52011PC0906

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 lena nosclófar cuótaí áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhairteoil, muiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riaradh /* COIM/2011/0906 leagan deireanach - 2011/0445 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Déantar idirdhealú idir dhá chineál gnímh de chuid an Choimisiúin in Airteagal 290 agus in Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

Féadfaidh an reachtóir, trí bhíthin Airteagal 290 den CFAE, cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. Is mar 'gníomhartha tarmligthe' (Airteagal 290(3)) a thagraítear sa téarmaíocht atá in úsáid sa Chonradh do ghníomhartha dlíthiúla a ghlacann an Coimisiún ar an gcaoi seo.

In Airteagal 291 den CFAE, ceadaítear do na Ballstáit bearta uile an dlí náisiúnta a ghlacadh is gá chun gníomhartha Aontais atá ina gceangal de réir dlí a chur chun feidhme. Is féidir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún leis na gníomhartha sin i gcás inar gá coinníollacha aonfhoirmeacha chun iad a chur chun feidhme. Sa téarmaíocht a úsáidtear sa Chonradh is mar 'ghníomhartha cur chun feidhme' (Airteagal 291(4)) a thagraítear do ghníomhartha dlíthiúla arna nglacadh ag an gCoimisiún ar an gcaoi seo.

Is éard is aidhm leis an togra reatha Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 ón gComhairle an 29 Márta 1994 lena n-osclófar cuótaí taraife áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhuiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riaradh, a ailíniú le hAirteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh.

Le Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 tugtar cumhachtaí don Choimisiún lenar féidir leis na bearta cur chun feidhme is gá a ghlacadh. Tugtar cumhachtaí don Choimisiún leis freisin coigeartuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, más rud é go ndéantar méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta a choigeartú, go háirithe trí chinneadh chun comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a fhormheas.

Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin.

2. TORTHAÍ NA g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Níor ghá dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ná measúnú tionchair a dhéanamh ós rud é gur ábhar idirinstitiúideach a bhaineann le gach Rialachán ón gComhairle atá sa togra maidir le Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 ón gComhairle a ailíniú leis an CFAE.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar an Togra

Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a ailíniú leis na forálacha nua dá bhforáiltear faoi Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh, tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm.

- Bunús dlí

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon tionchar ag an togra ar chaiteachas buiséadach.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

Níl eilimintí roghnacha i gceist.

2011/0445 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 lena n-osclófar cuótaí áirithe Comhphobail do mhairteoil ardcháilíochta, agus do mhairteoil, muiceoil, feoil éanlaithe clóis, cruithneacht agus maislín, agus brain, géaráin agus iarmhair eile agus lena ndéanfar foráil maidir lena riaradh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Tugann Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 ón gComhairle[1] cumhachtaí don Choimisiún chun cuid d'fhorálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme.

2. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

3. Ar mhaithe le heilimintí neamhriachtanacha áirithe Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a fhorlíonadh nó a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith coigeartuithe ar an Rialachán sin a ghlacadh, más rud é go ndéantar na méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta a choigeartú, go háirithe trí chinneadh chun comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a fhormheas. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

4. Ar mhaithe le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 774/1994, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith ghlacadh na rialacha is gá maidir le riaradh na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán sin. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[2].

5. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 774/1994 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 agus Airteagal 8:

' Airteagal 7

Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha is gá chun na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a riaradh agus, de réir mar is iomchuí:

(a) na forálacha lena ráthaítear nádúr, foinse agus tionscnamh an táirge;

(b) an fhoráil maidir le haithint an doiciméid lena gceadaítear fíorú na ráthaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), agus

(c) eisiúint ceadúnas allmhairiúcháin agus a dtéarma bailíochta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal [323(2)] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ Rialachán ailínithe maidir leis an CEM Aonair ]*.

Airteagal 8

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun críche coigeartuithe iarmhartacha ar an Rialachán seo a ghlacadh, más rud é go ndéanfar na méideanna agus coinníollacha eile na socruithe cuóta dá dtagraítear sa Rialachán seo a choigeartú, go háirithe trí chinneadh chun an comhaontú le tríú tír amháin nó níos mó a fhormheas.

* IO C […], […], lch. […].'

(2) Cuirtear an tAirteagal 8a a leanas isteach:

' Airteagal 8a

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Is go ceann tréimhse éiginnte ama a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8 don Choimisiún ó [ dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo ].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.'

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 91, 8.4.1994, lch. 1.

[2] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.