Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht in "Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)", agus na rialacha maidir leis na torthaí a leathadh /* COIM/2011/0810 leagan deireanach - 2011/0399 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tacaíonn na tograí a bhaineann le "Fís 2020"
go hiomlán leis an straitéis "Eoraip 2020", straitéis a d'aithin
go raibh taighde agus nuálaíocht ina ngnéithe lárnacha chun cuspóirí an fháis
chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh a bhaint amach. I measc na dtograí seo
tá tograí maidir le Creatchlár "Fís 2020", tacar amháin rialacha
maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, clár sonrach amháin chun "Fís 2020"
a chur chun feidhme, mar aon le togra ar leith maidir leis na codanna de "Fís 2020"
a fhreagraíonn do chodanna de Chonradh Euratom. Go bunúsach, ceapadh "Fís 2020"
agus na rialacha seo chun tacú le Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020
"Aontas na Nuálaíochta"[1],
agus is é an bunphrionsabal atá acu cur chuige níos straitéisí a ghlacadh i
ndáil le taighde agus nuálaíocht. Ceapadh na hionstraimí beartais agus na
bearta ar fad chun cuidiú le taighde agus nuálaíocht agus chun breis forbartha
a dhéanamh ar an Limistéar Eorpach Taighde, áit a mbíonn eolas, taighdeoirí
agus teicneolaíocht i saorchúrsaíocht, agus chun tráchtálaíocht agus leathadh
nuálaíochta sa Mhargadh Aonair a luathú. Tá dhá aidhm leis na rialacha a tarraingíodh suas: –
Creat rialála aonair atá solúbtha a dhóthain a
áirithiú, ar creat é a éascóidh rannpháirtíocht, a chruthóidh tacar níos
comhleanúnaí ionstraimí a chumhdóidh taighde agus nuálaíocht, agus a mhéadóidh
an tionchar eolaíoch agus eacnamaíoch agus dúbailt agus ilroinnt a sheachaint
ag an am céanna. –
Na téarmaí agus na nósanna imeachta a shimpliú ó
thaobh na rannpháirtithe de chun an cur chun feidhme is éifeachtaí a áirithiú,
ag cur san áireamh an gá atá ag na rannpháirtithe ar fad le rochtain éasca. Tugadh na gnéithe nua seo a leanas isteach sna
rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh chun na prionsabail
thuasluaite a chur i bhfeidhm agus chun go mbeadh na rialacha ag luí le tréithe
agus le cuspóirí an chreatchlár nua: –
Beidh feidhm ag na rialacha maidir le gnéithe ar
fad "Fís 2020", lena n-áirítear tionscnaimh faoi Airteagal 185
agus Airteagal 187 den CFEA, gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme an
Chláir um Iomaíochas agus Nuálaíocht agus faoi ghníomhaíochtaí na hInstitiúide
Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht faoi láthair. áiritheofar an
tsolúbthacht is gá a bheidh ag teacht leis na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí
taighde agus nuálaíochta leis na maoluithe iomchuí agus trí shonraí sonracha
rannpháirtíochta a leagan amach sna cláir oibre. –
Tá na rialacha maidir le rannpháirtíocht a
bhaineann le cistiú an Aontais bunaithe ar Rialachán athbhreithnithe
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na rialacha airgeadais is
infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais[2]. Tá cuíchóiriú agus méadú ar
éifeachtúlacht curtha i bhfeidhm ag an Rialachán sin ar an mbealach inar féidir
beartais an Aontais a chur chun feidhme. –
Rinneadh na forálacha airgeadais a bhaineann le
cistiú an Aontais i bhfoirm deontas a shoiléiriú agus a éascú. Dá bhri sin, tá
ráta amháin cistiúcháin á bhunú anois acu a bheidh ag brath ar cén cineál
gníomhaíochta a chisteofar faoi "Fís 2020" gan éagsúlú a
dhéanamh i measc rannpháirtithe. Moltar freisin úsáid níos fearr a bhaint as
cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scála na gcostas aonaid. –
Maidir le costais dhíreacha, foráiltear sna
rialacha go nglacfar go forleathan le gnáthchleachtais chuntasaíochta
tairbhithe deontais, faoi réir íosmhéide coinníollacha teorann. Áireofar sa
chomhaontú deontais breis forálacha simplithe a cheadóidh do na tairbhithe
deimhneacht dhlíthiúil a bhunú maidir le hincháilitheacht na gcostas a
ghearrtar ar ghníomhaíochtaí faoi "Fís 2020". Áireofar ar na
forálacha simpliúcháin sin, sainmhíniú soiléir ar na ceanglais i ndáil le
taifeadadh ama agus tagairtí oibiachtúla maidir leis na huaireanta táirgiúla
bliantúla. –
Maidir le costais indíreacha, déanfar an ríomh a
shimpliú go mór; déanann an aisíocaíocht foráil maidir le ráta comhréidh
bunaithe ar chostais incháilithe dhíreacha iomlána agus an fhéidearthacht na
costais iarbhír a tabhaíodh a dhearbhú, ach an fhéidearthacht sin a bheith teoranta
d'eintitis dhlíthiúla neamhbhrabúsacha. –
Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le foirmeacha
nua cistiúcháin a cheadaíonn breis solúbthachta, amhail an cistiú a bhaineann
le duaiseanna atá le dámhachtain as spriocanna réamhshonraithe a bhaint amach,
nó an cistiú a bhaineann le soláthar poiblí réamhthráchtála agus soláthar
réiteach nuálaíoch mar aon leis an gcistiú a bhaineann le hionstraimí
airgeadais. –
I bhfianaise na héifeachtúlachta a léirigh sé mar
shásra cosanta, déanfar an Ciste um Ráthaíocht Rannpháirtithe a bunaíodh faoin
Seachtú Creatchlár a athnuachan fad is a mhairfidh "Fís 2020" le
rialacha níos soiléire agus leis an bhféidearthacht é a shíneadh chun na
rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi Chreatchlár EURATOM a chumhdach. –
Bunaíodh na rialacha maidir le maoin intleachtúil,
le saothrú agus le leathadh ar fhorálacha an tSeachtú Creatchlár a aithníodh go
forleathan agus rinneadh breis feabhsuithe agus soiléirithe orthu. Cuireadh
béim shonrach as an nua ar rochtain oscailte a bheith ar fhoilseacháin taighde
agus cuireadh deis ar fáil chun triail a bhaint as rochtain oscailte a
sholáthar ar thorthaí eile. Cuireadh san áireamh an raon feidhme méadaithe agus
na cineálacha nua cistiúcháin mar aon leis an ngá le solúbthacht sa réimse seo
de na rialacha leis an bhféidearthacht breis forálacha nó forálacha sonracha a
leagan síos nuair is iomchuí. Rinneadh foráil maidir le cearta rochtana don
Aontas Eorpach agus do na Ballstáit, i réimse na slándála freisin. Ina theannta sin, déanfar rannpháirtíocht eintiteas
dlíthiúil arna mbunú i dtríú tíortha agus rannpháirtíocht eagraíochtaí
idirnáisiúnta i ngníomhaíochtaí faoi "Fís 2020" a chuíchóiriú
agus a spreagadh, i gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta atá leagtha
amach sa Chonradh, bunaithe ar shochair fhrithpháirteacha agus ag cur san
áireamh na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis an Aontais Eorpaigh
i gcláir tríú tíortha. Laistigh den chreat soiléir cobhsaí, beidh breis
solúbthachta ann do rannpháirtithe chun na socruithe inmheánacha is iomchuí a
chinneadh chun a ngníomhaíochtaí a chur chun feidhme. Ba cheart go ndéanfaí
rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara taighde ar fad, lena n‑áirítear
aonaid bheaga taighde, go háirithe FBManna, a spreagadh agus a éascú dá bhrí
sin. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Agus an togra á ullmhú, cuireadh san áireamh ina
n-iomláine na freagairtí a bhí ar chomhairliúchán poiblí cuimsitheach bunaithe
ar an bPáipéar Uaine, "Ó dhúshláin go deiseanna: i dtreo comhchreata
straitéisigh le haghaidh cistiúcháin an AE do Thaighde agus Núalaíocht",
COIM(2011)48. Chuir an Chomhairle Eorpach, na Ballstáit agus réimse leathan
páirtithe leasmhara ón tionscal, ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta a
gcuid tuairimí in iúl. Aithníodh na constaicí seo a leanas le linn an
chomhairliúcháin a rinneadh: –
Ar an gceann is tábhachtaí ó thaobh an rannpháirtí
de, a chasta is atá na nósanna imeachta riaracháin mar aon leis an ualach
riaracháin. –
Tá tromualach ag baint le tacair éagsúla rialacha a
chur i bhfeidhm ó chlár go chéile de chláir taighde agus nuálaíochta an Aontais
do rannpháirtithe, agus d'iarr siad breis comhleanúnachais sna hionstraimí i
dtaca le rialacha dó. –
Is í an tsaincheist dheiridh an riachtanas cóimheá
riosca/iontaoibhe a thabhairt isteach. Faoi láthair, tá an chosúlacht
air go bhfuil an iomarca nósanna imeachta, go háirithe cinn a bhaineann le
rialuithe airgeadais, a bhfuil a ndearadh dírithe go heisiach ar riosca
an-íseal earráidí a áirithiú, ach a bhfuil sásraí rialaithe iomarcacha agus
ródhochta mar thoradh orthu, ar feadh a bhfeictear. Rinneadh athbhreithniú ar na bunphrionsabail a
bunaíodh leis na rialacha sin trí mheasúnú tionchair foirmiúil 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA
1.1.
Bunús dlí
Comhtháthaítear sa phacáiste reachtach "Fís 2020",
gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ar bhealach rianúil d'fhonn na cuspóirí
beartais a bhaint amach. Beidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus
leathadh bunaithe ar na Teidil sa CFAE "Taighde" agus "Taighde
agus forbairt theicneolaíoch agus an spás" (Airteagal 173, Airteagal 183
agus Airteagal 188).
1.2.
Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta
Ceapadh an pacáiste "Fís 2020" chun
breisluach agus tionchar an AE a uasmhéadú, ag díriú ar chuspóirí agus
gníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag
gníomhú dóibh féin. Tá na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh
dírithe ar chur chun feidhme an togra "Fís 2020" a éascú, agus
dá bhrí sin beidh feidhm ag an anailís choimhdeach atá ann ar na rialacha. Déantar prionsabal na comhréireachta a shásamh sa
mhéid is go n-áiritheoidh an simpliúchán agus an cuíchóiriú atá beartaithe nach
ndéanfar ach an ghníomhaíocht AE is lú is gá chun na cuspóirí maidir le cur
chun feidhme "Fís 2020" a bhaint amach. 2011/0399 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos na rialacha maidir le
rannpháirtíocht in "Fís 2020 – An Creatchlár um Thaighde agus
Nuálaíocht (2014-2020)", agus na rialacha maidir leis na torthaí a
leathadh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh ("CFAE"), agus go háirithe Airteagal 173 agus Airteagal 183,
agus dara mír Airteagal 188 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[3], Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[4], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Glacadh "Fís 2020 – an Creatchlár um
Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)" (Fís 2020) le Rialachán [X] ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [X] lena mbunaítear "Fís 2020
– An Creatchlár um Thaighde agus Nuálaíocht"[5]. Ní foláir an Rialachán seo a
chomhlánú le rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh. (2)
Ba cheart Fís 2020 a chur chun feidhme d'fhonn
rannchuidiú go díreach le ceannaireacht thionsclaíoch agus fás agus fostaíocht
a chruthú san Eoraip, agus ba cheart go léireofaí ann fís straitéiseach na
Teachtaireachta ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2010 chuig Parlaimint
na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus
Coiste na Réigiún "Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 Aontas
na Nuálaíochta"[6]
ina ngeallann an Coimisiún rochtain na rannpháirtithe a shimpliú go mór. (3)
Ba cheart d'Fhís 2020 tacú le Limistéar Eorpach
Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú, ar limistéar é ina mbeidh taighdeoirí,
eolas eolaíochta agus teicneolaíocht i saorchúrsaíocht, trí chomhar a neartú
idir an tAontas agus na Ballstáit, go háirithe trí thacar de rialacha
comhleanúnacha a chur i bhfeidhm. (4)
Ba cheart a léiriú ar bhealach leordhóthanach sna
rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh moltaí Pharlaimint na hEorpa,
a ndéantar achoimre orthu sa "Tuarascáil maidir le cur chun feidhme na
gcreatchlár taighde a shimpliú"[7],
agus moltaí na Comhairle maidir le ceanglais riaracháin agus airgeadais na
gcreatchlár taighde a shimpliú. Ba cheart do na rialacha leanúint leis na
bearta simpliúcháin a cuireadh chun feidhme cheana féin faoi Threoir Uimh. 1982/2006/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Seachtú
Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh taighde, forbartha,
teicneolaíochta agus gníomhaíochtaí taispeántais (2007-2013)[8] agus dul chun cinn a dhéanamh
maidir leis an ualach riaracháin do rannpháirtithe agus castacht na bhforálacha
airgeadais a laghdú d'fhonn líon na n-earráidí airgeadais a laghdú. Ba cheart a
chur san áireamh sna rialacha freisin ábhair imní agus moltaí ón bpobal taighde
atá mar thoradh ar an díospóireacht a tionscnaíodh leis an Teachtaireacht ón
gCoimisiún an 29 Aibreán 2010 chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún "Cur chun
feidhme na gcreatchlár taighde a shimpliú",[9]
agus an Páipéar Uaine a tháinig ina dhiaidh sin an 9 Feabhra 2011 "Ó
dhúshláin go deiseanna: I dtreo comhchreata straitéisigh le haghaidh
cistiúcháin an AE do thaighde agus nuálaíocht[10]". (5)
Chun comhleanúnachas a áirithiú le cláir
chistiúcháin eile de chuid an Aontais, ba cheart Fís 2020 a chur chun
feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an [...] maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme
maidir le buiséad bliantúil an Aontais[11]
agus i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún Uimh. X/X an
[...] lena leasaítear na rialacha mionsonraithe maidir leis an Rialachán
Airgeadais a chur chun feidhme[12]. (6)
Ba cheart cur chuige comhtháite a áirithiú tríd na
gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Seachtú Creatchlár le haghaidh taighde,
an Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht agus an Institiúid Eorpach um
Nuálaíocht agus Teicneolaíocht chun go mbeidh sé níos éasca bheith
rannpháirteach, chun tacar níos comhleanúnaí uirlisí a chruthú agus chun an
tionchar eolaíoch agus eacnamaíoch a mhéadú agus dúbailt agus ilroinnt a
sheachaint ag an am céanna. Ba cheart feidhm a bheith ag comhrialacha chun
creat comhleanúnach a áirithiú a éascódh rannpháirtíocht i gcláir a fhaigheann
ranníocaíocht airgeadais ón Aontas ó bhuiséad Fhís 2020, lena n-áirítear
rannpháirtíocht i gcláir arna bainistiú ag Institiúid Eorpach um Nuálaíocht
agus Teicneolaíocht, comhghnóthais nó aon struchtúr eile faoi Airteagal 187
den CFAE nó rannpháirtíocht i gcláir a dhéanann na Ballstáit de bhun Airteagal 185
den CFAE. Ba cheart, áfach, solúbthacht a áirithiú i ndáil le rialacha sonracha
a ghlacadh nuair atá bonn cuí leo de bharr riachtanas sonrach na
ngníomhaíochtaí éagsúla agus le toilleadh an Choimisiúin. (7)
Ba cheart do ghníomhaíochtaí a thagann faoi raon
feidhme an Rialacháin seo na cearta bunúsacha a urramú agus cloí leis na
prionsabail atá luaite i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go
háirithe. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith i gcomhréir le haon
oibleagáid dhlithiúil agus le prionsabail eiticiúla, lena n-áirítear aon
chineál bradaíola a sheachaint. (8)
I gcomhréir le cuspóirí an chomhair idirnáisiúnta
atá leagtha amach in Airteagal 180 agus Airteagal 186 den CFEA, ba
cheart rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil atá bunaithe i dtríú tíortha agus
rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun cinn. Ba cheart na rialacha
sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 75
agus Airteagal 215 den CFAE agus i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta. Ina
theannta sin, ba cheart a chur san áireamh i gcur chun feidhme na rialacha sin,
coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis an Aontais i gclár tríú
tíortha. (9)
Sna rialacha sin maidir le rannpháirtíocht agus
leathadh, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le creat cuimsitheach agus
trédhearcach chun cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtúla is féidir a
áirithiú, ag cur san áireamh an gá atá ag na rannpháirtithe ar fad, go háirithe
fiontair bheaga agus mheánmhéide, le rochtain éasca trí nósanna imeachta
simplithe. D'fhéadfaí an cúnamh airgeadais ón Aontas a sholáthar i bhfoirmeacha
éagsúla. (10)
Ba cheart láimhseáil sonraí rúnda agus faisnéis
rúnaicmithe a rialú leis an reachtaíocht Aontais ar fad is ábhartha, lena
n-áirítear rialacha inmheánacha na nInstitiúidí, amhail Treoir 2001/844/CE
CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 29 Samhain 2001 lena n‑áirítear a rialacha
nós imeachta inmheánacha[13],
ina leagtar síos na forálacha maidir le slándáil fhaisnéis rúnaicmithe an
Aontais Eorpaigh. (11)
Is gá na coinníollacha íosta le haghaidh
rannpháirtíochta a bhunú, mar riail ghinearálta agus maidir le sonraíochtaí na
ngníomhaíochtaí faoi Fhís 2020. Go háirithe, ba cheart rialacha a leagan
síos maidir leis an líon rannpháirtithe agus an áit ina bhfuil siad bunaithe. I
gcás gníomhaíochta gan rannpháirtíocht eintitis atá bunaithe i mBallstát, ba
cheart dul i mbun na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 173 agus in Airteagal 179
den CFAE a bhaint amach. (12)
Is iomchuí téarmaí agus coinníollacha a bhunú
maidir le cistiú an Aontais a sholáthar do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí
faoi Fhís 2020. Chun castacht na rialaithe cistiúcháin atá ann cheana a laghdú
agus chun go mbeadh solúbthacht níos mó ann i ndáil le cur chun feidhme an
tionscadail, ba cheart córas simplithe um aisíocaíocht costais a ghlacadh ina
n-úsáidfí cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scála na gcostas aonaid ar
bhealach ní b'fhearr. Ar mhaithe le simpliú, ba cheart ráta aonair
aisíocaíochta a chur i bhfeidhm do gach cineál gníomhaíochta gan aon éagsúlú de
réir an chineáil rannpháirtí. (13)
Ba cheart aghaidh a thabhairt ar dhúshláin
shonracha i réimse an taighde agus na nuálaíochta trí bhíthin cineálacha nua
cistiúcháin amhail duaiseanna, soláthar réamhthráchtála agus soláthar poiblí
réiteach nuálaíoch a bhfuil rialacha sonracha ag teastáil ina leith. (14)
Chun cothrom iomaíochta a choimeád do gach gnóthas
atá gníomhach sa mhargadh inmheánach, ba cheart cistiú a sholáthraítear trí
Fhís 2020 a bheith i gcomhréir le rialacha Státchabhrach chun éifeachtacht
caiteachais phoiblí a áirithiú agus chun saobhadh ar an margadh a chosc amhail
cistiú príobháideach a bhrú amach, struchtúir neamhéifeachtacha margaidh a
chruthú agus gnólachtaí neamhéifeachtúla a chaomhnú. (15)
Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
le bearta comhréireacha le linn an timthrialla caiteachais. (16)
Sásra tábhachtach cosanta atá sa Chiste um
Ráthaíocht Rannpháirtithe arna bhunú faoi Rialachán Uimh. 1906/2006/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena leagtar síos
na rialacha maidir le rannpháirtíocht gnóthas, ionad taighde agus ollscoileanna
i ngníomhaíochtaí faoin Seachtú Creatchlár agus maidir le leathadh torthaí
taighde (2007-2013)[14]
agus arna bhainistiú ag an gCoimisiún, agus maolaíonn sé ar na rioscaí a
bhaineann leis na méideanna atá dlite agus nár aisíoc rannpháirtithe
mainneachtana. Dá bhrí sin, ba cheart Ciste nua um Ráthaíocht Rannpháirtithe
(an Ciste) a bhunú. Chun bainistiú níos éifeachtúla agus chun cumhdach níos
fearr ar riosca na rannpháirtithe a áirithiú, ba cheart don Chiste
gníomhaíochtaí a chumhdach faoin gclár a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE,
faoin gclár a bunaíodh le Cinneadh na Comhairle an 18 Nollaig 2006 maidir
le Seachtú Creatchlár an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom)
maidir le taighde núicléach agus gníomhaíochtaí oiliúna (2007 go 2011)[15], faoin gclár a bunaíodh le
Cinneadh na Comhairle [...] an X 2011 lena mbunaítear Creatchlár an
Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2012-2013) agus gníomhaíochtaí
faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020] agus Rialachán (Euratom) Uimh. XX/XX
ón gComhairle maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do
Fhuinneamh Adamhach (2014-2018) a chomhlánaíonn Fís 2020, an Creatchlár um
Thaighde agus Nuálaíocht [Euratom "Fís 2020"][16]. Níor cheart cláir arna
mbainistiú ag eintitis seachas comhlachtaí an Aontais a chumhdach leis an gCiste.
(17)
Chun trédhearcacht a fheabhsú, ba cheart ainmneacha
na saineolaithe a chuidigh leis an gCoimisiún nó le comhlachtaí cistiúcháin
ábhartha i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo a fhoilsiú. I gcás ina mbeadh baol
ann do shlándáil nó do shláine an tsaineolaí nó ina ndéanfaí dochar dá
phríobháideacht, níor cheart don Choimisiún ná do na comhlachtaí cistiúcháin na
hainmneacha sin a fhoilsiú. (18)
Ba cheart sonraí pearsanta a bhaineann leis na
saineolaithe a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine
aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta á bpróiseáil ag na hinstitiúidí
agus ag na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí dá
leithéidí[17]. (19)
Ba cheart rialacha maidir le saothrú agus leathadh
torthaí a leagan síos chun a áirithiú go ndéanann na rannpháirtithe na torthaí
sin a chosaint, a shaothrú agus a leathadh de réir mar is iomchuí, go háirithe
an fhéidearthacht maidir le breis coinníollacha saothraithe chun leasa
straitéisigh na hEorpa. (20)
Ar chúiseanna deimhneachta agus soiléireachta
dlíthiúla ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 a aisghairm. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Teideal I
FORÁLACHA TOSAIGH Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme 1.
Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha sonracha
maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a dhéantar faoi
Rialachán (AE) Uimh. XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Fís 2020],
lena n-áirítear rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú ag
comhlachtaí cistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin. Leagtar síos sa Rialachán seo freisin na rialacha
maidir le torthaí a leathadh. 2.
Faoi réir na rialacha sonraithe atá leagtha síos sa
Rialachán seo, beidh feidhm ag rialacha ábhartha an Rialacháin (AE) Uimh. XX/2012
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán Airgeadais] agus
Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 ón gCoimisiún [an Rialachán Tarmligthe]. 3.
Féadfaidh comhlacht cistiúcháin rialacha a bhunú
nach ionann iad agus na rialacha atá leagtha síos sa Rialachán seo nó i
Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] má dhéantar foráil
dó sin sa ghníomh bunaidh nó, faoi réir thoilleadh an Choimisiúin, má éilíonn a
riachtanais shonracha oibriúcháin a leithéid. 4.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
gníomhaíochtaí díreacha arna ndéanamh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. Airteagal 2 Sainmhínithe 5.
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na
sainmhínithe seo a leanas: (1) ciallaíonn 'cearta rochtana' cearta
chun torthaí nó réamheolas a úsáid faoi na téarmaí agus na coinníollacha arna
leagan síos i gcomhréir leis an Rialachán seo; (2) ciallaíonn 'eintiteas cleamhnaithe'
aon eintiteas dlíthiúil atá faoi rialú díreach nó indíreach rannpháirtí, nó
faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an rannpháirtí, nó a rialaíonn
rannpháirtí go díreach nó go hindíreach; (3) ciallaíonn 'tír ghaolmhar' tríú tír
ar páirtí í sa chomhaontú idirnáisiúnta leis an Aontas, mar atá sainaitheanta
in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020]; (4) ciallaíonn 'réamheolas' aon sonraí,
saineolas agus/nó faiséis, is cuma cén cineál iad, mar aon le haon chearta
amhail cearta maoine intleachtúla (i) atá i seilbh rannpháirtithe roimh dóibh
aontú don ghníomhaíocht agus (ii) a shainaithníonn na rannpháirtithe i
gcomhréir le hAirteagal 42; (5) ciallaíonn 'gníomh bunaidh' gníomh
dlíthiúil arna ghlacadh ag institiúidí an Aontais i bhfoirm rialacháin,
treorach nó cinnidh laistigh de bhrí Airteagal 288 den CFAE a
sholáthraíonn bonn dlíthiúil don ghníomhaíocht; (6) ciallaíonn 'gníomhaíocht comhordaithe
agus tacaíochta' gníomhaíocht ina bhfuil bearta tionlacain amhail leathadh,
ardú feasachta agus cumarsáid, líonrú, seirbhísí comhordaithe nó tacaíochta,
idirphléití beartais agus freachnaimh agus staidéir foghlama fhrithpháirteacha,
lena n-áirítear staidéir deartha le haghaidh bonneagair nua; (7) ciallaíonn 'leathadh' nochtadh
poiblí na dtorthaí trí mheán iomchuí ar bith (seachas nochtadh mar thoradh ar
na torthaí a chosaint nó a shaothrú), lena n-áirítear trí na torthaí a fhoilsiú
i meán ar bith; (8) ciallaíonn 'comhlacht cistiúcháin'
comhlacht nó údarás, seachas an Coimisiún, a chuireann an Coimisiún de chúram
orthu cúraimí maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 9(2)
de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020]; (9) ciallaíonn 'eagraíocht idirnáisiúnta um
leas Eorpach' eagraíocht idirnáisiúnta, ar Ballstáit nó tíortha gaolmhara
tromlach a ball, agus a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aici comhar eolaíoch agus
teicneolaíoch a chur chun cinn san Eoraip; (10) ciallaíonn 'eintiteas dlíthiúil' gnóthais,
ionaid taighde agus ollscoileanna a áiríonn aon duine nádúrtha, nó aon duine
dlithiúil arna chruthú faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí
idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag
gníomhú dó ar a cheann féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir
oibleagáidí; (11) ciallaíonn 'rannpháirtí' aon
eintiteas dlíthiúil a dhéanann gníomhaíocht nó cuid de ghníomhaíocht faoi
Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020] a bhfuil cearta agus
oibleagáidí aige i ndáil leis an Aontas nó le comhlacht cistiúcháin eile faoi
théarmaí an Rialacháin seo; (12) ciallaíonn 'gníomhaíocht chun clár a
chomhchistiú' gníomhaíocht arna cistiú trí dheontas a bhfuil sé mar
phríomhchuspóir aige glaonna nó cláir aonair arna gcistiú ag eintitis, seachas
comhlachtaí Aontais, a bhainistíonn cláir taighde agus nuálaíochta a
fhorlíonadh. (13) ciallaíonn 'soláthar réamhthráchtála'
soláthar seirbhísí taighde agus forbartha a mbaineann roinnt riosca-sochair
faoi dhálaí margaidh leo, agus forbairt iomaíoch i gcéimeanna, i gcás ina
bhfuil céim an taighde agus na forbartha á scaradh ó úsáid líonta tráchtála
táirgí deiridh; (14) ciallaíonn 'soláthar poiblí réiteach
nuálaíoch' soláthar i gcás ina bhfeidhmíonn údaráis chonarthacha mar
chustaiméir seolta le haghaidh earraí nó seirbhísí nuálaíocha nach bhfuil ar
fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála, agus féadfar tástáil chomhlíontachta
a áireamh leis sin; (15) ciallaíonn 'torthaí' aon sonraí,
eolas agus faisnéis, is cuma cén cineál iad agus is cuma an féidir iad a
chosaint nó nach féidir, a ghintear sa ghníomhaíocht mar aon le haon cearta atá
ag gabháil leo, lena n-áirítear cearta maoine intleachtúla; (16) ciallaíonn 'clár oibre' an
doiciméad a ghlacann an Coimisiún chun an clár sonrach a chur chun feidhme i
gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh Uimh. XX/XX/AE ón gComhairle
[Clár sonrach "Fís 2020"]; (17) Ciallaíonn 'plean oibre' an
doiciméad atá cosúil le clár oibre an Choimisiún arna ghlacadh ag comhlachtaí
cistiúcháin chuirtear de chúram orthu Fís 2020 a chur chun feidhme i
bpáirt i gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020]. 6.
Chun críocha phointe (2) de mhír 1, is féidir an
rialú bheith de réir aon cheann de na cineálacha rialaithe atá leagtha amach in
Airteagal 7. 7.
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh eintiteas
nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí náisiúnta is infheidhme
comhshamhlaithe le heintiteas dlíthiúil ar choinníoll go gcomhlíontar na
coinníollacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an
Rialachán Airgeadais]. 8.
Chun críocha an Rialacháin seo, ní mheasfar gur
comhlachtaí cistiúcháin iad faighteoirí deontais. 9.
Chun críocha phointe (12) de mhír 1, féadfar a
áireamh sna gníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí comhlántachta amhail líonrú agus
comhordú idir cláir i dtíortha éagsúla; Airteagal 3 Rúndacht Faoi réir na gcoinníollacha arna mbunú sna
comhaontuithe, cinntí nó conarthaí cur chun feidhme, aon sonraí, eolas nó
faisnéis a luaitear a bheith rúnda i gcomhthéacs gníomhaíochta, coinneofar
rúnda é, ag cur san áireamh aon rialacha maidir le cosaint na faisnéise
rúnaicmithe. Airteagal 4 Faisnéis atá le cur ar fáil 1.
Gan dochar d'Airteagal 3, cuirfidh an
Coimisiún ar fáil d'institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus d'aon
Bhallstát nó tír ghaolmhar, nuair a iarrfar amhlaidh, aon fhaisnéis úsáideach
atá ina sheilbh aige maidir le torthaí rannpháirtí a fuair cistiú ón Aontas, ar
choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
go bhfuil an fhaisnéis lena mbaineann ábhartha
maidir le beartas poiblí; (b)
nár sholáthar na rannpháirtithe cúiseanna fónta
leordhóthanacha chun an fhaisnéis lena mbaineann a choinneáil siar. I gcás gníomhaíochtaí faoin ngníomhaíocht
'Sochaithe slána' laistigh den chuspóir sonrach 'Sochaithe cuimsitheacha,
nuálaíocha agus slána', féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis úsáideach atá ina
sheilbh aige a chur ar fáil d'institiúidí nó comhlachtaí an Aontais nó
d'údaráis náisiúnta na mBallstát maidir le torthaí rannpháirtí a fuair cistiú
ón Aontas. 2.
Ní mheasfar go n-aistreofar aon chearta nó
oibleagáidí de chuid an Choimisiúin ná na rannpháirtithe chuig an bhfaighteoirí
leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun mhír 1. Mar sin féin,
láimhseálfaidh an faighteoir an fhaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda ach amháin má
phoiblítear é nó má chuireann na rannpháirtithe ar fáil go poiblí é, nó má
cuireadh in iúl don Choimisiún é gan srianta maidir le rúndacht. Beidh feidhm
ag rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil i ndáil le faisnéis rúnaicmithe. Teideal II
RIALACHA MAIDIR LE RANNPHÁIRTÍOCHT Caibidil I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 5 Cineálacha cistiúcháin I gcomhréir le hAirteagal 10
de Rialachán (AE) XX/2012 [Fís 2020], féadfaidh cineál amháin cistiúcháin
nó níos mó dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán
Airgeadais] a bheith ann, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar ionstraimí
airgeadais. Airteagal 6 Eintitis
dhlíthiúla is féidir a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí 1.
Féadfaidh aon eintiteas dlíthiúil, beag beann ar
áit a bhunaithe, agus aon eagraíocht idirnáisiúnta bheith rannpháirteach i
ngníomhaíocht ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos
sa Rialachán seo mar aon le haon choinníollacha a leagtar síos sa chlár oibre
nó sa phlean oibre ábhartha. 2.
Féadfaidh an clár oibre ábhartha rannpháirtíocht
eintiteas dlíthiúil i bhFís 2020, nó codanna de, a shrianadh más eintitis
dhlíthiúla iad atá bunaithe i dtríú tíortha ina meastar gur chun dochar
leasanna an Aontais atá rannpháirtíocht eintiteas dlíthiúil ó na Ballstáit i
gcláir taighde agus nuálaíochta an tríú tír. 3.
Féadfaidh an clár oibre nó an plean oibre ábhartha
eintitis nach bhfuil in ann ráthaíochtaí sásúla slándála a sholáthar, lena
n-áirítear ráthaíochtaí maidir le himréiteach slándála, a eisiamh má tá bonn
leis ar chúiseanna slándála. 4.
Féadfaidh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde
bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí leis na cearta agus na hoibleagáidí
céanna le heintiteas dlíthiúil atá bunaithe i mBallstát. Airteagal 7 Neamhspleáchas 1.
Measfar go bhfuil dhá eintiteas dhlíthiúla
neamhspleách ar a chéile i gcás nach bhfuil ceachtar acu faoi rialú díreach nó
indíreach an eintitis eile nó faoin rialú díreach nó indíreach céanna leis an
eintiteas eile. 2.
Chun críocha mhír 1, féadfaidh ceachtar den dá
chineál rialaithe seo a bheith ann: (a)
seilbh dhíreach nó indíreach ar níos mó ná
50 % de luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe san eintiteas dlíthiúil
lena mbaineann, nó tromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó chomhlacha an
eintitis sin; (b)
seilbh dhíreach nó indíreach, i bhfírinne nó i
ndlí, ar chumhachtaí cinnteoireachta san eintiteas dlíthiúil lena mbaineann. 3.
Mar sin féin, ní mheasfar gur ionann na caidrimh
seo a leanas idir eintitis dhlíthiúla agus caidrimh rialaithe: (c)
seilbh dhíreach nó indíreach ar níos mó ná 50 % de
luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe nó tromlach chearta vótál na
scairshealbhóirí nó na gcomhlach a bheith ag an corparáid infheistíochta poiblí
chéanna, an t‑infheisteoir institiúideach céanna nó an chuideachta
caipitil fiontair chéanna; (d)
úinéireacht ag an gcomhlacht poiblí céanna ar na
heintitis dhlíthiúla, nó déanann an comhlacht poiblí céanna maoirseacht orthu. Caibidil II
DEONTAIS ROINN I
NÓS IMEACHTA UM DHÁMHACHTAIN Airteagal 8 Coinníollacha le haghaidh
rannpháirtíochta 1.
Beidh feidhm ag na coinníollacha íosta seo a
leanas: (a)
beidh ar a laghad trí eintiteas dhlíthiúla
rannpháirteach i ngníomhaíocht; (b)
beidh gach ceann den trí eintiteas sin bunaithe i
mBallstát nó i dtír ghaolmhar; (c)
ní bheidh dhá ceann as na trí eintiteas bunaithe sa
Bhallstát céanna nó sa tír ghaolmhar chéanna; (d)
beidh na trí eintitis dhlíthiúla neamhspleách ar a
chéile laistigh de bhrí Airteagal 7. 2.
Chun críocha mhír 1, i gcás inarb é an tAirmheán
Comhpháirteach Taighde, nó eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach, nó
eintiteas arna chruthú faoi dhlí an Aontais ceann de na rannpháirtithe, measfar
go bhfuil sé bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar seachas Ballstát nó tír
ghaolmhar ina bhfuil rannpháirtí sa ghníomhaíocht chéanna bunaithe. 3.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás gníomhaíochta taighde
'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde,
ionstraim FBManna, gníomhaíochtaí chun clár a chomhchistiú agus i gcásanna a
bhfuil bonn leo agus a ndéantar foráil dóibh sa chlár oibre nó sa phlean oibre,
is í an choinníoll íosta rannpháirtíocht eintitis dhlíthiúil amháin atá
bunaithe i mBallstát nó i dtír ghaolmhar. 4.
De mhaolú ar mhír 1, i gcás gníomhaíochtaí
comhordaithe agus tacaíochta agus gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaiseachta,
is í an choinníoll íosta rannpháirtíocht eintitis dhlíthiúil amháin. 5.
Féadfaidh cláir oibre nó pleananna oibre foráil a
dhéanamh maidir le breis coinníollacha de réir ceanglas sonrach beartais nó de
réir an chineáil gníomhaíochta nó chuspóirí na gníomhaíochta, lena n-áirítear inter
alia coinníollacha maidir le líon na rannpháirtithe, an cineál rannpháirtí
agus an áit ina bhfuil siad bunaithe. Airteagal 9 Incháilitheacht le haghaidh
cistiúcháin 1.
Tá na rannpháirtithe seo a leanas incháilithe le haghaidh
cistiúcháin ón Aontas: (a)
eintiteas dlíthiúil ar bith arna bhunú i mBallstát
nó i dtír ghaolmhar, nó arna chruthú faoi dhlí an Aontais; (b)
aon eagraíocht idirnáisiúnta um leas Eorpach; (c)
aon eintiteas dlíthiúil arna bhunú i dtríú tír arna
sonrú sa chlár oibre. 2.
I gcás eagraíochta idirnáisiúnta rannpháirtí, nó i
gcás eintitis dhlíthiúil rannpháirtigh atá bunaithe i dtríú tír, nach bhfuil
ceachtar acu incháilithe le haghaidh cistiúcháin de réir mhír 1, féadtar cistiú
ón Aontas a dheonú ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na
coinníollacha seo a leanas: (a)
meastar go bhfuil rannpháirtíocht riachtanach chun
go ndéanfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an
ghníomhaíocht; (b)
déantar foráil maidir leis an gcistiú sin faoi
chomhaontú déthaobhach eolaíoch agus teicneolaíoch nó faoi aon shocrú eile idir
an tAontas agus an eagraíocht idirnáisiúnta nó, i gcás eintiteas atá bunaithe i
dtríú tíortha, idir an tAontas agus an tír ina bhfuil an t-eintiteas dlíthiúil
bunaithe. Airteagal 10 Glaonna ar thograí Gan dochar do na cásanna eile dá bhforáiltear
i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] agus i Rialachán
(AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Tarmligthe], ní eiseofar glaonna ar
thograí i ndáil le gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta ná
gníomhaíochtaí chun clár a chomhchistiú a dhéanfaidh eintitis dhlíthiúla arna
sainaithint sna cláir oibre, ar choinníoll nach dtagann an ghníomhaíocht faoi
raon feidhme glao ar thograí. Airteagal 11 Glaonna coiteanna i gcomhar le tríú
tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta 1.
Féadfar glaonna coiteanna ar thograí i gcomhar le
tríú tíortha nó lena n-eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí eolaíocha agus
teicneolaíocha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a sheoladh chun comhchistiú a
dhéanamh ar ghníomhaíochtaí. Déanfar tograí a mheas agus a roghnú trí bhíthin
nósanna imeachta coiteanna meastóireachta agus roghnúcháin a chinnfear.
Áiritheoidh na nósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin sin go
gcomhlíonfar na prionsabail atá leagtha amach i dTeideal VI de Rialachán
(AE) XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] agus bainfidh grúpa cothrom de
shaineolaithe neamhspleácha arna gceapadh ag gach páirtí leis. 2.
Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla a fhaigheann cistiú
ón Aontas comhaontú deontais i gcrích leis an Aontas nó leis an gcomhlacht
cistiúcháin ábhartha. Áireofar sa chomhaontú deontais sin cur síos ar an obair
atá le déanamh ag na rannpháirtithe sin agus ag na heintitis dhlíthiúla
rannpháirteacha ó na tríú tíortha lena mbaineann. 3.
Tabharfaidh eintitis dhlíthiúla a fhaigheann cistiú
ón Aontas comhaontú comhordaithe i gcrích leis an heintitis dhlíthiúla
rannpháirteacha a fhaigheann cistiú ó na tríú tíortha ábhartha nó ó
eagraíochtaí idirnáisiúnta. Airteagal 12 Tograí 1.
Nuair is iomchuí, áireofar sna tograí dréachtphlean
chun na torthaí a shaothrú agus a leathadh. 2.
Áireofar in aon togra maidir le gaschealla suthacha
daonna, de réir mar is iomchuí, sonraí faoi bhearta ceadúnaithe agus rialaithe
a ghlacfaidh údaráis inniúla na mBallstát mar aon le sonraí faoi na
formheasanna eiticiúla a sholáthrófar. Maidir le díorthú na ngascheall suthach
daonna, beidh institiúidí, eagraíochtaí agus taighdeoirí faoi réir ceadúnú agus
rialú dian i gcomhréir le creat dlíthiúil na mBallstát lena mbaineann. 3.
Féadfar togra atá ag teacht salach ar phrionsabail
eiticiúla nó ar aon reachtaíocht is infheidhme, nó togra nach gcomhlíonann na
coinníollacha atá leagtha amach i gCinneadh Uimh. XX/XX/AE [an clár
sonrach], sa chlár oibre nó sa phlean oibre nó sa ghlao ar thograí, féadfar an
togra sin a eisiamh ó na nósanna imeachta meastóireachta, roghnúcháin agus
dámhachtana tráth ar bith. Airteagal 13 Athbhreithniú
eitice Déanfaidh an Coimisiún athbhreithnithe eitice
ar bhonn córasach i ndáil le tograí a mbaineann ceisteanna eiticiúla leo.
Fíorófar san athbhreithniú sin go bhfuil prionsabail eiticiúla agus
reachtaíocht á n-urramú agus, i gcás taighde arna dhéanamh lasmuigh den Aontas,
go gceadófaí an taighde céanna a dhéanamh i mBallstát. Airteagal 14 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana 1.
Déanfar na tograí a chuirfear isteach a mheas ar
bhonn na gcritéar dámhachtana seo a leanas: (a)
sainiúlacht; (b)
tionchar;, (c)
cáilíocht agus éifeachtúlacht an chur chun feidhme. 2.
Beidh feidhm ag critéar amháin 'sainiúlacht' i gcás
tograí maidir le gníomhaíochtaí 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an
Chomhairle Eorpach um Thaighde. 3.
Leagfar síos sa chlár oibre nó sa phlean oibre
breis sonraí maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar dámhachtana atá leagtha síos
i mír 1, agus sonrófar ann ualuithe agus tairsigh. 4.
Déanfar tograí a rangú de réir na dtorthaí
meastóireachta. Déanfar an roghnúchán ar bhonn an rangaithe sin. 5.
Fíoróidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha an acmhainn airgeadais roimh ré i gcás comhordaitheoirí amháin nuair
is ionann an cistiú atá á iarraidh ar an Aontas don ghníomhaíocht agus
EUR 500 000, nó nuair is mó ná sin é, ach amháin i gcás ina bhfuil
forais amhrais ann, de réir na faisnéise atá ar fáil, maidir le hacmhainn
airgeadais an chomhordaitheora nó rannpháirtithe eile. 6.
Ní fhíorófar an acmhainn airgeadais d'eintitis
dhlíthiúla a ráthaíonn Ballstát nó tír ghaolmhar a n-inmharthanacht nó
d'ardionaid oideachais nó d'ionaid mheánoideachas. Airteagal 15 An nós imeachta athbhreithnithe ar
mheastóireacht 1.
Cuirfidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha nós imeachta athbhreithnithe ar mheastóireacht ar fáil d'iarratasóirí
a mheasann nár rinneadh an mheastóireacht ar a dtogra i gcomhréir leis na
nósanna imeachta atá leagtha amach san rialacha seo, sa chlár oibre nó plean
oibre ábhartha agus sa ghlao ar thograí. 2.
Bainfidh iarratas ar athbhreithniú le togra ar
leith, agus cuirfidh comhordaitheoir an togra isteach é laistigh de 30 lá ón
dáta a chuireann an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha an
comhordaitheoir ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta. 3.
Is é an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha a bheidh freagrach as an iarratas sin a scrúdú. Ní chumhdóidh an
scrúdú sin ach gnéithe na meastóireachta a bhaineann le nós imeachta, agus ní
chumhdóidh sé fiúntas an togra. 4.
Soláthróidh coiste athbhreithnithe ar
mheastóireacht ar a bhfuil foireann ón gCoimisiún nó foireann ón gcomhlacht
cistiúcháin ábhartha tuairim ar ghnéithe nós imeachta an phróisis
mheastóireachta. Oifigeach ón gCoimisiún nó ón gcomhlacht cistiúcháin ábhartha
a bheidh ina chathaoirleach air, ó roinn nach é an roinn atá freagrach as an
nglao ar thograí. D'fhéadfadh an coiste ceann acu seo a leanas a mholadh: (a)
athmheastóireacht a dhéanamh ar an togra; (b)
an chéad tuairim a dhearbhú. 5.
Ar bhonn an mholta sin, glacfaidh an Coimisiún nó
an comhlacht cistiúcháin ábhartha Cinneadh agus cuirfear in iúl do
chomhordaitheoir an togra é. 6.
Ní chuirfidh an nós imeachta athbhreithnithe moill
ar phróiseas roghnúcháin na dtograí nach ábhar na n-iarratas ar athbhreithniú
na tograí sin. 7.
Ní chuirfidh an nós imeachta athbhreithnithe bac ar
aon ghníomhaíocht eile a ghlacfaidh an rannpháirtí i gcomhréir le dlí an
Aontais. Airteagal 16 Comhaontú deontais 1.
Rachaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha i mbun comhaontú deontais leis na rannpháirtithe. 2.
Bunófar leis an gcomhaontú deontais cearta agus
oibleagáidí na rannpháirtithe, an Choimisiúin nó comhlachtaí cistiúcháin
ábhartha. Bunófar leis freisin cearta agus oibleagáidí na n-eintiteas dlíthiúil
ar rannpháirtithe iad le linn chur chun feidhme na gníomhaíochta. 3.
Féadfar cearta agus oibleagáidí na rannpháirtithe a
bhunú maidir le cearta rochtana, saothrú agus leathadh, sa bhreis orthu sin atá
leagtha síos sa Rialachán seo. 4.
Léireoidh an comhaontú deontais, nuair is iomchuí,
na prionsabail ghinearálta atá leagtha síos sa Mholadh ón gCoimisiún ar an
gCairt Eorpach do Thaighdeoirí agus an Cód Iompair maidir le Taighdeoirí a
earcú[18]. 5.
Beidh san áireamh sa chomhaontú deontais, nuair is
iomchuí, forálacha a áirithíonn go n-urramófar prionsabail eiticiúla, lena
n-áirítear trí bhord neamhspleách eitice a bhunú chomh maith le ceart an
Choimisiúin chun iniúchadh eitice a dhéanamh. 6.
Féadfaidh deontais shonracha le haghaidh
gníomhaíochtaí bheith mar chuid de chreat comhpháirtíochta de réir fhorálacha
Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] agus Rialachán (AE)
Uimh. [an Rialachán Tarmligthe]. Airteagal 17 Cinntí deontais I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún,
i gcomhréir le hAirteagal X de Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an
Rialachán Airgeadais], nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha cinntí deontais a
ghlacadh seachas dul i mbun comhaontuithe deontais. Beidh feidhm ag forálacha
an Rialacháin seo a thagraíonn do chomhaontuithe deontais mutatis mutandis. Airteagal 18 Córas leictreonach slán Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht
cistiúcháin ábhartha córas leictreonach slán a bhunú le haghaidh malartuithe
leis na rannpháirtithe. Measfar gur bundoiciméad an doiciméad a chuirfear
isteach tríd an gcóras seo, lena n-áirítear comhaontuithe deontais, i gcás ina
n‑úsáidfear comhartha aitheantais úsáide agus pasfhocal ionadaí an
rannpháirtí. An comhartha aitheantais a bheidh ag teastáil is ea síniú ar an
doiciméad lena mbaineann. ROINN II
CUR CHUN FEIDHME Airteagal 19 An ghníomhaíocht a chur chun feidhme 1.
Cuirfidh na rannpháirtithe an ghníomhaíocht chun
feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha agus na hoibleagáidí atá leagtha
amach sa Rialachán seo, Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán
Airgeadais], Rialachán (AE) Uimh. [an Rialachán Tarmligthe],
Cinneadh (AE) Uimh. XX/XX [an clár sonrach], an clár oibre nó an
plean oibre, an glao ar thograí agus an comhaontú deontais. 2.
Ní dhéanfaidh na rannpháirtithe aon ghealltaí nach
bhfuil ag teacht leis an gcomhaontú deontais. I gcás nach gcomhlíonann an
rannpháirtí a oibleagáidí maidir le cur chun feidhme teicniúil na
gníomhaíochta, comhlíonfaidh rannpháirtithe eile na hoibleagáidí gan aon bhreis
chistiúcháin ón Aontas ach amháin má bhaineann an Coimisiún nó comhlacht
cistiúcháin an oibleagáid sin uathu. Beidh freagracht airgeadais gach
rannpháirtí teoranta dá fhiacha féin, faoi réir na bhforálacha a bhaineann leis
an gCiste. Áiritheoidh na rannpháirtithe go gcuirfear an Coimisiún nó an
comhlacht cistiúcháin ar an eolas faoi imeacht a d'fhéadfadh difear a dhéanamh
do chur chun feidhme na gníomhaíochta nó leasanna an Aontais. 3.
Cuirfidh na rannpháirtithe an ghníomhaíocht chun
feidhme agus déanfaidh siad na bearta réasúnta ar fad is gá chuige sin. Beidh
na hacmhainní cuí acu nuair is gá chun an ghníomhaíocht a dhéanamh. I gcás ina
bhfuil gá leis chun an ghníomhaíocht a chur chun feidhme, féadfaidh siad glaoch
ar thríú páirtithe, lena n-áirítear fochonraitheoirí, chun gnéithe áirithe den
ghníomhaíocht a dhéanamh nó féadfaidh siad na hacmhainní a chuireann tríú
páirtí ar fáil trí mheán ranníocaíochtaí comhchineáil a úsáid de réir na
gcoinníollacha atá leagtha amach sa chomhaontú deontais. Beidh an fhreagracht
iomlán ar an rannpháirtí i leith an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin
ábhartha agus i leith na rannpháirtithe eile i dtaobh an obair atá le déanamh. 4.
Beidh dámhachtain fochonarthaí chun gnéithe áirithe
na gníomhaíochta a dhéanamh teoranta do chásanna dá bhforáiltear sa chomhaontú
deontais. 5.
Féadfaidh tríú páirtithe nach fochonraitheoirí iad
cuid d'obair rannpháirtí a dhéanamh faoin ngníomhaíocht, ar choinníoll go
sainaithnítear an tríú páirtí agus an obair atá le déanamh sa chomhaontú
deontais. D'fhéadfadh na costais a thabhaíonn na tríú
páirtithe sin a bheith incháilithe má chomhlíonann an tríú páirtí na
coinníollacha seo a leanas: (a)
go mbeadh sé incháilithe do chistiú, dá mba
rannpháirtí é; (b)
gur eintiteas cleamhnaithe é nó go bhfuil ceangal
aige le rannpháirtí faoi chuimsiú struchtúir dhlíthiúil a chumhdaíonn
comhoibriú nach bhfuil teoranta don tionscadal; (c)
go sonraítear sa chomhaontú deontais é; (d)
go gcloíonn sé leis na rialacha is infheidhme
maidir leis an rannpháirtí faoin gcomhaontú deontais maidir le hincháilitheacht
costas agus rialú ar chaiteachas. 6.
Féadfaidh tríú páirtithe freisin acmhainní a chur
ar fáil do rannpháirtí trí bhíthin ranníocaíochtaí comhchineáil leis an
ngníomhaíocht. Tá costais arna dtabhú ag tríú páirtithe i ndáil lena
ranníocaíochtaí comhchineáil a dhéantar saor in aisce, incháilithe do mhaoiniú
ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha arna mbunú sa chomhaontú
deontais. 7.
Féadfaidh tacaíocht airgeadais do thríú páirtithe
bheith mar chuid den ghníomhaíocht faoi na coinníollacha arna mbunú i Rialachán
(AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] agus Rialachán (AE) Uimh. XX/2012
[an Rialachán Tarmligthe]. Féadfar dul thar na méideanna dá dtagraítear in Airteagal [127(2)(c)]
de Rialachán (AE) XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] nuair is gá chun cuspóirí
gníomhaíochta a bhaint amach. 8.
Maidir leis an ngníomhaíocht arna déanamh ag
rannpháirtithe ar údaráis chonarthacha iad laistigh de bhrí Threoir 2004/17/CE[19], Threoir 2004/18/CE[20] agus Threoir 2009/80/CE[21] ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle, d'fhéadfadh soláthar réamhthráchtála agus soláthar réiteach
nuálaíoch a bheith mar phríomhaidhm acu nó mar chuid dá n-aidhm, nuair a
dhéantar foráil dó sin i gclár oibre nó i bplean oibre agus nuair atá a
éilítear a leithéid do chur chun feidhme na gníomhaíochta. Sa chás sin, beidh
feidhm ag na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 35(2) agus in Airteagal 49(2)
agus (3) maidir leis na nósanna imeachta soláthair a dhéanann na
rannpháirtithe. 9.
Comhlíonfaidh na rannpháirtithe an reachtaíocht
náisiúnta, na rialacháin agus na rialacha eiticiúla sna tíortha ina ndéanfar an
ghníomhaíocht. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na rannpháirtithe formheas na
gcoistí eitice ábhartha náisiúnta nó áitiúla sula gcuirfear tús leis an
ngníomhaíocht. 10.
Déanfar aon obair a bhaineann le hainmhithe i
gcomhréir le hAirteagal 13 den CFAE agus comhlíonfaidh sé an ceanglas
maidir le húsáid ainmhithe chun críocha eolaíocha a ionadú, a laghdú agus a
athmhúnlú i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais agus go háirithe le
Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[22]. Airteagal 20 Cuibhreannas 1.
Comhaltaí aon chuibhreannais ar mhaith leo bheith
rannpháirteach i ngníomhaíocht, ceapfaidh siad comhalta amháin a fheidhmeoidh
mar chomhordaitheoir agus sainaithneofar an comhordaitheoir sin sa chomhaontú
deontais. 2.
Tabharfaidh comhaltaí cuibhreannais atá
rannpháirteach i ngníomhaíocht comhaontú inmheánach i gcrích (an comhaontú
cuibhreannais), ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo dá bhforáiltear sa
chlár oibre nó sa phlean oibre nó sa ghlao ar thograí. 3.
Féadfaidh an cuibhreannas moladh a dhéanamh
rannpháirtí a áireamh nó a bhaint, i gcomhréir le forálacha éagsúla an
chomhaontaithe deontais, ar choinníoll go bhfuil an t-athrú sin i gcomhréir
leis an coinníollacha rannpháirtíochta, nach ndéanfaidh sé dochar do chur chun
feidhme na gníomhaíochta agus nach bhfuil sé ag teacht salach ar phrionsabal na
córa comhionainne. ROINN III
CINEÁLACHA DEONTAS AGUS RIALACHA CISTIÚCHÁIN Airteagal 21 Cineálacha deontas Is iad na cineálacha deontas dá bhforáiltear
in Airteagal [116] de Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán
Airgeadais] a bheidh sna deontais. Airteagal 22 An
ghníomhaíocht a chistiú 1.
Ní rachaidh an cistiú le haghaidh ghníomhaíochta
thar na costais incháilithe iomlána lúide fáltais na gníomhaíochta. 2.
Meastar gurb iad fáltais na gníomhaíochta an méid
seo a leanas: (a)
Acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil do na
rannpháirtithe trí bhíthin aistrithe airgeadais nó ranníocaíochtaí comhchineáil
a dhéantar saor in aisce, ar choinníoll go ndéanann an tríú páirtí an
ranníocaíocht lena húsáid go sonrach sa ghníomhaíocht; (b)
Ioncam arna ghineadh ag an ngníomhaíocht, seachas
ioncam arna ghineadh trí thorthaí na gníomhaíochta a shaothrú; (c)
Ioncam arna ghineadh ó dhíol na sócmhainní a
ceannaíodh faoin gcomhaontú deontais go dtí luach an chostais a ghearr an
rannpháirtí i dtús báire ar an ngníomhaíocht. 3.
Cuirfear ráta amháin aisíocaíochta de na costais
incháilithe i bhfeidhm in aghaidh na gníomhaíochta i gcás gach gníomhaíochta
arna gcistiú inti. Socrófar an t-uasráta sa chlár oibre nó sa phlean oibre. 4.
D'fhéadfadh an luach ar an deontas "Fís 2020"
a bheith cothrom le 100 % ar a mhéid de na costais incháilithe iomláin 5.
Beidh teorainn 70 % ar a mhéid de na costais
incháilithe iomláin leis an deontas "Fís 2020" do na
gníomhaíochtaí seo a leanas: (a)
gníomhaíochtaí amhail fréamhshamhlú, tástáil,
léiriú, forbairt thurgnamhach, píolótú, macasamhlú an mhargaidh; (b)
gníomhaíochtaí chun clár a chomhchistiú. 6.
Beidh feidhm freisin ag na rátaí aisíocaíochta arna
gCinneadh san Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí ina bhfuil an
ráta comhréidh, nó scála na gcostas aonaid nó maoiniú cnapshuime socraithe don
ghníomhaíocht ar fad nó do chuid de. Airteagal 23 Incháilitheacht costas 1.
Déantar na coinníollacha maidir le hincháilitheacht
costas a shainiú in Airteagal X de Rialachán (AE) Uimh. xx [an
Rialachán Airgeadais/an Rialachán Tarmligthe]. D'fhéadfadh costais arna dtabhú
ag tríú páirtithe faoin ngníomhaíocht bheith incháilithe de réir fhorálacha an
Rialacháin seo agus an chomhaontaithe deontais. 2.
Is iad na costais neamh-incháilithe na costais sin
nach gcomhlíonann na coinníollacha thuasluaite, go háirithe forálacha maidir le
cailliúintí nó muirir a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo, costais
aistrithe, costais a bhaineann le toradh ar chaipiteal, costais arna n-aisíoc i
ndáil le gníomhaíocht eile nó clár eile Aontais, fiach agus muirir féich agus
róchaiteachas nó caiteachas doscaí. Airteagal 24 Costais indíreacha 1.
Cinnfear costais incháilithe indíreacha trí ráta
comhréidh 20 % de na costais incháilithe dhíreacha iomlána a chur i
bhfeidhm, seachas na costais incháilithe dhíreacha le haghaidh fochonraitheoireachta
agus costais na n-acmhainní a chuireann tríú páirtithe ar fáil nach n-úsáidtear
ar áitreabh an tairbhí, chomh maith le tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú
páirtithe. 2.
De mhaolú ar mhír 1, déanfar costais indíreacha a
dhearbhú i bhfoirm cnapshuime nó scála na gcostas aonaid nuair a fhoráiltear dó
sa chlár oibre nó sa phlean oibre. Airteagal 25 Uaireanta táirgiúla bliantúla 1.
Ní chumhdóidh costais incháilithe phearsana ach na
huaireanta iarbhír a oibríonn na daoine atá bainteach go díreach leis an obair
a dhéanamh faoin ngníomhaíocht. Is é an rannpháirtí a sholáthróidh an fhianaise
maidir leis na huaireanta iarbhír a oibrítear, agus déanfaidh sé sin de ghnáth
trí chóras taifeadta ama. 2.
Maidir le daoine atá ag obair go heisiach ar son na
gníomhaíochta, ní gá an t-am a thaifead. Sna cásanna sin, síneoidh an
rannpháirtí dearbhú a dhearbhóidh go raibh an duine lena mbaineann ag obair go
heisiach ar son na gníomhaíochta. 3.
Beidh san áireamh sa chomhaontú deontais na
ceanglais íosta maidir leis an gcóras taifeadta ama mar aon le líon na
n-uaireanta táirgiúla bliantúla a bheidh le húsáid chun rátaí in aghaidh na
huaire a ríomh don phearsanra . Airteagal 26 Costais phearsanra ar úinéirí fiontar
beag agus meánmhéide agus ar dhaoine nádúrtha gan tuarastal Féadfaidh úinéirí fiontar beag agus meánmhéide
nach bhfaigheann tuarastal agus daoine nádúrtha eile nach bhfaigheann tuarastal
costais phearsanra a ghearradh ar bhonn scála na gcostas aonaid. Airteagal 27 Scálaí
na gcostas aonaid 1.
I gcomhréir le hAirteagal X de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[an Rialachán Airgeadais], féadfaidh an Coimisiún modhanna a bhunú chun scála
na gcostas aonaid a chinneadh bunaithe ar: (a)
sonraí staitistiúla nó modhanna oibiachtúla dá
samhail; (b)
sonraí stairiúla so-iniúchta an rannpháirtí. 2.
Féadfar costais dhíreacha incháilithe phearsanra a
mhaoiniú ar bhonn scála na gcostas aonaid arna chinneadh de réir
ghnáthchleachtais an rannpháirtí i ndáil le cuntasaíocht costais, ar choinníoll
go gcomhlíonann siad iomlán na gcritéar seo a leanas: (a)
go ríomhfar iad ar bhonn iomlán na gcostas iarbhír
pearsanra atá taifeadta i gcuntais ghinearálta an rannpháirtí is féidir a
choigeartú ar bhonn gnéithe a ndéantar buiséadú nó meastachán orthu de réir na
gcoinníollacha arna sainiú ag an gCoimisiún; (b)
go gcomhlíonfaidh siad forálacha Airteagal 23; (c)
go n-áiritheoidh siad go gcomhlíonfar an ceanglas
neamhbhrabúis agus go seachnófar cistiú faoi dhó costas; (d)
go ríomhfar iad ag féachaint go cuí leis na
forálacha maidir le huaireanta táirgiúla in Airteagal 25. Airteagal 28 Deimhniú ar ráitis airgeadais Cumhdóidh deimhniú ar ráitis airgeadais méid
iomlán an deontais arna éileamh ag rannpháirtí i bhfoirm aisíocaíochta costas
iarbhír agus i bhfoirm scála na gcostas aonaid dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Ní chuirfear an deimhniú isteach ach amháin nuair is ionann an méid sin agus
EUR 325 000 nó nuair is mó ná sin é tráth a éilítear iarmhéid an
deontais a íoc. Airteagal 29 Deimhnithe ar mhodheolaíocht 1.
Féadfaidh rannpháirtithe a ríomhann costais
dhíreacha phearsanra agus a éilíonn na costais sin ar bhonn scála na gcostas
aonaid deimhniú ar mhodheolaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Comhlíonfaidh an mhodheolaíocht sin na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 27(2)
agus comhlíonfaidh sí ceanglais an chomhaontaithe deontais. 2.
I gcás ina nglacann an Coimisiún le deimhniú ar an
modheolaíocht, beidh sé bailí do gach gníomhaíocht a mhaoinítear faoi Rialachán
(AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020] agus líomhfaidh an rannpháirtí costais,
agus éileoidh sé costais, ar bhonn an deimhnithe sin. Airteagal 30 Iniúchóirí deimhniúcháin 1.
Bunóidh iniúchóir neamhspleách atá cáilithe chun
iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le
Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23] nó i gcomhréir le rialacháin náisiúnta
dá samhail, nó bunóidh oifigeach poiblí inniúil neamhspleách ar shuigh na
húdaráis náisiúnta an acmhainn dhlíthiúil a bheith aige iniúchadh a dhéanamh ar
an rannpháirtí agus nach raibh baint aige leis na ráitis airgeadais a ullmhú,
bunóidh an duine sin na deimhnithe ar na ráitis airgeadais agus ar an
modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28 agus 29. 2.
Ar iarratas ón gCoimisiún, ón gCúirt Iniúchóirí nó
ón Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, deonóidh an t-iniúchóir a sheachadann
an deimhniú ar na ráitis airgeadais agus ar an modheolaíocht, deonóidh sé
rochtain ar na doiciméid tacaíochta agus ar na páipéir iniúchta oibre ar
eisíodh deimhniú ar na ráitis airgeadais ar a mbonn. Airteagal 31 Cistiú iomlán D'fhéadfaí deontas ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[Fís 2020] a dhámhachtain de thoradh gníomhaíochta ar dámhadh deontas ó
bhuiséad an Aontais uirthi, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na deontais na
hítimí costais céanna. ROINN IV
RÁTHAÍOCHTAÍ Airteagal 32 Ciste um Ráthaíocht Rannpháirtithe 1.
Bunaítear leis seo Ciste um Ráthaíocht
Rannpháirtithe ("an Ciste") agus cumhdóidh sé an riosca a bhaineann
le suimeanna nach ngnóthaítear ar suimeanna iad atá dlite don Aontas faoi
ghníomhaíochtaí arna maoiniú trí dheontais ón gCoimisiún faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE
agus ó chomhlachtaí de chuid an Choimisiúin nó an Aontais faoi "Fís 2020"
de réir na Rialacha atá leagtha amach sa Rialachán seo. Tiocfaidh an Ciste in
áit agus i gcomharbas ar an gCiste um Ráthaíocht Rannpháirtithe arna bhunú faoi
Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006. 2.
Feidhmeofar an Ciste i gcomhréir le hAirteagal 33.
Cuirfear an t-ús airgeadais a ghineann an Ciste leis an gCiste agus úsáidfear é
chun na críocha atá leagtha amach in Airteagal 33(3) amháin. 3.
I gcás nach leor an t-ús airgeadais chun na
oibríochtaí a thuairiscítear in Airteagal 33(3) a chumhdach, ní dhéanfaidh
an Ciste idirghabháil agus gnóthóidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha de chuid an Aontais an méid atá dlite go díreach ó na tairbhithe. 4.
Meastar gur ráthaíocht leordhóthanach an Ciste faoi
Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [an Rialachán Airgeadais]. Ní ghlacfar le
ráthaíocht bhreise nó le hurrús breise ó rannpháirtithe nó a chuirfear orthu
ach amháin sa chás atá luaite i mír 3. 5.
Tabharfaidh na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí
faoi Fhís 2020 a gcumhdaíonn an Ciste a riosca, ranníocaíocht de 5 % de
chistiú an Aontais don ghníomhaíocht. Ag deireadh na gníomhaíochta, tabharfar
an méid a cuireadh leis an gCiste ar ais chuig na rannpháirtithe, tríd an
gcomhordaitheoir. Airteagal 33 Oibríocht an Chiste 1.
Is é an Coimisiún i gcáil ionadaí an Aontais a
bhainisteoidh an Ciste agus feidhmeoidh sé mar ghníomhaire feidhmiúcháin ar son
na rannpháirtithe, de réir na gcoinníollacha arna mbunú leis an gcomhaontú
deontais. Féadfaidh an Coimisiún an Ciste a bhainistiú go
díreach nó bainistíocht airgeadais an Chiste a chur de chúram ar an mBanc
Eorpach Infheistíochta nó ar institiúid iomchuí airgeadais (an banc
taiscíochta). Is é an banc taiscíochta a bhainisteoidh an Ciste de bhun
threoracha an Choimisiúin. 2.
Féadfar ranníocaíocht na rannpháirtithe leis an
gCiste a chúiteamh ón gcéad réamh‑mhaoiniú agus íocfar é leis an gCiste
ar son na rannpháirtithe. 3.
I gcás ina bhfuil méideanna dlite don Aontas ó
rannpháirtí féadfaidh an Coimisiún, gan dochar do phionóis is féidir a chur ar
an rannpháirtí mainneachtana, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a
dhéanamh: (a)
an méid atá dlite a aistriú ón gCiste chuig
comhordaithe na gníomhaíochta, nó ordú a thabhairt don bhanc taiscíochta an
méid sin a dhéanamh. Déanfar an t‑aistriú sin tar éis deireadh a chur le
rannpháirtíocht an rannpháirtí mainneachtana nó tar éis an rannpháirtíocht a
tharraingt siar más gníomhaíocht leanúnach é agus má aontaíonn na
rannpháirtithe atá fágtha lena chur chun feidhme de réir na gcuspóirí céanna.
Measfar gur cistiú an Aontais iad méideanna a aistreofar ón gCiste; (b)
an méid sin a ghnóthú go héifeachtúil ón gCiste. Eiseoidh an Coimisiún ordú gnóthacháin i gcoinne
an rannpháirtí sin chun sochar an Chiste. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún
Cinneadh gnóthacháin a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[an Rialachán Airgeadais]. 4.
Ioncam atá sannta don Chiste laistigh den bhrí Airteagal X
de Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais] atá sna
méideanna a ghnóthaítear. A luaithe is atá na deontais ar fad a gcumhdaíonn an
Ciste a riosca curtha chun feidhme ina n-iomláine, gnóthóidh an Coimisiún aon
suimeanna atá gan íoc agus cuirfear isteach i mbuiséad an Aontais iad, faoi
féir chinntí an údaráis reachtaigh. Caibidil IV
DUAISEANNA, SOLÁTHAR AGUS IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS Airteagal 34 Duaiseanna D'fhéadfadh cistiú an Aontais bheith i bhfoirm
duaiseanna mar atá sainithe i dTeideal VII de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[an Rialachán Airgeadais]. Airteagal 35 Soláthar, soláthar réamhthráchtála
agus soláthar poiblí réiteach nuálaíoch 1.
Aon soláthar a dhéanfaidh an Coimisiún ar a shon
féin nó i gcomhar leis na Ballstáit, beidh sé faoi réir na rialacha maidir le
soláthar poiblí mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an
Rialachán Airgeadais] agus Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [an Rialachán
Tarmligthe]. 2.
D'fhéadfadh cistiú an Aontais bheith i bhfoirm
soláthair réamhthráchtála nó soláthair réiteach nuálaíoch a dhéanann an
Coimisiún nó an comhlacht ábhartha cistiúcháin ar a shon féin nó i gcomhar le
húdaráis chonarthacha ó Bhallstáit agus ó thíortha gaolmhara. Na nósanna imeachta
um sholáthar: (a)
comhlíonfaidh siad prionsabail na trédhearcachta,
an neamh-idirdhealaithe, na córa comhionainne, na bainistíochta fónta
airgeadais, na comhréireachta agus rialacha iomaíochta agus, nuair is
infheidhme, Treoir 2004/17/CE, Treoir 2004/18/CE agus
Treoir 2009/81/CE nó, i gcás ina bhfeidhmíonn an Coimisiún ar a shon féin,
Rialachán (AE) Uimh. XX/2012 [an Rialachán Airgeadais]; (b)
féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le
coinníollacha sonracha amhail ionad feidhmíochta na ngníomhaíochtaí arna
soláthar a bheith teoranta i gcás soláthair réamhthráchtála do chríoch na
mBallstát agus tíortha a bhfuil baint acu le Fís 2020, nuair a thugann
cuspóirí na ngníomhaíochtaí bonn cuí leis; (c)
féadfaidh siad dámhachtain conarthaí iolracha a
údarú laistigh den nós imeachta céanna (ilfhoinsiú); (d)
déanfaidh siad foráil maidir le dámhachtain na
gconarthaí ar an tairiscint/na tairiscintí is buntáistí go heacnamaíoch. Airteagal 36 Ionstraimí airgeadais 3.
Féadfaidh na hionstraimí airgeadais a bheith in aon
ceann de na foirmeacha dá dtagraítear in [Teideal VIII] de Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[an Rialachán Airgeadais] agus cuirfear chun feidhme i gcomhréir leis sin iad,
agus féadfar iad a chur le chéile le deontais arna gcistiú faoi bhuiséad an
Aontais, lena n-áirítear Fís 2020. 4.
I gcomhréir le hAirteagal [18(2)] de Rialachán
(AE) Uimh. XX/XX [an Rialachán Airgeadais], sannfar ioncaim agus
aisíocaíochtaí arna ngineadh ag ionstraim airgeadais a bunaíodh faoi Rialachán
(AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020] don ionstraim airgeadais sin. 5.
Sannfar ioncaim agus aisíocaíochtaí arna ngineadh
ag an tSaoráid Airgeadais Roinnte Riosca a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE
agus céim luath na Saoráide Ardfháis agus Nuálaíche do FBManna (GIF1) a
bunaíodh faoin Chinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle[24],
do na hionstraimí airgeadais atá le teacht faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XX
[Fís 2020]; Caibidil VII
SAINEOLAITHE Airteagal 37 Saineolaithe
neamhspleácha a cheapadh 1.
Féadfaidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí,
comhlachtaí cistiúcháin, saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun
meastóireacht a dhéanamh ar thograí nó chun comhairle nó cúnamh a thabhairt
maidir leis an méid seo a leanas: (a)
meastóireacht ar thograí; (b)
monatóireacht ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí
arna ndéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. XX/XX [Fís 2020] chomh maith
le gníomhaíochtaí clár Taighde agus/nó Nuálaíochta a tháinig roimhe seo; (c)
beartas nó cláir taighde agus nuálaíochta an Aontais
a chur chun feidhme, lena n-áirítear Fís 2020, agus Limistéar Eorpach
Taighde a bhaint amach agus a fheidhmiú; (d)
meastóireacht a dhéanamh ar Chláir Taighde agus
Nuálaíochta; (e)
beartas taighde agus nuálaíochta an Aontais a
dhearadh lena n-áirítear cláir a ullmhú don todhchaí. 2.
Roghnófar saineolaithe neamhspleácha ar bhonn na
scileanna, na taithí agus an eolais is iomchuí chun na cúraimí a shanntar dóibh
a dhéanamh. I gcásanna ina mbíonn ar shaineolaithe neamhspleácha déileáil le
faisnéis rúnaicmithe, beidh gá le himréiteach slándála iomchuí sula gceapfar
iad. Déanfar saineolaithe neamhspleácha a shainaithint
agus a roghnú ar bhonn glaonna ar iarratais ó dhaoine aonair agus glaonna atá
dírithe ar eagraíochtaí ábhartha amhail gníomhaireachtaí náisiúnta taighde,
institiúidí taighde, eagraíochtaí um chaighdeánú nó fiontraíochtaí d'fhonn
bunachar sonraí d'iarratasóirí a bhunú. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha, má mheastar é a bheith iomchuí agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo,
aon duine a roghnú nach bhfuil sa bhunachar sonraí a bhfuil na scileanna
iomchuí aige. Déanfar bearta cuí ar mhaithe le cothromaíocht
inscne agus éagsúlacht gheografach a bhaint amach agus saineolaithe
neamhspleácha á gceapadh. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha comhairle a lorg ó na cuideachtaí comhairliúcháin chun saineolaithe
neamhspleácha a cheapadh. I gcás gníomhaíochtaí taighde 'ar theorainneacha an
eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde, ceapfaidh an Coimisiún
saineolaithe ar bhonn togra ó Comhairle Eolaíoch na Comhairle Eorpaí um
Thaighde. 3.
Glacfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin
ábhartha na céimeanna ar fad is gá chun a áirithiú nach mbeidh ar an saineolaí
déileáil le coinbhleacht leasa maidir leis an ábhar a mbeidh air tuairim a
thabhairt ina leith. 4.
D'fhéadfaí na saineolaithe a cheapadh faoi
cheapachán creata a bheadh bailí fad is a mhairfeadh Fís 2020 agus
shannfaí cúraimí sonracha dóibh. 5.
Foilseofar ainmneacha na saineolaithe a cheapfar i
gcáil phearsanta, a thabharfaidh cúnamh don Choimisiún nó do na comhlachtaí
cistiúcháin chun Rialachán (AE) Uimh. XX/XX, Fís 2020 agus
Cinneadh Uimh. XX/XX/AE [an clár sonrach] a chur chun feidhme,
foilseofar na hainmneacha sin uair amháin ar a laghad sa bhliain ar shuíomh
idirlín an Choimisiúin nó an chomhlachta cistiúcháin. Déanfar ainmneacha na
saineolaithe a bhailiú, a phróiseáil agus a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán
(CE) Uimh. 45/2001. Teideal III
RIALACHA MAIDIR LE TORTHAÍ A LEATHADH Caibidil I
DEONTAIS ROINN I
Torthaí Airteagal 38 Úinéireacht torthaí 1.
Beidh torthaí faoi úinéireacht an rannpháirtí a
ghin iad. 2.
Nuair is i gcomhpháirt a ghin rannpháirtithe
gníomhaíochta na torthaí agus nach féidir an sciar den obair a rinne gach ceann
acu a shuíomh, beidh na torthaí faoi chomhúinéireacht acu. Bunóidh na
comhúinéirí comhaontú maidir le leithdháileadh agus téarmaí na comhúinéireachta
sin i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin gcomhaontú deontais. Ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt sa
chomhaontú comhúinéireachta, beidh gach comhúinéir i dteideal ceadúnais
neamheisiacha a dheonú do thríú páirtithe chun na torthaí atá faoi
chomhúinéireacht a shaothrú, gan an ceart focheadúnais a dheonú bheith acu,
faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: (a)
tabharfar réamhfhógra do na comhúinéirí eile; (b)
tabharfar cúiteamh cóir réasúnach do na comhúinéirí
eile; 3.
Má tá fostaithe nó aon pháirtí atá ag obair do
rannpháirtí i dteideal cearta ar na torthaí arna nginiúint a éileamh,
áiritheoidh an rannpháirtí lena mbaineann gur féidir na cearta sin a fheidhmiú
ar bhealach a thagann lena oibleagáidí faoin gcomhaontú. Airteagal 39 Cosaint torthaí 1.
I gcás inar féidir na torthaí a úsáid chun críocha
tráchtála nó tionsclaíocha, scrúdóidh an rannpháirtí ar leis é na torthaí an
féidir iad a chosaint, agus, más féidir, agus má thugann na cúinsí údar maith
leis, cosnóidh sé go leordhóthanach iad go ceann tréimhse iomchuí ar limistéar
iomchuí, ag féachaint go cuí dá leasanna dlisteanacha, agus do leasanna
dlisteanacha rannpháirtithe eile na gníomhaíochta, a leasanna tráchtála go
háirithe. 2.
I gcás nach bhfuil sé beartaithe ag rannpháirtí a
fuair maoiniú ón Aontas na torthaí a ghin sé a chosaint ar chúiseanna seachas
an neamhfhéidearthacht sin a dhéanamh faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí
náisiúnta nó i ngeall ar gan mórán acmhainneachta saothraithe tráchtála bheith
iontu, agus mura bhfuil sé beartaithe ag an rannpháirtí iad a aistriú go
heintiteas dlíthiúil eile i mBallstát nó i dtír ghaolmhar d'fhonn iad a
chosaint, cuirfidh sé an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ar an eolas sula
leathann sé aon ní a bhaineann leis na torthaí sin. Féadfaidh an Coimisiún,
thar ceann an Aontais nó an chomhlachta maoiniúcháin, úinéireacht na dtorthaí
sin a ghlacadh chuige agus na bearta is gá a dhéanamh chun iad a chosaint. Ní fhéadfaidh an rannpháirtí diúltú toiliú leis
sin ach amháin má thaispeánann sé go ndéanfaí mórdhíobháil dá leasanna
dlisteanacha. Ní leathfar aon ní a bhaineann leis na torthaí sin go mbeidh
cinneadh déanta ag an gCoimisiún, nó ag an gcomhlacht maoiniúcháin, nó go
gcinnfidh sé ar an úinéireacht a ghlacadh chuige féin agus na bearta is gá a
dhéanamh chun a gcosaint a áirithiú. Leagfar síos teorainneacha ama ina leith
sin sa chomhaontú deontais. 3.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag rannpháirtí a
fuair maoiniú ón Aontas gan torthaí a chosaint níos mó nó gan síneadh ar an
gcosaint sin a iarraidh ar chúiseanna seachas gan mórán acmhainneachta
saothraithe tráchtála a bheith iontu, cuirfidh sé sin in iúl don Choimisiún nó
don chomhlacht maoiniúcháin agus féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht
maoiniúcháin leanúint den chosaint nó síneadh a chur léi trí úinéireacht na
dtorthaí a ghlacadh chuige féin. Ní fhéadfaidh an rannpháirtí diúltú toiliú
leis sin ach amháin má thaispeánann sé go ndéanfaí mórdhíobháil dá leasanna
dlisteanacha. Leagfar síos teorainneacha ama ina leith sin sa chomhaontú
deontais. Airteagal 40 Saothrú agus leathadh torthaí 1.
Gach rannpháirtí a fuair maoiniú ón Aontas,
déanfaidh sé a dhícheall na torthaí ar leis iad a shaothrú trí bhíthin iad a
úsáid chun críocha taighde nó tráchtála, sin nó cuirfidh sé iad á saothrú ag
eintiteas dlíthiúil chun na críocha céanna, go háirithe trína n‑aistriú
agus trína gceadúnú i gcomhréir le hAirteagal 41. Féadfar oibleagáidí breise maidir le saothrú a
leagan síos sa chomhaontú deontais. Déanfar aon oibleagáidí breise den chineál
sin a lua sa chlár oibre nó sa phlean oibre. 2.
Faoi réir aon srianta a bhaineann le cosaint maoine
intleachtúla, le rialacha slándála nó le leasanna trádála dlistineacha,
déanfaidh gach rannpháirtí na torthaí ar leis iad a leathadh a luaithe is
féidir. Féadfar teorainneacha ama ina leith sin a leagan síos sa chomhaontú
deontais. Féadfar oibleagáidí breise maidir le leathadh a
leagan síos sa chomhaontú deontais. Maidir le leathadh a dhéanamh trí fhoilseacháin
taighde, beidh feidhm ag rochtain oscailte faoi na téarmaí agus coinníollacha
atá leagtha síos sa chomhaontú deontais. Maidir le torthaí eile a leathadh,
lena n-áirítear sonraí taighde, féadfar a leagan síos sa chomhaontú deontais na
téarmaí agus coinníollacha faoina dtabharfar rochtain oscailte ar na torthaí
sin, go háirithe i gcás taighde 'ar theorainneacha an eolais' a dhéanann an
Chomhairle Eorpach um Thaighde nó i gcás réimsí iomchuí eile. Tabharfar réamhfhógra do na rannpháirtithe eile i
dtaca le haon ghníomhaíochtaí leata. I ndiaidh dó an fógra sin a fháil,
féadfaidh rannpháirtí agóid a dhéanamh má thaispeánann sé go ndéanfadh an
leathadh arna bheartú mórdhíobháil dá leasanna dlisteanacha ó thaobh torthaí nó
réamheolais de. Sna cásanna sin, ní fhéadfar an ghníomhaíocht leata a dhéanamh
mura ndéantar na bearta is gá chun na leasanna dlisteanacha sin a chosaint.
Féadfar teorainneacha ama ina leith sin a leagan síos sa chomhaontú deontais. 3.
Tuairisceoidh gach rannpháirtí don Choimisiún nó
don chomhlacht maoiniúcháin maidir lena chuid gníomhaíochtaí a bhaineann le
saothrú agus leathadh. Ionas go bhféadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht
maoiniúcháin monatóireacht agus leathadh a dhéanamh, soláthróidh na
rannpháirtithe gach faisnéis agus doiciméid úsáideach i gcomhréir leis na
coinníollacha atá leagtha síos sa chomhaontú deontais. 4.
Gach iarratas ar phaitinn, gach caighdeán, gach
foilseachán nó cineál eile leata, lena n-áirítear nithe i bhfoirm leictreonach,
a bhaineann le torthaí, beidh ag gabháil leis ráiteas (lena n-áirítear ráiteas
a dhéantar le modhanna físeacha, b'fhéidir) go bhfuair an ghníomhaíocht
tacaíocht airgeadais ón Aontas. Bunófar téarmaí an ráitis sin sa chomhaontú
deontais. Airteagal 41 Aistriú agus ceadúnú torthaí 1.
I gcás ina n-aistríonn rannpháirtí úinéireacht
torthaí, déanfaidh sé na hoibleagáidí atá air faoin gcomhaontú deontais maidir
leis an torthaí sin a aistriú chuig an aistrí, lena n-áirítear an oibleagáid
iad a aistriú arís aon uair a dhéanfar aistriú ina dhiaidh sin. Gan dochar d'oibleagáidí rúndachta a thagann as
dlíthe nó rialacháin maidir le cumaisc agus éadálacha, más rud é go bhfuil cearta
rochtana ag rannpháirtithe eile ar na torthaí atá le haistriú, déanfaidh an
rannpháirtí a bhfuil sé beartaithe aige na torthaí a aistriú réamhfhógra a
thabhairt do na rannpháirtithe sin, mar aon le faisnéis leordhóthanach ar an té
atá beartaithe bheith ina úinéir nua ar na torthaí sa chaoi is go bhféadfaidh
na rannpháirtithe sin anailís a dhéanamh ar éifeacht an aistrithe atá
beartaithe ar fheidhmiú a gceart. I ndiaidh an fhógra, féadfaidh rannpháirtí agóid a
dhéanamh i gcoinne aistriú na húinéireachta má thaispeánann sé go rachadh an
t-aistriú sin chun dochair d'fheidmhiú a gceart rochtana. Sa chás sin, ní
fhéadfar an t-aistriú a dhéanamh go dtiocfaidh na rannpháirtithe lena mbaineann
ar chomhaontú. Féadfar teorainneacha ama a leagan síos sa chomhaontú
deontais. Trí chomhaontú i scríbhinn a dhéanamh roimh ré,
féadfaidh na rannpháirtithe eile an ceart atá acu réamhfhógra a fháil agus
agóid a dhéanamh a tharscaoileadh i gcás aistriú úinéireachta ó rannpháirtí go
tríú páirtí arna ainmniú go sonrach 2.
Ar chuntar gur féidir gach ceart rochtana ar na
torthaí a fheidhmiú agus go gcomhlíontar gach oibleagáid bhreise maidir le
saothrú, féadfaidh an rannpháirtí ar leis é na torthaí ceadúnais a dheonú nó an
ceart iad a shaothrú a dheonú ar shlí eile d'aon eintiteas dlíthiúil, lena
n-áirítear ar bhonn eisiach. 3.
Maidir le torthaí arna nginiúint ag rannpháirtithe
a fuair maoiniú ón Aontas, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht maoiniúcháin
agóid a dhéanamh i gcoinne aistrithe úinéireachta chuig tríú páirtithe atá
bunaithe i dtríú tíortha nach cuid de Fís 2020 iad, nó i gcoinne deonú
ceadúnais eisiach do thríú páirtithe atá bunaithe sna tíortha sin, má mheasann
sé nach bhfuil an deontas nó an t-aistriú sin ag luí leis an sprioc iomaíochas
geilleagar an Aontais a fhorbairt nó go bhfuil sé ag teacht salach ar
phrionsabail eiticiúla nó slándála. Sna cásanna sin, ní aistreofar an úinéireacht ná
ní dheonófar ceadúnas eisiach mura mbeidh an Coimisiún nó an comhlacht
maoiniúcháin sásta go gcuirfear ar bun na cosaintí iomchuí. Nuair is iomchuí, déanfar foráil sa chomhaontú
deontais go dtabharfar fógra don Choimisiún nó don chomhlacht maoiniúcháin sula
ndéanfar aon aistriú úinéireachta den sórt sin nó sula ndeonófar ceadúnas
eisiach den sórt sin. Déanfar teorainneacha ama a leagan síos sa chomhaontú
deontais. ROINN 2
CEARTA ROCHTANA AR RÉAMHEOLAS AGUS AR THORTHAÍ Airteagal 42 Réamheolas Déanfaidh rannpháirtithe an réamheolas is bun
lena ngníomhaíocht a lua ar bhealach ar bith i gcomhaontú i scríbhinn. Airteagal 43 Prionsabail maidir le cearta rochtana 1.
I scríbhinn a dhéanfar aon iarraidh cearta rochtana
a fheidhmiú nó aon tarscaoileadh ceart rochtana. 2.
Ach amháin má chomhaontaíonn úinéir na dtorthaí nó
úinéir an réamheolais a bhfuil rochtain air á iarraidh ar a mhalairt, ní
áireofar i gcearta rochtana an ceart focheadúnais a dheonú. 3.
Roimh dóibh aontú do chomhaontú deontais, cuirfidh
rannpháirtithe san aon ghníomhaíocht a chéile ar an eolas maidir le haon
srianta dlí nó teorainneacha ar rochtain a dheonú ar a réamheolas. Aon
chomhaontú a thugann rannpháirtí i gcrích ina dhiaidh sin maidir le réamheolas,
áiritheofar ann go bhféadfar gach ceart rochtana a fheidhmiú. 4.
Chun críocha ceart rochtana, is féidir a mheas gur
coinníollacha córa réasúnacha é díolúine ó ríchíosanna. 5.
Ní dhéanfaidh deireadh a theacht le
rannpháirteachas rannpháirtí i ngníomhaíocht difear don oibleagáid atá ar an
rannpháirtí sin rochtain a dheonú faoi na téarmaí agus na coinníollacha atá
bunaithe sa chomhaontú deontais. 6.
I gcás ina mainníonn rannpháirtí ina chuid
oibleagáid agus nach leigheastar an mhainneachtan sin, féadfar a shonrú sa
chomhaontú cuibhreannas nach mbeidh cearta rochtana níos mó ag an rannpháirtí
sin. Airteagal 44 Cearta
rochtana chun críocha cur chun feidhme 1.
Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar thorthaí
rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an rochtain sin de dhíth ar an
gcéad ceann acu sin chun a chuid oibre faoin ngníomhaíocht a dhéanamh. Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna. 2.
Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar chúlra
rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an rochtain sin de dhíth ar an
gcéad ceann acu sin chun a chuid oibre faoin ngníomhaíocht a dhéanamh agus faoi
réir aon srianta de bhun Airteagal 43(3). Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna, ach
amháin má chomhaontaíonn na rannpháirtithe a mhalairt roimh dóibh aontú don
chomhaontú deontais. Airteagal 45 Cearta rochtana maidir le saothrú 1.
Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar thorthaí
rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an rochtain sin de dhíth ar an
gcéad ceann acu sin chun a chuid torthaí a shaothrú. Faoi réir comhaontú, deonófar an rochtain sin faoi
choinníollacha córa réasúnacha. 2.
Beidh cearta rochtana ag rannpháirtí ar chúlra
rannpháirtí eile san aon ghníomhaíocht, má tá an rochtain sin de dhíth ar an
gcéad ceann acu sin chun a chuid torthaí a shaothrú agus faoi réir aon srianta
nó teorainneacha de bhun Airteagal 43(3). Faoi réir comhaontú, deonófar an rochtain sin faoi
choinníollacha córa réasúnacha. 3.
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa chomhaontú
cuibhreannas, beidh ag eintiteas cleamhnaithe atá bunaithe i mBallstát nó i
dtír ghaolmhar cearta rochtana ar thorthaí nó ar réamheolas faoi na
coinníollacha céanna má tá gá leis an rochtain sin chun na torthaí a ghin an
rannpháirtí a bhfuil sé cleamhnaithe leis a shaothrú. 4.
Is féidir iarraidh rochtana faoi mhíreanna 1,
2, 3 a dhéanamh suas go bliain tar éis dheireadh na gníomhaíochta. Féadfaidh na
rannpháirtithe comhaontú ar theorainn ama eile, áfach. Airteagal 46 Cearta rochtana an Aontais agus na
mBallstát 1.
Chun críocha beartais nó cláir de chuid an Aontais
a fhorbairt, a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu, beidh
cearta rochtana ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais ar thorthaí
rannpháirtí a fuair maoiniú ón Aontas. Tá na ceart rochtana sin teoranta
d'úsáidí neamhthráchtála agus neamhíomaíocha. Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna. 2.
Maidir le gníomhaíochtaí a dhéantar faoi 'Sochaithe
slána' mar chuid den sprioc shonrach 'Sochaithe cuimsitheacha, nuálaíocha agus
slána' beidh ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais agus ag údaráis
náisiúnta na mBallstát, chun críocha a gcuid beartas nó clár a fhorbairt, a
chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu sa réimse seo, beidh acu
cearta rochtana ar thorthaí rannpháirtí a fuair maoiniú ón Aontas. D'ainneoin Airteagal 43(2),
beidh ar áireamh sna cearta rochtana sin an ceart cead a thabhairt do thríú
páirtithe na torthaí a úsáid chun críocha soláthair phoiblí chun inniúlachtaí a
fhorbairt i réimsí ina bhfuil méid an mhargaidh srianta agus ina bhfuil baol go
gclisfidh an margadh, agus i gcásanna ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann. Beidh an rochtain sin saor ó ríchíosanna, ach
amháin i gcás úsáide chun críocha soláthair phoiblí; sa chás sin deonófar í
faoi choinníollacha córa réasúnacha a dtiocfar ar chomhaontú fúthu. Agus na
coinníollacha córa réasúnacha á gcinneadh, cuirfear go hiomlán san áireamh
maoiniú a fuarthas ón Aontas chun na torthaí sin a ghiniúint. Beidh feidhm ag
rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil i ndáil le faisnéis rúnaicmithe. ROINN 3
Cásanna ar leith Airteagal 47 Forálacha sonracha 1.
I gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le cúrsaí
slándála, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chaomhaontú deontais, go
háirithe maidir le hathruithe ar chomhdhéanamh an chuibhreannais, faisnéis
rúnaicmithe, saothrú, leathadh, aistrithe agus ceadúnais torthaí a dheonú. 2.
I gcás gníomhaíochtaí atá ceaptha tacú le bonneagar
taighde nua nó bonneagar taighde atá ann cheana, féadfar a leagan síos sa
chomhaontú deontais forálacha sonracha a bhaineann le húsáideoirí an
bhonneagair. 3.
I gcás gníomhaíochtaí taighde 'ar theorainneacha an
eolais' a dhéanann an Chomhairle Eorpach um Thaighde, féadfar forálacha
sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le cearta
rochtana, iniomparthacht agus leathadh a bhaineann le rannpháirtithe,
taighdeoirí, agus aon pháirtí a mbaineann an ghníomhaíocht leis. 4.
I gcás gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta,
féadfar a leagan síos sa chomhaontú deontais forálacha sonracha maidir le
gealltanas a bhaineann le taighdeoirí a bhaineann sochar as an ngníomhaíocht,
maidir le húinéireacht, maidir le cearta rochtana agus maidir le
hiniomparthacht. 5.
I gcás gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta,
féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe
maidir le húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus leathadh. 6.
I gcás ionstraimí d'fhiontair bheaga agus
mheánmhéide agus deontas ó chomhlachtaí maoiniúcháin atá dírithe ar fhiontair
bheaga agus mheánmhéide, féadfar forálacha sonracha a leagan síos sa chomhaontú
deontais, go háirithe maidir le húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus
leathadh. 7.
I gcás Phobail Eolais agus Nuálaíochta de chuid na
hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht, féadfar forálacha
sonracha a leagan síos sa chomhaontú deontais, go háirithe maidir le
húinéireacht, cearta rochtana, saothrú agus leathadh. CAIBIDIL II
DUAISEANNA AGUS SOLÁTHAR Airteagal 48 Duaiseanna Beidh bronnadh gach duaise coinníollach ar
ghlacadh leis na hoibleagáidí iomchuí poiblíochta. Féadfaidh oibleagáidí
sonracha maidir le saothrú agus leathadh a bheith sa chlár oibre nó sa phlean
oibre. Airteagal 49 Soláthar, soláthar réamhthráchtála
agus soláthar poiblí réiteach nuálaíoch 1.
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa ghlao ar
thairiscintí, is faoi úinéireacht an Aontais a bheith torthaí a ghinfidh
soláthar de chuid an Coimisiún. 2.
Déanfar forálacha sonracha maidir le húinéireacht,
cearta rochtana, agus ceadúnú a leagan síos sna conarthaí maidir le soláthar
réamhthráchtála d'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-éileamh is mó is féidir ar na
torthaí agus d'fhonn buntáistí míchuí a sheachaint. Beidh ar a laghad na cearta
maoine intleachtúla gaolmhara faoi úinéireacht an chonraitheora a ghineann na
torthaí agus é i mbun soláthair réamhthráchtála. Beidh ar a laghad cearta
rochtana saor ó ríchíosanna ar na thorthaí le haghaidh a n‑úsáide féin ag
na húdaráis chonarthacha, agus beidh acu an ceart ceadúnais neamheisiacha a
dheonú do thríú páirtithe, nó an ceart ceangal a chur ar conraitheoirí
rannpháirteacha iad a dheonú, chun na torthaí a shaothrú faoi choinníollacha
córa réasúnacha gan aon ceart bheith ag na tríú páirtithe sin focheadúnas a
dheonú. Mura ndéanann conraitheoir saothrú tráchtála ar na torthaí laistigh de
thréimhse shocraithe tar éis an tsoláthair réamhthráchtála arna shainaithint sa
chonradh, aistreoidh sé úinéireacht na dtorthaí chuig na húdaráis chonarthacha. 3.
Féadfar forálacha sonracha maidir le húinéireacht,
cearta rochtana, agus ceadúnú a leagan síos sna conarthaí maidir le soláthar
poiblí réiteach nuálaíoch d'fhonn a áirithiú go mbeidh an t-éileamh is mó is
féidir ar na torthaí agus d'fhonn buntáistí míchuí a sheachaint. TEIDEAL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 50 Aisghairm agus forálacha
idirthréimhseacha 1.
Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006,
le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. 2.
Gan dochar do mhír 1, ní dhéanfaidh an Rialachán
seo difear do leanúint ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, lena
n-áirítear a lán-fhoirceannadh nó a bpáirt-fhoircheannadh, go dtí go ndéanfar
clabhsúr orthu nó go dtí dtabharfaidh an Coimisiún nó comhlacht maoiniúcháin
cúnamh airgeadais dóibh faoi Chinneadh Uimh. 1982/2006/CE, ná ní dhéanfaidh
sé difear d'aon reachtaíocht eile is infheidhme maidir leis an gcúnamh sin an
31 Nollaig 2013, reachtaíocht a leanfaidh d'fheidhm a bheith aici go dtí
clabhsúr na ngníomhaíochtaí. 3.
Aon suimeanna ón gCiste um Ráthaíocht
Rannpháirtithe arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006, mar aon leis
na cearta agus na hoibleagáidí a ghabhann leo, aistreofar chuig an gCiste iad
amhail ón 31 Nollaig 2013. Aon rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí a dhéantar faoi
chuimsiú an tSeachtú Creathchlár agus a shíníonn comhaontuithe deontais tar éis
an 31 Nollaig 2013, déanfaidh siad a ranníocaíocht leis an gCiste. Airteagal 51 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú
lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán [1] COIM (2010) 546 críochnaitheach,
6.10.2010. [2] IO L , , lch. [3] IO C , , lch. . [4] IO C , , lch. . [5] IO C , , lch. . [6] COIM (2010) 546 críochnaitheach,
6.10.2010. [7] Tuarascáil an Choiste Um Tionscal,
Taighde agus Fuinneamh an 6 Deireadh Fómhair 2010, rapporteur: Maria da Graça
Carvalho, P7 TA(2010)0401. [8] IO L 412, 30.12.2006, lch.1. [9] COIM(2010) 187. [10] COIM(2011) 48. [11] IO L , , lch. [12] IO L , , lch. [13] IO L 317, 3.12.2001, arna leasú le
Cinneadh 2006/548/CE, Euratom (IO L 215, 5.8.2006). [14] IO L 391, 30.12.2006, lch. 1. [15] IO L 54, 22.2.2007, lch. 21. [16] OI L... [17] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [18] COIM(2005) 576 leagan deireanach,
11.3.2005 [19] IO L 134, 30.4.2004,
lch. 1. [20] IO L 134, 30.4.2004,
lch. 114. [21] IO L 216, 20.8.2009,
lch. 76. [22] IO L 276, 20.10.2010, lch. 33. [23] IO L 157, 9.6.2006, lch. 87. [24] IO L 310, 9.11.2006, lch. 15.