52012PC0041

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad /* COM/2012/041 final - 2012/0019 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

An 28 Iúil 2011, rinne Comhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc agus an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre a ghlacadh mar a modhnaíodh iad leis an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc sa chás 'Na Comhphobail Eorpacha – bearta cinntitheacha frithdhumpála maidir le ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach ón tSín'[1] (‘Tuarascálacha’).

Sna tuarascálacha sin thángthas ar an gcinneadh, inter alia, nach raibh Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad ('an Rialachán Frithdhumpála bunúsach')[2] i gcomhréir le hAirteagail 6.10, 9.2 agus 18.4 de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála ná le hAirteagal XVI:4 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála. In Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach, déantar foráil go mbeidh táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair i dtíortha a bhfuil geilleagar neamh‑mhargaidh iontu nach bhfaigheann láimhseáil gheilleagair mhargaidh de bhun Airteagal 2(7)(c) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach faoi réir ráta dleachta ar bhonn náisiúnta murar féidir leis na honnmhaireoirí sin a thaispeáint go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le láimhseáil indibhidiúil a leagtar amach in Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach (‘cinneadh an Chomhlachta um Réiteach Díospóide ar Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach’).

An 18 Lúnasa 2011, thug an tAontas Eorpach fógra don Chomhlacht um Réiteach Díospóide inar thug sé le fios go bhfuil rún aige moltaí agus rialuithe an Chomhlachta um Réiteach Díospóide a chur chun feidhme sa díospóid seo ar shlí a urramaíonn a chuid oibleagáidí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

An 19 Eanáir 2012, tháinig an tAontas Eorpach agus an tSín ar chomhaontú gur 14 mhí agus dhá sheachtain ón dáta a ghlac an Comhlacht um Réiteach Díospóide na Tuarascálacha a bheadh réasúnta chun moltaí agus rialuithe an Chomhlachta um Réiteach Díospóide a chur chun feidhme. Rachaidh an tréimhse réasúnta in éag, dá bhrí sin, an 12 Deireadh Fómhair 2012.

Is é an cuspóir leis an togra reachtach seo moltaí agus rialuithe an Chomhlachta um Réiteach Díospóide ar Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach a chur chun feidhme.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Neamhbhainteach.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

· Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí leis an togra seo, agus is i gcomhréir leis an mbunús dlí sin a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta lena sainítear an creat chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

Leasaítear leis an togra Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle, is é sin an Rialachán Frithdhumpála bunúsach, a bunaíodh ar an bhforáil choibhéiseach sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, i.e. Airteagal 133.

· Prionsabal na coimhdeachta

De bhun Airteagal 3(1)(e) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

· Rogha ionstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Neamhbhainteach.

5.           EILIMINTÍ ROGHNACHA

Neamhbhainteach.

2012/0019 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a dhéanamh tar éis do Chomhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála tuarascáil a ghlacadh maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith‑fhóirdheontais,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) An 28 Iúil 2011, rinne Comhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc agus an Tuarascáil ón nGrúpa Oibre a ghlacadh mar a modhnaíodh iad leis an Tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc sa chás 'Na Comhphobail Eorpacha – bearta cinntitheacha frithdhumpála maidir le ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach ón tSín'[3] (‘Tuarascálacha’).

(2) Sna tuarascálacha sin thángthas ar an gcinneadh, inter alia, nach raibh Airteagal 9(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[4] ('an Rialachán Frithdhumpála bunúsach') i gcomhréir le hAirteagail 6.10, 9.2 agus 18.4 de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála ná le hAirteagal XVI:4 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ('Cinneadh ó Chomhlacht um Réiteach Díospóide na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Airteagal 9(5) den Rialachán bunúsach'). In Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach, déantar foráil go mbeidh táirgeoirí onnmhairiúcháin aonair i dtíortha a bhfuil geilleagar neamh‑mhargaidh iontu nach bhfaigheann láimhseáil gheilleagair mhargaidh de bhun Airteagal 2(7)(c) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach faoi réir ráta dleachta ar bhonn náisiúnta murar féidir leis na honnmhaireoirí sin a thaispeáint go gcomhlíonann siad na coinníollacha maidir le láimhseáil indibhidiúil a leagtar amach in Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach.

(3) Chinn an Comhlacht Achomhairc go raibh Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach ina bhunús le toimhde nach bhfuil táirgeoirí onnmhairiúcháin a oibríonn i dtíortha a bhfuil geilleagar neamh‑mhargaidh iontu i dteideal láimhseála indibhidiúla ach, le go gcáileoidh siad don láimhseáil sin, tá dualgas orthu a thaispeáint go gcomhlíonann siad critéir na tástála ar láimhseáil indibhidiúil. Is é tuairim an Chomhlachta Achomhairc nach bhfuil aon bhunús dlíthiúil ann leis an toimhde sin i gcomhaontuithe cumhdaithe na hEagraíochta Domhanda Trádála.

(4) Mar sin féin, thug an Comhlacht Achomhairc soiléiriú go gcinnfí an bhfuil corrlach dumpála amháin agus dleacht frithdhumpála amháin le haghaidh líon onnmhaireoirí i gcomhréir nó nach bhfuil le hAirteagal 6.10 agus Airteagal 9.2 de Chomhaontú Frithdhumpála na hEagraíochta Domhanda Trádála ag brath ar roinnt cásanna a bheith ann lena dtabharfaí le tuiscint, cé go bhfuil siad leithleach go dlíthiúil, go bhfuil dhá onnmhaireoir nó níos mó i gcaidreamh de chineál gur cheart iad a láimhseáil mar eintiteas amháin. Ar na cásanna sin tá: (i) naisc struchtúracha agus chorparáideacha a bheith ann idir na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; (ii) naisc struchtúracha agus chorparáideacha a bheith ann idir an Stát agus na honnmhaireoirí, amhail comhrialú, scairsheilbh choiteann agus comhbhainistíocht; agus (iii) rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát maidir le praghsáil agus aschur. A mhéid a bhaineann leis sin, ba cheart na téarmaí sna leasuithe atá beartaithe a léiríonn na cásanna sin a chur i bhfeidhm i bhfianaise shoiléirithe an Chomhlachta Achomhairc gan dochar do théarmaí a úsáideann an fhoclaíocht chéanna nó foclaíocht dá samhail i bhforálacha eile den Rialachán Frithdhumpála bunúsach.

(5) An 18 Lúnasa 2011, thug an tAontas Eorpach fógra don Chomhlacht um Réiteach Díospóide inar thug sé le fios go bhfuil rún aige moltaí agus rialuithe an Chomhlachta um Réiteach Díospóide a chur chun feidhme sa díospóid seo ar shlí a urramaíonn a chuid oibleagáidí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(6) Chun na críche sin, is gá forálacha Airteagal 9(5) den Rialachán Frithdhumpála bunúsach a leasú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 leis seo mar a leanas:

1. Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 9(5):

"5. Déanfar dleacht frithdhumpála a fhorchur, sna méideanna iomchuí i ngach cás, ar bhonn neamh‑idirdhealaitheach ar allmhairí táirgí ó na foinsí uile a suíodh gur dumpáladh iad agus go bhfuil siad ag déanamh díobhála, ach amháin allmhairí ó na foinsí sin a ghlac le gealltanais faoi théarmaí an Rialacháin seo.

Sa Rialachán lena bhforchuirtear na bearta frithdhumpála, sonrófar an dleacht le haghaidh gach soláthraí nó, murar féidir sin a dhéanamh, le haghaidh na tíre soláthair lena mbaineann. Mar sin féin, féadfar a mheas gur eintiteas amháin ar mhaithe leis an dleacht a shonrú atá i soláthraithe atá leithleach go dlíthiúil ó sholáthraithe eile nó atá leithleach go dlíthiúil ón Stát. Maidir le cur i bhfeidhm na míre seo, féadfar fachtóirí ar nós na bhfachtóirí seo a leanas a chur san áireamh: naisc stuchtúracha nó chorparáideacha a bheith ann idir na soláthraithe agus an Stát nó idir soláthraithe, rialú nó tionchar ábhartha ag an Stát maidir le praghsáil agus aschur, nó struchtúr eacnamaíoch na tíre soláthair.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […]ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir leis na himscrúduithe ar fad a cuireadh tús leo de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, AB-2011-2,      WT/DS397/AB/R, an 15 Iúil 2011. An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tuarascáil ón nGrúpa Oibre, WT/DS397/R, an 29 Meán Fómhair 2010. Is féidir na tuarascálacha a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na hEagraíochta Domhanda Trádála (http://www.wto.org/english/tratop_e/dispu_e/cases_e/ds397_e.htm).

[2]               IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.

[3]               An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tuarascáil ón gComhlacht Achomhairc, AB-2011-2,      WT/DS397/AB/R, an 15 Iúil 2011. An Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tuarascáil ón nGrúpa Oibre, WT/DS397/R, an 29 Meán Fómhair 2010. Is féidir na tuarascálacha a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na hEagraíochta Domhanda Trádála (http://www.wto.org/english/tratop_e/dispu_e/cases_e/ds397_e.htm).

[4]               IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.