TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚNde bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaighar leasú [leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid /* COM/2012/0135 final - 2009/0076 (COD) */
2009/0076 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
ar leasú [leasuithe] Pharlaimint na hEorpa ar an seasamh ón gComhairle maidir
leis an togra le haghaidh
RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid 1. Réamhrá In Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear go bhfuil ar an gCoimisiún tuairim a
thabhairt faoi na leasuithe arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ag an dara
léamh. Tá a thuairim leagtha amach thíos ag an gCoimisiún faoi na leasuithe a
mhol an Pharlaimint. 2. Cúlra An 12 Meitheamh 2009 rinne an
Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin maidir le táirgí bithicíde a chur ar an
margadh agus a úsáid a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle
le go nglacfaí é trí nós imeachta comhchinnteoireachta mar atá leagtha síos in
Airteagal 251 den Chonradh AE. Thug an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a
thuairim an 17 Feabhra 2010. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ag an
gcéad léamh an 22 Meán Fómhair 2010. Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil
maidir leis an togra an 20 Nollaig 2010 agus ghlac sí a comhsheasamh
an 21 Meitheamh 2011. Thug COREPER a chomhaontú ar an gcomhréiteach
ag an dara léamh an 23 Samhain 2011. Ghlac Parlaimint na hEorpa a Rún Reachtach ag
an dara léamh an 19 Eanáir 2012. 3. Cuspóir an togra ón gCoimisiún Is é is aidhm don Rialachán atá beartaithe
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí bithicíde a fheabhsú agus
ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine a áirithiú ag an
am céanna. Tá sé mar chuspóir ag an togra roinnt laigí a leigheas a aimsíodh le
linn na chéad ocht mbliana de chur chun feidhme Threoir 98/8/CE, costais
chomhlíonta a laghdú, cosc a chur ar fhadhbanna a d'fhéadfadh a bheith ag baint
leis an nós imeachta maidir le húdarú agus aitheantas frithpháirteach táirgí,
atá ar na bacáin, agus an ionstraim a thabhairt cothrom le dáta agus a oiriúnú
d'fhorbairtí nua beartais. 4. tuairim ón gcoimisiúin faoi
na leasuithe atá molta ag parlaimint na heorpa Ina seisiún iomlánach an 19 Eanáir 2012,
ghlac Parlaimint na hEorpa pacáiste comhréitigh a comhaontaíodh leis an
gComhairle d'fhonn teacht ar chomhaontú ag an dara léamh. Baineann na leasuithe seo leis an méid seo a
leanas go bunúsach: –
na critéir chun substaintí gníomhacha a eisiamh ón
bpróiseas ceadaithe; –
an raon feidhme atá ag nós imeachta láraithe an AE
maidir le táirgí bithicíde, –
níos mó solúbthachta i ndáil leis na ceanglais
maidir le sonraí agus laghdú i dtástáil ar ainmhithe inveirteabracha; –
na ceanglais maidir le lipéadú ar earraí
cóireáilte; –
foilsiú tuarascálacha agus scaipeadh faisnéise, –
na cúraimí atá sannta don Ghníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán agus an bonn le táillí a íoc leis an gGníomhaireacht sin. Ní chuirfidh an
Coimisiún i gcoinne an phacáiste chomhréitigh mar go luíonn sé le haidhm
fhoriomlán agus saintréithe ginearálta an togra. Maidir le gníomhartha cur chun
feidhme a úsáid chun na táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán a shocrú, chun nana‑ábhar a shainmhíniú agus i gcomhair na
dtáillí ar iarratais ar aitheantas frithpháirteach, tá dearbhuithe déanta ag an
gCoimisiún agus tá siad i gceangal leis an tuairim seo. 5. Conclúid De bhun Airteagal 293(2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne na leasuithe
dar vótáil Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh i gcomhréir leis an téacs
comhréitigh a thuairiscítear thuas. Iarscríbhinn: Dearbhuithe ón gCoimisiún Dearbhú ón gCoimisiún maidir le
gníomhartha cur chun feidhme a úsáid chun táillí a shocrú Measann an Coimisiún nach féidir socrú na
dtáillí atá le híoc leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán a chinneadh trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Mar sin féin, ar mhaithe le comhréiteach,
ní chuirfidh an Coimisiún i gcoinne an téacs deiridh mar atá comhaontaithe idir
an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa. Mar sin féin, maidir leis an
tsaincheist seo, forchoimeádann an Coimisiún an ceart leas a bhaint as réitigh
dhlíthiúla dá bhforáiltear sa Chonradh d'fhonn soiléiriú a lorg ón gCúirt
maidir le ceist an teorannaithe idir Airteagal 290 agus Airteagal 291. Dearbhú ón gCoimisiún maidir le
nana-ábhar a shainmhíniú Cé gur féidir leis an gCoimisiún glacadh leis
an téacs deiridh mar atá comhaontaithe idir an Chomhairle agus Parlaimint na
hEorpa, tá sé fós den tuairim go mbeadh tagairt dhíreach do
Mholadh 2011/696/AE ón gCoimisiún maidir le nana‑ábhar a shainmhíniú
níos iomchuí i bhfianaise an ghá atá le sainmhíniú comhchuibhithe ar nana‑ábhar
a chuirfí i bhfeidhm i reachtaíocht an AE tríd is tríd agus go bhféadfaí é a
oiriúnú go héasca d'fhorbairtí teicniúla agus eolaíocha. Chun na críche sin,
déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun a áirithiú go léireofar an méid sin
in aon togra amach anseo. Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an
táille ar iarratais ar aitheantas frithpháirteach Agus a thogra le haghaidh Rialacháin maidir le
táillí i gcomhréir le hAirteagal 80(1) á dhéanamh ag an gCoimisiún,
déanfaidh sé gach iarracht a áirithiú, i gcás leibhéal an táille ar iarratais
ar aitheantas frithpháirteach is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán, go gcuirfear san áireamh leibhéal na dtáillí a ghearrtar sna
Ballstáit éagsúla agus nach mbeidh ualach díréireach ar chuideachtaí, go
háirithe GBManna, i gceist leis.