15.6.2011   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/5


Conclúidí na Comhairle maidir le seirbhísí faisnéise um shoghluaisteacht le haghaidh ealaíontóirí agus le haghaidh proifisiúnach cultúir

2011/C 175/02

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

AG FÉACHAINT DON MÉID SEO A LEANAS:

an Clár um Chultúr 2007-2013 (1) agus an cuspóir sonrach a ghabhann leis maidir le soghluaisteacht thrasnáisiúnta ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir;

Rún ón gComhairle an 16 Samhain 2007 maidir le Clár Oibre Eorpach don Chultúr (2), ina ndeirtear gur le soghluaisteacht ealaíontóirí agus phroifisiúnach cultúir a dhéantar ionchur bunúsach maidir lena chuspóirí straitéiseacha a bhaint amach;

Conclúidí na Comhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2008-2010 (3) agus go háirithe tosaíocht 1, “Coinníollacha soghluaisteachta ealaíontóirí agus phroifisiúnach eile i réimse an chultúir a fheabhsú”;

Conclúidí na Comhairle an 18 Samhain 2010 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2011-2014 (4) agus go háirithe réimse tosaíochta C, “Scileanna agus soghluaisteacht”;

Coinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn an 20 Deireadh Fómhair 2005 (5) a bhfuil an AE agus a iomaí Ballstát páirteach ann; tá siad tiomanta feasta a áirithiú go mbeidh sé ar chumas ealaíontóirí, proifisiúnach cultúir agus saoránach ar fud an domhain réimse leathan de ghníomhaíochtaí, d’earraí agus de sheirbhisí cultúir, lena n-áirítear a gcuid féin, a chruthú, a tháirgeadh agus a scaipeadh;

AG TAGAIRT DON MÉID SEO A LEANAS:

Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin “Anailís ar an gcomhairliúchán a seoladh leis an bPáipéar Glas ar ‘An acmhainneacht atá ag tionscail chultúir agus chruthaitheachta a scaoileadh’ ” agus go háirithe ar an gcaibidil ar shoghluaisteacht agus ar chúrsaíocht (6), inar cuireadh in iúl go ndearna mórán daoine a raibh ionchur acu trácht ar shaincheisteanna rialála agus dlí agus ar shaincheisteanna eile a mbíonn éifeacht acu ar an tsoghluaisteacht agus gur iarr siad go soláthrófaí faisnéis maidir leis na saincheisteanna sin;

treoirthionscnamh Pharlaimint na hEorpa maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí atá tiomnaithe do thacú leis an timpeallacht um shoghluaisteacht ealaíontóirí, lena n-áirítear staidéar ar chórais faisnéise (7);

an tuarascáil a thug an mheitheal um an mbealach comhordaithe oscailte uaithi i mí an Mheithimh 2010 ar shoghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir agus go háirithe na moltaí a rinne sí maidir le faisnéis ar shoghluaisteacht a sholáthar d’ealaíontóirí agus do phrofisiúnaigh chultúir, lena n-áirítear na treoirlínte le haghaidh Seirbhísí Soghluaisteachta (8);

DE BHARR AN MÉID SEO A LEANAS:

tá soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir san Eoraip ríthábhachtach chun éagsúlacht chultúrtha, éagsúlacht teangacha agus caidreamh idirchultúrtha a fheabhsú. B’fhiú don Aontas Eorpach agus dá chuid Ballstát an méid sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach;

cuirtear chun cinn le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir teacht le chéile cruthaitheach chomh maith le táirgeadh agus malartú earraí agus seirbhísí cultúir;

neartaítear leis an tsoghluaisteacht muintearas i leith an Aontais Eorpaigh agus eolas níos doimhne ar ár gcomhchultúir;

tá soghluaisteacht tábhachtach maidir le feidhmiú iomlán mhargadh Eorpach an tsaothair i gcomhréir leis na Conarthaí. Trí úsáid níos gníomhaí agus níos éifeachtúla a bhaint as na féidearthachtaí ar dlúthchuid den mhargadh aonair iad, is féidir poist nua agus deiseanna oibre nua a chruthú d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir agus leis sin fostaíocht in earnáil an chultúir agus san eacnamaíocht níos leithne a chur chun cinn;

tá méadú ag teacht ar an obair chultúrtha agus ealaíonta a bhíonn ar siúl sa chomhthéacs idirnáisiúnta, ina dtarlaíonn sé go minic go mbíonn deiseanna oibre, turasóireachta, cónaitheachta, comh-léirithe, forbartha gairmiúla, oiliúna agus foghlama comhpháirtithe ann a théann thar theorainneacha idirnáisiúnta;

is féidir le soghluaisteacht mhéadaithe atá níos fearr cur le cuspóirí Straitéis 2020 na hEorpa, eadhon fás atá cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach (9);

is gnách gur lasmuigh de shainchúram na n-údarás cultúrtha a bhíonn réiteach le fáil ar shaincheisteanna riaracháin agus rialála ar féidir leo bacainn a chruthú maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir; dá bhrí sin tá sé tábhachtach go mbeadh líonrú agus comhoibriú ann idir roinnt mhaith seirbhísí ar leibhéal na hEorpa, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

tá an deacracht a bhaineann le faisnéis bheacht chuimsitheach agus comhairle a fháil maidir le saincheisteanna a bhaineann le soghluaisteacht ar cheann de na príomh-bhacainní a luann ealaíontóirí agus proifisiúnaigh cultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE;

IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, LAISTIGH DÁ RÉIMSÍ INNIÚLACHTA FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT ACU AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

soláthar faisnéise atá cuimsitheach agus beacht ag seirbhísí faisnéise soghluaisteachta, a éascú d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE. Chuige sin, an leas is fearr a bhaint as an saineolas atá ag na heagraíochtaí riaracháin phoiblí agus ag earnáil an chultúir. I gcás inarb iomchuí, tógáil ar na seirbhísí atá ann cheana chun an fhaisnéis a scaipeadh, ag aithint gurb iad an fhoinse príomha d’fhaisnéis bheacht, i gcásanna áirithe.

Chun na críche sin, tuigtear gurb ionann seirbhísí faisnéise soghluaisteachta agus seirbhísí a sholáthraíonn faisnéis d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE.

Tuigtear gurb é an spriocghrúpa atá ag seirbhísí faisnéise soghluaisteachta ealaíontóirí agus proifisiúnaigh chultúir a bhíonn ag teacht, ag cónaí agus ag imeacht. Áirítear le pobal na n-ealaíontóirí agus na bproifisiúnach cultúir gach ealaíontóir, gach proifisiúnach bainistíochta, lóistíochta, cumarsáide, agus gach proifisiúnach eile atá san earnáil chultúir agus atá i ngairmeacha ealaíonta a ngabhtar dóibh laistigh d’earnálacha eile (10). Áirítear go háirithe ar na hoibreoirí sin grúpaí, ensembles, agus eagraíochtaí chomh maith le healaíontóirí aonair agus proifisiúnaigh aonair cultúir. Toisc go bhfuil cuid de na healaíontóirí atá ina gcónaí agus atá ag obair san Eoraip ina náisiúnaigh tríú tíortha, d’fhéadfaí aird ar leith a thabhairt ar a riachtanais shonracha.

Sa chomhthéacs seo, sainmhínítear seirbhísí faisnéise soghluaisteachta trí chaighdeáin chomónta cháilíochta, trí thopaicí comhaontaithe faisnéise agus trí chomhpháirtíochtaí straitéise.

Le caighdeáin cháilíochta sainmhínítear tiomantas comónta deonach ó gach geallsealbhóir atá bainteach leis an (líonra) seirbhíse (seirbhísí) faisnéise soghluaisteachta d’fhonn faisnéis d’ardchaighdeán a áirithiú do na húsáideoirí.

Táthar ag súil leis gurb éard é an t-íosmhéid comónta ábhar faisnéise a bheadh ar fáil topaicí lena gcumhdaítear saincheisteanna rialála, saincheisteanna riaracháin agus saincheisteanna eile a bhaineann leis an tsoghluaisteacht amhail slándáil shóisialta, cánachas, cearta maoine intleachtúla, víosaí agus cead oibre, árachas agus custaim, agus aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí proifisiúnta. Ina theannta sin, d’fhéadfaí faisnéis maidir le deiseanna maoinithe agus oiliúna a sholáthar.

Tá gá le comhpháirtíochtaí straitéise chun ráthaíocht a thabhairt do cháilíocht na faisnéise sna réimsí thuasluaite. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí inter alia leis na comhlachtaí lena mbaineann údaráis AE, náisiúnta agus áitiúla, institiúidí cultúrtha, comhlachais fostóirí agus comhlachais fostaithe, agus bunaíochtaí oiliúna;

CHUN AN FEIDHMIÚ IS ÉIFEACHTÚLA AGUS IS ÉIFEACHTAÍ MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ FAISNÉISE D’EALAÍONTÓIRÍ AGUS DO PHROIFISIÚNAIGH CHULTÚIR A CHUR CHUN CINN, BA CHEART GO mBEADH FEIDHM AG AN MÉID SEO A LEANAS:

ba cheart deiseanna piarfhoghlama agus deiseanna oiliúna le haghaidh soláthróirí faisnéise a chaomhnú chun tuiscint mhaith ar choinníollacha oibre agus cónaithe ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir a fhorbairt agus chun eolas ar na rialacháin agus ar nósanna imeachta ábhartha an AE agus ar na nósanna imeachta ábhartha náisiúnta a cruinniú. Leis seo cabhrófar lena áirithiú go mbeidh se ar chumas soláthróirí faisnéise úsáideoirí a threorú go díreach chuig faisnéis maidir le rialacha agus nósanna imeachta, le cearta agus le hoibleagáidí an AE agus le cearta agus le hoibleagáidí náisiúnta;

tá líonrú idir soláthróirí faisnéise riachtanach d’fhonn a áirithiú go mbeidh sé ar chumas na soláthróirí sna Ballstáit éagsúla teagmháil a dhéanamh lena chéile chun cabhrú lena n-ealaíontóirí agus lena bproifisiúnaigh chultúir “baile” teacht ar an bhfaisnéis a bheidh á lorg acu maidir le rialacháin agus coinníollacha sna Ballstáit “ceann scríbe”. Le líonrú freisin soláthraítear deiseanna chun acmhainní a neartú agus deiseanna piarfhoghlama. Ionas go n-oibreoidh an córas go maith, tá sé riachtanach go mbeidh soláthróirí faisnéise sna Ballstáit uile bainteach leis;

ba cheart sonraí bunúsacha maidir le húsáid seirbhísí faisnéise soghluaisteachta a bhailiú d’fhonn caighdeán agus inrochtaineacht na seirbhísí sin a fheabhsú. Ba cheart saincheisteanna athfhillteacha agus saincheisteanna struchtúracha a bhaineann le rialacháin agus le cur i bhfeidhm rialachán a thuairisciú chuig na rialtais inniúla náisiúnta agus chuig seirbhísí ábhartha an Choimisiúin Eorpaigh d’fhonn coinníollacha soghluaisteachta a fheabhsú go fadtréimhseach;

CHUIGE SIN, IARRTAR AR AN gCOIMISIÚN:

meitheal saineolaithe a bhunú, de réir mar a leagtar amach sa Phlean Oibre don Chultúr 2011-2014, le go molfaidh siad caighdeáin chomónta ábhar agus cáilíochta maidir le seirbhísí faisnéise agus comhairle d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian gluaiseacht laistigh den AE. Déanfaidh an grúpa sainaithint ar na topaicí sonracha agus ar na treoirlínte ábhar do sheirbhísí faisnéise soghluaisteachta, lena n-áirítear faisnéis le haghaidh náisiúnach tríú tíortha. Beidh an tuarascáil a thug an mheitheal oibre um an mbealach comhordaithe oscailte uaithi i mí an Mheithimh 2010 ar shoghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir lena n-áirítear na treoirlínte le haghaidh Seirbhísí Soghluaisteachta ina bunús don bhreithniú in obair na meithle saineolaithe;

iniúchadh a dhéanamh nuair a bheidh sé ag forbairt a mholtaí le haghaidh clár sa todhchaí, gan dochar don phlé maidir leis an gCreat Airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann sa todhchaí, ar iniúchadh é maidir le tacú airgeadais le haghaidh seirbhísí faisnéise a bheidh dírithe ar ealaíontóirí agus ar phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht;

faisnéis soghluaisteachta a scaipeadh trí na cláir AE (11) agus fiosrúcháin a chur ar aghaidh chuig seirbhísí speisialaithe na mBallstát nó na hearnála cultúrtha, ar seirbhísí iad a bhfuil sé ar a gcumas faisnéis soghluaisteachta chuimsitheach bheacht agus cúnamh a sholáthar d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir;

IARRTAR AR NA BALLSÁIT:

caighdeáin chomónta ábhar agus cháilíochta a ghlacadh ar bhonn inter alia an togra ón mheitheal oibre saineolaithe thuasluaite, nuair a bheidh siad ag bunú nó ag forbairt tuilleadh seirbhísí faisnéise soghluaisteachta le haghaidh ealaíontóirí agus le haghaidh proifisiúnach cultúir agus iarrtar orthu aon bhearnaí atá sna seirbhísí náisiúnta faisnéise a líonadh i gcás ina mbeidh gá leis sin;

a áirithiú, trí thógáil ar struchtúir agus ar thraidisiúin náisiúnta, go mbeidh seirbhísí faisnéise soghluaisteachta neodrach agus costéifeachtúil, solúbtha agus dírithe ar úsáideoirí a mhéid is féidir;

uirlisí a shainaithint lena scaipfear go poiblí faisnéis soghluaisteachta d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir, agus leas a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as na seirbhísí atá ann cheana;

a gcuid faisnéise náisiúnta a sholáthar ar láithreán ghréasáin ilteangach más féidir, ar faisnéis í atá ábartha maidir le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach cultúir. Ba cheart aistriúchán, lena n-áirítear aistriúchán uathoibríoch, a spreagadh d’fhonn ilteangachas a chur chun cinn, d’fhonn rochtain ar fhaisnéis a dhéanamh éasca agus d’fhonn tionscnaimh shoghluaisteachta a éascú;

IARRTAR AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN:

oibriú i ndlúthchomhair d’fhonn líonrú idir sheirbhísí faisnéise soghluaisteachta ar leibhéal na hEorpa a spreagadh, agus leis sin soláthar faisnéise d’ealaíontóirí agus do phroifisiúnaigh chultúir ar mian leo gluaiseacht laistigh den AE a fheabhsú, ag tógáil ar na comhpháirtíochtaí faisnéise agus comhairle atá ann cheana, lena n-áirítear na comhpháirtíochtaí atá ann le hearnáil an chultúir, agus iad siúd a fhorbairt tuilleadh i gcás inarb iomchuí;

faireachán a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí faisnéise soghluaisteachta d’fhonn cáilíocht agus inrochtaineacht na seirbhísí sin a fheabhsú.


(1)  IO L 372, 27.12.2006, lch. 1.

(2)  IO C 287, 29.11.2007, lch. 1.

(3)  IO C 143, 10.6.2008, lch. 9.

(4)  IO C 325, 2.12.2010, lch. 1.

(5)  Cinneadh 2006/515/CE ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 i ndáil le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Unesco ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn (IO L 201, 25.7.2006, lch. 15). Tá bearta sa Choinbhinsiún atá ábhartha maidir le soghluaisteacht agus malartú cultúrtha.

(6)  SEC(2011) 399 leagan deireanach.

(7)  “Córais faisnéise chun tacú le soghluaisteacht ealaíontóirí agus proifisiúnach eile i réimse an chultúir: staidéar féidearthachta”, ECOTEC, 2009 — http://ec.europa.eu/culture/key-documents/doc2039_en.htm

(8)  http://ec.europa.eu/culture/our-policy-development/doc1569_en.htm

(9)  COIM(2010) 2020 deireanach.

(10)  Áirítear leis an ngrúpa níos leithne d’ealaíontóirí agus de phroifisiúnaigh chultúir m.sh. coimeádaithe, stiúrthóirí agus foirne institiúidí cultúrtha, teicneolaithe, oibrithe tógála ardán, saineolaithe TFC, speisialtóirí cumarsáide srl.

(11)  Your Europe (http://ec.europa.eu/youreurope/); Eures (European Job Mobility portal, http://ec.europa.eu/eures).