52011PC0834

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear Clár um iomaíochas fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (2014 - 2020) /* COIM/2011/0834 leagan deireanach - 2011/0394 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Na forais leis an togra

Rannchuidíonn fiontair, go háirithe Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) ar bhealach tábhachtach le fás agus fostaíocht san Aontas. Má tá an tAontas chun a thosaíochtaí don 'Eoraip 2020' maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach ní foláir iomaíochas a bheith i lár an aonaigh.

Cé go bhfuil modhanna rialála ar fáil don Aontas, lena n‑áirítear reachtaíocht chliste agus laghdú an rómhaorlathais d'fhiontair an Aontais, is féidir díriú ar roinnt teipeanna margaidh go héifeachtach trí mhaoiniú poiblí ar leibhéal an AE.

Tá an méid seo ag tarlú cheana. Sa Chreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP) tugtar maoiniú do ghníomhaíocht ábhartha I dTeachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020' aithníodh gur gá leanúint den tacaíocht airgeadais sin a fhorbairt[1]. Anois tá 'Clár um Iomaíochas Fiontar agus FBManna' molta ag an gCoimisiún ina mbeidh leithdháileadh iomlán de EUR 2.5 milliún don tréimhse 2014-2020.

Comhthéacs ginearálta

Tá dúshlán roimh fhiontair an Aontais maidir le bheith iomaíoch ar scála domhanda. Mar sin féin, cuirtear bac orthu i ngeall ar theipeanna margaidh a laghdaíonn a gcumas dul in iomaíocht lena gcomhpháirithe in áiteanna eile ar fud an domhain. Dá thoradh sin, léiríonn FBManna AE táirgiúlacht saothair agus acmhainní níos lú agus fásann siad níos moille ná a gcomhpháirtithe sna Stáit Aontaithe, mar shampla, agus níl siad chomh hábalta oiriúnú go rathúil do choinníollacha creata athraitheacha agus atá fiontair níos mó san Eoraip. Tá na deacrachtaí a bhfuil na FBManna i ngleic leo géaraithe i ngeall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais agus i ngeall ar mhéaduithe ar phraghsanna tráchtearraí agus acmhainní le déanaí.

Cé gurb iad na Ballstáit agus na réigiúin go príomha atá freagrach as gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis na teipeanna margaidh seo, tá deis shoiléir ann do bhreisluach AE i réimsí áirithe. Mar shampla, is féidir leis an Aontas cúnamh a thabhairt tríd an Margadh Aonair a neartú, trí thacú le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht i mbearta náisiúnta, trí éifeachtaí a thig as scaipeadh dea‑chleachtais a bhaint amach, nó trí bharainneachtaí scála a bhaint amach. Anuas ar fheidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair a ráthú, tá ról ag an AE chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú chun fiontair láidre, éagsúlaithe AE agus FBManna atá ábalta dul san iomaíocht ar scála domhanda a áirithiú, agus é ag oiriúnú do gheilleagar ísealcharbóin, atá tíosach ar acmhainní.

Tá an Clár seo á bheartú mar mhodh chun díriú ar phríomhtheipeanna margaidh a theorannaíonn fás fiontar, go háirithe FBManna, san Aontas. Maidir le hiomaíochas agus fiontraíocht, is mar seo a leanas na príomhdhúshláin atá roimh fhiontair an Aontais fós:

– deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú do FBManna atá ag streachailt chun a n‑acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus ar deacair dóibh rochtain a fháil ar chaipiteal riosca;

– spiorad lag fiontraíochta – níl ach 45 % de na saoránaigh Eorpacha ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe i gcomparáid le 55 % sna Stáit Aontaithe;

– timpeallacht ghnó nach gcuidíonn le gnólachtaí nuathionscanta agus fás, arna saintréithriú le hilroinnt rialála dhianseasmhach agus rómhaorlathas;

– acmhainneacht theoranta FBManna oiriúnú do gheilleagar ísealcharbóin, athléimneach ó thaobh aeráide de, atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní i ngeall ar acmhainní airgeadais teoranta agus saineolas teoranta;

– acmhainneacht theoranta FBManna chun leathnú do mhargaí lasmuigh dá dtír dhúchais, laistigh den Mhargadh Aonair agus lasmuigh de.

I ngeall ar na deacrachtaí seo ní chruthaítear go leor fiontar, agus is minic nach inmharthana na cinn a lainseáiltear, nó feidhmíonn siad go dona i dtéarmaí táirgiúlachta agus inmharthanachta fiontar nuathionscanta. Ar mhacraileibhéal, feicimid creimeadh iomaíochas gheilleagar an AE.

I gcomhréir le Straitéis 'Eoraip 2020', tá an Clár deartha chun coinníollacha ina mbeidh fiontair Eorpacha ag teacht i dtreis a chruthú agus chun a áirithiú gur féidir le FBManna leas iomlán a bhaint as acmhainneacht ollmhór an Mhargaidh Aonair, chomh maith le hiad a spreagadh féachaint lasmuigh de. Tá gá le hiarracht ar leith chun forbairt FBManna a chur chun cinn, príomhfhoinse fáis eacnamaíoch agus cruthaithe post san Aontas, arb iad faoi deara 67 % de na poist san earnáil phríobháideach agus a sholáthraíonn níos mó ná 58 % den láimhdeachas iomlán san AE.

Tabharfar aird ar leith ar iomaíochas fiontar in earnáil na turasóireachta a fheabhsú chun inniúlachtaí nua an Aontais dá bhforáiltear i gConradh Liospóin a chur chun feidhme, i ngeall ar ranníocaíocht shuntasach na hearnála seo le OTI an Aontais agus an cion ard FBManna atá gníomhach san earnáil seo.

Cuspóirí an togra

Beidh na cuspóirí ginearálta seo a leanas i gceist leis an gClár:

· iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta;

· cultúr na fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn.

Díreoidh na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár ar an méid seo a leanas:

· Na Coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair agus thurasóireacht an Aontais lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta trí thacú le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht i gcur chun feidhme chomh maith le ceapadh beartas feasach ar leibhéal an Aontais. Is féidir an timpeallacht eacnamaíoch agus rialála a fheabhsú trí thagarmharcáil, trí mhalartú dea-chleachtas agus trí thionscnaimh earnála. Forbrófar beartas FBM agus cothófar iomaíochas FBM i gcomhréir le spriocanna an Small Business Act (Achta um Ghnólachtaí Beaga) (SBA) agus Straitéis 'Eoraip 2020'. Áireofar ar ghníomhaíochtaí an Aontais úsáid an phrionsabail 'Smaoinigh ar Fhiontair Bheaga ar dTús' a athneartú i gceapadh beartas an Aontais agus Ballstáit, dea-chleachtais a shainaithint agus a mhalartú chun cuidiú le cur chun feidhme an SBA, agus tacú le FBManna chun an leas is fearr a bhaint as acmhainneacht an Mhargaidh Aonair. Neartófar earnálacha gnó, lena n‑áirítear monarú agus seirbhísí, agus earnálacha roghnaithe ina bhfuil cion ard FBManna.

· Fiontraíocht a chur chun cinn, lena n‑áirítear i measc spriocghrúpaí sonracha: Ar na gníomhaíochtaí áireofar nósanna imeachta riaracháin a shimpliú, scileanna agus meoin fiontraíochta a fhorbairt, go háirithe i measc fiontraithe nua, daoine óga agus mná, agus an dara deis d'fhontraithe a chur chun cinn.

· Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais: Trí ionstraimí airgeadais le haghaidh fáis, lena n‑áirítear ardáin nua chothromais agus fiachais chun saoráid cothromais agus ráthaíochtaí iasachta a sholáthar, cumasófar FBManna chun rochtain níos éasca a fháil ar mhaoiniú. Ar an gcéad dul síos, trí shaoráid cothromais d'infheistíocht i gcéim an fháis soláthrófar maoiniú cothromais inaisíoctha atá dírithe ar thráchtáil go príomha i bhfoirm caipitil fiontair trí idirghabhálaithe airgeadais do FBManna. Ar an dara dul síos, trí shaoráid iasachta soláthrófar socruithe díreacha nó socruithe roinnte riosca eile do FBManna le hidirghabhálaithe airgeadais chun iasachtaí a chumhdach.

· Rochtain ar mhargaí laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda a fheabhsú: Soláthrófar seirbhísí tacaíochta gnó tríd an Líonra Fiontar Eorpach chun fairsingiú a éascú sa Mhargadh Aonair agus lasmuigh de. Tríd an gClár seo soláthrófar tacaíocht gnó do FBManna i margaí lasmuigh den Aontas chomh maith. Beidh tacaíocht ar fáil freisin do chomhar tionsclaíoch idirnáisiúnta, go háirithe chun difríochtaí i dtimpeallachtaí rialála agus gnó idir an AE agus a phríomhpháirtithe trádála a laghdú.

Breisluach an AE

Tá an luach breise do ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag brath ar na cúig phríomhfhoinse seo a leanas:

· an Margadh Aonair a neartú, trí ilroinnt margaidh a shárú i réimsí amhail infheistíocht caipitil fiontair, iasachtú trasteorann agus méadú creidmheasa chomh maith le srianta faisnéise agus eagraíochtúla a chuireann cosc FBManna leas a bhaint as na deiseanna a thugann an Margadh Aonair. Mar shampla, is í príomhaidhm na n‑ionstraimí airgeadais rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna i ndeighleog mhargaidh nach bhfuil cumhdaithe ag bearta na mBallstát, atá teoranta d'infheistíochtaí agus do thacaíocht laistigh de gach tír. Cuirfear béim ar fhairsingiú fiontar atá dírithe ar an bhfás a mhaoiniú atá ag díriú ar fhairsingiú idirnáisiúnta, ar ghníomhaíochtaí trasteorann agus ar mhargadh maoinithe FBM trasteorann a fhorbairt. Ní féidir an ról seo a chomhlíonadh ach trí chlár ar leibhéal an Aontais.

· éifeachtaí taispeána agus catalaíocha trí scaipeadh dea-chleachtas tionsclaíoch agus beartas. Faoin gclár reatha, is féidir na samplaí is fearr de chur chun cinn fíonraíochta agus SBManna ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a roghnú don chomórtas Duaiseanna Fiontraíochta Eorpacha. Leis na Duaiseanna dírítear ar luach saothair a thabhairt do na bearta is fearr arna nglacadh ag údaráis phoiblí i réimsí an tsimpliúcháin agus laghdú an ualaigh riaracháin. Gach bliain glacann tuairim is 400 tionscadal páirt sna comórtais náisiúnta agus roghnaíonn a dtíortha tuairim is 56 tionscadal chun páirt a ghlacadh sa Chomórtas Eorpach áit a roghnaíonn giúiré Eorpach sé bhuaiteoir. As measc an 250 ainmnitheach náisiúnta, bhuaigh níos mó ná 30 ainmnitheach duais agus rinneadh sárthaispeántas dea-chleachtais díobh ar fud na hEorpa. Rannchuidíonn aistriú scileanna agus eolais thar teorainneacha le beartais na mBallstát a ailíniú, le comhpháirtíochtaí nua a chruthú agus leis an mbearna idir geilleagair Eorpacha a laghdú. Tá an deis ag riaracháin Eorpacha náisiúnta agus aitiúla a dtionscnaimh rathúla a thíolacadh ag an gComhdháil SBA, arna eagrú gach bliain ag an gCoimisiún agus ag Uachtaránacht an Aontais. Is é an Chomhdháil an príomhimeacht ina ndéantar malartú dea-chleachtas san Aontas agus lasmuigh de a chur chun cinn. Mar shampla, d'fhreastail 340 rannpháirtithe ó Bhallstáit an AE agus ó 30 tír nach Ballstáit iad ar an gComhdháil SBA is déanaí i mBúdapeist. Tíolacadh 28 dea-chleachtas i gceardlanna. Maidir le hionstraimí airgeadais, éascaíonn ról an CEI malartú leanúnach dea‑chleachtas i réimsí na ráthaíochtaí agus an chaipitil fhiontair araon, agus aithnítear go bhfuil an éifeacht chatalaíoch an-ard i gcás caipitil fiontair.

· barainneachtaí scála i réimsí inar dheacair do na Ballstáit aonair an mhais chriticiúil is gá a bhaint amach. Mar shampla, i réimse na tacaíochta do FBManna thar lear, cruthaítear breisluach Eorpach trí iarrachtaí náisiúnta a chuachadh agus, trí sheirbhísí a mbeadh mais chriticiúil in easnamh orthu dá soláthrófaí iad ar leibhéal náisiúnta (mar shampla, trí thacaíocht d'fhorghníomhú IPR) a bhunú. Trí Dheasc Chabhrach FBManna de chuid IPR na Síne (The China IPR SMEs Helpdesk), arna maoiniú ag an gclár reatha, tairgtear comhairle nach mbeadh ar fáil do FBManna ó Bhallstáit níos lú[2] ina mhalairt de chás. Ar bhealaí eile is féidir le hidirghabháil an Aontais cuidiú le dúbláil iarrachta a sheachaint, comhar idir Ballstáit agus comhordú le Stáit ábhartha nach Ballstáit iad a chur chun cinn. I gcás na turasóireachta, tá breisluach soiléir ag baint leis an tionscnamh a ghlacadh ar leibhéal an Aontais go háirithe sna réimsí seo a leanas: an bonn eolais a chomhdhlúthú trí bhíthin suirbhéanna agus staidéir uile‑Eorpacha chun gné an éilimh agus an tsoláthair a thuiscint níos fearr, nach mbainfí amach inchomparáideacht agus comhsheasmhacht sonraí ar fud an Aontais ina n–éagmas sin[3]; straitéisí trasnáisiúnta comhpháirteacha a fhorbairt chun an Eoraip mar áit ina bhfuil cinn scríbe turasóireachta d'ardcháilíocht agus inbhuanaithe ar fáil[4]; dea‑chleachtais a aithint ar féidir le hearnálacha sonracha tairbhiú díobh, amhail turasóireacht mhuirí agus chósta; chomh maith le síneadh an tséasúir turasóireachta, ar féidir é a dhéanamh níos fearr trí mhalartuithe idir Ballstáit éagsúla seachas trí gach tír ina haonair.

· comhleanúnachas agus comhsheasmhacht i mbearta náisiúnta trí mhalartú dea‑chleachtas ar leibhéal Eorpach agus trí thagarmharacáil. Is ionann an ghníomhaíocht do shimpliú nósanna imeachta tionscnaimh agus ceann de na samplaí is fearr den rath atá ar na cleachtaí tagarmharcála arna maoiniú faoin gclár reatha. Ó 2008 i leith, táthar tar éis faireachán a dhéanamh ar an staid agus ar an dul chun cinn tír ina dhiaidh tíre agus bliain ina dhiaidh bliana ag cur san áireamh trí ghné de shimpliú (ar shainordaigh an Chomhairle Iomaíochais cleachtadh tagarmharcála ina leith): meán-am, costais riaracháin agus nósanna imeachta riaracháin chun cuideachta theoranta a thionscnaimh. Is éard a bhí sa ghníomhaíocht cruinnithe leathbhliantúla ar leibhéal saineolaithe ('líonra na National Start-up Co-ordinators') arna n‑ainmniú ag na Ballstáit. Is í an aidhm a bhí leis modheolaíocht tomhais a fhorbairt, dul chun cinn a rianú agus tacú leis an dul chun cinn seo trí dhea‑chleachtais agus fhaisnéis a mhalartú. Ó 2002 i leith tháinig laghdú 70 % ar na hamanna cláraithe agus laghdú 50 % ar na costais. Tar éis mar a d'éirigh leis an mbeart seo, d'athbhreithníodh na spriocanna tríd an Athbhreithniú ar an Small Business Act (SBA) i bhFeabhra 2011.

· an saineolas uathúil a fuair institiúidí an AE:

– Is amhlaidh atá i gcás institiúidí airgeadais an AE, an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (EIB) agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI), nach bhfuil a sárú ann ó thaobh scéimeanna maoiniúcháin a thacaíonn le FBManna a dhearadh agus a chur chun feidhme. Is ionann an taithí a fuair an CEI le deich mbliana anuas agus sócmhainn thar a bheith luachmhar. Ó 2007 i leith, ghníomhaigh sé go minic mar infheisteoir i 19 gciste caipitil fiontair arna dtacú ag an CIP, go minic i ról mar bhunchloch, ag giaráil thar EUR 1.4 billiún d'infheistíocht iomlán i FBManna atá dírithe ar fhás. Maidir le feidhmíocht stairiúil, faoin chéad ghlúin de chaipiteal fiontair AE (an tsaoráid tionscnaimh ETF faoin Tionscnamh um Fhás agus Fhostaíocht ó 1998‑2000) d'aisíoc na tairbhithe thar 98 % den airgead arna infheistiú nó ba cheart go n‑aisíocfaidh siad é ar deireadh, lena n‑áirítear Skype ( guthú IP teileafónaíocht), Vertaris (athchúrsáil páipéir) agus Solaire Direct (struchtúir Fótavoltacha).

– Tá torthaí inláimhsithe bainte amach ag an Líonra Fiontar Eorpach tríd an bhéim a chur ar idirnáisiúnú FBManna a chur chun cinn (sa Mhargadh Inmheánach agus lasmuigh de) trí fhaisnéis faoi chúrsaí an Aontais chomh maith leis an deis cuidiú leis an bpróiseas cinnteoireachta a sholáthar. Tá tábhacht ar leith ag baint le faisnéis an líonra ó thaobh neamhshiméadrachtaí faisnéise a shárú agus costais a bhaineann le gníomhaíochtaí trasteorann a mhaolú. Tá luach an Líonra Fiontar Eorpach bunaithe ar na comh-mhodheolaíochtaí, na comhionstraimí agus na comhuirlisí a úsáidtear, na soláthróirí seirbhíse cáilithe faoi shainordú agus arna (gcómhaoiniú) maoiniú ag a n‑údaráis réigiúnacha/náisiúnta.

Comhleanúnachas le beartais agus le cláir eile

Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfear sainleasa agus sainthosca na FBManna san áireamh agus beartais agus cláir maoiniúcháin uile an Aontas á gceapadh. Déanfar an creat airgeadais todhchaí a dhearadh chun rannpháirteachas fiontar beag i gcláir chistiúcháin a éascú, trí na rialacha a shimpliú, na costais rannpháirteachais a laghdú, nósanna imeachta dámhachtana a luathú agus 'aonad ilfhreastail' a sholáthar chun an saol a dhéanamh níos éasca do thairbhithe chistiú an Aontais.

I ngeall ar a thábhacht chun spriocanna 'Eoraip 2020' a bhaint amach, luaitear feabhsú na timpeallachta gnó do FBManna i sé nó seacht gcinn de na tionscnaimh shuaitheanta don 'Eoraip 2020': An Industrial policy for the Globalisation Era, Innovation Union, Youth on the Move, A Digital Agenda for Europe, Resource Efficient Europe, An Agenda for new Skills and Jobs (Beartas Comhtháite Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe, Aontas na Nuálaíochta, An Óige ag Bogadh, Clár Oibre Digiteach don Eoraip, Eoraip Tíosach ar Acmhainní, Clár do Scileanna Nua agus do Phoist Nua). Tá an tionscnamh suaitheanta 'beartas tionsclaíoch do ré an domhandaithe' ina leagtar amach cur chuige straitéiseach nua, lena ndírítear ar iomaíochas Eorpach chomh maith le cruthú agus fás na bhfiontar beag agus meánmhéide agus cúltúr na fiontaíochta a chur chun cinn, tá sé thar a bheith tábhachtach don Chlár nua.

Leis an gClár nua beartaithe soláthrófar uirlis freisin ar féidir leis fónamh do chuspóirí beartais eile. Tríd an Líonra Fiontar Eorpach soláthrófar meán do naisc le cláir agus tionscnaimh eile, i dtéarmaí scaipeadh faisnéise 'ó bharr anuas', a chuireann chun cinn iad, chomh maith le bailiú aiseolais 'ó bhun aníos' ó gheallsealbhóirí. Leanfaidh sé de faisnéis, comhairle agus tacaíocht a sholáthar do FBManna maidir le cláir comhshaoil agus comhlíonadh. Déanfar sineirgíochtaí le cláir eile a uasmhéadú. Mar shampla, oibreoidh na gníomhaíochtaí ráthaíochtaí arna mbeartú sa Chlár nua in éineacht leis na gníomhaíochtaí ráthaíochtaí arna gcistiú faoi Chistí Struchtúracha an Aontais agus faoin tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach Progress. Comhlánfaidh na hionstraimí maidir le Caipiteal Fiontair na hionstraimí arna soláthar faoi Fís 2020 – an Creatchlár do Thaighde agus Nuálaíocht. Seachnófar sa Chlár freisin forluítí le cláir eile, go háirithe i réimsí cur chun cinn fiontraíochta agus scileanna. Déanfar comhlántacht an Chláir nua leis an Ionstraim Comhpháirtíochta a chur san áireamh go cúramach. Beidh sé fíor-riachtanach gníomhaíocht sheachtrach an Aontais a bheith comhlántach le gné sheachtrach an chláir oibre inmheánaigh maidir le fás inbhuanaithe agus poist a áirithiú san Eoraip.

Bainistiú an Chláir

Mar a fógraíodh i dTeachtaireachat ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020'[5] déanfar an bhainistíocht a sheachfhoinsiú den chuid is mó.

– Déanfaidh Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta na hionstraimí airgeadais a oibriú thar ceann an Choimisiúin;

– Féadfaidh gníomhaireacht feidhmiúcháin gníomhaíochtaí eile a bhainistiú, ag cur leis an taithí dhearfach a fuarthas[6] ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht (EACI) sa chreat airgeadais ilbhliantiúil reatha. Déanfar anailís costais/sochair.

Is léir gur éirigh thar barr leis an seachfhoinsiú ó thaobh simpliú de, ós rud é go bhfuil an EACI, de thoradh a speisialtóireachta, tar éis nósanna imeachta arna gcoigeartú do FBManna a chuíchóiriú agus a fhorbairt.

D'fhéadfaí codanna de chláir chaiteachais eile sa todhchaí a bhaineann le FBManna a sheachtrú don EACI. Féadfaidh siad codanna de Fís 2020 a áireamh, rud a dhéanfadh 'aonad ilfhreastail' den ghníomhaireacht sin i gcás FBManna ar mian leo rochtain a fháil ar chláir chaiteachais Aontais. I ngeall ar aon ghníomhaireacht feidhmiúcháin amháin a úsáid, bhainfí úsáid chuíchóirithe as uirlisí TF agus as tairsigh leictreonacha, ar an gcaoi sin ag cur tuilleadh le rochtain níos éasca do FBManna.

Simpliú

Is tosaíocht é don Choimisiún sa Chlár seo, mar is amhlaidh i gcláir eile laistigh de chomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), an timpeallacht rialála a shimpliú agus rochtain ar chistí d'fhiontair AE, go háirithe FBManna, a éascú a mhéid is féidir. Déantar an cur chuige seo a chur i bhfeidhm sa Chlár um Iomaíochas Fiontar agus FBManna (COSME) tríd é a bhunú ar rialacha an Rialacháin Airgeadais agus air sin amháin, gan aon mhaolú. Ar an gcuma seo déantar foráil maidir le nósanna imeachta riaracháin simplí, comhleanúnacha agus caighdeánaithe le go bhfaighfidh fiontair rochtain ar chistí.

Trí athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais beidh sé níos éasca d'fhiontair bheaga páirt a ghlacadh i gcláir chistiúcháin, mar shampla trí rialacha a shimpliú, trí chostais rannpháirteachais a laghdú, trí nósanna imeachta dámhachtana a luathú agus 'aonad ilfhreastail' a sholáthar chun go mbeidh rochtain ar chistiú Aontais níos éasca. Beartaítear córas nua cnapshuimeanna.

Trí na gnéithe seo comhlíontar na riachtanais a chuir na geallsealbhóirí in iúl sa chomhairliúchán poiblí ar thodhchaí an Chreatchláir um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP):

· nósanna imeachta riaracháin agus nósanna imeachta an Líonra Fionar Eorpach a shimpliú, trí ullmhú na dtograí a shimpliú

· úsáid níos mó a bhaint as cnapshuimeanna, rátaí comhréidh

· fáil réidh leis an gceanglas ainmneacha na foirne arna fostú ar thionscadal a thabhairt

· doiciméid riaracháin atá le tíolacadh i gcomhair conarthaí a shimpliú

· fáil réidh leis an riachtanas do thairbhithe ráthaíochtaí bainc a sholáthar.

Freagrófar sa Chlár do na moltaí seo tríd an úsáid is mó is féidir a bhaint as an Rialachán Airgeadais nua, agus cuirfear béim ar cheanglais tuairiscithe a shimpliú tuilleadh, lena n‑áireofar úsáid níos forleithne a bhaint as tuairisciú ar líne. Ina theannta sin, ar mhaithe le rochtain fheabhsaithe ar chistiú do FBManna, déanfar na rialacha maidir le rannpháirteachas agus incháilitheacht clár uile cistiúcháin Aontais sa todhchaí a ailíniú a mhéid is féidir.

Tá sé simplí d'fhiontair ionstraimí airgeadais a úsáid agus iad ag cur gnáthiarraidh ar mhaoiniú isteach chuig a mbanc nó chuig a gciste caipitil fiontair seachas togra tionscadail chun deontas a fháil. Maidir leis na hionstraimí airgeadais atá le cur chun feidhme ag an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) nó institiúidí airgeadais iomchuí eile, tríd an togra ón gCoimisiún le haghaidh ardán chothromais agus fiachais agus tríd an Rialacháin Airgeadais athbhreithnithe rialófar riachtanais riaracháin na n‑ionstraimí airgeadais. Déanfar na rialacha a shimpliú a oiread agus is féidir, chun cothromaíocht idir oibleagáidí tuairiscithe ar idirghabhálaithe agus tairbhithe ar thaobh amháin, agus bainistíocht fhónta airgeadais, lena n‑áirítear ceanglais iniúchta, ar an taobh eile.

Thairis sin, glacfaidh an Coimisiún ar láimh na nósanna imeachta simplithe arna bhforbairt ag an EACI i gcás cineálacha comhchosúla tionscadal. Comhroinnfear dea-chleachtais maidir le, mar shampla, simplithe a thug an Ghníomhaireacht isteach i gcomhaontuithe deontais, i gconarthaí agus i nósanna imeachta. D'fheadfaí a áireamh sa simpliú breise sin cur chun feidhme níos solúbtha na rialacha mionsonraithe do chomhaontuithe deontais chun go seachnófar an gá le leasuithe ag céim níos déanaí.

TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Beidh deireadh leis an CIP ar an 31 Nollaig 2013. I gcomhthéacs phróiseas an mheasúnaithe tionchair do chlár comharba, d'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán poiblí, ag díriú ar spriocphobal leathan, lena n‑áirítear eagraíochtaí agus daoine aonair poiblí agus príobháideacha, comhairliúchán ina raibh ceithre chéim:

– suirbhé ar líne (lena n‑áirítear suirbhé sonrach ar ionstraimí airgeadais[7]) a bhí ar siul ó 8 Samhain 2010 go 11 Feabhra 2011;

– comhdháil phoiblí ar an 25 Eanáir 2011;

– cruinnithe le hionadaithe Ballstát atá sa Choiste um an gClár Fiontraíochta agus Nuálaíochta (EIP) agus i gComhchruinniú na gCoistí CIP;

– cruinniú le Bord Comhairleach Straitéiseach CIP ar an 2 Feabhra 2011.

Deimhníodh sa chomhairliúchán go bhfuil roinnt mhaith codanna den chlár reatha ag oibriú go maith, agus go bhfuil tacaíocht leathan ann do chlár Aontais a chothabháil agus timpeallacht ghnó fabhrach a chruthú. Pléadh ceisteanna maidir le rochtain ar mhaoiniú do FBManna ag cruinnithe Fhóram Airgeadais na FBManna a tionóladh i Meán Fomhair 2010 agus i Márta 2011.

Meastóireacht ar an gclár reatha

Faoin CIP reatha, déantar meastóireachtaí ar leibhéal clár sonrach agus ar leibhéal an chreatchláir araon. Is éard atá i bhformhór ghníomhaíochtaí an Chláir a bheartaítear leanúint de ghníomhaíochtaí faoin gClár Fiontraíochta agus Nuálaíochta faoin CIP.

Tá achoimre ar phríomhthorthaí mheastóireachtaí an EIP leagtha amach thíos.

Meastóireacht idirthréimhseach

I meastóireacht idirthréimhseach an EIP[8] rinneadh measúnú ar thorthaí tosaigh an EIP, ag cur béime ar an Líonra Fiontar Eorpach a bhunú agus ar iarmhairtí na n‑ionstraimí airgeadais arna gcistiú ag an EIP agus an clár ba réamhtheachtaí dó. Deimhníodh sa mheastóireacht gur ndeachaigh cuspóirí an EIP i ngleic leis na bacainní agus na sriantachtaí atá roimh FBManna Eorpacha go leordhóthanach, bacainní agus sriantachtaí amhail ualaigh rialála agus riaracháin agus rochtain theoranta ar mhaoiniú. Tá gá leis na hionstraimí airgeadais arna dtacú leis an EIP i ngeall ar theipeanna margaidh, dhíriú ar na srianta airgeadais atá roimh FBManna nuathionscanta agus FBManna atá ag fás ar fud an Aontais. D'fhéachadh ar ionstraimí airgeadais an EIP mar chur chuige nuálach chun dul i ngleic le teipeanna margaidh i maoiniú FBManna.

I measc na moltaí maidir le tuilleadh feabhsuithe áirítear:

· sraith chaighdeánach táscairí faireacháin a fhorbairt chun dul chun cinn an chláir a thaifeadadh agus a thuairisciú;

· feidhm aiseolais an Líonra Fiontar Eorpach a fheabhsú;

· feabhas a chur ar fheidhm aiseolais an Líonra Fiontar Eorpach; naisc idir gníomhaíochtaí aonair agus cuspóirí domhanda an EIP a fheabhsú.

Meastóireacht deiridh

I meastóireacht deiridh an EIP[9] rinneadh measúnú ar ábharthacht, éifeachtúlacht, éifeachtacht, fhaisnéis agus fheasacht, fhóntacht agus inbhuanaitheacht an chláir, agus béim ar leith ar a phríomh‑chomhpháirteanna: ionstraimí airgeadais, an Líonra Fiontar Eorpach, agus nuálaíocht. Is éard a bhí i gceist leis an meastóireacht comhairliúchán fairsing le sealbhóirí agus tairbhithe trí shuirbhéanna agus trí agallaimh.

Tá torthaí na meastóireachta spreagúil. Measadh go raibh an EIP ag feidhmiú mar ba cheart chun na hiarmhairtí a raibh súil leo a bhaint amach, ag díriú ar riachtanais, ar fhadhbanna agus ar shaincheisteanna ar dearadh é faoina gcoinne agus go bhfuil an méid sin á dhéanamh ar bhealach thar a bheith éifeachtúil aige ar leibhéal Eorpach.

Measadh go raibh a spriocanna thar a bheith ábhartha do riachtanais fiontar agus i gcomhréir le spriocanna 'Eoraip 2020'. Rinneadh meastóireacht ar an gclár mar chlár a thairbhíonn d'úsáideoirí deiridh, ar bhealach éifeachtach. Measadh gur chruthaigh bearta an EIP, go háirithe na hionstraimí airgeadais, coinníollacha d'fhíor‑mhacasamhlú sa mhargadh.

Rinneadh na moltaí seo a leanas maidir le conas cur chun feidhme an EIP a fheabhsú tuilleadh:

· próiseas bainistíochta córasach a fhorbairt chun cuspóirí tras‑earnálacha a shaothrú laistigh den chlár agus lena nasctar na cuspóirí ardleibhéil le gníomhaíochtaí agus bearta maoinithe aonair,

· naisc le heilimintí eile beartas Fiontar a dhéanamh níos sainráite, mar shampla ina mbeidh tagairtí do thosaíochtaí an Small Businesses Act nó Tionscnaimh Shuaitheanta ábhartha 'Eoraip 2020'.

· an córas faireacháin agus na táscairí a fhorbairt, rud a mbeidh mionchoigeartú ag teastáil leis, cé go rannchuidíonn sé ar bhealach luachmhar le feidhmíocht an chláir a mheasúnú.

Tá níos mó béime sa chlár reatha cheana ar fheidhmíocht a thomhas agus ar tháscáirí feidhmíochta agus beidh áit fheiceálach ag an méid seo sa Chlár nua. Cuirfear na moltaí thuas san áireamh sa Chlár nua, go háirithe trí loighic idirghabhála an Chláir a neartú, agus é a nascadh níos dlúithe le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais.

Measúnú tionchair

Rinneadh measúnú tionchair a chumhdaíonn ionstraimí an Chláir agus tá sé ag gabháil leis an togra seo ón gCoimisiún. Rinneadh ceithre rogha a mheas sa mheasúnú tionchair:

– Le Rogha 1, An Scéal mar atá, cumhdófar na heilimintí céanna maidir le hiomaíochas agus FBManna agus a bhfuiltear ag súil a bheith cumhdaithe faoin EIP in 2013.

– Le Rogha 2 scoirfí de gach idirghabháil airgeadais reatha.

– Le Rogha 3b choimeádfaí an scóip reatha idirghabhála trí fhairsingiú buiséadach cothromúil.

– Rogha 3c bheadh fairsingiú buiséadach spriocdhírithe ann, agus an tacaíocht airgeadais srianta go hionstraimi airgeadais agus an Líonra Fiontar Eorpach.

Baineadh de thátal as an measúnú tionchair gurb é fairsingiú measartha buiséadach an rogha is fearr, mar go dtabharfadh sé cur chuige cothromúil ó thaobh tacú le gnóthachain éifeachtúlachta, mais chriticiúil, comhleanúnachas agus éifeachtacht, agus déileáil le teipeanna margaidh agus rialála.

Tar éis tuairim a fháil ón mBord um Measúnú Tionchair, cuireadh feabhas ar an tuarascáil ar an mbealach seo a leanas:

– rinneadh torthaí meastóireachtaí agus barúlacha geallsealbhóirí a mhionsonrú níos fearr sa téacs;

– rinneadh iarmhairtí soisialta a mheasúnú níos mó;

– rinneadh comhleanúnachas beartais agus comhleanúnachas le cláir eile AE mheasúnú tuilleadh agus a mhíniú sa tuarascáil.

Eilimintí dlíthiúla an togra

Bunús dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 173 agus Airteagal 195 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Tá na forálacha seo a leanas ann:

– In Airteagal 1 bunaítear an Clár;

– In Airteagal 2 sainítear na cuspóirí ginearálta agus in Airteagal 3 sainítear na cuspóirí sonracha;

– In Airteagal 4 déantar cur síos ar bhuiséad an Chláir;

– Baineann Airteagal 5 le rannpháirteachas tríú tíortha;

– In Airteagail 6, 7, 8 agus 9 déantar cur síos ar réimsí gníomhaíochtaí an Chláir;

– In Airteagal 10 sainítear an Clár oibre bliantúil atá le cur chun feidhme;

– In Airteagal 11 sainítear an raon feidhme do bhearta tacaíochta a bhfuil an Coimisiún le tabhairt fúthu.

– In Airteagal 12 déantar cur síos ar fhorálacha maidir le faireachán agus meastóireacht;

– In Airteagal 13 déantar cur síos ar fhoirmeacha cúnaimh airgeadais;

– In Airteagal 14 tugtar faisnéis faoi chur chun feidhme na n‑ionstraimí airgeadais;

– In Airteagal 15 déantar cur síos ar fhorálacha maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais;

– In Airteagal 16 leagtar amach forálacha maidir leis an gcoiste;

– In Airteagail 17, 18 agus 19 déantar cur síos ar ghníomhartha tarmligthe, ar fheidhmiú an tharmligthe agus ar fhorálacha maidir leis an nós imeachta práinne;

– In Airteagal 20 leagtar amach an dáta do theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

Tá an idirghabháil AE atá beartaithe ag luí le Conradh Liospóin, mar go ndíreofar léi go sonrach ar theipeanna beartais amhail easpa comhordaithe agus líonraíochta éifeachtaí agus teipeanna margaidh amhail neamhshiméadrachtaí faisnéise nach féidir dul i ngleic leo ach ar leibhéal AE. Feictear ar bheartas comhordaithe agus comhdhlúite mar bhealach an‑luachmhar chun príomh‑gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, chun eolas, idéanna agus ábhair imní a chomhroinnt, agus chun cuidiú le hardú feasachta laistigh de rialtais agus ar fud rialtas agus sa phobal is leithne.

Ní iarrtar bearta ar leibhéal AE chun tionscnaimh náisiúnta a ionadú, ná cinntí ceangailteacha ar leibhéal AE in aon cheann de na bearta atá á meas faoin gClár todhchaí. Tá an idirghabháil AE deartha chun go n-oibreodh bearta náisiúnta níos fearr, trí ghné AE a thabhairt dóibh, trí chomhordú níos fearr agus baint na gconstaicí trasteorann ar chomhar cibé acu trí ghníomhaithe príobháideacha nó trí údaráis phoiblí. Cothaítear comhar idir gníomhaithe náisiúnta agus réigiúnacha trí bhíthin líonraíocht 'cothrománach' seachas trí lárú 'ingearach'.

Ní foláir don ghníomhaíocht AE a bheith comhréireach, is é sin le rá, nach foláir go mbeidh údar cuí go hiomlán le hiarrachtaí agus modhanna arna n‑úsáid i ngeall ar na spriocanna. I ndáil leis seo, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh gheilleagar an AE, táthar ag súil go gcruthóidh méid agus scála na gníomhaíochta AE iarmhairtí dearfacha ar fud na hEorpa trí éifeachtaí carntha infheistíochtaí agus iolraitheora. I ngeall ar na srianta buiséadacha, roghnaíodh na bearta ar leibhéal AE go han-chúramach chun breisluach AE a thaispeáint.

Bunaithe ar an anailís thuas, is féidir a bhaint de thátal aisti go bhfuil údar cuí go hiomlán leis an idirghabháil ar leibhéal AE atá beartaithe chun fiontraíocht agus iomaíochas a chur chun cinn, go háirithe agus riachtanais FBManna á gcur san áireamh.

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beidh EUR 2.522 billiún i gceist le leithreasaí airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020[10].

2011/0394 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Clár um iomaíochas fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (2014 - 2020)

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173 agus 195 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I mí an Mhárta 2010 ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht dar teideal Europe 2020 – A strategy for smart, sustainable and inclusive growth (Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach)[11], dá ngairtear an Straitéis ‘Eoraip 2020’ anseo feasta. D’fhormhuinigh Comhairle Eorpach mhí an Mheithimh 2010 an Teachtaireacht sin. Freagraíonn an Straitéis ‘Eoraip 2020’ don ghéarchéim eacnamaíoch agus tá sé beartaithe aici an Eoraip a ullmhú don chéad deich mbliana eile atá romhainn. Leagtar amach cúig chuspóir uaillmhianacha inti maidir leis an aeráid agus fuinneamh, fostaíocht, nuálaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta atá le baint amach faoi 2020 agus sainaithnítear inti príomhspreagthaí fáis, a bhfuil mar aidhm acu Eoraip níos idirghníomhaí agus níos iomaíche a chruthú. Leagtar béim inti freisin ar a thábhachtaí atá sé fás a neartú i ngeilleagar na hEorpa agus ardleibhéil fostaíochta, geilleagar ísealcharbóin atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus comhtháthú sóisialta á gcur chun cinn ag an am céanna.

(2) Chun a áirithiú go bhfuil ról lárnach ag fiontair i gcur chun cinn fáis eacnamaíoch san Eoraip, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht i mí Dheireadh Fómhair 2010 dar teideal An Integrated industrial policy for the globalization era, putting competitiveness and sustainability at centre stage (Beartas comhtháite tionsclaíoch do ré an domhandaithe - an iomaíochas agus an inbhuanaitheacht á gcur i lár an aonaigh)[12], a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ina Conclúidí i mí na Nollag 2010. Tionscnamh suaitheanta is ea é sin den Straitéis ‘Eoraip 2020’. Leagtar straitéis amach sa Teachtaireacht a bhfuil sé d’aidhm aici fás agus fostaíocht a fheabhsú trí bhonn tionsclaíoch láidir atá éagsúil agus iomaíoch a chothú agus trí thacaíocht a thabhairt don bhonn sin san Eoraip, go háirithe trí choinníollacha creata a fheabhsú d’fhiontair, agus trí roinnt gnéithe den Mhargadh Aonair a neartú, lena n‑áirítear seirbhísí a bhaineann le cúrsaí gnó.

(3) I mí an Mheithimh 2008, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht Think Small First - A Small Business Act for Europe (Smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús - Acht um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip)[13], a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach i Nollaig 2008. Leis an Small Business Act (SBA) cuirtear creat cuimsitheach beartais ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), cuirtear fiontraíocht chun cinn agus daingnítear an prionsabal Think Small First sa dlí agus sa bheartas chun acmhainn iomaíochta na FBManna a neartú. Cuirtear 10 bprionsabal ar bun leis an SBA agus leagann sé amach bearta beartais agus bearta reachtacha chun acmhainn na FBManna fás agus fostaíocht a chruthú a chur chun cinn. Cuidíonn cur i bhfeidhm an SBA le baint amach chuspóirí na Straitéise ‘Eoraip 2020’. Leagadh amach roinnt gníomhaíochtaí do FBManna sna tionscnaimh shuaitheanta cheana.

(4) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Review of the Small Business Act for Europe, Feabhra 2011 (Athbhreithniú ar an Acht um Ghnólachtaí Beaga)[14], a d’fhormhuinigh an Chomhairle Iomaíochais i mBealtaine 2011, déantar cur chun feidhme an SBA a mheas agus déantar measúnú ar riachtanais FBManna atá ag feidhmiú sa timpeallacht eacnamaíoch reatha ina bhfuil sé ag éirí níos deacra i gcónaí do FBManna teacht ar mhaoiniú agus rochtain a fháil ar mhargaí. San athbhreithniú sin tá forléargas ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad dá bhliain den SBA, leagtar amach gníomhaíochtaí nua chun dul i ngleic le dúshláin a thagann as an ngéarchéim eacnamaíoch agus atá tuairiscithe ag geallsealbhóirí, agus moltar bealaí chun roghnú agus cur chun feidhme an SBA a fheabhsú ar bealaí iad ina mbeidh ról soiléir ag geallsealbhóirí agus ag eagraíochtaí gnó ar an líne tosaigh.

(5) Leis an togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020[15] a glacadh an 29 Meitheamh 2011, leagann an Coimisiún síos pacáiste tograí reachtacha agus doiciméid do bhuiséad an Aontais sna blianta 2014 go 2020. Sa chreat airgeadais ilbhliantúil sin cuirtear síos ar an dóigh a mbainfear amach na cuspóirí beartais maidir le fás a mhéadú agus tuilleadh fostaíochta a chruthú san Eoraip agus maidir le geilleagar ísealcharbóin atá níos meabhraí ar an timpeallacht agus Eoraip atá níos feiceálaí go hidirnáisiúnta a bhunú.

(6) Chun cuidiú le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, agus go háirithe FBManna, chun an tsochaí eolais a chur chun cinn agus forbairt a dhéanamh atá bunaithe ar fhás eacnamaíoch, ba cheart Clár um iomaíochas fiontar agus um FBManna (dá ngairtear “an Clár” anseo feasta) a chur ar bun.

(7) Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún go ndéanfaidh sé gníomhaíochtaí ar son na haeráide a chomhtháthú i gcláir chaiteachais an Aontais agus go ndíreoidh sé ar a laghad 20% de bhuiséad an Aontais ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Is tábhachtach a áirithiú go gcuirtear maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, chomh maith le cosc ar rioscaí, chun cinn agus an Clár á ullmhú, á dhearadh agus á chur chun feidhme. Ba cheart do bhearta atá cumhdaithe faoin Rialachán seo rannchuidiú leis an aistriú go geilleagar agus sochaí ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de a chur chun cinn.

(8) Tá sé beartaithe go gcuirfidh beartas iomaíochais an Aontais na socruithe beartais agus institiúideacha i bhfeidhm a chruthóidh dálaí faoina bhféadfaidh fiontair fás ar bhealach inbhuanaithe. Is as táirgiúlacht a fheabhsú is mó a thiocfaidh fás inbhuanaithe ioncaim, rud ar féidir leis rannchuidiú le caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú. Braitheann iomaíochas freisin ar chumas cuideachtaí lántairbhe a bhaint as deiseanna cosúil leis an Margadh Aonair Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin do FBManna, arb ionann iad agus 99 % de na fiontair uile san Aontas, a mbaineann gach dhá phost reatha as trí san earnáil phríobháideach leo, chomh maith le 80 % de na poist atá á gcruthú as an nua, agus a rannchuidíonn níos mó ná leath an iomláin breisluacha ó fhiontair san Aontas. Príomhspreagadh is ea iad FBManna maidir le fás eacnamaíoch, fostaíocht agus comhtháthú sóisialta.

(9) Cuireadh cuid mhór béime ar iomaíochas i gceapadh beartais san Aontas le blianta beaga anuas mar gheall ar theipeanna sa mhargadh, teipeanna beartais agus teipeanna institiúideacha atá ag baint an bhoinn d’iomaíochas fhiontair an Aontais, agus go háirithe d’iomaíochas FBManna.

(10) Dá bhrí sin, ba cheart don Chlár aghaidh a thabhairt ar theipeanna sa mhargadh a dhéanann difear d’iomaíochas gheilleagar an Aontais ar scála domhanda mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann bonn d’acmhainneacht fiontar dul in iomaíocht lena gcomhpháirtithe ar fud an domhain.

(11) Ba cheart don Chlár díriú go háirithe ar FBManna, mar a shainmhínítear iad i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú[16]. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhicreafhiontair, ar fhiontair a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí ceardaíochta agus ar fhiontair shóisialta. Ba cheart aird a thabhairt freisin ar shaintréithe agus riachtanais shonracha fiontraithe óga, fiontraithe nua agus féideartha agus banfhiontraithe, chomh maith le saintréithe agus riachtanais spriocghrúpaí sonracha, amhail imircigh agus fiontraithe a bhaineann le grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta nó grúpaí leochaileacha amhail daoine faoi mhíchumas. Ba cheart don Chlár seanóirí a spreagadh freisin a bheith ina bhfiontraithe agus athdheiseanna a chur chun cinn d’fhiontraithe.

(12) Baineann cuid mhaith d’fhadhbanna iomaíochais an Aontais le deacrachtaí FBManna maoiniú a fháil toisc go mbíonn sé crua orthu a n‑acmhainneacht creidmheasa a thaispeáint agus toisc gur deacair dóibh rochtain a fháil ar chaipiteal riosca. Bíonn drochthionchar aige sin ar leibhéal agus ar cháilíocht na bhfiontar nua arna gcruthú agus ar fhás fiontar. Maidir leis na hionstraimí nua atá beartaithe, baineann an breisluach don Aontas, inter alia, le neartú an Mhargaidh Aonair le haghaidh fiontair chaipitil agus le margadh airgeadais uile‑Eorpach a fhorbairt do FBManna. Ba cheart gníomhaíochtaí an Aontais a bheith comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais do FBManna. Eintitis a bhfuil sé de chúram orthu na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme, ba cheart dóibh breisíocht a áirithiú agus maoiniú dúbailte trí acmhainní an AE a sheachaint.

(13) Chruthaigh an Líonra Fiontar Eorpach go bhfuil breisluach ag baint leis do FBManna na hEorpa agus é ina ionad ilfhreastail maidir le tacaíocht gnó trí chuidiú a thabhairt d’fhiontair a iomaíche atá siad a fheabhsú agus deiseanna gnó sa Mhargadh Aonair agus lasmuigh de a fhiosrú. Ní féidir modheolaíochtaí ná modhanna oibre a chuíchóiriú ná éirim Eorpach a thabhairt isteach i seirbhísí tacaíochta gnó ach ar leibhéal an Aontais. Go háirithe, chuidigh an Líonra le FBManna comhpháirtithe a aimsiú do chomhar nó d’aistriú teicneolaíochta, agus chuidigh sé leo comhairle a fháil faoi fhoinsí maoinithe, faoi mhaoin intleachtúil agus faoi éiceanuálaíocht agus táirgeadh inbhuanaithe. Fuair sé aiseolas freisin maidir le reachtaíocht agus caighdeáin an Aontais. Tá tábhacht ar leith ag baint le saineolas an líonra ó thaobh neamhshiméadrachtaí faisnéise a shárú agus costais a bhaineann le hidirbhearta trasteorann a mhaolú.

(14) Cuireann idirnáisiúnú teoranta FBManna san Eoraip agus taobh amuigh den Eoraip isteach ar iomaíochas. Dar le roinnt meastachán, déanann 25 % de na FBManna san Aontas earraí a onnmhairiú faoi láthair nó rinne siad amhlaidh am éigin sna trí bliana a chuaigh thart. Ón gcéatadán sin ní bhíonn ach 13 % ag onnmhairiú taobh amuigh den Aontas ar bhonn rialta agus ní dhearna ach 2 % de FBManna an Aontais infheistíocht taobh amuigh dá dtír dhúchais. I gcomhréir leis an Small Business Act, ina n‑iarrtar ar an Aontas agus ar na Ballstáit tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do FBManna tairbhe a bhaint as fás margaí taobh amuigh den Aontas, tugann an AE tacaíocht do líonra Eagraíochtaí Eorpacha Gnó i mbreis agus 20 margadh thar lear. Tugann sé cúnamh airgeadais d’Ionad an AE-na Seapáine um Chomhar Tionsclaíoch, do chomhlachtaí gnó i Hong Cong, sa Mhalaeisia agus i Singeapór, chomh maith le cúnamh airgeadais a thabhairt d’Ionad Gnó agus Teicneolaíochta na hEorpa san India, d’Ionaid do FBManna an AE sa tSín agus sa Téalainn agus do dheasc cabhrach na FBManna sa tSín maidir le cearta maoine intleachtúla. Cruthaítear breisluach Eorpach trí iarrachtaí náisiúnta a thabhairt le chéile sa réimse seo, trí dhúbailt maoinithe a sheachaint, trí chomhar a chur chun cinn agus trí sheirbhísí a chur ar fáil a mbeadh mais chriticiúil in easnamh orthu dá gcuirfí ar fáil ar leibhéal náisiúnta iad.

(15) Chun acmhainn iomaíochta fhiontair na hEorpa a fheabhsú, go háirithe FBManna, ní mór do na Ballstáit agus don Choimisiún timpeallacht fhabhrach gnó a chruthú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar leasanna FBManna agus leasanna na n‑earnálacha ina bhfuil FBManna gníomhach. Tá gá le tionscnaimh ar leibhéal an Aontais chun cothrom iomaíochta a fhorbairt do FBManna agus chun faisnéis agus saineolas a mhalartú ar scála Eorpach.

(16) Rud eile a bhfuil drochthionchar aige ar iomaíochas is ea go bhfuil spiorad fiontraíochta cuibheasach lag san Aontas. Níor mhaith le ach 45 % de shaoránaigh an Aontais (agus níos lú ná 40 % de na mná) a bheith féinfhostaithe, i gcomparáid le 55 % sna Stáit Aontaithe agus 71 % sa tSín[17]. Tá breisluach ard Eorpach ag baint le héifeachtaí taispeána agus catalaíocha, amhail Duaiseanna Eorpacha agus comhdhálacha, agus ag baint le bearta chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a fheabhsú, amhail tagarmharcáil agus malartú dea‑chleachtas.

(17) Cruthaíonn iomaíochas domhanda, athruithe déimeagrafacha, srianta ó thaobh acmhainní de agus treochtaí sóisialta atá ag teacht chun cinn, cruthaíonn siad dúshláin agus deiseanna do roinnt earnálacha. Mar shampla, maidir le hearnálacha dearadhbhunaithe a bhfuil dúshláin dhomhanda os a gcomhair agus a bhfuil cion mór FBManna iontu, ní mór dóibh iad féin a chur in oiriúint do na dúshláin sin chun lántairbhe agus leas a bhaint as an acmhainneacht neamhshaothraithe a bhaineann leis an éileamh mór atá ar tháirgí uileghabhálacha pearsantaithe. Toisc go mbaineann na dúshláin sin leis na FBManna uile san Aontas sna hearnálacha sin, tá gá le hiarracht chomhbheartaithe ar leibhéal an Aontais.

(18) Mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010 dar teideal Europe, the world’s No 1 tourist destination – a new political framework for tourism in Europe (An Eoraip, príomhcheann scríbe tuarasóireachta an domhain – creat polaitiúil nua don tuarasóireacht san Eoraip)[18], a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach ina conclúidí i mí Dheireadh Fómhair 2010, earnáil thábhacht de chuid gheilleagar an Aontais is ea é earnáil na turasóireachta. Cuireann fiontair san earnáil sin go mór le hOlltáirgeacht Intíre (OTI) an Aontais agus le cruthú fostaíochta agus is féidir leo cur le forbairt gníomhaíochta fiontraíochta, toisc gur FBManna is mó atá san earnáil sin. Aithnítear i gConradh Liospóin go bhfuil tábhacht ag baint le turasóireacht maidir le sainaithint inniúlachtaí sa réimse seo atá sainiúil don Aontas agus a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí na mBallstát. Is soiléir go bhfuil breisluach ag baint leis an tionscnamh turasóireachta ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir le sonraí agus anailís a chur ar fáil, maidir le straitéisí trasnáisiúnta cur chun cinn a fhorbairt agus maidir le dea‑chleachtais a mhalartú.

(19) Ba cheart gníomhaíochtaí do na cuspóirí a leagan amach sa Chlár, mar aon leis an gclúdach iomlán airgeadais le haghaidh ghnóthú na gcuspóirí sin, cineálacha éagsúla beart cur chun feidhme, agus na socruithe maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar leasanna airgeadais an Aontais agus maidir le cosaint na leasanna sin.

(20) Ba cheart don Chlár cláir eile de chuid an Aontais a chomhlánú, agus ag an am céanna ba cheart dó a aithint gur cheart do gach ionstraim oibriú i gcomhréir lena nósanna imeachta sonracha féin. Mar sin de, níor cheart go bhfaigheadh na costais incháilithe chéanna maoiniú faoi dhó. D’fhonn breisluach a bhaint amach agus le go mbeidh tionchar suntasach ag cistiú an Aontais, ba cheart dlúthshineirgíochtaí a fhorbairt idir an Clár, cláir eile de chuid an Aontais agus na Cistí Struchtúracha.

(21) Ba cheart na prionsabail maidir le trédhearcacht agus maidir le comhdheiseanna idir fir agus mná a chur san áireamh i ngach tionscnamh agus gníomhaíocht atá cumhdaithe faoin gClár. Ba cheart meas ar chearta daonna agus saoirse bhunúsach do gach saoránach a chur san áireamh sna tionscnaimh agus sna gníomhaíochtaí sin freisin.

(22) Ba cheart a leagan síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán an Chláir, clúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais[19].

(23) Chun a áirithiú nach n‑úsáidtear maoiniú ach chun dul i ngleic le teipeanna sa mhargadh, le teipeanna beartais agus le teipeanna institiúideacha, agus chun saobhadh an mhargaidh a sheachaint, ba cheart do chistiú ón gClár a bheith i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cúnamh Stáit.

(24) Sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus sna Prótacail a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais, déantar foráil maidir le rannpháirtíocht na dtíortha lena mbaineann i gcláir de chuid an Aontais. Ba cheart go bhféadfadh tríú tíortha eile bheith rannpháirteach freisin nuair a thugtar sin le fios i gComhaontuithe agus nósanna imeachta.

(25) Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár a d'fhágfadh go bhféadfaí aon choigeartuithe is gá a dhéanamh.

(26) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla chaiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis a ghearradh.

(27) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun clár oibre bliantúil a ghlacadh le haghaidh cur chun feidhme an Chláir. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[20].

(28) Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil le rialacha sonracha maidir le rannpháirtíocht agus maidir le seachtrú roinnt tascanna. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le saineolaithe.

(29) Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, a áirithiú go ndéantar doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I Ábhar

Airteagal 1 Bunú

Bunaítear clár le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais chun acmhainn iomaíochta fiontar, agus go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a fheabhsú (dá ngairtear "an Clár” anseo feasta) don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2 Cuspóirí Ginearálta

1. Rannchuideoidh an Clár leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna ar leibhéal Eorpach agus ar leibhéal domhanda:

(a) iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta;

(b) cultúr fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn.

2. Is leis na táscairí seo a leanas a dhéanfar baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a thomhas:

(a) céatadán an fháis in earnáil thionsclaíoch an Aontais i gcomparáid le fás iomlán olltáirgeachta intíre (OTI),

(b) fás san Aontas maidir le haschur monaraíochta in éicithionscail,

(c) athruithe ar an ualach riaracháin atá ar FBManna,

(d) fás FBManna ó thaobh breisluacha agus líon na foirne de,

(e) agus ráta láimhdeachais FBManna.

3. Tabharfaidh an Clár tacaíocht do chur chun feidhme na Straitéise ‘Eoraip 2020’ agus rannchuideoidh sé le baint amach na cuspóra maidir le “fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach”. Rannchuideoidh an Clár go háirithe le baint amach na príomhsprice maidir le fostaíocht.

CAIBIDIL II Cuspóirí sonracha agus réimsí gníomhaíochta

Airteagal 3 Cuspóirí sonracha

1. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Chláir:

(a) Coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta;

(b) Fiontraíocht a chur chun cinn, lena n‑áirítear i measc spriocghrúpaí sonracha:

(c) Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais:

(d) Rochtain ar mhargaí a fheabhsú laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda:

2. Maidir leis an ngá le fiontair a chur in oiriúint do gheilleagar ísealcharbóin atá athléimneach ó thaobh aeráide de agus tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní, cuirfear an gá sin chun cinn agus an Clár á chur chun feidhme.

3. Chun tionchar an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i mír 1 a thomhas, úsáidfear táscairí feidhmíochta. Tá na táscairí sin leagtha amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4 Buiséad

1. EUR 2.522 billiún a bheidh sa chlúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme, agus leithdháilfear tuairim is EUR 1.4 billiún de sin ar ionstraimí airgeadais.

2. Féadfaidh an clúdach airgeadais arna bhunú faoin Rialachán seo costais eile a chumhdach freisin, ar costais iad a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta a bhfuil gá leo chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a mhéid a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Chláir, costais a bhaineann le gréasáin TF a dhíríonn ar phróiseáil agus ar mhalartú faisnéise, mar aon leis na costais uile eile chúnaimh, idir chúnamh teicniúil agus chúnamh riaracháin, arna dtabhú ag an gCoimisiún do bhainistiú an Chláir.

3. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais costais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar costais iad a bhfuil gá leo chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhaire[21] a áirithiú. Más gá, féadfar leithreasaí a iontráil sa bhuiséad tar éis 2020 chun costais chosúla a chumhdach, le go bhféadfaidh gníomhaíochtaí nach mbeidh críochnaithe go fóill faoin 31 Nollaig 2020 a bhainistiú.

Airteagal 5 Rannpháirtíocht tríú tíortha

1. Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a) tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos sa Chomhaontú ar an LEE, agus tíortha Eorpacha eile nuair a cheadaíonn comhaontuithe agus nósanna imeachta é sin;

(b) tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí féideartha i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna Creat‑Chomhaontuithe ábhartha agus sna Cinntí ábhartha ó Chomhairlí Comhlachais, nó i socruithe cosúla;

(c) tíortha a thagann faoi raon feidhme bheartas comharsanachta na hEorpa, nuair a cheadaíonn comhaontuithe agus nósanna imeachta é sin agus i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna Creat‑Chomhaontuithe ábhartha, sna Prótacail ábhartha a ghabhann le Comhaontuithe Comhlachais agus sna Cinntí ábhartha ó Chomhairlí Comhlachais.

2. Féadfaidh eintitis, arna mbunú i dtíortha dá dtagraítear i mír 1, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha arna mbunú sa mhír sin nó i gcás ina gcinneann na tíortha sin gan a bheith rannpháirteach sa Chlár, nó eintitis arna mbunú i dtríú tíortha eile, féadfaidh na heintitis sin a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí faoin gClár.

3. Ní beidh na heintitis sin i dteideal rannchuidithe airgeadais a fháil ón Aontas, seachas i gcás ina bhfuil sé sár‑riachtanach don Chlár, go háirithe maidir le hiomaíochas agus rochtain ar mhargaí d’fhiontair an Aontais. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin maidir le heintitis a dhéanann brabús.

Airteagal 6  Gníomhaíochtaí chun na coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais

1. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, agus go háirithe FBManna, a fheabhsú agus a neartú ar mhaithe le héifeachtacht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a mhéadú i mbeartais náisiúnta a chuireann iomaíochas, inbhuanaitheacht agus fás fiontar chun cinn san Eoraip.

2. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí a bhfuil d’aidhm acu straitéisí nua iomaíochais a fhorbairt. Féadfar gníomhaíochtaí den chineál seo a leanas a áireamh:

(d) bearta chun dearadh, cur chun feidhme agus meastóireacht beartas a fheabhsú ar beartais iad a dhéanann difear d’iomaíochas agus d’inbhuanaitheacht fiontar, lena n‑áirítear bearta athléimneachta ó thubaistí, agus bearta chun forbairt bonneagar iomchuí a áirithiú mar aon le braislí agus gréasáin ghnó den chéad scoth, coinníollacha creata agus forbairt táirgí, seirbhísí agus próiseas inbhuanaithe;

(e) bearta chun comhar a spreagadh i gceapadh beartais agus i malartú dea‑chleachtas idir na Ballstáit, tíortha eile atá rannpháirteach sa Chlár agus príomhiomaitheoirí an Aontais, agus bearta chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe idirnáisiúnta beartas iomaíochais;

(f) tacaíocht d’fhorbairt beartais do FBManna agus comhar idir déantóirí beartas, go háirithe d’fhonn a éasca atá sé do FBManna rochtain a fháil ar chláir agus ar bhearta a fheabhsú.

3. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh a chuireann dlús le teacht chun cinn tionscal iomaíoch atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí trasearnála i réimsí a bhfuil cion mór FBManna iontu agus a chuireann go mór le holltáirgeacht intíre an Aontais. Spreagfaidh tionscnaimh den chineál sin forbairt margaí nua agus soláthar earraí agus seirbhísí bunaithe ar an múnla gnó is iomaíche nó ar shlabhraí luachanna modhnaithe. Áireofar sna tionscnaimh sin tionscnaimh chun táirgiúlacht, éifeachtúlacht acmhainní, inbhuanaitheacht agus freagracht shóisialta chorparáideach a fheabhsú.

Airteagal 7 Gníomhaíochtaí chun fiontraíocht a chur chun cinn

1. Rannchuideoidh an Coimisiún le fiontraíocht a chur chun cinn trí choinníollacha creata a dhéanann difear d’fhorbairt fiontraíochta a fheabhsú. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do thimpeallacht ghnó atá fabhrach d’fhorbairt agus d’fhás fiontar.

2. Tabharfar aird ar leith ar fhiontraithe óga, ar fhiontraithe nua agus féideartha agus ar bhanfhiontraithe, chomh maith le spriocghrúpaí sonracha.

3. Féadfaidh an Coimisiún tacú le bearta na mBallstát chun oideachas, scileanna agus dearcthaí fiontraíochta a fhorbairt, go háirithe i measc fiontraithe nua agus féideartha.

Airteagal 8 Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna

1. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna agus iad ag tosú amach agus ag fás, rud atá comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais do FBManna ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. D’fhonn comhlántacht a áirithiú, déanfar na gníomhaíochtaí sin a chomhordú go dlúth leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe agus ar leibhéal náisiúnta. Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin soláthar maoinithe cothromais agus fiachais a spreagadh.

2. Mar chuid de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, forbróidh an Coimisiún bearta, faoi réir éilimh sa mhargadh, chun maoiniú trasteorann agus ilnáisiúnta a fheabhsú, agus sa dóigh sin tabharfar cúnamh do FBManna a ngníomhaíochtaí a idirnáisiúnú i gcomhréir le dlí an Aontais.

3. Tá mionsonraí na ngníomhaíochtaí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo leagtha síos in Iarscríbhinn II.

Airteagal 9 Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhargaí a fheabhsú

1. Chun leanúint le hiomaíochas fiontar san Aontas agus rochtain ar mhargaí san Aontas a fheabhsú, leanfaidh an Coimisiún ag tabhairt tacaíochta don Líonra Fiontar Eorpach.

2. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun rochtain FBManna ar an Margadh Aonair a fheabhsú, lena n‑áirítear soláthar faisnéise agus ardú feasachta.

3. Beidh sé d’aidhm ag bearta sonracha rochtain FBManna ar mhargaí lasmuigh den Aontas a éascú, agus seirbhísí tacaíochta atá ann cheana sna margaí sin a neartú. Féadfaidh FBManna tacaíocht a fháil tríd an gClár maidir le caighdeáin agus cearta maoine intleachtúla i dtríú tíortha tosaíochta.

4. D’fhéadfadh sé a bheith d’aidhm ag gníomhaíochtaí faoin gClár comhar tionsclaíoch idirnáisiúnta a chothú, lena n‑áirítear idirphlé rialála agus tionsclaíoch le tríú tíortha. D’fhéadfadh sé a bheith d’aidhm ag bearta sonracha difríochtaí idir an tAontas agus tíortha eile a laghdú maidir le creataí rialála do tháirgí tionsclaíocha, maidir le beartas tionsclaíoch agus maidir leis an timpeallacht ghnó a fheabhsú.

CAIBIDIL III An Clár a chur chun feidhme

Airteagal 10 Clár oibre bliantúil

1. Chun an Clár a chur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Leagtar amach sna cláir oibre bhliantúla na cuspóirí arna saothrú, na torthaí a bhfuil súil leo, an modh cur chun feidhme agus an tsuim iomlán. Tabharfar tuairisc iontu freisin ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, sonrú maidir leis an suim arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht agus clár táscach cur chun feidhme, chomh maith le táscairí iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na dtorthaí agus na gcuspóirí arna mbaint amach. Maidir le deontais, áireofar na tosaíochtaí, na critéir mheastóireachta riachtanacha agus an ráta uasta cómhaoinithe.

2. Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais (Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán Airgeadais nua]).

3. Cuirfear an Clár chun feidhme chun a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh forbairtí agus riachtanais a bheidh ann amach anseo san áireamh, go háirithe tar éis na meastóireachta eatramhaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(3), agus chun a áirithiú go bhfuil na gníomhaíochtaí sin ábhartha maidir le margaí atá i mbun forbartha, maidir leis an ngeilleagar agus maidir le hathruithe sa tsochaí.

Airteagal 11 Bearta tacaíochta

1. I dteannta na mbeart atá cumhdaithe faoin gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 10, déanfaidh an Coimisiún bearta tacaíochta go rialta, lena n‑áirítear na bearta seo a leanas:

(a) anailís agus faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna earnála agus trasearnála;

(b) dea‑chleachtais agus cineálacha cur chuige beartais a shainaithint, agus forbairt na ndea‑chleachtas agus na gcineálacha cur chuige beartais sin a áirithiú;

(c) measúnuithe tionchair ar bhearta de chuid an Aontais a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo d’acmhainn iomaíochta fiontar, d’fhonn na réimsí den reachtaíocht reatha is gá a shimpliú a shainaithint, nó na réimsí inar gá bearta nua reachtacha a mholadh a shainaithint;

(d) meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht a dhéanann difear d’fhiontair, do bheartas sonrach tionsclaíoch agus do bhearta a bhaineann le hiomaíochas.

2. Ní gá go mbeadh na bearta tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 ina gcuid de na cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10.

Airteagal 12 Faireachán agus meastóireacht

1. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme agus bainistiú an Chláir.

2. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil faireacháin ina scrúdófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme airgeadais, torthaí agus, más féidir, tionchar na ngníomhaíochtaí. Áireofar sa tuarascáil faisnéis faoin méid caiteachais a bhaineann le cúrsaí aeráide agus an tionchar atá ag an tacaíocht arna tabhairt do chuspóirí athraithe aeráide a mhéid nach gcruthaíonn bailiú na faisnéise sin ualach riaracháin gan údar do FBManna.

3. Tráth nach déanaí ná 2018, cuirfidh an Coimisiún le chéile tuarascáil mheastóireachta maidir le baint amach chuspóirí na ngníomhaíochtaí ar fad a bhfuil tacaíocht faighte acu faoin gClár ar leibhéal na dtorthaí agus na n-iarmhairtí, agus maidir le héifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus an breisluach Eorpach a bhaineann léi, ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tuarascáil mheastóireachta aghaidh ar an raon feidhme i ndáil le simpliú, le comhtháthú inmheánach agus seachtrach, le hábharthacht leanúnach gach cuspóra, mar aon leis an méid a chuireann na bearta le tosaíochtaí an Aontais i leith fáis chliste, inbhuanaithe agus uileghabhálaigh. Cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachta ar thionchar fadtéarmach na mbeart a bhí ann roimhe sin.

4. Bunófar tuarascáil mheastóireachta ar thionchair fhadtéarmacha na mbeart agus ar inbhuanaitheacht éifeachtaí na mbeart a bheith ina mbunús le cinneadh maidir le beart iardain a athnuachan, a mhodhnú nó a fhionraí.

5. Forbrófar liosta de phríomhtháscairí feidhmíochta a bheidh ina bhunús chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí na ngníomhaíochtaí ar tugadh tacaíocht dóibh faoin gClár. Déanfar iad a mheas i gcomparáid le bonnlínte réamhshainithe a léiríonn mar a bhí sé sular cuireadh na gníomhaíochtaí chun feidhme.

6. Soláthróidh gach páirtí bainteach an fhaisnéis agus na sonraí is gá don Choimisiún chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na bearta lena mbaineann.

CAIBIDIL IV Forálacha airgeadais agus cineálacha cúnaimh airgeadais

Airteagal 13 Cineálacha cúnaimh airgeadais

Féadfar cúnamh airgeadais an Aontais faoin gClár a chur chun feidhme go hindíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig na heintitis arna liostú in Airteagal XX de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán Airgeadais nua].

Airteagal 14 Ionstraimí airgeadais

1. Beidh sé d’aidhm ag ionstraimí airgeadais faoin gClár rochtain ar mhaoiniú a éascú do FBManna atá dírithe ar fhás. Áireofar sna hionstraimí airgeadais saoráid cothromais agus saoráid iasachta faoi ráthaíocht.

2. Féadfar na hionstraimí airgeadais do FBManna atá dírithe ar fhás a chomhcheangal, nuair is iomchuí, le hionstraimí airgeadais eile a bhunaigh na Ballstáit agus a n‑údaráis bhainistíochta i gcomhréir le [Airteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. XXX/201X [an Rialachán nua maidir le Cistí Struchtúracha]], agus féadfar iad a chomhcheangal le deontais a bhfuil cistiú faighte acu ón Aontas, lena n‑áirítear faoin Rialachán seo.

3. Beidh sé d’aidhm ag na hionstraimí airgeadais luach na sócmhainní arna soláthar ag buiséad an Aontais a chaomhnú. Féadfaidh siad torthaí inghlactha a ghiniúint chun cuspóirí na gcomhpháirtithe nó na n-infheisteoirí eile a chomhlíonadh.

4. I gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. XXXX/2012 [an Rialachán Airgeadais nua], sannfar ioncam agus aisíocaíochtaí arna nginiúint ag ionstraim airgeadais amháin don ionstraim airgeadais sin. I gcás ionstraimí airgeadais atá bunaithe cheana féin sa chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2007-2013, sannfar ioncam agus aisíocaíochtaí arna nginiúint ag oibríochtaí ar cuireadh tús leo sa tréimhse sin don ionstraim airgeadais sa tréimhse 2014-2020.

Airteagal 15 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2. Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir agus gach tríú páirtí eile a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

4. Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

CAIBIDIL V Coiste agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 16 An Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 17 Gníomhartha tarmligthe

1. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir le hathruithe ar na táscairí a luaitear sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo mura bhfuil na táscairí sin oiriúnach chun an dul chun cinn a thomhas ó thaobh bhaint amach na gcuspóirí ginearálta agus na gcuspóirí sonracha de.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 maidir le hathruithe ar na mionsonraithe a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sonracha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo má éilíonn forbairtí eacnamaíocha sa mhargadh é nó de réir na dtorthaí arna mbaint amach ag an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht de chuid an Chreatchláir um Iomaíochas agus Nuálaíocht agus ag an Ionstraim Roinnte Riosca de chuid an tSeachtú Creatchlár um Shaoráid Airgeadais Roinnte Riosca.

3. Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mhórchúiseanna práinne, amhail coinníollacha eacnamaíocha atá ag athrú go tapa, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 19 maidir le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18 An tarmligean a fheidhmiú

1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 don Choimisiún ar feadh tréimhse seacht mbliana ón [dáta a thiocfaidh an bunghníomh reachtach i bhfeidhm].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 19 Nós imeachta práinne

1. Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu fad nach gcuirtear ina gcoinne i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gnímh tharmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(5). Sa chás sin, aisghairfidh an Coimisiún an gníomh gan mhoill tar éis fógra a thabhairt faoi chinneadh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle agóid a dhéanamh.

Airteagal 20 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1. Aisghairtear leis seo Cinneadh 1639/2006/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

2. Mar sin féin, leanfaidh gníomhaíochtaí faoi Chinneadh 1639/2006/CE agus oibleagáidí airgeadais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin de bheith faoi rialú an Chinnidh sin go dtí go mbeidh siad críochnaithe.

3. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 4 costais an chúnaimh theicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin, ar costais iad a bhfuil gá leo chun an t‑aistriú idir an clár seo agus na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE a áirithiú.

Airteagal 21 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I Táscairí do chuspóirí ginearálta agus do chuspóirí sonracha

Cuspóir ginearálta: || 1. Iomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais a neartú, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta

Táscaire Iarmharta[22] || Cúrsaí mar atá faoi láthair || Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

Fás iomaíochais thionsclaíoch[23] Athrú ar an ualach riaracháin ar FBManna (líon laethanta is gá le fiontar nua a chur ar bun) Fás san AE maidir le haschur monaraíochta in éicithionscail (% atá athraithe ón mbliain roimhe) || 2009: -3.1%, 2008: -0.3%, 2007: +0.7% 2009: -3.1% Líon laethanta is gá le FBM nua a chur ar bun: 7 lá oibre Fás bliantúil idir 6 agus 7% le linn na mblianta deireanacha || Fás bliantúil de 1 % agus fás de 5 % a bheith ann in 2015 Líon laethanta is gá le FBM nua a chur ar bun a laghdú go: 3 lá oibre faoi 2020. Fás bliantúil de 8 % ar an meán sa chéad deich mbliana eile; Dírítear ar an aschur a mhéadú 50 % faoi 2015

Cuspóir ginearálta: || 2. Cultúr na fiontraíochta a spreagadh agus cruthú agus fás FBManna a chur chun cinn

Táscaire Iarmharta || Cúrsaí mar atá faoi láthair || Sprioc fhadtéarmach agus garsprioc (2020)

Fás FBManna maidir le breisluach agus líon foirne Aiseolas ó FBManna agus ó thairbhithe deiridh eile maidir le breisluach, fóntacht agus ábharthacht an Chláir (atá le tomhas i meastóireachtaí ar an gClár) tríd an Líonra Fiontar Eorpach (LFE) agus trí shuirbhéanna ar líne Ráta láimhdeachas FBManna (tionscnaimh gnó agus mortlaíocht) || In 2010, b’ionann láimhdeachas FBManna agus breis agus 58 % de láimhdeachas iomlán an AE (oll‑bhreisluach); líon iomlán na bhfostaithe in FBManna: 87.5 milliún (67% de na poist san earnáil phríobháideach san AE) Baineann 78 % den aiseolas dearfach atá faighte maidir le breisluach an LFE le FBManna || Spriocmhéadú ar oll‑bhreisluach FBManna de 4 % in aghaidh na bliana; fás bliantúil ar líon na bhfostaithe in FBManna de 1 % Méadú de bhreis is 80 % ar shástacht maidir le breisluach an LFE

Cuspóir sonrach: || Coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an AE, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta

Táscaire toraidh || An toradh is deireanaí atá ar eolas || Sprioc sa mheántéarma (toradh) 2017

Gníomhaíochtaí chun iomaíochas a fheabhsú Líon na mbeart simpliúcháin arna nglacadh Líon na “seiceálacha oiriúnachta” agus na ngníomhaíochtaí breisluacha A mhéid a d'úsáid cuideachtaí táirgí agus uirlisí táirgthe inbhuanaithe Eorpacha, lena n‑áirítear EMAS, éicilipéad agus éicidhearadh || Tugadh clár simpliúcháin an Choimisiúin cothrom le dáta in 2010 agus tá sé de réir sceidil chun rómhaorlathas a laghdú faoi 25 % in 2012. Rinneadh 5 bheart simpliúcháin in aghaidh na bliana go 2010. Seoladh ceithre “sheiceáil oiriúnachta”, lena n‑áirítear geallsealbhóirí, in 2010 do bheartais timpeallachta, iompair, fostaíochta agus thionsclaíocha. Áiríodh san aiseolas teachtaireachtaí maidir le reachtaíocht agus breisluach na ngníomhaíochtaí. Tuairim is 35 000 deimhniú ISO 14001 EMS agus 4 500 clárú EMAS, 18 000 ceadúnas do Éicilipéad an AE || Thart ar 7 mbeart simpliúcháin in aghaidh na bliana. Cuirfear an cur chuige maidir le haiseolas le “seiceálacha oiriúnachta” i bhfeidhm ar bheartais eile agus tiocfaidh simplithe as sin a mbeidh dea‑thionchar acu ar an tionscal. Déantar foráil do shuas le 12 “sheiceáil oiriúnachta”, agus é de chuspóir acu rialáil a fheabhsú. Déanfaidh roinnt mhaith cuideachtaí faireachán ar a bhfeidhmíocht, cuirfidh siad córais bhainistíochta comhshaoil i bhfeidhm agus feabhas ar tháirgiúlacht acmhainní agus ar fheidhmíocht chomhshaoil. Beidh chuid mhaith den táirgeadh tíosach ar acmhainní agus neamhdhíobhálach don timpeallacht.

Beartas FBM a fhorbairt Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna Poiblíocht a mhéadú ar fud na hEorpa maidir leis na Duaiseanna Fiontraíochta Eorpacha le foileacháin/geartháin sna meáin i ngach Ballstát. An méid ama agus an chastacht atá ag baint le fiontair nua a chur ar bun a laghdú. || Líon na mBallstát a úsáideann tástáil FBManna: 15 Bhallstát Líon na bhfoilseachán/ngearrthán sna meáin sna Ballstáit go léir: 60 in 2010 Laghdú ar an méid ama ag baint le fiontair nua a chur ar bun: 7 lá oibre || Líon na mBallstát a bheidh ag úsáid tástála FBManna: 21 Ballstát Líon na bhfoilseachán/ngearrthán sna meáin sna Ballstáit go léir: 80 Laghdú ar an méid ama ag baint le fiontair nua a chur ar bun: 5 lá oibre

Coincheapa nua gnó Líon na dtairgí/seirbhísí nua sa mhargadh Méid onnmhairí breise agus suimeanna comhfhreagracha airgeadaíochta Aiseolas ó gheallsealbhóirí maidir le cáilíocht agus breisluach gníomhaíochtaí. || Go dtí seo, ní raibh i gceist leis an ngníomhaíocht sin ach obair anailíseach ar scála teoranta. || 5 atá sa sprioc do líon carnach na dtáirgí/seirbhísí nua in 2017 (tiocfaidh méadú air sin go 15 in 2018 agus 25 in 2019). Maidir le honnmhairí, níltear ag súil le hiarmhairt do 2017 go fóill. Beidh sciar onnmhairí na chéad ghlúine de FBManna rannpháirteacha le brath in 2018 lena mbaineann spriocmhéadú de 20 %. Cuirfidh ar a laghad 70 % de FBManna rannpháirteacha in 2014 in iúl go bhfuil tionchar dearfach ar a láimhdeachas i suirbhé arna dhéanamh ag deireadh 2017.

Turasóireacht Líon na n-iarratas ar chistiú Céatadán FBManna (agus treocht) sna hiarratais ar dheiseanna cistithe a bhaineann le turasóireacht. Líon na n‑eintiteas a ghlacann an Lipéad Eorpach maidir le Cáilíocht Turasóireachta. Líon na gceann scríbe a ghlacann na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta arna gcur chun cinn ag Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa || Líon na n‑iarratas ar chistiú (maidir le gach glao ar thograí): thart ar 75 in aghaidh na bliana (meánmhéid do 2011) Go dtí seo, níor díríodh aon ghlao ar thograí go díreach ar FBManna Go dtí seo, níor ghlac aon eintiteas an Lipéad Eorpach maidir le Cáilíocht Turasóireachta (gníomhaíocht á mionshaothrú) Bronnadh stádas Cinn scríbe Eorpaigh Sármhaitheasa ar 98 ceann scríbe (20 in aghaidh na bliana ar an meán - 10 in 2007, 20 in 2008, 22 in 2009, 25 in 2010 agus 21 in 2011) || Líon na n‑iarratas ar chistiú (maidir le gach glao ar thograí): breis agus 100 in aghaidh na bliana 30 % de na glaonna ar thograí dírithe go díreach ar FBManna Beidh 50 % de na scéimeanna meastóireachta incháilithe le bheith rannpháirteach sa Lipéad Eorpach maidir le Cáilíocht Turasóireachta Glacfaidh breis agus 200 ceann scríbe na múnlaí maidir le forbairt inbhuanaithe turasóireachta arna gcur chun cinn ag Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa (suas le 30 ceann in aghaidh na bliana).

Cuspóir sonrach: || Fiontraíocht a chur chun cinn, lena n‑áirítear i measc spriocghrúpaí sonracha

Táscaire toraidh || An toradh is deireanaí atá ar eolas || Sprioc sa mheántéarma (toradh) 2017

Tacaíocht a thabhairt don fhiontraíocht Aiseolas maidir le tuiscint an phobail i dtaobh na fiontraíochta (% de shaoránaigh an AE ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe arna thomhas ag Eorabharaiméadar) Líon na mBallstát ag cur réitigh fiontraíocha arna bhforbairt ar leibhéal an AE chun feidhme Líon na gclár náisiúnta atá ar fáil do FBManna ó Bhallstáit eile Líon na mbeart simpliúcháin arna nglacadh do FBManna || Tá na figiúirí maidir le 2007 agus 2009 cobhsaí ag 45 % Líon na mBallstát ag cur réitigh fiontraíocha arna bhforbairt ar leibhéal an AE chun feidhme: 22 (2010) Líon na gclár náisiúnta atá ar fáil do FBManna ó Bhallstáit eile: 5 5 bheart simpliúcháin in aghaidh na bliana (2010). || Líon na saoránach san AE ar mhaith leo a bheith féinfhostaithe a mhéadú go 50 % Líon na mBallstát ag cur réitigh fiontraíocha arna bhforbairt ar leibhéal an AE chun feidhme: 25 Líon na gclár náisiúnta a bheidh ar fáil do FBManna ó Bhallstáit eile: 10 Thart ar 7 mbeart simpliúcháin in aghaidh na bliana.

Cuspóir sonrach: || Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais

Táscaire toraidh || An toradh is deireanaí atá ar eolas || Sprioc sa mheántéarma (toradh) 2017

Ionstraimí Airgeadais le haghaidh fáis Líon na ngnólachtaí a fhaigheann ráthaíochtaí iasachta (creidmheasa) agus luach na hiasachta Líon na ngnólachtaí a fhaigheann tacaíocht ó chistí caipitil fiontair agus luach na n‑infheistíochtaí (lena n‑áirítear idirbhearta trasteorann) || Níor seoladh na hionstraimí atá beartaithe go fóill agus ní ionann iad agus na hionstraimí atá ann cheana. Mar sin de d’fhéadfadh sé nach bhfuil sonraí ó ionstraimí reatha inchomparáide. || Líon na ngnólachtaí a gheobhaidh ráthaíochtaí iasachta (creidmheasa) (+/- 95 000) agus luach na hiasachta (+/- €10.7 billiún) Líon na ngnólachtaí a gheobhaidh tacaíocht ó chistí caipitil fiontair: (+/- 180) agus luach na n‑infheistíochtaí (+/- €220m)

Cuspóir sonrach: || Rochtain ar mhargaí a fheabhsú laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda

Táscaire toraidh || An toradh is deireanaí atá ar eolas || Sprioc sa mheántéarma (toradh) 2017

An Líonra Fiontar Eorpach Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe Méadú ar fheasacht ar bhranda an Líonra agus ar chultúr an bhranda (e.g. feasacht branda i measc phobal na FBManna) Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí) Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta Líon na FBManna atá rannpháirteach in imeachtaí bróicéireachta agus i misin chuideachta || An Líonra Fiontar Eorpach Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 1 950 (2010) Méadú ar fheasacht ar bhranda an Líonra agus ar chultúr an bhranda: ní dhearnadh seo a thomhas go fóill Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí): 78% Líon na FBManna a fhaigheann seirbhísí tacaíochta: 435 000 (2010) Líon na FBManna atá rannpháirteach in imeachtaí bróicéireachta agus i misin chuideachta: 45 000 (2010) || An Líonra Fiontar Eorpach Líon na gcomhaontuithe comhpháirtíochta sínithe: 3 000 in aghaidh na bliana Méadú ar fheasacht ar bhranda an Líonra agus ar chultúr an bhranda: 30 % de FBManna ar an eolas Ráta sástachta na gcliant (% na FBManna a deir go bhfuil siad sásta, breisluach na seirbhíse sonraí): >80% Líon na FBManna a bheidh ag fáil seirbhísí tacaíochta: 500 000 in aghaidh na bliana Líon na FBManna a bheidh rannpháirteach in imeachtaí bróicéireachta agus i misin chuideachta: 60 000 in aghaidh na bliana

Tacaíocht gnó do FBManna i margaí lasmuigh den AE Sciar (%) na FBManna a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta (onnmhairí, allmhairí, infheistíocht dhíreach choigríche agus gníomhaíochtaí eile) taobh amuigh den AE || 13 % (2009) || 17 % (2017)

Comhar tionsclaíoch idirnáisiúnta Líon na gcás ina bhfuil feabhas tagtha ar ailíniú rialachán an AE agus tríú tíortha maidir le táirgí tionsclaíocha Líon na réimsí agus na ndea‑chleachtas de chuid Small Business Act an AE a tugadh isteach i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha is iarrthóirí || Meastar, maidir le comhar rialála le príomh‑chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India), go bhfuil ar an meán 2 réimse ábhartha ina ndearnadh ailíniú suntasach ar rialacháin theicniúla Sna trí réigiún beartais (réigiún na dtíortha is iarrthóirí, an chomharsanacht Oirthearach agus an chomharsanacht Mheánmhara), meastar, ar an meán, go ndearnadh rialáil ar 3 cinn de na 10 réimse beartais den SBA sna tíortha sin. || 3 réimse ábhartha ina mbeidh ailíniú suntasach déanta ar rialacháin theicniúla le príomh‑chomhpháirtithe trádála (SAM, an tSeapáin, an tSín, an Bhrasaíl, an Rúis, Ceanada, an India) (2017) 5 réimse beartais den SBA sna trí réigiún beartais (réigiúin na dtíortha is iarrthóirí, an chomharsanacht Oirthearach agus an chomharsanacht Mheánmhara) (2017)

IARSCRÍBHINN II

Gníomhaíochtaí chun rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna

1. Ar na gníomhaíochtaí a fheabhsóidh an rochtain ar mhaoiniú do FBManna beidh saoráid cothromais agus saoráid iasachta faoi ráthaíocht.

2. Déanfar saoráid cothromais an Chláir um Iomaíochas Fiontar agus FBManna, an tSaoráid Cothromais Fáis (EFG), a chur chun feidhme mar thairseach ar ionstraim airgeadais amháin AE um maoiniú cothromais a thacóidh le fás fhiontair an AE agus le taighde, forbairt agus nuálaíocht (RDI) ón gcéadchéim (síolchaipiteal) go dtí céim an fháis, agus tabharfar tacaíocht airgeadais ón tionscnamh ‘Fís 2020’ agus ón gClár seo.

Úsáidfidh EFG an mheicníocht seachadta chéanna agus a úsáideann an tsaoráid cothromais i gcás RDI agus bunófar an mheicníocht sin faoin tionscnamh 'Fís 2020', de réir na dtéarmaí atá leagtha síos thíos.

3. Déanfar an tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht (LGF) a chur chun feidhme mar chuid d’ionstraim amháin AE um maoiniú fiachais a thacóidh le fás agus RDI fhiontair an AE, agus úsáidfear an mheicníocht seachadta chéanna agus a úsáideann tairseach na saoráide iasachta faoi ráthaíocht atá ceangailte le héileamh FBManna faoin tionscnamh ‘Fís 2020’ (RSI II), de réir na dtéarmaí atá leagtha síos thíos.

4. Comhlíonfaidh an tsaoráid cothromais agus an tsaoráid iasachta faoi ráthaíocht na forálacha a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais sa Rialachán Airgeadais agus sa Ghníomh Tarmligthe a ghabhann ionad na rialacha cur chun feidhme agus comhlíonfaidh siad freisin ceanglais oibríochta níos mionsonraithe a leagfar amach i dtreoraíocht ón gCoimisiún.

5. Beidh an tsaoráid cothromais agus an tsaoráid iasachta faoi ráthaíocht comhlántach leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as ionstraimí airgeadais le haghaidh FBManna faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe.

6. Féadfaidh an tsaoráid cothromais agus an tsaoráid iasachta faoi ráthaíocht a n-acmhainní airgeadais a chomhtiomsú, i gcás inarb iomchuí, le hacmhainní airgeadais na mBallstát sin atá toilteanach páirt de na Cistí Struchtúracha a tugadh dóibh i gcomhréir le [hAirteagal 33(1)(a) den Rialachán maidir le Cistí Struchtúracha] a ranníoc leo.

7. Déanfar iocam agus aisíocaíochtaí a bhaineann le GIF 2 faoin gCreatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) a shannadh don Chlár um Iomaíochas Fiontar agus FBManna.

8. Déanfar na hionstraimí airgeadais le haghaidh FBManna atá dírithe ar fhás a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha ábhartha AE a bhaineann le Státchabhair.

An tSaoráid Cothromais Fáis (EFG)

1. Díreoidh an EFG ar chistí trína dtugtar caipiteal fiontair agus maoiniú mezzanine, ar nós iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, d'fhiontair forbraíochta agus d’fhiontair ag céim an fháis, go háirithe na fiontair sin a oibríonn thar theorainneacha, ach beidh an deis aige freisin infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair chéadchéime i gcomhar leis an tsaoráid cothromais le haghaidh RDI faoin tionscnamh ‘Fís 2020’. Sa chás deireanach sin, ní sháróidh an infheistíocht ó EFG 20 % d’infheistíocht iomlán an AE ach amháin i gcás cistí ilchéime, cás ina dtabharfar an cistiú ó EFG agus ón tsaoráid cothromais le haghaidh RDI ar bhonn pro rata, bunaithe ar bheartas infheistíochta na gcistí. Seachnóidh an EFG caipiteal ceannaigh thar barr amach nó caipiteal athsholáthair atá beartaithe chun fiontar sealbhaithe a dhíchóimeáil. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an uasteorainn 20 % a leasú i bhfianaise dálaí athraitheacha sa mhargadh.

2. Beidh an tacaíocht i bhfoirm ceann de na hinfheistíochtaí seo a leanas:

(a) infheistíocht dhíreach ón gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) nó ó eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin; nó

(b) trí chistí cistí nó meáin infheistíochta a dhéanann infheistíocht thar theorainneacha, arna mbunú ag an CEI nó eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin in éineacht le hinfheisteoirí príobháideacha agus/nó le hinstitiúidí náisiúnta airgeadais poiblí;

An tSaoráid Iasachta faoi Ráthaíocht (LGF)

1. Beidh an LGF á oibriú ag an CEI nó ag eintitis eile a bhfuil sé de chúram orthu an cur chun feidhme a dhéanamh thar ceann an Choimisiúin. Soláthróidh an tsaoráid:

· frithráthaíochtaí agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh scéimeanna ráthaíochta;

· ráthaíochtaí díreacha agus socruithe eile roinnte riosca le haghaidh aon idirghabhálaithe airgeadais eile a shásaíonn na critéir incháilitheachta.

2. Beidh an dá ghníomhaíocht seo a leanas ar áireamh san LGF:

· maoiniú fiachais trí iasachtaí, lena n-áirítear iasachtaí fo-ordaithe agus iasachtaí rannpháirteachais, nó léasú, trína laghdófar na deacrachtaí áirithe a bhíonn ag FBManna maidir le maoiniú a fháil i ngeall ar an riosca ard a bhraitear leo nó an easpa comhthaobhachta leormhaithe atá ar fáil acu;

· urrúsú phunanna maoinithe fiachais na FBManna, trína slógfar breis maoinithe fiachais le haghaidh FBManna faoi shocruithe roinnte riosca iomchuí i gcomhar leis na spriocinstitiúidí. Beidh an tacaíocht do na hidirbhearta sin coinníollach ar ghealltanas ó na hinstitiúidí tionscnaimh cuid shuntasach den toradh leachtachta nó den chaipiteal slógtha a úsáid le haghaidh iasachtaí nua do FBManna i dtréimhse réasúnta ama. Déanfar méid an mhaoinithe nua fiachais sin a ríomh maidir le méid an riosca punainne faoi ráthaíocht agus déanfar é agus an tréimhse ama a idirbheartú ar bhonn leithligh le gach institiúid tionscnaimh faoi seach.

3. Cé is moite d’iasachtaí sa phunann urrúsaithe, déanfaidh an LGF iasachtaí go dtí EUR 150 000 le haibíocht íosta 12 mhí a chumhdach. Beidh an LGF ceaptha sa chaoi is go bhféadfar tuairisc a thabhairt ar na FBManna nuálacha a fhaigheann tacaíocht, maidir le líon agus méid na n-iasachtaí.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.         LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

            1.1.      Teideal an togra/tionscnaimh

            1.2.      Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

            1.3.      An cineál togra/tionscnaimh

            1.4.      Cuspóirí

            1.5.      Na forais leis an togra/tionscnamh

            1.6.      Fad agus tionchar airgeadais

            1.7.      Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.         BEARTA BAINISTÍOCHTA

            2.1.      Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

            2.2.      Córas bainistíochta agus rialaithe

            2.3.      Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.         AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

            3.1.      Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

            3.2.      An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

            3.2.1.   Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

            3.2.2.   An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

            3.2.3.   An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

            3.2.4.   Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

            3.2.5.   Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

            3.3.      An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.         LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.      Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár um iomaíochas fiontar agus um fhiontair bheaga agus mheánmhéide (2014 - 2020)

1.2.      Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[24]

Réimse beartais:            Fiontraíocht agus Tionscal

Gníomhaíochtaí:            Iomaíochas, Beartas Tionscail, Nuálaíocht agus Fiontraíocht

Freagraíonn an réimse beartais reatha don chreat ABM/ABB reatha. B’fhéidir go saineofaí creat buiséid nua do bhliain airgeadais 2014 tar éis fhormheas an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir le Peirspictíocht Airgeadais 2014-2020.

1.3.      An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[25]

x Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4.      Cuspóirí

1.4.1.   Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é an cuspóir straitéiseach ilbhliantúil a bhfuil an Clár seo dírithe air ná cur chun feidhme Straitéis ‘Eoraip 2020’, agus trí thionscnaimh shuaitheanta na Straitéise sin - fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach - déantar foráil inti maidir le bearta chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus iomaíochas fhiontair an AE a neartú don todhchaí. Tríd an gClár, spreagfar cultúr na fiontraíochta agus cuirfear cruthú agus fás FBManna chun cinn. Go háirithe, rannchuideoidh an Clár atá beartaithe leis an bpríomhsprioc a bhaineann le fostaíocht (75 % de dhaoine idir 20-64 bliain a bheith i bhfostaíocht).

1.4.2.   Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

1.         Coinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an Aontais, lena n‑áirítear in earnáil na turasóireachta;

2.         Fiontraíocht a chur chun cinn, lena n‑áirítear i measc spriocghrúpaí sonracha;

3.         Rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna;

4.         Rochtain ar mhargaí a fheabhsú laistigh den Aontas agus ar leibhéal domhanda.

Tugtar achoimre in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo ar na spriocanna meántéarmacha a bhaineann leis na cuspóirí sonracha sin.

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

B’fhéidir go saineofaí creat buiséid nua tar éis fhormheas an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir le Peirspictíocht Airgeadais 2014-2020.

1.4.3.   An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Is é aidhm dheiridh an Chláir atá beartaithe athrú dearfach a bhaint amach i ndálaí eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus a chuid fiontar, amhail méadú fáis, méadú fostaíochta agus níos mó gnólachtaí nuathionscanta. Díreoidh na hiarrachtaí ar thacaíocht a thabhairt do chuspóir Straitéis ‘Eoraip 2020’ agus a príomhspriocanna trí thacú le gníomhaíochtaí an tionscnaimh shuaitheanta “An integrated industrial policy for the globalisation era” agus leis an Athbhreithniú ar an “Small Business Act”.

Is é príomhchuspóir agus ról an Chláir tacú le beartas iomaíochais nua-aimseartha agus éifeachtach Eorpach a fhorbairt, a chomhordú agus a chur chun feidhme, ag díriú go háirithe ar FBManna.

Déanfar na cuspóirí sonracha atá luaite faoi 1.4.2. a chomhlíonadh ar na bealaí seo a leanas:

– rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna atá dírithe ar fhás agus do FBManna a d’fhéadfadh gnó a fhorbairt ar leibhéal idirnáisiúnta;

– seirbhísí tacaíochta agus faisnéise níos fearr do FBManna, ar an Margadh Inmheánach agus níos faide i gcéin;

– malartú níos fearr dea-chleachtais agus faisnéise, tagarmharcáil agus comhordú beartais ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach;

– iomaíocht níos fearr sna spriocearnálacha.

Is gnólachtaí Eorpacha iad na príomhpháirtithe leasmhara a ndéanann bunchúiseanna na faidhbe difear dóibh agus ba cheart don Chlár aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna sin. Déantar níos mó dochair do FBManna ná do ghnólachtaí móra i ngeall ar na tréithe a bhaineann le FBManna i dtaobh úinéireachta caipitil, bainistíochta agus modhanna maoinithe, agus beidh idirghabháil shaincheaptha beartais ag teastáil dóibh. Ós rud é gur FBManna an phríomhfhoinse fostaíochta nua san AE, téann forbairt FBManna i bhfeidhm go díreach ar an lucht saothair. Dá réiteofaí na fadhbanna atá ag FBManna chuirfí feabhas suntasach freisin ar dheiseanna fostaíochta an AE.

1.4.4.   Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

D’éirigh go maith leis an gcur chuige bainistíochta bunaithe ar thorthaí a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gclár reatha agus le faireachán bliantúil ar fheidhmíocht maidir le héachtaí an chláir a léiriú, chomh maith le cuntasacht an Aontais a fheabhsú. Mar fhorbairt ar an taithí sin, agus na moltaí meastóireachta a fuarthas á gcur san áireamh, tá loighic shoiléir idirghabhála (ina gcuireann cuspóirí oibríochta SMART le gnóthú na gcuspóirí ginearálta) ag an gClár nua mar aon le sraith chomhfhreagrach de tháscairí a léiríonn toradh agus tionchar. Ós rud é go bhfuil aga moille idir seachadadh na n-aschur agus an tionchar a bhíonn acu ar na cuspóirí ginearálta, déanfar an dul chun cinn maidir le gnóthú na gcuspóirí sin a thomhas de ghnáth ag eatraimh trí bliana agus déanfar an dul chun cinn maidir le gnóthú na gcuspóirí oibríochta a thomhas go bliantúil. Tá liosta iomlán na dtáscairí le fáil mar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin.

1.5.      Na forais leis an togra/tionscnamh

1.5.1.   Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tacóidh an Clár atá beartaithe leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus le príomhpháirtithe leasmhara chun beartais agus gníomhaíochtaí tacaíochta éifeachtacha a bhaineann le hiomaíochas agus le fiontraíocht a mbeidh sé mar aidhm leo dul i ngleic leis na dúshláin fhadtéarmacha seo a leanas a cheapadh, a chomhordú agus a chur chun feidhme:

– Fadhbanna rochtana ar mhaoiniú

– Leibhéal íseal de chruthú FBManna

– Saincheisteanna a bhaineann le speisialtóireacht tionscail

– Acmhainn teoranta oiriúnú a dhéanamh do dhúshláin inbhuanaitheachta

– Teorainn le gnó idirnáisiúnta FBManna

– Meon fiontraíochta lag agus

– Timpeallacht ghnó nach bhfuil cairdiúil.

Sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, rachaidh an Clár i ngleic leis na teipeanna beartais, margaidh agus institiúideacha seo a leanas:

– Easpa beartais chomhordaithe

– Neamhshiméadrachtaí faisnéise

– Costas ard ar idirbhearta agus

– Ilroinnt na timpeallachta rialála.

1.5.2.   Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá deis faoi leith ag an AE ardán Eorpach a sholáthar maidir le malartú beartais agus foghlaim fhrithpháirteach i mbeartais a bhaineann le hiomaíochas agus le FBManna a mbeidh páirtithe leasmhara náisiúnta, réigiúnacha agus Eorpacha bainteach leis. Cuireann gníomhaíocht ar leibhéal an AE breisluach le gníomhaíocht ar leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach trí ghné Eorpach a chur le bailiú agus le hanailísiú sonraí, le forbairt uirlisí agus modhanna staidrimh agus comhtháscairí. Is réamhriachtanas í fianaise uile-Eorpach den sórt sin chun anailís fhónta a dhéanamh ar na príomhfhachtóirí a imríonn tionchar ar iomaíochas agus ar FBManna.

1.5.3.   Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Meastóireacht EIP

Rinne an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus meastóireacht dheiridh ar an gClár Fiontraíochta agus Nuálaíochta (EIP) (a críochnaíodh in Aibreán 2009 agus in Aibreán 2011) agus meastóireacht eatramhach ar an CIP (Márta 2010). Léirigh na meastóireachtaí sin ar an EIP agus ar an CIP go bhfuil cuspóirí na gclár sin ábhartha d’aidhmeanna straitéiseacha bheartais an AE agus go bhfuil siad ailínithe leo. Cé go raibh teorainn leis an mbuiséad, is léir go ndearnadh dul chun cinn, go háirithe maidir leis na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a thugann aghaidh ar FBManna. Is léir ó na hagallaimh agus ó fhianaise eile go bhfuil breisluach Eorpach ag baint leis an gClár.

Meastóireacht EACI

Rinneadh páirt de bhuiséad EIP a tharmligean chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht (EACI). Is é an tátal a bhí ar mheastóireacht a críochnaíodh i mBealtaine 2011 go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ag an EACI agus gur meicníocht seachadta éifeachtach atá ann maidir leis na tionscnaimh sin a bhfuil freagracht oibríochta air astu. Dhearbhaigh an EACI go raibh beagnach 100 % den bhuiséad comhlíonta.

Comhairliúchán poiblí

Mar chuid den phróiseas measúnaithe tionchair, seoladh comhairliúchán poiblí maidir le hionstraim a d’fhéadfadh ionad an CIP a ghlacadh. Bhí sé dírithe ar eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha nó ar dhaoine aonair ar theastaigh uathu a ndearcadh a thabhairt le fios, amhail fiontair, eagraíochtaí gnó, soláthraithe tacaíochta taighde agus nuálaíochta agus rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus phoiblí.

Is éard a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin suirbhé ar líne, comhdháil phoiblí, cruinnithe le hionadaithe Ballstát sna coistí bainistíochta CIP éagsúla agus cruinniú le Bord Comhairleach Straitéiseach CIP. Deimhníodh le linn an chomhairliúcháin go bhfuil roinnt mhaith codanna den chlár reatha ag oibriú go maith, agus go bhfuil tacaíocht ghinearálta ann do chlár AE dírithe ar FBManna a chothabháil agus timpeallacht ghnó fhabhrach a chruthú. Pléadh ceisteanna maidir le rochtain ar mhaoiniú do FBManna ag cruinnithe Fhóram Airgeadais na FBManna a tionóladh i Meán Fomhair 2010 agus i Márta 2011.

1.5.4.   Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú éifeachtach ann idir thionscnaimh an Aontais agus thionscnaimh na mBallstát, ar an taobh amháin, agus idir thionscnaimh éagsúla Aontais i réimsí gaolmhara, ar an taobh eile, agus díreofar, ar an dóigh sin, ar bhreisluach Eorpach a mhéadú agus ar fhorluí a íoslaghdú.

Déanfar sineirgíochtaí le cláir eile a uasmhéadú, go háirithe, trí uirlis a chur ar fáil ar féidir léi fónamh do chuspóirí beartais eile. Tríd an Líonra Fiontar Eorpach soláthrófar meán chun naisc a chruthú le cláir agus le tionscnaimh eile, maidir le scaipeadh faisnéise 'ón mbarr anuas', iad a chur chun cinn, agus bailiú aiseolais ó na páirtithe leasmhara 'ón mbun aníos'.

Sheachnófaí leis an gClár nua go mbeadh forluí ann le cláir eile: ní chlúdófar gníomhaíochtaí trína dtugtar aghaidh ar theipeanna an mhargaidh in ábhar nuálaíochta, mar go dtagann sin faoin gClár ‘Fís 2020’. Dhíreodh na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear faoi ‘Fís 2020’, go háirithe, ar mhaoiniú a thabhairt d’fhiontair atá bunaithe ar thaighde agus ar nuálaíocht ach dhíreodh an Clár nua ar FBManna le linn chéim an fháis agus chéim an idirnáisiúnaithe. De bharr an spriocghrúpa sin a bheith ag an gClár, sheachnófaí leis go mbeadh forluí ann leis an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach Progress (Micreamhaoiniú Progress). Bunaíodh an tSaoráid sin mar chuid de fhreagairt an Aontais ar an ngéarchéim, agus an dífhostaíocht agus an eisiamh sóisialta ag dul i méid. Is é an sprioc atá leis an Micreamhaoiniú Progress cur leis an rochtain ar mhicreamhaoiniú do ghrúpaí leochaileacha, go háirithe sa gheilleagar sóisialta. Bheadh an rud céanna i gceist lena chomharba tar éis 2013, agus cuimseofar infheistíochtaí i bhfiontair shóisialta faoi freisin. Thairis sin, feidhmeoidh na gníomhaíochtaí ráthaíochta atá sa Chlár atá beartaithe in éineacht leis na gníomhaíochtaí ráthaíochta arna gcistiú faoi na Cistí Struchtúracha. Díreoidh comharba an SMEG níos mó ar ráthaíochtaí a thacóidh le hiasachtú trasteorann agus ilnáisiúnta, chomh maith le hurrúsú, i gcomhréir le moltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa. D’áiritheofaí sin go mbeadh leibhéal ard comhlántachta ann le cláir ar nós JEREMIE atá dírithe ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach.

Cuirfear comhlántacht an Chláir nua leis an Ionstraim Comhpháirtíochta atá beartaithe san áireamh go cúramach. Beidh sé fíor-riachtanach go mbeidh gníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh comhlántach le gné sheachtrach an chláir oibre inmheánaigh maidir le fás inbhuanaithe agus poist a áirithiú san Eoraip.

D’fhonn cuspóirí an Chláir nua a ghnóthú, mar a tugadh suntas dóibh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gcéad MFF eile, tá sé fíor-riachtanach go gcuirfear sainleasa agus sainthosca na FBManna san áireamh agus beartais agus cláir mhaoiniúcháin uile an Aontais á gceapadh. Déanfar an creat airgeadais todhchaí a cheapadh chun rannpháirteachas fiontar beag i gcláir chistiúcháin a éascú, trí na rialacha a shimpliú, na costais rannpháirteachais a laghdú, nósanna imeachta dámhachtana a luathú agus 'aonad ilfhreastail' a sholáthar chun an saol a dhéanamh níos éasca do thairbhithe chistiú an Aontais.

1.6.      Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh d’fhad teoranta

– X       Togra/tionscnamh in éifeacht ón 01/01/2014 go dtí an 31/12/2020

– X       Tionchar airgeadais (leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí) ó 2014 go 2024 (maidir leis na hIonstraimí Airgeadais go dtí 2035)

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7.      Modhanna bainistíochta atá beartaithe[26]

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

X Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– X       gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– X       comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[27]

– ¨      comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨      daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

X Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Nótaí:

Tá sé beartaithe go mbeadh an ghníomhaíocht faoi bhainistíocht dhíreach pháirteach ag an gCoimisiún agus faoi bhainistíocht indíreach pháirteach trí na cúraimí a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

Maidir le deiseanna eile bainistíochta indírí agus i bhfianaise an chineáil ghníomhaíochtaí agus tionscadal a bhfuil súil leo faoin gClár atá beartaithe, measann an Coimisiún go bhféadfaí gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana a úsáid. Ní bhainfidh sé sin, áfach, ach le cúraimí nach bhfuil roghanna polaitiúla i gceist leo.

Tá sé beartaithe freisin, i gcás gníomhaíochtaí áirithe anailíse agus tagarmharcála, comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta a úsáid, amhail Comhairle na hEorpa, an OECD, an UNWTO (an Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta) agus an ETC – Coimisiún Turasóireachta na hEorpa.

Is é an Ciste Eorpach Infheistíochta a dhéanfaidh na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme.

2.         BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.      Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha

Áiritheoidh an Coimisiún Eorpach ar bhonn leanúnach go mbeidh faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir nua. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin an faireachán sin ar bhonn díreach agus déanfaidh idirghálaithe ar nós CEI agus na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhféadfadh cur chun feidhme codanna den Chlár a bheith curtha faoina gcúram é ar bhonn indíreach. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil bhliantúil faireacháin ina scrúdófar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh maidir le cur chun feidhme airgeadais, torthaí agus, más féidir, tionchar na ngníomhaíochtaí agus deis a thabhairt aon oiriúnú is gá a dhéanamh ar an mbeartas agus ar na tosaíochtaí cistiúcháin. Beidh tomhas na feidhmíochta faoi réir foirne comhsheasmhaí táscairí.

Braithfidh an córas faireacháin agus meastóireachta, den chuid is mó, ar chóras an chláir reatha, ach déanfar na feabhsuithe seo a leanas ar an gcóras bailithe agus anailísithe sonraí, mar aon leis an gcur chuige meastóireachta agus faireacháin (de réir na moltaí a thabharfar sna meastóireachtaí ar an gclár reatha):

– foireann nua táscairí sonracha agus socruithe faireacháin a fhoirmliú;

– crostagairt le táscairí suaitheanta na Straitéise ‘Eoraip 2020’ chun an próiseas bainistithe cláir a stiúradh agus ionchur breise a chur ar fáil do phróiseas faireacháin ‘Eoraip 2020’;

– modheolaíochtaí frithfhíorasacha a úsáid, trí shamplaí de thairbhithe a chur i gcomparáid le sampla cosúil de neamhthairbhithe, más ábhartha, agus chun tionchar an chláir ar na táscairí atá beartaithe a idirdhealú ón tionchar a bhíonn ag aon athrú ar na dálaí eacnamaíocha.

– deis dul ar iontaoibh meastóireachtaí téamacha thar ghnéithe éagsúla an chláir nua, más ábhartha.

Beidh an Clár nua faoi réir meastóireachta eatramhaí agus ex-post chun an dul chun cinn ar chuspóirí agus na torthaí a mheasúnú. Críochnófar an mheastóireacht eatramhach faoi dheireadh 2017 chun cur le hullmhúchán ionstraime comharbaí ar an gClár. Déanfar an mheastóireacht ex-post laistigh de dhá bhliain ón tráth a chríochnófar an Clár.

2.2.      Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.   Na rioscaí a aithníodh

Is trí ionstraimí airgeadais, deontais agus soláthar poiblí a chuirfear buiséad an Chláir chun feidhme. Tá rioscaí éagsúla a bhaineann le gach ceann de na cineálacha éagsúla caiteachais sin. Sna hiniúchtaí a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus in inúchtaí ex post an Choimisiúin féin aithníodh na príomhrioscaí seo a leanas a d’fhéadfadh a bheith bailí i gcás an Chláir seo.

I gcás ionstraimí airgeadais: Tagraíonn na príomhrioscaí a aithníodh d’incháilitheacht (idirghabhálaithe airgeadais idirnáisiúnta (IFI) agus tairbhithe deiridh), comhlíonadh conarthach (trasuí cheanglais an Choimisiúin sa doiciméadacht chonarthach), comhlíonadh próisis (neamhchomhlíonadh próiseas a fhorordaíonn an Coimisiún) agus feidhmíocht (neamhchomhlíonadh na spriocanna/cuspóirí réamhshainithe).

Tabharfar aghaidh ar na cineálacha sin rioscaí ach na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh:

· Beidh gnéithe suntasacha den phróiseas bainistíochta agus rialaithe á gcur i gcrích ag an IFI.

· Beidh ar an gCoimisiún brath go mór ar chórais bhainistíochta agus rialaithe na IFIanna.

· Is tábhachtach an leibhéal iomchuí de rialuithe a áirithiú, mar aon leis an slabhra cur chun feidhme mar go mbíonn freagrachtaí soiléire ar gach ceann de na rannpháirtithe ar leith.

· Níl feidhm ag fíorú lárnach ex ante aonad airgeadais an DG ach maidir le hidirbhearta buiséadacha leis an IFI agus ní le hidirbhearta a bhaineann le tionscadal sonrach.

I gcás deontas: I ngeall ar chostas casta na rialacha incháilitheachta agus ar an taithí theoranta atá ag tairbhithe áirithe (FBManna) ar bhainistíocht airgeadais, d’fhéadfadh baol mór a bheith ann go ndéanfar costais mhíchearta a dhearbhú (e.g. má dhearbhaíonn tairbhithe costais neamhthabhaithe maidir le húinéir/bainisteoir an FBM).

Ós rud é nach bhfuil bunachar sonraí iomlán ar fáil le faisnéis faoi na tairbhithe, na tionscadail agus na costais dhearbhaithe, d’fhéadfadh sé a bheith deacair na tairbhithe rioscúla agus iontrálacha dúbailte costas nó neamhréireachtaí eile a aimsiú, rud a chruthódh gníomhaíocht frithchalaoise nach bhfuil aon éifeacht ag baint léi.

I gcás soláthair phoiblí: D’fhéadfadh droch-chomhlíonadh conartha a bheith mar thoradh ar earráidí neamhbhraite nó neamhcheartaithe i dtairiscintí nó i sonraíochtaí tairisceana.

2.2.2.   Modhanna rialaithe atá beartaithe

Tá modhanna rialaithe éagsúla beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí difriúla a aithníodh thuas.

1. IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Faisnéis faoin gcóras rialaithe inmheánaigh

Tá córas bainistíochta agus rialaithe atá bunaithe ar na bearta seo a leanas beartaithe le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais:

– measúnú ex ante an IFI;

– faireachán bunaithe ar riosca, lena n-áirítear ar bhonn tuairiscithe chaighdeánaithe;

– beart coisctheach trí cheanglais iomchuí incháilitheachta, chomhlíonta chonarthaigh, chomhlíonta próisis agus feidhmíochta a cheapadh;

– leigheasanna conarthacha trínar féidir beart coisctheach a dhéanamh i gcás earráidí cur chun feidhme maidir le ceanglais incháilitheachta, chomhlíonta chonarthaigh, chomhlíonta próisis agus feidhmíochta;

– rialuithe ex ante maidir le híocaíochtaí ón DG le cuntas iontaobhais an IFI;

– bearta úis a ailíniú;

– rannpháirtíocht rialachais;

– cearta rochtana iniúchta maidir le IFIanna, fo-idirghbhálaithe agus tairbhithe deiridh;

– rian iniúchta iomlán lena gclúdaítear an slabhra cur chun feidhme;

– iniúchtaí comhlíonta agus feidhmíochta ag gníomhairí an Choimisiúin;

– urrús comhtháite a fhorbairt trí chóras na rialuithe inmheánacha agus chóras an iniúchta inmheánaigh arna gcothabháil ag IFIanna agus ag fo-idirghabhálaithe, lena dtugtar aghaidh ar cheanglais incháilitheachta, chomhlíonta chonarthaigh, chomhlíonta próisis agus feidhmíochta, a chur san áireamh;

– ráitis airgeadais arna n-iniúchadh ag iniúchóirí seachtracha;

– ráitis urrúis arna soláthar ag IFIanna ar bhonn bliantúil.

Tá roinnt bealaí ann lena fhíorú an bhful na próisis ag oibriú mar is ceart:

– an t-eolas atá ag an lucht bainistíochta faoin riocht ina bhfuil córais rialaithe inmheánaigh na DGanna, eolas a fhaightear ón obair agus ón taithí laethúil;

– socruithe foirmiúla maoirseachta, leantacha agus faireacháin an DG;

– na torthaí ón athbhreithniú bliantúil ICS (‘lánchomhlíonadh na mbuncheanglas’);

– na torthaí ón Measúnú Riosca;

– na rialuithe ex ante agus ex post, lena n-áirítear tuairiscí ar eisceachtaí agus/nó ar laigí sa rialú inmheánach;

– na torthaí ó iniúchtaí seachtracha airgeadais an DG;

– an obair iniúchta agus chomhairleoireachta arna déanamh ag Inniúlacht Iniúchta Inmheánaigh an DG;

– meastóireachtaí ar na Cláir a chuir meastóirí seachtracha i gcrích.

Beidh aiseolas breise faoi leordhóthanacht an chórais rialaithe le fáil ón iniúchadh a dhéanfaidh IAC, IAS agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.

Meastachán ar chostais agus sochair na rialuithe atá intuigthe leis an gcóras rialaithe

Rinneadh na rialuithe atá beartaithe a mheas go ginearálta i gcomhréir leis an sainmhíniú ar rialú inmheánach atá sonraithe i samhail COSO: próiseas a ceapadh chun cinnteacht réasúnta a thabhairt go ngnóthófar na cuspóirí maidir le héifeachtacht agus le héifeachtúlacht oibríochtaí, iontaofacht an tuairiscithe airgeadais, agus comhlíonadh na ndlíthe agus na rialacháin is infheidhme. Rinneadh meastachán cuimsitheach ar chostais na rialuithe ina gcuimsítear aon ghníomhaíochtaí atá bainteach go díreach nó go hindíreach le fíorú chearta an IFI, an idirghabhálaí airgeadais agus an tairbhí deiridh, chomh maith le rialtacht an chaiteachais. Déantar iad a mhionsonrú feadh na gcéimeanna bainistíochta éagsúla, agus i gcomhréir leis an gcur síos ar an gcóras rialaithe atá beartaithe.

Tá sonraí maidir leis na príomhathruithe seo a leanas ar áireamh sna coigeartuithe chun na hathruithe a bhfuil súil leo ar an togra nua a chur san áireamh:

a) Soiléiriú ar na rialacha is infheidhme faoi na Cláir Cothromais/Fiachais agus beart coisctheach breise trí cheanglais iomchuí a cheapadh

b) Bearta úis agus leigheasanna conarthacha breise a ailíniú trínar féidir beart coisctheach a dhéanamh i gcás earráidí cur chun feidhme maidir le ceanglais.

An leibhéal ionchais riosca maidir le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme a mheasúnú

Faoin gcóras rialaithe atá beartaithe, fanfaidh an leibhéal ionchais riosca maidir le neamhchomhlíonadh (atá sainmhínithe mar riosca ionchais earráide dlíthiúlachta agus rialtachta ar leibhéal na n-idirbheart) faoi bhun 2 % ar bhonn ilbhliantúil, ach ar chostas níos ísle i ngeall ar mhaolú minicíochta riosca agus tionchair riosca, a thig ó na bearta breise a ghlacfar.

Tá súil go dtitfidh an ráta earráide i ngeall ar an soiléiriú ar na rialacha is infheidhme lena n-áirítear ceanglais SMART, i ngeall ar threisiú breise na leigheasanna conarthacha agus ar ailíniú breise an úis.

2. DEONTAIS

Tá sé beartaithe go ndéanfar páirt shuntasach de bhuiséad an Chláir a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach pháirteach, i.e. feidhmiú ag na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

Faisnéis faoin gcóras rialaithe inmheánaigh

Tá an creat rialaithe inmheánaigh reatha fothaithe ar chur chun feidhme Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, nósanna imeachta maidir leis na tionscadail is fearr a roghnú agus ionstraimí dlí a dhéanamh astu, bainistiú tionscadal agus conartha feadh shaolré an tionscadail, seiceálacha ex ante ar éilimh, lena n-áirítear deimhnithe iniúchta a fháil, deimhniú ex ante ar mhodheolaíochtaí costais, iniúchtaí ex post agus ceartuithe, agus meastóireacht.

Sna doiciméid a bhaineann le glaonna ar thograí, tá treoraíocht mhionsonraithe ar na rialacha incháilitheachta agus, go háirithe, ar na hearráidí is coitianta maidir le costais foirne. Iarrtar ar thairbhithe a ndóthain mionsonraí faoi na costais atá tuartha a thabhairt agus iad ag déanamh togra, le go bhféadfar fíorú ex ante a dhéanamh agus earráidí nó míthuiscintí a d’fhéadfadh a bheith ann a aimsiú agus, nuair is gá, athruithe ar chur chun feidhme nó ar oiriúnú an chomhaontaithe deontais. Méadóidh sé sin go mór cinnteacht dlíthiúil na dtairbhithe agus laghdófar an baol earráide.

Déanfar rialuithe ex post d’fhonn an meánráta earráide ionadaíoch a bheidh ann i gcónaí, fiú le hoiliúint, seiceálacha ex ante agus ceartuithe, a chinneadh. Beidh an straitéis iniúchta ex post le haghaidh caiteachais faoin gClár bunaithe ar iniúchadh airgeadais na n-idirbheart atá sainithe de réir samplála bunaithe ar luachanna airgeadaíochta, agus comhlánfar é le sampla bunaithe ar riosca. Déanfar an straitéis iniúchta ex post maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht a chomhlánú le meastóireacht oibríochta neartaithe agus leis an straitéis frithchalaoise (féach pointe 2.3 thíos).

Meastachán ar chostais agus sochair na rialuithe atá intuigthe leis an gcóras rialaithe

Beidh gá cothromaíocht a bhaint amach idir mhéadú ar tharraingteacht an Chláir, ar an taobh amháin, tríd an ualach rialaithe a laghdú do na tairbhithe (méadú muiníne agus dul i riosca ag úsáid níos mó rátaí comhréidhe, cnapshuimeanna agus scálaí costais aonaid) agus, ar an taobh eile, a áirithiú go bhfanfaidh an ráta d’earráidí neamhcheartaithe chomh híseal agus is féidir.

Bunóidh DG ENTR córas rialaithe inmheánaigh cost-éifeachtúil a thabharfaidh dóthain cinnteachta go bhfuil an riosca earráide, feadh na tréimhse caiteachais ilbhliantúla, sa réimse idir 2-5 % sa bhliain; is é an aidhm chríochnaitheach a bheidh leis leibhéal iarmhair earráide a bhaint amach a bheidh chomh gar agus is féidir do 2 % tráth chríoch na gclár ilbhliantúil, a luaithe a bheidh tionchar airgeadais na n-iniúchtaí uile, agus na mbeart ceartaitheach agus aisghabhála curtha san áireamh.

Beidh an straitéis iniúchta dírithe ar léiriú cothrom agus iontaofa den riosca earráide a chur ar fáil agus comharthaí calaoise a scrúdú go héifeachtach. Níor cheart do na seiceálacha ex ante a dhéanfar ar thograí sula síneofar an comhaontú deontais agus do shoiléiriú na rialacha incháilitheachta fad mór a chur leis an am a thógtar chun conradh a thabhairt i gcrích. Tabharfaidh na hoifigigh um údarú, trí tharmligean, tuairisc bhliantúil ar na costais agus na sochair a bhaineann le rialú agus tabharfaidh an Coimisiún tuairisc don údarás reachtach faoi chuimsiú an Athbhreithnithe Mheántéarma maidir leis an leibhéal neamhchomhlíonta a d’fhéadfaí a bhaint amach.

An leibhéal ionchais riosca maidir le neamhchomhlíonadh rialacha is infheidhme a mheasúnú

A. Foinsí reatha earráide

Bunaithe ar na torthaí go dtí seo, tá earráidí rialta tugtha faoi deara maidir leo seo a leanas:

· costais phearsanra: meánchostais nó costais buiséid (seachas costais iarbhír) a bheith á gclárú, gan taifid dhóthanacha a bheidh á gcoimeád ar an am a chaitear leis an gclár, ítimí neamhcháilithe a bheith á gclárú (costais úinéara/bainisteora FBM);

· costais dhíreacha eile: fochonarthaí á mbronnadh gan réamhúdarú, nó gan na rialacha a bhaineann le luach ar airgead a bheith á n-urramú, etc.

· costais indíreacha: i gcásanna áirithe, céatadán ráta chomhréidh de na costais dhíreacha, agus bíonn an earráid a bhaineann leis na costais indíreacha i gcomhréir leis an earráid a bhaineann leis na costais dhíreacha dá bhrí sin.

B. Deiseanna simpliúcháin atá beartaithe

Bainfidh an clár leas as na bearta simpliúcháin a áirítear san athbhreithniú tríbhliantúil den Ráiteas Airgeadais. Sa chomhthéacs sin, úsáidfidh an Coimisiún an deis bearta simpliúcháin a ghlacadh, mar shampla scálaí costais aonaid le haghaidh úinéirí/bainisteoirí FBManna nó rátaí caighdeánacha a úsáid le haghaidh costas foirne i gcomhréir le gnáthphrionsabail chuntasaíochta na dtairbhithe.

C. An méid a chuidíonn athruithe rialaithe leis an leibhéal ionchais de neamhchomhlíonadh a laghdú

Is é an status quo an túsphointe, bunaithe ar iniúchtaí deontais CIP a rinneadh go dtí seo. Tá an ráta earráidí a braitheadh le linn iniúchtaí leanúnacha CIP cothrom le timpeall 5 %. Bunaithe ar na toimhdí seo a leanas:

– go bhfuil tairbhithe na ndeontas faoin gClár nua um Iomaíochas Fiontar agus FBManna cosúil leis na tairbhithe sin a ghlac páirt in CIP, agus

– go meastar go dtugann na foinsí earráide atá liostaithe faoi phointe B thuas cuntas ar aon trian de na foinsí earráide,

tá súil go mbeidh laghdú ar an ráta earráide mar thoradh ar na bearta simpliúcháin atá ar áireamh sa Rialachán Airgeadais. Tá súil le laghdú eile ar earráidí mar thoradh ar an soiléiriú ex ante ar na rialacha incháilitheachta.

Conclúid: má chuirtear na bearta uile dá dtagraítear thuas le chéile, is é an aidhm chríochnaitheach leibhéal iarmhair earráide atá chomh gar agus is féidir do 2 % a bhaint amach faoi dheireadh shaolré an Chláir.

Tá an cás sin bunaithe ar an tuiscint nach mbeidh na bearta simpliúcháin faoi réir modhnuithe suntasacha le linn an phróisis cinnteoireachta.

3. SOLÁTHAR POIBLÍ

Tá an creat rialaithe inmheánaigh fothaithe ar chur chun feidhme Chaighdeáin Rialaithe Inmheánaigh an Choimisiúin, nósanna imeachta soláthair phoiblí maidir leis na tograí is fearr a roghnú agus maidir le bainistiú conartha feadh shaolré an tionscadail / chonartha, seiceálacha ex ante ar shonraisc agus seachnófar earráidí iarmhair os cionn 2 % sna híocaíochtaí.

2.3.      Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Faoi chuimsiú Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (CAFS)[28] agus le cuidiú OLAF trí chomhairliúchán agus rannpháirtíocht FPDNet (Líonra OLAF chun calaois a bhrath agus a chosc) tá a dréachtstraitéis frithchalaoise féin (AFS) forbartha ag DG ENTR ina gclúdaítear bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a bhrath agus a chosc go hinmheánach agus ar leibhéal na dtairbhithe agus na gconraitheoirí. Déanfar an AFS a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.

I gcás deontas, go háirithe, foráiltear le Plean Gníomhaíochta AFS DG ENTR go gcruthófar clár lárnach dá thairbhithe uile (coordaitheoirí, comhpháirtithe, fochonraitheoirí agus gníomhaithe eile) agus dá thionscadail (tuarascálacha agus dearbhuithe costais). Leis an mbunachar sonraí sin, in éineacht leis na huirlisí cumhachtacha anailíse sonraí a bheartaítear a fháil chun táscairí calaoise nó ‘comharthaí rabhaidh’ a bhrath, tiocfaidh feabhas mór ar a fheidhmeanna rialaithe agus a chumais iniúchta.

Chun cur leis an eolas agus leis an acmhainn maidir le feidhmiú rialuithe coisctheacha agus éifeachtacha, foráiltear i bPlean Gníomhaíochta AFS DG ENTR go gcuirfear sainchúrsaí oiliúna agus ábhar treoraíochta ar fáil. Sa bhreis air sin, déanfar straitéis rialaithe le haghaidh mheastóireacht inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla na dtairbhithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon leis na tairbhithe a aicmiú de réir riosca bunaithe ar tháscairí calaoise, clárú in uirlisí TF agus comharthaí rabhaidh le haghaidh iniúchtaí ex ante / ex post.

Déanfar nósanna imeachta iniúchta agus treoraíocht le haghaidh iniúchtaí ex post bunaithe ar riosca a fhorbairt freisin agus díreofar ar chásanna calaoise agus neamhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann. Beidh an AFS ag teacht níos fearr le caighdeáin rialaithe inmheánaigh, go háirithe leis an measúnú riosca, agus le AFS DGanna eile agus eintiteas fotharmligthe.

Maidir leis na hionstraimí airgeadais, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh bearta chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile a chosc ar áireamh sa doiciméadacht conarthach leis an IFI, mar aon le dualgas ar an IFI na bearta sin a thrasuí ina gconarthaí le hidirghabhálaithe roghnaithe, agus a thrasuí freisin ina gcórais bhainistíochta agus rialaithe, lena n-áirítear e.g. gníomhaíochtaí faireacháin bunaithe ar cheanglais réamhshainithe de chuid an Choimisiúin.

3.         AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.      Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte nua buiséid arna n-iarraidh (táscach)

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Ceannteideal 1 || LD || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

[1] || Caiteachas oibríochtúil: 02 02 01 Clár um Iomaíochas Fiontar agus FBManna || LD || TÁ || TÁ || TÁ || NÍL

[1] || Caiteachas Riaracháin || LN || TÁ || TÁ || TÁ || NÍL

3.2.      An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.   Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: 1 || Uimhir || [Ceannteideal ………...……………………………………………………………….]

DG: ENTR || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || Oibleagáidí || (1) || 213.600 || 256.000 || 300.500 || 346.000 || 393.500 || 441.000 || 492.400 || || 2443.000

Íocaíochtaí || (2) || 110.240 || 235.240 || 287.240 || 311.240 || 327.240 || 368.240 || 439.240 || 364.320 || 2443.000

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[29] || 02.0104 || (3) || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 12.000 || 12.000 || || 79.000

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG ENTR || Oibleagáidí || =1+3 || 224.600 || 267.000 || 311.500 || 357.000 || 404.500 || 453.000 || 504.400 || || 2522.000

Íocaíochtaí || =2 +3 || 121.240 || 246.240 || 298.240 || 322.240 || 338.240 || 380.240 || 451.240 || 364.320 || 2522.000

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 213.600 || 256.000 || 300.500 || 346.000 || 393.500 || 441.000 || 492.400 || || 2443.000 ||

Íocaíochtaí || (5) || 110.240 || 235.240 || 287.240 || 311.240 || 327.240 || 368.240 || 439.240 || 364.320 || 2443.000 ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 11.000 || 12.000 || 12.000 || || 79.000 ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <1> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 224.600 || 267.000 || 311.500 || 357.000 || 404.500 || 453.000 || 504.400 || || 2522.000 ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 121.240 || 246.240 || 298.240 || 322.240 || 338.240 || 380.240 || 451.240 || 364.320 || 2522.000 ||

||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: ENTR ||

Ÿ Acmhainní daonna || 18.764 || 19.140 || 19.522 || 19.913 || 20.311 || 20.717 || 21.131 || 139.498

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.086 || 0.088 || 0.089 || 0.091 || 0.093 || 0.095 || 0.097 || 0.639

|| || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 DG ENTR[30] den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 18.850 || 19.228 || 19.611 || 20.004 || 20.404 || 20.812 || 21.228 || 140.137

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 243.450 || 286.228 || 331.111 || 377.004 || 424.904 || 473.812 || 525.628 || || 2662.137

Íocaíochtaí || 140.090 || 265.468 || 317.851 || 342.244 || 358.644 || 401.052 || 472.468 || 364.320 || 2662.137

3.2.2.   An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– X       Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

|| ASCHUIR

Saghas a[31]schuir[32] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán

|| CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1: Cinníollacha creata a fheabhsú ar mhaithe le hiomaíochas agus inbhuanaitheacht fhiontair an AE || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| Gníomhaíochtaí chun iomaíochas Eorpach a fheabhsú || Staidéir, measúnuithe tionchair, meastóireachtaí agus comhdhálacha || 0.250 || 54 || 13.500 || 55 || 13.750 || 57 || 14.250 || 58 || 14.500 || 60 || 15.000 || 61 || 15.250 || 62 || 15.500 || 407 || 101.680

|| Gníomhaíochtaí chun beartas FBM a fhorbairt agus iomaíochas FBManna a chur chun cinn || Cruinnithe, tuarascálacha agus bunachair shonraí || 0.075 || 98 || 7.350 || 98 || 7.350 || 122 || 9.150 || 124 || 9.300 || 128 || 9.600 || 138 || 10.350 || 152 || 11.400 || 860 || 64.480

|| Turasóireacht || Tionscadail, duaiseanna, suirbhéanna, imeachtaí || 1.000 || 9 || 9.000 || 12 || 12.000 || 16 || 16.000 || 19 || 19.000 || 22 || 22.000 || 25 || 25.000 || 28 || 28.000 || 131 || 131.440

||  Coincheapa nua gnó le haghaidh earraí tomhaltais || Tionscadail ina ndéantar macasamhlú ar an margadh || 1.000 || 8 || 8.000 || 9 || 9.000 || 11 || 11.000 || 13 || 13.000 || 14 || 14.000 || 15 || 15.000 || 17 || 17.000 || 87 || 86.800

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || 384.400

|| CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2: Fiontraíocht a chur chun cinn || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| Gníomhaíochtaí trína gcuirtear an fhiontraíocht chun cinn || Staidéir, feachtais, imeachtaí || 0.5 || 5 || 2.500 || 6 || 3.000 || 5 || 2.500 || 6 || 3.000 || 6 || 3.000 || 6 || 3.000 || 7 || 3.500 || 41 || 20.720

|| Líon na malartuithe || 0.007 || 600 || 4.200 || 720 || 5.040 || 1300 || 9.100 || 1400 || 9.800 || 1650 || 11.550 || 1770 || 12.390 || 2000 || 14.000 || 9440 || 66.080

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || 86.800

|| CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3: Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú || || || || || || || || || || || || || || || ||

Ionstraimí Airgeadais || Líon na dtairbhithe FBM (iasachtaí faoi ráthaíocht) || 0.004 || 7500 || 30.000 || 17 000 || 68.000 || 27 000 || 108.000 || 31 000 || 124.000 || 31 000 || 124.000 || 31 000 || 124.000 || 42 000 || 168.000 || 186500 || 746.320

|| Méid iasachta (€ milliún) || || 1 071 || || 2 201 || || 3 384 || || 3 995 || || 4 065 || || 4 119 || || 5 420 || || 24255 ||

|| Líon na dtairbhithe FBM (caipiteal fiontair) || 1. 220 || 10 || 12.200 || 30 || 36.600 || 46 || 56.120 || 85 || 103.700 || 115 || 140.300 || 140 || 170.800 || 140 || 170.800 || 566 || 690.000

|| € milliún giaráilte (caipiteal fiontair) || || 103 || || 343 || || 686 || || 1 064 || || 1 445 || || 1 817 || || 1 869 || || 7 327 ||

|| Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 3 || || || || || || || || || || || || || || || || 1436.320

|| CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4: Feabhas a chur ar rochtain ar na margaí || || || || || || || || || || || || || || || ||

|| An Líonra Fiontar Eorpach || Tograí comhpháirtíochta || 0.005 || 5732 || 28.660 || 5821 || 29.105 || 5923 || 29.615 || 6040 || 30.200 || 6106 || 30.530 || 6336 || 31.680 || 6540 || 32.700 || 42 498 || 212.500

|| Líon na FBManna ag fáil seirbhísí tacaíochta (in aghaidh gach 1000 FBM) || 0.065 || 403 || 26.195 || 418 || 27.170 || 438 || 28.47 || 458 || 29.77 || 488 || 31.720 || 508 || 33.020 || 539 || 35.035 || 3252 || 211.380

|| Tacaíocht do FBManna thar lear || Staidéir || 0.250 || 10 || 2.500 || 12 || 3.000 || 15 || 3.750 || 14 || 3.500 || 15 || 3.750 || 18 || 4.500 || 20 || 5.000 || 104 || 25.951

|| || Ionaid FBM; Deasca cabhrach FBM || 1.000 || 5 || 5.000 || 6 || 6.000 || 7 || 7.000 || 9 || 9.000 || 10 || 10.000 || 11 || 11.000 || 12 || 12.000 || 60 || 60.000

|| || Ardáin, imeachtaí, gníomaíochtaí tionscnaimh || 0.200 || 6 || 1.200 || 6 || 1.300 || 8 || 1.600 || 10 || 1.900 || 10 || 2.000 || 12 || 2.400 || 13 || 2.600 || || 13.249

|| Tacaíocht do chomhar tionsclaíoch idirnáisiúnta || Ceardlanna, cruinnithe || 0.200 || 5 || 1.000 || 7 || 1.400 || 8 || 1.600 || 9 || 1.800 || 10 || 2.000 || 11 || 2.200 || 12 || 2.400 || 62 || 12.400

|| Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 4 || || || || || || || || || || || || || || || || 535.480

|| COSTAS IOMLÁN || || 213.600 || || 256.000 || || 300.500 || || 346.000 || || 393.500 || || 441.000 || || 492.400 || || 2443.000

3.2.3.   An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.3.1.            Achoimre

– ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– X       Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 18.764 || 19.140 || 19.522 || 19.913 || 20.311 || 20.717 || 21.131 || 139.498

Caiteachas riaracháin eile || 0.086 || 0.088 || 0.089 || 0.091 || 0.093 || 0.095 || 0.097 || 0.639

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 18.850 || 19.228 || 19.611 || 20.004 || 20.404 || 20.812 || 21.228 || 140.137

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[33] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || || || || || || || ||

Caiteachas eile    de chineál riaracháin || || || || || || || ||

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

IOMLÁN || 18.85050 || 19.228 || 19.611 || 20.004 || 20.404 || 20.812 || 21.228 || 140.137

3.2.3.2.            Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨      Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna

– X       Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha (FTE)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

XX 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 110 || 110 || 110 || 110 || 110 || 110 || 110

XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[34] || || || || || || ||

XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 58 || 58 || 58 || 58 || 58 || 58 || 58

XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

XX 01 04 bb[35] || sa Cheanncheathrú[36] || || || || || || ||

|| i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

XX 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || || || || || || ||

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

IOMLÁN || 168 || 168 || 168 || 168 || 168 || 168 || 168

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Tá sé beartaithe ag DG ENTR seachtrú a dhéanamh i bpáirt go dtí gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana. Athrófar méideanna agus iontrálacha barúlacha más gá de réir thorthaí an phróisis seachtraithe.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ||

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.   Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X       Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don togra ón gCoimisiún le haghaidh creata airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, COIM(2011) 500 críochnaitheach.

– ¨      Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

– ¨      Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[37]

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.   Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe [le comhlánú]

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Iomlán

Ballstáit neamh-AE atá páirteach sa Chlár[38] || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || Pm || Pm || Pm || Pm || Pm || Pm || Pm || Pm

3.3.      An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X       Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨      Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[39]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu.

[…]

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               COIM(2011) 500 críochnaitheach.

[2]               Níos mó ná 50 000 úsáideoir éagsúla thairseach gréasáin an IRP agus seirbhísí r-fhoghlama thar na chéad trí bliana, lena raibh níos mó ná 2 mhilliún amas; níos mó ná 30 seimineár oiliúna agus ceardlann idirghníomhacha á reachtáil gach bliain, a raibh 2/3 ag feidhmiú san Eoraip, chun ábhair cúraim FBManna a bhailiú.

[3]               Bheadh níos lú breisluacha Eorpaigh ag staidéir/suirbhéanna arna ndéanamh ag na Ballstáit aonair níos lú agus ní éireodh leo an scóip ar fud an AE a chumhdach agus d'fhéadfaidís dúbláil taighde arna ndéanamh cheana i dtíortha eile a chruthú.

[4]               Tríd an gcineál seo beart tugtar le tuiscint go mbeidh breisluach agus iarmhairt níos airde ann má dhéantar é trí chur chuige comhordaithe/comhlánaithe idir na Ballstáit; thairis sin is minic go mbíonn níos lú acmhainní ag na Ballstáit níos lú chun a gcinn scríbe a chur chun cinn agus go háirithe chun turasóireacht trasnáisiúnta a chur chun cinn.

[5]               COIM(2011) 500 críochnaitheach, SEC(2011) 867 - 868 críochnaitheach. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Buiséad don Eoraip 2020 – Cuid II: Doiciméid bheartais

[6]               Tuarascáil deiridh: Meastóireacht ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht (EACI) 12 Bealtaine 2011. http://ec.europa.eu/cip/files/docs/evaluation-of-eaci-may-2011_en.pdf

[7]               http://ec.europa.eu/cip/files/docs/public-consultation-annex2-to-final-report_en.pdf

[8]               http://ec.europa.eu/enterprise/dg/files/evaluation/final_report_eip_interim_evaluation_04_2009_en.pdf

[9]               http://ec.europa.eu/cip/files/docs/eip-final-evaluation-report_en.pdf

[10]             Laghdaíodh buiséad an Chláir i gcomparáid leis an méid a foilsíodh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad don Eoraip 2020' (COIM)500 toisc go maoineofar gníomhaíochtaí chun tacú le caighdeánú suas go méid EUR 182 milliún lasmuigh den Chlár chun a struchtúr rathúil agus a gcur chun feidhme éifeachtúil a chothabháil.

[11]             COIM(2010) 2020 críochnaitheach.

[12]             COIM(2010) 614 críochnaitheach.

[13]             COIM(2008) 394 críochnaitheach.

[14]             COIM(2011) 78 críochnaitheach.

[15]             COIM(2011) 398 críochnaitheach.

[16]             IO L 124, 20.5.2003, lch. 36.

[17]             Suirbhé Eorabharaiméadair na bliana 2009 maidir le fiontraíocht.

[18]             COIM(2010) 352 críochnaitheach.

[19]             IO C 139, 14.6.2006, lch. 1.

[20]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[21]             IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.

[22]             Tagraíonn na táscairí seo d’fhorbairtí sa réimse beartais maidir le fiontraíocht agus tionscal. Ní hé an Coimisiún amháin atá freagrach as na spriocanna a bhaint amach. Tá réimse fachtóirí eile ann nach bhfuil neart ag an gCoimisiún orthu a dhéanann difear d'fhothorthaí sa réimse beartais sin.

[23]             NEER/REER bunaithe ar ULC, seachas tionchar luaineachtaí san airgeadra (NEER – ráta malairte glan ainmniúil; REER= ráta malairte glan firinneach; ULC = costais aonad saothair

[24]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[25]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[26]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[27]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[28]             COIM(2011)376, 24.6.2011

[29]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[30]             Tá sé beartaithe ag DG ENTR seachtrú a dhéanamh i bpáirt go dtí gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana. Athrófar méideanna agus iontrálacha barúlacha más gá de réir thorthaí an phróisis seachtraithe. Tá maoiniú na gcruinnithe coiste éigeantacha clúdaithe faoi “Caiteachas riaracháin eile”.

[31]             Tá deighilt tháscach na leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí agus dáileadh an bhuiséid idir na gníomhaíochtaí beartaithe atá ann, bunaithe ar an gcineál gníomhaíochtaí a bhfuil súil leo: mar shampla na gníomhaíochtaí chun beartas FBM a fhorbairt agus iomaíochas FBManna a chur chun cinn – is forbairt beartais atá iontu sin bunaithe ar staidéir agus ar imeachtaí a chuirfear chun feidhme trí sholáthar poiblí agus beidh costas níos ísle ag baint leo i gcomparáid leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe i réimsí na turasóireachta agus na n-earraí tomhaltais a mbeidh glaonna ar thograí ag teastáil dóibh.

[32]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[33]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[34]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[35]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[36]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[37]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[38]             Beidh an Clár ar fáil, faoi choinníollacha sonracha agus faoi réir ranníocaíochta airgeadais leis an gClár, do thíortha ó Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí, agus tíortha a thagann faoi raon feidhme bheartas Comharsanachta na hEorpa (féach Airteagal 5).

[39]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.