52011PC0845

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta /* COIM/2011/0845 leagan deireanach - 2011/0413 (COD) */


(...PICT...)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Bíonn tionchar ag géarchéimeanna agus ag coinbhleachtaí ar thíortha ar fud an domhain agus cuireann siad slándáil agus cobhsaíocht dhomhanda i mbaol. Is iondúil go mbíonn nasc idir coinbhleachtaí agus leochaileacht stáit agus go mbíonn siad níos measa mar gheall ar rialachas lag agus ar an mbochtaineacht. Ina theannta sin, bíonn raon feidhme domhanda ag cuid de na dúshláin slándála is tromchúisí, ar dúshláin iad a imríonn tionchar ar thíortha i mbéal forbartha agus ar thíortha tionsclaithe. Tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, gáinneáil drugaí, coireacht eagraithe, sceimhlitheoireacht, bagairtí agus dúshláin a bhaineann le cibearshlándáil agus suaitheadh eile lena mbaineann, méadaíonn siad neamhshláine, cuireann siad isteach ar fhorbairt, lagaíonn siad an smacht reachta agus cuireann siad le héagobhsaíocht. Is mó na bagairtí atá ann cheana féin mar gheall ar dhúshlán an athraithe aeráide, agus cuireann sé gné nua le guaiseacha nádúrtha, guaiseacha de déantús an duine agus rioscaí slándála.

Teastaíonn comhiarracht shuntasach chun freagairt do na dúshláin struchtúracha seo, iarracht a bheidh bunaithe ar chomhpháirtíochtaí láidre le stáit eile, gníomhaithe na sochaí sibhialta, comhpháirtithe iltaobhacha agus réigiúnacha d’fhonn na coinníollacha a chruthú chun tacú le tíortha athiompú i gcoinbhleacht a sheachaint. Dá bhrí sin, tá freagra cuimsitheach ar ghéarchéimeanna idirnáisiúnta ag teastáil ón AE ina mbeadh níos mó ná chabhair dhaonnúil i gceist agus ina gcothófaí cumas an AE maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus gníomhaíochtaí cosantacha agus freagartha. Ina theannta sin, ní mór cumas a fhorbairt chun saineolaithe a úsáid le haghaidh misean éagsúil sibhialtach bunaithe ar idir-inoibritheacht i measc Bhallstáit an AE agus gníomhaithe idirnáisiúnta eile maille le comhphlé le gníomhaithe neamhstáit.

Sainíodh sa Chonradh nua ar an Aontas Eorpach (Airteagal 21) prionsabail agus cuspóirí coiteanna uileghabhálacha maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, inter alia d’fhonn “an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú”. Tacaíodh leis an méid sin freisin sna Conclúidí éagsúla ón gComhairle maidir le héifeachtacht na gníomhaíochta seachtraí (2004), le Slándáil agus Forbairt (2007) agus sna Conclúidí Ginearálta (2010) inar iarradh go ndéanfaí atreisiú breise ar uirlisí bainistíochta géarchéime an AE chun tacú le Comhbheartas Slándála agus Cosanta. Tugadh treoir pholaitiúil bhreise sna Conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eachtracha an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc. Shainaithin an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an 18 Iúil 2011 nasc aeráide agus slándála mar réimse tábhachtach ina bhféadfaí obair bhreise a dhéanamh. Chomh maith leis sin in 2011, d’ullmhaigh an Coimisiún plean cur chun feidhme i ndáil le Straitéis an AE maidir le tacú le Laghdú Rioscaí Tubaiste i dtíortha i mbéal forbartha [1], ina sainaithnítear forbairt na Measúnuithe ar Riachtanais Iar-Thubaistí mar thosaíocht chun laghdú rioscaí tubaiste a chomhtháthú le creataí téarnaimh na dtíortha lena mbaineann agus chun solúbthacht agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a spreagadh.

Dá réir sin, ba cheart don Ionstraim nua le haghaidh Cobhsaíochta a chuirfear in ionad an Rialacháin roimhe sin a rachaidh in éag ar an 31 Nollaig 2013, leas a bhaint as na deiseanna a thabharfar chun iarrachtaí comhordaithe an AE i ngach ceann de na réimsí thuas a chur chun cinn.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

(1) Comhairliúchán Poiblí

Thionól an Coimisiún Eorpach comhairliúchán poiblí maidir le cistiú na todhchaí do ghníomhaíocht sheachtrach an AE idir an 26 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011. Bhí an próiseas sin bunaithe ar cheistneoir ar líne ag gabháil le páipéar cúlra What funding for EU external action after 2013? (Cén cistiú le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an AE tar éis 2013?’) a d’ullmhaigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS). Léiríodh raon leathan agus éagsúil tuairimí sa 220 tuairim a fuarthas ina bhfuil na struchtúir, tuairimí agus traidisiúin ilghnéitheacha le sonrú ar saintréithe iad den phobal gníomhaíochta seachtraí.

I ndáil le gníomhaíocht sheachtrach an AE maidir le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear cothú na síochána agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna san AE, leag go leor freagróirí béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht i gcobhsaíocht fhadtéarmach, i gcearta an duine agus i bhforbairt eacnamaíoch. Tá ardmheas ar an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus iarrann cuid mhaith freagróirí ar an AE a cumas a fheabhsú, agus tagairt á déanamh acu go háirithe don ghá lena buntáistí a chosaint, eadhon luas an chur chun feidhme agus maoiniú díreach.

(2) Bailiú agus úsáid saineolais

I meastóireacht a rinneadh in 2011 ar chomhpháirteanna na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta a bhaineann le freagairt ar ghéarchéimeanna agus le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna (Airteagal 3 agus Airteagal 4.3), thángthas ar an gconclúid gur rud uathúil é an Ionstraim laistigh de struchtúr síochána, slándála agus forbartha an AE, rud a chuireann ar chumas an AE tacú le raon leathan tionscnamh tábhachtach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Leathnaíodh cumas an AE chun idiragairt i ngéarchéimeanna agus cuireadh feabhas ar chomhchuibheas agus ar éifeachtacht na dtionscnamh maidir le géarchéimeanna a chosc agus síocháin a chothú agus ar chumas na gcomhpháirtithe ullmhú le haghaidh géarchéimeanna agus freagairt dóibh.

Sna meastóireachtaí ar ghníomhaíochtaí maolaithe riosca na n-ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN) (Airteagal 4.2), cuireadh béim ar an tábhacht a leag Ballstáit ar chlár an AE chun cuidiú le hacmhainní a fhorbairt i dtíortha comhpháirtíochta d’fhonn iomadú ábhar agus saineolais íogair a chomhrac. Cuireann gníomhaíochtaí maolaithe riosca na n-ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach ar chumas an AE rannchuidiú ar bhonn comhchoiteann chun an baol a bhaineann le húsáid dhrochaigeanta a bhaint as ábhair agus fios gnó na n-arm ollscriosta (AOS) a laghdú.

Moladh i staidreamh scóipe 2009 maidir le comhpháirt na hullmhachta i gcomhair géarchéimeanna (Airteagal 4, an Chomhpháirtíocht um Chothú Síochána) go leagfaí béim bhreise ar fhorbairt acmhainní na gcomhpháirtithe áitiúla, ar chomhphlé beartais le gníomhaithe neamhstáit agus go ndéanfaí sineirgí téamacha le tosaíochtaí beartais agus gníomhaíochtaí tacaithe an AE a uasmhéadú ag an am céanna. Tá gá le cur chuige níos solúbtha maidir le cistiú chun cur ar chumas gníomhaithe neamhstáit agus Bhallstáit an AE leas a bhaint as an gcúnamh sin.

I bhfoilseachán na bliana 2009 de chuid Institiúid an AE do Staidéar Slándála, inar soláthraíodh an chéad athbhreithniú cuimsitheach ar oibríochtaí an ESDP idir 1999 agus 2009, leagadh béim ar éifeacht chatalaíoch na hIonstraime, agus sainaithníodh a breisluach maidir le cur chun feidhme chúnamh seachtrach fadtéarmach an AE agus ghníomhaíochtaí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Cé go raibh sé dearfach den chuid is mó maidir le cur chun feidhme go dtí seo, leagadh béim ar roinnt réimsí nach mór a fheabhsú. Is é atá i gceist leo a thapúla a úsáidtear an Ionstraim, agus méadaíonn siad solúbthacht fhoriomlán na hIonstraime maidir le hamchláir cur chun feidhme na mbeart eisceachtúil um chúnamh agus na gclár um fhreagairt eatramhach agus méideanna tairsí agus méadaíonn siad acmhainní airgeadais agus daonna.

(3) Measúnú Tionchair

Rinne an Coimisiún Measúnú Tionchair inar breithníodh 4 bhunrogha beartais: (Rogha 0) scor den Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta (Rogha 1) raon feidhme reatha na hIonstraime a choinneáil gan aon leasú (Rogha 2) an Ionstraim a athbhreithniú chun a forálacha solúbthachta a mhéadú agus (Rogha 3) Ionstraim nua nó Ionstraimí nua ina n-ionchorpraítear na gnéithe seo a leanas (a) aghaidh a thabhairt go leithleach ar shaincheisteanna a bhaineann le freagairt ar ghéarchéimeanna agus le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tslándáil - an sceimhlitheoireacht, bagairtí trasréigiúnacha agus saincheisteanna CBRN - (b) uirlisí um ghníomhaíochtaí seachtracha an AE a chuirtear i gcrích faoi ionstraimí eile faoi láthair a chuimsiú (e.g. Misin Bhreathnóireachta Toghcháin an AE nó Saoráid Síochána na hAfraice).

Tugadh neamhaird ar Rogha 0 láithreach toisc go dtabharfaí le tuiscint go bhfuil creidiúnacht idirnáisiúnta caillte ag an AE agus gur mhainnigh sé a oibleagáidí faoi Airteagal 21 den Chonradh a chomhlíonadh mura mbeadh aon chomharba ag an Ionstraim reatha. Thabharfaí le tuiscint le Rogha 1 gur cailleadh deis chun luach na hIonstraime a fheabhsú agus a bhreisiú ar bhonn taithí. Níor moladh Rogha 3 chun Ionstraimí nua a bhunú ina ndéanfaí foráil maidir le deighilt idir freagairt ar ghéarchéimeanna agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ar thaobh amháin, agus bagairtí domhanda agus trasnáisiúnta ar an taobh eile. Seachas gabháil in aghaidh na haidhme foriomláine chun an líon ionstraimí reatha a chuíchóiriú, d’fhéadfadh sí idirghníomhaíocht nach mbeadh chomh comhtháite agus forlíontach céanna a chur faoi deara maidir le haghaidh a thabhairt ar phríomhchúiseanna na coinbhleachta. Ba í Rogha 2, chun príomhghnéithe agus príomh-shaintréithe na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta a choinneáil, agus a cuid forálacha a shimpliú ag an am céanna chun a solúbthacht a mhéadú, an rogha tosaíochta toisc go gcuireann sí ar chumas an AE freagairt ar bhealach níos éifeachtaí agus níos tapa do dhúshláin idirnáisiúnta síochána agus slándála amach anseo. Le Rogha 2, beifear in ann bearta eisceachtúla um chúnamh a leathnú agus a dhéanamh arís mar fhreagra ar ghéarchéimeanna agus ar choinbhleachtaí fada agus beidh sé ar chumas an Choimisiúin bearta freagartha tosaigh a fhormheasadh go tapa d’fhonn staid straitéiseach an AE maidir le freagairt do ghéarchéim ar leith a fheabhsú.

Tá sé d’aidhm ag na roghanna beartais ar a ndearnadh breithniú feidhmiú reatha na hIonstraime a chomhdhlúthú agus, i ngach cás inar féidir, é a fheabhsú.

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Bunús Dlí

Soláthraítear i gCuid V, Teideal III, Caibidil 1 agus Caibidil 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh), an creat dlíthiúil le haghaidh comhair le tríú tíortha, le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, le gníomhaithe stáit agus neamhstáit. Tá an Rialachán atá beartaithe bunaithe go háirithe ar Airteagal 209(1) agus ar Airteagal 212.2 den Chonradh, agus tá sé á thíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh.

Coimhdeacht agus Comhréireacht

Tá ag an Ionstraim raon feidhme domhanda, bunús dlí Conartha dúbailte (“comhar um fhorbairt” agus “comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tríú tíortha”) agus ó tharla nach bhfuil sí faoi cheangal critéir incháilitheachta COF, cuireann sí ar chumas an AE aghaidh a thabhairt ar an nasc slándála agus forbartha mar is ceart.

Mar ghníomhaí domhanda, tá ag an AE creidiúnacht agus tuiscint ar neodracht a chuireann buntáiste iomaíoch ar fáil chun idirghabháil a dhéanamh in go leor limistéar coinbhleachta chun géarú a sheachaint nó chun oifigí maithe a thairiscint i gcoinbhleachtaí a chosc. Baintear leibhéal méadaithe tionchair amach nuair a sholáthraítear an fhreagairt ar leibhéal an AE, toisc go soláthraíonn comhiarrachtaí giaráil mhéadaithe in aghaidh údarás agus comhpháirtithe idirnáisiúnta. Déanann gníomhaíochtaí ar leibhéal an AE maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna comhchuibheas na freagartha agus éifeachtúlacht na cabhrach a uasmhéadú. Is mó a bhíonn sineirgí agus comhar ag teastáil ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar go bhfuil fadhbanna dá samhail os comhair deontóirí i dtéarmaí acmhainní ganna. I dtaca leis sin de, ba cheart a thabhairt faoi deara go n-oibríonn líon an-teoranta de Bhallstáit an AE saoráid freagartha ar ghéarchéimeanna nó saoráid cothaithe síochána atá inchurtha maidir le raon feidhme leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta.

Rogha na hionstraime

Leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta, tugtar aghaidh ar riachtanais nach bhféadfar aghaidh a thabhairt orthu ar shlí eile faoi aon ionstraim eile ar cheann de na cúiseanna seo a leanas (a) práinn na freagartha, (b) nádúr domhanda nó trasréigiúnach na faidhbe, ina sáraítear raon feidhme na hionstraime geografaí; (c) eisiamh an limistéir thacaithe ó chistiú faoi ionstraimí atá faoi réir COF (e.g., frithsceimhlitheoireacht), nó (d) an cúnamh gan a bheith ina chúnamh saintíre (e.g. tionscadail chun caighdeáin nó beartais idirnáisiúnta a fhorbairt a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus síocháin a chothú).

Ina theannta sin, léirigh sí éifeacht chatalaíoch maidir le cur chun feidhme chúnamh seachtrach fadtéarmach an AE agus gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an AE chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a shaothrú faoi chuimsiú Theideal V den CAE a ullmhú agus a fheabhsú.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún €70 billiún a chionroinnt don tréimhse 2014-2020 i gcomhair ionstraimí seachtracha [2]. Is ionann an leithdháileadh a fhoráiltear maidir leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta do na 7 mbliana agus € 2.828,9 milliún.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

(1) Simpliú

Tosaíocht don Choimisiún sa Rialachán nua seo, mar atá i gcláir eile faoi chuimsiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (an CAI), is ea an timpeallacht rialála a shimpliú agus rochtain ar chúnamh an Aontais a éascú do thíortha comhpháirtíochta agus do réigiúin chomhpháirtíochta, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, etc. sa mhéid go saothraíonn siad cuspóirí an Rialacháin.

Cuirfear simpliú chun feidhme trí dheighilt níos soiléire agus trí fhorluí a laghdú idir na hionstraimí seachtracha go léir, d’fhonn iad a shainaithint ina n-aonar le cuspóirí beartais atá sainaitheanta go soiléir. Tá sé beartaithe simpliú a dhéanamh ar na rialacha agus na nósanna imeachta chun cúnamh an AE a chur chun feidhme, go háirithe i leith maolaithe ó Choisteolaíocht maidir leis an dara Beart Eisceachtúil um Chúnamh a glacadh faoi Airteagal 7 agus maidir le foráil bhreise nua lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin Bearta Eisceachtúla um Chúnamh suas go dtí EUR 3 mhilliún a ghlacadh gan eolas a chur ar fáil roimh ré don Chomhairle faoin Airteagal céanna.

Ina theannta sin, an t-athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais, ar athbhreithniú an-substaintiúil é i ndáil leis an bhforáil speisialta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha, rannchuideoidh sé le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcláir chistithe a éascú, mar shampla trí rialacha a shimpliú, trí chostais na rannpháirtíochta a laghdú agus trí nósanna imeachta um dheonú a luathú. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Rialachán seo a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta solúbtha nua dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais nua.

(2) Gníomhartha Tarmligthe

Meastar go gcaithfear feabhas a chur ar an ngrinnscrúdú daonlathach a dhéantar ar chúnamh seachtrach. Cé go gcoinnítear na heilimintí faoin Ionstraim reatha le haghaidh Cobhsaíochta, tá sé beartaithe go n-atreiseofar grinnscrúdú daonlathach trí úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir le gnéithe áirithe de na cláir. Tá forálacha ina dtugtar mionsonraí an chúnaimh faoi Airteagal 3, faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 5 faoi réir úsáid na ngníomhartha tarmligthe.

(3) Míniúchán mionsonraithe

Tá struchtúr nua ionstraimí an Aontais chun cúnamh seachtrach forbartha a chur chun feidhme faoi pheirspictíochtaí airgeadais 2014-2020 leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A Budget for Europe 2020 (Buiséad don Eoraip 2020) [3]. Sa ráiteas airgeadais atá i gceangal leis an Rialachán, tugtar tuilleadh faisnéise maidir leis na cuspóirí ginearálta, na cuspóirí sonracha agus na coinníollacha lena rialaítear cur chun feidhme na hionstraime airgeadais le haghaidh cobhsaíochta.

2011/0413 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is é atá sa Rialachán seo ceann amháin de na hionstraimí lena gcuirtear tacaíocht dhíreach ar fáil do bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh. Gabhfaidh sé ionad Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta [4] a rachaidh in éag an 31 Nollaig 2013.

(2) Ar phríomhchuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar atá sainithe in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tá, síocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc, slándáil idirnáisiúnta a neartú agus cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine. Géarchéimeanna agus coinbhleachtaí a théann i bhfeidhm ar thíortha ar fud an domhain agus tosca eile amhail sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe, an t-athrú aeráide, dúshláin agus bagairtí cibearshlándála agus tubaistí nádúrtha, cuireann siad cobhsaíocht agus slándáil an domhain i mbaol. D’fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin ar mhodh éifeachtach agus tráthúil, tá gá le hacmhainní sonracha airgeadais agus le hionstraimí sonracha maoinithe is féidir oibriú ar mhodh atá comhlántach le cabhair dhaonnúil agus le hionstraimí comhair fhadtéarmaigh.

(3) Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 d’fhonn cur ar chumas an Aontais freagra comhsheasmhach agus comhtháite a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus ar ghéarchéimeanna ag teacht chun cinn, chun dul i ngleic le bagairtí sonracha ar shlándáil thrasréigiúnach agus chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna a fheabhsú. Is é is aidhm don Rialachán seo Ionstraim athbhreithnithe a thabhairt isteach, lena bhforbraítear an taithí a fuarthas maidir leis an ionstraim roimhe sin, d’fhonn éifeachtúlacht agus comhchuibheas ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú sna réimsí seo a leanas; coinbhleachtaí a chosc agus freagairt ar ghéarchéimeanna, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus cothú na síochána agus dul i ngleic le bagairtí slándála, lena n-áirítear slándáil aeráide.

(4) Le bearta arna ndéanamh faoin Rialachán seo saothraítear cuspóirí Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus cuspóirí Airteagal 208 agus Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Féadfaidh na bearta sin a bheith ina gcomhlánú ar na bearta arna nglacadh ag an Aontas le linn dóibh cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a shaothrú faoi chuimsiú Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus na mbeart arna nglacadh faoi chuimsiú Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dóibh a bheith comhsheasmhach leo. Ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún comhoibriú chun an comhchuibheas sin a áirithiú, i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach.

(5) Le Clár an AE maidir le Coinbhleachtaí Foréigneacha a Chosc [5], a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, leagtar béim ar thiomantas polaitiúil an AE chun cosc coinbhleachtaí a shaothrú, rud atá ar cheann de na príomhchuspóirí de chaidreamh seachtrach an AE agus sonraítear ann go bhféadann ionstraimí do chomhar um fhorbairt rannchuidiú leis an sprioc seo agus le forbairt an AE mar ghníomhaí domhanda. Athshonraíodh sna conclúidí ón gComhairle maidir le coinbhleachtaí a chosc an 20 Meitheamh 2011 bailíocht an chláir seo mar bhunús bailí chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh ar leibhéal an AE maidir le coinbhleachtaí a chosc.

(6) Sna conclúidí ón gComhairle maidir le Slándáil agus Forbairt [6] (agus sna Conclúidí ón gComhairle maidir le freagairt an AE ar chásanna leochaileachta) áitíodh gur cheart don nasc idir forbairt agus slándáil bonn a chur faoi straitéisí agus faoi bheartais an AE d’fhonn rannchuidiú le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an AE. Go sonrach, ba é conclúid na Comhairle gur cheart a áireamh in obair a dhéanfar ar shlándáil agus ar fhorbairt amach anseo impleachtaí slándála agus forbartha an athraithe aeráide, saincheisteanna comhshaoil agus bainistithe acmhainní nádúrtha agus imirce.

(7) D’fhormheas an Chomhairle Eorpach Straitéis Slándála na hEorpa an 12 Nollaig 2003 agus a Tuarascáil ar Chur Chun Feidhme an 11 Nollaig 2008. Tugtar faoi deara freisin i Straitéis Slándála Inmheánaí an AE a glacadh ag deireadh 2010 [7] a thábhachtaí atá an comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí réigiúnacha, go háirithe ó thaobh roinnt bagairtí amhail ceannaíocht i ndaoine, gáinneáil drugaí agus sceimhlitheoireacht a chomhrac.

(8) Sa Dearbhú maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2004, iarradh go ndéanfaí cuspóirí frithsceimhlitheoireachta a chomhtháthú le cláir um chúnamh seachtrach; i Straitéis Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa, a ghlac an Chomhairle an 30 Samhain 2005, iarradh comhar méadaithe frithsceimhlitheoireachta le tríú tíortha agus leis na Náisiúin Aontaithe; agus iarradh sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis na Naisc a Fheabhsú idir Gnéithe Inmheánacha agus Seachtracha na Frithsceimhlitheoireachta go ndéanfaí cumas na n-údarás inniúil a bhfuil baint acu leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta i dtríú tíortha a neartú i gclárú straitéiseach na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta.

(9) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(10) Cé go dteastaíonn níos mó maoinithe ó chúnamh seachtrach an Aontais, tá na hacmhainní atá ar fáil don tacaíocht sin teoranta mar gheall ar chás eacnamaíoch agus buiséadach an Aontais. Ní mór don Choimisiún, dá bhrí sin, iarracht a dhéanamh an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, go háirithe trí úsáid a bhaint as ionstraimí airgeadais a bhfuil éifeacht ghiarála acu. Méadaítear an éifeacht ghiarála sin trína cheadú gur féidir na cistí arna n-infheistiú agus arna nginiúint ag na hionstraimí airgeadais a úsáid agus a athúsáid.

(11) D’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a oiriúnú don chás atá ag athrú go tapa, ba cheart cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis na réimsí cúnaimh theicniúil agus airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúchán le saineolaithe Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go tráthúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(12) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.

(13) Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhaineann le bearta cur chun feidhme agus bearta um chlárú atá leagtha síos sa Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sáraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún [8]. Agus aird á tabhairt ar chineál na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go háirithe ar a n-impleachtaí buiséadacha, ba cheart, i bprionsabal, an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun iad a ghlacadh, ach amháin i gcás beart ar mhionscála airgeadais. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón Aontas, i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne.

(14) Tá rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach [9] leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. .../... [10], dá ngairtear ‘an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme’ anseo feasta.

(15) Tá tuairisc ar eagrúchán agus ar oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i gCinneadh 2010/427 ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

CUSPÓIRÍ AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Cuspóirí

1. Tabharfaidh an tAontas faoi bhearta maidir le comhar um fhorbairt, maille le bearta um chomhar airgeadais, eacnamaíoch agus teicniúil le tríú tíortha, le heagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le gníomhaithe eile stáit agus neamhstáit faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Rialachán seo.

2. I gcomhréir le cuspóirí an chomhair sin, is iad seo a leanas na haidhmeanna sonracha a bheidh ag an Rialachán seo:

(a) i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, rannchuidiú go tapa le cobhsaíocht, trí fhreagairt éifeachtach a chur ar fáil le cabhrú leis na dálaí atá riachtanach maidir le cur chun feidhme ceart bheartais forbartha agus chomhair an Aontais a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú;

(b) coinbhleachtaí a chosc, a áirithiú go bhfuiltear ullamh chun dul i ngleic le cásanna réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime agus síocháin a chothú;

(c) aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sonracha domhanda agus trasréigiúnacha a bhfuil tionchar díchobhsaitheach acu, lena n-áirítear athrú aeráide.

Airteagal 2

Comhchuibheas agus comhlántacht chúnamh an Aontais

1. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo comhsheasmhach le creat foriomlán um beartas straitéiseach an Aontais don tír chomhpháirtíochta, agus go háirithe le cuspóirí na n-ionstraimí dá dtagraítear i mír 2, agus le bearta ábhartha eile an Aontais.

2. Féadfaidh na bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo a bheith ina gcomhlánú ar bhearta arna nglacadh faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus faoi Theideal V den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus beidh siad comhsheasmhach leo.

3. Beidh cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo ina chomhlánú ar an gcúnamh dá bhforáiltear faoi ionstraimí gaolmhara an Aontais le haghaidh cúnaimh sheachtraigh. Ní chuirfear ar fáil é ach amháin a mhéid nach bhféadfar freagairt leormhaith agus éifeachtach a chur ar fáil faoi na hionstraimí sin.

4. Gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil agus le Cinneadh Uimh. 162/2007 ón gComhairle (CE, Euratom) an 5 Márta 2007 lena mbunaítear Ionstraim Airgeadais um Chosaint Shibhialta, ar gníomhaíochtaí iad atá incháilithe do chistiú fúthu, ní fhéadfar iad a chistiú faoin Rialachán seo.

5. D’fhonn éifeachtúlacht agus comhchuibheas bhearta cúnaimh an Aontais agus náisiúnta a fheabhsú agus d’fhonn cistiú dúbailte a chosc, cuirfidh an Coimisiún dlúthchomhordú chun cinn idir a ghníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí na mBallstát, ar leibhéal na cinnteoireachta agus ar bhonn praiticiúil araon. Chuige sin, oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún córas chun faisnéis a mhalartú. Más gá, féadfaidh an Coimisiún nósanna imeachta breise a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 9, chun faisnéis agus comhar a mhalartú.

Airteagal 3

Cúnamh mar fhreagra ar ghéarchéimeanna nó ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn chun coinbhleachtaí a chosc

1. Cúnamh teicniúil agus airgeadais an Aontais d’fhonn na haidhmeanna sonracha atá leagtha amach i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) a bhaint amach, féadfar é a ghlacadh ar láimh mar fhreagairt ar chás práinne, ar ghéarchéim nó ar ghéarchéim atá ag teacht chun cinn, ar chás ina bhfuil an daonlathas, an t-ord poiblí, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó slándáil nó sábháilteacht daoine aonair i mbaol, nó ar chás a d’fhéadfadh géarú le bheith ina choinbhleacht armtha nó a d’fhéadfadh géarú go mór chun an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú. Féadfar leis na bearta sin aghaidh a thabhairt freisin ar chásanna inar agair an tAontas clásail na n-eilimintí sár-riachtanacha de chuid Comhaontuithe idirnáisiúnta d’fhonn comhar le tríú tíortha a fhionraí go páirteach nó go hiomlán.

2. Féadfar na réimsí mionsonraithe atá sainithe in Iarscríbhinn I a chumhdach faoin gcúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 1. Is é a bheidh sa táscaire feidhmíochta le haghaidh cúnaimh céatadán na dtionscadal arna nglacadh laistigh de 3 mhí ó chomhthéacs géarchéime.

3. Sna cásanna eisceachtúla nach bhfuil súil leo dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar freisin nach raibh cumhdaithe go sainráite faoi na réimsí sonracha cúnaimh atá leagtha amach i mír 2. Beidh cúnamh teoranta do Bearta Eisceachtúla um Chúnamh dá dtagraítear in Airteagal 7(2) ar bearta iad:

(a) a thagann laistigh den raon feidhme ginearálta agus de na haidhmeanna sonracha atá leagtha amach in Airteagal 1(2)(a), agus

(b) atá teoranta don fhad tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 7(2), agus

(c) a bheadh incháilithe de ghnáth faoi ionstraimí eile an AE um chúnamh seachtrach nó faoi na comhpháirteanna eile den ionstraim seo ach ar cheart, i gcomhréir le hAirteagal 2, aghaidh a thabhairt orthu trí bhearta maidir le géarchéim nó maidir le géarchéim atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an ngá le freagairt go tapa don chás.

Airteagal 4

Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus maidir le síocháin a chothú

1. Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d’fhonn na haidhmeanna sonracha a bhaint amach atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 1(2) maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus maidir le síocháin a chothú.

2. Féadfar na réimsí sonracha atá sainithe in Iarscríbhinn II a chumhdach faoin gcúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 1. Is é a bheidh sa táscaire feidhmíochta le haghaidh an chúnaimh a mhéid a neartaíodh cumas na bhfaighteoirí coinbhleachtaí a chosc, aghaidh a thabhairt ar chásanna réamhchoinbhleachta agus iarchoinbhleachta agus síocháin a chothú.

Airteagal 5

Cúnamh maidir le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha

Cuirfidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ar fáil d’fhonn na haidhmeanna sonracha atá leagtha amach i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) sna réimsí mionsonraithe atá sainithe in Iarscríbhinn III a bhaint amach. Is é a bheidh sa táscaire feidhmíochta le haghaidh an chúnaimh a mhéid atá sé ar comhréim le beartas ábhartha um shlándáil sheachtrach an AE, lena n-áirítear gné sheachtrach na slándála inmheánaí.

TEIDEAL II

CLÁRÚ AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 6

Creat ginearálta um chlárú agus um chur chun feidhme

1. Cuirfear cúnamh an Aontais chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme agus trí na doiciméid chlárúcháin agus na bearta cur chun feidhme airgeadais seo a leanas:

(b) Páipéir Straitéise Téamaí agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha;

(c) Bearta Eisceachtúla um Chúnamh agus Cláir um Fhreagairt Eatramhach;

(d) Cláir Ghníomhaíochta Bhliantúla agus Bearta Aonair;

(e) Bearta Speisialta.

Airteagal 7

Bearta Eisceachtúla um Chúnamh agus Cláir um Fhreagairt Eatramhach

1. Déanfar cúnamh an Aontais faoi Airteagal 3 a chur i gcrích trí Bhearta Eisceachtúla um Chúnamh agus trí Chláir um Fhreagairt Eatramhach.

2. Féadfaidh an Coimisiún Bearta Eisceachtúla um Chúnamh a ghlacadh i ngéarchéim dá dtagraítear in Airteagal 3(1), agus i gcásanna eisceachtúla nach bhfuil súil leo dá dtagraítear in Airteagal 3(3), mar a bhfuil éifeacht na mbeart ag brath ar chur chun feidhme tapa nó solúbtha. Féadfaidh fad tréimhse suas go dtí 18 mí a bheith ag na bearta sin. Féadfar sé mhí sa bhreis (suas go dtí 30 mí ar a mhéad) a chur le fad tréimhse na mbeart i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a gcur chun feidhme, ar an gcoinníoll nach dtiocfaidh méadú ar shuim airgeadais an bhirt. I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta atá fada, féadfaidh an Coimisiún dara Beart Eisceachtúil um Chúnamh a ghlacadh.

3. I gcás ina bhfuil costas de bhreis agus EUR 30 000 000 ar Bheart Eisceachtúil um Chúnamh, glacfar an beart sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15 (3) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme.

4. Féadfaidh an Coimisiún Cláir um Fhreagairt Eatramhach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta céanna d’fhonn na coinníollacha riachtanacha is gá chun go gcuirfear beartais um chomhar seachtrach an Aontais chun feidhme go héifeachtach a bhunú agus a athbhunú. Le Cláir um Fhreagairt Eatramhach, cuirfear le Bearta Eisceachtúla um Chúnamh.

5. Roimh dó Bearta um Fhreagairt Eatramhach a bhfuil costas suas le EUR 30 000 000 orthu a ghlacadh nó a athnuachan, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina gcineál, faoina gcuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais ata beartaithe. Mar an gcéanna, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas roimh dó athruithe substainteacha a dhéanamh ar Bhearta Eisceachtúla um Chúnamh a glacadh cheana féin. Cuirfidh sé san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle maidir le pleanáil agus le cur chun cinn na mbeart sin ina dhiaidh sin, ar mhaithe le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an AE.

6. Mar sin féin, i gcásanna eisceachtúla práinne dá dtagraítear in Airteagal 3(1), féadfaidh an Coimisiún Bearta Eisceachtúla um Chúnamh a bhfuil costas suas le dtí EUR 3 000 000 orthu a ghlacadh gan an Chomhairle a chur ar an eolas roimh ré.

7. A luaithe is féidir tar éis Bearta Eisceachtúla um Chúnamh a ghlacadh, agus i gcónaí laistigh de sheacht mí tar éis amhlaidh a dhéanamh, tuairisceoidh an Coimisiún don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa trí fhorbhreathnú a thabhairt ar chineál an bhirt arna ghlacadh agus ar a chomhthéacs.

8. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta faoin bpleanáil atá á déanamh aige ar chúnamh an Aontais faoi Airteagal 3.

Airteagal 8

Páipéir Straitéise Téamaí agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha

1. Is é a bheidh i bPáipéir Straitéise Téamaí an bunús ginearálta chun cúnamh a chur chun feidhme faoi Airteagal 4 agus faoi Airteagal 5. Soláthróidh na Páipéir Straitéise Téamaí creat le haghaidh comhair idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta nó na réigiúin lena mbaineann, creat a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán, agus le raon feidhme, cuspóirí, prionsabail agus beartas an Aontais.

2. Déanfar prionsabail na héifeachtachta cabhrach a chur chun feidhme agus na páipéir Straitéise Téamaí á bhforbairt agus á gcur chun feidhme: eadhon, comhpháirtíocht, comhordú agus comhchuibhiú. Chuige sin, beidh Páipéir Straitéise Téamaí comhsheasmhach le doiciméid chlárúcháin arna bhformheasadh nó arna nglacadh faoi ionstraimí eile an Aontais le haghaidh cúnaimh sheachtraigh agus seachnóidh siad aon dúbláil orthu. Beidh Páipéir Straitéise Téamaí bunaithe, i bprionsabal, ar chomhphlé an AE agus, nuair is iomchuí, ar chomhphlé na mBallstát ábhartha, leis an tír chomhpháirtíochta nó le réigiúin lena mbaineann ina mbeidh údaráis na sochaí sibhialta agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach, chun a áirithiú go nglacfaidh an tír nó na réigiúin lena mbaineann úinéireacht leordhóthanach ar an bpróiseas. Rachaidh an tAontas agus a Bhallstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas chláraithe d’fhonn comhchuibheas agus comhlántacht a chur chun cinn i measc a ngníomhaíochtaí comhair.

3. Beidh ag gabháil le gach Páipéar Straitéise Téamaí Clár Ilbhliantúil Táscach ina mbeidh achoimre ar na réimsí tosaíochta arna roghnú maidir le maoiniú an Aontais, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus creat ama thacaíocht an Aontais. Cinnfear sna Cláir Ilbhliantúla Tháscacha leithdháiltí táscacha airgeadais maidir le gach clár agus aird á tabhairt ar riachtanais agus ar dheacrachtaí sonracha na dtíortha comhpháirtíochta nó na réigiún lena mbaineann. Féadfar na leithdháiltí airgeadais a thabhairt i bhfoirm raoin, más gá.

4. Déanfaidh an Coimisiún Páipéir Straitéise Téamaí a fhormheasadh agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15 (3) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme. Beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le hathbhreithnithe shubstaintiúla a bhfuil d’éifeacht acu an straitéis nó clárú na straitéise a leasú go suntasach.

5. Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear i mír 4 maidir le leasuithe neamhshubstaintiúla ar Pháipéir Straitéise Téamaí agus ar Chláir Ilbhliantúla Tháscacha, le coigeartuithe teicniúla a dhéanamh, le cistí laistigh de na leithdháiltí táscacha a athshannadh de réir réimse tosaíochta, nó le méid an leithdháilte tháscaigh thosaigh a mhéadú nó a laghdú níos lú ná 20%, ar an gcoinníoll nach ndéanann na leasuithe seo difear do na réimsí tosaíochta agus do na cuspóirí atá leagtha amach sna doiciméid sin. Sa chás sin, cuirfear coigeartuithe in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle laistigh de mhí.

6. Féadfar an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(4) den Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme a chur i bhfeidhm maidir le Páipéir Straitéise Téamaí agus Cláir Ilbhliantúla Tháscacha a leasú i gcás, ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo, ina n-éilítear freagairt mhear ón Aontas.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 9

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nó a fhorlíonadh, agus chun nósanna imeachta breise a ghlacadh chun faisnéis agus comhar a mhalartú.

Airteagal 10

Feidhmiú an tarmligin

1. Go ceann tréimhse bhailíocht an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 9.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige ón lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta ina dhiaidh sin a shonrófar inti. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

3. A luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin.

Airteagal 11

Coiste

Tabharfaidh Coiste na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

Airteagal 12

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Is i gcomhréir le Cinneadh 2010/427 AE ón gComhairle, lena mbunaítear eagrúchán agus oibriú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a chuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

Airteagal 13

Méid tagartha airgeadais

EUR 2 828 900 000 atá san imchlúdach airgeadais d'fhonn an Rialachán seo a chur chun feidhme le linn na tréimhse 2014-2020. Is é an t-údarás buiséadach a údaróidh na leithreasaí bliantúla laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais.

Sa tréimhse 2014-2020, déanfar 65 pointe céatadáin ar a laghad den imchlúdach airgeadais a leithdháileadh ar na bearta a thig faoi Airteagal 3.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Réimsí cúnaimh theicniúil agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 3

Le cúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 3, cumhdófar na réimsí seo a leanas:

(a) tacaíocht, trí bhíthin cúnamh teicniúil agus lóistíochta a sholáthar, do na hiarrachtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit ó thaobh cothú muiníne, idirghabháil, comhphlé agus athmhuintearais a chur chun cinn;

(b) tacaíocht do bhunú agus d’fheidhmiú na riarachán eatramhach arna sainordú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(c) tacaíocht a thabhairt don mhéid seo a leanas: forbairt institiúidí stáit atá daonlathach agus iolraíoch, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna hinstitiúidí sin, riarachán sibhialta éifeachtach agus creataí dlíthiúla lena mbaineann ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, breithiúnacht neamhspleách, dea-rialachas agus ord poiblí, lena n-áirítear comhar teicniúil neamh-mhíleata chun rialú sibhialta foriomlán a neartú, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar an gcóras slándála agus bearta chun cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach a neartú a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, agus na gáinneála aindleathaí daoine de gach cineál;

(d) tacaíocht do bhinsí coiriúla idirnáisiúnta agus do bhinsí ad hoc náisiúnta, do choimisiúin fírinne agus athmhuintearais, agus do mheicníochtaí chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh um chearta an duine agus chun ceart maoine a dhearbhú agus a bhreithniú, arna mbunú i gcomhréir le caighdeáin maidir le cearta idirnáisiúnta an duine agus maidir leis an smacht reachtaí;

(e) tacaíocht do bhearta atá riachtanach chun tús a chur le hathshlánú agus le hatógáil bonneagair ríthábhachtaigh, tithíochta, foirgneamh poiblí agus sócmhainní eacnamaíocha, maille le cumas táirgthe riachtanach, chomh maith le tacaíocht do bhearta eile chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú agus fostaíocht a chruthú agus chun na híoschoinníollacha a bhunú atá riachtanach chun forbairt shóisialta inbhuanaithe a bheith ann;

(f) tacaíocht do bhearta sibhialta a bhaineann le díshlógadh agus le hathimeascadh iarchomhraiceoirí sa tsochaí shibhialta, agus lena n-aisdúichiú, nuair is iomchuí, chomh maith le tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chás na saighdiúirí linbh agus na gcomhraiceoirí mná;

(g) tacaíocht do bhearta chun na torthaí sóisialta atá ar athstruchtúrú na bhfórsaí armtha a mhaolú;

(h) tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí; cumhdófar le gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo oideachas rioscaí, cúnamh d’íobartaigh, brath agus imréiteach mianach agus, i gcomhar leis an méid sin, scrios na stoc-charn;

(i) tacaíocht do bhearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom agus an rochtain atá orthu a chomhrac, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí. D'fhéadfadh gníomhaíochtaí suirbhéireachta, cúnamh d'íobartaigh, ardú feasachta sa phobal agus forbairt ar shaineolas dlí agus riaracháin agus ar dhea-chleachtas a bheith ar áireamh i dtacaíocht dá leithéid;

(j) tacaíocht do bhearta chun a áirithiú go gcomhlíontar go sásúil na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí i ngéarchéimeanna agus i gcásanna coinbhleachta, lena n-áirítear a neamhchosaint ar fhoréigean inscne.

(k) tacaíocht d’athshlánú agus d’athimeascadh na n-íospartach coinbhleachta armtha, lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí;

(l) tacaíocht do bhearta chun urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathais agus an smachta reachta, agus na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara a chur chun cinn agus a chosaint;

(m) tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun rochtain chothrom agus bainistíocht fhollasach ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn;

(n) tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag gluaiseachtaí tobanna daonra, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal óstach i ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn;

(o) tacaíocht do bhearta chun tacú le forbairt agus le heagrú na sochaí sibhialta agus lena rannpháirtíocht sa phróiseas polaitíochta, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna próisis sin agus bearta chun meáin chumarsáide neamhspleácha, iolraíocha agus ghairmiúla a chur chun cinn;

(p) tacaíocht do bhearta mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine agus ar bhagairtí ar an tsláinte phoiblí in éagmais chúnamh daonnúil agus cosanta sibhialta an Aontais, nó chun iad a chomhlánú, i gcomhréir le hAirteagal 2.

IARSCRÍBHINN II

Réimsí cúnaimh theicniúil agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4

Féadfar le cúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 tacaíocht do bhearta a chumhdach lena ndírítear ar chumas an AE agus a chomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le coinbhleachtaí a chosc, síocháin a chothú agus dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhordú le heagraíochtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha agus le gníomhaithe stáit agus neamhstáit maidir lena n-iarrachtaí sa mhéid seo a leanas:

(a) rabhadh luath agus anailís riosca atá íogair ó thaobh muiníne maidir le ceapadh beartais a chur chun cinn;

(b) cothú muiníne, idirghabháil agus athmhuintearas a éascú, le haird ar leith ar theannais idirphobail atá ag teacht chun cinn;

(c) cumais a neartú chun páirt a ghlacadh i misin chobhsaithe shibhialta;

(d) téarnamh iarchoinbhleachta agus iarthubaiste a fheabhsú.

Cuirfear san áireamh i mbearta faoin bpointe seo aistriú feasa gnó, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, measúnú riosca nó measúnú ar an mbagairt, taighde agus anailís, córais réamhrabhaidh, oiliúint agus soláthar seirbhísí. Féadfar a bheith san áireamh sna bearta freisin cúnamh airgeadais agus teicniúil chun gníomhaíochtaí tacaíochta cothaithe síochána agus forbartha stáit a chur chun feidhme.

IARSCRÍBHINN III

Réimsí cúnaimh theicniúil agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5

Le cúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5 cumhdófar na réimsí seo a leanas:

1. bagairtí ar an ord poiblí, ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, ar bhonneagair criticiúil agus ar an tsláinte phoiblí;

Féadfar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid seo a leanas a chumhdach leis an gcúnamh:

(a) cumas na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhíonn ag gabháil don chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus na gáinneála aindleathaí de gach cineál agus don rialú éifeachtúil ar thrádáil mhídhleathach agus ar idirthuras mídhleathach.

Tabharfar tosaíocht do chomhar trasréigiúnach a bhfuil baint ag dhá thríú tír nó níos mó leis a bhfuil toil pholaitíochta shoiléir léirithe acu chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin. Féadfar comhar sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin le tíortha aonair, réigiúin aonair nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha

le bearta sa réimse seo, leagfar béim ar leith ar dhea-rialachas agus beidh siad i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe le dlí chearta an duine agus leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Maidir le cúnamh d’údaráis a bhfuil baint acu leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, tabharfar tosaíocht do bhearta tacaithe a bhaineann le forbairt agus le neartú na reachtaíochta frithsceimhlitheoireachta, le cur chun feidhme agus le cleachtadh an dlí airgeadais, an dlí custaim agus an dlí inimirce, le forbairt na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí atá ar comhréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde, le neartú an rialaithe dhaonlathaigh agus na meicníochtaí formhaoirseachta institiúideacha, agus leis an radacachas a chosc.

Maidir le cúnamh a bhaineann le fadhb na ndrugaí, tabharfar aird chuí ar chomhar idirnáisiúnta atá dírithe ar dhea-chleachtais a chur chun cinn a bhaineann le héileamh, le táirgeadh agus le dochar a laghdú;

(b) aghaidh a thabhairt ar bhagairtí ar an mbonneagar criticiúil, lena bhféadfaí iompar idirnáisiúnta a áireamh, lena n-áirítear trácht paisinéirí agus lastais, oibríochtaí fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, faisnéis leictreonach agus líonraí cumarsáide.

Le bearta arna nglacadh sa réimse seo, leagfar béim ar leith ar chomhar trasréigiúnach agus ar chur chun feidhme caighdeán idirnáisiúnta i réimsí na feasachta rioscaí, na hanailíse leochaileachta, na hullmhachta i gcomhair éigeandálaí, na bainistíochta foláirimh agus iarmharta;

(c) freagra leordhóthanach ar mhórbhagairtí ar an tsláinte phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear eipidéimí tobanna a d’fhéadfadh tionchar trasnáisiúnta a bheith acu.

Leagfar béim ar leith ar phleanáil éigeandála, ar bhainistiú stoc-charn vacsaíne agus cógaisíochta, ar chomhar idirnáisiúnta, ar chórais réamhrabhaidh agus foláirimh;

(d) aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda agus trasréigiúnacha an athraithe aeráide a d’fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu

1. maolú rioscaí agus ullmhacht i gcoinne rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, de thaisme nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha;

féadfar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar an méid seo a leanas a chumhdach leis an gcúnamh:

(a) cur chun cinn gníomhaíochtaí taighde sibhialta mar mhalairt ar thaighde a bhaineann le cosaint; tacaíocht agus feasacht (e.g. múscailt feasachta maidir le híogaireacht faisnéise) d’eolaithe agus d’athoiliúint agus d’fhostú malartach eolaithe agus innealtóirí a fostaíodh roimhe sin i réimsí a bhaineann le hairm (e.g. dímhíleatú clár eolaíoch, timthriallta míleata agus sibhialta um breosla núicléach a dheighilt;

(b) feabhas a chur ar chleachtais sábháilteachta a bhaineann le saoráidí sibhialta ina ndéantar ábhair nó oibreáin íogaire cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a stóráil, nó a láimhseáil i gcomhthéacs na gclár taighde sibhialta;

(c) faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, bonneagar sibhialta agus staidéir shibhialta ábhartha a bhunú atá riachtanach chun saoráidí agus láithreáin a bhaineann le hairm a dhíchóimeáil, a leasú agus a athchóiriú i gcás ina ndearbhaítear nach le clár cosanta iad a thuilleadh;

(d) cumas na n-údarás inniúil sibhialta a neartú a bhfuil baint acu le forbairt agus le forfheidhmiú ar rialú éifeachtach na gáinneála aindleathaí ar ábhair nó ar oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (lena n-áirítear an trealamh chun iad a tháirgeadh nó a sheachadadh), lena n-áirítear trí threalamh nua-aimseartha lóistíochta meastóireachta agus rialaithe a shuiteáil;

(e) an creata dlíthiúil agus na cumais institiúideacha a fhorbairt chun rialuithe onnmhairithe éifeachtacha ar earraí dé-úsáide a bhunú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear bearta um chomhar réigiúnach;

(f) ullmhacht éifeachtach i gcomhair tubaistí sibhialta, pleanáil éigeandála, freagairt ar ghéarchéimeanna, agus cumas bearta glantacháin a dhéanamh maidir le teagmhais chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith sa réimse seo a fhorbairt;

(g) maidir leis na bearta atá cumhdaithe i bpointe (b) agus i bpointe (d), leagfar béim ar leith ar chúnamh do na réigiúin nó do na tíortha sin a bhfuil stoc-chairn ábhar nó oibreán dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (d) iontu go fóill agus ina bhfuil riosca iomadaithe na n-ábhar agus na n-oibreán sin.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

1.4. Cuspóirí

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [11]

Teideal 19: Caidreamh seachtrach

Gníomhaíocht 19 06 : Freagairt ar ghéarchéimeanna agus bagairtí domhanda ar an tslándáil

Freagraíonn teideal na caibidle buiséid seo, 19 06, do struchtúr reatha na n-ionstraimí airgeadais 2007-2013. Tá sé beartaithe an gníomhaíocht chéanna agus an teideal céanna 19 06 a choimeád

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht [12]

Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí

1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tá sé mar aidhm ag an ionstraim maoinithe seo tacú leis an gcuspóir straitéiseach seo a leanas mar atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “Buiséad don Eoraip 2020 - Cuid II" an 29 Meitheamh 2011 (COIM/2011/500 - Buiséad don Eoraip 2020 - cuid II. Doiciméid Bheartais "Gníomhaíocht Sheachtrach", lch 43):

“Cuirfear dlús le feabhas a dhéanamh ar réiteach agus ar chosc géarchéimeanna, ar ghníomhaíocht an AE maidir le cosc agus réiteach géarchéimeanna, ar shíocháin a chaomhnú agus slándáil idirnáisiúnta a neartú, lena n-áirítear cumais an AE a fheabhsú maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna”.

Ina theannta sin, freagraíonn sí don mhéid a tugadh le tuiscint tríd is tríd maidir le gach ionstraim sheachtrach i dTeachtaireacht an Mheithimh dá dtagraítear thuas (lch 19) inar beartaíodh go gcuirfeadh ionstraimí nua ar chumas an AE freagairt go tapa agus go héifeachtach do thubaistí nádúrtha agus do thubaistí de dhéantús an duine

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh.1 ..

I ngéarchéim nó i ngéarchéim atá ag teacht chun cinn, bíodh sí de dhéantús an duine nó mar thoradh ar thubaiste nádúrtha, d’fhonn rannchuidiú le cobhsaíocht trí fhreagairt éifeachtach a chur ar fáil le cabhrú leis na dálaí atá riachtanach maidir le cur chun feidhme ceart bheartais forbartha agus chomhair an Aontais a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú.

Cuspóir sonrach Uimh.2 ..

cuidiú le cumas a neartú chun ullmhacht an AE agus a chuid comhpháirtithe a áirithiú d’fhonn coinbhleachtaí a chosc, síocháin a chothú agus dul i ngleic le cásanna réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhordú le heagraíochtaí agus le gníomhaithe stáit agus neamhstáit idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha.

Cuspóir sonrach Uimh.3 ..

le dul i ngleic le bagairtí slándála domhanda agus trasréigiúnacha trína gcruthaítear baol don tsíocháin agus don chobhsaíocht.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

19.06 : Freagairt ar ghéarchéimeanna agus bagairtí domhanda ar an tslándáil

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

– Rannchuidiú le freagairt chuimsitheach an AE chun aghaidh a thabhairt ar chásanna leochaileachta agus éagobhsaíochta, e.g. géarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, tubaistí nádúrtha, le bearta dírithe agus comhlántacha faoi fhreagairt ar ghéarchéimeanna na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta.

– Feabhas a chur ar chumas an AE rannchuidiú go héifeachtach le hiarrachtaí iltaobhacha agus idirnáisiúnta ar mhaithe le cosc agus réiteach coinbhleachtaí domhanda.

– Tacú le coinbhleachtaí a chosc agus le síocháin a chothú d’fhonn líon na gcoinbhleachtaí armtha ar fud an domhain a laghdú agus líon na dtíortha a athiompaíonn i gcoinbhleacht a laghdú.

– Aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha ar bhealach a chomhlánaíonn ionstraimí eile an AE agus gníomhaithe idirnáisiúnta, trí fhorbairt acmhainní atá dírithe ar lánpháirtiú níos fearr tairbhithe sa phobal idirnáisiúnta. (lena n-áirítear forbairt líonraí, cumas feabhsaithe chun faisnéis a bhailiú agus a mhalartú, tacaíocht do chomhar réigiúnach agus d’ardáin chomhair).

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

– I ngéarchéimeanna nó i ngéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, céatadán na dtionscadal arna nglacadh laistigh de 3 mhí ó chomhthéacs géarchéime a chuireann ar chumas an AE rannchuidiú go héifeachtúil le cosc, réiteach nó cobhsú na ngéarchéimeanna sin.

– Cumas neartaithe na bhfaighteoirí cúnaimh chun coinbhleachtaí a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna réamhchoinbhleachta agus iarchoinbhleachta agus chun síocháin a chothú.

– A mhéid atá sé ar comhréim le beartas ábhartha um shlándáil sheachtrach an AE, lena n-áirítear gné sheachtrach na slándála inmheánaí.

1.4.5. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tá cuntas imlíne i gCuid 1 den Mheabhrán Míniúcháin ar na riachtanais bheartais a bhfuil sé mar aidhm ag an ionstraim a chomhlíonadh i gcomhthéacs treorach polaitiúla atá ag athrú. Ag féachaint do nádúr sonrach agus comhthéacs na mbeart maidir le hullmhacht i gcomhar géarchéimeanna agus freagairt ar ghéarchéimeanna agus na mbeart sin lena dtugtar aghaidh ar bhagairtí slándála domhanda agus trasnáisiúnta, riachtanais ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha araon a bheidh sna riachtanais a bheidh le comhlíonadh.

1.4.6. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Mar ghníomhaí domhanda, tá creidiúnacht agus tuiscint ar neodracht ag an AE mar idirghabhálaí neamhspleách a chuireann buntáiste iomaíoch ar fáil chun idirghabháil a dhéanamh in go leor limistéir choinbhleachta chun géarú a sheachaint nó chun oifigí maithe a thairiscint i gcoinbhleachtaí a chosc. Baintear leibhéal méadaithe tionchair amach nuair a sholáthraítear an fhreagairt ar leibhéal an AE, toisc go soláthraíonn comhiarrachtaí giaráil mhéadaithe in aghaidh údarás agus comhpháirtithe idirnáisiúnta. Gníomhaíochtaí freagartha ar ghéarchéimeanna, nuair a thugtar aghaidh orthu ar leibhéal an AE, uasmhéadaíonn siad comhchuibheas na freagartha agus éifeachtúlacht na cabhrach. Is mó a bhíonn sineirgí agus comhar ag teastáil ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar go bhfuil fadhbanna dá samhail os comhair deontóirí i dtéarmaí acmhainní ganna. I dtaca leis sin de, ba cheart a thabhairt faoi deara go n-oibríonn líon an-teoranta Bhallstáit an AE saoráid freagartha ar ghéarchéimeanna nó saoráid cothaithe síochána atá inchurtha maidir le raon feidhme leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta.

Ó tharla go bhfuil na dúshlán atá le sárú ag éirí níos casta i gcónaí, ní bhainfear amach aon cheann de thosaíochtaí inmheánacha an AE – slándáil, fás agus cruthú post, athrú aeráide, rochtain ar fhuinneamh, sláinte agus paindéime agus imirce – go neamhspleách ar an domhan mór. Nuair a bhíonn géarchéim eacnamaíoch ann, cruthóidh cur chuige níos comhtháite agus níos comhordaithe idir an AE agus a Bhallstáit trí chomhchlárú tuilleadh breisluacha, neart méadaithe agus dlisteanacht mhéadaithe, agus tuilleadh tionchair agus éifeachtachta.

Léirigh an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta 2007-13 éifeacht chatalaíoch maidir le cur chun feidhme chúnamh seachtrach fadtéarmach an AE agus gníomhaíochtaí arna nglacadh ag an AE chun cuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála a shaothrú faoi chuimsiú Theideal V den CAE a ullmhú agus a fheabhsú.

1.4.7. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Ceithre bliana tar éis í a sheoladh in 2007, tá an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta lánbhunaithe mar uirlis freagartha ar ghéarchéimeanna de chuid an AE atá an-chomhlántach.

Go dtí seo, d’éirigh léi a chur ar chumas an AE raon leathan tionscnamh ríthábhachtach maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt ar géarchéimeanna a chistiú mar chuid dá creat beartais um shíocháin, um shlándáil agus um fhorbairt, nuair nach raibh ionstraim chomhair ar bith eile de chuid an AE ná idirghabháil chomhlántach ar bith eile a dhéanfaí faoi ionstraimí eile ar fáil. Mar sin féin, ní mór a húsáid a bhrostú agus a solúbthacht fhoriomlán chlárúcháin agus cur chun feidhme a mhéadú d’fhonn freagairt níos fearr ar, inter alia, threoir pholaitiúil ón gComhairle agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin síochána agus slándála amach anseo ar mhodh inbhuanaithe.

Cruthaíodh nach leor an t-uasmhéid atá leagtha síos faoin Rialachán le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le bagairtí ar an ord poiblí, ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, ar bhonneagar criticiúil agus ar an tsláinte phoiblí. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar uasteorainneacha maidir le bagairtí domhanda ar an tslándáil (lena n-áirítear freisin bearta maolaithe agus ullmhachta a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha) i gcomhréir leis an togra ón gCoimisiún faoi chuimsiú Athbhreithniú Meántéarma 2009 ar an Rialachán ionas go mbeidh siad sách solúbtha le freagairt ar bhealach sásúil do bhagairtí atá ag teacht chun cinn.

1.4.8. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 21) sainíodh cuspóirí coiteanna uileghabhálacha don ghníomhaíocht sheachtrach, inter alia d’fhonn “an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú”. Tacóidh an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta le gníomhaíocht an AE chun an tslándáil a neartú, an tsíocháin a chaomhnú agus coinbhleachtaí a chosc, agus, mar a dhéanann gach ionstraim chomhair sheachtraigh an AE, chun luachanna an AE a chosaint, go háirithe cearta an duine agus an daonlathas. Rannchuideoidh sí le freagairt chomhlántach agus chomhtháite a bheith ag an AE ar ghéarchéimeanna, agus sa chreat seo, beidh sí ar fáil lena húsáid in éineacht le hoibríochtaí an CBES, le soláthar Cabhrach Daonnúla agus cúnaimh Chosanta Shibhialta, Cúnaimh Mhacra-Airgeadais agus leis an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach. Rannchuideoidh sí, mar an gcéanna, le coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le forbairt stáit i gcomhcheangal le gnáth-ionstraimí geografacha an AE (IEC, DCI, CFE, IPA) agus le hionstraimí téamacha amhail an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (EIDHR). Tar éis géarchéime polaitiúla nó tubaistí nádúrtha, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí í le hidirghabháil inter alia chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú a nascann cabhair dhaonnúil agus cúnamh forbartha (Fóirithint, Athshlánú agus Forbairt a Nascadh) ar mhodh cúnta, i.e. i gcás nach féidir na príomh-ionstraimí geografacha nó téamacha a úsáid in am trátha nó ina n-éilíonn siad idirghabhálacha comhlántacha chun freagairt éifeachtúil a chur ar fáil

Tá naisc shoiléire ann idir gníomhaíocht sheachtrach an AE maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna agus géarchéimeanna a chosc agus dul i ngleic le bagairtí slándála domhanda agus le beartais inmheánacha an AE maidir le himirce, ceartas, saoirse agus slándáil. Tá ábharthacht ar leith ag baint le Conclúidí ón gComhairle maidir le naisc a fheabhsú idir Gnéithe Inmheánacha agus Seachtracha na Frithsceimhlitheoireachta an 9 Meitheamh 2011 maille leis an Modh Oibre um Chomhar agus Chomhordú níos dlúithe i Réimse na Slándála Seachtraí an 6 Meitheamh 2011. Ó tharla gur tosaíochtaí móra slándála seachtraí an AE iad bagairtí agus rioscaí trasréigiúnacha, rannchuideodh an Ionstraim freisin le cur chun feidhme Straitéis Slándála na hEorpa (arna leasú in 2008) agus le dul i ngleic le “gné sheachtrach” Straitéis Slándála Inmheánaí an AE (2010). Méadaítear coinbhleacht mar gheall ar thubaistí nádúrtha, ar dhíghrádú comhshaoil agus ar iomaíochas i leith acmhainní, go háirithe i gcásanna bochtaineachta agus fáis daonra, rud lena mbaineann iarmhairtí daonnúla, sláinte, polaitiúla agus slándála, lena n-áirítear breis imirce.

1.5. Fad agus tionchar airgeadais

Togra/tionscnamh d’fhad teoranta

– Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020

– Tionchar airgeadais ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020

– Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.6. Modhanna bainistíochta atá beartaithe [13]

Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail [14]

– comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Mar gheall ar nádúr sonrach na hIonstraime chun freagairt ar ghéarchéimeanna agus ar choinbhleachtaí agus chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála domhanda agus trasnáisiúnta, caithfidh an ionstraim dul in iontaoibh an raoin is mó is féidir de mhodhanna bainistíochta.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Tá córais Faireacháin agus Meastóireachta an Choimisiúin Eorpaigh á ndíriú níos mó ar thorthaí. Baineann siad leis an bhfoireann inmheánach mar aon le saineolas seachtrach.

Déanann Bainisteoirí Cúraimí i dToscaireachtaí agus sa Cheanncheathrú faireachán leanúnach ar chur chun feidhme tionscadal agus clár ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear i ngach cás inar féidir é, cuairteanna ar an láthair. Faightear faisnéis luachmhar maidir le dul chun cinn trí fhaireachán; cuidíonn sé le bainisteoirí baic iarbhír agus fhéideartha a shainaithint agus gníomh ceartaitheach thráthúil a ghlacadh nuair is iomchuí.

Déantar saineolaithe seachtracha, neamhspleácha a chonrú chun feidhmíocht ghníomhaíochtaí seachtracha an AE a mheasúnú trí bhíthin trí chóras éagsúla. Cuireann na measúnuithe sin le cuntasacht agus le feabhas a chur ar idirghabhálacha leanúnacha; baineann siad leas as ceachtanna freisin ó thaithí roimhe seo chun beartais agus gníomhaíochtaí amach anseo a threorú. Baintear úsáid as critéir mheastóireachta ECFE-CCIP, lena n-áirítear tionchar (féideartha), i gcás na n-uirlisí go léir.

Ar an gcéad dul síos, ar an leibhéal tionscadail, trí bhíthin an chórais Faireacháin atá Dírithe ar Thorthaí (ROM) cuirtear roghbhlúire fócasaithe achomair ar fáil maidir le cáilíocht sampla idirghabhálacha. Ag baint úsáide as modheolaíocht chaighdeánaithe, ardstruchtúrtha, tugann saineolaithe neamhspleácha ROM gráid lena léirítear láidreachtaí agus laigí an tionscadail agus tugann siad moltaí faoin gcaoi ar fearr éifeachtacht a fheabhsú.

Trí mheastóireachtaí ar leibhéal tionscadail arna mbainistiú ag Toscaireacht an AE atá i gceannas an tionscadail, baintear amach grinnanailís níos mionsonraithe agus cabhraítear le bainisteoirí tionscadail feabhas a chur ar idirghabhálacha leanúnacha agus cinn a ullmhú don todhchaí. Fostaítear saineolaithe seachtracha, neamhspleácha a bhfuil saineolas téamach agus geografach acu chun an anailís a dhéanamh agus aiseolas agus fianaise a bhailiú ó na páirtithe leasmhara go léir, go háirithe na tairbhithe deiridh.

Déanann an Coimisiún meastóireachtaí straitéiseacha ar a chuid beartas chomh maith, idir chlárú agus straitéis agus chur chun feidhme idirghabhálacha in earnáil shonrach (amhail sláinte, oideachas etc), i dtír nó i réigiún, nó maidir le hionstraim faoi leith. Is ionchur tábhachtach iad na meastóireachtaí sin chun beartais a chruthú agus chun ionstraimí agus tionscadail a cheapadh. Tá na meastóireachtaí sin go léir foilsithe ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin agus tá achoimre ar na torthaí ar áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa.

An fhaisnéis shonrach maidir le suim an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht atá bunaithe ar mharcóirí Rio, mar atá sainithe i dTeachtaireacht an CAI ó Mheitheamh 2011, cuirfear san áireamh í ar leibhéal na línte caiteachais bhuiséid i ndáil leis an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta mar atá ar áireamh sna ráitis bhliantúla ghníomhaíochta ABB/ABM, ar fud na ndoiciméad clárúcháin, agus laistigh de na meastóireachtaí ar gach leibhéal agus sna tuarascálacha bliantúla.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Timpeallacht riosca

Tá na rioscaí seo a leanas maidir le gan cuspóirí na hIonstraime a bhaint amach, bainistíocht airgeadais nach bhfuil barrmhaith, agus/nó gan na rialacha is infheidhme (dlíthiúlacht agus earráidí rialtachta) a chomhlíonadh ina saintréithe de thimpeallacht oibríochtúil na cabhrach faoin ionstraim seo:

– d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí agus moilleanna ann i gceapadh agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha de bharr éagobhsaíocht eacnamaíche/polaitiúla agus/nó tubaiste nádúrtha, go háirithe i stáit leochaileacha;

– d’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí agus moilleanna i dtíortha comhpháirtíochta i gceapadh agus i gcur chun feidhme idirghabhálacha de bharr easpa acmhainní institiúideacha agus riaracháin;

– d’fhéadfadh go gcruthódh tionscadail agus cláir atá scaipthe go geografach (lena gclúdaítear, a bheag nó a mhór, go leor stát/críoch/réigiún) dúshláin lóistíochta/acmhainní maidir le faireachán - agus go háirithe aon leanúint ‘ar an láthair’ gníomhaíochtaí;

– is féidir le héagsúlacht na gcomhpháirtithe/na dtairbhithe féideartha a bhfuil struchtúir agus cumais rialaithe inmheánaigh éagsúla acu éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-acmhainní atá ar fáil don Choimisiún chun tacú le cur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air a ilroinnt agus a laghdú dá bhrí sin;

– d’fhéadfaí bac a chur ar chumas an Choimisiúin torthaí a thuairisciú agus a bheith cuntasach ina leith mar gheall ar dhroch-chaighdeán agus ar easpa sonraí atá ar fáil maidir leis na torthaí agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme an chúnaimh sheachtraigh / an phlean forbartha náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta;

An leibhéal riosca a mheastar a bhaineann le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme

Is é cuspóir comhlíontachta na hIonstraime an leibhéal stairiúil riosca a bhaineann le neamhchomhlíonadh (ráta earráide) le haghaidh na punainne FPI/DEVCO, ar leibhéal iarmharach ‘glan’ earráide é, (ar bhonn ilbhliantúil tar éis na rialuithe agus na ceartuithe pleanáilte go léir a a bheith déanta ar chonarthaí dúnta) atá níos lú ná 2% a choinneáil. Thugadh sé sin le tuiscint de ghnáth go mbeadh raon measta earráide 2-5% i gceist i dtéarmaí sampla randamaithe d’idirbhearta arna ndéanamh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun críocha an Ráitis Dearbhaithe bhliantúil. Measann FPI/DEVCO gurb é sin an riosca is lú maidir le neamhchomhlíonadh a d’fhéadfaí a bhaint amach i ndáil lena thimpeallacht ardriosca, ag féachaint don ualach riaracháin agus d’éifeachtúlacht chostais riachtanach na rialuithe um chomhlíonadh.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Struchtúr Rialaithe Inmheánaigh FPI/DEVCO

Tá próiseas rialaithe inmheánaigh / bainistíochta FPI/DEVCO deartha chun urrús réasúnach a sholáthar maidir le cuspóirí a bhaint amach i leith éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chuid oibríochtaí, iontaofacht a chuid tuairiscithe airgeadais agus comhlíonadh an chreata ábhartha reachtaigh agus nós imeachta.

Éifeachtacht agus éifeachtúlacht

D’fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht a oibríochtaí a áirithiú (agus chun an t-ardleibhéal riosca ina thimpeallacht um chúnamh seachtrach a mhaolú), de bhreis ar ghnéithe uile an phróisis Phleanála agus Bheartais Straitéisigh a bhaineann leis an gCoimisiún ar fad, na timpeallachta iniúchóireachta inmheánaí agus riachtanais eile Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, leanfaidh FPI/DEVCO le creat oiriúnaithe um bainistíocht cabhrach a bheith aige, rud a bheidh i bhfeidhm faoi gach ceann dá chuid ionstraimí agus lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

– Bainistíocht dhíláraithe ar fhormhór na cabhrach seachtraí ó thoscaireachtaí an AE ar an láthair.

– Línte soiléire ata curtha ar bhonn foirmiúil de chuntasacht airgeadais (ón oifigeach Tarmligthe um Údarú) trí bhíthin fotharmligin chuig Ceann na Toscaireachta (le haghaidh FPI);

– Línte soiléire cuntasachta airgeadais atá curtha ar bhonn foirmiúil (ón Oifigeach Tarmligthe um Údarú (Ard-Stiúrthóir)) trí bhíthin fotharmligin ón Oifigeach Fotharmligthe um Údarú (Stiúrthóir) sa Cheanncheathrú chuig Ceann na Toscaireachta (le haghaidh DEVCO);

– Tuairisciú rialta ó Thoscaireachtaí an AE don Cheanncheathrú (Tuarascálacha ar Bhainistíocht Cabhrach Seachtraí le haghaidh DEVCO), lena n-áirítear Ráiteas Dearbhaithe bliantúil ó Cheann na Toscaireachta;

– Clár suntasach oiliúna a chur ar fáil don fhoireann ag an gceanncheathrú agus i dtoscaireachtaí;

– Tacaíocht agus treoir shuntasach don Ceanncheathrú/ do Thoscaireachtaí (lena n-áirítear tríd an idirlín);

– Cuairteanna rialta 'fíoraithe' ar thoscaireachtaí “díláraithe” gach 3 go 6 bliana;

– Modheolaíocht bainistíochta ar thimthriall tionscadail agus cláir lena n-áirítear:

– Nuair is iomchuí, uirlisí tacaíochta cáilíochta chun an idirghabháil agus modh seachadta, meicníocht chistiúcháin agus córas bainistíochta na hidirghabhála a cheapadh, agus chun aon chomhpháirtí cur chun feidhme a mheasúnú agus a roghnú, etc.

– Bainistíocht cláir agus tionscadail, uirlisí faireacháin agus tuairiscithe chun cur chun feidhme éifeachtach a dhéanamh lena n-áirítear faireachán seachtrach rialta ar an láthair ar thionscadail.

– Comhpháirteanna meastóireachta agus iniúchta suntasacha.

Tuairisciú Airgeadais agus Cuntasaíocht

Leanfaidh FPI/DEVCO ar aghaidh ag saothrú na gcaighdeáin is airde maidir le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais trí úsáid a bhaint as córas cuntasaíochta bunaithe ar fhabhruithe (ABAC) an Choimisiúin chomh maith le huirlisí sonracha um chabhair sheachtrach amhail Comhchóras Faisnéise Relex (CRIS).

Maidir le comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha agus an chreata nós imeachta, tá modhanna rialaithe um chomhlíonadh leagtha amach i roinn 2.2 (bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc)

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

I bhfianaise na timpeallachta ardriosca ina bhfeidhmíonn FPI/EuropeAid, ní foláir nó go ndéanfaí méid suntasach earráidí comhlíontachta féideartha (neamhrialtachtaí) in idirbhearta a réamh-mheas lena gcórais agus go gcuirfí leibhéal ard rialuithe coisctheacha, braiteacha agus ceartaitheacha san áireamh iontu chomh luath agus is féidir sa phróiseas íocaíochta. Ciallaíonn sé sin sa chleachtas go mbraithfidh rialuithe comhlíontachta FPI/EuropeAid ar sheiceálacha suntasacha ex-ante ar bhonn ilbhliantúil den chuid is mó, arna ndéanamh ag iniúchóirí seachtracha agus ag foireann an Choimisiúin ar an láthair araon roimh íocaíochtaí deiridh an tionscadail (fad is atá roinnt seiceálacha agus iniúchtaí ex-post fós á ndéanamh), ag dul i bhfad thar na coimircí airgeadais a cheanglaítear leis an Rialachán Airgeadais. Tá na comhpháirteanna suntasacha seo a leanas, inter alia, i gcreat comhlíontachta FPI/EuropeAid:

Bearta coisctheacha

- Oiliúint lárnach éigeantach ina gcuimsítear saincheisteanna calaoise i gcomhair iniúchóirí agus foirne bainistíochta cabhrach;

-Treoir a sholáthar (lena n-áirítear tríd an idirlíon) lena n-áirítear an Practical Guide to Contracts (Treoir Phraiticiúil maidir le Conarthaí), doiciméad comhghabhálach EuropeAid, agus an tSraith Straitéisí Bainistíochta Airgeadais (i gcomhair comhpháirtithe cur chun feidhme);

- Measúnú ex-ante lena áirithiú go bhfuil bearta iomchuí frithchalaoise chun calaois i mbainistiú chistí an AE a chosc agus a bhrath i bhfeidhm sna húdaráis a bhainistíonn na cistí ábhartha faoi chomhbhainistíocht agus faoi bhainistíocht dhíláraithe);

- Scagadh ex-ante na meicníochtaí frithchalaoise atá ar fáil sa tír chomhpháirtíochta mar chuid den mheasúnú ar chritéir incháilitheachta na bainistíochta airgeadais phoiblí maidir le tacaíocht bhuiséadach a fháil (i.e. tiomantas gníomhach chun calaois agus éilliú a chomhrac, údaráis iniúchta leormhaithe, cumas breithiúnach leordhóthanach agus meicníochtaí éifeachtúla freagartha agus smachtbhanna);

- Shínigh an Coimisiún an Tionscnamh Trédhearcachta um Chabhair Idirnáisiúnta (IATI) in Accra in 2008, lenar comhaontaíodh caighdeán um thrédhearcacht cabhrach lena n-áirithítear sonraí níos tráthúla, níos mionsonraithe agus níos rialta faoi shreafaí cabhrach agus faoi dhoiciméid.

Ón 14 Deireadh Fómhair 2011, tá an chéad chéim de chaighdeán an IATI maidir le trédhearcacht na faisnéise cabhrach a fhoilsiú á cur chun feidhme ag an gCoimisiún roimh an gcéad Fhóram Ardleibhéil eile ar éifeachtacht cabhrach in Busan i Samhain 2011. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar le Ballstáit an AE ar fheidhmchlár TF comhpháirteach bunaithe ar an nGréasán ar a dtugtar TR-AID, lena n-athraítear na sonraí faoi chabhair an AE arna soláthar tríd an IATI agus trí fhoinsí eile ina bhfaisnéis faoi chabhair atá éasca le tuiscint.

Bearta braiteacha agus ceartaitheacha

- Fíoruithe agus iniúchtaí seachtracha (cinn éigeantacha agus bunaithe ar riosca araon) lena n-áirítear Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;

- Seiceálacha cúlghabhálacha (ar bhonn riosca) agus aisghabhálacha;

- Cistiú an AE a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil cás calaoise tromchúiseach ann, lena n-áirítear éilliú ar mhórscála, go dtí go bhfuil gníomh iomchuí glactha ag na húdaráis d'fhonn calaois dá leithéid a cheartú agus a chosc amach anseo.

Ceapfaidh FPI/EuropeAid a straitéis frithchalaoise tuilleadh i gcomhréir le straitéis frithchalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) a glacadh ar an 24 Meitheamh 2011 d’fhonn a áirithiú inter alia:

- go bhfuil rialuithe inmheánacha FPI/EuropeAid maidir le frithchalaois ar comhréim go hiomlán leis an CAFS;

- go bhfuil cur chuige FPI/EuropeAid maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí imleora a shainaithint;

- Trí bhíthin na gcóras a úsáidtear chun cistí an AE a chaitheamh i dtríú tíortha is féidir sonraí ábhartha a fháil d’fhonn na sonraí sin a chur san áireamh i mbainistíocht riosca calaoise (e.g. cistiú dúbailte);

- Más gá, d’fhéadfaí grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe a bhunú atá tiomanta d’anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann le hearnáil an chúnaimh sheachtraigh.

2.4. Meastachán ar chostais agus ar bhuntáistí na rialuithe

Ba cheart go mbeadh costais rialaithe /bainistithe inmheánaigh na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta cosúil leis na costais arna ríomh ag EuropeAid maidir le bainistiú a ionstraimí gníomhaíochtaí seachtracha (i.e. 6% den imchlúdach):

I gcás phunann EuropeAid ina hiomláine, is é € 658 milliún meán bliantúil measta na gcostas bainistíochta / rialaithe inmheánaigh ina n-iomláine, in oibleagáidí i bpleanáil buiséid 2014-2020. Áirítear leis an bhfigiúr sin bainistiú an CFE, a fheidhmítear ar bhealach comhtháite faoi chuimsiú struchtúr bainistíochta EuropeAid. Is ionann na costais ‘neamhoibríochtúla’ seo agus thart ar 6,4 % den mheán bliantúil measta de € 10.2 billiún atá beartaithe le haghaidh oibleagáidí foriomlána (oibríochtúla + riaracháin) EuropeAid ar a phunann caiteachais arna maoiniú ó Bhuiséad Ginearálta an AE agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta le haghaidh na tréimhse2014-2020.

Cuirtear san áireamh sna costais bhainistíochta sin foireann uile EuropeAid ag an gceanncheathrú agus sna Toscaireachtaí, bonneagar, taisteal, oiliúint, faireachán, meastóireacht agus conarthaí iniúchta (lena n-áirítear na cinn sin arna seoladh ag tairbhithe).

Tá sé beartaithe ag EuropeAid an cóimheas idir gníomhaíochtaí bainistíochta / gníomhaíochtaí oibríochtúla a laghdú le himeacht ama de réir shocruithe simplithe agus feabhsaithe na n-ionstraimí nua, ag cur le hathruithe is dóigh a thabharfar isteach faoin Rialachán Airgeadais athbhreithnithe. Réadaítear príomhthairbhí na gcostas bainistíochta sin i dtéarmaí cuspóirí beartais a bhaint amach, úsáid éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní, agus feidhmiú bearta coisctheacha cost-éifeachtúla stóinsithe agus seiceálacha eile chun úsáid dhleathach agus rialta cistí a áirithiú.

Fad is a leanfar de dhul i mbun feabhsuithe ar chineál agus ar dhíriú na ngníomhaíochtaí bainistíochta agus na seiceálacha comhlíontachta maidir leis an bpunann, tá na costais seo riachtanach ar an iomlán chun cuspóirí na n-ionstraimí a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil agus éifeachtach, agus an riosca íosta neamhchomhlíontachta i gceist (faoi 2% d’earráid iarmharach). Tá na rioscaí sin i bhfad níos lú ná na rioscaí atá i gceist le rialuithe inmheánacha a bhaint nó a chúlú sa réimse ardriosca seo.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

· Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht |

| Uimhir [Ceannteideal………………………...……] | LD/LN | ó thíortha an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais |

IV | 19 06: Freagairt ar ghéarchéimeanna agus Bagairtí domhanda ar an tslándáil 19 06 01 Freagairt ar ar ghéarchéimeanna agus ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn 19 06 02 coinbhleachtaí a chosc, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus síocháin a chothú 19 06 03 Bagairtí domhanda agus trasréigiúnacha ar an tslándáil | LD | NÍL | NÍL | NÍL | NÍL |

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Uimhir | Ceannteideal IV - An Eoraip Dhomhanda |

| | |

DG FPI/DEVCO | | | Bliain N [15] | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí | | | | | | | | |

Uimhir na líne buiséid 19 06 01 | Oibleagáidí | (1) | 252,315 | 257,577 | 262,837 | 268,232 | 272,923 | 279,274 | 285,370 | 1.878,529 |

| Íocaíochtaí | (2) | 163,073 | 182,596 | 230,065 | 284,946 | 316,965 | 324,193 | 376,691 | 1.878,529 |

Uimhir na líne buiséid 19 06 02 | Oibleagáidí | (1) | 22,824 | 23,286 | 23,748 | 24,222 | 24,708 | 25,200 | 25,740 | 169,728 |

| Íocaíochtaí | (2) | 15,064 | 16,766 | 20,898 | 25,675 | 28,538 | 29,106 | 33,681 | 169,728 |

Uimhir na líne buiséid 19 06 03 | Oibleagáidí | (1a) | 95,100 | 97,025 | 98,950 | 100,925 | 102,950 | 105,000 | 107,250 | 707,200 |

| Íocaíochtaí | (2a) | 62,766 | 69,858 | 87,076 | 106,981 | 118,907 | 121,275 | 140,337 | 707,200 |

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach [16] | | | | | | | | |

Number of budget line 19 01 04 03 | | (3) | 10,161 | 10,212 | 10,265 | 10,321 | 11,219 | 10,526 | 10,640 | 73,343 |

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG FPI/DEVCO | Oibleagáidí | =1+1a +3 | 380,400 | 388,100 | 395,800 | 403,700 | 411,800 | 420,000 | 429,000 | 2.828,800 |

| Íocaíochtaí | =2+2a+3 | 251,064 | 279,432 | 348,304 | 427,922 | 475,629 | 485,100 | 561,349 | 2.828,800 |

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | 5 | "Caiteachas riaracháin" |

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

| | | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

DG FPI/DEVCO |

Acmhainní daonna | 6,447 | 6,382 | 6,318 | 6,255 | 6,255 | 6,255 | 6,255 | 44,168 |

Caiteachas riaracháin eile | 0,766 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 4,923 |

IOMLÁN DG FPI/DEVCO | Leithreasaí | 7,213 | 7,075 | 7,011 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 49,091 |

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) | 7,213 | 7,075 | 7,011 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 49,091 |

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

| | | Bliain N [17] | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Oibleagáidí | 387,613 | 395,175 | 402,811 | 410,648 | 418,748 | 426,948 | 435,948 | 2.877,891 |

| Íocaíochtaí | 258,277 | 286,507 | 355,315 | 434,870 | 482,577 | 492,048 | 568,297 | 2.877,891 |

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir | | | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

| ASCHUIR |

| Saghas aschuir [18] | Meán-chostas an aschuir | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon na n-aschur | Costas | Líon iomlán na n-aschur | Costas iomlán |

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 I ngéarchéimeanna nó i ngéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn, bíodh sí de dhéantús an duine nó mar thoradh ar thubaiste nádúrtha, rannchuidiú le cobhsaíocht trí bhíthin freagairt éifeachtach a chur ar fáil le cabhrú leis na dálaí atá riachtanach maidir le cur chun feidhme ceart bheartais forbartha agus chomhair an Aontais a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú. [19]… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Seoladh tráthúil éifeachtach na ngníomhaíochtaí freagartha i ngéarchéimeanna, i gcásanna iar-ghéarchéime nó i ngéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn | | | 32 | 252,315 | 32 | 257,577 | 32 | 262,837 | 32 | 268,232 | 32 | 272,923 | 32 | 279,274 | 32 | 285,370 | 224 | 1.878,529 |

- Aschur | | | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur | | | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 cuidiú le cumas a neartú chun a áirithiú go bhfuil an AE agus a gcuid comhpháirtithe ullamh le coinbhleachtaí a chosc, síocháin a chothú agus aghaidh a thabhairt ar chásanna réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhordú le heagraíochtaí agus le gníomhaithe stáit agus neamhstáit idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha. | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur: Líon na n-idirphléite beartais agus na ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta maidir le coinbhleachtaí a chosc, le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus le síocháin a chothú a seoladh faoi Airteagal 4 – Comhpháirtíocht um Chothú Síochána | | | 5 | 22,824 | 5 | 23,286 | 5 | 23,748 | 5 | 24,222 | 5 | 24,708 | 5 | 25,200 | 5 | 25,740 | 35 | 169,728 |

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 cuidiú chun acmhainní a fhorbairt le haghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála domhanda agus trasréigiúnacha a chruthaíonn baol don tsíocháin agus don chobhsaíocht | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur: Líon na dtíortha is tairbhithe a chomhlíonann creata dlíthiúla ábhartha idirnáisiúnta lena dtugtar aghaidh ar bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha | | | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 | 21 | 95,100 | 21 | 97,025 | 21 | 98,950 | 21 | 100,925 | 21 | 102,950 | 21 | 105,000 | 21 | 107,250 | 147 | 707,200 |

COSTAS IOMLÁN | | 370,239 | | 377,888 | | 385,535 | | 393,379 | | 400,581 | | 409,474 | | 418,360 | | 2.755,457 |

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.3.1. Achoimre

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

| Bliain N [20] | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN |

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

Acmhainní daonna | 6,447 | 6,382 | 6,318 | 6,255 | 6,255 | 6,255 | 6,255 | 44,168 |

Caiteachas riaracháin eile | 0,766 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 0,693 | 4,923 |

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | 7,213 | 7,075 | 7,011 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 6,948 | 49,091 |

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 [21] den chreat airgeadais ilbhliantúil | | | | | | | | |

Acmhainní daonna | 5,275 | 5,230 | 5,186 | 5,142 | 5,142 | 5,142 | 5,142 | 36,257 |

Caiteachas eile de chineál riaracháin | 4,886 | 4,981 | 5,079 | 5,179 | 6,078 | 5,385 | 5,498 | 37,085 |

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil | 10,161 | 10,212 | 10,265 | 10,321 | 11,219 | 10,526 | 10,640 | 73,343 |

IOMLÁN | 17,374 | 17,287 | 17,276 | 17,269 | 18,167 | 17,474 | 17,588 | 122,434 |

3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

– Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

| Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) |

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) | 40,9 | 40,5 | 40,1 | 39,7 | 39,7 | 39,7 | 39,7 |

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) | | | | | | | |

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) | | | | | | | |

10 01 05 01 (Taighde díreach) | | | | | | | |

Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) [22] |

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “gclúdach iomlánaíoch") | 19,4 | 19,2 | 19,0 | 18,9 | 18,9 | 18,9 | 18,9 |

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) | | | | | | | |

XX 01 04 bb [23] | - sa Cheanncheathrú | | | | | | | |

| - i dtoscaireachtaí | 35,2 | 34,9 | 34,6 | 34,3 | 34,3 | 34,3 | 34,3 |

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) | | | | | | | |

10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) | | | | | | | |

Línte buiséid eile (sonraigh) | | | | | | | |

IOMLÁN | 95,5 | 94,6 | 93,7 | 92,8 | 92,8 | 92,8 | 92,8 |

In 2014, déanfar acmhainní daonna faoi Cheannteideal 5 a dheighilt mar seo a leanas idir DEVCO agus FPI:

- Plean bunaíochta: 18,7 FTE i gcomhair FPI agus 22,2 FTE i gcomhair DEVCO (Iomlán = 40,9 FTE)

- Pearsanra seachtrach: 17.9 FTE i gcomhair FPI agus 1.5 FTE i gcomhair DEVCO (Iomlán: 19,4)

Maidir le hacmhainní daonna faoi Cheannteideal 4 (an líne BA de chlár na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta), ba cheart a thabhairt faoi deara go n-úsáidtear cuid den fhoireann DEVCO i dToscaireachtaí faoi láthair chun bainistiú a dhéanamh ar thionscadail freagartha ar ghéarchéimeanna na hIonstraime le haghaidh Cobhsaíochta faoi fhreagracht FPI. Faoi láthair tá 46 tionscadal idir lámha i 30 Toscaireacht éagsúil. Tá 35 Gníomhaí Conartha ina mbaill foirne údaraithe atá le himlonnú i dToscaireachtaí faoin DB 2012 agus á maoiniú ag an líne BA. Den fhoireann sin, baineann 30 duine le FPI agus cúigear le DEVCO.

Is é 19 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha | |

Pearsanra seachtrach | |

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 2014-2020

– Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil eile 2014-2020.

– Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil [24].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

| Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Costas |

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe | | | | | | | | |

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe | | | | | | | | |

3.3.

An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ar acmhainní dílse

– ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim: | Leithreasaí atá ar fáil don tréimhse bhuiséadach leanúnach | Tionchar an togra/tionscnaimh [25] |

| | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) |

Airteagal …………. | | | | | | | | |

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1] SEC(2011) 215 leagan deireanach

[2] Tá an CFE, an Ciste Domhanda um Aeráid agus Bithéagsúlacht agus an Cúlchiste Cúnaimh Éigeandála de bhreis air sin, agus tá siad lasmuigh de bhuiséad an AE.

[3] COIM(2011) 500 an 29 Meitheamh 2011

[4] IO L 327, 24.11.2006, lch. 1.

[5] Conclúidí na hUachtáranachta, an Chomhairle Eorpach, Göteborg, 15-16 Meitheamh 2001.

[6] Doiciméad ón gComhairle 15097/07 an 20/11/2007.

[7] The EU Internal Security Strategy in Action: Five Steps towards a secure Europe (Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh: Cúig chéim i dtreo Eoraip atá slán), COIM (2010) 673 leagan deireanach, 22.11.2010.

[8] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[9]

[10]

[11] ABM: Bainistiú de réir Gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an Bhuiséid de réir Gníomhaíochtaí.

[12] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[13] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin BudgWeb:http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[14] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[15] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[16] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[17] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[18] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[19] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”

[20] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[21] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[22] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[23] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[24] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[25] A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.

--------------------------------------------------