Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 /* COM/2012/0782 final - 2012/0364 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí
is mó atá déanta ag an Aontas Eorpach. Tá comhtháthú agus margadh inmheánach a
fheidhmíonn go maith fíor‑riachtanach chun go mbeidh rath ar an straitéis Eoraip 2020
agus chun go bhfásfaidh geilleagar an AE ar ráta inbhuanaithe chun géarchéim an
fhiachais cheannasaigh agus airgeadais a tháinig ina diaidh in 2008 a shárú. Toisc gur margaí domhanda iad na margaí
caipitil, tá sé ríthábhachtach na rialacha maidir le tuairisciú airgeadais agus
iniúchóireacht a chomhchuibhiú ar an leibhéal domhanda chun go bhfeidhmeoidh na
margaí caipitil go rianúil, agus chun gur féidir margadh comhtháite a bhaint
amach do na seirbhísí airgeadais san AE. Seachas a chaighdeáin féin a thabhairt
isteach maidir le tuairisciú airgeadais ar leibhéal réigiúnach, rud a dhéanfadh
reachtaíocht ar leibhéal an AE a chomhchuibhiú ach a chuirfeadh le deighiltí
réigiúnacha ar an leibhéal domhanda, chinn an AE in 2002 caighdeáin
idirnáisiúnta chuntasaíochta a ghlacadh. Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, teastaíonn
ón Eoraip a mheáchan a mhéadú sa phróiseas maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a
shocrú ionas go n‑éistfear lena glór. Ní mór don Aontas labhairt d'aonghuth
chun go dtabharfar cluas éisteachta dó. De réir a chéile, tá an ról glactha
chuige féin ag an EFRAG[1],
comhairleoir teicniúil an Choimisiúin Eorpaigh i gcúrsaí cuntasóireachta,
ionchur réamhtheachtach, teicniúil agus inchreidte a sholáthar don phróiseas
IASB maidir le caighdeáin a shocrú. Ní foláir don eintiteas a shocraíonn na
caighdeáin idirnáisiúnta agus don eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar son
leasanna na hEorpa a bheith neamhspleách, cumas agus saineolas leordhóthanach a
bheith acu chun caighdeáin ar ardcháilíocht mar aon le hionchur i ndáil leis na
caighdeáin sin a sholáthar, agus bonn fónta airgeadais a bheith acu chun go
mbeidh siad in ann a misean i ndáil le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar
bhonn fadtéarmach. Chuige sin, in 2009 bhunaigh Parlaimint na
hEorpa agus an Chomhairle clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí ar leith
i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na
hiniúchóireachta[2].
Tiocfaidh deireadh leis an gClár sin an 31 Nollaig 2013. Is é is
cuspóir leis an Rialachán seo an Clár a athnuachan ar feadh thréimhse an chéad
chreata airgeadais eile (2014-2020), agus ranníocaíochtaí díreacha le cistiú
thairbhithe an Chláir ó bhuiséad an Aontais a éascú le linn na tréimhse sin. Ba iad tairbhithe an Chláir ag an tús Coiste
na Maoirseoirí[3],
Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IASCF), an
Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG) agus an Bord
Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). Rinneadh foráil sa Chinneadh freisin
maidir leis an deis tairbhí nua a thabhairt isteach nó tairbhí nua a chur in
ionad seantairbhí. In 2010, bunaíodh Údaráis Eorpacha
Maoirseachta agus ghlac siad, i measc freagrachtaí eile, freagrachtaí Choistí
na Maoirseoirí a bhí ann roimhe sin. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo dírithe
ar chómhaoiniú an Aontais ar na tairbhithe atá fágtha a leathnú, eadhon
Fondúireacht IFRS (comharba dlíthiúil ar an IASCF), an EFRAG agus an PIOB. 1.1. Tuairisciú airgeadais:
Fondúireacht IFRS Le linn na géarchéime sna margaí airgeadais a
thosaigh in 2007, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le trédhearcacht
agus, dá bhrí sin, tugadh aird níos mó sa chlár polaitiúil ar cheist na
gcaighdeán cuntasaíochta. Ba léir gur cheart timpeallacht fhabhrach gnó agus
cothrom iomaíochta domhanda a chomhcheangal le trédhearcacht agus
inchomparáideacht a chuideoidh le margadh caipitil domhanda a fheidhmíonn go
cuí. Thuig ceannairí ar fud an domhain an tábhacht a bhain le tacar amháin de
chaighdeáin chuntasaíochta, dhomhanda ar ardcháilíocht a chur ar bun[4]. Léirigh an tAontas Eorpach a chumas
ceannaireachta nuair a chinn sé caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS
agus IFRIC) a ghlacadh i ndlí an Aontais. De réir Rialachán 1606/2002
('Rialachán IAS'), ní foláir do chuideachtaí atá liostaithe san AE a
dtuarascálacha comhdhlúite airgeadais a tharraingt suas ag baint úsáide as
caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh san Aontas. Féadfaidh na
Ballstáit a n‑úsáid a cheangal nó a cheadú i ndáil le cuntais bhliantúla
agus/nó cuideachtaí nach bhfuil liostaithe. Glactar le tuarascálacha airgeadais
cuideachtaí Eorpacha atá ag úsáid IFRS arna nglacadh san Aontas gan athráiteas
i roinnt margaí caipitil ar fud an domhain – lena n‑áirítear SAM, an Astráil
agus an tSeapáin. Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, nó ag coinbhéirsiú leo,
tá dul chun cinn seasta á dhéanamh i dtreo na sprice tacar amháin de
chaighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a nglactar leo ar fud an domhain a
bhunú. Forbraíonn IASB agus Coiste Léirmhíniúcháin
IFRS caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS agus IFRIC). Is
bratchomhlacht í Fondúireacht IFSC de na heagraíochtaí sin agus tá maoiniú
rianúil cuí na n‑eagraíochtaí sin de chúram uirthi. Ní mór don chomhlacht a
fhorbraíonn caighdeáin chuntasaíochta ar ardcháilíocht a bheith neamhspleách,
agus ní mór an cumas a bheith ann daoine ar ardcháilíocht a earcú. Chuige sin,
tá bonn cistiúcháin daingean, neodrach, iontaofa agus inríofa san fhadtéarma ag
teastáil. I dteannta an chistiúcháin, ní foláir do
rialachas Fhondúireacht IFRS tacú le feidhmiú neamhspleách, inchreidte agus cuí
na heagraíochta sin. Cuireadh feabhas ar rialachas na Fondúireachta le cúpla
bliain anuas, agus ba é cruthú an Bhoird Faireacháin an chuid is tábhachtaí de
sin. Bunaíodh an comhlacht sin ar mhaithe le cuntasacht agus ionadaíocht chuí
ar leas an phobail a áirithiú san eagraíocht. Feabhsaíodh éifeachtacht
Chomhairle Chomhairleach na gCaighdeán agus bunaíodh Coiste Maoirseachta na
Próise Cuí. Beidh tuilleadh oibre ag teastáil chun a áirithiú go neartóidh
Fondúireacht IFRS a stádas i dtaca le caighdeáin ar ardcháilíocht a shocrú, ar
léiriú é ar ghné dhomhanda na margaí caipitil. Chuige sin, le Treoir 716/2009, léirigh
an tAontas Eorpach go bhfuil sé sásta an tacaíocht airgeadais is gá a sholáthar
d'Fhondúireacht IFRS (IASCF) i bhfoirm scéime cobhsaí cómhaoinithe. Thosaigh an
tAontas, mar aon le Ballstáit áirithe, ar ranníocaíochtaí a dhéanamh le buiséid
Fhondúireacht IFRS a bhí inchurtha lena mheáchan ar na margaí caipitil
domhanda. Ba é 4 229 165.14 EUR ranníocaíocht an AE le buiséad
Fhondúireacht IFRS sa bhliain fhioscach 2011 (17 % de chostais incháilithe
iomlána na Fondúireachta don bhliain sin). De réir thuarascáil deiridh an Bhoird
Faireacháin maidir le hAthbhreithniú ar Rialachas Fhondúireacht IFRS[5] arna fhoilsiú an 9 Feabhra
2012, beidh ballraíocht an Bhoird Faireacháin ceangailte le ranníocaíocht
airgeadais a dhéanamh le buiséad Fhondúireacht IFRS. Tá sé ríthábhachtach don
AE, dá bhrí sin, leanúint le ranníocaíocht a dhéanamh le buiséad Fhondúireacht
IFRS de réir a mheáchain dhomhanda eacnamaíoch, má theastaíonn ón Eoraip an
seasamh atá aige faoi láthar i réimse an tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta
a choinneáil. 1.2. Tuairisciú airgeadais: an
Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG); Bunaíodh an EFRAG in 2001 mar eagraíocht
phríobháideach chun saineolas teicniúil a sholáthar don Choimisiún Eorpach i
gcúrsaí um thuairisciú airgeadais. Ag an tús, is éard a rinne an EFRAG go
príomha, comhairle a sholáthar don Choimisiún i dtaobh ar chomhlíon caighdeán
cuntasaíochta idirnáisiúnta atá le glacadh san Aontas na critéir maidir le
formhuiniú teicniúil[6].
De réir a chéile, tá ról glactha ag an EFRAG chuige féin tionchar gníomhach a
imirt ar IASB i dtaobh caighdeáin a shocrú. Tugann sé ionchur trí litreacha tráchta
a eisiúint maidir le dréachtchaighdeáin agus ranníocaíocht luath trí pháipéir
plé a phoibliú ar shaincheisteanna reatha maidir le cuntasóireacht. Léitear
litreacha tráchta an EFRAG ar fud an domhain agus luaitear ar fud an domhain
iad freisin. Ag an tús, bhí cearta ionadaíochta agus vótála
chomhlachtaí rialachais an EFRAG (amhail an Comhthionól Ginearálta agus an Bord
Maoirseachta) ceangailte leis an ranníocaíocht airgeadais arna déanamh le
buiséad an EFRAG. Bíonn an comhlacht atá i gceannas ar an bpríomhobair
theicniúil, an Grúpa Saineolaithe Teicniúla, neamhspleách i gcónaí. In 2008, rinneadh athchóiriú iomlán ar
rialachas an EFRAG chun é a chur in oiriúint dá ról breisithe maidir le beartas
poiblí, is é sin ardán a sholáthar do ghuth cuntasóireachta aonair na hEorpa.
Ba é an aidhm a bhí ann, maoirseacht agus cuntasacht mhéadaithe an phobail a
áirithiú. Tugadh dhá athrú mhóra isteach: ·
Bunaíodh Coiste Pleanála agus Acmhainne áit a
bhfuil an obair fhorghníomhach luath láraithe – le rannpháirtíocht na n‑eintiteas
a shocraíonn na caighdeáin náisiúnta; agus ·
Ról neartaithe an Bhoird Mhaoirseachta: ní
ionadaithe iad na baill a thuilleadh ar na heagraíochtaí cistiúcháin ach
ceaptar iad i ról neamhspleách. Déanann na baill ionadaíocht ar
gheallsealbhóirí éagsúla - ullmhaitheoirí (lena n‑áirítear FBManna), úsáideoirí
agus institiúidí airgeadais; nó bíonn cúlra sa bheartas poiblí acu; bítear ag
súil go bhfeidhmeoidh siad ar fad chun leas an phobail. As measc na 17 ball den
Bhord Maoirseachta, baill beartais phoiblí iad ceathrar acu. Tá cúlra ar leith
acu i ndéanamh beartas poiblí agus is é an Coimisiún a ainmníonn iad. Tá an Grúpa Saineolaithe Teicniúla freagrach i
gcónaí as príomhobair theicniúil an EFRAG. Ní mór don Ghrúpa Saineolaithe
Teicniúla, a fheidhmíonn mar choiste neamhspleách de shaineolaithe teicniúla,
seasamh ar bith a ghlacann an EFRAG maidir le caighdeáin idirnáisiúnta
chuntasaíochta a phlé agus a fhormheas. Bíonn cathaoirleach an EFRAG ina
chathaoirleach ar chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe Teicniúla, agus tá a
rúnaíocht féin ag an EFRAG (rúnaíocht ina bhfuil gairmithe cuntasóireachta).
Baineann formhór d'obair an Ghrúpa Saineolaithe Teicniúla le comhairle formhuinithe
a thabhairt don Choimisiún agus litreacha tráchta a chur chuig IASB. Bíonn formhór chruinnithe an EFRAG oscailte
don phobal agus féadfaidh seirbhísí an Choimisiúin freastal ar chruinnithe ar
fad an EFRAG mar bhreathnóirí. Mar gheall ar an athchóiriú in 2008 a bhí
dírithe ar rialachas, bhí an EFRAG in ann a ghníomhaíochtaí forghníomhacha a
leathnú, i gcomhar leis na heintitis a shocraíonn na caighdeáin náisiúnta san
Eoraip. Trí bhíthin athchóirithe rialachais bhreise eile a bheidh le cur i
bhfeidhm sna míonna amach romhainn, leanfaidh an EFRAG le modhanna a fhorbairt
lena áirithiú gurb eisean an príomhardán le haghaidh 'guth cuntasóireachta
aonair an AE' agus le hionchur an Aontais san IASB a chur i bhfeidhm. Chun na
críche sin, tabharfaidh an EFRAG faoi athbhreithniú cuimsitheach ar a struchtúr
rialachais ag cur san áireamh na bhforbairtí is déanaí i réimse an tuairiscithe
airgeadais idirnáisiúnta. Agus níos mó tíortha ag glacadh IFRS, ní
foláir don AE bearta a dhéanamh ionas nach gcaillfidh sé tionchar agus meáchan
de réir a chéile i ndáil le IASB. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go
ndéanfaí ionadaíocht cheart ar leasanna na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta.
Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go labhródh an Eoraip le haon ghuth amháin a
bheadh inchreidte agus fónta ón taobh teicniúil de. Tá cistiú daingean, fadtéarmach, éagsúlaithe
de dhíth ón EFRAG chun go mbeidh sé inchreidte agus neamhspleách agus chun go
mbeidh sé in ann doiciméid ar ardcháilíocht a sholáthar trí shaineolaithe ar
ardcháilíocht a fhostú. Chomh maith leis sin, ní dhéanfar ionadaíocht ar an
dearcadh uile‑Eorpach ach amháin má cómhaoiníonn an Coimisiún, i gcomhar leis
na Ballstáit níos mó, an EFRAG ar son na mBallstát níos lú. Bunaíodh clár maoiniúcháin 2010-2013 chun
cistiú iontaofa a bhunú don fhadtéarma. Ar bonn chinneadh maoiniúcháin an AE an
16 Meán Fómhair 2009, ba é EUR 2 288 160 ranníocaíocht an
AE leis an EFRAG sa bhliain fhioscach 2011 (43% de bhuiséad iomlán an EFRAG don
bhliain sin). Cuspóirí fadtéarmacha iad spriocanna an Chláir
sin; dá bhrí sin, is deacair teacht ar chonclúidí agus gan an maoiniú i
bhfeidhm ach ar feadh dhá bhliain iomlána. Bunaithe ar an taithí atá faighte i
ndáil leis an maoiniú go dtí sin, tá a phríomhchuspóirí comhlíonta ag an gClár.
I measc rudaí eile, lig sé don EFRAG a ghníomhaíochtaí a leathnú agus gabháil
don obair fhorghníomhach, dul go geallsealbhóirí agus a ndearcadh a lorg ag
imeachtaí for‑rochtana agus cur lena neamhspleáchas trí íoc as an
gcathaoirleach as a bpá‑rolla féin. Chun níos mó sonraí a fháil faoin taithí go
dtí seo, féach ar an meastóireacht ex ante ar sheirbhísí an Choimisiúin
atá ag gabháil leis an togra seo. 1.3. Iniúchóireacht: an Bord
Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) Is Fondúireacht neamhbhrabúsach de chuid na
Spáinne é an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) a bunaíodh in Maidrid. Is iad príomh‑chomhpháirtithe an PIOB an Grúpa
Faireacháin, ar comhlacht é a dhéanann ionadaíocht ar rialtóirí agus ar
institiúidí[7],
agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), ar comhlacht príobháideach é
a dhéanann ionadaíocht ar chuntasóirí agus ar iniúchóirí ar fud an domhain[8]. Tá
deich mball sa PIOB, lena n‑áirítear an Cathaoirleach.
Ainmníonn an Coimisiún Eorpach beirt de na baill sin. Ainmníonn an Grúpa Faireacháin baill an PIOB
ar feadh tréimhse trí bliana de réir Meabhráin Tuisceana. Tá réimse geallsealbhóirí ina mball den PIOB: reachtóirí (e.g. Parlaimint na hEorpa, reachtóirí
náisiúnta), rialtóirí agus maoirseoirí ar na margaí airgeadais lena n‑áirítear
comhlachtaí maoirseachta iniúchóirí, eintitis a shocraíonn caighdeáin náisiúnta
le haghaidh cuntasóireachta agus iniúchóireachta, iniúchóirí agus gairm na
hiniúchóireachta go ginearálta, ullmhaitheoirí ráiteas airgeadais
(cuideachtaí), úsáideoirí ráiteas airgeadais (e.g. infheisteoirí, anailíseoirí,
taighdeoirí, soláthróirí), lucht acadúil. Is é ról an PIOB a ráthú go n‑urramaítear
próis chuí, maoirseacht agus trédhearcacht agus caighdeán idirnáisiúnta le
haghaidh iniúchóirí á mholadh, á fhorbairt agus á ghlacadh faoi chreat
Chónaidhm Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC). Bord Iontaobhaithe a rialaíonn an
Chónaidhm agus tá gach ball den PIOB ina iontaobhaí. Ar bonn chinneadh maoinithe an AE an
16 Meán Fómhair 2009, ba é EUR 286 231 ranníocaíocht an AE
leis an PIOB sa bhliain fhioscach 2010. B'ionann an méid sin agus 22 % de
chostais incháilithe iomlána an PIOB (EUR 1 301 050). Ar an taobh
eile, ba é EUR 288 991.78 ranníocaíocht an AE leis an PIOB sa bhliain
fhioscach 2011, méid arb ionann é agus 22 % de chostais incháilithe
iomlána PIOB don bhliain sin (EUR 1 313 599). Ba dhearfach an taithí a bhí ann i ndáil le
cómhaoiniú an PIOB go dtí seo. Bhí an deis ag an gCoimisiún Eorpach cuairt a
thabhairt ar áitreabh an PIOB faoi dhó (Márta 2010 agus Aibreán 2011) agus a
rialuithe airgeadais a fhíorú. Thug an Coimisiún Eorpach oiliúint don fhoireann
i ndáil le nósanna imeachta buiséadacha an AE freisin. Ón taobh praiticiúil de,
d'fhoghlaim an dá thaobh mórán ó na gníomhaíochtaí a bhain le bainistiú an
deontais oibriúcháin do bhlianta fioscacha 2010 agus 2011. Réitíodh an bealach,
dá bhrí sin, le haghaidh bainistíocht níos éifeachtúla i ndáil le
ranníocaíochtaí cistiúcháin amach anseo. Dea‑shampla is ea cómhaoiniú an AE ar an PIOB
do ranníocóirí féideartha eile. Faoi láthair ní dhéanann ach IFAC (thart ar
78 %) agus an AE (thart ar 22 %) cómhaoiniú ar an PIOB. Tá an Coimisiún
Eorpach de shíor ag déanamh iarrachta cistiú an PIOB a éagsúlú agus a
neamhspleáchas i ndáil le gairm na hiniúchóireachta a neartú. Táthar ag súil go
soláthróidh roinnt institiúidí idirnáisiúnta cistí do PIOB cheana don bhliain
fhioscach 2013. Ina theannta sin, bhunaigh an Grúpa Faireacháin, an PIOB agus
IFAC tascfhórsa chun dul i bhfeidhm ar ghrúpa deontóirí ó ar fud an domhain
cistiú a sholáthar don PIOB ar bhonn seasta agus fadtéarmach. Dá ndéanfadh an AE méid an mhaoinithe a
thugann sé faoi láthair a laghdú (méid arb ionann é agus 22 % den bhuiséad
iomlán), droch‑theachtaireacht a bheadh ansin agus an PIOB ag iarraidh a
struchtúr cistiúcháin a éagsúlú. Ach tá an méid sin ríthábhachtach freisin i
bhfianaise na n‑athchóirithe atá á ndéanamh faoi láthair ar an margadh
iniúchóireachta, athchóirithe atá dírithe ar neamhspleáchas gnólachtaí, na n‑eintiteas
a shocraíonn caighdeáin idirnáisiúnta iniúchóireachta agus maoirseoirí
iniúchtaí a mhéadú. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Sa mheastóireacht ex ante a bhí ag
gabháil leis an togra ón gCoimisiún maidir le Clár 2010‑2013 a bhunú[9], rinne an Coimisiún measúnú ar
na roghanna malartacha maidir le cistiú. Ba iad cuspóirí an chláir cistiú
cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a áirithiú agus a chur ar
chumas na gcomhlachtaí ábhartha a misean a thabhairt i gcrích ar bhealach
neamhspleách agus éifeachtúil. Is léir gurb é cómhaoiniú an Aontais an rogha is
éifeachtúla agus is iomchuí i ndáil leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Sa mheastóireacht ex ante a ghabhann
leis an togra seo, mhaígh an Coimisiún gur éirigh leis an gClár mar a bhíothas
ag súil leis, agus gur chomhlíon sé na cuspóirí agus gur cheart leanúint dá
mhaoiniú. Ina theannta sin, bunaíodh an Clár maoiniúcháin ar mhaithe le
cuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach. Dá bhrí sin, is iomchuí a mholadh go
leanfaí leis faoin gcéad chreat airgeadais eile 2014-2020. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
agus go háirithe Airteagail 114. I gcomhréir le beartas reachtach an
Choimisiúin a glacadh faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil, tá sé
beartaithe gur i bhfoirm Rialacháin a bheidh an clár cistiúcháin seo. 3.2. Prionsabal na coimhdeachta Déanann clár an Aontais foráil maidir leis an
deis cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe a
shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i réimse an tuairiscithe
airgeadais agus na hiniúchóireachta, agus a thacaíonn leis an mbeartas sin. Tá
an togra ag teacht le prionsabal na coimhdeachta ós rud é, i gcomhréir le hAirteagal 5
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach féidir leis na Ballstáit a
chuspóirí a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, de bharr fairsinge
agus éifeacht an bhirt, a fhéadfaidh iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. 3.3. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. De réir an mheasúnaithe sa mheastóireacht ex‑ante, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach. Moltar
cistiú ón Aontas i gcás méid teoranta, dea‑shainithe de na comhlachtaí is
tábhachtaí i réimse na seirbhísí airgeadais. Laistigh den chreat reatha
institiúideach, ba cheart go n‑áiritheodh na socruithe cistiúcháin nua cistiú
cobhsaí éagsúlaithe fónta agus leordhóthanach ionas go mbeidh sé ar chumas na
gcomhlachtaí ábhartha an misean atá acu i ndáil leis an Aontas nó le leas an
phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil. Deonófar tacaíocht airgeadais i gcomhréir
leis na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh
Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le
buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus i Rialachán Tarmligthe (AE,
Euratom) Uimh. …/… ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012,
maidir le rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is
infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Is é EUR 58 010 000 i
bpraghsanna reatha an méid iomlán a íocfar as buiséad an Aontais don tréimhse
2014 – 2020. Clár seacht mbliana is ea é seo agus beidh sé ag teacht le fad na
bpeirspictíochtaí airgeadais 2014 ‑ 2020. 2012/0364 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár an Aontais a bhunú chun tacú
le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na
hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Le Cinneadh
Uimh. 716/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11], bunaíodh clár Comhphobail
chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an
tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Ar bhonn an Chinnidh sin,
rachaidh cómhaoiniú an Aontais i bhfoirm deontas oibriúcháin chun sochair don
Ghrúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san Eoraip (EFRAG), d'Fhondúireacht
na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS,
comharba dlíthiúil Fhondúireacht an Choiste um Chaighdeáin Idirnáisiúnta
Chuntasaíochta, IASCF) agus don Bhord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB) go
dtí an 31 Nollaig 2013. (2) Tá géarchéim sna margaí
airgeadais ó 2008 i leith, agus tá ceist an tuairiscithe airgeadais agus na
hiniúchóireachta ag croílár chlár oibre polaitiúil an Aontais dá bhrí sin. Tá
creat coiteann tuairiscithe airgeadais a fheidhmíonn go cuí ríthábhachtach don
mhargadh inmheánach, d'fheidhmiú éifeachtach na margaí caipitil agus chun
margadh comhtháite a thabhairt i gcrích do sheirbhísí airgeadais san AE. (3) Éilíonn geilleagar domhanda
teanga cuntasaíochta dhomhanda. Glactar agus úsáidtear Caighdeáin Idirnáisiúnta
um Thuairisciú Airgeadais (IFRS), arna bhforbairt ag an mBord um Chaighdeáin
Idirnáisiúnta Chuntasaíochta (IASE), i mórán dlínsí ar fud an domhain. Ní
foláir na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta sin a fhorbairt faoi
phróiseas trédhearcach atá freagrach go daonlathach. Chun a áirithiú go n‑urramaítear
leasanna an Aontais agus go bhfuil na caighdeáin dhomhanda ar ardcháilíocht
agus go bhfuil siad ag teacht le dlí an Aontais, ní foláir leasanna an Aontais
a chur san áireamh go leordhóthanach sa phróiseas sin maidir le caighdeáin
idirnáisiúnta a shocrú. (4) De réir Rialachán (CE)
Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
19 Iúil 2002, maidir le cur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta
cuntasaíochta[12],
ba cheart IFRS a ionchorprú i ndlí an Aontais atá le cur i bhfeidhm ag
comhlachtaí le hurrúis atá liostaithe ar mhargadh rialaithe san Aontas, ar
chuntar go gcomhlíonann IFRS na critéir atá leagtha amach sa Rialachán sin. Dá
bhrí sin, tá príomhról ag IFRS i bhfeidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus dá
bhrí sin tá leas díreach ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas
trína ndéantar IFRS a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le
ceanglais chreat dlíthiúil an mhargaidh inmheánaigh. (5) Is iad IASB a eisíonn IFRS
agus eisíonn Coiste Léirmhíniúcháin IFRS léirmhínithe gaolmhara; dhá chomhlacht
laistigh d'Fhondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais
is ea iad sin. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a
bhunú d'Fhondúireacht IFRS. (6) In 2001, bhunaigh
eagraíochtaí Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar eisitheoirí, infheisteoirí agus
ar an sciar de ghairm na cuntasóireachta a raibh baint acu leis an bpróiseas um
thuairisciú airgeadais an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san
Eoraip (EFRAG). I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002,
soláthraíonn an EFRAG tuairimí don Choimisiún i dtaobh an gcomhlíonann
caighdeán cuntasaíochta arna eisiúint ag IASB, nó léirmhíniú arna eisiúint ag
Coiste Léirmhíniúcháin IFRS, atá le formhuiniú, na critéir maidir le formhuiniú
atá leagtha amach sa Rialachán sin. Tá ról 'ghuth cuntasóireachta aonair na
hEorpa' á ghlacadh ag an EFRAG ar an leibhéal domhanda chomh maith. Ag gníomhú
dó sa ról sin, cuidíonn an EFRAG le próiseas IASB maidir le caighdeáin a
shocrú. (7) Ag cur san áireamh phríomhról
an EFRAG tacú le dlí agus beartas an mhargaidh inmheánaigh agus ionadaíocht a
dhéanamh ar son leasanna na hEorpa sa phróiseas maidir le caighdeáin a shocrú
ar an leibhéal idirnáisiúnta, ní foláir don Aontas maoiniú cobhsaí an EFRAG a
áirithiú, agus cuidiú lena chistiú dá bhrí sin. (8) I réimse na hiniúchóireachta
reachtúla, in 2005 bhunaigh an Grúpa Faireacháin, eagraíocht idirnáisiúnta atá
freagrach as faireachán a dhéanamh ar athchóiriú rialachais ar Chónaidhm
Idirnáisiúnta na gCuntasóirí (IFAC), an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail
(PIOB). Is é ról an PIOB maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas is bunús le
glacadh na gCaighdeán Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) agus ar
ghníomhaíochtaí eile IFAC maidir le leas an phobail. Is féidir ISAnna a
ghlacadh lena gcur i bhfeidhm san Aontas ar chuntar, go háirithe, gur
forbraíodh iad faoi phróis chuí, faoi mhaoirseacht phoiblí agus go trédhearcach
faoi mar a cheanglaítear faoi Airteagal 26 de Threoir 2006/43/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir
le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais
chomhdhlúite[13].
Beartaítear freisin le tograí iniúchóireachta nua an 30 Samhain 2011,
go dtabharfar isteach ISAnna san AE[14]. (9) De bharr thabhairt isteach
ISAnna san Aontas agus phríomhról an PIOB maidir lena áirithiú go gcomhlíonann
siad na ceanglais atá leagtha síos i dTreoir 2006/43/CE, tá leas díreach
ag an Aontas a áirithiú go soláthraíonn an próiseas trína ndéantar na caighdeán
sin a fhorbairt agus a fhormheas caighdeáin atá ag teacht le creat dlíthiúil an
mhargaidh inmheánaigh. Aithnítear freisin ról an PIOB go sainráite i dtéacs
leasaithe Airteagal 26(3) mar atá léirithe in Airteagal 1 den togra
le haghaidh Treorach[15].
Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, socruithe iomchuí cistiúcháin a áirithiú don
PIOB. (10) Tá comhlachtaí atá ag obair i
réimse na cuntasóireachta agus na hiniúchóireachta ag brath go mór ar chistiú
agus tá príomhról acu san Aontas, ar ról é atá cinntitheach maidir le feidhmiú
an mhargaidh inmheánaigh. Cómhaoiníodh tairbhithe beartaithe an Chláir arna
bhunú le Cinneadh Uimh. 716/2009/CE le deontais oibriúcháin ó bhuiséad an
Aontais, agus dá bhrí sin d'éirigh leo cur lena neamhspleáchas ó chistiú ón
earnáil phríobháideach agus ó chistiú ad hoc, rud a chuir lena gcumas agus lena
n‑inchreidteacht. (11) Léiríodh le taithí go n‑áirithíonn
cómhaoiniú ón Aontas go dtéann sé chun sochair do na tairbhithe cistiú soiléir,
cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus leordhóthanach a fháil agus go gcuidíonn sé na
tairbhithe a chumasú lena misean leas an phobail a bhaint amach ar bhealach
neamhspleách agus éifeachtúil. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint de chistiú
leordhóthanach a sholáthar trí bhíthin ranníocaíocht an Aontais d'fhonn
caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú don chuntasóireacht agus don iniúchóireacht,
agus go háirithe d'Fhondúireacht IFRS, an EFRAG agus an PIOB. (12) Sa bhreis ar a bpatrúin
chistiúcháin a athrú, tá athchóirithe rialachais déanta ag Fondúireacht IFRS
agus ag an EFRAG chun a áirithiú go n‑éiríonn leo a misean leas an phobail a
chur i gcrích trí bhíthin a struchtúir agus a bpróiseas ar bhealach atá
neamhspleách, éifeachtúil, trédhearcach agus freagrach go daonlathach. Maidir
le Fondúireacht IFRS, bunaíodh an Bord Faireacháin in 2009 chun cuntasacht agus
maoirseacht an phobail a áirithiú, feabhsaíodh éifeachtacht Chomhairle
Chomhairleach na gCaighdeán, feabhsaíodh trédhearcacht, agus cuireadh ról na
measúnuithe tionchair ar bhonn foirmiúil mar chuid de phróis chuí IASB. (13) Feadh an chláir, ba cheart
clúdach airgeadais a leagan síos a bheidh ina phríomhthagairt, de réir bhrí
phointe [17] den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir
Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i
gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, ag an údarás
buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. (14) Le Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus le
Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom) Uimh. …/… ón gCoimisiún an
29 Deireadh Fómhair 2012 maidir le rialacha chur i bhfeidhm Rialachán
(AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta
an Aontais[16],
déantar cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais agus ní foláir iad a chur i
bhfeidhm ag cur san áireamh phrionsabail na simplíochta agus na
comhsheasmhachta i rogha na n‑ionstraimí buiséadacha, an teorainn ar líon na
gcásanna ina mbíonn an fhreagracht dhíreach ar an gCoimisiún maidir le cur chun
feidhme agus bainistíocht, agus an chomhréireacht is gá idir leibhéal na n‑acmhainní
agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann lena n‑úsáid. (15) Táthar ag súil go mbeidh an
clár cómhaoinithe a bhunófar leis an Rialachán seo ina chuidiú chun na cuspóirí
maidir le hinchomparáideacht agus trédhearcacht cuntas cuideachtaí a áirithiú
ar fud an AE a bhaint amach, chun caighdeáin um thuairisciú airgeadais a
chomhchuibhiú ar leibhéal domhanda trí ghlacadh IFRS ar leibhéal idirnáisiúnta
a chur chun cinn, agus chun cóineasú agus caighdeáin idirnáisiúnta
iniúchóireachta ar ardcháilíocht a chur chun cinn sna Ballstáit ar fad.
Cuidíonn an clár seo freisin leis an straitéis Eoraip 2020 trí mhargadh
aonair na seirbhísí airgeadais agus an chaipitil a neartú, agus cuidíonn sé le
gné sheachtrach na straitéise freisin. (16) Ba cheart foráil a dhéanamh sa
Rialachán seo maidir leis an deis cómhaoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
comhlachtaí áirithe a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de bheartas an Aontais i
réimse an cheaptha caighdeán, an fhormhuinithe caighdeán nó na maoirseachta ar
phróisis socraithe caighdeán a bhaineann le tuairisciú airgeadais agus
iniúchóireacht. (17) Tá cistiú ón Aontas beartaithe
i gcás méid teoranta dea‑shainithe de na comhlachtaí is tábhachtaí i réimse an
tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta. Laistigh den chreat reatha
institiúideach, ba cheart cistiú cobhsaí, éagsúlaithe, fónta agus
leordhóthanach a áirithiú leis na socruithe cistiúcháin ionas go mbeidh sé ar
chumas na gcomhlachtaí ábhartha an misean atá acu i ndáil leis an Aontas nó
leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach neamhspleách agus éifeachtúil.
(18) Ba cheart tacaíocht airgeadais
a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh
Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le
buiséad ginearálta an Aontais agus i Rialachán Tarmligthe (AE, Euratom)
Uimh. …/… ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012, maidir le
rialacha cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is
infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais. Tagann an clár cómhaoiniúcháin arna bhunú leis an Rialachán seo
in ionad an chláir chómhaoiniúcháin a bhí ag na tairbhithe roimhe seo. Dá bhrí sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil,
ba cheart Cinneadh 716/2009/CE a aisghairm. (19) Chun leasanna an Aontais i
réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta a chur chun cinn,
agus chun a bheith solúbtha i ndáil le hathruithe ar rialachas agus athruithe
institiúideacha a d'fhéadfadh a theacht isteach sna réimsí sin, ba cheart an
chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i
ndáil le tairbhithe nua a roghnú don Chlár. Tá sé thar a bheith tábhachtach go
rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre
ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don
Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt
suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach go
tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (20) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur
fearr is féidir dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní
théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint
amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Bunaítear leis seo clár an
Aontais (an 'Clár') don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an
31 Nollaig 2020 chun tacú le gníomhaíochtaí comhlachtaí a chuidíonn
le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i ndáil le tuairisciú airgeadais
agus iniúchóireacht. 2. Cumhdaíonn an clár
gníomhaíochtaí maidir le hionchur a fhorbairt nó a sholáthar i ndáil le
caighdeáin a fhorbairt, a chur i bhfeidhm, a mheasúnú nó faireachán a dhéanamh
orthu, nó maoirseacht a dhéanamh ar phróisis maidir le caighdeáin a shocrú chun
tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais i réimse an tuairiscithe
airgeadais agus na hiniúchóireachta. Airteagal 2
Cuspóirí 1. Is é cuspóir an Chláir na
dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí thacú le
forbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán um thuairisciú
airgeadais agus iniúchóireachta. 2. Déanfar an cuspóir sin a
mheas go háirithe i bhfianaise líon na dtíortha a úsáideann Caighdeáin
Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) agus Caighdeáin Idirnáisiúnta
Iniúchóireachta (ISA). Airteagal 3
Tairbhithe an Chláir 1. Tairbheoidh na tairbhithe
seo a leanas faoin gClár: (a) tairbhithe i réimse an tuairiscithe
airgeadais: –
an Grúpa Comhairleach um Thuairisciú Airgeadais san
Eoraip (EFRAG); –
Fondúireacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta um
Thuairisciú Airgeadais (Fondúireacht IFRS); (b) tairbhí i réimse na
hiniúchóireachta: an Bord Maoirseachta um Leas an Phobail (PIOB). 2. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9
chun tairbhithe nua a roghnú don Chlár agus chun mír 1 a leasú dá réir
sin. 3. Duine dlisteanach
neamhbhrabúsach a bheidh in aon tairbhí nua a shaothraíonn cuspóir ar cuid é de
bheartas an Aontais i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na
hiniúchóireachta, agus a thacaíonn leis an mbeartas sin, agus beidh sé ina
chomharba díreach ar dhuine de na tairbhithe atá liostaithe i mír 1. Airteagal 4
Deontais a dhámhachtain Soláthrófar maoiniú faoin gClár i bhfoirm
deontas oibriúcháin. Airteagal 5
Trédhearcacht Tairbhí ar bith de chistiú a dheonófar faoin
gClár, léireoidh sé in áit fheiceálach, amhail suíomh gréasáin, foilseachán nó
tuarascáil bhliantúil, go bhfuil cistiú faighte aige ó bhuiséad an Aontais
Eorpaigh. Airteagal 6
Forálacha airgeadais EUR 58 010 000 i bpraghsanna
reatha a bheidh sa chlúdach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme sa
tréimhse 2014 - 2020. Airteagal 7
An Clár a chur chun feidhme 1. Cuirfidh an Coimisiún an clár
chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir
leis na rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an
Aontais. 2. Glacfaidh an Coimisiún cláir
oibre bhliantúla chun an Clár a chur chun feidhme. Sna cláir sin leagfar amach
na cuspóirí a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun
feidhme agus méid iomlán na nithe sin. Beidh iontu freisin tuairisc ar na
gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach
gníomhaíocht agus tráthchlár cur chun feidhme táscach. Maidir le deontais,
áireofar na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an
uasráta cómhaoinithe. Airteagal 8
Airteagal 8 Leas airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint 1. Déanfaidh an Coimisiún bearta
iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin
Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí
bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon
ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh
agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a
ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin pionós éifeachtach, comhréireach
agus díspreagthach. 2. Beidh de chumhacht ag an
gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchóireachtaí a
dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais,
conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin gClár. Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí
eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i
gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE)
Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon
ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an
Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh a
bhaineann le cistiú ón Aontas. Gan dochar don chéad ná don dara fomhír, tabharfar
le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta
agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur
chun feidhme an Rialacháin seo an chumhacht go sainráiteach don Choimisiún, do
Chúirt na nIniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na seiceálacha agus
cigireachtaí sin ar an láthair a dhéanamh. Airteagal 9
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Tabharfar an chumhacht
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2) don
Choimisiún ar feadh tréimhse 7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(2)
a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean
na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis
fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos
déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na
gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2) i bhfeidhm ach amháin mura
ndéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de
thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na
hEorpa agus don Comhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go
gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún
nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 10
Meastóireacht 1. Tráth nach déanaí ná sé mhí
roimh dheireadh an Chláir, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i gcríoch chuspóirí an
Chláir. Déanfaidh an tuarascáil sin ábharthacht fhoriomlán agus comhleanúnachas
foriomlán an Chláir a mheas mar aon le héifeachtacht a fheidhmithe agus
éifeachtacht fhoriomlán agus aonair chlár oibre na dtairbhithe i dtéarmaí na
gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach. 2. Cuirfear an tuarascáil ar
aghaidh chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa mar eolas. Airteagal 11
Aisghairm Aisghairfear Treoir Uimh. 716/2009/CE le
héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Airteagal 12
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
clár an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an
tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[17]
Réimse
Beartais: 12 Margadh Inmheánach Gníomhaíocht: Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[18] X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Glacadh
IFRS ar leibhéal domhanda a chur chun cinn Meáchan
an AE a áirithiú maidir le ceapadh IFRS Cuidiú
le neamhspleáchas mhaoirseacht an phobail ar shocrú na gcaighdeán iniúchóireachta. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach: Na dálaí a fheabhsú i gcomhair fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí
thacú le fhorbairt thrédhearcach agus neamhspleách na gcaighdeán um thuairisciú
airgeadais agus iniúchóireachta. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: 12.03
Seirbhísí airgeadais agus margaí caipitil 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Neamhspleáchas
airgeadais na dtairbhithe a mhéadú (Fondúireacht IFRS, EFRAG, PIOB) Na
hacmhainní is gá a chur ar fáil do EFRAG chun a misean i ndáil le leas an
phobail a thabhairt i gcrích 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Táscaire torthaí || An toradh is déanaí is eol || Sprioc Líon na dtíortha a úsáideann IFRS || In 2012, tá thart ar 120 tír ag úsáid IFRS. || Méadú faoi 2020 Céatadán na gcaighdeán arna bhformhuiniú san AE i gcomparáid le líon na gcaighdeán arna n–eisiúint ag IASB faoi 2020 || An 29 Deireadh Fómhair 2012, bhí 89 % de IFRS formhuinithe san AE (124 caighdeán as 139). || 100 % faoi 2020 Líon na dtíortha a úsáideann ISAnna || Ag deireadh 2012, tá na ISAnna soiléirithe arna bhformhuiniú ina n‑iomláine ag 20 Ballstát || ISAnna ar ardcháilíocht a ghlacadh agus a chur chun feidhme sna Ballstáit ar fad faoi 2020 ar a dhéanaí 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Cur
le neamhspleáchas (mar aon le neamhspleáchas braite) tairbhithe i réimse an
tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta chun a chur ar a gcumas a
misean i ndáil le leas an phobail a thabhairt i gcrích ar bhealach sásúil 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Is
é príomhsprioc an chláir, inchomparáideacht agus trédhearcacht chuntais na
gcuideachtaí a áirithiú ar fud an AE agus ar fud an domhain, rud a chuideoidh
le feidhmiú rianúil na margaí caipitil ar leibhéal an AE agus ar leibhéal
domhanda. Is
é an AE an chríoch is mó ina gcuirtear IFRS i bhfeidhm (Rialachán 1606/2002).
Is chun ár leasa a bheidh sé na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta (IFRS)
a chur i bhfeidhm mar theanga cuntasaíochta dhomhanda, agus a áirithiú go
bhfuil ionadaíocht an AE mar chuid den mhaoirseacht phoiblí ar Fhondúireacht
IFRS (i gcás ina mbeidh ballraíocht sa chomhlacht maoirseachta nasctha le
ranníocaíocht a dhéanamh leis an gcistiú). Tá
ionchur teicniúil réamhtheachtach ón Eoraip, ionchur atá suntasach inchreidte
agus neamhspleách, ríthábhachtach agus na caighdeáin sin á bhforbairt freisin.
Tá an EFRAG freagrach as na gníomhaíochtaí sin. Féadfaidh
an AE Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (ISAnna) a ghlacadh bunaithe ar
Threoir 2006/43. Dá bhrí sin, tá leas díreach aige a áirithiú go bhfuil na
caighdeáin sin ar ardcháilíocht agus go bhfuil próis chuí a nglactha faoi réir
maoirseachta neamhspleáiche poiblí ag an PIOB. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart Go
dtí seo, bhí rath ar an maoiniú reatha i ndáil le hionchais a chomhlíonadh 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Tá
ról gníomhach ag an gCoimisiún Eorpach in athchóirithe rialachais na
dtairbhithe 1.6. Fad agus tionchar airgeadais X Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh
tréimhse teoranta –
X Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1.1.2014 go dtí
an 31.12.2020 –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh
BBBB go BBBB –
cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[19]
X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[20] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
seirbhíse poiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. I
gcás Fondúireacht IFRS: tuarascálacha eatramhacha agus deiridh I
gcás an EFRAG: tuarascálacha deiridh agus rannpháirteachas sheirbhísí an
Choimisiúin i gcoistí ar fad an EFRAG I
gcás an PIOB: tuarascálacha deiridh agus aiseolas rialta don Ghrúpa Faireacháin 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Tá
baol ann nach mbainfear amach na cuspóirí oibriúcháin mura bhfuil cáilíocht
ionchur na dtairbhithe i gcomhréir leis na bunchuspóirí a bhfuil tuairisc orthu
sna tograí bliantúla. D'fhéadfadh
baol a bheith ann do leasanna airgeadais/cáil an AE dá dteipfeadh ar sheirbhísí
an Choimisiúin caiteachas neamh‑incháilithe a shainaithint 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Baol
nach mbainfear cuspóirí oibriúcháin amach: -
Iarrtar ar thairbhithe tuarascáil bhliantúil a chur isteach, i gcomhréir le
cuspóirí aonair gach cláir agus i gcomhréir le treoirlínte Rialachán (AE,
Euratom) Uimh. 966/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012, maidir leis na
rialacha airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais
Eorpaigh -
Bíonn na haonaid oibriúcháin atá freagrach laistigh de DG MARKT i dteagmháil go
rialta leis na tairbhithe agus, go háirithe, bíonn siad páirteach i gcoistí ar
fad an EFRAG Baol
a bheith ann do leasanna airgeadais an AE: -
Cloíonn rialuithe ar ghealltanais deontas agus íocaíochtaí in DG MARKT leis an
gciorcaid athneartaithe airgeadais agus is éard atá iontu seiceálacha deisce ar
na doiciméid tacaíochta ábhartha, lena n‑áirítear tuarascálacha eatramhacha
agus deiridh, cuntais iniúchta agus doiciméid shonracha arna n‑iarraidh ag an
Ard‑Stiúrthóireacht. Déantar na rialuithe sin a dhoiciméadú i seicliostaí arna
líonadh go córasach ag na gníomhairí a bhfuil ról acu sna hidirbhearta
airgeadais ábhartha (OIA, OVA, OVA2, FIA, FVA, FVA2, AO), lena n‑áirítear
rialuithe arna ndéanamh ag aonad airgeadais na hArd‑Stiúrthóireachta i ndáil le
cúrsaí airgeadais agus dlíthiúla chun an "Bon à Payer" a sheachadadh -
Déanann aonad airgeadais na hArd‑Stiúrthóireachta rialuithe ar an láthair ar
bhonn córasach ar gach tairbhí trí thástáil shubstainteach a dhéanamh ar
shampla d'idirbhearta agus é mar aidhm aige measúnú a dhéanamh ar chóras
airgeadais agus rialaithe inmheánaigh an tairbhí, agus dearbhú breise a
thabhairt don AO maidir le leasanna airgeadais an AE a chosaint go
leordhóthanach D'fhanfadh
an t‑uasráta earráide faoi bhun 2 % Bheadh
costas thart ar 0.5 FTE nó EUR 63 500 in aghaidh na bliana ar na
rialuithe. 100 %
den mhéid a dheonaítear gach bliain agus a chaitear go cuí a bheadh mar thoradh
ar na rialuithe agus chloífeadh sé le prionsabal na bainistíochta fónta
airgeadais. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Ciorcaid
athneartaithe airgeadais a bhfuil fíorú ex ante oibriúcháin agus
airgeadais acu Anailís
rialta ar chuntais, tuarascálacha bliantúla agus deimhnithe iniúchóireachta na
dtairbhithe Iniúchóireachtaí
rialta ar an láthair chun córais bhuiséadacha agus rialuithe buiséadacha a
fhíorú 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana don chaiteachas[21] In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir Tuairisc || LD/LN ([22]) || ó thíortha CSTE[23] || ó thíortha is iarrthóirí[24] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 1 || 12.0301 Caighdeáin i réimsí an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta[25] || Difreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh : Neamhbhainteach. 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú
deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir: 1 || Ceannteideal: Fás cliste agus uilechuimsitheach || DG MARKT || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || IOMLÁN || Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || || 12.0301 Fondúireacht IFRS || Gealltanais || (1) || 4.335 || 4.422 || 4.510 || 4.600 || 4.692 || 4.786 || 4.882 || 0 || 32.227 || Íocaíochtaí || (2) || 3.251 || 4.400 || 4.488 || 4.578 || 4.669 || 4.763 || 4.858 || 1.220 || 31.007 || 12.0301 EFRAG || Gealltanais || (1a) || 3.162 || 3.225 || 3.290 || 3.356 || 3.423 || 3.491 || 3.561 || 0 || 23.508 || Íocaíochtaí || (2a) || 2.372 || 3.209 || 3.274 || 3.339 || 3.406 || 3.474 || 3.543 || 0.891 || 22.617 || 12.0301 PIOB || Gealltanais || (1a) || 0.306 || 0.312 || 0.318 || 0.325 || 0.331 || 0.338 || 0.345 || 0 || 2.275 || Íocaíochtaí[26] || (2a) || 0.000 || 0.306 || 0.312 || 0.318 || 0.325 || 0.331 || 0.338 || 0.345 || 1.930 || Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[27] || || || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0 || IOMLÁN leithreasuithe do DG MARKT || Gealltanais || =1+1a +3 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010 || Íocaíochtaí || =2+2a+3 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554 IOMLÁN leithreasuithe oibriúcháin || Gealltanais || (4) || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010 Íocaíochtaí || (5) || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL <1> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || 7.803 || 7.959 || 8.118 || 8.281 || 8.446 || 8.615 || 8.788 || 0 || 58.010 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 5.623 || 7.915 || 8.074 || 8.235 || 8.400 || 8.568 || 8.739 || 2.456 || 55.554 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN DG: MARKT || Acmhainní daonna || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 3.836 Caiteachas riaracháin eile || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.175 IOMLÁN DG MARKT || Leithreasuithe || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011 IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || TOTAL IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 8.376 || 8.532 || 8.691 || 8.854 || 9.019 || 9.188 || 9.361 || 62.021 Íocaíochtaí || 6.196 || 8.488 || 8.647 || 8.808 || 8.973 || 9.141 || 9.312 || 59.565 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Neamhbhainteach
(deontais oibriúcháin) 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go dtí
an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || TOTAL CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 0.548 || 3.836 Caiteachas riaracháin eile || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.025 || 0.175 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[28] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || || Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || || IOMLÁN || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 0.573 || 4.011 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i gcoibhéis
lánaimseartha (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 || 4.125 XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[29] XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón 'gclúdach iomlánaíoch') || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 || 0.375 XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || || XX 01 04 yy[30] || - sa Cheanncheathrú[31] || || || || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || IOMLÁN || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 || 4.5 Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a
d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun na bainistíochta faoi
chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na
srianta buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí
a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || 5 oifigeach AD agus 6 oifigeach AST, pro rata de réir líon na gcomhad a bhfuiltear ag déileáil leo. Cúraimí: cúraimí na ngníomhairí a thionscnamh, cúraimí na ngníomhairí a fhíorú, fanacht i dteagmháil leis an tairbhí, maoirseacht Pearsanra seachtrach || Aon ghníomhaire ar conradh amháin, pro rata de réir líon na gcomhad a bhfuiltear ag déileáil leo. Cúraimí: taifeadadh, tacú le pleanáil agus le hullmhúchán misean. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais
ilbhliantúil –
X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don togra
le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil nua 2014-2020. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[32]. Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na
ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna
comhfhreagracha. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe –
Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos: Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán Fondúireacht IFRS lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 87%) || 24.873 || 27.576 || 30.278 || 32.977 || 35.674 || 38.370 || 41.064 || 230.813 EFRAG lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 60%) || 4.338 || 4.675 || 4.910 || 5.044 || 5.277 || 5.409 || 5.439 || 35.093 PIOB lena gcistí féin agus le cistí arna bhfáil o thríú páirtithe (Meán‑chómhaoiniú an tairbhí 78%) || 1.084 || 1.106 || 1.128 || 1.151 || 1.174 || 1.197 || 1.221 || 8.061 IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || 30.295 || 33.357 || 36.316 || 39.172 || 42.126 || 44.976 || 47.724 || 273.967 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an
togra ar ioncam. –
¨ Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach [1] An Grúpa Comhairleach um
Thuairisciú Airgeadais san Eoraip [2] Cinneadh Uimh. 716/2009/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena
mbunaítear clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na
seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta IO L
253, 25.9.2009, lch. 8. [3] CESR, CEBS, CEIOPS [4] Iarrataí arís is arís eile ó
dhearbhú Londain 2009; an uair
dheireanach in Los Cabos, 2012 [5] http://www.iosco.org/monitoring_board/pdf/Final%20Report%20on%20the%20Review%20of%20the%20IFRS%20Foundation's%20Governance.pdf [6] Is é an EFRAG an comhlacht atá
luaite in aithris (10) de Rialachán IAS [7] Is iad seo a leanas comhaltaí an
Ghrúpa Faireacháin: an Coimisiún Eorpach, IOSCO (an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin
Urrús), BCBS (Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht), IAIS (an
Comhlachas Idirnáisiúnta Maoirseoirí Árachais), FSB (an Bord um Chobhsaíocht
Airgeadais), IFIAR (Fóram Idirnáisiúnta Rialtóirí Neamhspleácha Iniúchtaí) agus
an Banc Domhanda. [8] Déanann an PIOB maoirseacht ar IFAC
ó thaobh an leasa phoiblí de. Dá bhrí sin, is féidir glacadh leis na trí choiste neamhspleácha seo a
leanas de chuid IFAC mar chomhpháirtithe an PIOB: IAASB (Bord na gCaighdeán
Idirnáisiúnta Iniúchóireachta agus Urrús), IESBA (Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta
Eitice do Chuntasóirí) agus an IAESB (Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta um
Oideachas i gcúrsaí Cuntasóireachta). [9] COM(2009) 14 final [10] IO C …, lch . [11] IO L 253, 25.9.2009, lch. 8. [12] IO L 243, 11.9.2002, lch. 1. [13] IO L 157, 09.6.2006, lch. 87. [14] Téacs leasaithe Airteagal 26 mar
a léirítear in Airteagal 1 é den Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE maidir le
hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntas chomhdhlúite,
COM(2011) 778 final agus Airteagal 20 den Togra le haghaidh
Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais
shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leas an phobail,
COM(2011) 779 final. [15] Togra le haghaidh Treorach ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE
maidir le hiniúchóireachtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais
chomhdhlúite, COM(2011) 778 final [16] [...] [17] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [18] Mar a thagraítear dó in
Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais [19] Is féidir mionsonraí ar na modhanna
bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh
gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html
[20] Dá dtagraítear in Airteagal 185
den Rialachán Airgeadais. [21] Baineann líne buiséid 12.0301 a
léirítear thíos le hainmníocht nua don chreat airgeadais ilbhliantúil
2014-2020. Freagraíonn sé do líne buiséid 12.0401 sa chreat airgeadais
ilbhliantúil 2007-2013. [22] LD = Leithreasuithe difreáilte / LN =
Leithreasuithe neamhdhifreáilte [23] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [24] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is
infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí
. [25] Tomhas táscach atá sa líne buiséid agus d'fhéadfaí é a athrú de réir an
nós imeachta bhliantúil [26] Déanfar na hiocaíochtaí le PIOB gan
réamhíocaíochtaí agus in oibríocht aonair an bhlian dar gcionn [27] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [28] Cúnamh agus caiteachas teicniúil
agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta AE (seanlínte
"BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [29] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta
("Intérimaire"); JED =
"Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [30] Faoin uasteorainn do phearsanra
seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte
"BA"). [31] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha,
an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste
Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [32] Féach pointí 19 agus 24 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach.