Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha agus nósanna imeachta coiteanna chun ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a chur chun feidhme /* COIM/2011/0842 leagan deireanach - 2011/0415 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tosaíocht don
Choimisiún faoi chuimsiú an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (an CAI), is ea an
timpeallacht rialála a shimpliú agus infhaighteacht ar chúnamh an
Aontais a éascú do thíortha comhpháirtíochta agus do réigiúin
chomhpháirtíochta, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’Fhiontair Bheaga agus
Mheánmhéide, etc. sa mhéid go rannchuidíonn siad le cuspóirí an Rialacháin. I gcur chun
feidhme na nIonstraimí nua, éascóidh simpliú agus nósanna imeachta solúbtha i
gcinnteoireacht glacadh níos tapa beartas cur chun feidhme agus, ar an gcaoi
sin, soláthar chúnamh an AE, go háirithe i dtaobh tíortha ina bhfuil géarchéim,
tíortha iar-ghéarchéime agus tíortha atá i gcásanna leochaileachta. Ina theannta sin,
trí athbhreithniú ar Rialacháin Airgeadais, atá substaintiúil go háirithe
maidir leis an bhforáil speisialta ar ghníomhaíocht sheachtrach, éascófar
rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gnóthas beag i gcláir
chistithe, mar shampla trí rialacha a shimpliú, trí chostais na
rannpháirtíochta a laghdú agus trí nósanna imeachta deonaithe a luathú. Tá sé de rún ag an gCoimisiún an Rialachán seo a chur chun
feidhme trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta solúbtha nua dá bhforáiltear
sa Rialachán Airgeadais nua. Sa chomhthéacs
sin, tá sraith rialacha agus nósanna imeachta cur chun feidhme simplithe agus
comhchuibhithe beartaithe ag an gCoimisiún a bheidh infheidhme maidir le
ceithre ionstraim gheografacha i.e. an DCI, an ENI, an IPA agus an Ionstraim um
Chomhpháirtíocht, agus leis na trí ionstraim théamacha, an Ionstraim le
haghaidh Cobhsaíochta, an EIDHR, agus an INSC. I gcás an IPA agus an ENI,
áfach, beidh gá le breis rialacha agus nósanna imeachta sonracha cur chun
feidhme de bharr saintréithe speisialta an chomhair réamhaontachais agus
thrasteorann a chomhlánóidh mar ‘lex specialis’ an comhthacar arna chur ar fáil
ag an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme. Fanfaidh an CFE
agus Cinneadh na Graonlainne araon lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin sin
agus aird ar shainiúlacht a gcuid meicníochtaí cistiúcháin. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR Comhairliúchán Poiblí Thionól an Coimisiún comhairliúchán poiblí
maidir le cistiú amach anseo do ghníomhaíocht sheachtrach an AE idir an
26 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011. Bhí an próiseas sin
bunaithe ar cheistneoir ar líne ag gabháil le páipéar cúlra What funding for
EU external action after 2013? (Cén cistiú le haghaidh ghníomhaíocht
sheachtrach an AE tar éis 2013?). Go ginearálta, níor léiríodh sna freagraí go
bhfuil gá le hathrú suntasach ar na meicníochtaí reatha cur chun feidhme, cé
gur thacaigh tromlach suntasach na bhfreagróirí le solúbthacht agus le simpliú
méadaithe i gcur chun feidhme. Saineolas a bhailiú agus a úsáid Rinne an Coimisiún athbhreithniú inmheánach ar
thuarascálacha éagsúla (meastóireachtaí, iniúchóireachtaí, staidéir,
athbhreithnithe meántéarma). San athbhreithniú, féachadh ar an méid ar éirigh
leis agus ar an méid nár éirigh leis, agus foghlaimíodh ceachtanna maidir le
dréachtú na n‑ionstraimí airgeadais. Léiríodh san athbhreithniú
gur rannchuidigh na hIonstraimí reatha le dul chun cinn i dtreo Spriocanna
Forbartha na Mílaoise i dtíortha i mbéal forbartha. Mar gheall ar na
módúlachtaí cur chun feidhme, amhail tacaíocht bhuiséadach agus "cur
chuige ar fud na hearnála", is ann do chomhar níos doimhne le tíortha
comhpháirtíochta agus do roinnt níos éifeachtaí an tsaothair trí chómhaoiniú
idir deontóirí anois. Mar sin féin, aithníodh
roinnt easnamh san athbhreithniú. De réir an mheasúnaithe a rinneadh ar an
bpróiseas reatha cur chun feidhme, tá sé róchasta agus ní cheadaítear leis
coigeartuithe tapa má theastaíonn sin. Caitear go díreach leis na heasnaimh sin
sa Rialachán reatha. 3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA Soláthraítear i
gCuid a Cúig, Teideal III, Caibidil 1 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh an creat dlí le haghaidh comhair le tíortha comhpháirtíochta
agus le réigiúin chomhpháirtíochta. Dá réir sin, tá
an Rialachán Coiteann Cur Chun Feidhme atá beartaithe bunaithe ar
Airteagal 209(1) agus ar Airteagal 212(2) den Chonradh, agus tá sé á
thíolacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos
in Airteagal 294. Toisc go bhfuil Airteagal 310 go hAirteagal 320
den CFAE infheidhme maidir le Euratom (féach Airteagal 106a Euratom),
féadfaidh an togra cur chun feidhme comhair airgeadais a chumhdach faoin INSC
freisin. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Neamhbhainteach 5. PRÍOMHEILIMINTÍ (1) Teideal I: Cur chun feidhme –
Airteagal 1 go hAirteagal 3 Leagtar amach in Airteagal 1 (Ábhar
agus prionsabail) cuspóirí an Rialacháin, mar atá, sraith rialacha
comhchuibhithe cur chun feidhme a chur ar fáil d’Ionstraimí Relex, leasanna
airgeadais an Aontais a chosaint, agus simpliú agus solúbthacht a chur chun
cinn agus na hIonstraimí seo á gcur chun feidhme. Foráiltear le hAirteagal 2 (Cláir
Ghníomhaíochta, Bearta Aonair agus Bearta Speisialta a ghlacadh) go mbeidh
cinntí maoinithe a ghlacfaidh an Coimisiún i bhfoirm clár gníomhaíochta,
bunaithe ar na doiciméid ilbhliantúla chlárúcháin. Ar
bhonn eisceachtúil, ach mar sin féin, i gcomhréir leis na doiciméid
ilbhliantúla chlárúcháin, féadfar bearta aonair a ghlacadh lasmuigh de chreat
an chláir ghníomhaíochta. I gcás cásanna gan choinne agus a bhfuil údar cuí
leo, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh nach ndéantar foráil
dóibh sna doiciméid ilbhliantúla chlárúcháin. Áirítear leis an
Airteagal na rialacha nós imeachta coiste is gá a leanúint leis na cinntí
atá luaite a ghlacadh, chomh maith leis na heisceachtaí féideartha leo. Sainítear in Airteagal 3 (Bearta
tacaíochta) na cineálacha caiteachais a léiríonn tacaíocht le cur chun
feidhme an Rialacháin seo agus a fhéadfar a chumhdach trí bhíthin mhaoiniú an
Aontais (e.g. ullmhúchán, bearta leantacha, faireachán, gníomhaíochtaí
iniúchóireachta agus meastóireachta, soláthar faisnéise agus iarrachtaí
cumarsáide). Féadfar na bearta seo a mhaoiniú
lasmuigh de raon feidhme na ndoiciméad clárúcháin. (2) Teideal II:
Forálacha maidir leis na modhanna maoinithe – Airteagal 4 go
hAirteagal 6 Gan a bheith uileghabhálach agus ar bhonn
cleachtas reatha agus riachtanas arna sainaithint, luaitear in Airteagal 4
go hAirteagal 6 na cineálacha maoinithe is féidir a úsáid faoin
Rialachán seo. Cuirtear forálacha an Rialacháin
Airgeadais is déanaí san áireamh leis na leasuithe a tugadh isteach. Go
háirithe, déantar foráil in Airteagal 4 i leith ionstraimí nuálacha,
amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, ionstraimí cothromais agus ionstraimí roinnte
riosca, agus tuairiscítear ann socruithe féideartha i ndáil le cánacha, le
dleachtanna agus le muirir. Sonraítear ann gur féidir na bearta faoin Rialachán
seo a chur chun feidhme ag an gCoimisiún go díreach nó go hindíreach trí
bhíthin cúraimí cur chun feidhme buiséid a chur de chúram ar aon aonán nó ar
aon duine ata liostaithe sa Rialachán Airgeadais. Ina theannta sin, sainítear
san fhoráil sin an saghas cómhaoinithe (cómhaoiniú comhthreomhar nó
comhpháirteach). Leagtar síos in Airteagal 7 (Leasanna
airgeadais an Aontais a chosaint) bearta le leasanna airgeadais an Aontais
a chosaint, agus go háirithe lena chur ar a chumas (go háirithe an Coimisiún,
an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF) tabhairt faoin uile sheiceáil is gá ar na
bearta arna gcur chun feidhme. (3) Teideal III: Rialacha maidir le
náisiúntacht agus le bunús le haghaidh soláthair phoiblí, deontais agus nósanna
imeachta dámhachtana eile – Airteagal 8 go hAirteagal 12 Leagtar síos in Airteagal 8 go
hAirteagal 11 (Rialacha maidir le náisiúntacht agus le bunús le haghaidh
soláthair phoiblí, deontais agus nósanna imeachta dámhachtana eile) na
dálaí lena rialaítear rochtain ar sholáthar poiblí agus ar dhámhachtainí
deontais d’fhonn an Rialachán a chur chun feidhme. Rinneadh
na forálacha arna mbeartú a shimpliú go suntasach agus léirítear iontu an
cuspóir le hoibriú i dtreo seachadta cúnaimh neamhcheangailte. Dá ainneoin sin,
tugtar isteach go mionchruinn leis na hairteagail na dálaí le haghaidh
incháilitheachta tríú tíortha (riachtanas cómhalartachta, rannpháirtíocht sa
chlár arna chur chun feidhme, neamh‑incháilitheacht tíortha áirithe,
etc.) agus eisceachtaí leo (do-úsáidteacht táirgí nó seirbhísí arna gcur ar
fáil, práinn ollmhór, comhar triantánach, etc.). Le hAirteagal 12
(Meastóireacht), ceanglaítear ar an gCoimisiún meastóireacht rialta
a dhéanamh ar thorthaí na mbeartas agus na gclár arna gcur chun feidhme, ar
bheartais earnála agus ar éifeacht an chlárúcháin féin. Bainfidh an uile
pháirtí leasmhar iomchuí leis an meastóireacht agus roinnfear an tuarascáil
leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa. (4) Teideal IV: Foráil dheireanach – Airteagal 13
go hAirteagal 17 Foráiltear le hAirteagal 13
(Tuarascáil bhliantúil) do thuarascáil bhliantúil den Choimisiún ar dhul
chun cinn agus ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfear
an tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Foráiltear le hAirteagal 14 (Gníomhú
ar son na haeráide agus caiteachas ar an mbithéagsúlacht) do chóras sonrach
rianaithe bunaithe ar mhodheolaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt
Eacnamaíochta (‘marcóirí Rio’). Tuairiscítear in Airteagal 15 (Coistí)
rannpháirtíocht na gcoistí ábhartha i gcur chun feidhme an Rialacháin seo, arna
hoiriúnú leis an rialachán nua maidir le nós imeachta coiste[1]. Foráiltear le hAirteagal 16 (Athbhreithniú
agus meastóireacht ar na hIonstraimí) go n‑ullmhóidh an Coimisiún
tuarascáil ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo
agus go gcuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus
na Comhairle, agus, más cuí, togra reachtach a thíolacadh lena dtugtar isteach
na leasuithe is gá. Ar an tslí chéanna, déanfar
measúnú sa tuarascáil sin ar thionchar na mbeart arna nglacadh ar bhonn an
Rialacháin seo. Foráiltear le hAirteagal 17 (Teacht i
bhfeidhm) do theacht i bhfeidhm an Rialacháin agus dá chur i bhfeidhm ón 1
Eanáir 2014, gan dáta éaga a shocrú. 2011/0415 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear rialacha agus nósanna
imeachta coiteanna chun ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht
sheachtrach a chur chun feidhme TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe
Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de, Ag
féachaint don togra ón gCoimisiún, Tar éis dóibh an
dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i
gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De
bharr an méid seo a leanas: (1)
Ba cheart don Aontas Eorpach sraith chuimsitheach ionstraimí
a ghlacadh ina gcuimsítear réimse beartas a bhaineann le gníomhaíocht
sheachtrach, óna dteastaíonn rialacha agus nósanna imeachta coiteanna sonracha
le haghaidh a gcur chun feidhme. Is iad seo a leanas
atá i gceist: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (‘DCI’), an Ionstraim
Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (‘EIDHR’), an Ionstraim
Eorpach um Chomharsanacht (‘ENI’), an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta
(‘IfS’), an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (‘INSC’), an
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA’) agus an Ionstraim um
Chomhpháirtíocht. (2)
Foráiltear leis na hionstraimí sin, go ginearálta,
gur cheart go mbeadh gníomhaíochtaí atá le cistiú ar a mbonn siúd, mar chuspóir
de chlárúchán ilbhliantúil táscach, ina gcuirfear an creat ar fáil ar cheart
cinntí maoinithe a ghlacadh laistigh de i gcomhréir leis an Rialachán
Airgeadais[2],
agus leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an
16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a
bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú
cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[3]. (3)
Ba cheart go mbeadh na cinntí maoinithe i bhfoirm
clár Gníomhaíochta Bliantúil nó Ilbhliantúil agus Beart Aonair agus an
phleanáil dá bhforáiltear ag an gclárúchán ilbhliantúil táscach á leanúint, i
bhfoirm Beart Speisialta i gcás a mbíonn gá leo de bharr riachtanas gan choinne
agus a bhfuil údar cuí leo, agus i bhfoirm Beart Tacaíochta. (4)
Agus aird á tabhairt ar chineál clárúchán beartas
nó forghníomhaithe airgeadais na ngníomhartha cur chun feidhme sin, agus go
háirithe ar a n‑impleachtaí buiséadacha, ba cheart, go ginearálta, an nós
imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh a nglactha, ach amháin le haghaidh
beart ar mhionscála airgeadais. Mar sin féin, ba
cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh láithreach i
gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann leis an ngá le freagairt mhear ón
Aontas, i gcás inar gá sin ar mhórchúiseanna práinne. (5)
Agus cinntí á maoiniú, ba cheart an tuairisc ar
gach gníomhaíocht, ina sonraítear a cuspóirí, a príomhghníomhaíochtaí, na
torthaí a bhfuiltear ag súil leo, a buiséad ionchasach agus a socruithe
faireacháin ar thráthchlár agus ar fheidhmíocht, a fhormheas a thuilleadh i
gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. (6)
Maidir le hionstraimí airgeadais a chur chun
feidhme, más rud é go gcuirtear bainistiú na hoibríochta de chúram ar
idirghabhálaí airgeadais, ba cheart go gcuimseodh cinneadh an Choimisiúin go
háirithe forálacha a bhaineann le roinnt riosca, luach saothair don idirghabhálaí
atá freagrach as an gcur chun feidhme, úsáid agus athúsáid na gcistí agus an
bhrabúis a d’fhéadfadh a bheith ann. (7)
Ba cheart go mbeadh an chomhshraith rialacha agus
nósanna imeachta comhsheasmhach leis na rialacha airgeadais is infheidhme
maidir le buiséad bliantúil an Aontais atá leagtha síos i Rialachán ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, dá ngairtear “an Rialachán
Airgeadais” anseo feasta[4],
agus tagairt den sórt sin á déanamh san uile chás don leagan is déanaí den
Rialachán sin atá i bhfeidhm, agus lena n‑áirítear na rialacha
comhfhreagracha arna nglacadh ag an gCoimisiún[5]
chun an Rialachán Airgeadais a chur chun feidhme. (8)
Cé go dteastaíonn níos mó maoinithe ó chúnamh
seachtrach an Aontais, tá na hacmhainní atá ar fáil don chúnamh sin teoranta
mar gheall ar chás eacnamaíoch agus buiséadach an Aontais. Ní mór don Choimisiún, dá bhrí sin, an úsáid is éifeachtúla
is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, go háirithe trí ionstraimí
airgeadais a úsáid a bhfuil éifeacht ghiarála acu. Méadaítear an éifeacht
ghiarála sin trí úsáid agus athúsáid na gcistí arna n‑infheistiú agus
arna nginiúint ag na hionstraimí airgeadais a cheadú. (9)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
trí bhíthin beart comhréireach ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear
neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh
go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí,
pionóis. Ba cheart na bearta sin a chur i gcrích i gcomhréir leis na
comhaontaithe is infheidhme arna dtabhairt i gcrích le heagraíochtaí
idirnáisiúnta agus le tríú tíortha. (10)
Ba cheart breis forálacha a dhéanamh le haghaidh
modhanna maoinithe, chosaint leasanna airgeadais an Aontais, rialacha maidir le
náisiúntacht agus le bunús, agus meastóireacht na nIonstraimí, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: TEIDEAL
I CUR
CHUN FEIDHME Airteagal 1 Ábhar
agus prionsabail 1.
Bunaítear leis an Rialachán seo na rialacha agus na
dálaí chun cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí, lena
n‑áirítear cláir ghníomhaíochta agus bearta eile, faoi na hIonstraimí seo
a leanas: an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (‘DCI’), an Ionstraim
Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (‘EIDHR’), an Ionstraim
Eorpach um Chomharsanacht (‘ENI’), an Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta
(‘IfS’), an Ionstraim um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach (‘INSC’), an
Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA’) agus an Ionstraim um
Chomhpháirtíocht, dá dtagraítear go comhpháirteach ‘na hIonstraimí’ agus ‘an
Ionstraim is infheidhme’ ar bhonn aonair anseo feasta. 2.
Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go gcuirtear
gníomhaíochtaí chun feidhme i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime is infheidhme,
agus i gcomhréir le cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais. Beidh
an cúnamh airgeadais arna chur ar fáil ar bhonn na nIonstraimí comhsheasmhach
leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán
Airgeadais, lena gcuirtear ar fáil an creat bunúsach airgeadais agus dlí le
haghaidh a gcur chun feidhme. 3.
Agus an Rialachán seo á chur i
bhfeidhm, tabharfaidh an Coimisiún tús áite d’úsáid na nósanna imeachta is
solúbtha, nuair is féidir agus is iomchuí i bhfianaise chineál na
gníomhaíochta, d'fhonn cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil a
áirithiú. Airteagal 2 Cláir
ghníomhaíochta, bearta aonair agus bearta speisialta a ghlacadh 1.
Glacfaidh an Coimisiún cláir ghníomhaíochta
bhliantúla nó ilbhliantúla, nuair is gá, bunaithe ar na doiciméid tháscacha
chlárúcháin dá dtagraítear san Ionstraim is infheidhme. Go heisceachtúil, agus go háirithe i gcás nár
glacadh le clár gníomhaíochta go fóill, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na
ndoiciméad táscach clárúcháin, bearta aonair a ghlacadh faoi na rialacha agus
na nósanna imeachta céanna leis na cláir ghníomhaíochta. I gcás riachtanas, dálaí nó gealltanas
gan choinne agus a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún bearta
speisialta a ghlacadh nach ndéantar foráil dóibh sna doiciméid tháscacha
chlárúcháin. Ina theannta sin, d’fhéadfaí leas a bhaint as bearta speisialta
leis an aistriú ó chabhair éigeandála chuig oibríochtaí fadtéarmacha forbartha
a éascú, lena n‑áirítear bearta chun daoine a ullmhú níos fearr le
déileáil le géarchéimeanna athfhillteacha. 2.
Glacfar, i gcomhréir leis an nós imeachta
scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(3), cláir ghníomhaíochta agus
bearta aonair dá bhforáiltear i mír 1 a sáraíonn cúnamh airgeadais an Aontais
EUR 10 milliún ina leith mar aon le bearta speisialta a sáraíonn cúnamh
airgeadais an Aontais EUR 30 milliún ina leith. Ní bheidh gá leis an nós imeachta sin le haghaidh
clár agus beart gníomhaíochta atá faoi bhun na dtairseach thuasluaite, agus le
haghaidh leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanfar ina leith sin. Coigeartuithe teicniúla iad leasuithe neamhshubstaintiúla
amhail síneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme, cistí a athshannadh
laistigh den bhuiséad tuartha, nó méid an bhuiséid a mhéadú nó a laghdú níos lú
ná 20 % den bhuiséad tosaigh, ar an gcoinníoll nach gcuirfeadh na
leasuithe seo isteach go mór ar chuspóirí an chláir nó an bhirt ghníomhaíochta
tosaigh. Sa chás sin, cuirfear cláir ghníomhaíochta, bearta agus leasuithe
neamhshubstaintiúla a dhéanfar ina leith sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa
agus don Chomhairle laistigh de mhí amháin ó thráth a nglactha. 3.
Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar cuí leo,
amhail géarchéimeanna, cásanna iar-ghéarchéime agus cásanna leochaileachta nó
bagairtí don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí
bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lom
láithreach, lena n‑áirítear leasuithe ar na cláir agus na bearta reatha
gníomhaíochta, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in
Airteagal 15(4). 4.
Tabharfar faoi scagadh iomchuí comhshaoil, lena n‑áirítear
le haghaidh thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar
leibhéal an tionscadail, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme é, measúnú
ar an tionchar ar an gcomhshaol (MTC) le haghaidh tionscadal atá íogair ó
thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mórbhonneagar nua. Nuair is ábhartha, bainfear leas as measúnuithe
straitéiseacha comhshaoil (MSC) i gcur chun feidhme clár earnála. Áiritheofar
rannpháirtíocht páirtithe leasmhara i measúnuithe comhshaoil mar aon le
rochtain phoiblí ar na torthaí. Airteagal 3 Bearta
tacaíochta 1.
Féadfar a chumhdach le maoiniú an Aontais
caiteachas le haghaidh chur chun feidhme na nIonstraimí agus le haghaidh bhaint
amach a gcuid cuspóirí, lena n‑áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann
le hullmhúchán, bearta leantacha, faireachán, gníomhaíochtaí iniúchóireachta
agus meastóireachta is gá go díreach le haghaidh cur chun feidhme dá leithéid,
mar aon le caiteachas ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin
is gá leis na hoibríochtaí arna maoiniú faoi na hIonstraimí a bhainistiú. 2.
Ar an gcoinníoll go mbaineann na gníomhaíochtaí atá
liostaithe i bpointí (a), (b) agus (c) le cuspóirí ginearálta na hIonstraime is
infheidhme arna cur chun feidhme trí bhíthin na gníomhaíochta, féadfar an méid seo
a leanas a chumhdach faoi mhaoiniú an Aontais: (a)
staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt faisnéise,
oiliúint, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar
chúnamh teicniúil is gá le haghaidh bhainistíocht na ngníomhaíochtaí, (b)
gníomhaíochtaí taighde agus staidéir ar
shaincheisteanna iomchuí agus scaipeadh na ngníomhaíochtaí agus na staidéar
sin, (c)
caiteachas a bhaineann le
soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n‑áirítear
cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais. 3.
Féadfar bearta tacaíochta a mhaoiniú lasmuigh de
raon feidhme na ndoiciméad táscach clárúcháin. Nuair
is infheidhme é, glacfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta i gcomhréir leis an
nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 15(2). TEIDEAL
II Forálacha
maidir leis na modhanna maoinithe Airteagal 4
Forálacha ginearálta maoinithe 1.
Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais a chur ar
fáil, inter alia, trí bhíthin na gcineálacha maoinithe seo a leanas atá
beartaithe sa Rialachán Airgeadais: (a) deontais; (b) conarthaí soláthair le haghaidh
seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha; (c) tacaíocht bhuiséadach; (d) ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna
mbunú ag an gCoimisiún; (e) ionstraimí airgeadais amhail iasachtaí,
ráthaíochtaí, cothromas nó samhail chothromais, infheistíochtaí nó
rannpháirteachais, agus ionstraimí roinnte riosca, a d’fhéadfadh bheith i
dteannta deontas; (f) scairshealbha nó
rannpháirteachais chothromais in institiúidí idirnáisiúnta airgeadais, lena n‑áirítear
bainc forbartha réigiúnaí. Ina theannta sin, d’fhéadfaí cúnamh airgeadais an Aontais
a chur ar fáil, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, trí bhíthin
ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail iad
siúd arna mbunú nó arna mbainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag eagraíochtaí
idirnáisiúnta, ag Ballstáit nó ag tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin
chomhpháirtíochta, chun cómhaoiniú a mhealladh ó líon deontóirí, nó chuig cistí
arna mbunú ag deontóir amháin nó níos mó ar mhaithe le cur chun feidhme
comhpháirteach tionscadal. 2.
Maidir le cur chun feidhme na n-ionstraimí
airgeadais dá dtagraítear i bpointe (e) agus i gcomhréir le hAirteagal 18(4)
den Rialachán Airgeadais, déanfar ioncam agus aisíocaíochtaí arna nginiúint le
hionstraim airgeadais amháin a shannadh don ionstraim airgeadais chomhfhreagrach
mar ioncam atá sannta go hinmheánach. I gcás ionstraimí airgeadais a bunaíodh sa Chreat Airgeadais
Ilbhliantúil don tréimhse 2007-2013, déanfar ioncam agus aisíocaíochtaí a
shannadh don ionstraim airgeadais nua choibhéiseach sa tréimhse 2014-2020. 3.
Déanfaidh an Coimisiún cúnamh airgeadais an Aontais
a chur chun feidhme faoi mar a fhorálann an Rialachán Airgeadais, go díreach ag
ranna an Choimisiúin, toscaireachtaí an Aontais agus ag gníomhaireachtaí
feidhmiúcháin, nó go hindíreach trí bhíthin cúraimí cur chun feidhme buiséid a
chur de chúram ar na haonáin atá liostaithe sa Rialachán Airgeadais, lena n‑áirítear
faoi bhainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit. 4.
Roghnófar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear i
mír 1 agus in Airteagal 6(1), agus na modhanna cur chun feidhme dá
dtagraítear i mír 3, ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na
ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus costais na rialuithe, an t‑ualach
riaracháin, agus an riosca neamhchomhlíonta lena bhfuil coinne a chur san
áireamh inter alia. Maidir le deontais, áireofar leis
seo breithniú ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus ar scálaí costas
aonaid. 5.
Féadfar gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi na
hIonstraimí a chur chun feidhme le cómhaoiniú comhthreomhar agus
comhpháirteach. I gcás cómhaoinithe chomhthreomhair, déantar
gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí so-aitheanta agus déanann na
comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar
bhealach a fhágann gur féidir úsáid dheiridh an mhaoinithe a aithint i gcónaí. I gcás cómhaoinithe chomhpháirtigh, déantar costas
iomlán gníomhaíochta a roinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú
ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir
an fhoinse maoinithe a aithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi
leith arna gabháil de láimh mar chuid den ghníomhaíocht. 6.
Cé go bhféadfaí dul in iontaoibh an chineáil
maoinithe dá dtagraítear i mír 1 nó in Airteagal 6(1), d’fhéadfaí an
comhar idir an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith sna foirmeacha seo
a leanas inter alia: (a)
socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a
gcúnamh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le
tríú tíortha, (b)
bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir
institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó aonáin
phríobháideacha dlí ar a gcuirtear de chúram cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit
agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin
chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair lena mbaineann saineolaithe ón
earnáil phoiblí a seoltar iad ó na Ballstáit agus óna n‑údaráis
réigiúnacha agus áitiúla, (c)
ranníocaíochtaí leis na costais
is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a bhunú agus a riar, agus (d)
cláir tacaíochta um beartas earnála,
trína gcuireann an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre
comhpháirtíochta (e)
i gcás an IPA agus an ENI,
ranníocaíochtaí le rannpháirtíocht na dtíortha i gcláir agus i
ngníomhaireachtaí an Aontais. Airteagal 5 Cánacha,
dleachtanna agus muirir Ní ghinfidh cúnamh an Aontais bailiú cánacha
sonracha, dleachtanna sonracha nó muirear sonrach ná ní chuirfidh sé i ngníomh
iad. Nuair is infheidhme é,
déanfar forálacha iomchuí a chaibidliú le tíortha comhpháirtíochta d’fhonn na
gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme cúnamh airgeadais an Aontais a
dhíolmhú ó chánacha, ó dhleachtanna custaim agus ó mhuirir fhioscacha eile. Dá
uireasa sin, beidh na cánacha, na dleachtanna agus na muirir sin incháilithe
faoi na dálaí atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais. Airteagal 6 Forálacha
sonracha maoinithe 1.
De bhreis ar na cineálacha maoinithe dá dtagraítear
in Airteagal 4(1), d’fhéadfaí cúnamh airgeadais an Aontais faoi na
hIonstraimí seo a leanas a chur ar fáil i gcomhréir leis an Rialachán
Airgeadais trí bhíthin na gcineálacha maoinithe seo a leanas freisin: (a)
faoin DCI agus faoin ENI, faoiseamh ó fhiachais,
faoi chláir faoisimh ó fhiachais arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta; (b)
faoin DCI agus faoin Ionstraim le haghaidh
Cobhsaíochta, i gcásanna eisceachtúla, cláir earnála agus ghinearálta
allmhairithe, a d’fhéadfadh a bheith sna foirmeacha seo a leanas: (i) cláir earnála allmhairithe
chomhchineáil; (ii) cláir earnála allmhairithe trína
gcuirtear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí a mhaoiniú don earnáil i
dtrácht; nó (iii) cláir ghinearálta allmhairithe trína
gcuirtear malartú eachtrach ar fáil chun allmhairí ginearálta réimse leathan
táirgí a mhaoiniú; (c)
dámhachtain dhíreach faoin EIDHR den mhéid a
leanas: (i) deontais luacha ísil do chosantóirí
chearta an duine le gníomhaíochtaí práinneacha cosanta a mhaoiniú; (ii) deontais le gníomhaíochtaí a mhaoiniú
sna dálaí nó sna cásanna is deacra dá dtagraítear in Airteagal 2(4) den
EIDHR sa chás go mbeadh foilsiú glao ar thograí míchuí. Ní sháróidh na deontais sin EUR 2 000 000 agus beidh fad
tréimhse suas le 18 mí acu, a fhéadfar a shíneadh le sé mhí sa bhreis i
gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne ar a gcur chun feidhme. (iii) deontais –
d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um
Chearta an Duine; –
don Ionad Eorpach Idir-Ollscoile um Chearta an
Duine agus um an Daonlathú (European Inter-University Centre for Human
Rights and Democratisation), ina gcuirtear Céim Mháistir Eorpach ar fáil i
gCearta an Duine agus sa Daonlathú agus Clár Comhaltachta AE‑NA, agus a
líonra gaolmhar ollscoileanna ina gcuirtear dioplómaí i gcearta an duine ar
fáil, atá go hiomlán inrochtana do náisiúnaigh de chuid tríú tíortha. 2.
D’fhéadfaí cúnamh airgeadais an Aontais faoin IPA
agus faoin ENI a chur chun feidhme i mbainistiú comhpháirteach i gcomhar leis
na Ballstáit, agus i mbainistiú indíreach le haghaidh Comhair Trasteorann faoin
ENI, ar an gcoinníoll go ndéantar na rialacha a bhaineann go sonrach le
hearnáil mar aon leis na rialacha comhlántacha atá de dhíth faoin Rialachán
Airgeadais agus faoi fhorálacha iomchuí eile a chur san áireamh i ngníomh
tarmligthe arna ghlacadh ar bhonn na hIonstraime is infheidhme. 3.
D’fhéadfaí gealltanais bhuiséadacha le haghaidh
gníomhaíochtaí faoin IPA agus faoin ENI a shíneann thar bhreis agus aon bhliain
airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta i dtráthchodanna bliantúla. Airteagal 7 Leasanna
airgeadais an Aontais a chosaint 1.
Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena
n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán
seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta
coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon
ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh
agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a
ghnóthú nó, i gcásanna iomchuí nuair is é an stát nó institiúid phoiblí tríú
tír an tairbhí, trí na méideanna sin a fháil ar ais mar aisíocaíocht. I gcás
inarb iomchuí, cuirfear pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus
dhíspreagthacha i bhfeidhm freisin. 2.
Beidh cumhacht ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt
Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach
tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir agus ar
thríú páirtithe eile a fuair cistí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF)
seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí
eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i
gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE)
Uimh. 2185/96 ón gComhairle[6]
d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach
eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú
deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais. Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír,
trí chomhaontuithe le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí
chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán
seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt
Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí
den sórt sin a dhéanamh. TEIDEAL III Rialacha
maidir le náisiúntacht agus le bunús le haghaidh soláthair phoiblí, deontais
agus nósanna imeachta dámhachtana eile Airteagal 8 Rialacha
coiteanna 1.
Beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí
soláthair, agus i nósanna imeachta deontais agus dámhachtana eile le haghaidh
gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun leasa tríú páirtithe ar
oscailt do na daoine uile ar náisiúnaigh de thír incháilithe iad, agus do na
daoine dlítheanacha uile atá bunaithe go héifeachtach i dtír incháilithe mar
atá sainithe le haghaidh na hIonstraime is infheidhme sna hAirteagail a leanas
den Teideal seo, agus d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta. 2.
I gcás gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú go
comhpháirteach le comhpháirtí, nó arna gcur chun feidhme trí cheann de na
comhlachtaí ar ar cuireadh de chúram bainistiú indíreach a dhéanamh, nó arna
gcur chun feidhme trí Chiste Iontaobhais arna bhunú leis an gCoimisiún i
gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, beidh tíortha atá incháilithe faoi
rialacha an chomhlachta sin, mar atá sainithe sna comhaontuithe arna ndéanamh
leis an gcomhlacht cómhaoinithe nó cur chun feidhme, nó arna socrú i ngníomh
bunaithe an chiste iontaobhais, incháilithe d’ainneoin na rialacha sonracha dá
bhforáiltear sna hAirteagail a leanas. Ina theannta
sin, comhaontóidh an comhlacht cómhaoinithe nó cur chun feidhme na rialacha
incháilitheachta atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm mar atá
sonraithe sna comhaontuithe céanna. 3.
I gcás gníomhaíochtaí arna maoiniú le ceann de na
hIonstraimí agus, ina theannta sin, le hionstraim eile le haghaidh
gníomhaíochta seachtraí, lena n‑áirítear an Ciste Eorpach Forbraíochta,
nó i gcás gníomhaíochtaí de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann lena
ngabhann tíortha is tairbhithe freisin atá incháilithe faoi rialacha na n‑ionstraimí
sin, d’fhéadfaí a mheas gurb incháilithe chun críocha na gníomhaíochta sin na
tíortha a shainaithnítear faoi aon cheann de na hIonstraimí sin. 4.
Is de thionscnamh tíre incháilithe a bheidh na
soláthairtí agus na n-earraí uile arna gceannach faoi chonradh soláthair, nó i
gcomhréir le comhaontú deontais, arna maoiniú faoin Rialachán seo. Mar sin féin, féadfaidh siad teacht ó aon tír i gcás ina
gceadaítear an nós imeachta iomaíoch caibidlithe a úsáid. Chun críocha an
Rialacháin seo, tá an téarma ‘tionscnamh’ sainmhínithe i reachtaíocht iomchuí
an Aontais i ndáil le rialacha tionscnaimh chun críocha custaim. 5.
Ní bhaineann na rialacha faoin Teideal seo le
daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile
ag conraitheoir incháilithe nó, nuair is infheidhme é, ag fochonraitheoir, agus
ní chruthaítear leis na rialacha srianta ar náisiúntacht le haghaidh na ndaoine
nádúrtha sin. 6.
Sa chás go ndéantar foráil sa Rialachán Airgeadais
do dhiscréid i rogha an chonraitheora, tabharfar tosaíocht do sholáthar áitiúil
agus réigiúnach nuair is iomchuí. 7.
De mhaolú ar an uile riail eile, d’fhéadfaí
incháilitheacht mar atá sainmhínithe sa Teideal seo a shrianadh agus aird ar
náisiúntacht, ar logánú nó ar chineál na n‑iarratasóirí, sna cásanna ina
gceanglaítear a leithéid le cineál agus le cuspóirí na gníomhaíochta agus de
réir mar is gá le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach na gníomhaíochta. D’fhéadfadh go mbeadh feidhm ag na srianta sin leis an
rannpháirtíocht maidir le nósanna imeachta a dhámhachtain i gcás gníomhaíochtaí
comhair trasteorann go háirithe. 8.
Na tairgeoirí, na hiarratasóirí agus na hiarrthóirí
a mbronnfar conarthaí orthu, urramóidh siad an reachtaíocht chomhshaoil is
infheidhme, lena n-áirítear comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, agus
croíchaighdeáin saothair a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta[7]. Airteagal 9 An
DCI, an ENI, an Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus an INSC 1.
Beidh tairgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na
tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin DCI, faoin ENI,
faoin Ionstraim um Chomhpháirtíocht agus faoin INSC: (a)
Ballstáit, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí
ionchasacha mar atá aitheanta ag an Aontas, agus baill an Limistéir Eorpaigh
Eacnamaíoch; (b)
i ndáil leis an ENI, tíortha comhpháirtíochta atá
cumhdaithe faoin ENI agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina dtarlaíonn an nós
imeachta iomchuí i gcomhthéacs na gclár comhair ilnáisiúnta agus trasteorann
ina mbíonn siad rannpháirteach; (c)
tíortha agus críocha i mbéal forbartha, mar atá
sainithe ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt
Eacnamaíochta (‘OECD-DAC’), nach comhaltaí iad den ghrúpa G-20, agus tíortha
agus críocha thar lear atá cumhdaithe i gCinneadh [2001/822/CE ón gComhairle an
27 Samhain 2001[8]];
(d)
tíortha i mbéal forbartha mar atá sainithe ag an
OECD-DAC, ar comhaltaí iad den ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i
gcás gur tairbhithe iad den ghníomhaíocht arna maoiniú ag an Aontas faoi na
hionstraimí atá cumhdaithe ag an Airteagal seo; (e)
tíortha a mbunaíonn an Coimisiún rochtain
chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith. D’fhéadfaí rochtain
chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta d’aon bhliain amháin ar a
laghad, nuair a dhéanann tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha
comhionanna le haonáin ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoi na
hIonstraimí atá cumhdaithe san Airteagal seo. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena fad tréimhse i
gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in
Airteagal 15(2), agus tar éis dul i gcomhairliúchán leis an tír
thairbhíoch nó leis na tíortha tairbhíocha lena mbaineann; agus (f)
Ballstát den OECD-DAC, i gcás conarthaí arna gcur
chun feidhme i dtír is lú forbairt, mar atá sainithe ag an OECD-DAC. 2.
D’fhéadfadh an Coimisiún glacadh le tairgeoirí, le
hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh‑incháilithe nó le
hearraí ó thíortha neamh‑incháilithe sna cásanna seo a leanas: (a) tíortha ag a bhfuil naisc thraidisiúnta
eacnamaíocha, thrádála nó gheografacha le tíortha tairbhíocha comharsanachta,
nó (b) cur chun feidhme socruithe triantánacha
comhair le tríú tíortha; nó (c) práinn nó
do-úsáideacht táirgí agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann, nó
cásanna eile a bhfuil údar cuí leo ina ndéanfadh na rialacha incháilitheachta
réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair. 3.
Maidir le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i
mbainistiú comhpháirteach, tá an Ballstát iomchuí ar tharmlig an Coimisiún
cúraimí cur chun feidhme chuige i dteideal tairgeoirí, iarratasóirí agus
iarrthóirí ó thíortha neamh‑incháilithe i gcomhréir le mír 2, nó earraí ó
thíortha neamh‑incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8(4), a ghlacadh,
thar ceann an Choimisiúin, amhail is go bhfuil sé incháilithe. Airteagal 10 IPA 1.
Beidh tairgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na
tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoin IPA: (a)
Ballstáit, tíortha tairbhíocha atá cumhdaithe faoin
IPA, baill an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch agus tíortha comhpháirtíochta atá
cumhdaithe faoin ENI, agus (b)
tíortha deontóra a mbunaíonn an Coimisiún rochtain
chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith faoi na dálaí atá leagtha síos in
Airteagal 9(1)(e). 2.
D’fhéadfadh an Coimisiún glacadh le tairgeoirí, le
hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh‑incháilithe nó le
hearraí ó thíortha neamh‑incháilithe i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, (a)
dá ndéanfadh na rialacha incháilitheachta réadú
gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair ar bhonn do-úsáideachta táirgí
agus seirbhísí i margaí na dtíortha lena mbaineann, nó i gcás práinne
ollmhóire, nó (b)
chun socruithe triantánacha comhair a chur chun
feidhme le tríú tíortha. 3.
Maidir le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i
mbainistiú comhpháirteach, tá an Ballstát iomchuí ar tharmlig an Coimisiún
cúraimí cur chun feidhme chuige i dteideal tairgeoirí, iarratasóirí agus
iarrthóirí ó thíortha neamh‑incháilithe i gcomhréir le mír 2, nó earraí ó
thíortha neamh‑incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 8(4), a
ghlacadh, thar ceann an Choimisiúin, amhail is go bhfuil sé incháilithe. Airteagal 11 An
Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus an EIDHR 1.
Gan dochar do theorainneacha is gné dhílis de
chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta dá bhforáiltear in
Airteagal 8(7), beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí nó deontas
soláthair, mar aon le hearcú saineolaithe, ar oscailt gan teorainneacha faoin
Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta agus faoin EIDHR. 2.
Beidh na comhlachtaí agus na gníomhaithe seo a
leanas incháilithe faoin EIDHR le haghaidh cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1)
agus le hAirteagal 6(1)(c): (a)
eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n‑áirítear
eagraíochtaí neamhrialtasacha agus neamhbhrabúsacha agus fondúireachtaí
polaitiúla, eagraíochtaí pobalbhunaithe agus gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha
den earnáil phríobháideach, institiúidí agus eagraíochtaí agus líonraí díobh ar
an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta; (b)
gníomhaireachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí
neamhbhrabúsacha den earnáil phoiblí, agus líonraí ar leibhéal áitiúil, náisiúnta,
réigiúnach agus idirnáisiúnta; (c)
comhlachtaí parlaiminte náisiúnta, réigiúnacha agus
idirnáisiúnta, nuair is gá seo d’fhonn cuspóirí na hionstraime a bhaint amach
agus nach féidir an beart ata beartaithe a mhaoiniú faoi ionstraim eile um
chúnamh seachtrach den Aontas; (d)
eagraíochtaí idir-rialtasacha idirnáisiúnta agus
réigiúnacha; (e)
daoine nádúrtha, aonáin gan pearsantacht
dhlítheanach agus, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, comhlachtaí
nó gníomhaithe eile nach bhfuil sainaitheanta sa mhír seo, nuair is gá seo
d’fhonn cuspóirí na hionstraime a bhaint amach. Airteagal 12 Meastóireachtaí
ar ghníomhaíochtaí 1.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus
athbhreithniú go tráthrialta ar a gcuid gníomhaíochtaí, agus meastóireacht ar
thorthaí cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí earnála, agus ar éifeacht
an chláraithe, nuair is iomchuí, trí bhíthin meastóireachtaí neamhspleácha
seachtracha, d’fhonn a dheimhniú ar baineadh amach nó nár baineadh na cuspóirí
agus lena chumasú moltaí a fhoirmiú d’fhonn oibríochtaí amach anseo a fheabhsú.
2.
Seolfaidh an Coimisiún a chuid tuarascálacha
meastóireachta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle mar eolas.
Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar mheastóireachtaí sonracha a phlé sna Coistí
dá dtagraítear in Airteagal 15. Cuirfear torthaí
na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus
nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt. 3.
Déanfaidh an Coimisiún na páirtithe leasmhara
iomchuí uile a thabhairt le chéile a oiread is iomchuí sa chéim mheastóireachta
de chúnamh an Aontais arna chur ar fáil faoin Rialachán seo. TEIDEAL IV FORÁLACHA
COITEANNA EILE Airteagal 13 Tuarascáil
dhébhliantúil 1.
Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn atá déanta
maidir le cur chun feidhme na mbeart um chúnamh airgeadais arna ndéanamh i
ngníomhaíocht sheachtrach agus cuirfidh sé tuarascáil ar an gcur chun feidhme
agus ar na torthaí agus, a mhéid is féidir, ar aschuir agus ar thionchair
phríomhúla chúnamh airgeadais an Aontais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus
na Comhairle gan dara bliain ó 2016 ar aghaidh. Déanfar
an tuarascáil seo a chur faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na
hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith. 2.
Cuimseofar sa tuarascáil dhébhliantúil faisnéis a
bhaineann leis an mbliain roimhe faoi na bearta arna maoiniú, torthaí na
gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe
iomchuí, agus cur chun feidhme gealltanas buiséadach agus leithreasaí faoi
chomhair íocaíochtaí. Déanfar measúnú sa tuarascáil
ar thorthaí chúnamh airgeadais an Aontais agus, a mhéid is féidir, bainfear leas
as táscairí sonracha agus intomhaiste dá fheidhm maidir le cuspóirí na
nIonstraimí a bhaint amach. Airteagal 14 Gníomhú
ar son na haeráide agus caiteachas ar an mbithéagsúlacht Beidh an cistiúchán arna leithdháileadh i
gcomhthéacs na nIonstraimí faoi réir córais rianaithe bhliantúil bunaithe ar
mhodheolaíocht an OECD (‘marcóirí Rio’), a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht
reatha do bhainistíocht feidhmíochta chláir an AE, chun caiteachas a bhaineann
le gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht a chainníochtú
ar leibhéal na gclár gníomhaíochta, na mbeart aonair agus na mbeart speisialta
dá dtagraítear in Airteagal 2(1), agus atá taifeadta laistigh de
mheastóireachtaí agus de thuarascálacha débhliantúla. Déanfar meastachán bliantúil
ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide agus
leis an mbithéagsúlacht ar bhonn na ndoiciméad táscach clárúcháin arna
nglacadh. FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 15 Coistí 1.
Tabharfaidh na coistí arna mbunú leis na
hIonstraimí cúnamh don Choimisiún. 2.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí
nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh
nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama
chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an
choiste é. 3.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí
nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh
nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama
chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an
choiste é. 4.
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh
feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le
hAirteagal 5 den Rialachán sin. Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar
feadh fhad tréimhse an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt arna
ghlacadh nó arna leasú. Airteagal 16 Athbhreithniú
agus meastóireacht ar na hIonstraimí 1.
Bunóidh an Coimisiún tuarascáil, tráth nach déanaí
ná an 31 Nollaig 2017, ar bhaint amach chuspóirí na nIonstraimí uile
trí mheán táscairí torthaí agus tionchar trína ndéantar éifeachtúlacht úsáid na
n‑acmhainní agus bhreisluach Eorpach na nIonstraimí a thomhas, d’fhonn
cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan, leasú nó fionraí na gcineálacha
gníomhaíochta arna gcur chun feidhme faoi na hIonstraimí. Sa bhreis air sin,
díreofar sa tuarascáil ar dheiseanna simpliúcháin, comhtháiteacht inmheánach
agus sheachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh
maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais
d'fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfear aon torthaí agus aon
chonclúidí maidir le tionchar fadtéarmach na nIonstraimí san áireamh sa
tuarascáil. 2.
Cuirfear an tuarascáil sin faoi
bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh tograí reachtacha in
éineacht léi, más cuí, lena dtugtar isteach na leasuithe is gá ar na
hIonstraimí. 3.
Úsáidfear luachanna na
dtáscairí an 1 Eanáir 2014 mar bhunús le measúnú a dhéanamh ar a
mhéid a baineadh amach na cuspóirí. 4.
Ceanglóidh an Coimisiún ar
thíortha comhpháirtíochta na sonraí agus an fhaisnéis uile is gá, i gcomhréir
leis na gealltanais idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht cabhrach, le
faireachán agus meastóireacht na mbeart lena mbaineann a cheadú. 5.
Déanfar measúnú ar na tionchair níos fadtéarmaí
agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí na nIonstraimí i gcomhréir leis na rialacha
agus leis na nósanna imeachta a bheidh infheidhme an tráth sin. Airteagal 17 Teacht
i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Beidh feidhm
aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Féadfaidh breathnóir
ón mBanc Eorpach Infheistíochta páirt a ghlacadh in imeachtaí na gCoistí maidir
le ceisteanna a bhaineann leis an mBanc, i gcomhréir le rialacha nós imeachta
an choiste (féach Rialacha Caighdeánacha Nós Imeachta le haghaidh Coistí, IO C
206, 12.7.2011, lch. 11). [2] Amhail dá dtagraítear in aithris 6. [3] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [4] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón
gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais
is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach
(IO L 248, 16.9.2002, lch. 1). [5] Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002 ón
gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun
Rialachán (EC, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an
Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal
Eorpach a chur chun feidhme (IO L 357, 31.12.2002, lch. 1). [6] IO L 292, 15.11.1996, lch. 2. [7] Croíchaighdeáin saothair an ILO,
Coinbhinsiúin maidir le saoirse comhlachais agus cómhargáil, díothú an
tsaothair éigeantaigh, díothú an idirdhealaithe maidir le fostaíocht agus
saothar agus díothú an tsaothair leanaí. [8] IO L 314, 30.11.2001, lch. 1.