Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le treisiú ar fhaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit atá faoi bhagairt nó faoi ghreim diandeacrachtaí i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro /* COIM/2011/0819 leagan deireanach - 2011/0385 (COD) */
2011/0385 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le treisiú ar fhaireachas eacnamaíoch
agus buiséadach ar Bhallstáit atá faoi bhagairt nó faoi ghreim diandeacrachtaí
i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhar le hAirteagal 121(6)
de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
De dheasca na géarchéime domhanda gan fasach lena
bhfuil an domhan buailte le trí bliana anuas, tá damáiste tromchúiseach déanta
d'fhás eacnamaíoch agus do chobhsaíocht airgeadais agus tháinig meath mór ar
sheasamh na mBallstát maidir le heasnamh agus fiachas rialtais, sa dóigh go
raibh ar roinnt acu cúnamh airgeadais a lorg lasmuigh de chreat an Aontais. (2)
Ba cheart comhsheasmhacht iomlán chreat iltaobhach
faireachais an Aontais a bunaíodh leis an gConradh agus na coinníollacha
beartais a d'fhéadfadh a bheith ceangailte leis an gcúnamh airgeadais sin a
chumhdach i ndlí an Aontais. Ar mhaithe le
comhtháthú eacnamaíoch agus airgeadais na mBallstát a bhfuil an euro mar
airgeadra acu, teastaíonn faireachas neartaithe chun cosc a chur ar éifeacht
ghabhála ar an gcuid eile den limistéar euro ó Bhallstát atá faoi ghreim
deacrachtaí maidir lena chobhsaíocht airgeadais. (3)
Ba cheart déine an fhaireachais eacnamaíoch agus
fhioscaigh a bheith i gcomhréir le déine na ndeacrachtaí airgeadais atá ann
agus ba cheart cineál an chúnaimh airgeadais atá á fháil a thabhairt i gcuntas
mar is iomchuí, mar go bhféadfadh an cúnamh airgeadais a bheith aon áit sa raon
ó thacaíocht réamhchúraim shimplí bunaithe ar choinníollacha incháilitheachta
go clár iomlán de choigeartuithe maicreacnamaíocha lena mbeadh dianchoinníollacht
bheartais i gceist. (4)
Ba cheart Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra
aige a bheith faoi réir faireachais fheabhsaithe agus é ag dul trí shuaitheadh
airgeadais mór, nó i mbaol dul tríd, d'fhonn a áirithiú go bhfillfidh sé ar
ghnáthstaid go luath agus d'fhonn Ballstáit eile an limistéir euro a chosaint
ar éifeachtaí diúltacha iarmharta a d'fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart a
áireamh leis an bhfaireachas feabhsaithe sin, rochtain ní ba fhorleithne ar
fhaisnéis a theastaíonn chun dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid
eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais, agus tuairisciú tráthrialta chuig an
gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais nó chuig aon fhochoiste a shannfaidh an
coiste sin chun na críche sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha
mionsonraithe faireachais céanna maidir le Ballstáit a iarrann cúnamh
réamhchúraim ar an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ar an Sásra
Cobhsaíochta Eorpach (SCE) agus ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI)
nó ar institiúid airgeadais idirnáisiúnta eile. (5)
Ba cheart an faireachas ar an staid eacnamaíoch
agus fhioscach a threisiú go mór i gcás Ballstát atá faoi chuimsiú cláir de
choigeartuithe maicreacnamaíocha. De bharr gur cláir chuimsitheacha cláir den
sórt sin, ba cheart na próisis eile faireachais eacnamaíoch agus fhioscaigh a
chur ar fionraí ar feadh thréimhse an chláir de choigeartuithe
maicreacnamaíocha, d'fhonn dúbailt oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint. (6)
Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha chun
an comhphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint
na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta
agus cuntasachta a áirithiú. (7)
I gcás go ndéanfaí cinneadh nár chomhlíon Ballstát
a chlár de choigeartuithe, chuirfí íocaíochtaí nó oibleagáidí chistí an Aontais
ar fionraí mar atá foráilte in Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) Uimh. XXX
lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na
hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta
um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a
chumhdaítear leis an gcomhchreat straitéiseach agus lena leagtar síos forálacha
ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na
hEorpa agus leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006, TAR ÉIS AN
RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme 1. Sa Rialachán seo leagtar
amach forálacha maidir le treisiú ar fhaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar
Bhallstáit atá faoi bhagairt nó faoi ghreim diandeacrachtaí i ndáil lena
gcobhsaíocht airgeadais agus/nó atá ag fáil cúnaimh airgeadais, nó a
d'fhéadfadh é a fháil, ó Stát amháin eile nó níos mó, ón tSaoráid Eorpach um
Chobhsaíocht Airgeadais, ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ón Sásra
Cobhsaíochta Eorpach (SCE) nó ó Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta (IAI),
amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI). 2. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Airteagal 2
Ballstáit faoi fhaireachas feabhsaithe 1. Féadfaidh an Coimisiún
cinneadh a dhéanamh Ballstát atá faoi ghreim diandeacrachtaí maidir lena
chobhsaíocht airgeadais a chur faoi réir faireachais fheabhsaithe. Tabharfar an
deis don Bhallstát lena mbaineann a dhearcadh a chur in iúl roimhré. Déanfaidh
an Coimisiún cinneadh gach sé mhí maidir le leanúint ar aghaidh leis an
bhfaireachas feabhsaithe. 2. Déanfaidh an Coimisiún
cinneadh Ballstát atá ag fáil cúnaimh ar bhonn réamhchúraim ó Stát amháin eile
nó níos mó, ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ón SCE nó ó
Institiúid Aireagadais Idirnáisiúnta, amhail an CAI, a chur faoi réir
faireachais fheabhsaithe. Bunóidh an Coimisiún liosta de na hionstraimí cúnaimh
airgeadais réamhchúraim lena mbaineann agus coinneoidh sé cothrom le dáta é
chun athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar bheartais tacaíochta airgeadais na
Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais, an SCE nó aon Institiúide
Airgeadais Idirnáisiúnta ábhartha, a chur san áireamh. 3. Maidir le Ballstáit a
fhaigheann cúnamh airgeadais ar bhonn réamhchúraim i bhfoirm líne creidmheasa
nach bhfuil faoi réir coinníll go nglacfaidh an Ballstát i gceist bearta
beartais nua, ní bheidh feidhm ag mír 2 a fhad is nach dtarraingítear as an
líne chreidmheasa sin. Airteagal 3
Faireachas feabhsaithe 1. Déanfaidh Ballstát atá faoi
fhaireachas feabhsaithe, i gcomhairle agus i gcomhar leis an gCoimisiún, ag
gníomhú i gcaidreamh leis mBanc Ceannais Eorpach (BCE), bearta a ghlacadh a
mbeidh sé mar aidhm acu dul i ngleic le húdair deacrachtaí nó le nithe a
d'fhéadfadh a bheith ina n-údar deacrachtaí. 2. An faireachas níos dlúithe ar
an staid fhioscach atá leagtha síos in Airteagal 7, míreanna 2, 3
agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. XXX ó Pharlaimint an hEorpa agus ón
gComhairle, beidh feidhme aige maidir le Ballstát atá faoi fhaireachas
feabhsaithe, má bheadheasnamh iomarcach ann nó mura mbeadh. An tuarascáil i
gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, cuirfear isteach ar bhonn
ráithiúil í. 3. Ach an Coimisiún é sin a
iarraidh, déanfaidh an Ballstát atá faoi fhaireachas feabhsaithe an méid seo a
leanas: (a)
faisnéis dhíchomhiomlánaithe maidir le staid
airgeadais na n‑institiúidí airgeadais atá faoi fhaireachas a maoirseoirí
náisiúnta a chur chuig an gCoimisiún, chuig an BCE, agus chuig an Údarás
Eorpach Baincéireachta (UEB) de réir na minicíochta arna hiarraidh; (b)
tastálacha struis nó anailísí íogaireachta a
dhéanamh, faoi mhaoirseacht an Údaráis Eorpaigh Baincéireachta, mar is gá chun
athléimneacht earnáil na baincéireachta a mheas ó thaobh turraingí
maicreacnamaíocha agus airgeadais de chineálacha éagsúla, mar a shonróidh an
Coimisiún agus an BCE, agus na torthaí mionsonraithe a roinnt leo; (c)
a bheith faoi réir measúnuithe tráthrialta ar a
chumais maoirseachta i dtaobh earnáil na baincéireachta, agus na measúnaithe
sin faoi chuimsiú athbhreithniú piaraí arna dhéanamh ag an UBE; (d)
aon fhaisnéis a theastaíonn chun faireachán a
dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha mar a bunaíodh le Rialachán Uimh. XXX
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le míchothromaíochtaí
maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú. 4. Déanfaidh an Coimisiún, i
gcaidreamh leis an BCE, misin athbhreithnithe thráthrialta sa Bhallstát atá
faoi fhaireachas chun an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na mbeart
atá luaite i míreanna 1, 2 agus 3 a fhíorú. Cuirfidh sé a chinntí in iúl
don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA) gach ráithe – nó d'aon fhochoiste
a shannfaidh an coiste sin chun na críche sin – agus déanfaidh sé a mheas, go
háirthe, an gá aon bhearta breise. Déanfar na misin athbhreithnithe sin in
ionad an fhaireacháin ar an láthair dá bhforáiltear in Airteagal 10a(2) de
Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. 5. I gcás ina mbaintear de
thátal – ar bhonn an mheasúnaithe dá bhforáiltear i mír 4 – gur gá bearta
breise agus go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag staid airgeadais an
Bhallstáit lena mbaineann ar chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro,
féadfaidh an Comhairle, ag gníomhú trí thromlach cáilithe ar thogra ón
gCoimisiún, moladh don Bhallstát lena mbaineann cúnamh airgeadais a lorg agus
clár de choigeartuithe maicreacnamaíocha a ullmhú. Féadfaidh an Chomhairle
cinneadh an moladh sin a phoibliú. 6. I gcás ina bpoiblítear moladh
faoi mhír 5: (a)
féadfaidh an Coiste ábhartha de chuid Pharlaimint
na hEorpa iarraidh ar ionadaithe an Bhallstáit i gceist páirt a ghlacadh i
malartú tuairimí; (b)
féadfaidh parlaimint an Bhallstáit i gceist
iarraidh ar ionadaithe an Choimisiúin páirt a ghlacadh i malartú tuairimí. Airteagal 4
Faisséis maidir le hiarrataí ar chúnamh airgeadais arna mbeartú Ballstát ar mian leis cúnamh airgeadais a
fháil ó Stát amháin eile nó níos mó, ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht
Airgeadais, ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), ón gCiste Airgeadaíochta
Idirnáisiúnta (CAI) nó ó institiúid eile lasmuigh de chuimsiú an Aontais,
cuirfidh sé é sin i iúl don Chomhairle, don Choimisiún agus don BCE gan mhoill.
Déanfaidh an CEA, nó aon fhochoiste a shannfaidh an coiste sin chun na críche
sin, díospóireacht a reáchtáil maidir leis an iarraidh sin atá beartaithe, tar
éis dó measúnú a fháil ón gCoimisiún. Airteagal 5
Measúnú ar inbhuaine fhiachas an rialtais I gcás ina n-iarrtar cúnamh airgeadais ar an
tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais nó ar an SCE, ullmhóidh an
Coimisiún - i gcaidreamh leis an BCE agus más féidir, leis an CAI - anailís ar
inbhuanaitheacht fhiachas rialtais an Bhallstáit lena mbaineann, lena n‑áirítear
cumas an Bhallstáit an cúnamh airgeadais atá beartaithe a aisíoc, agus cuirfidh
sé an anailís sin chuig an CEA nó chuig aon fhochoiste a shannfaidh an coiste
sin chun na críche sin. Airteagal 6
Clár de choigeartuithe maicreacnamaíocha 1. Déanfaidh Ballstát atá ag
fáil cúnaimh airgeadais ó Stát amháin eile nó níos mó, an CAI, an EFSF, nó an ESM,
dréacht-chlár de choigeartuithe a ullmhú i gcomhaontú leis an gCoimisiún – ag
gníomhú i gcaidreamh leis an BCE – a mbeidh sé mar aidhm aige staid eacnamaíoch
agus airgeadais atá fónta agus inbhuanaithe a athbhunú agus cumas an Bhallstáit
é féin a mhaoiniú ar na margaí airgeadais a athshlánú. Cuirfear san áireamh,
mar is iomchuí, sa dréacht-chlár de choigeartuithe na moltaí reatha atá dírithe
ar an mBallstát lena mbaineann faoi Airteagail 121, 126 agus/nó 148 den
Chonradh – agus a bhearta chun iad a chomhlíonadh – agus beidh sé mar aidhm
aige na bearta beartais atá ceangailte a leathnú, a neartú agus a dhoimhniú. 2. Déanfaidh an Chomhairle, ag
gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, an clár de
choigeartuithe a fhormheas. 3. Déanfaidh an Coimisiún, i
gcaidreamh leis an BCE, faireachán ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun
feidhme an chláir de choigeartuithe agus cuirfidh sé an CEA nó aon fhochoiste a
shannfaidh an coiste sin chun na críche sin ar an eolas gach trí mhí. Oibreoidh
an Ballstát lena mbaineann i lán-chomhar leis an gCoimisiún. Tabharfaidh sé don
Choimisiún, go háirithe, an fhaisnéis ar fad a mheasfaidh an Coimisiún a bheith
riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar an gclár. Beidh feidhm ag Airteagal 3(3).
4. Scrúdóidh an Coimisiún – i
gcaidreamh leis an BCE – in éineacht leis an mBallstát i gceist na hathruithe
ar a chlár de choigeartuithe a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil. Déanfaidh an
Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún,
cinneadh maidir le haon athrú atá le déanamh ar an gclár de choigeartuithe. 5. Má aibhsítear san fhaireachán
dá dtagraítear i mír 3 gur imíodh go suntasach ón gclár de choigeartuithe
maicreacnamaíocha, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach
cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh nach gcomhlíonann an Ballstát i
gceist na ceanglais bheartais atá sa chlár de choigeartuithe. 6. Ballstát atá faoi réir cláir
de choigeartuithe agus nach bhfuil acmhainn riaracháin leordhóthanach aige nó a
bhfuil fadhbanna suntasacha aige maidir le cur chun feidhme a chláir de
choigeartuithe, iarrfaidh sé cúnamh teicniúil ar an gCoimisiún. 7. Féadfaidh an Coiste ábhartha
de chuid Pharlaimint na hEorpa iarraidh ar ionadaithe an Bhallstáit i gceist
páirt a ghlacadh i malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i
gcur chun feidhme an chláir de choigeartuithe. 8. Féadfaidh parlaimint an
Bhallstáit i gceist iarraidh ar ionadaithe an Choimisiúin páirt a ghlacadh i
malartú tuairimí maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an
chláir de choigeartuithe. Airteagal 7
Comhsheasmhacht leis an nós imeachta um easnamh iomarcach 1. An clár de choigeartuithe
agus na hathruithe air dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán seo,
measfar go nglacann siad ionad an cheanglais maidir le cláir chobhsaíochta a
chur isteach dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97
ón gComhairle. 2. Má tá an Ballstát lena
mbaineann faoi réir molta faoi Airteagal 126(7) den Chonradh nó faoi réir
fógra faoi Airteagal 126(9) den Chonradh i ndáil le heasnamh iomarcach a
cheartú: (a)
An clár de choigeartuithe dá bhforáiltear in Airteagal 6
den Rialachán seo, measfar go nglacann sé freisin, mar is iomchuí, ionad na
dtuarascálacha dá bhforáiltear in Airteagal 3(4a) agus in Airteagal 5(1a)
de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle; (b)
Na spriocanna bliantúla buiséid sa chlár de
choigeartuithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den Rialachán seo,
measfar go nglacann siad ionad, mar is iomchuí, na spriocanna bliantúla buiséid
dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 3(4) agus le hAirteagal 5(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 sa mholadh agus san fhógra thuasluaite. An
clár de choigeartuithe dá bhforáiltear in Airteagal 6(3) den Rialachán
seo, measfar freisin má tá an Ballstát lena mbaineann faoi réir fógra faoi Airteagal 126(9)
den Chonradh, go nglacann an clár sin ionad na dtáscairí maidir le bearta a
chuideoidh na spriocanna dá bhforáiltear san fhógra i gcomhréir le hAirteagal 5(1)
de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a bhaint amach. (c)
An faireachán dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)
den Rialachán seo, measfar go nglacann sé ionad an fhaireacháin dá bhforáiltear
in Airteagal 10(1) agus in Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97
ón gComhairle agus ionad an fhaireacháin atá mar bhunús le haon chinneadh dá
bhforáiltear in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 6(2) de Rialachán
(CE) Uimh. 1467/97. Airteagal 8
Comhsheasmhacht leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha Cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. XXX
maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú, cuirfear
ar fionraí é i gcás na mBallstát atá faoi réir cláir de choigeartuithe
maicreacnamaíocha atá formheasta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 6(2)
den Rialachán seo. Beidh an fhionraí infheidhme ar feadh thréimhse an chláir de
choigeartuithe maicreacnamaíocha. Airteagal 9
Comhsheasmhacht leis an Seimeastar Eorpach chun beartas eacnamaíoch a chomhordú An faireachán dá bhforáiltear in Airteagal 6(3)
den Rialachán seo, measfar go nglacann sé ionad fhaireachán agus mheasúnú an
tSeimeastair Eorpaigh chun beartas eacnamaíoch a chomhordú dá bhforáiltear in Airteagal 2a
de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí
buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a
neartú. Airteagal 10
Comhsheasmhacht le Rialachán (AE) Uimh. XXX maidir le forálacha coiteanna
le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréacht-phleananna buiséadacha
agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a
cheartú Cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. XXX
maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnú ar
dhréacht-phleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na
mBallstát sa limistéar euro a cheartú, cuirfear ar fionraí é i gcás na
mBallstát atá faoi réir cláir de choigeartuithe maicreacnamaíocha atá
formheasta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 6(2) den Rialachán
seo. Beidh an fhionraí infheidhme ar feadh thréimhse an chláir de
choigeartuithe maicreacnamaíocha. Airteagal 11
Faireachas iarchláir 1. Beidh Ballstát faoi
fhaireachas iarchláir a fhad is nach bhfuil 75% ar a laghad den chúnamh
airgeadais a fuair sé ó Bhallstát eile amháin nó níos mó, ón Sásra Eorpach um
Chobhsaíocht Airgeadais, ón gCiste Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais nó ón SCE
aisíoctha. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar
thogra ón gCoimisiún, tréimhse an fhaireachais iarchláir a shíneadh. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 3(3).
Ach an Coimisiún é sin a iarraidh, soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis atá
luaite in Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. XXX maidir le
forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar
dhréacht-phleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na
mBallstát sa limistéar euro a cheartú. 3. Déanfaidh an Coimisiún, i
gcaidreamh leis an BCE, misin athbhreithnithe thráthrialta sa Bhallstát atá
faoi fhaireachas iarchláir chun a staid eacnamaíoch, fhioscach agus airgeadais
a mheas. Cuirfidh sé a chinntí in iúl don Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais
(CEA) gach seimeastar, nó d'aon fhochoiste a shannfaidh an coiste sin chun na
críche sin, agus déanfaidh sé a mheas, go háirithe, an gá aon bhearta
ceartaitheacha. 4. Féadfaidh an Chomhairle, ag
gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, moladh don Bhallstát
atá faoi fhaireachas iarchláir bearta ceartaitheacha a ghlacadh. Airteagal 12
Vótáil laistigh den Chomhairle I gcás na mbeart dá dtagraítear in
Airteagail 2(1), 3, 6(2), 6(4) and 11(4), ní vótálfaidh ach comhaltaí den
Chomhairle a dhéanann ionadaíocht thar ceann Ballstát a bhfuil an euro mar
airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta sin den
Chomhairle a dhéanann ionadaícht thar ceann an Bhallstáit lena mbaineann a chur
san áireamh. Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na
Comhairle dá dtagraítear sa chéad mhír a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b)
den Chonradh. Airteagal 13
Cineálacha cúnaimh agus iasachtaí atá ar eisiamh ó chur i bhfeidhm Airteagal 5
agus Airteagal 6 Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 5
agus Airteagal 6 maidir le cúnamh airgeadais arna dheonú ar bhonn
réamhchúraim ná maidir le hiasachtaí arna ndéanamh chun institiúidí airgeadais
a athchaipitliú. Airteagal 14
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i
gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán