52011SC0537

COMMISSION STAFF WORKING PAPER EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT COMMISSION STAFF WORKING PAPER EXECUTIVE SUMMARY OF THE IMPACT ASSESSMENT


DOICIMÉAD OIBRE Ó FHOIREANN AN CHOIMISIÚIN

ACHOIMRE FHEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ IARMHARTA

Ag gabháil leis an gcáipéis

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le scéim um fhabhair taraife ghinearálaithe a chur i bhfeidhm

1. Sainiú na faidhbe

1.1 Réamhrá

Cuidíonn an Scéim Ghinearálaithe um Fhabhair ("an scéim") le tíortha atá i mbéal forbartha, na tíortha is lú forbairt go háirithe, bochtaineacht a laghdú trí fhabhair allmhairíochta a thairiscint dóibh d'fhonn ioncam ó thrádáil idirnáisiúnta a ghiniúint nó a mhéadú. Ina theannta sin, cuireann an scéim seo dreasachtaí ar fáil i bhfoirm fabhar taraife breise do thíortha a gheallann go bhféachfaidh siad le forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a bhaint amach. Faoi láthair, tá sé d'aidhm ag an scéim na cuspóirí a bhaint amach atá leagtha amach sa Téachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta maidir le feidhmiú Scéim Ghinearálaithe um Fhabhair an Chomhphobail don tréimhse deich mbliana 2006 go 2015. Deonaíonn an scéim rochtain fhabharaithe ar mhargaí an AE ar bhonn ginearálaithe agus neamh-idirdhealaitheach do 176 tír agus críoch atá cáilithe. Trí shocrú atá sa scéim:

· an socrú ginearálta (ar a dtugtar “an GSP” go minic );

· an socrú um dhreasachtaí speisialta le haghaidh forbartha inbhuanaithe agus dea-rialachais (ar a dtugtar “an GSP+”) agus a thairgeann fabhair bhreise mar dhreasachtaí chun tacú le tíortha leochaileacha atá i mbéal forbartha i ndaingniú agus i gcur chun feidhme 27 coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le cearta daonna agus saothair, maidir leis an gcomhshaol agus maidir le dea-rialachas;

· an socrú Gach Rud Seachas Airm (GRSA), lena dtugtar rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta do na tíortha is lú forbairt.

Cuirtear an GSP reatha chun feidhme trí bhíthin sraithe rialachán a bhfuil feidhm ag gach ceann díobh ar feadh trí bliana. Rachaidh rialachán reatha an GSP in éag an 31 Nollaig 2011. An 26 Bealtaine 2010 ghlac an Coimisiún togra chun bailíocht an rialacháin reatha a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2013, chun go bhféadfaí athbhreithniú an GSP a ullmhú i bhfianaise na nósanna imeachta reachtacha níos faide a tugadh isteach le Conradh Liospóin. Is ar bhonn athbhreithnithe mheántéarmaigh a rinneadh le déanaí atá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a dhéanamh le haghaidh rialacháin athbhreithnithe chun ionad na scéime reatha a ghlacadh nuair a rachaidh sí in éag in 2013. An scéim GRSA agus na forálacha a bhaineann leis na rialacha tionscnaimh, ní thagann ceachtar acu faoi raon feidhme an athbhreithnithe seo: ní thagann an scéim GRSA faoina raon feidhme toisc nach ndéantar athbhreithnithe tréimhsiúla air; agus ní thagann na forálacha a bhaineann leis na rialacha tionscnaimh faoina raon feidhme toisc gur tháinig reachtaíocht nua maidir le rialacha tionscnaimh i bhfeidhm in 2011.

1.2 Comhairliúchán agus saineolas

Ullmhaíodh an measúnú tionchair seo tar éis comhairliúcháin fhairsing leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí eile (lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, an tionscal, tíortha is tairbhithe iad, Parlaimint na hEorpa, agus comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála). Cuireadh dearcthaí na ngeallsealbhóirí san áireamh, rud a aibhsítear roinnt uaireanta sa phríomhthuarascáil. Comhlíonadh íoschaighdeáin an Choimisiúin maidir le comhairliúcháin. Chun méasúnú a dhéanamh ar an méid a shásaíonn scéim an AE riachtanais tíortha i mbéal forbartha, rinne comhairleoir seachtrach, an tIonad um Anailís ar Chomhtháthú Réigiúnach (CARIS – Centre for Analysis of Regional Integration) in Sussex, meastóireacht mheántéarmach. Foilsíodh an tuarascáil deiridh an 26 Bealtaine 2010 ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála[1]. Nuair is ábhartha, léirítear torthaí an staidéir sin sa phríomhthuarascáil ar an measúnú tionchair.

1.3 Buanna agus laigí an GSP reatha

Bhain meastóireacht CARIS ar an GSP reatha (2010) de thátal:

· go bhfuil fianaise shoiléir ann gur féidir le fabhair GSP an AE bheith éifeachtach ó thaobh onnmhairí agus leas tíortha i mbéal forbartha a mhéadú;

· go bhfuil rátaí úsáide na Scéime Ginearálaithe um Fhabhair ard, agus go bhfuil siad comhghaolaithe go dearfach le méid na taraife agus an chorrlaigh fhabhair;

· go bhfaigheann na tíortha onnmhairíochta thart ar leath den ioncam a ghineann na corrlaigh fhabhair;

· go bhfuil socruithe an GSP+ tar éis tionchar dearfach a imirt ar dhaingniú na 27 coinbhinsiún idirnáisiúnta is gá a dhaingniú chun a bheith cáilithe, ach níl an dul chun cinn a dhéantar ar chur chun feidhme éifeachtach na gcoinbhinsiún sin chomh soiléir céanna.

Bíodh sin mar atá, tá roinnt srianta struchtúracha agus srianta de shaghasanna eile ag baint leis an scéim (srianta a dtugtar cur síos mionsonraithe orthu i staidéar CARIS agus sa phríomhthuarascáil). Tá roinnt saincheisteanna ann freisin ar gá díriú orthu sa phróiseas athbhreithnithe; déantar achoimre ar na saincheisteanna sin ar chraobh na bhfadhbanna ar an leathanach thall.

Díriú fo-optamach ar thairbhithe

Cuireann tairbhithe eile den GSP a lán brú iomaíochta ar na tíortha is lú forbairt. Go leor tíortha ard-ioncaim, leanann siad de bheith ina dtairbhithe ar an ábhar nach bhfuil siad éagsúlaithe a ndóthain. Tá na hacmhainní ag na tíortha sin chun leibhéil éagsúlaithe níos airde a bhaint amach gan cúnamh ó fhabhair an AE. Is amhlaidh atá sé freisin mórán mór i gcás tíortha ard-mheánioncaim. Maidir le tíortha a bhaineann tairbhe d’fhabhair ó chomhaontú fabhrach déthaobhach eile leis an AE, leanann siadsan freisin de thairbhe a bhaint as an GSP. An úsáid a bhaineann tíortha ard-ioncaim, tíortha ard-mheánioncaim agus tíortha a thairbhíonn cheana de na socruithe fabhracha déthaobhacha eile as fabhair an GSP, méadaíonn sí an brú iomaíochta ar onnmhairí ó thíortha atá níos boichte agus níos leochailí, tíortha a bhfuil a riachtanais níos mó agus nach mór, dá bhrí sin, níos mó airde a thabhairt orthu.

Meicníocht fho-optamach um ghrádúchán

Tá geilleagair éiritheacha na dtíortha i mbéal forbartha tar éis earnálacha monaraíochta atá dírithe ar onnmhairí agus a bhfuil an-rath orthu a ghiniúint agus tá na hearnálacha sin an-iomaíoch ar leibhéal domhanda. Faigheann na hearnálacha sin sochair faoin scéim, cé go bhféadfaí a áitiú nach bhfuil fabhair ag teastáil uathu a thuilleadh chun láithreacht shubstaintiúil a bhaint amach san AE. Cuireann na tíortha sin brú iomaíochta ar thionscail an AE, agus bac ar thíortha atá níos boichte a theacht isteach san AE. Dá thoradh sin caithfidh na tíortha deireanacha sin tuilleadh dua a chaitheamh lena gcuid onnmhairí a éagsúlú. Tá meicníocht sa GSP chun earnálacha iomaíocha i dtíortha sonracha a aithint agus fabhair a aistarraingt – an mheicníocht ghrádúcháin. Faoin scéim reatha, áfach, is ar éigean a úsáideadh an mheicníocht sin. As iomlán os cionn 2400 earnálacha-tíortha, níor grádaíodh ach 20 earnáil – earnálacha Síneacha atá i 13 díobh. Léiríonn sé sin nach bhfuil an mheicníocht ghrádúcháin atá ann faoi láthair pointeáilte go leor chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na scéime a áirithiú. Laige shuntasach eile a bhaineann leis an meicníocht ghrádúcháin is ea go bhfuil an grádúchán bunaithe ar chodanna de Tharaif Chustaim an AE atá chomh mór agus chomh hilchineálach sin go n-eisiatar táirgí nach bhfuil iomaíoch agus gan de chúis leis an eisiamh sin ach go dtagann siad faoi chatagóir ina bhfuil an forlámhas ag táirgí ó thionscal atá iomlán éagsúil agus an-iomaíoch.

Cuimsiú neamhleor táirgí

Cuimsíonn an GSP raon leathan táirgí ach níl an cuimsiú sin iomlán. Faoi láthair, tá 9 % de na línte taraife ar fad lasmuigh den scéim agus tá siad faoi réir taraifí dearfacha. Uaireanta ní éiríonn leis na tíortha is mó gátar rochtain a fháil ar mhargadh an AE toisc go mbíonn siad ag iarraidh cuid de na táirgí sin a onnmhairiú. Is toradh ar na línte táirgí a roinnt ina dtáirgí íogaire agus ina dtáirgí neamhíogaire é teorannú de facto eile ar chuimsiú táirgí: bíonn rochtain saor ó dhleacht ag táirgí neamhíogaire, ach ní fhaigheann táirgí íogaire ach laghdú taraife 3.5 phointe céatadáin ar dhleachtanna ad valorem.

Tacaíocht neamhleor d’éagsúlú onnmhairí

Thug aidhm bhunaidh scéimeanna um fhabhair ghinearálaithe tacaíocht d’éagsúlú trí bhíthin an tionsclaithe. Mar sin féin, sa mheastóireacht a rinneadh in 2010 fuarthas amach, nuair a chuirtear na tairbhithe agus na táirgí go léir le chéile, go bhfuil an fhianaise ar éagsúlú teoranta den chuid is mó do tháirgí a bhfuil corrlaigh ísle fhabhair acu agus a onnmhairíonn geilleagair éiritheacha. Toisc go gcuimsítear faoin GSP reatha tíortha a cháilíonn ar éigean mar thíortha is mó gátar (tíortha ard-ioncaim agus tíortha ard-mheánioncaim) ar tíortha iad a chuireann brú suntasach ar tháirgí na scéime GRSA agus an GSP+ atá in iomaíocht sa scéim agus toisc go bhfuil an mheicníocht ghrádúcháin lag go leor, tá sé níos deacra do thíortha leochaileacha atá níos boichte éagsúlú a dhéanamh de bharr go bhfaigheann tíortha an GSP cuid mhór de na fabhair.

Neamhchomhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta trádála

Dá mbeadh sochair de chuid an GSP ar fáil b'fhéidir nach spreagfaí tíortha is tairbhithe chun comhaontuithe trádála déthaobhacha nó iltaobhacha a chaibidliú. Ar an taobh eile, dá ndíreofaí sochair an GSP ar na tíortha is mó gátar, d'fhéadfadh toradh gan choinne a bheith air, is é sin le rá spreagadh níos mó a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha is mó forbairt le caibidlíocht chómhmhalartach trádála a dhéanamh agus a thabhairt i gcrích leis an AE .

An tearcúsáid a bhaineann tíortha áirithe as fabhair

Is féidir leis an mbrú iomaíochta ó thairbhithe den GSP tíortha an GSP+ agus na tíortha is lú forbairt a laghdú go stádas mionsoláthróirí neamhrialta do mhargadh an AE. Ós rud é gur beag an luach atá ar idirbhearta a dhéantar sna dálaí sin, tugtar níos lú spreagtha d'allmhaireoirí na costais a sheasamh a bhaineann le fabhair a éileamh (e.g. chun deimhnithe tionscnaimh a fháil nó a bhainistiú). Dá thoradh sin, is amhlaidh nach n-úsáidtear a lán fabhar.

Tacaíocht neamhleor d’inbhuanaitheacht agus do dhea-rialachas

Tá na critéir leochaileachta atá ann faoi láthair chun cáilitheacht don GSP+ a chinneadh róshriantach. Cuireann sé sin srian ar an méid is féidir leis an GSP+ forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a chur chun cinn, sa mhéid is gur féidir le ceanglas cáilitheachta nach bhfuil chomh sriantach céanna a bheith ina dhreasacht do níos mó tíortha chun rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta a dhaingniú agus a chur chun feidhme agus chun athchóirithe inmheánacha a dhéanamh. An coinníoll faoina dtugtar rochtain ar an GSP+ (i.e. gur dhaingnigh an tír na coinbhinsiúin agus, ina theannta sin, gur chuir sí chun feidhme iad go héifeachtach freisin), cruthaíonn sé teorainn nach bhfuil gá léi; ní thacaíonn an teorainn sin le nádúr na scéime atá bunaithe ar dhreasachtaí. De bhrí go bhfuil fuinneoga iontrála ann le haghaidh an GSP+ (fuinneoga nach n-osclaítear ach uair gach 18 mí) ní féidir le tairbhithe ionchasacha dul isteach sa scéim a luaithe is atá gach ceanglas iontrála comhlíonta acu. Faoin scéim reatha ní mór don Choimisiún monatóireacht a dhéanamh ar stádas daingnithe agus cur chun feidhme na 27 coinbhinsiún arna sonrú trí scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis a chuireann na comhlachtaí ábhartha monatóireachta ar fáil. Tá roinnt laigí suntasacha, áfach, ag baint leis an meicníocht mhonatóireachta lena gcuirtear na coinbhinsiúin chun feidhme.

Meicníocht neamhleor chosanta

Aithníodh roinnt laigí i meicníocht reatha chosanta an GSP, go mór mór easpa sainmhínithe ar choincheapa bunúsacha dlíthiúla, easpa sainithe maidir le cearta agus oibleagáidí páirtithe i bhfiosrúchán, agus gan an creat nós imeachta a bheith sainithe go soiléir.

2. Anailís ar an éadach

Is é Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE" anseo feasta) an bunús dlí le gníomhaíocht Chomhphobail san ábhar seo. Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa chás seo. Comhlíontar prionsabal na comhréireachta sa mhéid gurb é an rialachán an t-aon chineál iomchuí gníomhaíochta is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun rochtain aontaobhach, neamh-chómhmhalartach, fhabhrach ar an margadh a bhunú do thíortha i mbéal forbartha.

3. Cuspóirí

3.1 Cuspóirí ginearálta

Tá trí chuspóir ginearálta ag an scéim:

1.           Cuidiú le deireadh a chur leis an mbochtaineacht trí onnmhairí ó na tíortha is mó gátar a mhéadú (G-1);

2.           Forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a chur chun cinn (G-2);

3.           Cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE (G-3).

3.2 Cuspóirí sonracha agus cuspóirí oibríochtúla

Leagadh amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an GSP na cuspóirí seo a leanas don scéim maidir leis an tréimhse 2006 go 2015:

1.           Fabhair tharaife fhlaithiúla a choimeád ar fabhair iad a leanann de dhreasachtaí maithe a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha ionas go méadóidh onnmhairí na dtíortha sin ar bhealach inbhuanaithe;

2.           An fabhar a dhíriú ar na tíortha is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu, go háirithe trí dheireadh a chur le rochtain fhabhrach do thíortha nach bhfuil sí ag teastáil uathu a thuilleadh, agus trína áirithiú nach mbeidh rátaí fabhracha an GSP ag táirgí iomaíocha;

3.           Scéim um fhabhair a thairiscint atá simplí intuartha agus a bhfuil rochtain fhurasta uirthi;

4.           Forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a spreagadh a thuilleadh;

5.           Meicníochtaí aistarraingthe agus ionstraimí cosanta a sholáthar chun a áirithiú go gcosnófar na gnéithe den GSP a bhaineann le forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas chomh maith le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE.

Chun a áirithiú gurb iad na roghanna beartais a bhreithnítear na roghanna beartais is iomchuí chun cuspóirí ginearálta na scéime a bhaint amach i dtimpeallacht dhomhanda eacnamaíoch atá ag athrú, táthar tar éis cuspóirí sonracha agus cuspóirí oibriúcháin a dhéanamh de na cuspóirí sin.

Is iad seo a leanas na cuspóirí sonracha:

1.           Na fabhair a dhíriú níos fearr ar na tíortha is mó gátar (S-1);

2.           Deireadh a chur le dídhreasuithe i gcás na dtíortha is mó gátar (S-2);

3.           Comhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta trádála a threisiú (cúspóirí déthaobhacha agus iltaobhacha, S-3);

4.           Tacaíocht d'fhorbairt inbhuanaithe agus do dhea-rialachas a neartú (S-4);

5.           Éifeachtúlacht meicníochtaí cosanta a fheabhsú agus ag an am céanna a áirithiú go ndéantar leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE a chosaint (S-5);

6.           Deimhneacht dhlíthiúil, seasmhacht agus intuarthacht na scéime a threisiú (S-6).

Is iad seo a leanas na cuspóirí oibríochtúla:

1.           Liosta na dtíortha is tairbhithe a athbhreithniú trí shochair a chur ar fionraí i gcás na dtíortha sin nach bhfuil na fabhair ag teastáil uathu a thuilleadh ar bhonn a riachtanas forbartha, airgeadais agus trádála;

2.           Grádúchán a dhíriú ar na príomhthairbhithe, ag áirithiú go n-aistarraingítear rátaí fabhracha an GSP ó tháirgí iomaíocha;

3.           Ranna táirgí a athshainiú ionas go mbeidh catagóirí táirgí níos aonfhoirmí ann;

4.           Meicníocht iontrála an GSP+ a shimpliú;

5.           Meicníocht níos éifeachtaí níos trédhearcaí a fhorbairt chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar thiomantas agus ar dhul chun cinn thíortha an GSP+ ó thaobh chur chun feidhme choinbhinsiúin an GSP+;

6.           Nósanna imeachta inchreidte agus éifeachtúla a fhorbairt chun na fabhair a aistarraingt go sealadach agus nósanna imeachta a fhorbairt chun na fabhair a athnuachan;

7.           Nósanna imeachta riaracháin meicníochtaí cosanta a fheabhsú.

4. Roghanna beartais

Sa tábla achomair thíos tá sraith roghanna maidir le heochair-bheartais. Tá na roghanna sin ionadaíoch do na príomhroghanna atá ann.

Rogha || Príomhghnéithe

Rogha A: Foirceannadh || Cuirtear deireadh le fabhair do thairbhithe den GSP agus den GSP+. D’fhanfadh an scéim GRSA i bhfeidhm.

Rogha B: Gan athrú ar pholasaí. BONN-LÍNE || Leantar leis an bpolasaí reatha ar aghaidh gan athrú. Tá dhá chás bonn-líne sa rogha seo: B1 (gearrthéarma) – an scéim a choinneáil ar bun ag cur san áireamh stádas reatha comhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha. B2 (fadtéarma) – an scéim a choinneáil ar bun ar an tuiscint gur tugadh i gcrích gach caibidlíocht iltaobhach agus dhéthaobhach atá ar siúl ach nach bhfuil críochnaithe.

Rogha C: Athcheapadh páirteach || Tá dhá fhorogha sa rogha seo. Tá eilimintí áirithe arb ionann iad sa dá rogha, agus eilimintí nach ionann iad – níl an oiread céanna athruithe i rogha C1 is atá i rogha C2. Eilimintí arb ionann iad sa dá fhorogha: 1. Cuirtear fabhair ar fionraí do thíortha áirithe atá cáilithe: tíortha agus críocha thar lear; tíortha ard-ioncaim agus tíortha ard-mheánioncaim; tíortha a bhfuil comhaontú fabhrach trádála acu a chuimsíonn gach fabhar go substaintiúil. 2. Athbhreithnítear na prionsabail ghrádúcháin: athshainítear ranna táirgí; níl feidhm ag grádúchán maidir le tíortha an GSP+. 3. Simplítear meicníocht iontrála an GSP+ agus déantar níos solúbtha í: ní mór do thíortha coinbhinsiúin a dhaingniú, níl orthu iad a chur chun feidhme go hiomlán, ach caithfidh siad gealltanais cheangailteacha a thabhairt go ráthóidh siad a gcur chun feidhme; is féidir le tíortha cur isteach ar an GSP+ tráth ar bith. 4. Déantar meicníocht mhonatóireachta an GSP+ a athcheapadh chun cur chun feidhme na gcoinbhinsiún a threisiú. 5. Tugtar isteach nósanna imeachta níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla chun fabhair a aistarraingt go sealadach. 6. Feabhsaítear nósanna imeachta riaracháin meicníochtaí cosanta. Eilimintí nach ionann iad sa dá fhorogha:- 1. An tairseach grádúcháin Rogha C1 Ní athraítear an tairseach grádúcháin. Rogha C2 Laghdaítear an tairseach grádúcháin go 7.5% agus cuirtear deireadh leis an líontán sábhála 50 %. 2. Critéir leochaileachta an GSP+ Rogha C1 Níl an tairseach maidir le líon na n-allmhairí chomh dian is a bhí (méadaítear í ó 1 % go 2 %). Rogha C2 Cuirtear deireadh leis na critéir leochaileachta. 3. Liosta choinbhinsiúin an GSP+ Rogha C1 Ní athraítear liosta choinbhinsiúin an GSP+. Rogha C2 Cuirtear le liosta choinbhinsiúin an GSP+.

Rogha D: Athcheapadh iomlán || Sa rogha seo áirítear gnéithe de rogha C agus cuirtear leis na gnéithe sin. Go háirithe, déantar cuimsiú táirgí na scéime a athcheapadh, agus trí fhorogha ann: Rogha D1 Faigheann gach tír is tairbhí cuimsiú iomlán táirgí agus meastar go bhfuil na táirgí ar fad neamh-íogair. Ní dhéantar aon ghrádúchán. Rogha D2 Aistrítear roinnt táirgí tionsclaíocha agus talmhaíochta ó liosta na dtáirgí íogaire go liosta na dtáirgí neamh-íogaire. Rogha D3 Cuirtear le liosta na dtáirgí a chuimsítear faoin scéim chun roinnt táirgí tionsclaíocha agus talmhaíochta a áireamh.

5. Analysis of impacts

5.1 Ginearálta

Is lú ná 5 % d'iomlán allmhairí an AE iad allmhairí a thairbhíonn de na fabhair. Fágann sin gur dóigh go mbeidh an tionchar ginearálta ar an AE teoranta cé go bhféadfadh sé go mbeadh tionchar mór ar thairbhithe. Rinneadh measúnú ar na cineálacha éagsúla tionchair trí úsáid a bhaint as an anailís a rinne CARIS, as anailís bhreise a rinneadh trí bhíthin mhúnla SMART[2], agus trí staidreamh oifigiúil an AE maidir le hallmhairí, táirgeadh, tomhaltas agus fostaíocht a scrúdú. Is í an fhostaíocht an phríomhathróg a úsáideadh chun anailís a dhéanamh ar an tionchar sóisialta. Is neamhthábhachtach i gcónaí na cineálacha tionchair atá ar an gcomhshaol, agus rinneadh anailís orthu sin ar leithligh.

5.2 Barúlacha maidir leis na bonnlínte (B1 agus B2)

Tagann laghdú nádúrtha ar leibhéal na ndleachtanna allmhairiúcháin (agus, dá bhrí sin, ar leibhéal na bhfabhar) de bharr chreimeadh na bhfabhar mar gheall ar mhargaí déthaobhacha agus iltaobhacha eile trádála. Laghdaíonn creimeadh na bhfabhar allmhairí ó thairbhithe den GSP; is i bhfianaise an méid sin atá an measúnú seo á dhéanamh. San fhadtéarma, nuair a bheidh gach comhaontú iltaobhach agus déthaobhach curtha chun feidhme, is dóigh go mbeidh dleachtanna chomh híseal sin nach mbeidh coincheap na bhfabhar ábhartha a thuilleadh agus is dóigh nach mbeidh scéim ghinearálaithe um fhabhair ábhartha ach oiread. D’fhéadfadh sé nach mór uirlisí eile iomlán difriúla a cheapadh. Go dtí sin, is í an cheist cad is féidir a dhéanamh do na tíortha is mó a bhfuil fabhair ag teastáil uathu.

5.3 Rogha A: foirceannadh

Le Rogha A cuirtear deireadh leis an GSP ach coimeádtar an scéim GRSA a mbaineann na tíortha is lú forbairt tairbhe aisti. Titeann iomlán allmhairí an AE, ach is titim bheag atá ann (thart ar €6 bhilliún, nó níos lú ná 1 %).

Measúnú ginearálta ar na héifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus na héifeachtaí ar an gcomhshaol

I gcomparáid le Rogha B1, is mar seo a leanas na héifeachtaí ginearálta. Meastar go mbeidh éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta diúltacha ar na tíortha is mó gátar. Bhainfeadh na tíortha is lú forbairt tairbhe as Rogha A, ach d'fhulaingeodh an iliomad tíortha eile i mbéal forbartha agus earnálacha eacnamaíocha is mó gátar freisin toisc go dtiocfadh deireadh leis an rochtain fhabhrach. Laistigh den AE, beidh tionchar ag trí eilimint ar éifeachtaí ginearálta eacnamaíocha agus sóisialta: barrachas an táirgeora, barrachas an tomhaltóra, agus ioncam ó tharaifí. Is dóigh go gcúiteofar tionchair dhiúltacha ar thomhaltóirí le hioncam níos airde ó tharaifí agus beidh an t-ardú ioncaim sin ar aon mhéad le méid na dtionchar diúltach. Sa chaoi sin is tairbhí do tháirgeoirí a bheadh sa tionchar ginearálta. Mar atá mínithe thuas, ní bheadh na tairbhí sin suntasach ar an iomlán, ach mar sin féin bheadh éifeachtaí dearfacha suntasacha acu ar earnálacha tábhachtacha (siúcra, torthaí agus glasraí, teicstílí agus éadach) agus ar Bhallstáit an AE ina bhfuil na hearnálacha sin tábhachtach. Dá bhrí sin, bheadh sé sin dearfach tríd is tríd. Bheadh na tionchair ar an gcomhshaol san AE beagán dearfach (sa chás is fearr), ós rud é gur beag a thitfeadh allmhairí. Maidir leis na tíortha is mó gátar, b’fhéidir, i gcás na dtíortha a chaillfeadh sochair an GSP+, go dtiocfadh meath ar chleachtais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ar an ábhar sin, ar an iomlán, d'fhéadfadh tionchar pas diúltach a bheith ann.

A i gcomparáid le B1 || Éifeachtaí eacnamaíocha || Éifeachtaí sóisialta || Éifeachtaí ar an gcomhshaol

Na tíortha is mó gátar || -- || -- || 0/-

AE || + || + || 0/+

I gcomparáid le bonnlíne B2, is dócha gur athruithe den chineál céanna a bheadh ann, ach bheadh siad i bhfad níos lú – chomh beag sin nach dtabharfaí faoi deara iad.

5.4 Rogha C: athcheapadh páirteach

Tá a lán eilimintí i gceist le Rogha C. Chun gnéithe éagsúla na n-eilimintí sin a thomhas, scrúdaíodh dhá fhorogha. Baineann na príomhdhifríochtaí eatarthu le grádúchán earnálacha iomaíocha agus leis na critéir leochaileachta faoin GSP+. Maidir le grádúchán, ní heol go fóill cé na hearnálacha a ndéanfar grádúchán orthu – braithfidh sin ar ríomhanna allmhairí ar bhonn na bhfigiúirí is déanaí a bheidh ar fáil roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin nua. Úsáideadh figiúirí reatha in áit na bhfigiúirí sin. Maidir le leochaileacht, laghdaíonn C1 déine an chritéir ‘eacnamaíoch’ tríd an gcritéar a athrú ó 1 % go 2 %. Ní heol go fóill liosta deiridh na dtíortha a chomhlíonfaidh an critéar maolaithe – arís, déanfar na ríomhanna sin ar bhonn na bhfigiúirí is déanaí a bheidh ar fáil roimh theacht i bhfeidhm an rialacháin nua. Úsáideadh na tíortha breise a chomhlíonfadh na coinníollacha faoi láthair (an Phacastáin, na hOileáin Fhilipíneacha agus an Úcráin) mar thíortha ionadacha.

Cuireann C2 deireadh leis na critéir leochaileachta agus cuireann ceanglais bhreise isteach maidir le coinbhinsiúin. Arís eile, cinnfear liosta deiridh na dtíortha a chomhlíonann an critéar ábhartha maidir le coinbhinsiúin chomh gar agus is féidir do thráth theacht i bhfeidhm an rialacháin nua. Faoi láthair, meastar gurb iad na tíortha sin na trí thír C1 móide an Namaib agus an Nigéir, tíortha a bhfuil na coinbhinsiúin ábhartha daingnithe acu ar fad cheana. Úsáideadh na tíortha sin mar thíortha ionadacha chun críche an chleachtais seo. AnaiDéantar anailís ar rogha C1 ag tús an mheasúnaithe, ansin cuirtear síos ar na príomhdhifríochtaí a thagann aníos faoi rogha C2.

5.4.1 Rogha C1

Measúnú ginearálta ar na héifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus na héifeachtaí ar an gcomhshaol

I gcomparáid le bonnlíne B1, is mar seo a leanas éifeachtaí ginearálta rogha C1. Titeann iomlán allmhairí an AE thart ar €4 bhilliún, is é sin le rá méadú €1 bhilliún ar allmhairí ó thíortha nach raibh páirteach riamh sa scéim, arna fhritháireamh le titim €5 bhilliún in allmhairí ó thíortha nach bhfuil ina mball den scéim a thuilleadh. Meastar go mbeidh éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta dearfacha ar na tíortha is mó gátar, toisc go méadóidh onnmhairí agus toisc go mbeidh buntáistí ann ó thaobh a leasa de.

Faoi mar atá faoi rogha A, is dóigh go gcúiteofar an tionchar diúltach ar thomhaltóirí an AE le hioncam níos airde ó tharaifí ós rud é go mbeadh an dá rud ar aon mhéid. Sa chaoi sin is tionchair ar tháirgeoirí a bheadh sa tionchar ginearálta. Mar atá mínithe thuas, ní bheadh na tairbhí sin suntasach ar an iomlán, ach bheadh éifeachtaí diúltacha suntasacha acu ar earnálacha tábhachtacha (rís, barra curaíochta, olaí agus saillte, siúcra, torthaí agus glasraí, teicstílí agus éadach, agus leathair) – agus ar Bhallstáit an AE ina bhfuil na hearnálacha sin tábhachtach. Dá bhrí sin, bheadh na cineálacha sin tionchair sin diúltach ar an iomlán. Bheadh na tionchair ar an gcomhshaol san AE beagán dearfach (sa chás is fearr), ós rud é gur beag a thitfeadh allmhairí. Maidir leis na tíortha is mó gátar, ar an iomlán tionchar beagán dearfach an toradh a bheadh ar mhéadú a theacht ar líon na dtairbhithe den GSP+.

C1 i gcomparáid le B1: || Éifeachtaí eacnamaíocha || Éifeachtaí sóisialta || Éifeachtaí ar an gcomhshaol

Na tíortha is mó gátar || ++ || ++ || 0/+

AE || - || - || 0/+

Nuair a dhéantar comparáid idir éifeachtaí rogha C1 agus bonnlíne B2, is dócha gur athruithe den chineál céanna a bheadh ann, ach bheadh siad i bhfad níos lú – arís eile, chomh beag sin nach dtabharfaí faoi deara iad.

5.4.2 Rogha C2

Tá difríocht thábhachtach amháin idir C2 agus C1. Déanann tairseacha grádúcháin níos ísle an leibhéal grádúcháin a mhéadú go suntasach i gcás tíortha agus earnálacha áirithe, go háirithe i gcás na hIndia. Tá roinnt éifeachtaí de thoradh air sin. Is é an chéad cheann laghdú níos mó ar onnmhairí a dhéanann rannpháirtithe an GSP ar an iomlán. Is é an dara ceann méadú ar onnmhairí GRSA, de réir mar a laghdaíonn an tionchar diúltach ar an mBanglaidéis (atá tuartha faoi C1). Dá thoradh sin, cé nach féidir beag a dhéanamh de na héifeachtaí dearfacha ar thairbhithe den scéim GRSA agus den GSP+, beidh onnmhairí an GSP a dhéanann a lán tairbhithe thíos leis. Meastar go gcúiteoidh éifeachtaí dinimiciúla an caillteanas statach sin go mór, agus mar sin meastar go mbeidh an tionchar dearfach ar an iomlán, ach is cinnte nach mbeidh sé chomh dearfach le tionchar C1. Ós rud é go bhfuil na tonchair eile an-chosúil le tionchair C1, is mar seo a leanas a bheadh tábla an mheasúnaithe tionchair i gcás C2:

C2 i gcomparáid le B1: || Éifeachtaí eacnamaíocha || Éifeachtaí sóisialta || Éifeachtaí ar an gcomhshaol

Na tíortha is mó gátar || + || + || 0/+

AE || - || - || 0/+

5.5 Rogha D: athcheapadh iomlán

Athshainíodh an chuid is mó d’eilimintí na scéime faoi rogha C. Mhol roinnt freagróirí sa chomhairliúchán, áfach, go leathnófaí an dá eochair-eilimint eile den scéim: raon na dtáirgí a chuimsítear agus na corrlaigh fhabhair. Dá bhrí sin scrúdaíodh freisin athdhearadh cuimsitheach a bhfuil na hathruithe atá beartaithe faoi rogha C ar áireamh ann, agus ina theannta sin athruithe ar an dá eilimint sin. Chun an anailís a shimpliú, ríomhtar foroghanna D mar bhreiseanna ar C2 amháin. Déantar measúnú ar thrí fhorogha. Is rogha é D1 a bhfuil go leor i gceist leis. Déanann sé leathnú iomlán an chuimsithe táirgí agus díothú na dtáirgí íogaire ar fad (e.g., déileáil níos mó ar bhonn saor ó dhleacht agus saor ó chuóta le tíortha GRSA) a sholáthar do na tíortha ar fad is mó gátar (is cuma cé acu tíortha an GSP nó an GSP+ atá iontu). Fágann sin nach bhfuil na tairbhithe atá fanta faoi réir grádúcháin a thuilleadh. Níl an méid céanna i gceist le D2 agus D3. Tógann siad paraméadair ar fad C2 (grádúchán san áireamh) agus cuireann leis sin aistarraingt táirgí áirithe ó liosta na dtáirgí íogaire (D2) agus leathnú páirteach an chuimsithe táirgí (D3).

5.5.1 Rogha D1: cuimsiú iomlán táirgí, dí-íogrú iomlán

Measúnú ginearálta ar na héifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta agus na héifeachtaí ar an gcomhshaol

I gcomparáid le bonnlíne B1, is mar seo a leanas éifeachtaí ginearálta rogha D1. Cé go meastar go mbeidh éifeachtaí dearfacha eacnamaíocha agus sóisialta ar an iomlán ar na tíortha is mó gátar, den chuid is mó is iad earnálacha atá iomaíoch cheana a bhainfidh na tairbhí sin, agus is iad na hearnálacha sin nach bhfuil chomh mór chun cinn a bheidh thíos leis. Bheadh éifeachtaí móra dáileacháin i gceist, toisc go mbeadh tionchar diúltach ar a lán tíortha eile is mó gátar ar an ábhar go bhfaigheadh an tSín, an India agus tíortha eile a bhí faoi réir grádúcháin roimhe seo an chion bhreise d’allmhairí an AE. Bheadh tairbhithe GRSA go háirithe thíos leis (is í an Bhanglaidéis an sampla is fearr de sin), mar a bheadh tíortha an GSP+ amhail an Phacastáin. Ba cheart mar sin don mheasúnú foriomlán dearfach ("+") an méid sin ar fad a chur san áireamh. Is dóigh go gcúiteofar tionchair dhearfacha ar thomhaltóirí le hioncam níos ísle ó tharaifí ós rud é go mbeidh an dá rud ar aon mhéid. Sa chaoi sin is tionchair ar tháirgeoirí a bheadh sa tionchar ginearálta. Mar atá mínithe thuas, ní bheadh na tionchair sin suntasach ar an iomlán, ach bheadh éifeachtaí diúltacha suntasacha acu ar earnálacha tábhachtacha – agus ar Bhallstáit an AE ina bhfuil na hearnálacha sin tábhachtach. Dá thoradh sin, bheadh na tionchair sin diúltach ar an iomlán. Cé go mbeadh siad níos feiceálaí ná na tionchair faoi rogha C, is dóigh go mbeadh siad chomh mór céanna. Bheadh na héifeachtaí ar an gcomhshaol san AE beagán diúltach, i bhfianaise an mhéadaithe fhoriomláin ar allmhairí. Is féidir tionchair dhiúltacha sna tíortha sin freisin a bheith mar thoradh ar an méadú mór ar allmhairí ón tSín nó ón India. Bheadh an tionchar ar thíortha an GSP+ dearfach ar an iomlán toisc go ndéanfaí an creat um chosaint an chomhshaoil faoina n-oibríonn gach gnó a fheabhsú trí na coinbhinsiúin ábhartha maidir leis an gcomhshaol a chomhlíonadh, agus é sin in ainneoin méadú a theacht ar onnmhairí. Ar an iomlán bheadh na héifeachtaí sin beagán diúltach.

D1 i gcomparáid le B1: || Éifeachtaí eacnamaíocha || Éifeachtaí sóisialta || Éifeachtaí ar an gcomhshaol

Na tíortha is mó gátar* || + || + || 0/-

AE || - || - || 0/-

*Nuair a chuirtear san áireamh le chéile iad, ceileann tionchair dhearfacha eacnamaíocha agus sóisialta ar na tíortha is mó gátar tionchair dhiúltacha shuntasacha ar thairbhithe den scéim GRSA agus den GSP+.

Nuair a chuirtear éifeachtaí rogha D1 i gcomparáid le bonnlíne B2, is dócha gur athruithe den chineál céanna a bheadh ann, ach amháin go mbeadh siad níos lú – ach fós thabharfaí faoi deara iad.

5.5.2 Roghanna D2 agus D3

Cuireann na roghanna sin le rogha C. Chun an anailís a shimpliú, níor úsáideadh ach ceann amháin de na roghanna, C2 sa chás seo, mar bhunús do D2 agus D3. Níl aon chúis le creidiúint go mbeadh difríochtaí suntasacha ann dá mba rud é go n-úsáidfí C1 mar bhunús in áit C2. Ós rud é nach n-athraíonn D2 agus D3 ach eilimint amháin san iarraidh i gcomparáid le C, níl luaite anseo ach na heilimintí nua is mó suntas.

Gineann D2 agus D3 creimeadh fabhar agus is iad na tíortha is lú forbairt atá thíos leis

Le rogha D2 scrúdaítear aistarraingt táirgí áirithe ó liosta na dtáirgí íogaire. Mar a bhí súil leis, is é an toradh láithreach creimeadh fabhar i gcás thíortha GRSA, go háirithe fad a bhaineann le hiomaitheoirí an GSP, arb iad na tíortha is mó a bhaineann tairbhe as an rogha sin. Bhíothas ag súil leis an méid sin, ós rud é gur léir ó mheastóireacht CARIS go gcuireann tíortha an GSP brú iomaíochta suntasach ar thairbhithe GRSA. Faigheann an India, an Indinéis, Vítneam agus an tSéalainn na gnóthachain ar fad, ach is ar éigean a fhaigheann tíortha GRSA gnóthachain. Le rogha D3 scrúdaítear leathnú an chuimsithe táirgí. Meastar go mbeidh tionchar cosúil le tionchar D2 ag D3: sochair do thíortha an GSP agus creimeadh fabhar agus caillteanais onnmhairí i gcás thíortha GRSA. Dearbhaíonn D2 agus D3 mar sin go bhfuil caillteanas i gceist le leathnú an chuimsithe táirgí agus aistarraingt táirgí áirithe ó liosta na dtáirgí íogaire, agus is iad na daoine is boichte a fhulaingíonn agus téann chun donais an creimeadh fabhar a bhfuil siad thíos leis dá thoradh.

D’fhéadfaí go gcuirfeadh D2 agus D3 bac ar chaibidliú comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha

I gcomparáid le rogha C, d’fhéadfadh na roghanna sin comhartha falsa a thabhairt dár gcomhpháirtithe trádála, tríd an ionchas a chruthú, maidir le lamháltais i ndáil le táirgí a tugadh isteach sa GSP nó a aistarraingíodh ó liosta na dtáirgí íogaire, gur féidir iad a fháil go huathoibríoch ón AE i gcaibidlíocht dhéthaobhach nó iltaobhach. Níl na hathruithe a thugtar isteach le D2 agus D3 mór go leor chun go n-athródh méid na coda eile de thorthaí rogha C. Bheadh brú breise, áfach, ar tháirgeoirí táirgí nua san AE, ar táirgí iad a thugtar isteach sa GSP, agus ar tháirgeoirí na n-earraí sin a fhaigheann lamháltais fhabhair níos airde trí dhí-íogrú.

6. Na roghanna a chur i gcomparáid lena chéile

6.1 Athbhreithniú ar roghanna éagsúla de réir cuspóirí agus tionchair

Sa tábla seo a leanas déantar comparáid idir an méid a bhaineann na roghanna éagsúla a scrúdaíodh thuas amach na cuspóirí a leagadh amach in athbhreithniú ar an scéim. Tá an chomparáid seo bunaithe ar thrí chritéar: éifeachtacht (líon na gcuspóirí a bhaintear amach, a mhéid a bhaintear amach iad); éifeachtúlacht (úsáid na n-acmhainní is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, éifeachtaí iarmharta nach raibh beartaithe); agus comhsheasmhacht le cuspóirí ginearálta an AE.

Roghanna || A || C1 || C2 || D1 || D2 || D3

Éifeachtacht || - || ++++ || +++ || -- || ++ || ++

Éifeachtúlacht || -- || +++ || ++ || -- || + || +

Comhsheasmhacht || ++++ || ++ || ++ || --- || + || +

Tá thíos anailís mhionsonraithe, anailís atá bunaithe ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht gach ceann de na roghanna ó thaobh bhaint amach na gcuspóirí ginearálta beartais.

6.2 Éifeachtacht na roghanna beartais ó thaobh bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha

Rogha A

Ní bhaineann rogha A cuspóir ginearálta G-1 amach (cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht trí onnmhairí na dtíortha is mó gátar a mhéadú) ach go páirteach. Ós rud é go ndíríonn sí fabhair ar na tíortha is lú forbairt, fágtar a lán tíortha eile a bhfuil riachtanais chosúla trádála, fhorbartha agus airgeadais acu gan fhabhair (cuspóir sonrach S-1) – tionchair dhiúltacha eacnamaíocha agus shóisialta an toradh a bheidh air sin. Thairis sin, má bhaintear fabhair ó roinnt de na tíortha is mó gátar nochtófar earnálacha onnmhairiúcháin sna tíortha sin d’iomaíocht ó thíortha forbartha. Tá rogha A go hiomlán contrártha le cuspóir sonrach S-4 agus le cuspóir ginearálta G-2 (forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a chur chun cinn). Thairis sin, ní dhéanann sé faic chun cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE (cuspóir ginearálta G-3 agus cuspóir sonrach S-5). I gcodarsnacht leis sin, is féidir le rogha A seasamh an AE i gcaibidlíocht dhéthaobhach agus iltaobhach a neartú (cuspóir sonrach S-3). Bheadh tionchair dhearfacha eacnamaíocha agus sóisialta aige ar earnálacha áirithe i mBallstáit áirithe tráth atá an-bhéim á cur ar dhlús a chur le hiomaíochas, le fás agus le cruthú post. Agus ar deireadh, tráth brú mhillteanaigh ar an airgeadas poiblí, méadaíonn sé ioncam ó tharaifí.

Rogha C1

Cuidíonn rogha C1 go mór le cuspóir ginearálta G-1 a bhaint amach (cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht trí onnmhairí na dtíortha is mó gátar a mhéadú). Go háirithe, áirithíonn sé go ndírítear fabhair i gceart ar na tíortha is mó gátar (S-1) agus laghdaíonn sé an bac ar éagsúlú (S-2) arb é is cúis leis an brú iomaíoch ó thairbhithe an chórais reatha atá níos forbartha. Chuideodh an scéim go mór le forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a chur chun cinn (G-2 agus S-4) a bhuí leis an meascán eilimintí atá i rogha C1, eadhon meicníocht iontrála níos solúbtha don GSP+, critéir thrádála cháilitheachta níos solúbtha, agus gan grádúchán a bheith ann. Feabhsaíonn sé éifeachtúlacht na hionstraime cosanta (S-5) agus na meicníochta aistarraingthe, rud a chuideodh le G-3. Méadaíonn sé ioncam ó tharaifí freisin. Bheadh éifeacht aige nach raibh beartaithe, is é sin le rá seasamh an AE i gcaibidlíocht dhéthaobhach agus iltaobhach trádála (ach sin maidir le níos lú tíortha ná faoi rogha A) a neartú. Bheadh tionchar diúltach eacnamaíocha agus sóisialta, áfach, ar earnálacha áirithe i mBallstáit áirithe.

Rogha C2

Is é an phríomhdhifríocht idir C2 agus C1 laghdú iomlán onnmhairí na dtíortha is mó gátar de thoradh thairseach grádúcháin níos ísle C2. Ina theannta sin, dá mhéid tíortha is tairbhithe an GSP+ a théann isteach sa scéim, is ea is mó a bheidh an brú iomaíochta ar na tíortha is lú forbairt – na tíortha is mó gátar de na tíortha ar fad atá i mbéal forbartha. Fágann na héifeachtaí sin gur lú éifeacht C2 chun cuspóir ginearálta G-1 a bhaint amach (cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht). Is fearr é, áfach, ná C1 ó thaobh a éifeachtachta dóchúlaí de maidir le G-2 a bhaint amach (forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn) toisc go bhforáiltear leis go ndéanfar athbhreithniú ar na coinbhinsiúin is gá a dhaingniú agus a chur chun feidhme.

Rogha D (ní phléitear ach D1 san achoimre feidhmiúcháin)

Díríonn rogha D1 orthu siúd is mó gátar trí fhabhair a chur ar fionraí i gcás tairbhithe atá saibhir go leor agus i gcás na dtíortha a thairbhíonn de rochtain fhabhrach trí bhíthin comhaontaithe dhéthaobhaigh. Cuireann sé deireadh iomlán le grádúchán, áfach, agus le rogha D1 déileáiltear le gach tairbhí sa chaoi chéanna is a dhéileáiltear le tíortha faoin scéim GRSA (rud a luathódh creimeadh fabhar i gcás na dtíortha is boichte). Dá bhrí sin, ar an iomlán, ní féidir a rá go mbaineann sé amach cuspóir G-1. Baintear go hiomlán freisin ó chuspóir G-2 (forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí mheán dhreasachtaí an GSP+) trí dhéileáil le gach tairbhí sa chaoi chéanna is a dhéileáiltear le tíortha faoin scéim GRSA. Feabhsaíonn rogha D1 éifeachtúlacht na hionstraime cosanta (S-5) agus na meicníochta aistarraingthe (S-6), agus sa chaoi sin cuidíonn sé ar bhealach dearfach le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE a chosaint (cuspóir ginearálta G-3). Meastar, áfach, go laghdóidh D1 ioncam ó tharaifí tráth brú mhillteanaigh ar an airgeadas poiblí. Is cúis é freisin le tionchair dhiúltacha eacnamaíocha agus shóisialta in earnálacha tionsclaíocha áirithe agus i mBallstáit áirithe. Agus lagódh sé go suntasach seasamh caibidlíochta an AE sa chomhthéacs déthaobhach agus iltaobhach (cuspóir sonrach S-3).

6.3 An rogha is fearr

Is é C, agus go háirithe C1, an rogha is fearr a bhaineann amach cuspóirí na scéime sa bhealach is éifeachtúla, is éifeachtaí agus is comhsheasmhaí. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil gnéithe dearfacha ag baint le C2 (athbhreithniú ar liosta na gcoinbhinsiún) ar féidir iad a chur san áireamh freisin.

7. Monatóireacht agus Meastóireacht

Áirítear sa tábla thíos moltaí maidir le táscairí is féidir a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus éifeachtacht na rogha is fearr ó thaobh bhaint amach cuspóirí ginearálta beartais.

Cuspóirí Ginearálta || Táscairí || Foinsí faisnéise

Cuidiú le deireadh a chur le bochtaineacht trí onnmhairí ó na tíortha is mó gátar a mhéadú || - onnmhairí tíortha i mbéal forbartha chuig an AE a mhéadú - líon na n-allmhairí ó na tíortha is mó gátar a mhéadú - úsáid mhéadaithe na bhfabhar - grádúchán éifeachtach na n-earnálacha iomaíocha - éagsúlú a mhéadú || - Sonraí Eurostat

Forbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a chur chun cinn || - líon méadaithe tíortha a gheallann go n-urramóidh siad prionsabail na forbartha inbhuanaithe agus an dea-rialachais laistigh de shocrú an GSP+ - feabhas foriomlán ar chur chun feidhme choinbhinsiúin an GSP+ de chuid thairbhithe den GSP+ - líon na n-aistarraingtí || - tuarascálacha de chuid comhlachtaí idirnáisiúnta monatóireachta - Ard-stiúrthóireacht na Trádála

Cosaint níos fearr a áirithiú do leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an AE. || - líon na n-iarratas ar chosaint - líon na mbeart cosanta - ioncam a chailltear de bharr na scéime - líon na gcomhaontuithe fabhracha trádála arna síniú le tairbhithe - líon na gcomhaontuithe fabhracha trádála arna síniú le neamhthairbhithe || - Iarratais ar chosaint - Sonraí Eurostat - Ard-stiúrthóireacht na Trádála

Ba cheart éifeachtacht an GSP a bheith faoi réir meastóireachta foirmeálta neamhspleáiche sula ndéanfar aon athbhreithniú amach anseo. Le bheith éifeachtach, is dóigh go mbeidh ar a laghad sonraí iar-chur chun feidhme trí bliana ag teastáil don mheastóireacht sin, rud a fhágann nach féidir an t-athbhreithniú a dhéanamh roimh dheireadh 2017 ar a luaithe.

[1]               http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2010/may/tradoc_146196.pdf

[2]               Múnla a d’fhorbair an Banc Domhanda i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla.