Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár 'Pericles 2020') /* COIM/2011/0913 leagan deireanach - 2011/0449 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Clár malartaithe, cúnaimh agus oiliúna le haghaidh an euro a chosaint ar ghóchumadh atá i gclár Pericles. Chuir Cinneadh 2001/923/EC ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 an clár ar bun agus leathnaigh Cinneadh 2001/924/EC ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 a fheidhm gur chumhdaigh sé na Ballstáit de chuid an AE nár ghlac an euro mar airgeadra. Leasuithe ar na gníomhartha bunúsacha sin a rinneadh le Cinntí 2006/75/EC, 2006/76/EC, 2006/849/EC agus 2006/850/EC ón gComhairle, chuir siad síneadh ar thréimhse an chláir go dtí an 31 Nollaig 2013. Tá ceisteanna maidir le cosaint an euro curtha san áireamh sa Chonradh tríd an bhforáil atá déanta do na bearta is gá le go n-úsáidfear mar airgeadra aonair é (Airteagal 133 den CFAE). Ó éagfaidh an bun dlí atá le Pericles ag deireadh 2013, ba cheart go n-áiritheodh an clár a thiocfaidh ina ionad go leanfaidh an tAontas de thacú leis na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún agus na Ballstáit féachaint malartuithe ball foirne agus faisnéise a fheabhsú, staidéir a dhéanamh agus oiliúint nó cúnamh teicniúil agus eolaíochta a chur ar fáil maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar. Tarraingíonn an euro go fóill mian grúpaí coireachta eagraithe a bhfuil baint acu le góchumadh airgid, san Eoraip féin agus i réigiúin eile sa domhan. Ós rud é go bhfuil gné idirnáisiúnta ag góchumadh an euro tá gá le comhordú fornáisiúnta le dul i ngleic leis. Trí bhíthin chlár Pericles, díríonn an Coimisiún an cineál sin comhordaithe trí mhalartuithe, trí imeachtaí oiliúna agus trí chúnamh teicniúil a chur ar fáil. Comhlánaíonn an clár an oiliúint náisiúnta go háirithe trí shainstraitéis oiliúna agus cúnaimh a chur i bhfeidhm[1], rud a dhéanann ildisciplíneach agus trasnáisiúnta an oiliúint sin. Tugann sé faill dá thairbhithe bheith rannpháirteach in oiliúint idirnáisiúnta agus ardaíonn sé caighdeán an chomhair lasmuigh den Aontas Eorpach trí ról díreach in imeachtaí oiliúna ar leith a thabhairt do na tríú tíortha is íogaire. Déanann clár Pericles leanúnachas a áirithiú maidir le hairdeall, oiliúint agus cúnamh teicniúil, mar is gá leis an euro a chosaint go leanúnach ar ghóchumadh trí chreat cobhsaí a sholáthar le haghaidh phleanáil ghníomhaíochtaí na mBallstát. Tháinig torthaí móra ar an gcur chuige sin maidir le líon na mball foirne a oileadh, caighdeán na hoiliúna, sineirgíocht agus torthaí oibríochta maidir le cosaint an euro. 2. TORTHAÍ NA g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Mar chuid de Pericles tá sraith gníomhaíochtaí ildisciplíneacha a bhaineann le páirtithe leasmhara a bhfuil tábhacht le gach ceann acu sa chomhrac i gcoinne ghóchumadh an euro ach a chuireann leis an gcomhrac ar dhóigheanna éagsúla (a bhaineann le teicneolaíocht, dlí, airgeadas, nó forghníomhú dlí). Chnuasaigh an Coimisiún tuairimí pháirtithe leasmhara chlár Pericles ar na dóigheanna seo a leanas: (i) measúnú lár téarma a rinneadh le tairbhithe an chláir ag tús 2011; (ii) na foirmeacha measúnaithe a líonann na daoine atá rannpháirteach i Pericles tar éis gach gníomhaíochta agus (iii) na tuairimí a thug na saineolaithe atá sa Sainghrúpa Eorpach Um Ghóchumadh (SGEG)[2], grúpa ina mbíonn cur i bhfeidhm chlár Pericles ar na gnáthábhair phléite. Léiríodh an-sásamh leis an gclár sa mheasúnú lár téarma; bhí na tairbhithe uile (100 %) sásta agus mhol siad uile é a shíneadh an clár thar 2013 amach. Ba mhór a meas freisin ar an dóigh ar riar an Coimisiún an clár. Bhí 98% de na daoine a bhí rannpháirteach i Pericles sásta leis an ngné sin. Lena chois sin, dar le saineolaithe de chuid an SGEG go raibh a leibhéal rannpháirtíochta i riar an chláir ard nó an-ard ar leibhéal iltaobhach agus déthaobhach . Léiríonn tuairimí na dtairbhithe agus na saineolaithe go ndéanann gníomhaíochtaí oiliúna Pericles (i) líon na ndaoine a oiltear ar leibhéal náisiúnta a mhéadú agus caighdeán na hoiliúna a ardú trí ghné idirnáisiúnta agus ildisciplíneach a chur leis; (ii) oiliúint náisiúnta a chomhlánú agus mhéadú; (iii) tionchar a imirt go díreach ar thorthaí oibríochta (oiliúint baill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le cosaint an euro, amhail póilíní, baill foirne bhreithiúnacha agus airgeadais); agus (iv) ról lárnach a chomhlíonadh i gcur ar chumas na dtairbhithe a n-oiliúint féin a dhéanamh. I bhfianaise an mheasúnaithe, sainaithníodh roinnt réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú. Baineann siad seo, inter alia, le simpliú a dhéanamh ar mhéid an deontais a cinneadh agus leis na nósanna imeachta a shoiléiriú. Tá na moltaí sin curtha san áireamh sa togra ón gCoimisiún. 2.2. Rinne an Coimisiún measúnú tionchair. Breithníodh ceithre rogha: Rogha 1: An clár a choinneáil ar bun agus an leibhéal céanna cistithe aige Leanúint den chlár ar an leibhéal céanna cistithe (an cás bunlíne). Rogha 2: Clár Pericles a athnuachan trí chuspóirí feabhsaithe agus modheolaíocht fheabhsaithe a chur leis, lena n-áirítear, go háirithe, ardú ar an uasráta cómhaoinithe. Rogha 3: Pericles a chumasc le cláir eile de chuid an Choimisiúin. Rogha 4: Scor de chlár Pericles, agus é a fhágáil faoi na Ballstáit gníomhaíochtaí a eagrú ar leibhéal náisiúnta leis an euro a chosaint. I bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, taithí a bhaineann go mór le gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Choimisiúin maidir leis an euro a chosaint, agus i bhfianaise an tionchair a bhfuiltear ag súil leis (lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá á bhforbairt faoi láthair), is í rogha na tosaíochta an rogha a thabharfadh clár athnuaite maille le cuspóirí feabhsaithe agus modheolaíocht fheabhsaithe. Mar chuid den rogha sin tá leithdháileadh buiséid i bhfíorphraghsanna atá cosúil leis an leithdháileadh atá ann faoi láthair (tuairim is EUR 1 milliún sa bhliain).Déanann sé níos solúbtha an dóigh a gcinntear méid an deontais tríd an dóigh a gcinntear na costais bheidh ar na Ballstáit a shimpliú[3]; déanann sé réimse na ngníomaíochtaí inghlactha a leathnú trí cheannach trealaimh a cheadú le haghaidh úsáid sainghníomhaireachtaí frithghóchumtha i dtríú tíortha leis an euro a chosaint ar ghóchumadh; agus ardaíonn sé ráta an chomhmhaoinithe go huasmhéid 90% de na costais inghlactha, i gcásanna cuí-réasúnaithe eisceachtúla. Ba cheart go rachadh an bheart sin i ngleic le claonadh a nochtadh le blianta beaga anuas, mar atá, gur lú cumas ag Ballstáit tograí a chomhchistiú de dheasca easpa ginearálta ar na cistí atá le fáil ag riaracháin phoiblí. Éascóidh ráta níos airde comhchistithe dáileadh níos cothroime geografach de na gníomhaíochtaí trí ligean do níos mó Ballstát iarratas a dhéanamh. Os a choinne sin, cé gur lú an caiteachas ar leibhéal an AE dá scoirfí den chlár, ní dhéanfaí fíorchoigilt, ní chúiteofaí acmhainní ar leibhéal náisiúnta ná i gcreat clár eile de chuid an AE. Chuirfí i mbaol, mar sin, cosaint éifeachtach aonfhoirmeach an euro ar fud na mBallstát agus sna tríú tíorthaí.. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1 An euro a chosaint ar ghóchumadh Is é an tAontas Eorpach an t-aon chomhlacht inniúil maidir le beartas airgeadaíochta na mBallstáit a bhfuil arb é an euro a n-airgeadra (Airteagal 3(1)(c) den CFAE). Foráiltear sa Chonradh gurb iad Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a leagfaidh síos na bearta is gá d’úsáid an euro mar airgeadra aonair. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh ar na bearta sin freisin. Ar bhonn an Airteagail sin tá údarás eisiach ag an AE ar chosaint an euro mar airgeadra aonair (Airteagal 3(1)(c) den CFAE). I gcomhthreo leis sin, eisíonn na húdaráis náisiúnta nótaí bainc agus boinn euro i gcómhréir le hAirteagal 128 den CFAE. Tá reachtaíocht náisiúnta glactha agus rialacha inmheánacha curtha ar bun ag Ballstáit leis an euro a chosaint. Baineann clár Pericles le sainréimse sin gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh agus leis an gcomhar a dhéanann sé le húdaráis inniúla na mBallstát, agus le hinstitiúidí agus le comhlachtaí eile Eorpacha freisin, OLAF go háirithe. Ní foláir ionstraim ar leith a bheith ann i gcónaí atá dírithe ar chosaint an euro ar chalaois agus ar ghóchumadh. An tacaíocht a thabharfadh cláir atá dírithe ar réimse leathan, ní bheadh sí chomh héifeachtach céanna ag dul i ngleic le saincheist mar seo agus a bheadh clár Pericles, agus, i dtaca leis an bpolaitíocht de, ba cheart go léireodh institiúidí an AE go bhfuil siad uile tiomanta do dhul i ngleic leis an ngné thábhachtach seo de bheartas an AE agus den fhéiniúlacht Eorpach. Dá réir sin déanfaidh clár Pericles an méid seo a leanas: - plé le cosaint an euro amháin, i gcomhthéacs dearcaidh fhadtéarmaigh atá ag teacht le cuspóirí eile de chuid an AE, ar bhonn na dtosaíochtaí a chinnfear gach bliain don tsainréimse oilteachta seo; - faill a thabhairt do chláir eile de chuid an AE díriú ar thosaíochtaí seachas cosaint an euro; - torthaí na ngníomhaíochtaí a comhchistíodh cheana sa réimse seo, lena n-áirítear iad siúd a bhain le rialacha spriocdhírithe maidir le tairbhithe agus cothroime gheografach, a chur go hiomlán san áireamh; - iarracht ní amháin dul i bhfeidhm go díreach ar an gcás ina bhfuil cuid de na Ballstáit, ach béim throm a leagan ar an dlúthbhaint atá ag cosaint airgeadra aonair na hEorpa leis an AE. 3.2 Simpliú Tosaíocht atá ag an gCoimisiún sa chlár seo, agus i gcláir eile i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil cúrsaí rialaithe a shimpliú agus éascú a dhéanamh, an méid agus is féidir, ar an rochtain ar an gclár atá ag na húdaráis náisiúnta sna Ballstáit agus ar an úsáid a bhaineann tríú tíortha ábhartha as. Cuirtear an cur chuige sin i bhfeidhm i Pericles 2020 trí nós imeachta riaracháin caighdeánaithe atá níos simplí agus níos comhleanúnaí maidir le rochtain ar chistiú a chur ar fáil do na tairbhithe. Tá an clár atá beartaithe ag teacht go hiomlán leis an Rialachán Airgeadais agus lena fhorálacha cur chun feidhme. Is iad na deontais agus an soláthar na príomhionstraimí airgeadais a úsáidtear leis an gclár a chur i bhfeidhm. I bhfianaise thorthaí an mheasúnaithe lár téarma, éascóidh an clár ullmhú iarratas ag na húdaráis náisiúnta inniúla. Le nósanna imeachta a shimpliú agus leis an ualach riaracháin a laghdú, soiléireofar ríomh na suimeanna a bheidh le deonadh agus déanfar an clár níos fusa le húsáid. Leasófar an reachtaíocht le solúbthacht níos mó a cheadú maidir le húsáid na suime arna deonú ; bainfear an cuspóir sin amach trí shimpliú a dhéanamh ar na forálacha airgeadais sin sa chlár a shainíonn go docht na sainchostais atá le híoc ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún . Baineann beart eile simpliúcháin atá ar an gclár le faisnéis a thabhairt go díreach d’ionadaithe na mBallstát atá ar an Sainghrúpa Eorpach Um Ghóchumadh (SGEG) agus le dul i gcomhairle go díreach leo ag céimeanna ar leith de chur i bhfeidhm an chláir. Féadfar, ar an dóigh sin, feabhsuithe ar chur i bhfeidhm agus nósanna imeachta a cheangal níos dlúithe den chlár Oibre Bliantúil ar bhun an aischuir a gheofar ón na saineolaithe atá rannpháirteach sa ghrúpa sin. 3.3 Comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus breisluach an chláir Tá páirtbhaint ag clár Pericles le gníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, OLAF go háirithe, le comhar a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus leis na comhlachtaí Eorpacha agus leis na Ballstáit . De réir chineál an chláir, mar sin, ní féidir príomhchuspóirí an togra a bhaint amach trí bhearta ar an leibhéal náisiúnta amháin. Is léir freisin ón gcomhairliúchán a rinneadh leis na príomhpháirtithe leasmhara a mbaineann cur i bhfeidhm chlár Pericles leo gur comhlíonadh go hiomlán prionsabal na comhréireachta. Tionscnaíonn an Coimisiún cláreagrú bliantúil agus ilbhliantúil an Aontais (Airteagal 17 den CAE). Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí na mBallstát a gcumas riaracháin a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. D'fhéadfadh a bheith san áireamh leis sin malartú faisnéise agus státseirbhíseach a éascú agus tacú le scéimeanna oiliúna. Tá údar maith, dá bhrí sin, le caiteachas ar leibhéal an AE ar chosaint an euro bheith ina inniúlacht eisiach ag an AE. Tá breisluach chlár Pericles le sonrú mar sin go príomha sna torthaí atá ar an gcomh-shainoiliúint agus ar an gcomh-shainchúnamh; ní dhéantar oiliúint den chineál sin, imeachtaí múscailt feasachta ildhisciplíneacha idirnáisiúnta agus sainchúnamh eile ach ar bhonn chlár Pericles. Lena chois sin, is ar éigean a dhéanfaí malartú baill foirne, ceann de na gnéithe is ráthúla den chlár agus a chuir le comhar ní ba dhlúithe agus le líonrú, murach clár Pericles. Tá Pericles ag cur go dtí seo leis an leibhéal ard comhair idir na Ballstáit agus le tríú tíortha, rud a thug leibhéil ísle góchumadh euro agus fionnachtana rialta ceardlann clóbhuailte mídhleathach agus miontaí ar lean gabháil góchumadóirí iad. Cuirfidh clár Pericles 2020 go mór le caomhnú agus le feabhsú an leibhéil aird chosanta ar an euro a ghabhann leis an dlús a cuireadh le comhar trasteorann, le malartaithe agus le cúnamh. Ag an am céanna, déanfar coigilt ar an iomlán as na gníomhaíochtaí agus as an soláthar a comheagrófar i dtaca le tionscnaimh aonair náisiúnta ab fhéidir a bheith ann. Pléitear tosaíochtaí agus straitéisí cur chun feidhme go rialta i gcruinnithe de chuid an tSainghrúpa Eorpaigh Um Ghóchumadh (SGEG). Baineann an SGEG le cur i bhfeidhm gníomhaíochtaí de chuid Pericles agus tá baint aige leis. Lena chois sin, athnuadh na cuspóirí agus aird ar leith á tabhairt ar chritéir shonracha intomhaiste insroichte ábhartha agus faoi cheangal ama (SMART). Cuideoidh sé freisin cur i bhfeidhm agus faireachán iomchuí a áirithiú. 3.4 Bunús dlí Is é Airteagal 133 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo. Trí bhíthin togra le haghaidh Rialacháin chomhthreomhair arna bhunú ar Airteagal 325 den CFAE leathnófar infheidhmeacht chlár Pericles d'fhonn na Ballstáit nár ghlac an euro mar airgeadra aonair a chumhdach. 4. IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA Cumhdóidh an clár seo tréimhse 2014-2020. EUR 7 700 000 de réir praghsanna reatha an buiséad iomlán. Tá an tsuim seo i gcomhréir le togra an Choimisiúin maidir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile le haghaidh na tréimhse 2014-2020: Buiséad don Eoraip 2020[4]. Déanann an ráiteas reachtach airgeadais a ghabhann leis an togra seo na himpleachtaí buiséadacha agus na hacmhainní daonna agus riaracháin atá de dhíth a leagan amach. 2011/0449 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár 'Pericles 2020') TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 133 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[5], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 1. Tá curtha rompu ag an Aontas agus ag na Ballstáit na bearta is gá chun an euro a úsáid mar airgead aonair a leagan síos. Tá cosaint an euro ar ghóchumadh ar cheann de na bearta sin. 2. I Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001[6] ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh, foráiltear maidir le malartú faisnéise, comhar agus cúnamh frithpháirteach, á bhunú, ar an dóigh sin, creat comhchuibhithe chun an euro a chosaint. Leathnaíodh feidhm an Rialacháin sin ionas go gcumhdófaí na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair, chun go mbeadh leibhéal coibhéiseach cosanta ag an euro ar fud an Aontais. 3. Gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo malartú faisnéise, ball foirne, cúnaimh theicniúil agus eolaíoch agus oiliúna speisialaithe a chur chun cinn, is cuidiú mór iad airgeadra aonair an Eoraip a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar agus, ar an dóigh sin, ardleibhéal de chosaint choibhéiseach a áirithiú ar fud an Aontais. 4. A bhuí le tacaíocht a tugadh san am a caitheadh le tionscnaimh den chineál sin, trí bhíthin Threoir 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001 lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár Pericles)[7], bhíothas in ann feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát atá ceaptha an euro a chosaint ar ghóchumadh. Baineadh amach cuspóirí chlár Pericles don tréimhse 2002–2006 agus don tréimhse 2007–2013 araon. 5. Rinne an Coimisiún measúnú tionchair in 2011 chun a mheas ar ghá an clár a choinneáil ar bun. 6. D'fhonn gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát atá ceaptha an euro a chosaint ar ghóchumadh a choinneáil ar bun, agus d'fhonn iad a fhorbairt, is gá dúshláin nua atá tagtha chun cinn i ngeall ar dhéine bhuiséadach a chur san áireamh. Faoin gclár nua, féadfaidh rannpháirtithe ó thríú tíortha a áireamh i moltaí na mBallstát rannpháirteach, más rud é go bhfuil a rannpháirteachas tábhachtach chun an euro a chosaint. 7. Ba cheart a áirithiú go bhfuil an clár gníomhaíochta seo i gcomhréir le cláir agus gníomhaíochtaí eile agus ina chomhlánú orthu. Ba cheart don Choimisiún gach comhairliúchán is gá a dhéanamh leis na príomhpháirtithe ábhartha (go háirithe leis na húdaráis náisiúnta inniúla arna n-ainmniú ag na Ballstáit, leis an mBanc Ceannais Eorpach agus le Europol) chun meastóireacht a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh an euro a chosaint, laistigh den choiste comhairliúcháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, go speisialta a fhad a bhaineann le malartuithe, cúnamh agus oiliúint, chun críocha an clár seo a chur chun feidhme. 8. Déanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme agus é i lánchomhréir le forálacha Rialachán (CE, Euratom) Uimh. XX/XX an XX 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh. 9. An mheastóireacht a rinneadh ar an gclár i gcomhar leis na geallsealbhóirí, taispeánann sí breisluach chlár Pericles, is é sin le rá ardleibhéal comhair idir na Ballstáit agus le tríú tíortha, agus comhlántacht le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ar leibhéal náisiúnta, nithe a mhéadaíonn éifeachtacht. Meastar go mbeidh síneadh chlár Pericles 2020 ar leibhéal an Aontais ina chuidiú mór ó thaobh an t-ardleibhéal cosanta atá ag an euro a choinneáil ar bun agus tuilleadh feabhais a chur air trí bhíthin comhar trasteorann, malartuithe agus cúnamh a mhéadú. San am céanna, déanfar coigilt ar an iomlán de bharr gníomhaíochtaí agus soláthar a bheith á n-eagrú ar bhonn comhpháirteach seachas ar bhonn aonair náisiúnta. 10. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil eatramhach neamhspleách maidir le cur chun feidhme an Chláir seo, chomh maith le tuarascáil deiridh maidir le baint amach chuspóirí an chláir, a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. 11. Comhlíonann an Rialachán seo prionsabal an bhreisluacha agus prionsabal na comhréireachta. Éascaíonn clár Pericles comhar idir na Ballstáit agus comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun an euro a chosaint i gcoinne góchumadh, gan cur isteach, áfach, ar fhreagrachtaí na mBallstát, agus baineann sé úsáid as acmhainní ar bhealach níos éifeachtúla ná mar a d'fhéadfaí úsáid a bhaint astu ar leibhéal náisiúnta. Is gá bearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus tá údar leis na bearta sin toisc gur léir go gcuidíonn siad leis na Ballstáit an euro a chosaint go comhpháirteach agus go spreagann sé úsáid struchtúir choiteanna de chuid an Aontais chun comhar agus malartú faisnéise idir údaráis inniúla a mhéadú. 12. Beidh an clár ar siúl ar feadh seacht mbliana chun a fhad a ailíniú le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos in [Airteagal 1] den Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014–2020. 13. Ba cheart don Choimisiún na cláir oibre bhliantúla a ghlacadh lena leagtar amach tosaíochtaí, miondealú buiséid agus critéir mheastóireachta na ndeontas le haghaidh gníomhaíochtaí. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. 14. Leagtar síos leis an Rialachán seo, ar feadh thréimhse iomláin an chláir, leithdháileadh airgeadais a bheidh ina phríomhthagairt – de réir bhrí phointe [17] den Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais – ag an údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. 15. Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil I Forálacha ginearálta Airteagal 1 Ábhar Bunaítear leis seo an clár gníomhaíochtaí 'Pericles 2020' (dá ngairtear 'an Clár' anseo feasta) d'fhonn gníomhaíochtaí atá ceaptha an euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar a chur chun cinn. Beidh an Clár ar siúl ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Airteagal 2 Breisluach Rannchuideoidh an Clár le méadú a dhéanamh ar chomhar trasnáisiúnta atá ceaptha an euro a chosaint ar leibhéal an Aontais agus go hidirnáisiúnta, agus le héifeachtacht an chomhair sin a neartú trí bhíthin dea-chleachtas, comhchaighdeán, agus comhoiliúint speisialaithe. Airteagal 3 Cuspóir ginearálta an Chláir Is é cuspóir ginearálta a bheidh ag an gclár góchumadh agus calaois a chosc agus a chomhrac sa dóigh is go mbeidh an geilleagar na hEorpa níos iomaíche agus go ndaingneofar inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí. Airteagal 4 Cuspóir sonrach an Chláir Is é cuspóir a bheidh ag an gclár nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, trí thacú leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit agus trí chur leo, agus trí chúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla idirnáisiúnta agus Eorpacha agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta a chothú eatarthu féin agus leis an gCoimisiún Eorpach, gan tríú tíortha agus eagrais idirnáisiúnta a fhágáil as an áireamh. Déanfar an cuspóir a mheas, inter alia, i bhfianaise éifeachtacht na mbeart a dhéanann údaráis airgeadais, theicniúla, fhorghníomaithe dlí agus bhreithiúnacha, agus tomhaisfear é ar bhonn mhéid an airgid bhréige a bhraithfear, líon na saotharlann a chuirfear ó mhaith, líon na ndaoine a ghabhfar agus líon na smachtbhannaí a fhorchuirfear. Airteagal 5 Comhlachtaí atá incháilithe do chistiú Is iad údaráis inniúla náisiúnta na mBallstáit, arna sainiú in Airteagal 2(b) de Rialacháin (CE) Uimh. 1338/2001, na comhlachtaí atá incháilithe do chistiú ón Aontas faoin gClár. Airteagal 6 Rannpháirtíocht sa Chlár Is iad na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair na tíortha rannpháirteacha. Féadfaidh rannpháirtithe ó thíortha eile a áireamh i moltaí na mBallstát rannpháirteach, más rud é go bhfuil sé tábhachtach iad a bheith rannpháirteach chun an euro a chosaint. Airteagal 7 Spriocghrúpaí agus comhghníomhaíochtaí 16. Beidh an Clár dírithe ar rannpháirtíocht na ngrúpaí seo a leanas: 17. baill foirne gníomhaireachtaí a bhíonn ag brath agus ag comhrac góchumtha (go háirithe fórsaí póilíneachta agus riaracháin airgeadais, de réir a bhfeidhmeanna ar leibhéal náisiúnta); 18. pearsanra faisnéise; 19. Ionadaithe de chuid na mbanc ceannais náisiúnta, na miontaí, na mbanc tráchtála, agus idirghabhálaithe eile (go háirithe a fhad a bhaineann le hoibleagáidí institiúidí airgeadais); 20. oifigigh bhreithiúnacha agus speisialtóirí sa réimse sin; 21. aon ghrúpa eile de speisialtóirí ábhartha (e.g. comhlachais tráchtála agus tionscail nó eagraíochtaí cosúil leo a bheadh in ann rochtain a sholáthar ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí agus cuideachtaí iompair airgid). 22. Féadfaidh an Coimisiún agus comhpháirtithe eile a bhfuil taithí ábhartha acu gníomhaíochtaí a eagrú i gcomhpháirt faoin gClár gníomhaíochtaí, comhpháirtithe amhail: 23. na bainc cheannais náisiúnta agus an banc ceannais Eorpach; 24. na Lárionaid Náisiúnta Anailíse agus na Lárionaid Náisiúnta Anailíse Bonn; 25. Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa agus na miontaí náisiúnta; 26. Europol, Interpol agus Eurojust; 27. na lároifigí náisiúnta frith-ghóchumtha dá bhforáiltear in Airteagal 12 den Choinbhisinún Idirnáisiúnta maidir le Díchur Góchumadh Airgeadra arna shíniú an 20 Aibreán 1929[8] sa Ghinéiv agus gníomhaireachtaí eile arb é góchumadh a chosc, bhrath agus an dlí a fhorfheidhmiú ina leith a speisialtacht; 28. sainchomhlachtaí a bhfuil eolas acu ar theicneolaíocht a bhaineann le macasamhlú agus deimhniú, clódóirí agus greanadóirí; 29. aon chomhlacht eile a bhfuil saineolas den chineál sin aige, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí ó thríú tíortha agus go háirithe ó thíortha ar iarrthóirí ar aontachas iad. Airteagal 8 Gníomhaíochtaí incháilithe 30. Cuirfidh an Clár san áireamh gnéithe trasnáisiúnta agus ildisciplíneacha an chomhraic i gcoinne góchumadh agus cuirfidh sé chun cinn dea-chleachtais a oireann do shaintréithe gach Ballstáit. 31. Tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos in Airteagail 3 agus 4, go háirithe: 32. Malartú faisnéise, go háirithe trí cheardlanna, cruinnithe agus seimineáir, socrúcháin spriocdhírithe, agus malartú bhaill foirne de chuid údarás inniúil náisiúnta agus gníomhaíochta eile cosúla a chur ar bun. Beidh an malartú faisnéise dírithe ar na nithe seo a leanas inter alia: 33. modheolaíochtaí chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch agus airgeadais atá ag góchumadh; 34. feidhmiú bunachar sonraí agus córas réamhrabhaidh; 35. úsáid uirlisí braith a bhfuil cúltaca ríomhaire acu; 36. modhanna fiosrúcháin agus imscrúdaithe; 37. cúnamh eolaíochta (go háirithe bunachair shonraí agus faire/monatóireacht ar fhorbairtí nua); 38. cosaint an euro lasmuigh den Aontas Eorpach; 39. gníomhaíochtaí taighde, agus 40. saineolas oibríochtúil sonrach a sholáthar; 41. Tacaíocht theicniúil, eolaíochta, agus oibríochtúil, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe: 42. aon bheart a leagann síos acmhainní múinteoireachta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (lámhleabhair maidir le reachtaíocht an AE, bullaitíní eolais, lámhleabhair phraiticiúla, gluaiseanna agus foclóirí, bunachair shonraí, go háirithe i réimse an chúnaimh theicniúil nó na faire teicneolaíochta) nó feidhmchláir thacaíochta ríomhaire (e.g. bogearraí); 43. staidéir ábhartha a bhfuil gné ildisciplíneach agus trasnáisiúnta ag baint leo; 44. forbairt modhanna agus uirlisí tacaíochta teicniúla chun gníomhaíochtaí braith a éascú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh; 45. tacaíocht airgeadais um chomhar, i gcás oibríochtaí ina bhfuil ar a laghad dhá Bhallstát páirteach nuair nach bhfuil an tacaíocht sin ar fáil ó chláir eile de chuid institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha. 46. Deontais chun ceannach saintrealaimh a mhaoiniú, ar saintrealamh é atá le húsáid ag údaráis frith-ghochumtha speisialaithe chun an euro a chosaint ar ghóchumadh. Caibidil II Creat airgeadais Airteagal 9 Leithdháileadh Airgeadais EUR 7700 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sa leithdháileadh airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse an 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Airteagal 10 Cúnamh airgeadais agus cómhaoiniú 47. Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. 48. Is sna foirmeacha seo a leanas a bheidh cistiú an Aontais le haghaidh gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8: 49. Deontais; 50. Soláthar poiblí; 51. Ní ceannach trealaimh an t-aon ní amháin a bheidh sa chomhaontú deontais. 52. Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80% de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 11, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90% de na costais incháilithe. 53. I gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 8 á n-eagrú i gcomhpháirt le comhpháirtithe eile amhail an Banc Ceannais Eorpach, Europol nó Interpol, déanfar na costais arna dtabhú a roinnt idir na comhpháirtithe. I ngach cás, íocfaidh gach comhpháirtí costais taistil agus lóistín a chuid aoichainteoirí féin. Airteagal 11 Clár oibre bliantúil Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre bhliantúla chun an Clár a chur chun feidhme. Sna cláir sin leagfar amach na cuspóirí atá le baint amach, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus costas iomlán na nithe sin. Beidh iontu freisin tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, léiriú ar an méid arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus tráthchlár táscach cur chun feidhme. Áireofar iontu, i gcás deontas, na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta sár-riachtanacha agus an t-uasráta cómhaoinithe. An buiséad a leithdháilfear ar ghníomhaíochtaí faisnéise a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, cumhdóidh sé cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh freisin. Caibidil III Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh Airteagal 12 Faireachán, meastóireacht agus bainistíocht 54. Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit trí bhíthin comhairliúcháin a chur ar bun ag amanna éagsúla le linn chur chun feidhme an Chláir, laistigh den choiste comhairleach ábhartha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001, á chur san áireamh na bearta ábhartha atá déanta ag eintitis eile inniúla, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Europol go háirithe. Féachfaidh an Coimisiún lena áirithiú go mbeidh an clár gníomhaíochta seo de chuid an Aontais Eorpaigh comhsheasmhach agus comhlántach le cláir agus gníomhaíochtaí eile ábhartha lena chéile. 55. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le torthaí an Chláir a sholáthar go bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Áireofar inti faisnéis faoi chomhsheasmhacht agus chomhlántacht le cláir agus gníomhaíochtaí eile ar leibhéal an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíochta dóibh faoin gClár a chraobhscaoileadh ar bhonn leanúnach. Déanfaidh gach tír rannpháirteach na sonraí uile agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár. 56. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an gClár. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta maidir le baint amach chuspóirí na mbeart ar fad (ó thaobh torthaí agus iarmhairtí de) agus maidir le héifeachtúlacht úsáid acmhainní agus an breisluach Eorpach a bhaineann léi, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí. Chomh maith leis sin, tráchtfar sa mheastóireacht ar fhéidearthachtaí simpliúcháin, ar chomhsheasmhacht inmheánach agus seachtrach, ar a ábhartha atá gach cuspóir, agus ar an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí meastóireachtaí ar thionchar fadtéarmach beart a bhí ann san am a caitheadh. Déanfar meastóireacht ar thionchar agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach éifeachtaí an Chláir féachaint cinneadh a dhéanamh maidir le Clár iardain a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí, b'fhéidir. 57. Ina theannta sin, faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le baint amach cuspóirí an Chláir a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Airteagal 13 Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint 58. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirfear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha. 59. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar dhoiciméid ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais. Gan dochar don chéad fhomhír ná don dara fomhír, cumhachtóidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus comhaontuithe deontais, cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtóidh siad go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh. Caibidil IV Forálacha críochnaitheacha Airteagal 14 Aisghairm Déantar Cinntí 2001/923/EC[9], 2001/924/EC[10], 2006/75/EC[11], 2006/76/EC[12], 2006/849/EC[13] agus 2006/850/EC[14] ón gComhairle a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Mar sin féin, oibleagáidí airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi na Cinntí sin, leanfaidh siad de bheith á rialú ag na Cinntí sin go dtiocfaidh deireadh leo. Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh feidhm aige amhail ón 1 Eanáir 2014. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí 1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar 3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH Rialachán [..] ón gComhairle lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh (clár 'Pericles 2020'). Teideal an togra/tionscnaimh Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le clár Pericles maidir le gníomhaíochtaí a chur chun cinn i réimse chosaint an euro ar ghóchumadh Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[15] Réimse beartais: 24 - An chalaois a chomhrac An cineál togra/tionscnaimh ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[16] X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ( Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua Cuspóirí Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Is cuid an togra seo de phacáiste an Choimisiúin a bhaineann leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (clár cómhaoinithe an AE i gcomhthéacs Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020). Is é an cuspóir ginearálta a bheidh ag an gclár tacú agus cur leis na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun nótaí bainc agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh agus ar chalaois ghaolmhar, agus sa dóigh sin cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla idirnáisiúnta agus Eorpacha agus iad ag iarraidh dlúthchomhar tráthrialta a chothú eatarthu féin agus leis an gCoimisiún Eorpach, gan tríú tíortha agus eagrais idirnáisiúnta a fhágáil as an áireamh. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann [gníomhaíocht ABM/ABB uimhir 240202] Cuimseoidh cuspóirí gearrthéarmacha an Chláir an méid seo a leanas: 60. ardú feasachta maidir leis an Aontas agus gnéithe idirnáisiúnta an euro; méadú a dhéanamh ar an eolas ginearálta i ndáil le cosaint an euro; 61. tacú le cosc a chur ar ghóchumadh an euro agus ar chalaois ghaolmhar, agus cuidiú lena gcur faoi chois, trí oiliúint agus cúnamh speisialaithe sna réimsí sin; 62. cóineasú gníomhaíochtaí oiliúna ardleibhéil i gcomhair oiliúnóirí a chur chun cinn, ag cur straitéisí oibriúcháin náisiúnta san áireamh; 63. comhar níos dlúithe a chothú idir na struchtúir agus an fhoireann lena mbaineann, muinín fhrithpháirteach a fhorbairt agus faisnéis a mhalartú, maidir le modhanna gníomhaíochta, taithí agus cleachtais oibre inter alia ; 64. tacú le cosaint dhlíthiúil agus bhreithiúnach shonrach a fhorbairt don euro; 65. an leibhéal cosanta ar an euro a mhéadú sna tíortha sin a mheasfar a bheith i mbaol trí thacú le ceannach trealaimh shonraigh. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Údaráis na mBallstát atá inniúil maidir leis an euro a chosaint na tairbhithe a bhfuil an togra dírithe orthu, agus iadsan amháin. An fhoireann ar fad san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a bhaineann le cosaint an euro na spriocghrúpaí i gcomhair ghníomhaíocht an Chláir. Is éard a bheidh sna héifeachtaí: 66. tionchar dearfach ar ghníomhaíochtaí náisiúnta agus trasteorann chun góchumadh agus calaois a chosc agus a chur faoi chois i ndáil leis an euro; 67. an deis d'údaráis inniúla na mBallstát tacaíocht a fháil dá n-iarrachtaí leibhéal ard agus coibhéiseach cosanta a bhaint amach agus a chothabháil i gcomhair nótaí bainc agus bhoinn an euro; 68. tairbhe i gcomhair na foirne ábhartha de bharr eolas ginearálta agus sonrach a scaipeadh ar bhealach iomchuí agus de bharr comhar agus líonraí tiomnaithe a fhorbairt chun nótaí bainc agus boinn an euro a chosaint; 69. cúnamh i gcomhair na mBallstát agus tríú tíortha chun feabhas a chur ar a gcreat institiúideach agus dlíthiúil go mbeidh siad ar ardchaighdeán comhchuibhithe chun cosaint a thabhairt ar ghóchumadh airgeadra agus ar chalaois ghaolmhar. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Príomhtháscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí sonracha: - líon na nótaí bainc agus na mbonn euro góchumtha; - líon na gceardlann góchumtha arna ndíchóimeáil, - daoine arna ngabháil agus - smachtbhannaí arna bhforchur Sonrófar sna cláir oibre spriocanna sonracha agus clocha míle tábhachtacha maidir le cur chun feidhme an chláir. Na forais leis an togra/tionscnamh Foráiltear sa Chonradh gurb iad an Pharlaimint Eorpach agus an Chomhairle a leagfaidh síos na bearta is gá d’úsáid an euro mar airgeadra aonair (Airteagal 133 CFAE). Tá cosaint an euro ar ghóchumadh ar na bearta sin freisin. Bunaithe ar an Airteagal sin, is ar an AE atá an mhortabháil an euro a chosaint mar airgeadra aonair. Go comhthreomhar leis sin, eisíonn na húdaráis náisiúnta nótaí bainc agus boinn euro i gcomhréir le hAirteagal 128 CFAE. Tá reachtaíocht náisiúnta glactha agus rialacha inmheánacha bunaithe ag Ballstáit leis an euro a chosaint. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Agus taithí agus torthaí a fuarthas le linn Pericles a chur chun feidhme á gcur san áireamh, rachaidh Pericles 2020 i ngleic le roinnt dúshlán chun an euro a chosaint ar ghóchumadh: - tá bagairtí nua ag teacht chun solais agus méadú ag teacht ar líon na dtríú tíortha ina bhfuil grúpaí coiriúla ag cur spéise i nótaí bainc agus i mboinn euro. Ba cheart Pericles 2020 a bheith in ann tacaíocht leordhóthanach a thabhairt d'údaráis na dtíortha sin chun dul i ngleic leis an bhfadhb; - agus sraith nua nótaí bainc euro á tabhairt isteach sna blianta amach anseo is dealraitheach go mbeidh breis gá le hardú feasachta, chomh maith le hoiliúint speisialaithe; - beidh tíortha nua ag teacht isteach san AE, agus d'fhéadfaidís teacht isteach sa limistéar euro leis, rud a chuirfidh leis an ngá le hoiliúint; - ba cheart breathnú ar an éileamh ar thacaíocht ó Pericles i bhfianaise na déine agus an laghdaithe ar acmhainní sna Ballstáit. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE Meastar go gcuideoidh clár Pericles 2020 leibhéal an chosanta ar an euro a chothabháil agus a ardú tuilleadh trí ghníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus trí oiliúint speisialaithe i gcomhair na foirne ábhartha; a bhuí le malartuithe foirne cuirfear comhar agus líonrú chun cinn i measc seirbhísí inniúla na mBallstát agus tríú tíortha; soláthrófar cúnamh teicniúil do na húdaráis atá páirteach i gcosaint an euro. Meastar go méadóidh na gníomhaíochtaí sin éifeachtacht maidir le góchumadh an euro agus calaois ghaolmhar a chosc agus a chur faoi chois. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo Rinneadh meastóireacht ar chlár Pericles faoi dhó, in 2004 agus in 2011. Léiríodh sna meastóireachtaí sin gur bhain an clár a chuspóirí amach agus chuir na tairbhithe ar fad in iúl nár mhór leanúint den chlár. Léiríodh áiteanna inar cheart feabhas a chur ar an gclár sna meastóireachtaí freisin, eadhon an gá leis na nósanna imeachta a shimpliú, úsáid an deontais a chuíchóiriú agus breis deise cúnamh a thabhairt d'údaráis tríú tíortha lena n-iarrachtaí airgeadra aonair na hEorpa a chosaint. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Léiríodh sa mheasúnú tionchair gurb é clár Pericles an t-aon chlár de chuid an AE atá tiomanta go sonrach do chosaint an euro ar ghóchumadh. Ba cheart do Pericles, don tréimhse atá cumhdaithe (2014-2020), leanúint de thacú le sraith gníomhaíochtaí a chomhlánaíonn na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe ag cláir eile. Chuige sin, leanfar d'idirphlé a eagrú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon chun forluí a d'fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus comhchuibheas foriomlán a áirithiú. Fad agus tionchar airgeadais X Togra/tionscnamh de ré theoranta (7 mbliana: ó 201402020) - X Togra/tionscnamh in éifeacht ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020 - X Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 (ó 2021 go 2023 i gcomhair leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí amháin) ( Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta - Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB - agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[17] X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ( Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: - ( gníomhaireachtaí feidhmiúcháin - ( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[18] - ( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu - ( daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ( Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ( Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ( Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil. Nótaí Tá an nós imeachta lena gcinntítear na costais a bheidh ar an tairbhí agus ar an gCoimisiún faoi seach arna simpliú i gcomparáid leis na leaganacha den chlár a bhí ann roimhe seo. BEARTA BAINISTÍOCHTA Rialacha faireacháin agus tuairiscithe Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha. Féach Airteagal 12 den togra ina sonraítear an méid seo a leanas: - déanfar tuarascálacha bliantúla ar thorthaí, lena n-áirítear na torthaí a bhaineann le comhsheasmhacht agus le comhlántacht maidir le cláir eile de chuid an AE, a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle; - foráiltear maidir le measúnú ar chur chun feidhme chuspóirí an chláir (faoin 31 Nollaig 2017 ar a dhéanaí); - thairis sin, cuirfear tuarascáil chríochnaitheach ar bhaint amach chuspóirí an chláir chuig an údarás buiséid faoi cheann dheireadh 2021. Córas bainistíochta agus rialaithe Na rioscaí a aithníodh Meastar go bhfuil an leibhéal riosca íseal i gcás na gcomhaontuithe deontais, ós rud é i 90% de na cásanna gur údaráis phoiblí nó seirbhísí forfheidhmithe dlí sna Ballstáit iad na tairbhithe. I gcás na gconarthaí arna ndámhachtain ar bhonn próisis soláthair is lú na rioscaí ós rud é go bhfuil cuid shuntasach den chaiteachas cumhdaithe ó thaobh dlí agus airgeadais de ag creatchonradh arna thabhairt i gcríoch i gcomhair 1 bhliain leis an deis é a shíneadh 3 uair. I gcomhréir le ceanglais an Choimisiúin, déanfar cleachtadh measúnaithe riosca gach bliain. - Riosca suntasach a shainaithnítear sna comhaid deontais is ea go ndéanann an tairbhí léirléamh rófhlaithiúil ar na coinníollacha deontais maidir le hincháilitheacht costas arna dtabhú agus an ghníomhaíocht á cur chun feidhme. - Speansais arna ndearbhú ag an tairbhí nach bhfuil faoi scóip an chomhaontaithe deontais. - Costais foirne nach bhfuil cuí-réasúnaithe go leordhóthanach. Modhanna rialaithe atá beartaithe Tá na nósanna imeachta rialaithe i gcomhair an dá chuid den chlár (deontais agus soláthar) i gcomhréir leis an Rialachán Foirne. Fíoruithe ex-ante (oibleagáid agus íocaíochtaí) Is é rogha an Choimisiún/OLAF i gcomhair plean bainistíochta airgeadais samhail atá díláraithe i bpáirt ina ndéanfaí an fíorú ex-ante ar fad san Aonad Buiséid lárnach. Déanfaidh 3 ghníomhaire (bainisteoir an chomhaid agus an gníomhaire fíoraithe airgeadais san aonad buiséid agus an gníomhaire fíoraithe oibriúcháin san aonad atá freagrach as an gcaiteachas) ar a laghad gach comhad a fhíorú sula nglacfaidh an tOifigeach um Údarú iad trí fhotharmligean. Dheonaigh an tArd-stiúrthóir fotharmligean do gach ceann aonaid, dá thoradh sin tá gach ceann aonaid freagrach as a cuid féin den chlár a chur chun feidhme. | - Déanfaidh an gníomhaire fíoraithe airgeadais rialuithe ex-ante ar gach idirbheart óna dteastaíonn formheas ón oifigeach um údarú fotharmligthe. - Déanfar rialuithe ar na hathróga íogaire ar bhonn na dtorthaí ón measúnú riosca arna ndéanamh i gcomhthéacs na tuarascála maidir le cáilíocht na cuntasaíochta (amhail: LE agus BA, cuntais G/L, línte buiséid, méideanna agus ríomhanna, etc...). I gcás gach comhad soláthair Pericles, beidh gníomhaire de chuid OLAF i láthair ar lá na gníomhaíochta chun dea-chur chun feidhme na gcistí a mhaoirsiú (e.g. comhdhálacha agus oiliúint). Deontais - Sa chomhaontú deontais arna shíniú ag na tairbhithe saineofar na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gcistiú agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an deontas, lean n-áirítear caibidil maidir le modhanna rialaithe. - Ag brath ar líon áirithe athróg (méid an chonartha, castacht an chomhaid) déanfaidh oibreoirí airgeadais agus oibriúcháin an chomhaid rialú ex-post i bhfoirm spotseiceála. Le linn na rialuithe sin déanfar meastóireacht ar cháilíocht agus ar thionchar airgeadais an aschuir. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún/OLAF go ndéanfaí tuairim is 10 spotseiceálacha in aghaidh na bliana. Soláthar - Déanfar téarmaí mionsonraithe a dhréachtú agus beidh siad mar bhonn don chonradh i gceist. Forálfar maidir le bearta frithchalaoise i ngach conradh a dtabharfar i gcrích idir OLAF agus páirtí seachtrach. - Déanfaidh OLAF rialuithe ar na torthaí ar fad agus maoirsiú ar na hoibríochtaí agus na seirbhísí ar fad arna gcuir i gcrích ag an gconraitheoir réime. | Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 13 den togra, forálfar maidir le bearta ar leibhéal na dtairbhithe (cuirfear doiciméid tacaíochta ar fáil don Choimisiún). Féadfaidh iniúchtaí a dhéanamh le linn an chonartha nó an chomhaontaithe agus ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis na híocaíochta deiridh ionas go ndéanfaidh an Coimisiún cinntí maidir le gnóthú, más iomchuí. Saineofar cearta rochtana fhoireann an Choimisiúin agus pearsanra sheachtraigh údaraithe agus beidh na cearta céanna ag Cúirt na nIniúchóirí agus ag OLAF. Leis na rialuithe arna mbunú beidh ráthú leormhaith ag OLAF maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus laghdófar an riosca nach gcomhlíonfar coinníollacha. Téann an measúnú chomh domhain le Leibhéal 3 de ghnáth agus i gcásanna áirithe ina ndearnadh spotseiceáil, chomh domhain le Leibhéal 4[19]. Leis na rialuithe thuasluaite laghdófar an riosca go nialas nach mór agus sroichfear 100% de na tairbhithe. Is ionann na costais a bheidh i gceist chun an straitéis rialaithe thuas a chur chun feidhme agus 1,15% den bhuiséad. Tá an meastachán sin bunaithe ar na bearta rialaithe atá i bhfeidhm cheana i gcomhair chlár Pericles II. Meastar go mbeidh straitéis rialaithe an chláir éifeachtúil maidir leis an riosca a theorannú nach gcomhlíonfar coinníollacha agus meastar go bhfuil sí i gcomhréir leis an riosca i gceist i bhfianaise an bhuiséid bhig a bhaineann léi. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Féach Airteagal 13(2) den togra. Déanfaidh an Coimisiún spotseiceálacha agus cigireachtaí faoin gclár seo i gcomhréir le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus, más gá, déanfaidh OLAF imscrúduithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/199 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar - Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht | Uimhir [Tuairisc………………………...……….] | LD/LN [20] | ó thíortha an CSTE[21] | ó thíortha is iarrthóirí[22] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais | [1A] | 24.0202 Clár an Aontais maidir le malartú, cúnamh agus oiliúint i gcosaint an euro ar ghóchumadh | Difreáilte | TÁ | TÁ | NÍL | NÍL | An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Uimhir | 1A Fás cliste agus cuimsitheach | EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach - ( Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna - X Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha Bliain 2014[30] | Bliain 2015 | Bliain 2016 | Bliain 2017 | Bliain 2018 | Bliain 2019 | Bliain 2020 agus ina dhiaidh sin | ( Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) | 24 01 06 – A3 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) | XX 01 05 01 (Taighde indíreach) | 10 01 05 01 (Taighde díreach) | ( Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[31] | XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") | XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) | 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) | Línte buiséid eile (sonraigh) | IOMLÁN | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | 1,5 oifigeach (0,75 AD, 0,75 AST) 1,5 x 127.000 =190.500 | Pearsanra seachtrach | Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha - X Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha. - ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. - ( Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[34] Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe - X Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe - Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Iomlán | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Meabhrúchán: Tá meánchostais le haghaidh gach catagóire foirne le fáil ar BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/pre/legalbasis/pre-040-020_preparation_en.html#forms | ( i ndáil le poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) – Bainisteoirí agus cúntóirí airgeadais agus bainisteoirí agus cúntóirí comhad oibriúcháin Tacaíocht riaracháin: 0,25 AD + 0,25 AST Bainistíocht chláir: 0,50AD + 0,50 AST Baineadh úsáid as na meánrátaí reatha i gcomhair oifigeach agus gníomhairí sealadacha: Oifigeach: 127.000 EUR/bliain Gníomhaire sealadach: 127.000 EUR/bliain | ( i ndáil le pearsanra seachtrach Neamhbhainteach Baineadh úsáid as na meánrátaí reatha i gcomhair oifigeach agus gníomhairí sealadacha: Gníomhaire ar conradh: 64.000 EUR/bliain Cúnamh teicniúil: 160.000 EUR/bliain Saineolaí Náisiúnta ar iasacht: 73.000 EUR/bliain | Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | ( i ndáil le poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha taighde) Neamhbhainteach | ( i ndáil le pearsanra seachtrach Neamhbhainteach | I ndáil le caiteachas de chineál riaracháin Tabhair sonraí maidir leis an modh ríofa arna úsáid i ngach líne buiséid, buntoimhdí (e.g. líon cruinnithe sa bhliain, meánchostais etc.) CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Misin: toimhde go mbeidh 15 misean in aghaidh na bliana agus meánchostas EUR 1,000 in aghaidh an mhisin | Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Neamhbhainteach | [1] Féach an Iarscríbhinn. [2] Bíonn cruinniú ag an gCoimisiún le Sainghrúpa Góchumadh an Euro OLAF trí huaire sa bhliain agus tionólfar ann saineolaithe ó na Ballstáit uile agus ó na disciplíní ábhartha uile, maille le Europol, Interpol agus Banc Ceannais na hEorpa. [3] Féach Airteagail 8 go 11 de Chinneadh 2001/923/EC ón gComhairle an 17 Nollaig 2001. [4] COM(2011)500. [5] IO L xxx xxx, p. x. [6] IO L 181, 4.7.2001, lch. 6. [7] Cinneadh 2001/923/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 2001, IO L 339, 21.12. 2001, lch. 50. [8] Conradh na Náisiún, Sraith Conarthaí Uimh. 2623 (1931), lch. 372. [9] IO L 339, 21.12.2001, lch. 50. [10] IO L 339, 21.12.2001, lch. 55. [11] IO L 36, 8.2.2006, lch. 40. [12] IO L 36, 8.2.2006, lch. 42. [13] IO L 330, 28.11.2006, lch. 28. [14] IO L 330, 28.11.2006, lch. 30. [15] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [16] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [17] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [18] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [19] Rialú maidir leis na doiciméid bhunúsacha a bheidh ar fáil ag an gcéim sin den phróiseas a bheidh i gceist, agus lena n-áirítear rochtain ar na doiciméid sin. [20] LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte [21] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [22] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [23] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [24] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [25] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [26] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [27] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [28] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [29] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme. [30] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. [31] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED = " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [32] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA"). [33] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [34] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [35] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu. [36] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED = " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; TA = Cúnamh teicniúil. [37] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta (" Intérimaire "); JED = " Jeune Expert en Délégation " (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [38] Sonraigh an cineál coiste agus an grúpa atá i gceist.