52012PC0115

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe a thug an AE i gcrích tar éis caibidlí faoi chuimsiú Airteagal XXVIII de CGTT 1994, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim /* COM/2012/0115 final - 2012/0054 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Sa chaibidlíocht ar éanlaith faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 a tugadh chun críche sa bhliain 2007 (IO L 138 30.5.2007), clúdaíodh na línte taraife éineola faoin gceannteideal 0210 chomh maith le líne amháin feola próiseáilte, 1602 32 19 i Sceideal CXL an CE: ullmhóidí cócaráilte ina bhfuil breis agus 57 % d’éineoil iontu. Ní dhearnadh caibidlíocht ar an líne taraife 1602 32 19 (feoil phróiseáilte) mar gheall go rabhthas den tuairim gur mar seo a seachnófaí iarmhairtí a d'fhéadfadh teacht ó ionadú. Thaispeáin sonraí allmhairiúcháin ina dhiaidh sin borradh mór faoi éineoil phróiseáilte faoi líne taraife 1602 32 30: ullmhóidí ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain. Chuir sé seo in iúl gur chosúil go raibh onnmhaireoirí ag baint tairbhe as bearna choibhneasta i leibhéal cosanta an AE, is é sin ag cur ullmhóidí a bhfuil níos lú ná 57 % d’éineoil iontu in ionad ullmhóidí éineola a bhfuil níos mó ná 57 % d’éineoil iontu, faoi líne taraife 1602 32 30. Bhíothas ag súil le hiarmhairtí ionadaíochta inchomparáide faoi línte taraife eile 1602 sa todhchaí. Chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar na hiarmhairtí ionadaíochta seo atá ag dul i bhfeidhm ar thionscal éineola an AE, d’iarr an Coimisiún cead ar an gComhairle caibidlíocht a dhéanamh athuair ar na lamháltais ar éineoil faoi Chaibidil 16 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC).

An 25 Bealtaine 2009, thug an Chomhairle cead don Choimisiún caibidlí a thosú faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 (togra COM 8615/09 WTO 72 AGRI 166) d'fhonn athchaibidliú a dhéanamh ar lamháltais ar línte taraife éineola faoi Chaibidil 16 den AC.

An 16 Meitheamh 2009, rinneadh an teachtaireacht maidir le rún an AE na lamháltais a mhodhnú i gcás míreanna 1602 20 10, 1602 32 11, 1602 32 30, 1602 32 90, 1602 39 21, 1602 39 29, 1602 39 40 agus 1602 39 80 a áirítear i Sceideal CXL na gComhphobal Eorpach a scaipeadh ar Bhaill eile an WTO.

Thug an Coimisiún faoi na caibidlí, i gcomhairliúchán leis an gCoiste um Beartas Trádála agus faoi chuimsiú na dtreoracha caibidlíochta a d'eisigh an Chomhairle.

Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle agus le Ríocht na Téalainne a bhfuil príomhleasanna soláthair agus/nó leasanna suntasacha acu i línte taraife éagsúla lena mbaineann.

Tá caibidlíocht déanta ag an gCoimisiún le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle a bhfuil príomhleas soláthair aici i dtáirgí le cóid HS 1602 32 11 (Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain), 1602 32 30 (Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain) agus 1602 32 90 (Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain) agus le Ríocht na Téalainne, a bhfuil príomhleas soláthair aici i dtáirgí le cóid HS 1602 39 21 (Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna, éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain), 1602 39 29 (Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna, éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain), 1602 39 40 (Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna, éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil níos mó ná 25 % ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain) agus 1602 39 80 (Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna, éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain) agus príomhleas soláthair aici i dtáirgí le cóid HS 1602 32 30 (Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos mó ná 25 % ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain) agus 1602 32 90 (Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain).

Comhaontuithe i bhfoirm malartuithe litreach a inisilíodh le Ríocht na Téalainne ar an 22 Samhain 2011 agus le Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle ar an 7 Nollaig 2011 is ea toradh na gcaibidlí.

Rinneadh na comhaontuithe a chaibidliú ar bhonn na gcód den Ainmníocht Chomhcheangailte a bhí i bhfeidhm ag an am.

Sa leagan is déanaí d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim mar a leagadh síos i Rialachán (AE) Uimh. 1006/2011 ón gCoimisiún a foilsíodh in IO L 282 an 28 Deireadh Fómhair 2011, rinneadh línte taraife 1602 39 40 agus 1602 39 80 a chumasc san aon líne taraife amháin 1602 39 85. Dá bhrí sin, is cuí an cor nua seo a chur san áireamh sa rialachán cur chun feidhme seo.

Tá na rátaí dleachta Custaim uathrialacha do na línte taraife atá clúdaithe ag an gcaibidlíocht socraithe faoi láthair ag leibhéil faoi bhun na rátaí dleachta nua coinbhinsiúnta atá mar thoradh ar mhodhnú lamháltas de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994. Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim, áfach, bíonn feidhm le dleachtanna custaim uathrialacha nuair a bhíonn siad faoi bhun na ndleachtanna coinbhinsiúnta.

Ba cheart, dá bhrí sin, an ráta dleachta uathrialach a shocraítear sa Chomhtharaif Chustaim a mhéadú go dtí leibhéal na dleachta coinbhinsiúnta sa rialachán cur chun feidhme seo.

2.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Féach na Táblaí Airgeadais san Iarscríbhinn.

2012/0054 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe a thug an AE i gcrích tar éis caibidlí faoi chuimsiú Airteagal XXVIII de CGTT 1994, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87(1) ón gComhairle, bunaíodh ainmníocht earraí, dá ngairtear an "Ainmníocht Chomhcheangailte" anseo feasta, agus leagadh amach rátaí dleachta coinbhinsiúnta na Comhtharaife Custaim.

(2) Trína cinneadh ... maidir le Comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, agus idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne, thug an Chomhairle, thar ceann an Aontais, na Comhaontuithe réamhluaite i gcrích d'fhonn caibidlí a chur i gcrích, ar caibidlí iad a tionscnaíodh de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994.

(3) Rinneadh na comhaontuithe a chaibidliú ar bhonn na gcód den Ainmníocht Chomhcheangailte a bhí i bhfeidhm ag an am.

(4) Sa leagan is déanaí d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim mar a leagadh síos i Rialachán (AE) Uimh. 1006/2011 ón gCoimisiún a foilsíodh in IO L 282 an 28 Deireadh Fómhair 2011, rinneadh línte taraife 1602 39 40 agus 1602 39 80 a chumasc san aon líne taraife amháin 1602 39 85. Cuirtear an cor nua seo san áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(5) Tá na rátaí dleachta custaim uathrialacha do na línte taraife atá clúdaithe ag an gcaibidlíocht socraithe faoi láthair ag leibhéil faoi bhun na rátaí dleachta nua coinbhinsiúnta atá mar thoradh ar mhodhnú lamháltas de bhun Airteagal XXVIII de CGTT 1994. Faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim, áfach, bíonn feidhm le dleachtanna custaim uathrialacha nuair a bhíonn siad faoi bhun na ndleachtanna coinbhinsiúnta.

(6) Ba cheart, dá bhrí sin, an ráta dleachta uathrialach a shocraítear sa Chomhtharaif Chustaim a mhéadú go dtí leibhéal na dleachta coinbhinsiúnta.

(7) Ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú dá réir agus na dleachtanna uathrialacha agus coinbhinsiúnta inti a shocrú ag an leibhéal a cinneadh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déanfar Cuid a Dó d'Iarscríbhinn I (Sceideal na nDleachtanna Custaim) a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú leis na dleachtanna atá léirithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Socrófar na dleachtanna uathrialacha ag leibhéal na ndleachtanna coinbhinsiúnta.

Airteagal 2

Déanfar Iarscríbhinn 7 de Roinn III de Chuid a Trí (cuótaí taraifí na hEagraíochta Domhanda Trádála le hoscailt ag Údaráis Inniúla an Chomhphobail) a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a leasú leis na cuótaí taraife, agus a fhorlíonadh leis na méideanna agus na dleachtanna, atá léirithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [x][1]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

In ainneoin na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, is ceart a mheas nach bhfuil ach luach táscach san fhoclaíocht atá in úsáid sa tuairisc ar na táirgí. I gcomhthéacs an rialacháin seo, is é raon feidhme chóid na hAinmníochta Comhcheangailte (Cóid AC) tráth a ghlactar an Rialachán seo a chinneann an lamháltas.

Cuid a Dó: Sceideal na nDleachtanna Custaim

Cód AC || Tuairisc || Ráta dleachta (uathrialach agus coinbhinsiúnta)

1602 32 11 || Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

1602 32 30 || Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

1602 32 90 || Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

1602 39 21 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

1602 39 29 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

1602 39 85 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || EUR 2 765 tonna

|| ||

Cuid a Trí Iarscríbhinní na dTaraif

Cód AC || Tuairisc || Ráta dleachta

1602 32 11 || Circeoil phróiseáilte, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 16 140 tonna, a bhfuil 15 800 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl. Ráta laistigh den chuóta: EUR 630 tonna

1602 32 30 || Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 79 705 tonna, a bhfuil 62 905 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl agus 14 000 tonna ar an Téalainn Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

1602 32 90 || Circeoil phróiseáilte, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 2 865 tonna, a bhfuil 295 tonna de le dáileadh ar an mBrasaíl agus 2 100 tonna ar an Téalainn Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

1602 39 21 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, neamhchócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 10 dtonna don Téalainn Ráta laistigh den chuóta: EUR 630 tonna

1602 39 29 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, cócaráilte, ina bhfuil 57 % nó níos mó d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 13 720 tonna, a bhfuil 13 500 tonna de le dáileadh ar an Téalainn. Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

ex 1602 39 85 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil 25 % nó níos mó ach níos lú ná 57 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 748 tonna, a bhfuil 600 tonna de le dáileadh ar an Téalainn. Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

ex 1602 39 85 || Feoil phróiseáilte ó lachain, géanna agus éanlaith ghuine, ina bhfuil níos lú ná 25 % d’éineoil nó de scairteach de réir meáchain || Oscail cuóta taraife de 725 tonna, a bhfuil 600 tonna de le dáileadh ar an Téalainn. Ráta laistigh den chuóta: 10,9 %

Beidh tuairisc bheacht na taraife de réir Sceidil an AE ETD i bhfeidhm maidir le gach líne taraife agus cuóta thuas.

RÁITEAS AIRGEADAIS || Fichefin/11/ 1163357 DDG/GM/nh 6.146.2011.1

|| DÁTA: 06/10/2011

1. || CEANNTEIDEAL BUISÉID: Caibidil 12 – Dleachtanna custaim agus dleachtanna eile || LEITHREASAÍ: DB2012 : 19 171.2 M€

2. || TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme na gComhaontuithe a thug an AE i gcrích tar éis caibidlí faoi chuimsiú Airteagal XXVIII de CGTT 1994, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim.

3. || BUNÚS DLÍ: An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 207 agus 218.

4. || AIDHMEANNA: Feidhmiú an Chomhaontaithe allmhairiúcháin idir an AE – an Bhrasaíl agus an Téalainn, chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag iarmhairtí ionadaíochta allmhairí ar thionscal éineola an AE.

5. || IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS || TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) || AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA 2011 (EUR milliún) || AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2012 (EUR milliún)

5.0 || CAITEACHAS -               ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) -               ÚDARÁIS NÁISIÚNTA -               EILE || - || - || -

5.1 || IONCAM -               ACMHAINNÍ DÍLSE AN CE (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) -               NÁISIÚNTA || - || - || - 1.4

|| || 2013 || 2014 || 2015

5.0.1 || CAITEACHAS MEASTA || || ||

5.1.1 || IONCAM MEASTA || - || - || -

5.2 || MODHANNA RÍOMHA: -

6.0 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.1 || AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ IDIR CHAIBIDLÍ AN BHUISÉID REATHA? || IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR

6.2 || AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? || BEIDH NÍ BHEIDH

6.3 || AN GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID SA TODHCHAÍ? || IS GÁ NÍ GÁ

BARÚLACHA: Ag leanúint ó chaibidlí faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 a tosaíodh leis an mBrasaíl agus an Téalainn i lár 2009, díríonn an beart ar an gComhaontú allmhairiúcháin idir an AE agus – an Bhrasaíl agus an Téalainn* a chur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag iarmhairtí ionadaíochta allmhairí ar thionscal éineola an AE. Baineann cur chun feidhme an chomhaontaithe leo seo a leanas: - méadú ar na rátaí lasmuigh den chuóta i gcás 7 líne taraife de tháirgí éineola próiseáilte, agus, - cuótaí de rátaí taraife a oscailt don 7 líne taraife sin de tháirgí éineola próiseáilte, don Bhrasaíl, don Téalainn agus do thíortha eile. Tá méid allmhairithe an chuóta cosúil leis an méid a allmhairíodh roimh an gcomhaontú seo. Níl aon tionchar ar chothromaíocht an mhargaidh inmheánaigh, rud a chruthódh gá le hionstraim mhargaidh. I gcás allmhairiú an chuóta iomlán faoin dréachtrialachán seo, is féidir meastachán a dhéanamh a léiríonn go bhféadfadh laghdú teacht ar acmhainní dílse de ghlanmhéid neasach EUR 1.4 milliún, tar éis do na Ballstáit 25 % de na costais bhailiúcháin a asbhaint. * Ráiteas Airgeadais maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe: Uimh. 1163256/2011.

[1]               Ba cheart dáta theacht i bhfeidhm an rialacháin seo agus dáta theacht i bhfeidhm an dá chomhaontú a bheith mar an gcéanna. Chun a áirithiú go dtiocfaidh an dá chomhaontú i bhfeidhm ar an dáta céanna, níor cheart an fógra atá sna comhaontuithe a thabhairt, is é sin go bhfuil nósanna imeachta inmheánacha an Aontais tugtha i gcrích, sula mbeidh na fógraí ón Téalainn agus ón mBrasaíl araon faighte ag an Aontas. Ba cheart an dá fhógra ón Aontas a dhéanamh dá réir ar an dáta céanna.