52012PC0089

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí /* COM/2012/089 final - 2012/0039 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

1.1.        Forais agus cuspóirí an togra

Leis an togra aisghairtear agus ionadaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí agus lena leasaítear Treoir 92/65/CEE[1] ón gComhairle.

1.2.        Cúlra dlíthiúil

Le Rialachán (CE) Uimh. 219/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 lena ndéantar líon áirithe ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh a oiriúnú do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú[2].

Rinneadh leasuithe substaintiúla níos déanaí ar an Rialachán sin le Rialachán (AE) Uimh. 438/2010 ón 19 Bealtaine 2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 maidir le ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí[3], go háirithe chun síneadh a chur leis an gcóras idirthréimhseach dá bhforáiltear in Airteagail 6, 8 agus 16 go dtí an 31 Nollaig 2011.

Rinneadh é a chur i gcomhréir go páirteach freisin leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). I ráiteas a ghabhann mar iarscríbhinn le Rialachán (AE) Uimh. 438/2010, áfach, gheall an Coimisiún go molfadh sé athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ina iomláine agus, go háirithe, ar ghnéithe a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme.

Le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 foráiltear freisin, ón 3 Iúil 2011 i leith, i.e. ó dheireadh na hidirthréimhse ocht mbliana dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin, gurb é sainaithint leictreonach an t‑aon bhealach chun peata is madra, cat nó firéad a shainaithint. Measfar fós, áfach, gur ainmhí a shainaithnítear i gcomhréir leis an Rialachán é ainmhí a bhfuil tatú atá inléite go soiléir agus a rinneadh roimh an dáta sin air.

Toisc go bhfuil an córas idirthréimhseach agus an idirthréimhse thuasluaite imithe in éag agus gur gá roinnt leasuithe a dhéanamh chun na ceanglais ainmhithe sláinte atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a chur i gcomhréir leis an CFAE agus sin a dhéanamh ar bhealach atá sách soiléir agus inrochtana don ghnáthshaoránach, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus an togra seo a chur ina áit.

2.           COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

Ós rud é gurb é príomhchuspóir an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a chur i gcomhréir le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE agus gnéithe áirithe den Rialachán a shoiléiriú, níltear ag súil le haon tionchair shuntasacha. Dá bhrí sin níor ghá aon chomhairliúchán ná measúnú tionchair ar leith a dhéanamh.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.        Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Is éard is aidhm don togra Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a aisghairm agus an Rialachán atá beartaithe a chur ina áit, ar Rialachán é:

(a)     a dhéanann na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den CFAE;

(b)     a dhéanann an córas a mbeidh feidhm aige tar éis dheireadh an chórais idirthréimhsigh dá bhforáiltear in Airteagail 6, 8 agus 16 de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 agus na hidirthréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) a shoiléiriú don ghnáthshaoránach.

3.2.        Bunús dlí

Is é cuspóir príomhúil an Rialacháin sláinte ainmhithe agus an tsláinte phoiblí a chosaint.

Dá bhrí sin, ós rud é go raibh Rialachán (CE) 998/2003 bunaithe ar Airteagal 37 agus Airteagal 152(4)(b) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, tá an togra bunaithe dá réir sin ar Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4) den CFAE.

3.3.        Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid is nach dtagann an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Aontais.

Ní féidir cuspóir an togra a bhaint amach ar shlí leordhóthanach le gníomhaíochtaí ó na Ballstáit. Chun an t‑ualach riaracháin do na húdaráis inniúla (údaráis an AE, údaráis náisiúnta agus údaráis tríú tíortha) agus do ghnáthshaoránaigh a laghdú agus leibhéal ard cosanta sláinte ainmhithe agus na sláinte poiblí á chaomhnú ag an am céanna, tá gá le ceanglais sláinte ainmhithe ar leibhéal an AE maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstáit ó Bhallstáit eile nó ó thríú tíortha.

3.4.        Prionsabal na comhréireachta

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach.

Is i bhfoirm Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá infheidhme go díreach i ngach Ballstát atá an beart. Áirithítear leis sin nach dtabhóidh údaráis náisiúnta ná údaráis an AE aon chostais chun an reachtaíocht a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.

3.5.        Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh modhanna eile iomchuí toisc gur féidir cuspóirí an bhirt a bhaint amach ar an mbealach is éifeachtúla trí cheanglais atá comhchuibhithe go hiomlán (lena n‑áirítear teacht i bhfeidhm tráthúil) ar fud an Aontais, rud a áiritheoidh saorghluaiseacht peataí atá in éineacht lena n‑úinéir.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5.           FAISNÉIS BHREISE

Ba cheart feidhm a bheith ag an ngníomh atá beartaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ós rud é go mbaineann sé le hábhar de chuid an LEE.

Forálacha Threoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe a rialaíonn an trádáil in ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna, agus a n‑allmhairiú isteach sa Chomhphobal, nach bhfuil faoi réir ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A(I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[4] a bhaineann le trádáil i madraí, cait agus firéid agus le hallmhairiú na n‑ainmhithe sin, déanann siad tagairt d'fhorálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 998/2003.

Ar mhaithe le comhsheasmhacht agus comhtháiteacht reachtaíocht an Aontais, ba cheart Treoir 92/65/CEE a leasú chun tagairtí don ghníomh atá beartaithe a chur in áit na dtagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 998/2003.

Tá an dá thogra curtha i láthair le chéile chun go nglacfar iad go comhuaineach.

2012/0039 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus an abairt tosaigh agus pointe (b) d’Airteagal 168(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[6],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir leis na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí agus lena leasaítear Treoir 92/65/CEE ón gComhairle[7] leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tíortha agus na seiceálacha is infheidhme maidir leis na gluaiseachtaí sin. Féachann sé le leibhéal leordhóthanach sábháilteachta a áirithiú maidir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhfuil baint acu leis na gluaiseachtaí neamhthráchtála sin agus féachann sé le deireadh a chur le haon bhacainní nach bhfuil call leo ar na gluaiseachtaí sin.

(2)       I ráiteas atá in iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 438/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[8], lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, gheall an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ina iomláine a mholadh, agus, go háirithe, ar ghnéithe a bhaineann le gníomhartha tarmligthe agus le gníomhartha cur chun feidhme. Dá bhrí sin, de bharr theacht i bhfeidhm an Chonartha, ní mór na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh sin. Agus líon na leasuithe is gá a dhéanamh ar na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 á chur san áireamh agus chun a áirithiú go bhfuil siad sách soiléir agus sothuigthe don ghnáthshaoránach, ba cheart an Rialachán sin a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina áit.

(3)       Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rialacha sláinte poiblí agus ainmhithe a leagan síos do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I chun rioscaí a bhaineann leis na gluaiseachtaí sin a chosc nó a íoslaghdú don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(4)       Leis an Rialachán seo ba cheart sainliosta speiceas ainmhithe a bhunú ar cheart feidhm a bheith ag ceanglais chomhchuibhithe sláinte ainmhithe maidir leo i gcás ina gcoinnítear ainmhithe de na speicis sin mar pheataí agus ina ndéantar iad a ghluaiseacht chun críoch neamhthráchtála. Agus an liosta sin á tharraingt suas, ba cheart so-ghabhálacht na speiceas i leith confaidh nó a ról in eipidéimeolaíocht confaidh a chur san áireamh.

(5)       Le Treoir 92/65/CEE ón gComhairle an 13 Iúil 1992 lena leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe a rialaíonn an trádáil in ainmhithe, seamhan, ubháin agus suthanna, agus a n‑allmhairiú isteach sa Chomhphobal, nach bhfuil faoi réir ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos i rialacha sonracha Comhphobail dá dtagraítear in Iarscríbhinn A(I) a ghabhann le Treoir 90/425/CEE[9] bunaítear inter alia na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le trádáil i madraí, cait agus firéid agus maidir le hallmhairiú na n‑ainmhithe sin, ar ainmhithe iad de speicis atá so-ghabhálach i leith confaidh. Toisc go gcoinnítear na speicis sin mar pheataí freisin agus gur minic a dhéantar iad a ghluaiseacht chun críoch neamhthráchtála lena n‑úinéir laistigh den Aontas agus isteach san Aontas, ba cheart na ceanglais sláinte ainmhithe a leagan síos sa Rialachán seo, arb iad na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála na speiceas sin isteach i mBallstáit. Tá na speicis sin liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

(6)       Ba cheart freisin creat dlíthiúil a bhunú do na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála ainmhithe de speicis nach ngoilleann confadh orthu nó nach bhfuil tábhacht eipidéimeolaíoch ag baint leo ó thaobh confaidh de, ar ainmhithe iad, dá mba rud é nár coinníodh mar pheataí iad, a mbeadh feidhm ag reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir leo lena n‑áirítear reachtaíocht maidir le bia-ainmhithe. Tá na speicis sin liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

(7)       Ba cheart inveirteabraigh, cé is moite de bheacha agus de bhumbóga, atá cumhdaithe ag Treoir 92/65/CEE, agus de mhoilisc agus de chrústaigh, atá cumhdaithe faoi Threoir 2006/88/CE, a bheith ar áireamh sa liosta i gCuid B d'Iarscríbhinn I[10]. Ba cheart ainmhithe uisceacha ornáideacha a thógtar in uisceadáin neamhthráchtála agus atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2006/88/CE, agus débheathaigh agus reiptílí, a bheith ar áireamh ann freisin.

(8)       Ba cheart gach speiceas éan a áireamh sa liosta, seachas éanlaith chlóis a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/65/CEE agus Threoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaith chlóis agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairí díobh ó thríú tíortha[11], agus ba cheart creimirí agus coiníní clóis a áireamh freisin.

(9)       Ar mhaithe le comhsheasmhacht i reachtaíocht an Aontais, áfach, go dtí go mbunófar rialacha de chuid an Aontais a rialóidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó thríú tíortha nó ó thríú críocha, ar peataí iad de speicis atá liostaithe i gCuid B, ba cheart do rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm cheana leanúint d'fheidhm a bheith acu maidir leis na gluaiseachtaí sin ar choinníoll nach bhfuil siad níos déine ná na cinn a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí na n‑ainmhithe sin chun críoch tráchtála.

(10)     Os a choinne sin agus gan dochar d'Airteagal 3, Airteagal 9(3) agus Airteagal 10a de Threoir 92/65/CEE, níor cheart do Bhallstáit aon cheanglais sláinte ainmhithe a leagan síos i ndáil le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de speicis atá liostaithe i gCuid B isteach i mBallstát ó Bhallstát eile mura mbunaítear rialacha chun an ghluaiseacht sin a rialú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(11)     Toisc go bhféadfadh ainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid B a bheith ina n‑ainmhithe de speicis a bhfuil cosaint ar leith ag teastáil uathu, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú[12].

(12)     Chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseachtaí chun críoch neamhthráchtála agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le trádáil i madraí, cait agus firéid agus maidir le hallmhairiú na n‑ainmhithe sin isteach san Aontas ó thríú tíortha, ar ainmhithe iad atá cumhdaithe ag ceanglais sláinte ainmhithe Threoir 92/65/CEE, ba cheart don Rialachán seo ní amháin an rud is peata ann a shainmhíniú ach gluaiseacht neamhthráchtála na n‑ainmhithe sin a shainmhíniú freisin mar ghluaiseacht nach mbaineann gnóthachan airgeadais nó aistriú úinéireachta go díreach nó go hindíreach léi ná nach é a haidhm airgead a ghnóthú nó úinéireacht a aistriú.

(13)     Thug an feabhas a tháinig ar staid an chonfaidh san Aontas ar Éirinn, ar Mhálta, ar an tSualainn agus ar an Ríocht Aontaithe fáil réidh leis an gcóras coraintín éigeantaigh sé mhí a bhí i bhfeidhm acu ar feadh na mblianta fada maidir le peataí áirithe a thabhairt isteach ina gcríocha, i bhfabhar córais mhalartaigh nach bhfuil an oiread céanna srianta ag baint leis agus a sholáthraíonn leibhéal coibhéiseach sábháilteachta, eadhon an córas atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Tá na Ballstáit sin liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 agus go dtí an 31 Nollaig 2011 bhí orthu, i dteannta vacsaíniú bailí frithchonfaidh, seiceáil réamh‑iontrála a dhéanamh ar éifeachtacht an vacsaínithe frithchonfaidh arna thabhairt do pheataí madraí agus cat ag teacht ó na Ballstáit eile agus ó thríú tíortha agus críocha áirithe i gcomhréir le rialacha náisiúnta.

(14)     I Roinn 1 de Chuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 tá liosta den chuid eile de na Ballstáit leagtha amach, lena n‑áirítear críocha agus tíortha a mheastar, chun críocha an Rialacháin sin, gur cuid iad de na Ballstáit sin toisc go bhfuil feidhm ag na coinníollacha gluaiseachta náisiúnta maidir le hainmhithe de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, nó a mheastar gurb inchomparáide iad le Ballstáit, i gcás ina ndéantar na hainmhithe sin a ghluaiseacht chun críoch neamhthráchtála idir na Ballstáit agus na tíortha agus críocha sin.

(15)     Le hAirteagal 355(5)(c) den Chonradh agus Rialachán (CEE) Uimh. 706/73 ón gComhairle an 12 Márta 1973 maidir leis na socruithe Comhphobail is infheidhme maidir le hOileáin Mhuir nIocht agus le hOileán Mhanann i gcomhair na trádála i dtáirgí talmhaíochta[13], foráiltear go bhfuil feidhm ag reachtaíocht tréidliachta an Aontais maidir leis na hoileáin sin a ndéileáiltear leo, chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, mar chuid den Ríocht Aontaithe.

(16)     Ós rud é go bhfuil deireadh tagtha leis an gcóras idirthréimhseach dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 agus chun go mbeidh reachtaíocht an Aontais soiléir, ba cheart liosta de na Ballstáit, lena n‑áirítear Éire, Málta, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe, na críocha ar cuid de Bhallstáit iad agus Giobráltar a leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, agus ba cheart don Rialachán seo na coinníollacha sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile agus ó thríú tíortha agus críocha a shoiléiriú.

(17)     Foráiltear freisin le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go bhfuiltear chun a mheas, ar feadh idirthréimhse, go bhfuil peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A agus i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sainaitheanta i gcás tatú atá inléite go soiléir a bheith orthu nó i gcás córas leictreonach sainaitheantais ('trasfhreagróir') a bheith acu. Ba cheart, dá bhrí sin, na rialacha maidir le marcáil peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a shoiléiriú sa Rialachán seo, lena n‑áirítear na cáilíochtaí is gá a bheith acu siúd a dhéanann an mharcáil, tar éis don idirthréimhse dul in éag an 3 Iúil 2011.

(18)     In Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 leagtar amach ceanglais theicniúla maidir le peataí a shainaithint le trasfhreagróirí. Comhfhreagraíonn na ceanglais theicniúla sin do chaighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus ba cheart iad a leagan amach, gan aon leasuithe substaintiúla a dhéanamh orthu, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

(19)     Chun an tsláinte phoiblí agus sláinte peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a chosaint, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis an bhféidearthacht bearta coisctheacha sláinte a ghlacadh i gcoinne galar agus ionfhabhtuithe seachas confadh. Ba cheart na bearta sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis eolaíoch bhailíochtaithe agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála na n‑ainmhithe sin ar dóigh go dtolgfaidís na galair nó na hionfhabhtuithe sin. Ba cheart a áireamh sna bearta rialacha maidir le haicmiú Ballstát nó codanna díobh, nósanna imeachta faoinar cheart do Bhallstáit inar gá bearta coisctheacha sláinte a chur i bhfeidhm bunús cuí-réasúnaithe a thabhairt le loighic na mbeart sin ar bhonn leanúnach, coinníollacha maidir leis na bearta coisctheacha sláinte a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú agus, i gcás inarb iomchuí, coinníollacha chun maolú ar a gcur i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, a fhoráil freisin nach mór liosta de na Ballstáit nó de na codanna díobh arna n‑aicmiú de bhun na rialacha maidir le haicmiú Ballstát nó codanna díobh a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(20)     Maidir le vacsaíní frithchonfaidh a thugtar do pheataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I roimh aois trí mhí, d’fhéadfadh sé nach dtabharfadh na vacsaíní sin imdhíonacht chosantach de bharr iad a bheith in iomaíocht le hantasubstaintí de chuid na máthar. Dá dheasca sin, molann monaróirí gan ainmhithe óga a vacsaíniú roimh an aois sin. Dá bhrí sin, chun gluaiseacht neamhthráchtála ainmhithe óga de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I nach bhfuil vacsaínithe i gcoinne confaidh a údarú, ba cheart don Rialachán seo bearta áirithe réamchúraim atá le déanamh a bhunú agus an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit an ghluaiseacht sin isteach ina gcríoch a údarú i gcás ina gcomhlíonann ainmhithe óga na bearta sin.

(21)     Chun na coinníollacha a shimpliú maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I idir Ballstáit a bhfuil an stádas maith céanna acu maidir le confadh, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht coinníollacha a ghlacadh chun maolú ar an gceanglas maidir le vacsaíniú frithchonfaidh. Ba cheart na bearta sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis eolaíoch bhailíochtaithe agus ba cheart iad a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála na n‑ainmhithe sin ar dóigh go dtolgfaidís confadh. Ba cheart a áireamh iontu rialacha maidir le haicmiú Ballstát nó codanna díobh, agus nósanna imeachta faoinar cheart do Bhallstáit inar gá an maolú a chur i bhfeidhm bunús cuí-réasúnaithe a thabhairt leis an maolú sin ar bhonn leanúnach. Ba cheart a fhoráil freisin nach mór liosta de na Ballstáit arna n‑aicmiú de bhun na rialacha maidir le haicmiú Ballstát nó codanna díobh a leagan síos i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(22)     Na tíortha agus críocha atá liostaithe i Roinn 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003, cuireann siad i bhfeidhm rialacha atá coibhéiseach leo siúd a chuireann Ballstáit i bhfeidhm agus comhlíonann tríú tíortha agus críocha atá liostaithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin na critéir atá leagtha síos in Airteagal 10 den Rialachán sin. Ba cheart, dá bhrí sin, a fhoráil gur cheart na liostaí sin, gan aon leasuithe substaintiúla a dhéanamh orthu, a leagan amach i ngníomh cur chun feidhme atá le glacadh laistigh de bhliain amháin ó ghlacadh an Rialacháin seo. Ba cheart a fhoráil sa Rialachán seo, áfach, gur cheart go leanfadh an liosta tíortha agus críoch atá leagtha amach i Roinn 2 de Chuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 d'fheidhm a bheith aige chun críche an Rialacháin seo go dtí go dtagann an gníomh cur chun feidhme sin i bhfeidhm.

(23)     Leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 ceanglais áirithe le haghaidh gluaiseachta neamhthráchtála peataí isteach i mBallstáit ó Bhallstáit eile agus ó thíortha nó ó chríocha atá liostaithe i Roinn 2 de Chuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Áirítear sna ceanglais sin inter alia vacsaíniú bailí frithchonfaidh a dhéanamh ar na peataí i gceist, ina mbaintear úsáid as vacsaíní a chomhlíonann na caighdeáin íosta mar atá leagtha síos sa Chaibidil ábhartha de Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE), nó ar deonaíodh údarú margaíochta ina leith i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gCód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta[14] nó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach[15]. Tá sé cruthaithe go bhfuil na vacsaíní sin éifeachtach chun ainmhithe a chosaint ar chonfadh agus is cuid iad de na ceanglais bhailíochta don vacsaíniú frithchonfaidh atá leagtha amach in Iarscríbhinn Ib a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Ba cheart na ceanglais sin, gan aon leasuithe substaintiúla a dhéanamh orthu, a leagan amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

(24)     Le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 leagtar síos ceanglais sláinte ainmhithe níos déine do pheataí a dhéantar a ghluaiseacht isteach i mBallstáit ó thríú tíortha nó críocha nach bhfuil liostaithe i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Áirítear i measc na gceanglas sin seiceálacha ar éifeachtacht an vacsaínithe frithchonfaidh i gcás ainmhithe aonair trí thoirtmheascadh antasubstaintí a dhéanamh i saotharlann atá formheasta i gcomhréir le Cinneadh 2000/258/CE ón gComhairle an 20 Márta 2000 lena n‑ainmnítear institiúid shonrach atá freagrach as na critéir is gá a bhunú chun na tástálacha séireolaíocha chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht vacsaíní frithchonfaidh a chaighdeánú[16]. Ba cheart, dá bhrí sin, an ceanglas sin a choinneáil in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus ba cheart coinníoll a bheith ar áireamh gur cheart an tástáil a dhéanamh i gcomhréir leis na modhanna atá leagtha síos sa Chaibidil ábhartha de Lámhleabhar OIE na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún.

(25)     Chun a chruthú go gcomhlíontar coinníollacha an Rialacháin seo ní mór doiciméid sainaitheantais a bheith ag gabháil le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a dhéantar a ghluaiseacht isteach i mBallstáit chun críoch neamhthráchtála. Dá bhrí sin, ba cheart a bhunú sa Rialachán seo na coinníollacha chun na doiciméid sainaitheantais a eisiúint agus na ceanglais maidir lena n‑ábhar, a mbailíocht agus a bhformáid.

(26)     Sa Rialachán seo ba cheart cead a thabhairt do Bhallstáit údarú a thabhairt do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch féin má tá doiciméad sainaitheantais ag gabháil leo a eisíodh i dtríú tír nó críoch a chuireann i bhfeidhm rialacha atá coibhéiseach leo siúd a chuireann Ballstáit i bhfeidhm. Ba cheart freisin cead a thabhairt do Bhallstáit gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí sin isteach ina gcríoch a údarú tar éis do na peataí sin a bheith i dtríú tír nó críoch go sealadach agus doiciméad sainaitheantais a eisíodh i mBallstát ag gabháil leo, ar choinníoll gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le filleadh ó na tíortha nó na críocha sin sular fhág an t‑ainmhí an tAontas.

(27)     Sa Rialachán seo ba cheart freisin an fhéidearthacht a thabhairt do na Ballstáit, i gcás ina bhfuil gá práinneach le himeacht, iontráil dhíreach ar a gcríoch a údarú do pheataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I nach gcomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcuirtear isteach roimh ré ar chead agus go ndeonaíonn an Ballstát is ceann scríbe é, agus go gcuirtear i bhfeidhm coraintín atá teoranta ó thaobh ama de faoi mhaoirseacht oifigiúil chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. In ainneoin gá práinneach le himeacht a bheith ann, ba cheart an cead sin a bheith riachtanach de bharr na rioscaí ainmhithe sláinte a eascraíonn as peata nach gcomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a thabhairt isteach san Aontas.

(28)     Treoir 90/425/CEE ón gComhairle an 26 Meitheamh 1990 maidir le seiceálacha tréidliachta agus zóiteicniúla atá infheidhme maidir le roinnt ainmhithe beo agus táirgí a thrádáil laistigh den Chomhphobal d'fhonn an margadh inmheánach a chomhlánú[17], agus Treoir 91/496/CEE an 15 Iúil 1991 ag leagan síos na bprionsabal a rialaíonn eagrúchán seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tíortha agus ag leasú Threoracha 89/662/CEE, 90/425/CEE agus 90/675/CEE[18] , níl feidhm acu maidir le seiceálacha tréidliachta ar pheataí a bhíonn in éineacht le taistealaithe chun críoch neamhthráchtála.

(29)     Dá bhrí sin, chun go bhféadfaidh na Ballstáit comhlíonadh na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo a fhíorú agus an beart is gá a dhéanamh, leis an Rialachán seo ba cheart a chur de cheangal ar an duine atá in éineacht leis an bpeata an doiciméad sainaitheantais riachtanach a chur i láthair tráth aon ghluaiseachta neamhthráchtála nó iontrála i mBallstát agus foráil a dhéanamh maidir le seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais spriocdhírithe nó randamacha ar pheataí a bhfuiltear á ngluaiseacht chun críoch neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile. Ba cheart freisin a chur de cheangal ar Bhallstáit seiceálacha córasacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais a dhéanamh ag pointí ainmnithe iontrála ar pheataí a bhfuiltear á ngluaiseacht chun críoch neamhthráchtála isteach i mBallstát ó thríú tíortha nó críocha. Ba cheart a áireamh sna seiceálacha sin prionsabail ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe[19].

(30)     Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le bearta cosanta chun déileáil le rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a eascraíonn as gluaiseacht neamhthráchtála peataí.

(31)     D'fhonn faisnéis shoiléir inrochtana a sholáthar don saoránach maidir leis na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I isteach san Aontas, ba cheart a chur de cheangal ar Bhallstáit an fhaisnéis sin, go háirithe forálacha ábhartha an dlí náisiúnta, a chur ar fáil don phobal laistigh de bhliain ón dáta a nglactar an Rialachán seo.

(32)     Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm i gceart, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha maidir leis na coinníollacha chun maolú ar choinníollacha áirithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I idir Ballstáit a bhfuil an stádas céanna acu maidir le confadh, i ndáil le ceanglais speicis-oiriúnaithe le haghaidh marcála peataí atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán agus i ndáil le bearta coisctheacha sláinte a bhaineann go sonrach le speicis i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh a ngoilleann ar speicis peataí atá liostaithe in Iarscríbhinn I. Ba cheart an chumhacht rialacha a ghlacadh a tharmligean chuige freisin chun líon na bpeataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus a bhíonn in éineacht lena n‑úinéir le linn gluaiseachta neamhthráchtála a theorannú agus chun Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an Rialachán a leasú. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúcháin le saineolaithe.      Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus na gníomhartha tarmligthe sin á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(33)     Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta práinne a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcásanna cuí-réasúnaithe ina bhfuil rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe maidir le bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh ar dóigh go ngoillfeadh siad ar pheataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I.

(34)     Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil leis an liosta de na Ballstáit nó de na codanna díobh arna n‑aicmiú i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le maolú ar choinníollacha áirithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I idir Ballstáit a bhfuil an stádas céanna acu maidir le confadh agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar agus ionfhabhuithe seachas an confadh, agus i ndáil le liostaí na dtríú tíortha nó críoch chun maolú ar choinníollacha áirithe gluaiseachta neamhthráchtála, i ndáil leis an múnla de na doiciméid sainaitheantais atá le bheith in éineacht le peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a bhfuiltear á ngluaiseacht chun críoch neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch, agus i ndáil le bearta cosanta i gcás confadh a bheith ann nó i gcás leathadh confaidh, agus i ndáil le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ceanglas faisnéise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[20].

(35)     Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach a ghlacadh lena dtabharfar liosta na dtríú tíortha nó na gcríoch cothrom le dáta chun maolú ar choinníollacha áirithe gluaiseachta neamhthráchtála agus maidir le bearta cosanta i gcás confadh a bheith ann nó i gcás leathadh confaidh más gá sin ar mhórchúiseanna práinne i gcásanna cuí-réasúnaithe a bhaineann le sláinte ainmhithe agus leis an tsláinte phoiblí.

(36)     Léiríodh gur theip ar roinnt Ballstát na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a chomhlíonadh. Dá réir sin, ní mór do na Ballstáit rialacha a leagan síos i ndáil le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.

(37)     Le Cinneadh 2003/803/CE ón gCoimisiún an 26 Samhain 2003 lena mbunaítear múnla de phas do ghluaiseacht madraí, cat agus firéad laistigh den Chomhphobal[21], bunaítear an múnla de phas do ghluaiseacht peataí is madraí, cait agus firéid idir Ballstáit, mar a fhoráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003. Ba cheart go leanfadh doiciméid sainaitheantais arna n‑eisiúint i gcomhréir leis an múnla sin de phas, faoi réir coinníollacha áirithe, de bheith bailí ar feadh shaol an ainmhí chun an t‑ualach riaracháin agus airgeadais ar úinéirí a theorannú.

(38)     Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/874/AE ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2011 lena leagtar síos liosta na dtríú tíortha agus na gcríoch atá údaraithe chun madraí, cait agus firéid a allmhairiú agus chun níos mó ná cúig cinn de mhadraí, cait agus firéid a thabhairt isteach san Aontas chun críoch neamhthráchtála agus lena leagtar síos na múnlaí de dheimhnithe le haghaidh allmhairithe agus ghluaiseachtaí neamhthráchtála na n‑ainmhithe sin isteach san Aontas[22], bunaítear an múnla de theastas sláinte lena gcruthaítear comhlíonadh cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 i gcás gluaiseachtaí neamhthráchtála cúig cinn nó níos lú de mhadraí, cait nó firéid isteach san Aontas. Chun am a thabhairt do Bhallstáit oiriúnú do na rialacha nua atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart go leanfadh an múnla sin de theastas de bheith bailí faoi réir coinníollacha áirithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le seiceálacha ar ghluaiseachtaí den sórt sin.

Airteagal 2 Raon feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch.

2.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)     Rialachán (CE) Uimh. 338/97;

(b)     bearta arna ndéanamh ag Ballstáit chun srian a chur ar ghluaiseacht speiceas nó pórtha áirithe peataí ar bhonn cúiseanna nach mbaineann le sláinte ainmhithe.

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)          ciallaíonn ‘gluaiseacht neamhthráchtála’ aon ghluaiseacht nach mbaineann gnóthachan airgeadais nó aistriú úinéireachta go díreach nó go hindíreach léi ná nach é a haidhm airgead a ghnóthú nó úinéireacht a aistriú;

(b)          ciallaíonn ‘peata’ ainmhí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I agus a bhíonn, chun críocha gluaiseachta neamhthráchtála, in éineacht lena úinéir nó le duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, agus a fhanann faoi fhreagracht an úinéara nó an duine sin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála sin;

(c)          ciallaíonn ‘úinéir’ duine nádúrtha ar leis an peata agus a bhfuil an peata ina sheilbh;

(d)          ciallaíonn ‘trasfhreagróir’ feiste éighníomhach sainaitheantais radaimhinicíochta atá inléite amháin;

(e)          ciallaíonn ‘doiciméad sainaitheantais’ aon doiciméad lenar féidir an peata a shainaithint go soiléir agus a stádas sláinte a sheiceáil ar mhaithe le comhlíonadh an Rialacháin seo;

(f)           ciallaíonn ‘Ballstáit’ na tíortha agus na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

(g)          ciallaíonn ‘pointe iontrála taistealaithe’ aon limistéar chun seiceáil isteach arna ainmniú ag Ballstáit chun críocha Airteagal 36(1).

Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta

Ní dhéanfar gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a chomhlíonann na ceanglais sláinte ainmhithe atá leagtha síos sa Rialachán seo a thoirmeasc nó a shrianadh nó ní dhéanfar bac a chur orthu ar chúiseanna sláinte ainmhithe, seachas na cinn a thig as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

CAIBIDIL II COINNÍOLLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GLUAISEACHTAÍ NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ ISTEACH I mBALLSTÁT Ó BHALLSTÁT EILE

Airteagal 5 Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile:

(a)          mura bhfuil siad marcáilte ar bhealach gníomhach i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(b)          mura bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

(c)          mura gcomhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá sin:

(i)      faoi Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó

(ii)     arna nglacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003;

(d)          mura bhfuil doiciméad sainaitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 20(1) ag gabháil leo.

Airteagal 6 Maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

De mhaolú ar Airteagal 5(b), féadfaidh Ballstáit gluaiseacht neamhthráchtála peataí atá faoi bhun trí mhí agus nach bhfuil vacsaínithe i gcoinne confaidh a údarú, ar choinníoll go bhfuil doiciméad sainaitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 20 ag gabháil leo, agus ar choinníoll:

(a)          go soláthraíonn an t‑úinéir, nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar a cheann agus i gcomhaontú leis, cruthúnas gur fhan siad ina n‑áit bhreithe gan aon teagmháil a bheith acu le hainmhithe fiáine de speicis shoghabhálacha ar dóigh gur nochtadh do chonfadh iad, nó

(b)          go bhfuil a máthair in éineacht leo, a mbraitheann siad uirthi fós, agus gur doiciméadadh go bhfuair a máthair vacsaíniú frithchonfaidh a chomhlíon na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV sular saolaíodh iad.

Airteagal 7 Maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

1.           De mhaolú ar Airteagal 5(b), féadfar gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I agus nach bhfuil vacsaínithe i gcoinne confaidh a údarú idir Ballstáit nó codanna díobh atá saor ó chonfadh ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha sonracha. Chun a áirithiú go bhfuil na bearta is gá ar bun le haghaidh údarú cuí gluaiseachtaí neamthráchtála faoin maolú sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 maidir leis na coinníollacha sonracha sin le haghaidh údarú na ngluaiseachtaí neamhthráchtála sin.

2.           Na coinníollacha sonracha le haghaidh an údaraithe a leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1, is ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe maidir le measúnú ar an stádas sláinte i leith confaidh i mBallstáit nó i gcodanna díobh a bheidh siad bunaithe agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I ar dóigh go ngoillfeadh confadh orthu.

3.           Chun na críche céanna féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1:

(a)     rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh atá bunaithe ar shonraí stairiúla maidir lena stádas i leith confaidh agus ar a gcórais faireachais agus tuairiscithe maidir le confadh;

(b)     na coinníollacha nach mór do Bhallstáit a chomhlíonadh le bheith cáilithe i gcónaí don údarú dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 8 Liosta de na Ballstáit nó de na codanna de chríoch Ballstáit atá le haicmiú i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 7(1)

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liostaí Ballstát nó codanna de chríoch Ballstát a ghlacadh, ar Ballstáit nó ar codanna de chríoch Ballstát iad a chomhlíonann na rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh dá dtagraítear in Airteagal 7(3)(a). Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Airteagal 9 Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I

1.           Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó Bhallstát eile mura gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá siad marcáilte nó cuirtear síos orthu mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2);

(b)     comhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1);

(c)     tá doiciméad sainaitheantais ag gabháil leo atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh:

(i)      i gcomhréir le hAirteagal 28;

(ii)      san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 30.

2.           Beidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha dá bhforáiltear in Airteagail 16(2), 18(1) agus 30.

CAIBIDIL III COINNÍOLLACHA IS INFHEIDHME MAIDIR LE GLUAISEACHTAÍ NEAMHTHRÁCHTÁLA PEATAÍ ISTEACH I mBALLSTÁT Ó THRÍÚ TÍR NÓ CRÍOCH

Airteagal 10 Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch:

(a)          mura bhfuil siad marcáilte ar bhealach gníomhach i gcomhréir le hAirteagal 16(1);

(b)          mura bhfuil vacsaíniú frithchonfaidh faighte acu a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;

(c)          mura bhfuil tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh déanta orthu ar tástáil í a chomhlíonann na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(d)          mura gcomhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá sin:

(i)      faoi Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó

(ii)     arna nglacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003;

(e)          mura bhfuil doiciméad sainaitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 ag gabháil leo.

Airteagal 11 Maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

1.           De mhaolú ar Airteagal 10(b), féadfaidh Ballstáit údarú a thabhairt chun peataí atá faoi bhun trí mhí agus nach bhfuil vacsaínithe i gcoinne confaidh a thabhairt isteach ina gcríoch féin chun críoch neamhthráchtála ó thríú tíortha nó críocha atá liostaithe sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13, ar choinníoll go bhfuil doiciméad sainaitheantais atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh i gcomhréir le hAirteagal 24 ag gabháil leo, agus ar choinníoll:

(a)     go soláthraíonn an t‑úinéir, nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar a cheann agus i gcomhaontú leis, cruthúnas gur fhan siad ina n‑áit bhreithe gan aon teagmháil a bheith acu le hainmhithe fiáine de speicis shoghabhálacha ar dóigh gur nochtadh do chonfadh iad, nó

(b)     go bhfuil a máthair in éineacht leo, a mbraitheann siad uirthi fós, agus gur doiciméadadh go bhfuair a máthair vacsaíniú frithchonfaidh a chomhlíon na ceanglais bhailíochta atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV sular saolaíodh iad.

2.           Toirmiscfear, áfach, gluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí sin ina dhiaidh sin isteach i mBallstát eile, seachas i gcás ina ndéantar iad a ghluaiseacht i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 5.

Airteagal 12 Maolú ar an gcoinníoll maidir le tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh i gcás peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I

De mhaolú ar Airteagal 10(c), ní cheanglófar an tástáil toirtmheasctha antasubstaintí a dhéanamh i gcás peataí atá á ngluaiseacht isteach i mBallstát:

(a)          go díreach ó thríú tír nó críoch atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13 nó tar éis cónaithe i gceann amháin nó níos mó de na tríú tíortha nó críocha sin agus inti nó iontu sin amháin, nó

(b)          ó thríú tír nó críoch atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13 tar éis idirthurais trí thríú tíortha nó críocha seachas na cinn atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13, ar choinníoll go soláthraíonn an t‑úinéir, nó duine nádúrtha atá ag gníomhú thar a cheann agus i gcomhaontú leis, cruthúnas, le linn an idirthurais sin, nach raibh aon teagmháil ag na peataí le speicis atá soghabhálach i leith confaidh agus gur fhan siad ceangailte laistigh de mhodh iompair nó laistigh de pheiriméadar aerfoirt idirnáisiúnta.

Airteagal 13 Liosta tríú tíortha nó críoch a bhunú chun críche Airteagal 12

1.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, faoin [an dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], liosta tríú tíortha nó críoch a ghlacadh, ar tíortha nó críocha iad a thaispeáin go gcuireann siad rialacha i bhfeidhm atá coibhéiseach leo siúd atá leagtha síos i gCaibidil II, sa Chaibidil seo agus i Roinn 2 de Chaibidil VI maidir le hainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I.

2.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, faoin [an dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], liosta tríú tíortha nó críoch a ghlacadh, ar tíortha nó críocha iad a thaispeáin go sásaíonn siad ar a laghad na critéir seo a leanas i gcás ainmhithe de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I:

(a)     tá sé éigeantach fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla faoi chásanna confaidh;

(b)     tá córas éifeachtúil faireacháin agus tuairiscithe maidir le confadh ar bun le dhá bhliain ar a laghad;

(c)     is leor struchtúr agus eagrúchán a seirbhísí tréidliachta chun bailíocht na ndeimhnithe sláinte ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 26 agus arna n‑eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24 a ráthú;

(d)     cuireadh bearta chun feidhme chun confadh a chosc agus a rialú, lena n‑áirítear rialacha maidir le hallmhairí peataí isteach sna tríú tíortha nó críocha sin;

(e)     tá rialacha i bhfeidhm maidir le ceadúnú agus margú vacsaíní frithchonfaidh.

3.           Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe agus a bhaineann le rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach agus lena dtabharfar cothrom le dáta an liosta tríú tíortha nó críoch dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus déanfar sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43(3).

Airteagal 14 Coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála is infheidhme maidir le peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I

1.           Ní dhéanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I a ghluaiseacht isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch mura gcomhlíonann siad na coinníollacha seo a leanas:

(a)     tá siad marcáilte nó cuirtear síos orthu mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2);

(b)     comhlíonann siad na bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh dá bhforáiltear in Airteagal 18(1);

(c)     tá doiciméad sainaitheantais ag gabháil leo atá comhlánaithe go cuí agus a eisíodh:

(i)      i gcomhréir le hAirteagal 28;

(ii)      san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 33.

2.           Beidh feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 ó dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha dá bhforáiltear in Airteagail 16(2), 18(1) agus 33.

3.           Go dtí go nglacfar na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, leanfaidh rialacha náisiúnta d'fheidhm a bheith acu ar choinníoll:

(a)     go gcuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis an riosca don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I;

(b)     nach bhfuil siad níos déine ná na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le hallmhairí ainmhithe de na speicis sin i gcomhréir le Treoir 92/65/CEE.

Airteagal 15 Maolú ar na coinníollacha gluaiseachta neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I idir tíortha áirithe

De mhaolú ar Airteagal 10 agus Airteagal 14, féadfar leanúint de ghluaiseacht neamhthráchtála peataí idir na tíortha seo a leanas faoi na coinníollacha atá leagtha síos lena rialacha náisiúnta:

(a)          San Mairíne agus an Iodáil;

(b)          an Vatacáin agus an Iodáil;

(c)          Monacó agus an Fhrainc;

(d)          Andóra agus an Fhrainc;

(e)          Andóra agus an Spáinn;

(f)           an Iorua agus an tSualainn.

CAIBIDIL IV MARCÁIL AGUS BEARTA COISCTHEACHA SLÁINTE

Roinn 1 marcáil

Airteagal 16 Marcáil peataí

1.           Déanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I a mharcáil ar bhealach gníomhach trí thrasfhreagróir a chomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ionphlandú nó trí thatú atá inléite go soiléir agus a rinneadh roimh an 3 Iúil 2011.

I gcás ina bhfuil peata marcáilte le trasfhreagróir nach gcomhlíonann na ceanglais theicniúla atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, déanfaidh an t‑úinéir, nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar a cheann agus i gcomhaontú leis, na hacmhainní is gá a sholáthar chun an trasfhreagróir sin a léamh tráth aon fhíoraithe sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagail 20(2), 24(2), 35 agus 36(1).

2.           Déanfar peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I a mharcáil nó cuirfear síos orthu agus sainiúlachtaí gach speicis á gcur san áireamh sa chaoi is go n‑áiritheofar go bhfuil nasc aonchiallach idir an peata agus a dhoiciméad sainaitheantais comhfhreagrach.

Chun sainiúlachtaí na speiceas i gCuid B d'Iarscríbhinn I a chur san áireamh tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 maidir leis na ceanglais speicis-oiriúnaithe sin chun na peataí sin a mharcáil nó chun cur síos orthu.

Airteagal 17 Cáilíochtaí atá ag teastáil chun trasfhreagróirí a ionphlandú i bpeataí

Déanfaidh Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na cáilíochtaí íosta atá ag teastáil ó na daoine a dhéanann trasfhreagróirí a ionphlandú i bpeataí.

Roinn 2 Bearta coisctheacha sláinte i gcoinne galar agus ionfhabhtuithe seachas confadh

Airteagal 18 Bearta coisctheacha sláinte agus coinníollacha dá gcur i bhfeidhm

1.           I gcás ina bhfuil gá le bearta coisctheacha sláinte chun an tsláinte phoiblí nó sláinte peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a chosaint chun galair nó ionfhabhtuithe seachas confadh a rialú, ar galair nó ionfhabhtuithe iad ar dóigh go leafaí iad de bharr ghluaiseacht na bpeataí sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 maidir le bearta coisctheacha sláinte speicis-oiriúnaithe i gcoinne na ngalar nó na n‑ionfhabhtuithe sin.

Más rud é go n‑éilíonn mórchúiseanna práinne é, i gcás ina bhfuil rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ann, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 42 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun na míre seo.

2.           Na bearta coisctheacha sláinte speicis-oiriúnaithe atá údaraithe le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1, is ar fhaisnéis eolaíoch atá leordhóthanach, iontaofa agus bailíochtaithe a bheidh siad bunaithe agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcomhréir leis na rioscaí don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bhaineann le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I ar dóigh go mbuailfeadh galair nó ionfhabhtuithe seachas confadh leo.

3.           Chun na críche céanna féadfaidh an méid seo a leanas a bheith ar áireamh freisin sna gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear i mír 1:

(a)     rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna díobh ag brath ar a stádas sláinte ainmhithe agus ar a gcórais faireachais agus tuairiscithe maidir le galair nó le hionfhabhtuithe áirithe seachas confadh;

(b)     na coinníollacha nach mór do Bhallstáit a chomhlíonadh le bheith cáilithe i gcónaí do chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach sláinte dá dtagraítear i mír 2;

(c)     na coinníollacha chun na bearta coisctheacha sláinte dá dtagraítear i mír 2 a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú roimh ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I;

(d)     na coinníollacha maidir le maoluithe a dheonú in imthosca sonraithe áirithe ar chur i bhfeidhm na mbeart coisctheach sláinte dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 19 Liosta na mBallstát nó codanna de chríoch Ballstát arna n‑aicmiú i gcomhréir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 18(1)

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, liostaí Ballstát nó codanna de chríoch Ballstát a ghlacadh, ar Ballstáit nó ar codanna de chríoch Ballstát iad a chomhlíonann na rialacha le haghaidh aicmiú Ballstát nó codanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3)(a). Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

CAIBIDIL V DOICIMÉID SAINAITHEANTAIS

Roinn 1 Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile

Airteagal 20 An doiciméad sainaitheantais a eisiúint

1.           Maidir leis an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 5(d):

(a)     déanfaidh tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil chun na críche sin é a eisiúint;

(b)     déanfaidh sé comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b) agus (c) agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 27(b)(ii) a dhoiciméadú; féadfar an comhlíonadh sin a dhoiciméadú i níos mó ná doiciméad sainaitheantais amháin san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1).

2.           Déanfar comhlíonadh na gceanglas marcála dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) a fhíorú sula ndéantar an méid seo a leanas:

(a)     sula n‑eisítear an doiciméad sainaitheantais i gcomhréir le mír 1(a);

(b)     sula ndoiciméadtar comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1(b).

Airteagal 21 Faisnéis atá le soláthar sa doiciméad sainaitheantais

1.           Soláthrófar sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 5(d) an fhaisnéis seo a leanas:

(a)     suíomh an tatú nó an trasfhreagróra, dáta a chur i bhfeidhm agus an cód alfa‑uimhriúil a léiríonn sé;

(b)     ainm, seoladh agus síniú an úinéara;

(c)     sonraí an vacsaínithe frithchonfaidh;

(d)     dáta na samplála fola don tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh sa chás dá bhforáiltear in Airteagal 27(b)(ii);

(e)     comhlíonadh na mbeart coisctheach sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá sin:

(i)      faoi Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó

(ii)      arna nglacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003;

(f)      faisnéis ábhartha eile maidir leis an gcur síos ar an ainmhí agus a stádas sláinte.

2.           Déanfaidh an tréidlia a eiseoidh an doiciméad sainaitheantais an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) agus (b) a thaifeadadh agus taifid ar an bhfaisnéis sin a choinneáil ar feadh ar a laghad 10 mbliana ó dháta eisiúna an doiciméid sainaitheantais.

Airteagal 22 Formáid an doiciméid sainaitheantais

1.           Is i bhformáid pais a bheidh an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 5(d) agus beidh sé i gcomhréir leis an múnla atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme agus beidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 21(1) a chur isteach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2) faoin [dáta le cur isteach: trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.           Déanfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ceanglais a leagan síos maidir le teangacha agus leagan amach an phais dá dtagraítear sa mhír sin.

3.           Beidh ar an bpas dá dtagraítear i mír 1 uimhir ina mbeidh cód ISO an Bhallstáit eisiúna agus cód alfa-uimhriúil uathúil.

Airteagal 23 Maolú ar fhormáid an doiciméid sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 22(1)

1.           De mhaolú ar Airteagal 22(1), tabharfaidh Ballstáit údarú chun peataí a bhfuil an doiciméad sainaitheantais a eisíodh chun críocha Airteagal 10(e) acu a thabhairt isteach i mBallstát ó Bhallstát eile chun críocha neamhthráchtála:

(a)     i gcomhréir le hAirteagal 24;

(b)     san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 26(1).

2.           I gcás inar gá, déanfar comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 5(c) a dhoiciméadú sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i mír 1, tar éis na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(1) a chríochnú.

Roinn 2 Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch

Airteagal 24 An doiciméad sainaitheantais a eisiúint

1.           Beidh sraithuimhir ar an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 10(e) agus:

(a)     eiseoidh:

(i)      tréidlia oifigiúil de chuid na tríú tíre tionscnaimh é ar bhonn doiciméadúcháin tacaíochta, nó

(ii)      tréidlia arna údarú ag údarás inniúil na tríú tíre tionscnaimh chun na críche sin, agus formhuineoidh an t‑údarás inniúil é ina dhiaidh sin;

(b)     doiciméadfaidh sé comhlíonadh na gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 10(a) go (d).

2.           Déanfar comhlíonadh na gceanglas marcála dá dtagraítear in Airteagal 10(a) a fhíorú sula ndéantar an méid seo a leanas:

(a)     sula n‑eisítear an doiciméad sainaitheantais i gcomhréir le mír 1;

(b)     sula ndoiciméadtar comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 10(b), (c) agus (d).

Airteagal 25 Faisnéis atá le soláthar sa doiciméad sainaitheantais

1.           Soláthrófar sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 10(e) an fhaisnéis seo a leanas:

(a)     suíomh an tatú nó an trasfhreagróra, dáta a chur i bhfeidhm agus an cód alfa‑uimhriúil a léiríonn sé;

(b)     ainm agus seoladh an úinéara nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis;

(c)     sonraí an vacsaínithe frithchonfaidh;

(d)     dáta na samplála fola don tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh;

(e)     comhlíonadh na mbeart coisctheach sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá sin:

(i)      faoi Airteagal 18(1) den Rialachán seo, nó

(ii)      arna nglacadh de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 998/2003;

(f)      faisnéis ábhartha eile maidir leis an gcur síos ar an ainmhí agus a stádas sláinte.

2.           Forlíonfar an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 10(e) le dearbhú scríofa sínithe ag an úinéir, nó ag duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, lena sonrófar go ndéantar an peata a ghluaiseacht isteach san Aontas chun críoch neamhthráchtála.

Airteagal 26 Formáid an doiciméid sainaitheantais

1.           Is i bhformáid deimhnithe sláinte ainmhithe a bheidh an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 10 agus beidh sé i gcomhréir leis an múnla atá le glacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gnímh cur chun feidhme agus beidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 25(1) a chur isteach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2) faoin [dáta le cur isteach: trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.           Déanfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ceanglais a leagan síos maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht an deimhnithe shláinte ainmhithe dá dtagraítear sa mhír sin.

Airteagal 27 Maolú ar fhormáid an doiciméid sainaitheantais

De mhaolú ar Airteagal 26(1), údaróidh Ballstáit gluaiseacht neamhthráchtála peataí a bhfuil an doiciméad sainaitheantais ag gabháil leo san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) sna cásanna seo a leanas:

(a)          má eisíodh an doiciméad sainaitheantais i gceann de na tríú tíortha nó críocha atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), nó

(b)          má tá na peataí sin ag teacht isteach i mBallstát, tar éis dóibh gluaiseacht go sealadach go tríú tír nó críoch ó Bhallstát nó tar éis gluaiseacht trí thríú tír nó críoch ó Bhallstát, agus má rinne tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil an méid seo a leanas a dhoiciméadú sular fhág na peataí an tAontas:

(i)      go bhfuair siad vacsaíniú frithconfaidh;

(ii)     go ndearnadh tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh orthu, seachas i gcás an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 12.

Roinn 3 Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó Bhallstát eile

Airteagal 28 An doiciméad sainaitheantais a eisiúint

1.           Maidir leis an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(c):

(a)     déanfaidh tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil chun na críche sin é a eisiúint;

(b)     doiciméadfaidh sé comhlíonadh Airteagal 9(1)(a),(b) agus (c).

2.           Déanfar comhlíonadh na gceanglas marcála nó na gceanglas maidir le cur síos dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(a) a fhíorú sula ndéantar an méid seo a leanas:

(a)     sula n‑eisítear an doiciméad sainaitheantais i gcomhréir le mír 1(a);

(b)     sula ndoiciméadtar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(a), (b) agus (c) i gcomhréir le hAirteagal 18(3)(c).

Airteagal 29 Faisnéis atá le soláthar sa doiciméad sainaitheantais

Soláthrófar sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(c) an fhaisnéis seo a leanas:

(a)          saintréithe mharc an ainmhí nó an chur síos ar an ainmhí mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2);

(b)          ainm, seoladh agus síniú an úinéara;

(c)          sonraí na mbeart coisctheach sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá, faoi Airteagal 18(1):

(d)          faisnéis ábhartha eile maidir leis an gcur síos ar an ainmhí agus a stádas sláinte.

Airteagal 30 Formáid an doiciméid sainaitheantais

1.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, múnla a ghlacadh den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(c) a mbeidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 29 a chur isteach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

2.           Déanfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ceanglais a leagan síos maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht an doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear sa mhír sin.

Roinn 4 Doiciméid sainaitheantais do ghluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch

Airteagal 31 An doiciméad sainaitheantais a eisiúint

1.           Maidir leis an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(c):

(a)     eiseoidh:

(i)      tréidlia oifigiúil é ar bhonn doiciméadúcháin tacaíochta, nó

(ii)      tréidlia arna údarú ag údarás inniúil chun na críche sin, agus formhuineoidh an t‑údarás inniúil é ina dhiaidh sin;

(b)     doiciméadfaidh sé comhlíonadh Airteagal 14(1)(a),(b) agus (c).

2.           Déanfar comhlíonadh na gceanglas marcála nó na gceanglas maidir le cur síos dá bhforáiltear in Airteagal 14(1)(a) a fhíorú sula ndéantar an méid seo a leanas:

(a)     sula n‑eisítear an doiciméad sainaitheantais i gcomhréir le mír 1(a);

(b)     sula ndoiciméadtar na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 14(1)(a),(b) agus (c) i gcomhréir le hAirteagal 18(3)(c).

Airteagal 32 Faisnéis atá le soláthar sa doiciméad sainaitheantais

1.           Soláthrófar sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(c) an fhaisnéis seo a leanas:

(a)     saintréithe mharc an ainmhí nó an chur síos ar an ainmhí mar a fhoráiltear in Airteagal 16(2);

(b)     ainm agus seoladh an úinéara nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis;

(c)     sonraí na mbeart coisctheach sláinte i gcoinne galar nó ionfhabhtuithe seachas confadh, i gcás inar gá, faoi Airteagal 18(1);

(d)     faisnéis ábhartha eile maidir leis an gcur síos ar an ainmhí agus a stádas sláinte.

2.           Forlíonfar an doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(c) le dearbhú scríofa sínithe ag an úinéir, nó ag duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, lena sonrófar go ndéantar an peata a ghluaiseacht isteach san Aontas chun críoch neamhthráchtála.

Airteagal 33 Formáid an doiciméid sainaitheantais

1.           Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, múnla a ghlacadh den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(c) a mbeidh iontrálacha ann chun an fhaisnéis a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 32(1) a chur isteach. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

2.           Déanfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 ceanglais a leagan síos maidir le teangacha, leagan amach agus bailíocht an doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear sa mhír sin.

CAIBIDIL VI FORÁLACHA COITEANNA

Roinn 1 Maolú do ghluaiseacht dhíreach neamhthráchtála peataí isteach i mBallstáit

Airteagal 34 Maoluithe ar choinníollacha Airteagail 5, 9, 10 agus 14

1.           De mhaolú ar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagail 5, 9, 10 agus 14, féadfaidh Ballstáit peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I nach gcomhlíonann na coinníollacha atá leagtha síos sna hAirteagail sin a ghluaiseacht isteach ina gcríoch chun críoch neamhthráchtála, ar choinníoll:

(a)     go ndearna an t‑úinéir, nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, iarratas ar chead roimhe agus gur dheonaigh an Ballstát is ceann scríbe an cead sin;

(b)     go gcuirtear na peataí i gcoraintín faoi mhaoirseacht oifigiúil ar feadh na tréimhse is gá chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh, ar tréimhse nach faide ná sé mhí í agus déanfar sin:

(i)      in áit atá formheasta ag an údarás inniúil;

(ii)      i gcomhréir leis na socruithe a fhorordaítear sa chead.

2.           Féadfar údarú chun idirthuras a dhéanamh trí Bhallstát eile a áireamh sa chead dá dtagraítear i mír 1(a) ar choinníoll go bhfuil a aontú tugtha roimh ré ag an mBallstát idirthurais don Bhallstát is ceann scríbe.

Roinn 2 Coinníollacha ginearálta maidir le comhlíonadh

Airteagal 35 Seiceálacha doiciméadúcháin, sainaitheantais agus fisiceacha atá le déanamh ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1)

1.           Gan dochar d'Airteagal 15, déanfaidh Ballstáit seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais spriocdhírithe nó randamacha, agus i gcás inar gá seiceálacha fisiceacha, ar pheataí a bhfuiltear á ngluaiseacht chun críoch neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), chun comhlíonadh Chaibidil II a fhíorú ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach.

2.           Arna iarraidh sin don údarás inniúil atá freagrach as na seiceálacha dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, tráth aon ghluaiseachta neamhthráchtála isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch atá liostaithe de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an t‑úinéir, nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, an méid seo a leanas:

(a)     cuirfidh sé an doiciméad sainaitheantais i láthair lena léirítear comhlíonadh na gceanglas maidir leis an ngluaiseacht sin san fhormáid dá bhforáiltear in:

(i)      Airteagal 22(1), nó

(ii)      Airteagal 23(1);

(b)     cuirfidh sé an peata ar fáil do na seiceálacha sin.

Airteagal 36 Seiceálacha doiciméadúcháin, sainaitheantais agus fisiceacha atá le déanamh ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch

1.           Beidh gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch seachas na cinn atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1) faoi réir seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais, agus, i gcás inar gá, seiceálacha fisiceacha, a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil ag pointe iontrála na dtaistealaithe.

2.           Arna iarraidh sin don údarás inniúil dá bhforáiltear i mír 1, tráth aon iontrála isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch seachas na cinn atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1), déanfaidh an t‑úinéir, nó an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, an méid seo a leanas:

(a)     cuirfidh sé an doiciméad sainaitheantais i láthair lena léirítear comhlíonadh na gceanglas maidir leis an ngluaiseacht sin san fhormáid dá bhforáiltear in:

(i)      Airteagal 26(1), nó

(ii)      in Airteagal 27(b);

(b)     cuirfidh sé an peata ar fáil do na seiceálacha sin.

3.           Déanfaidh Ballstáit liosta de phointí iontrála taistealaithe a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta.

4.           Áiritheoidh Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis an údarás inniúil atá ainmnithe acu chun na seiceálacha dá bhforáiltear i mír 1 a dhéanamh:

(a)     go bhfuil sé go hiomlán ar an eolas faoi na rialacha atá leagtha síos i gCaibidil III agus gur cuireadh an oiliúint is gá ar oifigigh an údaráis inniúil chun na rialacha sin a chur chun feidhme;

(b)     go gcoinníonn sé taifid ar na seiceálacha atá déanta;

(c)     go ndéanann sé na seiceálacha atá déanta a dhoiciméadú sa doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear:

(i)      in Airteagal 10(e), nó

(ii)      in Airteagal 27(b).

Airteagal 37 Gníomhaíochtaí i gcás ina léiríonn na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus Airteagal 36 neamhchomhlíonadh

1.           I gcás inar léir ó na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 35 agus Airteagal 36 nach gcomhlíonann peata na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil II agus i gCaibidil III, cinnfidh an t‑údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle leis an tréidlia oifigiúil:

(a)     an peata a chur ar ais chuig a thír nó a chríoch tionscnaimh, nó

(b)     an peata a aonrú, ar chostas an úinéara, faoi rialú oifigiúil ar feadh na tréimhse is gá chun na coinníollacha atá leagtha síos i gCaibidil II agus i gCaibidil III a chomhlíonadh, nó

(c)     an peata a mharú, gan cúiteamh airgeadais a thabhairt don úinéir nó don duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, i gcás nach féidir an peata a chur ar ais nó nach bhfuil sé praiticiúil é a aonrú.

2.           I gcás ina ndiúltaíonn an t‑údarás inniúil gluaiseacht neamhthráchtála peataí isteach san Aontas, cuirfear i dteach faoi rialú oifigiúil iad go dtí:

(a)     go bhfilleann siad ar a dtír nó a gcríoch tionscnaimh, nó

(b)     go nglacfar aon chinneadh riaracháin eile maidir leis na peataí sin.

Airteagal 38 Bearta cosanta

I gcás ina bhfuil confadh i mBallstát, i dtríú tír nó i gcríoch nó ina bhfuil confadh á leathadh ann agus ina bhféadfadh bagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe a bheith ann, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó Bhallstát, ceann de na bearta seo a leanas a ghlacadh, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, gan mhoill agus ag brath ar thromchúis an cháis:

(a)          gluaiseacht nó idirthuras neamhthráchtála peataí ó chríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ó chuid di nó ón tríú tír ar fad lena mbaineann nó ó chuid di nó ón tríú críoch ar fad lena mbaineann nó ó chuid di a chur ar fionraí;

(b)          coinníollacha speisialta a leagan síos i leith gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí a thagann ón mBallstát ar fad lena mbaineann nó ó chuid de nó ón tríú tír ar fad lena mbaineann nó ó chuid di nó ón tríú críoch ar fad lena mbaineann nó ó chuid di.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Ar mhórchúiseanna práinne atá cuí-réasúnaithe chun smacht a choimeád ar riosca tromchúiseach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe nó chun dul i ngleic leis an riosca sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is féidir a chur i bhfeidhm láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 43(3).

Airteagal 39 Oibleagáidí maidir le faisnéis

1.           Faoin [dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, déanfaidh na Ballstáit faisnéis shoiléir a bhfuil sé éasca teacht uirthi a thabhairt don phobal maidir leis an méid seo a leanas:

(a)     na cáilíochtaí atá ag teastáil chun an trasfhreagróir a ionphlandú mar a fhoráiltear in Airteagal 17;

(b)     an t‑údarú chun maolú ar an gcoinníoll maidir le vacsaíniú frithchonfaidh do pheataí óga de na speicis atá liostaithe i gCuid A d'Iarscríbhinn I mar a fhoráiltear in Airteagal 6 agus in Airteagal 11;

(c)     na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch:

(i)      ar peataí iad nach gcomhlíonann Airteagail 5, 9, 10 agus 14;

(ii)      ar peataí iad a thagann ó thíortha agus ó chríocha áirithe faoi choinníollacha arna leagan síos ag a rialacha náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 15;

(d)     liosta de phointí iontrála taistealaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 36(3), lena n‑áirítear an t‑údarás inniúil atá ainmnithe chun na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagal 36(4) a dhéanamh;

(e)     na coinníollacha is infheidhme maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí de na speicis atá liostaithe i gCuid B d'Iarscríbhinn I isteach ina gcríoch, arna leagan síos ag a rialacha náisiúnta mar a fhoráiltear in Airteagal 14(2).

2.           Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas faisnéise dá bhforáiltear i mír 1 a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(2).

Roinn 3 Forálacha nós imeachta

Airteagal 40 Raon feidhme gníomhartha tarmligthe

1.           Chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus cosaint na sláinte poiblí nó sláinte peataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

2.           Chun gluaiseachtaí tráchtála a sheachaint, ar gluaiseachtaí iad a cheiltear go calaoiseach mar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 41 chun rialacha a leagan síos lena gcuirfear teorainn le líon na bpeataí de na speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn I a fhéadfaidh a bheith in éineacht leis an úinéir, nó le duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an úinéara agus i gcomhaontú leis, do ghluaiseacht neamhthráchtála aonair.

Airteagal 41 An tarmligean a fheidhmiú

1.           Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2.           Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1), sa dara fomhír d'Airteagal 16(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 18(1) agus in Airteagal 40 don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó (*).

(*)     Dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh bhunúsaigh reachtaigh nó dáta ar bith eile arna shocrú ag an reachtóir.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1), sa dara fomhír d'Airteagal 16(2), sa chéad fhomhír d'Airteagal 18(1) agus in Airteagal 40 a chúlghairm ag am ar bith. Má chinntear cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 7(1), an dara fomhír d'Airteagal 16(2), na chéad fhomhíre d'Airteagal 18(1) agus Airteagal 40 i bhfeidhm ach amháin mura ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra faoin ngníomh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, go mbeidh sé curtha in iúl don Choimisiún ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 42 Nós imeachta práinne

1.           Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 2. Luafar na cúiseanna ar úsáideadh an nós imeachta práinne san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thabharfar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 41(5). Sa chás sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm gan mhoill tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh.

Airteagal 43 Nós imeachta coiste

1.           Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh i gcás ina gcinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh nó i gcás ina n‑iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh laistigh den teorainn ama chun an tuairim a thabhairt.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Airteagal 44 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann le pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na pionóis sin faoin [dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin a dhéanann difear dóibh.

Caibidil VII FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 45 Aisghairm

1.           Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 a aisghairm le héifeacht ón [dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Aon tagairtí sa Rialachán seo don liosta sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1) nó (2), déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don liosta de na tríú tíortha agus críocha atá leagtha amach i Roinn 2 de Chuid B nó i gCuid C d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 go dtí teacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme sin.

2.           Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 46 Bearta idirthréimhseacha maidir le doiciméid sainaitheantais

1.           De mhaolú ar Airteagal 22(1), measfar go gcomhlíonann an doiciméad sainaitheantais an Rialachán seo i gcás:

(a)     ina dtarraingítear suas é i gcomhréir leis an múnla de phas a bunaíodh le Cinneadh 2003/803/CE;

(b)     inar eisíodh é tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 22(1).

2.           De mhaolú ar Airteagal 26(1), measfar go gcomhlíonann an doiciméad sainaitheantais an Rialachán seo, i gcás:

(a)     ina dtarraingítear suas é i gcomhréir leis an múnla de dheimhniú atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2011/874/AE;

(b)     inar eisíodh é tráth nach déanaí ná bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 26(1).

Airteagal 47 Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón xxxx [dáta le cur isteach: bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Speicis peataí

CUID A

Madraí (Canis lupus familiaris)

Cait (Felis silvestris catus)

Firéid (Mustela putorius furo)

CUID B

Inveirteabraigh (seachas beacha agus bumbóga a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/65/CEE agus moilisc agus crústaigh a thagann faoi raon feidhme Threoir 2006/88/CE)

Ainmhithe uisceacha ornáideacha a thógtar in uisceadáin neamhthráchtála (agus atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2006/88/CE)

Débheathaigh

Reiptílí

Éin: gach speiceas éan seachas éanlaith chlóis a thagann faoi raon feidhme Threoir 92/65/CEE agus Threoir 2009/158/CE)

Mamaigh: Creimirí agus coiníní clóis.

IARSCRÍBHINN II

Liosta Ballstát mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(f)

Cód tíre || Tír || Críocha atá ar áireamh

BE || An Bheilg ||

BG || An Bhulgáir ||

CZ || Poblacht na Seice ||

DK || An Danmhairg || Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn

DE || An Ghearmáin ||

EE || An Eastóin ||

IE || Éire ||

EL || An Ghréig ||

ES || An Spáinn || Na hOileáin Bhailéaracha, na hOileáin Chanáracha, Ceuta agus Melilla

FR || An Fhrainc || Guáin na Fraince, Guadalúip, Martinique agus La Réunion

IT || An Iodáil ||

CY || An Chipir ||

LV || An Laitvia ||

LT || An Liotuáin ||

LU || Lucsamburg ||

HU || An Ungáir ||

MT || Málta ||

NL || An Ísiltír ||

AT || An Ostair ||

PL || An Pholainn ||

PT || An Phortaingéil || Na hAsóir agus Maidéara

RO || An Rómáin ||

SI || An tSlóivéin ||

SK || An tSlóvaic ||

FI || An Fhionlainn ||

SE || An tSualainn ||

UK || An Ríocht Aontaithe || Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann

GI || Giobráltar ||

IARSCRÍBHINN III

Ceanglais theicniúla le haghaidh trasfhreagróirí

Feiste éighníomhach sainaitheantais radaimhinicíochta atá inléite amháin a bheidh sa trasfhreagróir:

(a)          a chomhlíonann Caighdeán ISO 11784 agus ina n‑úsáidtear teicneolaíocht HDX nó FDX-B;

(b)          ar féidir í a léamh le feiste léitheoireachta atá comhoiriúnach le Caighdeán ISO 11785.

IARSCRÍBHINN IV

Ceanglais bhailíochta le haghaidh vacsaínithe frithchonfaidh

1.           Maidir leis an vacsaín frithchonfaidh:

(a)     ní mór gur vacsaín seachas vacsaín bheo mhodhnaithe í agus ní mór go dtagann sí faoi réim ceann amháin de na catagóirí seo a leanas:

(i)      vacsaín dhíghníomhaithe ina bhfuil ar a laghad aonad antaigineach amháin in aghaidh na dáileoige (moladh ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála), nó

(ii)      vacsaín athchuingreach ina léirítear gliceapróitéin imdhíonta víreas an chonfaidh i veicteoir víris bheo;

(b)     i gcás ina riartar i mBallstát í, ní mór údarú margaíochta a bheith ann ina leith i gcomhréir leis na hAirteagail seo:

(i)      Airteagal 5 de Threoir 2001/82/CE, nó

(ii)      Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004;

(c)     i gcás ina riartar i dtríú tír í, ní mór formheas nó ceadúnas a bheith deonaithe ina leith ag an údarás inniúil agus go gcomhlíonann sí ar a laghad na ceanglais atá leagtha síos sa chuid ábhartha den Chaibidil maidir le confadh i Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe.

2.           Ní mór do vacsaíniú frithchonfaidh na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

(a)     tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil a thug an vacsaín;

(b)     tá an dáta a riaradh an vacsaín sonraithe ag tréidlia arna údarú ag an údarás inniúil sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) nó Airteagal 26(1);

(c)     ní thiteann an dáta sin dá dtagraítear i bpointe (b) roimh an dáta ar a ndearnadh an micrishliseadh nó an tatú agus a thaispeántar sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) nó Airteagal 26(1);

(d)     tá tréimhse bailíochta an vacsaínithe sonraithe ag an tréidlia údaraithe sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) nó Airteagal 26(1).

Tosaíonn an tréimhse sin le bunú imdhíonachta cosantaí, nach mbeidh níos lú ná 21 lá ón bprótacal um vacsaíniú a chur i gcrích, ar prótacal é a éilíonn an monaróir le haghaidh an vacsaínithe phríomha, agus maireann sí go dtí deireadh thréimhse na himdhíonachta cosantaí, mar a fhorordaítear i sonraíocht theicniúil an údaraithe margaíochta dá dtagraítear i bpointe 1(b) nó san fhormheas nó sa chead dá dtagraítear i bpointe 1(c) le haghaidh na vacsaíne frithchonfaidh sa Bhallstát nó sa tríú tír nó críoch ina riartar an vacsaín;

(e)     ní mór a mheas gurb ionann athvacsaíniú agus vacsainiú príomha más rud é nach ndéantar é laistigh de thréimhse bailíochta an vacsaínithe roimhe sin dá dtagraítear i bpointe (d).'

IARSCRÍBHINN V

Ceanglais bhailíochta le haghaidh na tástála toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh

1.           Ní mór do thréidlia arna údarú ag an údarás inniúil an sampla fola is gá chun an tástáil chonfaidh toirtmheasctha antasubstaintí a dhéanamh a bhailiú agus ní mór dó é sin a dhoiciméadú sa roinn iomchuí den doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) nó Airteagal 26(1);

2.           Maidir leis an tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh:

(a)     ní mór í a dhéanamh ar shampla a bailíodh ar a laghad 30 lá tar éis dháta an vacsaínithe agus

(i)      tráth nach lú ná trí mhí roimhe seo a leanas:

– dáta na gluaiseachta neamhthráchtála ó thríú tír nó críoch seachas na cinn atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13, nó

– dáta an idirthurais tríd an tríú tír nó críoch sin, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 12(b);

          nó

(ii)      sular fhág an peata an tAontas chun gluaiseacht chuig tríú tír nó críoch nó chun idirthuras a dhéanamh trí thríú tír nó críoch seachas na cinn atá liostaithe sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 13; ní mór don doiciméad sainaitheantais san fhormáid dá bhforáiltear in Airteagal 22(1) a dhaingniú go ndearnadh tástáil toirtmheasctha antasubstainte i gcoinne confaidh agus go raibh toradh fabhrach uirthi roimh dháta na gluaiseachta;

(b)     ní mór di leibhéal antasubstaintí séirim chun an víreas confaidh a neodrú a thomhas, ar leibhéal é atá cothrom le 0.5 IU/ml nó níos mó ná sin agus modh a úsáid a fhorordaítear sa chuid ábhartha den Chaibidil maidir le confadh i Lámhleabhar na dTástálacha Diagnóiseacha agus na Vacsaíní le haghaidh Ainmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe;

(c)     ní mór í a dhéanamh i saotharlann atá formheasta i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh 2000/258/CE;

(d)     ní mór gan í a athnuachan tar éis toraidh mhaith a bhfuil cur síos air i bpointe (b) den Iarscríbhinn seo, ar choinníoll go ndéantar an t‑ainmhí a athvacsaíniú i gcomhréir le pointe 2(e) d'Iarscríbhinn IV.

IARSCRÍBHINN VI

Tábla comhghaoil

[dá dtagraítear in Airteagal 45(2)]

Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 1

An chéad mhír d'Airteagal 2 || Airteagal 2(1)

An dara mír d'Airteagal 2 || Airteagal 2(2)(a)

An tríú mír d'Airteagal 2 || Airteagal 2(2)(b)

Airteagal 3(a) || Airteagal 3(b)

Airteagal 3(b) || Airteagal 3(e)

Airteagal 3(c) || Airteagal 3(a)

Abairt tosaigh den chéad fhomhír d'Airteagal 4(1) || ---

Pointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 4(1) || An chéad fhomhír d'Airteagal 16(1)

An dara fomhír d'Airteagal 4(1) || An dara fomhír d'Airteagal 16(1)

Airteagal 4(2) || Airteagal 21(1)(b)

Airteagal 4(3) || ---

Airteagal 4(4) || ---

Airteagal 5(1)(a) || Airteagal 5(a)

Abairt tosaigh d'Airteagal 5(1)(b) || Airteagal 5(d)

Airteagal 5(1)(b)(i) || Airteagal 5(b)

Airteagal 5(1)(b)(ii) || Airteagal 5(c)

An dara fomhír d'Airteagal 5(1) || Airteagal 18

Airteagal 5(2) || Airteagal 6

Airteagal 6 || ---

Airteagal 7 || Airteagal 9 agus Airteagal 14, Airteagal 30(1) agus Airteagal 40

Airteagal 8(1)(a)(i) || Airteagal 10 agus Airteagal 12

Airteagal 8(1)(a)(ii) || ---

Airteagal 8(1)(b)(i) || Airteagal 10

Airteagal 8(1)(b)(ii) || ---

Airteagal 8(2) || Airteagal 10(e) agus Airteagal 27

Airteagal 8(3)(a) || Airteagal 13(1)

Airteagal 8(3)(b) || Airteagal 15

Airteagal 8(3)(c) || Airteagal 11

Airteagal 8(4) || Airteagal 26(1)

Airteagal 9 || Airteagal 14 agus Airteagal 33(1)

Airteagal 10 || Airteagal 13(2) agus (3)

An chéad abairt d'Airteagal 11 || Airteagal 39(1)

An dara habairt d'Airteagal 11 || Airteagal 36(3)(a)

An chéad fhomhír d'Airteagal 12 || Airteagal 36(1)

An dara fomhír d'Airteagal 12 || Airteagal 36(4)

Airteagal 13 || Airteagal 36(3) agus Airteagal 39(1)(d)

An chéad mhír d'Airteagal 14 || Airteagal 35(2) agus Airteagal 36(2)

An dara mír d'Airteagal 14 || An dara fomhír d'Airteagal 16(1)

An tríú mír d'Airteagal 14 || Airteagal 37(1)

An ceathrú mír d'Airteagal 14 || Airteagal 37(2)

Airteagal 15 || Mír 2(c) d'Iarscríbhinn V

Airteagal 16 || ---

An chéad mhír d'Airteagal 17 || ---

An dara mír d'Airteagal 17 || Airteagal 22(1)

An chéad mhír d'Airteagal 18 || ---

An dara mír d'Airteagal 18 || Airteagal 38

Airteagal 19 || Airteagal 13 agus Airteagal 40 agus Airteagal 43(2)

Airteagal 19a(1) agus (2) || Airteagal 40(1)

Airteagal 19a(3) || ---

Airteagal 19b(1) || Airteagal 41(1) agus (2)

Airteagal 19b(2) || Airteagal 41(4)

Airteagal 19b(3) || ---

Airteagal 19c(1) agus (3) || Airteagal 41(3)

Airteagal 19c(2) || ---

Airteagal 19d(1) agus Airteagal 19d(2) || Airteagal 41(5)

Airteagal 19d(3) || ---

Airteagail 20 go 23 || ---

Airteagal 24(1), (2) agus (3) || Airteagal 43(1), (2) agus (3)

Airteagal 24(4) agus (5) || ---

Airteagal 25 || Airteagal 47

Iarscríbhinn I || Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn Ia || Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn Ib || Iarscríbhinn IV

Cuid A agus Roinn 1 de Chuid B d'Iarscríbhinn II || Iarscríbhinn II

Roinn 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn II || [Airteagal 13(1)]

Cuid C d'Iarscríbhinn II || [Airteagal 13(2)]

--- || Airteagal 3(c),(d),(f) agus (g)

--- || Airteagal 4

--- || Airteagal 7

--- || Airteagal 8

--- || Airteagal 16(2)

--- || Airteagal 17

--- || Airteagal 19

--- || Airteagal 20

--- || Airteagal 21(1)(a) agus (c) go (f) agus Airteagal 21(2)

--- || Airteagal 22(2)

--- || Airteagal 23

--- || Airteagal 24

--- || Airteagal 25(1)(a) agus (c) go (f) agus Airteagal 25(2)

--- || Airteagal 26(2)

--- || Airteagal 27

--- || Airteagal 28

--- || Airteagal 29

--- || Airteagal 24

--- || Airteagal 25

--- || Airteagal 26

--- || Airteagal 27

--- || Airteagal 28

--- || Airteagal 29

--- || Airteagal 30(2)

--- || Airteagal 31

--- || Airteagal 32

--- || Airteagal 33(2)

--- || Airteagal 34

--- || Airteagal 35

--- || Airteagal 39(1) (a), (b), (c), agus (e) agus Airteagal 39(2)

--- || Airteagal 42

--- || Airteagal 44

--- || Airteagal 45

--- || Airteagal 46

--- || Iarscríbhinn V

--- || Iarscríbhinn VI

[1]               IO L 146, 13.6.2003, lch. 1.

[2]               IO L 87, 31.3.2009, lch. 109.

[3]               IO L 132, 29.5.2010, lch. 3.

[4]               IO L 268, 14.9.1992, lch. 54.

[5]               IO C […], […], lch. […].

[6]               IO C […], […], lch. […].

[7]               IO L 146, 13.6.2003, lch. 1.

[8]               IO L 132, 29.5.2010, lch. 3.

[9]               IO L 268, 14.9.1992, lch. 54.

[10]             IO L 328, 24.11.2006, lch. 14.

[11]             IO L 343, 22.12.2009, lch. 74.

[12]             IO L 61, 3. 3.1997, lch. 1.

[13]             IO L 68, 15. 3.1973, lch. 1.

[14]             IO L 311, 28.11.2001, lch. 1.

[15]             IO L 136, 30.4.2004, lch. 1.

[16]             IO L 79, 30.3.2000, lch. 40.

[17]             IO L 224, 18. 8.1990, lch. 29.

[18]             IO L 268, 24. 9.1991, lch. 56.

[19]             IO L 165, 30.4.2004, lch. 1.

[20]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[21]             IO L 312, 27.11.2003, lch. 1.

[22]             IO L 343, 23.12.2011, lch. 65.