Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE agus Treoir 2001/95/CE /* COM/2013/078 final - 2013/0049 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá saorghluaiseacht táirgí tomhaltais sábháilte ar
cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh. Is colún tábhachtach den mhargadh
aonair é lena dtugtar muinín do thomhaltóirí agus táirgí á gceannach acu. Is le táirgí neamhbhia monaraithe tomhaltais a
bhaineann an togra seo le haghaidh Rialacháin maidir le sábháilteacht táirgí
tomhaltais, agus cuirfear in ionad Threoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle i dtaca le sábháilteacht ghinearálta táirgí[1] é (an
''Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí'' nó go simplí TSGT) .
Amhail TSGT, ceanglaítear leis an Rialachán atá beartaithe nach mór táirgí
tomhaltais a bheith ''sábháilte'', leagtar oibleagáidí áirithe ar oibreoirí
eacnamaíocha agus déantar foráil maidir le forbairt caighdeán chun tacú leis an
gceanglas sábháilteachta ginearálta. Déanfar, ámh, feidhmiú an Rialacháin atá
beartaithe agus mar a réitíonn sé le reachtaíocht eile an Aontais a chuíchóiriú
agus a shimpliú go mór agus ardleibhéal cosanta maidir le sláinte agus
sábháilteacht tomhaltóirí á chaomhnú. De dheasca fhorluí na rialacha maidir le
faireachas margaidh agus na n‑oibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha atá
leagtha síos in ionstraimí éagsúla de reachtaíocht an Aontais (TGST, Rialachán
(CE) Uimh. 765/2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú
agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú[2] agus
reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um chomhchuibhiú agus lena
gcumhdaítear táirgí tomhaltais freisin), cuirtear mearbhall ar oibreoirí
eacnamaíocha agus ar údaráis náisiúnta araon agus cuirtear isteach go mór ar
éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéantar san Aontas. Tá sé mar aidhm leis an togra seo an creat rialála
do tháirgí tomhaltais a shoiléiriú agus forbairtí sa reachtaíocht le blianta
beaga anuas a chur san áireamh, forbairtí amhail an Creat Reachtach Nua le
haghaidh Margú Táirgí a glacadh in 2008[3],
reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um chomhchuibhiú a ailíniú leis an gcreat
nua sin[4],
agus teacht i bhfeidhm Rialacháin nua maidir le caighdeánú Eorpach an 1 Eanáir
2013[5]. Is cuid den ''Phacáiste um Shábháilteacht Táirgí
agus Faireachas Margaidh'' é an togra seo, agus áirítear sa phacáiste sin
freisin togra le haghaidh rialacháin aonair maidir le faireachas margaidh agus
plean ilbhliantúil gníomhaíochta i gcomhair faireachais margaidh don tréimhse
2013 – 2015. Sainaithníodh sa Ghníomh um an Margadh Aonair (2011)[6]
athbhreithniú TGST agus tarraingt suas plean faireachais mhargaidh mar
thionscnaimh a chuirfidh le fás a spreagadh agus poist a chruthú. I nGníomh um
an Margadh Aonair II[7], a glacadh in 2012, deimhnítear gur
príomhghníomhaíocht é an ''Pacáiste um Shábháilteacht Táirgí agus Faireachas
Margaidh'' chun ''sábháilteacht táirgí atá i gcúrsaíocht san Eoraip a fheabhsú
trí chomhtháthú agus trí fhorghníomhú níos fearr ar na rialacha um
shábháilteacht táirgí agus faireachas margaidh''. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Idir 2009 agus 2011, bhí comhairliúchán forleathan
poiblí ag an gCoimisiún maidir le hathbhreithniú TGST i ndáil le raon feidhme
an mheasúnaithe tionchair. Tar éis dó raon feidhme an mheasúnaithe tionchair a
shainiú, lean an Coimisiún ar aghaidh go dtí an dara babhta de chomhairliúchán
poiblí a dhírigh isteach ar cheithre phríomhréimse shubstainteacha a raibh
feabhas de dhíth orthu i gcóras sábháilteachta táirgí an AE: (i) nósanna
imeachta chun caighdeáin a shainordú faoi TGST i gcás táirgí
neamh-chomhchuibhithe, (ii) comhchuibhiú meastúchán sábháilteachta, (iii)
comhar agus comhordú faireachais margaidh, lena n-áirítear feidhmiú Chóras
Mearmhalartuithe Faisnéise an AE (RAPEX) agus bealaí dáileacháin ar líne, agus
(iv) ailíniú leis an bPacáiste um Shaorghluaiseacht Táirgí. Reachtáladh an dara
babhta den chomhairliúchán poiblí maidir le fadhbanna a sainaithníodh agus na
réitigh a mhol an Coimisiún orthu idir Bealtaine agus Nollaig 2010. Idir an 18
Bealtaine agus an 20 Lúnasa 2010, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí
idirlín ag díriú isteach ar an gceithre réimse sin. D'iarr an Coimisiún aiseolas trí cheithre pháipéar
comhairliúcháin agus trí naoi gceistneoir ar líne ag díriú ar ghrúpaí éagsúla
geallsealbhóirí. D'fhreagair 55 údarás náisiúnta, ó gach Ballstát san AE
seachas ceann amháin chomh maith le húdaráis náisiúnta ón Iorua, ón Íoslainn
agus ón Eilbhéis. Bhí geallsealbhóirí éagsúla eile rannpháirteach sa
chomhairliúchán, lena n-áirítear breis is 30 comhlachas gnó, 17 n-eagraíocht
tomhaltóirí, agus breis is 50 oibreoir eacnamaíoch aonair (lena n-áirítear go
leor FBManna). Fuarthas 305 freagra ar fad ar an naoi gceistneoir ar líne.
Anuas ar sin, fuarthas páipéir seasaimh ar leith ó thrí chinn déag
d'eagraíochtaí tomhaltais agus d'eagraíochta gnó. Reáchtáladh roinnt cur i
láthair agus plé díreach freisin le geallsealbhóirí (le heagraíochtaí
tomhaltais agus le heagraíochtaí gnó araon) le linn tréimhse an
chomhairliúcháin. Cuireadh deireadh leis an dara babhta comhairliúcháin phoiblí
le comhdháil idirnáisiúnta geallsealbhóirí ar an 1 Nollaig 2011 dár teideal
''Athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí''
mar a bhfuair an Coimisiún aiseolas ó na geallsealbhóirí ar phríomhchonclúidí
an chomhairliúcháin phoiblí idirlín. Reáchtáladh an tríú babhta
den chomhairliúchán poiblí idir Eanáir agus Márta 2011.
Is éard a bhí i gceist cruinnithe spriocdhírithe de gheallsealbhóirí le
rannpháirtíocht saineolaithe sna réimsí ábhartha. Cumhdaíodh sna cruinnithe sin
topaicí struchtúracha lena n‑áirítear comhordú ar fhaireachas margaidh a
eagrú, tionchar na sainmhínithe nua ar oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha (go
háirithe maidir le hoibleagáidí inrianaitheachta), nósanna imeachta lena
mbunaítear sainorduithe as a dtagann caighdeáin Eorpacha a bhunaítear faoi TSGT
agus slite chun struchtúr soiléir intuigthe a bhunú i leith rialacha
sábháilteacha maidir le tairgí neamhbhia. Ba é ceann de na torthaí ar an bpróiséas
comhairliúcháin poiblí agus ar an bplé leis na páirtithe leasmhara gur
aistríodh na rialacha maidir le faireachas margaidh ó TGST mar atá faoi láthair
go rialachán neamhspleách nua maidir le Faireachas Margaidh atá le forbairt
agus le glacadh comhuaineach leis an togra atá ann faoi láthair d'athbhreithniú
TGST. Sa tslí sin cumhdaíonn an measúnú tionchair a
rinne an Coimisiún gnéithe a bhaineann leis an togra seo chomh maith leis an
togra nua le haghaidh Rialacháin maidir le Faireachas Margaidh. Thug Bord an
Choimisiúin um Measúnú Tionchair tuairim dhearfach uaidh Meán Fómhair 2012. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA ·
Raon feidhme agus sainmhínithe Sa Rialachán atá beartaithe cuirtear teorainn
shoiléir lena raon feidhme os coinne reachtaíocht earnálach an Aontais um
chomhchuibhiú. Cé go bhfuil an prionsabal ginearálta ann nach foláir táirgí
neamhbhia do thomhaltóirí a bheith sábháilte i gcoitinne, ní bhaineann na
hoibleagáidí níos mionsonraithe atáthar a chur ar oibreoirí eacnamaíocha ach
leis na hoibreoirí sin nach bhfuil faoi réir oibleagáidí comhfhreagracha arna
leagan síos sa reachtaíocht um chomhchuibhiú lena gcumhdaítear earnáil táirge
faoi leith. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún treoir a dhréachtú a bheidh ina
chabhair do ghnólachtaí, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, chun
an reachtaíocht a bhaineann leis na táirgí tomhaltais a mhonaraíonn nó a
dháileann siad a shainaithint. Tá an roinn sainmhínithe tugtha cothrom le dáta
agus, nuair ba ghá, ailíníodh leis an gCreat Reachtach Nua le haghaidh Margú
Táirgí[8]
é. ·
Ceanglas sábháilteachta ginearálta agus
oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha Tá an ceanglas nach foláir táirgí tomhaltais a
bheith sábháilte nuair a chuirtear nó nuair a chuirtear ar fáil ar mhargadh an
Aontais iad ina cholún bunúsach de reachtaíocht an AE i réimse na
sábháilteachta táirgí. Coimeádadh an ceanglas maidir le sábháilteacht ghinearálta
táirgí atá leagtha síos cheana in TGST. Beidh sé i bhfad níos simplí é a oibriú
go praiticiúil, áfach, a bhuí le nasc soiléir le reachtaíocht earnáil-shonrach
agus simpliú ar na rialacha faoi chaighdeáin. Maidir le táirgí tomhaltais a
chomhlíonann reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um chomhchuibhiú agus a
bhfuil sé mar aidhm aici sláinte agus sábháilteacht daoine a áirithiú,
toimhdeofar go bhfuil na táirgí sin sábháilte freisin faoin Rialachán seo atá
beartaithe. Mura gcomhlíonfaidh siad an reachtaíocht um chomhchuibhiú is
infheidhme, ní bhainfidh siad leas as toimhde na sabháilteachta agus is faoin
reachtaíocht earnáil-shonrach i gcomhar leis an rialachán aonair um fhaireachas
margaidh a bheidh ann amach anseo a chuirfear cás den sórt sin ina cheart. Ina theannta sin,
leagtar síos sa togra oibleagáidí bunúsacha oibreoirí
eacnamaíocha (monaróirí, allmhaireoirí, dáileoirí) atá bainteach le
slabhra soláthair táirgí tomhaltais sa mhéid is nach bhfuil siad faoi réir na
gceanglas comhfhreagrach faoi reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um
chomhchuibhiú. Tá na hoibleagáidí
bunaithe ar na forálacha tagartha a leagadh amach i
gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí[9], agus a
bhfuil sé i gceist leo aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúla, ina
measc, lipéadú, sainaithint táirgí, gníomhartha ceartaitheacha i gcás táirgí
contúirteacha agus na hudaráis inniúla a chur ar an eolas. Comhréireach leis an
mbaol a d'fhéadfadh a bheith ag gabháil lena dtáirgí, ní foláir do mhonaróirí
doiciméid theicniúla maidir lena dtáirgí a sholáthar ina mbeidh an fhaisnéis is
gá lena chruthú go bhfuil a dtáirge sábhailte. Sa tslí chéanna agus bunaithe ar
Chinneadh Uimh. 768/2008/CE, ceanglaítear leis an togra go mbeidh
oibreoirí eacnamaíocha in ann na hoibreoirí sin óna bhfuair siad an táirge agus
ar sholáthair siad táirge dóibh a shainaithint. Má tá údar maith leis de
dheasca an bhaoil a bhaineann cineálacha sonracha táirgí, ba cheart an
chumhacht a thabhairt don Choimisiún bearta a ghlacadh lena gcuirfí de cheangal
ar oibreoirí eacnamaíocha cloí le córas inrianaitheachta leictreonach nó a
leithéid a chur ar bun. ·
Caighdeáin Eorpacha a úsáid Ar nós TGST, taobhaíonn an togra le haghaidh an
Rialacháin nua le caighdeáin a úsáid chun tacú le cur chun feidhme an
cheanglais ghinearálta sábháilteachta. Mar sin féin, an próiséas chun
caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a shainaithint nó chun forbairt caighdeán
Eorpach a iarraidh as a dtiocfadh an toimhde go bhfuil táirge sábháilte, tá sé
simplithe go mór agus ailínithe le
Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena socraítear creat
uileghabhálach le haghaidh caighdeánú Eorpach[10] Leagann sé seo béim ar a thábhachtaí atá an
cur chuige comhrialála don Choimisiún agus cuirfidh sé le húsáid na gcaighdeán
Eorpach chun tacú leis an Rialachán atá beartaithe. ·
Aistriú rialacha maidir le faireachas margaidh
agus RAPEX go Rialachán nua maidir le Faireachas Margaidh. I gcomhréir leis an gcuspóir chun faireachas
margaidh a threisiú agus a chuíchóiriú le haghaidh gach táirge, bíodh an táirge
cuibhithe nó ná bíodh, nó ceaptha do thomhaltóirí nó don lucht gairmiúil, tá na
forálacha maidir le faireachas margaidh agus RAPEX atá faoi láthair in TGSP
aistrithe isteach sa togra nua le haghaidh Rialacháin maidir le Faireachas
Margaidh. Leis an Rialachán nua beidh córas amháin ann ina dtabharfar na
rialacha ar fad maidir le faireachas margaidh le chéile in aon ionstraim amháin
ina mbeidh RAPEX ina chóras aonair rabhaidh maidir le táirgí a ngabhann riosca
leo. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil sa togra le haghaidh Rialacháin maidir le
faireachas margaidh ar tháirgí. ·
Inniúlacht an Aontais, coimhdeacht,
comhréireacht agus foirm dhlíthiúil Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den Chonradh
ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear maidir leis an
mbunús dlíthiúil céanna le haghaidh bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh
inmheánaigh lenar glacadh TGST mar atá sé faoi láthair. Agus sábháilteacht
táirgí á rialáil, tá an tAontas ag baint leas as a chumhachtaí comhroinnte faoi
Airteagal 4(2) den CFAE. Laistigh den mhargadh inmheánach áit a bhfuil
saorchúrsaíocht táirgí, ní féidir na rialacha maidir le sábháilteacht táirgí a
ghlacadh ar shlí éifeachtach ach ar leibhéal an Aontais amháin. Tá sé sin
riachtanach chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a ráthú (i gcomhréir le
hAirteagal 169 CFAE) agus chun cosc a chur ar Bhallstáit rialacháin éagsúla a
ghlacadh rud a ghinfeadh ilroinnt an mhargaidh aonair. I gcomhréir le prionsabal
na comhréireachta agus na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil
riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Tá an togra i bhfoirm Rialacháin. Is é sin an
ionstraim dlí iomchuí óir forchuirtear leis rialacha soiléire mionsonraithe a
bheidh infheidhme ar shlí aonfhoirmeach agus ag an am céanna ar fud an Aontais.
Seachnófar trasuí difriúil sna Ballstáit éagsúla a bhuí leis, rud a bhféadfadh
a fhágáil go mbeadh leibhéil éagsúla cosanta don tsláinte agus don
sábháilteacht agus a chruthódh bacainní ar an margadh inmheánach. Le Rialachán
nua seachas bearta trasuímh náisiúnta déanfar cúrsaí a shimpliú go mór toisc go
mbeidh oibreoirí eacnamaíocha in ann a ngnó a reáchtáil de réir creat rialála
aonair seachas de réir meascán de dhlíthe náisiúnta na mBallstát. ·
Cearta bunúsacha I gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh, leis an togra seo táthar ag iarraidh ardleibhéal cosanta do
shláinte an duine (Airteagal 35 den Chairt) agus cosaint an
tomhaltóra (Airteagal 38) a áirithiú trí ardleibhéal sábháilteachta
ar tháirgí tomhaltais a chuirtear ar fáil ar mhargadh an Aontais a áirithiú.
Déanann an togra seo difear do shaoirse oibreoirí eacnamaíocha gnó
a dhéanamh (Airteagal 16) ach tá na hoibleagáidí atáthar a chur
ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí riachtanach chun ardleibhéal
sábháilteachta do na táirgí sin a ráthú. 4. IMPLEACHT BUISÉADACH Níl aon impleachtaí buiséadacha ag baint leis an
togra seachas na himpleachtaí a bhaineann le bainistiú cuí an Rialacháin, ar
cuid de acquis dhlí an Aontais cheana é, i bhfoirm TGST. Tá foráil
déanta cheana do na himpleachtaí buiséadacha sna cláir atá ann cheana nó atá
beartaithe agus urramaíonn siad an togra ón gCoimisiún le haghaidh an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Tá na sonraí leagtha amach sa ráiteas airgeadais a
ghabhann leis an togra seo. 5. SIMPLIÚ AGUS RIALÁIL CHLISTE Cuireann an togra seo le simpliú reachtaíocht an
AE agus cloíonn le prionsabail na rialála chliste. Agus an togra seo á ullmhú,
thug an Coimisiún aird ar an dul chun cinn tábhachtach atá déanta ar
reachtaíocht earnáil-shonrach a bhfuil sé mar aidhm aici sábháilteacht a
áirithiú i gcás táirgí agus nach ndéanann idirdhealú idir tháirgí atá ceaptha
do thomhaltóirí nó d'úsáideoirí gairmiúla. I gcodarsnacht le cúrsaí deich nó
cúig bliana déag ó shin, ní gá a thuilleadh an dara sraith oibleagáidí a leagan
ar oibreoirí eacnamaíocha atá faoi réir na reachtaíochta earnáil-shonraí cheana
féin. Ag an am céanna, tá na hoibleagáidí orthusan a mhonaraíonn, nó a
allmhairíonn nó a dháileann táirgí agus nach bhfuil cumhdaithe le reachtaíocht
shonrach arna n-ailíniú den chuid is mó leis an reachtaíocht sin is infheidhme
maidir le táirgí comhchuibhithe. Leis an gcur chuige seo laghdófar na hualaí
riaracháin agus na costais chomhlíonta ar ghnólachtaí, go háirithe ar fhiontair
bheaga agus mheánmhéide. Amach anseo, beidh sé éasca dóibh an tsraith rialacha
is infheidhme dá ngníomhaíocht tráchtála a shainaithint sa chaoi go sábhálfaidh
siad na costais sin a leanann neamhchinnteacht dhlíthiúil. Mar gheall ar ábhar agus cuspóir an Rialacháin atá
beartaithe, ní féidir micrifhiontair mar a shainítear i Moladh 2003/361/CE ón
gCoimisiún[11]
iad a dhíolmhú ó na ceanglais toisc nach foláir na rialacha beartaithe chun
sláinte agus sábháilteacht an duine a chosaint a chur i bhfeidhm is cuma cé acu
mór nó beag an t‑oibreoir eacnamaíoch. Is dóichí gurb iad na
micrifhiontair is mó a bhainfidh tairbhe as an simpliú a thiocfaidh as an bpíosa
reachtaíochta nua, ar beart é atá oiriúnach dá spriocanna agus a chuirtear in
ionad dhá threoir atá as dáta. Tá an Coimisiún tiomanta tuilleadh treorach a
sholáthar do ghnólachtaí, go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus
do thomhaltóirí chun cabhrú leo a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach a
shainaithint. 2013/0049 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais
agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/357/CEE agus Treoir 2001/95/CE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[12],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Treoir 2001/95/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le
sábháilteacht ghinearálta táirgí[13]
leagtar síos an ceanglas nach mór táirgí tomhaltais a bheith sábháilte agus
nach mór d'údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát gníomhú in aghaidh
táirgí contúirteacha agus faisnéis ina leith sin a mhalartú tríd an gcóras
mearmhalartaithe faisnéise RAPEX. Ní mór Treoir 2001/95/CE a athbhreithniú ó
bhonn chun feabhas a chur ar a feidhmiú agus chun a áirithiú go mbeidh sí
comhsheasmhach le forbairtí i reachtaíocht an Aontais maidir le faireachas
margaidh, na hoibleagáidí atá ar oibreoirí agus caighdeánú. Ar mhaithe leis an
tsoiléire, ba cheart Treoir 2001/95/CE a aisghairm agus an Rialachán seo a chur
ina hionad. (2) Rialachán an ionstraim
iomchuí dlí toisc go bhforchuireann Rialachán rialacha soiléire mionsonraithe
nach féidir leis na Ballstáit a thrasuí ar dhóigheanna éagsúla. Áirithítear le
Rialachán go mbíonn ceanglais dlí infheidhme an tráth céanna ar fud an Aontais. (3) Ní foláir an Rialachán seo a
bheith ina chuidiú na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 169 den CFAE a
bhaint amach. Go háirithe, ba cheart a bheith d'aidhm ag an Rialachán seo
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí tomhaltais a áirithiú trí rialacha
aonfhoirmeacha a leagan síos maidir le ceanglas sábháilteacha ginearálta,
critéir mheasúnaithe agus na hoibleagáidí atá ar oibreoirí eacnamaíocha. Ós rud
é go bhfuil rialacha maidir le faireachas margaidh, lena n-áirítear rialacha
maidir le RAPEX, leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [.../...] [maidir le
faireachas táirgí][14],
Rialachán a bhfuil feidhm aige maidir leis na táirgí atá cumhdaithe ag an
Rialachán seo freisin, níl gá le tuilleadh forálacha maidir le faireachas
margaidh ná RAPEX sa Rialachán seo. (4) Tá bunaithe le reachtaíocht
an Aontais maidir le bia, beatha agus réimsí gaolmhara, córas sonrach a
áirithíonn sábháilteacht táirgí atá cumhdaithe ag an reachtaíocht sin. Níor
cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí
sin, cé is moite d'ábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia,
a fhad a bhaineann le rioscaí nach gcumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh
1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair
2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia[15] ná le
reachtaíocht eile a bhaineann go sonrach le bia agus nach gcumhdaíonn ach
rioscaí ceimiceacha agus bitheolaíocha a bhaineann le bia. (5) Tá táirgí íocshláinte faoi
réir measúnú réamh-mhargaidh ar cuid de anailís riosca is tairbhe. Ba cheart,
dá bhrí sin, iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. (6) Níor cheart an Rialachán seo
seirbhísí a chumhdach. Mar sin féin, d'fhonn a chinntiú go gcosnófar sláinte
agus sábháilteacht tomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith aige maidir le táirgí
a sholáthraítear nó a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí mar chuid de sholáthar
seirbhísí, lena n-áirítear táirgí a nochtar tomhaltóirí go díreach dóibh agus
seirbhís á soláthar. Trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a dtaistealaíonn siad
air arna oibriú ag soláthraí seirbhíse, ba cheart é a eisiamh ó raon feidhme an
Rialacháin seo ráite nach mór déileáil leis in éindí le sábháilteacht na
seirbhíse arna soláthar. (7) Cé go bhfuil forbairt déanta
ar reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um chomhchuibhiú a bhaineann le
gnéithe sábháilteachta de tháirgí sonracha nó catagóirí sonracha táirgí, tá sé
ionann is dodhéanta ag an Aontas reachtaíocht a ghlacadh i leith gach táirge
tomhaltais atá ann cheana nó a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Fágann sin
go bhfuil gá fós le creat reachtach de chineál cothrománach chun bearnaí a
líonadh agus chun cosaint tomhaltóirí a áirithiú i gcás nach bhfuil sin áirithe
ar shlí eile, go háirithe d'fhonn ardleibhéal cosanta do shábháilteacht agus
sláinte tomhaltóirí a áirithiú, arna cheangal le hAirteagal 114 agus le
hAirteagal 169 den CFAE. (8) I dtaca leis na táirgí
tomhaltais atá faoi réir an Rialacháin seo, ba cheart teorainn shoiléir a
bheith idir raon feidhme chodanna éagsúla an Rialacháin seo agus reachtaíocht
earnáil‑shonrach an Aontais um chomhchuibhiú. Cé gur cheart ceanglais
ghinearálta maidir le sábháilteacht táirgí agus na forálacha gaolmhara leo sin
a bheith infheidhme maidir le gach táirge tomhaltais, níor cheart feidhm a
bheith ag oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha i gcás ina bhfuil oibleagáidí
coibhéiseacha i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, amhail reachtaíocht
maidir le cosmaidí, bréagáin, fearais leictreacha nó táirgí tógála. (9) D'fhonn a áirithiú go mbeidh
an Rialachán seo agus reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um chomhchuibhiú
comhleanúnach ó thaobh na n-oibleagáidí sonracha atá ar oibreoirí eacnamaíocha,
ba cheart na forálacha a bhaineann le monaróirí, ionadaithe údaraithe,
allmhaireoirí agus dáileoirí a bheith bunaithe ar na forálacha tagartha atá i
gCinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9
Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí[16]. (10) Níor cheart raon feidhme an
Rialacháin seo a bheith teoranta d'aon teicníc ar leith um dhíol táirgí
tomhaltais, agus ba cheart, dá bhrí sin, ciandíol a chumhdach leis freisin. (11) Ba cheart feidhm a bheith ag
an Rialachán seo maidir le táirgí athláimhe a théann isteach arís sa slabhra
soláthair le linn gníomhaíochta tráchtála, ach amháin i gcás na n-earraí
athláimhe sin nach féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil le réasún go
gcomhlíonfaidís na caighdeáin sábháilteachta is úire, e.g.seandachtaí. (12) Ba cheart feidhm a bheith ag
an Rialachán seo maidir le táirgí tomhaltais nach bia‑ábhar iad ach a
bhfuil an chuma orthu gurb ea, agus a bhféadfaí iad a thabhairt in amhlachas
bia-ábhair sa chaoi is go bhféadfadh tomhaltóirí, leanaí go háirithe, iad a
chur ina mbéal, a dhúil nó a ionghabháil, rud a bhféadfadh plúchadh, nimhiú, nó
polladh nó cosc chonair an díleá teacht as. Tá na táirgí sin a bhfuil cuma bia
orthu á rialáil go dtí seo ag Treoir 87/357/CEE ón gComhairle an 25 Meitheamh
1987 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí a bhfuil
cuma mhíthreorach orthu agus ar baol do shláinte nó do shábháilteacht
tomhaltóirí iad dá bharr sin[17],
Treoir ba cheart a aisghairm. (13) Ba cheart measúnú a dhéanamh
ar shábháilteacht táirgí agus gach gné ábhartha á cur san áireamh, go háirithe
a saintréithe agus an chaoi a gcuirtear i láthair iad, mar aon leis na
catagóirí tomhaltóirí is dealraitheach a d'úsáidfeadh na táirgí, ag cur san
áireamh chomh leochailí is atá na tomhaltóirí sin, go háirithe leanaí, daoine
aosta agus daoine faoi mhíchumas. (14) Chun ceanglais sábháilteacha
forluiteacha agus coinbhleachtaí le reachtaíocht eile de chuid an Aontais a
sheachaint, aon táirge atá i gcomhréir le reachtaíocht earnáil‑shonrach
an Aontais um chomhchuibhiú arb é is aidhm leis sláinte agus sábháilteacht
daoine a chosaint, ba cheart a mheas go bhfuil sé sábháilte de réir an
Rialacháin seo. (15) Ba cheart oibreoirí
eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíontacht a dtáirgí, a fhad a bhaineann
leis an ról atá ag gach ceann acu sa slabhra soláthair, d'fhonn ardleibhéal
sábháilteachta do shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí a áirithiú. (16) Na hoibreoirí eacnamaíocha a
mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh gach beart is
iomchuí a dhéanamh lena áirithiú nach gcuirfidh siad ar fáil ar an margadh ach
táirgí atá sábháilte agus i gcomhréir leis an Rialachán seo. Is gá foráil a
dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in
oiriúint do ról gach oibreora sa phróiseas soláthair agus dáilte. (17) Is ar allmhaireoirí atá an
fhreagracht féachaint chuige go gcomhlíonann táirgí ó thríú tíortha a chuireann
siad ar mhargadh an Aontais ceanglais an Rialacháin seo. Ba cheart, dá bhrí
sin, na hoibleagáidí sonracha atá ar allmhaireoirí a bheith sa Rialachán seo. (18) Cuireann dáileoirí táirgí ar
an margadh i ndiaidh don mhonaróir nó don allmhaireoir iad a chur ar an
margadh, agus ba cheart dóibh gníomhú leis an gcúram is cuí d'fhonn a áirithiú
nach mbeidh aon drochthionchar ag an láimhseáil a dhéanann siad ar an táirge ar
an gcaoi a gcomhlíonann sé an Rialachán seo. (19) Maidir le hoibreoirí
eacnamaíocha a chuireann táirge ar an margadh faoina n-ainm nó a dtrádmharc
féin nó a mhodhnaíonn an táirge ar dhóigh a dhéanann difear do chomhlíonadh an
Rialacháin seo, ba cheart a mheas gurb iadsan an monaróir agus ba cheart dóibh
siúd oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chucu féin. (20) Trí aithint táirgí agus
inrianaitheacht táirgí ó cheann ceann an tslabhra soláthair a áirithiú, is fusa
oibreoirí eacnamaíocha a shainaithint agus bearta ceartaitheacha éifeachtacha a
dhéanamh i gcoinne táirgí neamhshábháilte amhail aisghairmeacha spriocdhírithe.
Ar an dóigh sin áirithíonn aithint táirgí agus inrianaitheacht táirgí go
bhfaigheann tomhaltóirí agus oibreoirí eacnamaíocha faisnéis chruinn faoi
tháirgí neamhshábháilte, rud a mhéadaíonn ar an muinín as an margadh agus a
sheachnaíonn cur isteach gan chall ar thrádáil. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis
a bheith ar tháirgí lena bhféadfaí iad féin agus a monaróir, agus más
infheidhme, an t-allmhaireoir, a shainaithint. Ba cheart do mhonaróirí
doiciméid theicniúla maidir lena dtáirgí a bhunú freisin, agus is féidir leo an
dóigh is oiriúnaí agus is cost-éifeachtúla chuige sin a roghnú, e.g. formáid
leictreonach. Ina theannta sin, ba cheart ceanglas a bheith ar oibreoirí
eacnamaíocha na hoibreoirí a sholáthair táirgí dóibh agus ar sholáthair siad
féin táirgí dóibh a shainaithint. Tá feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a
chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht
sonraí den sórt sin[18],
tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta chun críche an Rialacháin
seo. (21) Cuireann sonrú an ionaid
tionscnaimh leis na ceanglais bhunúsacha inrianaitheachta a bhaineann le hainm
agus seoladh an mhonaróra. Go háirithe, is cuidiú é sonrú na tíre tionscnaimh
an áit iarbhír mhonaraíochta a shainaithint i ngach cás nach féidir dul i
dteagmháil leis an monaróir nó ina bhfuil an seoladh atá luaite leis éagsúil
leis an áit iarbhír mhonaraíochta. Is féidir leis an bhfaisnéis sin éascaíocht
a dhéanamh do na húdaráis um fhaireachas margaidh an táirge a rianú ar ais go
dtí an áit iarbhír mhonaraíochta agus teagmháil a dhéanamh le húdaráis na
dtíortha tionscnaimh mar chuid de comhar déthaobhach nó iltaobhach maidir le
sábháilteacht táirgí tomhaltais, féachaint na bearta leantacha iomchuí a
dhéanamh. (22) D'fhonn cur chun feidhme
éifeachtach comhsheasmhach an cheanglais sábháilteacha ghinearálta atá leagtha
amach sa Rialachán seo a áirithiú, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as
caighdeáin Eorpacha a chumhdaíonn táirgí agus rioscaí áirithe sa chaoi is go
measfar go bhfuil táirge a chomhlíonann caighdeán Eorpach den chineál sin, a
bhfuil a thagairt foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ag
comhlíonadh an cheanglais sin. (23) I gcás ina n-aithneoidh an
Coimisiún go bhfuil gá le caighdeán Eorpach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh
táirgí áirithe ceanglas sábháilteachta ginearálta an Rialacháin seo, ba cheart
dó forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach[19] a chur i
bhfeidhm, á iarraidh ar an dóigh sin ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú
amháin nó níos mó caighdeán a dhréachtú nó a shainaithint a bheadh oiriúnach
lena áirithiú go measfaí táirgí a mbeadh sé á chomhlíonadh acu a bheith
sábháilte. Ba cheart tagairtí na gcaighdeán Eorpach sin a fhoilsiú in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. (24) Na nósanna imeachta chun
caighdeáin Eorpacha a iarraidh de bhun an Rialacháin seo agus chun agóidí
foirmiúla a dhéanamh ina n-aghaidh, ba cheart iad a leagan síos sa Rialachán
seo agus iad a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. D'fhonn
comhsheasmhacht ghinearálta sa chaighdeánú Eorpach a áirithiú, ba cheart
iarrataí ar chaighdeáin Eorpacha nó agóidí ina n-aghaidh a chur faoi bráid an
choiste arna bhunú ag an Rialachán sin, tar éis an comhairliúchán iomchuí a
dhéanamh le saineolaithe na mBallstát i réimse shábháilteacht na dtáirgí
tomhaltais. (25) Caighdeáin Eorpacha a bhfuil a
dtagairtí foilsithe i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart go leanfaidís
de bheith ina dtoimhde go bhfuil an ceanglas sábháilteachta ginearálta á
chomhlíonadh. Sainorduithe um chaighdeánú arna n-eisiúint ag an gCoimisiún i
gcomhréir le Treoir 2001/95/CE, ba cheart a mheas gur iarrataí ar chaighdeánú
arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an Rialachán seo iad. (26) I gcás nach ann do chaighdeán
Eorpach ábhartha ná do mhodh aitheanta eile chun sábháilteacht táirgí a mheas, ba
cheart a chur san áireamh sa mheasúnú ar shábháilteacht táirgí moltaí an
Choimisiúin a glacadh chun na críche sin de bhun Airteagal 292 den CFAE. (27) Chun coinníollacha
aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart
cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith na díolúine ón
oibleagáid na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas maidir le
táirgí a bhfuil riosca ag baint leo, a fhad a bhaineann le cineál an iompróra
sonraí agus a chur ar an táirge chun críche an chórais inrianaitheachta,
iarrataí ar chaighdeánú chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, agus cinntí
maidir le hagóidí foirmiúla in aghaidh caighdeán Eorpach. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena
leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na
sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun
feidhme an Choimisiúin[20]. (28) Ba cheart an nós imeachta
comhairliúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i dtaca
leis na hagóidí i gcoinne caighdeán Eorpach agus i gcás nach bhfuil na
caighdeáin Eorpacha i gceist foilsithe go fóill in Iris Oifigiúil an Aontais
Eorpaigh, ós rud é nach bhfuil tagtha go fóill as an gcaighdeán ábhartha an
toimhde go bhfuil an ceanglas sábháilteachta ginearálta arna leagan amach i
reachtaíocht infheidhme an Aontais um chomhchuibhiú á chomhlíonadh. (29) D'fhonn leanúint de bheith ag
tabhairt ardleibhéil sláinte agus sábháilteachta do thomhaltóirí, ba cheart an
chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir
le hAirteagal 290 den CFAE i dtaca le táirgí nach gá ainm ná seoladh an
mhonaróra ná an allmhaireora a lua ar an táirge féin i ngeall ar an leibhéal
íseal riosca a bhaineann leis, agus i leith aithint agus inrianaitheacht táirgí
a bhféadfadh ardriosca sláinte agus sábháilteachta a bheith ag roinnt leo. Tá
sé tábhachtach, go háirithe, an Coimisiún a dhul i mbun comhairliúchán iomchuí
le linn a chuid oibre ullmhúcháin, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh.
Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart
don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach,
tráthúil agus iomchuí. (30) Ba cheart do na Ballstáit
rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás
sáruithe ar an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear
chun feidhme iad. Ní mór na pionóis sin a bheith éifeachtach comhréireach
agus athchomhairleach. (31) D'fhonn caoi a thabhairt
d'oibreoirí eacnamaíocha, do na Ballstáit agus don Choimisiún dul in oiriúint
do na hathruithe atá á dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí
foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse nó go mbeidh ceanglais an Rialacháin
seo infheidhme. (32) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
a áirithiú do tháirgí tomhaltais agus, san am céanna, ardleibhéal cosanta
do shláinte tomhaltóirí a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach ar
leibhéal na mBallstát agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, mar gheall ar
fhairsinge an chuspóra, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá
leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal
sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun
an cuspóir sin a bhaint amach. (33) Urramaíonn an Rialachán seo na
cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, tá sé d'aidhm ag an
Rialachán seo féachaint chuige go n-urramófar ina hiomláine an oibleagáid
ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus ardleibhéal cosanta do
thomhaltóirí, mar aon le saoirse gnó, a áirithiú. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I Forálacha
ginearálta Airteagal 1 Ábhar Leagann an Rialachán seo síos rialacha maidir le sábháilteacht
táirgí tomhaltais a chur nó a chur
ar fáil ar mhargadh an Aontais. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm
ag an Rialachán seo maidir le táirgí
a fhaightear trí phróiseas monaraithe agus a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear ar
fáil ar an margadh, cibé acu nua,
úsáidte nó athchóirithe iad, a chomhlíonann aon cheann de na critéir seo a leanas: (a)
táirgí atá beartaithe do thomhaltóirí; (b)
táirgí ar dócha, faoi dhálaí atá measartha intuartha, a bheidh in úsáid ag tomhaltóirí fiú amháin más rud é nach dóibh a ceapadh iad;
(c)
táirgí a nochtar tomhaltóirí dóibh i gcomhthéacs seirbhíse a
chuirtear ar fáil dóibh. 2. Ní bheidh
feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí atá le deisiú nó le hathchóiriú sula n-úsáidfear iad,
i gcás ina gcuirfear na táirgí deisithe
nó athchóirithe sin ar fáil ar an
margadh. 3. Ní bheidh
feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas: (a)
táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid an duine nó úsáid tréadliachta; (b)
bia; (c)
ábhair agus nithe atá ceaptha a bheith i dtadhall
le bia sa mhéid a chumhdaítear rioscaí a bhaineann leis na táirgí sin le Rialachán
(CE) Uimh 1935/2004 nó le reachtaíocht eile Aontais is infheidhme maidir le bia; (d)
beatha; (e)
plandaí
agus ainmhithe beo, orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus micrea-orgánaigh ghéinmhodhnaithe in úsáid shrianta, chomh maith le táirgí plandaí agus ainmhithe a
bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh
amach anseo; (f)
seachtháirgí ainmhithe, agus táirgí
a dhíorthaítear uathu; (g)
táirgí cosanta plandaí; (h)
trealamh a iompraíonn tomhaltóirí nó a
dtaistealaíonn siad air arna oibriú ag soláthraí seirbhíse
laistigh de chomhthéacs seirbhíse
a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí; (i)
seandachtaí. 4. Ní bheidh
feidhm ag Caibidlí II, III agus IV den Rialachán seo maidir le táirgí atá faoi réir ceanglas atá ceaptha chun sláinte agus sábháilteacht an duine a
chosaint, a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú nó dá bun. Airteagal 3 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (1)
ciallaíonn 'táirge sábháilte' aon táirge nach mbeidh, faoi ghnáthdhálaí úsáide nó dálaí
úsáide atá measartha intuartha don
táirge lena mbaineann, lena n-áirítear ré úsáide agus, i gcás
inarb infheidhme, a riachtanais maidir le cur i seirbhís, suiteáil agus cothabháil, aon riosca ag baint leis nó nach mbeidh ach na rioscaí íosta ag luí leis an
táirge a úsáid, rioscaí a
mheastar a bheith inghlactha agus
ag teacht le leibhéal ard cosanta
sláinte agus sábháilteachta daoine; (2)
ciallaíonn 'táirge a chur ar fáil ar an margadh'
aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an
Aontais le linn gníomhaíochta tráchtála, bíodh sé sin ar íocaíocht nó saor in
aisce; (3)
ciallaíonn táirge 'a chur ar an margadh' táirge a
chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair; (4)
ciallaíonn 'monaróir' aon duine nádúrtha nó
dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a chuireann táirge á dhearadh nó á mhonarú,
agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc; (5)
ciallaíonn 'ionadaí údaraithe' aon duine nádúrtha
nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus ag a bhfuil sainordú
i scríbhinn faighte ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le tascanna
sonraithe; (6)
ciallaíonn 'allmhaireoir' aon duine nádúrtha nó
dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar
mhargadh an Aontais; (7)
ciallaíonn 'dáileoir' aon duine nádúrtha nó
dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a
chuireann táirge ar fáil ar an margadh; (8)
ciallaíonn 'oibreoirí eacnamaíocha' an monaróir, an
t-ionadaí údaraithe, an t‑allmhaireoir agus an dáileoir; (9)
ciallaíonn 'caighdeán Eorpach' caighdeán Eorpach mar atá sainmhínithe inAirteagal 2(1)(b) de Rialachán
(AE) Uimh.1025/2012; (10)
ciallaíonn 'caighdeán idirnáisiúnta' caighdeán
idirnáisiúnta mar atá sainmhínithe in
Airteagal 2(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh.1025/2012; (11)
ciallaíonn 'caighdeán náisiúnta' caighdeán
náisiúnta mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1)(d)
de Rialachán (AE) Uimh.1025/2012; (12)
ciallaíonn 'eagraíocht Eorpach um chaighdeánú'
eagraíocht Eorpach um chaighdeánú mar atá sainmhínithe in
Airteagal 2(8) de Rialachán (AE) Uimh.1025/2012; (13)
ciallaíonn 'údarás um fhaireachas margaidh' údarás um fhaireachas margaidh mar atá sainmhínithe in Airteagal [3
(12] de Rialachán (AE) Uimh. [... / ...] [maidir le faireachas margaidh ar tháirgí]; (14)
ciallaíonn 'aisghairm' aon bheart a bhfuil sé
d’aidhm leis táirge a cuireadh ar fáil cheana féin don úsáideoir
críochnaitheach a fháil ar ais; (15)
ciallaíonn 'tarraingt siar' aon bheart atá ceaptha
cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil níos mó ar an
margadh; (16)
ciallaíonn 'reachtaíocht an Aontais um
chomhchuibhiú' aon reachtaíocht de chuid an Aontais a dhéanann comhchuibhiú ar
na coinníollacha do mhargú na dtáirgí. (17)
ciallaíonn 'riosca tromchúiseach' riosca a
éilíonn idirghabháil mhear agus obair leantach, lena n-áirítear cásanna nuair a d'fhéadfadh na
héifeachtaí gan a theacht i bhfeidhm láithreach
bonn. Airteagal 4 Ceanglas
sábháilteachta ginearálta
Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha ach
táirgí sábháilte a chur nó a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais. Airteagal 5 Toimhde na sábháilteachta Chun críche an Rialacháin seo, toimhdeofar
táirge a bheith i gcomhréir leis an
gceanglas sábháilteachta ginearálta a leagtar síos in Airteagal 4 sna cásanna a leanas: (a)
maidir leis na rioscaí atá cumhdaithe ag na
ceanglais a ceapadh chun sláinte agus sábháilteacht an duine a chosaint agus
atá leagtha síos i reachtaíocht an Aontais um chomhchuibhiú, nó dá bun, más rud
é go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais sin; (b)
in éagmais ceanglas a bheith leagtha síos i
reachtaíocht sin an Aontais um chomhchuibhiú, nó dá bun, dá dtagraítear i
bpointe (a), maidir leis na rioscaí atá cumhdaithe ag caighdeáin Eorpacha, más
rud é go bhfuil sé i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha ábhartha nó codanna
díobh, ar foilsíodh tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17; (c)
in éagmais ceanglas a bheith leagtha síos i
reachtaíocht sin an Aontais um chomhchuibhiú, nó dá bun, dá dtagraítear i
bpointe (a) agus na caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i bpointe (b), maidir
leis na rioscaí atá cumhdaithe ag ceanglais sláinte agus sábháilteachta atá
leagtha síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar fáil ar an
margadh, más rud é go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais náisiúnta sin. Airteagal 6 Gnéithe chun measúnú a dhéanamh ar
shábháilteacht táirgí 1. In éagmais reachtaíocht an
Aontais um chomhchuibhiú, caighdeáin Eorpacha nó riachtanais sláinte agus
sábháilteachta a bheith leagtha síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an
táirge ar fáil ar an margadh, dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de
Airteagal 5, cuirfear na gnéithe seo a leanas san áireamh agus measúnú á
dhéanamh an bhfuil an táirge sábháilte, go háirithe: (a)
saintréithe an táirge, lena n-áirítear a
chomhdhéanamh, pacáistíocht, treoracha maidir lena chóimeáil agus, más
infheidhme, lena shuiteáil agus a chothabháil; (b)
an éifeacht ar tháirgí eile, áit a bhfuil sé
measartha intuartha go mbeidh sé in úsáid le táirgí eile; (c)
an chaoi a gcuirtear an táirge i láthair, lipéadú,
aon rabhaidh agus treoracha úsáide agus diúscartha agus aon tásc nó faisnéis
eile maidir leis an táirge; (d)
catagóirí na dtomhaltóirí a bheadh i mbaol agus an táirge
á úsáid, go háirithe tomhaltóirí leochaileacha; (e)
cuma an táirge agus go háirithe i gcás táirge, cé
nach bia-ábhar é, atá cosúil le bia-ábhar agus a bhféadfaí é a thabhairt in
amhlachas bia-ábhair mar gheall ar a bhfoirm, boladh, dath, cuma, pacáistíocht,
lipéadú, toirt, méid nó saintréithe eile. Ní bheidh an fhéidearthacht leibhéil níos airde
sábháilteachta a bhaint amach nó fáil a bheith ar tháirgí eile ar lú an riosca
a ghabhann leo mar fhoras lena mheas nach bhfuil an táirge sábháilte. 2. Chun críche mhír 1, agus
measúnú á dhéanamh an bhfuil táirge sábháilte, cuirfear na gnéithe seo a
leanas, nuair atá siad ar fáil, san áireamh, go háirithe: (a)
staid na healaíne agus na teicneolaíochta; (b)
caighdeáin Eorpacha seachas na cinn a bhfuil a
gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i
gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17; (c)
caighdeáin idirnáisiúnta; (d)
comhaontuithe idirnáisiúnta; (e)
moltaí nó treoirlínte an Choimisiúin maidir le
measúnú ar shábháilteacht táirgí; (f)
caighdeáin náisiúnta arna dtarraingt suas sa
Bhallstát ina gcuirtear an táirge ar fáil; (g)
cóid sábháilteachta dea-chleachtais táirgí atá i
bhfeidhm san earnáil lena mbaineann; (h)
ionchais réasúnta tomhaltóirí a bhaineann le
sábháilteacht. Airteagal 7 Tásc ar áit tionscnaimh 1. Áiritheoidh
monaróirí agus allmhaireoirí go
mbeidh tásc ar thír thionscnaimh an táirge ar tháirgí nó,
i gcás nach gceadaíonn méid nó cineál an
táirge é sin, go bhfuil an tásc sin le cur ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a
ghabhann leis an táirge. 2. Chun críche
an tír thionscnaimh a chinneadh de réir bhrí mhír 1, beidh na rialacha
tionscnaimh neamhfhabhair i bhfeidhm atá leagtha amach in Airteagail 23 go 25
de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ag bunú Chód Custaim Comhphobail [21] . 3. I gcás gur
Ballstát de chuid an Aontais an tír
thionscnaimh a chinnfear i
gcomhréir le mír 2, féadfaidh monaróirí agus
allmhaireoirí tagairt don Aontas nó do Bhallstát ar leith. CAIBIDIL II Oibleagáidí
oibreoirí eacnamaíocha Airteagal 8 Oibleagáidí na monaróirí 1. Nuair a chuirfidh siad a
gcuid táirgí ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur
monaraíodh iad i gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta atá
leagtha síos in Airteagal 4. 2. Áiritheoidh monaróirí go
mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhfanfaidh táirgeadh sraithe i
gcomhréir leis an gceanglas sábháilteachta ginearálta atá leagtha síos in
Airteagal 4. 3. I gcomhréir leis na rioscaí a
d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirge, déanfaidh monaróirí, chun sláinte
agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar tháirgí atá
curtha ar fáil ar an margadh, gearáin a fhiosrú agus clár um ghearáin um
tháirgí neamh-chomhréireacha agus um tháirgí a aisghaireadh a choinneáil, agus
coimeádfaidh siad dáileoirí ar an eolas faoi aon fhaireachán den sórt sin. 4. I gcomhréir le rioscaí a
d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirge, déanfaidh monaróirí doiciméid
theicniúla a tharraingt suas. Beidh sna doiciméid theicniúla, de réir mar is
iomchuí: (a)
tuairisc ghinearálta ar an táirge agus a n‑airíonna
riachtanacha atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge; (b)
anailís ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag
gabháil leis an táirge agus na réitigh a glacadh chun na rioscaí sin a dhíchur
nó a mhaolú, lena n-áirítear toradh aon tástálacha a dhéanann an monaróir nó
páirtí eile thar a cheann; (c)
i gcás inarb infheidhme, liosta de na caighdeáin
Eorpacha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5 nó ceanglais sláinte agus
sábháilteachta atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar
fáil ar an margadh dá dtagraítear i bpointe ( c) d'Airteagal 5, nó gnéithe eile
dá dtagraítear in Airteagal 6(2), arna gcur i bhfeidhm chun an ceanglas
sábháilteachta ginearálta atá leagtha síos in Airteagal 4 a chomhlíonadh. I gcás nach gcuirfear aon cheann de na caighdeáin
Eorpacha, nó na ceanglais sláinte agus sábháilteachta nó gnéithe eile dá
dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír i bhfeidhm ach go páirteach,
déanfar na codanna a cuireadh i bhfeidhm a shainaithint. 5. Coimeádfaidh monaróirí, ar
feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, na
doiciméid theicniúla agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis um fhaireachas
margaidh iad, arna iarraidh sin. 6. Áiritheoidh monaróirí go
mbeidh ar a dtáirgí uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe, nó
eilimint eile lena sainaithneofar iad, agus a bheidh sofheicthe agus soléite do
thomhaltóirí, nó, i gcás nach féidir é sin de dheasca mhéid nó nádúr an táirge,
áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an
bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. 7. Déanfaidh monaróirí a léiriú
ar an táirge, nó, i gcás nach bhféadtar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht
nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a
dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála. Ní foláir pointe singil ag a
bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in iúl sa seoladh. 8. Áiritheoidh monaróirí go
mbeidh fara a dtáirge treoracha agus faisnéis sábháilteachta i dteanga atá
sothuigthe ag tomhaltóirí, mar a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge
ar fáil, ach amháin i gcás inar féidir an táirge a úsáid go sábháilte agus de
réir mar a bhí beartaithe ag an monaróir gan na treoracha agus an fhaisnéis
sábháilteachta sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas
faoi aon fhorálacha arna nglacadh acu chun an teanga/na teangacha a theastaíonn
a chinneadh. 9. Déanfaidh monaróirí a
mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil táirge a chuir siad ar
an margadh sábháilte nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo ar
shlí eile, déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá a ghlacadh láithreach
chun an táirge sin a chur i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó é a
aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás nach bhfuil an táirge sábháilte,
cuirfidh monaróirí údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad
an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad
mionsonraí, go háirithe, faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht
agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh. Airteagal 9 Ionadaithe údaraithe 1. Féadfaidh monaróir, trí
bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Na
hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8 (1) agus (4), ní bheidh siad ina
gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe. 2. Déanfaidh ionadaí údaraithe
na cúramaí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin
ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh: (a)
de thoradh iarrata ó údarás um fhaireachas
margaidh, gach faisnéis agus doiciméad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun
comhréireacht táirge a léiriú; (b)
oibriú i gcomhar leis na húdaráis um fhaireachas
margaidh, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart arna dhéanamh chun na
rioscaí a dhíothú a bhaineann le táirgí atá cumhdaithe ag a sainordú. Airteagal 10 Oibleagáidí allmhaireoirí 1. Sula gcuirfidh siad táirge ar
an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an táirge ag cloí leis an
gceanglas sábháilteachta ginearálta atá leagtha amach in Airteagal 4 agus gur
chomhlíon an monaróir na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8 (4 ), (6)
agus (7). 2. I gcás ina measfaidh
allmhaireoir nó go bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil táirge i
gcomhréir leis an Rialachán seo, ní chuirfidh sé an táirge ar an margadh go dtí
go mbeidh sé tugtha i gcomhréir. Ina theannta sin, i gcás nach bhfuil an táirge
sábháilte, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus údaráis um fhaireachas
margaidh an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas faoin méid sin. 3. Déanfaidh allmhaireoirí a
léiriú ar an táirge, nó, i gcás nach bhféadtar é sin a dhéanamh, ar an
bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge, a n‑ainm, a
dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála.
Áiritheoidh siad nach gceilfidh aon lipéad breise aon fhaisnéis ar an lipéad a
chuir an monaróir ar fáil. 4. Áiritheoidh allmhaireoirí go
mbeidh fara a dtáirge treoracha agus faisnéis sábháilteachta i dteanga atá
sothuigthe ag tomhaltóirí, mar a chinnfidh an Ballstát ina gcuirtear an táirge
ar fáil, ach amháin i gcás inar féidir an táirge a úsáid go sábháilte agus de
réir mar a bhí beartaithe ag an monaróir gan na treoracha agus an fhaisnéis
sábháilteachta sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas
faoi aon fhorálacha arna nglacadh acu chun an teanga/na teangacha a theastaíonn
a chinneadh. 5. Áiritheoidh allmhaireoirí,
fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair
dochar do chomhlíonadh an cheanglais sábháilteachta ghinearálta atá leagtha
síos in Airteagal 4 ná dá chomhréireacht le hAirteagal 8(6). 6. I gcomhréir leis na rioscaí a
d'fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirge, déanfaidh allmhaireoirí, chun
sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí a chosaint, tástáil shamplach ar
tháirgí atá curtha ar fáil ar an margadh, gearáin a fhiosrú agus clár um
ghearáin, um tháirgí neamh‑chomhréireacha agus um tháirgí a aisghaireadh
a choinneáil, agus coimeádfaidh siad an monaróir agus na dáileoirí ar an eolas
faoi aon fhaireachán den sórt sin. 7. Déanfaidh allmhaireoirí, a
mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil táirge a chuir siad ar
an margadh sábháilte nó nach bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo ar
shlí eile, déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá a ghlacadh láithreach
chun an táirge sin a chur i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó é a
aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás nach bhfuil an táirge sábháilte,
cuirfidh allmhaireoirí údaráis um fhaireachán margaidh na mBallstát inar chuir
siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh
siad mionsonraí, go háirithe, faoi na rioscaí do shláinte agus do
shábháilteacht agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh. 8. Coimeádfaidh allmhaireoirí,
ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis an táirge a chur ar an margadh, na
doiciméid theicniúla agus cuirfidh siad ar fáil do na húdaráis um fhaireachas
margaidh iad, arna iarraidh sin. Airteagal 11 Oibleagáidí na ndáileoirí 1. Agus táirge á chur ar fáil ar
an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais
an Rialacháin seo. 2. Sula gcuirfidh siad táirge ar
fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí gur chomhlíon an monaróir agus an t‑allmhaireoir
na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 8 (6), (7) agus (8) agus in
Airteagal 10 (3) agus (4), de réir mar is infheidhme. 3. I gcás ina measfaidh dáileoir
nó go bhfuil cúis aige a chreidiúint nach bhfuil táirge i gcomhréir leis an
Rialachán seo, ní chuirfidh sé an táirge ar fáil ar an margadh go dtí go mbeidh
sé tugtha i gcomhréir. Ina theannta sin, i gcás nach bhfuil an táirge
sábháilte, cuirfidh an dáileoirí an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar
is infheidhme, ar an eolas faoin méid sin, chomh maith le húdarás um
fhaireachas margaidh an Bhallstáit ina bhfuil an dáileoir bunaithe. 4. Áiritheoidh dáileoirí, fad
atá táirge faoina bhfreagracht, nach ndéanfaidh dálaí stórála ná iompair dochar
do chomhlíonadh an cheanglais sábháilteachta ghinearálta atá leagtha síos in
Airteagal 4 ná dá chomhréireacht le hAirteagal 8(6),. 5. Déanfaidh dáileoirí, a
mheasann nó a bhfuil cúis acu a chreidiúint nach bhfuil táirge a chuir siad ar
fáil ar an margadh sábháilte nó nach bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal ar
shlí eile, déanfaidh siad a áirithiú go ndéanfar an beart ceartaitheach is gá
láithreach chun an táirge sin a chur i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó é
a aisghairm, más iomchuí. Thairis sin, i gcás nach bhfuil an táirge sábháilte,
cuirfidh dáileoirí an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme,
chomh maith le húdarás um fhaireachas margaidh na mBallstát inar chuir siad an
táirge ar fáil, ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin agus tabharfaidh siad
mionsonraí, go háirithe, faoi na rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht agus
faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh. Airteagal 12 Cásanna ina mbaineann oibleagáidí
monaróirí le hallmhaireoirí agus le dáileoirí Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina
mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí
an mhonaróra faoi Airteagal 8, i gcás ina gcuirfidh sé táirge ar an margadh
faoina ainm nó faoina thrádmharc, nó i gcás ina modhnóidh sé táirge a cuireadh
ar an margadh cheana sa tslí go bhféadfaí cur isteach ar cheanglais an
Rialacháin seo. Airteagal 13 Monaróirí, allmhaireoirí agus
dáileoirí a dhíolmhú ó oibleagáidí áirithe 1. Ní bheidh feidhm ag an
oibleagáid na húdaráis um fhaireachas margaidh a chur ar an eolas i gcomhréir
le hAirteagal 8(9), le hAirteagal 10(2) agus (7) agus le hAirteagal 11(3) agus
(5) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: (a)
is líon teoranta de tháirgí dea‑aitheanta
amháin nach bhfuil sábháilte; (b)
féadann an monaróir, an t‑allmhaireoir nó an
dáileoir a léiriú go bhfuil smacht iomlán ar an riosca agus nach baol é a
thuilleadh do shláinte ná do shábháilteacht daoine; (c)
tá cúis an riosca a bhaineann leis an táirge de
chineál nach faisnéis fhónta do na húdaráis ná don phobal eolas faoi. 2. Féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cásanna a chomhlíonann
coinníollacha mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in
Airteagal 19(3). 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20
chun na táirgí, na catagóirí agus na grúpaí táirgí a chinneadh nach gá ina gcás
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8(7) agus in Airteagal 10(3)
a léiriú ar an táirge féin, de dhroim an leibhéil ísil riosca a bhaineann leo. Airteagal 14 Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha 1. Déanfaidh oibreoirí
eacnamaíocha, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na
húdaráis um fhaireachas margaidh: (a)
aon oibreoir eacnamaíoch a sholáthair an táirge
dóibh; (a)
aon oibreoir eacnamaíoch ar sholáthair siad an
táirge dóibh; 2. Beidh oibreoirí eacnamaíoch
ábalta an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír a thabhairt ar láimh ar feadh
tréimhse 10 mbliana tar éis an trátha a soláthraíodh an táirge dóibh agus ar
feadh tréimhse 10 mbliana tar éis dóibh an táirge a sholáthar. Airteagal 15 Inrianaitheacht táirgí 1. I gcás táirgí, catagóirí nó
grúpaí táirgí áirithe a bhféadfadh, de dhroim a saintréithe nó a
sainchoinníollacha dáilte nó úsáidte, riosca tromchúiseach do shláinte nó do
shábháilteacht daoine a bheith ag baint leo, féadfaidh an Coimisiún a cheangal
ar oibreoirí eacnamaíocha a chuireann na táirgí sin ar an margadh nó a
chuireann ar fáil ar an margadh iad, córas inrianaitheacht a bhunú nó cloí le
córas inrianaitheachta. 2. Is éard a bheidh sa chóras
inrianaitheachta bailiú agus stóráil sonraí ar mhodh leictreonach lenar féidir
an táirge agus na hoibreoirí eacnamaíocha atá bainteach lena shlabhra soláthair
a shainaithint, agus chomh maith leis sin iompróir sonraí a thabharfaidh rochtain
ar na sonraí sin a chur ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméid
tionlacain. 3. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20: (a)
lena gcinnfear na táirgí, na catagóirí nó na grúpaí
táirgí a bhféadfadh riosca tromchúiseach do shláinte nó do shábháilteacht
daoine a bheith ag baint leo, dá dtagraítear i mír 1; (b)
lena sonrófar na sonraí a bhaileoidh agus a
stórálfaidh oibreoirí eacnamaíocha trí bhíthin an chórais inrianaitheachta dá
dtagraítear i mír 2. 4. Féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme an cineál iompróra sonraí,
dá dtagraítear i mír 2, agus an áit nach mór é a chur. Glacfar na
gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin
dá dtagraítear in Airteagal 19(3). 5. Agus na bearta dá dtagraítear
i mír 3 agus i mír 4 á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a
leanas san áireamh: (a)
cost‑éifeachtacht na mbeart, lena n‑áirítear
a dtionchar ar ghnóthais, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; (b)
a gcomhoiriúnacht le córais inrianaitheachta atá ar
fáil go hidirnáisiúnta. CAIBIDIL III Caighdeán
Eorpacha a thugann toimhde comhréireachta Airteagal 16 Iarrataí ar chaighdeánú chuig
eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú 1. Féadfaidh an Coimisiún
iarraidh ar eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán
Eorpach a dhréachtú nó a shainaithint, agus é mar aidhm ag an gcaighdeán sin a
áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chloíonn leis an gcaighdeán sin nó le codanna
de an ceanglas sábháilteachta ginearálta atá leagtha síos in Airteagal 4.
Cinnfidh an Coimisiún an méid nach mór a bheith sa chaighdeán Eorpach arna
iarraidh agus cinnfidh sé spriocdháta a ghlactha. Glacfaidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear
sa chéad fhomhír trí chinneadh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 19(3). 2. Tabharfaidh an eagraíocht
Eorpach um chaighdeánú atá i gceist le fios, laistigh d'aon mhí amháin tar éis
di an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, an nglacann sí leis. 3. I gcás ina n‑iarrfar
cistiú, cuirfidh an Coimisiún na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú atá i
gceist ar an eolas, laistigh de dhá mhí tar éis don glacadh dá dtagraítear i
mír 2 a bheith curtha in iúl dó, faoi dhámhachtain deontais chun caighdeán
Eorpach a dhréachtú. 4. Cuirfidh na heagraíochtaí
Eorpacha um chaighdeánú an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí arna
ndéanamh chun an caighdeán Eorpach dá dtagraítear i mír 1 a fhorbairt.
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na heagraíochtaí Eorpacha um
chaighdeánú, measúnú féachaint an gcomhlíonann an caighdeán Eorpach a
dhréachtaigh nó a shainaithin na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú an méid
a d'iarr sé i dtosach báire. 5. I gcás ina gcuirfear san
áireamh go cuí sa chaighdeán Eorpach na ceanglais atá sé beartaithe a chumhdach
leis agus an ceanglas sábháilteachta ginearálta atá leagtha síos in
Airteagal 4, foilseoidh an Coimisiún tagairt don chaighdeán Eorpach sin
gan moill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 17 Agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeán
Eorpach 1. I gcás ina measfaidh Ballstát
nó Parlaimint na hEorpa nach gcuirtear san áireamh go hiomlán i gcaighdeán
Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16 na ceanglais atá sé beartaithe a
chumhdach leis agus an ceanglas sábháilteachta ginearálta atá leagtha síos in
Airteagal 4, cuirfidh sé nó sí an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí
mhíniú mionsonraithe a thabhairt dó agus cinnfidh an Coimisiún an méid seo a
leanas: (a)
na tagairtí don chaighdeán Eorpach lena mbaineann a
fhoilsiú, nó gan iad a fhoilsiú nó iad a fhoilsiú i bpáirt in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh; (b)
na tagairtí don chaighdeán Eorpach lena mbaineann a
choinneáil nó a choinneáil i bpáirt in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó
iad a bhaint di; 2. Foilseoidh an Coimisiún
faisnéis ar a shuíomh gréasáin maidir leis na caighdeáin Eorpacha atá faoi réir
cinnidh dá dtagraítear i mír 1. 3. Cuirfidh an Coimisiún an
eagraíocht Eorpach um chaighdeánú lena mbaineann ar an eolas faoin gcinneadh dá
dtagraítear i mír 1 agus, más gá, iarrfaidh sé athbhreithniú an
chaighdeáin Eorpaigh lena mbaineann. 4. Déanfar an cinneadh dá
dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i
gcomhréir leis an nós imeacht comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 19(2). 5. Déanfar an cinneadh dá
dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir
leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(3). CAIBIDIL IV Forálacha
críochnaitheacha Airteagal 18 Pionóis 1. Leagfaidh na Ballstáit síos
na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar
fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú
go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith
éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra
faoi na forálacha sin don Choimisiún faoin [cuir isteach an dáta – 3 mhí roimh
dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tabharfaidh siad fógra dó gan
moill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. 2. Cuirfear san áireamh sna
pionóis dá dtagraítear i mír 1 méid na ngnóthas agus cás fiontar beag agus
meánmhéide go háirithe. Féadfar na pionóis a mhéadú má rinne an t‑oibreoir
eacnamaíoch sárú inchurtha roimhe sin agus féadfaidh smachtbhannaí coiriúla a
bheith i gceist i gcás sáruithe tromchúiseacha. Airteagal 19 Nós imeachta coiste 1. Beidh Coiste de chúnamh ag an
gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa
choiste sin. Chun críocha Airteagal 16 agus Airteagal 17
den Rialachán seo áfach, beidh an Coiste a bunaíodh le Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012 de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. 4. I gcás ina bhfuil tuairim an
Choiste dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1 le fáil trí nós imeachta i
scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh má chinneann
cathaoirleach an choiste amhlaidh nó má iarrann tromlach simplí de bhaill an
choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun an tuairim a thabhairt. Airteagal 20 An tarmligean a fheidhmiú 1. Déantar an chumhacht na
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún faoi réir na
gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar an chumhachta
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(3) agus in
Airteagal 15(3) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse
neamhchinntithe ón [cuir isteach an dáta – dáta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo]. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in
Airteagal 13(3) agus in Airteagal 15(3) a chúlghairm tráth ar bith.
Leis an gcinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na
cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá i
ndiaidh lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí arna shonrú ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht
aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus
don Chomhairle ina leith ag an am céanna. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 15(3) i
bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa
nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh
sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é,
roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad
agóid. Féadfar dhá mhí a chur leis an tréimhse ar thionscnamh Pharlaimint na
hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 21 Meastóireacht [Cúig] bliana ar a dhéanaí tar éis an chur i
bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo
agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle. Sa tuarascáil sin
déanfar a mheasúnú ar bhain an Rialachán seo a chuspóirí amach, go háirithe
maidir le cosaint tomhaltóirí a fheabhsú i gcoinne táirgí neamhshábháilte, ag
cur san áireamh a thionchair ar ghnóthais agus go háirithe ar fhiontair bheaga
agus mheánmhéide. Airteagal 22 Aisghairm 1. Déantar Treoir 2001/95/CE a
aisghairm le héifeacht ón [cuir isteach an dáta – an lá a chuirfear an
Rialachán seo i bhfeidhm]. 2. Déantar Treoir 87/357/CEE a
aisghairm le héifeacht ón [cuir isteach an dáta – an lá a chuirfear an
Rialachán seo i bhfeidhm]. 3. Déanfar tagairtí do Threoir
2001/95/CE agus do Threoir 87/357/CEE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán
seo agus léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn iad. Airteagal 23 Forálacha idirthréimhseacha 1. Ní chuirfidh na Ballstáit bac
ar tháirgí atá cumhdaithe ag Treoir 2001/95/CE a chur ar fáil ar an margadh má
tá siad i gcomhréir leis an Treoir sin agus má cuireadh ar an margadh roimh an
[cuir isteach an dáta – an lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm] iad. 2. Caighdeáin Eorpacha a bhfuil
a dtagairt foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir
le Treoir 2001/95/CE, measfar gur caighdeáin Eorpacha dá dtagraítear i
bpointe (b) d'Airteagal 5 den Rialachán seo iad. 3. Sainorduithe arna dtabhairt
ag an gCoimisiún d'eagraíocht Eorpach um chaighdeánú i gcomhréir le Treoir
2001/95/CE, measfar gur iarrataí ar chaighdeánú dá dtagraítear in
Airteagal 15(1) den Rialachán seo iad. Airteagal 24 1. Tiocfaidh an Rialachán seo i
bhfeidhm an [cuir isteach an dáta – an lá céanna le teacht i bhfeidhm Rialachán
(AE) Uimh. [.../...] [maidir le faireachas margaidh ar tháirgí]]. 2. beidh feidhm aige ón [cuir
isteach an dáta – an lá céanna le cur i bhfeidhm Rialachán (AE)
Uimh.[ .../...] [maidir le faireachas margaidh ar tháirgí]]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán Iarscríbhinn Tábla comhghaoil Treoir 2001/95/CE || Treoir 87/357/CCE || An Rialachán seo Airteagal 1(1) || || Airteagal 1 Airteagal 1(2), an dara fomhír || || Airteagal 2(1) Airteagal 1(2), an dara fomhír || || Airteagal 2(4) Airteagal 2 || || Airteagal 3 Airteagal 2(b)(i)-(iv) || || Airteagal 6(1) Airteagal 3(1) || || Airteagal 4 Airteagal 3(2) || || Airteagal 5 Airteagal 3(3) || || Airteagal 6(2) Airteagal 3(4) || || - Airteagal 4 || || Airteagail 16 agus 17; Airteagal 5(1), an chéad fhomhír || || Airteagal 8(8) Airteagal 5(1), an dara fomhír || || - Airteagal 5(1), an tríú fomhír || || Airteagal 8(9) Airteagal 5(1), an ceathrú fomhír || || Airteagail 8(3), (6) agus (7) Airteagal 5(1), an cúigiú fomhír || || - Airteagal 5(2) || || Airteagal 11 Airteagal 5(3), an chéad fhomhír || || Airteagail 8(9) agus 11(5) Airteagal 5(3), an dara fomhír || || - Airteagal 5(4) || || - Airteagal 6(1) || || - Airteagail 6(1) agus (2) || || - Airteagal 7 || || Airteagal 18 Airteagal 8(1)(a) || || - Airteagal 8(b) – (f) || || - Airteagal 8(2), an chéad fhomhír || || - Airteagal 8(2), an dara fomhír || || - Airteagal 8(2), an tríú fomhír || || - Airteagal 8(3) || || - Airteagal 8(4) || || - Airteagal 9(1) || || - Airteagal 9(2) || || - Airteagal 10 || || - Airteagal 11 || || - Airteagal 12 || || - Airteagal 13 || || - Airteagal 14 || || - Airteagal 15 || || Airteagal 19 Airteagal 16 || || - Airteagal 17 || || - Airteagal 18(1) || || - Airteagal 18(2) || || - Airteagal 18(3) || || - Airteagal 19(1) || || - Airteagal 19(2) || || Airteagal 21 Airteagal 20 || || - Airteagal 21 || || - Airteagal 22 || || Airteagal 22 Airteagal 23 || || Airteagal 24 Iarscríbhinn 1, Roinn 1 || || Airteagail 8(9) agus 11(5) Iarscríbhinn 1, Roinn 2, an chéad abairt || || - Iarscríbhinn 1, Roinn 2, an dara habairt || || Airteagal 13(1) agus (2) Iarscríbhinn 3, Roinn 1 || || - Iarscríbhinn II || || - Iarscríbhinn III || || - Iarscríbhinn IV || || Iarscríbhinn || Airteagal 1 || Airteagal 6(1)(e) || Airteagail 2 go 7 || - RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. An
foras atá leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an
tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair
oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál
riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don
chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó
thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
sábháilteacht táirgí tomhaltais 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[22] Teideal 17
– Sláinte agus Cosaint Tomhaltóirí – Caibidil 17 02: Beartas
Tomhaltóirí 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[23] X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Cuireann
an togra le straitéis fáis deich mbliana an Aontais Eorpaigh
"Eoraip 2020" trí mhuinín na dtomhaltóirí i sábháilteacht táirgí
a fheabhsú agus trí fheidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir
sonrach SANCO: Sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí
fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leo Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Ar
thomhaltóirí: Muinín níos mó go bhfuil táirgí tomhaltais a chuirtear ar fáil ar
an margadh aonair sábháilte. Ar
oibreoirí eacnamaíocha: Rialacha níos soiléire maidir leis an oibleagáid atá ar
mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháilteoirí faoi seach. Ar
údaráis: Creat dlí soiléir chun ceanglais ghinearálta agus oibleagáidí
ginearálta sábháilteachta a fhorfheidhmiú ar oibreoirí eacnamaíocha agus chun
táirgí (contúirteacha) tomhaltais a sainaithint níos fearr. 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Líon
cóimheasa táirgí tomhaltais inrianaithe/neamh‑inrianaithe cumhdaithe ag
an Rialachán seo agus ar tugadh fógra fúthu faoi RAPEX. Líon
na sainorduithe a fuair eagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha agus líon na
gcaighdeán Eorpach a luaitear san IO de bhun an Rialacháin nua seo. 1.5. An foras atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a
chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is
é an cuspóir creat rialála comhsheasmhach a thógáil le haghaidh táirgí
sábháilte sa mhargadh aonair. Réiteoidh an beart seo ilroinnt na rialacha
maidir le faireachas margaidh agus oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha atá i
gcodanna éagsúla de reachtaíocht an Aontais (Treoir 2001/95/CA, Rialachán
(CE) Uimh. 765/2008 agus reachtaíocht earnáil-shonrach an Aontais um
chomhchuibhiú), ilroinnt a chuir mearbhall ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar
údaráis náisiúnta agus a chuir bac mór ar éifeachtach na gníomhaíochta
faireachais mhargaidh san Aontas. Dearbhaíodh
sa Ghníomh um an Margadh Aonair I agus II go gcuirfeadh na tionscnaimh an
t‑athbhreithniú ar an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí
atá ina cuid den Phacáiste um Shábháilteacht Táirgí agus Faireachas Margaidh,
chomh maith le sraith beart eile, go mór le borradh a chur faoin bhfás agus le
poist a chruthú. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Ní
féidir an t‑athbhreithniú atá beartaithe ar Threoir 2001/95/CE, lena
gcuirfear isteach sa Treoir na modhnuithe de bharr Chonradh Liospóin, a
dhéanamh ach ar leibhéal an Aontais. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dá dtagraíonn
Airteagal 169 den CFAE freisin, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú maidir
le sláinte agus sábháilteacht na dtomhaltóirí Eorpacha uile agus chun margadh
inmheánach earraí tomhaltais a chur ar bun. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus na coimhdeachta, mar atá leagtha
amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Is
ciotach agus is trom ó thaobh acmhainní de úsáid caighdeán Eorpach chun tacú le
Treoir 2001/95/CA. Tá sé d'aidhm ag an togra na nósanna imeachta a shimpliú. Níor
léir i gcónaí go dtí seo conas Treoir 2001/95/CE a chur i bhfeidhm i dtaca
le bearta faireachais mhargaidh ar tháirgí tomhaltais a bhí cumhdaithe freisin
ag reachtaíocht a bhain le hearnáil shonrach; déanfar an cur i bhfeidhm sin a
shoiléiriú leis an Rialachán. 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Tá
an togra seo ina chuid den Phacáiste um Shábháilteacht Táirgí agus Faireachas
Margaidh agus dá bhrí sin tá sé go hiomlán comhoiriúnach don togra le haghaidh
Rialacháin ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas
margaidh ar tháirgí. Comhoiriúnaítear
leis an togra seo sainmhínithe agus oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha don
Chreat Reachtach Nua a glacadh in 2008. Dá bhrí sin, tá sé comhoiriúnach don
"Phacáiste Ailínithe" ar reachtaíocht um chomhchuibhiú earnála an
Aontais atá á caibidliú faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa
Chomhairle. Tá
na forálacha maidir le caighdeáin Eorpacha comhoiriúnach do Rialachán (AE)
Uimh. 1025/2012 maidir le caighdeánú Eorpach a glacadh le déanaí. 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm
ar feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh
tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
BBBB go BBBB –
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh
sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[24] X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún X Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
x gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[25] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí: Ba
cheart cur chun feidhme an togra atá beartaithe a áirithiú trí bhíthin
bhainistíocht dhíreach láraithe an Choimisiúin. Is
féidir bainistiú an togra atá beartaithe a chomhlánú le bearta i gcomhar leis
nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Tomhaltóirí (GFST) ar féidir
cúraimí áirithe a thabhairt di, i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002[26], a
bhaineann le cláir Chomhphobail a bhainistiú. Thug an Coimisiún na cúraimí[27] cur chun
feidhme maidir leis an gClár Gníomhaíochta Comhphobail a bhainistiú i réimse an
bheartais tomhaltóirí don tréimhse 2007-2013 don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin
um Shláinte agus Tomhaltóirí. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún a
chinneadh cúraimí cur chun feidhme bhainistíocht an Chláir Thomhaltóirí
2014-2020 a thabhairt don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus
Tomhaltóirí freisin agus, nuair a ghlacfar an clár sin, ba cheart é a bheith
ina bhunús dlí do sholáthar agus do dheontais i réimse na sábháilteachta
táirgí. An
tarmligean clár atá beartaithe, is síneadh é ar na cúraimí a seachfhoinsíodh
cheana go dtí an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus Tomhaltóirí
(GFST). 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. Déanfaidh
coiste na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí (dá ndéanfar
coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 leis an Rialachán atá
beartaithe) agus grúpaí saineolaithe atá ar bun cheana agus/nó an Fóram Eorpach
um Fhaireachas Margaidh dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialacháin maidir
le Faireachas Margaidh Aonair ardán a chur ar fáil go tráthrialta chun
saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin nua a phlé. Tá
moladh sa togra gur cheart don Choimisiún cur chun feidhme an Rialacháin a
athbhreithniú agus tuarascáil air sin a chur isteach chuig Parlaimint na hEorpa
agus chuig an gComhairle. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh An
dá thogra (an togra maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus an togra
maidir le faireachas margaidh) atá ina gcuid den Phacáiste, tá siad scartha óna
chéile le linn na caibidlíochta agus ní chuirtear chun cinn iad go
comhthreomhar. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Na
forálacha maidir le teacht i bhfeidhm, tá siad cónasctha sa dá thogra. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Chomh
maith leis na sásraí rialaithe rialála uile a chur i bhfeidhm, ceapfaidh
Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTurasóirí straitéis frithchalaoise i
gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (SFCC; arna glacadh an
24 Meitheamh 2011) chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe
frithchalaoise inmheánacha go hiomlán i gcomhréir le SFCC agus go bhfuil a chur
chuige maidir le bainistiú riosca calaoise in oiriúint chun go sainaithneofar
leis réimsí riosca calaoise agus freagraí leormhaithe. Más gá, bunófar grúpaí
líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta d’anailís a dhéanamh ar
chásanna calaoise a bhaineann leis an gClár Tomhaltóirí. Go háirithe, cuirfear
sraith beart i bhfeidhm amhail: -
cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thagann ón gClár Tomhaltóirí a chur chun
feidhme, lena dtabharfar cead go sainráite don Choimisiún, lena n-áirítear
OLAF, agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí, agus seiceálacha agus cigireachtaí
ar an láthair a dhéanamh; -
agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó ar thairiscintí, déanfar na togróirí
agus na tairgeoirí a sheiceáil i gcoinne na gcritéar maidir le heisiamh atá
foilsithe ar bhonn dearbhuithe agus an Chórais Réamhrabhaidh (EWS); -
déanfar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir
le forálacha an Rialacháin Airgeadais. -
tabharfar oiliúint rialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois agus
neamhrialtachtaí don fhoireann go léir atá bainteach le bainistíocht conarthaí
agus d'iniúchóirí agus do rialaitheoirí a fhíoraíonn dearbhuithe tairbhithe ar
an láthair. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || Dif./Neamhdh. ([28]) || ó thíortha CSTE[29] || ó thíortha is iarrthóirí[30] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais Uimh. 3 Slándáil agus saoránacht || 17.01.04.01 Caiteachas riaracháin mar thaca leis an gClár Tomhaltóirí 2014 – 2020 || Neamhdhifreáilte || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal……………………………………..] || Dif./Neamhdh. || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais Uimh. 3 Slándáil agus saoránacht || 17 02 06 Clár Tomhaltóirí 2014 – 2020 || Difreáilte || TÁ || TÁ || TÁ || NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas[31]
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú
deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 3 || Slándáil agus saoránacht DG: SANCO || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || Uimhir na líne buiséid 17.02.06 || Gealltanais || (1) || 1,107 || 1,189 || 1,272 || 1,356 || 1,443 || 1,530 || 7,897 Íocaíochtaí || (2) || 0,554 || 1,148 || 1,230 || 1,314 || 1,400 || 2,251 || 7,897 Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ón gclúdach clár sonrach[32] || || || || || || || Uimhir na líne buiséid: 17.01.04.01 || Gealltanais || (1a) || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,564 Íocaíochtaí || (2a) || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,564 || || || || || || || || || IOMLÁN leithreasuithe DG SANCO || Gealltanais || =1+1a || 1,201 || 1,283 || 1,366 || 1,450 || 1,537 || 1,624 || 8,461 Íocaíochtaí || =2+2a || 0,648 || 1,242 || 1,324 || 1,408 || 1,494 || 2,345 || 8,461 IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (3) || 1,107 || 1,189 || 1,272 || 1,356 || 1,443 || 1,530 || 7,897 Íocaíochtaí || (4) || 0,554 || 1,148 || 1,230 || 1,314 || 1,400 || 2,251 || 7,897 IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach clár sonrach || (5) || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,564 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =3+ 5 || 1,201 || 1,283 || 1,366 || 1,450 || 1,537 || 1,624 || 8,461 Íocaíochtaí || =4+ 5 || 0,648 || 1,242 || 1,324 || 1,408 || 1,494 || 2,345 || 8,461 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin " EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú
deachúil) || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN || || || || || || || Acmhainní daonna || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 3,144 Caiteachas riaracháin eile (misin, cruinnithe) || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,414 IOMLÁN || Leithreasuithe || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 3,558 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 3,558 EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú
deachúil) || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 1,794 || 1,876 || 1,959 || 2,043 || 2,130 || 2,217 || 12,019 Íocaíochtaí || 1,241 || 1,835 || 1,917 || 2,001 || 2,087 || 2,938 || 12,019 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in EUR
milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN || Saghas aschuir[33] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Iomlán costas CUSPÓIR SONRACH: Sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachán éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || Sábháilteacht táirge, comhairle eolaíoch, comhar idirnáisiúnta, faireachán agus measúnú ar shábháilteacht táirgí, bunachar eolais || || 1,316 || 4 || 1,107 || 4 || 1,189 || 4 || 1,272 || 4 || 1,356 || 4 || 1,443 || 4 || 1,530 || 24 || 7,897 || Fo-iomlán i gcomhair an chuspóra shonraigh Sábháilteacht táirgí a chomhdhlúthú agus a fheabhsú trí fhaireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh ar fud an Aontais || 4 || 1,107 || 4 || 1,189 || 4 || 1,272 || 4 || 1,356 || 4 || 1,443 || 4 || 1,530 || 24 || 7,897 || COSTAS IOMLÁN || 4 || 1,107 || 4 || 1,189 || 4 || 1,272 || 4 || 1,356 || 4 || 1,443 || 4 || 1,530 || 24 || 7,897 || 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin i
bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú deachúil) || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || Acmhainní daonna || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 3,144 Caiteachas riaracháin eile || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,069 || 0,414 Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 0,593 || 3,558 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[34] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,564 Fo‑iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,094 || 0,564 IOMLÁN || 0,687 || 0,687 || 0,687 || 0,687 || 0,687 || 0,687 || 4,122 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a
mheastar a bheidh riachtanach –
Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear
acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú
deachúil) || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN 17 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 3,144 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 04 yy[35] || - sa Cheanncheathrú[36] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || - sna toscaireachtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || Línte buiséid eile (sonraigh) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || IOMLÁN || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 0,524 || 3,144 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí
fhoireann ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina cúram
cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar
aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht
atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Ríomhadh na hacmhainní is gá gan na cúraimí a bheidh
á gcur chun feidhme ag an ngníomhaireacht feidhmiúcháin a chur san áireamh. Ní
thiocfaidh méadú ar na hacmhainní atá in úsáid cheana sa ghníomhaireacht
feidhmiúcháin de bharr an togra seo. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Riarthóirí: Cur chun feidhme ceart agus cur i bhfeidhm ceart bheartais an AE i réimse na sábháilteachta táirgí. Forbairtí beartais i réimse na sábháilteachta táirgí agus an mhalartaithe faisnéise idir na Ballstáit a leanúint. Páirt a ghlacadh agus bheith ina ionadaí don Choimisiún i gcruinnithe coisteolaíochta agus i ngrúpaí saineolaithe a bhaineann le sábháilteacht táirgí. Tionscnaimh a shainaithint agus a ullmhú faoi chuimisiú an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Táirgí Tomhaltais chun a áirithiú go mbeidh sábháilteacht táirgí tomhaltais ar ardleibhéal comhsheasmhach, go háirithe sainorduithe um chaighdeánú agus measúnú ar chaighdeáin agus ar shonraíochtaí chun tacú le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Cúntóirí: An tacaíocht riaracháin le hoibriú an choiste coisteolaíochta agus grúpaí saineolaithe a áirithiú. Cúraimí éagsúla a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhéadan le comhfhreagróirí inmheánacha agus seachtracha agus le geallsealbhóirí i réimse na sábháilteachta táirgí. Cuidiú a thabhairt glaonna ar thairiscintí agus cur chun feidhme conarthaí a sheoladh agus a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
X Tá an togra/tionscnamh seo comhoiriúnach don
chreat airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020 mar atá bheartaithe ag an
gCoimisiún. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. NA –
¨ Teastaíonn ón togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil[37]. Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. NA 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra maidir le cómhaoiniú a
dhéanann tríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. [1] IO L 11,
15.1.2002, lch. 4. [2] IO L 218,
13.8.2008, lch. 30. [3] Ina
bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Cinneadh Uimh. 2008/768/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat
comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, IO L 218, 13.8.2008, lch.82. [4] Arna
glacadh ag an gCoimisiún an 21 Samhain 2011,
http://ec.europa.eu/enterprise/policies/single-market-goods/internal-market-for-products/new-legislative-framework/index_en.htm. [5] Rialachán
(AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh
Fómhair 2012, IO L 316 14.11.2012, lch. 12. [6] COM(2011)206
final. [7] COM(2012)573
final. [8] Féach
fonóta 3. [9] IO L 218,
13.8.2008, lch. 82. [10] Féach
fonóta 5. [11] IO L 124,
20.5.2003, lch. 36. [12] IO C , ,
lch. . [13] IO L 11,
15.1.2002, lch. 4. [14] IO L , ,
lch. . [15] IO L 338,
13.11.2004, lch. 4. [16] IO L 218,
13.8.2008, lch. 82. [17] IO L 192,
11.7.1987, lch. 42. [18] IO L 281,
23.11.1995, lch. 31. [19] IO L 316,
14.11.2012, lch. 12. [20] IO L 55,
28.2.2011, lch. 13. [21] IO L 302,
19.10.1992, lch. 1. [22] ABM: Bainistiú
de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [23] Dá
dtagraítear in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [24] Tá
mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais
ar fáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [25] Dá
dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais [26] IO L 11,
16.1.2003, lch. 1. [27] Cinneadh C(2008)4943
ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2008. [28] LD =
Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte [29] CSTE: Comhlachas
Saorthrádála na hEorpa. [30] Tíortha is
iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a
d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí. [31] Suimeanna
faoi réir thorthaí an phróisis reachtaigh bunaithe ar an togra ón gCoimisiúin
maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliaintúil nua 2014‑2020. [32] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [33] Is éard
atá san aschur leibhéal ard sábháilteachta i dtáirgí tomhaltais a áirithiú. Ba
dheacair na haschuir chainníochtúla a thabhairt ar bhealach níos mionsonraithe
mar, ó nach bhfuil go leor sonraí iontaofa ann, ní féidir sprioclíon a
thabhairt, i ndearbhthéarmaí nó i dtéarmaí coibhneasta, maidir le níos lú
táirgí contúirteacha a bheith ar an margadh. Ní i gcónaí a léirítear líon na
dtáirgí contúirteacha atá ar an margadh le líon na bhfógraí a bhaineann le
RAPEX . Is féidir gurb é is brí le méadú ar fhógraí RAPEX gur mó an éifeacht
atá le faireachas margaidh cé gur lú líon na dtáirgí contúirteacha, agus a
mhalairt go cruinn. [34] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [35] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [36] Le
haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [37] Féach
pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.