Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach) maidir lena idirghníomhú le Rialachán (AE) Uimh. .../... ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach i ndáil le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa /* COM/2012/0512 final - 2012/0244 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn
stóinseacht earnáil na baincéireachta nasctha go dlúth leis an mBallstát ina
bhfuil sí bunaithe. Is cúis é an imní atá ar dhaoine i ndáil le
hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí, ionchais maidir le fás eacnamaíoch agus
inmharthanacht na n-institiúidí creidmheasa, le treochtaí diúltacha margaidh a
bhfuil drochthionchar acu ar a chéile leis. D'fhéadfadh sé a bheith mar thoradh
air sin go mbeidh rioscaí ann d'inmharthanacht institiúidí creidmheasa áirithe
agus do chobhsaíocht an chórais airgeadais, agus d'fhéadfaí ualach trom a chur
freisin ar airgeadas poiblí na mBallstát lena mbaineann, atá faoi bhrú cheana
féin. Baineann rioscaí ar leith leis an staid seo i
limistéar an euro. De bharr airgeadra aonair a bheith ann, is mó an seans go
gcuirfí forbairt eacnamaíoch agus cobhsaíocht limistéar an euro ina iomláine i
mbaol de bharr forbairtí i mBallstát amháin. Ina theannta sin, toisc an baol
atá ann go dtitfidh cúrsaí airgeadais as a chéile feadh na dteorainneacha
náisiúnta, tá an bonn á bhaint den mhargadh aonair le haghaidh seirbhísí
airgeadais agus tá sé á chosc ar chabhrú le téarnamh eacnamaíoch. Chuidigh bunú an Údaráis Bhaincéireachta
Eorpaigh (ÚBE), le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena
mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Baincéireachta Eorpach), agus
bunú an Chórais Eorpaigh um Maoirseacht Eorpach cheana féin le comhar
feabhsaithe a chur chun cinn idir na maoirseoirí náisiúnta agus le forbairt
leabhair rialacha aonair do sheirbhísí airgeadais san AE. Mar sin féin,
déantar maoirseacht ar bhainc laistigh de theorainneacha náisiúnta den chuid is
mó fós agus, dá bhrí sin, teipeann uirthi cos a choinneáil leis na margaí
baincéireachta comhtháite. Tá muinín in earnáil baincéireachta an AE ídithe go
mór de dheasca mar a theip ar iarrachtaí maoirseachta ó thosaigh an ghéarchéim
baincéireachta, agus cuireann sé sin leis an teannas i margaí fiachais
cheannasaigh i limistéar an euro. Dá bhrí sin, mar chuid d'fhís fhadtéarmach i
ndáil le comhtháthú eacnamaíoch agus fioscach, d'iarr an Coimisiún i mí na
Bealtaine 2012 aontas baincéireachta a bhunú chun muinín an phobail sna
bainc agus san euro a athbhunú. Ba cheart é a bheith mar phríomhghné den aontas
baincéireachta sásra aonair maoirseachta a bheith ann a dhéanfaidh
formhaoirseacht dhíreach ar bhainc, rialacha stuamachta a fhorfheidhmiú ar
bhealach dian agus neamhchlaonta agus a dhéanfaidh formhaoirseacht éifeachtach
ar mhargaí baincéireachta trasteorann. Má áirithítear go gcloíonn maoirseacht
baincéireachta ar fud limistéar an euro le hardchaighdeáin choiteanna,
cuideoidh sé sin leis an muinín is gá a bhunú idir na Ballstáit, rud atá ina
réamhchoinníoll le haon chúlstacáin choiteanna a thabhairt isteach. Ag cruinniú mullaigh limistéar an euro an 29 Meitheamh 2012,
d'iarr na Ceannairí Stáit nó Rialtais ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh chun
sásra aonair maoirseachta a bhunú go luath. Agus an sásra sin i bhfeidhm do na
bainc i limistéar an euro, d'fhéadfadh an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht, tar
éis cinnidh rialta, athchaipitliú díreach a dhéanamh ar na bainc. I gconclúidí
na Comhairle Eorpaí ón gcruinniú a tionóladh an 28/29 Meitheamh 2012,
cuireadh in iúl gur cheart an ráiteas sin faoi limistéar an euro agus na tograí
a thíolacfaidh an Coimisiún dá réir sin, gur cheart go gcuirfear san áireamh
iontu forbairt plean oibre shonraigh uainithe d'fhonn fíor-Aontas Eacnamaíoch
agus Airgeadaíochta a bhaint amach. Faoin sásra nua sin, tabharfaidh an BCE faoi
réimse leathan príomhchúraimí maoirseachta i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa
sna Ballstáit atá i limistéar an euro. D'fhonn
an margadh inmheánach a chothabháil agus a neartú, ceadófar do Bhallstáit eile
dul i ndlúthchomhar leis an BCE. Chun ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a
sheachaint tar éis an sásra aonair maoirseachta a bhunú, ní foláir feidhmiú cuí
an ÚBE a áirithiú. Ba cheart ról an ÚBE a
chaomhnú, dá bhrí sin, chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an leabhar rialacha
aonair agus chun a áirithiú go ndéanfar cleachtais mhaoirseachta a chóineasú ar
fud an AE. Sa bhreis ar an togra le haghaidh Rialacháin
ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a
bhaineann le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa i
gcomhréir le hAirteagal 127(6) CFAE, tugtar isteach leis an togra seo
leasuithe spriocdhírithe ar an Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach
Baincéireachta. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tá sé curtha san áireamh ag an gCoimisiún an
anailís a rinneadh i gcomhthéacs ghlacadh an 'phacáiste maoirseachta' lenar
cruthaíodh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha, a rinne measúnú ar na gnéithe
oibríochtúla, rialachais, airgeadais agus dlíthiúla ar fad a bhaineann le sásra
aonair maoirseachta a bhunú. Ní raibh sé indéanta measúnú tionchair foirmiúil a
ullmhú laistigh den am a leagadh síos ag cruinniú mullaigh limistéar an euro an
29 Meitheamh. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114
CFAE ós rud é go ndéanann sé leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a
glacadh faoin mbunús dlí céanna. Tá an togra teoranta do choigeartú a dhéanamh
ar na rialacha mionsonraithe maidir le nós imeachta faoina bhfeidhmíonn an ÚBE,
chun a chur san áireamh na cúraimí maoirseachta atá tugtha don BCE agus chun a
áirithiú gur féidir leis an ÚBE leanúint dá fheidhmeanna a shaothrú chun
sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú ordúil an mhargaidh inmheánaigh do
sheirbhísí airgeadais a chosaint agus chun cobhsaíocht an chórais airgeadais
laistigh den mhargadh inmheánach a chothabháil. Ní chuireann sé isteach ar
chothromaíocht na n‑inniúlachtaí ábhartha idir an ÚBE agus na húdaráis
náisiúnta. Ní théann na forálacha sa togra thar a bhfuil riachtanach chun na
cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Tá an togra, dá bhrí sin, i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach
in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 4. Míniú mionsonraithe ar an Togra Cumhachtaí
an ÚBE, go háirithe i gcás idirghabhála ceangailtí/éigeandálaí Leasaítear an fhoclaíocht in Airteagal 4,
Airteagal 18(1) agus in Airteagal 35(1) go (3) chun a áirithiú gur
féidir leis an ÚBE a chúraimí i ndáil leis an BCE a chur i gcrích, trína
shoiléiriú go n-áirítear i gcoincheap na 'n-údarás inniúil' an BCE freisin, mar
atá sna hairteagail eile a dhéanann tagairt do 'údaráis inniúla'. Chun a áirithiú gur féidir leis an ÚBE a
chúraimí a chur i gcrích chun easaontais a réiteach agus chun gníomhú in
éigeandálaí i ndáil leis an BCE freisin, in Airteagal 18 agus in Airteagal 19,
cuirtear isteach mír 18(3a) agus mír 19(3a) chun foráil a dhéanamh maidir le
nós imeachta sonrach i ndáil leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an ÚBE faoi Airteagal 18(3)
nó faoi Airteagal 19(3). Foráiltear sa nós imeachta sin go mbeidh ar an
BCE cúiseanna a thabhairt mura gcomhlíonann sé beart de chuid an ÚBE maidir le
heasaontas a réiteach nó chun dul i ngleic le héigeandáil. Cé nach dóchúil é, i
gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha leagtha amach i ndlí an Aontais atá
infheidhme go díreach, féadfaidh an ÚBE cinneadh aonair a ghlacadh atá dírithe
ar an institiúid airgeadais lena mbaineann chun a bheart a fhorfheidhmiú, agus
bítear ag súil de ghnáth go ndéanfaidh sé amhlaidh. Áiritheofar leis sin go
bhforfheidhmeofar ina iomláine réiteach easaontais ag an ÚBE agus gníomhú an
ÚBE in éigeandáil. Rialacha mionsonraithe maidir le vótáil Toisc gurb é an BCE a dhéanfaidh seasamh na
mBallstát i limistéar an euro a chomhordú, beidh athbhreithniú ag teastáil ar
na rialacha mionsonraithe maidir le vótáil dá ndéantar foráil faoi láthair sa
rialachán ÚBE, chun a áirithiú go nglactar cinntí an ÚBE ar mhaithe leis an
margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chothabháil agus a neartú. Faoin Rialachán ÚBE, glacann an Bord
Maoirseoirí cinntí maidir le cúrsaí rialála (caighdeáin cheangailteacha
theicniúla, treoirlínte agus moltaí dá bhforáiltear in Airteagail 10, 15 agus
16, agus cinntí chun srianta ar ghníomhaíochtaí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 9.5
a mheas an athuair) agus maidir le cúrsaí buiséadacha (Caibidil VI) ar
bhonn tromlaigh cháilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4)
den CAE agus Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha
idirthréimhseacha. Glacann an Bord Maoirseoirí cinntí maidir le
saincheisteanna eile (e.g. maidir le sárú dlí de réir Airteagal 17,
réiteach easaontais faoi Airteagal 19, agus maidir leis an mBord
Bainistíochta a thoghadh) le tromlach simplí de na comhaltaí a bhfuil vóta acu
de réir na rialach 'vóta amháin an duine'. Mura dtagann athrú ar na cearta vótála, ní
féidir a áirithiú gur ar mhaithe le leasanna an Aontais ina iomláine a bheidh
na cinntí a ghlacfaidh tromlach simplí. Ní foláir, dá bhrí sin, na socruithe
vótála a choigeartú i gcásanna áirithe ina bhfuil tromlach simplí chun a
áirithiú go gcaomhnaítear sláine an mhargaidh inmheánaigh ach nach gcuirtear
bac ar chumas cinnteoireachta an ÚBE. Is é an rogha is fearr i ndáil leis an
gcuspóir sin a bhaint amach, cumhachtaí cinnteoireachta a thabhairt do phainéal
neamhspleách agus foráil a dhéanamh maidir le tromlach aisiompaithe láidir a
áiritheoidh go dtacaíonn na Ballstáit atá i limistéar an euro agus na Ballstáit
nach bhfuil i limistéar an euro leis an togra arna réiteach ag an bpainéal
neamhspleách. Áiritheofar leis sin freisin nach féidir leis na Ballstáit i
limistéar an euro mionlach blocála a bheith acu i gcás beart a dhéantar ina
gcoinne. Leasaítear Airteagal 41 den Rialachán ÚBE
chun cumhachtaí cinnteoireachta níos mó a thabhairt don phainéal neamhspleách i
ndáil le sáruithe ar dhlí an AE agus réiteach easaontas, agus chun rialacha
maidir lena chomhdhéanamh a oiriúnú dá réir sin. Leasaítear Airteagal 44 den Rialachán ÚBE
chun go bhforálfar go nglacfar na cinntí arna moladh ag an bpainéal
neamhspleách ach amháin má dhiúltaíonn tromlach simplí dóibh, tromlach ina
mbeidh trí vóta ar a laghad ó na Ballstáit rannpháirteacha agus na Ballstáit
nach Ballstáit rannpháirteacha iad. Cuirtear foráil shonrach leis maidir leis
an bpainéal neamhspleách a cheapadh. Comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta I bhfianaise thionchar cinntitheach chomhaltaí
na mBallstát atá páirteach sa sásra aonair maoirseachta nó a fheidhmíonn i
ndlúthchomhar leis agus an Bord Bainistíochta á thoghadh (tromlach simplí na
gcomhaltaí atá i láthair), ní fhéadfadh ionadaíocht iomchuí a bheith ag
comhaltaí na mBallstát nach bhfuil páirteach sa sásra aonair maoirseachta ar an
mBord Bainistíochta. Chun cothromaíocht i gcomhdhéanamh an Bhoird
Bhainistíochta a áirithiú, a léireoidh an AE ina iomláine agus ina n-áireofar
na Ballstáit nach bhfuil páirteach sa sásra aonair maoirseachta, déanann an
togra leasú ar chomhdhéanamh Bhord Bainistíochta an ÚBE chun a áirithiú go
mbeidh ar a laghad beirt chomhalta ó na Ballstáit nach bhfuil páirteach sa
sásra aonair maoirseachta ar an mBord Bainistíochta. Leasaítear Airteagal 45 den Rialachán
ÚBE, dá bhrí sin, chun a áirithiú go bhfuil ar an mBord Bainistíochta dhá
Bhallstát ar a laghad nach bhfuil rannpháirteach sa sásra aonair maoirseachta. Athbhreithniú ar rialacha mionsonraithe
maidir le vótáil i bhfianaise forbairtí amach anseo Ar deireadh, chun athruithe ar líon na
mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, nó a bhfuil a n-údaráis
inniúla ag feidhmiú i ndlúthchomhar le hAirteagal 6 de Rialachán .../...,
a chur san áireamh, ní mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na
forálacha atá beartaithe chun féachaint an bhfuil gá le tuilleadh coigeartuithe
i bhfianaise na n‑athruithe sin, lena áirithiú go ndéantar cinntí an ÚBE
d'fhonn an margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais a chothabháil agus a
neartú. 5. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon
impleachtaí ag an togra do bhuiséad an AE. 2012/0244 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE)
Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás
Baincéireachta Eorpach) maidir lena idirghníomhú le Rialachán (AE)
Uimh. .../... ón gComhairle lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc
Ceannais Eorpach i ndáil le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta a
dhéanamh ar institiúidí creidmheasa TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[1],
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) An 29 Meitheamh 2012, d'iarr
Ceannairí Stáit nó Rialtais limistéar an euro ar an gCoimisiún tograí a
thíolacadh chun foráil a dhéanamh maidir le sásra aonair maoirseachta a mbeidh
baint ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) leis. I gconclúidí na Comhairle Eorpaí
an 29 Meitheamh 2012, tugadh cuireadh d'Uachtarán na Comhairle Eorpaí plean
oibre sonrach uainithe a fhorbairt i ndlúthchomhar le hUachtarán an
Choimisiúin, le hUachtarán an Eurogroup agus le hUachtarán an BCE, d'fhonn
fíor-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a bhaint amach, plean ina n‑áireofar
tograí nithiúla maidir le haontachas agus sláine an mhargaidh aonair a chaomhnú
sna seirbhísí airgeadais, agus ina gcuirfear san áireamh an ráiteas faoi
limistéar an euro agus rún an Choimisiúin tograí atá bunaithe ar Airteagal 127
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thabhairt isteach. (2) Is é an fhoráil seo maidir le
sásra aonair maoirseachta an chéad chéim i dtreo aontas baincéireachta Eorpach
a bhunú, aontas a mbeidh mar bhunús aige leabhar rialacha aonair dílis le
haghaidh na seirbhísí airgeadais agus a bheidh comhdhéanta freisin de scéim i
leith árachais taiscí agus creat réitigh. (3) Chun foráil a dhéanamh maidir
leis an sásra aonair maoirseachta, tugann Rialachán (AE) Uimh. .../...[3] [127(6) Rialachán] ón
gComhairle cúraimí sonracha don BCE maidir le beartais a bhaineann le
maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa sna Ballstáit a
bhfuil an euro mar airgeadra acu. Féadfaidh Ballstáit eile a bheith páirteach i
ndlúthchomhar leis an BCE. Faoin Rialachán sin, tá an BCE le seasamh na
mBallstát sin a chomhordú agus a chur in iúl maidir leis na cinntí atá le glacadh
ag Bord Maoirseoirí an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaí (ÚBE) agus a thagann faoi
chuimsiú chúraimí an BCE. (4) Níor cheart go gcuirfeadh sé
isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse na seirbhísí airgeadais
cúraimí maoirseachta a thabhairt don BCE san earnáil baincéireachta i gcás
roinnt de na Ballstáit san Aontas. Ní foláir, dá bhrí sin, feidhmiú cuí an ÚBE
a áirithiú tar éis na cúraimí sin a thabhairt. (5) I bhfianaise na gcúraimí
maoirseachta arna dtabhairt don BCE le Rialachán (AE) Uimh. .../...
[127(6) Rialachán] ón gComhairle, ba cheart go mbeadh an ÚBE in ann a chúraimí
i ndáil leis an BCE a chomhlíonadh freisin. Chun a áirithiú go bhfanann na
sásraí atá ann cheana i ndáil le heasaontais a réiteach agus na gníomhaíochtaí
i gcás éigeandálaí de bheith éifeachtach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le
nós imeachta sonrach. Go háirithe, mura gcomhlíonann an BCE beart de chuid an
ÚBE maidir le easaontas a réiteach nó chun dul i ngleic le héigeandáil, ba
cheart go mbeadh dualgas air cúiseanna a thabhairt. Sa chás sin, i gcás inar
féidir leis an ÚBE, bunaithe ar cheanglais atá leagtha amach i ndlí an Aontais
is infheidhme go díreach, cinneadh aonair a ghlacadh atá dírithe ar an
institiúid airgeadais lena mbaineann, ba cheart go ndéanfadh sé amhlaidh (6) Chun a áirithiú go bhfuil
leasanna na mBallstát ar fad á gcur san áireamh ar bhealach cuí, agus chun gur
féidir leis an ÚBE feidhmiú go cuí d'fhonn an margadh inmheánach i réimse na
seirbhísí airgeadais a chothabháil agus a threisiú, ba cheart na rialacha
mionsonraithe maidir le vótáil ar an mBord Maoirseoirí a oiriúnú, go háirithe i
ndáil le cinntí arna nglacadh ag an ÚBE le tromlach simplí. (7) Ba cheart do phainéal
neamhspleách atá comhdhéanta de chomhaltaí an Bhoird Mhaoirseoirí a bhfuil vóta
acu agus nach mbaineann coinbhleacht leasa dóibh, arna cheapadh ag an mBord
Maoirseoirí, scrúdú a dhéanamh ar chinntí a bhaineann le sáruithe ar dhlí an
Aontais agus ar réiteach easaontas. Ba cheart glacadh leis go bhfuil cinntí
arna moladh ag an bpainéal don Bhord Maoirseoirí glactha ach amháin má
dhiúltaíonn tromlach simplí dóibh, tromlach ina mbeidh dóthain vótaí ó
chomhaltaí ó Bhallstáit atá páirteach sa sásra aonair maoirseachta agus ó
Bhallstáit nach bhfuil páirteach sa sásra aonair maoirseachta. (8) Níor cheart a mheas go
mbaineann coinbhleacht leasa do chomhaltaí den phainéal neamhspleách arna bhunú
de réir Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 díreach
toisc gur ionadaithe iad de na húdaráis inniúla ar cuid den sásra aonair
maoirseachta iad agus go mbaineann an cás a bhfuil cinneadh le déanamh ag an
bPainéal ina leith leis an sásra aonair maoirseachta sin. Ba cheart don ÚBE
rialacha nós imeachta a fhorbairt don phainéal a áiritheoidh go mbeidh
sé neamhspleách agus oibiachtúil. (9) Ba cheart cothromaíocht a
bheith i gcomhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta agus ba cheart go ndéanfadh sé
ionadaíocht chuí do na Ballstáit nach bhfuil páirteach sa sásra aonair
maoirseachta. (10) Chun a áirithiú go
bhfeidhmíonn an ÚBE go cuí agus go dtugtar ionadaíocht leordhóthanach do na
Ballstáit ar fad, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha
mionsonraithe maidir le vótáil, ar chomhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta, agus
ar chomhdhéanamh an phainéil neamhspleách agus an t‑athbhreithniú sin a
dhéanamh tar éis tréimhse iomchuí ama, ag cur san áireamh aon taithí agus
forbairtí a tharla i rith na tréimhse sin. (11) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon
leibhéal ard, éifeachtach agus comhsheasmhach rialála agus maoirseachta
stuamachta a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh, sláine, éifeachtúlacht agus
feidhmiú ordúil na margaí airgeadais a chosaint agus cobhsaíocht an chórais
airgeadais a chothabháil, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge an
bhirt, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha
amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le
prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an
Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010
mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 4(2)(i): "(i) Údaráis inniúla arna sainmhíniú i
dTreoir 2006/48/CE agus i dTreoir 2006/49/CE, lena n-áirítear an BCE
i ndáil le cúrsaí a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. .../...*[127(6)
CFAE Rialachán ón gComhairle] ón gComhairle, i dTreoir 2007/64/CE, agus dá
dtagraítear i dTreoir 2009/110/CE. __________________________ * IO L …, ….., lch…. " 2. Leasaítear Airteagal 18
mar seo a leanas: (a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
"1. I gcás ina dtarlaíonn forbairtí dochracha a d’fhéadfadh feidhmiú ordúil
agus sláine na margaí airgeadais nó cobhsaíocht an chórais airgeadais ina
iomláine san Aontas, nó cobhsaíocht cuid den chóras sin, a chur i mbaol,
déanfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíochtaí a dtugann na húdaráis inniúla
maoirseachta ábhartha fúthu a éascú go gníomhach agus, má mheastar gur gá sin,
a chomhordú. Chun a bheith in ann an ról sin maidir le
héascú agus comhordú a chomhlíonadh, cuirfear an tÚdarás ar an eolas go hiomlán
maidir le haon fhorbairtí ábhartha, agus iarrfar air páirt a ghlacadh mar
bhreathnadóir in aon chruinniú ábhartha de chuid na n-údarás inniúil
maoirseachta ábhartha." (b) cuirtear an mhír seo a leanas isteach i
ndiaidh mhír 3: "3a I gcás ina n-iarrann an tÚdarás
ar an BCE ina ról mar údarás inniúil an beart is gá a dhéanamh i gcomhréir le
mír 3, comhlíonfaidh an BCE an iarraidh sin nó tabharfaidh sé réasún cuí
don Údarás maidir lena neamhchomhlíonadh laistigh de 48 uair. 3. Cuirtear an mhír seo a leanas
isteach i ndiaidh mhír 3 d'Airteagal 19: "3a. I gcás ina n-iarrann an tÚdarás ar
an BCE ina ról mar údarás inniúil beart sonrach a dhéanamh nó staonadh ó bheart
a dhéanamh i gcomhréir le mír 3, comhlíonfaidh an BCE an iarraidh sin nó
tabharfaidh sé réasún cuí don Údarás maidir lena neamhchomhlíonadh laistigh de
10 lá ón iarraidh sin a fháil." 4. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad míreanna 1, 2 agus 3 d'Airteagal 35. "1. Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh na húdaráis inniúla gach
faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun go mbeidh sé in ann na dualgais a
shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ar choinníoll go bhfuil
rochtain dhlíthiúil acu ar an bhfaisnéis ábhartha, agus ar choinníoll go bhfuil
an iarraidh ar fhaisnéis riachtanach i ndáil le cineál an dualgais i dtrácht. 2. Féadfaidh
an tÚdarás a iarraidh freisin go soláthrófar faisnéis ag eatraimh
athfhillteacha agus i bhformáidí sonraithe. Más
féidir, déanfar na hiarrataí sin trí úsáid a bhaint as formáidí coiteanna
tuairiscithe. 3. Tar
éis don Údarás iarraidh a bhfuil údar maith léi a fháil ó údarás inniúil,
féadfaidh sé aon fhaisnéis a sholáthar atá riachtanach lena chumasú don údarás
inniúil a chuid dualgas a chomhall, i gcomhréir leis na hoibleagáidí i dtaobh
rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i reachtaíocht earnálach agus in Airteagal 70." 5. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad míreanna 2, 3 agus 4 d'Airteagal 41. "2. Chun críocha Airteagal 17 agus Airteagal 19,
bunóidh an Bord Maoirseoirí painéal neamhspleách a bheidh comhdhéanta den
Chathaoirleach agus de bheirt chomhalta arna gceapadh ag an mBord Maoirseoirí
as measc a chomhaltaí a bhfuil vóta acu. Beidh comhalta amháin ar a laghad ar
an bpainéal neamhspleách a thiocfaidh ó Bhallstát nach Ballstát rannpháirteach
é i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. .../... [127(6) CFAE Rialachán ón
gComhairle]. Gníomhóidh comhaltaí an phainéil go
neamhspleách agus go hoibiachtúil i gcomhréir le hAirteagal 42, ní bheidh
siad ina n-ionadaithe don údarás inniúil lena mbaineann ná do na húdaráis
inniúla atá ina bpáirtithe san easaontas. 3. Molfaidh an painéal cinneadh lena ghlacadh
go críochnaitheach ag an mBord Maoirseoirí, i gcomhréir leis an nós imeachta
atá leagtha amach sa tríú fomhír d’Airteagal 44(1). 4. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí rialacha nós
imeachta don phainéal dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear rialacha
lena gcuirtear chun feidhme an ceanglas atá leagtha amach sa dara fomhír den
mhír sin." 6. Cuirtear an mhír seo a leanas
isteach in Airteagal 42. "Tá an chéad mhír agus an dara mír gan
dochar do na cúraimí a thugtar don BCE le Rialachán (AE) Uimh. .../...[127(6)
CFAE Rialachán ón gComhairle]." 7. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad Airteagal 44(1): "1. Déanfar cinntí an Bhoird Maoirseoirí a ghlacadh trí thromlach simplí dá
chuid comhaltaí. Beidh vóta amháin ag gach
comhalta. Maidir leis na gníomhartha a shonraítear in Airteagal 10
go hAirteagal 16 agus maidir le bearta agus cinntí a ghlactar faoin tríú
fomhír d’Airteagal 9(5) agus faoi Chaibidil VI, agus de mhaolú ar an gcéad
fhomhír den mhír seo, déanfaidh an Bord Maoirseoirí cinntí ar bhonn tromlaigh
cháilithe a chomhaltaí, mar atá sainmhínithe in Airteagal 16(4) den
Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 3 den Phrótacal (Uimh. 36)
maidir le forálacha idirthréimhseacha. Maidir le cinntí i gcomhréir le hAirteagal 17
agus Airteagal 19, measfar go bhfuil an cinneadh arna mholadh ag an
bpainéal glactha ach amháin má dhiúltaíonn tromlach simplí dó, tromlach ina
mbeidh trí vóta ar a laghad ó chomhaltaí ó na Ballstáit rannpháirteacha agus
trí vóta ó chomhaltaí ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. .../... [127(6) CFAE Rialachán ón
gComhairle] ná nach bhfuil ag feidhmiú i ndlúthchomhar leis an BCE i gcomhréir
le Rialachán [127(6) CFAE Rialachán ón gComhairle]. De mhaolú ar an tríú fomhír, ón dáta nach
Ballstáit rannpháirteacha iad ceithre Bhallstát nó níos lú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. .../... [127(6) CFAE Rialachán ón gComhairle] ná nach
siad ag feidhmiú i ndlúthchomhar leis an BCE i gcomhréir leis an Rialachán sin,
measfar go bhfuil an cinneadh arna mholadh ag an bpainéal glactha ach amháin má
dhiúltaíonn tromlach simplí dó, tromlach ina mbeidh vóta amháin ar a laghad ó
chomhaltaí na mBallstát sin. Beidh vóta amháin ag gach comhalta. Maidir le comhdhéanamh an phainéil i gcomhréir
le hAirteagal 41(2), déanfaidh an Bord Maoirseoirí gach iarracht teacht ar
chomhaontú. In éagmais comhaontaithe,
glacfaidh tromlach trí cheathrú den Bhord Maoirseoirí na cinntí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta." 8. Cuirtear an méid seo a leanas
in ionad an tríú fomhír d'Airteagal 45(1): "Dhá bhliain go leith a bheidh i dtéarma
oifige na gcomhaltaí arna dtoghadh ag an mBord Maoirseoirí. Féadfar an téarma sin a fhadú uair amháin. Beidh comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta
cothrom, comhréireach agus léireoidh sé an tAontas ina iomláine. Ar an mBord Bainistíochta beidh beirt ionadaí ar a
laghad ó na Ballstáit nach Ballstáit rannpháirteacha iad i gcomhréir le
Rialachán [127(6) CFAE Rialachán ón gComhairle] ná nach bhfuil ag feidhmiú i
ndlúthchomhar leis an BCE i gcomhréir leis an Rialachán sin. Beidh tréimhsí forluiteacha sainordaithe ann agus
beidh feidhm ag socrú uainíochta iomchuí." Airteagal 2 Gan dochar d'Airteagal 81 de Rialachán
(AE) Uimh. 1093/2010, faoin 1 Eanáir 2016, foilseoidh an
Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i
ndáil leis an méid seo a leanas: (a)
a oiriúnaí is atá na rialacha mionsonraithe maidir
le vótáil; (b)
comhdhéanamh an Bhoird Bhainistíochta; agus (c)
comhdhéanamh an phainéil neamhspleách a ullmhaíonn
cinntí chun críocha Airteagal 17 agus Airteagal 19. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin aon
athruithe ar líon na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu, nó a
bhfuil a n-údaráis inniúla ag feidhmiú i ndlúthchomhar le hAirteagal 6 de
Rialachán .../..., agus déanfar scrúdú chun féachaint an bhfuil gá le tuilleadh
coigeartuithe ar na forálacha sin i bhfianaise na n‑athruithe sin, lena
áirithiú go ndéantar cinntí an ÚBE d'fhonn an margadh inmheánach do sheirbhísí
airgeadais a chothabháil agus a neartú. Airteagal 3 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] IO C , , lch. . [2] IO C , , lch. . [3]