52012DC0154

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA Lena dtugtar cothrom le dáta láimhseáil an chaidrimh leis an ngearánach i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais /* COM/2012/0154 final */


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

Lena dtugtar cothrom le dáta láimhseáil an chaidrimh leis an ngearánach i ndáil le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais

RÉAMHRÁ

Is í urraim ar an smacht reachta is fotha leis an Aontas Eorpach. Agus is ar chur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais sna Ballstáit a bhraitheann cibé rath a bheidh ar an Aontas Eorpach i dtaobh an iliomad spriocanna atá leagtha amach dó sna Conarthaí a bhaint amach. Is é an Coimisiún caomhnóir na gConarthaí, agus sa cháil sin dó aithníonn sé an ról sár‑riachtanach atá ag an ngearánach chun cuidiú leis an gCoimisiún sáruithe ar dhlí an Aontais a bhrath. In 2002 leag an Coimisiún amach na nósanna imeachta lena rialaítear a chaidreamh le gearánaigh i ndáil le sárú ar dhlí an Aontais[1]. Ó shin i leith, tá feabhsú agus méadú déanta ag an gCoimisiún ar na modhanna a úsáideann sé chun comhfhreagras ó ghearánaigh maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais sna Ballstáit a chlárú agus a láimhseáil. Chun na hathruithe sin a léiriú, tá sé cinntithe ag an gCoimisiún a Theachtaireacht ó 2002 a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta.

A bhuí le huirlis teicneolaíochta faisnéise nua a cuireadh ar bun i Meán Fómhair 2009 agus ar a dtugtar CHAP ("Complaint handling/Accueil des plaignants"), féadann an Coimisiún freastal ar bhealach níos dírí ar leasanna na saoránach, an lucht gnó agus na sochaí sibhialta. Déantar gach gearán a chlárú san fheidhmchlár sin. Cuirtear admháil fála amach laistigh de chúig lá oibre dhéag ón tráth a fhaightear an gearán, agus tugtar le fios ann gur cláraíodh an comhfhreagras mar ghearán. Roimhe seo, ní chláraítí comhfhreagras ach tar éis measúnú ar a raibh ann. Braitheann an obair leantach a dhéantar ar an ngearán i gcónaí ar chineál na saincheisteanna atá ardaithe, ar na forais ar a bhfuil sé bunaithe, ar an tionchar is dealraitheach a bheidh aige, agus ar na tosaíochtaí atá leagtha síos ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht dar teideal "Eoraip na dtorthaí - Dlí an Chomhphobail a chur i bhfeidhm" [COM(2007)502 final].

Le teacht i bhfeidhm an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) is gá téarmaí áirithe sa Teachtaireacht a thabhairt chun dáta toisc gur modhnaíodh sa Chonradh iad. Is gá freisin soiléiriú a dhéanamh i dtaobh difríochtaí idir na leaganacha teanga den Teachtaireacht an bhí ann roimhe seo[2].

Tá an Coimisiún ag leagadh amach sa Teachtaireacht seo na bearta riaracháin chun leasa an ghearánaigh atá sé a ghlacadh ar láimh a chomhlíonadh agus an gearán á láimhseáil aige agus measúnú á dhéanamh aige ar na sáruithe líomhnaithe atá i gceist.

Leis na bearta seo chun leasa an ghearánaigh ar ábhar na Teachtaireachta seo iad, ní athraítear cineál déthaobhach an nós imeachta um shárú atá leagtha síos in Airteagal 258 agus in Airteagal 260 den CFAE agus in Airteagal 106a de Chonradh EURATOM. Ina thaobh sin, ní mór don Choimisiún a thabhairt ar aird go bhfuil, i gcomhréir le cásdlí bunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cumhacht lánroghnach aige a chinneadh cibé acu an dtosófar nó nach dtosófar imeachtaí um shárú[3] agus cathain a thosófar iad[4] agus cibé acu an dtarchuirfear nó nach dtarchuirfear cás chuig an gCúirt agus cathain a dhéanfar sin[5]. Thairis sin, tá lánrogha ag an gCoimisiún lena n‑eisiatar an ceart ag daoine aonair ceangal a chur air seasamh sonrach a ghlacadh[6].

Faoi mar a rinne an Chúirt a chur in iúl, i gcás damáiste arb iad institiúidí náisiúnta is cúis leis ní fhágtar dliteanas ach ar na hinstitiúidí sin, agus is ag na cúirteanna náisiúnta amháin atá an dlínse cúiteamh a ordú ar dhamáiste den sórt sin[7]. Is iomchuí sa chomhthéacs sin go n‑aibhseofaí tábhacht na modhanna sásaimh atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta, ar modhanna iad a chuireann ar chumas na ngearánach a gcearta a éileamh ar bhealach níos dírí agus níos pearsanta, agus go neartófaí na modhanna sin freisin más féidir[8].

Sa deireadh thiar, i réimse na n‑imeachtaí um shárú, cuireann an Coimisiún na rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid i bhfeidhm atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[9], faoi mar atá siad curtha chun feidhme leis na forálacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/937/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2001 lena leasaítear a rialacha nós imeachta[10] agus arna léiriú ag an gCúirt[11].

1. Sainmhínithe agus raon feidhme

Ciallóidh "gearán" aon aighneacht scríofa a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin ina gcuirfear in iúl bearta, easpa birt nó cleachtais de chuid Ballstáit atá contrártha le dlí an Aontais.

Ciallóidh "gearánach" aon duine nó comhlacht a chuirfidh gearán faoi bhráid an Choimisiúin.

Ciallóidh "imeachtaí um shárú" an chéim ríomh dhlíthíocht de na nósanna imeachta maidir le neamhchomhlíonadh arna dtaisceadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom).

Beidh feidhm ag an gcur chuige a bhfuil tuairisc air anseo maidir le caidreamh idir gearánaigh agus an Coimisiún i dtaobh beart nó cleachtas a d'fhéadfadh bheith faoi raon feidhme Airteagal 258 den CFAE. Ní bheidh feidhm aige maidir le forálacha eile den Chonradh, go háirithe gearáin maidir le státchabhair atá cumhdaithe ag Airteagal 107 agus Airteagal 108 den CFAE agus ag Rialachán (CE) Uimh. 659/1999 ón gComhairle[12].

2. Prionsabail ghinearálta

Féadfaidh aon duine gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún saor in aisce i gcoinne Ballstáit maidir le haon bheart (dlí, rialachán nó gníomh riaracháin), easpa birt nó cleachtais de chuid Ballstáit a mheasann siad a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais.

Níl ar ghearánaigh aon leas foirmiúil a léiriú in imeachtaí a thionscnamh; ná níl orthu a chruthú go bhfuil siad bainteach go príomha ná go díreach leis an mbeart, leis an easpa birt nó leis an gcleachtas a bhfuiltear ag déanamh gearán faoi.

Faoi réir na n‑eisceachtaí atá leagtha síos faoi phointe 3, cláróidh an Coimisiún an comhfhreagras mar ghearán de réir mar a léiríonn an t‑údar sa chomhfhreagras.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cibé acu ar cheart nó nár cheart tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh maidir leis an ngearán.

3. Gearáin a thaifeadadh

Aon ghearán maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag Ballstát, déanfar é a thaifeadadh san fheidhmchlár lárnach i gcomhair clárú gearán maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag Ballstát (dá ngairtear "an feidhmchlár" anseo feasta).

Ní bheidh comhfhreagras in‑imscrúdaithe ag an gCoimisiún mar ghearán, agus dá bhrí sin ní dhéanfar é a thaifeadadh san fheidhmchlár, sna cásanna seo a leanas:

–          má tá sé gan ainm, mura bhfuil seoladh an seoltóra air nó má tá an seoladh neamhiomlán;

–          mura dtagraítear ann, go follasach ná go hintuigthe, do Bhallstát a bhfuil na bearta nó cleachtas atá contrártha le dlí an Aontais inchurtha ina leith;

–          má cháintear gníomhartha nó neamhghníomhartha duine phríobháidigh nó comhlachta phríobháidigh ann, ach amháin má léiríonn an beart nó an gearán rannpháirtíocht údarás poiblí nó má líomhnaíonn sé gur mhainnigh siad beart a dhéanamh mar fhreagairt ar na gníomhartha nó na neamhghníomhartha sin. I ngach cás, fíoróidh an Coimisiún an nochtar iompraíocht ann atá contrártha leis na rialacha iomaíochta (Airteagal 101 agus Airteagal 102 den CFAE);

–          mura bhfuil casaoid leagtha amach ann;

–          má tá casaoid leagtha amach ann maidir le hábhar a bhfuil seasamh soiléir poiblí comhsheasmhach glactha ag an gCoimisiún ina thaobh, ar seasamh é a chuirfear in iúl don ghearánach;

–          má tá casaoid leagtha amach ann ar léir nach bhfuil sí faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

4. Admháil fála

Eiseoidh an Coimisiún admháil fála i leith gach gearán laistigh de chúig lá oibre dhéag ón lá a fhaigheann sé é. San admháil sin tabharfar an uimhir chlárúcháin, agus ní mór í a lua in aon chomhfhreagras.

I gcás ina ndéanfar roinnt gearán i ndáil leis an gcasaoid chéanna, in ionad admhálacha aonair a thabhairt, féadfar admháil a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar fhreastalaí Europa an Aontais.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan an comhfhreagras a chlárú san fheidhmchlár, tabharfaidh sé fógra don údar faoi sin tríd an ngnáthphost ina leagfar amach ceann amháin nó níos mó de na cúiseanna atá liostaithe sa dara mír de phointe 3.

I gcás den sórt sin, cuirfidh an Coimisiún an gearánach ar an eolas faoi aon fhoirmeacha eile sásaimh a d'fhéadfadh a bheith ann, amhail dul ar iontaoibh na gcúirteanna náisiúnta, an Ombudsman Eorpaigh, ombudsman náisiúnta nó aon nós imeachta náisiúnta nó idirnáisiúnta eile chun gearán a dhéanamh.

5. Modhanna chun gearán a chur isteach

Chun bheith cláraithe san fheidhmchlár, ní mór gearáin a bheith curtha isteach i scríbhinn, tríd an bpost, trí fhacs nó trí ríomhphost.

Beidh siad scríofa i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Chun dlús a chur faoi phróiseáil an ghearáin, moltar an fhoirm chaighdeánach gearáin a úsáid, atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh[13] agus atá ar fáil ón gCoimisiún ach í a iarraidh nó ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, ar fhreastalaí an Aontais Eorpaigh (EUROPA) ag an seoladh seo a leanas:

http://ec.europa.eu/eu_law/your_rights/your_rights_forms_en.htm.

Tá iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfoirm ina leagtar amach na prionsabail ghinearálta a bhaineann le himeachtaí um shárú agus aibhsítear inti nach ndéanfaidh aon chinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais go bhfuil sárú ann aon difear do chearta an ghearánaigh. Iarrtar ar ghearánaigh freisin, san iarscríbhinn sin, úsáid a bhaint as na modhanna sásaimh atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta.

Féadtar gearáin scríofa maidir le cur i bhfeidhm dhlí an Aontais ag Ballstát a chur chuig Ardrúnaíocht an Choimisiúin tríd an bpost chuig an seoladh: "1049 an Bhruiséil, an Bheilg" nó trí ríomhphost chuig SG-PLAINTES@ec.europa.eu, nó féadtar iad a chur chuig ceann d'oifigí an Choimisiúin sna Ballstáit.

6. Cosaint an ghearánaigh agus sonraí pearsanta

Is faoi réir a gcomhaontaithe roimh ré a nochtfar don Bhallstát lena mbaineann céannacht na ngearánach agus an fhaisnéis a chur siad isteach, agus ní mór go gcomhlíonfar, inter alia, Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[14].

7. Cumarsáid le gearánaigh

I ndiaidh a chláraithe, féadtar gearán a scrúdú tuilleadh i gcomhair leis an mBallstát lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún an gearánach ar an eolas faoi sin i scríbhinn.

Má thionscnaítear imeachtaí um shárú ina dhiaidh sin ar bhonn gearáin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na gearánaigh agus cuirfidh sé ar an eolas iad i scríbhinn maidir le gach céim den nós imeachta (fógra foirmiúil, tuairim réasúnaithe, tarchur chuig an gCúirt nó dúnadh an cháis).

I gcás ina ndéanfar roinnt gearán i ndáil leis an gcasaoid chéanna, in ionad litreacha aonair, féadfar an t‑eolas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar fhreastalaí Europa an Aontais Eorpaigh.

Ag pointe ar bith i rith an nós imeachta féadfaidh gearánaigh iarraidh forais a ngearáin a mhíniú nó a shoiléiriú don Choimisiún, ar an láthair agus ar a gcostas féin.

8. Teorainn ama chun gearáin a imscrúdú

Mar riail ghinearálta, imscrúdóidh an Coimisiún gearáin d'fhonn teacht ar chinneadh fógra foirmiúil a eisiúint nó an cás a dhúnadh laistigh de bhliain amháin ar a mhéad ó dháta cláraithe an ghearáin.

I gcás ina sárófar an teorainn ama sin, cuirfidh an Coimisiún é sin in iúl don ghearánach i scríbhinn arna iarraidh sin dó.

9. Toradh imscrúdú na ngearán

Tar éis dó an gearán a imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún fógra foirmiúil a eisiúint chun imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Bhallstáit lena mbaineann, nó féadfaidh sé an cás a dhúnadh go críochnaitheach.

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den lánrogha atá aige maidir le nós imeachta um shárú a thionscnamh nó a fhoirceannadh.

Cuirfear na gearánaigh ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún maidir lena ngearán agus faoi aon chinntí ón gCoimisiún ina dhiaidh sin i dtaobh an ábhair.

I gcás ina ndéanfar roinnt gearán i ndáil leis an gcasaoid chéanna, in ionad litreacha aonair, féadfar an t‑eolas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar fhreastalaí Europa an Aontais Eorpaigh.

10. An cás a dhúnadh

Ach amháin má tá imthosca eisceachtúla ann a éilíonn bearta práinneacha, i gcás ina mbeartófar nach ndéanfar tuilleadh gníomhaíochta maidir le gearán, cuirfidh an Coimisiún an gearánach ar an eolas faoi sin roimh ré i litir ina leagfar amach na forais ar a bhfuil sé ag beartú an cás a dhúnadh agus ina n‑iarrfar ar an ngearánach aon bharúlacha a chur isteach laistigh de thréimse ceithre seachtaine.

I gcás ina ndéanfar roinnt gearán i ndáil leis an gcasaoid chéanna, in ionad litreacha aonair, féadfar an t‑eolas a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar fhreastalaí Europa an Aontais Eorpaigh.

Sa chás nach bhfreagróidh an gearánach, nó sa chás nach bhféadfar dul i dteagmháil leis nó léi de dheasca cúiseanna arb é nó í féin atá freagrach astu, nó sa chás nach gcuirfidh barúlacha an ghearánaigh ina luí ar an gCoimisiún a sheasamh a athbhreithniú, dúnfar an cás.

I gcás ina gcuirfidh barúlacha an ghearánaigh ina luí ar an gCoimisiún a sheasamh a athbhreithniú, leanfar den ghearán a imscrúdú.

Cuirfear an gearánach ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh atá déanta ag an gCoimisiún an cás a dhúnadh.

11. Cinntí um shárú a phoibliú

Déantar cinntí ón gCoimisiún maidir le cásanna sáraithe a fhoilsiú laistigh de sheachtain amháin óna nglacadh ar shuíomh idirlín na hArdrúnaíochta ag an seoladh seo:   

http://ec.europa.eu/eu_law/infringements/infringements_decisions_en.htm

Aon chinntí tuairim réasúnaithe a chur chuig Ballstát nó cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais, déanfar iad a phoibliú trí bhíthin preaseisiúna, ach amháin má chinneann an Coimisiún a mhalairt.

12. Rochtain ar dhoiciméid maidir le cásanna sáraithe

Tá rochtain ar dhoiciméid maidir le cásanna sáraithe faoi rialú Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, arna chur chun feidhme leis na forálacha atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/937/CE, CEGC, Euraom, ón gCoimisiún[15].

13. Gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach

I gcás ina measfaidh gearánach go bhfuil an Coimisiún, agus an gearán á láimhseáil aige, ciontach as drochriarachán toisc gur mhainnigh sé aon de na bearta thuasluaite a ghlacadh, féadfaidh an gearánach an t‑ábhar a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman Eorpach faoi Airteagal 24 agus Airteagal 228 den CFAE.

[1]               COM(2002)141 final, 20.3.2002.

[2]               Sa téacs leasaithe, tá "in such cases" curtha in ionad "where necessary" i bpointe 4, ar mhí‑aistriúchán ar "le cas échéant" sa leagan EN é. Níor aistríodh na focail "upon his request" i bpointe 8 sna leaganacha EN agus SE, agus táthar á gcur ar ais sa téacs anois.

[3]               Féach go háirithe: breithiúnas an 6 Nollaig 1989 i gCás C‑329/88, an Coimisiún v an Ghréig [1989] ECR 4159; breithiúnas an 27 Samhain 1990 i gCás C‑200/88, an Coimisiún v an Ghréig [1990] ECR I 4299; breithiúnas an 21 Eanáir 1999 i gCás C‑207/97, an Coimisiún v an Bheilg [1999] ECR I 275; breithiúnas an 25 Samhain 1999 i gCás C 212/98, an Coimisiún v Éire [1999] ECR I 8571; breithiúnas an 6 Iúil 2000 i gCás C‑236/99, an Coimisiún v Ríocht na Beilge [2000] ECR I‑05657; breithiúnas an 14 Bealtaine 2002 i gCás C‑383/00, an Coimisiún v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine [2002] ECR I 04219.

[4]               Féach breithiúnas an 1 Meitheamh 1994 i gCás C‑317/92, an Coimisiún v an Ghearmáin [1994] ECR I 2039; breithiúnas an 10 Bealtaine 1995 i gCás C‑422/92, an Coimisiún v an Ghearmáin [1995] ECR I 1097.

[5]               Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2009 i gCás C‑562/07, an Coimisiún v an Spáinn [2009] ECR I ‑9553.

[6]               Féach breithiúnas an 14 Meán Fómhair 1995 i gCás T‑571/93; Lefebvre agus eile v an Coimisiún [1995] ECR II 2379.

[7]               Féach breithiúnas an 26 Feabhra 1986 i gCás 175/84, Krohn & Co. Import – Export Gmbh & Co. KG v an Coimisiún [1986] ECR 753.

[8]               Féach freisin moltaí eile sa chomhthéacs seo sa Teachtaireacht dar teideal "Feabhas a chur ar sholáthar sochar ó bhearta comhshaoil an AE: muinín a thógáil trí eolas agus sofhreagracht níos fearr," [COM(2012)95 final] an 7.3.2012

[9]               IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

[10]             IO L 345, 29.12.2001, lch. 94.

[11]             Féach maidir leis sin: breithiúnas an 5 Márta 1997 i gCás T‑105/95, an Coimisiún v WWF UK,[1997] ECR II–313; breithiúnas an 11 Nollaig 2001 i gCás T‑191/99, an Coimisiún v Petrie agus eile,[2001] ECR II‑3677; breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2010, an tSualainn agus eile / API agus an Coimisiún (C‑514/07 P, C‑528/07 P agus C‑532/07 P).

[12]             IO L 83, 27.3.1999, lch. 1.

[13]             IO C 119, 30.4.1999, lch. 5.

[14]             IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[15]             IO L 345, 29.12.2001, lch. 94.