52011PC0938

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a fheidhmiú /* COIM/2011/0938 leagan deireanach - 2011/0465 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 29 Aibreán 2008, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i Lucsamburg idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an gcéad lá den dara mí tar éis an dáta a dtabharfaidh na páirtithe fógra dá chéile go bhfuil a nósanna imeachta daingniúcháin tugtha chun críche.

Maidir leis an gComhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na Seirbia, a síníodh ar an dáta céanna chun go bhféadfaí forálacha trádála agus forálacha a bhaineann le trádáil den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais (CCC) a chur i bhfeidhm go luath, tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2010.

Agus é d'aidhm aige go gcuirfear an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm i gceart agus go rianúil, beartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh do chur chun feidhme forálacha áirithe sna Comhaontuithe sin, mar a rinneadh do CCCanna agus do Chomhaontuithe Eatramhacha roimhe seo.

2011/0465 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le nósanna imeachta áirithe chun an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a fheidhmiú, agus chun an Comhaontú Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile, a fheidhmiú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[2],

De bharr an méid seo a leanas:

1. An 29 Aibreán 2008, síníodh Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (dá gairtear 'CCC' anseo feasta). Tá an CCC á dhaingniú faoi láthair.

2. An 29 Aibreán 2008, rinne an Chomhairle Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil a thabhairt i gcrích idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile[3], (dá ngairtear 'Comhaontú Eatramhach' anseo feasta) lena bhforáiltear go dtiocfaidh forálacha trádála agus forálacha a bhaineann le trádáil de chuid an CCC i bhfeidhm go luath. Tháinig an Comhaontú Eatramhach i bhfeidhm an 1 Feabhra 2010.

3. Is gá rialacha a leagan síos maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Eatramhach, chomh maith le nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh. Ós rud é gurb ionann, den chuid is mó, forálacha trádála agus forálacha a bhaineann le trádáil sna hionstraimí seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le cur chun feidhme an CCC tar éis dó teacht i bhfeidhm.

4. Ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe Eatramhaigh agus an CCC, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[4]. I bhfianaise gur cuid den chomhbheartas tráchtála iad na bearta cur chun feidhme, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh. I gcás ina ndéanann an Comhaontú Eatramhach agus an CCC foráil maidir leis an deis, in imthosca eisceachtúla agus géibheannacha, na bearta is gá chun dul i ngleic leis an staid a chur i bhfeidhm láithreach, ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh láithreach.

5. Ordaítear sa CCC agus sa Chomhaontú Eatramhach go bhféadfar táirgí áirithe talmhaíochta agus iascaigh de thionscnamh na Seirbia a allmhairiú isteach san Aontas ar dhleacht chustaim laghdaithe, laistigh de theorainneacha na gcuótaí taraife. Is gá, dá bhrí sin, forálacha a leagan síos lena rialáiltear bainistiú na gcuótaí taraife sin.

6. I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir leis na comhrialacha d'allmhairí[5], Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009 ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear comhrialacha d'onnmhairí[6], Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[7] nó, de réir an cháis, Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad[8].

7. I gcás ina dtugann Ballstát faisnéis don Choimisiún faoi chalaois a d'fhéadfadh a bheith ann nó faoi mhainneachtain comhar riaracháin a sholáthar, beidh feidhm ag an reachtaíocht ábhartha Aontais, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart[9].

8. Sa Rialachán seo, tá bearta cur chun feidhme don Chomhaontú Eatramhach, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm aige ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Eatramhaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Sa Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le rialacha mionsonraithe a ghlacadh, maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe den Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (dá ngairtear 'CCC' anseo feasta), agus an Comhaontú Eatramhach ar thrádáil agus ar ábhair a bhaineann le trádáil idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt, agus Poblacht na Seirbia, den pháirt eile (dá ngairtear 'Comhaontú Eatramhach' anseo feasta).

Airteagal 2

Lamháltais d'iasc agus do tháirgí iascaigh

Déanfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 14 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin Airteagal 29 den CCC, maidir le cuótaí taraife d'iasc agus do tháirgí iascaigh, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin atá leagtha amach in Airteagal 13(3).

Airteagal 3

Laghduithe taraife

1. Faoi réir mhír 2, déanfar rátaí dleachta fabhraí a shlánú síos go dtí an chéad ionad deachúlach.

2. Más rud é, agus mír 1 á cur i bhfeidhm, gurb ionann toradh ríomh an ráta dleachta fabhraí agus ceann díobh seo a leanas, measfar an ráta fabhrach mar dhíolúine iomlán:

a) 1 % nó níos lú i gcás dleachtanna ad valorem , nó

b) EUR 1 nó níos lú in aghaidh an méid aonair sna dleachtanna sonracha

Airteagal 4

Oiriúnuithe teicniúla

I gcás leasuithe agus oiriúnuithe ar fhorálacha arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a raibh gá leo i ngeall ar athruithe ar chóid na hAinmníochta Comhcheangailte agus ar fhoranna TARIC nó a thig as Comhaontuithe nua nó modhnaithe faoi Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus Poblacht na Seirbia, déanfar iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 13(3) nó, de réir an cháis, i leith táirgí talmhaíochta i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 14(2).

Airteagal 5

Clásal cosanta ginearálta

Gan dochar d'Airteagal 7, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin Airteagal 41 den CCC, glacfar é i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 260/2009, mura sonraítear a mhalairt in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 41 den CCC.

Airteagal 6

Clásal ganntanais

Gan dochar d'Airteagal 7, i gcás inar gá don Aontas beart a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 27 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 42 den CCC, glacfar é i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1061/2009.

Airteagal 7

Imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

I gcás ina dtagann imthosca eisceachtúla agus géibheannacha chun cinn de réir bhrí Airteagal 26(5)(b) agus Airteagal 27(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin Airteagal 41(5)(b) agus Airteagal 42(4) den CCC, féadfaidh an Coimisiún bearta a ghlacadh láithreach mar a fhoráiltear in Airteagal 26 agus Airteagal 27 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 41 agus Airteagal 42 den CCC, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 8

Clásal cosanta do tháirgí talmhaíochta agus iascaigh

D'ainneoin na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, i gcás inar gá don Aontas beart cosanta a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 17(2) nó Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 32(2) nó Airteagal 41 den CCC, maidir le táirgí talmhaíochta agus iascaigh, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, na bearta is gá a chinneadh tar éis dó, i gcás inarb infheidhme, dul ar iontaoibh an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach agus dá éis sin in Airteagal 41 den CCC.

Má fhaigheann an Coimisiún iarraidh ó Bhallstát, déanfaidh sé cinneadh fúithi:

a) laistigh de thrí lá oibre tar éis an iarraidh a fháil, i gcás nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach agus dá éis sin in Airteagal 41 den CCC; nó

b) laistigh de thrí lá ó dheireadh na tréimhse tríocha lá dá dtagraítear in Airteagal 26(5)(a) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 41(5)(a) den CCC, i gcás ina bhfuil feidhm ag an nós imeachta atreorúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 26 den Chomhaontú Eatramhach agus dá éis sin in Airteagal 41 den CCC.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta sin is infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(3).

Airteagal 9

Faireachas

Chun críocha Airteagal 17(2) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin Airteagal 32(2) den CCC, a chur chun feidhme, bunófar faireachas Aontais ar allmhairí earraí atá liostaithe in Iarscríbhinn V de Phrótacal 3. Beidh feidhm ag an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 308d de Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 lena leagtar síos forálacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail[10].

Airteagal 10

Dumpáil agus fóirdheontas

I gcás cleachtais ar dóchúil gur gá don Aontas na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 25(2) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 40(2) den CCC, a chur i bhfeidhm ina leith, déanfar bearta frithdhumpála agus/nó frithchúitimh a chinneadh i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 faoi seach.

Airteagal 11

Iomaíocht

1. I gcás cleachtais a mheasann an Coimisiún nach bhfuil sé comhoiriúnach d’Airteagal 38 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin d’Airteagal 73 den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin dó ag Ballstát, an beart is iomchuí dá bhforáiltear in Airteagal 38 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 73 den CCC, a chinneadh.

Déanfar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 38(10) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 73(10) den CCC, a ghlacadh i gcás cabhrach i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 597/2009.

2. I gcás cleachtais lena bhféadfaidh Poblacht na Seirbia a chur faoi deara bearta a chur i bhfeidhm maidir leis an Aontas ar bhonn Airteagal 38 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin ar bhonn Airteagal 73 den CCC, cinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an cás a scrúdú, cibé atá nó nach bhfuil an cleachtas comhoiriúnach do na prionsabail atá leagtha amach sa Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin sa CCC. I gcás inar gá, déanfaidh sé na cinntí iomchuí ar bhonn critéar a thig as cur i bhfeidhm Airteagal 101, Airteagal 102 agus Airteagal 107 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 12

Calaois nó mainneachtain comhar riaracháin a sholáthar

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, ar bhonn faisnéise arna soláthar ag Ballstát nó ar a thionscnamh féin, gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 31 den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 46 den CCC, déanfaidh sé an méid seo a leanas gan mhoill:

a) an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas; agus

b) fógra faoina chinntí a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus dá éis sin don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, mar aon le faisnéis oibiachtúil, agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eatramhach, agus dá éis sin leis an gCoiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas.

Aon rud a fhoilsítear faoi Airteagal 31(5) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin faoi Airteagal 46(5) den CCC, foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 13(2), cóir fhabhrach ábhartha na dtáirgí dá bhforáiltear in Airteagal 31(4) den Chomhaontú Eatramhach, agus dá éis sin in Airteagal 46(4) den CCC, a chur ar fionraí.

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1. Beidh an Coiste um Chód Custaim arna bhunú le hAirteagal 248a de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail[11] de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 14

Nós imeachta coiste maidir le táirgí talmhaíochta

1. Beidh an Coiste Bainistíochta um Chomheagraíocht na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 195 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta[12] de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa choiste sin coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste do bhearta in imthosca eisceachtúla agus géibheannacha

1. Beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 260/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 16

Fógra a thabhairt

Beidh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, freagrach as fógra a thabhairt don Choiste Eatramhach, agus dá éis sin don Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais agus don Choiste um Chobhsaíocht agus Comhlachas, faoi seach, mar a cheanglaítear faoin gComhaontú Eatramhach nó faoin CCC.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón 1 Feabhra 2010.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C [… ], [… ] , lch. [… ].

[2] IO C [… ], [… ] , lch. [… ].

[3] IO L 28, 30.1.2010, lch. 1.

[4] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[5] IO L 84, 31.3.2009, lch. 1.

[6] IO L 291, 7.11.2009, lch 1.

[7] IO L 343, 22.12.2009, lch. 51.

[8] IO L 188, 18.7.2009, lch. 93.

[9] IO L 82, 22.3.1997, lch. 1.

[10] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

[11] IO L 302, 19.10.1992, lch. 1.

[12] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.