52012PC0109

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár de chuid an Aontais Eorpaigh um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige /* COM/2012/0109 final - 2012/0049 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 na rialacha maidir le cur chun feidhme an chláir Energy Star do threalamh oifige (ríomhairí, taispeáintí, printéirí, gléasanna cóipeála, scanóirí, etc.) san Aontas Eorpach. Cuirtear an clár Energy Star chun feidhme san AE ar bhonn comhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige[1], comhaontú a chuaigh in éag i mí na Nollag 2011. An 12 Iúil 2011, ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún comhaontú nua 5 bliana a chaibidliú agus críochnaíodh an chaibidlíocht an 29 Samhain 2011. Is é is cuspóir don togra seo le haghaidh leasaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 cur chun feidhme an chláir Energy Star a chur in oiriúint do Chomhaontú nua. Déantar togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an chomhaontaithe nua Energy Star a thíolacadh don Chomhairle sa togra seo le haghaidh leasaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 106/2008.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Cuirtear san áireamh sna tograí le haghaidh an Chomhaontaithe nua agus an leasaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 an taithí a fuarthas le linn chéad dhá thréimhse chur chun feidhme an chláir Energy Star san AE ó 2001 go dtí 2010, le cois chomhairliúcháin Bhord Energy Star an Aontais Eorpaigh.

Leagtar amach na fáthanna mionsonraithe ar cheart leanúint den chlár Energy Star ar feadh thríú tréimhse 5 bliana sa Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme an chláir Energy Star sa tréimhse 2006-2010[2], agus sa Mholadh ón gCoimisiún don Chomhairle go rachfar i gcaibidlíocht maidir leis an dara comhaontú Energy Star. Seo thíos achoimre ar na príomhphointí:

– Bhí an-éifeacht ag Energy Star maidir leis an margadh trealaimh oifige a stiúradh i dtreo tíosachta níos mó ar fhuinneamh. D’éirigh leis tomhaltas leictreachais trealaimh oifige a laghdú tuairim is 11 TWh le 3 bliana anuas, i.e. tuairim is 16 %. Dá bharr sin, coiglíodh níos mó ná EUR 1.8 billiún ar bhillí fuinnimh agus seachnaíodh 3.7 Mt d’astaíochtaí CO2.

– Cuirtear creat beartais solúbtha dinimiciúil ar fáil ann, creat a oireann go háirithe do tháirgí a bhfuil forbairt sciobtha fúthu amhail Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide.

– Ba cheart go leanfadh an AE agus na SA de bheith ag obair i gcomhar le chéile maidir le sonraíochtaí táirgí a fhorbairt agus ceanglais ar an aon leibhéal amháin déine á dtabhairt isteach ag an dá eintiteas ag an aon am amháin a bheag nó a mhór.

– De bhrí gur rún leis na SA deimhniúchán tríú páirtí a thabhairt isteach sa chlár, ba cheart an comhaontú a choinneáil ar bun faoi dhá chóras éagsúla deimhniúcháin táirgí faoina ndéanfar féindeimhniúchán a chur i bhfeidhm san AE agus deimhniúchán tríú páirtí sna SA. Níl súil go mbeidh monaróirí atá rannpháirteach i gclár an AE thíos leis mar gur cuireadh deireadh le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ós ar mhargadh an AE is mó atá siad dírithe.

– Tá sé curtha in iúl ag monaróirí gurb é an ceanglas ar údaráis rialtais láir trealamh oifige a cheannach a bheidh ar a laghad chomh tíosach le Energy Star is príomhchúis lena rannpháirteachas sa chlár. Lena chois sin, ó tá cuid mhór acu rannpháirteach i dtairiscintí poiblí sna Ballstáit nach bhfuil siad bunaithe iontu, ba cheart dearcadh ar athneartú a dhéanamh ar na forálacha maidir le soláthar poiblí. Tá fáthanna eile ar cheart na forálacha maidir le soláthar poiblí a athneartú le fáil sa Mheasúnú Tionchair[3] a ghabhann leis an togra le haghaidh Treorach maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh[4].

– Cé go léirítear leibhéal ard comhlíonta sna sonraí atá le fáil, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit obair i ndlúthchomhar le chéile ar an gclár a fhorfheidhmiú go críochnúil agus athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an fhorfheidhmithe sin ar dháta nach déanaí ná 18 mí tar éis thabhairt i gcrích an chomhaontaithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach maidir le forfheidhmiú an chláir.

– Leanfaidh an Coimisiún de fhaireachán a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe arna mbeartú ag na SA agus ar thionchar an chláir Energy Star ar choigiltí fuinnimh, ar mhonaróirí agus ar chomhlíonadh. Dhá bhliain ar a laghad roimh dhul in éag don chomhaontú nua déanfaidh sé anailís ar roghanna féideartha le haghaidh a thabhairt ar thomhaltas fuinnimh trealaimh oifige, lena n-áirítear ionstraimí eile beartais a chur in ionad Energy Star.

3.           GNÉITHE DLÍ AN TOGRA

Is é is príomhchúis don togra seo le haghaidh leasú ar Rialachán (CE) 106/2008 cur chun feidhme an chláir Energy Star a chur in oiriúint don chomhaontú nua idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAontas Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige.

Is é an t-aon leasú substainteach amháin sa togra scriosadh Airteagal 4(4) de Rialachán 106/2008, ina ndeirtear go "measfar go mbeidh an Rialachán seo á chomhlíonadh ag táirgí trealaimh oifige a bhfuil úsáid an Lógó Choitinn deonaithe dóibh ag USEPA mura mbeidh fianaise ar a mhalairt ann". Go dtí seo tá an clár san AE agus sna SA ag oibriú ar bhonn féindeimhniúcháin monaróirí. An rath a bhí ar an gclár san AE, meastar é a bheith bunaithe go páirteach ar na nósanna imeachta éadroma cláraithe táirgí sin. Tá cinneadh déanta ag na SA, áfach, deimhniúchán tríú páirtí a thabhairt isteach i gcás táirgí a chuirtear ar mhargadh na SA. Ní mholtar an cur chuige sin i gcás mhargadh an AE. B’fhéidir go mbeadh drochthionchar aige ar an gclár agus go mbeadh Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide thíos leis i dtaca le monaróirí móra. Faoin gcomhaontú nua seo beidh ar an gclár feidhmiú faoi dhá chóras éagsúla deimhniúcháin táirgí. Na táirgí a chuirfear ar mhargadh an AE, ní mór iad a chlárú leis an gCoimisiún Eorpach, ach na táirgí a chuirfear ar mhargadh na SA, ní mór iad a chlárú trí thríú páirtithe arna gcreidiúnú faoi chlár Energy Star na SA. Is ionann sin is a rá nach infheidhme feasta prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh:

Tá leasuithe eile dírithe ar uasdátú a dhéanamh ar na tagairtí don reachtaíocht atá ann cheana (in Airteagal 4) agus don Chomhaontú nua (in Airteagal 11), agus ar uasdátú ainm an Bhoird Energy Star (in Airteagal 8) chomh maith. Déantar in Airteagal 12 soiléiriú ar fhreagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát maidir le forfheidhmiú an chláir. Cumasctar Airteagal 4 agus Airteagal 7, agus Airteagal 13 agus Airteagal 14 freisin.

Cinneadh sa Teachtaireacht maidir le cur chun feidhme an chláir Energy Star ó 2006-2010 gur cheart dearcadh ar neartú na bhforálacha maidir le soláthar poiblí. Ó nach mór an rialachán leasaithe a ghlacadh go sciobtha le Energy Star a chur chun feidhme go tráthúil faoin gcomhaontú nua, áfach, níltear ag moladh athruithe substainteacha ar an téacs. Ina ionad sin, cumhdóidh togra le haghaidh Treorach maidir leis an Tíosacht ar Fhuinneamh[5] ina dtabharfar aghaidh go cuimsitheach ar sholáthar poiblí, cumhdóidh sé athneartú ar na forálacha maidir le soláthar poiblí. Ba cheart na forálacha maidir le soláthar poiblí atá sa Treoir sin a bheith curtha san áireamh sa Rialachán leasaithe seo.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar thionchar na n-athruithe atá beartaithe ag na SA agus ar thionchar an chláir Energy Star ar choigiltí fuinnimh, ar mhonaróirí agus ar chomhlíonadh. Bliain amháin ar a laghad roimh dhul in éag don chomhaontú nua déanfaidh sé anailís ar roghanna féideartha le haghaidh a thabhairt ar thomhaltas fuinnimh trealaimh oifige, lena n‑áirítear ionstraimí eile beartais a chur in ionad Energy Star.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Tá an togra seo dírithe ar leanúint de chur chun feidhme cláir atá ann cheana agus, mar sin, níl aon tionchar aige ar leithreasaí oibríochtúla, ar leithreasaí riaracháin ná ar acmhainní daonna.

2012/0049 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le clár de chuid an Aontais Eorpaigh um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le clár Comhphobail um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige[6], cuirtear an clár Energy Star chun feidhme san Aontas ar bhonn an Chomhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige[7]. Chuaigh an Comhaontú sin in éag an 28 Nollaig 2011 agus ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún comhaontú nua 5 bliana a chaibidliú leis na Stáit Aontaithe. Tugadh an chaibidlíocht maidir le comhaontú nua chun críche an 29 Samhain 2011. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt don Chomhaontú nua a chur isteach.

(2)       Is gá freisin uasdátú a dhéanamh ar thagairtí do lipéadú an Aontais nó do scéimeanna deimhnithe caighdeáin a bunaíodh le Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh[8], le Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le tomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bhaineann le fuinneamh[9] agus le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad an AE[10].

(3)       Is úsáideach an deis a thugtar sa Rialachán leasaithe seo ainm nua a thabhairt ar an mBord Energy Star.

(4)       Ba cheart Airteagal 4(4) a scrios le haird a thabhairt ar Airteagal VI den Chomhaontú nua ina ndéantar foráil maidir le dhá scéim deimhniúcháin ar leith (féindeimhniúchán le haghaidh táirgí a chuirfear ar mhargadh an Aontais agus deimhniúchán tríú páirtí le haghaidh táirgí a chuirfear ar mhargadh na Stát Aontaithe).

(5)       Ba cheart soiléiriú a dhéanamh in Airteagal 6 ar an nasc leis na forálacha ábhartha i dTreoir […./../AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tíosacht ar fhuinneamh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE[11].

(6)       Ba cheart soiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faoi seach maidir leis an gclár Energy Star atá leagtha amach in Airteagal 12(3).

(7)       Ba cheart breithniú ar roghanna eile beartais a bheith sa mheasúnú ar an gclár agus ba cheart go leor ama a chur ar fáil ann le go ndéanfar cinneadh go feasach maidir leis an gComhaontú a athnuachan.

(8)       Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 106/2008 mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Prionsabail ghinearálta

1. Déanfar an clár Energy Star a chomhordú, de réir mar is iomchuí, le socruithe eile lipéadaithe nó le socruithe eile deimhnithe cáilíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe le scéimeanna eile amhail scéim dámhachtana Éicilipéad an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 66/2010, an scéim um thomhaltas fuinnimh agus acmhainní eile i dtáirgí a bhaineann le fuinneamh a chur in iúl trí lipéadú agus trí fhaisnéis chaighdeánach ar tháirgí a bunaíodh le Treoir 2010/30/CE agus bearta lena ndéantar Treoir 2009/125/CE a chur chun feidhme. Cuimseofar sa chomhordú sin malartú fianaise agus, más iomchuí, socrú leibhéal coiteann sonraíochtaí agus ceanglas ar fud na scéimeanna éagsúla.

2. Féadfaidh scéimeanna eile deonacha um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do tháirgí trealaimh oifige sna Ballstáit atá ann cheana agus scéimeanna nua den sórt sin a bheith ann in aon am amháin leis an gclár Energy Star.

3. Féadfaidh rannpháirtithe an chláir an Lógó Coiteann a úsáid ar a dtáirgí aonair trealaimh oifige agus ar ábhar gaolmhar cur chun cinn.

4. Is ar bhonn deonach a bheidh rannpháirtíocht sa chlár Energy Star.

5. Gan dochar d'aon rialacha de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le measúnú ar chomhréireacht agus maidir le marcáil ar chomhréireacht agus/nó d'aon chomhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha i ndáil le rochtain ar mhargadh an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit tástáil a dhéanamh ar tháirgí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a chuirfear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh lena dheimhniú go mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh acu.”

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

Critéir tíosachta ar fhuinneamh a chur chun cinn

1. Fad is a mhairfidh an Comhaontú, gan dochar do dhlí an Aontais Eorpaigh, don dlí náisiúnta ná do chritéir eacnamaíocha, déanfaidh na húdaráis rialtais láir de réir bhrí Threoir 2004/18/CE an 31 Márta 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú[12], ceanglais maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh a shonrú a bheidh ar a laghad chomh dian leis na Sonraíochtaí Coiteanna do chonarthaí soláthair phoiblí ar ionann a luach nó ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 7 den Treoir sin. Beidh feidhm leis an Airteagal seo gan dochar do na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 5 agus in Iarscríbhinn III(f) de Threoir […./../AE] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le tíosacht ar fhuinneamh agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE[13].

2. Fad is a mhairfidh an Comhaontú, socróidh an Coimisiún agus institiúidí eile de chuid an Aontais, gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta ná do chritéir eacnamaiocha, ceanglais tíosachta ar fhuinneamh nach lú déine ná na Sonraíochtaí Coiteanna le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí ar ionann a luach nó ar mó a luach ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir 2004/18/CE.”

(3) Scriostar Airteagal 7.

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Bord Energy Star an Aontais Eorpaigh

1.           Bunóidh an Coimisiún Bord Energy Star an Aontais Eorpaigh ("BESAE") arb éard a bheidh ann na hionadaithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus ionadaithe ó na páirtithe leasmhara. Déanfaidh an BESAE athbhreithniú ar chur chun feidhme an chláir Energy Star laistigh den Aontas agus cuirfidh sé comhairle ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sé cúnamh dó, de réir mar is iomchuí, le go mbeidh ar a chumas a ról mar Eintiteas Bainistíochta, dá dtagraítear in Airteagal IV den Chomhaontú, a chomhlíonadh.

2.           Áiritheoidh an Coimisiún go gcomhallfaidh BESAE, a mhéid is féidir agus a ghníomhaíochtaí á seoladh aige, i ndáil le gach grúpa de tháirgí trealaimh oifige, rannpháirtíocht chothrom na bpáirtithe leasmhara iomchuí uile a bhfuil baint acu leis an ngrúpa táirgí sin, amhail monaróirí, miondíoltóirí, allmhaireoirí, grúpaí caomhnaithe comhshaoil agus eagraíochtaí tomhaltóirí.

3.           Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh BESAE, faireachán ar an gcaoi a rachaidh táirgí a bhfuil an Lógó Coiteann orthu i bhfód ar an margadh agus déanfaidh sé faireachán ar fhorbairtí ar thíosacht trealaimh oifige ar fhuinneamh d'fhonn athbhreithniú tráthúil a dhéanamh ar na Sonraíochtaí Coiteanna.

4.           Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta BESAE agus tuairimí ionadaithe náisiúnta in BESAE á gcur san áireamh aige.”

(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Nósanna imeachta ullmhúcháin don athbhreithniú ar na critéir theicniúla

1.           D'fhonn ullmhú don athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna agus ar na grúpaí de tháirgí trealaimh oifige a chumhdaítear le hIarscríbhinn C a ghabhann leis an gComhaontú, agus sula gcuirfear dréacht-togra faoi bhráid USEPA nó sula gcuirfear freagra chuig USEPA i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Chomhaontú agus i gCinneadh [...] ón gComhairle an [...] maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach maidir leis an gcomhordú ar chláir um lipéadú faoi thíosacht ar fhuinneamh do threalamh oifige[14], glacfar na céimeanna a leagtar amach i mír 2 go mír 5.

2.           Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an BESAE togra a chur isteach le haghaidh athbhreithniú ar an gComhaontú nó ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge. Féadfaidh an Coimisiún togra a chur faoi bhráid an BESAE le haghaidh athbhreithniú ar na Sonraíochtaí Coiteanna do tháirge nó ar an gComhaontú. Féadfaidh an BESAE togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar a thionscnamh féin.

3.           Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an BESAE aon uair a bhfaighidh sé togra ó USEPA le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú.

4.           Nuair a bheidh a dtuairimí á gcur in iúl don Choimisiún acu, cuirfidh comhaltaí an BESAE san áireamh torthaí staidéar féidearthachta agus torthaí staidéar ar an margadh agus an teicneolaíocht atá ar fáil chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú.

5.           Tabharfaidh an Coimisiún aird faoi leith ar an gcuspóir maidir le Sonraíochtaí Coiteanna a leagan amach ar leibhéal ardaidhmeannach, mar a fhoráiltear in Airteagal I, mír 3 den Chomhaontú, agus é de chuspóir an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus beidh aird chuí aige ar an teicneolaíocht a bheidh ar fáil agus ar na costais ghaolmhara. Sula dtabharfaidh sé uaidh a thuairimí faoi aon Sonraíochtaí Coiteanna nua, cuirfidh an BESAE san áireamh, go háirithe, na torthaí is déanaí ar staidéir éicidhearthóireachta."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12 agus Airteagal 13:

"Airteagal 12

Faireachas ar an margadh agus rialú ar mhí-úsáid

1.           Ní úsáidfear an Lógó Coiteann ach i dtaca leis na táirgí a chumhdaítear leis an gComhaontú agus i gcomhréir leis na treoirlínte d'úsáideoirí an Lógó Choitinn atá in Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú.

2.           Toirmiscfear aon fhógraíocht mhíthreorach nó aon fhógraíocht bhréagach a dhéanamh nó úsáid a bhaint as lipéad nó lógó arb é a thiocfadh aisti go gceapfaí gurb é an Lógó Coiteann é.

3.           Áiritheoidh an Coimisiún go mbainfear úsáid chuí as an Lógó Coiteann trí ghníomhaíocht a dhéanamh nó a chomhordú a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal IX, mír 2, mír 3 agus mír 4 den Chomhaontú. Gníomhóidh na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, mar a bhfuil cur síos ar leith déanta in Airteagal IX, mír 5, den Chomhaontú chun a áirithiú go mbeidh comhréireacht ann le forálacha an Rialacháin seo ina gcríoch féin agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas. Féadfaidh na Ballstáit fianaise ar neamhchomhlíonadh rannpháirtithe an chláir a tharchur chuig an gCoimisiún le go bhféadfaidh sé gníomhaíocht tosaigh a dhéanamh.”

"Airteagal 13

Athbhreithniú agus leasú

Sula bpléifidh na Páirtithe atá sa Chomhaontú an Comhaontú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal XIV, mír 2 de, déanfaidh an Coimisiún luacháil ar éifeachtúlacht an chláir Energy Star maidir leis an tíosacht ar fhuinneamh a bhaineann le trealamh oifige a fheabhsú mar aon le deiseanna margaidh a chur ar fáil do mhonaróirí, agus déanfaidh sé measúnú ar roghanna malartacha beartas ar nós na roghanna sin atá foráilte i reachtaíocht an Aontais, go háirithe Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/CE. Cuirfear torthaí luachála agus torthaí measúnaithe den chineál seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar a laghad dhá bhliain roimh dhul in éag don Chomhaontú."

(7) Scriostar Airteagal 14

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IOL 381, 28.12.2006, lch. 26.

[2]               COM(2011) 337 final

[3]               SEC(2011) 779 final

[4]               COM(2011) 370 final

[5]               COM(2011) 370 final

[6]               IO L 39, 13.2.2008, lch. 1.

[7]               IO L 381, 28.12.2006, lch. 26.

[8]               IO L 285, 31.10.2009, lch. 10.

[9]               IO L 153, 18.6.2010, lch. 1.

[10]             IO L 27, 30.1.2010, lch. 1.

[11]             IO L […], […], lch. […].

[12]             IO L 134, 30.4.2004, lch. 114. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1422/2007 ón gCoimisiún (IO L 317, 5.12.2007, lch. 34).

[13]             IO L […], […], lch. […].

[14]             IO L […], […], lch. […].