chlár de bhun mhír 3 ar iarratas a fháil ó cheann de na páirtithe.'; (23)
In Airteagal 22, cuirtear isteach mír 6 mar
seo a leanas: '6. Cealófar nó leasófar iontráil arna cur sa Chlár
de bhun mhír 5 ar iarratas a fháil ó cheann de na páirtithe.'; (24)
I dTeideal II, cuirtear isteach Alt 5 mar seo a
leanas: ALT 5
Tarmligean cumhachtaí Airteagal 24a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
oibleagáid an iarratasóra chun aistriúchán nó tras‑scríbhinn
dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b) i dteanga an iarratais a chur ar fáil; (b)
an nós imeachta maidir le haistriú dá dtagraítear
in Airteagal 17(5) a iontráil sa Chlár; (c)
an nós imeachta maidir le ceart in rem a chruthú nó
a aistriú dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a iontráil sa Chlár; (d)
an nós imeachta maidir le tobhach an
fhorghníomhaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(3) a iontráil sa Chlár; (e)
an nós imeachta maidir le nós imeachta
dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 21(3) a iontráil sa Chlár; (f)
an nós imeachta maidir le ceadúnas a dheonú nó a
aistriú dá dtagraítear in Airteagal 22(5) a iontráil sa Chlár; (g)
an nós imeachta maidir le hiontráil sa Chlár a
bhaineann le ceart in rem, tobhach an fhorghníomhaithe nó ceadúnas dá
dtagraítear in Airteagal 19(3), Airteagal 20(4) agus in Airteagal 22(6)
faoi seach a chealú nó a mhodhnú.'; (25)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 25: 'Airteagal 25
Iarratais a chomhdú Comhdófar iarratas le haghaidh trádmhairc Eorpaigh
ag an nGníomhaireacht.'; (26)
Leasaítear Airteagal 26 mar seo a leanas: (a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (d): '(d) léiriú ar an an marc a chomhlíonann na
ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(b).'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. I dteannta leis na ceanglais dá dtagraítear i
mír 1 agus i mír 2, comhlíonfaidh iarratas le haghaidh trádmhairc Eorpaigh na
coinníollacha foirmiúla a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 35a(b). Más
rud é go bhforálfar leis na coinníollacha sin go mbeidh an trádmharc le léiriú
go leictreonach, féadfar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta formáidí
agus uasmhéid comhaid leictreonaigh den sórt sin a shocrú.'; (27)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 27: 'Airteagal 27
Dáta comhdaithe Is é an dáta a chomdófar na doiciméid ina bhfuil
an fhaisnéis dá sonraítear in Airteagal 26(1) leis an nGníomhaireacht ag
an iarratasóir dáta comhdaithe iarratais ar thrádmharc Eorpach, ar choinníoll go
n‑íocfar an táille iarratais a mbeidh an t‑ordú íocaíochta tugtha
ina leith tráth nach déanaí ná an dáta sin'; (28)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 28: 'Airteagal 28
Earraí agus seirbhísí a shonrú agus a aicmiú 1. Aicmeofar earraí agus seirbhísí ar iarradh
clárú ina leith i gcomhréir leis an gcóras aicmiúcháin a bunaíodh le Comhaontú
Nice a Bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha
Clárú Marcanna an 15 Meitheamh 1957 (dá ngairfear ‘Aicmiúchán Nice’
anseo feasta). 2. Sainaithneoidh an t‑iarratasóir na
hearraí agus seirbhísí ar ar iarradh an chosaint ar an trádmharc le
soiléireacht agus beachtas leordhóthanach ionas go mbeidh na húdaráis inniúla
agus na hoibreoirí eacnamaíocha, ar an mbonn sin amháin, in ann méid na cosanta
a iarradh a shocrú. Ceadófar le liosta na n‑earraí agus seirbhísí gach ní
a aicmiú in aicme amháin d’Aicmiúchán Nice. 3. Chun críoch mhír 2, féadfar úsáid a bhaint as
na sonraí ginearálta a áiríodh i gceannteidil Aicmiúchán Nice, ar choinníoll go
gcomhlíonfar leo caighdeáin iomchuí na soiléireachta agus an bheachtais. 4. Diúltóidh an
Ghníomhaireacht don iarratas i leith sonraí atá neamhshoiléir nó neamhbheacht,
más rud é nach molfaidh an t‑iarratasóir foclaíocht inghlactha laistigh
de thréimhse a leagfaidh an Ghníomhaireacht síos dá réir sin. 5. Léireofar úsáid téarmaí ginearálta, lena n‑áirítear sonraí ginearálta
cheannteidil Aicmiúchán Nice, sa chaoi is go n‑áireofar gach earra nó
seirbhís a chuimsítear go soiléir ag brí liteartha an tsonra nó an téarma. Ní
léireofar úsáid téarmaí ná sonraí den sórt sin mar éileamh ar earraí nó
seirbhísí nach féidir a thuiscint amhlaidh. 6. I gcás ina ndéanann an t‑iarratasóir
iarraidh ar chlárú le haghaidh níos mó ná aicme amháin, grúpálfar na hearraí
agus seirbhísí de réir aicmí Aicmiúchán Nice, agus beidh uimhir na haicme lena
mbaineann an grúpa sin earraí nó seirbhísí roimh gach grúpa agus cuirfear i
láthair in ord aicme iad. 7. Comhlíonfaidh aicmiúchán earraí críocha
riaracháin amháin. Ní mheasfar earraí nó seirbhísí mar bheith cosúil le chéile
ar na forais go mbeidh siad san aicme chéanna faoi Aicmiúchán Nice, agus ní
mheasfar earraí agus seirbhísí mar bheith neamhchosúil le chéile ar an bhforas
go mbeidh siad in aicmí difriúla faoi Aicmiúchán Nice. 8. Féadfar dílseánaigh trádmharcanna Eorpacha a
ndearnadh iarratas orthu roimh an 22 Meitheamh 2012, agus a
chláraítear i leith ceannteidil iomláin d’aicme Nice amháin, a fhógairt go
raibh sé ar intinn acu ar an dáta comhdaithe cosaint i leith earraí nó
seirbhísí tharstu siúd a chuimsítear ag brí liteartha cheannteideal na haicme
sin a lorg, ar choinníoll go gcuirfear na hearraí nó seirbhísí arna sonrú
amhlaidh i liosta aibítreach don aicme sin d’eagrán aicmiúchán Nice a bheidh i
bhfeidhm tráth an dáta comhdaithe. Comhdófar an dearbhú ag an nGníomhaireacht
laistigh de 4 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus léireofar ann,
ar mhodh soiléir, beacht agus sonrach, na hearraí agus seirbhísí, seachas iad
siúd atá cuimsithe go soiléir ag brí liteartha shonraí an cheannteidil, a
cuimsíodh ag intinn an dílseánaigh i dtosach. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na
bearta cuí chun an clár a leasú dá réir sin. Tá an fhéidearthacht sin gan
dochar do cur i bhfeidhm Airteagail 15, 42(2), 51(1)(a) agus 57(2). Measfar go mbainfidh trádmharcanna Eorpacha, ar
trádmharcanna iad nár comhdaíodh dearbhú ina leith laistigh den tréimhse dá
dtagraítear sa dara fomhír, amhail ón tréimhse a bheith caite, le hearraí agus
seirbhísí amháin atá cuimsithe go soiléir ag brí liteartha na sonraí a áirítear
i gceannteideal na haicme ábhartha.'; (29)
In Airteagal 29(5), cuirtear isteach an abairt
seo a leanas: 'Más gá, iarrfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na
Gníomhaireachta ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh chun fiosrú a dhéanamh
maidir le cé acu an dtugann nó nach dtugann Stát de réir bhrí na chéad abairte
an chóireáil chómhalartach sin.'; (30)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 30: 'Airteagal 30
Tosaíocht a éileamh 1. Comhdófar éilimh tosaíochta
in éineacht leis an iarratas ar thrádmharc Eorpach agus áireofar orthu dáta,
uimhir agus tír an iarratais roimhe sin. 2. Féadfaidh Stiúrthóir
Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta a chinneadh go bhféadfar níos lú ná mar a
cheanglaítear faoi na rialacha a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 35a(d)
a bheith san fhaisnéis agus sa doiciméadacht bhreise atá le soláthar ag an
iarratasóir, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis is gá ar fail don
Ghníomhaireacht ó fhoinsí eile;
(31)
Leasaítear Airteagal 33 mar seo a leanas: (a)
i mír 1, cuirtear isteach an abairt seo a leanas: 'Comhdófar an t‑éileamh tosaíochta in
éineacht leis an iarratas ar thrádmharc Eorpach.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: '2.Comhdóidh iarratasóir ar mian leis tosaíocht a
éileamh de bhun mhír 1 fianaise ar thaispeáint earraí agus seirbhísí faoin marc
a bhfuiltear ar cur isteach air'; (32)
In Airteagal 34, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 3: '3. Rachaidh
sinsearacht a éilíodh don trádmharc Eorpach as feidhm más rud é go
ndearbhaítear go bhfuil an trádmharc níos luaithe ar éilíodh an sinsearacht ina
leith neamhbhailí nó cúlghairthe.'; (33)
I dTeideal III, cuirtear isteach Alt5 mar seo a
leanas: 'ALT 5
Tarmligean cumhachtaí Airteagal 35a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
na modhanna agus rialacha mionsonraithe a bhaineann
le hiarratas ar thrádmharc Eorpach a chomhdú i gcomhréir le hAirteagal 25; (b)
na sonraí maidir le hinneachar an iarratais ar
thrádmharc Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 26(1), cineál na dtáillí a
bheidh le híoc don iarratas dá dtagraítear in Airteagal 26(2), lena n‑áirítear
líon aicmí na n‑earraí agus seirbhísí a chuimsítear leis na táillí sin,
agus coinníollacha foirmiúla an iarratais dá dtagraítear in Airteagal 26(3); (c)
na nósanna imeachta a bhaineann le cómhalartaíocht
i gcomhréir le hAirteagal 29(5); (d)
an nós imeachta agus na rialacha ar fhaisnéis agus
dhoiciméadacht maidir le tosaíocht le haghaidh iarratais roimhe seo a éileamh i
gcomhréir le hAirteagal 30; (e)
an nós imeachta agus na rialacha ar fhianaise
maidir le tosaíocht taispeántais a éileamh i gcomhréir le hAirteagal 33(1); (f)
an nós imeachta a bhaineann le sinsearacht a
éileamh ar thrádmharc náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus le hAirteagal 35(1).'; (34)
In Airteagal 36(1), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad phointe (b): '(b) comhlíonann an t‑iarratas ar thrádmharc
Eorpach na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus na coinníollacha
foirmiúla dá dtagraítear in Airteagal 26(3).'; (35)
In Airteagal 37, scriostar mír 2; (36)
I dTeideal IV, scriostar Roinn 2; (37)
Leasaítear Airteagal 39 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Más rud é gur comhlíonadh na coinníollacha, ar
coinníollacha iad nach mór do thrádmharc Eorpach a shásamh, foilseofar an t‑iarratas
chun críocha Airteagail 42 sa mhéid nár diúltaíodh dó de bhun Airteagail 37.
Beidh foilsiú an iarratais gan dochar d’fhaisnéis a cuireadh ar fáil cheana don
phobal ar dhóigh i gcomhréir leis an Rialachán seo nó le gníomhartha tarmligthe
a glacadh de bhun an Rialacháin seo.'; (b)
cuirtear isteach mír 3 mar seo a leanas: '3. Ceartóidh an Ghníomhaireacht aon bhotúin nó
earráidí i bhfoilsiú an iarratais.'; (38)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 40: 'Airteagal 40
Tuairimí ó thríú páirtithe 1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach
agus aon ghrúpa nó comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar mhonaróirí, tháirgeoirí,
sholáthraithe seirbhísí, thrádálaithe nó thomhaltóirí tuairimí i scríbhinn a
chur faoi bhráid na Gníomhaireachta, lena mínítear na forais faoi Airteagal 5
agus faoi Airteagal 7, nach mbeidh an trádmharc cláraithe ex officio. Ní bheidh siad ina bpáirtithe in imeachtaí faoi
bhráid na Gníomhaireachta. 2. Cuirfear isteach tuairimí ó thríú páirtí roimh
dheireadh na tréimhse freasúra nó, i gcás nár comhdaíodh freasúra i gcoinne an
trádmhairc, roimh ghlacadh an chinnidh chríochnaithigh ar an bhfreasúra. 3. Beidh an aighneacht dá dtagraítear i mír 1 gan
dochar do cheart na Gníomhaireachta scrúdú ar dhearbhfhorais a athoscailt ar a
tionscnamh féin tráth ar bith roimh chlárú, más iomchuí sin. 4. Cuirfear na tuairimí dá dtagraítear i mír 1 in
iúl don iarratasóir agus beidh sé in ann ráiteas a thabhairt orthu.'; (39)
In Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 3: '3. Cuirfear freasúra i scríbhinn, agus sonrófar
na forais ar a ndearnadh é. Ní mheasfar go mbeidh sé curtha isteach go cuí go
dtí go n‑íocfar an táille freasúra. 4. Laistigh de thréimhse a leagfar síos ag an
nGníomhaireacht, féadfaidh an freasúrach fíricí, fianaise agus argóintí mar
thaca lena chás a chur isteach.'; (40)
I gcéad abairt Airteagal 42(2), cuirtear ‘le
linn na tréimhse cúig bliana roimh an dáta comhdaithe nó an dáta tosaíochta’ in
ionad an fhrása ‘le linn na tréimhse cúig bliana roimh an dáta foilsithe’'; (41)
Leasaítear Airteagal 44 mar seo a leanas: (a)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
phointe (b): '(b) sula dtugann an Ghníomhaireacht an dáta
foilsithe dá dtagraítear in Airteagal 27 agus le linn na tréimhse freasúra
dá bhforáiltear in Airteagal 41(1).'; (b)
scriostar mír 3; (42)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 45: 'Airteagal 45
Clárú 1. I gcás ina gcomhlíonann iarratas ceanglais an
Rialacháin seo agus nár tugadh fógra freasúra le linn na tréimhse dá
dtagraítear in Airteagal 41(1) nó i gcás gur diúltaíodh le freasúra trí
chinneadh críochnaitheach, clárófar an trádmharc mar thrádmharc Eorpach.
Foilseofar an clárú. 2. Eiseoidh an Ghníomhaireacht deimhniú
clárúcháin. Féadfar an deimhniú a eisiúint go leictreonach. 3. Beidh sé de cheart ag dílseánach trádmhairc
Eorpaigh siombail a úsáid díreach in aice leis an trádmharc, agus i dtaca leis
na hearraí agus seirbhísí a chuimsítear leis an gclárú, á fianú go bhfuil an
trádmharc cláraithe san Aontas fad is a bheidh an clárú i bhfeidhm amháin.
Cinnfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta cumraíocht bheacht na
siombaile sin. 4. Ní bhainfidh aon duine seachas dílseánach an
mhairc úsáid as an tsiombail trádmhairc chláraithe, nó gan toiliú an
dílseánaigh. Ní bhainfidh dílseánach an trádmhairc úsáid as an tsiombail go dtí
go gclárófaí an marc nó i ndiaidh chúlghairm, dhearbhú neamhbhailithe, dhul in
éag nó thabhairt suas an trádmhairc.'; (43)
I dTeideal IV, cuirtear isteach Alt 7 mar seo a
leanas: 'ALT 7
Tarmligean cumhachtaí Airteagal 45a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
an nós imeachta i ndáil leis an scrúdú ar
chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le dáta comhdaithe dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(a)
agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha foirmiúla dá dtagraítear in Airteagal 26(3)
agus an nós imeachta i ndáil le híocaíocht na dtáillí aicme dá dtagraítear in Airteagal 36(1)(c)
a fhíorú; (b)
an nós imeachta i ndáil leis an scrúdú ar na
dearbhfhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 37; (c)
na sonraí a bheidh i bhfoilsiú an iarratais dá
dtagraítear in Airteagal 39(1); (d)
an nós imeachta a bhaineann le botúin agus earráidí
i bhfoilseacháin iarratas ar thrádmharc Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 39(3);
(e)
an nós imeachta a bhaineann le tuairimí ó thríú
páirtithe a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 40; (f)
na sonraí ar an nós imeachta a bhaineann le
freasúra a chomhdú agus a scrúdú a leagtar amach in Airteagal 41 agus Airteagal 42; (g)
na nósanna imeachta lena rialaítear leasú an
iarratais de bhun Airteagail 43(2) agus roinnt an iarratais de bhun Airteagail 44; (h)
na sonraí a bheidh le taifeadadh sa Chlár tráth a
chlárófar trádmharc Eorpach agus rialacha mionsonraithe fhoilsiú an iarratais
dá dtagraítear in Airteagal 45(1), an inneachar agus na rialacha
mionsonraithe maidir le deimhniú clárúcháin a eisiúint dá dtagraítear in Airteagal 45(2).'; (44)
In Airteagal 49, scriostar mír 3; (45)
Cuirtear isteach Airteagal 49(a) mar seo a
leanas: 'Airteagal 49a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
rialacha mionsonraithe nós imeachta a bhaineann le
trádmharc Eorpach a athnuachan de bhun Airteagail 47, lena n‑áirítear
cineál na dtáillí a bheidh le híoc; (b)
an nós imeachta lena rialaítear clárú trádmhairc
Eorpaigh a athrú dá bhforáiltear in Airteagal 48(2); (c)
an nós imeachta lena rialaítear roinnt trádmhairc
Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 49.'; (46)
In Airteagal 50, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 2 agus mhír 3: '2. Cuirfidh dílseánach an trádmhairc an tabhairt
suas in iúl don Ghníomhaireacht i scríbhinn. Ní bheidh éifeacht aige go dtí go n‑iontrálfar
sa Chlár é. Beidh bailíocht tabhairt suas trádmhairc Eorpaigh a chuirtear in
iúl don Ghníomhaireacht i ndiaidh an t‑iarratas chun an trádmharc sin a
chúlghairm de bhun Airteagail 56(1) mar choinníoll ar dhiúltú deireanach
nó tarraingt siar an iarratais chúlghairme.'; '3. Ní iontrálfar tabhairt suas ach amháin le
comhaontú an dílseánaigh le ceart a iontráiltear sa Chlár. Más rud é go bhfuil
ceadúnas cláraithe, ní iontrálfar tabhairt suas sa Chlár ach amháin má
chruthaíonn dílseánach an trádmhairc go bhfuil sé tar éis an ceadúnaí a chur ar
an eolas maidir lena rún chun tabhairt suas; déanfar an iontráil seo tráth
tréimhse a bhunófar i gcomhréir le hAirteagal 57a(a) a bheith caite.'; (47)
In Airteagal 53(1), cuirtear isteach an
fhomhír seo a leanas: 'Comhlíonfar
na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c)
den chéad fhomhír tráth dháta comhdaithe nó dháta tosaíochta an trádmhairc
Eorpaigh.'; (48)
In Airteagal 54(1) agus (2), scriostar na
focail 'nó' agus 'nó chun úsáid an trádmhairc níos déanaí'; (49)
Leasaítear Airteagal 56 mar seo a leanas: (a)
i mír 1, pointe (c), cuirtear 'faoi dhlí an Aontais
nó faoi dhlí an Bhallstáit lena mbaineann' in ionad 'faoi dhlí an Bhallstáit
lena mbaineann; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Beidh iarratas cúlghairme nó iarratas i leith
dearbhú neambhailithe inghlactha más rud é go bhfuil iarratas maidir leis an
ábhar agus cúis gníomhaithe céanna, agus lena mbaineann na páirtithe céanna,
breithnithe de réir a thuillteanais ag an nGníomhaireacht nó ag cúirt
trádmharcanna na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 95 agus go bhfuil
údarás an chinnidh chríochnaithigh faighte ag cinneadh na Gníomhaireachta nó ag
cinneadh na cúirte sin.'; (50)
In Airteagal 57(2), dara abairt, cuirtear 'a
foilsíodh' in ionad 'a comhdaíodh nó ag dáta tosaíochta iarratais trádmhairc
Eorpaigh'; (51)
I dTeideal VI, cuirtear isteach Roinn 6 mar seo a
leanas: 'ROINN 6
Tarmligean cumhachtaí Airteagal 57a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
an nós imeachta lena rialaítear tabhairt suas
trádmhairc Eorpaigh a leagtar amach in Airteagal 50, lena n‑áirítear
an tréimhse dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin; (b)
na nósanna imeachta lena rialaítear cúlghairm agus
neambhailíocht trádmhairc Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 56 agus Airteagal 57.'; (52)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 58(1): '1. Féadfar cinntí ó aon chéim chinnteoireachta na
Gníomhaireachta a liostaítear in Airteagal 130 pointí (a) go (d) a
thabhairt faoi achomharc. Beidh éifeacht fionraíochta ag an tréimhse achomhairc
dá bhforáiltear in Airteagal 60 agus comhdú an iarratais.'; (53)
Scriostar Airteagal 62; (54)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 64(3): '3. Ní bheidh éifeacht ag cinntí ó na Boird
Achomhairc ach amháin ó dháta na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 65(5)
a bheith caite nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte
Ginearálta laistigh den tréimhse seo, amhail ón dáta a dhífear caingean den
sórt sin nó ó dháta aon achomhairc a chomhdaítear leis an gCúirt Bhreithiúnais
i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta.'; (55)
Leasaítear Airteagal 65 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Féadfar caingne a thabhairt os comhair na
Cúirte Ginearálta i gcoinne chinntí na mBord Achomhairc ar achomhairc.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Beidh dlínse ag an gCúirt Ghinearálta chun an
cinneadh a chonspóidtear a chur ar neamhní nó a athrú.'; (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 agus
mhír 6: '5. Tabharfar an chaingean os comhair na Cúirte
Ginearálta laistigh de dhá mhí ó dháta fógraíochta chinneadh na mBord
Achomhairc.'; 6. Glacfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá
chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomhairc i gcoinne an
bhreithiúnais sin, na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.'; (56)
Cuirtear isteach Airteagal 65a mar seo a
leanas: 'Airteagal 65a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar: (a)
inneachar an fhógra achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 60
agus an nós imeachta i ndáil leis an achomharc a chomhdú agus a scrúdú; (b)
inneachar agus foirm chinntí na mBord Achomhairc dá
dtagraítear in Airteagal 64; (c)
aisíocaíocht na dtáillí achomhairc dá dtagraítear
in Airteagal 60.''; (57)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal
Theideal VIII: 'FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE CÓMHARCANNA AGUS
MARCANNA DEIMHNIÚCHÁIN EORPACHA'; (58)
Idir teideal Theideal VIII agus Airteagal 66,
cuirtear isteach an méid seo a leanas: 'ROINN 1
Cómharcanna Eorpacha; (59)
In Airteagal 66, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 3: '3. Beidh feidhm ag Teidil I go VII agus IX go XIV
maidir le cómharcanna Eorpacha sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt leis an
alt seo.'; (60)
In Airteagal 67(1), cuirtear 'laistigh den
tréimhse fhorordaithe i gcomhréir le hAirteagal 74a' in ionad na bhfocal
'laistigh den tréimhse fhorordaithe'; (61)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 69:
'Airteagal 69
Tuairimí ó thríú páirtithe I gcás ina gcuirtear tuairimí ar chómharc Eorpach
i scríbhinn faoi bhráid na Gníomhaireachta de bhun Airteagal 40, féadfar
na tuairimí sin a bheith bunaithe ar na forais áirithe ar a bhféadfar iarratas
ar chómharc Eorpach a dhiúltú de bhun Airteagail 68.'; (62)
Cuirtear isteach Airteagal 74a mar seo a
leanas: 'Airteagal 74a
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar an tréimhse dá
dtagraítear in Airteagal 67(1) maidir leis na rialacháin lena rialaítear
úsáid an chómhairc Eorpaigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta agus
inneachar na rialachán mar a leagtar amach in Airteagal 67(2).'; (63)
I dTeideal VIII, cuirtear isteach Alt2 mar seo a
leanas: 'ALT 2
Marcanna Deimhniúcháin Eorpacha Airteagal 74b
Marcanna deimhniúcháin Eorpacha 1. Is éard a bheidh i marc deimhniúcháin Eorpach
ná trádmharc Eorpach a thuairiscítear sa chéill sin nuair a dhéanfar iarratas
ar an marc agus a fhéadfaidh earraí nó seirbhísí a dheimhneoidh dílseánach an
mhairc a idirdhealú i ndáil le tionscnamh geografach, le hábhar, le modh nó
déantús earraí nó comhlíonadh seirbhísí, le cáilíocht, le beachtas nó le
saintréith eile ó earraí nó seirbhísí nach ndeimhnítear amhlaidh. 2. Féadfaidh aon duine dlítheanach, lena n‑áirítear
institiúidí, údaráis agus comhlachtaí a rialaítear ag dlí poiblí, iarratas a
dhéanamh ar mharcanna deimhniúcháin Eorpacha ar choinníoll: (a)
nach bhfuil gnó lena mbaineann soláthar earraí nó
seirbhísí den chineál a dheimhnítear ar siúl ag duine dlítheanach; (b)
go bhfuil an duine dlítheanach inniúil chun na
hearraí nó seirbhísí ar a gclárófar an marc a dheimhniú. 3. De mhaolú ar Airteagal 7(1)(c), féadfaidh
comharthaí nó sonraí a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú, i dtrádáil, chun
tionscnamh geografach na n‑earraí nó seirbhísí a shainiú, a bheith i
marcanna deimhniúcháin Eorpacha de réir bhrí mhír 1. Ní
chuirfear marc deimhniúcháin an dílseánach i dteideal cosc a chur ar thríú
páirtí ó comharthaí nó sonraí den sórt sin a úsáid i gcúrsa trádála, ar
choinníoll go mbaineann an tríú páirtí úsáid astu i gcomhréir le cleachtais
mhacánta i gcúrsaí tionsclaíocha agus tráchtála. Ní fhéadfar marc deimhniúcháin
a agairt i gcoinne tríú páirtí atá i dteideal an t‑ainm geografach a
úsáid 4. Beidh feidhm ag Teidil I go VII agus IX go XIV
maidir le marcanna deimhniúcháin Eorpacha sa mhéid nach bhforáiltear a mhalairt
leis an alt seo. Airteagal 74c
Rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc 1. Cuirfear iarratasóir mairc deimhniúcháin
Eorpaigh rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc deimhniúcháin isteach
laistigh den tréimhse fhorordaithe i gcomhréir le hAirteagal 74k. 2. Sonrófar sna rialacháin lena rialaítear úsáid
na daoine a údaraítear chun an marc a úsáid, na saintréithe le bheith
deimhnithe ag an marc, conas a thástálfaidh an comhlacht deimhniúcháin na
saintréithe sin agus conas maoirseacht a dhéanamh ar úsáid an mhairc mar aon le
coinníollacha úsáide an mhairc, lena n‑áirítear smachtbhannaí. Airteagal 74d
Diúltú don iarratas 1. De bhreis ar na forais le diúltú d’iarratas ar
thrádmharc Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 36 agus Airteagal 37,
diúltófar d’iarratas ar mharc deimhniúcháin Eorpach i gcás nach gcomhalltar Airteagal 74b
agus Airteagal 74c, nó i gcás ina bhfuil na rialacháin lena rialaítear
úsáid ar neamhréir le beartas poiblí nó le prionsabail na moráltachta a bhfuil
glacadh leo go forleathan. 2. Diúltófar d’iarratas ar mharc deimhniúcháin Eorpach
chomh maith más rud é go bhféadfaí an pobal a chur amú maidir le saintréith nó
tábhacht an mhairc, go háirithe más dócha go measfaí uaidh mar rud seachas marc
deimhniúcháin. 3. Ní dhiúltófar d’iarratas má chomhlíonann an t‑iarratasóir
ceanglais mhír 1 agus mhír 2, mar gheall ar leasú ar na rialacháin lena
rialaítear úsáid. Airteagal 74e
Tuairimí ó thríú páirtithe I gcás ina
gcuirtear tuairimí ar mharc deimhniúcháin Eorpach i scríbhinn faoi bhráid na
Gníomhaireachta de bhun Airteagail 40, féadfaidh na tuairimí sin a bheith
bunaithe ar na forais áirithe ar a bhféadfar diúltú d’iarratas ar mharc
deimhniúcháin Eorpach de bhun Airteagail 74d. Airteagal 74f
Na rialacháin lena rialaítear úsáid an mhairc a leasú 1. Cuirfear dílseánach mairc deimhniúcháin Eorpaigh
aon rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid faoi bhráid na Gníomhaireachta. 2. Ní dhéanfar trácht don leasú sa Chlár i gcás
nach gcomhlíontar na rialacháin leasaithe ceanglais Airteagal 74c nó i
gcás a bhfuil ceann d’fhorais lena dhiúltú dá dtagraítear in Airteagal 74d
ag baint leis. 3. Beidh feidhm ag Airteagal 74e maidir le
rialacháin leasaithe lena rialaítear úsáid. 4. Chun críoch an Rialacháin seo, ní bheidh
éifeacht ag leasuithe ar na rialacháin lena rialaítear úsáid ach amháin ón dáta
a iontrálfar an trácht don leasú sa Chlár. Airteagal 74g
Aistriú De mhaolú ar Airteagal 17(1), ní fhéadfar
marc deimhniúcháin Eorpach a aistriú go duine dlítheanach mura gcomhlíonfar
ceanglais Airteagal 74b(2). Airteagal 74h
Daoine atá i dteideal caingean um shárú a thabhairt 1. Ní bheidh ach dílseánach mairc deimhniúcháin
Eorpaigh nó aon duine a bheidh údaraithe go sonrach aige sa chéill sin i
dteideal caingean um shárú a thabhairt. 2. Beidh dílseánach mairc deimhniúcháin Eorpaigh i
dteideal cúiteamh a éileamh ar son daoine a mbeidh an t‑údarás acu chun
an marc a úsáid más rud é go bhfuil damáiste fulaingthe acu de dhroim úsáid
neamhúdaraithe an mhairc. Airteagal 74i
Forais lena chúlghairm De bhreis ar na forais lena chúlghairm dá
bhforáiltear in Airteagal 51, cúlghairfear cearta dhílseánach mairc
deimhniúcháin Eorpaigh ar iarratas don Ghníomhaireacht nó ar bhonn frithéilimh
in imeachtaí um shárú, i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha
seo a leanas: (a)
ní chomhlíonann an dílseánach ceanglais Airteagal 74b(2)
a thuilleadh; (b)
ní ghlacann an dílseánach bearta réasúnacha chun
cosc a chur ar an marc a bheith á úsáid ar mhodh atá ar neamhréir le
coinníollacha na húsáide a leagtar síos sna rialacháin lena rialaítear úsáid,
agus go ndéantar trácht do leasuithe, más iomchuí, sa Chlár; (c)
mar gheall ar an modh inar bhain an dílseánach
úsáid as an marc, d’fhéadfaí go gcuirfí an pobal amú sa bhealach dá dtagraítear
in Airteagal 74d(2); (d)
tá trácht don leasú ar na rialacháin lena
rialaítear úsáid an mhairc déanta sa Chlár de shárú ar Airteagal 74f(2),
mura gcomhlíonann dílseánach an mhairc, trí na rialacháin lena rialaítear úsáid
a leasú tuilleadh, ceanglais an Airteagail sin. Airteagal 74j
Forais neamhbhailíochta De bhreis ar na forais neamhbhailíochta dá
bhforáiltear in Airteagal 52 agus in Airteagal 53, dearbhófar go
bhfuil marc deimhniúcháin Eorpach a chláraítear de shárú ar Airteagal 74d
neamhbhailí ar iarratas don Ghníomhaireacht nó ar bhonn frithéilimh in
imeachtaí um shárú, mura gcomhlíonann dílseánach an mhairc, trí na rialacháin
lena rialaítear úsáid a leasú, ceanglais Airteagal 74d. Airteagal 74k
Tarmligean cumhachtaí Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 163 lena sonrófar an tréimhse dá
dtagraítear in Airteagal 74c(1) maidir leis na rialacháin lena rialaítear
úsáid a mhairc deimhniúcháin Eorpaigh a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta
agus inneachar na rialachán mar a leagtar amach in Airteagal 74c(2).'; (64)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 75: 'Airteagal 75
Foirm chinntí agus theachtaireachtaí na Gníomhaireachta 1. Luafar i gcinntí na Gníomhaireachta na
cúiseanna is bun leo. Beidh siad bunaithe amháin ar chúiseanna agus fhianaise
ar a raibh deis ag na páirtithe a gcuid tráchtanna a chur i láthair. 2. Sonrófar ar aon chinneadh, teachtaireacht nó
fógra ón nGníomhaireacht roinn nó rannóg na Gníomhaireachta mar aon le hainm an
oifigigh atá freagrach nó ainmneacha na n‑oifigeach atá freagrach. Beidh
siad sínithe ag an oifigeach nó ag na hoifigigh, nó, in ionad sínithe, beidh
séala clóite nó stampáilte na Gníomhaireachta orthu. Féadfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a chinneadh go bhféadfar úsáid a bhaint as modhanna eile chun
roinn nó rannóg na Gníomhaireachta agus ainm an oifigigh nó na n‑oifigeach
atá freagrach a shainaithint nó as sainaithint seachas séala i gcás ina
dtarchuirtear cinntí, cumarsáidí nó fógraí ón nGníomhaireacht le facs nó le
haon chóir theicniúil chumarsáide.'; (65)
In Airteagal 76(1), cuirtear isteach an abairt
seo a leanas: 'Le linn imeachtaí um neamhbhailíocht de bhun Airteagal 52,
cloífear an Ghníomhaireacht ina scrúdú leis na forais agus na hargóintí a
sholáthraítear ag na páirtithe.'; (66)
In Airteagal 78, cuirtear isteach mír 5 mar
seo a leanas: '5. Cinnfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na
Gníomhaireachta méideanna na gcostas, a bheidh le híoc, lena n‑áirítear
réamhíocaíochtaí, maidir leis na costais a bhaineann le fianaise dá dtagraítear
in Airteagal 93a(b) a thabhairt.'; (67)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 79: 'Airteagal 79
Fógraíocht 1. Cuirfidh an Ghníomhaireacht, mar
ghnáthchleachtas, cinntí agus toghairmeacha agus aon fhógra nó teachtaireacht
eile as a cheaptar teorainn ama in iúl dóibh siúd lena mbaineann, nó nach mór a
chur in iúl dóibh siúd faoi choinníollacha eile an Rialacháin seo nó
gníomhartha tarmligthe a glacadh de bun an Rialacháin seo, nó ar ordaigh
Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta fógra ina leith. 2. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na
doiciméid seachas na cinntí faoi réir teorann ama le haghaidh achomharc agus
fógrófar toghairmeacha le litir chláraithe agus beidh admháil seachadta ag
gabháil léi. 3. Féadfar fógraíocht a dhéanamh go leictreonach,
agus cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na sonraí ar a bhfeidhmeoidh sé. 4. Más rud é go ndéanfar fógraíocht le fógra
poiblí, cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin conas a thabharfar an fógra poiblí
agus socróidh sé tús na tréimhse aon mhí agus ar dhul in éag na tréimhse sin,
measfar go mbeidh an doiciméad curtha in iúl.'; (68)
Cuirtear isteach Airteagal 79a, 79b, 79c agus
79d mar seo a leanas: 'Airteagal 79a
Caillteanas ceart a nótáil Más rud é go gcinnfidh an Ghníomhaireacht go
dtagann caillteanas aon cheart ón Rialachán seo nó ó ghníomhartha tarmligthe a
glacadh de bhun an Rialacháin seo gan aon chinneadh a glacadh, cuirfidh sí é
seo in iúl don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 79.
Féadfaidh an duine seo iarratas a dhéanamh ar chinneadh ar an ábhar sin.
Glacfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh den sórt sin i gcás ina n‑easaontaíonn
sí leis an duine a iarradh é; nó leasóidh an Ghníomhaireacht a cinneadh agus
cuirfidh sí é sin in iúl don duine a d’iarr an cinneadh. Airteagal 79b
Cumarsáid ón nGníomhaireacht Féadfar cumarsáidí a dhírítear chuig an
nGníomhaireacht a dhéanamh go leictreonach. Cinnfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin an réim agus na coinníollacha teicniúla faoina bhféadfar na
cumarsáidí sin a chur i láthair go leictreonach. Airteagal 79c
Teorainneacha ama 1. Beidh ríomh agus fad na dteorainneacha ama faoi
réir na rialacha a ghlacfar i gcomhréir le hAirteagal 93a(f). 2. Cinnfidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na
Gníomhaireachta, roimh thosach gach bliana féilire, na laethanta nuair nach
mbeidh an Ghníomhaireacht ar oscailt chun doiciméid a fháil nó nuair ach
seachadtar gnáthphost sa cheantar ina bhfuil an Ghníomhaireacht suite. 3. Cinnfidh an Stiúrthóir Gníomhaireachta fad
thréimhse an bhriste i gcás briste ghinearálta maidir le post a sheachadadh sa
Bhallstát ina bhfuil an Ghníomhaireacht suite nó i gcás briste iarbhír ar nasc
na Gníomhaireachta le modh leictreonach cumarsáide inghlactha. 4. Más rud é, mar gheall ar tharluithe
eisceachtúla, go mbristear nó go gcuirtear as áit dea-chumarsáid na bpáirtithe
in imeachtaí chuig an nGníomhaireacht nó vice-versa, féadfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin a chinneadh maidir le páirtithe in imeachtaí a bhfuil cónaí orthu
sa Stát nó a bhfuil a n‑oifig chláraithe ann lena mbaineann nó a cheap
ionadaí a bhfuil an ionad gnó sa Stát lena mbaineann, go sínfear amach gach
teorainn ama, a rachadh in éag ar dhóigh eile an lá a thosaíonn tarlú den sórt
sin nó ina dhiaidh sin, ar teorainneacha ama iad a shocraigh sé, go dtí dáta a
shocróidh sé. Agus an dáta sin á chinneadh, déanfaidh sé measúnú ar cathain a
bheidh deireadh leis an tarlú eisceachtúil. Más rud é go dtéann an tarlú i bhfeidhm
ar shuíochán na Gníomhaireachta, sonrófar sa chinneadh sin ón Stiúrthóir
Feidhmiúcháin go bhfuil feidhm aige i leith gach páirtí sna himeachtaí. Airteagal 79d
Earráidí agus dearmaid shoiléire a cheartú Ceartóidh an Ghníomhaireacht aon earráidí teanga
nó aon earráidí tras‑scríofa nó aon dearmaid shoiléire i gcinntí na
Gníomhaireachta nó earráidí teicniúla is inchurtha i leith na Gníomhaireachta
agus í ag clárú an trádmhairc nó ag foilsiú a chlárúcháin.'; (69)
Leasaítear Airteagal 80 mar seo a leanas: (a)
i mír 1, cuirtear an abairt 'cinneadh a bhfuil
earráid shoiléir ann' in ionad na habairte 'cinneadh a bhfuil earráid shoiléir
nós imeachta ann'; (b)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na
dara habairte: 'Tabharfar feidhm do chealú na hiontrála sa Chlár
nó chúlghairm an chinnidh laistigh d’aon bhliain amháin ón dáta ar a ndearnadh
iontráil sa Chlár nó ar a glacadh an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle
leis na páirtithe sna himeachtaí agus le haon dílseanach ceart don trádmharc
Eorpach i gceist atá iontráilte sa Chlár.'; (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: '3. Beidh an tAirteagal sin gan dochar do cheart
na bpáirtithe chun achomharc a chur isteach faoi Airteagal 58 agus 65, nó
don fhéidearthacht earráidí agus dearmaid shoiléire a cheartú faoi Airteagal 79d.
Áit a bhfuil achomharc curtha i gcomhad i gcoinne cinnidh de chuid na
Gníomhaireachta a bhfuil earráid ann, beidh na himeachtaí achomhairc gan aon
chuspóir nuair a aisghairfidh an Ghníomhaireacht a cinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal
seo.'; (70)
Leasaítear Airteagal 82 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: '2. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo do na
teorannacha ama atá leagtha síos in Airteagal 29(1), Airteagal 33(1),
Airteagal 36(2), Airteagal 41(1) agus (3), Airteagal 47(3), Airteagal 60,
Airteagal 65(5), Airteagal 81, Airteagal 112, ná do na
teorannacha ama atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo ná don teorainn ama
chun sinsearacht a éileamh de bhun Airteagail 34 tar éis an t‑iarratas
a chur i gcomhad.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: '4. Má ghlacann an Ghníomhaireacht leis an
iarratas, measfar nár tharla na torthaí ar mhainneachtain cloí leis an teorainn
ama. Má glacadh cinneadh idir éag na teorann ama nár cloíodh léi agus an t‑iarratas
ar leanúint ar aghaidh le himeachtaí, déanfaidh an rannán atá inniúil chun
cinneadh a dhéanamh faoin ngníomh atá fágtha ar lár as athbhreithniú ar an
gcinneadh agus, áit gur leor an gníomh é féin atá fágtha ar lár a dhéanamh,
glacfaidh sé cinneadh difriúil. Mura bhfuiltear chun an cinneadh bunaidh a
athrú, dearbhófar é sin i scríbhinn.'; (71)
Cuirtear an t‑Airteagal 82a seo a leanas
isteach: 'Airteagal 82a
Briseadh imeachtaí 'Nuair atá sí ag briseadh imeachtaí nó ag
athchromadh orthu, cloífidh an Ghníomhaireacht leis na rialacha mionsonraithe
seo a leanas atá leagtha amach de réir Airteagail 93a(i).'; (72)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 83: 'Airteagal 83
Tagairt do phrionsabail ghinearálta In éagmais forálacha nós imeachta sa Rialachán seo
nó i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo, tógfaidh
an Ghníomhaireacht san áireamh prionsabail an dlí nós imeachta a aithnítear go
ginearálta sna Ballstáit.'; (73)
In Airteagal 85(1), in ionad na bhfocal 'faoi
na coinníollacha atá leagtha síos sa Rialachán Cur chun Feidhme' cuirtear na
focail 'faoi na coinníollacha atá leagtha síos de réir Airteagail 93a(j).';
(74)
In Airteagal 86(2), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad na dara habairte: 'Ainmneoidh gach Ballstát údarás aonair a bheidh
freagrach as barantúlacht an chinnidh a fhíorú agus cuirfidh sé a chuid sonraí
teagmhála in iúl don Ghníomhaireacht, don Chúirt Bhreithiúnais agus don
Choimisiún. Cuirfidh an t‑údarás sin an t‑ordú um fhorghníomhú an
chinnidh i gceangal leis an gcinneadh, gan aon fhoirmiúlacht eile seachas fíorú
bharántúlacht an chinnidh.'; (75)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 87: 'Airteagal 87
Clár trádmharcanna na hEorpa 1. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht Clár, a mbeidh
na sonraí sin ann a bhfuil foráil déanta dá gclárú nó dá gcur san áireamh ag an
Rialachán seo nó ag gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo.
Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht an Clár suas le dáta. 2. Beidh an Clár ar fáil le scrúdú ag an bpobal.
Féadfar é a choimeád i bhfoirm leictreonach. 3. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht bunachar sonraí
leictreonach ina mbeidh na sonraí go léir faoi iarratais ar chlárú
trádmharcanna Eorpacha agus na hiontrálacha arna ndéanamh sa Chlár. Féadfar
ábhar an bhunachar sonraí sin a chur ar fáil don phobal. Cinnfidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin na coinníollacha rochtana don bhunachar sonraí agus an bealach
ina bhféadfar ábhar an bhunachar sonraí sin a chur ar fáil i bhfoirm mheaisín‑inléite,
lena n‑áirítear na muirir chomhfhreagracha.'; (76)
Leasaítear Airteagal 88 mar seo a leanas: (a)
in ionad an teidil 'Imscrúdú comhad' cuirtear
'Imscrúdú agus coimeád comhad'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionaid mhír 4: '4. Áit a ndéantar imscrúdú ar chomhaid de bhun
mhír 2 nó 3, féadfar doiciméid áirithe sa chomhad a choimeád siar ó imscrúdú.
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin modh imscrúdaithe. 5. Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht comhaid aon nós
imeachta a bhaineann le hiarratas ar thrádmharc nó clárú trádmharc Eorpach.
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh faoin bhfoirm a gcoimeádfar na
comhaid sin inti. Áit a bhfuil na comhaid sin á gcoimeád i bhfoirm
leictreonach, déanfar na doiciméid bhunaidh atá mar bhonn do chomhaid
leictreonacha den sórt sin a dhiúscairt tar éis tréimhse i ndiaidh glacadh leo
ag an nGníomhaireacht, a dhéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a shainiú.'; (77)
'Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 89:
'Airteagal 89
Foilseacháin thréimhsiúla 1. Seo a leanas a fhoilseoidh an Ghníomhaireacht
go tréimhsiúil: (a)
Feasachán Trádmharcanna Eorpacha ina mbeidh
iontrálacha arna ndéanamh sa Chlár chomh maith le sonraí eile a bhfuil a
bhfoilsiú forordaithe ag an Rialachán seo nó ag gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de réir an Rialacháin seo; (b)
Irisleabhar Oifigiúil ina mbeidh fógraí agus
faisnéis de nádúr ginearálta arna n‑eisiúint ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin
na Gníomhaireachta, chomh maith le haon fhaisnéis eile atá ábhartha don
Rialachán seo nó dá chur i bhfeidhm. Féadfar na foilseacháin dá dtagraítear i bpointe
(a) agus (b) a thabhairt i gcrích trí mhodhanna leictreonacha. 2. Foilseofar an Feasachán Trádmharcanna Eorpacha
ar an mbealach ina gcinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus a mhinice agus a
chinnfidh sé/sí. 3. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cinneadh
go bhfoilseofar míreanna áirithe san Irisleabhar Oifigiúil i dteangacha
oifigiúla go léir an Aontais.'; (78)
Leasaítear Airteagal 92 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: '2. Gan dochar d’alt 3, an dara habairt, déanfar
ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha nach bhfuil sainchónaí orthu nó
nach bhfuil a bpríomháit ghnó nó nach bhfuil bunaíocht tionscail nó tráchtála
réadach agus éifeachtach acu san Aontas os comhair na Gníomhaireachta de réir Airteagail 93(1)
sna himeachtaí go léir a bhfuil foráil déanta dóibh ag an Rialachán seo,
seachas maidir le hiarratas ar thrádmharc Eorpach a chur i gcomhad. De mhaolú ar an gcéad fho-alt, ní gá ionadaíocht a
dhéanamh ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear san fho-alt sin
os comhair na Gníomhaireachta sna cásanna a bhfuil foráil déanta dóibh de réir Airteagail 93a(p).'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: '4. Áit a gcomhlíontar na coinníollacha atá
socraithe de réir Airteagail 93a(p), ceapfar ionadaí coiteann.'; (79)
Leasaítear Airteagal 93 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Ní fhéadfaidh ach na daoine siúd tabhairt faoi
ionadaíocht ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha os comhair na Gníomhaireachta: (a)
aon chleachtóir dlí atá cáilithe i mBallstát agus a
bhfuil a áit ghnó laistigh den Aonad, a mhéid is go bhfuil sé de theideal aige,
laistigh den Stát ainmnithe, gníomhú mar ionadaí i gcúrsaí trádmhairc; (b)
ionadaithe gairmiúla a bhfuil a gcuid ainmneacha ar
an liosta arna gcoimeád ag an nGníomhaireacht don chuspóir sin. Ar iarratas ón nGníomhaireacht, cuirfidh
ionadaithe atá ag gníomhú os a comhair údarú sínithe i gcomhad leis le cur
isteach ar na comhaid.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 '4. Féadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na
Gníomhaireachta díolúine a dheonú ó: (a)
an ceanglas in alt 2(c), an dara habairt, go
dtaispeánfadh an t‑iarratasóir cruthúnas gur bhain sé amach an cháilíocht
riachtanach ar bhealach eile; (b)
an ceanglas in alt 2(a) i gcás gairmithe
ardcháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais ailt 2(b) agus (c).'; (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: '5. Féadfar duine a bhaint de liosta na n‑ionadaithe
gairmiúla faoi na coinníollacha arna socrú de réir Mhír 93a(p).'; (80)
I dTeideal IX, cuirtear an t‑Alt 5 seo a
leanas isteach: 'ALT 5
Tabhairt cumhachtaí Airteagal 93a
Tarmligean cumhachtaí Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagail 163 agus na nithe seo a leanas á
sonrú: (a)
na ceanglais a bhaineann le foirm na gcinntí dá
dtagraítear in Airteagal 75; (b)
na rialacha mionsonraithe i ndáil le himeachtaí
béil agus le tógáil fianaise dá dtagraítear in Airteagal 77 agus 78; (c)
rialacha mionsonraithe an fhógartha dá dtagraítear
in Airteagal 79; (d)
an nós imeachta chun toirmeasc dá dtagraítear in Airteagal 79a
a thabhairt faoi deara; (e)
na rialacha ar na modhanna cumarsáide, lena n‑áirítear
na modhanna leictreonacha cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 79b, le
húsáid ag páirtithe in imeachtaí os comhair na Gníomhaireachta agus na
foirmeacha le cur ar fáil ag an nGníomhaireacht; (f)
na rialacha a rialaíonn ríomh agus fad na
dteorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 79c(1); (g)
an nós imeachta chun earráidí teanga nó earráidí
tras‑scríofa agus dearmaid shoiléire i gcinntí na Gníomhaireachta a
cheartú chomh maith le hearráidí teicniúla atá inchurtha i leith na
Gníomhaireachta agus an trádmharc á chlárú aici nó a fhoilsiú a chlárú mar a
thagraítear dó in Airteagal 79d; (h)
an nós imeachta chun cinneadh a aisghairm nó
iontráil sa Chlár a chealú mar a thagraítear dó in Airteagal 80(1); (i)
na rialacha mionsonraithe maidir le briseadh
imeachtaí os comhair na Gníomhaireachta agus athchromadh orthu mar a
thagraítear dóibh in Airteagal 82a; (j)
na nósanna imeachta maidir le cionnroinnt agus
socrú praghsanna, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 85(1); (k)
na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 87(1); (l)
an nós imeachta um imscrúdú comhad a bhforáiltear
dóibh in Airteagal 88, lena n‑áirítear na codanna den chomhad atá
eisiata ó imscrúdú, agus na rialacha mionsonraithe maidir le coimeád chomhaid
na Gníomhaireachta a bhforáiltear dóibh in Airteagal 88(5); (m)
na rialacha mionsonraithe maidir le foilsiú sonraí
agus iontrálacha dá dtagraítear in Airteagal 89(1)(a) den Fheasachán
Trádmharcanna Eorpacha, agus na teangacha a bhfuiltear chun na sonraí agus na
hiontrálacha sin a fhoilsiú iontu; (n)
an mhinicíocht, an fhoirm agus na teangacha ina
ndéanfar foilseacháin Irisleabhar Oifigiúil na Gníomhaireachta dá dtagraítear
in Airteagal 89(1)(b); (o)
na rialacha mionsonraithe maidir le malairt
faisnéise agus cumarsáidí idir an Ghníomhaireacht agus údaráis na mBallstát
agus imscrúdú na gcomhad ag nó trí chúirteanna nó húdaráis na mBallstát de bhun
Airteagail 90; (p)
maoluithe ón oibleagáid chun ionadaíocht a fháil os
comhair na Gníomhaireachta de bhun Airteagail 92(2), na coinníollacha
faoina gceapfar ionadaí coiteann de bhun Airteagail 92(4), na
coinníollacha faoina gcaithfidh fostaithe dá dtagraítear in Airteagal 92(3)
agus na hionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(1) údarú
sínithe a chur i gcomhad leis an nGníomhaireacht chun bheith in ann tabhairt
faoi ionadaíocht, ábhar an údaraithe sin, agus na coinníollacha faoina
bhféadfar duine a bhaint de liosta na n‑ionadaithe gairmiúla dá
dtagraítear in Airteagal 93(5)'; (81)
I dTeideal X, cuirtear an méid seo a leanas in
ionad theideal Mhír 1: 'Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais ar dhlínse
agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála; (82)
Leasaítear Airteagal 94 mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: 'Cur i bhfeidhm rialacha an Aontais ar dhlínse
agus aithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála'; (b)
i mír 1, in ionad 'Rialachán (CE) Uimh 44/2001'
cuirtear 'rialacha an Aonaid ar dhlínse agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí
sibhialta agus tráchtála'; (c)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
pointe (c): '3. Cuimseoidh tagairtí sa Rialachán seo do
Rialachán (CE) Uimh 44/2001, áit is cuí, an Comhaontú idir an Comhphobal
Eorpach agus Riocht na Danmhairge ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas
i gcúrsaí sibhialta agus tráchtála a rinneadh ar an 19 Deireadh Fómhair 2005.'; (83)
In Airteagal 96(c), cuirtear 'Airteagal 9b(2)'
in ionad 'Airteagal 9(3), an dara habairt; (84)
In Airteagal 99, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 3: '3. Sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 96(a)
agus (c), beidh pléadáil a bhaineann le haisghairm nó neamhbhailiú an
trádmhairc Eorpaigh arna cur isteach ar bhealach eile seachas frithéileamh
inghlactha sa mhéid is go maíonn an cosantóir go bhféadfaí cearta dhílseanach
an trádmhairc Eorpaigh a aisghairm mar thoradh ar easpa fíorúsáide ag an am
nuair a tógadh an caingean um shárú.'; (85)
Leasaítear Airteagal 100 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: '4. Ní rachaidh cúirt trádmharcanna na hEorpa ar
cuireadh frithéileamh ar aisghairm nó ar dhearbhú neamhbhailithe i gcomhad léi
ar aghaidh le scrúdú ar an bhfrithéileamh, ach más amhlaidh gur chuir an páirtí
leasmhar nó an chúirt an Ghníomhaireacht ar a heolas faoin ndáta ar cuireadh an
frithéileamh i gcomhad air. Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin a
thaifeadadh sa Chlár. Má tá iarratas ar aisghairm nó ar dhearbhú neamhbhailithe
maidir leis an trádmharc Eorpach ar feitheamh os comhair na Gníomhaireachta,
cuirfear an chúirt ar a heolas ina leith sin agus déanfaidh sí na himeachtaí a
bhac go bhfaighfear cinneadh deireanach faoin iarratas nó go ndéanfar an t‑iarratas
a tharraingt siar.'; (b)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: '6. Áit a bhfuil cinneadh críochnaitheach tugtha
ag cúirt trádmharcanna na hEorpa faoi fhrithéileamh ar aisghairm nó ar
neamhbhailiú trádmhairc Eorpaigh, seolfar cóip den bhreithiúnas chuig an
nGníomhaireacht gan mhoill, ag an gcúirt nó aon pháirtí sna himeachtaí
náisiúnta. Féadfaidh an Ghníomhaireacht nó aon pháirtí leasmhar eile faisnéis a
lorg faoi tharchur den sórt sin. Luafaidh an Ghníomhaireacht an breithiúnas sa
Chlár agus glacfaidh sí na bearta is gá chun cloí lena chuid oibriúcháin.'; (86)
In Airteagal 102, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 2: '2. Féadfaidh an cúirt trádmharcanna na hEorpa
freisin bearta nó orduithe a chur i bhfeidhm atá ar fáil faoin dlí is
infheidhme agus a mheasann sí a bheith cuí ar chúinsí an cháis.'; (87)
Scriostar Airteagal 108; (88)
In Airteagal 113(3), in ionad an fhrása 'i
dteannta leis na coinníollacha foirmiúla atá leagtha síos sa Rialachán Cur chun
Feidhme' cuirtear 'i dteannta leis na coinníollacha foirmiúla atá leagtha síos
de réir Airteagail 114a'; (89)
In Airteagal 114(2), in ionad na bhfocal 'an
Rialachán Cur chun Feidhme' cuirtear 'gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de
réir an Rialacháin seo'; (90)
Cuirtear an tAirteagal 114a seo a leanas
isteach: 'Airteagal 114a
Tarmligean cumhachtaí Tabharfar cumhacht don Choimisiún chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagail 163 a shonraíonn na coinníollacha
foirmiúla nach mór go gcloífeadh iarraidh ar chomhshó iarratais ar thrádmharc
Eorpach leo, na sonraí faoi scrúdú an iarratais, agus iad siúd a bhaineann lena
fhoilsiú.'; (91)
In Airteagal 116, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 2: '2. Gan dochar d’alt 1, féadfaidh an
Ghníomhaireacht úsáid a bhaint as saineolaithe náisiúnta iasachta nó baill
foirne eile nach bhfuil fostaithe ag an nGníomhaireacht. Glacfaidh an Bord
Bainistíochta cinneadh a leagfaidh síos na rialacha ar iasacht saineolaithe
náisiúnta don Ghníomhaireacht.'; (92)
In Airteagal 117, in ionad na bhfocal 'don
Oifig' cuirtear 'don Ghníomhaireacht agus dá cuid ball foirne'; (93)
Leasaítear Airteagal 119 mar seo a leanas: (a)
i mír 6, sa dara fomhír, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad na dara habairte: 'Déanfar an t‑aistriúchán laistigh den
tréimhse arna bhforordú de réir Airteagail 144a(b).'; (b)
cuirtear an mhír 8 seo a leanas leis: '8. Cinnfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an
bealach ina ndeimhneofar aistriúcháin.'; (94)
In Airteagal 120(1), in ionad na bhfocal 'an
Rialachán Cur chun Feidhme' cuirtear 'gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun
an Rialacháin seo'; (95)
Scriostar Airteagal 122; (96)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 123: 'Airteagal 123
Trédhearcacht 1. Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh 1049/2001
de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (*) maidir le doiciméid arna
gcoimeád ag an nGníomhaireacht. 2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha
sonracha chun Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 a chur i bhfeidhm. 3. Féadfaidh cinntí arna nglacadh ag an
nGníomhaireacht faoi Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 1049/2001 bheith
ina n‑ábhar gearáin don Ombudsman nó ina n‑ábhar caingne os comhair
Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha atá leagtha
síos in Airteagal 228 agus 263 faoi seach den Chonradh. 4.
Beidh próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht faoi réir Rialachán (CE)
Uimh 45/2001 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (**). (*) OJ L 145, 31.5.2001, lch. 43. (**) OJ L 8, 12.1.2001, lch. 1.'; (97)
Cuirtear an tAirteagal 123a seo a leanas
isteach: 'Airteagal 123a
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair
neamhaicmithe a chosaint Cuirfidh
an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála i bhfeidhm atá cuimsithe i rialacha
slándála an Choimisiún chun Faisnéis Rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) a
chosaint, mar atá leagtha amach san aguisín le Cinneadh 2001/844/CE, ECSC,
Euratom (*) ón gComhairle. Clúdóidh cur i bhfeidhm na bprionsabal slándála,
inter alia, forálacha chun faisnéis den sórt sin a mhalartú, a phróiseáil agus
a stóráil. (*) IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.'; (98)
I dTeideal XII, cuirtear an t‑Alt 1a seo a
leanas isteach: 'ALT 1a
Cúraimí na Gníomhaireachta agus comhar chun coinbhéirseacht a chur chun cinn
Airteagal 123b
Cúraimí na Gníomhaireachta 1. Beidh na cúraimí seo a leanas ag an
nGníomhaireacht: (a)
an córas trádmhairc Eorpaigh a bhunaítear leis an
Rialachán seo a riar agus a chur chun cinn; (b)
an córas deartha Eorpach a bhunaítear le Rialachán
(CE) Uimh 6/2002 (*) a riar agus a chur chun cinn; (c)
coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na
dtrádmharcanna agus na ndearthaí a chur chun cinn i gcomhar leis na lároifigí
maoine tionsclaíche sna Ballstáit, lena n‑áirítear Oifig Benelux um Maoin
Intleachtúil; (d)
na cúraimí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh
386/2012 de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle (**). 2. Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le
hinstitiúidí, húdaráis, comhlachtaí, hoifigí maoine intleachtúla, heagraíochtaí
idirnáisiúnta agus neamhrialtais maidir leis na cúraimí atá leagtha síos i mír
1. 3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht seirbhísí
idirghabhála a chur ar fáil ar bhonn deonach chun críocha cabhrú le páirtithe
teacht ar shocrú cairdiúil. Airteagal 123c
Comhar chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí a chur chun cinn 1. Oibreoidh an Ghníomhaireacht agus oifigí maoine
intleachtúla na mBallstát agus Oifig Benelux le haghaidh Maoine Tionsclaíche i
gcomhar lena chéile chun coinbhéirseacht cleachtas agus uirlisí i réimsí na
dtrádmharcanna agus na ndearthaí. Beidh na réimsí gníomhaíochta seo a leanas
clúdaithe sa chomhar sin: (a)
caighdeáin scrúdaithe choiteanna a fhorbairt; (b)
bunachair sonraí agus tairseacha coiteanna nó
ceangailte a chruthú chun críocha comhairliúcháin, cuardaigh agus aicmithe ar
fud an Aontais; (c)
soláthar agus malartú leanúnach sonraí agus
faisnéise, lena n‑áirítear na bunachair sonraí agus na tairseacha dá
dtagraítear i bpointe (b) a fhothú; (d)
caighdeáin agus cleachtais choiteanna a bhunú, agus
é mar aidhm idirinoibritheacht a chinntiú idir nósanna imeachta agus córais ar
fud an Aontais agus cinntiú go bhfuil siad comhsheasmhach, éifeachtúil agus
éifeachtach; (e)
roinnt faisnéise faoi chearta agus nósanna imeachta
maoine intleachtúla, lena n‑áirítear comhthacaíocht do dheasca cabhrach
agus d’ionaid fhaisnéise; (f)
saineolas agus cúnamh teicniúil a mhalartú maidir
leis na réimsí atá leagtha síos i bpointí (a) go (e). 2. Cinnfidh, ullmhóidh agus comhordóidh an
Ghníomhaireacht tionscadail choiteanna a bhaineann leis an Aontas maidir leis
na réimsí dá dtagraítear i mír 1. Cuimseoidh an sainmhíniú ar an tionscadal
oibleagáidí agus freagrachtaí sonracha gach oifige maoine intleachtúla
rannpháirteach de chuid na mBallstát agus de chuid Oifig Benelux um Maoin
Intleachtúil . 3. Glacfaidh oifigí maoine intleachtúla na
mBallstát agus Oifig Benelux um Maoin Intleachtúil ról éifeachtach sna
tionscadail choiteanna dá dtagraítear i mír 2 agus é mar aidhm a bhforbairt, a
bhfeidhmiú, a gcomhinoibritheacht agus a gcoimeád suas le dáta a áirithiú. 4.
Cuirfidh an Ghníomhaireacht tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscadail
choiteanna a bhaineann leis an Aontas dá dtagraítear i mír 2 a mhéid is gá chun
rannpháirtíocht éifeachtach oifigí maoine intleachtúla na mBallstát agus Oifig
Benelux um Maoin Intleachtúil sna tionscadail a a áirithiú laistigh de bhrí
mhír 3. Féadfaidh an tacaíocht airgeadais a bheith i bhfoirm deontas. Ní
sháróidh méid iomlán an mhaoiniúcháin 10% d’ioncam bliantúil na
Gníomhaireachta. Féadfar deontais a bhronnadh gan ghlaonna ar thograí de réir
na rialacha airgeadais is infheidhme don Ghníomhaireacht agus phrionsabail na
nósanna imeachta deontais atá i Rialachán Airgeadais (An tAE) Uimh 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (***) agus i Rialachán (AE) Uimh
1268/2012 atá tarmligthe ag an gCoimisiún. (*) IO L 3, 5.1.2002, lch. 1. (**) IO L 129, 16.5.2012, lch. 1. (***) IO L 298, 26.10.2012, lch. 1. (****) IO L 362, 31.12.2012, lch. 1.'; (99)
I dTeideal XII, cuirtear an méid seo a leanas in
ionad mhír 2 agus 3: 'ALT 2
An Bord Bainistíochta Airteagal 124
Feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta 1. Gan dochar d’fheidhmeanna an Choiste um an
mBuiséad i Mír 5, beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord Bainistíochta: (a)
ar bhunús dréachta arna cur isteach ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagail 128(4)(c), glacfaidh an Bord
Bainistíochta clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta don bhliain dar gcionn,
agus tuairim an Choimisiúin á thógáil san áireamh, agus cuirfidh sé an clár
oibre bliantúil glactha ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle
agus an gCoimisiún; (b)
ar bhunús dréachta arna cur isteach ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagail 128(4)(d) agus ag tógáil san
áireamh tuairim an Choimisiúin, glacfaidh an Bord Bainistíochta clár
straitéiseach ilbhliantúil don Ghníomhaireacht, lena n‑áirítear straitéis
na Gníomhaireachta um chomhar idirnáisiúnta, tar éis mhalartú tuairimí idir an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an coiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa, agus
cuirfidh sé an clár straitéiseach ilbhliantúil glactha ar aghaidh chuig
Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus an gCoimisiún; (c)
ar bhunús dréachta arna cur isteach ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagail 128(4)(f), cuirfidh an Bord
Bainistíochta an tuarascáil ghlactha ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle,
an gCoimisiún agus an gCúirt Iniúchóirí; (d)
ar bhunús dréachta arna cur isteach ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin de réir Airteagail 128(4)(g), glacfaidh an Bord
Bainistíochta plean beartais ilbhliantúil foirne; (e)
glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha ar chosc
agus bhainistiú choinbhleachtaí leasa sa Ghníomhaireacht; (f)
de réir mhír 2, feidhmeoidh sé, i dtaobh bhaill
foirne na Gníomhaireachta, na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne
ar Údarás Ceapacháin agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile ar an
Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt i gCrích
("cumhachtaí an údaráis cheapacháin "); (g)
glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha cur chun
feidhme oiriúnacha do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta
Seirbhíseach Eile de réir Airteagail 110 de na Rialacháin Foirne; (h)
ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó na Leas‑Stiúrthóirí
Feidhmiúcháin agus féadfaidh sé iad a thógáil ón oifig de bhun Airteagail 129,
agus ceapfaidh sé an tUachtarán, na cathaoirligh agus comhaltaí na mBord
Achomhairc de bhun Airteagail 136; (i)
cinnteoidh an Bord Bainistíochta athleanúint
dhóthanach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó thuarascálacha agus
mheasúnuithe iniúchóireachta seachtracha nó inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 165a,
agus ó imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF) chomh maith; (j)
téifear i gcomhairle leis an mBord Bainistíochta
sula nglacfar na treoirlínte le scrúdú sa Ghníomhaireacht agus sna cásanna eile
a bhfuil foráil déanta dóibh sa Rialachán seo; (k)
féadfaidh an Bord Bainistíochta tuairimí agus
iarratais ar fhaisnéis a sheachadadh chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin áit a
measann sé gur gá sin. 2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, de réir Airteagail 110
de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 142 de Choinníollacha Fostaíochta
Seirbhíseach Eile, cinneadh atá bunaithe ar Airteagal 2(1) de na
Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollach Fostaíochta
Seirbhíseach Eile, chun cumhachtaí ábhartha an údaráis cheapacháin a
tharmligean chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na coinníollacha a chinneadh
faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun
na cumhachtaí sin a fho-tharmligean. Áit is gá mar gheall ar chúinsí eisceachtúla,
féadfaidh an Bord Bainistíochta trí mheán cinnidh tarmligean chumhachtaí an
údaráis cheapacháin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin chomh maith leo siúd arna
dtarmligean aige a chur ar fionraí agus iad a chleachtadh é féin nó iad a
tharmligean chuig duine dá gcomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Airteagal 125
Comhaltacht an Bhoird Bainistíochta 1. Beidh an Bord Bainistíochta comhdhéanta
d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus de bheirt ionadaithe ón gCoimisiún chomh
maith lena n‑ailtéarnaigh 2. Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta,
faoi réir a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó
shaineolaithe. 3. Mairfidh tréimhse na hoifige ar feadh ceithre
bliana. Féadfar an tréimhse oifige a shíneadh. Airteagal 126
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta 1. Toghfaidh an Bord Bainistíochta cathaoirleach
agus leaschathaoirleach óna chuid comhaltaí. Rachaidh an leaschathaoirleach in
ionad ex officio an chathaoirligh i gcás go gcoimeádtar é óna chuid dualgas a
chomhlíonadh. 2. Mairfidh tréimhsí oifige an chathaoirligh agus
an leaschathaoirligh ar feadh ceithre bliana. Féadfar na tréimhsí oifige a
athnuachan aon uair amháin. Más amhlaidh, áfach, go dtagann deireadh lena gcomhaltacht
ar an mBord Bainistíochta aon uair le linn a dtréimhse oifige, rachaidh a
dtréimhse oifige in éag go huathrialach ar an dáta sin freisin. Airteagal 127
Cruinnithe 1. Is é cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a
thionólfaidh a chuid cruinnithe. 2. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt sa
phlé, ach má chinneann an Bord Bainistíochta a mhalairt. 3. Reáchtálfaidh an Bord Bainistíochta
gnáthchruinniú uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, reáchtálfaidh sé
cruinnithe ar thionscnamh a chathaoirligh nó ar iarratas an Choimisiúin nó
triain de na Ballstáit. 4. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha nós
imeachta. 5. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a chuid cinntí
ag tromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá chuid
comhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh cinntí a bhfuil an Bord Bainistíochta
cumhachtaithe le glacadh faoi Airteagal 124(1)(a) agus (b), Airteagal 126(1)
agus Airteagal 129(2) and (4). Sá dá chás beidh aon vóta amháin ag
ceachtar comhalta. 6. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a
thabhairt do bhreathnóirí chun freastal ar a chuid cruinnithe. 7. Is í an Ghníomhaireacht a sholáthróidh an
Rúnaíocht don Bhord Bainistíochta. ALT 2a
An Bord Feidhmiúcháin Airteagal 127a
Bunú Féadfaidh an Bord Bainistíochta Bord Feidhmiúcháin
a bhunú. Airteagal 127b
Feidhmeanna agus eagraíocht 1. Cabhróidh an Bord Feidhmiúcháin leis an mBord
Bainistíochta 2. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an mBord
Feidhmiúcháin: (a)
cinntí a ullmhú le glacadh ag an mBord
Bainistíochta; (b)
cinntiú, i dteannta leis an mBord Bainistíochta, go
ndéantar athleanúint dhóthanach ar na torthaí agus na moltaí ag eascairt ó
thuarascálacha agus mheasúnuithe iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha,
agus ó imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise Eorpaí (OLAF); (c)
gan dochar d’fheidhmeanna an Stiúrthóra
Feidhmiúcháin, mar atá leagtha amach in Airteagal 128, cabhrú leis an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhairle a chur air maidir le cinntí an Bhoird
Bainistíochta a chur i bhfeidhm, agus é mar aidhm maoirseacht ar an mbainistíocht
riaracháin a atreisiú. 3. Nuair is gá, mar gheall ar phráinneacht,
féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann
an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin,
lena n‑áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis cheapacháin a chur ar
fionraí. 4. Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de
Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, d’aon ionadaí amháin ón gCoimisiún don
Bhord Bainistíochta agus de thriúr comhaltaí eile arna gceapadh ag an mBord
Bainistíochta óna chuid comhaltaí. Beidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta
mar Chathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin chomh maith. Glacfaidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart
vótála aige. 5. Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird
Feidhmiúcháin ar feadh ceithre bliana. Tiocfaidh deireadh le téarma oifige
chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin nuair a thiocfaidh deireadh lena
gcomhaltacht ar an mBord Bainistíochta. 6. Reáchtálfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon
gnáthchruinniú amháin ar a laghad gach trí mhí. Ina theannta sin, reáchtálfaidh
sé cruinnithe ar thionscnamh a Chathaoirligh agus ar iarratas a chuid
comhaltaí. 7. Cloífidh an Bord Feidhmiúcháin leis na rialacha
nós imeachta arna leagan síos ag an mBord Bainistíochta. ALT 3
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin Airteagal 128
Feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin 1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin
bainistíocht ar an nGníomhaireacht. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach
don Bhord Bainistíochta. 2. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, an
Bhoird Bainistíochta, agus an Choiste um an mBuiséad, beidh an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin neamhspleách i bhfeidhmiú na ndualgas agus ní iarrfaidh sé ná ní
thógfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná aon chomhlacht eile. 3. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ina ionadaí
dlí don Ghníomhaireacht. 4. Beidh na feidhmeanna seo a leanas ach go
háirithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin: (a)
glacfaidh sé na céimeanna go léir is gá, lena n‑áirítear
treoracha riaracháin inmheánacha a ghlacadh agus foilsiú fógraí, chun feidhmiú
na Gníomhaireachta a chinntiú; (b)
cuirfidh sé na cinntí arna nglacadh ag an mBord
Bainistíochta i bhfeidhm; (c)
ullmhóidh sé dréachtchlár oibre bliantúil lena n‑áirítear
acmhainní daonna agus airgeadais measta le haghaidh gach gníomhaíochta, agus
cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é tar éis dul i gcomhairle leis
an gCoimisiún; (d)
ullmhóidh sé dréachtchlár straitéiseach
ilbhliantúil, lena n‑áirítear straitéis na Gníomhaireachta um chomhar
idirnáisiúnta, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é tar éis
dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus i ndiaidh tuairimí a mhalartú leis an
gcoiste ábhartha i bParlaimint na hEorpa; (e)
cuirfidh sé an clár oibre bliantúil agus an clár
straitéiseach ilbhliantúil i bhfeidhm agus tabharfaidh sé tuairisc don Bhord
Bainistíochta ar a gcur i bhfeidhm; (f)
ullmhóidh sé an tuarascáil bhliantúil ar
ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird
Bainistíochta le faomhadh é; (g)
ullmhóidh sé dréachtphlean ilbhliantúil beartais
foirne agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é tar éis
chomhairliúchán an Choimisiúin; (h)
ullmhóidh sé plean gníomhaíochta ina ndéanfar obair
leantach ar chonclúidí na dtuarascálacha agus na measúnuithe iniúchóireachta
inmheánacha nó seachtracha, agus ó imscrúduithe na hOifige Frithchalaoise
Eorpaí (OLAF), agus tabharfaidh sé tuairisc ar dhul chun cinn dhá uair sa
bhliain don Choimisiún agus don Bhord Bainistíochta; (i)
cosnóidh sé leas airgeadais an Aontais trí bhearta
coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, iomaíochta agus aon
ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má
bhraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go mícheart a
aisghabháil agus, áit is cuí, pionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha,
dhíréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur; (j)
ullmhóidh sé straitéis fhrithchalaoise na
Gníomhaireachta agus cuirfidh sé i láthair an Choiste um an mBuiséad é le
faomhadh; (k)
chun cur i bhfeidhm comhionann an Rialacháin a
chinntiú, féadfaidh sé tagairt a dhéanamh do cheisteanna méadaithe an Bhoird
Achomhairc ar phointe dlí, go háirithe má tá cinntí dibhéirsithe eisithe ag na
Boird Achomhairc faoin bpointe sin; (l)
ceapfaidh sé meastacháin faoi ioncam agus
chaiteachas na Gníomhaireachta agus cuirfidh sé an buiséad i bhfeidhm; (m)
feidhmeoidh sé na cumhachtaí a bheidh curtha ar a
iontaoibh i dtaobh bhaill foirne an Bhoird Bainistíochta faoi Airteagal 124(1)(f); (n)
feidhmeoidh sé na cumhachtaí arna dtabhairt dó ag Airteagal 26(3),
29(5), 30(2), 45(3), 75(2), 78(5), 79, 79b, 79c, 87(3), 88, 89, 93(4), 119(8)
agus 144 de réir na gcritéar atá leagtha amach sa Rialachán seo agus sna
gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo; (o)
féadfaidh sé a chuid feidhmeanna a tharmligean. 5. Cabhróidh Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin
amháin nó níos mó leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Má bhíonn an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin as láthair nó mura mbíonn sé ar fáil rachaidh duine amháin de na
Leas‑stiúrthóirí Feidhmiúcháin ina ionad de réir an nós imeachta arna
leagan síos ag an mBord Bainistíochta. Airteagal 129
An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a bhaint as oifig agus a
thréimhse oifige a shíneadh 1. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fostaithe mar
ghníomhaire sealadach den Ghníomhaireacht faoi Airteagal 2(a) de
Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile. 2. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin, as liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós
imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach. Sula gceapfar é, féadfar
cuireadh a thabhairt don iarrthóir arna roghnú ag an mBord Bainistíochta
ráiteas a dhéanamh roimh aon choiste inniúil de chuid Pharlaimint na hEorpa
agus ceisteanna óna chomhaltaí a fhreagairt. Chun críocha an conradh a
thabhairt i gcrích leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh cathaoirleach an
Bhoird Bainistíochta ionadaíocht ar an nGníomhaireacht. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhaint
den oifig ach tar éis chinneadh an Bhoird Bainistíochta agus é ag gníomhú ar
thogra ón gCoimisiún Eorpach. 3. Mairfidh tréimhse oifige an Stiúrthóra
Feidhmiúcháin ar feadh cúig bliana. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh
an Coimisiún faoi mheasúnú a thógfaidh san áireamh an measúnú ar fheidhmíocht
an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus ar chúraimí agus dhúshláin na Gníomhaireachta
amach anseo. 4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú ar
thogra ón gCoimisiún a thógann san áireamh an measúnú dá dtagraítear i mír 3,
tréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh ar feadh cúig bliana ar
a mhó. 5. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin a
ndearnadh a thréimhse oifige a shíneadh páirt a ghlacadh i nós imeachta
roghnúcháin eile le haghaidh an phoist chéanna ag deireadh na tréimhse
foriomláine. 6. Féadfar an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin
nó na Leas‑Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a cheapadh nó a bhaint den oifig mar
a fhoráiltear dó i mír 2, tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir
Feidhmiúcháin agus, áit is infheidhme, leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tofa.
Mairfidh tréimhse oifige an Leas‑Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar feadh cúig
bliana. Féadfaidh an Bord Bainistíochta agus é ag gníomhú ar thogra ón
gCoimisiún mar a fhoráiltear dó i mír 4 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, é a shíneadh aon uair amháin ar feadh cúig bliana
ar a mhó.'; (100)
Leasaítear Airteagal 130 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (c): '(c) roinn a bhfuil sé curtha ar a hiontaoibh an
Clár a choimeád;' (b)
cuirtear an pointe (f) seo a leanas leis: '(f) aon aonad nó duine eile arna cheapadh ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin dá réir sin.'; (101)
In Airteagal 132(2), cuirtear an méid seo a
leanas in ionad na tríú habairte: 'I gcásanna sonracha arna leagan síos de réir Airteagail 144a(c),
glacfaidh comhalta aonair na cinntí.'; (102)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 133: 'Airteagal 133
Roinn a bhfuil sé curtha ar a hiontaoibh an Clár a choimeád 1. Beidh an Roinn a bhfuil sé curtha ar a
hiontaoibh an Clár a choimeád freagrach as cinntí a ghlacadh i dtaobh
iontrálacha sa Chlár. 2. Beidh sé freagrach freisin as an liosta
d’ionadaithe gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 93(2) a choimeád. 3. Glacfaidh comhalta amháin cinntí na Roinne.'; (103)
Leasaítear Airteagal 134 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Beidh
Rannán Cealúcháin freagrach as cinntí a ghlacadh maidir leis na nithe seo a
leanas: (a)
iarratas ar aisghairm nó dearbhú neamhbhailithe
maidir le trádmharc Eorpach, (b)
iarratas ar shannadh trádmharc Eorpach mar a
fhoráiltear dó in Airteagal 18.'; (b)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na
tríú habairte: 'I gcásanna sonracha arna leagan síos de réir Airteagail 144a(c),
glacfaidh comhalta aonair na cinntí.'; (104)
Cuirtear an tAirteagal 134a seo a leanas
isteach: 'Airteagal 134a
Inniúlacht Ghinearálta Maidir le cinntí atá ina gceangal de réir an
Rialacháin seo agus nach dtagann laistigh d’inniúlacht scrúdaitheora, glacfar
iad ag an Rannán Freasúra, Rannán Cealúcháin nó an Roinn a mbeidh sé curtha ar
a hiontaoibh an Clár a choimeád nó ag aon oifigeach nó aonad arna gceapadh ag
an Stiúrthóir Feidhmiúcháin don chuspóir sin.'; (105)
Leasaítear Airteagal 135 mar seo a leanas: (a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '1. Beidh na Boird Achomhairc freagrach as
cinneadh faoi achomhairc ó chinntí arna nglacadh de bhun Airteagail 131 go
134a.'; (b)
i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
pointe (a): '(a) ag údarás na mBord Achomhairc dá dtagraítear
in Airteagal 136(4)(a); nó'; (c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: '4. Beidh an Bord méadaithe freagrach freisin as
tuairimí réasúnaithe a thabhairt faoi cheisteanna dlí arna gcur faoina bhráid
ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bhun Airteagail 128(4)(k).'; (d)
i mír 5, scriostar an abairt dheireanach; (106)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 136: 'Airteagal 136
Neamhspleáchas chomhaltaí na mBord Achomhairc 1. Ceapfar Uachtarán na mBord Achomhairc agus
cathaoirligh na mBord, de réir an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129
um cheapadh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, ar feadh tréimhse cúig bliana ar a mhó.
Ní bhainfear ón oifig iad le linn a théarma, ach amháin má tá cúiseanna tromaí
ann dó sin agus má ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ag an
institiúid a cheap iad, cinneadh chuige sin. 2. Féadfar téarma oifige Uachtarán na mBord
Achomhairc a shíneadh ar feadh tréimhse breise amháin de chúig bliana, nó go
mbaintear aois scoir amach má bhaintear an aois sin amach le linn an tréimhse
nua oifige, tar éis measúnaithe dhearfaigh ar a fheidhmíocht ag an mBord
Bainistíochta roimhe sin. 3. Féadfar téarma oifige chathaoirligh na mBord a
shíneadh ar feadh tréimhsí breise cúig bliana, nó go mbaintear aois scoir amach
má bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifige, tar éis
measúnaithe dhearfaigh ar a fheidhmíocht ag an mBord Bainistíochta roimhe sin,
faoi réir tuairime fabhraí ag Uachtarán na mBord Achomhairc. 4. Beidh na feidhmeanna bainistíochta agus
eagrúcháin seo a leanas ag Uachtarán na mBord Achomhairc: (a)
cathaoirleacht a dhéanamh ar údarás na mBord
Achomhairc atá freagrach as na rialacha a leagan síos agus obair na mBord a
eagrú; (b)
cur i bhfeidhm chinntí an údaráis a áirithiú; (c)
cásanna a leithdháileadh don Bhord ar bhonn critéar
oibiachtúil arna sannadh ag údarás na mBord Achomhairc; (d)
riachtanais chaiteachais an Bhoird a chur ar
aghaidh chuig an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na meastacháin
chaiteachais a cheapadh. Déanfaidh Uachtaráin na mBord Achomhairc
cathaoirleacht ar an mBord méadaithe. 5. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí na
mBord Achomharc ar feadh tréimhse de chúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a
shíneadh ar feadh tréimhse breise cúig bliana, nó go dtí aois scoir má
bhaintear an aois sin amach le linn an téarma nua oifig tar éis measúnaithe
dhearfaigh ar a bhfeidhmíocht roimhe sin ag an mBord Bainistíochta, faoi réir
tuairime fabhraí ag Uachtaráin na mBord Achomhairc. 6. Ní bhainfear comhaltaí na
mBord Achomhairc dá n‑oifig ach má tá cúiseanna tromaí leis sin agus má
ghlacann an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh chuige sin tar éis don Bhord
Bainistíochta an cás a chur faoina bráid ar mholadh Uachtarán na mBord
Achomhairc, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird. 7. Beidh Uachtarán na mBord Achomhairc agus
cathaoirligh agus comhaltaí na mBord Achomhairc neamhspleách. Ina gcuid cinntí
ní bheidh siad faoi réir aon treoracha. 8. Beidh cinntí arna nglacadh ag Bord méadaithe ar
achomhairc nó tuairimí faoi cheisteanna dlí arna gcur faoina bhráid ag an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin de bhun Airteagail 135 ina gceangal ar chásanna
cinnteoireachta na Gníomhaireachta dá dtagraítear in Airteagal 130. 9. Ní bheidh Uachtarán na
mBord Achomhairc ná cathaoirligh ná comhaltaí na mBord Achomhairc ina
scrúdaitheoirí ná comhaltaí de na Rannáin Fhreasúra, den Rannán a bhfuil sé
curtha ar a iontaoibh an Clár a choimeád ná na Rannáin Chealúcháin.'; (107)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 138: 'Airteagal 138
An Coiste um an mBuiséad 1. Beidh na feidhmeanna arna sannadh dó san Alt
seo ag an gCoiste um an mBuiséad. 2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 125,
126 agus 127(1) go (4), (6) agus (7) don Choiste um an mBuiséad. 3. Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad a chuid
cinntí ag tromlach glan dá chuid comhaltaí. Beidh tromlach de dhá thrian dá
chuid comhaltaí ag teastáil, áfach, le haghaidh cinntí a bhfuil an Coiste um an
mBuiséad cumhachtaithe le glacadh faoi Airteagal 140(3) agus Airteagal 143.
Sa dá chás beidh aon vóta amháin ag gach comhalta.'; (108)
In Airteagal 139 cuirtear an mhír 4 seo a
leanas isteach: '4. Ullmhóidh
an Ghníomhaireacht seo tuarascáil don Choimisiún ar a staid airgeadais ar bhonn
débhliantúil. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú
ar staid airgeadais na Gníomhaireachta.'; (109)
Cuirtear an t‑Airteagal 141a seo a
leanas leis: 'Airteagal 141a
Calaois a chomhrac 1. Chun comhrac na calaoise, an éillithe agus
gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a éascú faoi Rialachán (CE) Uimh 1073/1999
aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999
i ndáil le himscrúduithe inmheánacha ag an Oifig Fhrith‑Chalaoise Eorpach
(OLAF) agus glacfaidh sí na forálacha cuí atá infheidhme d’fhostaithe na
Gníomhaireachta agus úsáid á baint as an teimpléad atá leagtha amach san
Aguisín leis an gComhaontú sin. 2. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa, ar bhunús doiciméad agus ar an toirt, thar gach tairbhí
deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón
nGníomhaireacht. 3. Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear
seiceálacha agus imscrúduithe ar an láthair, de réir na bhforálacha agus na
nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh 1073/1999 agus
Rialachán (Euratom, CE) Uimh 2185/96 agus é mar aidhm a shocrú an ndearnadh
calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a théann i bhfeidhm
ar leas airgeadais an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an
nGníomhaireacht. 4. Gan dochar d’alt 1, 2 agus 3, cuimseoidh
comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta,
conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta
forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus
do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a
gcuid inniúlachtaí faoi seach. 5. Glacfaidh an Coiste um an mBuiséad straitéis
fhrith‑chalaoise, atá i gcomhréir leis na rioscaí calaoise ag féachaint
chuig costas tairbhe na mbeart arna gcur i bhfeidhm.'; (110)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 144: 'Airteagal 144
Táillí 1. I dteanna leis na táillí a bhfuil foráil déanta
dóibh in Airteagal 26(2), 36(1)(c), 41(3), 44(4), 47(1) agus (3), 49(4),
56(2), 60, 81(3), 82(1), 113(1) agus 147(5), gearrfar táillí sna cásanna seo a
leanas: (a)
eisiúint cóipe den deimhniú clárúcháin; (b)
clárú ceadúnais nó cearta eile i dtaobh trádmhairc
Eorpaigh; (c)
clárú ceadúnais nó cearta eile i dtaobh iarratais
ar thrádmharc Eorpach; (d)
clárú ceadúnais nó cearta eile a chealú; (e)
athrú trádmhairc Eorpaigh chláraithe; (f)
eisiúint sleachta den Chlár; (g)
imscrúdú na gcomhad; (h)
eisiúint cóipeanna de dhoiciméid chomhaid; (i)
eisiúint cóipeanna deimhnithe den iarratas; (j)
cur in iúl faisnéise i gcomhad; (k)
athbhreithniú ar chinneadh na gcostas nós imeachta
le haisíoc. 2. Socrófar méideanna na dtáillí a bhfuil tagairt
dóibh i mír 1 ag an leibhéal sin a chinnteoidh go bhfuil an t‑ioncam ina
thaobh leordhóthanach i bprionsabal chun gur féidir buiséad na Gníomhaireachta
a chothromú gan barrachais mhóra a sheachaint. Gan dochar d’Airteagal 139(4),
déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar leibhéal na dtáillí i gcás go n‑éireodh
barrachas mór athfhillteach. Mura dtarlaíonn laghdú nó athrú ar leibhéal na
dtáillí arb é an éifeacht atá aige ná carnadh breise barrachais mhóir a chosc
mar thoradh ar an athbhreithniú seo, aistreofar an barrachas arna charnadh tar
éis an athbhreithnithe seo chuig buiséad an Aontais. 3. Leagfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin síos an
méid atá le gearradh as aon seirbhísí arna soláthar ag an nGníomhaireacht
seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 agus le haghaidh foilseachán arna n‑eisiúint
ag an nGníomhaireacht de réir na gcritéar atá leagtha amach sa ghníomh
tarmligthe de bhun Airteagail 144a(d). Ní sháróidh méid an mhuirir an méid
atá riachtanach chun na costais as seirbhís shonrach arna tabhairt ag an
nGníomhaireacht a chlúdach. 4. De réir na gcritéar atá leagtha amach sa gníomh
tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 144a(d), féadfaidh an
Stiúrthóir Feidhmiúcháin na gníomhartha seo a leanas a ghlacadh: (a)
féadfaidh sé a chinneadh cén mhodhanna sonracha
íocaíochta seachas iad siúd atá leagtha amach de réir Airteagail 144a(d) a
úsáid, go háirithe trí mheán taiscí i gcuntais reatha arna gcoimeád leis an
nGníomhaireacht; (b)
féadfaidh sé na méideanna a chinneadh nach n‑aisíocfar
suim iomarcach arna híoc chun táille nó muirear a chlúdach faoin mbun; (c)
féadfaidh sé caingean le haghaidh aisghabháil fhorghníomhaithe
aon suime a tharscaoileadh áit arb suim ainmniúil í atá le haisghabháil nó áit
a bhfuil an aisghabháil sin ró-éiginnte. Áit a bhféadfar na modhanna íocaíochta a bhfuil
tagairt dóibh i bpointe (a) a úsáid, socróidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an
dáta ar a mheasfar go mbeidh íocaíochtaí den sórt sin déanta leis an
nGníomhaireacht.'; (111)
Cuirtear an t‑Alt 6 seo a leanas isteach: Tarmligean
cumhachtaí Airteagal 144a
Tarmligean cumhachtaí Beidh an Coimisiún cumhachtaithe chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagail 163 chun na nithe seo a leanas a
shocrú: (a)
na critéir shonracha maidir le húsáid teangacha dá
dtagraítear in Airteagal 119; (b)
na cásanna ina ghlacfaidh comhalta aonair cinntí
freasúra agus cealúcháin faoi Airteagal 132(2) agus Airteagal 134(2); (c)
na sonraí faoi eagraíocht na mBord Achomharc, lena n‑áirítear
bunú agus ról údarás na mBord Achomhairc dá dtagraítear in Airteagal 135(3)(a),
comhaltacht an Bhoird mhéadaithe agus na rialacha faoi atreoruithe chuige mar a
thagraítear dóibh in Airteagal 135(4), na coinníollacha faoin nglacfaidh
comhalta aonair de réir Airteagail 135(2) agus (5); (d)
an córas táillí agus muirear atá iníoctha don
Ghníomhaireacht de réir Airteagail 144, lena n‑áirítear méid na
dtáillí, na modhanna íocaíochta, na hairgeadraí, an dáta dlite le haghaidh
táillí agus muirear, an dáta measta íocaíochta agus na torthaí as easpa
íocaíochta nó íocaíocht dheireanach, agus tearcíocaíocht agus ró-íocaíocht, na
seirbhísí a fhéadfar a chur ar fáil saor in aisce, agus na critéir faoin
bhféadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí atá leagtha amach in Airteagal 144(3)
agus (4) a fheidhmiú.'; (112)
In Airteagal 145, in ionad na bhfocal 'a chuid
Rialachán Cur chun Feidhme' cuirtear na focail 'na gníomhartha tarmligthe arna
nglacadh de bhun an Rialacháin seo'; (113)
In Airteagal 147, cuirtear an méid seo a
leanas in ionad mhír 4, 5 agus 6: '4. Beidh comhdú iarratais idirnáisiúnta faoi réir
íocaíocht táille leis an nGníomhaireacht. Áit a mbeidh an clárú idirnáisiúnta
bunaithe ar thrádmharc Eorpach nuair a bheidh sé cláraithe, beidh an táille
dlite ar an dáta ar a gclárófar an trádmharc Eorpach. Measfar nach mbeidh an t‑iarratas
curtha i gcomhad go mbeidh an táille riachtanach íoctha. 5. Comhlíonfaidh an t‑iarratas idirnáisiúnta
na coinníollacha foirmiúla arna mbunú de réir Airteagail 161a(a). 6. Déanfaidh an Ghníomhaireacht scrúdú féachaint
an gcomhlíonann an t‑iarratas na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 146
agus i mír 1, 3 agus 5 den Airteagal seo. 7. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an t‑iarratas
idirnáisiúnta ar aghaidh chuig an mBiuró Idirnáisiúnta chomh luath is féidir.'; (114)
Cuirtear an t‑Airteagal 148a seo a
leanas isteach: 'Airteagal 148a
Fógra faoi neamhbhailíocht an iarratais bhunúsaigh nó an chlárúcháin Laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an
chlárúcháin idirnáisiúnta, tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don Bhiúró
Idirnáisiúnta faoi na fíricí agus na cinntí a bhfuil tionchar acu ar bhailíocht
an iarratais ar an trádmharc Eorpach a raibh an clárúchán idirnáisiúnta
bunaithe air.'; (115)
In Airteagal 149, cuirtear an abairt seo a
leanas leis: 'Comhlíonfaidh an t‑iarratas na
coinníollacha foirmiúla arna mbunú de réir Airteagail 161a(c).'; (116)
Scriostar Airteagal 154(4); (117)
Cuirtear an t‑Airteagal 154a seo a
leanas isteach: 'Airteagal 154a
Cómharcanna agus marcanna deimhniúcháin Áit a bhfuil clárú idirnáisiúnta bunaithe ar
iarratas bunúsach nó ar chlárúchán bunúsach a bhaineann le cómharc, marc
deimhniúcháin nó marc ráthaíochta, cloífidh an Ghníomhaireacht leis na nósanna
imeachta a bhfuil foráil déanta dóibh de réir Airteagail 161a(f).'; (118)
Scriostar Airteagal 155; (119)
Leasaítear Airteagal 156 mar seo a leanas: (a)
i mír 2, in ionad na bhfocal 'sé mhí ' cuirtear na
focail 'aon mhí amháin'; (b)
scriostar alt 4; (120)
Cuirtear na hAirteagail 158a, 158b agus 158c
seo a leanas isteach: 'Airteagal 158a
An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú aistrithe Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh athraithe
ar úinéireacht clárúcháin sa Chlár Idirnáisiúnta agus a bheadh ag iontráil
aistrithe ar an gClár de bhun Airteagail 17. Airteagal 158b
An éifeacht dhlíthiúil atá ag clárú ceadúnas agus ceart eile Beidh an éifeacht chéanna ag taifeadadh ceadúnais
nó sriain ar cheart diúscartha an tsealbhóra agus i dtaobh an chlárúcháin
idirnáisiúnta sa Chlár agus a bheadh ag clárú ceadúnais, ceart in rem, tobhach
forghníomhaithe nó imeachtaí dócmhainneachta sa Chlár de bhun Airteagail 19,
20, 21 agus 22 faoi seach. Airteagal 158c
Scrúdú iarratas ar chlárú aistrithe, ceadúnas nó srianta ar cheart
diúscartha an tsealbhóra Tarchuirfidh an Ghníomhaireacht iarratais arna
gcur i gcomhad léi chun clárú a dhéanamh ar athrú ar úinéireacht, ar cheadúnas
nó shrian ar cheart diúscartha an tsealbhóra, ar leasú nó chealú ceadúnais nó
baint sriain ar cheart diúscartha an tsealbhóra don Bhiúró Idirnáisiúnta sna cásanna
arna sonrú de réir Airteagail 161a(h).'; (121)
Leasaítear Airteagal 159 mar seo a leanas: (a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad
pointe (b): '(b) i sannadh pháirtí Ballstáit do Phrótacal
Mhaidrid ar an gcoinníoll gurbh fhéidir, ar an dáta ar a iarradh tiontú, an
Ballstát sin a shannadh go díreach faoi Phrótacal Mhaidrid. Beidh feidhm ag Airteagal 112,
113 agus 114 chomh maith.'; (b)
i mír 2, scriostar na focail 'nó Comhaontú
Mhaidrid'; (122)
I dTeideal XIII cuirtear an t‑Alt 4 seo a
leanas isteach: 'ALT 4
Tabhairt cumhachtaí Airteagal 161a
Tarmligean cumhachtaí Beidh an Coimisiún cumhachtaithe chun gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagail 163 agus an méid seo a leanas á
shonrú aige: (a)
Coinníollacha foirmiúla iarratais idirnáisiúnta dá
dtagraítear in Airteagal 147(5), an nós imeachta um scrúdú ar an iarratas
idirnáisiúnta de bhun Airteagail 147(6) agus na rialacha mionsonraithe um
an t‑iarratas idirnáisiúnta a chur ar aghaidh chuig an mBiúró
Idirnáisiúnta de bhun Airteagail 147(4); (b)
rialacha mionsonraithe an fhógartha a bhfuil foráil
déanta dóibh in Airteagal 148a; (c)
coinníollacha foirmiúla iarratais ar shíneadh
críche mar a thagraítear dóibh in Airteagal 149(2), an nós imeachta um
scrúdú ar na coinníollacha sin agus na rialacha mionsonraithe um chur ar aghaidh
an iarratais ar shíneadh críche chuig an mBiúró Idirnáisiúnta; (d)
an nós imeachta um éileamh sinsearachta a chur i
gcomhad de bhun Airteagail 153; (e)
na nósanna imeachta um scrúdú ar na dearbhfhorais
le diúltú a thagraítear dóibh in Airteagal 154 agus um chur i gcomhad agus
scrúdú freasúra de bhun Airteagail 156, lena n‑áirítear na
cumarsáidí riachtanacha le déanamh leis an mBiúró Idirnáisiúnta; (f)
na nósanna imeachta maidir leis na clárúcháin
idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 154a; (g)
na cásanna áit a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht
fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíocht éifeachtaí clárúcháin
idirnáisiúnta de bhun Airteagail 158 agus an fhaisnéis a bheidh san
áireamh san fhógra sin; (h)
na rialacha mionsonraithe um tharchur iarratas dá
dtagraítear in Airteagal 158c den Bhiúró Idirnáisiúnta; (i)
na coinníollacha a gcloífidh iarratas ar chomhshó
de bhun Airteagail 159(1) leo; (j)
coinníollacha foirmiúla iarratais ar thrasfhoirmiú
dá dtagraítear in Airteagal 161 agus na nósanna imeachta do thrasfhoirmiú den
sórt sin; (k)
rialacha mionsonraithe na gcumarsáidí idir an
Ghníomhaireacht agus an Biúró Idirnáisiúnta, lena n‑áirítear na
cumarsáidí le déanamh de bhun Airteagail 147(4), 148a, 153(2) agus
158c.'; (123)
Scriostar Airteagal 162; (124)
Scriostar Airteagal 163; (125)
Cuirtear an t‑Airteagal 163a seo a
leanas isteach: 'Airteagal 163a
Feidhmiú an tarmligin 1. Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal
seo. 2. Tabharfar an tarmligean cumhachta dá
dtagraítear in Airteagail 24a, 35a, 45a, 49a, 57a, 65a, 74a, 74k, 93a,
114a, 144a agus 161a ar feadh tréimhse ama neamhchinntithe. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
an tarmligean cumhachta dá dtagraítear i mír 2 a aisghairm uair ar bith.
Cuirfidh cinneadh maidir le haisghairm deireadh le tarmligean cumhachtaí arna
sonrú sa chinneadh sin. Beidh feidhm aige ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh
in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos deireanaí
atá sonraithe ansin. Ní bheidh tionchar aige ar bhailíocht aon ghníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. Chomh luath agus a ghlacfaidh sé gníomh
tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle ag an am céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh
de bhun Airteagail 24a, 35a, 45a, 49a, 57a, 65a, 74a, 74k, 93a, 114a, 144a
agus 161a i bhfeidhm ach mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na
hEorpa ná an Chomhairle nó más amhlaidh, roimh dhul in éag na tréimhse sin, má
tá curtha in iúl ag Parlaimint na Eorpa agus an gComhairle don Choimisiún nach
gcuirfidh siad ina choinne. Sínfear an tréimhse sin ag 2 mhí ar thionscnamh
Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'; (126)
Scriostar Airteagal 164; (127)
Cuirtear an t‑Airteagal 165a seo a
leanas isteach: 'Airteagal 165a
Measúnú agus athbhreithniú 1. Faoi 2019, agus gach cúig bliana ina dhiaidh
sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin a
choimisiúnú. 2. Déanfar athbhreithniú ar an gcreat dlí um chomhar
idir an Ghníomhaireacht agus lároifigí maoine tionsclaíche na mBallstát agus
Oifig Benelux um Maoin Thionsclaíoch, agus aird faoi leith á tabhairt don sásra
mhaoiniúcháin. Sa mheasúnú déanfar tuilleadh measúnaithe ar thionchar,
éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta agus a cuid cleachtas
oibre. Rachaidh an measúnú i ngleic, ach go háirithe, leis an ngá le fógra a
thabhairt faoi shainordú na Gníomhaireachta, agus faoi na himpleachtaí
airgeadais a bheadh ag aon leasú den sórt sin. 3. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil
mheasúnaithe i dteannta leis na conclúidí arna dtarraingt ar an tuarascáil ar
aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle agus an mBord Bainistíochta.
Cuirfear fionnachtana an mheasúnaithe ar fáil don phobal. 4. Tráth gach dara measúnaithe, déanfar measúnú ar
na torthaí arna mbaint amach ag an nGníomhaireacht ag féachaint chuig a cuid
cuspóirí, sainordaithe agus cúraimí. Má mheasann nach cuí a thuilleadh go
leanfadh an Ghníomhaireacht ar aghaidh agus é ag féachaint chuig a cuid
cuspóirí, sainordaithe agus cúraimí sannta, féadfaidh sé a mholadh go ndéanfaí
an Rialachán seo a aisghairm.' Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar
[sonraigh dáta 90 lá tar éis a fhoilsithe in Irisleabhar Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh]. Beidh feidhm ag Airteagal 1(9), (10)(b),
(21), (22), (23), (25), (26), (27), (29), (30), (31), (34), (37), (38), (41),
(44), (46), (57), (58), (59), (60), (61), (63), (64), (66), (67), (68), (69),
(70), (71), (72), (73), (75), (76), (77), (78), (79), (88), (89), (93), (94),
(99) a fhad is a bhaineann le hAirteagal 128(4)(n), (101), (103)(b), (105)(d),
(112), (113), (114), (115), (117), (120), (123) agus (124) ón dáta [sonraigh an
chéad lá den chéad mí tar 18 míosa i ndiaidh an dáta atá sonraithe sa chéad
alt]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go hiomlán
agus beidh feidhm dhíreach aige i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Conclúidí ón gComhairle Iomaíochais an 21 agus
22 Bealtaine 2007, doiciméad 9427/07 ón gComhairle. [2] Scéala ón gCoimisiún: "Smaoinigh go beag ar dtús",
"Acht um Ghnólachtaí Beaga" don Eoraip - COM(2008) 394 deireanach an 25 Meitheamh 2008. [3] COM(2008) 465 deireanach an 16 Iúl 2008. [4] COM(2010)546 deireanach an 6 Deireadh Fómhair 2010. [5] Margadh Aonair le haghaidh Ceart Maoine Intleachtúla:
treisiú ar chruthaitheacht agus nuálaíocht chun fás eacnamaíoch, poist
ardchaighdeáin agus táirgí agus seirbhísí den chéad scoth a sholáthar san
Eoraip - COM(2011) 287. [6] Féach an staidéar deiridh ó MPI, lena n‑áirítear
na hiarscríbhinní, ag
http://ec.europa.eu/internal_market/indprop/tm/index_en.htm. [7] Conclúidí ón gComhairle Iomaíochais an
25 Bealtaine 2010 maidir leis an athbhreithniú amach anseo ar an gcóras
Trádmhairc san AE, IO C 140, 29.5.2010, lch.22. [8] IO OCMI 2005, lch. 1402. [9] IO L 343, 14.12.2012, lch. 1. [10] IO L 154, 17.6.2009, lch. 1. [11] IO L 39, 13.2.2008, lch. 16. [12] Comhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla
a bhaineann le Trádáil, IO L 336, 23.12.1994, lch. 213. [13] Tuairim ó AG Jääskinen i gCás C-323/09, Interflora,
mír. 9. [14] Breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2007, Cás C-17/06,
Céline, ECR I-07041. [15] IO L 376, 27.12.2006, lch. 21. [16] Breithiúnas an 1 Nollaig 2011, Cásanna C-446/09 Philips
agus C-495/09 Nokia. [17] Comhráiteas ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach agus ó
Choimisiún na gComhphobal Eorpach a cuireadh isteach i miontuairiscí chruinniú
na Comhairle, maidir leis an gcéad Treoir ón gComhairle lena gcomhfhogasaítear
dlíthe na mBallstát i leith trádmharcanna a glacadh 21 Nollaig 1988. [18] Breithiúnas an 19 Meitheamh 2012, Cás C-307/10,
‘IP Translator’. [19] Scéala Uimh. 2/12 ó Uachtarán na hOifige, IO OCMI 7/2012. [20] IO L 303, 15.12.1995, lch. 1. [21] IO L 303, 15.12.1995, lch. 33. [22] IO L 28, 6.2.1996, lch. 11. [23] IO C 146 E, 12.6.2008, lch. 79. [24] IO L 78, 24.3.2009, lch. 1. [25] IO L 40, 11.2.1989, lch. 1. [26] IO L 299, 8.11.2008, lch. 25. [27] COM(2008) 465. [28] IO C 140, 29.5.2010, lch. 22. [29] COM(2011) 287. [30] IO L 336, 23.12.1994, lch. 214. [31] IO L 376, 27.12.2006, lch. 21.