16.1.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


TUAIRIM Uimh. 9/2012

maidir le togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh arna gcumhdach ag an gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle — (COM(2012) 496 final — 2011/0276 (COD))

(de bhun an dara fomhír d’Airteagal 287(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)

2013/C 13/01

CLÁR NA nÁBHAR

 

Mír

Leathanach

Réamhrá…

1 – 2

2

Barúlacha Ginearálta…

3 – 6

2

TÁ CÚIRT INIÚCHÓIRÍ AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 17 de agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 174 go 178, 287(4), an dara fomhír, 317, 318 agus 322 de;

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle (1);

Ag féachaint don iarraidh ón bParlaimint ar thuairim, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Samhain 2012;

Ag féachaint don togra le haghaidh Rialacháin leasaithe arna thíolacadh ag an gCoimisiún (2);

Ag féachaint dá Tuairim Uimh. 1/2010 “Bainistiú airgeadais bhuiséad an Aontais Eorpaigh a fheabhsú: Rioscaí agus Dúshláin” (3) agus a Tuairim Uimh. 7/2011 maidir leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, maidir leis an gCiste Comhtháthaithe, maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh atá cumhdaithe faoin gComhchreat Straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 (4);

De bhrí, de bhun Airteagal 5 CAE, go ngníomhaíonn an tAontas i réimsí nach dtagann faoina inniúlacht eisiach ach amháin sa chás inar féidir agus a mhéid gur féidir cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú, de bharr fairsinge nó éifeachtaí, a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais;

De bhrí, de réir Airteagal 174 CFAE, d’fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, go ndéanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú;

Dé bhrí go ndéanfaidh an Coimisiún na cláir bhuiséadacha agus bhainistíochta (Airteagal 17(1) CAE) a fheidhmiú, go ndéanfaidh sé an buiséad a chur i ngníomh i gcomhar leis na Ballstáit ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais agus go gcomhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais (Airteagal 317 CFAE),

TAR ÉIS AN TUAIRIM SEO A LEANAS A GHLACADH:

RÉAMHRÁ

1.

Is é glacadh an Chomhchreata Straitéisigh (CS) is mó is ábhar den togra leasaithe ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le CFRE, CSE, CC, CETFT, agus CEMI agus forálacha ginearálta maidir le cistí beartais comhtháthaithe.

2.

Cé go bhfuil an tuairim seo teoranta don togra leasaithe ón gCoimisiún, ba mhian leis an gCúirt tagairt a dhéanamh go ginearálta dá Tuairim Uimh. 7/2011.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

3.

Modhnaíonn an togra leasaithe ón gCoimisiún raon feidhme CS agus deighleann sé a eilimintí idir iarscríbhinn nua (Iarscríbhinn I) a ghabhfaidh leis an Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna agus gníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Is baolach go gcuirfidh sé seo tuilleadh le castacht an bheartais.

4.

Is léir don Chúirt gurb í aidhm CS i gcónaí treoir shoiléir straitéiseach a thabhairt don phróiseas clárúcháin ar leibhéal na mBallstát agus na réigiún (féach Aithris 14 agus Airteagal 2(2) agus Airteagal 10 den togra leasaithe). Murab ionann áfach agus an togra bunaidh ón gCoimisiún, ní dhéanfaidh an CS a thuilleadh, spriocanna an Aontais a thiontú ina ngníomhaíochtaí lárnacha le haghaidh na gCistí. Ina ionad sin, dhéanfadh an reachtóir an cúram a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le bunú, le haghaidh gach cuspóra théamaigh, gníomhaireachtaí táscacha ag a bhfuil breisluach ard Eorpach agus prionsabail chomhfhreagracha maidir le seachadadh agus tosaíochtaí don chomhar (féach Airteagal 11 agus Airteagal 12 den togra leasaithe). I gcomhréir lena tuairim roimhe seo (féach mír 8 de Thuairim Uimh. 7/2011), breithníonn an Chúirt gur eilimint lárnach agus chinntitheach é i ndáiríre do thodhchaí na scéime Comhtháthaithe. Mar thoradh air sin, ba cheart breathnú air mar eilimint shár-riachtanach de reachtaíocht an AE, agus de réir Airteagal 290 CFAE, ní féidir leis a bheith ina ábhar do tharmligean cumhachta.

5.

Ina theannta sin, ba mhaith leis an gCúirt a moladh a mheabhrú chun coincheap an bhreisluacha Eorpaigh a chur in iúl i nDearbhú polaitiúil oiriúnach nó reachtaíocht AE chun treoir a chur ar fáil d’údaráis pholaitiúla an AE a bheidh le húsáid agus tosaíochtaí caiteachais á roghnú (féach mír 18 de Thuairim Uimh. 1/2010). Tugann formheas an chreata dhlíthiúil don tréimhse 2014-20 deis chóiriúil chun é seo a dhéanamh. Feictear go bhfuil an soiléiriú sin níos tábhachtaí arís más rud é go ndearbhaítear go bhfuil sé beartaithe sainaithint na ngníomhaíochtaí ag a bhfuil breisluach ard Eorpach a tharmligean chuig an gCoimisiún. Maidir leis an méid sin, is léir don Chúirt nach bhfuil an sainmhíniú atá tugtha ag an togra leasaithe (féach Airteagal 2(4) den togra leasaithe) soiléir go leor chomh fada agus a bhaineann leis na critéir bhunaidh a cheadódh gníomhaíochtaí a roghnú a rannchuideodh, “go mór le spriocanna agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a bhaint amach agus a bheidh ina pointe tagartha in ullmhú na gclár”.

6.

Thairis sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ba cheart gníomhaíochtaí uile AE a cheapadh agus í mar aidhm acu breisluach AE a sholáthar. Feictear go bhfuil an tagairt do liosta “táscach” gníomhaíochtaí (Airteagal 12 den togra leasaithe) á rá nach bhfuil sa cheanglas maidir leis an mbreisluach AE a sholáthar ach rogha.

Ghlac an Chúirt Iniúchóirí an Tuairim seo i Lucsamburg ag a cruinniú an 13 Nollaig 2012.

Don Chúirt Iniúchóirí

Vítor Manuel da SILVA CALDEIRA

Uachtarán


(1)  IO L 298, 26.10.2012, lch. 1.

(2)  COM(2012) 496 final an 11 Meán Fómhair 2012.

(3)  http://eca.europa.eu

(4)  IO C 47, 17.2.2012, lch. 1.