52012PC0238

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach /* COM/2012/0238 final - 2012/0146 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Mínítear creat dlí molta sa mheabhrán seo atá deartha chun iontaoibh as ríomh‑idirbhearta a fheabhsú sa mhargadh inmheánach.

Tá forbairt eacnamaíoch ag brath go mór ar iontaoibh a chothú as an timpeallacht ar líne. I ngeall ar easpa iontaoibhe bíonn drogall ar thomhaltóirí, gnólachtaí agus riaracháin idirbhearta a dhéanamh go leictreonach agus seirbhísí nua a úsáid.

Sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip[1] aithnítear na bacainní reatha roimh fhorbairt dhigiteach san Eoraip agus moltar reachtaíocht maidir le ríomhshínithe (Príomhghníomhaíocht 3) agus aithint fhrithpháirteach an ríomhaitheantais agus an ríomh‑fhíordheimhnithe (Príomhghníomhaíocht 16), lena mbunaítear creat soiléir dlí chun deireadh a chur le hilroinnt agus easpa idir‑inoibritheachta, saoránacht dhigiteach a fheabhsú agus cibearchoireacht a chosc. Sa Ghníomh um an Margadh Aonair[2] chun an ríomh‑mhargadh aonair a bhaint amach, is príomhghníomhaíocht í freisin reachtaíocht le haithint fhrithpháirteach an ríomhaitheantais agus an ríomh‑fhíordheimhnithe a áirithiú ar fud an AE agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Ríomhshínithe. Sa Treochlár um Chobhsaíocht agus Fás[3], leagtar béim ar an ról tábhachtach a bhéas ag an gcreat coiteann dlí amach anseo maidir le ríomh‑aitheantas agus ríomh‑fhíordheimhniú a aithint agus a glacadh go frithpháirteach thar theorainneacha le haghaidh fhorbairt an gheilleagair dhigitigh.

Tá sé mar aidhm ag an gcreat dlí atá beartaithe, atá comhdhéanta de 'Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach', ríomh‑idirbhearta slána rianúla a chumasú idir gnólachtaí, saoránaigh agus údaráis phoiblí, rud a mhéadóidh éifeachtacht na seirbhísí príobháideacha agus poiblí ar líne, an ríomhghnó agus na ríomhthráchtála san AE.

Go bunúsach, ní chumhdaítear ach ríomhshínithe amháin i reachtaíocht an AE atá ann cheana féin, eadhon Treoir 1999/93/CE maidir le 'creat Comhphobail le haghaidh ríomhshínithe'[4]. Níl aon chreat cuimsitheach trasteorann agus trasearnála ann ón AE le haghaidh ríomh‑idirbheart slán, iontaofa agus éasca le húsáid a chuimsíonn ríomh‑fhíordheimhniú ar aitheantas agus ríomhshínithe.

Is é an aidhm atá ann an reachtaíocht atá ann cheana féin a fheabhsú agus a leathnú le go gcumhdófaí scéimeanna ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus seirbhísí riachtanacha eile a bhaineann le ríomhsheirbhísí iontaoibhe a aithint agus glacadh leo go frithpháirteach ar leibhéal an AE.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Tá an tionscnamh seo ann mar thoradh ar chomhairliúcháin fhorleathana le páirtithe leasmhara maidir le hathbhreithniú ar an gcreat dlí reatha i ndáil le ríomhshínithe, comhairliúcháin inar bhailigh an Coimisiún aiseolas ó Bhallstáit, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó pháirtithe leasmhara eile[5]. Chomh maith le comhairliúchán poiblí ar líne, eagraíodh 'Painéal Tástála FBM' chun dearcadh agus riachtanais ar leith na FBManna a aithint agus eagraíodh comhairliúcháin spriocdhírithe eile le páirtithe leasmhara[6],[7]. Sheol an Coimisiún roinnt staidéar freisin maidir le ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú agus ríomhshínithe (eIAS) agus seirbhísí iontaoibhe gaolmhara eile.

Bhí sé soiléir sna comhairliúchán gur chomhaontaigh formhór mór na bpáirtithe leasmhara go raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reatha chun na bearnaí a bhí fágtha ag an Treoir maidir le ríomhshínithe a líonadh. Measadh go gcuirfeadh sé seo freagairt níos fearr ar fáil do na dúshláin atá ann mar thoradh ar fhorbairt thapa na dteicneolaíochtaí nua (go háirithe rochtain mhóibíleach agus ar líne) agus ar mhéadú ar an domhandú, agus neodracht teicneolaíochta an chreata dlí a choinneáil ag an am céanna.

I gcomhréir lena bheartas 'Rialáil Níos Fearr', rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais. Rinneadh measúnú ar thrí shraith de roghanna beartais: ag plé le (1) raon feidhme an chreata nua, (2) an ionstraim dlí agus (3) an méid maoirseachta a bheadh de dhíth[8] faoi seach. Ba é an rogha beartais dá dtugtar tosaíocht i ndeireadh na dála deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, comhordú na maoirseachta náisiúnta a mhéadú, a áirithiú go ndéanfaí scéimeanna ríomhaitheantais a aithint agus go nglacfaí leo go frithpháirteach agus seirbhísí iontaoibhe riachtanacha gaolmhara a chuimsiú. Bhí sé mar chonclúid sa mheasúnú tionchair go mbeadh feabhsuithe suntasacha ar dheimhneacht dhlíthiúil, ar shlándáil agus ar iontaoibh i ndáil le ríomh‑idirbhearta trasteorann dá ndéanfaí amhlaidh, agus nach mbeadh an margadh chomh hilroinnte dá bharr.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1 Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE, a bhaineann le rialacha a ghlacadh chun bacainní reatha roimh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhaint. Beidh saoránaigh, gnólachtaí agus riaracháin in ann leas a bhaint as ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú, ríomhshínithe agus seirbhísí iontaoibhe eile a aithint agus glacadh leo go frithpháirteach thar theorainneacha nuair atá gá leo chun nósanna imeachta leictreonacha nó ríomh‑idirbhearta a rochtain agus a chur i gcrích.

Measadh gurb é Rialachán an ionstraim dlí is iomchuí. Mar gheall ar infheidhmeacht dhíreach Rialacháin i gcomhréir le hAirteagal 288 den CFAE, laghdófar ilroinnt dlí agus tiocfaidh feabhas ar dheimhneacht dhlíthiúil trí shraith comhchuibhithe rialacha lárnacha a thabhairt isteach a rannchuideoidh le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

3.2 Coimhdeacht agus comhréireacht

Le go mbeidh údar le gníomhaíocht ón AE, ní mór prionsabal na coimhdeachta a urramú:

a) Gné thrasnáisiúnta na faidhbe (tástáil riachtanais)

Tá gníomhaíocht ón AE de dhíth i ngeall ar ghné thrasnáisiúnta a bheith i gceist le eIAS. Ní bheadh gníomhaíocht inmheánach (i.e. náisiúnta) amháin leordhóthanach chun na cuspóirí a chomhlíonadh ná na spriocanna a leagtar síos sa Straitéis Eoraip 2020[9] a bhaint amach. Ina choinne sin, léiríonn taithí roimhe seo gur chruthaigh bearta náisiúnta bacainní de facto roimh idir‑inoibritheacht ríomhshínithe, agus go bhfuil an tionchar céanna á n‑imirt acu faoi láthair maidir le ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe gaolmhara. Is gá don AE, dá bhrí sin, creat cumasúcháin a chruthú chun dul i ngleic le hidir‑inoibritheacht trasteorann agus chun comhordú na scéimeanna maoirseachta náisiúnta a fheabhsú. Ní féidir dul i ngleic le ríomhaitheantas sa Rialachán molta sa bhealach ginearálta céanna leis na ríomhsheirbhísí iontaoibhe eile, áfach, mar gheall gur sainchumas náisiúnta é modhanna aitheantais a eisiúint. Dá bhrí sin, dírítear go docht ar na gnéithe trasteorann a bhaineann le ríomhaitheantas sa togra seo.

Cruthóidh an Rialachán molta cothrom iomaíochta do ghnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe sna cásanna go mbíonn neamhchinnteacht dlí agus ualach breise ann go minic de thoradh na ndifríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta faoi láthair. Méadóidh oibleagáidí soiléire ar Bhallstáit maidir le glacadh le seirbhísí iontaoibhe cáilithe an deimhneacht dhlíthiúil go suntasach, rud a thabharfaidh spreagadh breise do ghnólachtaí dul thar lear. Mar shampla, beidh cuideachta in ann páirt a ghlacadh go leictreonach i nglao poiblí ar thairiscintí arna sheoladh ag lucht riaracháin i mBallstát eile gan bac a chur ar a ríomhshíniú mar thoradh ar cheanglais náisiúnta ar leith ná ar fhadhbanna ó thaobh idir‑inoibritheachta de. Ar an gcaoi chéanna, beidh deis ag cuideachta ríomhshíniú a chur le conarthaí le contrapháirt atá bunaithe i mBallstát eile gan imní a bheith uirthi go mbeidh ceanglais dhifriúla dlí ann i leith seirbhísí iontaoibhe amhail ríomhshéalaí, ríomhdhoiciméid nó stampaí ama. Déanfar fógra mainneachtana a sheachadadh ó Bhallstát amháin go ceann eile le cinnteacht ó thaobh a bhailíochta dlí de sa dá Bhallstát. Ar deireadh, beidh níos mó iontaoibhe as tráchtáil ar líne nuair a bheidh modhanna ag siopadóirí le fíorú go bhfuil siad dáiríre tar éis rochtain a fháil ar shuíomh Gréasáin an díoltóra a theastaigh uathu seachas suíomh Gréasáin a d'fhéadfadh a bheith bréagach.

Déanfar éascú ar go leor seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach le modhanna ríomhaitheantais a aithnítear go frithpháirteach agus le ríomhshínithe a nglactar leo go forleathan agus cuirfidh siad ar chumas gnólachtaí dul thar theorainneacha gan bhacainní a bheith rompu agus iad ag dul i mbun idirghníomhaíochtaí le húdaráis phoiblí. Sa chleachtas, fágfaidh sé seo go mbeidh feabhsuithe suntasacha ann ó thaobh éifeachtúlachta de le haghaidh gnólachtaí agus saoránaigh araon agus iad ag cloí le foirmiúlachtaí riaracháin. Mar shampla, tabharfar deis do mhac léinn clárú go leictreonach in ollscoil thar lear, beidh saoránach in ann dearbhú cánach a sheoladh isteach ar líne i mBallstát eile nó beidh othar in ann rochtain a fháil ar a chuid sonraí sláinte ar líne. Mura mbeidh modhanna ríomhaitheantais den sórt sin a aithnítear go frithpháirteach, ní bheidh dochtúir in ann rochtain a fháil ar shonraí liachta an othair atá de dhíth chun cóir leighis a chur air agus beidh gá na tástálacha saotharlainne atá déanta ag an othar cheana féin a dhéanamh arís.

b) Breisluach (tástáil éifeachtachta)

Níl na cuspóirí a léirítear thuas á mbaint amach faoi láthair trí chomhordú deonach i measc na mBallstát, agus níl dóchúlacht réasúnta ann ach oiread go dtarlóidh sé sin amach anseo. Mar thoradh ar an méid sin tá dúbailt iarrachtaí, tá caighdeáin dhifriúla á socrú, tá gnéithe trasnáisiúnta ar na hiarmhairtí a eascraíonn as TFC, agus tá córas riaracháin casta ann chun comhordú den sórt sin a bhunú ina bhfuil comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha.

Lena chois sin, tá comhordú thar Ballstáit an AE riachtanach chun fadhbanna a shárú ar nós (a) easpa deimhneachta dlíthiúla de thoradh forálacha náisiúnta ilchineálacha a eascraíonn as léamha éagsúla ar an Treoir maidir le ríomhshínithe agus (b) easpa idir‑inoibritheachta na gcóras ríomhshínithe a bunaíodh ar an leibhéal náisiúnta ós rud é nach gcuirtear caighdeáin theicniúla i bhfeidhm ar an mbealach céanna. Tá sé níos éifeachtaí an comhordú seo a dhéanamh ar leibhéal an AE.

3.3 Míniú mionsonraithe ar an togra

3.3.1      CAIBIDIL I – FORÁLACHA GINEARÁLTA

Tugtar sainmhíniú ar ábhar an Rialacháin in Airteagal 1.

Tugtar sainmhíniú ar raon feidhme ábhartha an Rialacháin in Airteagal 2.

In Airteagal 3 tá sainmhínithe ar théarmaí atá in úsáid sa Rialachán. Cé go dtugtar ar aghaidh sainmhínithe áirithe ón Treoir 1999/93/CE, déantar soiléiriú ar chinn eile, cuirtear gnéithe breise comhlántacha leo, nó tugtar isteach den chéad uair iad.

In Airteagal 4, cinntítear prionsabail an mhargaidh inmheánaigh i ndáil leis na críocha ina gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm. Luaitear go sainráite nach gcuirfear srianta ar bith ar shaoirse seirbhísí a sholáthar ná ar shaorchúrsaíocht táirgí.

3.3.2      CAIBIDIL II – RÍOMHAITHEANTAS

Déantar foráil in Airteagal 5 maidir leis na modhanna ríomhaitheantais a thagann faoi scéim a dtabharfar fógra don Choimisiún ina leith a aithint agus glacadh leo go frithpháirteach faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán. Tá córas ríomhaitheantais de chineál éigean tugtha isteach ag formhór na mBallstát san AE. Tá go leor difríochtaí eatarthu áfach. Cruthaítear bacainní ós rud é nach bhfuil comhbhonn dlíthiúil ann a cheanglaíonn ar gach Ballstát modhanna ríomhaitheantais a eisíodh i mBallstáit eile a aithint agus glacadh leo chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar líne, chomh maith le hidir‑inoibritheacht trasteorann neamhleor ar ríomhaitheantas náisiúnta, bacainní a chuireann cosc ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí leas iomlán a bhaint as an margadh digiteach aonair. Bainfear na bacainní dlíthiúla seo dá ndéanfaí aon mhodh ríomhaitheantas a thagann faoi scéim a dtabharfar fógra ina leith faoin Rialachán seo a aithint agus dá nglacfaí leis go frithpháirteach.

Ní chuirfidh an Rialachán de cheangal ar Bhallstáit scéimeanna ríomhaitheantais a thabhairt isteach ná fógra a thabhairt ina leith, ach go ndéanfaí ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith a aithint agus glacadh leo le haghaidh na seirbhísí ar líne sin lena bhfuil ríomhaitheantas de dhíth chun rochtain a fháil orthu ar an leibhéal náisiúnta. D'fhéadfadh sé go spreagfadh an méadú féideartha sna barainneachtaí scála a chruthaítear trí úsáid thrasteorann na modhanna ríomhaitheantais a dtugtar fógra ina leith agus na gcóras fíordheimhnithe Ballstáit chun fógra a thabhairt i leith a scéimeanna ríomhaitheantais. In Airteagal 6, leagtar amach na cúig choinníoll maidir le fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomhaitheantais:

Féadann Ballstáit fógra a thabhairt maidir leis na scéimeanna ríomhaitheantais a nglacann siad leo faoina dlínse sna cásanna go bhfuil ríomhaitheantas ag teastáil le haghaidh seirbhísí poiblí. Tá ceanglas breise ann nach mór don Bhallstát atá ag tabhairt fógra i leith scéime na modhanna ríomhaitheantais faoi seach a eisiúint, nó go n‑eiseofaí ar a shon iad nó faoina fhreagracht, ar a laghad.

Ní mór do na Ballstáit nasc gan débhrí a áirithiú idir na sonraí ríomhaitheantais agus an duine lena mbaineann. Ní fhágann an oibleagáid seo nach féidir le duine níos mó ná modh ríomhaitheantais amháin a bheidh aige, ach ní mór go mbeadh nasc acu ar fad leis an duine céanna.

Bíonn iontaofacht ríomhaitheantais ag brath ar mhodhanna fíordheimhnithe a bheith ar fáil (i.e. an fhéidearthacht bailíocht na sonraí ríomhaitheantais a sheiceáil). Ceanglaítear ar na Ballstáit atá ag tabhairt fógra fíordheimhniú ar líne saor in aisce a sholáthar i ndáil le tríú páirtithe sa Rialachán seo. Ní mór go mbeadh an fhéidearthacht fíordheimhnithe ar fáil ar bhonn leanúnach. Ní féidir sonraíochtaí teicniúla ar leith, amhail crua‑earraí nó bogearraí, a bhrú ar na páirtithe a bheadh ag úsáid an fhíordheimhnithe seo. Ní bhaineann an fhoráil seo le haon cheanglas i ndáil le húsáideoirí (sealbhóirí) an ríomhaitheantais atá riachtanach ó thaobh na teicneolaíochta de chun na modhanna ríomhaitheantais a úsáid, ar nós léitheoirí cártaí.

Ní mór do na Ballstáit freagracht a ghlacadh nach bhfuil débhríocht i gceist leis an nasc (i.e. nach bhfuil na sonraí aitheantais a luaitear leis an duine sin nasctha le haon duine eile) agus freagracht a ghlacadh as an bhféidearthacht fiordheimhnithe (i.e. an fhéidearthacht bailíocht na sonraí ríomhaitheantas a sheiceáil). Ní thagann gnéithe eile den phróiseas aitheantais ná aon idirbheart lena bhfuil aitheantas de dhíth ina leith faoi fhreagracht na mBallstát.

Tá rialacha in Airteagal 7 maidir le fógra a thabhairt don Choimisiún i leith scéimeanna ríomhaitheantais.

Tá sé mar aidhm le hAirteagal 8 idir‑inoibritheacht theicniúil na scéimeanna aitheantais ar tugadh fógra ina leith a áirithiú le cur chuige comhordaithe, lena n‑áirítear gníomhartha tarmligthe.

3.3.3      CAIBIDIL III – SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

3.3.3.1 Roinn 1 – Forálacha ginearálta

In Airteagal 9 leagtar amach na prionsabail a bhaineann le dliteanas soláthraithe seirbhísí iontaoibhe neamhcháilithe agus cáilithe araon. Tógtar ar Airteagal 6 den Treoir 1999/93/CE ann agus sínítear an teidlíocht go cúiteamh le go gcumhdófar damáiste arna chruthú ag aon soláthraí seirbhísí iontaoibhe faillíoch as teip maidir le dea‑chleachtas slándála a chomhlíonadh, teip a mbíonn sárú slándála ann dá bharr a imríonn tionchar suntasach ar an tseirbhís.

Déantar cur síos in Airteagal 10 ar an meicníocht maidir le seirbhísí iontaoibhe cáilithe, á gcur ar fáil ag soláthraí atá bunaithe i dtríú tír, a aithint agus glacadh leo. Tógtar ar Airteagal 7 den Treoir 1999/93/CE ann ach ní choinnítear ach an t‑aon rogha amháin a bhí indéanta go praiticiúil, sé sin aithint den sórt sin a cheadú faoi chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Leagtar amach na prionsabail maidir le cosaint agus íoslaghdú sonraí in Airteagal 11. Tógtar ar Airteagal 8 den Treoir 1999/93/CE ann.

Fágtar go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí iontaoibhe in Airteagal 12.

3.3.3.2 Roinn 2 – Maoirseacht

In Airteagal 13, ceanglaítear ar Bhallstáit comhlachtaí maoirseachta a bhunú, bunaithe ar Airteagal 3(3) den Treoir 1999/93/CE, agus déantar soiléiriú agus leathnú ar an gcúram atá orthu i ndáil le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe araon.

In Airteagal 14, tugtar isteach meicníocht shainráite cúnaimh fhrithpháirtigh idir comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit chun maoirseacht trasteorann na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a éascú. Tugtar isteach rialacha maidir le comh‑oibríochtaí agus ceart na n‑údarás maoirseachta a bheith rannpháirteach in oibríochtaí den sórt sin.

Tugtar oibleagáid isteach in Airteagal 15 do sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus neamhcháilithe araon chun bearta oiriúnacha teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme ar mhaithe le slándáil a ngníomhaíochtaí. Lena chois sin, ní mór na comhlachtaí maoirseachta inniúla agus údaráis ábhartha eile a chur ar an eolas maidir le haon sárú slándála. Más iomchuí, cuirfidh siadsan comhlachtaí maoirseachta na mBallstát eile ar an eolas faoi ina dhiaidh sin agus cuirfidh siad an pobal i gcoitinne ar an eolas freisin, go díreach nó tríd an soláthraí seirbhísí iontaoibhe lena mbaineann.

Leagtar amach na coinníollacha maidir le maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad in Airteagal 16. Leagtar síos dualgas ann go ndéanfadh comhlacht aitheanta neamhspleách iniúchadh ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe ar bhonn bliantúil le dearbhú a thabhairt don chomhlacht maoirseachta go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán á gcomhlíonadh acu. Ina theannta sin, tugtar ceart don chomhlacht maoirseachta iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe tráth ar bith in Airteagal 16(2). Tugtar de chumhacht freisin don chomhlacht maoirseachta treoracha ceangailteacha a eisiúint do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe aon teip i ndáil le hoibleagáid a chomhlíonadh, a thagann chun solais de thoradh iniúchta slándála, a réiteach ar bhealach comhréireach.

Baineann Airteagal 17 leis an ngníomhaíocht a dhéanfaidh comhlacht maoirseachta ar iarratas ó sholáthraí seirbhísí iontaoibhe ar mian leis seirbhís iontaoibhe cáilithe a thionscnamh.

Déantar foráil in Airteagal 18 maidir le liostaí iontaofa[10] a bhunú ina mbeidh faisnéis maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe atá faoi réir maoirseachta agus faoi na seirbhísí cáilithe a chuireann siad ar fáil. Ní mór an fhaisnéis seo a chur ar fáil go poiblí ag baint úsáide as teimpléad coiteann ar mhaithe le húsáid uathoibrithe na faisnéise a éascú agus leibhéal oiriúnach sonraí a áirithiú.

Leagtar amach na ceanglais nach mór do na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chomhlíonadh le go dtabharfar an t‑aitheantas sin dóibh in Airteagal 19. Tarraingítear ar Iarscríbhinn II den Treoir 1999/93/CE ann.

3.3.3.3 Roinn 3 – Ríomhshíniú

Cumhdaítear rialacha a bhaineann le héifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe daoine nádúrtha in Airteagal 20. Déantar soiléiriú agus fairsingiú ann ar Airteagal 5 den Treoir 1999/93/CE lena dtugtar isteach oibleagáid shainráite chun an éifeacht dhlíthiúil chéanna atá ag sínithe lámhscríofa a bhronnadh ar ríomhshínithe cáilithe. Ina theannta sin, ní mór do Bhallstáit glacadh trasteorann na ríomhshínithe cáilithe a áirithiú, i gcomhthéacs soláthair seirbhísí poiblí, agus ní fhéadfaidh siad aon cheanglas breise a thabhairt isteach a d'fhéadfadh bacainní roimh úsáid na sínithe sin a bheith ann dá bharr.

Leagtar amach na ceanglais le haghaidh deimhnithe um shínithe cáilithe in Airteagal 21. Déantar soiléiriú ann ar Iarscríbhinn I den Treoir 1999/93/CE agus baintear amach forálacha nach bhfuil ag obair sa chleachtas (m.sh. srianta maidir le luach an idirbhirt).

Leagtar amach na ceanglais le haghaidh gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe in Airteagal 22. Déantar soiléiriú ann ar na ceanglais maidir le gléasanna slána um chruthú sínithe a leagtar síos in Airteagal 3(5) den Treoir 1999/93/CE, nach mór glacadh leo anois mar ghléasanna um chruthú sínithe cáilithe faoin Rialachán seo. Léirítear go soiléir ann freisin go bhféadfadh raon feidhme ghléas um chruthú sínithe a bheith i bhfad níos leithne ná rud ina bhfuil sonraí um chruthú sínithe amháin. Féadfaidh an Coimisiún liosta d'uimhreacha tagartha na gcaighdeán um cheanglais shlándála ar ghléasanna a bhunú freisin.

Ag tógáil ar Airteagal 3(4) den Treoir 1999/93/CE, tugtar isteach coincheap dheimhniúchán na ngléasanna ríomhshínithe cáilithe in Airteagal 23 le fáil amach an bhfuil siad ag cloí leis na ceanglais shlándála a leagtar síos in Iarscríbhinn II nó nach bhfuil. Ní mór do gach Ballstáit a aithint go bhfuil na gléasanna seo ag comhlíonadh na gceanglas sa chás gurb é comhlacht deimhniúcháin atá ainmnithe ag Ballstát a thugann faoin nós imeachta deimhniúcháin. Foilseoidh an Coimisiún liosta dearfach de na gléasanna deimhnithe sin i gcomhréir le hAirteagal 24. Féadfaidh an Coimisiún liosta a bhunú freisin d'uimhreacha tagartha na gcaighdeán um mheasúnú slándála ar tháirgí theicneolaíocht na faisnéis dá dtagraítear in Airteagal 23(1).

Baineann Airteagal 24 le liosta de ghléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe a fhoilseoidh an Coimisiún tar éis fógra um chomhlíonadh a fháil ó na Ballstáit.

In Airteagal 25, tógtar ar na moltaí in Iarscríbhinn IV de Treoir 1999/93/CE chun ceanglais cheangailteacha a leagan síos maidir le bailíochtú ar ríomhshínithe cáilithe agus é mar aidhm leis deimhneacht dhlíthiúil an bhailíochtaithe sin a mhéadú.

Leagtar amach na coinníollacha a bhaineann le seirbhísí bailíochtaithe cáilithe in Airteagal 26.

Leagtar amach na coinníollacha maidir le caomhnú fadtéarmach na ríomhshínithe cáilithe in Airteagal 27. Is féidir an méid seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta agus as teicneolaíochtaí ar féidir leo iontaofacht na sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe cáilithe a shíneadh amach tar éis an tréimhse lena mbaineann bailíocht theicniúil leo i gcás ina bhféadfadh sé go mbeidh sé éasca do chibearchoirpigh iad a bhrionnú.

3.3.3.4 Roinn 4 – Ríomhshéalaí

Baineann Airteagal 28 le héifeacht dhlíthiúil ríomhshéalaí daoine dlítheanacha. Bronntar toimhde dhlíthiúil ar leith ar ríomhshéala cáilithe a thugann ráthaíocht maidir le foinse agus sláine na ríomhdhoiciméad lena bhfuil sé nasctha.

Leagtar amach na ceanglais do dheimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí in Airteagal 29.

Leagtar amach na ceanglais le haghaidh liosta de ghléasanna um chruthú ríomhshéalaí cáilithe in Airteagal 30, agus ceanglais maidir leis an liosta sin a dheimhniú agus a fhoilsiú.

Leagtar amach na coinníollacha maidir le bailíochtú agus caomhnú ríomhshéalaí cáilithe in Airteagal 31.

3.3.3.5 Roinn 5 – Ríomhstampa ama

Baineann Airteagal 32 le héifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama. Bronntar toimhde dhlíthiúil ar leith ar ríomhstampaí ama cáilithe maidir le cinnteacht an ama.

Leagtar amach na ceanglais le haghaidh ríomhstampaí ama cáilithe in Airteagal 33.

3.3.3.6 Roinn 6 – Ríomhdhoiciméid

Baineann Airteagal 34 le héifeachtaí dlíthiúla agus leis na coinníollacha um ghlacadh le ríomhdhoiciméid. Tá toimhde dhlíthiúil ar leith ann maidir le barántúlacht agus sláine aon ríomhdhoiciméad a shínítear le ríomhshíniú cáilithe nó a bhfuil ríomhshéala cáilithe air. Maidir leis na ríomhdhoiciméid a ghlacfar leo, glacfar ar a laghad le ríomhdhoiciméid arna n‑eisiúint ag na daoine atá inniúil chun na doiciméid ábhartha a eisiúint agus a mheastar a bheith ina dhoiciméid bhunaidh nó ina gcóipeanna deimhnithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát tionscnaimh nuair a bheidh doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de dhíth ar mhaithe le seirbhís phoiblí a sholáthar, glacfar leo i mBallstáit eile gan aon cheanglas breise a bheith ann.

3.3.3.7 Roinn 7 – Ríomhsheirbhísí seachadta

Baineann Airteagal 35 le éifeacht dhlíthiúil na sonraí a sheoltar nó a fhaightear ag baint úsáide as ríomhsheirbhís seachadta. Ráthaítear toimhde dhlíthiúil ar leith a bhaineann le sláine na sonraí a sheoltar nó a fhaightear agus cruinneas an ama a seoladh nó a fuarthas na sonraí le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cáilithe. Déantar aithint fhrithpháirteach na ríomsheirbhísí seachadta cáilithe a áirithiú ar leibhéal an AE freisin.

Leagtar amach na ceanglais le haghaidh ríomhsheirbhísí seachadta cáilithe in Airteagal 36.

3.3.3.8 Roinn 8 – Fíordheimhniú suíomhanna gréasáin

Tá sé mar aidhm leis an roinn seo ráthaíocht maidir le barántúlacht shuíomh Gréasáin a áirithiú, i ndáil le húinéir an tsuímh.

In Airteagal 37, leagtar amach na ceanglais le haghaidh deimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna Gréasáin, deimhnithe is féidir a úsáid chun barántúlacht suímh Gréasáin a ráthú. Tabharfaidh deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna Gréasáin íosmhéid faisnéise iontaofa maidir leis an suíomh Gréasáin agus maidir le húinéir dlíthiúil a bheith aige.

3.3.4      CAIBIDIL IV – GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Tá forálacha caighdeánacha in Airteagal 38 maidir le tarmligean a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE (gníomhartha tarmligthe). Cuireann sé seo ar chumas an reachtóra cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a ghlacadh a bhfuil feidhm ghinearálta leo a fhorlíonann nó a leasaíonn gnéithe neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach.

3.3.5      CAIBIDIL IV – GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Tá an fhoráil in Airteagal 39 a chumhdaíonn an nós imeachta Coiste is gá chun cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair atá gá le coinníollacha comhionanna chun gníomhartha Aontais a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE. Tá feidhm leis an nós imeachta scrúdúcháin.

3.3.6      CAIBIDIL VI – FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán agus a chuid torthaí a thuairisciú in Airteagal 40.

Déantar aisghairm ar Threoir 1999/93/CE in Airteagal 41 agus déantar foráil maidir le aistriú rianúil a dhéanamh ar an mbonneagar ríomhshínithe atá ann cheana chuig ceanglais nua an Rialacháin.

Leagtar amach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin in Airteagal 42.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Baineann impleachtaí buiséadacha sonracha an togra leis na cúraimí a leithdháiltear ar an gCoimisiún Eorpach de réir mar atá sonraithe sna ráitis airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra seo.

Ní ghabhann aon impleachtaí maidir le caiteachas oibríochtúil leis an togra seo.

Cumhdaíonn an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra seo na tionchair bhuiséadacha a bheidh ag an Rialachán féin.

2012/0146 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[11],

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí[12],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Tá forbairt eacnamaíoch ag brath go mór ar iontaoibh a chothú sa timpeallacht ar líne. I ngeall ar easpa iontaoibhe bíonn drogall ar thomhaltóirí, gnóthais agus riaracháin idirbhearta a dhéanamh go leictreonach agus seirbhísí nua a úsáid.

(2)       Tá sé d'aidhm ag an Rialachán seo iontaoibh as ríomh‑idirbhearta a fheabhsú sa mhargadh inmheánach trí ríomh‑idirghníomhaíochtaí slána gan uaim a chumasú idir gnólachtaí, saoránaigh agus údaráis phoiblí, agus ar an dóigh sin méadú ar a éifeachtaí is atá seirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne, an ríomhghnó agus an ríomhthráchtáil san Aontas.

(3)       Cumhdaíodh an chuid is mó dá mbaineann le ríomhshínithe le Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh ríomhshínithe[13] ach níor leagadh síos creat cuimsitheach trasteorann agus trasearnála le haghaidh ríomh‑idirbhearta slána, iontaofa agus éasca le húsáid. Déantar feabhsú agus leathnú ar acquis na Treorach leis an Rialachán seo.

(4)       In 'Clár Oibre Digiteach don Eoraip', d'aithin an Coimisiún ilroinnt an mhargadh dhigitigh, easpa idir‑inoibritheachta agus méadú ar an gcibearchoireacht bheith ina mórbhacainní roimh fháinne óir na heacnamaíochta digití[14]. Ina Thuarascáil ar Shaoránacht 2010, leag an Coimisiún béim bhreise ar an ngá atá leis na príomhfhadhbanna a réiteach a chuireann bac ar shaoránaigh na hEorpa leas a bhaint as margadh aonair digiteach agus seirbhísí trasteorann digiteacha[15].

(5)       D'iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún margadh aonair digiteach a chruthú faoi 2015[16] chun dul chun cinn tapa a dhéanamh sna príomhréimsí den gheilleagar digiteach agus chun margadh aonair digiteach[17] lánchomhtháite a chur chun cinn trí úsáid thrasteorann seirbhísí ar líne a éascú, le béim ar leith ar ríomhaitheantas agus ríomh‑fhíordheimhniú slán a éascú.

(6)       D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún an margadh aonair digiteach a láidriú trí dhálaí iomchuí a chruthú i gcomhair aitheantais fhrithpháirtigh trasteorann do na príomhéascaitheoirí, amhail ríomhaitheantas, ríomhdhoiciméid, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí seachadta agus i gcomhair ríomhsheirbhísí rialtais idir‑inoibritheacha ar fud an Aontais Eorpaigh[18].

(7)       Leag Parlaimint na hEorpa béim ar chomh tábhachtach agus atá slándáil na ríomhsheirbhísí, go háirithe ríomhshínithe, agus ar an ngá atá le bonneagar eochrach poiblí a chruthú ar leibhéal uile‑Eorpach, agus d'iarr sí ar an gCoimisiún tairseach a bhunú do na húdaráis bhailíochtaithe Eorpacha le hidir‑inoibritheacht trasteorann ríomhshínithe a áirithiú agus le slándáil idirbheart a dhéantar ar an idirlíon a mhéadú[19].

(8)       I dTreoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach[20] iarrtar ar na Ballstáit 'ionaid ilfhreastail' a bhunú lena áirithiú gur féidir gach nós imeachta agus foirmiúlacht a bhaineann le rochtain ar ghníomhaíocht seirbhíse agus ar fheidhmiú na gníomhaíochta seirbhíse sin a chur i gcrích go héasca, go cianda agus go leictreonach, tríd an ionad ilfhreastail oiriúnach agus leis na húdaráis oiriúnacha. Bíonn ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú agus ríomhshínithe de dhíth i gcás go leor de na seirbhísí ar líne ar féidir rochtain a fháil orthu trí ionaid ilfhreastail.

(9)       I bhformhór na gcásanna ní féidir le soláthraithe seirbhísí ó Bhallstát eile a ríomhaitheantas a úsáid chun rochtain a fháil ar na seirbhísí sin mar gheall nach n‑aithnítear agus nach nglactar i mBallstáit eile leis na scéimeanna ríomhaitheantais náisiúnta na tíre ina bhfuil siad. Fágann an bhacainn leictreonach sin nach féidir le soláthraithe seirbhísí leas iomlán a bhaint as an margadh inmheánach. Déanfar éascú ar go leor seirbhísí a sholáthar thar teorainneacha sa mhargadh inmheánach le modhanna ríomhaitheantais a aithnítear agus a nglactar leo go frithpháirteach agus cuirfidh siad ar chumas gnólachtaí dul thar teorainneacha gan bhacainní a bheith rompu agus iad ag dul i mbun idirghníomhaíochta le húdaráis phoiblí.

(10)     Bunaíodh líonra d'údaráis náisiúnta atá freagrach as ríomhsheirbhísí sláinte le Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar a chur chun feidhme i gcúram sláinte trasteorann[21]. Chun sábháilteacht agus leanúnachas an chúraim shláinte trasteorann a fheabhsú, ceanglaítear ar an líonra sin treoirlínte a ullmhú maidir le rochtain thrasteorann ar sonraí sláinte leictreonacha agus ar ríomhsheirbhísí, trí bhíthin, inter alia, 'bearta coitinn aitheantais agus fíordheimhnithe chun inaistritheacht sonraí a éascú sa chúram sláinte trasteorann' a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach ó thaobh cúram sláinte trasteorann a bhaint amach do shaoránaigh Eorpacha de ríomhaitheantas agus ríomh‑fhíordheimhniú a aithint agus glacadh leo go frithpháirteach. Má bhíonn daoine ag taisteal chun cóir leighis a fháil, ní mór go mbeadh rochtain ar a gcuid sonraí leighis sa tír ina bhfuil cóir leighis á gcur orthu. Tá creat ríomhaitheantais láidir, sábháilte, iontaofa de dhíth chuige seo.

(11)     Is é ceann de chuspóirí an Rialacháin seo deireadh a chur leis na bacainní atá ann i láthair na huaire roimh úsáid thrasteorann na modhanna ríomhaitheantais a úsáidtear sna Ballstáit chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar a laghad. Níl sé d'aidhm ag an Rialachán seo idirghabháil a dhéanamh maidir le córais bhainistíochta ríomhaitheantas agus bonneagar gaolmhar atá bunaithe sna Ballstáit. Is é aidhm an Rialacháin seo féachaint chuige go mbeidh ríomhaitheantas agus ríomh‑fhíordheimhniú slán ann nuair atáthar ag fáil rochtana ar sheirbhísí trasteorann ar líne atá á gcur ar fáil ag na Ballstáit.

(12)     Ba cheart go leanfadh sé de bheith de shaoirse ag na Ballstáit, chun críocha ríomhaitheantais, modhanna rochtana ar sheirbhísí ar líne a úsáid nó a thabhairt isteach. Ba cheart go mbeidís in ann cinneadh a dhéanamh freisin maidir le baint a bheith ag an earnáil phríobháideach leis na modhanna sin a sholáthar nó gan baint a bheith acu leis. Níor cheart oibleagáid a chur ar na Ballstáit fógra a thabhairt i leith na scéimeanna ríomhaitheantais atá acu. Is faoi na Ballstáit atá sé rogha a dhéanamh fógra a thabhairt maidir le gach scéim ríomhaitheantais a úsáidtear ar an leibhéal náisiúnta le rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar líne ar a laghad nó ar sheirbhísí ar leith, fógra a thabhairt maidir le roinnt acu nó gan fógra a thabhairt i leith aon cheann acu.

(13)     Is gá coinníollacha áirithe a leagan síos sa Rialachán i ndáil leis na modhanna ríomhaitheantais sin nach mór glacadh leo agus conas is ceart fógra a thabhairt i leith na scéimeanna. Ba cheart go gcabhródh siad sin leis na Ballstáit an iontaoibh is gá as scéimeanna ríomhaitheantais a chéile a chothú agus na modhanna ríomhaitheantais a thagann faoina gcuid scéimeanna ar tugadh fógra ina leith a aithint agus glacadh go frithpháirteach. Ba cheart feidhm bheith leis an bprionsabal maidir le haithint agus glacadh frithpháirteach má chomhlíonann an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra na coinníollacha maidir le fógra a thabhairt agus má foilsíodh an fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag rochtain ar na seirbhísí ar líne sin agus seachadadh deiridh na seirbhísí chuig an iarrthóir leis an gceart seirbhísí den sórt sin a fháil faoi na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta.

(14)     Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann cinneadh a dhéanamh maidir le baint a bheith ag an earnáil phríobháideach le modhanna ríomhaitheantais a eisiúint agus cead a thabhairt don earnáil phríobháideach modhanna ríomhaitheantais a úsáid faoi scéim ar tugadh fógra ina leith chun críocha aitheantais nuair atá gá leis sin le haghaidh seirbhísí ar líne nó ríomh‑idirbhearta. Dá bhféadfaí modhanna ríomhaitheantais den sórt sin a úsáid, bheadh an earnáil phríobháideach in ann dul i muinín an ríomhaitheantais agus an ríomh‑fhíordheimhnithe a úsáidtear cheana féin go forleathan in go leor Ballstát le haghaidh seirbhísí poiblí ar a laghad agus b'fhusa do ghnólachtaí agus do shaoránaigh rochtain a fháil ar a gcuid seirbhísí ar líne thar theorainneacha. D'fhonn úsáid modhanna ríomhaitheantais den sórt sin thar theorainneacha a éascú san earnáil phríobháideach, ba cheart an fhéidearthacht fíordheimhnithe a chuireann na Ballstáit ar fáil bheith ar fáil do na páirtithe is úsáideoirí gan idirdhealú a dhéanamh idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí.

(15)     Chun úsáid thrasteorann a bhaint as modhanna ríomhaitheantais faoi scéim ar tugadh fógra ina leith, caithfidh na Ballstáit comhoibriú maidir le hidir‑inoibritheacht theicniúil a sholáthar. Fágann sé sin nach féidir aon rialacha teicniúla náisiúnta ar leith a bheith ann a cheanglaíonn ar na páirtithe neamh‑náisiúnta, mar shampla, crua‑earraí nó bogearraí ar leith a fháil chun an ríomhaitheantas ar tugadh fógra ina leith a fhíorú agus a bhailíochtú. Tá sé dosheachanta, áfach, ceanglais theicniúla a bheith ar úsáideoirí, toisc go mbíonn ceanglais ag baint le sainsonraíochtaí cibé ceadchomhartha (e.g. cárta cliste) atáthar ag úsáid.

(16)     Ba cheart do na Ballstáit dul i mbun comhoibrithe le hidir‑inoibritheacht theicniúil a bhaint amach do na scéimeanna ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith, ar mhaithe le leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú a oireann don leibhéal riosca. Malartú faisnéise agus comhroinnt dea‑chleachtas idir na Ballstáit féachaint na scéimeanna sin a aithint go frithpháirteach, ba cheart go n‑éascódh sé comhoibriú den sórt sin.

(17)     Ba cheart creat ginearálta dlí a bhunú leis an Rialachán seo freisin maidir le húsáid a bhaint as ríomhsheirbhísí iontaoibhe. Níor cheart oibleagáid ghinearálta a bhunú iad a úsáid, áfach. Go háirithe, níor cheart soláthar seirbhísí atá bunaithe ar chomhaontuithe deonacha faoin dlí príobháideach a chumhdach. Níor cheart gnéithe a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích ná bailíocht na gconarthaí sin, ná oibleagáidí dlíthiúla eile a chumhdach ach oiread i gcás ina bhfuil ceanglais foirme forordaithe sa dlí náisiúnta nó i dlí an Aontais.

(18)     D'fhonn úsáid ghinearálta thrasteorann ríomhsheirbhísí iontaoibhe a éascú, ba cheart a bheith in ann iad a úsáid mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla i ngach Ballstát.

(19)     Ba cheart go mbeadh na Ballstáit fós in ann cineálacha eile seirbhísí iontaoibhe a shainiú de bhreis orthu sin atá i liosta dúnta na seirbhísí iontaoibhe dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar mhaithe lena n‑aithint mar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe ar an leibhéal náisiúnta.

(20)     Mar gheall ar chomh tapa agus atá an teicneolaíocht ag athrú, ba cheart cur chuige a ghlacadh faoin Rialachán a fhágann gur féidir a bheith nuálaíoch.

(21)     Ba cheart an Rialachán seo a bheith neodrach ó thaobh teicneolaíochta de. Ba cheart go bhféadfaí na héifeachtaí dlíthiúla a dheonaítear faoi a bhaint amach le haon mhodh teicniúil ar choinníoll go ndéantar ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh.

(22)     D'fhonn iontaoibh an phobail as an margadh inmheánach a neartú agus úsáid seirbhísí agus táirgí iontaoibhe a chur chun cinn, ba cheart coincheap na seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus coincheap an tsoláthraí cháilithe de sheirbhísí iontaoibhe a thabhairt isteach d'fhonn ceanglais agus oibleagáidí a chur in iúl chun a áirithiú go mbeidh leibhéal ard slándála ag cibé seirbhísí nó táirgí iontaoibhe cáilithe a úsáidtear nó a chuirtear ar fáil.

(23)     I gcomhréir le hoibleagáidí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas atá tagtha i bhfeidhm san AE, ba cheart daoine faoi mhíchumas a bheith in ann úsáid a bhaint as seirbhísí iontaoibhe agus as táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar ar an mbonn céanna le custaiméirí eile.

(24)     Is rialaitheoir sonraí pearsanta é soláthraí seirbhísí iontaoibhe agus dá bharr sin ní mór dó na hoibleagáidí a chomhlíonadh a leagtar amach i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[22]. Go háirithe, ba cheart bailiú sonraí a íoslaghdú a oiread is féidir, ag cur san áireamh chuspóir na seirbhísí atáthar ag cur ar fáil.

(25)     Ba cheart do chomhlachtaí maoirseachta comhoibriú le húdaráis um chosaint sonraí agus faisnéis a mhalartú leo lena áirithiú go gcuirfidh soláthraithe seirbhísí an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm i gceart. Go háirithe, ba cheart teagmhais slándála agus sáruithe sonraí pearsanta a bheith ar áireamh sa mhalartú faisnéise.

(26)     Ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar gach soláthraí seirbhísí iontaoibhe dea‑chleachtas slándála a chur i bhfeidhm atá oiriúnach do na rioscaí a bhaineann lena chuid gníomhaíochtaí chun iontaoibh úsáideoirí as an margadh aonair a mhéadú.

(27)     Níor cheart go gcuirfeadh forálacha maidir le hainmneacha bréige a úsáid ar dheimhnithe cosc ar na Ballstáit aitheantas daoine a éileamh de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.

(28)     Ba cheart go gcomhlíonfadh gach Ballstáit ceanglais choiteanna maidir le maoirseacht shár‑riachtanach chun leibhéal slándála inchomparáide ar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gceanglas sin a éascú ar fud an Aontais, ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta inchomparáide a ghlacadh agus faisnéis a mhalartú maidir lena ngníomhaíochtaí maoirseachta agus a ndea‑chleachtais sa réimse i gceist.

(29)     Tá sé riachtanach fógra a thabhairt maidir le sáruithe slándála agus measúnuithe ar rioscaí slándála chun faisnéis leordhóthanach a sholáthar do na páirtithe lena mbaineann i gcás sárú slándála nó caillteanais sláine.

(30)     Ba cheart iarraidh ar chomhlachtaí maoirseachta faisnéis achoimreach a sholáthar don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA) le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na meicníochta atáthar ag tabhairt isteach leis an Rialachán seo chun fógra a thabhairt maidir le sáruithe.

(31)     Ba cheart iarraidh ar na comhlachtaí maoirseachta staitisticí a sholáthar faoi úsáid na seirbhísí iontaoibhe cáilithe le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo.

(32)     Ba cheart iarraidh ar na comhlachtaí maoirseachta tuairisciú a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí le go mbeidh sé ar chumas an Choimisiúin agus na mBallstát measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na meicníochta maoirseachta feabhsaithe a atáthar ag tabhairt isteach leis an Rialachán seo. D'éascódh sé sin go mór malartú dea‑chleachtas idir na comhlachtaí maoirseachta agus d'áiritheodh sé go mbeifí ag fíorú go bhfuil na ceanglais mhaoirseachta fíor‑riachtanacha á gcur chun feidhme go comhsheasmhach agus go héifeachtúil i ngach Ballstát.

(33)     Chun inbhuanaitheacht agus marthanacht seirbhísí iontaoibhe cáilithe a áirithiú agus le muinín úsáideoirí as leanúnachas seirbhísí iontaoibhe cáilithe a mhéadú, ba cheart do na comhlachtaí maoirseachta a áirithiú go ndéanfar na sonraí maidir le soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a chaomhnú agus go mbeifear in ann rochtain a fháil orthu fiú mura mbeidh an soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe ann a thuilleadh.

(34)     Chun maoirsiú ar sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a éascú, mar shampla nuair atá seirbhísí á soláthar ag soláthraí i gcríoch Bhallstáit eile nach bhfuil sé faoi réir maoirseachta ann, nó nuair atá ríomhairí soláthraí lonnaithe i gcríoch Bhallstáit eile seachas an ceann ina bhfuil sé bunaithe, ba cheart córas um chúnamh frithpháirteach a bhunú idir comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit.

(35)     Faoi na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá sé na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le seirbhísí iontaoibhe a sholáthar a chomhlíonadh, go háirithe i gcás seirbhísí iontaoibhe cáilithe. Faoi na comhlachtaí maoirseachta atá sé maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann soláthraithe seirbhísí iontaoibhe na ceanglais sin.

(36)     Ar mhaithe le próiseas éifeachtúil tionscnaimh a bheith ann, rud ba cheart a bheith mar thoradh air go gcuirfear soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil ar na liostaí iontaofa, ba cheart idirghníomhú tosaigh idir soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe ionchasacha agus an comhlacht maoirseachta inniúil a spreagadh, féachaint dícheall cuí a éascú, sa chaoi go mbeidh soláthar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe mar thoradh air.

(37)     Is nithe fíor‑riachtanacha iad na liostaí iontaofa le hiontaoibh a chothú in oibreoirí an mhargaidh toisc go dtugann siad le fios stádas cáilithe an tsoláthraí seirbhísí tráth na maoirseachta, ach níl siad réamhriachtanach chun stádas cáilithe a bhaint amach agus seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthar, nithe a thagann as comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.

(38)     Tar éis do sheirbhís iontaoibhe cháilithe a bheith faoi réir fógra a thabhairt, ní féidir leis an gcomhlacht seirbhíse poiblí lena mbaineann diúltú an tseirbhís a úsáid chun nós imeachta nó foirmiúlacht riaracháin a chomhlíonadh, as gan a bheith san áireamh sna liostaí iontaofa arna mbunú ag na Ballstáit. Chun na críche atá idir chamáin, is éard is brí le comhlacht seirbhíse poiblí aon údarás poiblí nó eintiteas eile ar cuireadh de chúram air seirbhísí ríomhrialtais a sholáthar, amhail tuairisceáin chánach a chur isteach ar líne, iarratas a dhéanamh ar theastais bhreithe, rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair poiblí leictreonacha etc.

(39)     Cé go bhfuil leibhéal ard slándála de dhíth chun aithinteas fhrithpháirteach ríomhshínithe a áirithiú, i gcásanna ar leith, e.g. i gcomhthéacs an Chinnidh ón gCoimisiún 2009/767/CE an 16 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar amach bearta chun úsáid nósanna imeachta a éascú le ríomh‑mhodhanna trí 'ionad ilfhreastail' i gcomhréir le Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach[23], ba cheart glacadh le ríomhshínithe ag a bhfuil dearbhú slándála níos ísle ná sin freisin.

(40)     Ba cheart go bhféadfadh sínitheoir gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe a chur faoi chúram tríú páirtí, ar choinníoll go gcuirtear meicníochtaí agus nósanna imeachta oiriúnacha i bhfeidhm lena áirithiú gur faoi urlámhas an tsínitheora, agus faoina urlámhas‑sa amháin, a bheidh a chuid sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe féin, agus go gcomhlíonann úsáid an ghléis na ceanglais maidir le sínithe cáilithe.

(41)     Le deimhneacht dhlíthiúil bhailíocht an tsínithe a áirithiú, tá sé fíor‑riachtanach sonraí a thabhairt maidir leis na comhpháirteanna den ríomhshíniú cáilithe nach mór don pháirtí is úsáideoir atá ag tabhairt faoin mbailíochtú measúnú a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, ba cheart go tabharfaí spreagadh don earnáil phríobháideach nó don earnáil phoiblí infheistíocht a dhéanamh sna seirbhísí bailíochtaithe cáilithe agus na ceanglais a shainiú do sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe is féidir leo na seirbhísí bailíochtaithe cáilithe sin a sholáthar do pháirtithe is úsáideoirí nach bhfuil toilteanach nó nach bhfuil in ann bailíochtú a dhéanamh ar ríomhshínithe cáilithe iad féin. Ba cheart go bhfágfadh an dá ghné sin go mbeidh bailíochtú ríomhshínithe cáilithe éasca áisiúil do gach páirtí ar leibhéal an Aontais.

(42)     I gcás ina bhfuil ríomhshéala cáilithe ó dhuine dlítheanach de dhíth chun idirbheart a dhéanamh, ba cheart ríomhshíniú cáilithe ó ionadaí údaraithe an dhuine dhlítheanaigh a bheith chomh hinghlactha céanna.

(43)     Ba cheart ríomhshéalaí a bheith ina bhfhianaise gur eisigh duine dlítheanach ríomhdhoiciméad, chun deimhneacht a áirithiú maidir le foinse agus sláine an doiciméid.

(44)     Ba cheart caomhnú fadtéarmach faisnéise a áirithiú leis an Rialachán seo, i.e. bailíocht dhlíthiúil na ríomhshínithe agus na ríomhshéalaí thar tréimhsí fada , á ráthú go mbeifear in ann iad a bhailíochtú beag beann ar athruithe sa teicneolaíocht amach anseo.

(45)     Ar mhaithe le húsáid thrasteorann ríomhdhoiciméad a fheabhsú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le héifeachtaí dlíthiúla ríomhdhoiciméad a mheas arb ionann iad, ba cheart a mheas, agus doiciméid pháipéir, de réir an mheasúnaithe riosca agus ar choinníoll go ndéantar barántúlacht agus sláine na ndoiciméad a áirithiú. Tá sé tábhachtach freisin chun ríomh‑idirbhearta trasteorann sa mhargadh aonair a fhorbairt a thuilleadh go nglacfaí le ríomhdhoiciméid bhunaidh nó cóipeanna deimhnithe a eisíonn comhlachtaí inniúla ábhartha i mBallstát faoina dhlí náisiúnta mar dhoiciméid den sórt sin i mBallstáit eile freisin. Níor cheart go ndéanfadh an Rialachán difear do cheart na mBallstát cinneadh a dhéanamh cad is doiciméad bunaidh nó cóip ann ar an leibhéal náisiúnta, is é an chaoi a n‑áirithíonn sé go bhféadfar iad a úsáid mar dhoiciméid den sórt sin thar theorainneacha freisin.

(46)     Mar gheall go mbaineann údaráis inniúla sna Ballstáit úsáid as formáidí difriúla ríomhshínithe ardleibhéil faoi láthair chun a gcuid doiciméad a ríomhshíniú, is gá a áirithiú gur féidir le Ballstáit roinnt formáidí ríomhshínithe ardleibhéil ar a laghad a láimhseáil go teicniúil nuair a fhaigheann siad doiciméid ríomhshínithe. Ar an gcaoi chéanna, nuair a bheadh údaráis inniúla sna Ballstáit ag úsáid ríomhshéalaí ardleibhéil, ba ghá a áirithiú go mbeidís in ann roinnt formáidí ríomhshéalaí ardleibhéil ar a laghad a láimhseáil.

(47)     Chomh maith leis an doiciméad arna eisiúint ag an duine dlítheanach a fhíordheimhniú, is féidir ríomhshéalaí a úsáid chun aon sócmhainn dhigiteach de chuid an duine dhlítheanaigh a fhíordheimhniú, e.g. cód bogearraí, freastalaithe.

(48)     Dá bhféadfaí suíomhanna gréasáin agus an duine ar leis iad a fhíordheimhniú, bheadh sé níos deacra suíomhanna gréasáin a fhalsú agus laghdófaí calaois dá bharr.

(49)     Ar mhaithe le gnéithe teicniúla mionsonraithe áirithe an Rialacháin seo a chomhlánú ar bhealach solúbtha tapa, ba cheart an chumhacht chun a ghníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith: idir‑inoibritheacht an ríomhaitheantais; bearta slándála atá de cheangal ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe; comhlachtaí neamhspleácha aitheanta atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe seirbhíse; liostaí iontaofa; ceanglais a bhaineann le leibhéil slándála ríomhshínithe; ceanglais deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe, a mbailíochtú agus a gcaomhnú; na comhlachtaí atá freagrach as deimhniúchán gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe; na ceanglais a bhaineann le leibhéil slándála ríomhshéalaí agus deimhnithe incháilaithe do ríomhshéalaí; idir‑inoibritheacht idir seirbhísí seachadta. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe.

(50)     Le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

(51)     D’fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, go háirithe chun uimhreacha tagartha caighdeán a shonrú, caighdeáin a mbeadh toimhde géilliúlachta le ceanglais áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo nó a shainítear sna gníomhartha tarmligthe ach iad a úsáid. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí lena rialaíonn na Ballstáit mar a fheidhmíonn an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme[24].

(52)     Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht ba cheart Treoir 1999/93/CE a aisghairm.

(53)     Le deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú d'oibreoir margaidh atá ag baint úsáide as deimhnithe cáilithe cheana féin a eisíodh i gcomhréir le Treoir 1999/93/CE, is gá foráil a dhéanamh maidir le tréimhse leordhóthanach san idirlinn. Is gá freisin modh a chur ar fáil don Choimisiún chun na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh roimh an dáta sin.

(54)     Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar scála na gníomhaíochta, féadfaidh an tAontas Eorpach bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil gá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach, go háirithe i ndáil le ról an Choimisiúin mar chomhordaitheoir gníomhaíochtaí náisiúnta.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le ríomhaitheantas agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbhearta d'fhonn dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.

2. Leagtar síos leis an Rialachán seo na coinníollacha faoina n‑aithneoidh agus faoina nglacfaidh na Ballstáit modhanna ríomhaitheantais daoine nádúrtha nó dlítheanacha a thagann faoi scéim ríomhaitheantais Ballstáit eile ar tugadh fógra ina leith.

3. Bunaítear leis an Rialachán seo creat dlí le haghaigh ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméad, ríomhsheirbhísí seachadta agus fíordheimhniú suíomhanna gréasáin.

4. Áirithítear leis an Rialachán seo go dtabharfar cead saorchúrsaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí agus táirgí iontaoibhe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo .

Airteagal 2

Raon feidhme

1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le ríomhaitheantas a dhéanann na Ballstáit agus soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas a chur ar fáil, nó a chuirtear ar fáil ar a son nó faoina bhfreagracht agus tá feidhm aige maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe san Aontas.

2. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthar ríomhsheirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chomhaontuithe deonacha faoin dlí príobháideach.

3. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnéithe a bhaineann le tabhairt i gcrích ná bailíocht conarthaí, ná oibleagáidí dlíthiúla eile i gcás ina bhfuil ceanglais maidir le foirm forordaithe sa dlí náisiúnta nó i ndlí an Aontais.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'ríomhaitheantas' an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí aitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonaí iad a léiríonn, gan débhrí, duine nádúrtha nó dlítheanach;

(2) Ciallaíonn 'modh ríomhaitheantais' aonad ábhartha nó neamhábhartha ina bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a mbaintear úsáid as chun rochtain ar líne a fháil ar na seirbhísí dá dtagraítear dóibh in Airteagal 5;

(3) ciallaíonn 'scéim ríomhaitheantais' córas chun ríomhaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomhaitheantais a eisiúint le daoine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(4) ciallaíonn 'fíordheimhniú' ríomhphróiseas a fhágann gur féidir ríomhaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a bhailíochtú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a bhailíochtú;

(5) ciallaíonn 'sínitheoir' duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(6) ciallaíonn 'ríomhshíniú' sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de ríomhshonraí eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(7) ciallaíonn 'ríomhshíniú ardleibhéil' ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a) tá nasc uathúil aige leis an sínitheoir;

(b) is féidir an sínitheoir a aithint leis;

(c) cruthaíodh é ag baint úsáide as sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe is féidir leis an sínitheoir a úsáid agus leibhéal ard muiníne aige agus é faoina urlámhas eiseach; agus

(d) tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann gur féidir aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath;

(8) ciallaíonn 'ríomhshíniú cáilithe' ríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas um chruthú ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(9) ciallaíonn 'sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe' sonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(10) ciallaíonn 'deimhniú' ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe nó ríomhshéala faoi seach dhuine nádúrtha nó dlítheanach a nascadh leis an deimhniú agus lena ndearbhaítear sonraí an duine sin;

(11) ciallaíonn 'deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe' dearbhú a úsáidtear chun ríomhshínithe a láimhseáil, dearbhú arna eisiúint ag soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(12) ciallaíonn 'seirbhís iontaoibhe' aon ríomhsheirbhís arb é atá inti ríomhshínithe, ríomhshéalaí, ríomhstampaí ama, ríomhdhoiciméid, ríomhsheirbhísí seachadta, fíordheimhniú suíomhanna gréasáin, ríomhdheimhnithe, lena n‑áirítear deimhnithe le haghaidh ríomhshínithe agus ríomhshéalaí, a chruthú, a fhíordheimhniú, a bhailíochtú, a láimhseáil agus a chaomhnú;

(13) ciallaíonn 'seirbhís iontaoibhe cháilithe' seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(14) ciallaíonn 'soláthraí seirbhísí iontaoibhe' duine nádúrtha nó dlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháin nó níos mó ar fáil;

(15) ciallaíonn 'soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe' soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo;

(16) ciallaíonn 'táirge' bogearraí nó crua‑earraí, nó comhpháirteanna ábhartha díobh, lena bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(17) ciallaíonn 'gléas um chruthú ríomhshínithe' bogearraí nó crua‑earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(18) ciallaíonn 'gléas um chruthú ríomhshínithe cáilithe' gléas um chruthú ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn II;

(19) ciallaíonn 'cruthaitheoir séala' duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(20) ciallaíonn 'ríomshéala' sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de ríomhshonraí eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí gaolmhara a áirithiú;

(21) ciallaíonn 'ríomhshéala ardleibhéil' ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(e) tá nasc uathúil aige le cruthaitheoir an tséala;

(f) tá sé in ann cruthaitheoir an tséala a aithint;

(g) cruthaíodh é ag baint úsáide as sonraí um chruthú ríomhshéala is féidir le cruthaitheoir an tséala a úsáid le leibhéal ard muiníne agus é faoina urlámhas féin chun ríomhshéalaí a chruthú; agus

(h) tá sé nasctha leis na sonraí lena mbaineann sé ar bhealach a fhágann gur féidir aon athrú iardain a dhéanfaí ar na sonraí a bhrath;

(22) ciallaíonn 'ríomhshéala cáilithe' ríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas um chruthú ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(23) ciallaíonn 'sonraí maidir le cruthú ríomhshéala' sonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(24) ciallaíonn 'deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí' dearbhú a úsáidtear chun ríomhshéala a láimhseáil, a eisíonn soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(25) ciallaíonn 'ríomhstampa ama' sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn ríomhshonraí eile d'am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí sin ann ag an am sin;

(26) ciallaíonn 'ríomhstampa ama cáilithe' ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 33;

(27) ciallaíonn 'ríomhdhoiciméad' doiciméad d'aon chineál formáide leictreonaí;

(28) ciallaíonn 'ríomhsheirbhís seachadta' seirbhís a fhágann gur féidir sonraí a tharchur le ríomh‑mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n‑áirítear cruthúnas gur seoladh nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar chailliúint, goid, damáiste agus athrú neamhúdaraithe orthu;

(29) ciallaíonn 'ríomhsheirbhís seachadta cáilithe' ríomhsheirbhís seachadta a chomhlíonann na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 36;

(30) ciallaíonn 'deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin' dearbhú a fhágann gur féidir suíomh gréasáin a fhíordheimhniú agus a dhéanann nasc idir an suíomh gréasáin agus an duine lena n‑eisítear an deimhniú, dearbhú arna eisiúint ag soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(31) ciallaíonn 'sonraí bailíochtaithe' sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniú nó ríomhshéala a bhailíochtú.

Airteagal 4

Prionsabal an mhargaidh inmheánaigh

1. Ní chuirfidh soláthraí seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe i mBallstáit eile aon srian ar sholáthar seirbhísí iontaoibhe ar chríoch Ballstáit ar chúiseanna a thagann faoi na réimsí a chumhdaítear sa Rialachán seo.

2. Beidh cead saorchúrsaíochta sa mhargadh inmheánach ag táirgí atá i gcomhréir leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL II

RÍOMHAITHEANTAS

Airteagal 5

Aithint agus glacadh frithpháirteach

I gcás ina gceanglaítear faoin dlí náisiúnta nó faoin gcleachtas náisiúnta riaracháin ríomhaitheantas a úsáid a úsáideann modh ríomhaitheantais agus fíordheimhnithe le rochtain a fháil ar sheirbhís ar líne, aithneofar agus glacfar le haon modh ríomhaitheantais arna eisiúint i mBallstát eile a thagann faoi scéim atá ar an liosta a fhoilseoidh an Coimisiún de bhun an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 chun críocha rochtain a fháil ar an tseirbhís sin.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le fógra a thabhairt i leith scéimeanna ríomhaitheantais

1. Beidh scéimeanna ríomhaitheantais cáilithe le fógra a thabhairt ina leith de bhun Airteagal 7 má dhéantar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) is é an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra a eisíonn na modhanna ríomhaitheantais, nó eisítear ar a shon nó faoina fhreagracht iad;

(b) is féidir na modhanna ríomhaitheantais a úsáid chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí ar a laghad lena bhfuil ríomhaitheantas de dhíth sa Bhallstát atá ag tabhairt an fhógra;

(c) áirithíonn an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra go luafar sonraí aitheantais duine gan débhrí leis an duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear in Airteagal 3 pointe 1;

(d) áireoidh an Ballstát atá ag tabhairt fógra go mbeidh féidearthacht fíordheimhnithe ar líne ann, tráth ar bith agus saor in aisce, le go mbeidh aon pháirtí is úsáideoir in ann sonraí faisnéise pearsanta a fhaightear i bhfoirm leictreonach a bhailíochtú. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit aon saincheanglas teicniúil ar pháirtithe is úsáideoirí atá bunaithe lasmuigh dá gcríoch agus a bhfuil sé i gceist acu fíordheimhniú den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina ndéantar an scéim ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith nó an fhéidearthacht fíordheimhnithe a shárú nó go gcuirtear a slandáil i scothbhaol, déanfaidh na Ballstáit an scéim ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith, an fhéidearthacht fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i scothbhaol ar a chur ar fionraí nó déanfar iad a chúlghairm agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi de bhun Airteagal 7;

(e) beidh an Ballstát atá ag tabhairt an fhógra freagrach as:

– (i) sonraí aitheantais duine dá dtagraítear dóibh i bpointe (c) a lua leis an duine sin gan débhrí, agus

– (ii) an fhéidearthacht fíordheimhnithe dá dtagraítear di i bpointe (d).

2. Ní dhéanfaidh pointe (e) de mhír 1 dochar do dhliteanas páirtithe in idirbheart ina n‑úsáidtear modhanna ríomhaitheantais a thagann faoin scéim ar tugadh fógra ina leith.

Airteagal 7

Fógra a thabhairt

1. Seolfaidh Ballstáit a thugann fógra i leith scéime ríomhaitheantais an fhaisnéis seo a leanas ar aghaidh go dtí an Coimisiún gan mhoill míchuí, chomh maith le haon athruithe iardain uirthi:

(a) tuairisc ar an scéim ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(b) na húdaráis atá freagrach as an scéim ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith;

(c) faisnéis faoin té a bhainistíonn clárú aitheantóirí daoine gan athbhrí;

(d) tuairisc ar an bhféidearthacht fíordheimhnithe;

(e) socruithe i leith cúlghairme nó fhionraí na scéime ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith, na féidearthachta fíordheimhnithe nó na codanna díobh ar cuireadh a slándáil i mbaol.

2. Sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin foilseoidh an Coimisiún liosta de na scéimeanna ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun mhír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar aon leis an mbunfhaisnéis ina dtaobh.

3. Má fhaigheann an Coimisiún fógra tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 2 dul in éag, leasóidh sé an liosta laistigh de thrí mhí.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cúinsí, formáidí agus nósanna imeachta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a shainiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 8

Comhordú

1. Comhoibreoidh na Ballstáit chun idir‑inoibritheacht modhanna ríomhaitheantais a thagann faoi scéim ar tugadh fógra ina leith a áirithiú agus chun a slándáil a fheabhsú.

2. Bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe fíor‑riachtanacha chun an comhar idir na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 a éascú, d'fhonn leibhéal ard iontaoibhe agus slándála a chothú atá comhoiriúnach leis an leibhéal riosca. Bainfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin go háirithe le malartú faisnéise, taithí agus dea‑chleachtas maidir le scéimeanna ríomhaitheantais, athbhreithniú piaraí ar scéimeanna ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith agus scrúdú ar fhorbairtí ábhartha atá ag teacht chun cinn in earnáil an ríomhaitheantais ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

3. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, a bhaineann le hidir‑inoibritheacht thrasteorann modhanna ríomhaitheantais a éascú trí bhíthin íoscheanglais theicniúla a leagan síos.

CAIBIDIL III

SEIRBHÍSÍ IONTAOIBHE

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 9

Dliteanas

1. Beidh soláthraí seirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste díreach a dhéantar d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh gan cloí leis na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 15(1), ach amháin más féidir leis an soláthraí seirbhísí iontaoibhe a chruthú nach ndearnadh é sin go faillíoch.

2. Beidh soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe faoi dhliteanas as aon damáiste díreach a dhéantar d'aon duine nádúrtha nó dlítheanach de thoradh mainneachtana na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo, go háirithe in Airteagal 19, a chomhlíonadh ach amháin más féidir leis an soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a chruthú nach ndearnadh é sin go faillíoch.

Airteagal 10

Soláthraithe seirbhísí iontaoibhe ó thríú tíortha

1. Seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus deimhnithe cáilithe arna soláthar ag soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá bunaithe i dtríú tír, glacfar leo mar sheirbhísí iontaoibhe cáilithe agus mar dheimhnithe cáilithe arna soláthar ag soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Aontais más rud é go n‑aithnítear na seirbhísí iontaoibhe cáilithe nó na deimhnithe cáilithe de thioscnamh na tríú tír sin faoi chomhaontú idir an tAontas agus tríú tíortha nó idir an tAontas agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.

2. I dtaca le mír 1, áiritheoidh comhaontuithe den sórt sin go gcomhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe sna tríú tíortha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta na ceanglais is infheidhme maidir le seirbhísí iontaoibhe cáilithe agus deimhnithe cáilithe arna soláthar ag soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Aontais, go háirithe i ndáil le sonraí pearsanta a chosaint, slándáil agus maoirseacht.

Airteagal 11

Próiseáil agus cosaint sonraí

1. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe agus comhlachtaí maoirseachta go ndéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach cothrom dleathach i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

2. Próiseálfaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe sonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Beidh próiseáil den sórt sin teoranta go docht don íosmhéid sonraí atá de dhíth chun deimhniú a eisiúint agus a choinneáil ann nó chun seirbhís iontaoibhe a sholáthar.

3. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe rúndacht agus sláine na sonraí a bhaineann leis an duine a gcuirtear an tseirbhís iontaoibhe ar fáil dó.

4. Gan dochar don éifeacht dhlíthiúil a thugtar d'ainmneacha bréige faoin dlí náisiúnta, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe ainm bréige in ionad ainm an tsínitheora a úsáid ar dheimhnithe ríomhshínithe.

Airteagal 12

Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Seirbhísí iontaoibhe a sholáthraítear agus táirgí úsáideora deiridh a úsáidtear chun na seirbhísí sin a sholáthar, féachfar chuige go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas orthu a mhéad is féidir é.

Roinn 2

Maoirseacht

Airteagal 13

Comhlacht maoirseachta

1. Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht oiriúnach atá bunaithe ar a chríoch, nó, le comhaontú frithpháirteach, atá bunaithe i mBallstát eile faoi fhreagracht an Bhallstáit ainmniúcháin. Tabharfar do chomhlachtaí maoirseachta gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.

2. Beidh an comhlacht maoirseachta freagrach as na cúraimí seo a leanas a dhéanamh:

(a) faireachán a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin lena áirithiú go ndéanfaidh siad na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 15 a chomhlíonadh;

(b) maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit ainmniúcháin agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, lena áirithiú go gcomhlíonann siad agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad na ceanglais is infheidhme atá leagtha síos sa Rialachán seo;

(c) féachaint chuige go ndéanfar an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 19(2), a thaifead soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe, a chaomhnú agus go mbeidh rochtain orthu i dtólamh nuair a bheidh deireadh le gníomhaíochtaí an tsoláthraí cháilithe de sheirbhísí iontaoibhe, go ceann tréimhse oiriúnaí d'fhonn leanúnachas na seirbhíse a ráthú.

3. Cuirfidh gach comhlacht maoirseachta tuarascáil bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta na bliana féilire roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát roimh dheireadh na chéad ráithe den bhliain ina dhiaidh sin. Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad inti:

(a) faisnéis maidir lena gníomhaíochtaí maoirseachta;

(b) achoimre ar na fógraí maidir le sárú a fuarthas ó sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe i gcomhréir le hAirteagal 15(2);

(c) staitisticí faoin margadh agus faoi úsáid na seirbhísí iontaoibhe cáilithe, lena n‑áirítear faisnéis maidir leis na soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe iad féin, na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad, na táirgí a mbaineann siad úsáid astu agus tuairisc ghinearálta ar a gcuid custaiméirí.

4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le hainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí maoirseachta atá ainmnithe acu féin.

5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 38, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a bhaineann leis na nósanna imeachta is infheidhme maidir le sainiú na gcúraimí dá dtagraítear i mír 2.

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta na tuarascála dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 14

Cúnamh frithpháirteach

1. Comhoibreoidh comhlachtaí maoirseacht d'fhonn dea‑chleachtas agus faisnéis ábhartha agus cúnamh frithpháirteach a mhalartú lena chéile, chomh tapa agus is féidir é, le gur féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach. Cumhdófar sa chúnamh frithpháirteach, go háirithe, iarratais ar fhaisnéis agus bearta maoirseachta, amhail iarratais ar chigireachtaí a dhéanamh a bhaineann leis na hiniúchtaí slándála dá dtagraítear in Airteagail 15, 16 agus 17.

2. Comhlacht maoirseachta lena ndéanfar iarratas ar chúnamh, ní fhéadfaidh sé é sin a dhiúltú ach amháin más rud é:

(a) nach bhfuil sé inniúil déileáil leis an iarratas; nó

(b) nach mbeadh sé i gcomhréir leis an Rialachán an t‑iarratas a chomhlíonadh.

3. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhlachtaí maoirseachta comh‑imscrúduithe a dhéanamh a mbeadh baill foirne de chuid comhlachtaí maoirseachta na Ballstát eile rannpháirteach iontu.

Féadfaidh comhlacht maoirseachta an Bhallstáit ina bhfuil an t‑imscrúdú le déanamh cúraimí inscrúdúcháin a fhorchur ar bhaill foirne an chomhlachta mhaoirseachta a bhfuil cúnamh á thabhairt dó, i gcomhréir lena dlí náisiúnta féin. Ní fhéadfar cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú ach amháin faoi threoir ball foirne ón gcomhlacht maoirseachta óstaigh agus ina láthair. Beidh baill foirne an chomhlachta mhaoirseachta a bhfuil cúnamh á thabhairt dó faoi réir dlí náisiúnta an comhlachta mhaoirseachta óstaigh. Glacfaidh an comhlacht maoirseachta óstach freagracht as gníomhartha bhaill foirne an chomhlachta mhaoirseachta a bhfuil cúnamh á thabhairt dó.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta maidir leis an gcúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 15

Ceanglais slándála is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí iontaoibhe

1. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe atá bunaithe ar chríoch an Aontais bearta teicniúla agus eagraíochtúla oiriúnacha chun na baoil do shlándáil na seirbhísí iontaoibhe a chuireann siad ar fáil a bhainistiú. Ag féachaint do chúrsaí teicneolaíochta, déanfaidh na bearta seo a áirithiú go mbeidh an leibhéal slándála oiriúnach do mhéid an bhaoil. Go háirithe, déanfar bearta chun tionchar teagmhas slándála a chosc agus a laghdú a oiread is féidir agus páirtithe leasmhara a chur ar an eolas maidir le ainiarsmaí aon teagmhais a tharlódh.

Gan dochar d'Airteagal 16(1), féadfaidh aon soláthraí seirbhísí iontaoibhe tuarascáil ar iniúchadh slándála a rinne comhlacht neamhspleách aitheanta a chur faoi bhráid an chomhlachta mhaoirseachta le dearbhú go ndearnadh bearta slándála oiriúnacha.

2. Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta inniúil, don chomhlacht náisiúnta inniúil chun slándála faisnéise agus do thríú páirtithe ábhartha eile amhail údaráis um chosaint sonraí, gan moill míchuí agus laistigh de 24 uaire an chloig ar a mhéad tar éis scéal a fháil faoi nuair is féidir sin, maidir le haon sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de a mbeidh tionchar mór aige ar an tseirbhís iontaoibhe a chuirtear ar fáil agus ar na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil faoin tseirbhís sin.

I gcás inarb iomchuí, go háirithe má bhaineann sárú slándála nó teip ó thaobh sláine de le dhá Bhallstát nó níos mó, tabharfaidh an comhlacht maoirseachta lena mbaineann fógra do na comhlachtaí maoirseachta sna Ballstáit eile agus don Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA).

Féadfaidh an comhlacht maoirseachta lena mbaineann an pobal a chur ar an eolas nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí iontaoibhe é sin a dhéanamh, i gcás ina meastar gur chun leas an phobail é an sárú a nochtadh.

3. Déanfaidh an comhlacht maoirseachta achoimre ar na fógraí i leith sáruithe a fuarthas ó na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe a thabhairt do ENISA agus don Choimisiún uair amháin sa bhliain.

4. D'fhonn mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme, beidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht maoirseachta inniúil treoracha ceangailteacha a eisiúint chuig soláthraithe seirbhísí iontaoibhe.

5. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a bhaineann le tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1.

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta, lena n‑áirítear spriocdhátaí, atá infheidhme chun críche mhíreanna 1 go 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 16

Maoirseacht ar sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe

1. Is comhlacht neamhspleách aitheanta a dhéanfaidh iniúchadh ar sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe uair sa bhliain chun a dhearbhú go gcomhlíonann siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil na ceanglais atá leagtha amach sa Rialachán seo, agus seolfaidh siad an tuarascáil iniúchta slándála mar aon lena torthaí ar aghaidh chuig an gcomhlacht maoirseachta.

2. Gan dochar do mhír 1, féadfaidh an comhlacht maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar na soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe tráth ar bith le dearbhú go bhfuil siad féin agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann siad ar fáil fós ag comhlíonadh na gceanglais atá leagtha amach sa Rialachán, bíodh sé sin dá stuaim féin nó ar iarratas ón gCoimisiún. Cuirfidh an comhlacht maoirseachta torthaí a iniúchtaí in iúl do na húdaráis um chosaint sonraí, i gcás inar cosúil gur sáraíodh rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

3. Beidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht maoirseachta treoracha ceangailteacha a eisiúint do na soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe chun leigheas a chur ar aon mhainneachtain na ceanglais a chuirtear in iúl sa tuarascáil ar an iniúchadh slándála a chomhlíonadh.

4. Maidir le mír 3, mura réitíonn an soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe aon mhainneachtain den sórt sin laistigh de theorainn ama leagtha síos ag an gcomhlacht maoirseachta, caillfidh sé a stádas cáilithe agus cuirfidh an comhlacht maoirseachta in iúl don soláthraí dá réir go n‑athrófar a stádas sna liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 18.

5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, a bhaineann leis na cúinsí a shainiú ina dtabharfar aitheantas don chomhlacht neamhspleách a dhéanfaidh an t‑iniúchadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus in Airteagal 15(1) agus in Airteagal 17(1).

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar na cúinsí, na nósanna imeachta agus ar na fhormáidí atá infheidhme chun críche mhíreanna 1, 2 agus 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 17

Seirbhís iontaoibhe cháilithe a thionscnamh

1. Tabharfaidh soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe fógra don chomhlacht maoirseachta maidir lena n‑intinn tosú ar sheirbhís iontaoibhe cháilithe a sholáthar agus cuirfidh said faoina bhráid tuarascáil ar an iniúcadh slándála arna dhéanamh ag comhlacht neamhspleách aitheanta, mar a foráiltear in Airteagal 16(1). Féadfaidh soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe tosú ar an seirbhís iontaoibhe cháilithe a sholáthar tar éis dóibh an fógra a thabhairt agus an tuarascáil ar an iniúchadh slándála a chur faoi bhráid an chomhlachta maoirseachta.

2. Nuair a bheidh na doiciméid ábhartha curtha faoi bhráid an chomhlachta maoirseachta i gcomhréir le mír 1, cuirfear na soláthraithe seirbhísí cháilithe ar na liostaí iontaofa dá dtagraítear in Airteagal 18 a léiríonn go bhfuil an fógra maidir leis tugtha.

3. Fíoróidh an comhlacht maoirseachta go bhfuil an soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus na seirbhísí iontaoibhe cáilithe atá á soláthar aige ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin.

Léireoidh an comhlacht maoirseachta stádas cáilithe na soláthraithe seirbhísí cáilithe agus na seirbhísí iontaofa cáilithe a sholáthraíonn siad sna liostaí iontaofa tar éis cinneadh dearfach an fhíoraithe, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis an fógraa thabhairt i gcomhréir le mír 1.

Mura gcuirfear an fíorú i gcrích laistigh de mhí amháin, cuirfidh an comhlacht maoirseachta na cúiseanna leis an mhoill in iúl don soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe agus luafaidh sé an tréimhse a thógfaidh sé an fíorú a chur i gcrích.

4. Ní féidir leis an gcomhlacht seirbhíse poiblí lena mbaineann diúltú do sheirbhís iontaoibhe cháilithe a bhí faoi réir ag an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 maidir le comhlíonadh nós imeachta ná foirmiúlachta riaracháin, toisc nach cuireadh san áireamh iad sna liostaí dá dtagraítear i mír 3.

5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta chun críche mhíreanna 1, 2 agus 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 18

Liostaí iontaofa

1. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa a bhunú, a chothabháil agus a fhoilsiú ina mbeidh faisnéis faoi sholáthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe cáilithe a bhfuil sé inniúil chuige sin chomh maith le faisnéis faoi na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthraíonn siad.

2. Déanfaidh gach Ballstát liostaí iontaofa atá ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú ar bhealach slán mar a foráiltear i mír 1, i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

3. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faisnéis faoin gcomhlacht atá freagrach as liostaí iontaofa náisiúnta a bhunú, a chothabháil agus fhoilsiú, agus mionsonraí maidir leis an áit ina bhfuil na liostaí sin foilsithe, maidir leis an deimhniú a úsáideadh chun na liostaí iontaofa a shíniú nó a shéalú agus maidir le haon athruithe eile uirthi.

4. Déanfaidh an Coimisiún, trí chainéal slán, an fhaisnéis dá dtagraítear in mír 3 a chur ar fáil don phobal i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

5. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a fhad a bhaineann le sainiú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1.

6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar shonraíochtaí teicniúla agus formáidí liostaí iontaofa is infheidhme chun críocha mhíreanna 1 go 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 19

Ceanglais maidir le soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe

1. Agus deimhniú cáilithe á eisiúint aige, fíoróidh soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe, ar dhóigheanna cuí agus i gcomhréir leis an dlí naisiúnta, aitheantas agus, más cuí, saintréithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar eisíodh an deimhniú incháilithe dó.

Is é an soláthraí seirbhíse cáilithe, nó tríú páirtí údaraithe atá ag feidhmiú faoi fhreagracht an tsoláthraí seirbhíse cháilithe, a fhíoróidh an fhaisnéis sin:

(a) trí láithreacht fhicisiúil an duine nádúrtha nó ionadaí údaraithe an duine dlítheanaigh, nó

(b) go cianda, ag úsáid modhanna ríomhaitheantais faoi scéim ar tugadh fógra maidir léi agus a eisíodh i gcomhréir le pointe (a).

2. Déanfaidh soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a sholáthraíonn seirbhísí iontaoibhe cáilithe na nithe seo a leanas:

(a) baill foirne a fhostú a bhfuil an saineolas, an taithí agus na cáilíochtaí cuí acu agus a chuirfidh nósanna imeachta bainistíochta agus riaracháin i bhfeidhm atá i chomhréir le caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta agus a bhfuil oiliúint chuí faighte acu maidir le rialacha slándála agus cosanta sonraí pearsanta;

(b) an dliteanais i leith damáistí a ghlacadh trí acmhainní leordhóthanacha airgeadais a nó scéim chuí árachais dliteanais bheith acu ;

(c) roimh dul isteach i gcaidreamh conarthach, aon duine ar mian leis seirbhís iontaoibhe incháilithe a úsáid a chur ar an eolas go mion faoi na téarmaí agus na coinníollacha maidir le húsáid na seirbhíse sin;

(d) córais agus táirgí iontaofa a úsáid atá cosanta ar mhionathruithe agus a áirithíonn slándáil theicniúil agus iontaofacht an phróisis a láimhseálann siad;

(e) córais iontaofa a úsáid chun sonraí a thugtar dóibh a stóráil, i bhfoirm infhíoraithe, sa dhóigh is:

– nach bhfuil na sonraí ar fáil don phobal chun aisghabhála ach sa chás go bhfuarthas cead an duine ar eisíodh na sonraí sin dó,

– nach féidir ach le daoine údaraithe iontrálacha agus athruithe a dhéanamh,

– gur féidir fíordheimhniú faisnéise a sheiceáil;

(f) bearta a dhéanamh in aghaidh brionnú agus gadaíochta sonraí;

(g) taifead a choimeád ar feadh tréimhse chuí ar gach faisnéis chuí a bhaineann le sonraí arna n‑eisiúint agus arna bhfáil ag an soláthraí cáilithe de sheirbhíse iontaoibhe , go háirithe ar mhaithe le fianaise a sholáthar in imeachtaí dlíthiúla. Is féidir an taifeadadh sin a dhéanamh go leictreonach;

(h) plean foirceanta a bheith acu atá cothrom le dáta chun leanúnachas seirbhíse a áirithiú i gcomhréir leis na socruithe a dhéanann an comhlacht meastóireachta faoi phointe (c) d'Airteagal 13(2);

(i) próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 11.

3. Maidir le soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cáilithe, cláróidh siad cúlghairm an deimhnithe ina mbunachar sonraí deimhnithe laistigh de dheich nóiméad ó theacht i bhfeidhm don chúlghairm.

4. Maidir le mír 3, cuirfidh soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a eisíonn deimhnithe cháilithe, cuirfidh siad ar fáil d'aon pháirtí is úsáideoir faisnéis maidir le stádas bailíochta nó stádas cúlghairme deimhnithe cáilithe a d'eisigh siad. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil tráth ar bith agus i gcás gach deimhnithe ar a laghad, ar bhealach uathoibríoch atá iontaofa, saor in aisce agus éifeachtúil.

5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú maidir le córais agus tairgí iontaofa. Measfar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Airteagal 19, i gcás ina gcomhlíonann córais agus táirgí iontaofa na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Roinn 3

Ríomhshíniú

Airteagal 20

Éifeachtaí dlíthiúla agus glacadh ríomhshínithe

1. Ní shéanfar ar ríomhshíniú éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.

2. Beidh ríomhshíniúcáilithe ar aon éifeacht dhlíthiúil le síniúlámhscríofa .

3. Aithneofar agus glacfar le ríomhshínithe incháilithe i ngach Ballstát.

4. Más ríomhshíniú ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe slándála atá níos ísle ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe atá á lorg, go háirithe más Ballstát atá á lorg chun rochtain a fháil ar sheirbhís phoiblí ar bhonn measúnú cuí ar na rioscaí a bhaineann le seirbhís mar í, aithneofar agus glacfar le gach ríomhshíniú atá aon leibhéal dearbhaithe slándála ar a laghad leis.

5. Ní lorgfaidh na Ballstáit, chun rochtain trasteorann a fháil ar sheirbhísí ar líne atá á dtairiscint ag comhlacht poiblí, leibhéal níos airde dearbhaithe slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, a bhaineann leis na léibhéil difriúla slándála a shainiú maidir le ríomhshíniú, dá dtagraítear i mír 4.

7. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú do leibhéil slándála ríomhshínithe. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh an leibhéil slándála a sainíodh i ngníomh tarmligthe a glacadh de bhun míre 6 i gcás ina gcomhlíonfaidh ríomhshíniú na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshíniú

1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

2. Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh riomhshínithe faoi réir aon cheanglas sainordaitheach a théann thar na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.

3. Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht, agus ní thabharfaidh athnuachan bailíochta ar ais a stádas in imthosca ar bith.

4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a fhad a bhaineann leis na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn I a shonrú a thuilleadh.

5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe don ríomhshíniú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 22

Ceanglais maidir le gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe

1. Comhlíonfaidh gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn II.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeáin a bhunú is infheidhme maidir le gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn II, i gcás ina gcomhlíonfaidh gléas um chruthú ríomhshínithe cáilithe na ceanglais sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 23

Deimhniú gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe

1. Féadfaidh comhlachtaí iomchuí poiblí nó príobháideacha arna n‑ainmniú chuige sin ag na Ballstáit gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe a dheimhniú ar chuntar go dtéann siad trí phróiseas meastóireachta slándála arna seoladh i gcomhréir le ceann de na caighdeáin maidir le measúnú slándála a dhéanamh ar tháirgí teicneolaíochta faisnéise a luafar i liosta a bhunóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eileainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí poiblí nó príobháideacha arna n‑ainmniú chuige sin , dá dtagraítear mír 1.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, a fhad a bhaineann le critéir shonracha a bhunú atá le comhlíonadh ag na comhlachtaí arna n‑ainmniú dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 24

Foilsiú liosta de ghléasanna deimhnithe um chruthú ríomhshínithe cáilithe

1. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún, gan moill míchuí, faisnéis maidir le gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe arna ndeimhniú ag na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23. Cuirfidh siad in iúl don Choimisiún freisin, gan moill míchuí, faisnéis maidir le gléasanna um chruthú ríomhshínithe nach ndeimhneofar a thuilleadh.

2. Ar bhonn na faisnéise arna fáil, bunóidh, cothabhálfaidh agus foilseoidh an Coimisiún liosta de ghléasanna deimhnithe um chruthú ríomhshínithe cáilithe.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sainiú a dhéanamh ar chúinsí, ar fhormáidí agus ar nósanna imeachta infheidhme chun críche mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Airteagal 25

Ceanglais maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú

1. Glacfar le bailíocht ríomhshínithe cháilithe ar an tuiscint gur féidir a chruthú le hardleibhéal cinnteachta, am an tsínithe, :

(a) gur deimhniú cáilithe ríomhshínithe atá i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn I atá sa deimhniú atá ag tacú leis an síniú;

(b) go bhfuil an deimhniú cáilithe atá ag teastáil barántúil agus bailí;

(c) gur sonraí um bailíochtú ríomhaitheantais a chomhfhreagraíonn do na sonraí a soláthraíodh do pháirtithe is úsáideoirí;

(d) gur foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an sínitheoir a soláthraíodh i gceart do pháirtithe is úsáideoirí;

(e) i gcás ina n‑úsáidtear ainm bréige, go gcuirtear sin in iúl go follasach do pháirtithe is úsáideoirí;

(f) gur gléas um chruthú ríomhshínithe incháilithe a chruthaigh an ríomhshíniú;

(g) nár cuireadh slándáil na sonraí sínithe i mbaol;

(h) go gcomhlíonfar na ceanglais dá bhforáiltear in mír 7 d'Airteagal 3;

(i) go dtugann an córas a úsáidtear chun an ríomhshíniú a bhailíochtú toradh an phróisis bhailíochtaithe sin go cruinn don pháirtí is úsáideoir agus ligeann sé don pháirtí sin aon cheisteanna slándála ábhartha a d'fhéadfadh bheith ann a bhrath.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a fhad a bhaineann le tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar na ceanglais shonracha atá leagtha síos i mír 1.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe cáilithe a bhailíochtú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfaidh bailíochtú na ríomhshínithe cáilithe na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26

Seirbhís bhailíochtaithe cháilithe le haghaidh ríomhshíniú cáilithe

1. Soláthróidh soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe seirbhís bhailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe cáilithe, ar soláthraí é:

(a) s sholáthraíonn bailíochtú i gcomhréir le Airteagal 25(1), agus

(b) a chuireann ar chumas na bpáirtithe atá ag brath ar torthaí an phróisis bhailíochtaithe a ghlacadh ar bhealach uathoibríoch atá iontaofa, éifeachtúil agus lena bhfuil ag gabháil ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil sholáthraí na seirbhíse bailíochtaithe cáilithe.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeáina bhunú is infheidhme maidir le seirbhís bhailíochtaithe cháilithe dá dtagraítear i mír 1. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i bpointe (b) de mhír 1, i gcás ina gcomhlíonfaidh an tseirbhís bhailíochtaithe don ríomhshíniú cáilithe na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 27

Caomhnú ríomhshínithe cáilithe

1. Is soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe a sholáthróidh seirbhíse caomhnaithe ríomhshínithe cáilithe ar seirbhís í a úsáideann nósanna imeachta agus teicneolaíochtaí a bhfuil sé ar a gcumas iontaofacht na sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe cáilithe a shíneadh amach thar an tréimhse bhailíochta theicniúil.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a fhad a bhaineann leis na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 a shonrú a thuilleadh.

3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeáin a bhunú is infheidhme maidir le ríomhshínithe incháilithe a chaomhnú. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfaidh na socruithe maidir le caomhnú na ríomhshínithe incháilithe na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Roinn 4

Ríomhshéalaí

Airteagal 28

Éifeachtaí dlíthiúla ríomhshéalaí

1. Ní shéanfar ar ríomhshéala éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.

2. Beidh toimhde dhlíthiúil ag an ríomhshéala cáilithe a thugann ráthaíocht maidir le barántúlacht agus sláine na sonraí lena bhfuil sé nasctha.

3. Aithneofar agus glacfar le ríomhshéala cáilithe i ngach Ballstát.

4. Más ríomhshíniú ag a bhfuil leibhéal dearbhaithe slándála atá níos ísle ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe atá á lorg, go háirithe más Ballstát atá á lorg chun rochtain a fháil ar sheirbhís phoiblí ar bhonn measúnú cuí ar na rioscaí a bhaineann le seirbhís mar í, aithneofar agus glacfar le gach ríomhshíniú atá aon leibhéal dearbhaithe slándála ar a laghad leis

5. Ní lorgfaidh na Ballstáit, chun rochtain trasteorann a fháil ar sheirbhísí ar líne atá á dtairiscint ag comhlacht poiblí, leibhéal níos airde dearbhaithe slándála ná leibhéal ríomhshínithe cháilithe.

6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 38, a fhad a bhaineann leis na léibhéil difriúla de dearbhaithe slándála a shainiú maidir le ríomhshéalaí, dá dtagraítear i mír 4.

7. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir leis na leibhéal dearbhaithe slándála le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh an leibhéil slándála a sainíodh i ngníomh tarmligthe ar glacadh de bhun mhír 6 i gcás ina gcomhlíonfaidh ríomhshíniú na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 29

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

2. Ní bheidh deimhnithe cáilithe le haghaidh riomhshéalaí faoi réir aon cheanglas shainordaitheach de bhreis ar na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn III.

3. Má chúlghairtear deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala tar éis a chéadghníomhachtaithe, caillfidh sé a bhailíocht, agus ní thabharfaidh athnuachan bailíochta ar ais a stádas in imthosca ar bith.

4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38, a fhad a bhaineann leis na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn III a shonrú a thuilleadh.

5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn III, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéala na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 30

Gléasanna um chruthú ríomhshéala cáilithe

1. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 22 maidir leceanglais maidir le gléasanna um chruthú ríomhshéala cáilithe.

2. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 23 maidir le deimhniú gléasanna um chruthú ríomhshéala cáilithe.

3. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 24 maidir le foilsiú liosta de ghléasanna um chruthú ríomhshéala cáilithe deimhnithe.

Airteagal 31

Bailíochtú agus caomhnú ríomhshéalaí cáilithe

Beidh feidhm mutatis mutandis Airteagail 25, 26 agus 27 maidir le bailíochtú agus ar caomhnú ríomhshéalaí cáilithe.

Roinn 5

Ríomhstampa ama

Airteagal 32

Éifeacht dhlíthiúil ríomhstampaí ama

1. Ní shéanfar ar ríomhstampa ama éifeacht dhlíthiúil ná inghlacthacht mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla mar gheall ar é bheith i bhfoirm leictreonach amháin.

2. Beidh toimhde dhlíthiúil ag an ríomhstampa ama cáilithe a thugann ráthaíocht maidir leis an am a luann sé agus maidir le barántúlacht na sonraí lena bhfuil sé nasctha.

3. Aithneofar agus glacfar le ríomhstampaí ama cáilithe i ngach Ballstát .

Airteagal 33

Ceanglais maidir le ríomhstampaí ama cáilithe

1. Comhlíonfaidh ríomhstampa ama cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a) tá sé nasctha go cruinn le hAm Uilíoch Lárnach ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a go dobhraite;

(b) tá sé bunaithe ar fhoinse chruinn ama;

(c) d'eisigh soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe é;

(d) síníodh é le ríomhshíniú ardleibhéil nó le ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí seirbhísí iontaoibhe cháilithe, nó lena chothrom.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le cruinneas an naisc idiram agus sonraí agus maidir le foinse chruinn ama. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfaidh cuinneas an naisc idir am agus sonraí agus foinse chruinn ama na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Roinn 6

Ríomhdhoiciméid

Airteagal 34

Éifeachtaí dlíthiúla agus glacadh ríomhdhoiciméad

1. Measfar go bhfuil ríomhdhoiciméad coibhéiseach le doiciméad páipéir agus inghlactha mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla, ag féacaint dá leibhéal dearbhaithe barántúlachta agus sláine.

2. Ríomhdhoiciméad lena ngabhann ríomhshíniú cáilithe nó ríomhshéala cáilithe an duine atá inniúil an doiciméad sin a eisiúint, beidh toimhde dhlíthiúil aige maidir lena bharántúlacht agus maidir lena shláine ar chuntar nach bhfuil tréithe dinimiciúla ann a fhágann gur féidir an doiciméad a athrú go huathoibríoch.

3. Nuair atá doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de dhíth chun seirbhís phoiblí atá á tairiscint ar líne ag comhlacht poiblí a sholáthar, glacfar i mBallstáit eile gan aon cheanglais bhreise ar a laghad le ríomhdhoiciméid a eisíonn na daoine atá inniúil chun na doiciméid sin a eisiúint agus a mheastar a bheith ina dhoiciméid bhunaidh nó ina gcóipeanna deimhnithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta sa Bhallstát tionscnaimh.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáidí ríomhshínithe agus ríomhshéalaí a shainiú a nglacfar leo nuair a iarrann Ballstát, chun seirbhís ar líne a sholáthar atá á tairiscint ag comhlacht poiblí, doiciméad atá sínithe nó séalaithe dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2).

Roinn 7

Ríomhsheirbhís seachadta incháilithe

Airteagal 35

Éifeacht dhlíthiúil ríomhsheirbhíse seachadta

1. Beidh sonraí a seoladh nó a glacadh trí ríomhsheirbhís seachadta inghlactha mar fhianaise in imeachtaí dlíthiúla, ó thaobh shláine na sonraí agus chinnteacht an dáta agus an ama a seoladh na sonraí sin chuig seolaí sonraithe nó ó thaobh chinnteacht an dáta agus ama a ghlac seolaí sonraithe iad.

2. Beidh toimhde dhlíthiúil ag sonraí a seoladh nó a glacadh trí ríomhsheirbhís seachadta cháilithe maidir le sláine na sonraí agus maidir le cruinneas an ama a seoladh nó a glacadh iad agus atá léirithe ag an gcóras um ríomhsheirbhís seachadta cháilithe.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38 a fhad a bhaineann le meicníochtaí seolta agus glactha sonraí a úsáideann ríomhsheirbhísí seachadta a shonrú, a úsáidfear féachaint idir‑inoibritheacht a chothú idir ríomhsheirbhísí seachadta.

Airteagal 36

Ceanglais maidir le ríomhsheirbhísí seachadta cáilithe

1. Comhlíonfaidh ríomhsheirbhísí seachadta cáilithe na ceanglais seo a leanas:

(a) caithfidh soláthraí seirbhíse iontaoibhe cáilithe amháin nó níos mó iad a sholáthar;

(b) caithfear a bheith in annan seoltóir, agus más iomchuí, an seolaí aithint gan débhrí dá mbarr;

(c) caithfidh an próiseas seolta agus glactha sonraí bheith slánaithe ag ríomhshíniú ardleibhéil nó ag ríomhshéala ardleibhéil de chuid soláthraí cháilithe de sheirbhísí iontaoibhe cáilithe ar bhealach a chuirfidh bac ar aon fhéidearthacht na sonraí a n‑athrú go dobhraite;

(d) aon athrú sonraí is gá a dhéanamh ar mhaithe le seoladh agus glacadh na sonraí, ní foláir é a chur in iúl go follasach do sheoltóir agus do sheolaí na sonraí;

(e) is gá dáta seolta na sonraí, dáta glactha na sonraí agus dáta aon athruithe ar na sonraí a léiriú le ríomhstampa ama cáilithe;

(f) más amhlaidh atá na sonraí á n‑aistriú idir dhá sholáthraí cháilithe de sheirbhísí iontaoibhe cáilithe nó níos mó, beidh feidhm ag na ceanglais i bpointí (a) go (e) maidir leis na soláthraithe seirbhísí iontaoibhe cáilithe go léir.

2. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le próisis seolta agus ghlactha sonraí. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1, i gcás ina gcomhlíonfaidh próisis seolta agus ghlactha sonraí na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Roinn 8

Fíordheimhniú suíomhanna gréasáin

Airteagal 37

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin

1. Comhlíonfaidh deimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV.

2. Aithneofar agus glacfar le, deimhnithe cáilithe fhíordheimhnithe suíomhanna gréasáin i ngach Ballstát.

3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 38, a fhad a bhaineann leis na ceanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a shonrú a thuilleadh.

4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, uimhreacha tagartha caighdeán a bhunú is infheidhme maidir le deimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin. Toimhdeofar go bhfuiltear ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV, i gcás ina gcomhlíonfaidh deimhniú cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin na caighdeáin sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2). Foilseoidh an Coimisiún na gníomhartha sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

CAIBIDIL IV

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE

Airteagal 38

An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Bronnfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 13(5), 15(5), 16(5), 18(5), 20(6), 21(4), 23(3), 25(2), 27(2), 28(6), 29(4), 30(2), 31, 35(3) agus 37(3) go ceann tréimhse éiginnte ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), 13(5), 15(5), 16(5), 18(5), 20(6), 21(4), 23(3), 25(2), 27(2), 28(6), 29(4), 30(2), 31, 35(3) agus 37(3) ) a chúlghairm am ar bith. Le Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(3), 13(5), 15(5), 16(5), 18(5), 20(6), 21(4), 23(3), 25(2), 27(2), 28(6), 29(4), 30(2), 31, 35(3) ná 37(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

CAIBIDIL V

GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 39

Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialacháin (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán 182/2011.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 40

Tuarascáil

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm don Rialacháin seo. Cuirfear isteach tuarascálacha ina dhiaidh sin gach ceithre bliana.

Airteagal 41

Aisghairm

1. Aisghairtear Treoir 1999/93/CE.

2. Déanfar aon tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

3. Gléasanna um chruthú sínithe slána ar cinneadh a gcomhréireacht i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Threoir 1999/93/CE, measfar gur gléasanna um chruthú sínithe cáilithe iadfaoin Rialachán seo.

4. Measfar gur deimhnithe incháilithe iad faoin Rialachán seo deimhnithe incháilithe le haghaidh ríomhshínithe a eisíodh faoi Threoir 1999/93/CE go dtí go rachaidh siad in éag, ach go ceann tréimhse nach faide ná cúig bliana ón am atá feidhm leis an Rialachán seo.

Airteagal 42

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

an tUachtarán                                               an tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshínithe:

(a) nod, ar a laghad i bhfoirm atá oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh an deimhniú mar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(b) tacar sonraí a léiríonn gan debhrí an soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe atá ag eisiúnt an deimhnithe cháilithe, lena n‑áirítear ar a laghad, an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

– i gcás duine dhlítheanaigh: ainm agus uimhir chlárúcháin mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

– i gcás duine nádúrtha: ainm an duine;

(c) tacar sonraí a léiríonn gan debhrí an sínitheoir ar eisíodh an deimhniú dó, lena n‑áirítear ar a laghad ainm an tsínitheora nó a ainm bréige, a aithneofar amhlaidh;

(d) na sonraí bailíochtaithe le haghaidh ríomhshínithe a fhreagraíonn do na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe ;

(e) sonraí maidir le tús agus deireadh thréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f) cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil ag an soláthraí cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe ;

(g) ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil an tsoláthraí cháilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá ag déanamh an eisiúna;

(h) an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn leis an ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce ;

(i) an láthair ina bhfuil na seirbhísí maidir le stádas bailíochta deimhnithe is féidir a úsáid chun fiosruithe a dheanamh faoi stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe;

(j) an láthair ar ghléas um chruthú ríomhshínithe cáilithe a bhfuil na sonraí um chruthú ríomhaitheantais bainteach le sonraí um bailíochtú ríomhaitheantais, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.

IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe

1. Áiritheoidh gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe, trí bhíthin modhanna iomchuí teicniúlaagus nós imeachta, an méid seo a leanas:

(a) go bhfuil rúndacht na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i nginiúint ríomhshínithe caomhnaithe ó chontúirt.

(b) nach n‑úsáidtear sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i nginiúint ríomhshínithe ach aon uair amháin;

(c) nach féidir na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i nginiúint ríomhshínithe, le cinnteacht réasúnta, a dhéanamh amach agus go bhfuil an síniú á chosaint ar bhrionnú le teicneolaíocht atá ar fáil faoi láthair;

(d) gur féidir leis an sínitheoir dlisteanach cosaint a dhéanamh le hiontaoibh ó úsáid pháirtithe eile ar na sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe a úsáidtear i nginiúint ríomhshínithe.

2. Ní athróidh gléasanna um chruthú ríomhshínithe cáilithe na sonraí atá le síniú ná ní chuirfidh siad cosc leis na sonraí sin a chur i láthair an tsínitheora roimh an síniú.

3. Is soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe a ghinfidh nó a bhainisteoidh sonraí maidir le cruthú sonraí ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora.

4. Soláthraithe cáilithe de sheirbhísí iontaoibhe atá ag bainistiú sonraí maidir le cruthú ríomhshínithe thar ceann an tsínitheora, féadfaidh siad na sonraí sin a mhacasamhlú chun críocha cúltaca ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) caithfidh natacair shonraí macasamhlaithe bheith ar ar aon leibhéal slándála leis an tacar sonraí bunaidh;

(b) ní rachaidh líon na dtacar sonraí macasamhlaithe thar an líon is lú atá riachtanach chun leanúnachas na seirbhíse a áirithiú.

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí

Beidh na nithe seo a leanas sna deimhnithe cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí:

(a) comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh do ríomhshéala;

(b) foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n‑áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

– más duine dlítheanach: ainm agus uimhir chlárúcháin mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

– más duine nádúrtha: ainm an duine;

(c) foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an duine dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó lena n‑áirítear ar a laghad ainm agus uimhir chlárúcháin mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d) sonraí um bailíochtú ríomhshéala a chomhfhreagraíonn do na sonraí cruthaithe ríomhshéala;

(e) sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(f) cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe;

(g) ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe a eisíonn;

(h) an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (g) ar fáil saor in aisce ar;

(i) an láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe ar féidir a úsáid chun stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe a fhiosrú;

(j) an láthair ar ghléas um chruthú ríomhshéala cáilithe a bhfuil na sonraí um chruthú ríomhshéala bainteach le sonraí um bailíochtú ríomhshéala, le comharthú oiriúnach de seo i bhfoirm atá ar a laghad oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe.

IARSCRÍBHINN IV

Ceanglais maidir le deimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin

Beidh na nithe seo a leanas i ndeimhnithe cáilithe um fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin:

(a) comharthú, i bhfoirm atá ar a laghad ar bith oiriúnach don phróiseáil uathoibrithe, gur eisíodh mar dheimhniú cáilithe an deimhniú a eisíodh d'fhíordheimhniú suíomhanna gréasáin;

(b) foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe a eisíonn deimhnithe cáilithe lena n‑áirítear ar a laghad, an Stát ina bhfuil an soláthraí bunaithe agus

– más duine dlítheanach: ainm agus uimhir chlárúcháin mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla,

– más duine nádúrtha: ainm an duine;

(c) foireann sonraí a léiríonn gan athbhrí an duine dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó lena n‑áirítear ar a laghad ainm agus uimhir chlárúcháin mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(d) eilimintí den seoladh, lena n‑áirítear ar a laghad an chathair agus an Ballstáit lena mbaineann an duine dhlítheanaigh ar eisíodh an deimhniú dó mar atá sonraithe sna taifid oifigiúla;

(e) ainm fearainn nó ainmneacha fearainn oibrithe ag an duine dlítheanach ar eisíodh an deimhniú dó

(f) sonraí maidir le tús agus deireadh tréimhse bhailíochta an deimhnithe;

(g) cód céannachta an deimhnithe a chaithfidh a bheith uathúil don soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe;

(h) ríomhshíniú ardleibhéil nó ríomhshéala ardleibhéil ón soláthraí seirbhísí iontaoibhe cáilithe a eisíonn;

(i) an láthair ina bhfuil an deimhniú a thacaíonn le ríomhshíniú ardleibhéil nó leis an ríomhshéala ardleibhéil dá dtagraítear i bpointe (h) ar fáil saor in aisce ar;

(j) an láthair ina bhfuil na seirbhísí stádais bhailíochta deimhnithe ar féidir a úsáid chun stádas bailíochta an deimhnithe cháilithe a fhiosrú.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

Tugtar mionchuntas sa ráiteas airgeadais seo ar na ceanglais nach mór a comhlíonadh i dtéarmaí an chaiteachais riaracháin chun an Rialachán atá beartaithe maidir le seirbhísí ríomhaitheantais agus iontaoibhe do ríomhidirbhearta sa mhargadh inmheánach a chur chun feidhme.

Mar thoradh ar an ngnáthnós imeachta reachtach agus ar an bplé maidir le glacadh an Rialacháin atá beartaithe ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, teastóidh 12 Choibhéis Lánaimseartha (CL) ón gCoimisiún chun na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme lena mbaineann a réadtiomnú, chun infhaighteacht caighdeán eagraíochtúil agus teicniúil a áirithiú, chun an fhaisnéis a thabharfaidh na Ballstáit i bhfógraí ina leith a láimhseáil, go háirithe chun an fhaisnéis a chothú a bhaineann leis na liostaí iontaofa, chun feasacht na bpáirtithe leasmhara – go háirithe saoránaigh agus FMBanna ‑ a áirithiú maidir leis na buntáistí a ghabhann le húsáid ríomhaitheantais, ríomh‑fhíordheimhnithe, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara eile agus chun dul i mbun pléite le tríú tíortha le súil agus idir‑inoibritheacht a bhaint amach ar an leibhéal domhanda.

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ón gCoimisiún maidir le ríomhaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh‑idirbheart sa mhargadh inmheánach

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[25]

09 AN tSOCHAÍ FAISNÉISE

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart[26]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar bheart atá ann cheana

þ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo birt nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is ionann cuspóirí ginearálta an togra agus beartais ghinearálta an AE a bhaineann go sonrach leis an togra, ar nós na Straitéise Eoraip 2020. Díríonn sé ar a áirithiú go dtiontófaí an Eoraip ina gheilleagar atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach agus a tháirgíonn ardleibhéil fostaíochta, táirgíochta, agus comhtháthú sóisialta.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Iontaoibh as ríomh‑idirbheartaíochtaí pan‑Eorpacha a fheabhsú agus aitheantas dlíthiúil trasteorann a áirithiú maidir le ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú, ríomhshíniú agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara chomh maith le hardleibhéal cosanta sonraí agus cumhachtú úsáideoirí sa mhargadh aonair (féach an Clár Oibre Digiteach don Eoraip, príomhghníomhaíochtaí 3 agus 16).

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

09 02 – Creat Rialála don Chlár Oibre Digiteach don Eoraip

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Timpeallacht shoiléir rialála a bhunú do sheirbhísí ríomhaitheantais, ríomh‑fhíordheimhnithe, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara a mhéadódh ar áisiúlacht, iontaoibh agus muinín as an domhan digiteach don úsáideoir.

1.4.4.     Táscairí lena léirítear toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí lena léirítear an faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

1. Más ann do sholáthraithe ríomhaitheantais, ríomh‑fhíordheimhnithe, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara a bhfuil gníomhaíochtaí ar bun acu i roinnt ballstáit den AE.

2. A mhéid a éiríonn gléasanna idiroibritheach (e.g. léitheoirí cártaí cliste) idir earnálacha agus tíortha;

3. Úsáid ríomhaitheantais, ríomh‑fhíordheimhnithe, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara ag gach catagóir den daonra;

4. An oiread a úsáideann úsáideoirí deiridh ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú, ríomhshíniú agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara d'idirbhearta náisiúnta agus d'idirbhearta idirnáisiúnta (trasteorainn);

5. An méid comhchuibhithe reachtaíochta ríomhaitheantais, ríomh‑fhíordheimhnithe, ríomhshínithe agus ríomhsheirbhísí iontaoibhe gaolmhara sna Ballstáit;

6. Scéimeanna ríomhaitheantais oifigiúla ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith;

7. Seirbhísí atá inrochtana trí mheán ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith san earnáil phoiblí (e.g. ríomhsheirbhísí rialtais, ríomhsheirbhísí sláinte, ríomhsheirbhísí dlí, ríomhsheirbhísí soláthair);

8. Seirbhísí atá inrochtana trí mheán ríomhaitheantais ar tugadh fógra ina leith san earnáil phoiblí (e.g. baincéireacht ar líne, ríomhsheirbhísí tráchtála, ríomhsheirbhísí cearrbhachais, logáil isteach ar suíomhanna gréasáin, seirbhísí idirlín atá níos sábháilte).

1.5.        Na forais atá leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Cruthaítear fadhbanna idir‑inoibritheachta trasteorann de thoradh éagsúlachtaí i gcur chun feidhme na Treorach ar ríomhshíniú ar an leibhéal náisiúnta de dheasca léamha éagsúla ag na Ballstáit a chruthaíonn staid i margadh an AE atá mórdheighilte agus saobhadh sa mhargadh inmheánach. Ina theannta sin, bíonn easpa iontaoibhe agus muiníne i gcórais leictreonacha a chuireann bac ar shaoránaigh Eorpacha leas a bhaint as na cineálacha céanna seirbhísí sa saol digiteach agus a bhaineann siad as an saol fisiciúil.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Bheadh leasanna soiléire mar thoradh ar bheart a ghlacadh ar leibhéal an AE i gcomparáid le beart a ghlacadh ar leibhéal na mBallstát. Léirigh an taithí roimhe seo ní amháin gur neamhleor iad na bearta náisiúnta chun ríomh‑idirbhearta a dhéanamh trasna teorainneacha, ach mar mhalairt chruthaigh siad bacainní ar idir‑inoibritheacht ríomhshínithe ar fud an AE, agus tá an tionchar céanna á imirt acu faoi láthair maidir le ríomhaitheantas, ríomh‑fhíordheimhniú agus seirbhísí iontaoibhe gaolmhara.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile dá leithéid san am a chuaigh thart

Tógann an togra ar an taithí a fuarthas ó Threoir an ríomhshínithe agus na fadhbanna a tháinig chun cinn de thoradh ar thrasuí agus cur chun feidhme ilroinnte na Treorach sin a stop í ó a cuspóirí a bhaint amach.

1.5.4.     Comhoiriúnacht d'ionstraimí ábhartha eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tagraítear don Treoir maidir le ríomhshíniú i roinnt tionscnamh AE eile a bunaíodh chun na dúshláin a bhaineann le hidir‑inoibritheacht agus saincheisteanna eile a bhaineann le haithint agus glacadh cineálacha áirithe ríomh‑idirghníomhaíochtaí a shárú, e.g. an Treoir maidir le Seirbhísí, na Treoracha maidir le Soláthar Poiblí, an Treoir leasaithe maidir le CBL (ríomhshonraisc) agus an Rialachán um Thionscnamh Saoránach na hEorpa.

Ina theannta sin, cuirfidh an Rialachán atá beartaithe creat dlí ar fáil a bheidh ina bhuntáiste ag glacadh na dtreoirthionscadal mórscála (LSPanna) a cuireadh i bhfeidhm ar leibhéal an AE chun tacú le forbairt meán cumarsáide leictreonach iontaofa agus idir‑inoibritheach (lena n‑áirítear SPOCS, a thacaíonn le cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí; STORK, a thacaíonn le forbairt agus úsáid ríomhaitheantais idir‑inoibritheacha; PEPPOL, a thacaíonn le forbairt agus úsáid réiteach ríomhsheirbhísí soláthair idir‑inoibritheacha; epSOS, a thacaíonn le forbairt agus úsáid réiteach ríomhsheirbhísí sláinte idir‑inoibritheacha; ríomhsheirbhísí Codex, a thacaíonn le forbairt agus úsáid réiteach ríomhsheirbhísí dlí idir‑inoibritheacha).

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

þ Togra/tionscnamh a bheidh i bhfeidhm ar feadh thréimhse neamhtheoranta

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[27]

þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[28]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (le sonrú)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

[//]

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic, agus na coinníollacha.

Déanfar an chéad mheastóireacht 4 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá clásal sonrach sa rialachán ina ndéantar foráil go dtuairisceoidh an Coimisiún don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir lena iarratas. Seolfar isteach tuarascálacha gach ceithre bliana ina dhiaidh sin . Cuirfear modheolaíocht an Choimisiúin ar mheastóireacht i bhfeidhm. Déanfar na meastóireachtaí sin le cúnamh staidéar atá dírithe ar chur chun feidhme na n‑ionstraimí dlíthiúla, ceistneoirí a chuirfear ar na húdaráis náisiúnta, pléití i measc saineolaithe, agus le cúnamh ceardlann, suirbhéanna Eurobarometer agus araile.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na rioscaí a aithníodh

Rinneadh measúnú tionchair le gabháil leis an togra le haghaidh an Rialacháin. Déanfaidh an ionstraim dlí nua forail maidir le haitheantas frithpháirteach agus glacadh an ríomhaitheantais trasteorann, cuirfidh sé feabhas ar an gcreat reatha ríomhshínithe, neartóidh sé maoirseacht naisiúnta ar sholáthraithe seirbhísí iontaoibhe agus tabharfaidh sé éifeacht dhlíthiúil agus aitheantas do sheirbhísí iontaoibhe lena mbaineann. Tugann sé isteach chomh maith úsáid gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme mar shásra a áiritheoidh solúbthacht i ndáil le forbairtí teicneolaíocha.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Clúdóidh na modhanna rialála atá ann cheana agus atá á gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún na leithreasuithe breise.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Clúdóidh na bearta chun calaois a chosc atá ann cheana agus atá á gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún na leithreasuithe breise.

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte caiteachais buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Bliain [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([29]) || ó thíortha CSTE[30] || ó thíortha is iarrthóirí[31] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

5 || 09. 01 01 01 Caiteachas bainteach le foireann atá fostaithe go gníomhach in Ard‑Stiúrthóireacht na Sochaí Faisnéise agus na Meán Cumarsáide || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

5 || 09. 01 02 01 Foireann sheachtrach || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir || [Ceannteideal 1 Fás Cliste agus Uilechuimsitheach ……………...……………………………………………………………….]

DG: INFSO || || || Bliain 2014 || Bliain  2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1) || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Íocaíochtaí || (2) || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Uimhir na líne buiséid || Gealltanais || (1a) || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Íocaíochtaí || (2a) || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chlúdach clár sonrach[32] || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Uimhir na líne buiséid || || (3) || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

IOMLÁN Leithreasuithe DO DG INFSO || Gealltanais || =1+1a +3 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000 || 0.000

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: INFSO

Ÿ Acmhainní daonna || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

IOMLÁN DG INFSO || Leithreasuithe || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

IOMLÁN Leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí) || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

Íocaíochtaí || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– þ  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

Caiteachas riaracháin eile || || || || || || || ||

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

Fo‑iomlán CHEANNTEIDEAL 5[33] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo‑iomlán Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

IOMLÁN || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 1,344 || 9,408

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

09 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 9 || 9 || 9 || 9 || 9 || 9 || 9

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: CL)[34]

09 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “ciste iomlánaíoch") || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3 || 3

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy [35] || sa Cheanncheathrú[36] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 12 || 12 || 12 || 12 || 12 || 12 || 12

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Na nósanna imeachta reachtach do ghlacadh Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an Rialacháin atá beartaithe agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme. Limistéir Thosaíochta 1.    Creat reachtach nua ar ríomhsheirbhísí iontaoibhe a bhunú 2.    An glacadh le ríomhsheirbhísí iontaoibhe a chothú trí fheasacht na FMBanna agus saoránaigh a mhéadú maidir lena n‑acmhainneacht 3.    Athleanúint Treoir 1999/93/CE lena n‑áirítear gnéithe idirnáisiúnta. 4.    Giaráil a bhaint as na treoirthionscadail mhórscála chun réadú nithiúil chuspóra an chreata nua reachtaigh a luasghéarú.

Pearsanra seachtrach || Idem thuas

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37].

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– þ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– ¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh mheasta thíos:

3.3.      An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– þ  Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

· ¨            ar acmhainní dílse

· ¨            ar ioncam ilghnéitheach

[1]               COIM (2010) 245, 19.05.10.

[2]               COIM(2011) 206 leagan deiridh an 13.4.2011.

[3]               COIM (2011) 669, 12.10.2011

[4]               IO L 13, 19.01.2000, lch 12.

[5]               Le sonraí a fháil maidir leis na comhairliúcháin, féach http://ec.europa.eu/information_society/policy/esignature/eu_legislation/revision

[6]               Eagraíodh ceardlann le páirtithe leasmhara an 10.3.2011 le hionadaithe ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí agus ón saol acadúil chun plé a dhéanamh ar na bearta reachtaíochta a bheadh ag teastáil le dul i ngleic leis na dúshláin amach anseo. Fóram idirghníomhach a bhí i gceist anseo chun tuairimí a mhalartú agus na seasaimh éagsúla maidir leis na ceisteanna a ardaíodh sa chomhairliúchán poiblí a thabhairt le fios. Sheol roinnt eagraíochtaí páipéir a léirigh a seasamh as a stuaim féin freisin.

[7]               Go háirithe, d'eagraigh Uachtaránacht na Polainne ar an AE cruinniú leis na Ballstáit maidir le ríomhshínithe i Vársá an 9.11.2011 agus maidir le ríomhaitheantas in Poznań an 17.11.2011. An 25.1.2012, reáchtáil an Coimisiún ceardlann le Ballstáit chun na ceisteanna a bhí fós ann maidir le ríomh-aitheantas, ríomh-fhíordheimhniú agus ríomhshínithe a phlé.

[8]               Faoin gcéad shraith, rinneadh scrúdú ar cheithre rogha: An Treoir maidir le ríomhshínithe a aisghairm; gan aon athrú beartais; deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, comhordú na maoirseachta náisiúnta a mhéadú agus a áirithiú go ndéanfaí ríomhaitheantas a aithint agus go nglacfaí leis go frithpháirteach ar fud an AE; agus ar an gceathrú dul síos, leathnú chun seirbhísí iontaoibhe gaolmhara áirithe a chuimsiú. Is é a bhí i gceist leis an dara sraith measúnú a dhéanamh ar fhiúntas coibhéiseach na ndeiseanna i ndáil le rialáil a dhéanamh le ionstraim nó dhá ionstraim, agus le treoir in áit rialacháin. Rinneadh scrúdú sa tríú sraith ar na deiseanna a bheadh ann trí scéimeanna maoirseachta náisiúnta a chur chun feidhme bunaithe ar chomhcheanglais riachtanacha mhaoirseachta i gcomparáid le córas maoirseachta bunaithe ar an AE. Rinneadh measúnú ar gach rogha beartais, le cabhair ó ghrúpa inar bailíodh le chéile gach Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún a raibh suim acu sa scéal, i ndáil le chomh héifeachtach agus a bheadh sé na cuspóirí beartais a bhaint amach, an tionchar eacnamaíoch a bheadh aige ar na páirtithe leasmhara (lena n-áirítear ar bhuiséad Institiúidí an AE), an tionchar sóisialta agus comhshaol a bheadh aige agus an tionchar a bheadh aige ar an ualach riaracháin.

[9]               Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Eoraip 2020. Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, COIM(2010) 2020, 3.3.2010.

[10]             Beidh an liosta iontaofa a bunaíodh leis an gCinneadh ón gCoimisiún 2009/767/CE arna leasú ag an gCinneadh ón gCoimisiún 2010/425/AE mar bhunús le haghaidh Cinneadh nua ón gCoimisiún maidir le liostaí iontaofa faoin Rialachán seo.

[11]             IO C , , lch .

[12]             IO C , , lch .

[13]             IO L 13, 19.01.2000, lch 12.

[14]             COM(2010) 245 críochnaitheach/2.

[15]             Tuarascáil ar Shaorántacht an AE 2010: Baic roimh chearta shaoránaigh an AE a chealú, COM(2010) 603 críochnaitheach, pointe 2.2.2, lch 13.

[16]             4/2/2011: EUCO 2/1/11

[17]             23/10/2011: EUCO 52/1/11

[18]             Conclúidí na Comhairle maidir le Plean Gníomhaíochta Eorpach na ríomhsheirbhísí rialtais 2011-2015, an 3093ú cruinniú den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2011.

[19]             Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21.9.2010 maidir leis an margadh inmheánach ríomhthráchtála a thabhairt i gcrích, 21.9.10, P7_TA(2010)0320, agus rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15.6.2010 maidir le rialachas idirlín: na chéad chéimeanna eile, P7_TA(2010)0208.

[20]             IO L 376, 27.12.06, lch 36.

[21]             IO L 88, 04.04.11, lch 45.

[22]             IO L 281, 23.11.95, lch 31.

[23]             IO L 274, 20.10.09, lch 36.

[24]             IO L 55, 28.2.11, lch 13.

[25]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí

[26]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[27]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[28]             Dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[29]             LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte

[30]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[31]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí.

[32]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[33]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[34]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED= "Jeune Expert en Délégation" (Saineolaí Óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire Áitiúil; SNE= Saineolaí Náisiúnta Ar Iasacht;

[35]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[36]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[37]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.