8.7.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine: torthaí agus gníomhaíochtaí amach anseo

2011/C 202/01

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

1.

MEABHRAÍONN SÍ gur faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach mór do ghníomhaíocht an Aontais beartais náisiúnta a chomhlánú agus a bheith dírithe ar shláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinnis choirp agus ar ghalair choirp agus ar thinnis mheabhracha agus ar ghalair mheabhracha a chosc, agus foinsí contúirte do shláinte an choirp agus don mheabhairshláinte a sheachaint; ní mór dó chomh maith comhoibriú idir na Ballstáit sna réimsí sin ina ndéanann na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhordú eatarthu féin ar a gcuid beartas agus ar a gcuid clár, agus féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-theagmháil leis na Ballstáit, aon tionscnamh úsáideach a sheoladh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh a mbeidh sé de chuspóir acu treoirlínte agus táscairí a bhunú, malartú dea-chleachtas a eagrú, agus na heilimintí atá riachtanach d’fhaireachán agus do mheasúnú tráthrialta;

2.

MEABHRAÍONN SÍ Páipéar Glas an Choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2005 maidir le “Meabhairshláinte an daonra a fheabhsú — I dtreo straitéis um meabhairshláinte don Aontas Eorpach”;

3.

MEABHRAÍONN SÍ dearbhú Chomhdháil Aireachta Eorpach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) an 15 Eanáir 2005 maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an meabhairshláinte san Eoraip agus maidir le réitigh a chumadh;

4.

MEABHRAÍONN SÍ an chomhdháil ardleibhéil “Le Chéile don Mheabhairshláinte agus don Fholláine” a tionóladh sa Bhruiséil an 13 Meitheamh 2008, a bhunaigh an Comhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine;

5.

MEABHRAÍONN SÍ tuarascáil 2010 an EDS ar Mheabhairshláinte agus ar Fhorbairt: “Ag díriú ar dhaoine le riochtaí meabhairshláinte mar ghrúpa leochaileach” ar cuireadh fáilte roimpi i Rún 65/95 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 1 Nollaig 2010 maidir le sláinte dhomhanda agus beartas eachtrach;

6.

MEABHRAÍONN SÍ Tionscnamh Suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020 “An tArdán Eorpach in aghaidh na Bochtaineachta”, ina ndearbhaítear gurb iad na daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu na daoine atá i measc na ngrúpaí is mó a dhéantar a eisiamh sa tsochaí, i ngach cás beagnach, agus sainaithníonn siad go seasta an t-aithisiú, an t-idirdhealú agus an t-eisiamh mar bhacainní móra don tsláinte, do leas an duine agus do cháilíocht na beatha;

7.

MEABHRAÍONN SÍ Tionscnamh Suaitheanta na Straitéise Eoraip 2020 “Clár oibre do scileanna nua agus do phoist nua” agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le rannchuidiú Eorpach i dtreo na lánfhostaíochta (1) ina ndearbhaítear gur gá, chun na rátaí fostaíochta a ardú go suntasach, sláinte choirp agus meabhairshláinte na n-oibrithe a chur san áireamh freisin chun aghaidh a thabhairt ar na héilimh a bhaineann le gairmréimeanna oibre an lae inniu, arb iad a gcomharthaí sóirt foirmeacha nua eagraithe oibre agus athruithe idir poist atá níos déine agus a n-éilítear níos mó ar an duine leo;

8.

MEABHRAÍONN SÍ an Chomhdháil “Taighde fionnachtanach sa néar-shíciatracht: ag díriú ar an dúlagar, ar an mbuairt agus ar an scitsifréine” a tionóladh i mBúdaipeist an 18-19 Márta 2011;

9.

AITHNÍONN SÍ gur cuid riachtanach den tsláinte agus de cháilíocht na beatha an fholláine mheabhrach, agus gur réamhriachtanas í chun bheith in ann foghlaim a dhéanamh, obair a dhéanamh agus rannchuidiú leis an saol sóisialta;

10.

AITHNÍONN SÍ go dtéann sé chun tairbhe an gheilleagair, de réir fianaise a tháinig as taighde a rinneadh le déanaí, má tá leibhéal ard meabhairshláinte agus folláine ann sa phobal agus go mbíonn neamhoird mheabhracha ina gcúis le caillteanas eacnamaíoch, mar shampla trí tháirgiúlacht gnó níos ísle, rannpháirtíocht níos ísle san fhostaíocht, agus trí chostais a chur ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh agus ar phobail a bhíonn ag déileáil le neamhoird mheabhracha;

11.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil na neamhoird mheabhracha dochrach ó thaobh cumais de agus gurb ionann iad agus an scair is mó sna blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de san AE, arb iad an dúlagar agus an bhuairt an dá chúis is mó atá leis an ualach sin;

12.

AITHNÍONN SÍ gur de réir mheastacháin an ESD, buaileann neamhoird mheabhracha gach ceathrú saoránach ar a laghad uair amháin ina shaol agus gur féidir teacht orthu in níos mó ná 10 % de dhaonra an AE le linn aon bhliana ar leith;

13.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50 000 básanna gach bliain san AE, agus go dtagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich;

14.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil neamhionannas suntasach maidir le stádas na meabhairshláinte idir na Ballstáit agus laistigh de na Ballstáit agus fosta idir grúpaí sóisialta arb iad na grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch na grúpaí is leochailí ina measc siúd;

15.

AITHNÍONN SÍ gur iomaí rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine, amhail an t-eisiamh sóisialta, an bhochtaineacht, drochthithíocht agus droch-dhálaí oibre, fadhbanna a bhaineann le cúrsaí oideachais, mí-úsáid leanaí, neamart agus drochíde, neamhionannas inscne chomh maith le fachtóirí riosca amhail mí-úsáid alcóil agus drugaí agus gur minic gurb ann do na rudaí sin lasmuigh de na córais sláinte, agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí nuálaíocha idir earnáil na sláinte agus earnálacha eile, amhail gnóthaí sóisialta, tithíocht, fostaíocht agus oideachas, chun an mheabhairshláinte agus an fholláine a fheabhsú i measc an phobail;

16.

AITHNÍONN SÍ tábhacht na n-institiúidí oideachais agus an ionaid oibre mar shuíomhanna do ghníomhaíochtaí i réimse na meabhairshláinte agus na folláine, chomh maith leis na sochair a fhéadfaidh siad a fháil de bharr na ngníomhaíochtaí sin dá gcuspóirí féin;

17.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil ról tábhachtach ag údaráis agus ag gníomhaithe eile ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil sa ghníomhaíocht ar son na meabhairshláinte agus na folláine, mar ghníomhaithe chun an fholláine mheabhrach a fheabhsú astu féin, agus mar thionscnóirí i leith rannpháirtíocht earnálacha eile agus pobal eile;

18.

AITHNÍONN SÍ go bhfuil saineolas luachmhar ar leith ag úsáideoirí na seirbhísí meabhairshláinte agus ag a mbaill teaghlaigh, ag cúramóirí agus ag a gcuid eagraíochtaí agus gur cheart iad a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht bheartais maidir leis an meabhairshláinte agus leis an bhfolláine;

19.

AITHNÍONN SÍ an gá atá le taighde a dhéanamh ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine agus ar na neamhoird mheabhracha agus FÁILTÍONN SÍ roimh an méid atá déanta ag Cláir Réime Taighde an AE chuige sin;

20.

FEARANN SÍ FÁILTE roimh thorthaí na gcúig chomhdháil théamacha a eagraíodh faoin gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine mar a leanas (2):

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine Leanaí agus Daoine Óga a Chur Chun Cinn — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i Stócólm an 29-30 Meán Fómhair 2009,

an Chomhdháil maidir leis “An Dúlagar agus an Féinmharú a Chosc — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i mBúdaipeist an 10-11 Nollaig 2009,

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine i nDaoine Breacaosta — Á Thabhairt i gCrích” a tionóladh i Maidrid an 28-29 Meitheamh 2010,

an Chomhdháil maidir le “Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn agus Stiogma a Chomhrac ar mhaithe le Meabhairshláinte agus Folláine níos fearr” a tionóladh i Liospóin an 8-9 Samhain 2010,

an Chomhdháil maidir le “Meabhairshláinte agus Folláine a Chur Chun Cinn san Ionad Oibre” a tionóladh i mBeirlín an 3-4 Márta 2011;

21.

IARRANN SÍ ar an Ballstáit:

tosaíocht a thabhairt don mheabhairshláinte agus don fholláine ina gcuid beartas sláinte agus straitéisí agus/nó pleananna gníomhaíochta a fhorbairt maidir leis an meabhairshláinte lena n-áirítear an dúlagar agus an féinmharú a chosc,

an cosc ar neamhoird mheabhracha agus cur chun cinn na meabhairshláinte agus na folláine a áireamh mar dhlúthchuid de na straitéisí agus/nó de na pleananna gníomhaíochta sin, a bheidh le déanamh i gcomhpháirtíocht leis na geallsealbhóirí ábhartha agus i gcomhphairtíocht le hearnálacha beartais eile,

feabhas a chur ar dheitéarmanaint shóisialta agus ar bhonneagar lena dtabharfar tacaíocht don fholláine mheabhrach agus feabhas a chur ar an rochtain ar an mbonneagar sin a bheidh ag daoine a bhfuil neamhoird mheabhracha ag cur as dóibh,

samhlacha cóireála agus cúraim a bheidh pobal-bhunaithe agus a bheidh cuimsitheach go sóisialta a chur chun cinn i gcás inarb indéanta agus inarb ábhartha,

bearta a ghlacadh in aghaidh daoine a aithisiú agus a eisiamh agus in aghaidh idirdhealú a dhéanamh ina gcoinne, ar daoine iad a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag cur as dóibh agus chun a gcuimsiú sóisialta agus an rochtain a bheidh acu ar oideachas, ar oiliúint, ar thithíocht agus ar an obair a chur chun cinn,

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann mar thoradh ar na Cistí Struchtúracha i réimse na meabhairshláinte go háirithe chun athchóiriú a dhéanamh ar a gcórais mheabhairshláinte agus chun na córais sin a fheabhsú tuilleadh gan dochar don chreat airgeadais a bheidh ann amach anseo,

úsáid a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le feidhmchláir theicneolaíochta, lena n-áirítear r-Shláinte, chun feabhas a chur ar chórais agus ar sheirbhísí mheabhairshláinte agus ar sheirbhísí, chun neamhoird mheabhracha a chosc agus chun an fholláine a chur chun cinn,

céimeanna a thabhairt chun go mbeidh rannpháirtíocht níos mó ag na hearnálacha sláinte agus sóisialta agus ag comhpháirtithe sóisialta i réimse na meabhairshláinte agus na folláine san ionad oibre, chun tacú le cláir a chuireann fostóirí ar fáil agus chun na cláir sin a chomhlánú nuair is iomchuí,

tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí (mar shampla cláir oiliúna) lena gcuirtear ar chumas proifisiúnach agus bainisteoirí go háirithe sa chúram sláinte, sa chúram sóisialta agus san ionad oibre, déileáil le hábhair a bhaineann leis an bhfolláine mheabhrach agus le neamhoird mheabhracha,

cur chun cinn mheabhairshláinte na leanaí agus daoine óga a láidriú trí thacaíocht a thabhairt do scileanna tuismitheoireachta dearfacha, do chur chuige iomlánaíoch i scoileanna chun an bhulaíocht a laghdú agus chun cur le cumais shóisialta agus mhothúchánacha chomh maith le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh i gcás ina mbeidh neamhord meabhrach ag cur as do thuismitheoir;

22.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún:

leanúint leis an gcomhoibriú mar bheart leantach ar an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine,

Gníomhaíocht Chomhpháirteach um Meabhairshláinte agus um Fholláine a bhunú faoi Chlár Sláinte Poiblí an AE 2008-2013 lena gcuirfear ardán ar fáil don mhalartú tuairimí, don chomhoibriú agus don chomhordú idir na Ballstáit, chun cineálacha cur chuige agus cleachtais a shainaithint maidir leis an mbeartas is fearr, ar cineálacha cur chuige iad a bheidh bunaithe ar fhianaise, agus chun gníomhaíochtaí a anailísiú go háirithe sna réimsí seo a leanas:

dul i ngleic le neamhoird mheabhracha trí chórais sláinte agus shóisialta,

bearta a bheidh bunaithe ar fhianaise a ghlacadh in aghaidh an dúlagair,

comhpháirtíochtaí nuálaíocha a thógáil idir earnáil na sláinte agus na hearnálacha ábhartha eile (mar shampla: an earnáil shóisialta, earnáil an oideachais, earnáil na fostaíochta) chun an tionchar atá ag beartais ar an meabhairshláinte a anailísiú, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna meabhairshláinte de chuid grúpaí leochaileacha agus ar na naisc idir an bhochtaineacht agus fadhbanna meabhairshláinte, chun aghaidh a thabhairt ar an bhféinmharú a chosc, chun an mheabhairshláinte agus an fholláine a chur chun cinn agus chun neamhoird mheabhracha a chosc i suíomhanna éagsúla, amhail san ionad oibre agus i suíomhanna oideachais,

bainistiú a dhéanamh ar éabhlóid cineálacha cur chuige um an meabhairshláinte atá pobal-bhunaithe agus cuimsitheach go sóisialta,

feabhas a chur ar shonraí agus ar fhianaise maidir le stádas na meabhairshláinte i ndaonraí,

tacaíocht a thabhairt don taighde idirdhisciplíneach ar mheabhairshláinte,

an úsáid is fearr is féidir a bhaint as Lá Domhanda na Meabhairshláinte ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnda trí ghníomhaíochtaí iomchuí chun cur leis an bhfeasacht;

23.

IARANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

leanúint de bheith ag tabhairt aghaidh ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine i gcomhpháirtíocht le beartas sláinte an AE agus le réimsí eile beartais,

tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gCompás Eorpach do Ghníomhaíocht maidir le Meabhairshláinte agus le Folláine,

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit, trí shonraí a chur ar fáil ar stádas na meabhairshláinte sa daonra, agus taighde a dhéanamh ar réimsí na meabhairshláinte agus ar na deitéarmanaint a bhaineann léi, lena n-áirítear na costais sláinte, eacnamaíocha agus shóisialta a eascraíonn ó fhadhbanna meabhairshláinte, agus an obair arna ndéanamh ag an EDS agus ag an ECFE á cur san áireamh,

tuarascáil a thíolacadh ar thorthaí na Gníomhaíochta Comhpháirtí, ina mbeidh liosta de ghníomhaíochtaí a bheidh déanta sa chúram sláinte, sa chuimsiú sóisialta, sa chosc agus sa chur chun cinn, chomh maith le léiriú machnaimh ar ghníomhaíochtaí beartais a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo mar bheart leantach ar an gComhaontú Eorpach um Meabhairshláinte agus um Fholláine.


(1)  COM(2010) 682 leagan deireanach.

(2)  Tá doiciméid na gcomhdhálacha téamacha ar fáil anseo: http://ec.europa.eu/health/mental_health/policy/conferences/index_en.htm