DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR Doiciméad a ghabhann leis an Athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta /* SWD/2012/0417 final */
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN
CHOIMISIÚIN ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ
TIONCHAIR Doiciméad a ghabhann leis an Athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
maidir le himeachtaí dócmhainneachta 1. Réamhrá Agus aghaidh á tabhairt ag an Aontas Eorpach
ar an ngéarchéim eacnamaíochta is mó a tharla ó a bunaíodh é, tá curtha i
dtábhacht arís agus arís eile ag an gComhairle Eorpach an ról an Aontais i gcur
chun cinn an fháis inbhuanaithe agus i gcothú an chomhdhlúthaithe airgeadais.
Tá an fás curtha dá bhrí sin i gcroílár chlár oibre an Choimisiúin maidir le
ceartas ('Ceartas ar mhaithe le Fás'). Ar na beartais a thugann tacaíocht do
ghníomhaíochtaí eacnamaíochta i réimse an cheartais tá an t‑athbhreithniú
ar Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle maidir le himeachtaí
dócmhainneachta (an ‘Rialachán’ feasta). Idir 2009‑2011 thit, ar an méan,
200 000 gnólacht i bhféimheacht in aghaidh na bliana san AE, rud as ar
tháinig caillteanas 1.7 milliún post díreach gach bliain. Tá gné
trasteorann ag thart ar aon cheathrú de na féimheachtaí sin agus dá bhrí sin tá
siad ag teacht faoi réir an Rialacháin. Ós rud é gur gnách gnólachtaí a bhíonn
i mbun trádála trasteorann a bheith níos mó ná an meánmhéid, is dóchúla go
mbeidh an sciar post a ndéanfar difear dóibh níos mó ná an sciar féimheachtaí,
fiú sula gcuirtear san áireamh an tionchar ar chreidiúnaithe na ngnólachtaí
seo. Tá athbhreithniú an Rialacháin seo curtha ina
Chlár Oibre do 2012 ag an gCoimisiún, i gcomhréir le clásal athbhreithnithe an
Rialacháin, Airteagal 46. Tá an t‑athbhreithniú i gcomhréir le
Eoraip 2020, an Gníomh um Ghnóthas Beag, an Suirbhé Bliantúil Fáis, agus Gníomh
um an Margadh Aonair II. I mí Deireadh Fómhair 2012, ghlac Parlaimint
na hEorpa rún á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Rialachán agus á mholadh
go ndéanfaí gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta agus de dhlí na
gcuideachtaí a chomhchuibhiú. Glacfar an t‑athbhreithniú i dteannta
tuarascála maidir lena chur chun feidhme, i gcomhréir le clásal athbhreithnithe
an Rialacháin. 2. Sainiú na faidhbe 2.1. Meastóireacht ar an Rialachán Le Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 maidir
le himeachtaí dócmhainneachta bunaíodh creat dlíthiúil maidir le
dócmhainneachtaí trasteorann san Aontas Eorpach. Tá leagtha síos sa Rialachán
rialacha aonfhoirmeacha maidir le dlínse, maidir le cinntí a bhaineann le
dócmhainneacht a aithint agus a fhorfheidhmiú, agus maidir leis an dlí is
infheidhme. Ina theannta sin foráiltear ann maidir le comhordú il‑imeachtaí
a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna. Go hachomair: ·
Tá feidhm ag an Rialachán maidir le daoine nádúrtha
nó dlítheanacha, i gcás ina bhfuil sócmhainní nó creidiúnaithe ag an bhféichiúnaí
i níos mó ná Ballstát amháin. ·
Is ag an gcúirt atá san áit a bhfuil lárionad
príomhleasa fhéichiúnaí a bhíonn an dlínse príomhimeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh. Déantar an cinneadh tionscanta
agus gach cinneadh eile arna n‑eisiúint ag an gcúirt sin a aithint agus a
chur chun feidhme i ngach Ballstát eile. ·
Is féidir imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh in
aon Bhallstát a bhfuil bunaíocht ag an bhféichiúnaí ann, i.e. aon áit a mbíonn
an féichiúnaí i mbun gníomhaíochta eacnamaíche. Tá
éifeacht imeachtaí tánaisteacha teoranta do na sócmhainní atá lonnaithe sa
Bhallstát sin. Tá ar leachtaitheoir na n‑imeachtaí
tánaisteacha comhoibriú lena contrapháirt sna príomhimeachtaí (nó a mhalairt)
chun na himeachtaí a chomhordú. ·
I bprionsabal, is é dlí na tíre inar tionscnaíodh
na himeachtaí an dlí is infheidhme sna himeachtaí dócmhainneachta. Leis an dlí sin cinntear, go háirithe, rangú
éileamh agus cearta nós imeachta an chreidiúnaí. Cé go bhfuil glacadh ginearálta leis go bhfuil
ag éirí go maith leis an Rialachán imeachtaí dócmhainneachta trasteorann
laistigh den Aontas Eorpach a éascú, léirítear sa mheastóireacht go bhfuil
neart fadhbanna ag baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin. Léirítear sa mheastóireacht, leis, nach bhfuil
tosaíochtaí reatha an AE ná cleachtais náisiúnta maidir leis an dlí
dócmhainneachta curtha san áireamh mar is ceart sa Rialachán, go háirithe a
fhad a bhaineann le héascaíocht a dhéanamh do tharrtháil fiontar atá i ngátar. Sainaithníodh
sa mheastóireacht ar an Rialachán na príomhfhadhbanna seo a leanas: (1)
Bacainní ar tharrtháil cuideachtaí agus ar
shaorghluaiseacht fiontraithe agus daoine scaoilte ó fhiacha; (2)
Deacrachtaí an dlínse cheart a chinneadh inar cóir
na himeachtaí a thionscnamh; (3)
Nósanna imeachta trasteorann neamhéifeachtúla; (4)
Gan aon chreat dlíthiúil a bheith ann a chumhdaíonn
dócmhainneacht grúpaí cuideachtaí. Déantar anailís ar na ceithre fhadhb sin sa
chuid seo; nasctar le chéile iad de réir na bainte atá eatarthu agus
grúpáiltear iad in dhá chatagóir. 2.2. Grúpa fadhbanna 1:
Fadhbanna a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin Is éard atá sa chéad ghrúpa fadhbanna
ceisteanna a bhaineann le bearnaí i raon feidhme an Rialacháin, amhail an easpa
forálacha maidir le scéimeanna réamhdhócmhainneachta, forálacha maidir le
nósanna imeachta scaoilte fiach do dhaoine nádúrtha agus sainrialacha i ndáil
le grúpaí cuideachtaí. 2.2.1. Ní chumhdaíonn an Rialachán
imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta arb é is aidhm leo cuideachtaí a tharrtháil Ón am a achtaíodh an Rialachán, tá nuashonrú
déanta ag mórán Ballstát ar a ndlíthe dócmhainneachta trí nósanna imeachta nua
a thabhairt isteach arb é is aidhm leo gnólachtaí a tharrtháil, an dara deis a
thabhairt d'fhiontraithe macánta agus urscaoileadh ó fhiachas a thabhairt do
dhaoine aonair. Léirigh staidéar Heidelberg go bhfuil imeachtaí
réamhdhócmhainneachta nó hibrideacha (féichiúnaí i seilbh) nach bhfuil
cumhdaithe ag an Rialachán ag nach mór dhá thrian de na Ballstáit. Tá na
himeachtaí sin ceaptha gnólachtaí inmharthana a tharrtháil agus poist a
chosaint, agus aithnítear go forleitheadach a dtairbhe eacnamaíoch. I gcás nach gcumhdaítear imeachtaí leis an
Rialachán, ní thugtar aitheantas ar fud an AE dá n‑éifeachtaí, go
háirithe cur ar fionraí gnímh forghníomhúcháin aonair. Mar thoradh air sin, is
féidir le creidiúnaithe eachtracha leanúint le gníomh forfheidhmiúcháin aonair
in aghaidh cuideachta agus a cuid sócmhainní, agus is lú foinn a bhíonn orthu
bheith go hiomlán páirteach i gcaibidliú athstruchtúraithe nó aontú le
pleananna tarrthála. De thoradh ar an méid sin, is féidir an deis an
chuideachta a tharrtháil a chailleadh, agus ansin ní féidir postanna a
thabhairt slán. Chuir freagróirí sa chomhairliúchán poiblí béim ar na
fadhbanna seo, agus 51 % acu á rá go dtagann fadhbanna as an easpa
cumhdaigh ar imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus imeachtaí dócmhainneachta
hibrideacha. Mheas 59 % acu gur
cheart imeachtaí réamhdhócmhainneachta náisiúnta a chumhdach leis an Rialachán. Gach bliain idir 2009 agus 2011 thit breis is
200 000 gnólacht i bhféimheacht san AE. Thart
ar 1.7 milliún an méid post a cailltear gach bliain, meastar. Meastar go
bhfuil custaiméirí, creidiúnaithe nó páirtnéireachtaí gnó i mBallstáit eile ag
thart ar 5 mhilliún cuideachta agus dá bhrí sin d'fhéadfadh tionchar a
bheith ag an Rialachán orthu mar fhéichiúnaithe nó mar chreidiúnaí i gcás
dócmhainneachta. Gach bliain bíonn thart ar 50 000
cuideachta (1 % de 5 mhilliún) ina bhféichiúnaithe agus bíonn ar a
laghad a dhá oiread sin ina gcreidiúnaithe i gcásanna dócmhainneachta
trasteorann. Is gnách tionchar ar leith a bheith ag
imeachtaí dócmhainneachta trasteorann ar mhórchuideachtaí toisc gur dóchúla iad
sin a bheith i mbun gnó trasteorann ná Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide. Bíonn
éifeachtaí suntasacha ag dócmhainneacht mórchuideachtaí ar an ngeilleagar
Eorpach toisc go gcruthaíonn mórchuideachtaí 30 % de phoist an AE agus 41 %
den oll‑bhreisluach, cé nach bhfuil iontu ach 0.2 % de chuideachtaí
na hEorpa. Is minic do mhórchuideachtaí a gcuid ábhar a fháil ó chuideachtaí
beaga, cuideachtaí atá lonnaithe thar lear uaireanta, rud a fhágann gur féidir móréifeachtaí
tánaisteachta teacht as dócmhainneacht mórchuideachta. 2.2.2. Ní chumhdaíonn an Rialachán go
héifeachtach an réimse iomlán scéimeanna dócmhainneachta pearsanta atá sna
Ballstáit Tá scéimeanna dócmhainneachta pearsanta curtha
ar bun ag roinnt mhaith Ballstáit de thoradh an mhéadaithe ar an rófhéichiúnas pearsanta
san Eoraip. Léiríonn sé sin go bhfuil ag méadú ar an tuiscint gur bacainn mhór
ar an bhfiontraíocht atá sa dócmhainneacht agus san fhiachas pearsanta a
thagann as. Trí chaoi a thabhairt isteach urscaoileadh ó fhiachas a fháil
féachtar chomh maith le dul i ngleic leis na drochthionchair shóisialta a
bhíonn ag an rófhéichiúnas príobháideach ar na daoine aonair lena mbaineann. Cé go bhfuil roinnt nósanna imeachta
dócmhainneachta pearsanta, lena n‑áirítear urscaoileadh ó fhiachas,
cumhdaithe ag an Rialachán, is iomaí ceann eile nach bhfuil. Mar thoradh air
sin, tá féichiúnaithe fós faoi dhliteanas ag creidiúnaithe eachtracha. Ós rud é nach gcumhdaíonn an Rialachán roinnt
scéimeanna dócmhainneachta pearsanta tá bac ar fhiontraithe macánta agus ar
dhaoine urscaoilte ó fhiachas an dara deis a fháil, rud a chuirfeadh ar a
gcumas an fónamh ba mhó ab fhéidir a bhaint as an margadh aonair. Tá sé sin ag teacht salach ar bheartais an AE
maidir le fiontraíocht. Thart ar 200 000 cás in aghaidh na
bliana an méid measta cásanna dócmhainneachta pearsanta nach gcumhdaíonn an
Rialachán faoi láthair. Mheas beagnach leath na bhfreagróirí
sa chomhairliúchán poiblí (49 %) gur cheart feidhm a bheith ag an
Rialachán maidir le daoine aonair phríobháideacha/féinfhostaithe, agus
d'easaontaigh an tríú cuid (34 %) leis sin; i measc na ndaoine a bhí ina
fhábhar bhí breithiúna, cleachtóirí dócmhainneachta agus acadóirí. Mheas roinnt
freagróirí nár cheart tomhaltóirí a chumhdach le haon aon fhairsingiú. 2.2.3. Ní théann an Rialachán i
ngleic go héifeachtach le dócmhainneacht grúpaí cuideachtaí Cé go mbaineann go leor cásanna dócmhainneacht
trasteorann le grúpaí cuideachtaí, níl rialacha sonracha sa Rialachán maidir le
Dócmhainneacht a théann i ngleic le dócmhainneacht grúpa fiontar il‑náisiúnta.
Is é is bunphrionsabal leis an Rialachán Dócmhainneachta go mbaineann imeachtaí
dócmhainneachta le heintiteas dlíthiúil aonair agus, gur gá, i bprionsabal,
imeachtaí ar leithligh a thionscnamh i gcás gach ball aonair den ghrúpa . Níl
sé sainordaitheach imeachtaí dócmhainneachta neamhspleácha arna dtionscnamh a
chomhordú i gcás máthairchuideachta agus a fochuideachtaí. Laghdaíonn sin an dóchúlacht go bhféadfar
athstruchtúrú a dhéanamh agus luach na sócmhainní atá ag an ngrúpa. De réir
thuarascáil Mheitheal Mhachnaimh ar Thodhchaí Dhlí na gCuideachtaí san AE a
eisíodh in Aibreán 2011, grúpáil idirnáisiúnta cuideachtaí is ea an fhoirm
is coitianta ina mbíonn fiontar mórmhéide san Eoraip. Meastar go mbaineann deacrachtaí
a bhaineann le dócmhainneacht grúpa do thart ar 2100 cuideachta (ar FMBanna
2 000 díobh) gach bliain. Bhí beagnach leath díobh siúd a thug
freagraí sa chomhairliúchán poiblí (49 %) faoin tuairim nach
bhfeidhmíonn an Rialachán go héifeachtúil i gcás dócmhainneachtaí grúpa
ilnáisiúnta; mheas 30 % go bhfuil a mhalairt fíor. 2.3. Grúpa fadhbanna 2: Fadhbanna a
bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin Tá roinnt fadhbanna tagtha aníos maidir leis
an Rialachán a chur i bhfeidhm, agus is féidir iad a ghrúpáil mar seo a leanas. 2.3.1. Gan sainmhíniú ar an lárionad
príomhleasa agus na deacrachtaí a thagann as sin maidir le dlínse a chinneadh i
leith imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus tóraíocht fóram Tugann an Rialachán dlínse príomhimeachtaí
dócmhainneachta a thionscnamh i gcúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil a lárionad
príomhleasa ag an bhféichiúnaí. Déanfar an cás a láimhseáil sa Bhallstát ina
bhfuil an lárionad príomhleasa agus beidh sé faoi réir dhlí dócmhainneachta an
stáit sin, gan dochar do thionscnamh imeachtaí tánaisteacha. Cé go raibh 77 %
díobh siúd a thug freagra sa chomhairliúchán poiblí ar son an lárionad
príomhleasa a úsáid chun dlínse na bpríomhimeachtaí a chinneadh, tá
deacrachtaí a bhaineann lena chur chun feidhme tagtha chun cinn toisc nach
bhfuil cúirteanna náisiúnta feasach go leor ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh i leith chás Eurofood agus chás Interedil. Ina theannta sin,
níl aon oibleagáid shainráite sa Rialachán ar an gcúirt a thionscnaíonn
imeachtaí dócmhainneachta an dlínse idirnáisiúnta a iniúchadh. Fágann sin go
bhfuil an baol ann go dtionscnófar príomhimeachtaí comhthreomhara agus go
mbeidh coinbhleacht inniúlachta ann. Cáineadh an Rialachán chomh maith toisc go
ligeann sé do chuideachtaí agus do dhaoine nádúrtha tóraíocht fóram a dhéanamh trína
lárionad príomhleasa a athlonnú go Ballstát eile. Níl gach athlonnú éagórach,
áfach. Go bunúsach, tagann an fhadhb a bhaineann le tóraíocht fóram chun cinn
de thoradh na ndifríochtaí i ndlíthe dócmhainneachta náisiúnta. Tá cásanna ann inar athlonnaigh cuideachtaí
a lárionad príomhleasa agus ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh leo
mar fheidhmiú dlisteanach a gceart bunaíochta. Tá
roinnt cásanna inar tharla athstruchtúrú rathúil ar chuideachta tar éis don
chuideachta a lárionad príomhleasa a athlonnú go dtí an Ríocht Aontaithe toisc
na solúbthachta a thugann dlíthe dócmhainneachta na Breataine do chuideachtaí. Tuairiscíodh cásanna athlonnaithe an lárionaid
phríomhleasa i gcásanna daoine nádúrtha a bhfuil rófhiachas acu. Tugtar 'turasóireacht féimheachta' ar an
bhfeiniméan seo. Tá go leor fadhbanna ag baint
le turasóireacht féimheachta toisc go mbíonn féichiúnaí ag baint leasa as
réimeas dócmhainneachta níos fabhraí i ndlínse eile gan athlonnú go fírinneach
go dtí an Ballstát eile, rud a fhágann a chreidiúnaithe thíos leis toisc nach
féidir leo a n‑éilimh a fhorfheidhmiú. Is minic ceisteanna a bhaineann leis an
lárionad príomhleasa ina gcúis dlíthíochta, cé go bhfuil ag laghdú air sin. De réir taighde atá déanta tagann ceisteanna chun
cinn maidir leis an lárionad príomhleasa in 40–50 % de na cásanna, cé nach
ceist chonspóideach é i gcónaí. Is deacair a thomhas cé chomh forleathan is atá
athlonnú éagórach an lárionaid phríomhleasa; cuid den chúis leis sin is ea nach
bhfuiltear ar aon tuairim faoi athlonnú an lárionaid phríomhleasa a bheith éagórach
agus cuid eile den chúis is ea gur minic, i ngeall ar easpaí sa chreat nós
imeachta, nach mbraitear gach athlonnú lárionaid phríomhleasa a dhéantar. Tugann staitisticí na Ríochta Aontaithe le fios gur
lú ná 100 cás in aghaidh na bliana na cásanna a bhféadfaí a mheas aistriú
éagórach an lárionad príomhleasa a bheith i gceist. 2.3.2. An gaol idir na
príomhimeachtaí agus na himeachtaí tánaisteacha faoin Rialachán Ceadaíonn an Rialachán imeachtaí tánaisteacha
a thionscnamh má tá bunaíocht ag an bhféichiúnaí sa tír i gceist. Mar sin féin, foráiltear leis gur gá imeachtaí
tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta nó ina n‑imeachtaí
leachtaithe, is é sin le rá, ní cheadófar iad a bheith ina n‑imeachtaí
athstruchtúrtha ná ina n‑imeachtaí atosaithe. Tháinig
as an gceanglas sin an cáineadh go bhfuil an Rialachán dírithe ar leachtú
seachas ar athstruchtúrú, agus go bhfuil sé, dá bhrí sin, gan a bheith ag luí
le meon 'tarrthála corparáidí' an lae inniu. Creideann
tromlach mór de na páirtithe leasmhara gur fadhb é sin. Is féidir raon feidhme cúng imeachtaí
tánaisteacha bheith ina bhacainn ar athstruchtúrú rathúil ar chuideachta a
bhfuil brainsí aici i mBallstáit éagsúla, rud a laghdaíonn luach iomlán
sócmhainní an fhéichiúnaí agus a chuireann deireadh le poist. Dá bhrí sin is amhlaidh a threisíonn an fhofhadhb
sin an chéad fhofhadhb, is é sin gur bacainn atá sa Rialachán reatha ar
leanúnachas gnó agus ar chosaint post. Tugadh
isteach an córas imeachtaí tánaisteacha chun leasanna creidiúnaithe áitiúla a
chosaint agus/nó chun an riar cásanna casta a éascú. Sa
chelachtas, áfach, is féidir imeachtaí tánaisteacha a bheith ina mbacainn ar
riar éifeachtach an eastáit agus ar atheagrú rathúil cuideachta. Cuireann siad
cuid de na sócmhainní ó smacht an riarthóra dócmhainneachta sna príomhimeachtaí.
Cuireann siad le costas na n‑imeachtaí toisc gur gá cleachtóir
dócmhainneachta eile a íoc. Tá laghdú tagtha ar an méid úsáide a bhaintear as
nósanna imeachta tánaisteacha toisc an claonadh atá ag cuideachtaí a gcuid
gníomhaíochtaí trasteorann a eagrú trí fhochuideachtaí. Mar sin féin, is é an
gnáthnós é i gcónaí in earnáil na heitlíochta brainsí a úsáid ag a bhfuil
sócmhainní móra agus mórán daoine fostaithe. Meastar go dtiteann thart ar
700 cuideachta ag a bhfuil brainsí i mBallstáit eile i bhféimheacht gach bliain
agus go dtionscnaítear cúpla céad imeachtaí tánaisteacha. Nuair a thionscnaítear imeachtaí tánaisteacha,
tuairiscíonn na páirtithe uile lena mbaineann go bhfuil easpa comhordaithe idir
na príomhnósanna imeachta agus na nósanna imeachta tánaisteacha. Cuireann an
Rialachán oibleagáid ar chleachtóiri dócmhainneachta faisnéis a chur in iúl dá
chéile agus dul i gcomhar a chéile. Tá roinnt treoirlínte curtha amach ag
cumainn chleachtóirí do chleachtóirí maidir le comhar agus cumarsáid i ndáil le
dócmhainneachtaí trasteorann. Tá sé ráite ag cleachtóirí dócmhainneachta agus
ag cúirteanna nach bhfuil an comhar éifeachtach sa chleachtas. D'fhéadfadh
costas breise an chomhair, bacainní teanga agus rialacha nósanna imeachta
náisiúnta a chuireann cosc ar nochtadh faisnéise bheith ina gcúis deacrachta
freisin. Ina theannta sin, níl aon dualgais chomhchosúla chomhair idir
cúirteanna ná idir riarthóirí dócmhainneachta agus cúirteanna. Mar thoradh air
sin, ní chuirtear an breitheamh sna príomhimeachtaí ar an eolas faoi chora sna
himeachtaí tánaisteacha sula ndéanann sé cinneadh gníomhú a thuilleadh, agus a
mhalairt. Laghdaítear ar éifeachtúlacht na n‑imeachtaí dá thoradh sin
agus cuirtear lena bhfad agus lena gcostas, agus i ndeireadh thiar thall is
féidir deiseanna a chur amú an luach is mó is féidir a bhaint as na sócmhainní
a chur amú. Bhí 70 % de na freagróirí sa chomhairliúchán poiblí
míshásta leis an gcomhordú idir na príomhimeachtaí agus na himeachtaí
tánaisteacha. Thug 61 % freagra cosúil leis sin i dtuarascáil Heidelberg. 2.3.3. Deacrachtaí praiticiúla sa
chur chun feidhme a bhaineann le heaspa poibliú cinntí maidir le nós imeachta
dócmhainneachta agus maidir le taisceadh éileamh Ní mór fios a bheith ag cúirt atá ag
tionscnamh imeachtaí dócmhainneachta an bhfuil cuideachta nó duine faoi réir
imeachtaí dócmhainneachta cheana féin i mBallstát eile. Faoi láthair, ní
fhoilsítear ná ní dhéantar taifead córasach de na cinntí a dhéantar sna Ballstáit
ina dtionscnaítear imeachtaí, ná sna ballstáit ina bhfuil bunaíocht. Tharla
sé gur seoladh imeachtaí i gcomhthráth mar thoradh ar an easpa faisnéise
i dtaobh imeachtaí. Tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ar an gcinneadh
lena gcuirtear clabhsúr ar nós imeachta. I ngach ceann de na Ballstáit, seachas péire
díobh, is go lárnach a bhailítear an fhaisnéis. Cé go
gcláraítear imeachtaí dócmhainneachta i leith eintiteas dlíthiúil i ngach
Ballstát, ní chláraítear dócmhainneachtaí i leith daoine aonair. Ní dhéanann
ach 14 Bhallstát cinntí a fhoilsiú i gClár Dócmhainneachta atá
inrochtana ar line agus saor in aisce. Cuireann naoi mBallstát eile faisnéis
éigin ar dhócmhainneacht ar fáil i mbunachar leictreonach sonraí, e.g. clár
cuideachtaí nó leagan leictreonach den bhullaitín oifigiúil. Tá sé léirithe ag an staidéar meastóireachta
agus ag freagróirí sa chomhairliúchán poiblí (go háirithe Cumann FBManna na
hEorpa) go mbíonn deacrachtaí ag creidiúnaithe éilimh a thaisceadh faoin
Rialachán. Ní i gcónaí a chuireann leachtaitheoirí creidiúnaithe ar an eolas in
am faoin gceart atá acu éileamh a thaisceadh. D'fhéadfadh
cailliúint iomlán an éilimh teacht as sin más tar éis na ndátaí deiridh do
thaisceadh faoin dlí náisiúnta a thaisctear é. Díspreagann na costais agus na deacrachtaí sin
creidiúnaithe beaga. Tuairim is EUR 2000 an meánchostas measta ar éileamh
a thaisceadh do chreidiúnaí iasachta i gcás trasteorann. 2.4. Ceart an AE chun gníomhú :
Bunús dlí, coimhdeacht agus comhréireacht Bhunófaí an leasú ar Airteagal 81(2)(a),
(c) agus (f) den CFAE. Ghlacfaí na beartais leis an ngnáthnós imeachta
reachtach. Tá an t‑ullmhú rialacha trasteorann níos éifeachtúla atá ar
siúl ag an AE i lánchomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tá gnéithe
trasteorann sa cheist seo, gnéithe nach féidir a láimhseáil go sásúil le
gníomhú aonair ar leibhéal na mBallstát. Ina theannta sin, thiocfadh buntáistí glana
ó ghníomhú ar leibhéal an AE (seachas gníomhú ar leibhéal na mBallstát) i
dtéarmaí éifeachtachta. 3. cuspóirí beartais Cuspóir ginearálta Éifeachtúlacht an chreata Eorpaigh a fheabhsú maidir le cásanna dócmhainneachta trasteorann a réiteach d'fhonn feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar a fhrithsheasmhacht in aghaidh géarchéimeanna eacnamaíochta. Cuspóirí sonracha Féachaint chuige go n‑aithneofar ar fud an AE imeachtaí náisiúnta a bhaineann le dócmhainneacht naisiúnta a rannchuidíonn le gnólachtaí a tharrtháil, infheistíocht a chosaint, poist a chosaint agus fiontraíocht a spreagadh; agus an dara deis a thabhairt d'fhiontraithe macánta agus do thomhaltóirí a bhfuil rófhiachas acu. Deimhneacht dhlíthiúil do chreidiúnaithe a mhéadú, agus ar an dóigh sin trádáil agus infheistíochta trasteorann a spreagadh. Riar éifeachtúil dócmhainneachtaí trasteorann a fheabhsú féachaint leas gach uile creidiúnaí agus duine eile lena mbaineann, leas an fhéichiúnaí san áireamh, a chosaint. Feabhas a chur ar riar éifeachtúil dócmhainneacht ball de grúpa cuideachtaí ilnáisiúnta, agus ar an dóigh sin luach a sócmhainní a uasmhéadú agus tarrtháil a éascú. Cuspóirí oibriúcháin Aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin, is é sin nach gcuirtear san áireamh ann an méadú atá ag teacht ar úsáid imeachtaí neamhleachtaithe (e.g. imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus imeachtaí hibrideacha); próiseas a chur ar bun a chuirfidh an Rialachán in oiriúint d'athruithe ar dhlíthe náisiúnta dócmhainneachta agus a fhágfaidh go gcumhdóidh imeachtaí tánaisteacha athstruchtúrú, imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus imeachtaí hibrideacha. Na rialacha a bhaineann le dlínse tionscanta imeachtaí dócmhainneachta a shoiléiriú, gan dochar do chearta cuideachtaí ná daoine nádúrtha a gceart bunaíochta agus gluaiseachta san Aontas a fheidhmiú go dlísteanach. Feabhas a chur ar an gcreat nós imeachta lena gcinntear dlínse agus féachaint chuige go bhfuil an deis ag páirtithe leasmhara athbhreithniú breithiúnach a fháil. Comhordú idir cúirteanna agus cleachtóirí a fheabhsú, roimh imeachtaí agus lena linn; trédhearcacht a fheabhsú trí fhoilsiú gach cinnidh ábhartha a bheith sainordaitheach i ngach Ballstát; agus feabhas a chur ar an rochtain atá ar an gceartas, go háirithe i gcás FBManna, trí bheartais a cheapadh lena n‑éascófaí taisceadh éileamh. Sainchreat dlíthiúil a cheapadh do dhócmhainneacht ghrúpa. 4. Roghanna beartais Sainaithníodh trí rogha beartais chun aghaidh
a thabhairt ar na fadhbanna thuas agus na cuspóirí thuas a bhaint amach. Seo
iad: 1) An status quo, nó an cás bunlíne; 2) Rogha A, an Rialachán atá ann cheana a
thabhairt bord ar bhord leis an aimsirdáta, agus an chothromaíocht idir
creidiúnaithe agus féichiúnaithe, agus an chothromaíocht idir uilíocht agus
críochachas, a choinneáil ar bun; agus 3) Rogha B, bunphrionsabail an Rialacháin
a athrú, rud a dteastódh comhfhogasú agus cóineasú éigin ar imeachtaí agus
dlíthe dócmhainneachta náisiúnta lena aghaidh. Leagtar amach sa tábla ar an leathanach thall
gnéithe éagsúla na roghanna seo, i dtaca leis na fadhbanna a atá roinnt in dhá
chatagóir. Tá roinnt ghnéithe coiteann do
roghanna A agus B toisc go gcuirfeadh an dá rogha síneadh le raon feidhme an
Rialacháin, e.g. maidir leis na cláir náisiúnta dócmhainneachta agus maidir
leis na próisis simplithe taiscthe éileamh. Fadhb || An status quo (an cás bunlíne) || Rogha A 'An creat imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a thabhairt bord ar bhord leis an aimsir' || Rogha B 'I dtreo comhfhogasú imeachtaí agus dlíthe náisiúnta dócmhainneachta' Raon feidhme teoranta an Rialacháin Dócmhainneachta || Ní chumhdaíonn raon feidhme ná sainiú an Rialacháin imeachtaí réamhdhócmhainneachta, imeachtaí hibrideacha ná formhór na n‑imeachtaí dócmhainneachta pearsanta. || Raon feidhme an Rialacháin a shíneadh d'fhonn imeachtaí hibrideacha, imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus imeachtaí dócmhainneachta pearsanta a chumhdach agus deireadh a chur leis an gceangal gur gá imeachtaí tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta. Níl aon rialacha ann do ghrúpaí cuideachtaí. || Comhordú príomhimeachtaí trí shásraí comhair, agus an rogha ann, nuair is cuí, príomhchleachtóir dócmhainneachta a ainmniú. || Aon chúirt inniúil amháin do na príomhimeachtaí go léir; aon riarthóir dócmhainneachta amháin ceaptha do bhaill uile an ghrúpa ('comhdhlúthú nós imeachta'). Fadhbanna ag baint le cur i bhfeidhm an Rialacháin Dócmhainneachta || Gan oibleagáid maidir le foilsiú agus gan clár leictreonach sonraí a bheith ag gach Ballstát. || Ceangal a chur ar gach Ballstát gach cinneadh ábhartha de chuid imeachtaí dócmhainneachta a fhoilsiú gclár náisiúnta leictreonach agus sonraí agus catagóirí coiteanna a shainiú ionas go bhféadfaí cláir náisiúnta a nascadh leis an Tairseach Eorpach don Cheartas. Gan foirmeacha caighdeánacha a bheith ann chun éilimh a thaisceadh. Fágtar na nósanna imeachta go hiomlán faoi na dlíthe náisiúnta. || Nósanna imeachta agus foirmeacha caighdeánaithe a thabhairt isteach ar leibhéal an AE maidir le héilimh a thaisceadh agus na Ballstáit a spreagadh chun modh leictreonach a chur ar bun lena bhféadfar éilimh a thaisceadh. Fanann dlínse sa lárionad príomhleasa , rud atá sainithe ag an gcásdlí. || An creat nós imeachta a fheabhsú. || Eilimintí de dhlíthe náisiúnta dócmhainneachta a chomhchuibhiú. Tá comhordú teoranta do chomhordú idir chleachtóirí. || Imeachtaí tánaisteacha a choinneáil ach comhordú leis na príomhimeachtaí a fheabhsú roimh imeachtaí tánaisteacha agus lena linn. || Deireadh a chur le himeachtaí tánaisteacha. 4.1. Rogha A An chéad eilimint: Raon
feidhme an Rialacháin a shíneadh chun imeachtaí hibrideacha a chumhdach,
imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus imeachtaí dócmhainneachta pearsanta agus
deireadh a chur leis an gceangal gur gá imeachtaí tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí
foirceanta. Leathnófaí an sainiú ar imeachtaí
dócmhainneachta chun imeachtaí hibrideacha, imeachtaí réamhdhócmhainneachta
agus imeachtaí dócmhainneachta pearsanta a chumhdach.
Liostófaí san Iarscríbhinn nósanna imeachta dócmhainneachta ar thug na
Ballstáit fógra ina leith agus a thagann faoin sainiú sa Rialachán. Cheanglófaí leis an sainiú sin, go háirithe, go
mbeadh méid éigin maoirseachta cúirte ag baint leis an imeacht dócmhainneachta,
rud atá riachtanach d'aitheantas atá bunaithe ar muiníne frithpháirtí. Chuirfí de chúram ar an gCoimisiún a áirithiú nach
liostófaí in Iarscríbhinn an Rialacháin ach imeachtaí a bheadh ag comhlíonadh
an tsainithe. An ceangal atá ann faoi láthair gur gá gur
imeachtaí tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta, chuirfí
deireadh leis ionas go bhféadfaí imeachtaí a éascaíonn athstruchtúrú a chur san
áireamh. An dara heilimint: Comhordú
príomhimeachtaí trí shásraí ginearálta comhair, agus an fhéidearthacht ann,
nuair is cuí, príomhchleachtóir dócmhainneachta a ainmniú. Le Rogha A leanfaí le cur chuige an Rialacháin
déileáil le gach eintiteas ar bhonn leithligh ach dhéanfaí foráil maidir le
comhordú imeachtaí dócmhainneachta i leith ball den ghrúpa céanna. Bheadh feidhm ag an gcomhordú ar thrí bhealach: (1)
Bheadh ceangal ar leachtaitheoirí na
bpríomhimeachtaí difriúla cumarsáid agus comhoibriú a dhéanamh le chéile, go
háirithe trí iarracht a dhéanamh plean atheagraithe a ullmhú do bhaill
dhócmhainneacha an ghrúpa. Chuirfeadh an
oibleagáid sin leis an sásra atá ann cheana do chomhordú idir leachtaitheoirí i
bpríomhimeachtaí agus in imeachtaí tánaisteacha. (2)
Chuirfeadh an Rialachán oibleagáid ar na
cúirteanna inniúla maidir leis na príomhimeachtaí difriúla faisnéis a chur in
iúl agus dul i gcomhar le chéile, e.g. tríd an leachtaitheoir, nó na
leachtaitheoirí céanna a cheapadh a chuir in iúl go bhfuil sé ar a gcumas dul i
gcomhar le chéile. (3)
Bheadh dualgas ar an leachtaitheoir sna príomhimeachtaí
i leith ball amháin den ghrúpa cumarsáid a dhéanamh leis na cúirteanna inniúla
agus comhoibriú leo maidir leis na himeachtaí a bhaineann le baill eile an
ghrúpa. I gcás cuideachtaí áirithe, e.g. fochuideachta
atá ar lánúinéireacht, i dteannta na sásraí comhordaithe thuas, d'fhéadfaidís
'ról treorach' a thabhairt do leachtaitheoir na máthairchuideachta. Bheadh sé
de chumas ag an leachtaitheoir 'treorach' atheagrú bhall dócmhainneacha an
ghrúpa a stiúradh, go háirithe, trína a iarraidh ar an gcúirt inniúil an
próiseas leachtaithe fochuideachta a chur ar fionraí, faisnéis a fháil ó
leachtaitheoirí eile nó ó chúirteanna eile atá páirteach nó plean
athstruchtúraithe a mholadh. An tríú heilimint: Ceangal a chur ar gach
Ballstát cinntí lena dtionscnaítear agus lena gcuirtear clabhsúr ar imeachtaí
dócmhainneachta, mar aon le cinntí eile a eisítear sna
himeachtaí, a fhoilsiú i gclár náisiúnta leictreonach sonraí agus
catagóirí coiteanna a shainiú ionas go bhféadfaí cláir náisiúnta a nascadh leis
an Tairseach Eorpach don Cheartas. Chiallódh sin go gcaithfeadh na Ballstáit go
léir clár leictreonach de chinntí dócmhainneachta a chur ar bun agus a
choinneáil ar bun, i gcás cuideachtaí agus daoine príobháideacha araon.
Shaineofaí catagóirí coiteanna chun cláir náisiúnta a nascadh leis an Tairseach
Eorpach don Cheartas[1]
ar mhaithe le bunachar sonraí AE d'imeachtaí dócmhainneachta a bheadh
inrochtain agus cuimsitheach a chur ar fáil agus a chuirfeadh ar chumas
creidiúnaithe, páirtithe leasmhara, fostaithe agus cúirteanna fáil amach ar
tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i mBallstát eile nó nár tionscnaíodh. An ceathrú heilimint: Nósanna imeachta agus
foirm chaighdeánach a thabhairt isteach ar leibhéal an AE chun éilimh a
thaisceadh agus na Ballstáit a spreagadh chun modh
leictreonach taiscthe éilimh a chur ar bun. Le Rogha A leagfaí síos foirm
chaighdeánach amháin i dteangacha oifigiúla uile an AE a d'fhéadfadh gach
creidiúnaí a úsáid le linn imeachtaí trasteorann chun éilimh a thaisceadh. Ina theannta sin shaineofaí nósanna imeachta AE
d'fhonn a áirithiú go gcuirfeadh dlíthe náisiúnta gné trasteorann imeachtaí
áirithe san áireamh, e.g. aga ama réasúnta a thabhairt le héileamh a
thaisceadh, gearrtar pionós a ghearradh ar chleachtóirí sa chás nach leanann
siad an nós imeachta maidir le faisnéis a sholáthar do chreidiúnaithe i dtaobh
toradh a n‑éilimh. Ina theannta sin
bheadh sé ina spreagadh ag na Ballstáit comhéadain leictreonacha taiscthe
éileamh a chur ar bun a bheadh ar fáil do chreidiúnaithe eachtracha. D'fhéadfaí iad sin a chur ar bun mar fhiontar
príobháideach, agus ní gá gurb iad na húdaráis phoiblí a dhéanfadh sin. An cúigiú heilimint: An creat nós
imeachta a fheabhsú agus oiliúint a chur ar bhreithiúna i ndáil leis an
Rialachán, toisc go soiléireodh an Rialachán sainiú an
lárionaid phríomhleasa trí eilimintí áirithe de chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh a chódú. Shonródh an Rialachán chomh maith go bhfuil an chúirt
a thionscnaíonn imeachtaí dócmhainneachta faoi oibleagáid scrúdú ex officio
a dhéanamh ar bhonn a dlínse agus sonrú a thabhairt sa chinneadh tionscanta más
príomhimeachtaí nó imeachtaí tánaisteacha iad. Má rinneadh athrú le déanaí ar
an lárionad príomhleasa fanann na fiacha sa Bhallstát bunaidh, bheadh
oibleagáid ar na cúirteanna scrúdú céadchéime a dhéanamh, i.e. roimh an
urscaoileadh ó fhiachas a fhógairt, an fíor‑athlonnú atá i gceist nó nach
ea. D'fhéadfaí é sin a dhéanamh trí bhreis doiciméad a iarraidh ar an
bhféichiúnaí nó éisteacht le creidiúnaithe eachtracha. Chomh maith leis sin,
bheadh leigheas éifeachtach ag na creidiúnaithe i gcoinne an chinnidh imeachtaí
dócmhainneachta a thionscnamh. go háirithe, chuirfí ar an eolas iad faoin
gcinneadh in am tráth a chuirfeadh ar a gcumas a dhúshlán a thabhairt. Chuirfí
oiliúint ar bhreithiúna i ndáil leis an Rialachán agus i ndáil le cásdlí Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an lárionad príomhleasa. An séú heilimint: Imeachtaí
tánaisteacha a choinneáil ach feabhas a chur ar chomhordú leis na
príomhimeachtaí roimh imeachtaí tánaisteacha agus lena linn, mar seo a leanas: Ceangal a chur ar an gcúirt éisteacht le
cleachtóir na bpríomhimeachtaí, sula dtionscnaítear imeachtaí tánaisteacha. É a chur ar chumas na cúirte tionscnamh
imeachtaí tánaisteacha a chur ar fionraí nó diúltú iad a thionscnamh dá mbeadh
sé sin ina bhac ar riar éifeachtach an eastáit agus le leas creidiúnaithe
áitiúla. Féadfaidh an leachtaitheoir agus na
cúirteanna a chinneadh caitheamh le creidiúnaithe áitiúla amhail is go raibh na
himeachtaí tánaisteacha tionscanta ('imeachtaí tánaisteacha
sintéiseacha'). Oibleagáid a chur ar chúirteanna agus ar
chleachtóirí dócmhainneachta dul i gcomhar le chéile, agus ar chúirteanna dul i
gcumarsáid agus i gcomhar le chéile. 4.2. Rogha B Tá na heilimintí is coiteann do A agus B mínithe
thuas, i.e.: –
An chéad eilimint: raon feidhme an Rialacháin a
shíneadh; –
An tríú heilimint: ceangal a chur ar na
Ballstáit cinntí a fhoilsiú i gclár náisiúnta leictreonach ; –
An ceathrú heilimint: nósanna imeachta a
thabhairt isteach mar aon le foirm chaighdeánaithe taiscthe éileamh. Tá na heilimintí a bhaineann go sonrach le Rogha B
thíos. An dara heilimint: agus aon chúirt amháin inniúil do
na príomhimeachtaí uile is amhlaidh a cheapfaí aon
riarthóir dócmhainneachta amháin do bhaill uile an ghrúpa ('comhdhlúthú nós
imeachta'), lena ndéanfaí na himeachtaí dócmhainneachta do bhaill uile an
ghrúpa a chomhdhlúthú in aon chúirt amháin san áit a bhfuil lárionad
príomhleasa na máthairchuideachta. Cheapfaí an
cleachtóir dócmhainneachta céanna i bpríomhimeachtaí uile na bhfochuideachtaí. An cúigiú heilimint: Dhéanfadh comhchuibhiú
gnéithe de na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta difear do ghnéithe áirithe de na nósanna imeachta náisiúnta dócmhainneachta, go
háirithe tréimhsí urscaoilte ó fhiachas, coinníollacha agus rialacha maidir le
himeachtaí a thionscnamh, rialacha maidir le héisteachtaí chreidiúnaithe agus
leigheas éifeachtach. An séú heilimint: Deireadh a chur le
himeachtaí tánaisteacha faoi Rogha B. In áit
imeachtaí tánaisteacha, bheadh aon phríomhimeacht dócmhainneachta amháin ag a
mbeadh éifeacht ar fud an AE agus a dhéileálfadh leis an máthairchuideachta
agus leis na brainsí agus na bunaíochtaí uile. 4.3. Roghanna a cuireadh as an
áireamh Bhí roinnt rudaí eile a d'fhéadfadh na
fadhbanna a réiteach dar leis na geallsealbhóirí, lena n‑áirítear
tréimhse fionraíochta a thabhairt isteach tar éis an oifig chláraithe nó an
lárionad príomhleasa a athrú, féachaint tóraíocht fóram a chosc. Is beag seans
go n‑éireodh leis sin, áfach. 5. Anailís tionchair agus comparáid idir na
roghanna Ní réiteofaí na fadhbanna a sainaithníodh dá
gcloífí leis an status quo agus is amhlaidh a bhuanófaí drochthionchar
an dá ghrúpa fadhbanna. Cé go bhféadfaí a bheith ag súil le méid áirithe
cóineasaithe idir na Ballstáit i roinnt réimsí, is dócha gur i ngéire a
rachaidh na fadhbanna i réimsí eile. Tríd is tríd is dea‑tionchar a bheadh ag
Rogha A i gcomparáid leis an gcás bunlíne. Bhainfí amach cuspóirí
an bheartais go héifeachtacht leis an rogha seo agus thabharfaí aghaidh ar na
fadhbanna a sainaithníodh, gan cur isteach ar reachtaíocht náisiúnta ná ar
bheartais naisiúnta. Dea‑thionchar eacnamaíoch a bheadh ag an rogha seo
ar shlándáil infheistíochta, ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus ar an
bhfiontraíocht. D'fhágfadh sí gurbh fhusa do ghnólachtaí inmharthana teacht
slán agus chosnódh sí poist. Níl aon fhianaise ann go mbíonn aon tionchar
breise ar staid na bhfostaithe nuair a bhíonn a bhfostóir dócmhainneach. Dá dtabharfaí an dara deis d'fhéichiúnaithe bheadh
an baol ann go mbeadh tionchar aige sin ar an bhfáil a bheadh ag fiontraithe ar
chreidmheas ar phraghas inacmhainne, ach cúitítear sin le héifeachtacht
scéimeanna nua‑aimseartha dócmhainneachta atá dian agus a ndéantar
faireachán géar orthu. Tá an baol ann chomh maith
go n‑imreodh síneadh an raoin feidhme chun breis scéimeanna dócmhainneachta
a chumhdach tionchar ar thóraíocht fóram. Tarrtháil
a éascú is bunaidhm leis na himeachtaí hibrideacha, ámh, agus treisíonn
comhordú éifeachtach na nósanna imeachta na sochair. Rannchuideodh an rogha seo
leis an dara deis a chur chun cinn. Mhéadódh sí ar éifeachtúlacht, ar
chothroime agus ar thrédhearcacht imeachtaí dócmhainneachta trasteorann agus
d'fheabhsódh sí an rochtain atá ar an gceartas. Le Rogha A chuirfí ar údaráis na
mBallstát roinnt costas a bhaineann le cláir dócmhainneachta agus le hoiliúint
a chur ar bhreithiúna. Tá údar maith leis na costais toisc na leasa agus na
sábhála don tsochaí trí mhéadú ar éifeachtúlacht agus cáilíocht na nósanna
imeachta dócmhainneachta trasteorann. Bheadh dea‑thionchar ag Rogha A ar
an muinín fhrithpháirteach idir údaráis bhreithiúnacha na mBallstát. Coinníonn
sí an chothromaíocht idir an féichiúnaí agus an creidiúnaí, chomh maith leis an
gcothromaíocht idir uilíocht agus críochachas. Mar sin féin ní rachadh sé i
ngleic le ceann de mhórúdair na bhfadhbanna — mí‑éifeachtúlachtaí agus
difríochtaí idir dlíthe náisiúnta dócmhainneachta. D'fhéadfadh Rogha B a bheith níos
éifeachtaí na Rogha A ó thaobh na cuspóirí a bhaint amach agus
leasanna eacnamaíocha agus sóisialta don margadh aonair a sholáthar. Mhéadódh
sí ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht imeachtaí dócmhainneachta san AE trí
chéile; chruthódh se eilimintí de chóras uilíoch, ar nós gnéithe áirithe den
rialachán dócmhainneachta a rialaíonn 50 stát Stáit Aontaithe Mheiriceá,
an US Insolvency Act (Acht Dócmhainneachta SAM). Is fearr a dhéileálfadh Rogha B le rún
mhí na Samhna 2011 ó Pharlaimint na hEorpa, ina ndearna sí moltaí don
Choimisiún maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe d'imeachtaí dócmhainneachta.
Bunaíodh na moltaí sin ar an bprionsabal gur le leas an mhargaidh inmheánaigh
cothroime iomaíochta, agus go dtagann as éagothromaíochtaí idir dhlíthe
náisiúnta dócmhainneachta buntáistí nó míbhuntáistí iomaíochta agus deacrachtaí
do chuideachtaí a mbíonn gníomhaíochtaí trasteorann ar bun acu, a d'fhéadfadh
bheith ina gconstaic ar athstruchtúrú rathúil ar chuideachtaí dócmhainneacha
agus a d'fhéadfadh bheith fábharach don tóraíocht fóram. Bheadh tionchar níos mó ag Rogha B,
áfach, ar chórais náisiúnta. Tá níos mó i gceist leis na hathruithe atá molta
ná an Rialachán a thabhairt cothrom bord ar bhord leis an aimsir, agus
theastódh anailís chomparáideach mhionsonraithe ar dhlíthe náisiúnta
dócmhainneachta lena n‑aghaidh, rud a chuirfeadh bac le Rogha B a chur
i bhfeidhm láithreach. Idir an dá linn, leanfadh na fadhbanna atá ann faoi
láthair de bheith ann, agus d'fhéadfaidís siad dul in olcas fiú. Dá bhrí sin, cé go bhfuil go cúiseanna go leor
le tacú le Rogha B, tá an chuma ar an scéal gur rogha níos comhréirí atá i
Rogha A ag an bpointe seo. Dá réir sin, is
í Rogha A an rogha tosaíochta maidir le hathbhreithniú ar na Rialachán
Dócmhainneachta. De cheal staitisticí córasacha mionsonracha a
bhaineann go sonrach le líon agus cineál na bhféimheachtaí a thagann faoi raon
feidhme an Rialacháin – easpa a bhfuil na socruithe maidir le faireachán sa
rialachán athbhreithnithe ceaptha a leigheas, (féach Roinn 8 thíos) – is
deacair meastacháin chruinn iontaofa a dhéanamh i ndáil le scála na dtionchar
dearfach a bhfuil súil leo mar thoradh ar an rogha tosaíochta. Tá roinnt mhaith
fianaise ann, áfach, a thugann le fios gur féidir mórbhuntáistí eacnamaíocha
teacht as an gcur chuige maidir le féimheacht agus dócmhainneacht atá leagtha
amach sa rogha tosaíochta, is é sin tosaíocht a thabhairt d'athstruchtúrú thar
leachtú agus gan constaicí nach bhfuil gá leo a chur roimh fhiontraithe ar
theip orthu agus a bhfuil an "dara deis" uathu. Léiríonn sonraí ón
Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta atá luaite cheana sa Mheasúnú
Tionchair go bhfuil an ráta caillteanais cuideachtaí déantúsaíochta oiread le
haon trian níos lú sna tíortha a bhfuil imeachtaí hibrideacha nó imeachtaí
réamhdhócmhainneachta acu i gcomparáid leo siúd nach bhfuil. An t‑ábhar
imní gurbh ionann éascaíocht a dhéanamh do chuideachtaí féimheacha cuideachta
nua a bhunú agus a gcuid iompair mhí‑ionraic a chúiteamh, dealraíonn sé
go bhfuil roinnt áibhéile ag baint leis de bhrí nach féimheachtaí calaoiseacha
níos mó ná 4‑6 % d'fhéimheachtaí; ina theannta sin, ní dhéanfaidh
rogha na tosaíochtaí aon difear do na smachtbhannaí is infheidhme maidir le
calaois. 6. Faireachán agus meastóireacht D'fhonn faireachán a dhéanamh ar chur chun
feidhme an Rialacháin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascálacha meastóireachtaí go
rialta, bunaithe ar chomhairliúcháin leis na Ballstáit, páirtithe leasmhara
agus saineolaithe seachtracha. Spreagfaidh an
Coimisiún malartú dea‑chleachtais idir na Ballstáit agus ceanglófar le
hathbhreithniú ar an Rialachán go soláthrófaí sonraí staitistiúla ar fheidhmiú
an Rialacháin, go háirithe maidir le líon na n‑imeachtaí tánaisteacha
agus na himeachtaí a bhaineann le grúpaí cuideachtaí. [1] Tá an Tairseach Eorpach don Cheartas ceaptha a bheith
ina ionad ilfhreastail i réimse an cheartais, faisnéis a sholáthar agus feabhas
a chur an rochtain atá ar an gceartas ar fud an AE.