52011PC0814

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú /* COIM/2011/0814 leagan deireanach - 2011/0392 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

I Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, a tháinig i bhfeidhm an 25 Iúil 2008, sainítear an creat nua le haghaidh rialachas poiblí agus mhaoiniú chláir Galileo agus EGNOS[1]. Leithdháiltear orthu leis go háirithe EUR 3405 milliún don tréimhse ón 1 Eanáir 2007go dtí an 31 Nollaig 2013.

Mar a fhoráiltear in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, an 18 Eanáir 2011[2] ghlac an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar athbhreithniú meántéarmach na gclár Eorpach um loingseoireacht satailíte. Sa tuarascáil sin tá athbhreithniú mionsonraithe déanta ar oibriú na gclár ó rinneadh athchóiriú ar a rialachas in 2007, tá meastacháin ar na costais agus na dúshláin amach anseo leagtha amach inti, go háirithe maidir le rioscaí, agus tá sracléiriú inti ar thograí sonracha chun dul i ngleic leo, go háirithe chun riachtanais saothraithe an dá chóras a bunaíodh faoi na cláir a chur san áireamh.

Ina conclúidí a ghlac sí an 31 Márta 2011 tar éis tharchur thuarascáil an Choimisiúin an 18 Eanáir 2011, rinne an Chomhairle, i measc nithe eile, a tacaíocht do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte mar atá siad sainithe i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a chur in iúl arís. Thug sí na meastacháin fhoriomlána costas faoi deara freisin agus thug sí faoi deara go dtíolacfadh an Coimisiún, ag féachaint don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, togra ina mbeadh athruithe ar an múnla rialachais. Ina leith sin, d'iarr sí ar an gCoimisiún úsáid na struchtúr atá ann cheana a chuíchóiriú agus a bharrfheabhsú.

Ina rún a ghlac sí an 8 Meitheamh 2011, d'athdhearbhaigh an Pharlaimint freisin a tacaíocht do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus mheas sí gur cheart iad a bheith maoinithe den chuid is mó ag buiséad an Aontais. D'aibhsigh sí an tábhacht a bhaineann le beartais dhaingne chun costais a theorannú agus rioscaí a mhaolú a chur chun feidhme. D'iarr sí ar an gCoimisiún tograí reachtacha a dhéanamh go tapa, agus béim á cur aici go háirithe ar an ngá atá ann le creat cobhsaí fadtéarmach a sholáthar, go háirithe do shaothrú na gcóras.

Ina theachtaireacht ón 29 Meitheamh 2011[3], a bhfuil togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle dar dáta céanna ag gabháil léi[4], tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR [7000] milliún a leithdháileadh ar mhaoiniú na gclár Eorpach um loingseoireacht satailíte sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile lena gcumhdófar an tréimhse 2014-2020. Mar sin féin sonraítear inti gur gá leanúint de na hiarrachtaí lenar féidir na costais a theorannú agus gur cheart modhanna nua bainistíochta a phleanáil don fhadtéarma. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur uasteorainn nach féidir a shárú faoi Airteagal [14 den togra] le haghaidh Rialacháin ón gComhairle thuasluaite atá sa tsuim EUR [7000] milliún sin, atá i bpraghsanna tairiseacha 2011, agus go gcomhfhreagraíonn sí do EUR [7897] milliún i bpraghsanna reatha.

Ba cheart a aibhsiú gur dlúthchuid den saghas sin clár casta iad éiginnteachtaí, a bhféadfadh sáruithe costas agus moilleanna teacht astu. Éilíonn siad cur ar bun córais éifeachtaigh bainistíochta rioscaí agus d'fhéadfadh sé go ndéanfaí cinntí deacra dá mbarr. Sa chaoi sin, EUR 500 milliún san iomlán atá i gcostas breise na céime forbartha, a bhainistíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis. Ar iarraidh na mBallstát, d'aontaigh an Coimisiún iad a thabhairt ar láimh chun leanúnachas an chláir a ráthú. Is é bailíochtú an chórais i bhfithis eochair chlár Galileo agus dhéanfadh easpa maoinithe a leanúint a chur i mbaol, rud lena mbeadh cailliúint feasa ghnó thionsclaíoch agus trealaimh arna thógáil i bpáirt cheana i gceist.

Freagraíonn an Rialachán lena mbaineann an togra iarrataí na Parlaiminte agus na Comhairle agus cuireann sé na heilimintí atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ón 29 Meitheamh 2011 san áireamh ag an am céanna. Is é an gníomh bunaidh é do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile trí fhoráil a dhéanamh go háirithe maidir le maoiniú agus múnla rialachais na gclár. I bhfianaise thábhacht na n‑athruithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, measadh gur gá a mholadh rialachán nua a chur ina áit seachas é a leasú.

Ba cheart a mheabhrú gur tionscadail suaitheanta de chuid an Aontais iad cláir Galileo agus EGNOS. Tá cur chun cinn na teicneolaíochta sin, ar bealach cumhachtach í chun teacht as an ngéarchéim, ag teacht go hiomlán le Straitéis Eoraip 2020 agus le beartais forbartha inbhuanaithe. Tugann glúin nua seirbhísí ardfheidhmíochta loingseoireachta satailíte deiseanna suntasacha do na réimsí gníomhaíochta ar fad, lena gcruthaítear a lán post nua a bhaineann le fairsingiú na margaí a d'fhás 30% in aghaidh na bliana le blianta beaga anuas. Sa chomthéacs sin, tá an Coimisiún ag obair d'fhonn éiceachóras feidhmchlár a fhorbairt chun úsáid na seirbhísí a sholáthraíonn na córais a bharrfheabhsú agus na sochair shoch‑eacnamaíocha a uasmhéadú. Chuige sin, tá an 24 beart dá dtagraítear ina phlean gníomhaíochta maidir leis na feidhmchláir GNSS an 14 Meitheamh 2010[5] á gcur chun feidhme aige. Déantar foráil sa phlean sin go háirithe maidir le maoiniú tionscadal taighde agus forbartha, an rochtain atá ag FBManna ar mhaoiniú a fheabhsú agus gníomhaíochtaí éagsúla chun cláir Galileo agus EGNOS a chur chun cinn in earnálacha tosaíochta le haghaidh fáis, nuálaíochta agus fostaíochta.

Ba cheart a thabhairt chun suntais freisin nach mbaineann na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte leis na Ballstáit amháin is mó a bhfuil baint acu le réimse an spáis: tá baint dhíreach acu le Ballstáit uile an Aontais. Iarrtar ar shaoránaigh uile an Aontais leas a bhaint as an iliomad seirbhísí a chuireann na bonneagair atá ann ar fáil. Ina theannta sin, ar fud na hEorpa, imríonn na fiontair bheaga agus mheánmhéide páirt thábhachtach sna cláir ós rud é gurb é ceann de chuspóirí an Aontais é an rannpháirtíocht is leithne agus is oscailte is féidir de chuid na ngnóthas ar fad i nósanna imeachta soláthair phoiblí a chur chun cinn.

Iarrtar ar an gCoimisiún dá bhrí sin, i gcomhthéacs an tionscnaimh shuaitheanta "Beartas tionsclaíoch do ré an domhandaithe" de chuid Straitéis Eoraip 2020, "beartas éifeachtach spáis a fhorbairt chun na huirlisí is gá a chur ar fáil chun dul i ngleic le cuid de na mórdhúshláin dhomhanda agus go háirithe, chun Galileo a sheachadadh" ("an effective space policy to provide the tools to address some of the key global challenges and in particular to deliver Galileo").

2. Torthaí an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara agus na measúnuithe TIONCHAIR

Leanann an togra go leor comhairliúchán fairsing leis na páirtithe leasmhara agus leis an bpobal. Tá Measúnú Tionchair ag gabháil leis.

Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara maidir le gnéithe teicniúla, dlíthiúla nó oibríochtúla éagsúla a bhaineann leis na cláir amhail soláthar seirbhísí, costas an bhonneagair agus a shaothraithe, anailís riosca agus múnlaí féideartha rialachais. Rinneadh ceardlanna téamacha agus comhdhálacha leis na húsáideoirí chomh maith le meithleacha spriocdhírithe oibre le saineolaithe de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis, na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus na mBallstát a eagrú dá bhrí sin. Rinneadh agallaimh freisin le saineolaithe ó earnáil an spáis agus le hionadaithe tionscail.

Bhí baint ag an bpobal freisin leis na Eorabharaiméadair idir 2007 agus 2009 chomh maith leis an measúnú tionchair ar an mbeartas Eorpach spáis.

Is léir ón taighde sin ar fad:

· go dtacaíonn na saoránaigh le forbairt córais neamhspleáigh um loingseoireacht satailíte agus go n‑aithníonn siad spleáchas méadaithe sochaithe nua-aimseartha ar sheirbhísí loingseoireachta;

· gur cheart rialachas cobhsaí a chur ar bun san fhadtéarma chun bainistíocht éifeachtach na gclár a áirithiú;

· gur cheart an tseirbhís sábháilteachta beatha (ar a dtugtar "Safety of Life Service" nó SoL) a chuireann an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo ar fáil a athshainiú i bhfianaise fhorbairt ionchais na n‑úsáideoirí;

· sa deireadh, seasann páirtithe leasmhara na heitlíochta sibhialta ar an ngá atá ann le gealltanas a thabhairt san fhadtéarma maidir le soláthar sheirbhísí EGNOS. Is réamhchoinníoll an méid sin chun go rachaidh EGNOS i bhfeidhm ar an margadh i ndáiríre.

Ina theannta sin, i bhfianaise an dul chun cinn atá déanta le déanaí agus na ndúshlán atá le sárú, díríodh sa mheasúnú tionchair ar leanúint de na cláir a chur chun feidhme agus tugadh aird ar leith ar dhá phríomhfhadhb: ar thaobh amháin cumraíocht seirbhísí sa todhchaí, ós rud é nach leor an buiséad arna leithdháileadh don tréimhse 2008-2013 chun bonneagar an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo a chríochnú agus saothrú EGNOS a áirithiú; ar an taobh eile sainiú an mhúnla rialachais oibríochtúil agus an mhaoinithe is gá.

I gcás na chéad faidhbe, maidir leis an gcóras a bunaíodh faoi chlár Galileo, léirigh meastóireacht na roghanna éagsúla gurb é an ceann is fearr na seirbhísí a sonraíodh ar dtús a choimeád, cé is moite den tseirbhís SoL. Déanann an réiteach sin, a éilíonn níos lú bonneagair ar an talamh, costais a laghdú.

I gcás EGNOS, tá an córas oibríochtúil cheana féin agus baineann go leor úsáideoirí leas as a shochair. Thairis sin, nuair a dearbhaíodh go raibh an tseirbhís SoL oibríochtúil, gheall an Coimisiún go n‑áiritheodh sé leanúnachas na seirbhíse sin d'úsáideoirí a rinne infheistíochtaí suntasacha ina dhiaidh sin. Ní féidir deireadh a chur le clár EGNOS sa chomhthéacs sin.

I gcás an dara fhadhb, baineadh de thátal as an measúnú tionchair gur cheart an Coimisiún, agus é ina ionadaí don Aontas, a bheith freagrach fós as na cláir agus go leanfadh an tAontas amháin dá maoiniú a áirithiú, mar atá beartaithe ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht thuasluaite ón 29 Meitheamh 2011. Ba cheart an bhainistíocht oibríochtúil a thabhairt do ghníomhaireacht rialála. Leis sin d'fhéadfaí, ar thaobh amháin, na sochair shoch‑eacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo ó shaothrú na gcóras a bharrfheabhsú agus comhsheasmhacht níos fearr le beartais eile an Aontais a áirithiú agus ar an taobh eile, freagrachtaí airgeadais agus polaitiúla na bpáirtithe leasmhara éagsúla a shainiú go maith. I ndáil leis sin agus i bhfianaise chonclúidí thuasluaite na Comhairle ón 31 Márta 2011, dealraítear gurb é an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 chun na cúraimí a bhaineann le hoibriú na gclár a chur i gcrích agus atá ar bun cheana agus gníomhach i réimse na loingseoireachta satailíte, an réiteach is ciallmhaire. Bheadh gá le misin agus acmhainní na Gníomhaireachta sin a athfhoirmiú áfach.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Fearacht Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 agus théacsanna eile acquis an Aontais a bhaineann leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, is é bunús dlí thogra an Choimisiúin Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sean‑Airteagal 156 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Ina theannta sin, coinníonn sé foirm Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ós rud é, dála Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a bhfuil sé le cur ina áit, go bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus nach mór a ábhar a bheith infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Déanann an togra na cláir agus na córais a shainiú, na hacmhainní buiséadacha a leithdháilfear orthu a chinneadh agus múnla a rialachais a shainiú agus, ar mhaithe le hacquis an Aontais a chuíchóiriú, déanann sé foráil freisin maidir le leasú nó le haisghairm téacsanna reachtacha eile a bhaineann leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte.

Comhlíonann an togra prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Téann cuspóir an togra, eadhon córais um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú, thar acmhainní airgeadais agus teicniúla aon Bhallstáit aonair agus ní féidir é a bhaint amach ach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais. Ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach sa mhéid is go gcomhfhreagraíonn an buiséad atá beartaithe do na costais mheasta tar éis anailíse fairsinge agus i gcás ina ndealraíonn sé gurb é an múnla rialachais a úsáidtear an múnla is oiriúnaí.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Mar atá sonraithe i bpointe 2 thuas, leanfaidh an tAontas amháin de mhaoiniú chláir Galileo agus EGNOS a áirithiú. Ní bheidh a ranníocaíocht leis na cláir don tréimhse 2014-2020 os cionn EUR [7897] milliún i bpraghsanna reatha faoi Airteagal [14 den togra] le haghaidh Rialacháin ón gComhairle atá luaite i bpointe 1 thuas. Cumhdóidh sí trí phríomhghníomhaíocht, eadhon críochnú chéim imlonnaithe chlár Galileo, céim saothraithe an chláir sin agus saothrú chóras EGNOS. Áirítear sa cheann deireanach sin feabhsú leanúnach na seirbhísí a chuireann an córas ar fáil chun freagairt do na hathruithe ar riachtanais na n‑úsáideoirí.

Is toradh iad costais mheasta na gclár ar anailís fhairsing. Tá siad bunaithe freisin ar thorthaí plé le saineolaithe, go háirithe saineolaithe de chuid na mBallstát, na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis agus na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS. Chuathas i gcomhairle freisin le páirtithe leasmhara éagsúla, amhail ionadaithe tionsclaíocha earnáil an spáis.

Is fíor-riachtanach an saineolas a fuarthas laistigh den Choimisiún a chothabháil chun leanúnachas na gclár a áirithiú. Dá bhrí sin, déanfaidh an Coimisiún gníomhairí sealadacha atá fostaithe faoi láthair a choimeád ar feadh tréimhsí a chinnfear ag brath ar chéimeanna éagsúla na gclár agus aistreoidh sé baill foirne chuig an nGníomhaireacht Eorpach GNSS.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

Ba cheart a aibhsiú go leagtar síos leis an Rialachán seo, go háirithe, múnla rialachais na gclár agus a maoiniú don tréimhse 2014-2020. De réir an mhúnla seo, féadfar cúraimí substaintiúla a bhaineann le saothrú na gcóras a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, ar gníomhaireacht de chuid an Aontais í de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme i dtaca le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach. Chuige sin, tá rún ag an gCoimisiún comhaontú tarmligin amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht.

I dtuairim an Choimisiúin, is iad comhaontuithe tarmligin, a n‑áirítear coinníollacha ginearálta bhainistíocht na gcistí a thugtar don Ghníomhaireacht iontu, lena n‑áirítear na bearta chun faireachán a dhéanamh ar chostais agus iad a rialú, an modh is iomchuí don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun a gcumhachtaí rialaithe a fheidhmiú go hiomlán.

Chun go mbeidh léargas iomlán ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar na coinníollacha ina mbeadh ar an nGníomhaireacht Eorpach GNSS na cúraimí a thabharfar di faoin múnla nua rialachais a chur i gcrích, go háirithe cúraimí a bhaineann le hacmhainní, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 agus ar an ráiteas airgeadais a ghabhann leis a thíolacadh i rith na bliana 2012. Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann an buiséad arna leithdháileadh ar na cláir, arb é EUR [7897] milliún i bpraghsanna reatha atá ann, costais shaothrú na gcóras a chur san áireamh cheana féin, lena n‑áirítear costais fheidhmiú na n‑eintiteas a bhfuil orthu saothrú na gcóras a bhainistiú. Sa chaoi sin, ní bheidh aon chaiteachas buiséadach breise i gceist mar thoradh ar chur i gcrích, de chuid na Gníomhaireachta, na gcúraimí nua a thabharfar di.

Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chomhoiriúnacht Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 leis an múnla nua rialachais maidir le creidiúnú na gcóras.

Ba cheart Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe shaothrú an chórais Eorpaigh um loingseoireacht satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh[6], a thabhairt cothrom le dáta freisin.

Tá simpliú na rialacha ar cheann de spriocanna lárnacha an chur chuige nua atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le caiteachas buiséadach an Aontais. Leis an téacs mar atá sé, tugtar isteach bearta simplithe i dtaca leis an méid seo a leanas go háirithe:

– ailíniú na dtáscairí le cuspóirí na Straitéise Eoraip 2020;

– tarmligean na ngníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú na gcóras, go háirithe bainistíocht conarthaí leis an nGníomhaireacht Eorpach GNSS.

2011/0392 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le córais Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS AN CHOMHAIRLE,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 172 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[8],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is é is aidhm don bheartas Eorpach um loingseoireacht satailíte dhá chóras loingseoireachta satailíte (dá ngairfear "córais" anseo feasta) a sholáthar don Aontas, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS. Eascraíonn na cláir sin as cláir Galileo agus EGNOS (dá ngairfear "cláir" anseo feasta) faoi seach. Is éard atá i ngach bonneagar díobh satailítí agus gréasán de stáisiúin talún.

(2) Is é is aidhm do chlár Galileo an chéad bhonneagar domhanda loingseoireachta agus suite satailíte atá deartha go sonrach chun críoch sibhialta a chur ar bun agus a shaothrú. Tá an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo go hiomlán neamhspleách ar chórais eile atá ann cheana nó a d'fhéadfadh bheith ann.

(3) Is é is aidhm do chlár EGNOS cáilíocht na gcomharthaí ó na córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana (dá ngairfear "GNSS" anseo feasta, giorruchán a sheasann do Chóras Domhanda um Loingseoireacht Satailíte) a fheabhsú.

(4) Thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún tacaíocht do na cláir i gcónaí.

(5) Ós rud é go bhfuil a lán forbartha déanta ar na cláir, as a dtagann córais atá ag céim oibríochtúil, is iomchuí iad a chur ar bhunús dlí sonrach, bunús dlí ar féidir leis freagairt dá riachtanais, go háirithe i dtéarmaí rialachais, agus an ceanglas maidir le bainistíocht fhónta airgeadais a shásamh.

(6) Na córais a chuirtear ar bun faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, is bonneagair iad a chuirtear ar bun mar ghréasáin thras‑Eorpacha ar leithne i bhfad a n‑úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le gréasáin thras‑Eorpacha a fhorbairt i réimsí bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(7) Is uirlis de chuid an bheartais thionsclaíoch iad cláir Galileo agus EGNOS agus is cuid de Straitéis Eoraip 2020 iad, mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Samhain 2010 dar teideal "Beartas tionsclaíoch do ré an domhandaithe - An t‑iomaíochas agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun tosaigh" ("An integrated industrial policy for the globalisation era: putting competitiveness and sustainability at centre stage")[9]. Áirítear iad freisin sa Teachtaireacht a ghlac an Coimisiún an 4 Aibreán 2011 dar teideal "I dtreo straitéise spáis de chuid an Aontais Eorpaigh atá chun leasa a shaoránaigh" ("Towards a space strategy for the European Union that benefits its citizens")[10]. Tá a lán buntáistí do gheilleagar agus do shaoránaigh an Aontais ag na cláir sin, arb é EUR 130 billiún a luach carnach measta don tréimhse 2014-2034.

(8) I bhfianaise úsáid na loingseoireachta satailíte a bheith á méadú in a lán réimsí gníomhaíochta, d'fhéadfadh cur isteach ar sholáthar seirbhísí dochar mór a dhéanamh i sochaí an lae inniu. Ina theannta sin, de bhrí go bhfuil gné straitéiseach ag baint leo, is bonneagair íogaire iad córais loingseoireachta satailíte agus d'fhéadfadh sé go mbainfí úsáid mhailíseach astu. Is féidir leis na nithe thuasluaite tionchar a imirt ar shlándáil an Aontais agus a Bhallstáit. Ní mór dá bhrí sin na ceanglais slándála a chur san áireamh le linn dhearadh, chur ar bun agus shaothrú córas a thig as cláir Galileo agus EGNOS.

(9) Áirítear i gclár Galileo céim sainithe atá críochnaithe, céim forbartha agus bailíochtaithe ar cheart di a bheith críochnaithe in 2013, céim imlonnaithe a thosaigh in 2008 agus ar cheart di a bheith críochnaithe in 2020, agus céim oibrithe ar cheart di tosú de réir a chéile ó 2014/2015 chun go mbeidh an córas ar fad go hiomlán oibríochtúil in 2020.

(10) Tá clár EGNOS á shaothrú ó dearbhaíodh go raibh a sheirbhís oscailte agus a sheirbhís ar a dtugtar "Sábháilteacht Bheatha" ag oibriú i mí Dheireadh Fómhair 2009 agus i mí an Mhárta 2011 faoi seach.

(11) Chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as cláir Galileo agus EGNOS a bheith comhoiriúnach agus idir‑inoibritheach agus, a mhéid is féidir, le córais eile loingseoireachta satailíte chomh maith le modhanna traidisiúnta loingseoireachta.

(12) Ós rud é go ndéanann an tAontas maoiniú ar fad na gclár a ráthú, is iomchuí a fhoráil gurb aigesan a bheidh úinéireacht na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe arna gcruthú nó arna bhforbairt chun críche faoi na cláir sin. Chun go n‑urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha maoine, ba cheart na socruithe is gá leis na húinéirí atá ann cheana a leagan síos, go háirithe maidir le codanna fíor‑riachtanacha na mbonneagar agus a slándáil. Chun go mbainfidh na margaí úsáid as an loingseoireacht satailíte, ba cheart a áirithiú gur féidir le tríú páirtithe an úsáid is fearr a bhaint go háirithe as na cearta maoine intleachtúla de chuid an Aontais a thig as na cláir, go háirithe ar an leibhéal soch‑eacnamaíoch.

(13) Ba cheart céimeanna imlonnaithe agus oibrithe chlár Galileo agus céim oibrithe chlár EGNOS a bheith go hiomlán maoinithe ag an Aontas i bprionsabal. Mar sin féin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[11] ("Rialachán Airgeadais"), ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit cistí breise a thabhairt do na cláir nó ranníocaíocht chomhchineáil a dhéanamh leo, ar bhonn comhaontuithe iomchuí, chun eilimintí breise sna cláir a iarrann siad a mhaoiniú, mar shampla ailtireacht na gcóras nó riachtanais bhreise áirithe a bhaineann le slándáil. Ba cheart freisin go mbeadh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta in ann rannchuidiú leis na cláir.

(14) Chun a áirithiú go leanfar leis na cláir, is gá creat iomchuí airgeadais a chur ar bun chun go mbeidh an tAontas in ann leanúint leis na cláir a mhaoiniú. Ba cheart freisin an tsuim atá ag teastáil a shonrú, i rith na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, chun críochnú chéim imlonnaithe chlár Galileo agus saothrú na gcóras a mhaoiniú.

(15) [Rinne] Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2011, [cinneadh] suim uasta EUR [7897] milliún i bpraghsanna reatha a leithdháileadh do mhaoiniú na ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis na cláir le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.Ba cheart a shonrú go gcumhdaíonn na gníomhaíochtaí sin cosaint na gcóras agus a bhfeidhmithe freisin, lena n‑áirítear le linn lainseáil na satailítí. Chuige sin, d'fhéadfadh an buiséad arna leithdháileadh ar na cláir ranníocaíocht a mhaoiniú leis na costais a bhfuil gá leo chun tairbhiú de sheirbhísí atá in ann an chosaint sin a áirithiú, amhail na cinn a sholáthraíonn an clár um Fhaireachas ar an Spás (Space Situational Awareness – SSA), agus sin a mhéid is féidir agus dianbhainistíocht costas á leanúint agus i gcomhlíonadh iomlán na suime iomláine thuasluaite arna leagan síos in Airteagal [x] de Rialachán XYZ ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais don tréimhse 2014-2020. Leis an Rialachán seo bunaítear, chun leanúint leis na cláir, clúdach airgeadais arb é an phríomthagairt é, de réir bhrí phointe [17] den chomhaontú idirinstitiúideach an xx/yy/201z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus de réir bhrí Airteagal 14 [den togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle an 29 Meitheamh 2011] lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhiantúil don tréimhse 2014-2020[[12]].

(16) Ba cheart na gníomhaíochtaí dá ndeonófar leithreasaí buiséadacha de chuid an Aontais arna leithdháileadh ar na cláir don tréimhse 2014-2020 faoin Rialachán seo a shonrú. Ba cheart na leithreasaí sin a dheonú go príomha do na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí bhainistíocht agus fhaireachán na céime sin, agus na gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo, lena n‑áirítear réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin na céime sin, agus chóras EGNOS. Ba cheart iad a dheonú freisin le haghaidh mhaoiniú gníomhaíochtaí áirithe eile a bhfuil gá leo chun cuspóirí an chláir a bhainistiú agus a bhaint amach.

(17) Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gcuirtear san áireamh sna costais infheistíochta ná sna costais a bhaineann le saothrú na gcóras arna meas don tréimhse 2014-2020 na hoibleagáidí airgeadais gan coinne a bhféadfadh sé go gcaithfidh an tAontas iad a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd a bhaineann le dliteanas neamhchonarthach i ngeall ar úinéireacht phoiblí na gcóras, go háirithe i gcásanna foiche Dé nó cliste thubaistigh. Tá anailís shonrach á déanamh ag an gCoimisiún ar na hoibleagáidí sin.

(18) Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach gcumhdaíonn na hacmhainní buiséadacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo obair arna maoiniú ag na cistí atá sannta don chlár Fís 2020, Creat‑Chlár um Thaighde agus Nuálaíocht, amhail na cistí a bhaineann le forbairt feidhmchlár atá díorthaithe ó na córais. Leis an obair sin beifear in ann úsáid na seirbhísí a sholáthraítear faoi chuimsiú na gclár a bharrfheabhsú, toradh maith ar na hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag an Aontas i ndáil le sochair shóisialta agus eacnamaíocha a áirithiú agus cur le fios gnó chuideachtaí an Aontais i dtaobh theicneolaíocht na loingseoireachta satailíte.

(19) Ina theannta sin, ba cheart go bhfaigheadh an tAontas an t‑ioncam a ghineann na córais chun na hinfheistíochtaí a rinne sé roimh ré a chúiteamh. D'fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin maidir le sásra comhroinnte ioncaim in aon chonradh a chuirfear i gcrích le cuideachtaí san earnáil phríobháideach.

(20) Chun costais sa bhreis agus moilleanna a raibh tionchar acu ar fheidhmiú na gclár sna blianta atá thart a sheachaint, is gá cur leis na hiarrachtaí chun smacht a fháil ar na rioscaí a d'fhéadfadh costais sa bhreis a chruthú, mar a d'iarr an Chomhairle agus an Pharlaimint ina gconclúidí agus a rúin faoi seach an 31 Márta 2011 agus an 8 Meitheamh 2011, agus mar atá léirithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal "Buiséad do Straitéis Eoraip 2020" ("A Budget for Europe 2020")[13].

(21) Ciallaíonn dea-rialachas poiblí chláir Galileo agus EGNOS go ndéantar, ar thaobh amháin, cúraimí a scaradh óna chéile go docht daingean, go háirithe idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus, ar an taobh eile, oiriúnú de réir a chéile an rialachais do riachtanais shaothrú na gcóras.

(22) Ós rud é go ndéanann sé ionadaíocht thar ceann an Aontais, nach ndéanann i bprionsabal ach maoiniú na gclár a áirithiú agus a bhfuil úinéireacht na gcóras aige, ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach as feidhmiú na gclár agus ba cheart dó maoirseacht pholaitiúil orthu a ghlacadh air féin. Dá bhrí sin, ba cheart dó na cistí arna leithdháileadh ar na cláir a bhainistiú faoin Rialachán seo agus cur chun feidhme ghníomhaíochtaí uile na gclár a mhaoirsiú agus leithdháileadh soiléir cúraimí a áirithiú, go háirithe idir an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis. Chuige sin, ba cheart cúraimí sonracha áirithe liostaithe ar bhealach neamh‑uileghabhálach a shannadh don Choimisiún, anuas ar na cúraimí a bhaineann leis na freagrachtaí ginearálta sin agus na cúraimí eile nach mór dó a chur i gcrích de bhua an Rialacháin seo. Chun acmhainní agus inniúlachtaí na ngeallsealbhóirí éagsúla a bharrfheabhsú, ba cheart cead a bheith ag an gCoimisiún cúraimí áirithe a tharmligean trí chomhaontuithe tarmligin, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom), Uimh. 1605/2002 agus go háirithe le hAirteagal 54 de.

(23) Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS le Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14] chun cuspóirí chláir Galileo agus EGNOS a bhaint amach agus cúraimí áirithe a bhaineann le feidhmiú na gclár a chur i gcrích. Is gníomhaireacht de chuid an Aontais í atá, mar chomhlacht de réir bhrí Airteagal 185 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, faoi réir na n‑oibleagáidí is infheidhme maidir le gníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart cúraimí áirithe a bhaineann le slándáil na gclár, lena hainmniú ionchasach mar údarás inniúil Seirbhíse Poiblí Rialáilte (PRS) agus lena rannchuidiú le margú na gcóras a shannadh di. Ba cheart di freisin na cúraimí a fhéadfaidh an Coimisiún a thabhairt di a chur i gcrích trí chomhaontú amháin nó trí roinnt comhaontuithe tarmligin lena gcumhdaítear cúraimí éagsúla sonracha eile a bhaineann leis na cláir, lena n‑áirítear cúraimí a bhaineann le céimeanna saothraithe na gcóras agus cur chun cinn feidhmchlár agus seirbhísí ar mhargadh na loingseoireachta satailíte. Chun go mbeidh an Coimisiún, mar ionadaí don Aontas, in ann a chumhacht iniúchta a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistiú na gcistí a thabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a bheith ar áireamh sna comhaontuithe tarmligin sin.

(24) Ba cheart don Aontas comhaontú ilbhliantúil tarmligin a thabhairt i gcrích leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis lena gcumhdófaí gnéithe teicniúla agus pleanála na gclár. Chun go mbeidh an Coimisiún, mar ionadaí don Aontas, in ann a chumhacht iniúchta a fheidhmiú go hiomlán, ba cheart na coinníollacha ginearálta maidir le bainistiú na gcistí a thabharfar don Ghníomhaireacht Eorpach Spáis a bheith ar áireamh sa chomhaontú tarmligin. A fhad a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a mhaoiníonn an tAontas amháin, ba cheart do na coinníollacha sin leibhéal iniúchta a ráthú atá inchomparáide leis an leibhéal a cheanglófaí dá mba gníomhaireacht de chuid an Aontais í an Gníomhaireacht Eorpach Spáis.

(25) Cuimsíonn an fhreagracht as feidhmiú na gclár go háirithe an fhreagracht as a slándáil, slándáil na gcóras agus a saothraithe. Seachas i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe shaothrú an chórais eorpaigh loingseoireachta satailíte a imríonn tionchar ar shlándáil an Aontais Eorpaigh[15], rud a d'fhéadfaí a oiriúnú más gá d'fhorbairt na gclár, dá rialachas agus do Chonradh Liospóin, is é an Coimisiún atá freagrach as slándáil, fiú más rud é go dtugtar cúraimí áirithe slándála don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS. Is faoin gCoimisiún atá sé go háirithe na meicníochtaí a chur ar bun chun comhordú leormhaith a áirithiú idir na heintitis éagsúla atá freagrach as slándáil.

(26) Ós rud é go bhfuil saineolas sonrach ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus go mbíonn teagmháil rialta aici le riaracháin tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, tá sí in inmhe cuidiú leis an gCoimisiún cúraimí áirithe dá chuid a chur i gcrích ar cúraimí iad a bhaineann le slándáil na gcóras agus na gclár i réimse an chaidrimh eachtraigh, i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrú agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí[16] agus go háirithe le mír 2 d'Airteagal 2 de.

(27) Chun cistí an Aontais arna leithdháileadh ar na cláir a leithdháileadh, arb é atá sa leithdháileadh uasteorainn nach féidir leis an gCoimisiún a shárú, ní mór nósanna imeachta éifeachtacha soláthair phoiblí a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, conarthaí a chaibidliú sa chaoi is go ndéantar úsáid optamach acmhainní, seirbhísí sásúla, reáchtáil rianúil na gclár, dea-bhainistíocht rioscaí agus urraim an sceidil arna bheartú a áirithiú. Ní mór don údarás conarthach a dhícheall a dhéanamh chun na ceanglais sin a shásamh.

(28) Ós rud é gurb é an tAontas, i bprionsabal, a mhaoineoidh na cláir á maoiniú ag an gComhphobal, ba cheart go n‑urramódh an soláthar poiblí faoi na cláir sin rialacha an Aontais maidir le conarthaí poiblí agus ba cheart go bhféachfadh siad, go príomha, leis na hacmhainní a bharrfheabhsú, na costais a rialú agus na rioscaí a mhaolú, chomh maith le héifeachtúlacht a fheabhsú agus an spleáchas ar sholáthraithe aonair a laghdú. Ba cheart go saothrófaí iomaíocht oscailte chóir feadh an tslabhra soláthair, lena dtabharfaí deiseanna cothroma rannpháirtíochta don tionscal ar gach leibhéal, lena n‑áirítear, go háirithe, d'iontrálaithe nua agus d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (dá ngairfear "FBManna" anseo feasta), a áirithiú. Aon mhí-úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as ceannasacht nó aon spleáchas fadtéarmach a d'fhéadfadh a bheith ann ar sholáthraí aonair, ba cheart iad a sheachaint. Chun rioscaí a bhaineann leis an gclár a mhaolú, spleáchas ar fhoinsí aonair soláthair a sheachaint agus rialú foriomlán níos fearr ar an gclár, ar an gcostas agus ar an sceideal a ráthú, ba cheart úsáid a bhaint as an ilfhoinsiú, nuair is iomchuí. Ba cheart cead a thabhairt do thionscail an Aontais leas a bhaint as foinsí lonnaithe lasmuigh den Aontas do chomhpháirteanna agus sheirbhísí áirithe i gcás ina léirítear go bhfuil buntáistí suntasacha ann i dtéarmaí cáilíochta agus costas, agus aird á tabhairt, áfach, ar chineál straitéiseach na gclár agus ar cheanglais an Aontais maidir le slándáil agus rialú onnmhairithe. Ba cheart tairbhe a bhaint as infheistíochtaí agus as taithí thionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha, lena n‑áirítear iad sin a fuarthas i gcéim sainithe agus i gcéim forbartha agus bailíochtaithe na gclár, agus é á áirithiú ag an am céanna nach sáraítear na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch.

(29) Is teicneolaíocht nua chasta í an loingseoireacht satailíte atá á forbairt an t‑am ar fad. Tagann éiginnteacht agus rioscaí do chonarthaí poiblí arna dtabhairt i gcrích faoi na cláir as an méid sin, a mhéid is féidir gealltanais fhadtéarmacha maidir le trealamh nó seirbhísí a bheith i gceist leis na conarthaí sin. Fágann na saintréithe sin gur gá foráil a dhéanamh maidir le bearta ar leith i ndáil le conarthaí poiblí a bhfuil feidhm acu sa bhreis ar na rialacha dá bhforáiltear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Sa dóigh sin, ba cheart go bhféadfadh an t‑údarás conarthach coinníollacha cothroma iomaíochta a ath‑bhunú i gcás ina bhfuil faisnéis phribhléideach ag cuideachta amháin nó níos mó cheana, roimh ghlaoch ar thairiscintí, faoi na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nglaoch sin ar thairiscintí. Ba cheart fiú go bhféadfadh sé conradh a thabhairt i gcrích i bhfoirm conartha lena bhfuil íocaíochtaí céime i gceist, leasú a thabhairt isteach sa chonradh, faoi choinníollacha áirithe, i gcomhthéacs a chur i gcrích, nó fiú leibhéal íosta fochonraitheoireachta a fhorchur. Ar deireadh, i ngeall ar na héiginnteachtaí teicneolaíocha a bhaineann leis na cláir, ní féidir i gcónaí praghsanna conarthaí poiblí a thuar go beacht agus is inmhianaithe dá bhrí sin conarthaí a thabhairt i gcrích i bhfoirm shonrach, foirm nach sonraíonn praghas seasta agus cinntitheach agus ag an am céanna a áiríonn clásail chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(30) Ba cheart a dheimhniú, i gcomhréir le mír 3 d'Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gur cheart do na Ballstáit staonadh ó bhearta a dhéanamh ar bearta iad a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhea-oibriú na gclár, go háirithe bearta maidir le cearta maoine intleachtúla agus leanúnachas fheidhmiú na mbonneagar. Ba cheart a shoiléiriú freisin gur cheart do na Ballstáit lena mbaineann na bearta uile is gá a dhéanamh chun go n‑ainmneofar stáisiúin talún na gcóras mar bhonneagair chriticiúla Eorpacha.

(31) I bhfianaise chineál domhanda na gcóras, tá sé fíor-riachtanach go bhféadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na cláir i gcomhréir le hAirteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe chun a ndea-fheidhmiú a áirithiú, na seirbhísí a thugtar do shaoránaigh an Aontais a bharrfheabhsú, riachtanais tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a shásamh. Is fónta freisin, i gcás inar gá, na comhaontuithe atá ann cheana a oiriúnú d'fhorbairt na gclár. Le linn ullmhúchán nó chur chun feidhme na gcomhaontuithe sin, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh chúnamh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí, na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis agus na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, laistigh de theorainneacha na gcúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo.

(32) Ba cheart a dheimhniú go bhféadfaidh an Coimisiún, chun cúraimí áirithe neamh‑rialála dá chuid a chur i gcrích agus i gcás inar gá agus a mhéid is gá, dul ar iontaoibh chúnamh teicniúil páirtithe seachtracha áirithe. Féadfaidh na heintitis eile a bhfuil baint acu le rialachas poiblí na gclár tairbhiú den chúnamh teicniúil céanna i gcur i gcrích na gcúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo.

(33) Ba cheart cosaint sonraí pearsanta agus an tsaoil phríobháidigh a áirithiú i gcomhthéacs na gclár.

(34) Ní mór leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha ar feadh thimthriall iomlán an chaiteachais, go háirithe trí neamhrialtachtaí a chosc agus a bhrath, imscrúduithe a dhéanamh, cistí a cailleadh, a íocadh nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, más gá, trí phionóis a chur i bhfeidhm.

(35) Is tábhachtach Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme na gclár. Ina theannta sin, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún le chéile i bPainéal Idirinstitiúideach Galileo i gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach an 9 Iúil 2008 maidir le Painéal Idirinstitiúideach Galileo.

(36) Ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí a dhéanamh chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart arna ndéanamh do bhaint amach chuspóirí na gclár a mheas.

(37) Chun na bearta is gá a shainiú chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras le córais eile um loingseoireacht satailíte agus le modhanna traidisiúnta loingseoireachta a ráthú agus slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe a áirithiú, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an dá réimse inniúlachta sin. Tá sé fíorthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(38) Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[17].

(39) Ós rud é go n‑éilíonn dea-rialachas poiblí bainistíocht aonfhoirmeach ar na cláir, luathú na cinnteoireachta agus rochtain chothrom ar fhaisnéis, ba cheart ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis a bheith in ann páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí in obair an Choiste um Chláir Eorpacha GNSS a bunaíodh le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)[18] a chur chun feidhme tuilleadh. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a thug comhaontú idirnáisiúnta i gcrích leis an Aontas a bheith in ann páirt a ghlacadh in obair an Choiste um Chláir Eorpacha GNSS. Ní fhéadfaidh ionadaithe sin na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS, na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis, tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta vótaí a chaitheamh sa choiste.

(40) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon córais um loingseoireacht satailíte a chur ar bun agus a shaothrú, a bhaint amach go leordhóthanach, toisc go dtéann sé thar chumas airgeadais agus teicniúil aon Bhallstáit aonair, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir é a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(41) Scoir an Comhghnóthas Galileo, a cruthaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2002 lena mbunaítear Comhghnóthas Galileo[19], dá oibríochtaí an 31 Nollaig 2006 agus faoin am seo tá na nósanna imeachta a bhain leis an gcuideachta a fhoirceannadh críochnaithe. Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 a aisghairm.

(42) I bhfianaise an ghá meastóireacht a dhéanamh ar na cláir, thábhacht na leasuithe atá le déanamh ar an téacs agus ar mhaithe le soiléire agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Córais agus cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte

1.           Le cláir EGNOS agus Galileo cumhdófar na gníomhaíochtaí go léir is gá chun an dá chóras Eorpacha um loingseoireacht satailíte, eadhon an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo agus córas EGNOS a shainiú, a fhorbairt, a bhailíochtú, a thógáil, a shaothrú, a athnuachan agus a fheabhsú.

2.           Is bonneagar uathrialaitheach domhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS) é an córas a bunaíodh faoi chlár Galileo atá comhdhéanta de chnuasach satailítí agus de ghréasán domhanda stáisiún talún.

3.           Is bonneagar é córas EGNOS a dhéanann faireachán agus ceartú ar chomharthaí a astaítear ó chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte atá ann cheana. Cuimsíonn sé stáisiúin talún agus roinnt trasfhreagróirí atá suiteáilte ar shatailítí geochobhsaí.

4.           Is iad cuspóirí sonracha chlár Galileo a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astóidh an córas arna bhunú faoin gclár sin a úsáid chun na cúig fheidhm seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) seirbhís oscailte a thairiscint (dá ngairtear "Open Service" nó OS) atá saor in aisce le haghaidh an úsáideora agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncrónaithe, le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardtoirte;

(b) seirbhís sábháilteachta beatha (dá ngairtear "safety-of-life" nó SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh; comhlíonann an tseirbhís sin freisin ceanglais earnálacha áirithe maidir leis an leanúnachas, leis an infhaighteacht agus leis an gcruinneas agus áirítear teachtaireacht sláine a dhíríonn aird an úsáideora ar aon loic sa chóras;

(c) seirbhís tráchtála a thairiscint (dá ngairtear "Commercial Service" nó CS) d'fhonn feidhmeanna a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála de bharr feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte;

(d) seirbhís atá faoi rialáil phoiblí a thairiscint (dá ngairtear "Public Regulated Service" nó PRS) atá srianta d'úsáideoirí atá údaraithe ag rialtais, le haghaidh feidhmeanna íogaire a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse; úsáideann an tseirbhís sin comharthaí láidre criptithe;

(e) bheith rannpháirteach sa tseirbhís cuardaigh agus tarrthála (dá ngairtear "Search and Rescue Support Service" nó SAR) den chóras COSPAS‑SARSAT trí chomharthaí éigeandála ó rabhcháin a bhrath agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu.

5.           Is iad cuspóirí sonracha chlár EGNOS a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astóidh córas EGNOS a úsáid chun na trí fheidhm seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) seirbhís oscailte a thairiscint (dá ngairtear "Open Service" nó OS) atá saor in aisce le haghaidh an úsáideora agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncrónaithe, le haghaidh feidhmeanna loingseoireachta satailíte ardtoirte sa limistéar a chumhdaítear leis an gcóras;

(b) seirbhís do scaipeadh sonraí tráchtála a thairiscint (dá ngairtear "EGNOS Data Access Service" nó EDAS) chun feidhmeanna a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála de bharr feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte;

(c) seirbhís sábháilteachta beatha (dá ngairtear "safety-of-life" nó SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh; comhlíonann an tseirbhís sin go háirithe ceanglais earnálacha áirithe maidir leis an leanúnachas, leis an infhaighteacht agus leis an gcruinneas agus áirítear teachtaireacht sláine a dhíríonn aird an úsáideora ar aon loic sa chóras sa réimse a chumhdaítear.

Tá sé mar chuspóir sonrach ag clár EGNOS freisin cuimsiú geografach a sheirbhísí a leathnú ar fud an Aontais agus, laistigh de na srianta teicniúla agus ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta, chuig réigiúin eile den domhan, go háirithe chuig críocha na dtríú tíortha atá cumhdaithe ag an aerspás Eorpach aonair.

Airteagal 2

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear na rialacha maidir le córais a chur ar bun agus a shaothrú faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, go háirithe na rialacha a bhaineann le rialachas agus ranníocaíocht an Aontais.

Airteagal 3

Céimeanna chlár Galileo

Cuimsíonn clár Galileo na céimeanna seo a leanas:

(b) céim sainithe inar dearadh ailtireacht an chórais agus inar cinneadh a eilimintí agus ar tháinig deireadh léi in 2001;

(c) céim forbartha agus bailíochtaithe, arb é atá inti, tógáil agus lainseáil na gcéad shatailítí, cur ar bun na gcéad bhonneagar ar talamh agus na hoibreacha agus na hoibríochtaí go léir is gá chun an córas i bhfithis a bhailíochtú; is í an aidhm go dtiocfaidh deireadh leis an gcéim sin in 2013;

(d) céim imlonnaithe a chomhdhéantar de chur ar bun agus chosaint na mbonneagar spáis agus na mbonneagar ar talamh uile chomh maith leis na hoibríochtaí a bhaineann leis an gcur ar bun sin agus a chuimsíonn an obair ullmhúcháin do chéim an tsaothraithe; is í an aidhm go dtiocfaidh deireadh leis an gcéim sin, a tosaíodh in 2008, in 2020;

(e) céim saothraithe arb é atá inti bainistíocht an bhonneagair, cothabháil, feabhsú leanúnach, athnuachan agus cosaint an chórais, na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár, soláthar agus margú seirbhísí agus gach gníomhaíocht eile is gá chun an córas a fhorbairt agus chun oibriú rianúil an chláir a áirithiú; is í an aidhm go gcuirfear tús de réir a chéile leis an gcéim sin idir 2014 agus 2015, nuair a sholáthrófar na chéad seirbhísí.

Airteagal 4

Saothrú chóras EGNOS

Is é atá i gceist go príomha le saothrú chóras EGNOS bainistíocht an bhonneagair, cothabháil, feabhsú leanúnach, athnuachan agus cosaint an chórais, na gníomhaíochtaí formheasa, deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis an gclár, na heilimintí ar fad a thugann bonn údair d'iontaofacht an chórais agus a shaothraithe chomh maith le soláthar agus margú seirbhísí.

Airteagal 5

Comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcóras

1. Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as cláir Galileo agus EGNOS comhoiriúnach agus idir-inoibritheach.

2. Beidh na córais, gréasáin agus seirbhísí a thig as cláir Galileo agus EGNOS, a mhéid is féidir, comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le córais eile loingseoireachta satailíte chomh maith le modhanna traidisiúnta loingseoireachta.

3. Glacfaidh an Coimisiún na ceanglais agus na caighdeáin chun an chomhoiriúnacht agus an idir-inoibritheacht dá dtagraítear i mír 2 a áirithiú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le hAirteagal 34.

Airteagal 6

Úinéireacht

Beidh an tAontas ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir arna gcruthú nó arna bhforbairt faoi na cláir agus, chuige sin, tabharfar comhaontuithe i gcrích le tríú páirtithe, i gcás inarb iomchuí, maidir le cearta úinéireachta atá ann cheana.

Áiritheoidh an Coimisiún, go háirithe, go mbainfear an úsáid is fearr as cearta maoine intleachtúla an Aontais.

CAIBIDIL II

RANNÍOCAÍOCHT AGUS SÁSRAÍ BUISÉADACHA

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí lena mbaineann

1.           Maidir le leithreasaí buiséadacha an Aontais arna leithdháileadh ar na cláir don tréimhse 2014‑2020 faoin Rialachán seo, deonófar iad chun na nithe seo a leanas a mhaoiniú:

a)      na gníomhaíochtaí a bhaineann le céim imlonnaithe chlár Galileo, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun an chéim sin a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air;

b)      na gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo, lena n‑áirítear réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin na céime sin;

c)      na gníomhaíochtaí a bhaineann le saothrú chóras EGNOS.        

2.           Féadfaidh leithreasaí buiséadacha sin an Aontais arna leithdháileadh ar na cláir caiteachas an Choimisiúin a chumhdach freisin, ar caiteachas é a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta is gá chun iad a bhainistiú agus chun a gcuspóirí a bhaint amach, go háirithe caiteachas a chumhdaíonn:

(a) staidéir agus cruinnithe le saineolaithe;

(b) gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear an chumarsáid institiúideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais ar choinníoll go bhfuil baint dhíreach acu le cuspóirí an Rialacháin seo;

(c) gréasáin theicneolaíochtaí na faisnéise ("TF") a bhfuil sé mar aidhm acu faisnéis a phróiseáil nó a mhalartú;

(d) gach cúnamh eile teicniúil nó riaracháin a fhaigheann an Coimisiún chun na cláir a bhainistiú.

3.           Chun go mbeifear in ann costais na gclár agus costais chéimeanna éagsúla na gclár a shainaithint go soiléir, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1) ar an eolas gach bliain maidir le leithdháileadh chistí an Aontais ar gach ceann de na gníomhaíochtaí a shonraítear i mír 1 agus mír 2.

Airteagal 8

Maoiniú chlár Galileo

1.           Déanfaidh an tAontas céimeanna an imlonnaithe agus an tsaothraithe a mhaoiniú, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), gan dochar do mhír 2 agus do mhír 3 den Airteagal seo.

2.           Féadfaidh na Ballstáit cistí breise a thabhairt do chlár Galileo. Is éard a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, cuirfidh an Coimisiún aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na míre seo ar chlár Galileo in iúl don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán seo.

3.           Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta cistí breise a thabhairt do chlár Galileo freisin. Socrófar na coinníollacha agus na socruithe maidir lena rannpháirtíocht leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 28.

Airteagal 9

Saothrú chóras EGNOS a mhaoiniú

1.           Áiritheoidh an tAontas maoiniú shaothrú chóras EGNOS, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), gan dochar do ranníocaíocht ó fhoinsí eile maoiniúcháin, go háirithe iad siúd dá dtagraítear i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo.

2.           Féadfaidh na Ballstáit cistí breise a thabhairt do chlár EGNOS. Is éard a bheidh san ioncam a thiocfaidh ó na ranníocaíochtaí sin ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 18(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta trédhearcaí, cuirfidh an Coimisiún aon tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag cur i bhfeidhm na míre seo ar chlár EGNOS in iúl don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1) den Rialachán seo.

3.           Féadfaidh tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta cistí breise a thabhairt do chlár EGNOS freisin. Socrófar na coinníollacha agus na socruithe maidir lena rannpháirtíocht leis na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 28.

Airteagal 10

Acmhainní

1.           EUR [7897] milliún i bpraghsanna reatha don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a bheidh san uasmhéid arna leithdháileadh ag an Aontas do chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá sonraithe in Airteagal 7(1) agus (2).

2.           Cuirfear na leithreasaí chun feidhme i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002.

3.           Leithreasófar na ceangaltais bhuiséadacha le haghaidh na gclár i dtráthchodanna bliantúla.

Airteagal 11

Ioncam arna ghiniúint ag na cláir

1.           Baileoidh an tAontas an t‑ioncam ó shaothrú na gcóras, íocfar isteach i mbuiséad an Aontais é agus sannfar do na cláir é. Má tharlaíonn gur mó an t‑ioncam ná an t‑ioncam a bheidh riachtanach chun céimeanna saothraithe na gclár a mhaoiniú, beidh aon oiriúnú ar phrionsabal an tsannta faoi réir a fhormheasta ag an údarás buiséadach ar bhonn togra ón gCoimisiún.

2.           Féadfar foráil a dhéanamh maidir le sásra comhroinnte ioncaim leis na conarthaí a chuirfear i gcrích le cuideachtaí san earnáil phríobháideach.

3.           An t‑ús arna ghiniúint ag íocaíochtaí arna ndéanamh le heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach, sannfar iad do ghníomhaíochtaí atá faoi réir an chomhaontaithe tarmligin nó an chonradh arna thabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an t‑eintiteas lena mbaineann. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, osclóidh na heintitis atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid go hindíreach cuntais chun go bhféadfar na cistí agus an t‑ús comhfhreagrach a shainaithint.

CAIBIDIL III

RIALACHAS POIBLÍ NA gCLÁR

Airteagal 12

Creat ginearálta le haghaidh rialachas na gclár

Tá rialachas poiblí na gclár bunaithe ar scaradh docht daingean cúraimí óna chéile idir na heintitis éagsúla lena mbaineann, go háirithe idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.

Airteagal 13

Ról an Choimisiúin

1.           Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as oibriú na gclár. Déanfaidh sé na cistí arna leithdháileadh orthu a bhainistiú faoin Rialachán seo agus áiritheoidh sé go gcuirfear gníomhaíochtaí uile na gclár chun feidhme.

2.           I dteannta na gcúraimí ginearálta dá dtagraítear i mír 1 agus i bhforálacha eile an Rialacháin seo, áirítear na cúraimí sonracha seo a leanas i gcúraimí an Choimisiúin i gcomhthéacs an Rialacháin seo:

(a) déanfaidh sé leithdháileadh soiléir na gcúraimí idir na heintitis éagsúla a bhfuil baint acu leis na cláir a áirithiú agus chuige sin déanfaidh sé, go háirithe trí chomhaontuithe tarmligin, na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15(1)(d) agus in Airteagal 16 faoi seach a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus don Ghníomhaireacht Eorpach Spáis;

(b) déanfaidh sé na hionstraimí iomchuí agus na bearta struchtúracha is gá chun na rioscaí a bhaineann leis na cláir a shainaithint, a rialú, a mhaolú agus chun faireachán a dhéanamh orthu a chur ar bun, go háirithe i dtéarmaí costas agus sceidil;

(c) déanfaidh sé, thar ceann an Aontais agus ina réimse inniúlachta, an caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhainistiú;

(d) áiritheoidh sé slándáil na gclár agus bunóidh sé meicníochtaí comhair idir na heintitis éagsúla lena mbaineann.

3.           I gcás inar gá d'oibriú rianúil chéimeanna chlár Galileo agus do shaothrú chóras EGNOS dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4 faoi seach, bunóidh an Coimisiún na bearta is gá don mhéid seo a leanas:

(a) suíomh bhonneagar talún na gcóras a chinneadh agus a bhfeidhmiú a chinneadh;

(b) na príomhstaideanna cinnteoireachta le haghaidh mheastóireacht chur chun feidhme na gclár a chinneadh;

(c) na rioscaí a bhaineann go dlúth le hoibriú na gclár a laghdú.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

Airteagal 14

Slándáil na gcóras agus a bhfeidhmiú

1.           Beidh na córais agus a bhfeidhmiú sábháilte.

2.           Gan dochar d'Airteagal 15 agus d'Airteagal 17 den Rialachán seo ná d'Airteagal 8 de Chinneadh 1104/2011/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20], féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe agus i gcomhréir le hAirteagal 34, na ceanglais agus na caighdeáin a ghlacadh chun slándáil na gcóras agus a bhfeidhmithe dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú. Chuige sin, déanfaidh sé an gá atá ann leis na ceanglais slándála a mhaoirsiú agus a chomhtháthú sna cláir uile, chomh maith le tionchar na gceanglas sin ar oibriú rianúil na gclár, go háirithe i dtéarmaí costas agus sceidil, a chur san áireamh.

3.           Cuideoidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh 2010/427/AE, chun cúraimí a bhaineann leis an tslándáil i réimse an chaidrimh eachtraigh a chur i gcrích. Sa réimse sin, cuideoidh sí freisin leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán íosta comhpháirteach dá bhforáiltear le Cinneadh 1104/2011/AE. Chuige sin, cuirfear na hacmhainní iomchuí ar fáil di agus tabharfar idirthréimhsí di chun leanúnachas na gclár a áirithiú agus cuirfear seirbhísí ar bun.

Airteagal 15

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS

1            Chun cuspóirí na gclár a bhaint amach, rannchuideoidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS lena gcur chun feidhme agus cuirfidh sí na cúraimí seo a leanas i gcrích, i gcomhréir leis na treoirlínte arna leagan síos ag an gCoimisiún:

(a) maidir le slándáil na gclár agus gan dochar d'Airteagal 14 agus d'Airteagal 17, áiritheoidh sí:

(i)      ar a dhéanaí go dtí an 30 Meitheamh 2016, deimhniúchán slándála i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 912/2010; chuige sin, cuirfidh sí tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sí faireachán orthu agus déanfaidh sí iniúchtaí slándála córais;

(ii)      saothrú ionad slándála Galileo, i gcomhréir leis na ceanglais agus caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 14(3), chomh maith leis na treoracha arna dtabhairt faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES dá dtagraítear in Airteagal 17;

(b) déanfaidh sí cúraimí údaráis PRS inniúil dá dtagraítear in Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1104/2011/AE a chur i gcrích, má ainmnítear amhlaidh í, agus cuideoidh sí leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán íosta comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 8(6) den Chinneadh sin;

(c) i gcomhthéacs shaothrú na gcóras, rannchuideoidh sí le margú seirbhísí, lena n‑áirítear tríd an anailís mhargaidh is gá a dhéanamh;

(d) déanfaidh sí freisin cúraimí sonracha eile a bhaineann leis na cláir a chur i gcrích, cúraimí a fhéadfaidh an Coimisiún a thabhairt di trí chomhaontú tarmligin arna ghlacadh ar bhonn cinnidh tarmligin, i gcomhréir le hAirteagal 54(2)(b) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, agus lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(i)      na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le bainistíocht an bhonneagair, cothabháil, feabhsú leanúnach agus athnuachan na gcóras, na hoibríochtaí deimhniúcháin agus caighdeánaithe a bhaineann leis na cláir agus le soláthar seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3(d) agus in Airteagal 4;

(ii)      cur chun cinn feidhmeanna agus seirbhísí ar mhargadh loingseoireachta satailíte.

2.           I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1 agus laistigh de theorainn a misin, cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS a saineolas teicniúil ar fáil don Choimisiún agus tabharfaidh sí an fhaisnéis uile is gá dó chun a chúraimí a chur i gcrích faoin Rialachán seo.

3.           Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1), i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1(d) den Airteagal seo. Cuirfear an Coiste ar an eolas maidir leis na comhaontuithe tarmligin atá le tabhairt i gcrích ag an Aontas, a mbeidh an Coimisiún ina ionadaí dó, agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS.

Airteagal 16

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis

1.           Tabharfaidh an Coimisiún comhaontú ilbhliantúil tarmligin i gcrích leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis ar bhonn cinnidh tarmligin a ghlacfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 54(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002. Leis an gcomhaontú sin cumhdófar cur i gcrích na gcúraimí agus cur chun feidhme an bhuiséid arna dtarmligean i gcomhthéacs chur chun feidhme na gclár, go háirithe críochnú an bhonneagair faoi chlár Galileo.

2.           A mhéid is gá do chur i gcrích na gcúraimí agus do chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligtear faoi mhír 1, leagfar síos leis an gcomhaontú tarmligin na coinníollacha ginearálta maidir le bainistíocht na gcistí a thugtar don Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus, go háirithe, na gníomhartha a bheidh le cur chun feidhme, an maoiniú ábhartha, na nósanna imeachta bainistíochta, na bearta faireacháin agus cigireachta, na bearta is infheidhme i gcás fheidhmiú neamhdhóthanach conarthaí agus na rialacha maidir le húinéireacht sócmhainní uile inláimhsithe agus doláimhsithe.

Déantar foráil go háirithe leis na bearta faireacháin agus cigireachta maidir le córas sealadach réamhaisnéise costas, faisnéis chórasach ón gCoimisiún i dtaobh na gcostas agus, i gcás ina bhfuil difríocht idir na buiséid bheartaithe agus na costais thabhaithe, gníomhaíochtaí ceartaitheacha lena ráthaítear cur chun feidhme na mbonneagar laistigh de theorainn na mbuiséad arna leithdháileadh.

3.           Rachfar i gcomhairle leis an gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1), i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2), maidir leis an gcinneadh tarmligin dá dtagraítear i mír 1(d) den Airteagal seo. Cuirfear an Coiste ar an eolas maidir leis an gcomhaontú ilbhliantúil tarmligin atá le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.

4.           Déanfaidh an Coimisiún an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 35(1) a chur ar an eolas maidir le torthaí idirmheánacha agus torthaí deiridh na meastóireachta a dhéanfar ar na glaonna ar thairiscintí agus ar na conarthaí atá le tabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht Eorpach Spáis le cuideachtaí.

CAIBIDIL IV

GNÉITHE A BHAINEANN LE SLÁNDÁIL AN AONTAIS NÓ LE SLÁNDÁIL A BHALLSTÁT

Airteagal 17

Gníomhaíocht Chomhpháirteach

I ngach cás inar féidir le saothrú na gcóras dochar a dhéanamh do shlándáil an Aontais nó a Bhallstát, beidh feidhm ag na nósanna imeachta dá bhforáiltear le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES.

Airteagal 18

Cur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le faisnéis rúnaicmithe

1.           I dtaca le rialacháin slándála lena n‑áiritheofar leibhéal cosanta a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a ráthaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún[21] agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/292/AE ón gComhairle[22], áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh feidhm acu maidir le gach duine nádúrtha a bhfuil cónaí air ar a chríoch agus maidir le gach eintiteas dlíthiúil a bhunaítear ar a chríoch a phléann le faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a bhaineann leis na cláir.

2.           Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas láithreach maidir le glacadh na rialachán slándála náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

3.           Ní fhéadfaidh daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i dtríú tíortha agus eintitis dhlíthiúla a bhunaítear i dtríú tíortha plé le faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais a bhaineann leis na cláir ach amháin i gcás ina mbeidh siad faoi réir na rialachán slándála sna tíortha sin lena n‑áiritheofar leibhéal cosanta a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an leibhéal cosanta a ráthaítear le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún agus le rialacha slándála na Comhairle a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/292/UE. Meastar go bhfuil rialacháin slándála na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis agus Cinneadh 2011/C 304/05 Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála[23] coibhéiseach leis na rialacha agus na rialacháin sin. Féadfar coibhéiseacht na rialachán slándála a chuirtear i bhfeidhm i dtríú tír a aithint i gcomhaontú leis an tír sin.

CAIBIDIL V

conarthaí Poiblí

ROINN I

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le conarthaí poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéimeanna imlonnaithe agus saothraithe na gclár

Airteagal 19

Prionsabail ghinearálta

Maidir le rialacha an Aontais um sholáthar poiblí dá bhforáiltear le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002, go háirithe rochtain oscailte agus iomaíocht chothrom tríd an slabhra soláthair tionsclaíoch ar fad, tairiscint ar bhonn faisnéis thrédhearcach thráthúil a chur ar fáil, na rialacha soláthair phoiblí is infheidhme a chur in iúl go soiléir, critéir roghnúcháin agus dámhachtana chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a thugann cothrom iomaíochta do gach tairgeoir féideartha, beidh feidhm acu maidir le conarthaí poiblí a thabharfar i gcrích mar chuid de chéim imlonnaithe chlár Galileo agus chéimeanna saothraithe na gclár, gan dochar do bhearta is gá chun leasanna riachtanacha slándála an Aontais nó leasanna riachtanacha slándála poiblí a chosaint nó chun ceanglais an Aontais um rialú onnmhairithe a chomhlíonadh.

Airteagal 20

Cuspóirí sonracha

Le linn an tsoláthair, saothrófar na cuspóirí seo a leanas:

(a)     rannpháirtíocht is mó agus is oscailte is féidir cuideachtaí uile a chur chun cinn ar fud an Aontais, go háirithe rannpháirtíocht iontrálaithe nua agus FBManna;

(b)     mí-úsáid fhéideartha ceannasachta agus spleáchas fadtéarmach ar sholáthraithe aonair a sheachaint;

(c)     leas a bhaint as infheistíochtaí earnála poiblí roimhe sin agus as na ceachtanna a foghlaimíodh agus as taithí tionsclaíoch agus as inniúlachtaí tionsclaíocha chomh maith, lena n‑áirítear iad sin a fuarthas i gcéim shainiú, fhorbairt agus bhailíochtú agus imlonnaithe na gclár, agus a áirithiú chomh maith go n‑urramófar na rialacha maidir le tairiscint iomaíoch.

ROINN 2

Forálacha ginearálta is infheidhme maidir le conarthaí poiblí a thugtar i gcrích mar chuid de chéimeanna imlonnaithe agus saothraithe na gclár

Airteagal 21

Dálaí cothroma iomaíochta a bhunú

Ní mór don údarás conarthach na bearta iomchuí a dhéanamh chun dálaí cothroma iomaíochta a bhunú i gcás ina bhféadfadh rannpháirtíocht roimhe sin cuideachta i ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leo siúd is ábhar don ghlaoch ar thairiscintí:

(a) buntáistí suntasacha a thabhairt don chuideachta sin i dtéarmaí faisnéise pribhléidí agus imní a chruthú dá bhrí sin i dtaobh urraim an chaithimh chomhionann; nó

(b) tionchar a imirt ar ghnáthdhálaí na hiomaíochta nó ar neamhchlaontacht agus oibiachtúlacht na dámhachtana nó chur i gcrích na gconarthaí.

Ní mór nach ndéanfaidh na bearta sin iomaíocht chóir a shaobhadh, nach ndéanfaidh siad dochar don chaitheamh comhionann ná do rúndacht na faisnéise arna bailiú i leith na gcuideachtaí, a gcaidrimh gnó agus a struchtúir costas. Sa chomhthéacs sin, cuirfear san áireamh sna bearta sin cineál agus mionsonraithe an chonartha bheartaithe.

Airteagal 22

Conarthaí lena bhfuil íocaíochtaí céime i gceist

1.           Féadfaidh an t‑údarás conarthach conradh a dhámhachtain i bhfoirm conartha lena bhfuil íocaíochtaí céime i gceist.

2.           Áirítear i gconradh lena bhfuil íocaíochtaí céime i gceist céim sheasta a bhfuil ceangaltas buiséadach ag gabháil léi, agus céim choinníollach amháin nó níos mó. Déantar tagairt sna doiciméid a bhaineann leis an tairiscint do na heilimintí a bhaineann le conarthaí lena bhfuil íocaíochtaí céime i gceist. Sainítear iontu go háirithe ábhar an chonartha, an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh agus na socruithe le haghaidh soláthar seirbhísí ag gach céim.

3.           Ní mór oibleagáidí na céime seasta a bheith ina n‑iomlán comhsheasmhach; is amhlaidh atá freisin i gcás oibleagáidí gach céime coinníollaí, agus oibleagáidí na gcéimeanna ar fad roimhe sin á gcur san áireamh.

4.           Tá cur i gcrích gach céime coinníollaí faoi réir chinneadh de chuid an údaráis chonarthaigh, cinneadh a dtugtar fógra ina leith don chonraitheoir i gcomhréir le coinníollacha an chonartha. I gcás ina ndearbhaítear céim choinníollach go déanach nó nach ndearbhaítear í, féadfaidh an conraitheoir, má fhoráiltear amhlaidh sa chonradh agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos ann, tairbhiú de liúntas le go mbeidh sé in ann fanacht go dtí go ndéanfar an dearbhú nó de liúntas mar chúiteamh toisc nár cuireadh an chéim i gcrích.

Airteagal 23

Conarthaí costas plus

1.           Mar eisceacht, féadfaidh an t‑údarás conarthach conradh costas plus iomlán nó páirteach a roghnú, laistigh de theorainn buaicphraghais, sna cúinsí atá leagtha síos i mír 2.

Murab ionann agus conradh lena n‑íoctar as an toradh agus dá socraítear an praghas nó na socruithe chun an praghas a chinneadh i dtosach sna doiciméid chonarthacha, le conradh costas plus íoctar as na hacmhainní a úsáideadh agus ní as táirge críochnaithe nó seirbhís chríochnaithe. Is éard atá sa phraghas atá le híoc aisíocaíocht na gcostas díreach ar fad arna dtabhú ag an gconraitheoir le linn dó an conradh a chur i gcrích, amhail caiteachas ar shaothar, ábhar, thomhaltáin, úsáid trealaimh agus bhonneagair is gá chun an conradh a chur i gcrích. Déantar na costais sin a mhéadú le suim sheasta lena gcumhdaítear costais indíreacha agus an brabús, nó le suim lena gcumhdaítear costais indíreacha agus le cúiteamh táille dreasachta bunaithe ar chomhlíonadh cuspóirí maidir le feidhmíocht agus sceidil seachadta.

2.           Féadfaidh an t‑údarás conarthach conradh costas plus iomlán nó páirteach a roghnú i gcás nach féidir praghas seasta a shocrú ar bhealach beacht oibiachtúil agus más féidir a thaispeáint go réasúnta go mbeadh an praghas seasta sin as cuimse ard de bharr éiginnteachtaí a bhaineann go dlúth le cur i gcrích an chonartha toisc:

(a) go bhfuil eilimintí an‑chasta nó eilimintí a éilíonn úsáid teicneolaíochta nua sa chonradh, agus dá bhrí sin go bhfuil líon suntasach rioscaí teicniúla ag baint leis;

(b) nach mór, ar chúiseanna oibríochtúla, tús a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí atá faoi réir an chonartha, cé nach féidir fós praghas iomlán seasta cinntitheach a shocrú toisc rioscaí suntasacha a bheith ann nó toisc go mbraitheann cur i gcrích an chonartha i bpáirt ar chur i gcrích conarthaí eile.

3.           Is é buaicphraghas conartha costas plus iomláin nó pháirtigh an praghas uasta atá iníoctha. Ní fhéadfar é a shárú ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil call cuí leo faoi réir chomhaontú an údaráis chonarthaigh roimh ré.

4.           Sonrófar an méid seo a leanas sna doiciméid a bhaineann le conarthaí costas plus iomlána nó páirteacha:

(a) cineál an chonartha, is é sin le rá arb é atá i gceist leis conradh costas plus iomlán nó páirteach laistigh de theorainn buaicphraghais;

(b) i gcás conartha costas plus pháirtigh, eilimintí an chonartha atá faoi réir aisíocaíochta costas;

(c) suim an bhuaicphraghais;

(d) na critéir dámhachtana, lena gcaithfear a bheith in ann go háirithe creatúlacht an bhuiséid mheasta, na gcostas is inaisíoctha, na meicníochtaí chun na costais sin a chinneadh, an bhrabúis dá dtagraítear sa tairiscint a mheas;

(e) an cineál méadaithe dá dtagraítear i mír 1 atá le cur i bhfeidhm ar na costais;

(f) na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcinntear incháilitheacht na gcostas atá beartaithe ag an tairgeoir chun an conradh a chur i gcrích, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i mír 5;

(g) na rialacha cuntasaíochta nach mór do na tairgeoirí a chomhlíonadh;

(h) i gcás conartha costas plus pháirtigh atá le hathrú go conradh le praghas seasta cinntitheach, paraméadair an athraithe sin.

5.           Níl na costais arna ndearbhú ag an tairgeoir le linn dó conradh costas plus iomlán nó páirteach a chur i gcrích incháilithe ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) tá siad tabhaithe iarbhír i rith fhad an chonartha, cé is moite de chostais an trealaimh, na mbonneagar agus na sócmhainní seasta doláimhsithe is gá chun an conradh a chur i gcrích, nithe a fhéadfar a mheas mar incháilithe i leith iomlán a luacha ceannaigh;

(b) tá tagairt déanta dóibh sa bhuiséad measta a fhéadfar a athbhreithniú le leasuithe ar an gconradh tosaigh;

(c) tá gá leo chun an conradh a chur i gcrích;

(d) is toradh iad ar chur i gcrích an chonartha agus tá siad inchurtha ina leith;

(e) is féidir iad a shainaithint agus a fhíorú, tá taifead orthu i dtaifead cuntasaíochta an chonraitheora agus tá siad cinntithe i gcomhréir leis na caighdeáin chuntasaíochta dá dtagraítear sna sonraíochtaí agus sa chonradh;

(f) comhlíonann siad forálacha na reachtaíochta cánaí agus sóisialta is infheidhme;

(g) ní mhaolaíonn siad ar théarmaí an chonartha;

(h) tá siad réasúnta, tá bonn údair leo agus comhlíonann siad ceanglais na bainistíochta fónta airgeadais, go háirithe maidir le barainneacht agus éifeachtúlacht.

Tá an conraitheoir freagrach as cuntasaíocht a chostas, as taifid fhónta chuntasaíochta a choinneáil nó aon doiciméad eile is gá chun a thaispeáint gur tabhaíodh na costais a n‑iarrann sé aisíocaíocht ina leith agus go gcomhlíonann siad na prionsabail atá leagtha amach san Airteagal seo. Meastar nach incháilithe na costais nach féidir leis an gconraitheoir bonn údair a thabhairt leo agus diúltaítear iad a aisíoc.

6.           Cuirfidh an t‑údarás conarthach na cúraimí seo a leanas i gcrích chun a áirithiú go ndéantar conarthaí costas plus a chur i gcrích i gceart:

(a) cinnfidh sé an buaicphraghas is réalaí is féidir agus an tsolúbthacht is gá chun na rioscaí teicniúla a chur san áireamh á tabhairt ag an am céanna;

(b) athróidh sé conradh costas plus go conradh le praghas iomlán seasta cinntitheach a luaithe is féidir, le linn chur i gcrích an chonartha, an praghas seasta cinntitheach sin a shocrú; chuige sin déanfaidh sé na paraméadair a bhaineann leis an athrú ó chonradh costas plus go conradh le praghas seasta cinntitheach a chinneadh;

(c) cuirfidh sé bearta faireacháin agus cigireachta chun feidhme a dhéanann foráil go háirithe maidir le córas chun réamhaisnéis a dhéanamh i dtaobh an chostais mheasta;

(d) déanfaidh sé prionsabail, uirlisí agus nósanna imeachta oiriúnacha do chur chun feidhme na gconarthaí a chinneadh, go háirithe chun incháilitheacht na gcostas arna ndearbhú ag an gconraitheoir nó ag a fhochonraitheoirí le linn chur i gcrích an chonartha a shainaithint agus a sheiceáil, agus chun leasuithe ar an gconradh a thabhairt isteach;

(e) seiceálfaidh sé go gcomhlíonann an conraitheoir agus a fhochonraitheoirí na caighdeáin chuntasaíochta atá sonraithe sa chonradh agus an oibleagáid doiciméid chuntasaíochta a sholáthar ar cheart dóibh léiriú fíor cothrom ar na cuntais a thabhairt;

(f) déanfaidh sé a áirithiú go leanúnach, ar feadh chur i gcrích an chonartha, éifeachtacht na bprionsabal, na n‑uirlisí agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (d).

Airteagal 24

Leasuithe

Féadfar an conradh a athrú le leasú ar choinníoll go gcomhlíonann an leasú sin na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a)     ní athraíonn sé ábhar an chonartha;

(b)     ní chuireann sé as do chothromaíocht eacnamaíoch an chonartha;

(c)     ní thugann sé isteach coinníollacha ar coinníollacha iad, dá mba rud é go raibh siad i ndoiciméid an chonartha ar dtús, a thabharfadh cead isteach do thairgeoirí seachas iad siúd ar tugadh cead isteach dóibh ar dtús nó a thabharfadh cead glacadh le tairiscint seachas an tairiscint ar glacadh léi ar dtús.

Airteagal 25

Fochonraitheoireacht

1. Féadfaidh an t‑údarás conarthach iarraidh ar gach tairgeoir fochonraitheoireacht a dhéanamh ar chuid den chonradh, ar leibhéil éagsúla, chuig cuideachtaí nach cuid den ghrúpa lena mbaineann seisean iad. Sloinntear an chuid íosta fochonraitheoireachta sin mar raon ó chéatadán íosta go céatadán uasta. Tá an raon sin comhréireach le hábhar agus luach an chonartha chomh maith le cineál na hearnála gníomhaíochta lena mbaineann, go háirithe na dálaí iomaíochta agus an acmhainneacht thionsclaíoch arna mbreathnú.

2. Féadfaidh an t‑údarás conarthach diúltú do na fochonraitheoirí roghnaithe ag an iarrthóir ag céim nós imeachta dámhachtana an phríomhchonartha nó roghnaithe ag an tairgeoir ar glacadh leis do chur i gcrích an chonartha. Tabharfaidh sé bonn údair i scríbhinn leis an diúltú sin, diúltú nach féidir leis a bheith bunaithe ach ar na critéir arna gcur i bhfeidhm chun tairgeoirí a roghnú don phríomhchonradh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Airteagal 26

Clárú

Bunóidh an Coimisiún clár oibre ilbhliantúil lena leagfar amach na príomhghníomhaíochtaí, an buiséad sealadach agus an sceideal is gá chun cuspóirí chláir Galileo agus EGNOS, arna leagan síos in Airteagal 1(4) agus (5), a bhaint amach.

Ar bhonn an chláir oibre ilbhliantúil, glacfaidh an Coimisiún clár oibre bliantúil ina mbeidh an plean chun an clár ilbhliantúil a chur chun feidhme agus an maoiniú comhfhreagrach.

Déanfar na bearta cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3).

Airteagal 27

Gníomhaíochtaí na mBallstát

1.           Staonfaidh na Ballstáit ó bhearta a dhéanamh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'oibriú rianúil na gclár, go háirithe bearta maidir le cearta maoine intleachtúla agus leanúnachas fheidhmiú na mbonneagar.

2.           Déanfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá chun go n‑ainmneofar stáisiúin talún na gcóras mar bhonneagair chriticiúla Eorpacha de réir bhrí Threoir 2008/114/CE ón gComhairle[24].

Airteagal 28

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta faoi na cláir, go háirithe comhaontuithe comhair, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 29

Cúnamh teicniúil

Chun na cúraimí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 13(2) a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún dul ar iontaoibh an chúnaimh is gá, go háirithe cúnamh shaineolaithe na n‑údarás náisiúnta atá inniúil i réimse an spáis, saineolaithe neamhspleácha agus comhlachtaí atá in ann anailís agus tuairimí neamhchlaonta a sholáthar faoi oibriú na gclár.

Féadfaidh na heintitis baint acu le rialachas poiblí na gclár, seachas an Coimisiún, go háirithe an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, tairbhiú den chúnamh teicniúil céanna i gcur i gcrích na gcúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo.

Airteagal 30

Sonraí pearsanta agus príobháideacht a chosaint

1.           Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachta a ráthú le linn dhearadh agus chur chun feidhme na gclár agus go ndéanfar cosaintí iomchuí a chomhtháthú iontu.

2.           Gach próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs chur i gcrích na dtascanna agus na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, déanfar í i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[25] agus Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[26].

Airteagal 31

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.           Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2.           Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach leo i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle[27] d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, trí chomhaontuithe idirnáisiúnta le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, trí chomhaontuithe deontais, trí chinntí deontais agus trí chonarthaí a thig ón Rialachán seo a chur i bhfeidhm, cumhachtófar go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 32

Faisnéis a chuirfear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle

Áiritheoidh an Coimisiún cur chun feidhme an Rialacháin seo. Gach bliain, nuair a thíolacfaidh sé a réamh‑dhréachtbhuiséad, tíolacfaidh sé tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na gclár.

Airteagal 33

Meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo

1.           Ar a dhéanaí an 30 Meitheamh 2018, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta arna ndéanamh de bhun an Rialacháin seo a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí, ar bearta iad maidir le:

(a) cuspóirí na mbeart sin a bhaint amach, i dtéarmaí torthaí agus tionchar araon;

(b) éifeachtacht úsáid acmhainní;

(c) an luach breise Eorpach.

Sa mheastóireacht scrúdófar freisin an scóip atá ann do shimpliú, an chomhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, ábharthacht na gcuspóirí ar fad, chomh maith leis an méid a rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais i dtéarmaí fáis chliste, inbhuanaithe agus uilechuimsithigh. Cuirfear san áireamh inti torthaí na meastóireachtaí maidir le tionchar fadtéarmach na mbeart roimhe sin.

2.           Cuirfear san áireamh sa mheastóireacht an dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí chláir Galileo agus EGNOS atá leagtha síos in Airteagal 1(4) agus (5), ar bhonn na dtáscairí feidhmíochta seo a leanas:

(a) maidir le Galileo: líon na satailítí oibríochtúla, leagan an bhonneagair thalúin a úsáideadh agus líon na seirbhísí a soláthraíodh;

(b) maidir le EGNOS: líon na n‑athruithe ar na sonraíochtaí seirbhíse a tíolacadh do na húdaráis deimhniúcháin.

3.           Déanfaidh na comhlachtaí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Rialacháin seo na sonraí agus an fhaisnéis is gá chun go bhféadfar faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann a sholáthar don Choimisiún.

CAIBIDIL VII

TARMLIGEAN AGUS BEARTA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.           Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar don Choimisiún an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.           Maidir leis an gcumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 14, tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 1 Eanáir 2014.

3.           Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 14 a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh an cinneadh maidir le cúlghairm deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a shonrófar ann. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm lá tar éis lá fhoilsiú an chinnidh sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.           A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5.           Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 28 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 35

An nós imeachta coiste

1.           Beidh an An Coiste um Chláir Eorpacha GNSS (anseo feasta "coiste") a bunaíodh le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.

2.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.           I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.           Féadfaidh ionadaithe na Gníomhaireachta Eorpaí GNSS agus na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos i rialacha nós imeachta an Choiste.

5.           Féadfar foráil a dhéanamh le comhaontuithe idirnáisiúnta a thabharfaidh an tAontas i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir le rannpháirtíocht ionadaithe tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta in obair an Choiste faoi na coinníollacha a leagtar síos ina rialacha nós imeachta.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 36

Aisghairmeacha

1.           Beidh Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 aisghairthe ón 1 Eanáir 2014.

              Leanfaidh aon bheart a glacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 876/2002 de bheith faoi réir an Rialacháin sin.

2.           Beidh Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 aisghairthe ón 1 Eanáir 2014.

              Leanfaidh aon bheart a glacadh ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 de bheith faoi réir an Rialacháin sin.

              Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

An tseanuimhríocht (Rialachán (CE) Uimh. 683/2008[28]) || An uimhríocht nua (An Rialachán seo)

Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2 || Airteagal 2

Airteagal 3 || Airteagal 3

Airteagal 4 || Airteagal 8

Airteagal 5 || Airteagal 4

Airteagal 6 || Airteagal 9

Airteagal 7 || Airteagal 5

Airteagal 8 || Airteagal 6

Airteagal 9 || Airteagal 7

Airteagal 10 || Airteagal 10

Airteagal 11 || Airteagal 11

Airteagal 12(1) Airteagal 12,(2) agus (3) || Airteagal 12 Airteagal 13

Airteagal 13(1) Airteagal 13,(2) agus (3) Airteagal 13(4) || Airteagal 13 Airteagal 14 Airteagal 17

Airteagal 14 || Airteagal 18

Airteagal 15 || Airteagal 26

Airteagal 16 || Airteagal 15

Airteagal 17 || Airteagail 19 go 25

Airteagal 18 || Airteagal 16

Airteagal 19 || Airteagal 35

Airteagal 20 || Airteagal 30

Airteagal 21 || Airteagal 31

Airteagal 22 || Airteagal 32

Airteagal 23 ||

Airteagal 24 || Airteagal 37

Iarscríbhinn || Airteagal 1

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte – GALILEO agus EGNOS (breis‑seirbhís na hEorpa um loingseoireacht gheochobhsaí)

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[29]

Teideal 02: Fiontraíocht

Caibidil 02 05: cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus GALILEO)

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[30]

þ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Ba cheart a mheabhrú gur tionscadail suaitheanta de chuid an Aontais iad na cláir um loingseoireacht satailíte (“na cláir” anseo feasta). Tagann siad faoi chuimsiú na Straitéise ‘Eoraip 2020’ agus na mbeartas forbartha inbhuanaithe. Is éard atá i gceist leis sin seirbhísí loingseoireachta a sholáthar, forbairtí a dhéanamh in a lán earnálacha gníomhaíochta, nuálaíocht teicneolaíochta agus méadú iomaíochais a chur chun cinn i ngeilleagar na hEorpa, fostaíocht, ioncam tráchtála agus sochair shocheacnamaíocha a chruthú.

Is é is cuspóir don togra tacú le láithreacht Eorpach sa spás agus seirbhísí satailíte a fhorbairt agus, go háirithe, dhá chóras loingseoireachta satailíte a chur ar fáil.

Níos sonraí fós, is é is aidhm do chlár Galileo córas domhanda loingseoireachta satailíte na hEorpa a bhunú (“GNSS” anseo feasta). Déanfaidh sé seirbhísí suite, sioncrónaithe agus loingseoireachta a chur ar fáil d’úsáideoirí ar fud an domhain le haghaidh feidhmchlár éagsúil, idir iompar, imréiteach urrús airgeadais, soláthar leictreachais, réamhaisnéis na haimsire agus dolaí bóthair.

Maidir le EGNOS, is córas Eorpach atá ann a cruthaíodh chun feidhmíocht GPS na Stát Aontaithe a fheabhsú sa limistéar Eorpach. Feabhsaíonn sé na seirbhísí reatha loingseoireachta satailíte le go mbeidh siad oiriúnach d’fheidhmchláir atá critiúil ó thaobh sábháilteachta, amhail feidhmchláir san aeriompar nó chun aerárthaí a eitilt nó a thuirlingt nó san iompar muirí chun longa a stiúradh trí chainéil chúnga.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Bonneagar agus seirbhísí domhanda loingseoireachta satailíte (Galileo) a fhorbairt agus a sholáthar idir seo agus 2019

Is iad cuspóirí sonracha chlár Galileo, mar atá siad sainithe sa togra le haghaidh rialacháin, a áirithiú go bhféadfar na comharthaí a astóidh an córas arna bhunú faoin gclár sin a úsáid chun na cúig fheidhm seo a leanas a chomhlíonadh :

– seirbhís oscailte a thairiscint (dá ngairtear "Open Service" nó OS), atá saor in aisce le haghaidh an úsáideora agus lena soláthraítear faisnéis suite agus sioncrónaithe, le haghaidh feidhmchlár loingseoireachta satailíte ardtoirte;

– seirbhís sábháilteachta beatha (dá ngairtear "safety-of-life" nó SoL) a thairiscint a dhírítear ar úsáideoirí a bhfuil an tsábháilteacht riachtanach dóibh; Comhlíonann an tseirbhís sin freisin ceanglais earnálacha áirithe maidir leis an leanúnachas, leis an infhaighteacht agus leis an gcruinneas agus áirítear teachtaireacht sláine a dhíríonn aird an úsáideora ar aon loic sa chóras; tá taighde á dhéanamh fós ar shainmhíniú nua ar an tseirbhís SoL le go gcomhlíonfar níos fearr riachtanais úsáideoirí, le go laghdófar an tionchar a bhíonn ag an tseirbhís seo ar na costais agus le go gcuirfear comhlántacht le seirbhís SoL EGNOS san áireamh;

– seirbhís tráchtála a thairiscint (dá ngairtear "Commercial Service" nó CS) d'fhonn feidhchláir a fhorbairt le haghaidh úsáide gairmiúla nó tráchtála de bharr feidhmíochta feabhsaithe agus sonraí le breisluach níos mó ná mar a fhaightear tríd an tseirbhís oscailte;

– seirbhís atá faoi rialáil phoiblí a thairiscint (dá ngairtear "Public Regulated Service" nó PRS) atá srianta d'úsáideoirí amháin atá údaraithe ag comhlachtaí rialtais, le haghaidh feidhmchlár íogair a éilíonn ardleibhéal leanúnachais seirbhíse. Úsáideann an tseirbhís atá faoi rialáil phoiblí comharthaí láidre criptithe,

– bheith rannpháirteach sa tseirbhís cuardaigh agus tarrthála (dá ngairtear "Search and Rescue Support Service" nó SAR) den chóras COSPAS‑SARSAT trí chomharthaí éigeandála a bhrath ó rabhcháin agus trí theachtaireachtaí a chur ar ais chucu.

Fochuspóir Uimh. 1:

Bonneagar loingseoireachta satailíte a fhorbairt agus luathsheirbhísí Galileo a sholáthar idir seo agus 2014-2015

Is é is cuspóir do chlár Galileo na trí chéad trí luathsheirbhís a sholáthar idir seo agus 2014-2015 (OS, PRS agus SAR)

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Seirbhísí bunaithe ar shatailítí a sholáthar lena bhféadfar feidhmíocht GPS a fheabhsú le go gcuimseofar réigiún iomlán na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC) idir seo agus 2020 (EGNOS)

Maidir le clár EGNOS, a chomhlánaíonn comharthaí GPS na Stát Aontaithe le go mbeidh faisnéis suite níos beaichte ar fáil sa limistéar Eorpach[31], tá sé dírithe ar thrí sheirbhís a sholáthar:

—      an tseirbhís oscailte (OS): le haghaidh fhaighteoirí an mhórmhargaidh agus gnáth‑fheidhmchlár úsáideoirí. Soláthraíonn sí comharthaí faisnéise suite atá ar fáil saor in aisce. Deimhníodh go raibh sí i bhfeidhm[32] i nDeireadh Fómhair 2009 agus tá sí in úsáid cheana i roinnt earnálacha ar nós earnáil na talmhaíochta;

—      an tseirbhís sábháilteachta beatha (Safety of Life nó SoL): le haghaidh na bhfeidhmchlár atá criticiúil ó thaobh shábháilteacht na beatha i réimse an iompair, go háirithe san eitlíocht shibhialta. Tugann sí ráthú feidhmíochta níos airde agus cuimsíonn sí córas rabhaidh a bhaineann le sláine. Deimhníodh go raibh sí i bhfeidhm i Márta 2011 agus tá sí in úsáid cheana in earnálacha an aeriompair san Eoraip;

—      an tseirbhís rochtana ar shonraí EGNOS (EDAS): le haghaidh feidhmchlár feabhsaithe, agus a sholáthraíonn seirbhís sonraí tráchtála a bhfuil a rochtain faoi rialú (mar shampla, ar an idirlíon nó ar ghutháin phóca).

Fochuspóir Uimh. 2:

Na bearta is gá a dhéanamh le go n‑áiritheofar go leanfar de na hoibríochtaí tar éis 2014 agus cáilíocht na seirbhísí a fheabhsú de réir a chéile idir seo agus 2020

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Caibidil 02 05: cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus GALILEO)

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Seoladh na cláir Eorpacha loingseoireachta satailíte breis is 10 mbliana ó hin agus ba é an aidhm pholaitiúil a bhí leo córas domhanda a fhobairt agus a shaothrú lena bhféadfadh an tAontas Eorpach sochair eacnamaíocha agus straitéiseacha a bhaint as agus seirbhísí loingseoireachta satailíte a sholáthar a bheidh curtha in oiriúint d’úsáidí sibhialta.

Tabharfaidh Galileo agus EGNOS sochair thábhachtacha shocheacnamaíocha don Aontas Eorpach de bharr na gcúiseanna seo a leanas:

i) sochair dhíreacha a thig ón bhfás ar an margadh iartheachtach GNSS (faighteoirí agus feidhmchláir). Mar shampla, dá mbeadh faighteoirí GNSS feistithe ar níos mó eitleán, bheadh ioncam breise á ghiniúint do mhonaróirí na bhfaighteoirí sin;

ii) sochair indíreacha a thig ó fhorbairt feidhmchlár nua. Má thagann laghdú ar fhad eitiltí de bharr loingseoireachta níos fearr, ní bheidh an truailliú céanna á dhéanamh ag eitleáin agus beidh breis ama ag na paisinéirí. Thairis sin, féadfar níos mó daoine a shábháil ón mbás i ngeall ar mhodhanna iompair níos sábháilte agus seirbhísí éigeandála níos éifeachtaí;

iii) sochair dhíreacha a thig ón bhfás ar an margadh réamhtheachtach agus na hiarmhairtí teicneolaíochta in earnálacha eile. Rachaidh infheistíochtaí a rinneadh in GNSS sa mhargadh réamhtheachtach chun sochair don tionscal. Mar sin féin, bainfidh earnálacha eile leas as forbairtí nua in earnáil an spáis. Mar shampla, féadtar ionstraimí a forbraíodh chun meastóireacht agus faireachán a dhéanamh ar shláinte struchtúrach láinseálaithe agus umar breosla a úsáid i ngnólachtaí gluaisteán, foirgníochta, fuinnimh agus fóntais phoiblí.

Cé gur córas neamhspleách a bheidh sa chóras a chuirfear i bhfeidhm faoi chlár Galileo, déanfar a sheirbhísí a fheabhsú ós rud é go mbeidh sé idir-inoibritheach le córais eile ar nós GPS na Stát Aontaithe agus GLONASS na Rúise. Dá bhrí sin, féadfar na buntáistí don úsáideoir, don saoránach nó don gheilleagar i gcoitinne a uasmhéadú tríd an gcomhar le tíortha eile a sholáthróidh seirbhísí loingseoireachta satailíte.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Is é is cuspóir do chlár Galileo bonneagar agus seirbhísí domhanda loingseoireachta satailíte a fhorbairt agus a sholáthar. Chun an cuspóir sin a ghnóthú, ní mór don bhonneagar a fhorbrófar a chothabháil ar bhonn leanúnach agus a chomhpháirteanna a thabhairt cothrom le dáta más gá.

Táscaire a bhaineann le bonneagar Galileo:

–        Líon carnach de shatailítí i bhfeidhm: 18 satailít faoi 2015, 30 faoi 2019

–        Leagan den bhonneagar talún a úsáidfear: v2 idir seo agus 2015

Táscaire a bhaineann le soláthar seirbhísí Galileo:

–        Líon na seirbhísí curtha i bhfeidhm: trí luathsheirbhís faoi 2015, cúig sheirbhís faoi 2020

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Is é is aidhm do chlár EGNOS seirbhísí feabhsaithe loingseoireachta satailíte a chur ar fáil ar fud na hEorpa. Ní mór a bhonneagar a chothabháil ag a leibhéal oibríochta agus an cuimsiú reatha a mhéadú le go gclúdófar an tAontas Eorpach ina iomláine le go bhféadfaidh úsáideoirí leas a bhaint as na seirbhísí gan idirdhealú ar fud an Aontais.

Táscairí a bhaineann le cáilíocht na seirbhíse atá ar fáil agus cuimsiú geografach EGNOS:

–        Líon na n‑athruithe ar na seirbhísí a tíolacadh do na húdaráis deimhniúcháin: 3 sa tréimhse 2014-2020.

Áireofar na hathruithe sin sna doiciméid lena leagtar amach na seirbhísí, doiciméid atá ar fáil don phobal.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

I ngeall ar an gcumas atá i dteicneolaíochtaí GNSS sonraí suite, luais agus ama atá iontaofa agus cruinn a sholáthar, tá an‑tábhacht ag baint leo chun éifeachtúlacht a fheabhsú in a lán réimsí. Tá sé léirithe ag an taithí a fuarthas ó GPS (Córas Suite Domhanda) na Stát Aontaithe go bhfuil an‑bhuntáiste ag baint le loingseoireacht satailíte, sa mhéid is go bhfuil sé ar an gcúigiú seirbhís fóntais phoiblí is tábhachtaí sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh uisce, leictreachais, gáis agus an ghutháin. Tá úsáideoirí míleata agus sibhialta na SA ag brath go mór ar an GPS. Tuigeann roinnt tíortha eile go bhfuil siad ag brath air freisin agus tá siad i mbun forbartha ar a gcóras domhanda féin um loingseoireacht satailíte (GNSS).

Níl aon rogha eile ag úsáideoirí loingseoireachta satailíte san Eoraip, faoi láthair, ach úsáid a bhaint as comharthaí satailíte GPS na Stát Aontaithe nó GLONASS chun faisnéis suite agus loingseoireachta a fháil. Dá bhrí sin, tá geilleagar na hEorpa ag éirí níos spleáiche ar bhonneagar míleata nach bhfuil á rialú ag an Eoraip agus nach ceapadh ar an gcéad dul síos chun fónamh do leasanna eacnamaíocha na hEorpa. Thairis sin, léiríonn na córais sin go bhfuil laigí ag baint leo maidir lena n‑infhaighteacht, go háirithe i gceantair uirbeacha dlúthdhaonra[33]. Ní thugann siad dóthain cinnteachta, ach an oiread, maidir le cáilíocht agus leanúnachas seirbhísí d’úsáideoirí sibhialta na hEorpa.

Ón dearcadh polaitiúil, thuig an tAontas Eorpach nuair a bhí GPS ag feidhmiú go hiomlán go luath sna 1990dí, go raibh gá ag an Eoraip lena córas domhanda féin um loingseoireacht satailíte[34]. I bhfad sular scaipeadh go forleathan feidhmchláir bunaithe ar GNSS, ar nós seirbhísí faisnéise suite nó córais loingseoireachta i ngluaisteáin, bhí sé tuartha ag an gComhairle agus ag an bParlaimint go dtiocfadh méadú ar an ngá le huirlisí loingseoireachta. Ba neamhspleáchas na hEorpa in ábhar loingseoireachta satailíte a spreag an iarracht sin. Tá na spriocanna seo a leanas leis an dearcadh polaitiúil sin:

•        An chéad bhonneagar domhanda um loingseoireacht agus suíomh satailíte a bhunú, a bheidh neamhspleách agus faoi rialú sibhialta, lena ráthófar seirbhísí GNSS gan bhriseadh agus a thabharfaidh buntáiste straitéiseach don Eoraip. Mar sin féin, ba léir de réir a chéile, go mbeadh gá idir-inoibritheacht a shaothrú[35] le córais eile, go háirithe le GPS na Stát Aontaithe, le go mbeadh na seirbhísí is fearr is féidir ar fáil d’úsáideoirí agus chun sochair shocheacnamaíocha a uasmhéadú;

•        Solúbthacht bhonneagar eacnamaíoch na hEorpa a neartú trí chóras cúltaca a chur ar fáil i gcás go dteipfeadh ar chomharthaí ó chórais eile;

•        Na sochair eacnamaíocha indíreacha a uasmhéadú le go bhféadfaidh sochaí shibhialta na hEorpa brath ar chomharthaí níos beaichte, níos infhaighte agus níos láidre, trí leas a bhaint as na deiseanna nua a thig ó loingseoireacht satailíte ardbheachtais ar scála níos mó ná mar atá ar fáil faoi láthair;

•        Cumas na hEorpa a léiriú maidir le bonneagar casta spáis ar mhórscála a fhorbairt, a imlonnú agus a shaothrú.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá ceart gníomhaíochta an AE bunaithe ar Airteagal 172 den Chonaradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Rialachán GNSS maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh.

Na córais a chuirtear ar bun faoi na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte, is bonneagair iad a chuirtear ar bun mar ghréasáin thras‑Eorpacha ar leithne i bhfad a n‑úsáid ná teorainneacha náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, rannchuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le gréasáin thras‑Eorpacha a fhorbairt i réimsí bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

Ní féidir le Ballstát amháin córais loingseoireachta satailíte a chur ar bun óir sháródh a leithéid de bheart a inniúlachtaí airgeadais agus teicniúla. Dá bhrí sin, ní fhéadfar a leithéid de bheart a dhéanamh ach ar leibhéal an AE.

Chomh maith leis sin, foráiltear le Rialachán GNSS go mbeidh an tAontas Eorpach ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir a chruthófar nó a fhorbrófar faoi na cláir. I gcáil úinéara ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir, beidh ar an Aontas Eorpach a áirithiú go bhfuil na dálaí oibriúcháin agus saothraithe uile ar fáil do na córais ón dáta a thiocfaidh an chéad seirbhís suite isteach in 2014-2015. Dá bhrí sin, is de nádúr Eorpach de facto rialú na chórais.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Cé gurb í seo an chéad uair don Aontas a bheith ina úinéir leis féin ar bhonneagar den scála seo agus go mbeidh ar an gCoimisiún clár chomh casta sin a bhainistiú, áirithíonn an taithí a fuarthas ó 2007 go ndéanfar feabhsuithe tábhachtacha ar chur chun feidhme Galileo agus EGNOS amach anseo.

Mar atá tuairiscithe sa tuarascáil ar an athbhreithniú meántéarma ar na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte[36] a chuir an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus sa togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte a chur chun feidhme tuilleadh, is féidir na ceachtanna seo a leanas a bhaint as:

<Bainistiú cláir >

Tar éis na cláir a tugadh fúthu in 2008 a athphróifíliú, tá stuchtúr inmheánach bunaithe ag an gCoimisiún lena bhféadfar na cláir a bhainistiú ag an gcéim ina bhfuil siad faoi láthair. Tá an‑dul chun cinn déanta ó hin i leith, ach beidh gá forbairt bhreise a dhéanamh ar bhainistiú na gclár le go bhféadfar feidhmeanna níos oibríochtúla a bhaineann le saothrú na gcóras a chur ar fáil.

Maidir leis an idirghníomhú idir na páirtithe leasmhara éagsúla, go mór mór an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, bhí toradh maith ar an dáileadh nua inniúlachtaí – gníomhaireacht cur chun feidhme a ghníomhaíonn thar ceann an AE a dhéanamh den Ghníomhaireacht Eorpach Spáis – ach beidh gá an dáileadh sin a oiriúnú d’athruithe a dhéanfar ar na cláir agus do na dúshláin a bhainfidh le saothrú amach anseo.

<Rialú costais agus ionstraimí airgeadais>

Is tionscadail chasta iad Galileo agus EGNOS. Tá a bhforbairt bunaithe den chuid is mó ar theicneolaíochtaí nua a cruthaíodh go speisialta chun riachtanais na gclár a shásamh. Tá sé deacair cur chuige amháin a úsáid, dá bhrí sin, chun na costais a rialú; tá fachtóirí éagsúla ann a imríonn tionchar ar na costais agus d’fhéadfadh líon an‑ard rioscaí dul chun cinn rianúil na gclár a chur i mbaol.

Go dtí seo, bhí moilleanna agus costais bhreise i gceist leis na cláir, go háirithe maidir le breis ceanglas slándála ag na Ballstáit. Mar a tugadh le fios sa Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal "Buiséad do Straitéis ‘Eoraip 2020’"[37] agus mar a d’iarr an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, beidh gá leanúint de na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun na costais a choinneáil faoi smacht. Tá an riachtanas sin san áireamh sa chreat nua rialachais agus tá an Coimisiún ag gníomhú, cheana féin, chun na rioscaí agus na costais a rialú.

Déantar na rioscaí uile a bhaineann leis na cláir a thaifeadadh go lárnach ar chlár ina liostaítear, ceann ar cheann, na rioscaí sin a bhaineann leis an slabhra soláthair tionsclaíoch, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, fachtóirí seachtracha ar nós an tionchair atá ag údaráis pholaitiúla agus ceanglais slándála, agus fachtóirí inmheánacha ar nós eagrú na gclár. Sanntar leibhéal dóchúlachta agus ráta tionchair do gach riosca. Tá liosta gníomhaíochtaí lena laghdófaí an dóchúlacht sin ar áireamh freisin i gclár na rioscaí;

– Tá an Coimisiúin i mbun scrúdaithe ar an deis an tseirbhís SoL a athdhearadh chun an tionchar atá aici ar an gcostas iomlán a laghdú;

– Tá sé i mbun oibre freisin ar bhainistiú éifeachtach na gclár a áirithiú, rud a sheachnódh diallóga agus lena n‑áiritheofaí go bhforbrófaí clár rialachais láidir don todhchaí;

Tá an Coimisiún, agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, ag cur brú ar lucht tionscail praghsanna na n‑eilimintí éagsúla de bhonnagar Galileo a chuimsiú;

– Tá bearta breise á ndéanamh ar leibhéal an chláir chun na costais a rialú, mar shampla optamú ar fhad an chonartha, córais soláthair nua chun satailítí breise a cheannach agus dhá fhoinse soláthair le haghaidh láinseálaithe;

– Ar deireadh, tá an Coimisiún i mbun oibre maidir leis an gcomhar idir é agus saineolaithe (neamhspleácha agus ó Bhallstáit) a neartú chun anailís a dhéanamh ar cheanglais theicniúla na gcóras, ar a gcostais ghaolmhara agus ar roghanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann.

<Ceanglais slándála>

Maidir leis an tslándáil, ní mór a mheabhrú, cé go bhfuil an Coimisiún freagrach as bainistíocht agus slándáil na gcóras faoin Rialachán seo, tá dhá shrian air sa réimse seo:

– Ar an gcéad dul síos, is iad na Ballstáit i ndáiríre a shainíonn na riachtanais slándála. Bíonn na bagairtí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shlándáil bonneagair leochailigh, ar nós bhonnegar na loingseoireachta satailíte, ag síorathrú. Is gá struchtúr na gcóras a oiriúnú go leanúnach do na hathruithe sin. Is faoi na Ballstáit atá sé roinnt de na rioscaí sin a iompar.

– Ar an dara dul síos, faoi Rialachán GNSS (CE) Uimh. 683/2008 atá i bhfeidhm faoi láthair is ar an nGníomhaireacht AE a chuirtear an cúram slándáil na gcóras a chreidiúnú. Is dea-chleachtas rialachais é feidhm na bainistíochta a dheighilt ó fheidhm an chreidiúnaithe sa tslí seo, agus is é an nós imeachta caighdeánach agus ríthábhachtach é don chineál seo tionscadail.

Sa dá chás sin, féadfaidh tionchar suntasach a bheidh ag na roghanna nó na cinntí a dhéantar ar na costais agus na sceidil a bhaineann leis na cláir.

I bhfianaise an tionchair a bhíonn ag ceanglais slándála ar chostais agus ar mhoilleanna, cuireann an Coimisiún béim ar an tábhacht le creat rialachais na gclár a athrú agus breis freagrachtaí a thabhairt do na páirtithe leasmhara éagsúla (go háirithe trí na conraitheoirí agus trí théarmaí ginearálta na gcomhaontuithe tarmligin).

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

D’fhéadfaí sineirgíochtaí a dhéanamh le cláir spáis eile atá nó a bheidh ann, e.g. méadú ar na codanna úsáideoirí (feidhmchláir don mhargadh iartheachtach) nó cosaint eilimintí an chórais a bunaíodh faoi chlár Galileo sa spás agus le linn láinseála.

Déanfar iarracht sineirgíochtaí a bhunú freisin i stiúrthóireachtaí eile sa Choimisiún Eorpach maidir le taighde agus nuálaíocht. Féadfaidh tionchar a bheith ag na feidhmchláir agus na teicneolaíochtaí bunaithe ar GNSS i gcórais loingseoireachta satailíte ar earnálacha éagsúla sa gheilleagar agus sa tsochaí, ar nós earnálacha na faisnéise, an iompair agus an fhuinnimh. Is tábhachtach a áirithiú gurb é an Coimisiún a dhéanfaidh comhordú ar chláir taighde agus nuálaíochta chun an toradh ar infheistíocht a uasmhéadú.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta

¨         Togra/tionscnamh in éifeacht ón [] go dtí an []

¨         Tionchar airgeadais ó 2014 go BBBB

þ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta[38]

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir 2008 agus 2020,

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[39]

þ Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– þ  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[40]

– þ  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu[41]

– þ  eagraíocht idirnáisiúnta[42]

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Bunaíodh an creat rialachais reatha le haghaidh chéim forbartha agus imlonnaithe chlár Galileo, agus le haghaidh chéadchéim saothraithe EGNOS, i.e. le haghaidh na tréimhse 2008-2013. Ní mór an creat sin a leasú agus é á chur san áireamh go leanfaidh céim imlonnaithe Galileo ar aghaidh thar 2013 agus go gcuirfear tús le céim nua den chlár in 2014, tráth a dhéanfar luathsheirbhísí a sholáthar. Ba cheart rialú EGNOS a shainmhíniú freisin nuair a bheidh an córas tagtha go dtí céim na hoibríochta.

Maidir le céim saothraithe Galileo, beidh gá creat rialachais seasmhach, fadtéarmach agus inbhuanaithe a shainiú. Déanfaidh sé úsáid na struchtúr reatha a optamú agus a chuíchóiriú agus áiritheoidh sé gur de réir a chéile a dhéanfar an t‑athrú ó chéim an imlonnaithe go céim an tsaothraithe trína gcosnófar leanúnachas na seirbhíse. Déanfar an rialachas a oiriúnú freisin do na seirbhísí éagsúla atá ar fáil, mar go bhfuil ceanglais dhifriúla agus úsáideoirí difriúla i gceist leo.

Beidh an Coimisiún Eorpach freagrach, den chuid is mó, as maoirseacht pholaitiúil ghinearálta na gclár. Féadfaidh sé bainistíocht na ngníomhaíochtaí oibríochtúla a tharmligean chuig an nGníomaireacht Eorpach GNSS agus chuig an nGníomhaireacht Eorpach Spáis, i gcomhréir lena réimse inniúlachta.

Beidh an deis aige freisin dul i gcomhairle le saineolaithe agus leis na Gníomhaireachtaí náisiúnta spáis i dtaobh ceisteanna teicniúla sonracha.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh foráil maidir le maoirseacht agus rialú airgeadais ar áireamh sna conarthaí agus sna comhaontuithe uile a thabharfar i gcrích faoi chuimsiú chláir GNSS. Beidh fócas áirithe sna sásraí faireacháin agus meastóireachta uile ar chostas na gclár a chuimsiú ach na seirbhísí a sholáthar gan mhoilleanna.

Ag brath ar an gcás, iarrfar cúnamh ar shaineolaithe seachtracha teicniúla chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár. Ar bhonn thorthaí na seiceálacha ar an láthair, áiritheoidh an Coimisiún, nuair is gá, go ndéanfar scála nó coinníollacha na ranníocaíochta airgeadais a ceadaíodh i dtosach, agus sceideal na n‑íocaíochtaí, a oiriúnú.

Molfaidh an Coimisiún:

- creat straitéiseach lena n‑áirítear na príomhghníomhaíochtaí, an buiséad measta agus an t‑amchlár is gá chun cuspóirí chláir Galileo agus EGNOS a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2014 ar a dhéanaí;

- clár oibre bliantúil ina n‑athrófar an creat straitéiseach go dtí bearta mionsonraithe agus táscairí a bheartófar faoin 15 Nollaig den bhliain roimhe sin ar a dhéanaí;

- tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme ina ndéanfar meastóireacht ar chomhlíonadh an chláir oibre bhliantúil a bheartófar faoin 15 Márta den bhliain a leanfaidh an bhliain i gceist ar a dhéanaí;

- meastóireacht eatramhach ar chláir Galileo agus EGNOS a dhíreoidh ar thorthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla, faoin 30 Iúil 2018 ar a dhéanaí, ach sách luath chun an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a ullmhú.

Sa bhreis ar na bearta caighdeánacha sin, déanfaidh an Coimisiún, agus é ag feidhmiú a chumhachtaí maoirseachta polaitiúla maidir le cláir Galileo agus EGNOS, na sásraí faireacháin agus meastóireachta ar an eintiteas atá i mbun bainistíochta ar an gclár a neartú trí phleananna bainistíochta bliantúla agus tuarascálacha ar chur chun feidhme a iarraidh air, trí chruinnithe rialta maidir le dul chun cinn an chláir a eagrú agus iniúchtaí airgeadais agus teicneolaíochta a dhéanamh.

Thairis sin, ba cheart go gcruthódh faireachán na gclár ceangal leis na Ballstáit, mar shampla trína bheith ag brath ar a n‑inniúlachtaí teicniúla chun ionchur a thabhairt ar fhaireachán teicniúil na gclár agus príomhtháscairí feidhmíochta a mholadh ar mhaithe le meastóireacht ar na cláir.

Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún sásra bainistíochta riosca agus uirlisí oiriúnacha bainistíochta chun feidhme ar mhaithe le costas na gclár a chuimsiú bunaithe ar mheastacháin costais níos fearr, ar thaithí go dtí seo a chur san áireamh agus ar chur chun feidhme iarbhír na gcóras.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Tá ceist na bainistíochta riosca, ar tugadh suntas don tábhacht a bhaineann léi nuair a rinneadh an t‑athchóiriú rialachais in 2007, curtha ag croílár a chuid oibre ag an gCoimisiún. Déantar na rioscaí uile a bhaineann leis na cláir a thaifeadadh go lárnach ar chlár ina liostaítear, ceann ar cheann, na rioscaí sin a bhaineann leis an slabhra soláthair tionsclaíoch, an ESA, an Ghníomhaireacht AE, fachtóirí seachtracha ar nós an tionchair atá ag údaráis pholaitiúla agus ceanglais slándála, agus fachtóirí inmheánacha ar nós eagrú na gclár. Sanntar leibhéal dóchúlachta agus ráta tionchair do gach riosca. Tá liosta gníomhaíochtaí lena laghdófaí an dóchúlacht sin ar áireamh freisin i gclár na rioscaí. Aicmítear na rioscaí mar seo a leanas:

• Rioscaí teicneolaíochta: úsáideann an loingseoireacht satailíte teicneolaíochtaí ceannródaíocha nach bhfuil bailíochtaithe fós agus a bhfuil na sonraíochtaí a bhaineann leo ag síorathrú.

• Rioscaí tionsclaíocha: tá baint ag go leor gníomhaithe tionsclaíocha i dtíortha éagsúla le bunú an bhonneagair, agus is gá a gcuid oibre a chomhordú go héifeachtach le go gcruthófar córais atá inmharthana agus lánchomhtháite, go háirithe maidir le slándáil.

• Riosca an mhargaidh: ní foláir a sheachaint go mbeadh tionchar diúltach ag feidhmíocht theicniúil níos ísle ná an fheidhmíocht atá geallta ar úsáideoirí ar fud an domhain agus nach mbeadh an bonneagar á úsáid dá bharr. Thairis sin, ní mór a áirithiú go mbeidh faighteoirí iontaofa ar fáil ó 2014-2015 le haghaidh na luathsheirbhísí éagsúla a bheidh á dtairiscint ag Galileo, go háirithe an tseirbhís PRS.

• Riosca amchláir: chuirfí na deiseanna a d’fhéadfaí a chruthú i mbaol dá mbeadh aon mhoill ar an gcur chun feidhme agus ba dhócha go gcruthófaí costais bhreise.

• Riosca rialachais: beidh gá le comhar idir comhlachtaí éagsúla chun na cláir a rialú, chomh maith le leibhéal oiriúnach cobhsaíochta agus eagraíochta. Lena chois sin, is gá difríochtaí tuairime idir na gníomhaithe éagsúla, agus go háirithe idir na Ballstáit, a chur san áireamh maidir le roinnt saincheisteanna tábhachtacha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go smaoineofaí ar roinnt rioscaí, go háirithe rioscaí airgeadais agus rioscaí a bhaineann le slándáil, a roinnt idir na gníomhaithe sin is fearr is féidir leo déileáil leo.

• Riosca a bhaineann le freagracht: fearacht gach bonneagair, d’fhéadfadh an dá chóras Eorpacha bheith ina gcúis dhíreach nó indíreach le caillteanais airgid d’úsáideoirí nó do thríú páirtithe. Tugadh le fois san anailís a rinne an Coimisiún nach soláthraíonn an dlí reatha is infheidhme creat dlíthiúil iomchuí lena n‑áiritheofaí cothromaíocht idir leasanna na n‑íospartach agus leasanna úinéirí agus oibreoirí na gcóras Eorpach um loingseoireacht satailíte. Is gá tionscnaimh iomchuí a dhéanamh, dá bhrí sin, san Eoraip agus ar fud an domhain chun an cás sin a leigheas faoi 2014. Tá staidéar ina leith sin á dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhar le comhlachtaí idirnáisiúnta eile.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Tá formhór na gcistí faoi bhainistíocht indíreach trí chomhaontuithe tarmligin. Is tábhachtach a mheabhrú go gcuirtear buiséad an GNSS chun feidhme trí phróiseas tairisceana. Braitheann modh an rialaithe inmheánaigh ar rialú ex ante na nósanna imeachta tairisceana (meastóireacht agus roghnú an chonraitheora) agus ar fhaireachán ar na hidirbhearta a dhéantar faoin gconradh tarmligin agus faoi na pleananna bainistíochta tionscadal inar sainíodh róil na bpáirtithe leasmhara uile agus lenar cuireadh nósanna imeachta sonracha chun feidhme maidir le sreabhadh oibre agus gníomhaíochtaí rialaithe. Baineann sé sin go háirithe maidir leo seo a leanas:

- Rannpháirtíocht i gcruinnithe rialta (cruinnithe bainistíochta agus teicniúla)

- Go bhfuil tuairisciú ráithiúil ar dhul chun cinn an chláir bunaithe ar bhonn éigeantach.

- Dualgas tuarascálacha ráithiúla a tharraingt suas ar úsáid cistí comhphobail ina mbeidh táscairí soiléire úsáide trí chonarthaí a síníodh le páirtithe tionsclaíochta agus na sócmhainní luacháilte a thabhairt cothrom le dáta.

Thairis sin, i gcás conarthaí, ní athrófar an modh rialaithe: tá sé bunaithe go príomha ar fheidhmíocht céimeanna teicniúla a bhfuil baint dhlíthiúil acu leis na híocaíochtaí trí chonradh.

Is iad na cúraimí riaracháin atá ar an gCoimisiún na híocaíochtaí a rinne an gníomhaire tarmligthe leis an tionscal a leanúint, leis an tuairisciú atá luaite thuas. Tá gá le foireann íosta idir cúigear agus deichniúr FTE chun cur chun feidhme riaracháin agus teicniúil na gcomhaontuithe tarmligin a rialú. Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanfar aon mhaoiniú dúbailte ar eilimintí áirithe faoin gcreatchlár um thaighde agus nuálaíocht, Fís 2020.

Sa bhreis air sin, mar a tuairiscíodh i mír 1.5.3, tá clár rioscaí forbartha ag an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar eilimintí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na cláir.

Ar deireadh, mar a luadh in [Airteagal 29 den Rialachán], beidh fáil ar chúnamh teicniúil ag na heintitis a bheidh i mbun bainistíochta ar na cláir.

I ngeall ar nádúr teicniúil agus speisialaithe na gclár GNSS, níl súil le haon athruithe móra ar na seiceálacha a dhéanfar.

Tá súil againn go mbeidh an ráta neamhchomhlíonta cothrom leis an ráta reatha. Déantar iniúchtaí ex post gach bliain, áfach, chun na hidirbhearta ón mbliain roimhe sin a sheiceáil. Tá an ráta earráide níos ísle ná 1 % le haghaidh 2009 (coigeartú airgeadais atá molta mar chéatadán den iomlán íoctha). Iarrfar an ráta sin a ísliú i bhfianaise moltaí a dhéanfaidh iniúchóirí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. I bhfianaise na gcineál conarthaí atá i gceist, féadfar an ráta sin a eachtarshuí chuig buiséad iomlán GNSS.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Déanfar foráil leis na comhaontuithe a thiocfaidh as an Rialachán seo, lena n‑áirítear comhaontuithe a chuirtear i gcrích le tríú tíortha rannpháirteacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, maidir le maoirseacht agus rialú airgeadais ag an gCoimisiún, nó ag aon ionadaí a údaróidh sé, agus maidir le hiniúchtaí ag an gCúirt Iniúchóirí nó OLAF, ar an láthair más gá.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

|| LD/LN ([43]) || ó thíortha an CSTE[44] || ó thíortha is iarrthóirí[45] || ó thríú tíortha [46] || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

[1] || 02010405 Cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) — Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || LN || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL

[1] || 020501 Cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) || LD || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal……………………………] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

[1] || 020503 Na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur i gcrích || LD || TÁ || NÍL || TÁ || NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás cliste agus cuimsitheach

DG: ENTR || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021 || Bliain 2022 || Blianta 2023 - 2030 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || || || ||

020501 || Oibleagáidí || (1) || 1 163,5 || 1 187,5 || 990,25 || 1 010 || 799,75 || 1 049,5 || 1 668 || 0 || 0 || 0 || 7 868,5

Íocaíochtaí || (2) || 1 011,5 || 1 181,5 || 955,25 || 1 011 || 672,75 || 1 010,5 || 898 || 500 || 480 || 148 || 7 868,5

Leithreasaí de chineál riaracháin arna  maoiniú ó chiste clár sonrach[47] || || || || || || || || ||

02010405 || || (3) || 3,5 || 3,5 || 3,75 || 4 || 4,25 || 4,5 || 5 || 0 || 0 || 0 || 28,5

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG ENTR || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 1 167 || 1 191 || 994 || 1 014 || 804 || 1 054 || 1 673 || 0 || 0 || 0 || 7 897

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 1 015 || 1 185 || 959 || 1 015 || 677 || 1 015 || 903 || 500 || 480 || 148 || 7 897

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || x || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || x || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || x || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <….> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || x || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || x || || || || || || ||

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || ||

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || || || || || || || ||

Íocaíochtaí || =5+ 6 || || || || || || || ||

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

DG: ENTR ||

Ÿ Acmhainní daonna || 9,773 || 9,773 || 9,773 || 9,773 || 9,392 || 8,884 || 8,884 || 66,252

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 5,950

IOMLÁN DG ENTR || Leithreasaí || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,242 || 9,734 || 9,734 || 72,202[48]

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,242 || 9,734 || 9,734 || 72,202

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || 2022 || 2023-2030 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 1 177,623 || 1 201,623 || 1 004,623 || 1 024,623 || 814,242 || 1 063,734 || 1 682,734 || 0,000 || 0,000 || 0,000 || 7 969,202

Íocaíochtaí || 1 025,623 || 1 195,623 || 969,623 || 1 025,623 || 687,242 || 1 024,734 || 912,734 || 500,000 || 480,000 || 148,000 || 7 969,202

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

¨         Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

þ         Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN ||

ASCHUIR

Saghas ashuir[49] || Saghas aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1[50] Bonneagar agus seirbhísí domhanda loingseoireachta satailíte (Galileo) a fhorbairt agus a sholáthar || || || || || || || || || || || || || || || ||

Galileo || 5 servic5 services || N/B || 3 || 930,5 || 3 || 942,5 || 3 || 744,25 || 3 || 763 || 3 || 552,75 || 3/5 || 802,5 || 5 || 1 421 || 5 || 6 156,5

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || 930,5 || || 942,5 || || 744,25 || || 763 || || 552,75 || || 802,5 || || 1 421 || || 6 156,5

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2[51] Seirbhísí satailíte a sholáthar lena bhfeabhsófar feidhmíocht GPS san Eoraip (EGNOS) || || || || || || || || || || || || || || || ||

EGNOS || 3 servic5 services || N/B || 3 || 233 || 3 || 245 || 3 || 246 || 3 || 247 || 3 || 247 || 3 || 247 || 3 || 247 || 3 || 1 712

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || 233 || || 245 || || 246 || || 247 || || 247 || || 247 || || 247 || || 1 712

COSTAS IOMLÁN || N/B || 1 163,5 || N/B || 1 187,5 || N/B || 990,25 || N/B || 1 010 || N/B || 799,75 || N/B || 1 049,5 || N/B || 1 668 || N/B || 7 868,5

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

¨         Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

þ         Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 9,773 || 9,773 || 9,773 || 9,773 || 9,392 || 8,884 || 8,884 || 66,252

Caiteachas riaracháin eile || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 0,850 || 5,950

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,242 || 9,734 || 9,734 || 72,202

Lasmuigh de cheannteideal 5[52] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,623 || 10,242 || 9,734 || 9,734 || 72,202

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

¨         Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

þ         Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

02 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 63 || 63 || 63 || 63 || 60 || 56 || 56

02 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

02 01 05 01 (Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

10 01 05 01 (Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE[53]

02 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 26 || 26 || 26 || 26 || 26 || 26 || 26

02 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

02 01 04 bb [54] || - sa cheanncheathrú[55] || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

- i dtoscaireachtaí || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

02 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Línte buiséid eile (sonraigh) || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B

IOMLÁN || 89 || 89 || 89 || 89 || 86 || 82 || 82

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Tá sé beartaithe ag DG ENTR an cur chun feidhme a chur faoi chúram páirteach gníomhaireachta atá ann cheana. Déanfar na méideanna a choigeartú más gá ag brath ar an toradh a bheidh ar an seachtrú sin.

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || - Maoirseacht ar chur chun feidhme chláir Eorpacha GNSS atá dírithe ar EGNOS agus Galileo a imlonnú agus a shaothrú go héifeachtach agus go comhleanúnach; - Anailís dhlíthiúil agus rialaitheach a chur ar fáil chun tacú leis an bpróiseas ceaptha beartas; - A áirithiú go gcomhlíonfaidh na réitigh atá beartaithe na rialacha is infheidhme; - Bainistíocht airgeadais fhónta a ráthú; - Na gníomhaíochtaí a dhéanamh a theastaíonn chun rialú éifeachtach ar chostas a áirithiú; - Na gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar idirnáisiúnta a bhainistiú.

Pearsanra seachtrach || Tacú leis na cúraimí a thuairiscítear thuas.

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

þ         Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún COIM(2011)500, 29 Iúil 2011.

¨         Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[56].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– ¨ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe.

– þ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

Tá roinnt idirbheartaíochta fós ar siúl leis an Eilbhéis agus leis an Iorua, ach níor thángthas ar aon chomhaontú foirmiúil go dtí seo agus ní dhéanfar ceann go luath. Dá bhrí sin, ní féidir aon ranníocaíocht ó thríú páirtithe a chur san áireamh ag an tráth seo. Ba cheart a mheabhrú nach ndéanfaidh na tíortha sin na cláir GNSS a chómhaoiniú go díreach (agus ní bheidh aon leithreasaí breise i gceist trí ioncam a thig ó bhuiséad an Aontais) ach tabharfaidh siad ranníocaíocht sheachtrach.

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– ¨  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

Níl súil le haon ioncam roimh an cnuasach a chríochnú, a mhéid is nach mbeidh feidhmíochtaí na luathsheirbhísí i gcomhréir leis an méid a mbeadh úsáideoirí féideartha ag súil leis sula n‑imlonnófar an bonneagar iomlán.

Faoin am sin, ba cheart go mbeadh anailís déanta ar an tslí ina mbainistítear na táillí le go saineofar an t‑eintiteas a bhaileoidh an t‑ioncam (píobháideach/poiblí), na cineálacha ioncaim agus méid an ioncaim a bhfuil súil leis.

– þ  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– þ         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[57]

2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

|| || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO L 196, 24.7.2008, lch. 1.

[2]               COIM(2011) 5 críochnaitheach

[3]               COIM(2011) 500 críochnaitheach. Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "Buiséad do Straitéis Eoraip 2020" ("A Budget for Europe 2020").

[4]               COIM(2011) 398 críochnaitheach. Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020.

[5]               COM (2010) 308

[6]               IO L 246, 20.7.2004, lch. 30.

[7]               IO C an, lch. .

[8]               IO C an, lch. .

[9]               COIM(2010) 614 críochnaitheach/2

[10]             COIM(2011) 152

[11]             IO L 248, 16. 9.2002, lch. 1.

[12]             COIM(2011) 398 críochnaitheach.

[13]             COIM(2011) 500 críochnaitheach.

[14]             IO L 276, 20.10.2010, lch. 1.

[15]             IO L 246, 20.7.2004, lch. 30.

[16]             IO L 201, 3. 8.2010, lch. 30.

[17]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[18]             IO L 196, 24.7.2008, lch.1

[19]             IO L 138, 28.5.2002, lch. 1.

[20]             IO L 287, 4.11.2011, lch. 1.

[21]             IO L 141, 27.5.2011, lch. 17.

[22]             IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

[23]             IO C 304, 15.10.201, lch. 7.

[24]             IO L 345, 23.12.2008, lch. 75. .

[25]             IO L 8, 12.1. 2001, lch. 1.

[26]             IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[27]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[28]             IO L 196, 24.7.2008, lch. 1.

[29]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[30]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[31]             Is é limistéar Eorpach chóras EGNOS an limistéar a chlúdaíonn 44 Ballstát na Comhdhála Eorpaí um Eitlíocht Shibhialta (ECAC).

[32]             Doiciméad lena dtugtar sainmhíniú ar an tseirbhís oscailte EGNOS: http://ec.europa.eu/enterprise/policies/satnav/egnos/files/brochures‑leaflets/egnos‑os‑sdd_en.pdf

[33]             Staidéir ar an tionchar a bheadh ag imeacht comharthaí GPS ar sheirbhísí tráchtála agus baile na Ríochta Aontaithe (2001): http://www.ofcom.org.uk/static/archive/ra/topics/research/topics/other/gpsreport/gps‑report.pdf

[34]             Rún ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht na hEorpa i bhforbairt córais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS), 19 Nollaig 1994.

[35]             Comhaontú Idirnáisiúnta mhí an Mheithimh 2004 maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid.

[36]             COIM(2011) 5 críochnaitheach.

[37]             COIM(2011) 500 críochnaitheach.

[38]             Cuimsíonn clár Galileo na ceithre chéim seo a leanas: sainiú, forbairt, imlonnú agus oibriú. Críochnófar céim an imlonnaithe in 2019. Beidh céim an oibrithe iomláin ar siúl ar bhonn leanúnach agus leanfaidh sí ar aghaidh i ndiaidh 2020, dá bhrí sin, agus leanfaidh oibriú an chórais agus uasghrádú an chnuasaigh ar aghaidh ar feadh na mblianta le nach gcuirfear isteach ar na seirbhísí.

[39]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[40]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. Beidh an GSA Eorpach bainteach le rialú na gclár GNSS.

[41]             Gníomhaireachtaí náisiúnta spáis na hEorpa.

[42]             An Ghníomhaireacht Eorpach Spáis.

[43]             LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte

[44]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. Eagrófar idirbheartaíocht leis an Iorua le go mbeidh sí páirteach i mbuiséad 2014-2020.

[45]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[46]             Tá idirbheartaíocht ar siúl leis an Eilbhéis le go mbeidh sí páirteach i mbuiséad 2014-2020.

[47]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte “BA”), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[48]             Déanfar an laghdú ar acmhainní daonna a bhfuil baint dhíreach aige leis an rialachas nua agus le cúraimí a bhaineann le hoibriú córas a leithdháileadh ar Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, déanfar é a chur i láthair go mionsonraithe le linn an athbhreithnithe ar Rialachán 912 den Ghníomhaireacht. Tá súil nach ndéanfar an saineolas teicniúil a chuireann an Coimisiún ar fáil faoi láthair a aistriú chuig an nGníomhaireacht a mhéid is gá le go mbeidh sí ina ann na cúraimí atá sannta di a chomhlíonadh.

[49]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[50]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”

[51]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...”

[52]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[53]             CA = Gníomhaire ar conradh; INT = Foireann ghníomhaireachta (“Intérimaire”); JED = "jeune expert en délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA = gníomhaire áitiúil; SNE = saineolaí náisiúnta ar iasacht.

[54]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[55]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)

[56]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[57]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.