52011PC0890

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh /* COIM/2011/0890 leagan deireanach - 2011/0455 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Is iad na Rialacháin Foirne an creat dlíthiúil do choinníollacha fostaíochta agus do dhálaí oibre na dtuairim is 55 000 oifigeach agus gníomhairí eile atá fostaithe ag níos mó ná caoga institiúid agus gníomhaireacht atá lonnaithe in áiteanna éagsúla fostaíochta san Aontas Eorpach agus i dtoscaireachtaí i dtríú tíortha.

I bhfianaise na ndúshlán stairiúil atá roimh an AE inniu, tá cáilíocht, tiomantas, neamhspleáchas agus dílseacht a fhoirne níos tábhachtaí ná riamh. Ag an am céanna, éilíonn na dúshláin sin go ndéanfaidh gach riarachán poiblí agus gach ball dá chuid foirne iarracht ar leith éifeachtúlacht a fheabhsú agus coigeartú don chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta atá ag athrú san Eoraip.

Imeachtaí a tharla le déanaí sa gheilleagar domhanda chomh maith leis an ngá atá ann dá mbarr an t‑airgeadas poiblí a chomhdhlúthú, ní féidir gan tionchar a bheith acu ar an tseirbhís shibhialta Eorpach agus ar lucht riaracháin institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí uile an AE. Níl i gcaiteachas riaracháin an AE ach 5.8 % den chreat ilbhliantúil airgeadais le haghaidh 2007 – 2013, nach bhfuil sa mhéid sin ach tuairim is 1 % d'OTI an AE. Mar sin féin, is tábhachtach a thaispeáint go leanann institiúidí uile an AE agus a gcuid foirne dá n‑iarrachtaí éifeachtúlacht agus barainneacht a bhaint amach agus na srianta fioscacha a bhfuil go leor riarachán poiblí san Eoraip ag déileáil leo a léiriú.

Ós rud é go bhfuil dúshláin mhóra roimh an AE agus a institiúidí, caithfidh an togra cothromaíocht a bhaint amach idir an iarracht nach mór a dhéanamh chun tuilleadh éifeachtúlachta agus barainneachtaí a bhaint amach agus cumas na n‑institiúidí a mbeartais a chur i gcrích. Áirítear sa mhéid sin riachtanais institiúidí an AE mar fhostóirí foireann is airde inniúlachta gairmiúla a mhealladh agus a choinneáil i réimsí éagsúla saineolais. Earcaíonn na hinstitiúidí daoine ar mhargadh do dhaoine ardcháilithe atá in ann oibriú i dtimpeallacht ilchultúrtha ilteangach agus atá toilteanach bogadh agus fanacht thar lear lena dteaghlach. I bhfianaise daoine in institiúidí an AE a bheith ag dul ar scor amach anseo, rud a dhéanfaidh difear den chuid is mó d'fhoireann ó na 15 Bhallstát den Aontas roimh 2004, dúshlán ar leith a bheidh ann cothromaíocht gheografach na mBallstát uile a choimeád i measc na foirne. I bhfianaise na n‑athruithe déimeagrafacha san Eoraip, beidh sé níos deacra fós sa todhchaí foireann den scoth ó na Ballstáit ar fad a mhealladh agus a choimeád.

Ní mór an togra a chur i gcomhthéacs athchóiriú mór na Rialachán Foirne a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2004. Rinne an t‑athchóiriú sin ollchóiriú ar dhlí iomlán na seirbhíse sibhialta Eorpaí agus rinne sé athruithe suntasacha ar réimsí uile na seirbhíse sibhialta Eorpaí. Rinneadh an córas gairme ar fad a athbhreithniú. Tugadh isteach catagóir nua foirne, gníomhairí ar conradh, a mbíonn tuarastail níos ísle acu de ghnáth. Rinneadh eangach na dtuarastal a athbhreithniú, trí earcaíocht foirne ar ghráid níos ísle agus, dá bharr sin, ar thuarastail tosaigh níos ísle, a cheadú. Leis an athchóiriú tugadh isteach freisin dálaí oibre níos solúbtha a thacaíonn le teaghlaigh trí fhad uasta saoire ar fhorais phearsanta a shíneadh agus trí shaoire do thuismitheoirí a thabhairt isteach.

Maidir leis an scéim phinsin, méadaíodh an aois scoir ó 60 go 63 agus rinneadh bearta idirthréimhseacha do bhaill foirne a bhí ann cheana, laghdaíodh an ráta faibhrithe pinsin do nuatheachtaithe ó 2 % go 1.9 % agus níl na cearta pinsin a fuarthas tar éis an 1 Bealtaine 2004 faoi réir comhéifeachtaí ceartúcháin do chostas maireachtála níos airde a thuilleadh. Leagadh síos an modh chun an comhardú achtúireach sa scéim phinsin a choimeád in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Sa deireadh, glacadh modh nua chun luach saothair agus pinsin sheirbhísigh sibhialta an AE a choigeartú.

Tá na hathruithe sin ar fad ina n‑iomláine tar éis coigiltis shuntasacha a thabhairt do bhuiséad an AE agus leanann a dtionchar bliantúil ar aghaidh ag méadú: táthar tar éis EUR 3 bhilliún a shábháil go dtí seo a bhuí leis an athchóiriú agus shábhálfar EUR 5 bhilliún eile leis go dtí 2020. Thaispeán an staidéar Eurostat ar impleachtaí buiséadacha fadtéarmacha costas pinsin go sáróidh coigiltis bhliantúla athchóiriú 2004 i leith costas pinsin EUR 1 bhilliún san fhadtéarma, gan trácht ar thionchair an athchóirithe i réimsí eile.

Is ann do mhodh chun tuarastail agus pinsin a choigeartú ó 1972 agus tá sé cruthaithe gur uirlis úsáideach atá ann chun plé bliantúil faoi choigeartuithe tuarastal agus stailceanna féideartha a bhaineann leis an bplé sin a sheachaint. Thar na blianta rinneadh an modh a mhodhnú cúpla uair, agus rinneadh amhlaidh in 2004 den uair dheireanach. Ós rud é go rachaidh an modh reatha in éag ag deireadh 2012, tá modh nua á bheartú ag an gCoimisiún anois, modh a léiríonn na cinntí polaitiúla a ghlac Ballstáit i ndáil le coigeartuithe thuarastail a seirbhíseach sibhialta, agus ag an am céanna a thugann aghaidh ar na heasnaimh atá tagtha chun solais le linn agus tar éis an phlé faoi choigeartú bliantúil 2009. Rachaidh an córas ríomhaireachta don ráta ranníocaíochta pinsin in éag an 30 Meitheamh 2013, agus tá córas nua á bheartú ag an gCoimisiún atá ag teacht leis an ngnáthchleachtas achtúireach.

Leis an togra seo déantar conclúidí na Comhairle agus na hiarrataí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 241 den CFAE a chur san áireamh freisin: an iarraidh i dtaobh chur i bhfeidhm an chlásail eisceachta don mhodh, i dtaobh scéim phinsin sheirbhísigh sibhialta an AE, lena n‑áirítear an scéim maidir le scor luath, agus an struchtúir ghairme chun nasc níos dlúithe a chruthú idir an tuarastal agus freagrachtaí. Thairis sin, déanann an cáineadh a rinneadh i leith roinnt eilimintí de na Rialacháin Foirne atá as dáta a chur san áireamh a mhéid is atá bonn údair leis an gcáineadh sin.

Baineann togra an Choimisiúin cothromaíocht amach idir cost‑éifeachtúlacht agus riachtanais na n‑institiúidí i réimse na bainistíochta acmhainní daonna. Measann an Coimisiún Eorpach, má ghlactar an togra seo, go mbeidh seirbhís shibhialta atá neamhspleách, éifeachtúil agus nua-aimseartha agus a chuireann ar a gcumas na cúraimí a tugadh dóibh leis na conarthaí a chur i gcrích fós de chúnamh ag institiúidí an AE.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Pléadh an togra seo le hionadaithe na foirne i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí agus cuirtear torthaí an phlé sin san áireamh sa togra.

Roimh ghlacadh an togra, rinneadh comhairliúcháin ina thaobh leis an gCoiste um Rialacháin Foirne agus le Coiste Foirne an Choimisiúin.

Bailiú agus úsáid saineolais

Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

3.           PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA

An fhoireann a laghdú 5 %

Tá sé beartaithe foireann gach institiúide agus gníomhaireachta a laghdú 5 %, rud a dhéanfaí trí gan daoine eile a chur in áit líon áirithe daoine a imíonn, i.e. iad siúd a théann ar scor agus iad siúd a dtagann deireadh lena gconarthaí. Gan dochar do chinntí a dhéanfaidh an t‑údarás buiséadach sa todhchaí, tá oibleagáid na n‑institiúidí agus na ngníomhaireachtaí a dtiomantais laghdú a dhéanamh ar líon na foirne a urramú le léiriú in Airteagal 6 de na Rialacháin Foirne.

Modh chun tuarastail agus pinsin a choigeartú

Dhéanfadh an modh nua prionsabal na comhthreomhaireachta idir forbairt thuarastail oifigeach náisiúnta agus thuarastail oifigeach an AE a chaomhnú, agus thabharfadh sé aghaidh ar easnaimh an mhodha reatha:

– Léireodh an modh nua athruithe ainmniúla ar thuarastail sna Ballstáit ar fad, seachas fíor-athruithe ar thuarastail. Sa chaoi sin déanfaidh an modh athruithe ar thuarastail i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh a leanúint agus ní sampla teoranta díobh;

– Chun an t‑aga moille i gcás as an ngách a laghdú, chuirfí an clásal nua eisceachta i bhfeidhm go huathoibríoch i gcás ina gcomhlíonfaí dhá choinníoll: 1) laghdú ar OTI an AE, agus 2) an bhearna idir luach coigeartaithe luach saothair agus phinsin fhoireann an AE agus an t‑athrú ar OTI an AE a bheith os cionn dhá phointe céatadáin. Dá gcomhlíonfaí an dá choinníoll, dhéanfaí leath den luach coigeartaithe a chur siar go dtí an chéad bhliain eile. Mar shampla, bheadh an clásal sin curtha i bhfeidhm in 2009.

– Chuirfí deireadh le hInnéacs Idirnáisiúnta na Bruiséile. Dhéanfaí na difríochtaí idir an méadú ar an gcostas maireachtála i ngach áit fostaíochta agus sna Ballstáit a ríomh agus a léiriú i gcomhéifeachtaí ceartúcháin. Thabharfaí isteach comhéifeacht cheartúcháin chomhpháirteach nua don Bheilg agus do Lucsamburg, comhéifeacht lena mbreathnófaí ar na Ballstáit sin mar áit fostaíochta amháin. Socrófar ag 100 í don chéad bhliain.

Mar atá i gcás an mhodha reatha, ní innéacsú bunaithe ar bhoilsciú atá sa mhodh beartaithe, toisc go leanann sé forbairt chumhacht ceannaigh seirbhíseach sibhialta náisiúnta, mar atá cinntithe ag gach Ballstát ar an leibhéal náisiúnta.

An tobhach dlúthpháirtíochta

Ó 1982 i leith, tá an modh nasctha le cáin bhreise ar thuarastail, de bharr éifeachtaí ghéarchéim na hola. Cé gur tháinig feabhas ar an staid eacnamaíoch, níor céimníodh amach an cháin bhreise sin, ach rinneadh tomhas di, tomhas atá nasctha le cur i bhfeidhm uathoibríoch an mhodha. Moltar, ar feadh an mhodha atá beartaithe, go méadaítear an tobhach dlúthpháirtíochta ag ráta 6 %.

Modhnuithe ar chóras na bpinsean chun coinneáil suas le forbairtí déimeagrafacha

An ghnáthaois scoir a mhéadú go 65 bliain

Faoi láthair, is í 63 bliain an ghnáthaois scoir d'oifigigh a earcaíodh tar éis an 1 Bealtaine 2004. Tá oifigigh a earcaíodh roimh an 1 Bealtaine 2004 faoi réir forálacha idirthréimhseacha agus faoi na forálacha sin tá an aois scoir idir 60 agus 63 bliain.

Tá sé beartaithe an ghnáthaois scoir d'oifigigh a earcófar ón 1 Eanáir 2013 ar aghaidh go 65 bliain. Chuirfí chun feidhme rialacha idirthréimhseacha a bheadh cosúil leo siúd a cuireadh i bhfeidhm in 2004, i.e. bheadh aois scoir oifigeach a earcaíodh roimh an 1 Bealtaine 2013 idir 60 agus 65.

Ina theannta sin, ní ar bhonn eisceachtúil a thuilleadh a dheonófaí an fhéidearthacht leanúint ar aghaidh ag obair go dtí 67 bliain.

Sholáthrófaí bearta breise chun na cearta pinsin arna bhfáil agus an oibleagáid comhardú achtúireach a choimeád sa scéim phinsin a chur san áireamh mar is ceart.

An aois scoir luaith a ardú go 58 bliain agus líon na n‑oifigeach a théann ar scor go luath a laghdú

Faoi láthair, is í 55 bliain an aois íosta scoir luaith. Faoin togra nua, shocrófaí an aois íosta scoir luaith ag 58 bliain. Sa bhreis air sin, dhéanfaí líon uasta na n‑oifigeach a théann ar scor i mbliain áirithe gan laghdú ar a gcearta pinsin a shocrú ag 5 % de na hoifigigh uile i ngach institiúid a chuaigh ar scor i rith na bliana roimhe sin, murab ionann agus 10 % sa chóras reatha. Coimeádtar an scéim sin ós rud é gur cruthaíodh gurbh uirlis úsáideach í do gach institiúid mar uirlis chun acmhainní daonna a bhainistiú le linn an mhéadaithe dheireanaigh.

An mhodheolaíocht chun an ráta ranníocaíochta pinsin a ríomh a ailíniú leis an gcleachtas achtúireach idirnáisiúnta

Rachaidh an córas ríomhaireachta don ráta ranníocaíochta pinsin in éag an 30 Meitheamh 2013. Tá sé beartaithe an mhodheolaíocht chéanna a choinneáil, ach an meán soghluaiste i gcomhair rátaí úis agus fáis tuarastail a mhéadú go 30 bliain. Bheadh feidhm ag idirthréimhse 8 mbliana.

De thoradh an leasaithe sin, bheadh an ráta ranníocaíochta pinsin níos cobhsaí agus ní bheadh sé chomh híogair céanna i leith athruithe sna rátaí úis, agus dá bhrí sin ní mhúsclódh sé an oiread céanna díospóireachta. Dhéanfadh sé an córas ríomhaireachta a ailíniú leis an ngnáthchleachtas achtúireach, rud a thugann le fios nach mór breathnuithe ar an am a chuaigh thart, de idir 20 agus 40 bliain, a úsáid chun comhardú scéimeanna pinsin a áirithiú.

Na coinníollacha fostaíochta a oiriúnú

Líon íosta uaireanta oibre seachtainiúil a thabhairt isteach

D'éileodh an laghdú foirne 5 % go ngabhfadh gach ball foirne cuid den ualach breise oibre chuige féin, má táthar chun na cuspóirí beartais céanna a bhaint amach.

Tá sé beartaithe dá bhrí sin líon íosta uaireanta oibre in aghaidh na seachtaine a thabhairt isteach sna Rialacháin Foirne, i.e. 40.

Socruithe solúbtha maidir le huaireanta oibre a choimeád

Cuireann socruithe solúbtha maidir le huaireanta oibre ar chumas fostaithe cóimheá a bhaint amach idir a gcuid oibre agus a saoil príobháideacha agus éascaíonn siad cothromaíocht iomchuí inscne sna hinstitiúidí agus na hoibleagáidí maidir le huaireanta éigeantacha oibre á n‑urramú. Dá bhrí sin, is iomchuí tagairt shoiléir do na socruithe sin a thabhairt isteach sna Rialacháin Foirne. Ní bheadh bainisteoirí faoi réir na socruithe ginearálta sin d'fhoireann, toisc go dtugann na hinstitiúidí de chumhacht dóibh am a gcuid foirne agus a gcuid ama féin a bhainistiú.

Liúntais agus teidlíochtaí: An t‑am taistil bliantúil agus an liúntas taistil bliantúil a laghdú, agus na rialacha maidir le haisíocaíocht chostas aistrithe agus misin a oiriúnú

Faoi láthair tá na baill foirne i dteideal uasmhéid sé lá d'am taistil chuig a n‑áit bhunaidh in aghaidh na bliana. Tá sé beartaithe an t‑am taistil bliantúil a theorannú d'uasmhéid trí lá.

Tá an liúntas taistil bliantúil bunaithe ar fhad i gciliméadair d'iarnród, ar minic nach é sin an gnáthbhealach a dhéantar taisteal chuig an áit bhunaidh. Dá bhrí sin, dhéanfaí an fad a ríomh mar fhad ortadromach, ríomh arb í an éifeacht a bheadh aici liúntais aonair a laghdú. Ina theannta sin, bheadh íocaíocht speansas taistil bliantúil teoranta do chríocha Bhallstáit an AE.

Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú do na baill foirne lena mbaineann agus don lucht riaracháin, ba cheart na rialacha maidir le haisíocaíocht chostas aistrithe a shimpliú. Tá sé beartaithe dá bhrí sin uasteorainneacha costais a thabhairt isteach lena gcuirfear san áireamh imthosca teaghlaigh an oifigigh nó an ghníomhaire agus meánchostas aistrithe agus an árachais a bhaineann leis.

Ba cheart na rialacha maidir le misin a oirúnú chun gá sonrach institiúide a bhfuil ar a baill foirne dul ar misean go minic go príomhionaid oibre a n‑institiúide a chur san áireamh. Sna cásanna sin tá sé beartaithe aisíocaíocht chostas lóistín ar bhonn suime ráta comhréidh a cheadú.

Bearta trédhearcachta i gcomhair institiúidí agus Gníomhaireachtaí

Déantar na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme trí shraith beart arna nglacadh ag na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach comhchuibhithe na Rialachán Foirne a áirithiú agus ar chúiseanna a bhaineann le simpliú, bheadh feidhm de réir analaí ag rialacha cur chun feidhme an Choimisiúin maidir le gníomhaireachtaí.

Chun staid shonrach gníomhaireachtaí a chur san áireamh, áfach, beidh siad in ann, tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, rialacha eile cur chun feidhme a ghlacadh nó a chinneadh, i gcás inarb iomchuí, gan aon rialacha cur chun feidhme a chur i bhfeidhm.

Ar mhaithe le trédhearcacht, dhéanfadh an Chúirt Bhreithiúnais clár ina mbeadh rialacha cur chun feidhme na n‑institiúidí ar fad a bhunú.

Gairm cúntóirí, sreabh gairme nua do rúnaithe agus tuilleadh solúbthachta i bhfoireann ar conradh a earcú

Na gráid is airde a fhorchoimeád d'fhoireann le leibhéal ard freagrachtaí

Chun nasc soiléir a bhunú idir freagrachtaí agus gráid, dhéanfaí an tsreabh gairme i ngrúpa feidhme na gcúntóirí a athstruchtúrú sa chaoi is go bhforchoimeádfaí an dá ghrád is airde (AST 10 agus 11) d'oifigigh agus do ghníomhairí sealadacha a bhfuil freagrachtaí suntasacha acu i dtéarmaí bainistithe foirne, chur chun feidhme an bhuiséid agus/nó comhordaithe agus dóibh siúd amháin.

Grúpa feidhme nua "AST/SC″ do rúnaithe agus don fhoireann chléireachais

Sna réimsí lena mbaineann an fhoireann AST faoi láthair, ní mór struchtúir gairme a choigeartú tuilleadh do leibhéil éagsúla freagrachta, chun speictream sreabh gairme sa tseirbhís shibhialta Eorpach atá mionsainithe mar is cuí a bhunú agus chun speansais riaracháin a theorannú, mar a fhoráiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Chuige sin, ba cheart grúpa feidhme nua "AST/SC" a thabhairt isteach i gcomhair foirne rúnaíochta agus cléireachais. Trí thuarastail agus rátaí ardaithe céime atá beartaithe don ghrúpa feidhme nua sin bunaítear comhfhreagairt iomchuí idir leibhéal na freagrachta agus leibhéal an luacha saothair. Ar an dóigh sin, beifear in ann seirbhís shibhialta Eorpach atá cobhsaí, cuimsitheach agus cothromaithe go maith a chaomhnú, rud a mheasann go leor institiúidí gá a bheith leis.

Foireann ar conradh a earcú

Chun tuilleadh solúbthachta a thabhairt do na hinstitiúidí, dhéanfaí fad uasta chonarthaí na foirne cúnta ar conradh a shíneadh ó 3 go 6 bliana.

Thairis sin, cé go leanfar d'fhormhór mór na n‑oifigeach a earcú ar bhonn comórtas oscailte, dhéanfaí na hinstitiúidí a údarú le comórtais inmheánacha a eagrú a bheadh ar oscailt d'fhoireann ar conradh freisin.

Aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí geografacha nach bhfuil údar maith leo

Tá sé leagtha síos sna Rialacháin Foirne nach mór oifigigh an Aontais Eorpaigh a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir. Léiríonn na sonraí straidrimh, áfach, cé go bhfuil barraíocht ionadaíochta ag náisiúntachtaí áirithe i gcomparáid le hualú coibhneasta a ndaonra san Aontas Eorpach, go bhfuil náisiúntachtaí eile tearcionadaithe den chuid is mó. Tá na héagothromaíochtaí sin thar a bheith suntasach i ngráid áirithe.

Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne a leasú chun go bhféadfaidh na hinstitiúidí bearta a dhéanamh chun éagothromaíochtaí geografacha suntasacha atá ann le fada an lá a cheartú, agus prionsabal na hearcaíochta bunaithe ar an gcaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais á chaomhnú ag an am céanna. Glacfar an beart sin trí bhearta ginearálta cur chun feidhme agus beidh sé faoi réir tuarascála tar éis cúig bliana.

Éifeachtúlacht i mbainistíocht foirne a mhéadú sna gníomhaireachtaí

Faoin am seo is cuid thábhachtach iad gníomhaireachtaí Eorpacha de struchtúr institiúideach an Aontais Eorpaigh. Inniu tá 45 struchtúr ann (32 gníomhaireacht rialála, 7 gcomhghnóthas agus 6 ghníomhaireacht feidhmiúcháin). San iomlán, tá beagnach 8 000 ball foirne fostaithe acu, agus iad fostaithe den chuid is mó mar ghníomhairí sealadacha. Níl forálacha na Rialachán Foirne agus Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile go hiomlán oiriúnaithe, áfach, do riachtanais struchtúr beag amhail gníomhaireachtaí.

Ar an ábhar sin, molann an Coimisiún catagóir nua foirne sealadaí a thabhairt isteach do ghníomhaireachtaí. Dhéanfaí iad a earcú de réir nós imeachta roghnúcháin a bheadh trédhearcach agus oibiachtúil agus d'fhéadfaí iad a fhostú ar feadh tréimhse éiginnte. Más gá, d'fhéadfadh gníomhaireachtaí iad a fháil ar iasacht ar mhaithe leis an tseirbhís. Freisin, d'fhéadfadh foireann shealadach i ngníomhaireachtaí saoire gan phá a ghlacadh suas le huasmhéid 15 bliana le linn a ngairmréime iomláin. D'éascófaí an tsoghluaisteacht laistigh den ghníomhaireacht agus idir na gníomhaireachtaí, ós rud é go gcoimeádfaí an grád agus an chéim i gcás ina gcinnfidís iarratas a dhéanamh ar phost nua, ar choinníoll go n‑áirítear a ngrád i raon na ngrád le haghaidh an phoist nua.

Bheadh solúbthacht áirithe ag gníomhaireachtaí agus sraith coistí á cur ar bun acu ar coistí iad a mhúnlaíonn an t‑idirphlé sóisialta nó nach mór dul i gcomhairle leo sula ndéantar cinneadh.

4.           IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Bheadh tionchar buiséadach ag an togra ar chaiteachas agus ar ioncam an Aontais Eorpaigh. De bharr forálacha idirthréimhseacha, thiocfadh méadú ar thionchar forálacha áirithe de réir a chéile agus ní bheadh éifeacht iomlán an tionchair sin le feiceáil ach san fhadtéarma. Meastar go sábhálfar níos mó ná EUR 1 bhilliún thar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile. San fhadtéarma, EUR 1 bhilliún in aghaidh na bliana a bheadh sna coigiltis a thiocfadh as na leasuithe atá beartaithe. Tugtar tuilleadh mionsonraí sa ráiteas airgeadais a ghabhann mar iarscríbhinn leis an togra seo.

2011/0455 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,

Ag féachaint don Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 12 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ba cheart riarachán poiblí Eorpach d'ardcháilíocht a bheith ag an Aontas Eorpach agus ag na breis is 50 institiúid agus gníomhaireacht a bhaineann leis, ionas go mbeidh sé in ann a chúraimí a dhéanamh ar an gcaighdeán is fearr is féidir i gcomhréir leis na Conarthaí agus na dúshláin, idir dhúshláin inmheánacha agus dhúshláin sheachtracha, a bheidh ann dó amach anseo a dhiongbháil.

(2) Dá dhroim sin, is gá creat a sholáthar chun foireann a earcú, ar foireann í a bheidh den scoth ó thaobh táirgiúlachta agus ionracais de agus a gheofar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc shaoránaigh na mBallstát, agus chun an fhoireann sin a chumasú a ndualgais a chur i gcrích chomh éifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir.

(3) Ba cheart é a bheith mar aidhm níos leithne bainistiú na n‑acmhainní daonna a optamú i seirbhís shibhialta Eorpach a bhfuil inniúlacht, neamhspleáchas, dílseacht, neamhchlaontacht agus cobhsaíocht mar shaintréithe aici chomh maith leis an éagsúlacht chultúrtha agus teanga.

(4) Chun a áirithiú go bhforbróidh cumhacht ceannaigh oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh i gcomhthreo le cumhacht ceannaigh seirbhíseach sibhialta náisiúnta i rialtais lárnacha na mBallstát, tá sé bunriachtanach prionsabal an tsásra ilbhliantúil i gcomhair íocaíochta, ar a dtugtar 'an modh', a chaomhnú trína chur i bhfeidhm a shíneadh go dtí deireadh 2022 le hathbhreithniú ag deireadh an cúigiú bliain. De dheasca na neamhréireachta idir sásra an mhodha a bhí de chineál riaracháin riamh agus glacadh thoradh an mhodha ag an gComhairle amháin, bhí deachrachtaí ann san am a chuaigh thart, agus níl an neamhréireacht sin i gcomhréir le Conradh Liospóin. Dá bhrí sin is iomchuí ligean do na rialtóirí agus na leasuithe seo ar na Rialacháin Foirne á nglacadh acu cinneadh a dhéanamh maidir le modh lena ndéanfaí gach tuarastal, pinsean agus liúntas a uasdátú ar bhealach uathoibríoch. Beidh an t‑uasdátú sin bunaithe ar na cinntí polaitiúla a dhéanfaidh gach Ballstát maidir le coigeartuithe thuarastail a sheirbhíseach sibhialta ar an leibhéal náisiúnta.

(5) Tá sé den tábhacht go n‑áiritheofar cáilíocht na sonraí staidrimh a úsáidtear chun luach saothair agus pinsin a uasdátú. I gcomhréir le prionsabal na neamhchlaontachta, ba cheart d'oifigí staidrimh náisiúnta na sonraí a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta agus iad a tharchur go Eurostat.

(6) Na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann d'oifigigh agus do sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh de bharr chur i bhfeidhm an mhodha, ba cheart iad a chothromú trí leanúint de chóras an tobhaigh speisialta, ar a dtabharfar 'tobhach dlúthpháirtíochta' amach anseo. Cé gur tháinig méadú de réir a chéile ar ráta an tobhaigh speisialta a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse 2004 go 2012 agus gurbh é 4.23 % ar an meán é, is dóigh gurb iomchuí sna himthosca atá ann faoi láthair an tobhach dlúthpháirtíochta a mhéadú ag an ráta aonfhoirmeach 6 %, chun comhthéacs eacnamaíoch deacair a thabhairt i gcuntas mar aon lena iarmhairtí don airgeadas poiblí ar fud an Aontais Eorpaigh. Ba cheart feidhm a bheith ag tobhach dlúthpháirtíochta den sórt sin maidir le gach oifigeach agus seirbhíseach eile an Aontais Eorpaigh ar feadh na tréimhse céanna leis an 'modh' féin.

(7) De dheasca athruithe déimeagrafacha agus de dheasca athrú struchtúr aoise an daonra lena mbaineann, ní mór an aois phinsin a mhéadú, ach é sin faoi réir beart idirthréimhseach i gcomhair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh atá sa tseirbhís cheana. Is gá na bearta idirthréimhseacha sin ionas go n‑urramófar cearta faighte atá ag oifigigh atá sa tseirbhís cheana agus a rinne ranníocaíochtaí leis an gciste pinsin barúlach i gcomhair oifigigh an Aontais Eorpaigh.

(8) Ós rud é gur comhardú achtúireach atá i scéim phinsin an Aontais Eorpaigh agus nach mór an comhardú a choinneáil sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ba cheart an fhoireann a fostaíodh roimh 1 Eanáir 2013 a chúiteamh as a ranníocaíochtaí pinsin trí bhíthin beart idirthréimhseach, amhail ráta faibhrithe níos airde i gcomhair na mblianta seirbhíse i ndiaidh na haoise scoir reachtúla (dreasacht Barcelona) agus trí leath an laghdaithe a chur i bhfeidhm i gcás scoir luaith idir 60 bliain d'aois agus an aois scoir reachtúil.

(9) De réir an chleachtais achtúirigh a nglactar leis i gcoitinne ní mór tréimhse breathnuithe ar an am a chuaigh thart, de idir 20 agus 40 bliain, a úsáid i gcás rátaí úis agus fáis tuarastail d'fhonn comhardú scéimeanna pinsin a áirithiú. Ba cheart na meáin shoghluaiste i gcomhair rátaí úis agus fáis tuarastail a shíneadh go 30 bliain le hidirthréimhse 8 mbliana, dá bhrí sin.

(10) D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh agus moltaí iomchuí a chur faoina bráid maidir le hAirteagal 5(4), Iarscríbhinn I.A agus Airteagal 45(1) den Rialachán Foirne d'fhonn nasc a bhunú idir freagrachtaí agus grád sa ghrúpa feidhme AST agus chun a áirithiú go mbeidh breis béime ar an leibhéal freagrachta nuair a dhéantar comparáid idir tuillteanais i gcomhthéacs an ardaithe céime.

(11) Agus an iarraidh sin á cur san áireamh, is iomchuí ardú céime go grád níos airde a chur ar bhonn coinníll dualgais a dhéanamh, ar dualgais de thábhacht a thugann údar maith le hardú an oifigigh go grád níos airde iad.

(12) Ba cheart an réimse gairme sa ghrúpa feidhme AST a athstruchtúrú sa chaoi go mbeidh na gráid is airde forchoimeádta i gcomhair líon teoranta oifigeach a bhfuil an leibhéal is airde freagrachtaí acu maidir le bainistiú foirne, cur chun feidhme an bhuiséid nó comhordú sa ghrúpa feidhme sin.

(13) D'fhonn struchtúir gairme sna réimsí lena mbaineann an fhoireann AST faoi láthair a choigeartú tuilleadh do leibhéil éagsúla freagrachta agus mar rannchuidiú sár-riachtanach chun speansais riaracháin a theorannú, ba cheart grúpa feidhme nua "AST/SC" a thabhairt isteach i gcomhair foirne rúnaíochta agus cléireachais. Trí thuarastail agus rátaí ardaithe céime bunaítear comhfhreagairt iomchuí idir leibhéal na freagrachta agus leibhéal an luacha saothair. Ar an dóigh sin, beifear in ann seirbhís shibhialta Eorpach atá cobhsaí agus cuimsitheach a chaomhnú.

(14) Ailíneofar na huaireanta oibre atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí leis na huaireanta oibre sin atá i bhfeidhm i mBallstáit ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh chun laghdú fhoireann na n‑institiúidí a chúiteamh. De bharr líon íosta uaireanta oibre sa tseachtain a thabhairt isteach áiritheofar go mbeidh an fhoireann a fhostaíonn na hinstitiúidí in ann déileáil leis an ualach oibre a bhíonn ann de thoradh chuspóirí beartais an Aontais Eorpaigh agus, ag an am céanna, comhchuibheofar na dálaí oibre sna hinstitiúidí, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht ar fud sheirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh.

(15) Cuid bhunriachtanach de riarachán poiblí nua-aimseartha agus éifeachtúil is ea socruithe solúbtha maidir le huaireanta oibre a chuireann dálaí oibre a thacaíonn le teaghlaigh ar fáil agus a éascaíonn cothromaíocht iomchuí inscne sna hinstitiúidí. Dá bhrí sin, is gá tagairt shainráite do na socruithe sin a thabhairt isteach sna Rialacháin Foirne.

(16) Ba cheart na rialacha maidir le ham taistil bliantúil agus íocaíocht bhliantúil na speansas taistil idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh a nuachóiriú, a réasúnú agus a nascadh leis an stádas easaoránach, d'fhonn cur i bhfeidhm na rialacha sin a bheith níos simplí agus níos trédhearcaí. Go háirithe, ba cheart an t‑am taistil bhliantúil a theorannú go trí lá.

(17) Ar an dóigh chéanna, ba cheart na rialacha maidir le haisíocaíocht chostas aistrithe a shimpliú, chun a gcur i bhfeidhm a éascú i gcomhair an riaracháin agus an bhaill foirne lena mbaineann araon. Chun na críche sin, ba cheart uasteorainneacha costais a thabhairt isteach lena gcuirfear san áireamh imthosca teaghlaigh an oifigigh nó an ghníomhaire agus meánchostas aistrithe agus an árachais a bhaineann leis.

(18) Ní mór do bhaill foirne áirithe dul ar misean go príomhionaid oibre eile a n‑institiúidí. Ní leor mar a chuirtear na cásanna sin san áireamh sna rialacha maidir le misin faoi láthair. Ba cheart na rialacha sin a oiriúnú dá bhrí sin, ionas go mbeifí in ann sna cásanna sin costais lóistín a aisíoc ar bhonn suime ráta comhréidh.

(19) Is iomchuí creat níos solúbtha a sholáthar chun foireann ar conradh a fhostú. Ba cheart, dá bhrí sin, institiúidí an Aontais Eorpaigh a chumasú foireann ar conradh a fhostú ar feadh tréimhse uasta sé bliana chun cúraimí a chur i gcrích faoi mhaoirseacht oifigeach nó gníomhairí sealadacha. Thairis sin, cé go leanfar d'fhormhór mór na n‑oifigeach a earcú ar bhonn comórtas oscailte, ba cheart na hinstitiúidí a údarú le comórtais inmheánacha a eagrú a bheadh ar oscailt d'fhoireann ar conradh freisin.

(20) Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a sholáthar ionas gur féidir na rialacha nua agus na bearta nua a chur i bhfeidhm de réir a chéile, agus urraim á léiriú do chearta faighte agus d'ionchais dhlisteanacha na foirne arna fostú roimh theacht i bhfeidhm na leasuithe seo ar na Rialacháin Foirne.

(21) Ar mhaithe le simpliúchán agus le beartas foirne comhsheasmhach, na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún chun na Rialacháin Foirne a chur chun feidhme ba cheart feidhm a bheith acu de réir analaí maidir leis na gníomhaireachtaí. Mar sin féin, chun a áirithiú go bhféadfar staid shonrach gníomhaireachtaí a chur san áireamh más gá, ba cheart gníomhaireachtaí a bheith i dteideal údarú ón gCoimisiún a iarraidh le rialacha cur chun feidhme a ghlacadh lena maolófaí ar na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún, nó gan rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm in aon chor.

(22) Ba cheart clár de na rialacha ar fad arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne a chur ar bun agus a riar laistigh de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. De bharr an chláir sin, ar clár é a mbeidh na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí ar fad in ann a cheadú, éascófar an trédhearcacht agus déanfar cur i bhfeidhm comhtháite de na Rialacháin Foirne a chur chun cinn.

(23) Chun comhchuibhiú agus soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha maidir le forálacha cur chun feidhme a ghlacadh agus ag féachaint dá gcineál inmheánach agus riaracháin, is iomchuí na cumhachtaí cinnteoireachta ábhartha a thabhairt don údarás ceapacháin agus don údarás arna údarú le conarthaí a thabhairt i gcrích.

(24) Ag cur san áireamh líon mór na ngníomhairí sealadacha sna gníomhaireachtaí agus an ghá beartas foirne comhsheasmhach a shainiú, is gá catagóir nua de ghníomhairí sealadacha a chruthú agus rialacha sonracha a leagan síos i gcomhair an chatagóra sin.

(25) Chun na cuspóirí atá leagtha amach sna Rialacháin Foirne a bhaint amach, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún go háirithe i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre.

(26) Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh mar seo a leanas:

1. In Airteagal 1d(3), cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

2. Leasófar Airteagal 5 mar a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

'1. Déanfar na poist atá cumhdaithe ag na Rialacháin Foirne a rangú, i gcomhréir le cineál agus tábhacht na ndualgas lena mbaineann siad, i ngrúpa feidhme riarthóirí (dá ngairtear ‘AD’ anseo feasta) agus i ngrúpa feidhme cúntóirí (dá ngairtear ‘AST/SC’ anseo feasta).

2. Cuimseoidh grúpa feidhme AD dhá ghrád déag, a chomhfhreagróidh do dhualgais bhainistiúla, choincheapúla agus anailíseacha, agus do dhualgais teanga agus eolaíochta chomh maith. Cuimseoidh grúpa feidhme AST aon ghrád déag, a chomhfhreagróidh do dhualgais fheidhmiúcháin agus theicniúla. Cuimseoidh grúpa feidhme AST/SC sé ghrád, a chomhfhreagróidh do dhualgais chléireachais agus rúnaíochta.';

(b) I bpointe (a) de mhír 3 cuirfear na focail 'agus i ngrúpa feidhme AST/SC' isteach i ndiaidh na bhfocal 'i ngrúpa feidhme AST';

(c) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4. Tá tábla a léiríonn na cineálacha post tugtha in Iarscríbhinn I, Roinn A. Trí thagairt don tábla seo, déanfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na dualgais agus na cumhachtaí a bhaineann le gach cineál poist a shainiú le tuilleadh mionsonraí tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne.';

3. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

'Airteagal 6

1. Cuirfear in iúl sa phlean bunaíochta atá i gceangal leis an gcuid den bhuiséad a bhaineann le gach institiúid líon na bpost i ngach grád agus i ngach grúpa feidhme.

Léireoidh plean bunaíochta gach institiúide na hoibleagáidí atá leagtha amach sa chreat airgeadais ilbhliantúil agus an comhaontú idir institiúideach maidir lena chur chun feidhme.

2. Gan dochar do phrionsabal an ardaithe céime bunaithe ar thuillteanas mar atá leagtha síos in Airteagal 45, áiritheoidh an plean seo maidir le gach institiúid go gcomhfhreagróidh líon na bhfolúntas ag gach grád den phlean bunaíochta an 1 Eanáir gach bliain do líon na n‑oifigeach sa ghrád níos ísle a bhfuil stádas gníomhach acu an 1 Eanáir an bhliain roimhe sin, arna iolrú faoi na rátaí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, don ghrád sin. Cuirfear na rátaí sin i bhfeidhm ar bhonn mheán na gcúig bliana ón 1 Eanáir 2013.

3. Déanfar na rátaí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, Roinn B, a athbhreithniú ag deireadh tréimhse cúig bliana dar tús an 1 Eanáir 2013 ar bhonn tuarascála, a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus ar bhonn togra ón gCoimisiún.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

4. Tar éis na tréimhse cúig bliana céanna, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i ndáil le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le grúpa feidhme AST/SC agus i ndáil leis na forálacha idirthréimhseacha atá leagtha síos in Airteagal 30 d'Iarscríbhinn XIII, ag cur san áireamh athrú an ghá le foireann a dhéanann cúraimí rúnaíochta agus cléireachais i ngach institiúid agus athrú na bpost buan agus sealadach i ngrúpa feidhme AST agus athrú líon na ngníomhairí ar conradh i ngrúpa feidhme II.';

4. Leasófar Airteagal 9 mar a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1. Gan dochar do mhír 1a, cuirfear an méid seo a leanas ar bun laistigh de gach institiúid:

– Coiste Foirne, a bhféadfar a eagrú ina ranna do na hionaid dhifriúla oibre;

– Comhchoiste amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n‑oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

– Bord Araíonachta amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n‑oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

– Comhchoiste Comhairleach um neamhinniúlacht ghairmiúil amháin nó níos mó, mar is iomchuí do líon na n‑oifigeach ag na háiteanna fostaíochta;

– Coiste um Thuarascálacha, más gá;

– Coiste Easláine,

a chomhlíonfaidh na feidhmeanna a shanntar dóibh leis na Rialacháin Foirne seo.';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1a:

'Chun forálacha áirithe de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm, féadfar Comhchoiste coiteann a chur ar bun do dhá institiúid nó do níos mó ná dhá institiúid. Féadfaidh dhá ghníomhaireacht nó níos mó na Coistí eile dá dtagraítear i mír 1 agus an Bord Araíonachta a bhunú mar chomhlachtaí coiteanna.';

(c) I mír 2, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

'Féadfaidh na gníomhaireachtaí maolú ar fhorálacha Airteagal 1 d'Iarscríbhinn II maidir le comhaltas de Choistí Foirne chun comhdhéanamh a bpearsanra a chur san áireamh. Féadfaidh na gníomhaireachtaí a chinneadh gan comhaltaí malartacha a cheapadh ar an gComhchoiste nó ar na comhchoistí dá bhforáiltear in Airteagal 2 d'Iarscríbhinn II.';

5. Sa dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 10, cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí' in ionad na bhfocal 'na n‑institiúidí';

6. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 18:

'1. Is leis an Aontas Eorpach na cearta go léir maidir le haon scríbhinní nó le hobair eile a dhéanfaidh aon oifigeach le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh nó, i gcás ina mbainfidh scríbhinní nó obair den sórt sin leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, is leis an gcomhphobal sin iad. beidh sé de cheart ag an Aontas nó, más infheidhme, ag an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach cóipcheart oibreacha den sórt sin a fháil go héigeantach.';

7. In Airteagal 26a, cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí'

8. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

'Airteagal 27

Beidh an earcaíocht dírithe ar sheirbhísí oifigeach a fháil don institiúid, ar oifigigh iad a bheidh ar an gcaighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais, agus a earcófar ar an mbonn geografach is leithne is féidir as measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Ní choimeádfar aon phoist do náisiúnaigh d'aon Bhallstát ar leith.

De réir phrionsabal cothromaíochta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, beidh cead ag gach institiúid bearta ceartaitheacha a ghlacadh tar éis míchothromaíocht fhada agus shuntasach a bheith ann maidir le náisiúntacht i measc oifigeach nach bhfuil aon bhunús léi de réir critéar oibiachtúil. Ní bhunófar critéir earcaíochta ar na bearta ceartaitheacha sin, seachas critéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas. Sula nglacfar bearta ceartaitheacha den sórt sin, glacfaidh údarás ceapacháin na hinstitiúide i dtrácht forálacha ginearálta chun éifeacht a thabhairt don mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 110.

Tar éis tréimhse cúig bliana dar tús 1 Eanáir 2013, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na míre roimhe seo.';

9. In Airteagal 29 cuirfear an fhomhír seo a leanas le mír 1:

'Agus an prionsabal á choinneáil gur cheart formhór mór na n‑oifigeach a earcú ar bhonn comórtas oscailte, féadfaidh an t‑údarás ceapacháin a chinneadh, de mhaolú ar phointe (b), comórtas a reáchtáil laistigh den institiúid a bheidh ar oscailt do ghníomhairí ar conradh freisin mar atá sainithe in Airteagal 3a agus in Airteagal 3b de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.';

10. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 31(2):

'Gan dochar d'Airteagal 29(2), ní earcófar oifigigh ach ag na gráid SC 1, AST 1 go AST 4 nó AD 5 go AD 8.'

11. Sa tríú fomhír d'Airteagal 32, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

12. Sa dara fleasc de phointe (b) d'Airteagal 37, cuirfear 'd'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad na bhfocal 'd'institiúidí';

13. Leasófar Airteagal 42a mar a leanas:

(a) Sa dara habairt den chéad mhír, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b) In abairt dheireanach an tríú abairt, cuirfear 'a uasdátú' in ionad 'a oiriúnú';

14. Leasófar Airteagal 43 mar seo a leanas:

(a) Sa chéad abairt den chéad mhír, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(b) Sa dara habairt den chéad mhír, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

15. Leasófar Airteagal 45 mar seo a leanas:

(a) I mír 1, cuirfear an abairt seo a leanas isteach tar éis an dara habairt:

'Ach amháin i gcás ina gcuirfear an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1) i bhfeidhm, ní fhéadfar ardú céime a thabhairt d'oifigigh ach má tá post acu a chomhfhreagraíonn do cheann de na cineálacha poist atá leagtha amach in Iarscríbhinn I, Roinn A, le haghaidh an chéad ghráid eile níos airde.';

(b) Sa chéad abairt de mhír 2, cuirfear 'Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach';

(c) Sa dara habairt de mhír 2, cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

16. I mír 5 d'Airteagal 45a, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

17. Sa tríú mír d'Airteagal 48, cuirfear 'grúpaí feidhme AST agus AST/SC' in ionad na bhfocal 'grúpa feidhme AST';

18. Sa mhír dheireanach d'Airteagal 50, cuirfear 'caoga hocht' in ionad na bhfocal 'caoga cúig';

19. Leasófar Airteagal 51 mar seo a leanas:

(a) Sa chéad abairt de mhír 1, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'gach institiúid';

(b) Sa chéad abairt agus san abairt dheireanach den chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail 'de ghrád AST 1' in ionad na bhfocal 'de ghrád 1';

20. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52(b):

'(b) arna iarraidh sin dó féin, an lá deireanach den mhí a ndearna sé an iarraidh ina leith, i gcás ina mbeidh sé idir 58 agus 65 bliana d'aois agus ina mbeidh na ceanglais á gcomhlíonadh aige maidir le pinsean a íoc láithreach i gcomhréir le hAirteagal 9 d'Iarscríbhinn VIII. Beidh feidhm de réir analaí ag an dara habairt den dara mír d'Airteagal 48.

Mar sin féin, féadfaidh oifigeach leanúint air ag obair go dtí go mbeidh sé 67 bliain d'aois, arna iarraidh sin dó féin agus i gcás ina measfaidh an t‑údaras ceapacháin údar maith a bheith leis chun leasa na seirbhíse, agus sa chás sin cuirfear amach ar scor é go huathoibríoch an lá deireanach den mhí a mbainfidh sé an aois sin amach.';

21. Leasófar Airteagal 55 mar seo a leanas:

(a) Cuirfear uimhreacha ar na míreanna;

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 2:

"Beidh idir 40 uair an chloig agus 42 uair an chloig sa ghnáthsheachtain oibre agus is é an t‑údarás ceapacháin a chinnfidh uaireanta an lae oibre';

(c) Sa dara habairt den tríú mír, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(d) Cuirfear an mhír seo a leanas isteach:

'4. Féadfaidh údarás ceapacháin gach institiúide socruithe solúbtha maidir le huaireanta oibre a thabhairt isteach. Na hoifigigh a bhfuil feidhm le forálacha an dara mír d'Airteagal 44 maidir leo, bainisteoidh siad a n‑uaireanta oibre gan dul i muinín socruithe den sórt sin.';

22. Leasófar Airteagal 55a mar a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) den chéad fhomhír de mhír 2:

'(e) le linn na dtrí bliana deireanacha sula mbainfidh sé an aois scoir amach, seachas roimh aois a 58 bliain';

(b) Sa dara fomhír de mhír 2, cuirfear ', nó le linn na dtrí bliana deireanacha sula mbainfidh sé an aois scoir amach, seachas roimh aois a 58 bliain' in ionad na bhfocal ', nó ón uair a mbeidh sé 55 bliain d'aois';

23. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 56:

'Mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn VI, de bharr ragoibre a dheanfaidh oifigigh de ghrád SC 1 go grád SC 6 agus de ghrád AST 1 go grád AST 4, beidh siad i dteideal saoire chúiteach a fháil nó luach saothair a fháil i gcás nach bhféadfaidh siad saoire chúiteach a thógáil mar gheall ar riachtanais na seirbhíse an mhí i ndiaidh na míosa sin a ndearnadh an ragobair.';

24. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 56a agus an dara mír d'Airteagal 56b:

'Tar éis dó dul i gcomhairle le coiste na Rialachán Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal liúntas den sórt sin, na coinníollacha maidir leis na liúntais sin a dheonú agus a rátaí.';

25. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 56c:

'Tar éis dó dul i gcomhairle le coiste na Rialachán Foirne, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b, na catagóirí d'oifigigh a bheidh i dteideal na liúntas speisialta, na coinníollacha maidir le liúntais den sórt sin a dheonú agus a rátaí.';

26. Sa chéad mhír d'Airteagal 57, cuirfear 'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad na bhfocal 'na n‑institiúidí';

27. In Airteagal 61, cuirfear 'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí'

28. Leasófar Airteagal 63 mar seo a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas isteach in ionad an dara mír:

'Luach saothair a íocfar in airgeadra eile seachas in euro, déanfar é a ríomh ar bhonn na rátaí malairte ar baineadh leas astu chun buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme an 1 Iúil an bhliain sin.';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

'Déanfar na rátaí malairte a uasdátú gach bliain go haisghníomhach gach bliain tráth an uasdátaithe bhliantúil ar luach saothair dá bhforáiltear in Airteagal 65.';

(c) Scriosfar an ceathrú mír;

29. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 64:

'Tar éis do na hasbhaintí éigeantacha atá leagtha amach sna Rialacháin Foirne seo nó in aon rialacháin cur chun feidhme a bheith curtha i bhfeidhm, déanfar luach saothair oifigigh arna shloinneadh in euro a ualú ar ráta a bheidh os cionn 100 %, faoina bhun sin nó cothrom leis sin, ag brath ar na dálaí maireachtála sna háiteanna fostaíochta éagsúla.

Déanfar na comhéifeachtaí ceartúcháin a uasdátú gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Poibleoidh údarás ceapacháin gach institiúide na luachanna uasdátaithe dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe chun foireann na hinstitiúide a chur ar an eolas.';

30. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 65:

'1. Déanfar luach saothair oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh a uasdátú gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Déanfar an t‑uasdátú sin roimh dheireadh na bliana i bhfianaise tuarascála a dhéanfaidh an Coimisiún bunaithe ar shonraí staidrimh arna gcur le chéile ag Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh i gcomhaontú le hoifigí náisiúnta staidrimh na mBallstát; leis na sonraí staidrimh, léireofar an staid faoi mar atá sí an 1 Iúil i ngach ceann de na Ballstáit.

Na méideanna sa dara mír agus sa tríú mír d'Airteagal 42a, in Airteagal 66 agus in Airteagal 69, in Airteagail 1(1), 2(1), 3(1) agus (2), 4(1), 7(2), 8(2), 10(1) d'Iarscríbhinn VII agus in Airteagal 8(2) d'Iarscríbhinn XIII, na méideanna sa sean‑Airteagal 4a d'Iarscríbhinn VII atá le huasdátú i gcomhréir le hAirteagal 18(1) d'Iarscríbhinn XIII, na méideanna in Airteagal 24(3), sa dara fomhír d'Airteagal 28a(3), in Airteagail 28a(7), 93, 94, sa dara fomhír d'Airteagal 96(3), in Airteagail 96(7), 133, 134 agus 136 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, na méideanna sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(1) de Rialachán (CEGC, CEE, Euratom) Uimh. 300/76 ón gComhairle, an chomhéifeacht le haghaidh na méideanna in Airteagal 4 de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle, déanfar iad a uasdátú gach bliain i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Poibleoidh údarás ceapacháin gach institiúide na méideanna uasdátaithe dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe chun foireann na hinstitiúide a chur ar an eolas.

2. I gcás athrú suntasach ar an gcostas maireachtála, déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 1 agus an t‑ualú dá dtagraítear i mír 64 a uasdátú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI. Poibleoidh údarás ceapacháin gach institiúide na méideanna uasdátaithe agus an t‑ualú dhá sheachtain tar éis an uasdátaithe chun foireann na hinstitiúide a chur ar an eolas.';

31. Leasófar Airteagal 66 mar seo a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

'Is mar a fhoráiltear sa tábla seo a leanas an buntuarastal míosúil i gcás gach gráid agus céime i ngrúpa feidhme AD agus i ngrúpa feidhme AST:'

(b) Cuirfear an méid seo a leanas isteach:

'Is mar a fhoráiltear sa tábla seo a leanas an buntuarastal míosúil i gcás gach gráid agus céime i ngrúpa feidhme AST/SC:'

|| Céim

Grád || 1 || 2 || 3 || 4 || 5

SC 6 || 3.844,31 || 4.005,85 || 4174,78 || 4290,31 || 4349,59

SC 5 || 3.397,73 || 3.540,50 || 3.689,28 || 3.791,92 || 3.844,31

SC 4 || 3.003,02 || 3.129,21 || 3.260,71 || 3.351,42 || 3.397,73

SC 3 || 2.654,17 || 2.765,70 || 2.881,92 || 2.962,10 || 3.003,02

SC 2 || 2.345,84 || 2.444,41 || 2.547,14 || 2.617,99 || 2.654,17

SC 1 || 2.160,45 || 2.251,24 || 2.313,87 || 2.345,84 ||

';

32. Déanfar Airteagal 66a a mhodhnú mar seo a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 agus mhír 2:

'1. De mhaolú ar Airteagal 3(1) de Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 ón gComhairle[1] agus chun cur i bhfeidhm an mhodha lena dtugtar luach saothair agus pinsin oifigeach a chur san áireamh, cuirfear beart sealadach, ar a dtabharfar an 'tobhach dlúthpháirtíochta', i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022 maidir le luach saothair arna íoc ag an Aontas le baill foirne a bhfuil stádas gníomhach acu.

2. Is 6 % a bheidh i ráta an tobhaigh dhlúthpháirtíochta sin agus beidh feidhm aige maidir leis an mbonn atá sainithe i mír 3.';

(b) Leasófar mír 3 mar seo a leanas:            (i) San abairt tosaigh agus i bhfophointe (i) de phointe (a) agus i bpointe (b), cuirfear 'tobhach dlúthpháirtíochta' in ionad 'tobhach speisialta';    (ii) I bpointe (a)(ii), cuirfear na focail 'de ghrád AST 1, céim 1' in ionad na bhfocal 'de ghrád 1, céim 1';

(c) I mír 4, cuirfear na focail 'tobhach dlúthpháirtíochta' in ionad na bhfocal 'tobhach speisialta';

33. Leasófar Airteagal 72 mar seo a leanas:

(a) Sa chéad abairt den chéad fhomhír de mhír 1 agus sa tríú fomhír de mhír 1, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b) I mír 2 agus i mír 2a, cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(c) I mír 2b, cuirfear na focail 'de ghrád AST 1' in ionad na bhfocal 'de ghrád 1';

34. In Airteagal 73(1), cuirfear 'údaráis cheapacháin institiúidí' in ionad an fhocail 'institiúidí';

35. Sa dara habairt d'Airteagal 76a, cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

36. Sa chéad mhír agus sa chúigiú mír d'Airteagal 77, sa séú mír d'Airteagal 80 agus in Airteagal 81a(1)(d), cuirfear '65' in ionad '63';

37. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 82:

'2. I gcás ina ndéanfar luach saothair a uasdátú i gcomhréir le hAirteagal 65(1), cuirfear an uasdátú céanna i bhfeidhm maidir le pinsin.';

38. Scriosfar an dara fomhír d'Airteagal 83(1).;

39. Leasófar Airteagal 83a mar a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'Gníomhaireachtaí nach bhfaigheann fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, íocfaidh siad isteach sa bhuiséad sin méid iomlán na ranníocaíochtaí a theastóidh chun an scéim a mhaoiniú. Gníomhaireachtaí a mhaoinítear i bpáirt as an mbuiséad sin, íocfaidh siad an chuid de ranníocaíochtaí na bhfostóirí a chomhfhreagraíonn don chomhréir idir ioncam na gníomhaireachta gan an fóirdheontas as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus a hioncam iomlán.';

(b) I mír 3, cuirfear 'an Coimisiún' in ionad na bhfocal 'an Chomhairle';

(c) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'4. Gach bliain, déanfaidh an Coimisiún leagan uasdátaithe den mheasúnú achtúireach a thíolacadh, i gcomhréir le hAirteagal 1(2) d'Iarscríbhinn XII. I gcás ina dtaispeánfar go bhfuil bearna de 0,25 pointe ar a laghad idir an ráta ranníocaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair agus an ráta is gá chun comhardú achtúireach a choimeád, coigeartóidh an Coimisiún an ráta, i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Iarscríbhinn XII.';

(d) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

'5. Chun críocha mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo, gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus 110b, tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste na Rialachán Foirne.';

40. Scriosfar teideal VIII, 'Forálacha speisialta is infheidhme maidir le hoifigigh atá i seirbhísí eolaíochta nó teicniúla an Aontais';

41. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 110:

'Airteagal 110

1. Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide na forálacha ginearálta lena gcuirfear na Rialacháin Foirne seo chun feidhme tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne agus le Coiste na Rialachán Foirne.

2. Rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, lena n‑áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm de réir analaí acu maidir leis na gníomhaireachtaí. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le haon riail cur chun feidhme den sórt sin gan mhoill tar éis a glactha.

Tiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm sna gníomhaireachtaí naoi mí tar éis a dteachta i bhfeidhm sa Choimisiún nó naoi mí tar éis an dáta a chuirfidh an Coimisiún na gníomhaireachtaí ar an eolas maidir le glacadh na rialach cur chun feidhme atá i gceist, cibé acu is déanaí. D'ainneoin an méid sin, féadfaidh an ghníomhaireacht a chinneadh freisin go dtiocfaidh rialacha cur chun feidhme den sórt sin i bhfeidhm ar dháta níos luaithe.

De mhaolú ar an méid thuas, féadfaidh gníomhaireacht, sula rachaidh an tréimhse naoi mí dá dtagraítear thuas in éag agus tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú, ar rialacha cur chun feidhme iad atá éagsúil ó na cinn sin arna nglacadh ag an gCoimisiún. Faoi na coinníollacha céanna, féadfaidh gníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin a iarraidh gan cinn áirithe de na rialacha cur chun feidhme sin a chur i bhfeidhm. Sa chás deireanach sin, in ionad glacadh leis an iarraidh nó í a dhiúltú, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an ngníomhaireacht rialacha cur chun feidhme nach ionann leis na cinn arna nglacadh ag an gCoimisiún a chur faoina bhráid lena chomhaontú.

Déanfar an tréimhse naoi mí dá dtagraítear sna fomhíreanna roimhe seo a chur ar fionraí ón dáta a iarrfaidh an ghníomhaireacht comhaontú an Choimisiúin go dtí an dáta a chuirfidh an Coimisiún a sheasamh in iúl.

Féadfaidh gníomhaireacht freisin, tar éis di dul i gcomhairle lena Coiste Foirne, rialacha cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena chomhaontú ar rialacha cur chun feidhme iad a bhaineann le hábhair eile seachas na rialacha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún.

Chun críche na rialacha cur chun feidhme a ghlacadh, déanfaidh an bord bainistíochta nó an comhlacht coibhéiseach dá dtagraítear sa ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear iad ionadaíocht thar ceann na gníomhaireachta.

3. Chun críche rialacha a ghlacadh trí chomhaontú idir na hinstitiúidí, ní dhéileálfar leis na gníomhaireachtaí mar institiúidí. Ar a shon sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí sula nglacfar na rialacha sin.

4. Rialacha lena dtabharfar éifeacht do na Rialacháin Foirne seo, lena n‑áirítear na forálacha ginearálta cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, agus rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir údaráis cheapacháin na n‑institiúidí, cuirfear an fhoireann ar an eolas mar gheall orthu.

5. Rachaidh ranna riaracháin na n‑institiúidí agus na ngníomhaireachtaí i gcomhairle le chéile go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne seo. Déanfar comhionadaíocht ar ghníomhaireachtaí sna comhairliúcháin sin i gcomhréir le rialacha a shocrófar trí chomhaontú eatarthu.

6. Riarfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh clár de na rialacha arna nglacadh ag údarás ceapacháin gach institiúide chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo, agus de na rialacha sin arna nglacadh ag an ngníomhaireacht a mhéid a mhaolóidh siad ar na rialacha arna nglacadh ag an gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2. Beidh rochtain iomlán ag institiúidí agus ag gníomhaireachtaí ar an gclár sin agus beidh sé de láncheart acu a rialacha féin a leasú. Gach trí bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na rialacha arna nglacadh ag gach institiúid chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne seo.';

42. Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 110:

'Airteagal 110a

Tabharfaidh de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 110b i ndáil le gnéithe áirithe de dhálaí oibre agus gnéithe áirithe de chur chun feidhme na rialacha maidir le luach saothair agus speansais.

Airteagal 110b

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 56a, 56b, 56c agus 83a de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn VII, in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn X agus in Airteagal 12 d'Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 28a agus in Airteagal 96 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, bronnfar ar an gCoimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 1 Eanáir 2013 é.

An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI, bronnfar ar an gCoimisiún go ceann tréimhse 10 mbliana ón 1 Eanáir 2013 é.

3. An tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 56a, 56b, 56c agus 83a de na Rialacháin Foirne, in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn VII, in Airteagal 13 d'Iarscríbhinn X agus in Airteagal 9 agus in Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI agus in Airteagal 12 d'Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 28a agus in Airteagal 96 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle iad a chúlghairm tráth ar bith. Cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagail 56a, 56b, 56c agus 83a de na Rialacháin Foirne, Airteagal 13 d'Iarscríbhinn VII, Airteagal 13 d'Iarscríbhinn X, agus Airteagal 9 agus Airteagal 10 d'Iarscríbhinn XI agus Airteagal 12 d'Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 28a agus Airteagal 96 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.';

43. Leasófar Iarscríbhinn I mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn A:

'A. Na cineálacha post i ngach grúpa feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 5(4)

1. Grúpa Feidhme AD

Ard-Stiúrthóir || AD 16

Ard-Stiúrthóir Stiúrthóir || AD 15

Stiúrthóir Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann aonaid/ Comhairleoir saineolaí teanga; saineolaí eacnamaíoch; saineolaí dlí; saineolaí míochaine; saineolaí tréidliachta; saineolaí eolaíoch; saineolaí taighde; saineolaí airgeadais, saineolaí iniúchóireachta || AD 14

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann Aonaid/ Comhairleoir/ saineolaí teanga; saineolaí eacnamaíoch; saineolaí dlí; saineolaí míochaine; saineolaí tréidliachta; saineolaí eolaíoch; saineolaí taighde; saineolaí airgeadais, saineolaí iniúchóireachta || AD 13

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann Aonaid/ príomhaistritheoir, príomh‑ateangaire, príomheacnamaí; príomhdhlíodóir; príomhoifigeach liachta; príomhchigire tréidliachta; príomheolaí; príomhthaighdeoir; príomhoifigeach airgeadais; príomhiniúchóir || AD 12

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann Aonaid/ príomhaistritheoir, príomh‑ateangaire, príomheacnamaí; príomhdhlíodóir; príomhoifigeach liachta; príomhchigire tréidliachta; príomheolaí; príomhthaighdeoir; príomhoifigeach airgeadais; príomhiniúchóir || AD 11

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann Aonaid/ aistritheoir sinsearach; ateangaire sinsearach; eacnamaí sinsearach; dlíodóir sinsearach; oifigeach liachta sinsearach; cigire tréidliachta sinsearach; eolaí sinsearach; taighdeoir sinsearach; oifigeach airgeadais sinsearach, oifigeach iniúchóireachta sinsearach || AD 10

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Ceann Aonaid/ aistritheoir sinsearach; ateangaire sinsearach; eacnamaí sinsearach; dlíodóir sinsearach; oifigeach liachta sinsearach; cigire tréidliachta sinsearach; eolaí sinsearach; taighdeoir sinsearach; oifigeach airgeadais sinsearach, oifigeach iniúchóireachta sinsearach || AD 9

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Aistritheoir; ateangaire; eacnamaí; dlíodóir; oifigeach liachta; cigire tréidliachta; eolaí; taighdeoir; oifigeach airgeadais, iniúchóir || AD 8

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Aistritheoir; ateangaire; eacnamaí; dlíodóir; oifigeach liachta; cigire tréidliachta; eolaí; taighdeoir; oifigeach airgeadais, iniúchóir || AD 7

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Aistritheoir sóisearach; ateangaire sóisearach; eacnamaí sóisearach; dlíodóir sóisearach; oifigeach liachta sóisearach; cigire tréidliachta sóisearach; eolaí sóisearach; taighdeoir sóisearach; oifigeach airgeadais sóisearach, iniúchóir sóisearach || AD 6

Riarthóir, atá ag obair, mar shampla, i gceann de na cáileanna seo: Aistritheoir sóisearach; ateangaire sóisearach; eacnamaí sóisearach; dlíodóir sóisearach; oifigeach liachta sóisearach; cigire tréidliachta sóisearach; eolaí sóisearach; taighdeoir sóisearach; oifigeach airgeadais sóisearach, iniúchóir sóisearach || AD 5

2. Grúpa Feidhme AST

Cúntóir Sinsearach[2] Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag teastáil ina leith agus a mbaineann freagrachtaí suntasacha leo i dtéarmaí bainistithe foirne, chur chun feidhme an bhuiséid nó comhordaithe polaitiúil || AST 10 – AST 11

Cúntóir[3] Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag teastáil ina leith, go háirithe maidir le rialacha nó rialacháin nó treoracha ginearálta a chur chun feidhme nó mar chúntóir pearsanta do Bhall de chuid na hinstitiúide, do Cheann oifige príobháidí Baill nó do (Leas) Ardstiúrthóir nó do bhainisteoir sinsearach coibhéiseach || AST 1 – AST 9

3. Grúpa Feidhme AST/SC

Rúnaí/Cléireach Gníomhaíochtaí cléireachais agus rúnaíochta a dhéanamh, gníomhaíochtaí bainistithe oifige agus cúraimí coibhéiseacha eile a dhéanamh a bhfuil méid áirithe neamhspleáchais ag teastáil ina leith[4] || SC 1 – SC 6

(b) Leasaítear Roinn B mar seo a leanas:

(i) Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh an teidil:

'1. Na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairme a threorú i ngrúpa feidhme AST agus i ngrúpa feidhme AD:';

(ii) I bpointe 1, cuirfear '8 %' in ionad an téarma '20 %' atá leagtha amach sa tábla i gcomhair ghrád 9 de ghrúpa feidhme AST.;

(iii) Cuirfear an méid seo a leanas isteach:

'2. Na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairme a threorú i ngrúpa feidhme AST/SC:

|| Grád || Rúnaithe/Cléirigh

|| SC 6 || -

|| SC 5 || 12 %

|| SC 4 || 15 %

|| SC 3 || 17 %

|| SC 2 || 20 %

|| SC 1 || 25 %

44. Leasófar Iarscríbhinn II mar seo a leanas:

(a) Sa dara habairt den chéad fhomhír d'Airteagal 1, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'an institiúid';

(b) Sa dara habairt den dara fomhír d'Airteagal 1, cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'an institiúid';

(c) Sa cheathrú fomhír d'Airteagal 1, cuirfear ' na trí ghrúpa feidhme' in ionad na bhfocal 'an dá ghrúpa feidhme';

(d) Sa chéad fhleasc den dara mír d'Airteagal 2, cuirfear 'in Airteagal 2' in ionad na bhfocal 'sa tríú fomhír d'Airteagal 2';

45. Déanfar an tAirteagal Aonair in Iarscríbhinn IV a mhodhnú mar seo a leanas:

(a) Sa dara fomhír de mhír 1 agus sa cheathrú fomhír de mhír 4, cuirfear '65' in ionad na huimhreach '63';

(b) Scriosfar an tríú fomhír de mhír 1;

46. Sa chéad mhír d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn IVa, cuirfear 'oifigigh atá údaraithe, i gcomhréir le hAirteagal 55a(2)(e) de na Rialacháin Foirne, obair go leathaimseartha' in ionad na bhfocal 'oifigigh thar aois 55 atá údaraithe chun bheith ag obair go leathaimseartha maidir le hullmhúchán don scor';

47. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7 d'Iarscríbhinn V:

'Airteagal 7

Le saoire bhliantúil oifigeach atá i dteideal an liúntais easaorántachta nó an liúntais chónaí eachtraigh cuirfear am taistil bunaithe ar an bhfad geografach idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh, agus ríomhfar mar seo a leanas é:

– 250 go 600 km: lá amháin d'am taistil abhaile,

– 601 go 1,200 km: dhá lá d'am taistil abhaile,

– níos mó ná 1200 km: trí lá d'am taistil abhaile.

Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo maidir le hoifigigh a bhfuil a n‑áit fostaíochta laistigh de chríocha na mBallstát. Más rud é go bhfuil an t‑ionad fostaíochta lasmuigh de na críocha sin, cinnfear ar am taistil trí chinneadh speisialta ag cur sainriachtanas san áireamh.

I gcás ina ndeonófar saoire speisialta de bhun Roinn 2 thuas, cinnfear ar am taistil abhaile trí chinneadh speisialta ag cur sainriachtanas san áireamh.';

48. Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh d’Airteagal 1:

'Laistigh de na teorannacha atá leagtha síos in Airteagal 56 de na Rialacháin Foirne, beidh oifigeach de ghrád SC 1 go grád SC 6 nó de ghrád AST 1 go grád AST 4 i dteideal saoire cúití nó luach saothair mar seo a leanas:';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

'D'ainneoin na bhforálacha roimhe seo san Iarscríbhinn seo féadfar luach saothair a íoc maidir le ragobair a rinne grúpaí áirithe oifigeach de ghrád SC 1 go grád SC 6 agus de ghrád AST 1 go grád AST 4 i ndálaí speisialta i bhfoirm liúntais sheasta a gcinnfidh an t‑údarás ceapacháin a mhéid agus a théarmaí tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhchoiste.';

49. Leasófar Iarscríbhinn VII mar seo a leanas:

(a) In Airteagal 1(3), cuirfear 'de ghrád AST 3' in ionad na bhfocal 'de ghrád 3';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

'1. Beidh oifigeach i dteideal íocaíochta ar ráta comhréidh a chomhfhreagróidh don chostas taistil dó féin, dá chéile agus do na cleithiúnaithe dá chuid a chónaíonn iarbhír ina theaghlach:

(a) ar thosú ina phost dó, ón áit ar earcaíodh é chuig an áit a mbeidh sé fostaithe;

(b) ar chríochnú a chuid seirbhíse dó laistigh de chiall Airteagal 47 de na Rialacháin Foirne, ón áit a bhfuil sé fostaithe chuig an áit bhunaidh mar atá sé sainithe i mír 3 thíos;

(c) ar aon aistriú a mbeidh athrú ar a áit fostaíochta ag baint leis.

I gcás ina bhfaighidh oifigeach bás, beidh an céile marthanach agus na cleithiúnaithe i dteideal na híocaíochta ar ráta comhréidh faoi na coinníollacha céanna.

Ní aisíocfar speansais taistil i gcás leanaí a bheidh níos óige ná dhá bhliain d'aois le linn na bliana féilire ar fad.

2. Beidh an íocaíocht ar ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair d'fhad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1.

Is é seo a leanas an liúntas a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair:

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair ó || 0 go 200 km:

EUR 0,1895 in aghaidh gach ciliméadair ó || 201 go 1000 km

EUR 0,3158 in aghaidh gach ciliméadair ó || 1001 go 2000 km

EUR 0,1895 in aghaidh gach ciliméadair ó || 2001 go 3000 km

EUR 0,0631 in aghaidh gach ciliméadair ó || 3001 go 4000 km

EUR 0,0305 in aghaidh gach ciliméadair ó || 4001 go 10000 km

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair thar || 10000 km.

Cuirfear forlíonadh ar ráta comhréidh leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

– EUR 94,74 má tá an fad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1 idir 600 km agus 1200 km,

– EUR 189,46 má tá an fad geografach idir na háiteanna dá dtagraítear i mír 1 níos mó ná 1200 km.

Déanfar na liúntais in aghaidh an chiliméadair agus na forlíonta ar ráta comhréidh thuas a uasdátú gach bliain sa chomhréir chéanna le luach saothair.

2a. De mhaolú ar mhír 2, na speansais taistil i ndáil le haistriú lena mbaineann athrú idir áit fostaíochta laistigh de chríocha Bhallstát an Aontais Eorpaigh agus áit fostaíochta lasmuigh de na críocha sin nó i ndáil le haistriú lena mbaineann athrú idir áiteanna fostaíochta lasmuigh de na críocha sin, aisíocfar i bhfoirm íocaíocht ar ráta comhréidh iad bunaithe ar chostas aerthaistil sa chéad ghrád eile is airde tar éis an ghráid bharaine.

3. Déanfar áit bhunaidh oifigigh a chinneadh nuair a thosóidh sé a phost, agus an áit ar earcaíodh é nó, arna iarraidh sin go sainráiteach agus go réasúnaithe, an áit ina bhfuil a lárionad leasa á gcur san áireamh. Féadfaidh an t‑údarás ceapacháin trí chinneadh speisialta an áit bhunaidh a athrú fad agus atá an t‑oifigeach i seirbhís nó nuair a imíonn sé ón tseirbhís. Fad agus atá sé sa tseirbhís áfach, is go heisceachtúil agus ar chur i láthair fianaise atá tacúil agus oiriúnach a dhéanfar an cinneadh sin.

Ní bheidh sé de thoradh ar chinneadh den sórt sin áfach, go n‑aithneofar mar lárionad leasa an oifigigh áit atá lasmuigh de chríocha Bhallstát an Aontais chomh maith le lasmuigh de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachais Saorthrádála na hEorpa.';

(c) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

'Airteagal 8

'1. Oifigigh atá i dteideal an liúntais easaorántachta nó an liúntais chónaí eachtraigh beidh siad i dteideal íocaíochta ar ráta comhréidh i ngach bliain féilire, laistigh den teorainn atá leagtha amach i mír 2, ar íocaíocht í a chomhfhreagróidh don chostas taistil ón áit fostaíochta go dtí an áit bhunaidh mar atá sainithe in Airteagal 7 dóibh féin agus, más rud é go bhfuil siad i dteideal an liúntais teaghlaigh, dá gcéilí agus do na cleithiúnaithe laistigh de bhrí Airteagal 2.

I gcás ina mbeidh fear céile agus bean chéile beirt ina n‑oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh, beidh sé de cheart ag gach aon duine den bheirt maidir leis féin nó maidir léi féin agus maidir le cleithiúnaithe an íocaíocht ar ráta comhréidh a fháil maidir le speansais taistil, i gcomhréir leis na forálacha thuasluaite; ní bheidh gach cleithiúnaí i dteideal ach aon íocaíocht amháin a fháil. Socraítear an íocaíocht maidir le leanaí cleithiúnacha arna iarraidh sin don fhear céile nó don bhean chéile, ar bhonn áite bunaidh duine amháin nó an duine eile acu.

I gcás ina bpósfaidh oifigeach le linn bliana ar leith agus ina mbeidh sé i dteideal an liúntais teaghlaigh dá bharr sin, déanfar na speansais taistil a bheidh iníoctha i leith an chéile a ríomh i gcomhréir leis an tréimhse ó dháta an phósta go dtí deireadh na bliana.

Ní bheidh aon dliteanas ar an oifigeach aisíocaíocht a dhéanamh de dheasca aon athraithe a d'fhéadfadh teacht ar an mbonn ríofa de dhroim athruithe ar a stádas teaghlaigh tar éis an dáta a íocfar na suimeanna lena mbaineann.

Ní aisíocfar speansais taistil i gcás leanaí a bheidh níos óige ná dhá bhliain d'aois le linn na bliana féilire ar fad.

2. Beidh an íocaíocht ar ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair de fhad geografach idir áit fostaíochta an oifigigh agus a áit bhunaidh.

I gcás ina mbeidh an áit bhunaidh mar atá sainithe in Airteagal 7 lasmuigh de chríocha Bhallstáit an Aontais agus lasmuigh de na tíortha agus de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, beidh an ráta comhréidh bunaithe ar liúntas in aghaidh an chiliméadair d'fhad geografach idir áit fostaíochta an oifigigh agus príomhchathair an Bhallstáit a bhfuil an náisiúntacht sin aige. Oifigigh a bhfuil a n‑áit bhunaidh lasmuigh de chríocha Bhallstáit an Aontais agus lasmuigh de na tíortha agus de na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lasmuigh de chríocha Bhallstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus nach náisiúnaigh de cheann amháin de na Ballstáit iad, ní bheidh siad i dteideal na híocaíochta ar ráta comhréidh.

Is é seo a leanas an liúntas a bheidh ann in aghaidh an chiliméadair:

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair ó || 0 go 200 km

EUR 0,3790 in aghaidh gach ciliméadair ó || 201 go 1000 km

EUR 0,6316 in aghaidh gach ciliméadair ó || 1001 go 2000 km

EUR 0,3790 in aghaidh gach ciliméadair ó || 2001 go 3000 km

EUR 0,1262 in aghaidh gach ciliméadair ó || 3001 go 4000 km

EUR 0,0609 in aghaidh gach ciliméadair ó || 4001 go 10000 km

EUR 0 in aghaidh gach ciliméadair thar || 10000 km.

Cuirfear forlíonadh ar ráta comhréidh leis an liúntas in aghaidh an chiliméadair thuas arb ionann é agus:

– EUR 189,48 má tá an fad geografach idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh idir 600 km agus 1200 km,

– EUR 378,93 má tá an fad geografach idir an áit fostaíochta agus an áit bhunaidh níos mó ná 1200 km.

Déanfar na liúntais in aghaidh an chiliméadair agus na forlíonta ar ráta comhréidh thuas a uasdátú gach bliain sa chomhréir chéanna le luach saothair.

3. Oifigeach a bhfoircheannfar a sheirbhís le linn bliana féilire ar aon chúis cé is moite de bhás nó oifigeach a bheidh ar saoire ar fhorais phearsanta le linn chuid den bhliain, má tá stádas gníomhach aige i seirbhís institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh ar feadh níos lú ná naoi mí den bhliain sin, ní bheidh sé i dteideal ach cuid den íocaíocht ar ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2, arna ríomh i gcomhréir leis an am arna chaitheamh i stádas gníomhach.

4. Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo maidir le hoifigigh a bhfuil a n‑áit fostaíochta laistigh de chríocha na mBallstát. Beidh oifigigh a bhfuil a n‑áit fostaíochta lasmuigh de chríocha na mBallstát i dteideal aisíocaíochta speansas taistil chuig a n‑áit bhunaidh, nó aisíocaíochta speansas taistil chuig áit eile nach sáróidh na speansais taistil chuig an áit bhunaidh, gach bliain féilire dóibh féin, agus más rud é go bhfuil siad i dteideal an liúntais teaghlaigh, dá gcéilí agus dá gcleithiúnaithe eile laistigh de bhrí Airteagal 2. Más rud é áfach, nach gcónaíonn an céile agus na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2(2) leis an oifigeach ag an áit fostaíochta, beidh siad i dteideal aisíocaíochta speansas taistil ón áit bhunaidh chuig an áit fostaíochta nó chuig áit eile nach sáróidh costas an turais sin, gach bliain féilire.

Déanfar na speansais taistil seo a aisíoc i bhfoirm íocaíochta ar rata comhréidh a bheidh bunaithe ar chostas aerthaistil sa chéad ghrád eile is airde tar éis an ghráid bharaine.';

(d) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

'Airteagal 9

1. Laistigh de na huasteorainneacha costais, oifigigh nach mór dóibh an áit chónaithe a athrú chun Airteagal 20 de na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh ar theacht isteach sa tseirbhís dóibh nó de bharr athrú ar an áit fostaíochta ina dhiaidh sin agus iad sa tseirbhís agus nár aisíocadh i leith na speansas céanna ó fhoinse eile, beidh siad i dteideal aisíocaíochta na speansas arna dtabhú i ndáil le haistriú an troscáin agus an tsealúchais phearsanta, lena n‑áirítear costas árachais in aghaidh gnáthrioscaí (go háirithe briseadh, goid, dóiteán).

Cuirfear san áireamh sna huasteorainneacha imthosca teaghlaigh an oifigigh tráth an aistrithe, agus meánchostais aistrithe agus an árachais a bhaineann leis.

Glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide forálacha ginearálta cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

2. Ar fhoirceannadh seirbhíse oifigigh nó ar a bhás, aisíocfar na speansais a tabhaíodh i ndáil leis an aistriú ón áit a raibh sé fostaithe go dtí a áit bhunaidh laistigh de na huasteorainneacha atá sainithe i mír 1. I gcás ina raibh an t‑oifigeach neamhphósta, aisíocfar na speansais a tabhaíodh dóibh siúd atá ina dteideal mar gheall ar a ngaol leis.

3. I gcás oifigigh bhunaithe, cuirfear an t‑aistriú i gcrích laistigh de bhliain ó dheireadh a thréimhse promhaidh. I gcás ina ndéanfar seirbhís a fhoirceannadh, cuirfear an t‑aistriú i gcrích laistigh de thrí bliana mar a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 6 (4). Aistrithe a chuirfear i gcrích tar éis do na teorainneacha ama atá leagtha amach thuas dul in éag, ní dhéanfar iad a aisíoc ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus trí chinneadh speisialta ón údarás ceapacháin.'

(e) Leasófar Airteagal 13 mar seo a leanas:

(i) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

'3. Athbhreithneoidh an Coimisiún na rátaí atá leagtha amach i mír 2 (a) gach re bliain. Déanfar an t‑athbhreithniú sin i bhfianaise tuarascála maidir le praghsanna óstáin, bialanna agus seirbhísí lónadóireachta, agus beidh sé bunaithe ar na treoiruimhreacha maidir leis an athrú ar na praghsanna sin. Chun críocha an athbhreithnithe sin, gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b de na Rialacháin Foirne.';

(ii) Cuirfear isteach mír 4 mar seo a leanas:

'4. De mhaolú ar mhír 1, costais lóistín arna dtabhú ag oifigigh i gcás misean chuig príomhionaid oibre a n‑institiúidí dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 6 den Chonradh, féadfar iad a aisíoc ar bhonn suime ar ráta comhréidh nach sáróidh an t‑uasmhéid arna shocrú i gcás na mBallstát i gceist.'.

(f) In Airteagal 13a, cuirfear 'údaráis cheapacháin na n‑institiúidí éagsúla' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí éagsúla';

(g) Déanfar Airteagal 17 a mhodhnú mar seo a leanas:

(i) I mír 1 cuirfear 'isteach i mbanc laistigh den Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'ag an áit';

(ii) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 2:

'Faoi na coinníollacha arna leagan síos i rialacha socraithe ag údaráis cheapacháin gach institiúide de chomhthoiliú tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Rialachán Foirne, féadfaidh na hoifigigh iarratas a chur isteach ar aistriú speisialta tráthrialta de chuid dá luach saothair.';

(iii) Sa chéad abairt de mhír 3, cuirfear na focail 'in airgeadra an Bhallstáit ábhartha' isteach i ndiaidh 'déanfar'.

(iv) Sa chéad abairt de mhír 4, cuirfear na focail 'san airgeadra áitiúil' isteach i ndiaidh na bhfocal 'chuig Ballstát eile'.

50. Leasófar Iarscríbhinn VIII mar seo a leanas:

(a) In Airteagal 5, cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(b) In Airteagal 6, cuirfear 'ag an gcéad chéim de ghrád AST 1' in ionad na bhfocal 'ag an gcéad chéim de ghrád 1';

(c) Leasófar Airteagal 9 mar seo a leanas:

(i) Cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(ii) I bpointe (b) de mhír 1, cuirfear an uimhir '58' in ionad '55';

(iii) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

'Féadfaidh an t‑údarás ceapacháin cinneadh a dhéanamh, ar mhaithe leis an tseirbhís ar bhonn critéar oibiachtúil agus nósanna imeachta trédhearcacha arna dtabhairt isteach le forálacha ginearálta cur chun feidhme, gan an laghdú thuas a chur i bhfeidhm maidir leis na hoifigigh lena mbaineann. Líon iomlán na n‑oifigeach agus na seirbhíseach sealadach a rachaidh ar scor agus nach laghdófar a bpinsean gach bliain, ní rachaidh sé thar 5 % de líon na n‑oifigeach sna hinstitiúidí go léir a chuaigh ar scor an bhliain roimhe sin. Féadfaidh an céatadán in aghaidh na bliana a bheith idir 4 % agus 6 %, faoi réir uasmhéid 5 % thar dhá bhliain agus faoi réir phrionsabal na neodrachta maidir leis an mbuiséad.';

(d) Sa dara fomhír d'Airteagal 11(2), cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'an institiúid';

(e) In Airteagal 12(1) agus (2), cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(f) In Airteagal 15 agus in Airteagal 18a, cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(g) Sa dara mír d'Airteagal 27, cuirfear 'arna uasdátú' in ionad 'arna choigeartú';

(h) Déanfar Airteagal 45 a mhodhnú mar seo a leanas:

(i) Sa tríú mír, cuirfear 'san Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa Bhallstát cónaithe';

(ii) Sa chéad abairt den cheathrú mír, cuirfear na focail 'san Aontas Eorpach nó' isteach i ndiaidh na bhfocal 'i mbanc';

(iii) Sa dara habairt den cheathrú mír, scriosfar na focail 'in euro isteach i mbanc sa tír ina bhfuil a cheannáras ag an institiúid, nó';

51. Leasófar Iarscríbhinn IX mar seo a leanas:

(a) In Airteagal 2(3), cuirfear 'údarás ceapacháin gach institiúide' in ionad na bhfocal 'na hinstitiúidí';

(b) cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 5(1):

'Bunófar Bord Araíonachta, dá nglaoitear 'an Bord' anseo feasta, i ngach institiúid, ach amháin má chinneann dhá ghníomhaireacht nó níos mó, i gcomhréir le mír 1a d'Airteagal 9 de na Rialacháin Foirne, Bord a chur ar bun.';

(c) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30:

'Gan dochar d'Airteagal 2(3), glacfaidh údarás ceapacháin gach institiúide, más cuí leis é, socruithe cur chun feidhme i gcomhair na hIarscríbhinne seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Foirne';

52. Leasaítear Iarscríbhinn X mar a leanas:

(a) Sa chéad abairt d'Airteagal 11, cuirfear 'san Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa Bheilg';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

'Airteagal 13

Chun a áirithiú a oiread is féidir go mbeidh cumhacht ceannaigh choibhéiseach ag oifigigh beag beann ar a n‑áit fostaíochta, cinnfidh an Coimisiún an t‑ualú dá dtagraítear in Airteagal 12 uair sa bhliain. Gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b de na Rialacháin Foirne.

Más rud é, ámh, i gcás tíre áirithe, go bhfaightear go raibh an t‑athrú ar an gcostas maireachtála arna thomhas ar bhonn an ualaithe agus an ráta malairte comhfhreagrach os coinn 5 % ón gcoigeartú deireanach, déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le bearta eatramhacha chun an t‑ualú a choigeartú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos sa chéad mhír.';

53. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XI:

'Iarscríbhinn XI

Rialacha maidir le hAirteagal 64 agus Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm

CAIBIDIL 1

UASDÁTÚ BLIANTÚIL AN LUACHA SAOTHAIR DÁ BHFORÁILTEAR IN AIRTEAGAL 65(1) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE

Roinn 1

Tosca a chinneann na huasdátuithe bliantúla

Airteagal 1

1.       Tuarascáil ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh (Eurostat)

Chun críche an uasdátaithe dá bhforáiltear in Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne, tarraingeoidh Eurostat tuarascáil suas gach bliain roimh dheireadh mhí Dheireadh Fómhair maidir leis na hathruithe ainmniúla ar thuarastail i seirbhísí sibhialta náisiúnta sa rialtas lárnach agus maidir le hathruithe ar an gcostas maireachtála sna Ballstáit.

2.       Treoiruimhir Eorpach ar Phraghsanna do Thomhaltóirí

(a) Bainfidh Eurostat úsáid as an Treoiruimhir Eorpach ar Phraghsanna do Thomhaltóirí chun athruithe ar an gcostas maireachtála san Aontas Eorpach a thomhas.

(b) Cuirfear san áireamh sa treoiruimhir sin na hathruithe idir Meitheamh na bliana roimhe sin agus Meitheamh na bliana reatha.

3.       Athruithe ar an gcostas maireachtála sna Ballstáit

(a) Tarraingeoidh Eurostat na paireachtaí eacnamaíocha chun coibhéis na cumhachta ceannaigh a bhunú i gcás tuarastal agus pinsean oifigeach. Tagróidh na paireachtaí eacnamaíocha do mhí an Mheithimh gach bliain.

(b) An 1 Eanáir 2013 is éard a bheidh sa phaireacht eacnamaíoch i gcomhair gach tíre nó áite fostaíochta an phaireacht chumhachta ceannaigh arna bunú ag Eurostat an 1 Iúil 2012 i gcás tuarastal agus pinsean. Déanfar an phaireacht eacnamaíoch a uasdátú de réir an chóimheasa idir an boilsciú sa tír chomhfhreagrach agus an Treoiruimhir Eorpach ar Phraghsanna do Thomhaltóirí.

(c) Ríomhfar comhphaireacht eacnamaíoch amháin i gcás na Beilge agus Lucsamburg áfach. Chun na críche sin, déanfar an boilsciú sna tíortha sin a ualú i gcomhréir le leithdháileadh na foirne i seirbhís sna tíortha sin. An 1 Eanáir 2013 is 1 a bheidh sa phaireacht chumhachta ceannaigh i gcás na Beilge agus Lucsamburg.

(d) Ríomhfar na paireachtaí eacnamaíocha sa chaoi go bhféadfar gach comhchuid bhunúsacha a uasdátú faoi dhó in aghaidh na bliana.     

(e) Roimh an 1 Iúil 2017 déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn sonraí arna mbailiú ag Eurostat, tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an gcostas maireachtála i gcomhair oifigigh an Aontais Eorpaigh sna háiteanna fostaíochta nach bhfuil tagairt dóibh i bpointe (c).

4.       Athruithe ar luach saothair seirbhíseach sibhialta náisiúnta sa rialtas lárnach

(a) Déanfaidh Eurostat, ar bhonn faisnéise arna soláthar roimh dheireadh mhí Lúnasa ag na hoifigí náisiúnta staidrimh, táscairí tuarastail a ríomh i gcás gach ceann de na Ballstáit lena léireofar athruithe suas nó athruithe síos ar luach saothair ainmniúil seirbhíseach sibhialta sa rialtas lárnach, idir mí Iúil na bliana roimhe sin agus mí Iúil na bliana reatha. Ba cheart aon dóú cuid déag de gach eilimint is iníoctha go bliantúil a bheith ar áireamh sa dá cheann.

Beidh na táscairí tuarastail in dhá fhoirm:

(i) táscaire amháin i gcás gach ceann de na grúpaí feidhme mar atá sainithe ag Eurostat,

(ii) meántáscaire arna ualú chun líon na seirbhíseach sibhialta náisiúnta a chomhfhreagraíonn do gach grúpa feidhme a léiriú.

Chun an táscaire tuarastail iomlán a bhunú i gcomhair iomlán an Aontais Eorpaigh, déanfar na torthaí de réir tíre a ualú i gcomhréir lena holltáirgeacht náisiúnta arna tomhas ag úsáid paireachtaí cumhachta ceannaigh mar atá léirithe sa staidreamh is déanaí arna fhoilsiú i gcomhréir le sainmhínithe na gcuntas náisiúnta i gCóras Eorpach na gCuntas atá i bhfeidhm.

Bunófar gach ceann de na táscairí sin i dtéarmaí comhlána ainmniúla. Bunóidh Eurostat sainmhíniú ar oll-luach saothair i gcás gach ceann de na Ballstáit thagartha tar éis dó dul i dteagmháil lena n‑oifigí staidrimh.       

(b) Arna iarraidh sin do Eurostat, soláthróidh na hoifigí náisiúnta staidrimh an fhaisnéis bhreise dó a measfaidh sé go bhfuil gá leis chun táscaire tuarastail a tharraingt suas a thomhaisfidh go cruinn athruithe ar luach saothair seirbhíseach sibhialta náisiúnta.

Más rud é, tar éis tuilleadh comhairliúcháin leis na hoifigí náisiúnta staidrimh, go n‑aimsíonn Eurostat aimhrialtachtaí staitistiúla san fhaisnéis a fuarthas nó nach féidir leis táscairí a tharraingt suas a thomhaisfidh le cruinneas staitistiúil na hathruithe ar ioncam ainmniúil seirbhíseach sibhialta i mBallstát áirithe, tabharfaidh sé tuairisc don Choimisiún agus soláthróidh an t‑ábhar ar fad dó is gá chun measúnú a dhéanamh.

(c) Sa bhreis ar na táscairí tuarastail, déanfaidh Eurostat táscairí rialaithe iomchuí a bhunú agus a ríomh.

Beidh barúlacha ag gabháil leis an tuarascáil ó Eurostat, maidir leis na difríochtaí idir na táscairí sin agus na táscairí rialaithe thuasluaite.

Airteagal 2

Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil chuimsitheach gach trí bliana maidir le riachtanais earcaíochta na n‑institiúidí agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í. Ar bhonn na tuarascála sin tíolacfaidh an Coimisiún, más gá, moltaí bunaithe ar na tosca ábhartha ar fad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle tar éis dó dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí eile faoi chuimsiú na Rialachán Foirne.

Roinn 2

Socruithe maidir le luach saothair agus pinsin a uasdátú go bliantúil

Airteagal 3

1. Faoi Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne, ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, déanfar an luach saothair agus na pinsin a uasdátú roimh dheireadh gach bliana, le héifeacht ón 1 Iúil.

2. Luach iomlán na dtáscairí tuarastail a bheidh i méid an uasdátaithe. Déanfar iad a uasdátú i dtéarmaí comhlána mar chéatadán cuimsitheach aonfhoirmeach.

3. Déanfar méid an uasdátaithe arna shocrú sa dóigh sin a ionchorprú sna táblaí buntuarastail atá in Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne agus in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus in Airteagal 20 agus in Airteagal 93 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

4. Chun na críocha Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 260/68 a chur i bhfeidhm, déanfar na méideanna in Airteagal 4 den Rialachán sin a iolrú faoi fhachtóir a bheidh comhdhéanta de na nithe seo a leanas:

(a) an fachtóir ar toradh an uasdátaithe roimhe sin é, agus

(b) fachtóir an uasdátaithe luacha saothair dá dtagraítear i mír 2.

5. Cinnfear na comhéifeachtaí ceartúcháin ar bhonn na gcóimheas idir na paireachtaí eacnamaíocha comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo agus na rátaí malairte atá sonraithe in Airteagal 63 de na Rialacháin Foirne i gcomhair na tíortha ábhartha. Beidh siad infheidhme:

(a) maidir le tuarastail oifigigh an Aontais Eorpaigh i seirbhís i ngach ceann de na Ballstáit agus in áiteanna fostaíochta áirithe eile,

(b) de mhaolú ar Airteagal 82(1) de na Rialacháin Foirne, maidir le pinsin ón Aontas Eorpach arna n‑íoc i ngach ceann de na Ballstáit i gcás na coda sin a chomhfhreagraíonn do na cearta arna bhfáil roimh 1 Bealtaine 2004. Pinsin ón Aontas Eorpach arna n‑íoc i gcás na coda sin a chomhfhreagraíonn do na cearta arna bhfáil ón 1 Bealtaine 2004 beidh siad faoi réir na paireachta eacnamaíche dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 1(3) den Iarscríbhinn seo.

Beidh feidhm ag na nósanna imeachta atá leagtha síos in Airteagal 8 den Iarscríbhinn seo maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin a chur i bhfeidhm go haisghníomhach in áiteanna fostaíochta ina bhfuil ráta ard boilscithe.

6. Déanfaidh na hinstitiúidí an t‑uasdátú comhfhreagrach, dearfach nó diúltach, ar luach saothair agus ar phinsin na n‑oifigeach, na n‑iaroifigeach agus na ndaoine eile lena mbaineann an éifeacht aisghníomhach i gcomhair na tréimhse idir an dáta éifeachtach agus dáta theacht i bhfeidhm an chéad uasdátaithe eile.

Más gá de dheasca an uasdátaithe aisghníomhaigh sin suimeanna a ró-íocadh a ghnóthú, féadfaidh an gnóthú sin a shíneadh thar tréimhse nach mó ná dhá mhí dhéag ó dháta theacht i bhfeidhm an chéad uasdátaithe bhliantúil eile é.

CAIBIDIL 2

UASDÁTUITHE IDIRMHEÁNACHA AR LUACH SAOTHAIR AGUS AR PHINSIN (AIRTEAGAL 65(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE)

Airteagal 4

1. Déanfar uasdátú idirmheánach ar luach saothair agus ar phinsin de bhun Airteagal 65(2) de na Rialacháin Foirne, a thiocfaidh i bhfeidhm an 1 Eanáir, i gcás athrú sunstasach ar an gcostas maireachtála idir Meitheamh agus Nollaig (trí thagairt don tairseach íogaireachta atá sainithe in Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo).

2. Cuirfear na huasdátuithe idirmheánacha sin san áireamh san uasdátú tuarastail bliantúil.

Airteagal 5

Tomhaisfear an t‑athrú ar an gcostas maireachtála leis an Treoiruimhir Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí i gcomhair na tréimhse ó Mheitheamh go Nollaig na bliana féilire roimhe sin. I gcás na Beilge agus Lucsamburg, áfach, tomhaisfear an t‑athrú ar an gcostas maireachtála leis an mboilsciú sna tíortha sin arna ualú mar atá leagtha síos i bpointe (c) d'Airteagal 1(3).

Airteagal 6

Is éard a bheidh sa tairseach íogaireachta i gcomhair na tréimhse sé mhí atá luaite in Airteagal 5 den Iarscríbhinn seo an céatadán a chomhfhreagróidh do 5 % ar feadh tréimhse 12 mhí. Má shroichtear nó má sháraítear an tairseach íogaireachta i mBallstát, déanfar an luach saothair agus na pinsin i gcomhair gach áite fostaíochta sa tír sin a uasdátú.

Airteagal 7

Chun críocha Airteagal 6 den Iarscríbhinn seo, déanfar comhéifeachtaí ceartúcháin a uasdátú chun na hathruithe ar an gcostas maireachtála dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur san áireamh.

CAIBIDIL 3

AN DÁTA A THIOCFAIDH COMHÉIFEACHT CEARTÚCHÁIN I bhFEIDHM (ÁITEANNA FOSTAÍOCHTA LENA mBAINEANN MÉADÚ ARDCHOSTAIS MAIREACHTÁLA)

Airteagal 8

1. I gcomhair áiteanna lena mbaineann méadú ardchostais maireachtála, tiocfaidh an comhéifeacht ceartúcháin i bhfeidhm roimh 1 Eanáir i gcás an uasdátaithe idirmheánaigh, nó 1 Iúil i gcás an uasdátaithe bhliantúil. Is amhlaidh a bheidh chun an caillteanas cumhachta ceannaigh a chur i gcomhréir leis an gcaillteanas a bheadh ann in áit fostaíochta ina gcomhfhreagródh an t‑athrú ar an gcostas maireachtála leis an tairseach íogaireachta.

2. Is mar seo a leanas a bheidh na dátaí éifeachtacha i gcomhair an uasdátaithe bhliantúil:

(a) 16 Bealtaine i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil boilsciú os cionn 5 %, agus

(b) 1 Bealtaine i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil boilsciú os cionn 10 %.

3. Is mar seo a leanas a bheidh na dátaí éifeachtacha i gcomhair an uasdátaithe bhliantúil:

(a) 16 Samhain i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil boilsciú os cionn 5 %, agus

(b) 1 Samhain i gcás áiteanna fostaíochta ina bhfuil boilsciú os cionn 10 %.

CAIBIDIL 4

CRUTHÚ AGUS AISTARRAINGT COMHÉIFEACHTAÍ CEARTÚCHÁIN (AIRTEAGAL 64 DE NA RIALACHÁIN FOIRNE)

Airteagal 9

1. Féadfaidh údaráis iomchuí na mBallstát lena mbaineann, riarachán institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh nó ionadaithe oifigigh an Aontais Eorpaigh in áit fostaíochta áirithe a iarraidh go gcruthófar comhéifeacht ceartúcháin a bheidh sonrach don áit sin.

Ba cheart tosca oibiachtúla a bheith mar thacaíocht ag an iarraidh sin, ar tosca iad lena léirítear difríocht shuntasach thar roinnt blianta sa chostas maireachtála idir an áit fostaíochta sin agus príomhchathair an Bhallstáit lena mbaineann (cé is moite den Ísiltír áit a n‑úsáidtear an Háig seachas Amstardam). I gcás ina ndeimhneoidh Eurostat go bhfuil an difríocht suntasach (os coinn 5 %) agus marthanach, cuirfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b de na Rialacháin Foirne, comhéifeacht ceartúcháin i bhfeidhm i gcomhair na háite sin.

2. Ar an dóigh chéanna, cinnfidh an Coimisiún feidhm chomhéifeachta ceartúcháin a aistarraingt in áit áirithe. Sa chás sin, beidh an moladh bunaithe ar ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(a) iarraidh ó údaráis iomchuí an Bhallstáit lena mbaineann, riarachán institiúide de chuid an Aontais Eorpaigh nó ionadaithe oifigigh an Aontais Eorpaigh in áit fostaíochta áirithe ina léireofar nach bhfuil difríocht shuntasach ann a thuilleadh (faoi bhun 2 %) idir an áit sin agus príomhchathair an Bhallstáit i dtrácht maidir leis an gcostas maireachtála. Ba cheart an cóineasú sin a bheith marthanach agus fíoraithe ag Eurostat,

(b) nach bhfuil aon oifigigh ná gníomhairí sealadacha de chuid an Aontais Eorpaigh fostaithe san áit sin a thuilleadh.

3. Bunóidh Eurostat an phaireacht chumhachta ceannaigh idir an áit fostaíochta agus príomhchathair an Bhallstáit lena mbaineann. Is éard a bheidh sa phaireacht eacnamaíoch i gcomhair na háite fostaíochta iolrach na cumhachta ceannaigh agus na comhéifeachta ceartúcháin is infheidhme maidir leis an bpríomhchathair.

CAIBIDIL 5

CLÁSAL EISCEACHTA

Airteagal 10

I gcás ina mbeidh laghdú ar olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana reatha, arna thuar ag ard-stiúrthóireacht an Choimisiúin maidir le gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, agus i gcás ina mbeidh luach an uasdátaithe bhliantúil dhá phointe céatadáin os coinn an athraithe a bheidh tuartha ar olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh, déanfar luach an uasdátaithe, sa chás go bhfuil sé dearfach, a roinnt ina dhá chuid chothroma. Gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus le hAirteagal 110b de na Rialacháin Foirne, ar dá réir a thiocfaidh an chéad leath de luach an uasdátaithe i bhfeidhm ón 1 Iúil na bliana reatha agus tiocfaidh an dara leath i bhfeidhm ón 1 Iúil na bliana ina dhiaidh sin.

CAIBIDIL 6

RÓL EUROSTAT AGUS CAIDREAMH LE hOIFIGÍ STAIDRIMH NA mBALLSTÁT

Airteagal 11

Beidh sé de chúram ar Eurostat faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na mbunsonraí agus na modhanna staitistiúla arna n‑úsáid chun na tosca a oibriú amach a úsáidtear chun luach saothair a uasdátú. Go háirithe, déanfaidh sé aon mheasúnuithe nó staidéar is gá i gcomhair faireacháin den sórt sin.

Cuirfidh oifigigh náisiúnta staidrimh a gcúraimí i gcrích i gcomhréir le prionsabal na neamhchlaontachta agus soláthróidh siad na sonraí agus na mínithe ar fad is gá do Eurostat.

Airteagal 12

Mí an Mhárta gach bliain, tionólfaidh Eurostat meitheal ina mbeidh saineolaithe ó oifigigh staidrimh na mBallstát ar a dtabharfar 'an Mheitheal maidir le hAirteagal 65 de na Rialacháin Foirne'.

Ag an gcruinniú sin, scrúdófar an mhodheolaíocht staitistiúil agus a cur chun feidhme maidir le táscairí sonracha agus táscairí rialaithe.

An fhaisnéis is gá chun tuar a sholáthar maidir le hathruithe ar thuarastail ainmniúla chun críocha luach saothair a uasdátú, soláthrófar freisin í, maille leis na sonraí maidir le huaireanta oibre i ranna an rialtais lárnaigh.

Airteagal 13

Arna iarraidh sin do Eurostat, cuirfidh na Ballstáit Eurostat ar an eolas maidir le haon tosca a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar chomhdhéanamh luacha saothair sheirbhísigh shibhialta an rialtais lárnaigh agus athruithe air sin.

CAIBIDIL 7

FORÁIL DEIRIDH AGUS CLÁSAL ATHBHREITHNITHE

Airteagal 14

1. Beidh feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2022.

2. Féadfar iad a athbhreithniú ag deireadh an cúigiú bliain go háirithe i bhfianaise a n‑impleachtaí don bhuiséad. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, más iomchuí, togra chun an Iarscríbhinn seo a leasú ar bhonn Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.';

54. Leasófar Iarscríbhinn XII mar seo a leanas:

(a) Leasófar Airteagal 2 mar seo a leanas:

(i) I mír 1, cuirfear an focal 'uasdátú' in ionad 'coigeartú';

(ii) Scriosfar mír 2 agus déanfar mír 2 de mhír 3;

(b) In Airteagal 4(6), cuirfear na focail '30 bliain' in ionad '12 bhliain';

(c) In Airteagal 10(2) agus in Airteagal 11(2), cuirfear na focail '30 bliain' in ionad '12 bhliain';

(d) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1):

'1. Don tréimhse go dtí 2012, bunófar an t‑athrú bliantúil a thiocfaidh ar scálaí tuarastail na n‑oifigeach atá le cur san áireamh do na ríomhanna achtúireacha ar na táscairí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1(4) d'Iarscríbhinn XI mar atá i bhfeidhm in 2012 agus, i gcás na tréimhse a gcuirfear tús léi in 2013, ar tháscairí sonracha a fhreagróidh gach bliain don chóimheas idir táscaire an tuarastail dhomhanda dá dtagraítear in Airteagal 1(4) d'Iarscríbhinn XI agus an Treoiruimhir Eorpach ar Phraghsanna do Thomhaltóirí';

(e) Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 11:

'Airteagal 11a

Go dtí 2020, d'fhonn Airteagal 4(6), Airteagal 10(2) agus Airteagal 11(2) den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm, ríomhfar an meán soghluaiste ar bhonn an amscála seo a leanas:

In 2013 – 14 bliana || In 2017 – 22 bliain

In 2014 – 16 bliana || In 2018 – 24 bliain

In 2015 – 18 bliana || In 2019 – 26 bliana

In 2016 – 20 bliain || In 2020 – 28 bliain.';

(f) Cuirfear an abairt seo a leanas le hAirteagal 12:

'Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus 110b de na Rialacháin Foirne.';

(g) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 14:

'Nuair a dhéanfar an measúnú achtúireach gach cúig bliana, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Iarscríbhinn seo a athbhreithniú, go háirithe i bhfianaise a himpleachtaí buiséadacha agus a comhardaithe achtúirigh, ar bhonn tuarascála a bheidh i dteannta togra ón gCoimisiún, más iomchuí, ar togra é arna dhéanamh tar éis tuairim an Choiste um Rialacháin Foirne a fháil. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn an togra sin ar bhonn Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.';

55. Leasófar Iarscríbhinn XIII mar seo a leanas:

(a) Sa tríú fomhír d'Airteagal 7(2), cuirfear an focal 'uasdátú' in ionad 'coigeartú';

(b) Scriosfar Airteagail 10, 14 go 17, 18(2) agus 19;

(c) In Airteagal 18(1), cuirfear na focail 'a uasdátú' in ionad 'a choigeartú' agus cuirfear an focal 'uasdátú' in ionad 'coigeartú';

(d) Leasófar Airteagal 20 mar seo a leanas:

(i) Scriosfar mír 2;

(ii) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de mhír 3:

'Ní bheidh pinsean oifigigh faoi réir na comhéifeachta ceartúcháin ach amháin más ionann áit chónaithe an oifigigh agus an áit dheireanach inar fostaíodh é nó an tír ina bhfuil a áit bhunaidh de réir bhrí Airteagal 7(3) d'Iarscríbhinn VII. Mar sin féin, ar chúiseanna teaghlaigh nó ar chúiseanna leighis, féadfaidh oifigigh a fhaigheann pinsean iarraidh ar an údarás ceapacháin a n‑áit bhunaidh a athrú; déanfar an cinneadh sin nuair a sholáthróidh an t‑oifigeach lena mbaineann an fhianaise tacaíochta is iomchuí.';

(iii) Cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír de mhír 3:

'Beidh an íosphaireacht eacnamaíoch dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 3(5) d'Iarscríbhinn XI cothrom le 1.';

(iv) Cuirfear isteach an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír 3:

'3a. I gcás oifigeach arna n‑earcú roimh 1 Eanáir 2013, beidh feidhm ag an tríú fomhír de mhír 3.';

(v) Scriosfar an abairt dheireanach de mhír 4;

(e) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

1. Beidh oifigigh a mbeidh 20 bliain nó níos mó de sheirbhís curtha isteach acu an 1 Bealtaine 2004 i dteideal pinsin scoir nuair a bhainfidh siad 60 bliain d'aois amach.

Beidh oifigigh a bheidh 30 bliain d'aois nó níos sine an 1 Bealtaine 2013 agus a tháinig isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2013 i dteideal pinsin scoir ag an aois atá luaite sa tábla thíos:

Aois an 1 Bealtaine 2013 || Aois inphinsin || Aois an 1 Bealtaine 2013 || Aois inphinsin

59 bliain agus níos sine || 60 bliain 0 mí || 44 bliain || 62 bliain 8 mí

58 bliain || 60 bliain 2 mhí || 43 bliain || 62 bliain 11 mhí

57 bliain || 60 bliain 4 mhí || 42 bliain || 63 bliain 1 mhí

56 bliain || 60 bliain 6 mhí || 41 bliain || 63 bliain 3 mhí

55 bliain || 60 bliain 8 mí || 40 bliain || 63 bliain 5 mhí

54 bliain || 60 bliain 10 mí || 39 bliain || 63 bliain 7 mí

53 bliain || 61 bliain 0 mí || 38 bliain || 64 bliain 0 mí

52 bliain || 61 bliain 2 mhí || 37 bliain || 64 bliain 1 mhí

51 bliain || 61 bliain 4 mhí || 36 bliain || 64 bliain 2 mhí

50 bliain || 61 bliain 6 mhí || 35 bliain || 64 bliain 3 mhí

49 bliain || 61 bliain 9 mhí || 34 bliain || 64 bliain 4 mhí

48 bliain || 62 bliain 0 mhí || 33 bliain || 64 bliain 5 mhí

47 bliain || 62 bliain 2 mhí || 32 bliain || 64 bliain 6 mhí

46 bliain || 62 bliain 4 mhí || 31 bliain || 64 bliain 7 mí

45 bliain || 62 bliain 6 mhí || 30 bliain || 64 bliain 8 mí

Beidh oifigigh a bheidh níos óige ná 30 bliain d'aois an 1 Bealtaine 2013 i dteideal pinsin scoir nuair a bhainfidh siad 65 bliain d'aois amach.

I gcás oifigeach atá 43 bliain d'aois nó níos sine an 1 Bealtaine 2013 agus a tháinig isteach sa tseirbhís idir an 1 Bealtaine 2004 agus an 31 Nollaig 2012, áfach, fanfaidh an aois scoir ag 63 bliain.

Maidir le hoifigigh a bheidh sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2013, cinnfear an aois inphinsin atá le cur san áireamh i gcás gach tagartha don aois inphinsin sna Rialacháin Foirne seo i gcomhréir leis na forálacha thuasluaite, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sna Rialacháin Foirne seo.

2. D'ainneoin Airteagal 2 d'Iarscríbhinn VIII, beidh oifigigh a rachaidh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2013 agus a fhanfaidh sa tseirbhís tar éis na haoise ag a mbeidís i dteideal pinsin scoir, beidh siad i dteideal méadú breise 3 % ar a mbuntuarastal deiridh do gach bliain a fhanfaidh siad i mbun oibre tar éis na haoise sin, ar choinníoll nach dtéann a bpinsean iomlán thar 70 % den bhuntuarastal deiridh de réir bhrí an dara nó an tríú mír d'Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne, de réir mar a bheidh.

I gcás oifigeach a bhí 50 bliain d'aois nó níos sine agus a raibh 20 bliain nó níos mó curtha isteach sa tseirbhís acu faoin 1 Bealtaine 2004, áfach, ní bheidh an méadú ar an bpinsean dá bhforáiltear san fhomhír roimhe seo níos lú ná 5 % de mhéid na gceart pinsin arna bhfáil ag aois 60.

Deonófar an méadú sin freisin i gcás báis, má tá an t‑oifigeach fós sa tseirbhís tar éis na haoise ag a mbeadh sé i dteideal pinsin.

Más rud é, de bhun Iarscríbhinn IVa, go déanfaidh oifigeach a thiocfaidh isteach sa tseirbhís roimh an 1 Eanáir 2013 agus a bheidh ag obair go páirtaimseartha ranníocaíocht leis an scéim pinsin i gcoibhneas leis an am arna oibriú, cuirfear an méadú ar theidlíochtaí pinsin dá bhforáiltear san Airteagal seo i bhfeidhm bunaithe ar an gcoibhneas céanna sin.

3. Má théann an t‑oifigeach ar scor sula sroicheann sé an aois scoir mar atá leagtha síos san Airteagal seo, ní chuirfear ach leath den laghdú atá leagtha síos in Airteagal 9(1)(b) d'Iarscríbhinn VIII i bhfeidhm don tréimhse idir aois 60 agus an aois scoir reachtúil.

4. De mhaolú ar an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal Aonair in Iarscríbhinn IV, i gcás oifigigh a mbaineann aois scoir níos óige ná 65 bliain d'aois leis i gcomhréir le mír 1, gheobhaidh sé an liúntas dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin faoi na coinníollacha atá leagtha síos inti go dtí an lá ar a mbainfidh an t‑oifigeach aois 63 nó a aois scoir amach, más sine ná 63 bliain d'aois a aois scoir.

Mar sin féin, gheobhaidh an t‑oifigeach an liúntas tar éis na haoise sin agus go dtí aois 65 bliain go dtí go mbainfidh sé an t‑uasphinsean scoir amach.';

(f) Leasófar Airteagal 23 mar seo a leanas:

(i) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

'1. D'ainneoin Airteagal 52 de na Rialacháin Foirne, féadfaidh oifigigh a rachaidh isteach sa tseirbhís roimh 1 Eanáir 2013 agus a fhágfaidh an tseirbhís roimh an aois ag a mbeidís i dteideal pinsin scoir i gcomhréir le hAirteagal 22 den Iarscríbhinn seo, féadfaidh siad a iarraidh an dara fomhír de phointe (b) d'Airteagal 9(1) d'Iarscríbhinn VIII a chur i bhfeidhm ón aois arna cinneadh i gcomhréir leis an tábla thíos:

Dáta: || Aois ag a dtarraingítear pinsean láithreach

Go dtí an 31 Nollaig 2013 || 55 bliain 6 mhí

Go dtí an 31 Nollaig 2014 || 56 bliain

Go dtí an 31 Nollaig 2015 || 56 bliain 6 mhí

Go dtí an 31 Nollaig 2016 || 57 bliain

Go dtí an 31 Nollaig 2017 || 57 bliain 6 mhí

(ii) Scriosfar mír 2;

(g) Cuirfear an tAirteagal seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 24:

'Airteagal 24a

I gcás pinsin arna chinneadh faoin 1 Eanáir 2013, leanfar de theidlíocht pinsin an fhaighteora a chinneadh ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na rialacha a bhí i bhfeidhm nuair a cinneadh an teidlíocht i dtús báire. Is amhlaidh a bheidh do chumhdach faoin gcomhscéim um árachas breoiteachta.';

(h) Cuirfear an méid a leanas in ionad Airteagal 28:

'Airteagal 28

1. Na seirbhísigh dá dtagraítear in Airteagal 2 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bheidh faoi chonradh an 1 Bealtaine 2004 agus a gceapfar ina n‑oifigigh tar éis an dáta sin agus roimh an 1 Eanáir 2013, nuair a scoirfidh na seirbhísigh sin beidh siad i dteideal coigeartú achtúireach ar na cearta pinsin a fuair siad nuair a bhí siad ina seirbhísigh shealadacha, agus cuirfear san áireamh sa choigeartú sin an t‑athrú ar a n‑aois inphinsin de réir bhrí Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne.

2. Na seirbhísigh dá dtagraítear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3a agus 3b de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile a bheidh faoi chonradh an 1 Eanáir 2013 agus a gceapfar ina n‑oifigigh tar éis an dáta sin, nuair a scoirfidh na seirbhísigh sin beidh siad i dteideal coigeartú achtúireach ar na cearta pinsin a fuair siad nuair a bhí siad ina mbaill foirne sealadaí nó ar conradh agus cuirfear san áireamh sa choigeartú sin an t‑athrú ar a n‑aois inphinsin dá dtagraítear in Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne, i gcás go mbeidh siad 30 bliain d'aois ar a laghad an 1 Bealtaine 2013.';

(i) Cuirfear an Roinn seo a leanas isteach tar éis Roinn 4:

'Roinn 5

Airteagal 30

1. De mhaolú ar phointe 2 de Roinn A d'Iarscríbhinn I, beidh feidhm ag an tábla seo thíos de na cineálacha post atá i ngrúpa feidhme AST maidir le hoifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2012:

Cúntóir Sinsearach[5] Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag teastáil ina leith agus a mbaineann freagrachtaí suntasacha leo i dtéarmaí bainistithe foirne, chur chun feidhme an bhuiséid nó comhordaithe polaitiúil. || AST 10 – AST 11

Cúntóir[6] Gníomhaíochtaí riaracháin, teicniúla nó oiliúna a dhéanamh a bhfuil leibhéal ard neamhspleáchais ag teastáil ina leith, go háirithe maidir le rialacha nó rialacháin nó treoracha ginearálta a chur chun feidhme nó mar chúntóir pearsanta do Bhall na hinstitiúide, do Cheann oifige príobháidí Baill nó do (Leas) Ardstiúrthóir nó bainisteoir sinsearach coibhéiseach. || AST 1 – AST 9

Cúntóir Riaracháin i mbun idirthréimhse Ag obair, mar shampla, mar: cléireach (sóisearach), doiciméadaí (sóisearach), teicneoir (sóisearach), oibrí TF (sóisearach), uiséir parlaiminte[7] || AST 1 – AST 7

Gníomhaire Tacaíochta i mbun idirthréimhse Gníomhaíochtaí simplí láimhe nó gníomhaíochtaí tacaíochta riaracháin a dhéanamh || AST 1 – AST 5

2. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, déanfaidh an t‑údarás ceapacháin oifigigh atá sa tseirbhís an 31 Nollaig 2012 a rangú i ngrúpa feidhme AST de réir na gcineálacha post mar atá thíos, d'ainneoin na tuairiscí atá tugtha i mír 1:

(a) Déanfar oifigigh atá de ghrád AST 10 nó AST 11 an 31 Nollaig 2012 a rangú mar Chúntóirí Sinsearacha.

(b) Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear faoi phointe (a) a bhí in iarchatagóir B roimh an 1 Bealtaine 2004 nó a bhí in iarchatagóir C nó D roimh an 1 Bealtaine 2004, agus ar cuid de ghrúpa feidhme AST anois iad gan srianadh, a rangú mar Chúntóirí.

(c) Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear faoi phointe (a) ná faoi phointe (b) agus a bhí in iarchatagóir C roimh an 1 Bealtaine 2004 a rangú mar Chúntóirí Riaracháin i mbun idirthréimhse.

(d) Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear faoi phointe (a) ná faoi phointe (b) agus a bhí in iarchatagóir D roimh an 1 Bealtaine 2004 a rangú mar Ghníomhairí Tacaíochta i mbun idirthréimhse.

(e) Déanfar oifigigh nach gcumhdaítear faoi phointí (a) go (d) a rangú ar bhonn ghrád an chomórtais ónar gineadh an liosta d'iarrthóirí oiriúnacha ar earcaíodh ón liosta sin iad. Déanfar oifigigh ar éirigh leo i gcomórtas do ghrád AST3 nó níos airde a rangú mar Chúntóirí; déanfar na hoifigigh ar fad eile a rangú mar Chúntóirí Riaracháin i mbun idirthréimhse. Beidh feidhm ag an tábla comhghaoil in Airteagal 13(1) den Iarscríbhinn seo de réir analaí, beag beann ar an dáta ar ar earcaíodh an t‑oifigeach.

3. De mhaolú ar phointe (e) de mhír 2, féadfaidh an t‑údarás ceapacháin oifigigh arna n‑earcú ar bhonn comórtais do ghrád níos ísle ná AST 3 a rangú roimh an 31 Nollaig 2015 mar Chúntóirí chun leasa na seirbhíse agus ar bhonn an phoist ina bhfuil siad an 31 Nollaig 2012. Leagfaidh gach údarás ceapacháin forálacha síos chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne. Mar sin féin, ní rachaidh líon iomlán na gCúntóirí Riaracháin atá i mbun idirthréimhse a rachaidh an fhoráil seo chun leasa dóibh thar 5 % de na Cúntóirí Riaracháin atá i mbun idirthréimhse an 1 Eanáir 2013.

4. Gan dochar d'Airteagal 86 ná d'Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne, coinneoidh na hoifigigh a mbunrangú go dtí go sannfar post níos sinsearaí dóibh. Ní cheadófar ardú céime ach laistigh de na réimsí gairme a fhreagraíonn do na cineálacha poist atá luaite i mír 1.

5. De mhaolú ar Airteagal 6(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Roinn B d'Iarscríbhinn I, chun críocha ardú céime ríomhfar líon na bhfolúntas sa chéad ghrád níos airde eile ar leithligh do na Gníomhairí tacaíochta atá i mbun idirthréimhse. Beidh feidhm ag na rátaí iolrúcháin seo a leanas:

|| Grád || Ráta

Gníomhairí Tacaíochta atá i mbun idirthréimhse || 5 || -

4 || 10 %

3 || 22 %

2 || 22 %

1 || -

Chomh fada agus a bhaineann le Gníomhairí Tacaíochta atá i mbun idirthréimhse, measfar tuillteanais chomparáideacha chun críocha ardú céime (Airteagal 45(1) de na Rialacháin Foirne) idir oifigigh incháilithe atá ar an ngrád céanna agus a bhfuil an rangú céanna acu.

6. Cúntóirí Riaracháin atá i mbun idirthréimhse agus Gníomhairí Tacaíochta atá i mbun idirthréimhse agus a bhí in iarchatagóir C nó D roimh an 1 Bealtaine 2004, beidh siad fós i dteideal saoire cúitimh nó luacha saothair i gcás nach gceadófar faoi cheanglais na seirbhíse saoire chúitimh sa mhí tar éis an mhí sin ina ndéanfar an ragobair, mar a fhoráiltear dó in Iarscríbhinn VI.

7. Féadfaidh oifigigh arna n‑údarú, ar bhonn Airteagal 55(2)(e) de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 4 d'Iarscríbhinn IVa a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, obair pháirtaimseartha a dhéanamh ar feadh tréimhse a gcuirfear tús léi roimh 1 Eanáir 2013 agus a leanfaidh ar aghaidh tar éis an dáta sin, féadfaidh na hoifigigh sin leanúint ag obair go páirtaimseartha faoi na coinníollacha céanna ar feadh tréimhse iomláin nach faide ná cúig bliana.

Airteagal 31

De mhaolú ar an gcéad abairt den cheathrú fomhír d'Airteagal 1 d'Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní gá ionadaíocht an ghrúpa feidhme AST/SC a áirithiú i gCoiste na Foirne go dtí 1 Eanáir 2017.';

Airteagal 2

Leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh mar seo a leanas:

1. Scriosfar an dara fleasc d'Airteagal 1;

2. Cuirfear an pointe seo a leanas le hAirteagal 2:

'(f) foireann arna ceapadh chun post a chomhlíonadh ar post é atá san áireamh sa liosta post a ghabhann leis an roinn den bhuiséad a bhaineann le gníomhaireacht dá dtagraítear in Airteagal 1a(2) de na Rialacháin Foirne, agus atá rangaithe ag na húdaráis bhuiséadacha mar phost sealadach, cé is moite de chinn gníomhaireachtaí agus leaschinn gníomhaireachtaí dá dtagraítear sa ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear an ghníomhaireacht.';

3. Scriosfar Airteagal 3.;

4. I bpointe (b) d'Airteagal 3b, cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

'Oifigigh nó foireann shealadach atá i ngrúpaí feidhme AST/SC agus AST;';

5. Sa chéad mhír d'Airteagal 8, cuirfear na téarmaí 'Airteagal 2(a) nó Airteagal 2(f)' in ionad 'Airteagal 2(a)';

6. Scriosfar Airteagal 10(4);

7. Leasófar Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a) Sa chéad abairt den chéad mhír, cuirfear an uimhir '26a' in ionad '26';

(b) Sa tríú mír cuirfear an focal 'tríú' in ionad 'dara';

8. Leasófar Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a) Cuirfear an abairt seo a leanas le mír 1:

'Ní chuirfear aon phost ar leataobh le haghaidh náisiúnach aon Bhallstáit ar leithligh. Mar sin féin, de réir phrionsabal cothromaíochta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh, beidh cead ag gach institiúid bearta ceartaitheacha a ghlacadh tar éis míchothromaíocht fhada agus shuntasach a thabhairt faoi deara idir náisiúntachtaí i measc foirne sealadaí nach bhfuil aon bhunús leis an míchothromaíocht sin de réir critéar oibiachtúil. Ní bhunófar critéir earcaíochta, cé is moite de chritéir a bheidh bunaithe ar thuillteanas, ar na bearta ceartaitheacha sin. Sula nglacfar na bearta ceartaitheacha sin, glacfaidh an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 forálacha ginearálta chun go mbeidh éifeacht ag an mír seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

Tar éis tréimhse cúig bliana dar tús 1 Eanáir 2013, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na míre a thagann roimhe seo.';

(b) I mír 5, cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'gach institiúid';

9. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír d'Airteagal 14:

'Beidh ar bhall den fhoireann shealadach tréimhse phromhaidh naoi mí a dhéanamh.

I gcás ina gcuirfear cosc ar bhall den fhoireann shealadach, le linn a thréimhse phromhaidh, a dhualgais a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh saoire breoiteachta nó saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne, nó de thoradh timpiste, féadfaidh an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin.';

10. I mír 1 d'Airteagal 15, cuirfear an abairt seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

'Baill den fhoireann shealadach arna ngrádú i gcomhréir leis na critéir ghrádúcháin arna nglacadh ag an údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6, fanfaidh siad ag an leibhéal sinsearachta sin sa chéim a bhaintear amach sa cháil sin má cheaptar iad mar fhoireann shealadach sa ghrád céanna láithreach bonn tar éis na tréimhse seirbhíse sealadaí roimhe sin.';

11. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d’Airteagal 17:

'Aon tréimhse saoire a dheonófar i gcomhréir leis an mír roimhe seo, ní áireofar í chun críocha an chéad mhír d'Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm.';

12. Leasófar Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) I mír 3, cuirfear na focail 'tobhach dlúthpháirtíochta' in ionad na focail 'tobhach speisialta';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

'Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne.';

13. Leasófar Airteagal 28a mar seo a leanas:

(a) I mír 10, cuirfear an focail 'na húdaráis, dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6, de na hinstitiúidí' in ionad 'na hinstitiúidí';

(b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

'Gach dhá bhliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar staid airgeadais na scéime um árachas dífhostaíochta. Go neamhspleách ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus 110b de na Rialacháin Foirne, na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 7 a choigeartú más gá sin ar mhaithe le cothromaíocht na scéime.';

14. Leasófar Airteagal 34 mar seo a leanas:

(a) Sa dara agus sa tríú mír cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

(b) Sa dara fomhír, cuirfear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)';

15. Sa tríú abairt d'Airteagal 36, cuirfear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)';

16. Sa cheathrú mír d'Airteagal 37, cuirfear an uimhir '65' in ionad '63' agus cuirfear na focail 'Airteagal 2 (a), (c), (d), (e) nó (f)' in ionad 'Airteagal 2 (a), (c) nó (d)';

17. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 39:

'1. Ar imeacht dó ón tseirbhís, beidh seirbhíseach laistigh de bhrí Airteagal 2 i dteideal pinsin scoir, aistriú an luacha chomhionainn achtúirigh nó íocaíocht an deontais téarfa i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal V de na Rialacháin Foirne agus le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leo. I gcás ina bhfuil an seirbhíseach i dteideal pinsin scoir, laghdófar a cheart pinsin i gcomhréir leis na méideanna arna n‑íoc faoi Airteagal 42.

Beidh feidhm ag Airteagal 9(2) d'Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne faoi na coinníollacha seo a leanas: féadfaidh an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 a chinneadh, chun leasa na seirbhíse ar bhonn na gcritéar oibiachtúil agus na nósanna imeachta trédhearcacha arna dtabhairt isteach trí mheán forálacha ginearálta cur chun feidhme, gan aon laghdú a chur i bhfeidhm ar phinsean seirbhísigh shealadaigh go dtí uasmhéid ceathrar seirbhíseach sealadach sna institiúidí ar fad in aon bhliain amháin. D'fhéadfadh an líon bliantúil athrú, faoi réir uasmhéid de sheisear gach dhá bhliain agus faoi réir phrionsabal na neodrachta buiséadaí.';

18. Sa chéad mhír d'Airteagal 42, cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'an institiúid';

19. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 47:

'ag deireadh na míosa ina mbainfidh an seirbhíseach aois 65 amach, nó, ar bhonn eisceachtúil, ar an dáta arna socrú i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 52(b) de na Rialacháin Foirne; nó';

20. Scriosfar Airteagal 50c(2);

21. Cuirfear an Chaibidil seo a leanas le Teideal II:

'Caibidil 11

Forálacha speisialta maidir leis na baill den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f)

Airteagal 51

Beidh feidhm ag Airteagal 37, cé is moite de phointe (b) den chéad mhír, agus ag Airteagal 38 de na Rialachán Foirne de réir analaí maidir leis na baill den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f).

Airteagal 52

'De mhaolú ar an dara abairt den chéad mhír d'Airteagal 17, féadfaidh baill den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) a bhfuil conradh ar feadh tréimhse éiginnte acu, beag beann ar a shinsearach atá siad, saoire gan phá a fháil ar feadh tréimhsí nach faide na bliain amháin.

Ní bheidh an tréimhse saoire sin níos faide ná 15 bliain le linn gairmréime iomláin an bhaill foirne.

Féadfar duine eile a cheapadh do phost an bhaill sin den fhoireann shealadach.

Nuair a rachaidh a thréimhse saoire in éag, ní foláir an ball den fhoireann shealadach a athcheapadh sa chéad fholúntas atá ar comhchéim lena ghrád ina ghrúpa feidhme, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais don phost sin. Má dhiúltaíonn sé an phost a thairgtear dó, coinneoidh sé an ceart chun athcheaptha don chéad fholúntas eile atá ar comhchéim lena ghrád ina ghrúpa feidhme faoi réir na bhforálacha céanna; má dhiúltaíonn sé an dara huair, féadfaidh an institiúid a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh gan fógra. Go dtí go n‑athcheapfar é nó go dtabharfar ar iasacht é, beidh sé ar shaoire gan phá ar fhorais phearsanta.

Airteagal 53

Ceapfar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ar bhonn nós imeachta roghnúcháin arna eagrú ag gníomhaireacht amháin nó níos mó. Ar iarratas ón ngníomhaireacht nó ó na gníomhaireachtaí lena mbaineann, soláthróidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne cúnamh do na gníomhaireachtaí, go háirithe trí ábhar na dtástálacha a shainiú agus trí na nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú. Áiritheoidh an Oifig go mbeidh na nósanna imeachta roghnúcháin trédhearcach.

I gcás nós imeachta sheachtraigh roghnúcháin ní cheapfar an fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) ach ag gráid SC1, AST 1 go AST 4 nó AD 5 go AD 8. Mar sin féin, féadfaidh an ghníomhaireacht a údarú, nuair is iomchuí, go gceapfar foireann ag grád AD 9, AD 10, AD 11 nó, ar bhonn eisceachtúil, ag grád AD 12. Ní rachaidh líon iomlán na foirne de ghrád AD 9 go AD 12 a cheapfar i ngníomhaireacht thar 20 % de líon iomlán na foirne sealadaí de ghrúpa feidhme AD a cheapfar, arna ríomh thar thréimhse rollach cúig bliana.

Airteagal 54

I gcás na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f), déanfar an rangú sa chéad ghrád níos airde eile trí bhaill foirne a roghnú go heisiach as measc ball foirne a mbeidh dhá bhliain caite acu ag an ngrád ina bhfuil siad, tar éis meastachán a dhéanamh ar thuillteanais chomparáideacha na foirne sealadaí sin agus ar na tuarascálacha a bhaineann leo. Beidh feidhm de réir analaí ag an abairt dheireanach d'Airteagal 45(1) agus 45(2) de na Rialacháin Foirne. Ní féidir dul thar na rátaí iolrúcháin chun meánchoibhéis ghairme a threorú, mar atá leagtha amach d'oifigigh i Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

I gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo.

Airteagal 55

I gcás ina n‑aistríonn ball den fhoireann shealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(f) go post nua laistigh dá ghrúpa feidhme, tar éis post a fhoilsiú go hinmheánach, ní rangófar é ag grád níos ísle ná ag céim níos ísle ná grád nó céim an phoist a bhí aige roimhe sin, ar choinníoll go bhfuil a ghrád i measc na ngrád atá leagtha amach san fhógra faoi fholúntas.

Beidh feidhm ag na forálacha céanna de réir analaí i gcás ina dtugann an ball foirne sealadaí sin conradh i gcrích le gníomhaireacht díreach tar éis conradh a bheith ag an mbail foirne sealadaí sin le gníomhaireacht eile.

Airteagal 56

I gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, glacfaidh gach gníomhaireacht forálacha ginearálta maidir leis na nósanna imeachta a rialaíonn ceapadh agus úsáid na foirne sealadaí dá dtagraítear in Airteagal 2(f).';

22. Scriosfar Teideal III 'Foireann chúnta';

23. In Airteagal 79(2), cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'gach institiúid';

24. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 agus mhír 4 d'Airteagal 80:

'3. Bunaithe ar an tábla seo, féadfaidh an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 nó an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 3a, tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Rialachán Foirne, féadfaidh siad sainmhíniú níos mionsonraithe a thabhairt ar na cumhachtaí a ghabhann le gach cineál dualgas.

4. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 1d agus 1e de na Rialacháin Foirne.';

25. In Airteagal 82(6), cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'gach institiúid';

26. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mír 2 d'Airteagal 84:

'I gcás ina gcuirfear cosc ar bhall den fhoireann ar conradh, le linn a thréimhse phromhaidh, a dhualgais a chomhlíonadh ar feadh tréimhse leanúnaí míosa amháin ar a laghad de thoradh saoire breoiteachta nó saoire máithreachais faoi Airteagal 58 de na Rialacháin Foirne, nó de thoradh timpiste, féadfaidh an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6 síneadh a chur lena thréimhse phromhaidh ar feadh tréimhse a chomhfhreagraíonn don tréimhse sin.';

27. In Airteagal 85(3) cuirfear na focail 'Airteagal 55(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad 'Airteagal 314 de Chonradh CE';

28. I mír 1 d'Airteagal 86, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

'Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 32(2) de na Rialacháin Foirne maidir le grúpa feidhme I. Glacfar forálacha ginearálta cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.';

29. I bpointe (b) den chéad fhomhír d'Airteagal 88, cuirfear na focail 'sé bliana' in ionad 'trí bliana';

30. I mír 1 d'Airteagal 89, cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

'Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 32(2) de na Rialacháin Foirne maidir le grúpa feidhme I. Glacfar forálacha ginearálta cur chun feidhme chun éifeacht a thabhairt don Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 110 de na Rialacháin Foirne.';

31. In Airteagal 95, Airteagal 103(2) agus (3) agus in Airteagal 106(4), cuirfear an uimhir '65' in ionad '63';

32. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mhír 11 d'Airteagal 96:

'Gach dhá bhliain, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ar staid airgeadais na scéime um árachas dífhostaíochta. Go neamhspleách ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 110a agus 110b de na Rialacháin Foirne, na ranníocaíochtaí dá bhforáiltear i mír 7 a choigeartú más gá sin ar mhaithe le cothromaíocht na scéime.';

33. In Airteagal 120, cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'gach institiúid';

34. In Airteagal 141, cuirfear na focail 'an t‑údarás dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 6' in ionad 'gach institiúid';

35. Leasófar an Iarscríbhinn mar seo a leanas:

(a) Cuirfear na habairtí seo a leanas le hAirteagal 1(1):

'Beidh feidhm ag Airteagal 22, cé is moite de mhír 4, ag Airteagal 23, ag Airteagal 24a agus ag mír 7 d'Airteagal 30 den Iarscríbhinn sin de réir analaí i ndáil le seirbhísigh eile atá fostaithe an 31 Nollaig 2012. Beidh feidhm ag míreanna 1, 2, 3, 4 agus 6 d'Airteagal 30 den Iarscríbhinn sin de réir analaí maidir le foireann shealadach atá fostaithe an 31 Nollaig 2012.';

(b) Cuirfear isteach an tAirteagal seo a leanas:

'Airteagal 6

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2013, aistreofar conarthaí foirne sealadaí a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ina leith, agus atá i seirbhís i ngníomhaireacht an 31 Nollaig 2012, aistreofar iad, gan próiseas roghnúcháin, go conarthaí faoi phointe (f) de na Coinníollacha Fostaíochta sin. Maidir le haon duine eile, ní athrófar coinníollacha an chonartha. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le conarthaí foirne sealadaí arna gceapadh mar chinn gníomhaireachtaí nó leaschinn gníomhaireachtaí dá dtagraítear sa ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh lena mbunaítear an ghníomhaireacht.';

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh se infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[8]

D'fhéadfadh na réimsí agus na gníomhaíochtaí ar fad a bheith bainteach.

1.3. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.3.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Bainistiú acmhainní daonna a bharrfheabhsú in Institiúidí an AE tríd an gcreat dlíthiúil iomchuí a sholáthar.

1.4. Fad agus tionchar airgeadais

ý Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó 1 Eanáir 2013,

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.5. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[9]

ý Bainistíocht dhíreach láraithe ag institiúidí an AE

2. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 2.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Beidh tionchar airgeadais ag an togra ar na línte buiséid ar fad a bhaineann le caiteachas foirne sna hInstitiúidí agus sna Gníomhaireachtaí ar fad, i.e. baineann sé le caiteachas i ndáil le tuarastail foirne i gceanncheathrúna agus i dtoscaireachtaí, gníomhairí ar conradh, foireann sna hoifigí riaracháin, Baill, cúntóirí parlaiminteacha, foireann taighde, foireann arna maoiniú faoi línte-BA, foireann arna híoc faoi na forálacha maidir le seirbhís a fhoirceannadh go luath, pinsin.

2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 2.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas faoi na ceannteidil ar fad

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún i bpraghsanna 2011 (go dtí an 3ú deachúil)

Línte buiséid mar atá sainmhínithe in 2.1 || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán 2013-2020 || San fhadtéarma[10]

 

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || -33,120 || -63,057 || -94,666 || -127,501 || -163,021 || -174,092 || -186,388 || -199,399 || -1041,245[11] || -1022,488

IOMLÁN leithreasaí Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || -8,280 || -15,758 || -23,644 || -31,800 || -40,579 || -43,210 || -46,074 || -49,015 || -258,360 || -106.286

EUR milliún i bpraghsanna 2011 (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán 2013-2020 || San fhadtéarma

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || -41,400 || -78,815 || -118,310 || -159,301 || -203,600 || -217,302 || -232,462 || -248,414 || -1299,605 || -1128,774

2.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ý  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

2.2.2.1. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ý  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

2.2.3. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ý  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil.

2.2.4. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ý  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ý         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí arna dtuar in DB2012 (i bpraghsanna 2011) || Tionchar an togra/tionscnaimh

Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || San fhadtéarma

Airteagal 410 Ranníocaíocht pinsin || 461,746 || -12,359 || -20,730 || -28,496 || -35,909 || -42,897 || -44,258 || -45,596 || -46,859 || -60,161

Airteagal 400 Cáin || 615,079 || -7,239 || -11,797 || -16,218 || -20,628 || -24,988 || -26,461 || -28,042 || -29,669 || -103,331

Airteagal 404 Tobhach speisialta || 63,344 || +5,847 || +5,147 || +4,458 || +3,762 || +3,082 || +2,799 || +2,514 || +2,236 || -4,643

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

Tá an tionchar ar ioncam bunaithe ar athruithe ar na hathruithe sna tuarastail bhunúsacha, sna liúntais agus sna pinsin a bhfuil feidhm ag na hasbhaintí seo ina leith.

[1]               Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh 260/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos na coinníollacha agus an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cánach chun sochair na gComhphobal Eorpach, IO L 56, 4.3.1968, lch. 8.

[2]               Ní fhéadfar oifigeach a shannadh do phost mar Chúntóir Sinsearach den chéad uair ach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne.

[3]               Ní fhéadfar oifigeach a shannadh do phost mar Chúntóir den chéad uair ach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 29(1) de na Rialacháin Foirne.

[4]               Ní bheidh líon na bpost d'uiseirí parlaiminte i bParlaimint na hEorpa os coinn 85.

[5]               Gan dochar do phointe (a) de mhír 2, ní fhéadar oifigeach a shannadh do phost mar Chúntóir Sinsearach den chéad uair ach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1).

[6]               Gan dochar do phointe (b) agus (e) de mhír 2, ní fhéadar oifigeach a shannadh do phost mar Chúntóir den chéad uair ach i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 4 agus in Airteagal 29(1).

[7]               Ní rachaidh líon na bpost mar uiséirí parlaiminte i bParlaimint na hEorpa thar 85.

[8]               ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[9]               Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[10]             Tugtar sa cholún "fadtéarma" méid na gcoigealtas bliantúil nuair a bhainfidh éifeachtachtaí athbhreithniú 2013 ar na Rialacháin Foirne a luas cúrsála amach. Bheadh sé sin ag freagairt do na 2060idí, i.e. nuair a bheidh an tionchar is mó ar chaiteachas pinsin.

[11]             Meastar an tionchar carntha i gCeannteideal V le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúla eile 2014-2020 ag -1008 billiún.