Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta /* COM/2012/0744 final - 2012/0360 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Comhthéacs ginearálta Leasaítear leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le himeachtaí
dócmhainneachta (an "Rialachán"). Bunaítear leis an Rialachán Dócmhainneachta
creat Eorpach le haghaidh imeachtaí trasteorann dócmhainneachta. Bíonn feidhm
ag an Rialachán aon uair a bhíonn sócmhainní nó creidiúnaithe ag féichiúnaí
laistigh de níos mó ná aon stát amháin, is cuma cé acu is duine nádúrtha nó
duine dhlítheanach é. Cinneann an Rialachán cé an chúirt a bheidh dlínse aici
imeachtaí a thionscnamh: ní mór príomhimeachtaí a thionscnamh sa Bhallstát ina
bhfuil lárionad príomhleasa an fhéichiúnaithe agus aithnítear éifeacht na n‑imeachtaí
sin ar fud an AE. Is féidir imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh in áit a
bhfuil bunaíocht ag an bhféichiúnaí; tá éifeacht na n‑imeachtaí sin
teoranta do na sócmhainní atá lonnaithe sa Stát. Tá rialacha sa Rialachán
freisin a bhaineann leis an dlí is infheidhme agus le rialacha áirithe maidir
le comhordú príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha. Tá an Rialachán
Dócmhainneachta infheidhme maidir leis na Ballstáit go léir ach amháin an
Danmhairg, tír a bhfuil cur chuige ar leith i réim aici i dtaca le comhar
breithiúnach faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá an Rialachán Dócmhainneachta, a glacadh i
mBealtaine 2000, i bhfeidhm ó bhí an 31 Bealtaine 2002 ann. Deich mbliana i ndiaidh dó teacht i bhfeidhm, rinne
an Coimisiún athbhreithniú ar a fheidhmiú praiticiúil agus mheas sé gur ghá é a
leasú. 1.2. An gá le hathbhreithniú ar an
Rialachán Dócmhainneachta Cé go meastar, tríd is tríd, go bhfuil an
Rialachán Dócmhainneachta ag feidhmiú go maith maidir le himeachtaí
dócmhainneachta trasteorann a éascú laistigh den Aontas Eorpach, nochtaigh an
comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus na staidéir dlí agus na
staidéir eimpíreacha a choimisiúnaigh an Coimisiún neart fadhbanna i gcur i
bhfeidhm praiticiúil an Rialacháin. Thairis
sin, ní léiríonn an Rialachán go leordhóthanach tosaíochtaí reatha an AE agus
cleachtais náisiúnta maidir le dlí na dócmhainneachta, go háirithe ó thaobh
tarrtháil a thabhairt ar fhiontair a bhfuil deacrachtaí acu a éascú. Sainaithníodh cúig phríomheasnamh sa mheasúnú ar an
Rialachán Dócmhainneachta: ·
Ní chumhdaíonn raon feidhme an Rialacháin nósanna
imeachta náisiúnta lena bhforáiltear maidir le hathstruchtúrú cuideachta ag
stáid réamhdhócmhainneachta ("imeachtaí réamhdhócmhainneachta") ná
imeachtaí a fhágann an bhainistíocht reatha mar atá ("imeachtaí
hibrideacha"). Mar sin féin, tugadh imeachtaí den sórt sin isteach i gcuid
mhór de na Ballstáit[1]
le déanaí agus meastar gur fusa gnólachtaí a athstruchtúrú dá mbarr. Ina theannta
sin, tá roinnt imeachtaí dócmhainneachta lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin.
·
Tá deacrachtaí ag baint le Cinneadh an Ballstát
is inniúil imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Cé go bhfuil go leor
tacaíochta ann ar son dlínse a thabhairt don Bhallstát ina bhfuil lárionad
príomhleasa an fhéichiúnaithe suite príomhimeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh, bhí roinnt deacrachtaí ag baint le cur i bhfeidhm praiticiúil an
phrionsabail sin. Cáineadh freisin rialacha dlínse an Rialacháin de thairbhe go
ligeann siad do chuideachtaí agus do dhaoine nádúrtha tóraíocht fóram a dhéanamh
trí athlonnú éagórach an lárionaid phríomhleasa. ·
Sainaithníodh fadhbanna maidir le himeachtaí
tánaisteacha freisin. Is féidir le tionscnamh imeachtaí tánaisteacha bac a chur
ar riar éifeachtach eastát an fhéichiúnaí. Agus tús curtha le himeachtaí tánaisteacha
níl smacht a thuilleadh ag an leachtaitheoir sna príomhimeachtaí ar na
sócmhainní atá suite sa Bhallstát eile, rud a fhágann díol an fhéichiúnaithe
mar ghnóthas leantach[2]
níos deacra. Ina theannta sin, ní mór imeachtaí tánaisteacha bheith ina n‑imeachtaí
foirceanta agus is bac é sin ar athstruchtúrú rathúil féichiúnaithe. ·
Is gá feabhas a chur ar na rialacha maidir le
himeachtaí dócmhainneachta a phoibliú agus maidir le héilimh a thaisceadh. Faoi
láthair, níl sé sainordaitheach na cinntí a dhéantar sna Ballstáit ina
dtionscnaítear imeachtaí, ná sna Ballstáit ina bhfuil bunaíocht, a fhoilsiú ná
a thaifeadadh. Níl Clár Dócmhainneachta Eorpach ann ach an oiread inar féidir
cuardaigh a dhéanamh i gcláir náisiúnta éagsúla. Mar sin féin, braitheann dea-fheidhmiú
imeachtaí dócmhainneachta trasteorann cuid mhaith ar phoibliú na gcinntí
ábhartha maidir le nós imeachta dócmhainneachta. Ní foláir fios a bheith ag
breithiúna ar tionscnaíodh imeachtaí cheana féin i mBallstát eile. Ní foláir
fios a bheith ag creidiúnaithe nó ag creidiúnaithe ionchasacha go bhfuil
imeachtaí tionscanta. Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí ag creidiúnaithe agus
costais orthu, go háirithe creidiúnaithe beaga agus FBManna, nuair a thaisceann
siad éilimh faoin Rialachán Dócmhainneachta. ·
Ar deireadh, níl sainrialacha sa Rialachán a
phléann le dócmhainneacht grúpa fiontraíochta ilnáisiúnta, cé gurb amhlaidh a
bhíonn mórchuid grúpaí cuideachtaí páirteach i ndócmhainneachtaí trasteorann.
Is é bunphrionsabal an Rialacháin Dócmhainneachta gur gá imeachtaí ar leith a
thionscnamh i gcás gach ball ar leith den ghrúpa agus go bhfuil na himeachtaí
sin go hiomlán neamhspleách ar a chéile. Is minic a fhágann an t‑easnamh
sainfhorálacha maidir le dócmhainneacht grúpa gur lú seans go mbeifear in ann
an grúpa ina iomláine a athstruchtúrú agus féadann díscaoileadh an ghrúpa ina
pháirteanna ar leithligh a bheith mar thoradh air sin. Tá measúnú mionsonraithe ar chur i bhfeidhm
praiticiúil an Rialacháin sa tuarascáil ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra
seo. Sa Mheasúnú Tionchair ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra seo tá
anailís mhionsonraithe ar laigí na reachtaíochta atá ann faoi láthair mar aon
leis an tionchar a bheadh ag na roghanna éagsúla atá á mbreithniú le dul i
ngleic leo. Is é is cuspóir ginearálta an athbhreithnithe
ar an Rialachán Dócmhainneachta éifeachtúlacht an Chreata Eorpaigh a fheabhsú ó
thaobh cásanna dócmhainneachta trasteorann a réiteach chun go bhfeidhmeoidh an
margadh inmheánach go réidh agus chun go mbeidh sé in ann ag géarchéimeanna
eacnamaíochta. Tá an cuspóir sin ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla reatha an
AE téarnamh geilleagrach agus fás inbhuanaithe, ráta níos airde infheistíochta
agus caomhnú fostaíochta a chur chun cinn, de réir mar a leagtar amach sa
stráitéis Eoraip 2020. Fágfaidh athbhreithniú an Rialacháin go bhforbróidh
gnólachtaí go réidh agus go gcaomhnófar iad, de réir mar a mínithe san Acht um
Gnólachtaí Beaga[3].
Tá an t‑athbhreithniú ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí atá
liostáithe i nGníomh um an Margadh Aonair II[4].
2. COMHAIRLIÚCHÁN AGUS MEASÚNAITHE
TIONCHAIR Sular ullmhaíodh an togra seo, rinneadh
comhairliúchán leo siúd a mbaineann sé leo, leis na Ballstáit, le hinstitiúidí
eile agus le saineolaithe maidir leis na fadhbanna atá ann faoi láthair sa
Rialachán reatha agus na bealaí éagsúla a d'fhéadfaí é a leigheas. Sheoil Ard‑Stiúrthóireacht
an Cheartais comhairliúchán poiblí an 29 Márta 2012 agus fuarthas 134
freagra ina leith. Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún san áireamh torthaí
staidéir sheachtraigh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Dócmhainneachta a rinne
Ollscoil Heidelberg agus Ollscoil Vín i gcomhar a chéile. I staidéar seachtrach eile a rinne GHK agus Milieu
i gcomhar a chéile, bailaíodh sonraí eimpíreacha ar an tionchar a bheadh ag na
roghanna éagsúla athchóirithe. Foilseofar an
dá staidéar sin in éineacht leis an togra seo ar shuíomh gréasáin Ard‑Stiúrthóireacht
an Cheartais. Bhí dhá chruinniú ann in Aibreán
agus i nDeireadh Fómhair 2012 ina raibh saineolaithe náisiúnta. Ina theannta sin, bhunaigh an Coimisiún grúpa
saineolaithe príobháideacha i réimse na dócmhainneachta trasteorann a raibh
cruinnithe acu cúig huaire ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair 2012 agus thug an
grúpa sin eolas uaidh ar na fadhbanna agus ar na roghanna atá ann, agus ar dhréachtú
an Rialacháin athbhreithnithe. Seo thíos achoimre ar thuairimí na
ngeallsealbhóirí faoi phríomheilimintí an athbhreithnithe: ·
I dtaca le leathnú raon feidhme an Rialacháin,
mheas tromlach mór gur cheart go gcumhdódh an Rialachán imeachtaí réamhdhócmhainneachta
agus imeachtaí hibrideacha. Bhí tuairimí éagsúla ann maidir le cé go díreach na
himeachtaí ba cheart a chumhdú, go háirithe, maidir leis na cásanna inar cheart
maoirseacht cúirte a bheith ann. Mheas tromlach na bhfreagróirí gur cheart an
Rialachán Dócmhainneachta a bheith infheidhme maidir le daoine príobháideacha
agus daoine féinfhostaithe. ·
I dtaca le dlínse, bhí trí cheathrú na bhfreagróirí
ar son coincheap an lárionad príomhleasa a úsaid chun na príomhimeachtaí a
shuí. Mar sin féin, mheas tromlach go raibh fadhbanna praiticiúla ag baint leis
an téarma lárionad príomhleasa a thuiscint de réir an chásdlí. Léirigh beagnach
leathchuid de na freagróirí fianaise mí-úsáide maidir le hathshuí an lárionaid
phríomhleasa[5].
·
I dtaca leis an gcaidreamh idir
príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta, bhí beagnach
leathchuid de na freagróirí míshásta leis an gcomhordú idir príomhimeachtaí
agus imeachtaí tánaisteacha. ·
Maidir le poibliú imeachtaí, mhaígh trí cheathrú de
na freagróirí gur fadhb é nach bhfuil sé sainordaitheach Cinneadh lena
dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta a phoibliú. Beagnach leathchuid dóibh
siúd a thug tuairim uathu, mhaígh siad go raibh fadhbanna ag baint le héilimh a
thaisceadh. ·
Maidir le dócmhainneacht grúpa, mhaígh beagnach
leath na bhfreagróirí nach bhfeidhmíonn an Rialachán go héifeachtach a fhad a
bhaineann le dócmhainneacht ball de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí. Rinne an Coimisiún anailís ar chostais agus ar
shochair phríomhghnéithe an leasaithe atá molta sa Mheasúnú Tionchair a
ghabhann leis an togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht
atá beartaithe Seo thíos achoimre ar eilimintí athbhreithnithe an Rialacháin Dócmhainneachta atá beartaithe: · Raon feidhme: Leathnaítear leis an togra seo raon feidhme an Rialacháin tríd an sainmhíniú ar imeachtaí dócmhainneachta a leasú chun imeachtaí hibrideacha agus imeachtaí réamhdhócmhainneachta a chur san áireamh agus chun imeachtaí scaoilte fiacha agus na himeachtaí dócmhainneachta sin maidir le daoine nádúrtha nach n‑oireann an sainmhíniú dóibh faoi láthair a chur san áireamh. · Dlínse: Soiléiríonn an togra na rialacha maidir le dlínse agus feabhsaíonn sé an creat nós imeachta lena gcinntear dlínse. · Imeachtaí Tánaisteacha: déantar foráil leis an togra maidir le riar níos éifeachtúla imeachtaí dócmhainneachta trína chur ar chumas na cúirte diúltú imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh mura bhfuil gá leo chun leasanna creidiúnaithe áitiúla a chosaint, tríd an gceanglas nach mór imeachtaí tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta a chur ar neamhní agus trí fheabhas a chur ar an gcomhordú idir príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha, go háirithe trí na ceanglais maidir le comhordú a leathnú d'fhonn na cúirteanna ábhartha a chumhdach. · Poibliú imeachtaí agus éilimh a thaisceadh: Cuireann an togra ceangal ar na Ballstáit na cinntí ábhartha cúirte a bhaineann le cásanna dócmhainneachta trasteorann a fhoilsiú i gclár leictreonach a mbeidh teacht ag an bpobal air agus déanann sé foráil maidir le cláir dhócmhainneachta náisiúnta a idirnascadh trí bhithín gnímh cur chun feidhme; tugann sé isteach freisin foirmeacha caighdeánacha le haghaidh éilimh a thaisceadh. · Grúpaí Cuideachtaí: Déanann an togra foráil maidir le comhordú na n‑imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le baill éagsúla den ghrúpa céanna cuideachtaí trí oibleagáid a chur ar na leachtaitheoirí agus ar na cúirteanna atá rannpháirteach sna príomhimeachtaí éagsúla dul i gcomhar agus cumarsáid a dhéanamh le chéile. Ina theannta sin, cuireann sé ionstraimí nós imeachta ar fáil do na leachtaitheoirí rannpháirteacha chun bac a éileamh ar na himeachtaí eile lena mbaineann agus chun plean tarrthála a mholadh do chodanna dócmhainneacha an ghrúpa. 3.1.1. Raon Feidhme an Rialacháin
Dócmhainneachta Leathnaítear leis an togra raon feidhme an
Rialacháin Dócmhainneachta tríd an sainmhíniú atá ann faoi láthair in Airteagal 1 (1)
ar "imeachtaí dócmhainneachta" a leasú. Maidir
leis sin, tá sé beartaithe an raon feidhme a leathnú chun imeachtaí a chumhdach
nach mbaineann leachtaitheoir leo ach ina bhfuil sócmhainní agus gnóthaí an
fhéichiúnaí faoi réir smachta nó maoirseachta cúirte.
D'fhágfadh an leasú sin go bhféadfaí imeachtaí ina gcoinníonn féichiúnaí
seilbh gan leachtaitheoir a cheapadh chun leas a bhaint as aitheantas ar
thionchair imeachtaí dócmhainneachta ar fud an AE rud a chruthaítear leis an
Rialachán. D'fhágfadh sé freisin go bhféadfaí
imeachtaí dócmhainneachta níos pearsanta a chumhdach tríd an Rialachán. Ina theannta sin, tá sé beartaithe tagairt
shainráite a dhéanamh don chuspóir tarrtháil a thabhairt ar fhéichiúnaí chun go
gcumhdófar na himeachtaí sin go léir a chuireann ar chumas an féichiúnaithe
teacht ar shocrú lena chuid creidiúnaithe ag staid réamhdhócmhainneachta.
Dhéanfadh na leasuithe sin an Rialachán a chur ar aon dul leis an gcur chuige
atá ag Dlí Eiseamláireach UNCITRAL maidir le dócmhainneacht trasteorann[6]. Cé gur tábhachtach leathnú raon feidhme an
Rialacháin chun feidhmiú éifeachtúil imeachtaí réamhdhócmhainneachta agus
hibrideacha tras teorann a áirithiú, níor cheart raon feidhme imeachtaí
dócmhainneachta atá faoi rún a chumhdach. Tá
roinnt imeachtaí réamhdhócmhainneachta náisiúnta ann ina dtéann an féichiúnaí i
mbun idirbheartaíochta le creidiúnaithe (áirithe) féachaint teacht ar
chomhaontú maidir lena athmhaoiniú nó lena atheagrú, ach ní phoiblítear an t‑eolas
sin. D'fhéadfadh moratóir ar imeachtaí
forghníomhaithe aonaracha teacht as na himeachtaí sin nó cosc ar chreidiúnaithe
cur isteach ar imeachtaí dócmhainneachta le linn tréimhse áirithe chun roinnt
faoisimh a thabhairt don fhéichiúnaí. Cé go
bhféadann ról tábhachtach a bheith ag na himeachtaí sin i roinnt de na
Ballstáit, bheadh sé deacair a n‑éifeacht ar fud an AE a dhéanamh amach
de bharr a nádúr conartha agus rúnda ar an ábhar nach mbeadh cúirt atá suite i
mBallstát eile ar an eolas go bhfuil imeachtaí dá sórt ar feitheamh. Ní
chuireann sin cosc, áfach, ar an nós imeachta a chumhdach níos faide anonn
faoin Rialacháin Dócmhainneachta a luaithe a chuirfear os comhair an phobail
amach é. Níl sé beartaithe leis an togra seo an sásra
atá ann faoi láthair a athrú ina liostaítear dá réir na himeachtaí
dócmhainneachta náisiúnta arna gcumhdach ag an Rialachán in Iarscríbhinn A agus
is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an dtabhfar fógra a thabhairt nós
imeachta dócmhainneachta áirithe a chur leis an Iarscríbhinn sin. Mar sin féin, tugtar isteach leis an togra nós
imeachta trína bhféadfaidh an Coimisiún grinnscrúdú a dhéanamh ar cibé acu a chomhlíonann
nós imeachta dócmhainneachta náisiúnta atá fógartha coinníollacha an
tsainmhínithe athbhreithnithe nó nach gcomhlíonann. Déanfaidh sé sin a áirithiú
nach liostófar san iarscríbhinn ach na himeachtaí atá ag teacht le rialacha an
Rialacháin. 3.1.2. Dlínse imeachtaí
dócmhainneachta a thionscnamh Coinnítear sa togra coincheap an lárionad
príomhleasa ar an ábhar go n‑áirithíonn an coincheap seo go
láimhseáilfear an cás i ndlínse lena bhfuil fíornasc ag an bhféichiúnaí in
ionad é a dhéanamh san áit a roghnaíonn bunaitheoirí na corparáide. Tá coincheap an lárionad príomhleasa ar aon dul le
forbairtí idirnáisiúnta freisin ó roghnaigh UNCITRAL é mar chaighdeán dlínse
ina Dhlí Eiseamláireach ar dhócmhainneacht trasteorann.
Chun Treoir a thabhairt do dhlíodóirí maidir le lárionad
príomhleasa a chinneadh, comhlánú ar an sainmhíniú ar lárionad príomhleasa is
ea an togra; tugann sé foráil isteach freisin
chun lárionad príomhleasa daoine nádúrtha a chinneadh.
Ina theannta sin, soiléiríonn aithris nua na himthosca inar féidir an
toimhde go bhfuil lárionad príomhleasa an duine dhlítheanaigh suite in áit a
oifige cláraithe a fhrisnéis; tógadh friotal
na haithrise sin ón gCinneadh "Interedil" a thug Cúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh uaithi[7]. Ina cheann sin, feabhsaíonn an togra creat an
nós imeachta lena gcinntear dlínse tionscanta imeachtaí. Cuireann an togra
ceangal ar an gcúirt a dlínse a scrúdú ex officio sula dtionscnaítear
imeachtaí dócmhainneachta agus an foras ar ar bunaíodh a dlínse a shonrú sa
chinneadh uaithi. Ina theannta sin, tugann an togra ceart do gach creidiúnaí
iasachta agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh thionscanta agus áirithíonn sé go
gcuirtear na creidiúnaithe sin ar an eolas i leith an chinnidh thionscanta chun
gur féidir leo a gcearta a fheidhmiú. Is é aidhm na n‑athruithe sin
féachaint chuige nach dtionscnaítear imeachtaí ach amháin má tá dlínse iarbhír
ag an mBallstát lena mbaineann. Ba cheart go laghdódh sin na cásanna ina ndéantar
tóraíocht fóram tríd an lárionad príomhleasa a athshuí go héagórach agus go
neamhfhírinneach. Ar an tríú dul síos, soiléiríonn an togra go
bhfuil dlínse ag na cúirteanna freisin i gcás caigne a eascraíonn go díreach ó
imeachtaí dócmhainneachta nó a bhfuil dlúthbhaint acu leo, amhail caigne
seachanta. Códaítear leis an leasú sin cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh (CJEU) maidir le Cinneadh "DekoMarty"[8]. I gcás ina bhfuil baint ag
caingean den sórt sin le caingean eile i gcoinne an chosantóra céanna, caingean
atá bunaithe ar an dlí ginearálta sibhialta agus ar an dlí tráchtála, tugann an
togra deis don leachtaitheoir an dá chaingean a thionsnamh i gcúirteanna
shainchónaí an chosantóra má tá na cúirteanna inniúil i gcomhréir le Rialachán
(CE) 44/2001 an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus maidir le
haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála[9] (arna leasú). Ligfeadh an riail
sin do leachtaitheoir caingean a thionscnamh, mar shampla, i leith dliteanais
stiúrthóra agus í bunaithe ar an dlí dócmhainneachta, in éineacht le caingean i
gcoinne an stiúrthóra chéanna agus í bunaithe ar dhlí torta nó ar dhlí na
gcuideachtaí sa chúirt chéanna. 3.1.3. Imeachtaí Dócmhainneachta
Tánaisteacha: Moltar roinnt modhnuithe féachaint riar
éifeachtúil eastáit an fhéichiúnaí a fheabhsú i gcásanna ina bhfuil bunaíocht
ag an bhféichiúnaí i mBallstát eile. ·
Ba cheart é a bheith ar chumas cúirte a bhfuil
éileamh os a comhair imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh, má éilíonn an
leachtaitheoir é sna príomhimeachtaí, diúltú iad a thionscnamh nó an Cinneadh a
chur ar athló mura bhfuil gá leis an tionscnamh chun leasanna creidiúnaithe
áitiúla a chosaint. D'fhéadfadh cás mar sin a bheith ann, mar shampla, dá
dtairgfeadh infheisteoir an chuideachta a cheannach mar ghnóthas leantach agus
gur thairbhí an tairiscint sin do na creidiúnaithe áitiúla ná leachtú ar
shócmhainní an chuideachta. Níor
cheart gá a bheith le himeachtaí tánaisteacha a thionscnamh má gheallann
leachtaitheoir na bpríomhimeachtaí do na creidiúnaithe áitiúla go gcaithfear
leo sna príomhimeachtaí amhail agus dá mbeadh imeachtaí tánaisteacha tionscanta
agus go n‑urramófar, agus na sócmhainní á ndáileadh, na cearta a bheadh
acu i gcás den sórt sin ó thaobh chinneadh agus aicmiú a n‑éileamh.
Tháinig cleachtas "imeachtaí tánaisteacha sintéiseacha" dá shórt chun
cinn i roinnt cásanna dócmhainneachta trasteorann inar tionscnaíodh
príomhimeachtaí sa Ríocht Aontaithe (go sonrach sna himeachtaí dócmhainneachta
a bhain le Collins&Aikman, MG Rover agus Nortel Networks). Ghlac na
cúirteanna Sasanacha leis go raibh na leachtaitheoirí Sasanacha i dteideal cuid
de na sócmhainní a dháileadh de réir dhlí an Bhallstáit ina raibh an bhunaíocht
suite. Ó tharla go bhfuil cosc ar chleachtas den sórt sin faoi dhlí cuid mhór
Ballstát, tugann an togra riail dlí shubstainteach isteach a chuireann ar
chumas an leachtaitheora gnóthais dá sórt a thabhairt do chreidiúnaithe áitiúla
agus éifeacht cheangailteach ar an eastát leis. ·
Ní bheadh tionchar ag an leasú atá beartaithe ar
chumas an leachtaitheora a iarraidh go dtionscnófar imeachtaí tánaisteacha i
gcás go n‑éascódh sin riar cásanna casta, mar shampla líon mór fostaithe
a ligean chun bealaigh i Stát na bunaíochta. I gcásanna den sórt sin, is féidir
le tionscnamh imeachtaí áitiúla agus ceapadh leachtaitheora áitiúla a bheith
ina gcuidiú riar éifeachtúil ar eastát an fhéichiúnaithe a áirithiú. ·
Leis an togra cuirtear oibleagáid ar an gcúirt
éisteacht a thabhairt do leachtaitheoir na bpríomhimeachtaí sula ndéanfaidh sí
cinneadh. Is é aidhm an leasaithe sin a áirithiú go bhfuil an chúirt a bhfuil
éileamh ar imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh os a comhair láneolach ar aon
roghanna tarrthála nó atheagair a d'iniúch an leachtaitheoir agus go bhfuil sé ar
a cumas measúnú mar is ceart a dhéanamh ar iarmhairtí imeachtaí tánaisteacha a
thionscnamh. Gabhann an oibleagáid sin le ceart an leachtaitheora agóid a
dhéanamh in aghaidh cinnidh lena dtionscnaítear imeachtaí tánaisteacha. ·
Cuireann an togra deireadh leis an gceanglas gur gá
imeachtaí tánaisteacha bheith ina n‑imeachtaí foirceanta. I gcás ina
dtionscnaítear imeachtaí tánaisteacha, is féidir leis an gcúirt tionscanta
roghnú ó réimse iomlán na n‑imeachtaí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta,
lena n‑áirítear athstruchtúrú. Áirithíonn an leasú sin nach mbeidh
tionscnamh imeachtaí tánaisteacha ina shárú ann féin ar tharrtháil a thabhairt
nó athstruchtúrú a dhéanamh ar fhéichiúnaí ina iomláine[10]. ·
Ina theannta sin, feabhsaíonn an togra comhordú
príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha tríd an oibleagáid i leith
comhoibriú, oibleagáid nach bhfuil feidhm aici ach leis na leachtaitheoirí faoi
láthair, a leathnú d'fhonn na cúirteanna lena mbaineann sa phríomhimeacht nó
san imeacht thánaisteach a chumhdach. Dá thoradh sin, beidh oibleagáid ar na
cúirteanna comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh le chéile; lena chois sin,
beidh ar leachtaitheoirí comhoibriú agus cumarsáid a dhéanamh leis an gcúirt sa
Bhallstát eile atá rannpháirteach sna himeachtaí. Is féidir le comhoibriú idir
cúirteanna bheith ríthábhachtach chun athstruchtúrú rathúil a áirithiú, e.g.
nuair a bhaineann sé le prótacal a cheadú lena leagtar amach plean tarrthála. 3.1.4. Poibliú imeachtaí
dócmhainneachta agus éilimh a thaisceadh: Foráiltear leis an togra gur gá cinntí áirithe
a ghlactar sna himeachtaí dócmhainneachta a fhoilsiú i gclár leictreonach atá
ar fáil don phobal saor in aisce ar an idirlíon. Baineann an oibleagáid sin
leis an gCinneadh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh agus leis an gCinneadh clabhsúr
a chur orthu chomh maith leis an gCinneadh lena gceaptar leachtaitheoir,
murab ionann iad. Ar chúiseanna cosanta sonraí, ní gá cinntí a bhaineann le
tomhaltóirí a fhoilsiú sa chlár. Bunaítear leis an togra córas le haghaidh
idirnasc na gclár náisiúnta, clár a mbeidh teacht air tríd an Tairseach Eorpach
don Cheartas. Cinnfidh an Coimisiún íoschritéir chomhchoitinn maidir le
cuardach a dhéanamh sna cláir agus maidir le torthaí a fháil trí bhíthin gnímh
cur chun feidhme. Áiritheoidh idirnasc na gclár náisiúnta go bhféadfaidh cúirt
a bhfuil éileamh ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh os a comhair Cinneadh an
bhfuil imeachtaí a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna tionscanta i mBallstát
eile; chomh maith leis sin cuirfidh sé ar chumas creidiúnaithe a fháil amach an
bhfuil imeachtaí tionscanta a bhaineann leis an bhféichiúnaí céanna agus, má
tá, cad iad na cumhachtaí atá ag an leachtaitheoir, má tá aon chumhachtaí aige.
Maidir le féichiúnaithe atá ina gcuideachtaí, beidh na Ballstáit in ann cur
leis na hoibleagáidí a eascraíonn as Treoir 2012/17AE an 13 Meitheamh 2012
maidir le hidirnasc clár lárnach, clár tráchtála agus clár cuideachtaí[11]. Mar sin féin, chun críche an
Rialacháin seo, maidir le féichiúnaí ní leor an fhaisnéis léi féin go bhfuil
imeachtaí tionscanta; is gá tuilleadh faisnéise a bheith ann maidir le cineál
an imeachta (cé acu príomhimeacht nó imeacht thánaisteach atá ann), dáta a
thionscanta, sonraí an leachtaitheora arna cheapadh, más ann dó, cumhachtaí an
leachtaitheora sin agus an t‑achar ama le héilimh a thaisceadh. Fágann an togra gur fusa ag creidiúnaithe
iasachta, creidiúnaithe beaga agus FMBanna go háirithe, éilimh a thaisceadh.
Déantar sin ar thrí dhóigh. Ar an gcéad dul síos, déantar foráil leis dhá
fhoirm chaighdeánacha a thabhairt isteach trí bhíthin gnímh cur chun feidhme,
ceann amháin le haghaidh an fógra a chur chuig creidiúnaithe agus an ceann eile
le haghaidh éilimh a thaisceadh. Beidh na foirmeacha caighdeánacha sin ar fáil
i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh, rud a laghdóidh costas
aistriúcháin. Ar an dara dul síos, tugann an togra 45 lá ar a laghad do
chreidiúnaithe tar éis dóibh an fhaisnéis a fháil go bhfuil imeachtaí
tionscanta chun a n‑éilimh a thaisceadh, beag beann ar aon tréimhse níos
giorra is infheidhme faoin dlí náisiúnta. Lena chois sin, sa chás go
gconspóidtear a n‑éileamh ní mór é sin a chur in iúl dóibh agus deis a
thabhairt dóibh tuilleadh fianaise a sholáthar chun a n‑éileamh a chruthú.
Ar deireadh, ní bheidh ionadaíocht dhlíthiúil sainordaitheach chun éileamh a
thaisceadh i ndlínse iasachta, rud a laghdóidh na costais a sheasann creidiúnaithe.
3.1.5. Dócmhainneacht ball de ghrúpa
cuideachtaí Cruthaíonn an togra sainchreat dlí chun dul i
ngleic le dócmhainneacht ball de ghrúpa cuideachtaí, ach coinnítear ann an cur
chuige atá sa Rialachán atá ann faoi láthair, is é sin déileáil le gach
eintiteas ar leithligh. Tugtar isteach leis an togra an oibleagáid imeachtaí
dócmhainneachta maidir le baill éagsúla den ghrúpa céanna cuideachtaí a
chomhordú; déantar sin trí oibleagáid a chur ar na leachtaitheoirí agus ar na
cúirteanna a bhfuil baint acu leo dul i gcomhar a chéile ar dhóigh chomhchosúil
mar go moltar é sin i gcomhthéacs príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha.
D'fhéadfadh an comhar sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, de réir imthosca an
cháis. Go háirithe, ba cheart go malartódh leachtaitheoirí faisnéis ábhartha
agus comhoibriú le chéile agus plean tarrthála nó plean atheagraithe á
réiteach, más cuí sin. Luaitear go sonrach gur féidir comhoibriú trí
phrótacail; rinneadh sin chun tábhacht phraiticiúil na n‑ionstraimí sin a
aithint agus a n‑úsáid a chur chun cinn. Ba cheart do na cúirteanna comhoibriú
le chéile, go háirithe, trí fhaisnéis a mhalartú, agus nuair is iomchuí
leachtaitheoirí a cheapadh ar féidir leo comhoibriú le chéile, agus prótacail a
cheadú a gcuireann na leachtaitheoirí faoina mbráid. Ina theannta sin, tugtar seasamh sa togra do
gach leachtaitheoir sna himeachtaí a bhaineann le ball eile den ghrúpa céanna.
Go háirithe, tá sé de cheart ag leachtaitheoir éisteacht a bheith aige sna
himeachtaí eile sin, chun bac ar na himeachtaí eile a iarraidh agus chun plean
atheagraithe a mholadh ar dhóigh a chuirfeadh ar chumas gach coiste
creidiúnaithe nó ar chumas cúirte Cinneadh a dhéanamh faoi. Tá sé de
cheart ag an leachtaitheoir freisin freastal ar chruinniú na gcreidiúnaithe.
Cuireann na hionstraimí nós imeachta sin ar chumas an leachtaitheora is mó leas
aige in athstruchtúrú rathúil na gcuideachtaí go léir lena mbaineann a phlean
atheagraithe a chur isteach go hoifigiúil sna himeachtaí, fiú mura bhfuil an
leachtaitheoir na n‑imeachtaí sin sásta comhoibriú nó má tá sé i gcoinne
an phlean. An fhoráil atá sa togra maidir le himeachtaí
éagsúla a bhaineann le baill den aonghrúpa, níl sí ceaptha cosc a chur ar an
gcleachtas atá ann faoi láthair maidir le grúpaí cuideachtaí an‑chomhtháthaithe
arb é atá ann Cinneadh go bhfuil lárionad príomhleasa gach baill den
ghrúpa suite san aon áit amháin agus, dá thoradh sin, gan imeachtaí a
thionscnamh ach in aon dlínse amháin. 3.2. Bunús dlí Leasaítear leis an togra Rialachán 1346/2000,
Rialachán a bhí bunaithe ar Airteagal 61(c) agus ar Airteagal 67(1)
den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ó theacht i bhfeidhm Chonradh
Liospóin, is é Airteagal 81 (2) (a), (c) agus (f) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús comhfhreagrach dlí. Níl Teideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an Danmhairg mar gheall ar
an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí.
Níl Teideal V infheidhme sa Ríocht Aontaithe ná in Éirinn ach oiread, mura
gcinnfidh an dá thír sin ar a mhalairt, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha
den Phrótacal maidir lena seasamh i leith limistéar na saoirse, na slándála
agus an cheartais. Mar sin féin, i gcás go leasaítear gníomh atá ann cheana le
togra ón gCoimisiún agus nach ndéanann an Ríocht Aontaithe ná Éire a gceart a
fheidhmiú glacadh leis an mbeart leasaithe, is féidir leis an gComhairle, agus
í ag gníomhú de bhun togra ón gCoimisiún, Cinneadh gurb é an toradh ar
neamhrannpháirtíocht na tíre i gceist a luaitear sa leagan leasaithe den bheart
atá ann go mbeidh cur i bhfeidhm an bhirt seo do-oibrithe ag na Ballstáit eile
nó ag an Aontas, agus sa chás sin cuirtear síneadh leis an tréimhse ar féidir fógra
a thabhairt lena linn. Mura nglacann an tír i gceist leis faoi éag na tréimhse
sínte, ní bheidh an beart atá ann cheana infheidhme ná ina cheangal uirthi a
thuilleadh. 3.3. Coimhdeacht agus
Comhréireacht Na heilimintí éagsúla den athbhreithniú ar an
Rialachán Dócmhainneachta a bhfuil cuntas orthu thuas, cloíonn siad leis na
riachtanais coimhdeachta agus comhréireachta. Maidir le coimhdeacht, ní féidir
léis na Ballstáit na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh leo féin ar an ábhar
go bhfuil mionathrú de dhíth ar rialacha an Rialacháin Dócmhainneachta atá ann
cheana maidir le raon feidhme, dlínse le haghaidh imeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh, forálacha a bhaineann le himeachtaí tánaisteacha, foilsiú cinntí
agus taisceadh éilimh. Chun an Rialachán Dócmhainneachta a mhodhnú níor mór –
de réir sainmhínithe – reachtóir an Aontais idirghabháil a dhéanamh. Go
teoiriciúil, cé go bhféadfadh na Ballstáit leo féin na cláir dhócmhainneachta
leictreonacha a chruthú, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun na
cláir sin a idirnascadh. Mar sin de, ní féidir leis na Ballstáit leo féin
cuspóirí an ghnímh arna bheartú a bhaint amach go leordhóthanach – idirnasc
clár dócmhainneachta ar fud an AE a chumasú – agus is fearr is féidir é a
bhaint amach é trí ghníomhaíocht ag leibhéal an Aontais. Maidir le comhréireacht, ní rachaidh inneachar
ná foirm na gníomhaíochta atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun
cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Léirítear sa Mheasúnú Tionchair a
ghabhann leis an togra seo gur troime gach ceann de na leasuithe atá beartaithe
ná a gcostais agus go bhfuil siad comhréireach dá bhrí sin. 3.4. An tionchar ar chearta
bunúsacha Mar atá leagtha amach go mionsonraitheach sa
Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo agus i gcomhréir le straitéis
an Aontais chun Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun
feidhme go héifeachtach, urramaíonn eilimintí uile an athchóirithe na cearta
atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Feabhsaíonn na leasaithe
staid na ndaoine a bhfuil baint acu le dócmhainneachtaí trasteorann maidir lena
gceart chun maoine, an saoirse chun gnó a dhéanamh agus an ceart chun obair a
dhéanamh, saoirse gluaiseachta agus cónaithe, agus an ceart chun leighis
éifeachtaigh. An leasú atá beartaithe cláir
dhócmhainneachta leictreonacha a chruthú a mbeidh teacht ag an bpobal orthu,
urramaíonn sé an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint ar dhóigh atá
comhréireach leis na cuspóirí atáthar ag iarraidh a bhaint amach ar an ábhar go
gcuirfear bearta isteach chun a áirithiú go gcloífear le Treoir 95/46/CE
maidir le cosaint sonraí. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Bheadh impleacht theoranta ag an togra ar
bhuiséad an AE. Tá an feidhmchlár TF le haghaidh idirnasc na gclár
dócmhainneachta forbartha cheana agus ostálfar é ar an Tairseach Eorpach don
Cheartas. Ní bheidh d'impleacht ar bhuiséad an AE thar an tréimhse 2014-2020
ach costais ostála agus chothabhála an fheidhmchláir TF. Eur 1 500 000 an costas
iomlán a bheadh ann don tréimhse 2014-2020 agus chumhdófaí sin leis an gclúdach
airgeadais ón gClár Ceartais[12].
2012/0360 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
ón gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[13],
Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí[14], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an
ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Bunaíodh creat Eorpach i
gcomhair imeachtaí dócmhainneachta trasteorann le Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
ón gComhairle[15].
Leis an Rialachán sin, cinntíodh cé an Ballstát a bhfuil dlínse aige imeachtaí
dócmhainneachta a thionscnaimh, bunaíodh rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an
dlí is infheidhme agus tá foráil ann maidir le cinntí a bhaineann le
dócmhainneacht a aithint agus a fhorghníomhú agus maidir le comhordú
príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta. (2) I dtuarascáil an Choimisiúin
dar dáta an 12 Nollaig 2012 maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
a chur i bhfeidhm[16]
thángthas ar an gconclúid go bhfuil an Rialachán ag feidhmiú go maith tríd is
tríd ach nach miste cur i bhfeidhm forálacha áirithe de a fheabhsú d'fhonn riar
éifeachtach imeachtaí dócmhainneachta trasteorann a fheabhsú. (3) Ba cheart raon feidhme an
Rialacháin (CE) Uimh. 1346/2000 a leathnú d'fhonn imeachtaí a chumhdach a
éascaíonn tarrtháil féichiúnaí atá inmharthana go heacnamaíoch ar mhaithe le
cabhrú le cuideachtaí fónta teacht slán agus leis an dara deis a thabhairt
d'fhiontraithe. Ba cheart é a leathnú go háirithe d'fhonn imeachtaí a chumhdach
lena bhforáiltear maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar fhéichiúnaí ag céim
réamh‑dhócmhainneachta nó imeachtaí lena bhfágtar an bhainistíocht atá
ann cheana ann. Ba cheart go gcumhdófaí sa Rialacháin freisin na himeachtaí sin
lena bhforáiltear maidir le glanadh fiach custaiméirí agus daoine
féinfhostaithe nach gcomhlíonann critéir na hionstraime atá ann faoi láthair. (4) Ba cheart na rialacha maidir
le dlínse a bhaineann le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh a shoiléiriú
agus ba cheart feabhas a chur ar an gcreat nós imeachta maidir le dlínse a
chinneadh. Ba cheart riail shainráite maidir le dlínse a bheith ann freisin le
haghaidh caingne a thagann díreach ó imeachtaí dócmhainneachta nó caingne a
bhfuil dlúthbhaint acu leis na himeachtaí sin. (5) Chun éifeachtacht imeachtaí
dócmhainneachta a fheabhsú i gcásanna ina bhfuil bunaíocht ag an bhféichiúnaí i
mBallstát eile, ba cheart deireadh a chur leis an gceanglas nach mór imeachtaí
tánaisteacha a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta. Ina theannta sin, ba
cheart cúirt a bheith in ann tionscnamh imeachtaí tánaisteacha a dhiúltú más
rud é nach bhfuil sé sin riachtanach chun leas creidiúnaithe áitiúla a
chosaint. Ba cheart feabhas a chur ar an gcomhordú idir príomhimeachtaí agus
imeachtaí tánaisteacha, go háirithe trí cheangal a chur ar na cúirteanna lena
mbaineann dul i mbun comhar le chéile. (6) D'fhonn an fhaisnéis a bhíonn
ar fáil do chreidiúnaithe agus do chúirteanna lena mbaineann a fheabhsú agus
d'fhonn cosc a chur ar thionscnamh imeachtaí dócmhainneachta eile i
gcomhthráth, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit cinntí ábhartha i
gcásanna dócmhainneachta trasteorann a fhoilsiú i gclár leictreonach a mbeidh
rochtain ag an bpobal air. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na cláir
dhócmhainneachta a idirnascadh. Ba cheart foirmeacha caighdeánacha chun éilimh
a thaisceadh a thabhairt isteach, d'fhonn cúraimí creidiúnaithe eachtracha a
éascú agus costais aistriúcháin a laghdú. (7) Ba cheart rialacha ar leith a
bheith ann maidir le comhordú imeachtaí a bhfuil baill dhifriúla den ghrúpa
céanna cuideachtaí bainteach leo. Ba cheart oibleagáid a chur ar na léachtóirí
agus na cúirteanna a bhfuil baint acu leis na himeachtaí dócmhainneachta difriúla
dul i mbun comhair agus cumarsáide le chéile. Chomh maith leis sin, ba cheart
na huirlisí nós imeachta a bheith ag gach ceann de na leachtaitheoirí chun
plean tarrthála a mholadh don ghrúpa cuideachtaí atá faoi réir imeachtaí
dócmhainneachta agus chun bac a iarraidh, nuair is gá, ar na himeachtaí
dócmhainneachta a bhaineann le cuideachta nach í an chuideachta í ar ceapadh an
leachtaitheoir lena haghaidh. Ba cheart an sainmhíniú ar an téarma "grúpa
cuideachtaí" a thuiscint mar shainmhíniú atá teoranta don chomhthéacs
dócmhainneachta agus níor cheart aon tionchar a bheith aige ar ghnéithe dhlí na
gcuideachtaí maidir le grúpaí. (8) D'fhonn a bheith in ann an
Rialachán a chur in oiriúint go mear do leasuithe ábhartha ar an dlí náisiúnta
dócmhainneachta a dtabharfaidh na Ballstáit fógra ina leith, ba cheart an
chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den
Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú ar na
hIarscríbhinní. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán
iomchuí le linn a réamhullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe. Ba
cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú
agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go
comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle. (9) Chun coinníollacha
comhionanna a áirithe do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011
lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú
ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[17]. (10) Dá bhrí sin, ba cheart
Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 a leasú dá réir. (11) Ba cheart leasú an Rialacháin
seo a bheith gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair a aisghabháil ó
chuideachtaí dócmhainneacha mar a léirmhínigh cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh (C-454/09 An Coimisiún v. An Iodáil – New Interline
('Idirlíne Nua') ). I gcás nach féidir méid iomlán na státchabhrach a
aisghabháil mar gheall go mbaineann an t‑ordú aisghabhála le cuideachta a
bhfuil imeachtaí dócmhainneachta ar siúl maidir léi, ba cheart na himeachtaí
sin a bheith ina n‑imeachtaí foirceanta i gcónaí agus ba cheart scor
deifinídeach ghníomhaíochtaí an tairbhithe agus leachtú a chuid sócmhainní a
bheith mar thoradh orthu. (12) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus Airteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus
na hÉireann i leith limistéir saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal
leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, [tá sé curtha in iúl ag an Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn
gur mhian leo bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an
Rialacháin seo]/[gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, ní bheidh an
Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní
bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm]. (13) I gcomhréir le hAirteagal 1
agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge
atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh
an Rialacháin seo agus dá bhrí sin ní bheidh an Rialachán seo ina cheangal ar
an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000
ón gComhairle mar seo a leanas: (1)
In Aithris 2, cuirtear tagairt d'Airteagal 81
in ionad na tagartha d'Airteagal 65. (2)
In Aithrisí 3, 5, 8, 11, 12, 14 agus 21, cuirtear
an téarma "Aontas" in ionad an téarma "Comhphobal". (3)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 4: "(4) Ar mhaithe le feidhmiú cuí an
mhargaidh inmheánaigh, tá sé riachtanach gan dreasachtaí a bheith ag páirtithe
sócmhainní nó imeachtaí breithiúnacha a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát
eile, féachaint seasamh dlí níos fabhraí a fháil chun dochair na gcreidiúnaithe
i gcoitinne (tóraíocht fóram)." (4)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 6: "(6) Ba cheart go gcumhdódh an Rialachán
seo forálacha lena rialaítear dlínse maidir le himeachtaí dócmhainneachta agus
imeachtaí a thagann díreach uathu agus a bhfuil dlúthbhaint acu leo a
thionscnamh. Ba cheart forálacha a bheith sa Rialachán freisin maidir le
breithiúnais arna n‑eisiúint in imeachtaí den sórt sin a aithint agus a
fhorghníomhú agus forálacha maidir leis an dlí is infheidhme i leith imeachtaí
dócmhainneachta. Ina theannta sin, ba cheart rialacha a bheith sa Rialachán seo
maidir le comhordú imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann leis an aon fhéichiúnaí
nó le roinnt cuideachtaí sa ghrúpa céanna cuideachtaí." (5)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 7: "(7) Imeachtaí a bhaineann le
foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá
dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí
cosúil leo agus gníomhaíochtaí a bhaineann le himeachtaí den sórt sin, eisiatar
iad ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000
maidir le dlínse agus maidir le haitheantas agus forghníomhú breithiúnas in
ábhair shibhialta agus tráchtála[18].
Ba cheart na himeachtaí sin a chumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart bealaí
éalaithe rialála idir an dá ionstraim a sheachaint a oiread is féidir sa
léirmhíniú ar an Rialachán seo." (6)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 9: "(9) Ba cheart feidhm a bheith ag an
Rialachán seo maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chomhlíonann na
coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo, is cuma cé acu duine nádúrtha
nó duine dlítheanach, trádálaí nó duine aonair an féichiúnaí. Tá liosta
uileghabhálach de na himeachtaí dócmhainneachta sin in Iarscríbhinn A. I gcás
ina bhfuil nós imeachta náisiúnta in Iarscríbhinn A, ba cheart feidhm a bheith
ag an Rialachán seo gan cúirteanna Ballstáit eile aon iniúchadh breise a
dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach
sa Rialachán seo á gcomhlíonadh. Maidir le himeachtaí dócmhainneachta a
bhaineann le gnóthais árachais, institiúidí creidmheasa, gnólachtaí
infheistíochta a mhéid agus a chumhdaítear iad i dTreoir 2001/24/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001 maidir le
hatheagrú agus foirceannadh institiúidí creidmheasa[19] (arna leasú) agus gnóthais
chomhinfheistíochta, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.
Níor cheart gnóthais den sórt sin a chumhdach leis an Rialachán seo toisc go
bhfuil siad faoi réir socruithe speisialta agus toisc go bhfuil cumhachtaí
fairsinge idirghabhála ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta." (7)
Cuirtear aithris 9a seo a leanas isteach: "(9a) Ba cheart raon feidhme an Rialacháin
seo a leathnú d'fhonn imeachtaí a chumhdach ina ndéantar tarrtháil ar
fhéichiúnaí atá inmharthana go heacnamaíoch a chur chun cinn le cabhrú le
gnóthaí fónta teacht slán agus leis an dara deis a thabhairt d'fhiontraithe. Ba
cheart é a leathnú go háirithe d'fhonn imeachtaí a chumhdach lena bhforáiltear
maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar fhéichiúnaí ag céim réamh‑dhócmhainneachta,
imeachtaí lena bhfágtar an bhainistíocht atá ann cheana ann agus imeachtaí lena
bhforáiltear maidir le glanadh fiach custaiméirí agus daoine féinfhostaithe.
Toisc nach gá go ndéanfaí leachtaitheoir a cheapadh sna himeachtaí sin, ba
cheart iad a chumhdach leis an Rialachán seo má bhíonn siad ar siúl faoi rialú
nó mhaoirseacht cúirte. Ina fhianaise sin, ba cheart go gcumhdódh an téarma
'rialú' cásanna nach ndéanann an chúirt idirghabháil ach ar chreidiúnaí nó
páirtí leasmhar achomharc a dhéanamh." (8)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 10: "(10) Ní gá idirghabháil údaráis
bhreithiúnaigh a bheith i gceist in imeachtaí dócmhainneachta; ba cheart ciall
leathan a thabhairt don fhocal 'cúirt' sa Rialachán seo agus ba cheart go
gcuimseodh sé duine nó comhlacht a dtugtar cumhacht dó faoin dlí náisiúnta
imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. Le go mbeidh feidhm leis an Rialachán
seo, ní hamháin gur cheart go gcomhlíonfadh imeachtaí (rud a chuimsíonn
gníomhartha agus foirmiúlachtaí atá leagtha síos sa dlí) forálacha an
Rialacháin seo, ach ba cheart go mbeadh aitheantas oifigiúil acu agus éifeacht
leo ó thaobh an dlí sa Bhallstát ina ndéantar na himeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh." (9)
Cuirtear aithris 12a nua isteach: (12a) Sula ndéanfar imeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh, ba cheart don chúirt inniúil iniúchadh ex officio a
dhéanamh ar cé acu atá lárionad príomhleasa nó bunaíocht an fhéichiúnaí
lonnaithe laistigh dá dlínse go hiarbhír nó nach bhfuil. I gcás ina bhfuil
amhras maidir le dlínse na cúirte mar gheall ar thosca an cháis, ba cheart go
gceanglódh an chúirt ar an bhféichiúnaí fianaise bhreise a chur isteach le tacú
lena bhfuil á maíomh aige agus, nuair is iomchuí, deis a thabhairt do
chreidiúnaithe an fhéichiúnaí a gcuid tuairimí a chur i láthair maidir le ceist
na dlínse. Ina theannta sin, ba cheart leigheas éifeachtach a bheith ag na
creidiúnaithe i gcoinne an chinnidh imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh. (10)
Scriostar aithris 13. (11)
Cuirtear aithris 13a agus aithris 13b seo a
leanas isteach: (13a) Ba cheart a thoimhdiú gurb é an áit a
bhfuil a hoifig chláraithe an áit a bhfuil 'lárionad príomhleasa' cuideachta nó
dhuine dlítheanaigh eile. Ba cheart go bhféadfaí an toimhde sin a fhrisnéis má
tá riarachán lárnach na cuideachta lonnaithe i mBallstát eile seachas an ceann
ina bhfuil a hoifig chláraithe agus má bhunaítear, tar éis measúnú cuimsitheach
ar na fachtóirí ábhartha uile, ar mhodh atá infhionnta ag tríú páirtithe, go
bhfuil lárionad iarbhír riaracháin agus maoirseachta agus lárionad iarbhír
bainistíochta a cuid leasanna lonnaithe sa Bhallstát eile sin. Os a choinne
sin, níor cheart go bhféadfaí an toimhde sin a fhrisnéis i gcás ina bhfuil na
comhlachtaí atá freagrach as bainistíocht agus maoirseacht chuideachta san áit
chéanna lena hoifig chláraithe agus go ndéantar na cinntí bainistíochta ansin
ar mhodh atá infhionnta ag tríú páirtithe. (13b) Cúirteanna an Bhallstáit ina ndéantar
imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh, ba cheart dlínse a bheith acu freisin
i leith caingne a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil
dlúthbhaint acu leo, amhail gníomhaíochtaí seachanta. I gcás ina bhfuil
caingean bainteach le caingean eile atá bunaithe ar an dlí ginearálta sibhialta
agus tráchtála, ba cheart go mbeadh an leachtaitheoir in ann an dá chaingean a
thabhairt ós comhair na gcúirteanna san áit a bhfuil sainchónaí ar an
gcosantóir má mheasann sé gur éifeachtaí an fóram sin. D'fhéadfadh sin a bheith
amhlaidh, mar shampla, i gcás inar mian leis an leachtaitheoir caingean maidir
le dliteanas stiúrthóra atá bunaithe ar an dlí dócmhainneachta a chomhcheangal le
caingean atá bunaithe ar dhlí na gcuideachtaí nó ar an dlí ginearálta torta. (12)
Cuirtear aithris 19a agus aithris 19b seo a
leanas isteach: (19a) D'fhéadfadh imeachtaí tánaisteacha cur
isteach ar riarachán éifeachtach an eastáit freisin. Dá bhrí sin, ba cheart an
chúirt a thionscnaíonn na himeachtaí tánaisteacha a bheith in ann an tionscnamh
a chur ar fionraí nó a dhiúltú, ar iarratas ón leachtaitheoir, mura bhfuil na
himeachtaí sin riachtanach chun leas na gcreidiúnaithe áitiúla a chosaint. Ba
cheart é sin a bheith amhlaidh go háirithe má thoilíonn an leachtaitheoir, trí
ghealltanas atá ina cheangal ar an eastát, caitheamh le creidiúnaithe áitiúla
amhail is go raibh na himeachtaí tánaisteacha tionscanta agus rialacha
rangaithe an Bhallstáit inar iarradh na himeachtaí tánaisteacha a thionscnamh a
chur i bhfeidhm agus na sócmhainní atá lonnaithe sa Bhallstát sin á scaipeadh.
Ba cheart go dtabharfadh an Rialacháin seo an fhéidearthacht don leachtaitheoir
gealltanais den sórt sin a thabhairt. (19b) D'fhonn cosaint éifeachtach leasanna
áitiúla a áirithiú, níor cheart leachtaitheoir na bpríomhimeachtaí a bheith in
ann na sócmhainní atá sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht lonnaithe a réadú ná a
athlonnú ar bhealach mí-úsáideach, go háirithe d'fhonn bac a chur ar an bhfhéidearthacht
go sásófaí go héifeachtach na leasanna sin dá dtionscnófaí imeachtaí
tánaisteacha ina dhiaidh sin. (13)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 20: "(20) Ní féidir le príomhimeachtaí agus
imeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta rannchuidiú le réadú éifeachtach na
sócmhainní iomlána ach amháin má chomhordaítear na himeachtaí comhthráthacha
uile atá ar feitheamh. Is í an phríomhchionníoll anseo nach mór do na
leachtaitheoirí agus do na cúirteanna éagsúla lena mbaineann comhoibriú go
dlúth, go háirithe trí méid leordhóthanach faisnéise a mhalartú. D'fhonn ról
ceannasach na bpríomhimeachtaí a áirithiú, ba cheart roinnt deiseanna a
thabhairt don leachtaitheoir in imeachtaí den sórt sin idirghabháil a dhéanamh
in imeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta atá ar feitheamh ag an am céanna. Go
háirithe, ba cheart an leachtaitheoir a bheith in ann plean nó comhdhéanamh
athstruchtúraithe a mholadh nó iarratas a dhéanamh ar réadú na sócmhainní sna
himeachtaí tánaisteacha dócmhainneachta a chur ar fionraí. Sa chomhar eatarthu,
ba cheart do leachtaitheoirí agus do na cúirteanna na deachleachtais chomhair i
gcásanna dócmhainneachta trasteorann a chur san áireamh, mar atá leagtha amach
sna prionsabail agus sna treoirlínte maidir le cumarsáid agus comhar atá glactha
ag comhlachais Eorpacha agus idirnáisiúnta a bhíonn ag feidhmiú i réimse an dlí
dócmhainneachta." (14)
Cuirtear aithris 20a agus aithris 20b seo a
leanas isteach: (20a) Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán go
ndéanfar riarachán éifeachtach ar imeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le
cuideachtaí difriúla atá ina gcuid de ghrúpa cuideachtaí. I gcás inar
tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i leith roinnt cuideachtaí sa ghrúpa
céanna, ba cheart na himeachtaí sin a chomhordú i gceart. Dá bhrí sin, an
oibleagáid atá ar na leachtaitheoirí agus ar na cúirteanna éagsúla lena
mbaineann dul i mbun comhair agus cumarsáide le chéile, ba cheart í a bheith
mar an gcéanna leis an oibleagáid atá orthu siúd a bhfuil páirt acu sna
príomhimeachtaí agus sna himeachtaí tánaisteacha a bhaineann leis an
bhféichiúnaí céanna. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh an t‑údarás
ag leachtaitheoir a cheaptar in imeachtaí a bhaineann le ceann amháin de ghrúpa
cuideachtaí plean tarrthála a mholadh sna himeachtaí a bhaineann le ball eile
den ghrúpa céanna a mhéid atá uirlis den sórt sin ar fáil faoin dlí
dócmhainneachta náisiúnta. (20b) Níor cheart go gcuirfeadh rialacha nua a
thabharfar isteach maidir le dócmhainneacht grúpaí cuideachtaí teorainn leis an
bhféidearthacht atá ag cúirt imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh i leith
roinnt cuideachtaí atá ina gcuid den ghrúpa céanna in aon dlínse amháin má
shuíonn an chúirt go bhfuil lárionad príomhleasa na gcuideachtaí sin lonnaithe
in aon Bhallstát amháin. I gcásanna den sórt sin, ba cheart go mbeadh an chúirt
in ann an leachtaitheoir céanna a cheapadh, más iomchuí, sna himeachtaí uile
lena mbaineann freisin. (15)
Cuirtear Aithris 21a nua isteach: (21a) Tá sé riachtanach creidiúnaithe a bhfuil
gnáthchónaí nó sainchónaí orthu san Aontas, nó oifig chláraithe acu ann, a chur
ar an eolas maidir le himeachtaí dócmhainneachta a thionscnaítear a bhaineann
le sócmhainní a gcuid féichiúnaithe. Lena áirithiú go ndéanfar faisnéis a chur
ar aghaidh chuig creidiúnaithe go mear, níor cheart feidhm a bheith ag
Rialachán 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007
maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in
ábhair shibhialta ná in ábhair tráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit[20] i gcásanna ina dtagraítear don
oibleagáid maidir le creidiúnaithe a chur ar an eolas sa Rialachán seo. Ba
cheart go ndéanfaí cúram na gcreidiúnaithe a éascú trí fhoirmeacha
caighdeánacha a úsáid a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais
agus na creidiúnaithe sin ag taisceadh éileamh in imeachtaí a thionscnaíodh i
mBallstát eile." (16)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 29: "(29) I gcás breithnithe gnó, ba cheart
príomhinneachar an chinnidh lena dtionscnaíodh na himeachtaí a fhoilsiú i
mBallstát eile ar iarratas ón leachtaitheoir. Má tá bunaíocht sa Bhallstát lena
mbaineann, ba cheart go mbeadh sé éigeantach an foilsiú sin a dhéanamh go dtí
go mbunófar córas idirnasctha na gclár dócmhainneachta. Níor cheart go mbeadh
foilsiú ina réamhchoinníoll chun na himeachtaí eachtracha a aithint i gceachtar
den dá chás áfach. (17)
Cuirtear aithris 29a seo a leanas isteach: (29a) Chun an fhaisnéis atá ag creidiúnaithe agus
cúirteanna lena mbaineann a fheabhsú agus chun cosc a chur le tionscnamh
imeachtaí dócmhainneachta eile i gcomhthráth, ba cheart ceangal a chur ar na
Ballstáit faisnéis ábhartha i gcásanna dócmhainneachta trasteorann a fhoilsiú i
gclár leictreonach a mbeidh rochtain ag an bpobal air. Ar mhaithe le rochtain
ar an bhfaisnéis sin a éascú ag creidiúnaithe agus cúirteanna a bhfuil
sainchónaí orthu nó atá lonnaithe i mBallstáit eile, ba cheart foráil a
dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis na cláir dhócmhainneachta a idirnascadh. (18)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad
Aithris 31: "(31) Ba cheart go mbeadh Iarscríbhinní sa
Rialachán seo lena sonraítear, go háirithe, na himeachtaí dócmhainneachta
náisiúnta a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Le bheith in ann an Rialachán a
chur in oiriúint go mear do leasuithe ábhartha ar an dlí náisiúnta
dócmhainneachta sna Ballstáit, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún
leasuithe ar na hiarscríbhinní a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Sula nglacfar gníomh tarmligthe lena leasófar liosta na n‑imeachtaí
náisiúnta sna hIarscríbhinní, ba cheart don Choimisiún a fhíorú an gcomhlíonann
an nós imeachta ar tugadh fógra ina leith na critéir atá leagtha amach sa
Rialachán seo nó nach gcomhlíonann. Agus gníomhartha tarmligthe a n‑ullmhú
agus á dtarraingt suas ag an gCoimisiún, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfar na
doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle." (19)
Cuirtear Aithris 31a, Aithris 31b agus Aithris
31c seo a leanas isteach: "(31a) Ar mhaithe le
coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000,
ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na
cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011
ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag
na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[21]. (31b) Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta
bunúsacha agus na prionsabail arna n‑aithint i gCairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, féachann an Rialachán seo le cur i
bhfeidhm Airteagal 8, Airteagal 17 agus Airteagal 47 a chur chun
cinn, airteagail a bhaineann, faoi seach, le sonraí pearsanta a chosaint, an
ceart chun maoine agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach
cothroime. (31c) Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995
maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[22]
agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i
ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an
Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[23] i dtaca le próiseáil sonraí
pearsanta laistigh de chreat an Rialacháin seo." (20)
In Aithris 32 agus in Aithris 33, cuirtear na
focail "an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh" in ionad
"an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh". (21)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1
agus Airteagal 2: "Airteagal 1
Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo i leith comhimeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, lena n‑áirítear
imeachtaí eatramhacha, atá bunaithe ar dhlí a bhaineann leis an dócmhainneacht
nó le coigeartú fiach agus ina ndéantar, chun críche tarrtháil, coigeartú
fiach, atheagrú nó leachtú: (a)
an féichiúnaí a dhífheistiú dá shócmhainní go
hiomlán nó i bpáirt agus leachtaitheoir a cheapadh, nó (b)
sócmhainní agus gnóthaí an fhéichiúnaí a chur faoi
réir rialú nó maoirseachta cúirte. Beidh liosta de na himeachtaí dá dtagraítear sa
mhír seo in Iarscríbhinn A. 2. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le himeachtaí dócmhainneachta a bhaineann le (c)
gnóthais árachais, (d)
institiúidí creidmheasa, (e)
gnólachtaí infheistíochta a mhéid a chumhdaítear
iad i dTreoir 2001/24/CE arna leasú, agus (f)
gnóthais chomhinfheistíochta. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: (a)
ciallaíonn "imeachtaí dócmhainneachta" na
himeachtaí atá sa liosta in Iarscríbhinn A; (b)
ciallaíonn "leachtaitheoir" (i) aon duine nó aon chomhlacht arb é a
fheidhm sócmhainní a dífheistíodh ón bhféichiúnaí a riar nó a leachtú nó
riaradh ghnóthaí an fhéichiúnaí a mhaoirsiú. Tá liosta de na daoine agus
comhlachtaí sin in Iarscríbhinn C, (ii) i gcás nach bhfuil ceapadh
leachtaitheora i gceist ná cumhachtaí an fhéichiúnaí a aistriú chuig
leachtaitheoir, an féichiúnaí atá i seilbh. (c)
ciallaíonn "cúirt" i ngach Airteagal seachas
in Airteagal 3b(2) an comhlacht breithiúnach nó aon chomhlacht inniúil
eile de chuid Ballstáit a bhfuil sé de chumhacht aige imeachtaí dócmhainneachta
a thionscnamh, tionscain den sórt sin a dhearbhú nó cinntí a ghlacadh le linn
imeachtaí den sórt sin; (d)
Cuimsíonn "breithiúnas lena dtionscnaítear
imeachtaí dócmhainneachta" (i) Cinneadh aon chúirte imeachtaí
dócmhainneachta a thionscnamh nó tionscain imeachtaí den sórt sin a dhearbhú,
agus (ii) an Cinneadh ó chúirt lena gceaptar
leachtaitheoir sealadach. (e)
ciallaíonn "am tionscanta imeachtaí" an
uair a bheidh éifeacht leis an mbreithiúnas lena dtionscnaítear imeachtaí
dócmhainneachta, bíodh sé ina bhreithiúnas críochnaitheach nó ná bíodh; (f)
Ciallaíonn "an Ballstát ina bhfuil na
sócmhainní suite": (i) i gcás maoine inláimhsithe: an Ballstát
ina bhfuil an mhaoin suite laistigh dá chríoch, (ii) i gcás maoine agus cearta is gá don
úinéir nó don té atá ina dteideal iad a iontráil i gclár poiblí, an Ballstát a
choinnítear an clár faoina údarás, (iii) i gcás scaireanna cláraithe i
gcuideachtaí: an Ballstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an gcuideachta a
d'eisigh na scaireanna laistigh dá chríoch, (iv) i gcás ionstraimí airgeadais, a bhfuil
iontrálacha i gclár nó i gcuntas arna gcoinneáil ag idirghabhálaí nó ar a shon
("urrúis i gcuntais reatha") ina bhfianaise ar an teidlíocht, an
Ballstát ina gcoinnítear an clár nó an gcuntas ina ndéantar na hiontrálacha, (v) airgid atá á choinneáil i gcuntais le
hinstitiúid chreidmheasa: an Ballstát atá luaite ar IBAN an chuntais, (vi) i gcás éileamh i gcoinne tríú páirtithe
seachas iad siúd a bhaineann le sócmhainní dá dtagraítear i bhfomhír (v), an
Ballstát ina bhfuil lárionad príomhleasa an tríú páirtí a gceanglaítear air na
héilimh a chomhlíonadh laistigh dá chríoch, arna chinneadh in Airteagal 3(1); (g)
ciallaíonn "bunaíocht" aon áit
oibríochtaí a ndéanann an féichiúnaí gníomhaíocht eacnamaíoch nach bhfuil
neamhbhuan le modhanna agus sócmhainní daonna; (h)
ciallaíonn "creidiúnaithe áitiúla" na
creidiúnaithe ar eascair a n‑éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí ó oibriú
bunaíochta atá suite i mBallstát nach é an Ballstát ina bhfuil lárionad
príomhleasa an fhéichiúnaí lonnaithe; (i)
ciallaíonn "grúpa cuideachtaí" roinnt
cuideachtaí atá comhdhéanta de mháthairchuideachta agus fochuideachtaí; (j)
ciallaíonn "máthairchuideachta"
cuideachta: (i) ag a bhfuil tromlach de chearta vótála
na scairshealbhóirí nó na gcomhaltaí i gcuideachta eile
("fochuideachta"); nó (ii) atá ina scairshealbhóir nó ina
chomhalta den fhochuideachta agus an ceart aige: (aa) tromlach de chomhaltaí chomhlacht
riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na fochuideachta sin a cheapadh nó a
chur as oifig; nó (bb) tionchar ceannasach a imirt ar an
bhfochuideachta de bhun conartha a rinneadh leis an bhfochuideachta sin nó de
bhun forála ina hairteagail chomhlachais." (22)
In Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas
in ionad mhír 1 agus mhír 3: "1. Beidh dlínse ag
cúirteanna an Bhallstáit a bhfuil lárionad príomhleasa féichiúnaí suite
laistigh dá chríoch imeachtaí dócmhainneachta ("príomhimeachtaí") a
thionscnamh. Is é an áit a riarann an féichiúnaí a leasanna ar bhonn rialta
agus atá infhionnta ag tríú páirtithe an áit a mbeidh ina lárionad príomhleasa. I gcás cuideachta nó duine dhlítheanaigh,
toimhdeofar gurb é an lárionad príomhleasa an oifig chláraithe mura bhfuil aon
fhianaise ar mhalairt ann. I gcás duine aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó
gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige, is é príomháit ghnó an duine aonair a
bheidh sa lárionad príomhleasa; i gcás aon duine aonair eile, beidh an áit ina
bhfuil gnáthchónaí ar an duine aonair ina lárionad príomhleasa. 3. I gcás inar tionscnaíodh
imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir le mír 1, is imeachtaí tánaisteacha a
bheidh in aon imeachtaí a thionscnófar ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 2. I
gcás den sórt sin, is é dáta tionscanta na bpríomhimeachtaí a bheidh sa dáta
ábhartha maidir le measúnú a dhéanamh ar cé acu atá bunaíocht ag an
bhféichiúnaí laistigh de chríoch Bhallstát eile nó nach bhfuil." (23)
Cuirtear Airteagal 3a agus Airteagal 3b
seo a leanas isteach: "Airteagal 3a Dlínse maidir le caingne gaolmhara 1. Beidh dlínse ag na cúirteanna
sa Bhallstát ar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta laistigh dá chríoch i
gcomhréir le hAirteagal 3 maidir le haon chaingean a thagann díreach ó na
himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil dlúthbhaint aici leo. 2. I gcás ina bhfuil baint ag an
gcaingean dá dtagraítear i mír 1 le caingean in ábhair shibhialta agus
thráchtála i gcoinne an chosantóra chéanna, féadfaidh an leachtaitheoir an dá
chaingean a thionscnamh i gcúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar an
gcosantóir laistigh dá chríoch, nó, i gcás ina dtionscnaítear an caingean i
gcoinne roinnt cosantóirí, i gcúirteanna an Bhallstáit a bhfuil sainchónaí ar
aon cheann de na cosantóirí laistigh dá chríoch, ar an gcoinníoll go bhfuil
dlínse ag an gcúirt sin de bhun rialacha an Rialacháin (CE) Uimh. 44/2001. 3. Chun críche an Airteagail seo, meastar caingne a
bheith gaolmhar má bhíonn baint chomh dlúth sin acu le chéile go bhfuil sé
fóirsteanach iad a éisteacht agus breith a thabhairt orthu i dteannta a chéile
chun an baol a sheachaint go dtabharfaí breithiúnais bunoscionn le chéile dá
mbeadh imeachtaí ar leithligh ann. Airteagal 3b Fíorú ar dhlínse; ceart chun athbhreithnithe bhreithiúnaigh 1. Déanfaidh cúirt a n‑iarrtar
uirthi imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh fíorú ex officio an
bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3 nó nach bhfuil. Sa bhreithiúnas
lena dtionscnaítear imeachtaí dócmhainneachta sonrófar na forais ar a bhfuil
dlínse na cúirte bunaithe agus, go háirithe, sonrófar cé acu ar Airteagal 3(1)
nó ar Airteagal 3(2) atá an dlínse bunaithe. 2. I gcás ina dtionscnaítear
imeachtaí dócmhainneachta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gan Cinneadh cúirte,
fíoróidh an leachtaitheoir a cheaptar in imeachtaí den sórt sin an bhfuil
dlínse de bhun Airteagal 3 ag an mBallstát ina bhfuil na himeachtaí ar
feitheamh nó nach bhfuil. Nuair is amhlaidh an cás, sonróidh an leachtaitheoir
na forais ar a bhfuil an dlínse bunaithe agus, go háirithe, cé acu ar Airteagal 3(1)
nó ar Airteagal 3(2) atá an sí bunaithe. 3. Aon chreidiúnaí nó aon
pháirtí leasmhar a bhfuil gnáthchónaí nó sainchónaí air i mBallstát nach é an
Ballstát inar tionscnaíodh na himeachtaí é, beidh sé de cheart aige agóid a
dhéanamh i gcoinne an chinnidh na príomhimeachtaí a thionscnamh. Déanfaidh
cúirt tionscanta na bpríomhimeachtaí nó an leachtaitheoir na creidiúnaithe sin
a chur ar an eolas faoin gCinneadh in am trátha le go mbeidh siad in ann
agóid a dhéanamh ina choinne. (24)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m)
d'Airteagal 4 (2): (m) na rialacha a bhaineann le neamhniú, in‑neamhnitheacht
nó neamh‑in‑fhorghníomhacht na ngníomhartha dlíthiúla, a dhéanfadh
dochar do na creidiúnaithe i gcoitinne." (25)
Cuirtear Airteagal 6a seo a leanas isteach: "Airteagal 6a
Comhaontuithe glanluachála Rialófar comhaontuithe glanluachála le dlí an
chonartha lena rialaítear comhaontuithe den sórt sin, agus leis sin
amháin." (26)
Cuirtear Airteagal 10a seo a leanas isteach: "Airteagal 10a
Ceanglais formheasa faoin dlí
áitiúil I gcás ina bhfuil foráil i ndlí an Bhallstáit lena
rialaítear éifeachtaí imeachtaí dócmhainneachta ar na conarthaí dá dtagraítear
in Airteagal 8 agus in Airteagal 10 nach féidir conradh a
fhoirceannadh ná a mhodhnú ach amháin le formheas chúirt tionscanta na n‑imeachtaí
dócmhainneachta ach nár tionscnaíodh aon imeachtaí dócmhainneachta sa Bhallstát
sin, beidh cúirt tionscanta na n‑imeachtaí dócmhainneachta inniúil ar
fhoirceannadh nó modhnú na gconarthaí sin a fhormheas." (27)
Cuirfear an méid a leanas in ionad Airteagal 15: "Airteagal 15
Iarmhairtí imeachtaí
dócmhainneachta ar chásanna nó ar imeachtaí eadrána atá ar feitheamh Déanfar iarmhairtí imeachtaí dócmhainneachta
ar chás nó ar imeachta eadrána atá ar feitheamh a bhaineann le sócmhainn nó le
ceart a dífheistíodh ón bhféichiúnaí a rialú le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an
cás sin ar feitheamh nó ina bhfuil na himeachtaí eadrána ina suí, agus leis an
dlí sin amháin." (28)
Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18(1): 1. An leachtaitheoir arna
cheapadh ag cúirt a bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(1), féadfaidh
sé na cumhachtaí go léir a thugtar dó faoi dhlí an Stáit inar tionscnaíodh na
himeachtaí a fheidhmiú i mBallstát eile, ar chuntar nár tionscnaíodh aon
imeachtaí dócmhainneachta eile ansin agus nár tógadh aon bheart caomhnaithe dá
mhalairt sa Bhallstát sin de bhun iarraidh ar imeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh sa Stát sin. Faoi réir Airteagal 5 agus Airteagal 7,
féadfaidh sé go háirithe sócmhainní an fhéichiúnaí a thógáil amach as críoch an
Bhallstáit ina bhfuil siad suite. Féadfaidh sé gealltanas a thabhairt freisin
go n‑urramófar sna príomhimeachtaí na cearta dáilte agus tosaíochta a
bheadh ag creidiúnaithe áitiúla dá dtionscnófaí imeachtaí tánaisteacha. Beidh
gealltanas den sórt sin faoi réir ceanglas foirme an Stáit inar tionscnaíodh na
príomhimeachtaí, más ann díobh, agus in‑fhorghníomhaithe agus
ceangailteach ar an eastát." (b)
I mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na
habairte deiridh: "Ní fhéadfaidh bearta comhéigneacha a bheith
ar cheann de na cumhachtaí sin, ach amháin má ordaíonn cúirt sin, ná an ceart
breith a thabhairt i leith imeachtaí dlíthiúla nó díospóidí." (29)
Cuirtear Airteagal 20a, Airteagal 20b, Airteagal 20c
agus Airteagal 20d seo a leanas isteach: "Airteagal 20a
Cláir dhócmhainneachta a
bhunú Bunóidh agus coinneoidh Ballstát clár amháin nó
roinnt clár ar a gcríoch ina gcuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil don
phobal ar an idirlíon saor in aisce ("cláir dhócmhainneachta"): (a)
dáta tionscanta imeachtaí dócmhainneachta; (b)
an chúirt a thionscnaigh imeachtaí dócmhainneachta
agus uimhir thagartha an cháis, más ann di; (c)
an cineál imeachtaí dócmhainneachta a thionscnaíodh; (d)
ainm agus seoladh an fhéichiúnaí; (e)
ainm agus seoladh an leachtaitheora a ceapadh sna
himeachtaí, más ann dó; (f)
an teorainn ama maidir le héilimh a thaisceadh; (g)
an Cinneadh lenar tionscnaíodh imeachtaí
dócmhainneachta; (h)
an Cinneadh lenar ceapadh an leachtaitheoir,
murab ionann é agus an Cinneadh dá dtagraítear i bpointe (g) den mhír seo; (i)
dáta clabhsúir na bpríomhimeachtaí. Airteagal 20b
Cláir dhócmhainneachta a
idirnascadh 1. Bunóidh an Coimisiún córas
díláraithe chun na cláir dhócmhainneachta a idirnascadh trí bhíthin gníomh cur
chun feidhme. Is éard a bheidh sa chóras sin na cláir dhóchmainneachta agus an
Tairseach Eorpach don Cheartas, a bheidh ina bpointe rochtana leictreonach
lárnach don phobal ar fhaisnéis an chórais. Chun an fhaisnéis dá dtagraítear in
Airteagal 20a a chur ar fáil beidh seirbhís cuardaigh ag an gcóras i
dteangacha oifigiúla uile an Aontais. 2. Trí bhíthin gnímh cur chun
feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45b
(3), glacfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas roimh ……[36 mí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin]. –
an tsonraíocht theicniúil lena sainítear na
modhanna leictreonacha cumarsáide agus malartaithe faisnéis ar bhonn na
sonraíochta comhéadain seanbhunaithe do chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta; –
na bearta teicniúla a áirithíonn na híoschaighdeáin
slándála TF maidir le faisnéis a chur in iúl agus a dháileadh laistigh de
chóras idirnasctha na gclár dócmhainneachta; –
íoschritéir don tseirbhís chuardaigh a chuireann an
Tairseach Eorpach don Cheartas ar fáil, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha
amach in Airteagal 20a; –
íoschritéir maidir le torthaí cuardach den sórt sin
a chur i láthair, bunaithe ar an bhfaisnéis atá leagtha amach in Airteagal 20a;
–
na modheolaíochtaí agus na dálaí teicniúla a
bhaineann le hinfhaighteacht seirbhísí a chuirtear ar fáil faoin gcóras
idirnasctha; agus –
gluais ina bhfuil míniú bunúsach ar na nósanna
dócmhainneachta náisiúnta atá sa liosta in Iarscríbhinn A. Airteagal 20c
Costais na cláir
dhócmhainneachta a bhunú agus a idirnascadh 1. Is ó bhuiséad ginearálta an
Aontais a mhaoineofar bunú agus forbairt chóras idirnasctha na gclár
dóchmhainneachta amach anseo. 2. Seasfaidh gach Ballstát na
costais a bhaineann lena chlár dócmhainneachta náisiúnta a choigeartú chun go
mbeidh sé idir-inoibritheach leis an Tairseach Eorpach don Cheartas, chomh
maith leis na costais a bhaineann leis an gclár sin a riar, a oibriú agus a
choinneáil ar bun. Airteagal 20d
Clárú imeachtaí
dócmhainneachta I gcás ina dtionscnaítear príomhimeachtaí nó
imeachtaí tánaisteacha i ndáil le cuideachta nó duine dlítheanach nó duine
aonair a bhfuil gnó neamhspleách nó gníomhaíocht ghairmiúil ar bun aige,
áiritheoidh an chúirt a thionscnóidh na himeachtaí dócmhainneachta go
bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20a láithreach i
gclár dócmhainneachta an Stáit tionscanta." (30)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21
agus Airteagal 22: "Airteagal 21
Foilsiú i mBallstát eile 1. Go dtí go mbunófar córas
idirnasctha na gclár dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 20b,
iarrfaidh an leachtaitheoir go bhfoilseofar an fógra faoin mbreithiúnas lenar
tionscnaíodh na himeachtaí dócmhainneachta agus, nuair is iomchuí, an Cinneadh lenar
ceapadh é, in aon Bhallstát eile ina bhfuil bunaíocht an fhéichiúnaí lonnaithe
i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le foilsiú dá bhforáiltear sa Stát
sin. Sonrófar san fhoilsiú sin an leachtaitheoir atá ceaptha agus cé acú an
riail maidir le dlínse de bhun Airteagal 3(1) nó de bhun Airteagal 3(2)
atá á cur i bhfeidhm. 2. Féadfaidh an leachtaitheoir a
iarraidh go bhfoilseofar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo
in aon Bhallstát eile ina bhfuil sócmhainní nó creidiúnaithe an fhéichiúnaí
lonnaithe i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear sa Stát sin." (31)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22: "Airteagal 22
Clárú i gcláir phoiblí de
chuid Ballstáit eile Go dtí go mbunófar córas idirnasctha na gclár
dócmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 20b, iarrfaidh an leachtaitheoir
go bhfoilseofar na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 21 i gclár talún, i
gclár na gceirdeanna nó in aon chlár poiblí eile de chuid aon Bhallstáit eile
ina bhfuil bunaíocht an fhéichiúnaí lonnaithe agus inar iontráladh an
bhunaíocht sin i gclár poiblí de chuid an Bhallstáit sin. Féadfaidh an
leachtaitheoir a iarraidh go ndéanfar foilsiú den sórt sin in aon Bhallstát
eile." (32)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: "Airteagal 25
Aitheantas agus in‑fhorghníomhú
breithiúnas eile 1. Aithneofar breithiúnais a
thugann cúirt a bhfuil a breithiúnas maidir le himeachtaí a thionscnamh
aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 16 agus a bhaineann le cúrsa agus
clabhsúr imeachtaí dócmhainneachta, agus aithneofar freisin gan aon
fhoirmiúlachtaí breise comhshocraíochtaí ar thug an chúirt sin formheas ina
leith. Déanfar breithiúnais den sórt sin a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 32
go hAirteagal 56, seachas Airteagal 34(2), de Rialachán (CE) Uimh. 44/2001. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le
breithiúnais a thagann díreach ó na himeachtaí dócmhainneachta agus a bhfuil
dlúthbhaint acu leo, fiú amháin más cúirt eile a thug na breithiúnais sin. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír freisin maidir le
breithiúnais a bhaineann le bearta caomhnaithe a rinneadh tar éis an iarraidh
ar imeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh nó i ndáil léi. 2. Déanfar aitheantas agus
forghníomhú bhreithiúnas nach iad na breithiúnais dá dtagraítear i mír 1 den
Rialachán a rialú leis an Rialachán dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go
bhfuil an Rialachán sin infheidhme." (33)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27: "Airteagal 27
Imeachtaí a thionscnamh I gcás inar thionscain cúirt príomhimeachtaí agus
gur aithníodh iad i mBallstát eile, féadfaidh cúirt de chuid Ballstáit eile a
bhfuil dlínse aici de bhun Airteagal 3(2) imeachtaí tánaisteacha
dócmhainneachta a thionscnamh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach
sa Chaibidil seo. Beidh iarmhairtí na n‑imeachtaí tánaisteacha srianta do
shócmhainní an fhéichiúnaí atá suite laistigh de chríoch an Bhallstáit inar
tionscnaíodh na himeachtaí sin." (34)
Cuirtear Airteagal 29a seo a leanas isteach: "Airteagal 29a
Cinneadh maidir le
himeachtaí tánaisteacha a thionscnamh 1. Déanfaidh cúirt a n‑iarrtar
uirthi imeachtaí tánaisteacha a thionscnamh fógra a thabhairt láithreach don
leachtaitheoir sna príomhimeachtaí agus tabharfaidh sí deis éisteachta leis i
leith an iarrata. 2. Ar iarraidh ón leachtaitheoir
sna príomhimeachtaí, cuirfidh an chúirt dá dtagraítear i mír 1 an Cinneadh imeachtaí
tánaisteacha a thionscnamh nó gan iad a thionscnamh ar athló mura bhfuil sé
riachtanach na himeachtaí sin a thionscnamh chun leasanna na gcreidiúnaithe
áitiúla a chosaint, go háirithe más rud é gur thug an leachtaitheoir sna
príomhimeachtaí an gealltanas dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus go
gcomhlíonann sé téarmaí an ghealltanais sin. 3. Agus Cinneadh á dhéanamh
cé acu a thionscnófar imeachtaí tánaisteacha nó nach dtionscnófar, tionscnóidh
an chúirt dá dtagraítear i mír 1 na cineálacha imeachtaí is oiriúnaí faoina dlí
náisiúnta, ag cur leasanna na gcreidiúnaithe áitiúla san áireamh di, beag beann
ar aon choinníoll a bhaineann le sócmhainneacht an fhéichiúnaí a bheith nó gan
a bheith á chomhlíonadh. 4. Tabharfar fógra don
leachtaitheoir sna príomhimeachtaí faoin gCinneadh imeachtaí tánaisteacha
a thionscnamh agus beidh sé de cheart aige agóid a dhéanamh i gcoinne an
chinnidh sin." (35)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 31: "Airteagal 31
Comhar agus cumarsáid idir
leachtaitheoirí 1. Rachaidh an leachtaitheoir
sna príomhimeachtaí agus leachtaitheoirí sna himeachtaí tánaisteacha i mbun
comhair le chéile a mhéid atá comhar den sórt sin ag teacht leis na rialacha is
infheidhme i ngach ceann de na himeachtaí. Féadfaidh comhar den sórt sin a
bheith i bhfoirm comhaontuithe nó prótacal. 2. Go háirithe, déanfaidh na
leachtaitheoirí an méid seo a leanas: (a)
aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna
himeachtaí eile a chur in iúl dá chéile, go háirithe aon dul chun cinn a
dhéantar maidir le héilimh a thaisceadh agus a fhíorú agus gach beart a bhfuil
sé d'aidhm aige an féichiúnaí a tharrtháil nó a athstruchtúrú nó na himeachtaí
a fhoirceannadh, ar choinníoll go ndéantar socruithe iomchuí chun faisnéis
rúnda a chosaint; (b)
fiosrú a dhéanamh faoin bhféidearthacht
athstruchtúrú a dhéanamh ar an bhféichiúnaí agus, más féidir sin, ullmhú agus
cur chun feidhme plean athstruchtúraithe a chomhordú; (c)
riar réadú nó úsáid shócmhainní agus gnóthaí an
fhéichiúnaí a chomhordú; tabharfaidh an leachtaitheoir sna himeachtaí
tánaisteacha deis go luath don leachtaitheoir sna príomhimeachtaí tograí a chur
isteach maidir le réadú nó úsáid na sócmhainní sna himeachtaí
tánaisteacha." (36)
Cuirtear Airteagal 31a agus Airteagal 31b
seo a leanas isteach: "Airteagal 31a
Comhar agus cumarsáid idir
cúirteanna 1. D'fhonn comhordú
príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha a bhaineann le haon fhéichiúnaí
amháin a éascú, rachaidh cúirt a bhfuil iarratas ar imeachtaí dócmhainneachta a
thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a ndearna imeachtaí den sórt sin a
thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil imeachtaí
dócmhainneachta ar feitheamh faoina bráid nó a ndearna imeachtaí den sórt sin a
thionscnamh a mhéid atá comhar den sórt sin comhoiriúnach leis na rialacha is
infheidhme i ngach ceann de na himeachtaí. Chun na críche sin, féadfaidh na
cúirteanna, más iomchuí, duine nó comhlacht a cheapadh a ghníomhóidh de réir a
treoracha, más iomchuí. 2. Féadfaidh na cúirteanna dá
dtagraítear i mír 1 cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó
cúnamh a iarraidh óna chéile go díreach, ar an gcoinníoll go an chumarsáid sin
saor in aisce agus go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí
agus rúndacht na faisnéise a urramú. 3. Féadfaidh comhar a dhéanamh
ar aon mhodh iomchuí, lena n‑áirítear (a)
faisnéis a chur in iúl le haon mhodh a mheasann an
chúirt a bheith oiriúnach; (b)
riar agus maoirseacht shócmhainní agus gnóthaí an
fhéichiúnaí a chomhordú; (c)
stiúr na n‑éisteachtaí a chomhordú; (d)
comhardú maidir le prótacail a fhormheas. Airteagal 31b
Comhar agus cumarsáid idir
leachtaitheoirí agus cúirteanna 1. D'fhonn éascaíocht a dhéanamh
do chomhardú príomhimeachtaí agus imeachtaí tánaisteacha a thionscnaítear i
leith aon fhéichiúnaí amháin, (a)
rachaidh leachtaitheoir sna príomhimeachtaí i
gcomhar agus i gcumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarratas ar imeachtaí
tánaisteacha a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó a ndearna imeachtaí den
sórt sin a thionscnamh agus (b)
rachaidh leachtaitheoir in imeachtaí dócmhainneachta
tánaisteacha nó críochacha i gcomhar agus i gcumarsáid leis an gcúirt ina
bhfuil iarratas ar prhíomhimeachtaí a thionscnamh ar feitheamh faoina bráid nó
a ndearna imeachtaí den sórt sin a thionscnamh. 2. Déanfar an comhar dá
dtagraítear i mír 1 ar aon mhodh is iomchuí lena n‑áirítear na modhanna
atá leagtha amach in Airteagal 31a (3) a mhéid atá comhar den sórt sin
comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme i ngach ceann de na himeachtaí. (37)
Leasaítear Airteagal 33 mar seo a leanas: (a)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil "Bac ar
imeachtaí" (b)
I mír 1 agus i mír 2, cuirtear na focail
"imeachtaí" in ionad "próiseas leachtaithe". (38)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:
"Airteagal 34
Clabhsúr a chur ar
phríomhimeachtaí nó ar imeachtaí tánaisteacha 1. Má dhúntar na
príomhimeachtaí, ní chuirfidh sin cosc ar imeachtaí tánaisteacha atá fós
tionscanta an taca sin leanúint ar aghaidh. 2. I gcás inar tionscnaíodh
imeachtaí tánaisteacha a bhaineann le duine dlítheanach sa Bhallstát ina bhfuil
a oifig chláraithe ag an duine sin agus go bhfuil díscaoileadh an dhuine
dhlítheanaigh i gceist le dúnadh na n‑imeachtaí sin, ní chuirfidh
díscaoileadh den sórt sin cosc ar phríomhimeachtaí a tionscnaíodh i mBallstát
eile leanúint ar aghaidh." (39)
Cuirtear an téarma "réadú" in ionad
"leachtú" in Airteagal 35. (40)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37: "Airteagal 37
Imeachtaí a tionscnaíodh níos
luaithe a thiontú Féadfaidh an leachtaitheoir sna príomhimeachtaí
iarraidh ar an gcúirt sa Bhallstát inar tionscnaíodh imeachtaí tánaisteacha
ordú a thabhairt le cineál eile imeachtaí dócmhainneachta atá ar fáil faoi dhlí
an Bhallstáit sin a dhéanamh de na himeachtaí tánaisteacha." (41)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 39:
"Airteagal 39
An ceart éilimh a thaisceadh Aon chreidiúnaí a bhfuil gnáthchónaí nó
sainchónaí air i mBallstát nach é an Ballstát inar tionscnaíodh na himeachtaí,
nó oifig chláraithe aige ann, lena n‑áirítear údaráis chánach agus
údaráis slándála sóisialta na mBallstát ("creidiúnaí eachtrach"),
beidh sé de cheart aige éilimh a thaisceadh sna himeachtaí dócmhainneachta le
haon mhodh cumarsáide, lena n‑áirítear modhanna leictreonacha, a nglactar
leo faoi dhlí an stáit tionscanta. Ní bheidh uiríoll dlíodóra ná gairmí
dhlíthiúil eile éigeantach chun éilimh a thaisceadh." (42)
Leasaítear Airteagal 40 mar seo a leanas: (a)
I mír 2, cuirtear an abairt seo a leanas isteach: "Beidh cóip den fhoirm éilimh chaighdeánach
dá dtagraítear in Airteagal 41 nó nasc chuig an suíomh ina bhfuil an
fhoirm sin foilsithe ar an idirlíon ag gabháil leis an bhfógra freisin." (b)
Cuirtear mír 3 seo a leanas isteach: "3. Déanfar an fhaisnéis dá
dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar ag baint úsáide as an bhfoirm
chaighdeánach um fhógra a thabhairt a bhunófar i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 45b(4) agus a fhoilseofar ar an
Tairseach Eorpach don Cheartas roimh …..[24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin]. Beidh ar an bhfoirm i dteangacha oifigiúla uile an Aontais an
ceannteideal "Fógra maidir le himeachtaí dócmhainneachta". Seolfar é
i dteanga oifigiúil nó i gceann de na teangacha oifigiúla an Stáit inar
tionscnaíodh na himeachtaí nó i dteanga eile ar thug an Stát sin le fios a
nglacfadh sé léi i gcomhréir le hAirteagal 41(3) más féidir talamh slán a
dhéanamh de gur sothuigthe an teanga sin ag na creidiúnaithe eachtracha." (43)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 41:
"Airteagal 41
Nós imeachta maidir le
héilimh a thaisceadh 1. Aon chreidiúnaí eachtrach a
is eol a bheith ann, taiscfidh sé a éileamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm
chaighdeánach um fhógra a thabhairt a bhunófar i gcomhréir leis an nós imeachta
comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 45b(4) agus a fhoilseofar ar an
Tairseach Eorpach don Cheartas roimh [24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an
Rialacháin]. Beidh ar an bhfoirm i dteangacha oifigiúla uile an Aontais an
ceannteideal "Taisceadh Éileamh". 2. San fhoirm chaighdeánach
éileamh, cuirfidh an creidiúnaí dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas in
iúl (a)
a ainm agus a sheoladh (b)
cineál an éilimh (c)
méid an éilimh agus an dáta a tháinig sé chun cinn (d)
an n‑éilítear aon státas mar chreidiúnaí
tosaíochta nó nach n‑éilítear (e)
an líomhnaítear aon urrús luachmhar nó forchoimeád
teidil i leith an éilimh nó nach líomhnaítear, agus má líomhnaítear, cad iad na
sócmhainní a chumhdaíonn an leas urrúis atá á ghairm aige agus (f)
an éilítear aon fhritháireamh nó nach n‑éilítear
agus an bhfuil an méid atá á éileamh glan ar an bhfritháireamh nó nach bhfuil. Beidh cóipeanna de na doiciméid tacaíochta, más
ann dóibh, ag gabháil leis an bhfoirm chaighdeánach éilimh. 3. Féadfar éilimh a thaisceadh i
dteanga oifigiúil ar bith an Aontais. D'fhéadfadh sé go n‑iarrfaí ar an
gcreidiúnaí aistriúchán a sholáthar go teanga oifigiúil nó go ceann de theangacha
oifigiúla an Stáit inar tionscnaíodh na himeachtaí nó go teanga eile ar ghlac
an Ballstát sin léi. Luafaidh gach Ballstát teanga oifigiúil amháin ar a laghad
den Aontas, nach teanga oifigiúil aici féin í, a nglacfaidh sé léi chun críche
éilimh a thaisceadh. 4. Taiscfear éilimh laistigh den
tréimhse a ordaítear faoin dlí sa Stát inar tionscnaíomh na himeachtaí
dócmhainneachta. I gcás creidiúnaí eachtraigh, ní bheidh an tréimhse sin níos
lú ná 45 lá tar éis fhoilsiú thionscnamh na n‑imeachtaí i gclár
dócmhainneachta Stát an tionscanta. 5. I gcás ina gcuirfidh an
leachtaitheoir in aghaidh éilimh arna thaisceadh i gcomhréir leis an Airteagal seo,
tabharfaidh sé deis don chreidiúnaí tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis
an éileamh a bheith ann agus maidir le méid an éilimh." (44)
Scriostar Airteagal 42 (45)
Cuirtear Caibidil IVa seo a leanas isteach: "CAIBIDIL IVa
DÓCMHAINNEACHT BALL DE GHRÚPA CUIDEACHTAÍ Airteagal 42a
An dualgas ar leachtaitheoirí
maidir le comhar agus faisnéis a mhalartú idir a chéile 1. I gcás ina mbaineann
imeachtaí dócmhainneachta le dhá bhall nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí,
rachaidh leachtaitheoir arna cheapadh in imeachtaí a bhaineann le ball den
ghrúpa i gcomhar le haon leachtaitheoir eile arna cheapadh in imeachtaí a
bhaineann le ball eile den ghrúpa céanna a mhéid atá comhar den sórt sin
oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n‑imeachtaí a éascú, a mhéid atá sé
comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme in imeachtaí den sórt sin agus a
mhéid nach bhfuil aon choinbhleacht leasa i gceist leis. Féadfaidh comhar den
sórt sin a bheith i bhfoirm comhaontuithe nó prótacal. 2. Agus an comhar dá dtagraítear
i mír 1 ar bun acu, déanfaidh na leachtaitheoirí an méid seo a leanas: (a)
aon fhaisnéis a d'fhéadfadh a bheith ábhartha sna
himeachtaí eile a chur in iúl dá chéile láithreach, ar choinníoll go ndéanfar
na socruithe iomchuí chun faisnéis rúnda a chosaint; (b)
fiosrú a dhéanamh faoin bhféidearthacht
athstruchtúrú a dhéanamh ar an ngrúpa agus, más féidir sin, moladh agus
caibidliú phlean athstruchtúraithe comhordaithe a chomhordú; (c)
riar agus maoirseacht ghnóthaí na mball den ghrúpa
atá faoi réir imeachtaí dócmhainneachta a chomhordú; Féadfaidh na leachtaitheoirí toiliú le cumhachtaí
breise a thabhairt don leachtaitheoir arna cheapadh i gceann amháin de na
himeachtaí i gcás ina bhfuil toiliú den sórt sin ceadaithe sna rialacha is
infheidhme i leith gach ceann de na himeachtaí. Airteagal 42b
Cumarsáid agus comhar idir
cúirteanna 1. I gcás ina mbaineann
imeachtaí dócmhainneachta le dhá bhall nó níos mó de ghrúpa cuideachtaí,
rachaidh cúirt a bhfuil iarratas ar imeachtaí a thionscnamh a bhaineann le ball
den ghrúpa ar feitheamh faoina bráid nó a ndearna imeachtaí den sórt sin a
thionscnamh, rachaidh sí i gcomhar le haon chúirt eile a bhfuil iarratas ar
imeachtaí a thionscnamh a bhaineann le ball eile den ghrúpa céanna ar feitheamh
faoina bráid nó a ndearna imeachtaí den sórt sin a thionscnamh a mhéid atá
comhar den sórt sin oiriúnach chun riaradh éifeachtach na n‑imeachtaí a
éascú agus comhoiriúnach leis na rialacha is infheidhme i ngach ceann de na
himeachtaí. Chun na críche sin, féadfaidh na cúirteanna, más iomchuí, duine nó
comhlacht a cheapadh a ghníomhóidh de réir a treoracha, más iomchuí. 2. Féadfaidh na cúirteanna dá
dtagraítear i mír 1 cumarsáid a dhéanamh le chéile go díreach, nó faisnéis nó
cúnamh a iarraidh ó chéile go díreach. 3. Rachfar i mbun comhair ar aon
mhodh iomchuí, lena n‑áirítear (a)
faisnéis a chur in iúl ar aon mhodh a mheasann an
chúirt a bheith oiriúnach ar an gcoinníoll go bhfuil an chumarsáid sin saor in
aisce agus go ndéantar cearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí agus
rúndacht na faisnéise a urramú; (b)
riar agus maoirseacht shócmhainní agus ghnóthaí
bhaill an ghrúpa a chomhordú; (c)
stiúr na n‑éisteachtaí a chomhordú; (d)
comhardú maidir le prótacail a fhormheas. Airteagal 42c
Comhar agus cumarsáid idir
leachtaitheoirí agus cúirteanna Aon leachtaitheoir arna cheapadh in imeachtaí
dócmhainneachta a bhaineann le ball de ghrúpa cuideachtaí, rachaidh sé i mbun
comhar agus déanfaidh sé cumarsáid le haon chúirt a bhfuil iarraidh ar
imeachtaí a thionscnamh i ndáil le ball eile den ghrúpa céanna cuideachtaí ar
feitheamh faoina bráid nó a thionscnaigh imeachtaí den sórt sin a mhéid atá
comhar den sórt sin oiriúnach chun comhordú na n‑imeachtaí a éascú agus
atá sé comhoiriúnach do na rialacha is infheidhme maidir leo. Go háirithe,
féadfaidh an leachtaitheoir faisnéis a iarraidh ón gcúirt sin a bhaineann le
himeachtaí i ndáil leis an mball eile den ghrúpa nó cúnamh a iarraidh a
bhaineann leis na himeachtaí ar ceapadh eisean iontu. Airteagal 42d
Cumhachtaí na leachtaitheoirí
agus bac ar imeachtaí 1. Beidh sé de cheart ag
leachtaitheoir arna cheapadh in imeachtaí dócmhainneachta arna dtionscnamh i
ndáil le ball de ghrúpa cuideachtaí an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
éisteacht a fháil agus a bheith rannpháirteach in
aon cheann den na himeachtaí arna dtionscnamh i ndáil le haon bhall eile den
ghrúpa céanna, go háirithe trí fhreastal ar chruinnithe creidiúnaithe; (b)
bac a iarraidh ar imeachtaí arna dtionscnamh i
ndáil le haon bhall eile den ghrúpa céanna; (c)
plean tarrthála, imshocraíocht nó beart
inchomparáide a mholadh do gach ball den ghrúpa, nó do chuid acu, ar
tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta ina leith agus é a chur isteach in aon
cheann den na himeachtaí a tionscnaíodh i ndáil le ball eile den ghrúpa céanna
i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sna himeachtaí sin; agus (d)
aon bheart nós imeachta breise a iarraidh faoin dlí
dá dtagraítear i bpointe (c) a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun tarrtháil
a éascú, lena n‑áirítear imeachtaí a thiontú. 2. Cuirfidh an chúirt a
thionscnaigh na himeachtaí dá dtagraítear i bpointe b) de mhír 1 bac ar na
himeachtaí ina n‑iomláine nó i bpáirt má chruthaítear go mbeadh bac den
sórt sin chun leasa na gcreidiúnaithe sna himeachtaí sin. Féadfar bac den sórt
sin a ordú ar feadh tréimhse suas le trí mhí agus féadfar leanúint ar aghaidh
leis nó é a athnuachan do tréimhse chomhfhad. Féadfaidh cúirt ordaithe an bhaic
ceangal a chur ar an leachtaitheoir aon bheart oiriúnach a dhéanamh chun
leasanna na gcreidiúnaithe sna himeachtaí a chosaint." (46)
Cuirtear Airteagal 44a nua isteach: "Airteagal 44a
Faisnéis faoin dlí náisiúnta
dócmhainneachta 1. D'fhonn an fhaisnéis a chur
ar fáil don phobal, soláthróidh na Ballstáit, laistigh de chreat an Ghréasáin
Breithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus thráchtála a bunaíodh leis an
gCinneadh 2001/470/CE ón gComhairle[24],
tuairisc ar an dlí agus na nósanna imeachta dócmhainneachta náisiúnta atá acu,
go háirithe chomh fada agus go mbaineann siad leis na hábhair sa liosta in Airteagal 4(2). 2. Tabharfaidh na Ballstáit an
fhaisnéis sin bord ar bhord leis an aimsir go rialta." (47)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 45: "Airteagal 45
Na hIarscíbhinní a leasú 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn A agus
Iarscríbhinn C a leasú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos san Airteagal seo
agus in Airteagal 45a. 2. Chun leasú ar Iarscríbhinn A
a thruicearú, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir lena
rialacha náisiúnta i ndáil le himeachtaí is mian leo a chur le hIarscríbhinn A,
agus tuairisc ghairid ag gabháil leo. Fíoróidh an Coimisiún an gcomhlíonann na
rialacha a dtugtar fógra ina leith na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 1
agus, má chomhlíontar iad, leasóidh sé Iarscríbhinn A trí bhíthin ghníomh
tarmligthe." (48)
Cuirtear Airteagal 45a agus Airteagal 45b
seo a leanas isteach: "Airteagal 45a
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha
atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Is go ceann tréimhse éiginnte
amhail ón dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm a thabharfar tarmligean
na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagail 45; 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 45
a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gCinneadh chun cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin.
Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh sin. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna. 5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe
arna ghlacadh de bhun Airteagal 45 i bhfeidhm mura ndéanfaidh Parlaimint
na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí tar
éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach
ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar
thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 45b
An chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh 1. Tugtar an chumhacht gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún chun na críocha seo a leanas (a)
foráil a dhéanamh maidir le cláir dhócmhainneachta
a idirnascadh, dá dtagraítear in Airteagal 20b; agus (b)
na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 40
agus in Airteagal 41 a bhunú agus ansin a leasú. 2. Agus na gníomhartha
tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh nó á leasú aige, beidh coiste de
réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle[25]
de chúnamh ag an gCoimisiún. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán 182/2011. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán 182/2011." (49)
In Airteagal 46, cuirfear "…..[10 mbliana
tar éis a theacht i bhfeidhm]]" in ionad an dáta "1 Meitheamh 2012". (50)
Cuirfear an Airteagal 46a seo a leanas
isteach: "Airteagal 46a
Cosaint sonraí 1. Cuirfidh na Ballstáit Treoir 95/46/CE
i bhfeidhm maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar sna Ballstáit de
bhun an Rialacháin seo. 2. Beidh feidhm ag Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001 i leith próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an
gCoimisiún de bhun an Rialacháin seo." (51)
Scriostar Iarscríbhinn B. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige amhail ó …..[24 mí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin] cé is moite den fhoráil a bhaineann le
faisnéis faoin dlí dócmhainneachta náisiúnta (Airteagal 44a); beidh feidhm
ag an bhforáil sin ó …..[12 mí tar éis a theacht i bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstát i gcomhréir
leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Strasbourg, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena
leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón gComhairle maidir le
himeachtaí dócmhainneachta 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[26]
Teideal
33 - Ceartas 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[27] Ø Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar
bheart atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo birt nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Forbairt
ar limistéar an Cheartais, An Ceartas le haghaidh Fáis 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh. . Comhar
Breithiúnach in ábhair Shibhialta agus Tráchtála Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann 33
03 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Méadú
ar éifeachtacht agus ar thrédhearcacht na nósanna imeachta dócmhainneachta
trasteorann 1.4.4. Táscairí lena léirítear toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí
lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. […] […] 1.5. Na forais atá leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Leasú
ar Rialachán 1346/2000 maidir le himeachtaí dócmhainneachta 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE […] […] 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart […] […] 1.5.4. Comhoiriúnacht d'ionstraimí
ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann […] […] 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar
feadh tréimhse teoranta –
¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an
[LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB Ø Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm
ar feadh tréimhse neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó ghlacadh an
rialacháin –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[28]
Ø Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[29] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun
feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Ní bheidh
tionchar airgeadais ar bhuiséad an AE ach ag idirnascadh na gclár
dócmhainneachta (an chuid a bhaineann le hidirnascadh lárnach). Nascfar na
cláir dhócmhainneachta ar an dTairseach Eorpach don Cheartas, a fheidhmeoidh
mar phointe lárnach rochtana leictreonaí poiblí ar fhaisnéis ón gcóras (cf. Airteagal 20b
den Togra) 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic, agus na coinníollacha. […] […] 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh […] […] 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe […] […] 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. […] […] 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([30]) || ó thíortha CSTE[31] || ó thíortha is iarrthóirí[32] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3] || [33.0301] [an Clár um Cheartas] || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais [3] || [XX.YY.YY.YY] […] || […] || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal …3…...……………………………………………………………….] AS: JUST || || || Bliain 2014[33] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Blianta 2018, 2019, 2020 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 33.0301 || Gealltanais || (1) || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || (2) || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (2a) || || || || || || || || Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[34] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí don AS JUST || Gealltanais || =1+1a +3 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || (5) || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || =4+ 6 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Gealltanais || (4) || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Gealltanais || =4+ 6 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" – níl bainteach EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN AS: <…….> || Acmhainní daonna || || || || || || || || Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || || IOMLÁN AS <…….> || Leithreasaí || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Gealltanais iomlána = Íocaíochatí iomlána) || || || || || || || || EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain N[35] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Gealltanais || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 Íocaíochtaí || 150.000 || 150.000 || 200.000 || 200.000 || 250.000 || 250.000 || 300.000 || 1.500.000 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe
faoi chomhair oibríochtaí –
Ø Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi
chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR
milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[36] || Costas iomlán Saghas aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[37] Comhar Breithiúnach in ábhair Shibhialta agus Tráchtála - Aschur || Idirnascadh na gclár dócmhainneachta a chothabháil || 214 300 || || 150 000 || || 150 000 || || 200 000 || || 200 000 || || 250 000 || || 250 000 || || 300 000 || || 1 500 000 - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 150 000 || || 150 000 || || 200 000 || || 200 000 || || 250 000 || || 250 000 || || 300 000 || || 1 500 000 CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || 150 000 || || 150 000 || || 200 000 || || 200 000 || || 250 000 || || 250 000 || || 300 000 || || 1 500 000 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
Ø Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de
chineál riaracháin 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
Ø Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
Ø Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais
ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–
ØNí dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú
páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
Ø Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam. [1] Tá
forbhreathnú ar imeachtaí réamhdhócmhainneachta náisiúnta agus ar imeachtaí
hibrideacha le fáil i gCuid 2 den tuarascáil ón gCoimisiún dar dáta
12.12.2012 maidir le measúnú ar Rialachán (CE) Uimh. 1346/2000 ón
gComhairle maidir le himeachtaí dócmhainneachta. [2] Is
éard is 'Gnóthas leantach' ann coincheap a úsáidtear go príomha sa
chuntasaíocht a thugann le fios do chuntasóirí ráitis airgeadais a ullmhú ar an
tuiscint nach bhfuil an gnó ar tí a leachtaithe sa dhá mhí dhéag atá le teacht. [3] COM
(2008)394.25.6.2008. [4] COM(2012)
…… [5] Maidir
le méid na faidhbe seo, féach Cuid 3.4.1 den Tuarascáil ón gCoimisiún ar an
Measúnú Tionchair atá ag gabháil leis an togra seo. [6] http://www.uncitral.org/uncitral/en/uncitral_texts/insolvency/1997Model.html. [7] Cás
C – 396/09, breithiúnas an 20.10.2011. [8] Cás
C – 339/07, breithiúnas an 12.2.2009. [9] IO
L 12, 16.1.2001, lch 1. [10] Cás
C-454/09, breithiúnas an 13.10.2011 (An Coimisiún v. An Iodáil – 'New
Interline'). [11] IO
L 156, 16.6.2012, lch 1. [12] COM(2011)759
final. [13] IO C , , Lch. . [14] IO C, , lch . [15] IO L 160, 30.6.2000, lch 1. [16] IO C, , lch. [17] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [18] IO L 12, 16.1.2001, lch 1. [19] IO L 125, 5.5.2001, lch 15. [20] IO L 324, 10.12.2007, lch 79. [21] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [22] IO L 281, 23.11.1995, lch 31. [23] IO L 8, 12.1.2001, lch 1. [24] IO L 174, 27.6.2001, lch 25. [25] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [26] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir
gníomhaíochtaí. [27] Mar
a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais [28] Is
féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán
Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html. [29] Dá
dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [30] LD
= Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte [31] CSTE:
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [32] Tíortha
is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar
a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí. [33] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [34] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta
AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun
feidhme. [35] Is
í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [36] Is
ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na
malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh,
etc.). [37] Mar
a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. "Cuspóirí sonracha..."