52011PC0873

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) /* COIM/2011/0873 leagan deireanach - 2011/0427 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Réamhrá

Déanfar foráil sa togra seo maidir leis an gcreat dlí is gá le freagairt don iarraidh ón gComhairle Eorpach an 23-24 Meitheamh 2011 an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha a fhorbairt níos mó mar ábhar tosaíochta le go bhféadfadh sé teacht i bhfeidhm faoi 2013, rud a chuirfidh ar chumas údaráis na mBallstát a bhfuil gníomhaíochtaí faireachais teorainneacha ar bun acu agus ar chumas na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh[1] (Frontex), dá ngairfear 'an Ghníomhaireacht' anseo feasta, faisnéis oibríochtúil a roinnt agus comhar a fheabhsú.

Is é is cuspóir do EUROSUR an rialú a threisiú ar theorainneacha seachtracha Schengen. Bunóidh EUROSUR sásra d'údaráis na mBallstát a dhéanann faireachas ar theorainneacha le faisnéis a roinnt agus le dul i gcomhar le chéile agus leis an nGníomhaireacht le bás daoine ar muir agus líon na n‑inimirceach neamhdhleathach a théann isteach sa AE gan bhrath a laghdú, agus le slándáil inmheánach a mhéadú trí choireacht trasteorann a chosc, amhail gáinneáil daoine agus smuigleáil drugaí.

Tá na hoibreacha atá á ndéanamh i láthair na huaire le EUROSUR a thástáil agus a bhunú de réir a chéile bunaithe ar phlean oibre a tíolacadh i dTeachtaireacht ón gCoimisiún in 2008[2].

1.2. Bunús dlí

Tá an togra reachtúil seo bunaithe ar Airteagal 77(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ar dá réir a ghlacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta maidir le beart ar bith atá de dhíth le córas bainistíochta comhtháite le haghaidh teorainneacha seachtracha[3] a bhunú de réir a chéile.

Tá bunú EUROSUR ina chuid de bheartas atá dírithe ar threisiú a dhéanamh ar bhainistiú teorainneacha seachtracha na mBallstát. Ionstraim nua beartais a bheidh in EUROSUR, mar sin, a dhéanfaidh cuíchóiriú ar chomhar agus a chumasóidh malartú córasach faisnéise ar fhaireachas teorainneacha idir na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht freisin, rud nach ann dó faoi láthair ar leibhéal an AE.

Tar éis a ghlactha bheadh an gníomh reachtach maidir le EUROSUR ina fhorbairt ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ná Éire páirteach ann, ach atá infheidhme maidir le ceithre thír chomhlachaithe. Tá stáit Schengen tiomanta do chomhchaighdeáin a chaomhnú maidir le rialú teorainneacha seachtracha.

1.3. Cuspóir agus Ábhar an togra reachtaigh

Is é is aidhm don togra reachtach feasacht ar dhálaí éagsúla agus acmhainn freagartha na mBallstát agus na Gníomhaireachta a fheabhsú agus iad i mbun cosc a chur ar inimirce neamhrialta agus coireacht trasteorann ag na teorainneacha seachtracha mara agus talún (Airteagal 1).

Déanfar sin trí chomhchreat a bhunú (Airteagal 4), ina bhfuil freagrachtaí soiléire agus inniúlachtaí soiléire leagtha amach do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe maidir le faireachas teorainneacha sna Ballstáit (Airteagal 5) agus don Ghníomhaireacht (Airteagal 6), atá mar shlat droma ag EUROSUR. Déanfaidh na lárionaid sin, a áiritheoidh bainistíocht éifeachtach éifeachtúil acmhainní agus pearsanra ar leibhéal náisiúnta, agus an Ghníomhaireacht cumarsáid le chéile tríd an líonra cumarsáide (Airteagal 7) ina gceadófar faisnéis íogair neamhaicmithe maille le faisnéise rúnaicmithe a mhalartú.

Déanfar an comhar agus an malartú faisnéise idir na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus an Ghníomhaireacht trí 'phictiúir de dhálaí' (Airteagal 8), a bhunófar ar leibhéal náisiúnta (Airteagal 9) agus ar leibhéal Eorpach (Airteagal 10) agus don limistéar réamhtheorann freisin (Airteagal 11). Tá an struchtúr le gach ceann de na trí phictiúr sin, a ndéanfaidh an Ghníomhaíocht bainistiú ar an dá cheann deiridh díobh, cosúil le chéile sa dóigh is go mbeidh sreabhadh na faisnéise níos éasca eatarthu.

Mar riail ghinearálta ní bheidh sonraí pearsanta i gceist sna pictiúir de dhálaí ach malartú faisnéise ar theagmhais agus ar oibiachtaí díphearsantaithe, amhail brath agus rianú soithí. D’fhéadfaí sonraí pearsanta a bheith mar chuid de na sonraí a roinnfidh na Ballstáit leis an nGníomhaireacht i gcásanna eisceachtúla ar acht go gcomhlíonfar coinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 an 26 Deireadh Fómhair 2004[4]. Sa mhéid is gur cuid iad na sonraí pearsanta den phictiúr de dhálaí atá ag codanna teorann seachtraí comharsanacha, is féidir na sonraí sin a mhalartú idir Ballstáit amháin, faoi na coinníollacha atá leagtha síos i gcreat dlí cothrománach an AE maidir le cosaint sonraí.

Lena chois sin, soláthróidh an Ghníomhaireacht seirbhís maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais (Airteagal 12), ós rud é gur féidir a leithéid de sheirbhís a sholáthar ar dhóigh níos éifeachtúla ó thaobh costais de ar leibhéal Eorpach. D’fhéadfaí an tseirbhís sin a chur i bhfeidhm le taca na gclár spáis Eorpach ábhartha, lena n‑áirítear an clár um Fhaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES) atá ar bun cheana féin.

Is é an cur chuige a roghnaíodh in EUROSUR an fhaisnéis atá ann agus na hacmhainní agus na córais atá le fáil i ngníomhaireachtaí eile de chuid an AE a úsáid chomh maith agus is féidir, an méid agus is féidir (Airteagal 17). Dá bhrí sin, bheadh an Ghníomhaireacht i ndlúthchomhar le Lárionad Satailítí an AE, leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Muirí agus í ag soláthar na seirbhíse maidir le comhchur i bhfeidhm na n‑uirlisí faireachais maille le bheith i gcomhar le EUROPOL le faisnéis ar choireacht trasteorann a mhalartú.

Maidir leis na sonraí tráchta muirí atá le soláthar ag an gcóras SafeSeaNet faoi Threoir 2002/59/CE, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra iomchuí a chur chun cinn a dhéanfaidh modhnú ar an Treoir in 2013. Tá sé beartaithe go gcuirfear an fhaisnéis ábhartha in SafeSeaNet ar fáil chun críocha seachas críocha a bhaineann le sábháilteacht mhuirí, le slándáil mhuirí agus le cosaint timpeallachta muirí agus tríd sin go mbeidh an fhaisnéis sin mar chuid de na huirlisí faireachais a úsáidfear i gcreat EUROSUR.

Is beag is fiú, i dtaca le holc, a bheith níos feasaí maidir le dálaí ag na teorainneacha seachtracha mura gcuirtear ar chumas Bhallstáit an AE dul i ngleic ar dhóigh níos éifeachtaí leis na fadhbanna a fheicfear ann. Dá bhrí sin, roinnfidh na Ballstáit a dteorainneacha seachtracha i gcodanna teorainneacha (Airteagal 13), a dtabharfar leibhéil tionchair dóibh bunaithe ar anailís riosca agus ar líon na dteagmhas a tharlaíonn (Airteagal 14). Glacfaidh na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus an Ghníomhaireacht frithbhearta leis an tionchar a mhaolú ar an gcuid den teorainn atá i gceist de réir na leibhéal tionchair a tugadh don chuid sin (Airteagal 15).

Má tá le héirí le EUROSUR, is gá comhar le triú tíortha comharsanacha bheith ann. Dá bhrí sin, déanfar ceangal idir líonraí réigiúnacha atá ann cheana agus atá beartaithe, arna mbunú idir na Ballstáit agus triú tíortha comharsanacha, agus EUROSUR trí lárionaid náisiúnta chomhordaithe (féach Airteagal 9(2)(h) agus Airteagal 18). Ós rud é go bhfuil comhpháirteanna éagsúla EUROSUR á gcur ar bun cheana ag Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach, ba cheart go mbeadh EUROSUR ar obair sa dara leath de 2013 (Airteagal 21). Ba cheart go dtabharfadh Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh tacaíocht theicniúil don Ghníomhaireacht maidir le forbairt bhreise theicniúil EUROSUR.

Ó nach bhfuil sé d’aidhm ag EUROSUR bheith ina chóras a rialódh cnuasach, stóráil nó malartú sonraí pearsanta, níor chumhdaíodh é sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 2010[5] maidir le forléargas ar bhainistiú faisnéise sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Rinneadh anailís mar sin féin ar fhorbairt EUROSUR ar bhonn na bprionsabal a leagadh amach sa Teachtaireacht sin, agus a ndearnadh mionsaothrú orthu sa mheasúnú tionchair a ghabhann léi. Baineann an teachtaireacht go sonrach le prionsabal an riachtanais, ionas nár tugadh cead EUROSUR a úsáid le sonraí pearsanta a mhalartú ach sa mhéid cásanna ba lú ab fhéidir; le prionsabal na héifeachtúlachta costais, ionas gur roghnaíodh cur chuige céim ar chéim ina n‑úsáidfear na réitigh theicniúla is lú castacht agus dearadh bunaithe ar bheartas ó bhun aníos. Tá an Coimisiún ag obair ó 2008 i ndlúthchomhar le saineolaithe ó na Ballstáit le réitigh theicniúla éagsúla a mheasúnú agus le comhbhailíochtú a dhéanamh ar thorthaí agus ar mholtaí na staidéar a rinneadh.

Rinneadh mionscrúdú ar an togra lena áirithiú go dtiocfaidh na forálacha ann go hiomlán le bunchearta agus go háirithe le dínit an duine, leis an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, leis an gceart chun saoirse agus chun slándála, leis an gceart chun cosaint sonraí, le non‑refoulement, le neamh-idirdhealú agus le cearta an linbh. Díríodh aird go sonrach ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an AE a thoirmisceann aistriú daoine go stát ina bhfuil contúirt mhór go ndaorfar chun báis iad, go gcéasfar iad nó go dtabharfar íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach dóibh. Toirmisceann Airteagal 18(2) den Rialachán seo go sainráite aon mhalartú faisnéise le tríú tír a d’fhéadfadh an fhaisnéis seo a úsáid le daoine nó grúpa daoine a aimsiú a bhfuil contúirt mhór ann go bhfulaingeoidh siad céasadh, íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach nó aon sárú eile ar chearta an duine.

Ina theannta sin, bhí tábhacht ag baint le hAirteagal 24 den Chairt ós linbh cuid mhór imirceach neamhrialta agus cuid mhór íospartach gáinneála. Foráiltear go sainráite in Airteagal 1(3) go dtabharfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht tosaíocht do shainriachtanais leanaí, d'íobartaigh gáinneála, do dhaoine a bhfuil cóir leighis phráinneach de dhíth orthu, do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, do dhaoine atá san fhaopach ar muir agus do dhaoine eile atá in áit a gcarta. Tá tábhacht ar leith freisin le hAirteagal 8 den Chairt ina bpléitear cosaint sonraí pearsanta ó d’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith mar chuid de na sonraí a roinnfí agus bheadh na rialacha ar chosaint sonraí infheidhme sa chás sin agus níor mhór iad a chomhlíonadh.

2.           TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

I nDoiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus a ndéantar measúnú ar thionchar an togra seo ann, tugtar mion‑fhorléargas ar na comhairliúcháin a rinneadh in 2008-2011. Tugtar ann freisin sainmhíniú mionsonraithe ar chreat EUROSUR agus ar na roghanna éagsúla beartais agus ar na costais a bhainfidh lena bhunú.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Is é Airteagal 77(2)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra.

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit formhór chomhpháirteanna éagsúla EUROSUR i bhfeidhm (comhbhainistíú) ar bhun phlean oibre 2008 EUROSUR (COM(2008)68 críochnaitheach).

Maidir leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe a chur ar bun, gheobhaidh na Ballstáit tacaíocht ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha in 2012-2013 agus ón ionstraim tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosa mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí in 2014-2020.

Os a choinne sin, bainfidh an Ghníomhaireacht as a buiséad féin leis an líonra cumarsáide agus comhpháirteanna cothrománacha eile de EUROSUR a chur ar bun, amhail an pictiúr de dhálaí Eorpach agus an pictiúr coiteann faisnéise réamhtheorann, agus nuair is gá déanfar sin a iomlánú le tacaíocht faoin gCiste Slándála Inmheánaí (bainistiú airgeadais díreach nó neamhdhíreach).

Beidh cistiú a sholáthrófar faoin 7ú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha mar thaca ag bunú na seirbhíse atá beartaithe maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais in 2012‑2013.

In 2012-2013, tacóidh an Clár Téamach maidir le Tearmann agus Imirce le tríú tíortha comharsanacha mar chuid den Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt.

2011/0427 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(d) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Ní foláir Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (dá ngairfear 'EUROSUR' anseo feasta) a bhunú chun malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil idir údaráis náisiúnta na mBallstát a neartú maille le malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a bhunú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004[6] (Frontex), dá ngairfear 'an Ghníomhaireacht' anseo feasta. Ba cheart do EUROSUR an bonneagar agus na huirlisí is gá a sholáthar do na húdaráis sin agus don Ghníomhaireacht chun a bhfeasacht ar dhálaí agus a n‑acmhainn freagartha a fheabhsú agus iad i mbun inimirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a bhrath agus a chosc, agus i mbun beatha imirceach a chosaint agus a shábháil ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais.

(2)       Ba cheart do na Ballstáit lárionaid náisiúnta chomhordaithe a bunú chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha d'fhonn comhar agus malartú faisnéise eatarthu a fheabhsú agus d'fhonn comhar agus malartú faisnéise a fheabhsú leis an nGníomhaireacht. Ní foláir do na húdaráis náisiúnta ar fad atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha faoin dlí náisiúnta dul i gcomhar le chéile trí bhíthin na lárionad náisiúnta comhordaithe chun críche fheidhmiú cuí EUROSUR.

(3)       Níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar Bhallstáit freagracht a chur ar a lárionaid náisiúnta chomhordaithe freisin as malartú faisnéise agus comhar a chomhordú i ndáil le faireachas ar theorainneacha aeir agus seiceálacha ag pointí trasnaithe teorann.

(4)       Is cuid den tsamhail Eorpach um bainistíocht chomhtháite ar na teoireannacha seachtracha agus de Straitéis Slándála Inmheánaí an Aontais Eorpaigh an Rialachán seo. Cuidíonn EUROSUR freisin chun an comhéadan coiteann chun faisnéis a mhalartú a fhorbairt d'fhonn faireachas a dhéanamh ar réimse muirí an AE (CISE), agus soláthraíonn sé creat níos leithne d'fheasacht ar dhálaí muirí trí fhaisnéis a mhalartú i measc údarás poiblí in earnálacha éagsúla san Aontas.

(5)       De réir phointe (i) de mhír 1 d'Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 2007/2004, ba cheart don Ghníomhaireacht an cúnamh is gá a sholáthar chun EUROSUR a fhorbairt agus a oibriú agus, de réir mar is iomchuí, chun CISE a fhorbairt, lena n‑áirítear idir‑inoibritheacht na gcóras.

(6)       Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, eadhon, dínit an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, non‑refoulement, neamh‑idirdhealú agus cearta an linbh. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus leis na prionsabail sin.

(7)       Má mhalartaítear sonraí pearsanta tríd an líonra cumarsáide do EUROSUR a úsáid, ba cheart sin a dhéanamh ar bhonn na bhforálacha dlíthiúla náisiúnta agus fhorálacha dlíthiúla an Aontais atá ann cheana, agus ba cheart a gceanglais shonracha maidir le cosaint sonraí a urramú. Beidh feidhm acu seo a leanas i gcás nach soláthraíonn ionstraimí níos sonraí, amhail Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, córas ina mbeidh cosaint iomlán ar shonraí: Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil agus i dtaca le saorghluaiseacht na sonraí sin[7], Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus i dtaca le saorghluaiseacht na sonraí sin[8] agus, faoi chuimsiú chomhar na bpóilíní agus comhair bhreithiúnaigh, Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le sonraí pearsanta a chosaint faoi chuimsiú chomhar na bpóilíní agus comhair bhreithiúnaigh i gcúrsaí coiriúla[9].

(8)       Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit leo féin EUROSUR a bhunú agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge nó iarmhairt na gníomhaíochta, is féidir an méid sin a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(9)       Chun rolladh amach geografach EUROSUR a chur chun feidhme de réir a chéile, ba cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid lárionaid náisiúnta chomhordaithe a ainmniú agus a oibriú i dtrí chéim leanúnacha; beidh feidhm aici ag an gcéad chéim maidir leis na Ballstáit atá lonnaithe ag na teorainneacha seachtracha mara theas agus ag na teorainneacha seachtracha talún thoir, ag an dara céim beidh feidhm aige maidir leis na Ballstáit ar fad eile a bhfuil teorainneacha seachtracha talún nó mara acu agus ag an tríú céim maidir leis na Ballstáit eile.

(10)     I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl an Rialachán seo ina cheangal ar an Danmhairg ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm dá bhrí sin. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, faoi Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(11)     Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[10]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(12)     Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen[11]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

(13)     Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[12].

(14)     Maidir leis an Eilvéis, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an gComhaontú a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[13].

(15)     Maidir le Lichtinstéin, is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen, dá bhforáiltear leis an bPrótacal a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt[14].

(16)     Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit, ná ní dhéanfaidh sé difear d'oibleagáidí na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus an Prótacal in aghaidh Inimircigh a Smuigleáil ar Tír, ar Muir nó san Aer, an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe, an Coinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint agus ionstraimí eile idirnáisiúnta ábhartha.

(17)     Ní dhéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo difear do na rialacha maidir le faireachas ar theorainneacha seachtracha mara i gcomhthéacs comhair oibríochtúil arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, mar atá leagtha amach i gCinneadh 2010/252/AE ón gComhairle an 26 Aibreán 2010[15].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann i dtaca le comhar agus le faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht chun an fheasacht ar dhálaí éagsúla agus an acmhainn freagartha a fheabhsú ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, dá ngairfear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) anseo feasta.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha talún agus mara na mBallstát, lena n‑áirítear bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha go neamhdhleathach agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú, a chosc agus a ghabháil.

2.           Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le bearta oibríochtúla, bearta nós imeachta ná bearta dlíthiúla a dhéanfar tar éis na ndaoine sin a ghabháil.

3.           Comhlíonfaidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht na cearta bunúsacha, lena n‑áirítear na ceanglais um chosaint sonraí, nuair a bheidh an Rialachán seo á chur i bhfeidhm. Tabharfaidh siad tosaíocht do shainriachtanais leanaí, d'íobartaigh gáinneála, do dhaoine a bhfuil cóir leighis de dhíth orthu go práinneach, do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, do dhaoine atá san fhaopach ar muir agus do dhaoine eile atá in áit a gcarta.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)          ciallaíonn 'feasacht ar dhálaí' an cumas faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus iad a bhrath, a shainaithint, a rianú agus a thuiscint chun forais réasúnta a aimsiú le haghaidh beart rialaithe ar bhonn faisnéis nua a chur le chéile leis an bhfaisnéis atá ann cheana;

(b)          ciallaíonn 'acmhainn freagartha' an cumas gníomhaíochtaí a chur i gcrích atá dírithe ar ghluaiseachtaí neamhdhleathacha trasteorann a chomhrac, lena n‑áirítear an meán agus an t-am freagairt leordhóthanach a thabhairt ar imthosca neamhghnácha;

(c)          ciallaíonn 'pictiúr de dhálaí' comhéadan grafach chun sonraí fíor-ama agus faisnéis a fhaightear ó údaráis eile, ó bhraiteoirí, ó ardáin agus ó fhoinsí eile a roinntear ar bhealaí cumarsáide agus faisnéise éagsúla le húdaráis eile a chur i láthair chun feasacht ar dhálaí a bhaint amach agus chun tacú leis an acmhainn freagartha feadh teorainneacha seachtracha agus an limistéir réamhtheorann;

(d)          ciallaíonn 'coireacht trasteorann' aon choireacht thromchúiseach nó eagraithe a dhéantar ag teorainneacha seachtracha na mBallstát, amhail gáinneáil daoine, smuigleáil drugaí agus gníomhaíochtaí eile aindleathacha;

(e)          ciallaíonn 'cuid den teorainn sheachtrach' teorainn sheachtrach iomlán talún nó mara Ballstáit, nó cuid de, arna sainmhíniú sa reachtaíocht náisiúnta nó arna cinneadh ag an lárionad náisiúnta comhordaithe nó ag aon údarás náisiúnta freagrach eile;

(f)           ciallaíonn 'limistéar réamhtheorann' an limistéar geografach amach ó theorainn sheachtrach na mBallstát, nach bhfuil cumhdaithe ag córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha.

TEIDEAL II

CREAT

CAIBIDIL I

Comhpháirteanna

Airteagal 4

Creat EUROSUR

1.           Chun críche faisnéis a mhalartú agus chun críche comhair i réimse an fhaireachais ar theorainneacha, bainfidh na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht úsáid as creat EUROSUR, ina bhfuil na comhpháirteanna seo a leanas:

(a)          lárionaid náisiúnta chomhordaithe le haghaidh faireachais ar theorainneacha;

(b)          pictiúir de dhálaí náisiúnta;

(c)          líonra cumarsáide;

(d)          pictiúr de dhálaí Eorpacha;

(e)          pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann;

(f)           comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais.

2.           Soláthróidh na lárionaid náisiúnta chomhordaithe an fhaisnéis ar fad atá de dhíth chun pictiúr de dhálaí Eorpacha agus pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a bhunú agus a chaomhnú agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Ghníomhaireacht óna bpictiúir de dhálaí náisiúnta féin tríd an líonra cumarsáide.

3.           Tabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain neamhtheoranta do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe tríd an líonra cumarsáide ar an bpictiúr de dhálaí Eorpacha agus ar an bpictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann.

4.           Déanfar na comhpháirteanna atá liostaithe i mír 1 a bhunú agus a chaomhnú i gcomhréir leis na prionsabail a ndéantar cur síos orthu san iarscríbhinn.

Airteagal 5

Lárionad Náisiúnta Comhordaithe

1.           Déanfaidh gach Ballstáit a bhfuil teorainneacha seachtracha talún agus mara acu lárionad náisiúnta comhordaithe le haghaidh faireachais ar theorainneacha a ainmniú, a oibriú agus a chaomhnú agus déanfaidh an t-ionad sin faisnéis a chomhordú agus a mhalartú idir na húdaráis ar fad atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile agus leis an nGníomhaireacht. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le bunú an lárionaid, agus cuirfidh an Coimisiún an t-eolas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile agus chuig an nGníomhaireacht.

2.           Gan dochar d'Airteagal 16, is é an lárionad náisiúnta comhordaithe an t-aon phointe teagmhála d'fhonn faisnéis a mhalartú agus d'fhonn dul i gcomhar leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile agus leis an nGníomhaireacht.

3.           Déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordaithe an méid seo a leanas:

(a)          áiritheoidh sé malartú tráthúil faisnéise agus comhar idir na húdaráis náisiúnta ar fad atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha agus leis na húdaráis ábhartha um fhorghníomhú an dlí ar an leibhéal náisiúnta agus le lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile agus leis an nGníomhaireacht;

(b)          cuideoidh sé le bainistíocht éifeachtach éifeachtúil acmhainní agus pearsanra;

(c)          bunóidh agus caomhnóidh sé an pictiúr de dhálaí náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9;

(d)          tacóidh sé le pleanáil agus le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faireachais ar fad ar theorainneacha náisiúnta;

(e)          riarfaidh sé an córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(f)           tomhaisfidh sé éifeachtaí na ngníomhaíochtaí faireachais ar theorainneacha náisiúnta go rialta;

(g)          déanfaidh sé bearta oibríochtúla a chomhordú le Ballstáit eile, gan dochar d'inniúlachtaí na Gníomhaireachta.

4.           Beidh an t-ionad náisiúnta comhordaithe ag obair ceithre uaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine.

Airteagal 6

An Ghníomhaireacht

1.           Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas:

(a)          déanfaidh sí an líonra cumarsáide do EUROSUR a riar i gcomhréir le hAirteagal 7;

(b)          bunóidh agus caomhnóidh sí an pictiúr de dhálaí Eorpacha i gcomhréir le hAirteagal 10;

(c)          bunóidh agus caomhnóidh sí an pictiúr coiteann de dhálaí réamhtheorann i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d)          déanfaidh sí comhchur i bhfeidhm na n‑uirlisí faireachais a éascú i gcomhréir le hAirteagal 12.

2.           Chun críocha mhír 1, beidh an Ghníomhaireacht ag obair ceithre uaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine.

Airteagal 7

Líonra cumarsáide

1.           Bunóidh agus caomhnóidh an Ghníomhaireacht líonra cumarsáide chun uirlisí cumarsáide agus anailíseacha a sholáthar ar mhaithe le faisnéis íogair neamhaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus eatarthu gar d'fhíor-am agus ar bhealach slán. Beidh an líonra ag obair ceithre uaire is fiche sa lá agus seacht lá na seachtaine agus déanfaidh sé foráil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)          malartú déthaobhach agus iltaobhach faisnéise gar d'fhíor-am;

(b)          closchomhdháil agus físchomhdháil;

(c)          faisnéis íogair neamhaicmithe a láimhseáil, a stóráil agus a phróiseáil ar bhealach slán;

(d)          faisnéis rúnaicmithe an AE a láimhseáil, a stóráil, a tharchur agus a phróiseáil go leibhéal RESTREINT UE/EU RESTRICTED nó go leibhéil aicmithe náisiúnta atá comhionann, ag áirithiú go láimhseáiltear faisnéis rúnaicmithe i gcuid ar leithligh den líonra cumarsáide a bhfuil an creidiúnú cuí aici.

2.           Soláthróidh an Ghníomhaireacht tacaíocht theicniúil agus áiritheoidh sí go bhfuil an líonra cumarsáide inoibritheach maidir le haon chóras cumarsáide agus faisnéise eile arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht.

3.           Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na lárionaid náisiúnta chomhordaithe faisnéis íogair neamhaicmithe agus faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil sa líonra cumarsáide i gcomhréir leis na rialacha agus leis na caighdeáin a chuireann i bhfeidhm bunphrionsabail agus comhchaighdeáin Threoir 2001/844/CE ón gCoimisiún lena leasaítear a rialacha inmheánacha nós imeachta, nó atá comhionann leis na bunphrionsabail agus comhchaighdeáin sin[16].

4.           Áiritheoidh údaráis, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a úsáideann an líonra cumarsáide go gcomhlíonfar rialacha agus caighdeáin slándála atá comhionann leis na rialacha agus na caighdeáin sin a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil.

CAIBIDIL II

Feasacht ar dhálaí

Airteagal 8

Pictiúir de dhálaí

1.           Soláthrófar na pictiúir de dhálaí náisiúnta, an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann trí fhaisnéis a chnuasach, a mheas, a chomhordú, a anailísiú, a léirmhíniú, a ghineadh, a léirshamhlú agus a scaipeadh.

2.           Beidh sna pictiúir dá dtagraítear i mír 1 na sraitheanna seo a leanas:

(a)          sraith maidir le tarluithe, ina mbeidh faisnéis faoi theagmhais i dtaca le himirce neamhrialta, coireacht trasteorann agus géarchéimeanna;

(b)          sraith oibríochtúil, ina mbeidh faisnéis faoi stádas agus suíomh na sócmhainní dílse, faoi réimsí oibríochta agus faoin gcomhshaol;

(c)          sraith anailíse, ina mbeidh faisnéis straitéiseach, táirgí anailíseacha agus faisnéis chomh maith le híomhánna agus geo-sonraí.

Airteagal 9

Pictiúir de Dhálaí Náisiúnta

1.           Bunóidh agus caomhnóidh an t-ionad náisiúnta comhordaithe pictiúr de dhálaí náisiúnta chun faisnéis éifeachtach chruinn thráthúil a sholáthar do na húdaráis sin ar fad a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le faireachas ar theorainneacha ar an leibhéal náisiúnta, ar faisnéis í atá ábhartha i dtaca le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann.

2.           Faisnéis arna bailiú ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr de dhálaí náisiúnta:

(a)          córas náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nuair is infheidhme;

(b)          braiteoirí seasta agus soghluaiste arna n‑oibriú ag údaráis náisiúnta atá freagrach as faireachas ar theorainneacha seachtracha;

(c)          patróil a dhéanann faireachas ar theorainneacha agus misin eile faireacháin;

(d)          lárionaid áitiúla agus réigiúnacha chomhordaithe;

(e)          údaráis agus córais ábhartha náisiúnta eile;

(f)           an Ghníomhaireacht;

(g)          lárionaid náisiúnta chomhordaithe i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha;

(h)          líonraí réigiúnacha le tríú tíortha comharsanacha, amhail líonra SEAHORSE an Atlantaigh, líonra SEAHORSE na Meánmhara, líonra comhair um rialú teorann Réigiún Mhuir Bhailt CoastNet, Ionad Comhordaithe agus Faisnéise Theorainn na Mara Duibhe agus líonraí réigiúnacha eile arna mbunú ag na teorainneacha seachtracha talún;

(i)           córais tuairiscithe long, amhail an córas aitheantais uathoibríoch (AIS) agus an córas faireacháin soitheach (VMS). Gheofar sonraí ó na córais sin ar leibhéal náisiúnta ó na húdaráis inniúla náisiúnta agus ó lárionaid faireacháin iascach;

(j)           eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha eile;

(k)          foinsí eile.

3.           Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

(a)          foshraith maidir le himirce neamhrialta, ina mbeidh faisnéis faoi theagmhais a bhaineann le himircigh ag trasnú teorainneacha go neamhdhleathach ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann, nó gar dóibh, agus faisnéis faoi thrasnú neamhdhleathach teorainneacha a éascú agus faoi aon teagmhas ábhartha eile maidir le himirce neamhrialta, amhail misean cuardaigh agus tarrthála do dhaoine a dhéanann iarracht an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach.

(b)          foshraith maidir le coireacht trasteorann, ina mbeidh faisnéis faoi theagmhais a bhaineann le gáinneáil daoine, smuigleáil drugaí agus earraí aindleathacha eile, agus faoi aon teagmhas coiriúil tromchúiseach nó eagraithe a tharlaíonn ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann nó gar dóibh;

(c)          foshraith maidir le géarchéimeanna, ina mbeidh faisnéis maidir le tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine agus faisnéis faoi thimpistí agus faoi aon ghéarchéim eile a tharlaíonn ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann nó gar dóibh, a d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar rialú na dteorainneacha seachtracha;

(d)          foshraith maidir le tarluithe eile, ina mbeidh faisnéis maidir le hardáin agus le daoine gan aithint agus amhrasacha atá i láthair ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann nó gar dóibh, mar aon le haon tarlú eile a d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar rialú na dteorainneacha seachtracha;

4.           Sannfar leibhéal tionchair táscach amháin do gach teagmhas i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí náisiúnta, ó leibhéal tionchair 'íseal' agus 'meánach' go 'ard'. Aon tarlú a shannfar leibhéal tionchair 'meánach' nó 'ard' dó, roinnfear leis an nGníomhaireacht í.

5.           Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith oibríochtúil an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

(a)          foshraith maidir le sócmhainní dílse, ina mbeidh faisnéis faoi shuíomh, am, cúrsa, luas, stádas agus na cineálacha sócmhainní dílse agus faoin bplean imlonnaithe, lena n‑áirítear comhordanáidí geografacha limistéar na hoibríochta, sceidil na bpatról agus cóid chumarsáide; i gcás ina n‑úsáidtear sócmhainní dílse le haghaidh misin iltascanna a bhfuil tascanna míleata mar chuid de, féadfaidh an lárionad náisiúnta comhordaithe cinneadh a dhéanamh gan an fhaisnéis sin a roinnt le lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile ná leis an nGníomhaireacht ach amháin nuair a úsáidtear na sócmhainní dílse sa chuid chomharsanach de theorainn Ballstáit eile;

(b)          foshraith maidir le réimsí oibríochta, ina mbeidh faisnéis faoi mhisean, suíomh, stádas agus fad na n‑oibríochtaí chomh maith le faisnéis faoi na húdaráis atá bainteach leo;

(c)          foshraith maidir le faisnéis faoin gcomhshaol, ina mbeidh faisnéis nó ina dtabharfar faisnéis faoin tír-raon agus faoi dhálaí aimsire ag teorainneacha seachtracha an Bhallstáit lena mbaineann.

6.           Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith anailíse an phictiúir de dhálaí náisiúnta:

(a)          foshraith faisnéise, ina mbeidh príomhfhorbairtí agus príomhtháscairí atá ábhartha maidir le hanailís a dhéanamh ar imirce neamhrialta agus ar choireacht trasteorann.

(b)          foshraith anailíseach, ina mbeidh tuarascálacha anailíseacha, treochtaí rátála riosca, faireachán réigiúnach agus nótaí faisnéise atá ábhartha don Bhallstát lena mbaineann;

(c)          foshraith pictiúir faisnéise, ina mbeidh próifílí ar imircigh, bealaí, faisnéis faoi na leibhéil tionchair atá ag na codanna de na teorainneacha seachtracha talún agus mara agus anailís ar éascú a dhéantar ar thrasnú neamhdhleathach teorainneacha.

(d)          foshraith íomhánna agus geo-sonraí, ina mbeidh íomhánna tagartha, mapaí cúlra, measúnuithe bailíochtaithe faisnéise, anailís ar athruithe (íomhánna breathnóireachta ar an domhan) chomh maith le brath athruithe, sonraí geo-thagartha agus mapaí a léiríonn tréscaoilteacht na teorann.

7.           Féadfaidh an fhaisnéis atá sa tsraith anailíse agus an fhaisnéis faoin gcomhshaol atá sa tsraith oibríochtúil den phictiúr de dhálaí náisiúnta bheith bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sa phictiúr de dhálaí Eorpacha agus sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann.

8.           Rangófar an fhaisnéis faoi shócmhainní dílse sa tsraith oibríochtúil mar fhaisnéis atá srianta ag an AE.

9.           Roinnfidh lárionaid náisiúnta chomhordaithe na mBallstát comharsanach pictiúr de dhálaí na gcodanna den teorainn sheachtrach chomharsanach a bhaineann leis an méid seo a leanas le chéile agus gar d'fhíor-am:

(a)          na teagmhais ar fad a bhaineann le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann agus tarluithe suntasacha eile atá sa tsraith imeachtaí;

(b)          suíomh a bpatról féin atá sa tsraith oibríochtúil, i gcás inarb é príomh-mhisean an phatróil imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc;

(c)          na scéimeanna pleanála, na sceidil agus na cóid chumarsáide do na patróil a bheidh ag oibriú an lá dar gcionn sna codanna comharsanacha den teorainn sheachtrach;

(d)          tuarascálacha oirbheartaíochta ar anailís riosca mar atá sa tsraith anailíse.

Airteagal 10

Pictiúr de dhálaí Eorpacha

1.           Bunóidh agus caomhnóidh an Ghníomhaireacht pictiúr de dhálaí Eorpacha chun faisnéis agus anailís a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe atá ábhartha i dtaca le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha na mBallstát.

2.           Faisnéis arna bailiú ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr de dhálaí Eorpacha:

(a)          pictiúir de dhálaí náisiúnta, lena n‑áirítear faisnéis bhunúsach arna fáil faoi Airteagal 9(8);

(b)          an Ghníomhaireacht;

(c)          eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha eile;

(d)          foinsí eile.

3.           Beidh san áireamh i sraith tarluithe an phictiúir de dhálaí Eorpacha faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)          teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann chomh maith le géarchéimeanna agus faoi theagmhais eile atá i bhfoshraith tarluithe an phictiúir de dhálaí náisiúnta, ar shann an t-ionad náisiúnta comhordaithe leibhéal tionchair meánach nó ard dó;

(b)          teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann chomh maith le géarchéimeanna agus teagmhais eile atá sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann, ar chuntar go bhfuil tionchar meánach nó suntasach aige ar theorainneacha seachtracha na mBallstát;

(c)          teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann i réimse oibríochtúil comhoibríochta arna comhordú ag an nGníomhaireacht.

4.           Sa phictiúr de dhálaí Eorpacha, úsáidfidh an Ghníomhaireacht an leibhéal tionchair a shann an lárionad náisiúnta comhordaithe do theagmhas ar leith sa phictiúr de dhálaí náisiúnta.

5.           Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith oibríochtúil an phictiúir de dhálaí Eorpacha:

(a)          foshraith maidir le sócmhainní dílse, ina mbeidh faisnéis faoi shuíomh, am, cúrsa, luas, stádas agus na cineálacha sócmhainní dílse atá rannpháirteach i gcomhoibríochtaí na Gníomhaireachta nó atá ar fáil don Ghníomhaireacht, agus faisnéis faoin bplean imlonnaithe, lena n‑áirítear limistéar na hoibríochta, sceidil na bpatról agus cóid chumarsáide;

(b)          foshraith maidir le hoibríochtaí, ina mbeidh faisnéis faoi na comhoibríochtaí arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, lena n‑áirítear an ráiteas misin, suíomh, stádas, fad, faisnéis faoi na Ballstáit agus faoi na gníomhaithe eile lena mbaineann, tuarascálacha dálaí laethúla agus seachtainiúla, sonraí staitistiúla agus pacáistí faisnéise do na meáin;

(c)          foshraith maidir le faisnéis faoin gcomhshaol, ina mbeidh faisnéis faoin tír-raon agus faoi dhálaí aimsire ag teorainneacha seachtracha na mBallstát.

6.           Beidh na foshraitheanna seo a leanas i sraith anailíse an phictiúir de dhálaí Eorpacha:

(a)          foshraith faisnéise, ina mbeidh príomhfhorbairtí agus príomhtháscairí atá ábhartha maidir le hanailís a dhéanamh ar imirce neamhrialta agus ar choireacht trasteorann;

(b)          foshraith anailíseach, ina dtíolacfar mapaí foriomlána agus fochatagóire ar rátálacha riosca; treochtaí rátála riosca; faireachán réigiúnach; nótaí faisnéise mar aon le táscairí comhghaoil do na rátálacha riosca agus táscairí do líonra anailíse riosca Frontex;

(c)          foshraith pictiúir faisnéise, ina mbeidh próifílí ar imircigh, bealaí, faisnéis faoi na leibhéil tionchair atá ag na codanna de na teorainneacha seachtracha talún agus mara agus anailís ar éascú a dhéantar ar thrasnú neamhdhleathach teorainneacha;

(d)          foshraith íomhánna agus geo-sonraí, ina mbeidh íomhánna tagartha, mapaí cúlra, measúnuithe bailíochtaithe faisnéise, anailís ar athruithe (íomhánna breathnóireachta ar an domhan) chomh maith le brath athruithe, sonraí geo-thagartha agus mapaí a léiríonn tréscaoilteacht na teorann.

6.           Rangófar an fhaisnéis faoi shócmhainní dílse sa tsraith oibríochtúil den phictiúr de dhálaí Eorpacha mar fhaisnéis atá srianta ag an AE.

Airteagal 11

Pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann

1.           Bunóidh agus caomhnóidh an Ghníomhaireacht pictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann chun faisnéis agus anailís ar an limistéar réamhtheorann a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe ar faisnéis í atá ábhartha i dtaca le himirce neamhrialta agus coireacht thromchúiseach nó coireacht eagraithe a chosc ag teorainneacha seachtracha na mBallstát agus i dtríú tíortha comharsanacha.

2.           Faisnéis arna bailiú ó na foinsí seo a leanas a bheidh sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann:

(a)          lárionaid náisiúnta chomhordaithe;

(b)          faisnéis agus tuarascálacha arna soláthar ag na hoifigigh idirchaidrimh imirce;

(c)          an Ghníomhaireacht;

(d)          eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta ábhartha eile;

(e)          tríú tíortha;

(f)           foinsí eile.

3.           D'fhéadfadh faisnéis a bheith sa phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann atá ábhartha d'oibríochtaí um fhaireachas aeir ar theorainneacha agus do sheiceálacha ag pointí trasnaithe teorann.

4.           Áireofar sa tsraith tarluithe den phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann faisnéis faoin méid seo a leanas: aon teagmhas, aon ghéarchéim nó aon tarlú eile sa limistéar réamhtheorann, a bhféadfadh tionchar meánach nó suntasach a bheith aige ar imirce neamhrialta agus ar choireacht trasteorann ag teorainneacha seachtracha na mBallstát.

5.           Sannfaidh an Ghníomhaireacht leibhéal tionchair táscach amháin do gach teagmhas i sraith tarluithe an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann. Cuirfidh an Ghníomhaireacht na lárionaid náisiúnta chomhordaithe ar an eolas faoi aon teagmhas sa limistéar réamhtheorann, ar sannadh leibhéal tionchair meánach nó ard dó.

6.           Beidh an struchtúr céanna ag sraith oibríochtúil an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann is a bheidh ag sraith oibríochtúil an phictiúir de dhálaí Eorpacha, agus beidh faisnéis ann ar shócmhainní atá in úsáid agus oibríochtaí atá á ndéanamh sa limistéar réamhtheorann chomh maith le faisnéis faoin gcomhshaol.

7.           Beidh an struchtúr céanna ag sraith anailíseach an phictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann is a bheidh ag sraith anailíseach an phictiúir de dhálaí Eorpacha, agus beidh faisnéis straitéiseach, táirgí agus seirbhísí anailíseacha, agus faisnéis mar aon le híomhánna agus geo-sonraí i ndáil leis an limistéar réamhtheorann sa tsraith sin.

Airteagal 12

Comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais

1.           Éascóidh an Ghníomhaireacht comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais, amhail satailítí agus córais tuairiscithe long, ag Ballstáit chun faisnéis faireachais faoi na teorainneacha seachtracha agus faoin limistéar réamhtheorann a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus di féin ar bhonn rialta iontaofa agus costéifeachtúil.

2.           Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a sholáthar do lárionad náisiúnta comhordaithe, arna iarraidh sin, faoi theorainneacha seachtracha an Bhallstáit is iarrthóir agus faoin limistéar réamhtheorann, ar faisnéis í arna díorthú ón méid seo a leanas:

(a)          faireachán roghnaíoch ar chalafoirt agus ar chóstaí tríú tíortha ainmnithe a sainaithníodh, ar bhonn anailíse riosca agus faisnéise, mar phointí bordála nó mar phointí idirthurais do shoithigh arna n‑úsáid le haghaidh inimirce neamhrialta agus coireachta trasteorann;

(b)          rianú soithigh ar mórmhuir ar soitheach é a bhfuil amhras faoina úsáid nó ar aithníodh a úsáid le haghaidh imirce neamhrialta agus coireachta trasteorann;

(c)          faireachán ar réimsí ainmnithe sa réimse muirí d'fhonn soithigh a bhfuil amhras faoina n‑úsáid nó ar aithníodh a n‑úsáid le haghaidh imirce neamhrialta agus coireachta trasteorann a bhrath, a shainaithint agus a rianú;

(d)          measúnú comhshaoil ar réimsí ainmnithe sa réimse muirí agus ag an teorainn sheachtrach talún chun gníomhaíochtaí faireacháin agus patrólaithe a bharrfheabhsú;

(e)          faireachán roghnaíoch ar réimsí ainmnithe réamhtheorann ag an teorainn sheachtrach talún, ar réimsí iad a sainaithníodh ar bhonn anailíse riosca agus faisnéis mar limistéir ionchasacha imeachta nó idirthurais d'imirce neamhrialta agus coireacht trasteorann.

3.           Féadfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar tríd na sonraí a bhailítear ó na córais, braiteoirí agus ardáin seo a leanas a chur le chéile agus anailís a dhéanamh orthu:

(a)          córais tuairiscithe long, laistigh dá srianta dlíthiúla, amhail an córas aitheantais uathoibríoch (AIS) agus an córas faireacháin soitheach (VMS).

(b)          íomhánna satailíte;

(c)          braiteoirí atá suite ar ardáin ar bith, lena n‑áirítear aerfheithiclí le foireann agus gan foireann.

4.           Féadfaidh an Ghníomhaireacht diúltú d'iarraidh ó lárionad náisiúnta comhordaithe ar bhonn srianta teicniúla agus airgeadais agus ar chúiseanna eile a bhfuil bonn cuí leo.

5.           Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar a conlán féin, na huirlisí faireachais dá dtagraítear i mír 2 a úsáid chun an fhaisnéis is ábhartha a bhailiú le haghaidh pictiúir choitinn d'fhaisnéis réamhtheorann.

CAIBIDIL III

Acmhainn Freagartha

Airteagal 13

Na codanna den teorainn sheachtrach a chinneadh

Roinnfidh gach Ballstát a theorainneacha seachtracha talún agus mara i gcodanna ina mbeidh lárionad áitiúil nó réigiúnach comhordaithe a áiritheoidh bainistíocht éifeachtach éifeachtúil pearsanra agus acmhainní.

Airteagal 14

Leibhéil tionchair a shannadh do chodanna den teorainn sheachtrach

1.           Ar bhonn anailís riosca na Gníomhaireachta, agus tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, sannfaidh an Ghníomhaireacht na leibhéil tionchair seo a leanas do gach cuid de theorainneacha seachtracha talún agus mara na mBallstát:

(a)          leibhéal tionchair íseal i gcás ina mbíonn tionchar neamhbhríoch ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a tharlaíonn ag an gcuid sin den teorainn atá i gceist;

(b)          leibhéal tionchair meánach i gcás ina mbíonn tionchar meánach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a tharlaíonn ag an gcuid sin den teorainn atá i gceist;

(c)          leibhéal tionchair ard i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ar shlándáil na teorann ag na teagmhais maidir le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a tharlaíonn ag an gcuid sin den teorainn atá i gceist;

2.           Déanfaidh an lárionad náisiúnta comhordaithe a mheas go rialta an bhfuil gá leibhéal tionchair aon cheann de na codanna teorann a choigeartú. Féadfaidh an t-ionad náisiúnta comhordaithe cuireadh a thabhairt don Ghníomhaireacht an leibhéal tionchair a athrú trí fhaisnéis bhailíochtaithe a sholáthar maidir leis na dálaí athraithe ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach lena mbaineann.

3.           Déanfaidh an Ghníomhaireacht léirshamhlú ar na leibhéil tionchair arna sannadh do na teorainneacha seachtracha sa phictiúr de dhálaí Eorpacha.

Airteagal 15

Freagairt a fhreagraíonn do na leibhéil tionchair

1.           Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh na gníomhaíochtaí faireachais agus patrólaithe a dhéanfar ag na codanna den teorainn sheachtrach do na leibhéil tionchair arna sannadh mar seo a leanas:

(a)          i gcás ina sannfar leibhéal tionchair íseal do chuid den teorainn sheachtrach, eagróidh an lárionad áitiúil nó réigiúnach comhordaithe faireachas rialta ar bhonn anailíse riosca agus áiritheoidh sé go gcoinneofar dóthain patról ag an limistéar teorann ar mhaithe le rianú, sainaithint agus gabháil;

(b)          i gcás ina sannfar leibhéal tionchair meánach do chuid den teorainn sheachtrach, tacóidh an lárionad náisiúnta comhordaithe leis an lárionad áitiúil nó réigiúnach trí phearsanra agus acmhainní breise a shannadh dóibh ar bhonn sealadach;

(c)          i gcás ina sannfar leibhéal tionchair ard do chuid den teorainn sheachtrach, áiritheoidh an lárionad náisiúnta comhordaithe go dtabharfar an tacaíocht ar fad is gá don lárionad áitiúil nó réigiúnach ar leibhéal náisiúnta, lena n‑áirítear faisnéis, acmhainní agus pearsanra; féadfaidh an lárionad náisiúnta comhordaithe tacaíocht a iarraidh ar an nGníomhaireacht freisin i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004.

2.           Cuirfidh an lárionad náisiúnta comhordaithe an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi na bearta arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta de bhun phointe (b) agus phointe (c) de mhír 1.

3.           I gcás ina sannfar leibhéal tionchair meánach nó ard do chuid den teorainn sheachtrach atá buailte le cuid de theorainn Ballstáit eile nó tríú tír, déanfaidh an lárionad comhordaithe náisiúnta na bearta arna nglacadh a chomhordú le lárionad náisiúnta comhordaithe na tíre comharsanaí.

4.           I gcás ina gcuireann an lárionad náisiúnta comhordaithe iarraidh isteach de réir phointe (c) de mhír 1, féadfaidh an Ghníomhaireacht tacú leis an lárionad sin, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(a)          trí thosaíocht a thabhairt do chomhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais;

(b)          imlonnú Foirne Eorpacha Gardaí Teorann a chomhordú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(c)          imlonnú an trealaimh theicniúil atá ar fáil don Ghníomhaireacht a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004;

(d)          aon tacaíocht bhreise arna tairiscint ag na Ballstáit a chomhordú.

5.           Déanfaidh an Ghníomhaireacht sannadh na leibhéal tionchair agus na mbeart comhfhreagrach arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a mheas ina tuarascálacha ar anailís riosca.

TEIDEAL IV

Forálacha sonracha

Airteagal 16

Tascanna a shannadh do lárionaid eile sna Ballstáit

1.           Féadfaidh na Ballstáit cúram a chur ar lárionaid réigiúnacha, áitiúla, fheidhmeacha, nó lárionaid eile, a bhfuil sé de chumas iontu cinntí oibríochtúla a ghlacadh, feasacht ar dhálaí agus acmhainn freagartha sa réimse ábhartha inniúlachta a áirithiú, lena n‑áirítear na tascanna agus na hinniúlachtaí dá dtagraítear i bpointí (b), (d) agus (e) d'Airteagal 5(3).

2.           Ní dhéanfaidh cinneadh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1 difear don lárionad náisiúnta comhordaithe i dtaca lena chumas dul i gcomhar le lárionaid náisiúnta chomhordaithe eile agus leis an nGníomhaireacht, agus faisnéis a mhalartú leo.

3.           I gcásanna réamhshainithe, féadfaidh an lárionad náisiúnta comhordaithe lárionad dá dtagraítear i mír 1 a údarú chun cumarsáid a dhéanamh nó faisnéis a mhalartú leis an lárionad réigiúnach comhordaithe nó le lárionad náisiúnta comhordaithe Ballstáit eile nó tríú tír ar choinníoll go gcoinníonn sé a lárionad náisiúnta comhordaithe féin ar an eolas go rialta faoin gcumarsáid nó faoin malartú faisnéise.

Airteagal 17

Comhar na Gníomhaireachta le tríú páirtithe

1.           Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an bhfaisnéis atá ann cheana agus as na hacmhainní agus na córais atá le fáil i ngníomhaireachtaí agus in eintitis eile de chuid an AE, laistigh de na creata dlíthiúla ábhartha.

2.           I gcomhréir le mír 1, rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhar leis na heintitis seo a leanas go háirithe:

(a)          An Oifig Eorpach Póilíní (Europol), an Lárionad Oibríochtaí agus Anailíse Muirí – Támhshuanaigh (MAOC-N) agus an Lárionad chun an comhrac i gcoinne drugaí sa Mheánmhuir a chomhordú (CeCLAD-M) chun faisnéis a mhalartú ar choireacht trasteorann atá le háireamh sa phictiúr dálaí Eorpach;

(b)          Lárionad Satailíte an AE, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach nuair atá comhchur i bhfeidhm na n‑uirlisí faireachais á sholáthar;

(c)          an Coimisiún Eorpach agus na gníomhaireachtaí de chuid an AE ar féidir leo faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht atá ábhartha chun an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr d'fhaisnéis réamhtheorann a chaomhnú;

(d)          eagraíochtaí idirnáisiúnta ar féidir leo faisnéis a sholáthar don Ghníomhaireacht atá ábhartha chun an pictiúr de dhálaí Eorpacha agus an pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann a chaomhnú.

3.           Malartófar faisnéis idir an Ghníomhaireacht agus na heintitis dá dtagraítear i mír 2 tríd an líonra dá dtagraítear in Airteagal 7 nó trí líonraí cumarsáide eile a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine.

4.           Rialófar an comhar idir an Ghníomhaireacht agus na heintitis dá dtagraítear i mír 2 i socruithe oibre i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus le bunús dlí ábhartha gach eintitis. Maidir le faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil, déanfar foráil sna socruithe seo go gcomhlíonfaidh gníomhaireachtaí de chuid an AE agus eintitis eile lena mbaineann rialacha agus caighdeáin slándála atá comhionann leo siúd arna gcur i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht.

5.           Féadfaidh na gníomhaireachtaí agus na lárionaid dá dtagraítear i mír 2 faisnéis a úsáid a fuarthas i gcomhthéacs EUROSUR laistigh de theorainneacha a gcreata dlíthiúil agus i gcomhréir le cearta bunúsacha.

Airteagal 18

Comhar le tríú tíortha comharsanacha

1.           Maidir le malartú faisnéise agus comhar le tríú tíortha comharsanacha i dtaca le himirce neamhrialta agus coireacht trasteorann a chosc, féadfar é a dhéanamh ar bhonn comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír chomharsanach amháin nó níos mó lena mbaineann. Is iad lárionaid náisiúnta chomhordaithe na mBallstát a bheidh mar phointe teagmhála chun faisnéis a mhalartú idir an líonra dá dtagraítear in Airteagal 7 agus na líonraí réigiúnacha le tríú tíortha comharsanacha.

2.           Toirmeascfar aon mhalartú faisnéise faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoi phointe (h) d'Airteagal 9(2) le tríú tír a d’fhéadfadh an fhaisnéis sin a úsáid le daoine nó grúpa daoine a aimsiú a bhfuil contúirt mhór ann go bhfulaingeoidh siad céasadh, íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach nó aon sárú eile ar chearta an duine.

3.           Déanfar aon mhalartú faisnéise faoi mhír 1 den Airteagal seo agus faoi phointe (h) d'Airteagal 9(2) i gcomhréir le coinníollacha na gcomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha comharsanacha.

4.           Beidh formheas roimh ré ó aon Bhallstát eile a sholáthraigh faisnéis i gcomhthéacs EUROSUR agus nach cuid d'aon cheann de na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1 ná de na líonraí dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 9(2) é, beidh an formheas sin de dhíth sular féidir an fhaisnéis sin a roinnt le haon tríú tír faoin gcomhaontú nó faoin líonra sin.

5.           Beidh aon mhalartú faisnéise le tríú tíortha d'fhaisnéis arna díorthú ón tseirbhís maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais faoi réir na reachtaíochta agus na rialacha a rialaíonn na huirlisí agus na córais sin agus faoi réir fhorálacha ábhartha Threoir 95/46/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

Airteagal 19

Lámhleabhar

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht, lámhleabhar praiticiúil ar fáil chun EUROSUR a chur chun feidhme agus a bhainistiú ('Lámhleabhar' anseo feasta), ina soláthrófar treoirlínte teicniúla agus oibríochtúla, moltaí agus dea-chleachtais. Glacfaidh an Coimisiún Eorpach an Lámhleabhar i bhfoirm molta.

Airteagal 20

Faireachán agus meastóireacht

1.           Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go bhfuil na nósanna imeachta is gá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú teicniúil agus oibríochtúil EUROSUR d'fhonn na cuspóirí i dtaca le feasacht leordhóthanach ar dhálaí agus acmhainn freagartha ag na teorainneacha seachtracha a bhaint amach .

2.           Tíolacfaidh an Ghníomhaireacht tuarascáil ar fheidhmiú EUROSUR an 1 Deireadh Fómhair 2015 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.

3.           Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EUROSUR ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Comhairle an 1 Deireadh Fómhair 2016 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin. Áireofar sa mheastóireacht sin scrúdú ar na torthaí a baineadh amach i gcomhthéacs na gcuspóirí agus measúnú ar bhailíocht leantach na bunréasúnaíochta, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo sna Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht agus ar a mhéid a chomhlíontar na cearta bunúsacha. Beidh tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an meastóireacht sin nuair is gá.

4.           Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá ar fáil don Ghníomhaireacht chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 a dhréachtú. Cuirfidh an tÚdarás Bainistíochta an fhaisnéis is gá ar fáil don Choimisiún chun an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 3 a sholáthar.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

1.           Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.           Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Deireadh Fómhair 2013.

3.           Beidh feidhm ag Airteagal 5(1) maidir leis na Ballstáit atá lonnaithe ag teorainneacha seachtracha mara theas agus ag teorainneacha seachtracha talún thoir an Aontais (an Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Ungáir, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Slóvaice, an tSlóivéin agus an Spáinn) ón 1 Deireadh Fómhair 2013.

4.           Beidh feidhm ag Airteagal 5(1) maidir leis na Ballstáit eile a bhfuil teorainneacha seachtracha talún agus mara acu (an Bheilg, an Ghearmáin, an Ísiltír agus an tSualainn) ón 1 Deireadh Fómhair 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

Iarscríbhinn

Cuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh agus comhpháirteanna éagsúla chreat EUROSUR á socrú, á n‑oibriú agus á gcaomhnú:

(a)          Prionsabal na bpobal leasmhar: Déanfar as na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus an Ghníomhaireacht pobail leasmhara ar leithligh chun críche faisnéis a roinnt agus chun críche comhair faoi chuimsiú EUROSUR. Úsáidfear pobail leasmhara chun lárionaid náisiúnta chomhordaithe éagsúla agus an Ghníomhaireacht a eagrú d'fhonn faisnéis a mhalartú chun críocha cuspóirí roinnte, ceanglas agus leasanna.

(b)          Prionsabail maidir le bainistíocht chomhleanúnach agus maidir leis na struchtúir atá ann cheana a úsáid: Áiritheoidh an Ghníomhaireacht comhleanúnachas idir comhpháirteanna éagsúla chreat EUROSUR, lena n‑áirítear Treoir agus tacaíocht a sholáthar do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus idir-inoibritheacht faisnéis agus teicneolaíochta a chur chun cinn. Chomh fada agus is féidir, bainfidh creat EUROSUR úsáid as na córais agus na hacmhainní atá ann cheana. Sa chomhthéacs sin, bunófar EUROSUR agus é go hiomlán comhoiriúnach don tionscnamh maidir le Comhéadan Coiteann chun faisnéis a mhalartú d'fhonn faireachas a dhéanamh ar réimse muirí an AE, agus cuideoidh sé, dá bhrí sin, le cur chuige comhordaithe costéifeachtúil maidir le malartú faisnéise trasearnálaí san Aontas agus rachaidh an cur chuige sin chun tairbhe dó.

(c)          Prionsabail maidir le faisnéis a mhalartú agus faisnéis a dhearbhú: Beidh faisnéis a chuirfear ar fáil faoi chuimsiú EUROSUR ar fáil do na lárionaid náisiúnta chomhordaithe ar fad agus don Ghníomhaireacht, ach amháin má leagadh síos nó má aontaíodh srianta sonracha. Ráthóidh na lárionaid náisiúnta chomhordaithe infhaighteacht, rúndacht agus sláine na faisnéise a bheidh le malartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Ráthóidh an Ghníomhaireacht infhaighteacht, rúndacht agus sláine na faisnéise a bheidh le malartú ar an leibhéal Eorpach.

(d)          Prionsabail maidir le díriú na seirbhíse agus caighdeánú: Cuirfear acmhainní éagsúla EUROSUR chun feidhme le cur chuige seirbhísdírithe. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is féidir, go bhfuil creat EUROSUR bunaithe ar chaighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

(e)          Prionsabal na solúbthachta: Cuirfidh an cineál eagraithe, faisnéise agus teicneolaíochta ar chumas gheallsealbhóirí EUROSUR freagairt a thabhairt ar staideanna athraitheacha ar bhealach solúbtha agus struchtúrtha.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR)

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[17]

Faoi láthair, Ceannteideal 3a, Teideal 18 – Gnóthaí Baile

Peirspictíochtaí Airgeadais Ilbhliantúla na todhchaí Ceannteideal 3 (Slándáil agus saoránacht)

An cineál togra/tionscnaimh

þ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua (cistiú le haghaidh gnóthaí baile don tréimhse 2014-2020)

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[18]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.3. Cuspóirí 1.3.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Ina cuid conclúidí an 23-24 Meitheamh 2011 mhaígh an Chomhairle Eorpach "go ndéanfar an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) a fhorbairt tuilleadh mar ábhar tosaíochta ionas go mbeidh sé ag feidhmiú faoi 2013 agus ionas go bhféadfaidhvúdaráis na mBallstát, a mbeidh gníomhaíochtaí faireachais ar theorainneacha ar bun acu, faisnéis oibríochtúil a roinnt agus comhar a fheabhsú."

Mar atá ráite i gClár Oibre an Choimisiúin do 2011[19] "is é is aidhm do EUROSUR an rialú a threisiú ar theorainneacha seachtracha limistéar Schengen, go háirithe na teorainneacha mara theas agus na teorainneacha talún thoir. Bunóidh EUROSUR sásra d'údaráis na mBallstát a dhéanann faireachas ar theorainneacha (gardaí teorann, gardaí cósta, póilíní, údaráis chustaim agus cabhlaigh) le faisnéis oibríochtúil a roinnt agus le dul i gcomhar le chéile agus le Frontex le bás daoine ar muir agus líon na n‑imirceach neamhdhleathach a théann isteach sa AE gan bhrath a laghdú, agus le slándáil inmheánach a mhéadú trí choireacht trasteorann a chosc, amhail sceimhlitheoireacht, gáinneáil daoine, smuigleáil arm agus drugaí, etc."

Ó 2008 i leith, tá Ballstáit an AE, Frontex - gníomhaireacht teorann an AE – agus an Coimisiún Eorpach ag obair i dteannta a chéile chun creat EUROSUR a shainiú agus a fhorbairt. Tá comhpháirteanna EUROSUR á dtástáil agus á gcur ar bun de réir a chéile ar bonn píolótach ó 2011 i leith, agus úsáid á baint as cistiú arna sholáthar faoi bhuiséad Frontex. I gcomhthreo leis sin, ó 2008 i leith tá na Ballstáit ag baint úsáide as an gCiste um Theorainneacha Seachtracha chun comhpháirteanna EUROSUR a bhunú, amhail na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus córais náisiúnta um fhaireachas ar theorainneacha.

Is iad na gníomhaíochtaí ABB seo a leanas atá bainteach dá bhrí sin:

18.02 – Dlúthpháirtíocht, teorainneacha seachtracha, filleadh, beartas víosa agus saorghluaiseacht daoine – Cuspóir 1: Daoine a chumasú chun teorainneacha inmheánacha a thrasnú gan seiceálacha teorann, teorainneacha slána a chur chun cinn agus imirce neamhrialta a chosc trí thuilleadh forbartha a dhéanamh ar chóras bainistíochta comhtháite le haghaidh teorainneacha seachtracha agus ar chaighdeáin arda seiceálacha teorann, lena n‑áirítear SIS II a bhunú agus tacaíocht airgeadais ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha.

Toisc go ndéantar EUROSUR a fhorbairt agus a chur chun feidhme ag an am céanna, is lú go mór an t‑am atá at teastáil chun é a bhunú agus féadfar comhpháirteanna éagsúla EUROSUR a thástáil agus a oiriúnú sula gcuirtear i mbun oibríochta é ag deireadh 2013.

Tá na hoibreacha a dhéantar ar mhaithe le EUROSUR a fhorbairt, a thástáil agus a bhunú de réir a chéile bunaithe ar phlean oibre a tíolacadh i dTeachtaireacht ón gCoimisiúin in 2008[20]. D'fhormhuinigh an Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an plean oibre sin ina conclúidí mí an Mheithimh 2008 agus mí Feabhra 2010, agus d'fhormhuinigh Clár Stócólm agus an Plean Gníomhaíochta lena gcuirtear chun feidhme Clár Stócólm freisin é.

1.3.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Tá dhá chuspóir shonracha ag EUROSUR, eadhon feasacht ar dhálaí agus acmhainn freagartha Frontex agus údaráis um rialú teorainneacha na Ballstát a ardú go suntasach, ionas gurbh é an rud ab fhearr a d'fhéadfadh tarlú go n‑aithneofaí aon bhealach nó aon mhodh nua d'imirce neamhrialta agus do choireacht trasteorann, agus go gcuirfí deireadh leis go luath tar éis a bhunaithe.

1.3.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

1.         Tomhaiseann feasacht ar dhálaí acmhainn na n‑údarás gluaiseachtaí trasteorann a bhrath agus forais réasúnaithe a aimsiú do bhearta rialaithe. Féadfar an méid sin a bhaint amach trí na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas a bhaint amach ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach:

a.         Comhar feabhsaithe idirghníomhaireachta trí struchtúir a chuíchóiriú agus trí chórais sa réimse um fhorghníomhú an dlí a idircheangal le chéile;

b.         Úsáid a bhaint as cumasc sonraí maille le hacmhainní nua‑aimseartha teicneolaíochta chun gluaiseachtaí trasteorann a bhrath agus a rianú, soithí (beaga) go háirithe;

c.         Malartú faisnéise trasearnála le gníomhaithe eile sa réimse muirí, amhail iompar, custam, rialú iascaigh agus cosaint;

d.         Malartú feabhsaithe faisnéise le tríú tíortha comharsanacha.

2.         Tomhaiseann an acmhainn freagartha an tréimhse ama atá ag teastáil chun aon ghluaiseacht trasteorann atá le rialú a bhaint amach, agus freisin an t-am agus na modhanna atá ag teastáil chun freagairt a thabhairt ar imthosca neamhghnácha. Ba cheart na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach dá bhrí sin:

a.         Sonraí agus faisnéis a mhalartú gar d'fhíor-am agus, nuair is gá, ar bhealach atá slán ionas go rachfar i dtreo cur chuige faisnéise bunaithe ar anailís riosca seachas cur chuige patrólbhunaithe;

b.         Bainistíocht éifeachtacht pearsanra agus acmhainní, lena n‑áirítear braiteoirí agus patróil;

c.         Tomhais éifeachtachta, éifeacht gníomhaíochtaí um fhaireachas ar theorainneacha a mheas agus bunlíne nua á soláthar dá bhrí sin do mheasúnú riosca agus d'atheagrú tosaíochtaí.

Tábla ina n‑idircheanglaítear fadhbanna, cuspóirí agus gníomhaíochtaí

Cuspóirí sonracha || Gníomhaíochtaí atá beartaithe

1a – Struchtúir a chuíchóiriú agus córais a idircheangal ar leibhéal náisiúnta. 2a - Pearsanra agus acmhainní a bhainistiú go héifeachtach. 2c – Tomhais éifeachtachta. || Ionad Náisiúnta Comhordaithe (INC) agus Lárionad Staide Frontex (ISF) a bhunú.

2a – Malartú sonraí agus faisnéise gar d'fhíor am. || Líonra EUROSUR a bhunú, ag idircheangal INCanna agus Frontex. An Pictiúr Coiteann d'Fhaisnéis Réamhtheorann a bhunú.

1d - Malartú feabhsaithe faisnéise le tríú tíortha comharsanacha. || EUROSUR a idircheangal le líonraí réigiúnacha arna mbunú idir na Ballstáit agus tríú tíortha comharsanacha.

1b - Úsáid a bhaint as cumasc sonraí maille le hacmhainní teicneolaíochta chun gluaiseachtaí trasteorann a bhrath agus a rianú. 1c – Malartú faisnéise trasteorann le gníomhaithe eile sa réimse muirí. || Seirbhís a bhunú maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais ar leibhéal an AE.

1.3.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Áiritheoidh Frontex go gcuirfear modhanna i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú EUROSUR i ndáil leis na príomhchuspóirí beartais, ag cur san áireamh na táscairí seo a leanas:[21]

Táscairí tionchair[22]

Líon laghdaithe imirceach neamhrialta a théann isteach i limistéar Schengen gan bhrath;

Ráta báis laghdaithe imirceach ar muir;

Coireacht laghdaithe trasteorann, go háirithe i ndáil le drugaí arna smuigleáil trasna na dteorainneacha seachtracha.

Toradh agus táscairí aschuir[23]

Feasacht mhéadaithe ar dhálaí ag na teorainneacha seachtracha agus sa limistéar réamhtheorann;

Comhar feabhsaithe idirghníomhaireachta ar an leibhéal náisiúnta;

Comhar feabhsaithe idir na Ballstáit agus le Frontex;

Comhar méadaithe le tríú tíortha comharsanacha;

Acmhainn mhéadaithe theicniúil agus oibríochtúil chun báid bheaga a bhrath agus a rianú;

Malartú méadaithe faisnéise neamhaicmithe agus rúnaicmithe gar d'fhíor am;

Acmhainn mhéadaithe freagairt a thabhairt ar fholáirimh, teagmhais agus tarluithe eile ag na teorainneacha seachtracha.

1.4. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.4.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Beidh roinnt fadhbanna ginearálta agus sonracha ann don AE go fóill i réimse an fhaireachais ar theorainneacha sa tréimhse 2012-2020, fadhbanna a dtabharfaidh EUROSUR aghaidh orthu.[24]

Tá an AE faoi bhrú suntasach ag imirce neamhrialta ag a chuid teorainneacha seachtracha, agus meastar go leanfaidh sé sin amach anseo. De bharr na mbád beag neamhacmhainneach atá in úsáid, tá méadú suntasach tagtha ar líon na n‑imirceach a bhánn sa Mheánmhuir. Dúshlán mór é sin do na húdaráis um fhorghníomhú an dlí toisc gur fíordheacair na báid bheaga sin a bhrath agus a rianú ar an mórmhuir. Is minic a úsáideann líonraí coiriúla a bhfuil baint acu le smuigleáil imirceach na bealaí agus na modhanna céanna chun gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann a dhéanamh, amhail gáinneáil ar dhaoine agus ar dhrugaí. Ba cheart do chomhar feabhsaithe idirghníomhaireachta idir údaráis um rialú teorainneacha agus údaráis phóilíneachta rannchuidiú go suntasach leis an gcomhrac i gcoinne na gcoireanna tromchúiseacha sin ag na teorainneacha seachtracha.

Is minic a bhíonn líonraí coiriúla níos tapúla agus níos solúbtha maidir le bealaí agus modhanna imirce neamhrialta agus coireachta trasteorann a athrú ná mar a bhíonn údaráis na mBallstát ag freagairt do chúinsí athraithe. Cúis amháin leis an bhfreagairt mhoillithe sin is ea go bhfuil suas le sé údarás éagsúla, i roinnt Ballstát, bainteach go díreach le faireachas a dhéanamh ar theorainneacha mara, gan rialacha soiléire ná sreabha oibre soiléire i ndáil le comhar agus malartú faisnéise a bheith acu. Mar sin féin, ní hé amháin go bhfuil easpa comhordaithe laistigh de roinnt Ballstát, ach tá easpa comhordaithe idir Ballstáit freisin, toisc nach bhfuil nósanna imeachta, líonraí ná bealaí tuairiscithe cuí ann chun faisnéis a mhalartú. Beidh dúshláin mhóra roimh na tríú tíortha ar chósta theas na Meánmhara mar gheall ar an mbrú ó imirce freisin. Dá bhrí sin, ní mór oibriú i gcomhar níos dlúithe le tíortha tionscnaimh imirceach neamhdhleathach agus leis na tíortha a dtugann imircigh neamhdhleathacha aghaidh orthu.

1.4.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta,[25] leantar de chur chuige díláraithe in EUROSUR inarb iad na lárionaid náisiúnta chomhordaithe cnámh droma chomhar EUROSUR. Trí na córais náisiúnta agus Eorpacha atá ann cheana a idircheangal agus trí acmhainní nua a fhorbairt, cuireann EUROSUR ar chumas Frontex agus na n‑údarás um rialú teorainneacha faisnéis a thabhairt agus a mhalartú chun feasacht ar dhálaí a fheabhsú ag na teorainneacha seachtracha agus beidh fíor‑bhreisluach ag an bhfaireachas ar theorainneacha dá bhrí sin.

Má thagann feabhas ar an malartú faisnéise, cabhróidh sé sin chun spriocanna amhail báid a úsáidtear le haghaidh imirce neamhrialta agus coireachta trasteorann a aithint ar dhóigh níos beaichte agus ceadófar, dá bhrí sin, úsáid thráthúil agus chostéifeachtach níos spriocdhírithe an trealaimh atá ar fáil chun a leithéid a stopadh. Ní féidir leis na Ballstáit leo féin an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach agus d'fhéadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais.

1.4.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Cuireann tionscnamh EUROSUR le taithí a fuarthas roimhe seo, amhail taithí faoi Líonra na bPatról Eorpach, arna chomhordú ag Frontex. Ina theannta sin, tá sé i gceist an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na bonneagair náisiúnta um rialú teorainneacha atá ann cheana in éineacht leis na córais oibríochtúla idirnáisiúnta agus Eorpacha mar aon le forbairtí teicniúla a tháinig chun cinn le déanaí (e.g. úsáid satailítí). Go háirithe maidir le húsáid teicneolaíochta nua-aimseartha, tá EUROSUR ag baint leasa as roinnt tionscadal taighde arna ndéanamh faoin 7ú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha.[26]

1.4.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na córais, na hacmhainní agus na cláir chistiúcháin atá ar fáil faoi láthair ar leibhéal an Aontais, tá EUROSUR dírithe ar an gcomhchuibheas agus na sineirgíochtaí is fearr is féidir a áirithiú le hionstraimí ábhartha eile.

1.5. Fad agus tionchar airgeadais

þ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh in éifeacht ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

– þ  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2020

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.6. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[27]

þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– þ  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[28]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

þ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Is iad Frontex agus na Ballstáit den chuid is mó a chuirfidh comhpháirteanna éagsúla EUROSUR chun feidhme (comhbhainistíocht) ar bhonn phlean oibre 2008 EUROSUR (COM(2008)65 críochnaitheach). Maidir leis na lárionaid náisiúnta chomhordaithe a bhunú, gheobhaidh na Ballstáit tacaíocht ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha in 2012-2013 agus ón ionstraim tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosa mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí in 2014-2020. Os a choinne sin, bainfidh Frontex as a bhuiséad féin leis an líonra EUROSUR agus comhpháirteanna cothrománacha eile de EUROSUR a chur ar bun, amhail an pictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann, agus nuair is gá déanfar sin a iomlánú le tacaíocht faoin gCiste Slándála Inmheánaí (bainistiú airgeadais díreach nó indíreach).

Beidh cistiú a sholáthrófar faoin 7ú Creatchlár le haghaidh Taighde agus Forbartha mar thaca ag bunú na seirbhíse atá beartaithe maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais in 2012‑2013.

In 2012-2013, tacóidh an Clár Téamach maidir le Tearmann agus Imirce le tríú tíortha comharsanacha mar chuid den Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Tar éis dhá bhliain de EUROSUR bheith ag feidhmiú ina iomláine, agus gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh Frontex tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le feidhmiú teicniúil agus oibríochtúil EUROSUR, ag cur san áireamh na táscairí thuasluaite[29]. Ina theannta sin, trí bliana tar éis tús a chur le hoibríochtaí ar fad chóras EUROSUR, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, soláthróidh an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán ar EUROSUR, ina n‑áireofar torthaí a scrúdú i gcoinne cuspóirí agus bailíocht leanúnach na bunréasúnaíochta a mheas. Táthar ag súil go ndéanfar an chéad mheastóireacht in 2016 ar choinníoll go mbeidh EUROSUR i mbun oibríochta in 2013. Ba cheart don Choimisiún na tuarascálacha ar an meastóireacht a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus ba cheart, nuair is gá, tograí iomchuí a bheith ag gabháil leo chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán lena mbunaítear EUROSUR.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

– Forbraíodh na meastacháin costais arna soláthar sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo ar bhonn na sonraí arna soláthar ag Ballstáit, ag gníomhaireachtaí an AE agus ag an earnáil phríobháideach agus arna bhfíorú ag an gconraitheoir seachtrach don staidéar teicniúil a dhéanann measúnú ar thionchar airgeadais EUROSUR (GHK). Is iad an meastachán is fearr ar na costais a bhaineann leis na roghanna beartais atá á meas a chur chun feidhme, ar bhonn na tuairisce a thugtar orthu i bplean oibre 2008 EUROSUR agus doiciméad teicniúil a tháinig ina dhiaidh sin. Bheifí ag súil go dtiocfadh athruithe ar na costais a bhaineann leis na seirbhísí sin a sholáthar le coigeartuithe ar raon feidhme, ar struchtúir eagraíochtúla agus rialachais, ar cheanglais theicniúla, ar na cineálacha seirbhísí a sholáthraítear agus ar chéimniú chur chun feidhme phlean oibre EUROSUR.

– Toisc go bhfuil na comhpháirteanna agus na céimeanna éagsúla a sainaithníodh i bplean oibre 2008 EUROSUR (COM(2008)68 críochnaitheach) á bhforbairt, á dtástáil agus á gcur chun feidhme i gcomhthreo. Is é is cúis leis an gcur chuige sin go mbeadh an iomarca ama i gceist leis an ngnáth‑shaolré i ndáil le córas a fhorbairt, i gcás ina gcuireann céim amháin le torthaí na céime roimhe sin agus ina gcuirtear an córas chun feidhme tar éis é a fhorbairt. Ní foláir bheith ar an airdeall agus torthaí na gcéimeanna éagsúla á gcur le chéile in aon chreat coiteann amháin. Is fearr is féidir an comhchuibheas sin a bhaint amach le reachtaíocht, ina ndéanfar inneachar éagsúil na gcomhpháirteanna mar aon le róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla a shainiú go soiléir.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Cuirfear i bhfeidhm na córais bhainistíochta agus rialaithe arna mbunú faoi na cláir éagsúla airgeadais (e.g. an Ciste Slándála Inmheánaí). Ina theannta sin, tá sé beartaithe saineolas inmheánach (e.g. an tAirmheán Comhpháirteach Taighde) mar aon le saineolais seachtrach (e.g. conraitheoirí seachtracha) a úsáid chun cur chun feidhme cuí agus rianúil comhpháirteanna éagsúla EUROSUR a áirithiú.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Beidh feidhm iomlán ag bearta frithchalaoise arna mbunú ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid caiteachais atá ann cheana[30]

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir || LD[31] || ó thíortha an CSTE[32] || ó thíortha is iarrthóirí[33] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3a || 18 02 03 02 - Frontex || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

3a || 18 02 06 – An Ciste um Theorainneacha Seachtracha || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3 || 18 02 cc – Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

3 || 18 02 05 02 - Frontex || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas don tréimhse 2014-2020[34] 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus Saoránacht

DG: HOME || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

Ciste Slándála Inmheánaí[35] || Oibleagáidí || (1) || 14,107 || 16,111 || 16,111 || 16,411 || 16,411 || 16,411 || 16,411 || || 111,973

Íocaíochtaí || (2) || 1,915 || 3,997 || 7,720 || 12,130 || 15,751 || 16,266 || 16,347 || 37,848 || 1111,973

18 02 03 02[36] || Oibleagáidí || (1a) || 20,601 || 19,997 || 18,290 || 18,290 || 18,290 || 18,290 || 18,290 || || 132,048

Íocaíochtaí || (2a) || 10,301 || 20,299 || 19,144 || 18,290 || 18,290 || 18,290 || 18,290 || 9,145 || 132,048

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[37] || || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG HOME || Oibleagáidí || =1+1a +1b+1c || 34,708 || 36,108 || 34,401 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || || 244,021

Íocaíochtaí || || 12,215 || 24,296 || 26,864 || 30,420 || 34,041 || 34,556 || 34,637 || 46,993 || 244,021

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 34,708 || 36,108 || 34,401 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || || 244,021

Íocaíochtaí || (5) || 12,215 || 24,296 || 26,864 || 30,420 || 34,041 || 34,556 || 34,637 || 46,993 || 244,021

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 den chreat airgeadais ilbhliantúil (méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || 34,708 || 36,108 || 34,401 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || 34,701 || || 244,021

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 12,215 || 24,296 || 26,864 || 30,420 || 34,041 || 34,556 || 34,637 || 46,993 || 244,021

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Blianta ina dhiaidh sin || IOMLÁN

DG: HOME ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || || 1,778

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || 0

IOMLÁN DG HOME || Leithreasaí || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || || 1,778

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || || 1,778

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 34,962 || 36,362 || 34,655 || 34,955 || 34,955 || 34,955 || 34,955 || || 245,799

Íocaíochtaí || 12,469 || 24,550 || 27,118 || 30,674 || 34,295 || 34,810 || 34,891 || 46,993 || 245,799

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN ||

ASCHUIR ||

Saghas aschuir[38] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán ||

Cuspóirí sonracha N 1a, 2a & 2c[39] || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur[40] || Lárionad || 2,179 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 7,470 || 24 || 52,29 ||

- Aschur[41] || Lárionad || 75,765 || 1 || 11,316 || 1 || 12,164 || 1 || 10,457 || 1 || 10,457 || 1 || 10,457 || 1 || 10,457 || 1 || 10,457 || 1 || 75,765 ||

Fo-iomlán chuspóiri sonracha Uimh. 1a, 2a agus 2c || 25 || 18,786 || 25 || 19,634 || 25 || 17,927 || 25 || 17,927 || 25 || 17,927 || 25 || 17,927 || 25 || 17,927 || 25 || 128,055 ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2a[42] || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur[43] || Líonra || 33,071 || 1 || 5,969 || 1 || 4,517 || 1 || 4,517 || 1 || 4,517 || 1 || 4,517 || 1 || 4,517 || 1 || 4,517 || 1 || 33,071 ||

- Aschur[44] || Pictiúr || 23,212 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 3,316 || 1 || 23,212 ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2a || 2 || 9,285 || 2 || 7,833 || 2 || 7,833 || 2 || 7,833 || 2 || 7,833 || 2 || 7,833 || 2 || 7,833 || 2 || 56,283 ||

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1d[45] || || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| - Aschur[46] || Líonraí || 537,75 || 4 || 951 || 4 || 0 || 4 || 0 || 4 || 300 || 4 || 300 || 4 || 300 || 4 || 300 || 4 || 2,151

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1d || 4 || 0,951 || 4 || 0 || 4 || 0 || 4 || 0,300 || 4 || 0,300 || 4 || 0,300 || 4 || 0,300 || 4 || 2,151

CUSPÓIRÍ SONRACHA Uimh. 1b agus 1c[47] || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur[48] || Seirbhís || || 1 || 5,686 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 57,532

Fo-iomlán chuspóiri sonracha Uimh. 1b agus 1c || 1 || 5,686 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 8,641 || 1 || 57,532

COSTAS IOMLÁN || 32 || 37,198 || 32 || 38,688 || 32 || 36,891 || 32 || 37,191 || 32 || 37,191 || 32 || 37,191 || 32 || 37,191 || 32 || 244,021 ||

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014[49] || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 1,778

Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 1,778

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[50] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 0,254 || 1,778

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– þ  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:[51]

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[52]

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || || || || || || ||

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 yy[53] || - sa Cheanncheathrú[54] || || || || || || ||

- i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD || 2 AD

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Faireachán a dhéanamh ar bhainistíocht laethúil EUROSUR agus tacú léi.

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile

– þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha agus don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[55]

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– þ  Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– ¨  Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||

An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– þ  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[56]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO L349, 25.11.2004, lch. 1.

[2]               COIM(2008) 68 críochnaitheach an 13.2.2008 (plean oibre EUROSUR). Maidir le dul chun cinn a rinneadh in 2008-2010, féach SEC(2009)1265 críochnaitheach an 24.9.2009 agus SEC(2011)145 críochnaitheach an 28.1.2011.

[3]               Déan comparáid freisin le Airteagal 77(1)(c) CFAE.

[4]               Cf Airteagal 11c de Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004, arna chur isteach le Rialachán (CE) Uimh. 1168/2011.

[5]               COIM(2010) 385 críochnaitheach, 20.7.2010.

[6]               IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

[7]               IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[8]               IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[9]               IO L 350, 30.12.2008, lch. 60.

[10]             IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[11]             IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

[12]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[13]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[14]             IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

[15]             IO L 111, 4.5.2010, lch. 20.

[16]             IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

[17]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[18]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[19]             COM(2010) 623 críochnaitheach an 27.10.2010 IML. II, 43, 14.

[20]             COM(2008) 68 críochnaitheach 13.2.2008 ('plean oibre EUROSUR').

[21]             Déan comparáid le Caibidil 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[22]             I gcomparáid leis na figiúirí do 2011 a sholáthraítear i dtuarascálacha Frontex ar anailís riosca agus i dtuarascálacha ábhartha EUROPOL. Beidh na táscairí sin ag brath freisin ar fhachtóirí lasmuigh de EUROSUR, amhail athruithe ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch i dtríú tíortha comharsanacha.

[23]             I gcomparáid leis an staid reatha a ndéantar cur síos uirthi sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán EUROSUR.

[24]             Déan comparáid le Caibidil 3.2 agus 3.3 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[25]             Déan comparáid le Caibidil 3.5 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[26]             Féach liosta na dtionscadal in Iarscríbhinn 1.5 de

[27]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[28]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[29]             Déan comparáid le Caibidil 8 den mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[30]             Tá na línte buiséid seo in úsáid chun forbairt agus tástáil a dhéanamh de réir a chéile ar chomhpháirteanna éagsúla EUROSUR go dtí 2013. Toisc gur cheart do Rialachán EUROSUR atá beartaithe teacht i bhfeidhm ag deireadh 2013, tá an ráiteas airgeadais dlíthiúil teoranta don tréimhse 2014-2020. Tá teacht ar fhorléargas ar na costais a bhain le EUROSUR a fhorbairt in 2008-2010 agus ar na costais mheasta do EUROSUR in 2011-2020 sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[31]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[32]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[33]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[34]             Tá teacht ar fhorléargas ar na costais iomlán mheasta do 2011-2030 sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis seo.

[35]             Cumhdaíonn an líne buiséid seo na costais seo a leanas: 1) 75% cómhchistiú ón AE do chostais oibríochtúla na lárionad náisiúnta comhordaithe (LNCanna) sna 24 Ballstáit a bhfuil teorainneacha seachtracha talún agus mara acu, sa mhéid is gurb iad na Ballstáit atá ag baint leasa as buiséad an Aontais a chláraíonn na costais sin; 2) Costais na seirbhíse maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais, ar cheart a chómhchistiú ó na cláir spáis Eorpacha ábhartha, lena n‑áirítear an clár um Fhaireachán Domhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil (GMES), a mhéid agus is féidir in 2014-2020. 3) Costais a bhaineann le EUROSUR a idircheangal le líonraí réigiúnacha arna mbunú idir na Ballstáit agus tríú tíortha comharsanacha. 4) Aon chostas eile is gá chun EUROSUR a chur chun feidhme.

[36]             I gcás costas oibríochúil don Lárionad Staide Frontex, don líonra a idircheanglaíonn na LNCanna agus Frontex, agus an Pictiúr Coiteann d'Fhaisnéis Réamhtheorann. Tá sé beartaithe go gcumhdóidh buiséad Frontex idir MEUR 5-10 de na meastacháin sin in aghaidh na bliana agus go gcumhdóidh an Ciste Slándála Inmheánaí idir MEUR 10-15 in aghaidh na bliana. Saineofar na méideanna beachta atá le maoiniú ag Frontex sa nós imeachta buiséadach bliantúil.

[37]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[38]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[39]             Féach Roinn 1.4.2: 1a – Struchtúir a chuíchóiriú agus córais a idircheangal ar leibhéal náisiúnta; 2a - Pearsanra agus acmhainní a bhainistiú go héifeachtach; 2c – Tomhais éifeachtachta.

[40]             75% cómhchistiú ón AE do chostais oibríochtúla lárionad náisiúnta comhordaithe (LNCanna) sna 24 Ballstáit a bhfuil teorainneacha seachtracha talún agus mara acu.

[41]             Costais oibríochtúla don lárionad staide Frontex.

[42]             2a – Malartú sonraí agus faisnéise gar d'fhíor am.

[43]             Costais oibríochúlta don líonra a nascann na lárionaid náisiúnta chomhordaithe agus Frontex.

[44]             Costais oibríochtúla don phictiúr coiteann d'fhaisnéis réamhtheorann.

[45]             1d - Malartú feabhsaithe faisnéise le tríú tíortha comharsanacha.

[46]             EUROSUR a idircheangal le líonraí réigiúnacha arna mbunú idir na Ballstáit agus tríú tíortha comharsanacha.

[47]             1b - Úsáid a bhaint as cumasc sonraí maille le hacmhainní teicneolaíochta chun gluaiseachtaí trasteorann a bhrath agus a rianú. 1c – Malartú faisnéise trasteorann le gníomhaithe eile sa réimse muirí.

[48]             Costais oibríochtúla na seirbhíse maidir le comhchur i bhfeidhm uirlisí faireachais ar leibhéal an AE.

[49]             Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[50]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[51]             Áirítear an 2 phost AD dá dtagraítear sa tábla thíos sa togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí.

[52]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[53]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[54]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[55]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[56]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.