Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha /* COM/2012/0712 final - 2012/0336 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Ní foláir an Rialachán Airgeadais[1] a leasú chun na hathruithe atá
molta sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha
agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha[2] a chur san áireamh. Tiocfaidh an Rialachán
sin in ionad Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003[3] atá ann faoi láthair. Maidir le cur i
bhfeidhm Airteagal 224 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
(CFAE), tá rialacha nua sa dréacht‑Rialachán a thagann in ionad Rialachán
(CE) Uimh. 2004/2003 i ndáil le, inter alia, cistiú páirtithe
polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach. Ar mhaithe lena
gcur i bhfeidhm, ní foláir tacar comhfhreagrach rialacha airgeadais a bheith ag
gabháil leo, a bhfuil bonn leis sa Rialachán Airgeadais. Moltar an Teideal nua
"Ranníocaíochtaí" a chur isteach ag deireadh chuid a dó den Rialachán
Airgeadais ("cuid speisialta") díreach roimh chuid a trí
("forálacha idirthréimhseacha agus deiridh"). Ar deireadh, níl foráil déanta ag an bpointe
seo maidir le gníomh tarmligthe ar bith a bheith ann, bunaithe ar Airteagal 290
den CFAE, don Teideal nua seo. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Thig an togra as rún Pharlaimint na hEorpa
maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha (tuarascáil Giannakou)[4] ina meastar, i bhfianaise na
taithí a fuarthas, gur cheart maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus
fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a fheabhsú i dtaobh cúpla pointe. Go
háirithe, iarrann sé deireadh le córas na ndeontas agus ionstraim nua
maoiniúcháin a chruthú leis an Rialachán Airgeadais a bheadh dírithe ina
hiomláine ar pháirtithe agus ar fhondúireachtaí Eorpacha a mhaoiniú, agus a
bheadh curtha in oiriúint go sonrach dóibh sin. Tar éis grinnanailís a dhéanamh, moltar gur
cheart páirtithe polaitiúla a mhaoiniú trí bhíthin ionstraime nua
("ranníocaíochtaí") mar atá léirithe sa dréacht‑togra seo,
seachas trí dheontas oibriúcháin, mar a dhéantar faoi láthair. Maidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha,
meastar gur cheart leanúint de dheontas oibriúcháin a thabhairt dóibh. Níl údar
cuí leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha
a eisiamh freisin ón gcóras deontas, i bhfianaise nach bhfuil sainiúlachtaí na
bpáirtithe polaitiúla Eorpacha san áireamh sna fondúireachtaí polaitiúla
Eorpacha. Ina theannta sin, nuair a chuirfear i bhfeidhm an Rialachán
Airgeadais, cuirfear deireadh le formhór na n‑ábhar imní a luaigh
Parlaimint na hEorpa maidir leis na deacrachtaí a bhí ag na fondúireachtaí sin
faoi Rialachán Airgeadais (CE) Uimh. 1605/2002[5] , agus ní bheidh gá le
maoluithe sonracha dá bhrí sin. Is fíor sin go háirithe i bhfianaise na deise
go bhfaighidh na fondúireachtaí méid iomlán an réamh‑mhaoinithe gan
ráthaíocht a chur isteach, agus go gcuirfidh siad le chéile cúlchistí
airgeadais óna bhfoinsí féin, toisc nach gcuirfear na méideanna atá sna
cúlchistí sin san áireamh chun críche comhlíonadh a fhíorú i dtaobh na rialach
neamhbhrabúis. Tá ranníocaíochtaí le páirtithe polaitiúla
Eorpacha bunaithe ar mhúnla atá cosúil leis an gcóras deontas ach a bhfuil na
sainiúlachtaí a thugtar thíos acu leis. Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i
gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha (ionadaithe páirtithe polaitiúla
agus fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach, saineolaithe náisiúnta agus
acadúla...). Ar deireadh, cuireadh an togra seo i láthair
mar dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin[6] an tráth céanna leis an togra
ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí
polaitiúla Eorpacha. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Teideal nua sa Rialachán
Airgeadais: "Ranníocaíochtaí le páirtithe polaitiúla Eorpacha" Bunaítear leis an togra Teideal VIII nua
i gCuid a Dó den Rialachán Airgeadais atá dírithe ar Ranníocaíochtaí le
páirtithe polaitiúla Eorpacha agus déanann sé na forálacha sonracha maidir le
páirtithe polaitiúla Eorpacha dá bhforáiltear faoi láthair i dTeideal VI
(deontais) de Chuid a hAon a aisghairm. 3.2. Modhnuithe móra i gcomparáid
leis an gcóras deontas reatha Tugtar isteach na heilimintí seo a leanas leis
an togra: 3.2.1. Deireadh a chur leis an
"clár bliantúil oibre" I bpointe 18
i dtuarascáil Giannakou, déantar tagairt do na glaonna a rinneadh maidir le
deireadh a chur leis an gclár oibre bliantúil do pháirtithe polaitiúla Eorpacha
agus luaitear nach n‑oireann an réamhchoinníoll sin dóibh agus nach
gceanglaítear é in aon reachtaíocht de chuid na mBallstát. Go háirithe,
éilíonn gníomhaíochtaí páirtithe polaitiúla i bhfad níos mó solúbthachta agus
freagartha i dtaobh cúrsaí reatha ná an córas deontas reatha, lena
gceanglaítear clár oibre bliantúil agus buiséad sealadach a chur isteach leis
an iarraidh ar chistiú. Ar an ábhar sin,
ba cheart na ranníocaíochtaí a dhámhachtain gan cláir oibre bliantúla ná
buiséid mheasta oibriúcháin. 3.2.2. Critéir incháilitheachta a
thabhairt isteach Tugadh critéir
incháilitheachta isteach le haghaidh páirtithe polaitiúla a chistiú i gcomhréir
leis an togra le haghaidh Rialacháin maidir le reacht agus cistiú páirtithe
polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. I gcleachtas, ba
cheart don oifigeach údarúcháin iarratas díreach a chur faoi bhráid Chlár na
bpáirtithe polaitiúla Eorpacha (arna bhunú i bParlaimint na hEorpa) ar
dheimhnithe lena ndearbhófar go bhfuil páirtithe polaitiúla Eorpacha cláraithe
go cuí agus go gcomhlíonann siad na gealltanais ábhartha (e.g. cuntais á gcur
isteach) agus nár cuireadh ar fionraí iad ná nach bhfuil siad faoi réir aon
phionóis riaracháin dá bhforáiltear sa togra le haghaidh Rialacháin
thuasluaite. 3.2.3. Deireadh a chur leis na
critéir roghnúcháin Ní cheanglófar
critéir roghnúcháin sa teideal nua, ós rud é gur bheag an luach a bhainfí as
fíorú a dhéanamh a fortiori ar chumas airgeadais agus oibriúcháin na
bpáirtithe polaitiúla Eorpacha ionadaíocht a dhéanamh ar na saoránaigh gan clár
oibre bliantúil ná buiséad measta a bheith curtha isteach. 3.2.4. Rialú ar a n‑oibleagáidí
reachtúla Tá foráil tugtha
isteach lena gceanglófar go sainráite nach mbeidh ar pháirtithe polaitiúla
Eorpacha a bheith faoi réir a dtoirmisc ón gClár ná faoi réir pionóis
riaracháin le linn na bliana airgeadais arna cumhdach ag an ranníocaíocht. Sna
cásanna sin, laghdófaí a ranníocaíochtaí nó chuirfí deireadh leo, agus
ghnóthófaí aon réamh‑mhaoiniú a íocadh. Ba cheart don
oifigeach údarúcháin an dearbhú sin a iarraidh ó Chlár Pharlaimint na hEorpa
sula n‑íocfaidh sé an t‑iarmhéid. 3.2.5. Rialuithe atá ar chaiteachas
agus nach bhfuil ar ghníomhaíochtaí Cé go bhfuiltear
ag leathnú amach ón gcóras reatha deontas, atá faoi réir clár oibre agus
buiséad measta a chur isteach, níor cheart breathnú air sin mar carte
blanche chun ceadú do pháirtithe polaitiúla mí-úsáid a bhaint as cistí an
AE. Cé gur cheart tacaíocht airgeadais a dhámhachtain gan clár oibre bliantúil
agus buiséad oibriúcháin measta, ba cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha
údar cuí a thabhairt ex post d'úsáid fhónta chistí an Aontais. Go háirithe, ba
cheart don oifigeach údarúcháin a fhíorú ar úsáideadh cistí an AE chun
caiteachas inaisíoctha a íoc, faoi mar a shuítear sa ghlaoch ar
ranníocaíochtaí, laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos sa Rialachán
seo. Shimpleodh an réiteach sin an iarraidh ar ranníocaíochtaí toisc nach
mbeadh gá cláir oibre bhliantúla ná buiséid mheasta a chur isteach, agus
cheadófaí do pháirtithe polaitiúla a ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme gan
stró agus iad a choigeartú in imeacht na bliana. 3.2.6. Teorainneacha ama le húsáid
chistí an AE I bpointe 24
i dtuarascáil Giannakou, iarrtar an deis cúlchistí a chur le chéile agus cistí
a thabhairt ar aghaidh. Ní chuireann an Teideal nua cosc ar pháirtithe
polaitiúla Eorpacha cistí a chur le chéile óna bhfoinsí féin. Ina theannta sin,
ba cheart solúbthacht éigin a bheith ann do pháirtithe polaitiúla Eorpacha
maidir leis na teorainneacha ama le cistí an AE arna ndámhachtain a úsáid. Dá
gcuirfí i bhfeidhm go dian an oibleagáid na cistí sin a úsáid sa bhliain
airgeadais inar dámhadh iad, bheadh sé deacair é a thabhairt chun réitigh leis
an ngá atá le páirtithe polaitiúla Eorpach a n‑acmhainní a chur in
oiriúint don timthriall toghchánach. Mar sin féin, ba
cheart cistí an AE nach bhfuil caite a úsáid laistigh de thréimhse réasúnta. Ba
cheart ranníocaíochtaí a dhéantar le páirtithe polaitiúla Eorpacha a chaitheamh
chun caiteachas inaisíoctha a chumhdach laistigh de dhá bhliain airgeadais tar
éis na bliana airgeadais dar ndámhadh iad (n+2) agus ina dhiaidh sin, ba cheart
don oifigeach údarúcháin aon chistí nár caitheadh a ghnóthú. 3.2.7. Cómhaoiniú Déanfar páirtithe polaitiúla Eorpach a
mhaoiniú de réir phrionsabal na cómhaoinithe arna bhunú le Rialachán xx/xxxx,
gan dochar don deis dá dtagraítear thuas aon chuid nár úsáideadh de
ranníocaíocht an AE a úsáid chun caiteachas inaisíoctha a chumhdach laistigh
den dá bhliain airgeadais tar éis a dhámhachtana. 3.2.8. Modhanna maoiniúcháin Amhail i gcás deontas, féadfar ranníocaíochtaí
a íoc trí chéatadán den chaiteachas arna thabhú a aisíoc, nó trí chóras ina n‑íocfar
cnapshuim réamhshainithe, costais aonaid, agus ráta comhréidh (forfaits).
3.2.9. 100 % réamh‑mhaoiniú Ba cheart ranníocaíochtaí a íoc in íocaíocht
réamh‑mhaoinithe amháin a chumhdaíonn 100 % den tsuim, ach amháin má
chineann an t‑oifigeach údarúcháin a mhalairt ar chúiseanna a bhfuil údar
cuí leo. 3.2.10. Ús ar réamh‑mhaoiniú De mhaolú ar Airteagal 5 den Rialachán
Airgeadais, ba cheart aon ús ar na méideanna réamh‑mhaoinithe a
bhraitheann páirtithe polaitiúla Eorpacha a úsáid chun caiteachas inaisíoctha a
úsáid laistigh den dá bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. 3.2.11. Córas pionós agus rialuithe Amhail i gcás deontas, ba cheart a áireamh sa
Teideal nua forálacha caighdeánacha maidir le rialú ar Pharlaimint na hEorpa,
ar an Oifig Frith‑Chalaoise Eorpach agus ar an gCúirt Iniúchóirí. Ba
cheart a áireamh ann freisin an córas pionós céanna (pionóis riaracháin agus
airgeadais) is infheidhme maidir le tairbhithe deontas. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Ní bheidh aon impleacht bhuiséadach ag an
modhnú atá beartaithe ar an Rialachán Airgeadais. 2012/0336 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i gcomhar leis an
gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go
háirithe Airteagal 106a de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[7], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá tábhacht le páirtithe
polaitiúla ar leibhéal Eorpach mar ghné ar mhaithe le lánpháirtiú laistigh den
Aontas. (2) In Airteagal 10 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 12(2) de Chairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dearbhaítear go gcuireann páirtithe polaitiúla
ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a mhúnlú agus le toil
pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. (3) An 4 Samhain 2003,
ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003
maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal
Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú[8]. (4) I rún uaithi an 6 Aibreán 2011
maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir
leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach
agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú[9], mhol Pharlaimint na hEorpa, i
bhfianaise na taithí a bhí aici, feabhsuithe áirithe ar mhaoiniú páirtithe
polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha. (5) An [...] ghlac Parlaimint na
hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. [...] maidir le reacht agus
cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha[10], Rialachán lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003. Leagtar síos leis an Rialachán sin
rialacha nua maidir le, inter alia, cistiú páirtithe polaitiúla agus
fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, go háirithe maidir le
coinníollacha cistiúcháin, modh agus leithdháileadh cistiúcháin, tabhartais
agus ranníocaíochtaí, maoiniú feachtas le haghaidh thoghcháin Pharlaimint na
hEorpa, caiteachas réasúnta, toirmeasc a chur ar chistiú, cuntais, cur chun
feidhme agus rialú, pionóis agus trédhearcacht. (6) Ba cheart a áireamh i
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha
airgeadais is infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais[11] (dá ngairtear "an
Rialachán Airgeadais" anseo feasta), rialacha maidir le ranníocaíochtaí
Pharlaimint na hEorpa le páirtithe polaitiúla Eorpacha. Leis na rialacha sin,
ba cheart a chur ar chumas páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach
tuilleadh solúbthachta a bheith acu maidir leis na teorainneacha ama chun na
ranníocaíochtaí sin a úsáid, faoi mar a éilíonn na cineálacha sin
gníomhaíochtaí. (7) Ní oireann an córas i dtaca
le tacaíocht airgeadais a sholáthar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha trí
bhíthin deontais oibriúchán dá bhforáiltear in Airteagal 125(6) den
Rialachán Airgeadais do riachtanais na bpáirtithe sin, go háirithe i ndáil leis
an gceanglas clár oibre bliantúil agus buiséad oibriúcháin measta a chur isteach,
ceanglas nach bhfuil ann i reachtaíocht na mBallstát. Dá bhrí sin, ba cheart
don tacaíocht a thugtar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a bheith i bhfoirm
ranníocaíochta sonraí, a fhreastalóidh ar riachtanais shonracha páirtithe
polaitiúla Eorpacha. (8) Cé go ndeonaítear tacaíocht
gan clár oibre bliantúil agus buiséad oibriúcháin measta, ba cheart do
pháirtithe polaitiúla Eorpacha údar cuí a léiriú ex post maidir le
húsáid fhónta chistí an Aontais. Go háirithe, ba cheart don oifigeach
údarúcháin a fhíorú ar úsáideadh na cistí chun caiteachas inaisíoctha a íoc,
faoi mar a shuítear sa ghlaoch ar ranníocaíochtaí, laistigh de na teorainneacha
ama atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ba cheart ranníocaíochtaí a dhéantar le
páirtithe polaitiúla Eorpacha a chaitheamh laistigh de dhá bhliain airgeadais
tar éis na bliana airgeadais inar deonaíodh iad agus ina dhiaidh sin ba cheart
don oifigeach údarúcháin aon chistiú nár caitheadh a ghnóthú. (9) Cistí an Aontais a dámhadh
chun costais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú, níor cheart
iad a úsáid chun críocha eile seachas na críocha sin atá bunaithe i Rialachán
(AE) Uimh. [...], go háirithe chun eintitis eile amhail páirtithe
polaitiúla náisiúnta a mhaoiniú go díreach nó go hindíreach. Ba cheart do pháirtithe
polaitiúla Eorpacha na ranníocaíochtaí a úsáid chun céatadán den chaiteachas
reatha agus de chaiteachas na todhchaí a íoc seachas caiteachas nó fiacha arna
dtabhú sular cuireadh isteach na hiarratais ar ranníocaíochtaí. (10) Ba cheart dámhachtain na
ranníocaíochtaí a shimpliú freisin agus a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na
bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe trí gan critéir roghnúcháin a
bheith ann, 100 % réamh‑mhaoiniú a bhunú mar riail ghinearálta nó an
deis cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus maoiniú costais aonaid a
úsáid. (11) Ba cheart na ranníocaíochtaí ó
bhuiséad an Aontais a laghdú nó deireadh a chur leo i gcás ina sáraíonn
páirtithe polaitiúla Eorpacha na hoibleagáidí atá leagtha síos i Rialachán (AE)
Uimh. [...]. (12) Ba cheart don institiúid
chéanna pionóis atá bunaithe ar an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE) Uimh. [...]
araon a fhorchur, agus ba cheart iad a fhorchur ar bhealach comhleanúnach agus
prionsabal non bis in idem á urramú. I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [...]
ní fhorchuirfear pionóis riaracháin agus/nó airgeadais dá bhforáiltear sa
Rialachán Airgeadais i gceann de na cásanna inar forchuireadh pionóis cheana
féin ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. [...]. (13) Ba cheart, dá bhrí sin, an
Rialachán Airgeadais a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012
mar seo a leanas: (1) I gCuid a dó, cuirtear Teideal VIII
isteach mar seo a leanas: "TEIDEAL VIII
RANNÍOCAÍOCHTAÍ LE PÁIRTITHE POLAITIÚLA EORPACHA Airteagal 204a
Forálacha ginearálta 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, ciallaíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha na heintitis atá bunaithe agus
cláraithe amhlaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [...] ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle (*). 2. Féadfar ranníocaíochtaí
díreacha airgeadais ón mbuiséad a dhámhachtain ar pháirtithe polaitiúla
Eorpacha i bhfianaise a róil i bhfeasacht pholaitiúil Eorpach a mhúnlú agus i
dtoil pholaitiúil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl. Airteagal 204b
Prionsabail 1. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí
ach chun céatadán de chostais oibriúcháin páirtithe polaitiúla Eorpacha a
aisíoc, ar costais iad atá nasctha go díreach le cuspóirí na bpáirtithe sin. Ní
úsáidfear ranníocaíochtaí chun aon bhuntáiste phearsanta a thabhairt go díreach
nó go hindíreach, in airgead tirim nó i gcomhchineál, d'aon bhall aonair nó
ball foirne de pháirtí polaitiúil Eorpach. 2. Ní úsáidfear ranníocaíochtaí
le gníomhaíochtaí tríú páirtithe a chistiú, go háirithe páirtithe polaitiúla
náisiúnta nó fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach nó an leibhéal
náisiúnta, is cuma an i bhfoirm deontas, tabhartas, iasachtaí nó aon
chomhaontuithe cosúla iad. 3. Beidh ranníocaíochtaí faoi
réir phrionsabail na trédhearcachta agus na córa comhionainne, i gcomhréir leis
na critéir atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [...]. 4. Dámhfaidh Parlaimint na
hEorpa ranníocaíochtaí ar bhonn bliantúil agus foilseofar iad i gcomhréir le hAirteagal 35(2). 5. Páirtithe polaitiúla Eorpacha
a fhaigheann ranníocaíocht, ní bhfaighidh siad cistí eile ón mbuiséad chun na
gcríoch céanna. Ní dhéanfar i gcás ar bith aon ítim costais a mhaoiniú faoi dhó
ón mbuiséad. Airteagal 204c
Gnéithe buiséadacha Íocfar ranníocaíochtaí ó chuid Pharlaimint na
hEorpa den bhuiséad. Airteagal 204d
Glaoch ar ranníocaíochtaí 1. Dámhfar ranníocaíochtaí trí
bhíthin glaoch ar ranníocaíochtaí a fhoilseofar gach bliain, ar shuíomh
gréasáin Pharlaimint na hEorpa ar a laghad. 2. Ní féidir ach ranníocaíocht
amháin in aghaidh na bliana a dhámhachtain ar pháirtí polaitiúil Eorpach. 3. Ní féidir le páirtí
polaitiúil Eorpach ranníocaíocht a fháil ach amháin má dhéanann sé iarratas ar
chistiú ar na téarmaí agus na coinníollacha atá leagtha síos sa ghlaoch ar
ranníocaíochtaí. 4. Cinnfear sa ghlaoch ar
ranníocaíochtaí na critéir incháilitheachta atá le comhlíonadh ag an
iarratasóir mar aon leis na critéir eisiaimh. 5. Cinnfear sa ghlaoch ar
ranníocaíochtaí, ar a laghad, an cineál caiteachais is féidir a aisíoc leis an
ranníocaíocht. Airteagal 204e
Nós imeachta um dhámhachtain 1. Déanfar na hiarratais ar
ranníocaíocht a chur isteach i scríbhinn, lena n‑áirítear, más iomchuí, i
bhformáid leictreonach slán. 2. Ní dhámhfar ranníocaíochtaí
ar iarratasóirí, tráth an nós imeachta um dhámhachtain na ranníocaíochta, a
mbaineann aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 106(1) agus
Airteagal 107 agus pointe (a) d'Airteagal 109(1) leo, ná ar
iarratasóirí atá cláraithe sa bhunachar sonraí lárnach maidir le heisiamh dá
dtagraítear in Airteagal 108. 3. Ní mór d'iarratasóirí a
dheimhniú nach mbaineann ceann de na cásanna dá dtagraítear i mír 2 leo. 4. Dámhfar ranníocaíochtaí trí
bhíthin comhaontú ranníocaíochtaí nó cinnidh mar atá sonraithe sa ghlaoch ar
ranníocaíochtaí. 5. Féadfaidh coiste a bheith de
chúnamh ar an oifigeach údarúcháin chun measúnú a dhéanamh ar an gcinneadh
dámhachtana agus chun é a ghlacadh. Sonróidh an t‑oifigeach údarúcháin na
rialacha maidir le comhdhéanamh, ceapadh agus feidhmiú an choiste sin, agus
rialacha chun coinbhleacht leasa a sheachaint. Airteagal 204f
Nós imeachta meastóireachta 1. Roghnófar iarratais ar bhonn
na gcritéar dámhachtana atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. [...]
as measc iarratas a urramaíonn na critéir incháilitheachta agus eisiaimh. 2. Cinnfear sna critéir
incháilitheachta na coinníollacha faoina mbeidh iarratasóir in ann
ranníocaíocht a fháil de réir na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [...].
3. Luafar i gcinneadh an
oifigigh údarúcháin atá freagrach an méid seo a leanas ar a laghad: (a)
an t‑ábhar agus méid foriomlán na
ranníocaíochta; (b)
ainm na n‑iarratasóirí arna roghnú agus na
méideanna arna nglacadh; (c)
ainmneacha aon iarratasóirí arna ndiúltú agus na
cúiseanna leis an diúltú sin. 4. Cuirfidh an t‑oifigeach
údarúcháin atá freagrach an cinneadh maidir lena n‑iarratas in iúl do na
hiarratasóirí i scríbhinn. Má dhiúltaítear an iarraidh ar ranníocaíocht nó mura
ndámhtar na méideanna arna n‑iarraidh i bpáirt nó ina n‑iomláine,
tabharfadh an t‑oifigeach údarúcháin na cúiseanna le diúltú an iarratais
nó le gan na méideanna arna n‑iarraidh a dhámhachtain, ag tagairt go
háirithe do na critéir incháilitheachta agus dámhachtana dá dtagraítear i
mír 1 agus i mír 2. Airteagal 204g
Na cineálacha ranníocaíochtaí 1. Féadfar ranníocaíochtaí a
dhéanamh sna foirmeacha seo a leanas: (a)
aisíocaíocht ar chéatadán den chaiteachas iarbhír
arna thabhú; (b)
aisíocaíocht ar bhonn costas aonaid; (c)
cnapshuimeanna; (d)
maoiniú ar ráta comhréidh; (e)
meascán de na cineálacha ranníocaíochtaí dá
dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d). 2. Ní féidir ach an caiteachas a
chomhlíonann na critéir arna mbunú sna glaonna ar ranníocaíochtaí agus nár
tabhaíodh roimh an dáta ar a gcuirtear an t‑iarratas isteach a aisíoc. Airteagal 204h
Rialacha maidir le ranníocaíocht 1. Cumhdóidh cnapshuimeanna, i
dtéarmaí domhanda, caiteachas áirithe is gá chun gníomhaíocht shonrach de chuid
an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a thabhairt i gcrích. Ní úsáidfear
cnapshuimeanna ach in éineacht le cineálacha eile ranníocaíochtaí. 2. Cumhdóidh costas aonaid
catagóirí ar fad nó catagóirí sonracha caiteachais inaisíoctha arna sonrú go
soiléir roimh ré, trí thagairt a dhéanamh do mhéid in aghaidh an aonaid. 3. Cumhdóidh maoiniú ar ráta
comhréidh catagóirí sonracha de chaiteachas inaisíoctha arna sonrú go soiléir
roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm. 4. I gcás ina n‑úsáidtear
cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid, saineofar iad sa
ghlaoch ar ranníocaíochtaí. Áireofar sa chomhaontú nó sa chinneadh maidir le
ranníocaíochtaí, forálacha lena bhfíorófar gur urramaíodh na coinníollacha
maidir le cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh nó costais aonaid a
dhámhachtain. Airteagal 204i
Réamh‑mhaoiniú Íocfar na ranníocaíochtaí i bhfoirm réamh‑mhaoinithe
100 %, ach amháin má chinneann an t‑oifigeach údarúcháin, i gcásanna
a bhfuil údar cuí leo, a mhalairt. Airteagal 204j
Ráthaíochtaí Féadfaidh an t‑oifigeach údarúcháin atá
freagrach, má mheasann sé é a bheith iomchuí agus comhréireach, ar bhonn cás ar
chás agus faoi réir anailíse riosca, a cheangal ar an bpáirtí polaitiúil
Eorpach ráthaíocht a chur isteach roimh ré chun na rioscaí airgeadais a
bhaineann le réamh‑mhaoiniú a íoc a theorannú i gcás, faoi réir a
mheasúnaithe riosca, go bhfuil gar-riosca ann go mbeidh an páirtí polaitiúil i
gceann amháin de na cásanna a bhfuil tuairisc orthu i bpointí (a) agus (d)
d'Airteagal 106(1), agus sa chás sin amháin, nó i gcás ina dtionscnaíonn
Parlaimint na hEorpa go foirmiúil nós imeachta riaracháin a bhféadfadh
toirmeasc agus/nó aisghairm a ranníocaíochta a bheith mar thoradh leis. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na
forálacha atá leagtha síos in Airteagal 134 maidir leis an ráthaíocht réamh‑mhaoinithe
do dheontais i ndáil le ráthaíochtaí a d'fhéadfaí a cheangal sna cásanna dá
bhforáiltear sa mhír thuas i gcás íocaíochtaí réamh‑mhaoinithe a dhéantar
le páirtithe polaitiúla Eorpacha. Airteagal 204k
Úsáid ranníocaíochtaí 1. Déanfar ranníocaíochtaí a
chaitheamh i gcomhréir le hAirteagal 204b. 2. Déanfar aon chuid den
ranníocaíocht nach n‑úsáidtear laistigh den bhliain airgeadais arna
cumhdach leis an ranníocaíocht sin a chaitheamh ar aon chaiteachas inaisíoctha
arna thabhú faoin 31 Nollaig de bhliain n+2. Gnóthófar an chuid
eile den ranníocaíocht nach gcaitear laistigh den teorainn ama n+2 i
gcomhréir le Caibidil 5 de Chuid a hAon. 3. Urramóidh páirtithe
polaitiúla Eorpacha an t‑uasráta cómhaoinithe arna bhunú i Rialachán
xx/xxxx. Ní fhéadfar an méid atá fágtha de ranníocaíochtaí an dá bhliain roimhe
sin a úsáid chun an chuid nach mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha a sholáthar
óna n‑acmhainní féin a mhaoiniú. 4. I dtús báire, úsáidfidh
páirtithe polaitiúla Eorpacha na cistí nár úsáideadh sa bhliain airgeadais arna
cumhdach leis an ranníocaíocht sula n‑úsáidfidh siad na ranníocaíochtaí
arna ndámhachtain tar éis na bliana sin. 5. Measfar gur cuid de
ranníocaíocht an Aontais aon ús ar na híocaíochtaí réamh‑mhaoinithe. Airteagal 204l
Tuarascáil maidir le húsáid na ranníocaíochtaí I gcomhréir leis na coinníollacha agus leis na
teorainneacha ama arna leagan síos sa ghlaoch ar ranníocaíochtaí, cuirfidh an
páirtí polaitiúil Eorpach a chuntais agus tuarascáil deiridh maidir le húsáid
na ranníocaíochta faoi bhráid an oifigigh údarúcháin lena bhformheas. Dréachtóidh an t‑oifigeach údarúcháin an
tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 66(9) ar
bhonn na gcuntas agus na tuarascála deiridh dá dtagraítear sa chéad mhír.
Féadfaidh sé aon doiciméid tacaíochta eile a úsáid chun críocha a thuarascála. Airteagal 204m
An t‑iarmhéid a íoc 1. Ní dhéanfar cinneadh deiridh
maidir le méid na ranníocaíochta go dtí go bhfuil an tuarascáil deiridh agus na
cuntais dá dtagraítear in Airteagal 204l glactha ag an oifigeach
údarúcháin. Glacfar an tuarascáil agus na cuntais gan dochar do sheiceálacha a
dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin. 2. Ní dhéanfar cinneadh deiridh
maidir leis an méid den réamh‑mhaoiniú nach bhfuil caite go dtí go bhfuil
an réamh‑mhaoiniú úsáidte ag an bpáirtí polaitiúil Eorpach chun
caiteachas inaisíoctha a íoc 3. I gcás ina dteipeann ar an
bpáirtí polaitiúil Eorpach na hoibleagáidí a bhaineann le húsáid na
ranníocaíochta a chomhlíonadh, déanfar na ranníocaíochtaí a fhionraí, a laghdú
nó deireadh a chur leo tar éis an deis a thabhairt don pháirtí polaitiúil
Eorpach a bharúlacha a chur i láthair. 4. Sula ndéanfar an t‑iarmhéid
a íoc, fíoróidh an t‑oifigeach údarúcháin go bhfuil an páirtí polaitiúil
Eorpach cláraithe fós sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán
(AE) Uimh. [...] agus nach raibh sé faoi réir aon cheann de na pionóis dá
bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán sin idir dáta a chur i bhfeidhm
agus deireadh na bliana airgeadais arna cumhdach leis an ranníocaíocht. 5. I gcás nach bhfuil an páirtí
polaitiúil Eorpach cláraithe a thuilleadh sa Chlár dá dtagraítear in Airteagal 6
de Rialachán (AE) Uimh. [...] nó i gcás ina raibh sé faoi réir aon cheann
de na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 22 den Rialachán sin, féadfaidh
an t‑oifigeach údarúcháin atá freagrach an ranníocaíocht a fhionraí, a
laghdú nó deireadh a chur léi agus méideanna a íocadh go míchuí faoin
gcomhaontú nó faoin gcinneadh deontais a ghnóthú, i gcomhréir le tromchúis na n‑earráidí,
na mírialtachtaí, na calaoise, nó sáraithe ar bith eile ar na hoibleagáidí a
bhaineann le húsáid na ranníocaíochta, tar éis an deis a thabhairt don pháirtí
polaitiúil a bharúlacha a chur i láthair. Airteagal 204n
Rialú agus pionóis 1. I ngach comhaontú nó cinneadh
i dtaca le ranníocaíocht, déanfar foráil shainráite maidir le feidhmiú
chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise agus
na Cúirte Iniúchóirí maidir le rialú, ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar
na páirtithe polaitiúla Eorpacha agus na conraitheoirí agus fochonraitheoirí ar
fad a fuair cistí ón Aontas. 2. Féadfaidh an t‑oifigeach
údarúcháin pionóis riaracháin agus airgeadais atá éifeachtach, comhréireach
agus athchomhairleach a fhorchur ar iarratasóirí, i gcomhréir le hAirteagal 109
den Rialachán seo, gan dochar d'Airteagal 22(7) de Rialachán (AE) Uimh. [...].
3. Féadfar na pionóis dá
dtagraítear i mír 2 a fhorchur freisin ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha a
rinne, tráth a cuireadh isteach an t–iarratas ar ranníocaíocht nó tar éis an
ranníocaíocht a fháil, dearbhuithe bréagacha agus an fhaisnéis a d'iarr an t‑oifigeach
údarúcháin á soláthar nó ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha nár sholáthar an
fhaisnéis sin. Airteagal 204o
Taifid a choinneáil 1. Coinneoidh na páirtithe
polaitiúla Eorpach taifid, doiciméid tacaíochta, agus taifid eile is ábhartha
maidir leis an ranníocaíocht ar feadh cúig bliana tar éis an tuarascáil deiridh
agus na cuntas dá dtagraítear in Airteagal 204l a chur isteach. 2. Coinneofar taifid a bhaineann
le hiniúchóireachtaí, achomhairc, dlíthíocht nó réiteach éileamh a eascraíonn
as úsáid na ranníocaíochta go dtí go dtiocfaidh deireadh leis na
hiniúchóireachtaí, na hachomhairc, an dlíthíocht nó réiteach na n‑éileamh
sin. ___________________ (*) IO L […] " (2) Cuirtear
pointe (j) isteach i mír 2 d'Airteagal 121 mar seo a leanas: " (j) ranníocaíochtaí leis na páirtithe
polaitiúla Eorpacha dá dtagraítear i dTeideal VIII de Chuid a Dó." (3) Scriostar
an dara fomhír d'Airteagal 125(3) agus mír 6 d'Airteagal 125. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go
díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Rialachán (AE, Euratom)
Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is
infheidhme i ndáil le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n‑aisghairtear
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle. (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.) [2] COM 499/2012 final, 12.9.2012 [3] Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir
leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach
agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú. (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1) [4] "Maidir le cur i bhfeidhm
Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena
rialaítear páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach agus maidir leis na
rialacha a bhaineann lena gcistiú an 15 Márta 2011" – (2010/2201 INI) [5] Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002
an 25 Meitheamh 2002 (IO L 248, 16.9.2002, lch. 1), [6] Doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin COM 500/2012 final, 19.9.2012
lena réamhfhíoraítear an togra le haghaidh leasú ar an Rialachán Airgeadais
lena dtugtar isteach teideal nua maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla
Eorpacha. [7] IO […], […], lch. […]. [8] IO L 297, 15.11.2003,
lch. 1. [9] 2010/2201 (INI). [10] IO L … [11] IO L 298, 26.10.2012, lch 1.