15.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/8


Conclúidí na Comhairle maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile

2011/C 175/03

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

Conclúidí na Comhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 14 Samhain 2006 maidir le héifeachtúlacht agus le cothromas in oideachas agus in oiliúint (1);

Conclúidí na Comhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 21 Samhain 2008 maidir le daoine óga a ullmhú don 21ú haois: clár oibre le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le scoileanna (2);

Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéise le haghaidh comhair Eorpaigh maidir le hoideachas agus le hoiliúint (“ET 2020”) (3);

Conclúidí na Comhairle an 26 Samhain 2009 maidir le hoideachas leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo (4);

Conclúidí na Comhairle an 11 Bealtaine 2010 maidir leis an ngné shóisialta a bhaineann le hoideachas agus le hoiliúint (5).

AG MEABHRÚ DI:

go bhfuil sé ríthábhachtach go gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar chothromas na gcóras oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal — ó na luathbhlianta go haois duine fhásta — chun aidhmeanna Eoraip 2020 a bhaint amach, eadhon fás atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (6).

AG ATHDHEARBHÚ:

cé go bhfuil an fhreagracht ar na Ballstáit aonair maidir le córais oideachais agus oiliúna a eagrú agus maidir leis an ábhar atá iontu, is féidir, trí chomhar ar an leibhéal Eorpach lena mbaintear leas as an modh oscailte comhordúcháin, i dteannta le húsáid éifeachtúil na gclár AE, cur le forbairt oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán trí thacaíocht a thabhairt do na bearta a ghlactar ar an leibhéal náisiúnta agus trína gcomhlánú, agus trí chabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomónta.

AGUS I bhFIANAISE AN MÉID SEO A LEANAS:

an chomhdháil ar “Sármhaitheas agus Cothromas in Oideachas agus i gCúram na Luath-Óige” a bhí ag an Uachtaránacht i mBúdaipeist an 21-22 Feabhra 2011, inar leagadh béim ar an ngá atá ann gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla d’oideachas agus de chúram na luath-óige a chur le chéile, agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “Clár AE maidir le Cearta an Linbh” (7).

TUGANN SÍ DÁ hAIRE an teachtaireacht ón gCoimisiún “Oideachas agus cúram na luath-óige: ag soláthar an túis is fearr don saol atá rompu dár leanaí uile” (8).

AITHNÍONN SÍ:

1.

go soláthraítear, le hoideachas agus le cúram na luath-óige (ECEC) (9), réimse leathan sochar gearrthéarmach agus fadtéarmach le haghaidh an duine aonair agus le haghaidh na sochaí i gcoitinne. Agus ról lárnach an teaghlaigh á chomhlánú aige, leagann an ECEC síos an bunús riachtanach d’insealbhú teanga, d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil a mbeidh rath uirthi, do chomhtháthú sóisialta, d’fhorbairt phearsanta agus d’infhostaitheacht. Má leagtar síos dlúthbhunús le linn bhlianta múnlaitheacha an linbh, beidh an fhoghlaim níos éifeachtaí ina dhiaidh sin agus bíonn cosúlacht níos fearr ann go leanfaidh an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus go méadófar leis sin an cothromas maidir le torthaí an oideachais agus go laghdófar na costais a ngearrtar ar an tsochaí i dtéarmaí na dtallann a chailltear agus i dtéarmaí caiteachais phoiblí ar leas, ar shláinte agus fiú ar cheartas;

2.

rachaidh ECEC ar ardchaighdeán chun tairbhe gach linbh, go háirithe leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo, leanaí ó chúlra Roma nó leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas. Trí chabhair a thabhairt chun an bearna éachta a dhúnadh agus trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt chognaíoch, d’fhorbairt teanga, d’fhorbairt shóisialta agus d’fhorbairt mhothúchánach, is féidir, le ECEC, timthriall an mhíbhuntáiste agus an díscoir a bhriseadh, ar timthriall é a mbíonn luathfhágáil na scoile agus tarchur na bochtaineachta ó ghlúin go glúin mar thoradh air go minic;

3.

maidir leis seo, trí rochtain ghinearálaithe chothrom ar ECEC ar ardchaighdeán a sholáthar is féidir cur go láidir le rath na straitéise Eoraip 2020, agus go háirithe le dhá cheann de phríomhspriocanna an AE a bhaint amach: luathfhágáil na scoile a ísliú go níos lú ná 10 %, agus a bheith in ann 20 milliún duine ar a laghad a thabhairt as baol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta;

4.

thairis sin, toisc go soláthraítear le ECEC an deis deacrachtaí foghlama a bhrath go luath agus idirghabháil luath a dhéanamh, is féidir cabhrú leanaí óga a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a shainaithint, agus, i gcás inarb fhéidir, a lánpháirtíocht i ngnáthscoileanna a éascú;

5.

cé go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar an iomlán ag na Ballstáit le blianta beaga anuas trí fheabhas a chur ar an bhfáil atá ar ECEC, tá gá le hiarrachtaí breise d’fhonn an cuspóir atá ann ráta rannpháirtíochta 95 % a bhaint amach faoin mbliain 2020 mar a comhaontaíodh faoi chreat straitéise “ET 2020” (10), agus go háirithe d’fhonn rochtain níos fearr a áirithiú do leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste;

6.

tá soláthar ECEC ar ardchaighdeán chomh tábhachtach céanna agus atá sé a áirithiú go mbeidh an ECEC sin infhaighte agus inacmhainne, agus ba cheart aird a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an comhshaol agus bonneagar, soláthar foirne, an curaclam, rialachas agus dearbhú cáilíochta;

7.

tá gá le cur chuige níos sistéamaí agus níos comhtháite ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí ECEC, ar cur chuige é a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile bainteach leis — lena n-áirítear teaghlaigh — mar aon le comhar trasearnála idir na hearnálacha éagsúla beartas amhail earnálacha an oideachais, an chultúir, na ngnóthaí sóisialta, na fostaíochta, na sláinte agus an cheartais;

8.

tá sé tábhachtach cion na bhfear atá in ECEC a ardú d’fhonn dearcthaí a athrú agus d’fhonn a thaispeáint nach iad na mná amháin atá in ann oideachas agus cúram a sholáthar. Is ní dearfach é do leanaí idir fhir agus mhná a bheith acu mar eiseamláir agus is féidir leis sin aireachtáil maidir le steiréitíopaí inscne a bhriseadh. In ionad oibre ina mbíonn idir fhir agus mhná leathnaítear taithí na leanaí agus is féidir, leis sin, cabhrú leithscaradh inscne a laghdú i margadh an tsaothair chomh maith;

9.

de ghnáth dírítear níos lú airde ar ECEC ná mar a dhírítear ar aon leibhéal eile oideachais agus oiliúna, in ainneoin go bhfuil fianaise ann go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí infheistiú éifeachtúil a dhéanamh in oideachas luath-óige ar ardchaighdeán ná mar atá sé idirghabháil a dhéanamh níos déanaí agus go mbíonn dea-thoradh ar an infheistíocht sin feadh an tsaoil, go háirithe maidir le daoine atá faoi mhíbhuntáiste;

10.

go comparáideach, is beag taighde ar oideachas leanaí óg a tugadh faoi nó a bailíodh ar leibhéal an AE lena bhféadfar treoir a thabhairt maidir le forbairt agus le cur chun feidhme beartas ECEC sna Ballstáit. Ní mór go mbeidh an fhianaise taighde atá ann cheana ar fáil ar bhonn níos leithne, agus go bhforlíonfar an méid sin trí thaighde níos fairsinge a dhéanamh ar sholáthar ECEC agus ar an éifeacht a bhíonn aige sin ar fud na mBallstát, agus ilchineálacht chultúrtha á cur san áireamh agus samplaí dea-chleachtais agus taithí á dtaifeadadh.

COMHAONTAÍONN AN CHOMHAIRLE LEIS AN MÉID SEO A LEANAS:

d’fhéadfaí an méid seo a leanas a áireamh leis na beartais lenar féidir aghaidh a thabhairt ar an dá dhúshlán atá ann rochtain ghinearálaithe chothrom ar oideachas agus ar chúram na luath-óige a sholáthar mar aon le cáilíocht an tsoláthair sin a ardú:

1.

rochtain chothrom ar ECEC cuimsitheach, ar ardchaighdeán a sholáthar, go háirithe do leanaí ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, do leanaí a mbaineann cúlra imirceach leo, do leanaí ó chúlra Roma nó do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas;

2.

múnlaí maoinithe éifeachtúla a dhearadh, lena n-áirítear maoiniú spriocdhírithe, a bheidh cothrom agus comhréireach ó thaobh infheistíochta poiblí agus infheistíochta príobháidigh, i gcomhréir le cúinsí náisiúnta agus áitiúla;

3.

cur chuige trasearnála agus comhtháite maidir le seirbhísí cúraim agus oideachais a chur chun cinn chun freastal ar riachtanais gach linbh ar bhealach iomlánaíoch — riachtanais chognaíocha, shóisialta, mhothúchánacha, shíceolaíocha agus fhisiceacha — chomh maith le dlúthchomhar idir an baile agus an ECEC a áirithiú in éineacht le haistriú réidh idir na leibhéil dhifriúla oideachais;

4.

tacaíocht a thabhairt do ghairmiúlacht na foirne ECEC, agus béim á cur ar inniúlachtaí, ar cháilíochtaí agus ar choinníollacha oibre na foirne a fhorbairt, agus gradam na gairme á fheabhsú. Ina theannta sin, beartais a fhorbairt a mbeidh sé d’aidhm leo foireann a bheidh cáilithe go hiomchuí a mhealladh chuig an ECEC, iad a chur faoi oiliúint agus a choimeád, agus an chothromaíocht inscne a fheabhsú;

5.

cláir agus curaclaim atá iomchuí ó thaobh forbraíochta agus lena gcaomhnaítear sealbhú scileanna cognaíocha agus neamh-chognaíocha araon a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna do thábhacht an tsúgartha atá ríthábhachtach freisin maidir le foghlaim sna luathbhlianta;

6.

tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí sa ról atá acu mar phríomhoideoirí a leanaí sna luathbhlianta, agus na seirbhísí ECEC a spreagadh chun oibriú i ndlúthpháirtíocht le tuismitheoirí, le teaghlaigh agus le comhphobail, d’fhonn feasacht ar na deiseanna a thairgtear le ECEC agus ar an tábhacht a bhaineann le foghlaim ó aois luath a mhéadú;

7.

dearbhú cáilíochta a chur chun cinn le rannpháirtíocht na bpríomh-gheallsealbhóirí uile, lena n-áirítear teaghlaigh;

8.

taighde agus bailiú sonraí maidir le ECEC a chur chun cinn san Eoraip, i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcás inarb iomchuí, d’fhonn neart a chur leis an mbonn fianaise atá ann le beartais ECEC a cheapadh agus le cláir ECEC a sheachadadh.

IARRANN AN CHOMHAIRLE AR NA BALLSTÁIT DÁ RÉIR SIN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

anailís agus meastóireacht a dhéanamh, ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta, ar na seirbhísí ECEC atá ann cheana maidir leis an rochtain atá orthu, lena n-inacmhainneacht agus lena gcáilíocht, de réir mar a léirítear sna conclúidí seo;

2.

a áirithiú go mbeidh beartais ann a mbeidh sé d’aidhm leo rochtain ghinearálaithe chothrom ar ECEC a sholáthar agus cáilíocht na rochtana sin a threisiú;

3.

infheistíocht éifeachtúil a dhéanamh in ECEC mar bheartas fadtéarma chun fás a fheabhsú.

IARRANN AN CHOMHAIRLE AR AN gCOIMISIÚN AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

1.

tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le dea-bheartais agus dea-chleachtais a shainaithint agus a mhalartú tríd an modh oscailte comhordúcháin;

2.

an bonn fianaise i réimse an ECEC a leathnú trí thógáil ar thaighde idirnáisiúnta agus trína fhorlíonadh le taighde ón AE ar fad agus torthaí an taighde sin a chur ar fáil ar bhealach níos éasca;

3.

faireachán agus tuairisciú a dhéanamh, laistigh de chreat straitéise “ET 2020”, ar an dul chun cinn a dhéantar chun an sprioc tagarmhairc “ET 2020” maidir le rannpháirtíocht in oideachas na luath-óige a bhaint amach, agus chun go mbainfear amach na haidhmeanna atá sna conclúidí seo maidir le rochtain níos leithne agus cáilíocht níos fearr.

AGUS IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH LE TACAÍOCHT ÓN gCOIMISIÚN:

1.

dul i mbun comhair beartas tríd an modh oscailte comhordúcháin leis na hearnálacha ábhartha (amhail earnálacha an oideachais, an chultúir, na ngnóthaí sóisialta, na fostaíochta, na sláinte agus an cheartais), agus gach geallsealbhóir ábhartha páirteach, d’fhonn uirlisí tagartha ar an leibhéal Eorpach a tháirgeadh lena dtacófar le forbairt beartas i réimse an ECEC ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal náisiúnta iomchuí;

2.

gan dochar don idirbheartaíocht maidir leis an gcreat airgeadais a bheidh ann sa todhchaí, úsáid éifeachtúil a bhaint as na hionstraimí ábhartha AE uile i réimsí na taighde agus na foghlama ar feadh an tsaoil, chomh maith le húsáid a bhaint as cistí struchtúrtha na hEorpa i gcomhréir le haidhmeanna na straitéise Eoraip 2020, d’fhonn na haidhmeanna thuasluaite a chur chun cinn.


(1)  IO C 298, 8.12.2006, lch. 3.

(2)  IO C 319, 13.12.2008, lch. 20.

(3)  IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.

(4)  IO C 301, 11.12.2009, lch. 5.

(5)  IO C 135, 26.5.2010, lch. 2.

(6)  Conclúidí na Comhairle, mí an Mhárta 2010 — EUCO 7/1/10 REV 1.

(7)  7226/11 — COIM(2011) 60 deireanach.

(8)  6264/11 — COIM(2011) 66 deireanach.

(9)  Chun críocha na gconclúidí seo, leis an téarma “oideachas agus cúram na luath-óige” tagraítear do shocruithe ar bith lena soláthraítear oideachas agus cúram do leanaí idir 0 bliain d’aois agus aois éigeantach freastal na scoile — gan aird ar an suíomh, ar mhaoiniú, ar uaireanta oscailte ná ar ábhar na gclár — agus áirítear leis an téarma seo soláthar réamhscoile agus soláthar oideachais réamh-bhunscoile. (Foinse: ECFE Starting Strong I (2006) lch. 7.)

(10)  Féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis na conclúidí (IO C 119, 28.5.2009, lch. 7): Faoin mbliain 2020, ba cheart go mbeadh 95 % ar a laghad de leanaí atá idir ceithre bliana d’aois agus an aois éigeantach a gcaithfear dul faoi oideachas bunscoile rannpháirteach in oideachas na luath-óige.

Sa bhliain 2008 bhí meánráta rannpháirtíochta na hEorpa ag 92,3 %.