52011PC0789

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le meicníocht chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus tuairisciú faisnéise eile ar leibhéal náisiúnta agus Aontais atá ábhartha don athrú aeráide /* COIM/2011/0789 leagan deireanach - 2011/0372 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Tar éis comhairliúcháin leathan idir Ballstáit agus geallsealbhóirí, agus measúnaithe tionchair, molann an Coimisiún athbreithniú a dhéanamh ar an meicníocht faireacháin a bunaíodh faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1] trí an Cinneadh sin a athsholáthar. Iarrann an togra an córas faireacháin agus tuairiscithe eiseach a fheabhsú d'fhonn comhlíonadh le gealltanais agus oibleagáidí de chuid an Aontais agus na mBallstát faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta reatha agus amach anseo um athrú aeráide a áirithiú, riachtanais dhlíthiúla an Phacáiste Aeráide agus Fuinnimh a shásamh, agus tacú leis an bhforbairt ar ionstraimí um maolú agus oiriúnú aeráide ar leibhéal an Aontais.

Molann an Coimisiún Rialachán a chur in áit Chinneadh Uimh. 280/2004/CE mar gheall ar scóip níos leithne na reachtaíochta, an líon méadaithe seoltaí, nádúr comhchuibhithe agus thar a bheith teicniúil de chuid na meicníochta faireacháin, agus chun a chur chun feidhme a éascú.

· Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh ag Cinneadh Uimh. 94/69/CE[2]ón gComhairle an 15 Nollaig 1993, maidir le conclúid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ná comhchruinnithe gáis cheaptha teasa (GCT) san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach sa chóras aeráide. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, níor cheart go sáródh an méadú meánteochta dromchla domhanda bliantúil foriomlán 2ºC os cionn leibhéil réamhthionsclaíochta. Léiríonn an Ceathrú Tuarascáil Mheasúnaithe den Phainéal Idir‑Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) go gcaithfidh astaíochtaí domhanda de gháis cheaptha teasa buaicphointe a bhaint amach faoi 2020, chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

Tháinig Prótacal Kiótó, a dhaingnigh an tAontas ar 31 Bealtaine 2002[3], i bhfeidhm ar 16 Feabhra 2005. Leagann an Prótacal amach spriocanna ceangailteacha don Aontas agus do na Ballstáit (seachas Málta agus an Chipir) chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú nó a theorannú. Thug Comhairle na hEorpa i Márta 2007 tiomantas daingean freisin go mbainfí amach laghdú 20 % ar a laghad i gcomparáid le leibhéil na bliana 1990 ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa foriomlána an AE faoi 2020, agus laghdú 30 % ar an gcoinníoll go dtiomnaíonn tíortha forbartha eile do laghduithe astaíochtaí inchomparáide agus go gcuidíonn tíortha i mbéal forbartha atá níos mó chun cinn ó thaobh geilleagair de, de réir a gcuid acmhainní féin faoi seach. Rinne an pacáiste Aeráide agus Fuinnimh a comhaontaíodh i Nollaig 2008 dlí de na spriocanna laghdaithe 20 %. Tá na spriocanna sin áirithe freisin i gCinneadh 2/CP.15 ("Comhaontú Chóbanhávan"), arna fhormhuiniú ag an Aontas agus na Ballstáit ar 28 Eanáir 2010.

Ba é cuspóir Chinneadh Uimh. 280/2004/CE, dá dtagraítear ina dhiaidh seo mar an “Cinneadh um Meicníocht Faireacháin”, ná meicníocht a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar na hastaíochtaí antrapaigineacha uile ó fhoinsí agus ar aistriú linnte na ngás ceaptha teasa nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal; dul chun cinn na mBallstát maidir lena gcuid oibleagáidí faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kiótó a mheas; na riachtanais tuairiscithe faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kiótó a chur chun feidhme; agus tráthúlacht, iomláine, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus trédhearcacht an tuairiscithe ag an Aontas agus ag na Ballstáit do Rúnaíocht an UNFCCC a áirithiú.

Seo a leanas aidhm an athbhreithnithe bheartaithe:

– léargas a thabhairt sa Rialachán um Meicníocht Faireacháin ar oibleagáidí tuairiscithe a eascraíonn as an UNFCCC, Prótacal Kiótó agus cinntí ag ghlactar ina dhiaidh seo maidir le hastaíochtaí GCT agus tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta a sholáthraítear do thíortha i mbéal forbartha;

– cabhrú leis an Aontas agus leis na Ballstáit a gcuid gealltanas maolaithe a chomhlíonadh agus an pacáiste Aeráide agus Fuinnimh a chur chun feidhme;

– tacú le forbairt ar ionstraimí nua um maolú agus oiriúnú don athrú aeráide de chuid an Aontais.

Cuireann an togra seo feabhas freisin ar na riachtanais faireacháin agus tuairiscithe a bhaineann le hastaíochtaí GCT mar thoradh ar shé bliana taithí le Cinneadh Uimh. 280/2004/CE agus a chuid forálacha cur chun feidhme, eadhon Cinneadh Uimh. 2005/166/CE[4], agus taithí ag cur riachtanas UNFCCC éagsúil chun feidhme.

· Comhthéacs ginearálta

Tá an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh um Meicníocht Faireacháin bunaithe ar na cúiseanna seo a leanas.

– Is é Cinneadh Uimh. 280/2004/CE i ndáil le meicníocht le haghaidh faireacháin ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Chomhphobail agus cur chun feidhme Phrótacal Kiótó agus a chuid forálacha cur chun feidhme na príomhionstraimí faireacháin, tuairiscithe, agus fíoraithe i ndáil le hastaíochtaí GCT. Leagtar amach iontu na sonraí i ndáil le tuairisciú na n-astaíochtaí GCT antrapaigineacha ó fhoinsí agus aistriú linnte agus i ndáil le soláthar faisnéise maidir le cláir náisiúnta chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí, ar réamh-mheastacháin astaíochtaí GCT, agus ar bheartais agus bearta um athrú aeráide i gcomhréir leis an UNFCCC.

– I bhfianaise na sé bliana de thaithí i ndáil leis an dá chinneadh seo a chur chun feidhme agus taithí gnóthaithe le linn idirbheartaíochtaí idirnáisiúnta agus i gcur chun feidhme riachtanais UNFCCC éagsúla is léir go bhfuil roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe suntasacha a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, de bharr an riachtanais chun gníomh maolaithe a mhéadú ar leibhéal AE agus Ballstáit agus gealltanais idirnáisiúnta agus intíre nua agus le teacht a chomhlíonadh, lena n-áirítear an straitéis Eoraip 2020, éilítear córas faireacháin agus tuairiscithe feabhsaithe.

– Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní faoin mbagairt mhéadaitheach i ndáil le hathrú aeráide domhanda ó thiúchain mhéadaitheacha de gháis cheaptha teasa san atmaisféar, tá sraith beartas agus gníomhartha maolaithe á gcur chun feidhme agus á bpleanáil ag an Aontas. Is comhchuid thábhachtach den phróiseas seo é cruthú creata láidir faireacháin, meastóireachta, tuairiscithe, agus fíoraithe le haghaidh astaíochtaí GCT de bhrí go gcuireann sé ar chumas an AE i measc eile beartais na todhchaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtaí agus a mheas agus a léiriú go bhfuil a chuid tiomantas á seachadadh aige.

– Ag Comhdháil na bPáirtithe (COP) faoin UNFCCC i gCóbanhávan (COP 15), thiomnaigh an tAontas agus na Ballstáit go soláthrófaí maoiniú aeráide suntasach mear-thosaithe agus fadtéarmach agus tacaíocht teicneolaíochta do thíortha i mbéal forbartha. Ag COP 16 i gCancún, rinne tíortha comhaontú (mír 40 de Chinneadh 1/CP.16) go bhfeabhsóidh gach tír fhorbartha faoin UNFCCC tuairisciú ar sholáthar na tacaíochta airgeadais, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní do Pháirtithe tíre i mbéal forbartha. Tá tuairisciú feabhsaithe bunriachtanach le go dtabharfaí aitheantas d’iarrachtaí an Aontais agus na mBallstát i gcomhlíonadh a gcuid gealltanas.

Go sainiúil, seo a leanas na saincheisteanna a ndéanfaidh an t-athbhreithniú ar an gCinneadh um Meicníocht Faireacháin iarracht aghaidh a thabhairt orthu:

(1) Níl an córas faireacháin agus tuairiscithe reatha le haghaidh astaíochtaí GCT agus gníomhartha maolaithe fónta chun riachtanais nua a eascraíonn ó reachtaíocht nua a chur chun feidhme agus forbairtí idirnáisiúnta nua faoin UNFCCC;

Chuir an pacáiste Aeráide agus Fuinnimh a comhaontaíodh idir an Comhairle agus Parlaimint na hEorpa in 2009 tús le riachtanais nua i ndáil le faireachán agus tuairisciú do Bhallstáit. Ní mór iad sin a ionchorprú sa chóras faireacháin agus tuairiscithe eiseach le go dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Éilíonn “Comhaontuithe Chancún” (Cinneadh 1/CP.16) faoin UNFCCC tuairisciú feabhsaithe freisin ar astaíochtaí agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe san obair a leanann Prótacal Kiótó.

(2) Níl dóthain sonraí ar fáil ar leibhéal AE chun tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartais na todhchaí;

I roinnt réimsí/earnálacha a mbaineann fíorthábhacht leo i ndáil le hastaíochtaí GCT a laghdú agus dul i mbun gnímh ar leibhéal AE, níl aon sonraí in aon chor, nó níl dóthain sonraí bailithe faoi láthair chun dearadh agus cur chun feidhme beartais éifeachtach a éascú. Is iad na réimsí seo: a) iompar muirí; b) eitlíocht; c) talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF), agus d) oiriúnú.

(3) Díríonn an córas faireacháin agus tuairiscithe reatha ar astaíochtaí GCT agus ar ghníomhaíochtaí maolaithe agus ní áiríonn sé ná ní áirithíonn sé comhlíonadh gealltanas nua faoin UNFCCC a bhaineann le soláthar na tacaíochta airgeadais agus teicneolaíochta do thíortha i mbéal forbartha;

Thug an tAontas gealltanas idirnáisiúnta chun maoiniú aeráide suntasach mear-thosaithe agus fadtéarmach agus tacaíocht theicneolaíoch a sholáthar do thíortha i mbéal forbartha. Baineann fíorthábhacht le faisnéis trédhearcacht agus chuimsitheach ar chineál agus méid na tacaíochta arna sholáthar d'fhonn infheictheacht an Aontais, seachadadh éifeachtach de theachtaireacht um athrú aeráide an Aontais agus creidiúnacht vis-à-vis ár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú. Is minic go raibh na fadhbanna a aithníodh thuas mar bhonn le cáineadh géar ó thíortha eile nach bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit ag comhlíonadh a ngealltanas agus an gá atá leis na fadhbanna sin a chur ina gceart.

(4) Teastaíonn sonraí agus faisnéis bhreise chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna srianta na n-astaíochtaí, go háirithe de réir na straitéise Eoraip 2020;

Áiríonn an straitéis Eoraip 2020, an straitéis beartais eacnamaíoch comhtháite nua an Aontais d’fhás agus do phoist, spriocanna srianta náisiúnta astaíochtaí náisiúnta agus an Aontais mar spriocanna ceannlíne.

(5) Is léir easpa trédhearcachta, tráthúlachta, comhsheasmhachta, iomláine agus inchomparáideachta na faisnéise tuairiscithe faoi láthair faoin gCinneadh um Meicníocht Faireacháin;

Léargas é an líon réasúnta ard cásanna neamhchomhlíonta le blianta beaga anuas go bhféadfaí trédhearcacht, beachtas, comhsheasmhacht agus éifeachtacht an chórais faireacháin agus tuairiscithe reatha a fheabhsú.

(6) I bhfianaise na taithí is léir go bhfuil gá práinneach le simpliú agus le sruthlíniú a dhéanamh ar na riachtanais tuairiscithe reatha.

Is léir i bhfianaise na taithí i gcur chun feidhme an Chinnidh um Meicníocht Faireacháin nach raibh an toradh a bhíothas ag súil leis ó riachtanais tuairiscithe áirithe nó nár úsáideadh an fhaisnéis sa tslí réamh-mheasta. Tá sé léirithe freisin go bhfeadfaí naisc idir ionstraimí tuairiscithe a fheabhsú.

· Forálacha eiseacha i réimse an togra

Tá an mheicníocht faireacháin bunaithe faoi láthair faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE, a aisghairfear faoin togra seo.

· Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Is fíor na nithe seo a leanas i ndáil le Cinneadh na Meicníochta Faireacháin:

– cuireann sé le cuspóirí foriomlána an phacáiste Aeráide agus Fuinnimh chun astaíochtaí GCT domhanda a laghdú, tá sé comhsheasmhach leis na hionstraimí dlíthiúla aonair a glacadh mar chuid den phacáiste, agus tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar chur chun feidhme beartas breise i réimsí nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach ag an bpacáiste go fóill;

– tá sé ar aon dul leis na pléití faoin UNFCCC maidir leis na córais tomhais, tuairiscithe, agus fíoraithe (MRV) amach anseo le haghaidh astaíochtaí, gníomhaíochtaí agus soláthar tacaíochta airgeadais i dtéarmaí na saincheisteanna atá molta le clúdach agus na réimsí tuairiscithe atá roghnaithe le feabhsú;

– tá sé ar aon dul leis an straitéis Eoraip 2020 a áiríonn gealltanas chun astaíochtaí a theorannú mar cheann dá cuid spriocanna ceannlíne agus a éilíonn go gcuirfí faisnéis cothrom le dáta agus úrnua ar ghníomh um athrú aeráide ar fáil le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn déanta ag na Ballstáit agus ag an Aontas;

– tá sé ar aon dul le cuspóirí simplithe agus rialála níos fearr an Aontais, ós rud é go ndéanann an t-athbhreithniú forbairt ar thaithí i ndáil le cur chun feidhme agus ar an aiseolas a fhaightear ó pháirtithe leasmhara. Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú díriú ar na laigí agus fadhbanna sainaitheanta agus riachtanais tuairiscithe a shimpliú, de réir mar atá sé infheidhmithe. Tá riachtanais nua ailínithe le riachtanais faisnéise agus sruthanna tuairiscithe atá ann cheana agus tá siad curtha san áireamh go hiomlán acu.

2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

· Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Sa bhreis ar chruinnithe agus ceardlanna le saineolaithe, seoladh comhairliúchán poiblí ar líne le geallsealbhóirí a chlúdaigh gnéithe uile an athbhreithnithe bheartaithe ar Chinneadh Uimh. 280/2004 ó 7 Márta 2011 go 29 Aibreán 2011. Bhí teacht ar an gceistneoir ar líne ó láithreáin ghréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide agus “Do Ghuthsa”. Cuireadh an ceistneoir ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir agus féachadh chuige gur cuireadh geallsealbhóirí ar an eolas. Fuarthas freagraí ó dhaoine aonair, riaracháin náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, cuideachtaí príobháideacha, grúpaí tionscail agus institiúid taighde.

· Toradh an phróisis chomhairliúcháin poiblí ar líne

Tugann na sonraí a bailíodh trí chomhairliúchán ar líne le geallsealbhóirí le tuiscint go bhfuil go leor spéise ag saoránaigh an AE i bhfaisnéis faoi athrú aeráide agus go dtacaíonn siad le feabhsuithe breise ar an gcóras tuairiscithe, go háirithe i ndáil le cuimsitheacht agus trédhearcacht faisnéise. Go foriomlán, chinn freagróirí, d'ainneoin méid agus cáilíocht na faisnéise agus sonraí réasúnta maith ar athrú aeráide, go bhfuil scóip ann go fóill le haghaidh feabhsaithe agus mheas an chuid is mó de fhreagróirí gurbh fhiú feabhas a chur ar riachtanais sna réimsí go léir a áirítear sa mheasúnú tionchar seo. Tá torthaí an chomhairliúcháin ar fáil ar líne[5].

· Comhairliúchán leis na Ballstáit

Reáchtáladh dhá cheardlann, sraith de chruinnithe teicniúla agus sainiúla don earnáil le saineolaithe agus roinnt tionscadal in 2009, 2010 agus 2011 chun Ballstáit a chur ar an eolas faoin athbhreithniú ar an gCinneadh um Meicníocht Faireacháin. Ag na cruinnithe sin, d’aontaigh na Ballstáit go raibh gá leis an gCinneadh um Meicníocht Faireacháin a athbhreithniú chun forbairtí ar leibhéal Aontais agus idirnáisiúnta a chur san áireamh, mar aon le ceachtanna a foghlaimíodh trína chur chun feidhme. Bhí Ballstáit imníoch, áfach, faoi aon mhéadú ar an ualach riaracháin dá bharr sin.

Thairg seacht mBallstát (an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír, an tSlóvaic, an Spáinn agus an tSualainn) go soláthróidís faisnéis ar an ualach/na costais riaracháin. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit sin faoi dhó trí mheán ceistneoirí. Níor sholáthair ach 5 cinn acu (an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ungáir, an Ísiltír agus an tSualainn) freagraí don dara ceistneoir áfach. An chúis a bhí leis an ráta freagartha íseal i gcás an dara ceistneoir ná gur bhain na ceisteanna le forálacha nua a thiocfaidh i bhfeidhm faoin Rialachán um Meicníocht Faireacháin nua den chuid is mó. Dá bhrí sin bhí sé deacair do Bhallstáit an t-ualach riaracháin féideartha a mheas. Mar obair leantach, agus de réir comhairle Ghrúpa Stiúrtha an Mheasúnaithe Tionchair, chuathas i dteagmháil le Ballstáit ar an nguthán agus trí mheán r‑phoist le sonraí breise a fháil nó chun an fhaisnéis a tíolacadh a shoiléiriú. Ghin an próiseas seo na sonraí deiridh ar an ualach riaracháin atá mar thaca leis an measúnú tionchair.

· Measúnú tionchair

Rinne an measúnú tionchair imscrúdú ar roinnt mhaith saincheisteanna, lena n-áirítear:

– timthriall athbhreithnithe agus comhlíonta an AE faoin gCinneadh chun na hIarrachtaí a roinnt;

– Riachtanais tuairiscithe na n-astaíochtaí ón iompar muirí idirnáisiúnta;

– Riachtanais tuairiscithe maidir le tionchair neamh-CO2 na heitlíochta ar an aeráid domhanda;

– Riachtanais tuairiscithe ar oiriúnú;

– Breis riachtanas tuairiscithe ar LULUCF;

– Riachtanais tuairiscithe ar thacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha;

– Comhsheasmhacht le hionstraimí dlí eile an AE ag díriú ar thruailleáin aeir agus feabhsuithe bunaithe ar thaithí roimhe seo um chur chun feidhme.

Rinne an measúnú tionchair breithniú ar roghanna beartais éagsúla do gach ceann de na saincheisteanna seo. Tá breithniú mionsonraithe déanta ar na tionchair eacnamaíocha agus chomhshaoil fhéideartha. Tá an mheastóireacht mhionsonraithe ar na roghanna leagtha amach sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra a bheidh ar fáil ag an seoladh seo a leanas: http://ec.europa.eu/clima/studies/g-gas/index_en.htm.

· Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Is é phríomhaidhm an Rialacháin seo cabhrú leis an Aontas agus lena chuid Ballstát a ngealltanais agus spriocanna naisiúnta, Aontais, agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus breis forbartha beartais a dhéanamh, trí thuairisciú trédhearcach, beacht, cruinn, comhsheasmhach, inchomparáide agus iomlán.

Éilíonn riachtanais tuairiscithe idirnáisiúnta eiseacha cheana féin go ndéanfaí tuairisciú bliantúil ar astaíochtaí GCT agus go ndéanfaí tuairisciú ar fhaisnéis eile a bhaineann leis an aeráid (réamh-mheastacháin, gníomhaíochtaí maolaithe, tacaíocht tugtha do thíortha i mbéal forbartha, oiriúnú) gach ceithre bliana. Meastar le fada, áfach, go bhfuil tuairisciú dá leithéid neamhleor agus tá brú idirnáisiúnta láidir ann chun cur leis na riachtanais tuairiscithe atá ann cheana agus feabhas a chur orthu agus chun minicíocht tuairiscithe a mhéadú. Tá sé seo ríthábhachtach ach go háirithe sa ré géarchéimneach seo nuair atá mórthionchar ag forbairtí eacnamaíocha ar fhorbairt beartais mhaolaithe agus nuair is féidir le soláthar comharthaí luathrabhaidh dul i bhfeidhm go suntasach ar chumas tíre chun gníomh a ghlacadh agus a áirithiú go bhfanann fás eacnamaíoch inbhuanaithe díchúpláilte ó astaíochtaí GCT. Rinneadh ceanglais nithiúla de na breathniúcháin sin sna comhaontuithe idirnáisiúnta i gCancún (Cinneadh 1/CP.16) le déanaí a éilíonn, go deimhin, flúirse faisnéise láidre, cuimsithí (ar réamh-mheastacháin, gníomhaíochtaí maolaithe, tacaíocht tugtha do thíortha i mbéal forbartha) ar bhonn dhá bhliain d'fhonn taca a chur faoi na gealltanais atá glactha ag Páirtithe. Chomh maith leis sin, comhlánaíonn na riachtanais idirnáisiúnta riachtanais a bunaíodh le déanaí ar leibhéal an AE tríd an bpacáiste aeráide agus fuinnimh áit a dtugtar aitheantas soiléir arís don ghá atá le sonraí agus faisnéis níos fearr agus níos úrnua. Ar deireadh, trí fhaisnéis níos cothroime le dáta a bhailiú ó Bhallstáit, go háirithe ar a gcuid réamh-mheastachán GCT agus gníomhartha maolaithe, cuirfear le cur chun feidhme na straitéise Eoraip 2020 a áiríonn spriocanna srianta astaíochtaí náisiúnta agus Eorpacha mar spriocanna ceannlíne. Sa chomhthéacs sin, molann an Rialachán seo go bhfeabhsófaí an creat faireacháin, tuairiscithe agus athbhreithnithe laistigh den AE le cumasú a dhéanamh, mar sin, ar chur chun feidhme na ngealltanas intíre agus idirnáisiúnta, ar chur chun feidhme na mbeartas reatha agus ar fhorbairt éifeachtach beartas breise.

I bhfianaise na n-éiginnteachtaí a bhaineann le córas aeráide i ndiaidh Prótacal Kiótó agus an gá atá le timthriall comhlíonta bliantúil i ndáil le cur chun feidhme an ESD, áiríonn an togra seo bunú próisis athbhreithnithe ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na sonraí GCT a thíolaic na Ballstáit uaidh sin ag áirithiú go mbeidh comhlíonadh spriocanna ESD á mheas ar bhealach cuimsitheach, trédhearcach, inchreidte agus tráthúil, mar atá sonraithe sa phacáiste Aeráide agus Fuinnimh.

Glacann an togra le cur chuige stuama i leith tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ó iompar muirí idirnáisiúnta agus ón earnáil LULUCF ina bhfuil plé beartais, laistigh den Aontas agus ar bhonn idirnáisiúnta araon, ag leanúint ar aghaidh. Áirithíonn sé go soláthraíonn an mheicníocht faireacháin creat leordhóthanach chun riachtanais tuairiscithe mhionsonraithe a leagan síos níos déanaí nuair a bhainfear toradh beartais coincréiteach amach, ar leibhéal idirnáisiúnta nó Aontais. Áirithíonn sé seo comhtháthú le creat beartais na todhchaí, seachnaítear dúbailt iarrachtaí agus áirithítear go bhfuil ar chumas an Aontais na riachtanais mhionsonraithe a chur chun feidhme ar an mbonn is éifeachtaí.

Áirithíonn an togra comhtháthú le beartas reatha an Aontais ar thionchair aeráide neamh-CO2 na heitlíochta, de bhrí go n-éilíonn sé go ndéanfadh an Coimisiún measúnú débhliantúil ar na tionchair sin bunaithe ar na sonraí astaíochtaí is déanaí atá ar fáil agus ar dhul chun cinn eolaíoch. Tá an cur chuige seo éagsúil uathasan a ndearnadh iniúchadh orthu sa mheasúnú tionchair agus tugann sé léargas ar an ionchur úsáideach a fuair seirbhísí eile an Choimisiúin i rith an phróisis chomhairliúcháin idirsheirbhíse. Áiríodh sa togra é mar gur measadh go dtiocfadh tairbhí cosúla as trí leas a bhaint as ualach riaracháin níos ísle.

Maidir le tuairisciú a dhéanamh ar réamh-mheastacháin, beartais agus bearta, éilíonn an togra tuairisciú bliantúil ionas go gcumasófaí measúnú bliantúil ar na gealltanais déanta ag an AE ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus chun gníomh ceartaitheach luath agus éifeachtach a chumasú freisin. Ba cheart a shonrú go bhfuil mórán Ballstát ag tuairisciú faisnéise atá tugtha cothrom le dáta gach bliain cheana féin má mheasann siad go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an bhliain roimhe sin imithe i léig. Glacann an togra le cur chuige pragmatach sa tslí is nach n-éilíonn sé go gcuirfí faisnéis chúlra dhúblach faoi bhráid an Choimisiúin ach iarrann sé a áirithiú go gcuirtear na tuarascálacha cúlra teicniúla eiseacha ar fáil le haghaidh an phobail.

I ndáil le tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta, feabhsaíonn an togra tuairisciú bunaithe ar mhodhanna coitianta, ag teacht le hoibleagáid an Aontais faisnéis thrédhearcach agus iomlán a sholáthar maidir leis an tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta atá á sholáthar aige do thíortha i mbéal forbartha.

Cabhróidh tuairisciú bliantúil ar ghníomh oiriúnaithe chun an gníomh atá glactha ag Ballstáit a shainaithint agus straitéis oiriúnaithe uile-Aontais a fhorbairt. Chomh maith leis sin soláthróidh sé faisnéis agus sonraí do Mheicníocht Tí Imréitigh an AE, a bheidh mar uirlis úsáideach don lucht déanta beartais naisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ar aon dul leis an measúnú tionchair, is éifeachtach an rogha é seo de bhrí go bhfuil ualach riaracháin teoranta i gceist leis ach áirithíonn sé go bhfuil an tAontas níos fearr in ann a chuid oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Mar fhocal scoir, feabhsaíonn an togra na córais náisiúnta reatha sna Ballstáit le tuairisciú ar réamh-mheastacháin, beartais agus bearta agus soláthraíonn sé comhsheasmhacht le hionstraimí dlí eile atá dírithe ar thruailleáin aeir. Is bealach éifeachtach é seo le dul chun cinn a dhéanamh toisc, in ainneoin an ualaigh ghaolmhair, go gcuirfidh sé san fhadtéarma le comhlíonadh níos fearr, simpliú agus costais níos ísle. Chomh maith céanna áiríonn an togra forálacha níos fearr i ndáil le dearbhú cáilíochta/rialú cáilíochta agus tabhairt isteach formáidí tuairiscithe sruthlínithe agus Treoir a bhfuil sé mar aidhm léi caighdeán agus iomláine na sonraí atá á soláthar á mhéadú agus na riachtanais tuairiscithe reatha a shimpliú gan ualach riaracháin míchuí a leagan.

3. GNÉITHE DLÍTHIÚLA AN TOGRA

· Bunús dlí

Is é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an togra reachtach. Is é atá mar bhonn leis an togra reachtach ná cuspóir dlisteanach laistigh de scóip Airteagal 191(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, eadhon, athrú aeráide a chomhrac (maolú agus oiriúnú). Is é aidhm an togra ná infhaighteacht faisnéise do bheartas agus chinnteoireacht an Aontais a fheabhsú mar aon le comhordú agus le comhsheasmhacht tuairiscithe an Aontais agus na mBallstát faoin UNFCCC. Ní féidir an cuspóir seo a ghnóthú ar bhealach ar bith eile nach bhfuil chomh sriantach. Ní chuireann sé isteach ar dheighilt ghinearálta reatha na bhfreagrachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit maidir le faireachán, bailiú sonraí agus tuairisciú mar a bunaíodh faoin gCinneadh um Meicníocht Faireacháin.

· Prionsabal na coimhdeachta

D'fhonn údar a thabhairt do ghníomhaíocht AE, ní mór go mbeadh meas ar an bprionsabal coimhdeachta:

(a) Nádúr trasdula na faidhbe (tástáil riachtanais)

Is gné thábhachtach é nádúr trasnáisiúnta an athraithe aeráide i ndáil le cinneadh a dhéanamh cibé an dteastaíonn gníomh an Aontais. Ní bhainfeadh gníomh intíre amháin amach comhlíonadh gealltanas a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta agus ní bheadh sé leordhóthanach chun na cuspóirí agus spriocanna leagtha síos faoin gCinneadh chun Iarrachtaí a roinnt a chomhlíonadh. Dá bhrí sin tá sé riachtanach don Aontas creat cumasúcháin a chruthú chun riachtanais idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh, ag áirithiú tuairiscithe comhchuibhithe nuair is féidir. Tá gá le comhordú ar leibhéal an Aontais freisin chun éifeachtúlacht tuairiscithe a fheabhsú, a éilíonn comhordú thar raon ionstraimí, mar aon le tráthúlacht agus cáilíocht an tuairiscithe faoin UNFCCC i mbailiú na sonraí ón 27 Ballstát trí chéile.

(b) Tástáil éifeachtachta (breisluach)

I dteannta go n-eascraíonn an chuid is mó de na hathbhreithnithe molta ó riachtanais Aontais agus idirnáisiúnta eiseacha nó éiritheacha, chruthódh gníomh ar leibhéal an Aontais tairbhí soiléire i gcomparáid le gníomh ar leibhéal náisiúnta de bharr a chuid éifeachtachta. Ós rud é go ndéantar na gealltanais uileghabhálacha ar leibhéal an Aontais, tá sé níos éifeachtaí na hionstraimí tuairiscithe riachtanacha a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, chun na fadhbanna sainaitheanta a shárú, cosúil le cáilíocht agus tráthúlacht thuairisciú an Aontais agus na mBallstát, ní mór sonraí agus modhanna a chomhordú thar an 27 Ballstát, atá níos éifeachtaí ar leibhéal an Aontais.

Is léir ón taithí a fuarthas, go háirithe i ndáil le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT don UNFCCC, go bhfuil curtha go suntasach ag an gCinneadh um Meicníocht Faireacháin le tuairisciú ardchaighdeáin a éascú agus a chur chun feidhme. Is é atá mar thoradh ar sheiceálacha agus anailísí breise ar shonraí na mBallstát faoin gCinneadh um Meicníocht Faireacháin ná tuairisciú ar chaighdeán níos fearr don UNFCCC, tá cuidithe go réamhghníomhach le Ballstáit chun a gcuid gealltanas a chomhlíonadh agus tá curtha go mór freisin le teorannú cásanna neamhchomhlíonta faoin UNFCCC. Bhain ról tábhachtach freisin le leibhéal breise comhlíonta arna fhorghníomhú, rud a thig as an deis atá ag an gCoimisiún tús chur le nósanna imeachta sáraithe.

Táthar ag súil go mbainfear tairbhí suntasacha comhchosúla amach trí thuairisciú a fhairsingiú faoin Meicníocht Faireacháin athbhreithnithe go réimsí nua atá clúdaithe ag an UNFCCC, cosúil le tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta. Soláthróidh tuairisciú faoin Meicníocht Faireacháin athbhreithnithe measúnú agus tuiscint níos mionsonraithe ar shonraí na mBallstát agus áiritheoidh sé go sainaithnítear bearnaí agus laigí go soiléir agus go nglactar le gníomh coincréiteach chun déileáil leo, agus is dhá réimse tuairiscithe iad atá ríthábhachtach do chreidiúnacht idirnáisiúnta an Aontais. Ina theannta sin, áiritheoidh tuairisciú faoin Meicníocht Faireacháin athbhreithnithe roinnt íoschaighdeán coiteann ar a laghad, ós rud é gur tuairiscíodh an fhaisnéis ar bhealach réasúnta neamhréireach. Ar deireadh, beidh cur i bhfeidhm nósanna imeachta sáraithe tábhachtach lena áirithiú go ndéileáiltear le haon saincheisteanna atá fágtha laistigh den Aontas seachas leis an UNFCCC ina bhféadfadh impleachtaí polaitiúla agus dlíthiúla a bheith suntasach.

Maidir le tuairisciú a dhéanamh ar oiriúnú, bainfidh tairbhí comhchosúla leosan thuasluaite leis an Meicníocht Faireacháin athbhreithnithe agus beidh buntáiste breise ann go soláthróidh sé ardán chun dea-chleachtais a roinnt freisin. Ós rud é gurb ionann oiriúnú agus fadhb atá ag na Ballstáit uile, beidh sé tairbheach tuairisciú faisnéise a lárú chun riachtanais oiriúnaithe a thuiscint, agus chun dea-chleachtais agus bearnaí a bhfhéadfaí dul i ngleic leo, trí ghníomh ar leibhéal an Aontais nó trí chomhar i measc na mBallstát, a shainaithint.

· Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Ní théann sé níos faide ná mar is gá chun na cuspóirí maidir le feabhas a chur ar cháilíocht sonraí athraithe aeráide a bhaint amach agus comhlíonadh a áirithiú faoi riachtanais idirnáisiúnta agus Aontais.

Tá an togra i gcoibhneas le cuspóir foriomlán an Aontais chun a chuid spriocanna Kiótó i ndáil le laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach, spriocanna an Aontais atá cumhdaithe sa phacáiste Aeráide agus Fuinnimh, Comhaontú Chóbanhávan, agus Cinneadh 1/CP.16 ("Comhaontuithe Chancún").

Déanann an togra foráil maidir le cur chun feidhme meicníochta faireacháin atá cosúil, ó thaobh cleachtais augs nósanna imeachta de, leis an gceann atá curtha chun feidhme cheana féin faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Mar atá sonraithe sa ráiteas airgeadais a ghabhann leis an Rialachán seo, cuirfear an Rialachán chun feidhme ag baint úsáide as an mbuiséad atá ann cheana agus ní bheidh tionchar aige ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

· Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha

Áiríonn an togra foráil a cheadaíonn don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo i gcomhthéacs cinntí a dhéanfar amach anseo maidir leis an UNFCCC agus le Prótacal Kiótó nó le reachtaíocht eile de chuid an Aontais. Nuair is gá, molfaidh an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán seo do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, déanfaidh sé leasú ar ghníomhartha tarmligthe atá ann cheana nó glacfaidh sé cinn nua.

2011/0372 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le meicníocht chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus tuairisciú faisnéise eile ar leibhéal náisiúnta agus Aontais atá ábhartha don athrú aeráide

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtgnhíomh reachtach a chur chuig na bParlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bhrí an méid seo a leanas:

(7) (1) I gCinneadh Uimh. 280/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 maidir le meicníocht chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Chomhphobail agus le Prótacal Kiótó a chur chun feidhme[8] bunaíodh creat chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás cheaptha teasa, chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo gealltanas i ndáil leis na hastaíochtaí sin a bhaint amach agus riachtanais faireacháin agus thuairiscithe a chur chun feidhme faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ('UNFCCC')[9] agus Prótacal Kiótó[10] san Aontas Eorpach. Chun forbairtí úrnua agus todhchaí ar leibhéal idirnáisiúnta a bhaineann leis an UNFCCC agus Prótacal Kiótó a chur san áireamh, agus riachtanais faireacháin agus thuairiscithe nua arna n-údarú ag an Aontas a chur chun feidhme, ba cheart an Cinneadh sin a ionadú. Ba cheart Rialachán a chur in áit Chinneadh Uimh. 280/2004/CE mar gheall ar raon feidhme níos leithne na reachtaíochta, cuimsiú na gcatagóirí breise daoine ar a dhírítear oibleagáidí, nádúr níos casta agus thar a bheith teicniúil de chuid na bhforálacha a tugadh isteach, an gá méadaitheach le rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme ar fud an Aontais, agus le cur chun feidhme a éascú.

(1) An cuspóir deiridh de chuid an UNFCCC ná tiúchain gháis cheaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach sa chóras aeráide. Chun an cuspóir úd a chomhlíonadh, níor cheart go sáródh an méadú meánteochta domhanda foriomlán 2°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha.

(2) Tá gá le faireachán agus tuairisciú críochnúil, agus le measúnú rialta ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Aontais agus na mBallstát agus ar a gcuid iarrachtaí chun déileáil le hathrú aeráide.

(3) Chuir Cinneadh 1/CP.15 de Chomhdháil na bPáirtithe don UNFCCC (‘Cinneadh 1/CP.15' nó ‘Comhaontú Chóbanhávan') agus Cinneadh 1/CP.16 de Chomhdháil na bPáirtithe don UNFCCC ('Cinneadh 1/CP.16' nó ‘Comhaontuithe Chancún') go suntasach le dul chun cinn i ndáil le déileáil leis na dúshláin a chruthaigh an t‑athrú aeráide ar bhealach cothrom. Chuir na cinntí sin tús le riachtanais faireacháin agus thuairiscithe nua a bhaineann le cur chun feidhme laghduithe astaíochtaí uaillmhianacha a bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta dóibh, agus sholáthair siad tacaíocht do thíortha i mbéal forbartha. Chomh maith leis sin, sainaithníodh leis na cinntí sin an tábhacht a bhaineann le díriú ar oiriúnú leis an tosaíocht chéanna le maolú. Éilítear i gCinneadh 1/CP.16 freisin go n‑ullmhódh tíortha forbartha straitéisí nó pleananna forbartha ísealcharbóin. Táthar ag súil go gcuideoidh straitéisí nó pleananna dá leithéid chun sochaí ísealcharbóin a fhorbairt agus go gcinnteoidh siad fás ard agus forbairt inbhuanaithe leanúnach. Ba cheart don Rialachán seo, trína chuid gníomhartha tarmligthe, cur chun feidhme an méid sin a éascú mar aon le riachtanais faireacháin agus thuairiscithe amach anseo a thagann as cinntí breise nó formheas chomhaontaithe idirnáisiúnta faoin UNFCCC.

(4) Is ionann an pacáiste Aeráide agus Fuinnimh a glacadh in 2009, go háirithe Cinneadh Uimh. 406/2009/CE an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a chomhlíonadh go 2020[11] agus Treoir 2009/29/CE an 23 Aibreán 2009 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun scéim trádála liúntais an Chomhphobail um astaíochtaí gáis cheaptha teasa a fheabhsú agus a shíneadh[12], agus gealltanas daingean eile ón Aontas agus ó na Ballstáit chun a gcuid astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú go suntasach. Ba cheart córas an Aontais i ndáil le faireachán agus tuairisciú astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta freisin i bhfianaise riachtanas nua faoin reachtaíocht sin.

(5) Cuireann an UNFCCC de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit fardail náisiúnta d’astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa go léir, nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal 1987 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin chuig Coinbhinsiún Vín um Chosaint an Chisil Ózóin (‘Prótacal Montréal’), a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe[13], ag baint úsáide as modheolaíochtaí inchomparáide atá comhaontaithe ag Comhdháil na bPáirtithe.

(6) Ceanglaítear le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Kiótó go mbunódh agus go gcoimeádfadh an tAontas agus na Ballstáit córas náisiúnta chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa go léir nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal agus é mar aidhm forfheidhmiú fhorálacha eile de chuid Prótacail Kiótó a áirithiú. Éilíonn Cinneadh 1/CP.16 freisin go mbunófaí socruithe náisiúnta chun astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte na ngás ceaptha teasa go léir, nach bhfuil rialaithe ag Prótacal Montréal, a mheas. Ba cheart go gcumasódh an Rialachán seo cur chun feidhme an dá riachtanais sin.

(7) Is léir ón taithí a fuarthas taithí a gnóthaíodh ag cur Cinneadh Uimh. 280/2004/CE chun feidhme go bhfuil gá sineirgíochtaí agus comhleanúnachas le tuairisciú faoi ionstraimí dlíthiúla eile a mhéadú, go háirithe le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gáis cheaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle[14], le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle[15], agus le Treoir 2001/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2001 maidir le teorainneacha astaíochtaí náisiúnta do thruailleáin atmaisféaracha áirithe[16], le Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 ar gháis cheaptha teasa fluairínithe áirithe[17] agus le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008[18] ar staidreamh fuinnimh. Cé go n-éileoidh príomhshruthú na riachtanas tuairiscithe go ndéanfaí leasú ar ionstraimí dlíthiúla aonair, tá sé bunriachtanach sonraí comhsheasmhacha a úsáid chun tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa chun cáilíocht an tuairiscithe astaíochtaí a áirithiú.

(8) Shainaithin an Ceathrú Tuarascáil Measúnaithe ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) cumas téimh dhomhanda i ndáil le trífhluairíd nítrigine ('NF3') atá thart ar 17 000 uair níos mó ná cumas CO2. Tá úsáid mhéadaitheach á baint as NF3 sa tionscal leictreonaice le cur in áit sárfhluaracarbóin ('PFCanna') agus heicseafluairídí sulfair (SF6). I gcomhréir le hAirteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní mór do bheartas comhshaoil an Aontais a bheith bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim. Éilíonn an prionsabal sin go ndéanfaí faireachán ar NF3 le measúnú a dhéanamh ar an leibhéal astaíochtaí san Aontas agus, más gá, le gníomhartha maolaithe a shainiú.

(9) Ní leor sonraí a ndéantar tuairisciú orthu i láthair na huaire sna fardail náisiúnta um gháis cheaptha teasa agus sna cláir náisiúnta agus Aontais chun na hastaíochtaí eitlíochta sibhialta CO2 ar leibhéal náisiúnta nach bhfuil clúdaithe ag Airteagal 2003/87/CE a dhearbhú, ar leibhéal na mBallstát. Agus é ag glacadh le hoibleagáidí tuairiscithe, níor cheart don Aontas ualaí a leagan ar Bhallstáit agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) atá díréireach i ndáil leis na cuspóirí á mbaint amach. Ní hionann astaíochtaí CO2 ó eitiltí nach bhfuil clúdaithe ag Treoir 2003/87/CE ach cuid an-bheag de na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa iomlána, agus bhainfeadh ualach róthrom le córas tuairiscithe a bhunú do na hastaíochtaí sin i bhfianaise na riachtanas atá ann cheana don earnáil níos leithne de bhun Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leis go bhfuil astaíochtaí CO2 ón gcatagóir foinse IPCC '1.A.3.A eitlíocht sibhialta' cothrom le nialas chun críocha Airteagail 3 agus 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

(10) Cé go n-áirítear astaíochtaí agus aistriú na ngás ceaptha teasa a bhaineann le talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht ('LULUCF’) i sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais faoi Phrótacal Kiótó, ní cuid den sprioc 20 % iad do 2020 faoin bpacáiste Aeráide agus Fuinnimh. Éilítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE agus Treoir 2003/87/CE go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhealaí chun LULUCF a chuimsiú i sprioc na bliana 2020. Braitheann fad ama na hoibre seo ar thoradh na n-idirbheartaíochtaí ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide. Mura dtagtar ar chomhaontú dá leithéid faoi dheireadh na bliana 2010, d’fhéadfadh an Coimisiún togra a dhéanamh a mbeadh sé mar aidhm aige go gcuirfí an gníomh molta i bhfeidhm ó 2013. Ba cheart go gcumasódh an Rialachán seo cur chun feidhme riachtanais tuairiscithe de chuid comhaontaithe idirnáisiúnta nó reachtaíochta Aontais dá leithéid.

(11) Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tréaniarracht a dhéanamh chun an fhaisnéis is cothroime le dáta ar a n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a sholáthar, go háirithe faoi chreat na straitéise Eoraip 2020 agus a cuid amlínte sonraithe. Ba cheart tríd an Rialachán seo gur féidir meastacháin dá leithéid a ullmhú laistigh de na hachair ama is giorra trí fhaisnéis staidrimh agus faisnéis eile a úsáid.

(12) Ba cheart glacadh le riachtanais maidir le faireachán agus tuairisciú ag Ballstáit ar astaíochtaí ó iompar muirí ar bhealach atá comhlántach agus comhsheasmhach le haon riachtanais a comhaontaíodh ag an UNFCCC nó, a mhéid agus is féidir, le riachtanais arna gcur i bhfeidhm do shoithí mar a cinneadh i gcomhthéacs na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta ('IMO’) nó trí bheart Aontais ag díriú ar astaíochtaí GCT ó iompar muirí. Cheadódh faireachán agus tuairisciú dá leithéid tuiscint níos fearr a fháil ar na hastaíochtaí sin agus thacóidís le cur chun feidhme beartas éifeachtach.

(13) Is leir ón taithí a gnóthaíodh trí Chinneadh Uimh. 280/2004/CE a chur chun feidhme an gá atá le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, iomláine agus inchomparáideacht na faisnéise a thuairiscítear ar bheartais, bearta agus réamh‑mheastacháin a fheabhsú. Ceanglaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ar Bhallstáit tuairisciú a dhéanamh ar a ndul chun cinn réamh-mheasta maidir lena gcuid oibleagáidí faoin Cinneadh sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis faoi bheartais náisiúnta, bearta agus réamh-mheastacháin náisiúnta. Leag an straitéis Eoraip 2020 síos clár comhtháite um beartas eacnamaíoch a éilíonn ar an Aontas agus ar Bhallstáit breis iarrachtaí a dhéanamh i ndáil le tuairisciú tráthúil ar bheartas agus ar bhearta athraithe aeráide agus ar a gcuid éifeachtaí réamh‑mheasta ar astaíochtaí. Ba cheart trí chóras náisiúnta ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát a chruthú, mar aon le Treoir níos fearr ar thuairisciú cuidiú go suntasach le baint amach na spriocanna sin. Lena áirithiú go gcomhlíonann an tAontas a chuid riachtanas tuairiscithe idirnáisiúnta agus inmheánach maidir le réamh-mheastacháin gháis cheaptha teasa agus go ndéanann sé measúnú ar a dhul chun cinn i ndáil lena ghealltanais agus oibleagáidí idirnáisiúnta agus inmheánacha a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún meastacháin gháis cheaptha teasa a ullmhú agus a úsáid freisin.

(14) Tá gá le faisnéis feabhsaithe ó Bhallstáit le faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn agus ar a ngníomhaíochtaí chun dul in oiriúint don athrú aeráide. Tá an fhaisnéis sin ag teastáil chun straitéis oiriúnaithe chuimsitheach de chuid an Aontais a chumadh a leanann an Páipéar Bán dar teideal ‘Ag oiriúnú don athrú aeráide:

(15) I dtreo Creata Eorpaí le haghaidh gníomhaíochta’ [Adapting to climate change: Towards a European framework for action].[19] Cuirfidh tuairisciú na faisnéise ar oiriúnú ar chumas Ballstát dea-chleachtais a mhalartú agus a gcuid riachtanas agus leibhéal ullmhachta chun déileáil leis an athrú aeráide a mheas.

(16) Faoi Chinneadh 1/CP.15, thiomnaigh an tAontas agus na Ballstáit go soláthrófaí maoiniú aeráide suntasach chun tacú le gníomhaíochtaí oiriúnaithe agus maolaithe i dtíortha i mbéal forbartha. I gcomhréir le mír 40 de Chinneadh 1/CP.16, ní mór do gach tír fhorbartha atá ina Páirtí sa UNFCCC tuairisciú ar sholáthar na tacaíochta airgeadais, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní do Pháirtithe tíre i mbéal forbartha a fheabhsú. Tá sé bunriachtanach tuairisciú a fheabhsú chun aitheantas a thabhairt d’iarrachtaí an Aontais agus na mBallstát chun a gcuid gealltanas a chomhlíonadh. Le Cinneadh 1/CP.16 bunaíodh Meicníocht Theicneolaíochta nua freisin chun aistriú idirnáisiúnta teicneolaíochta a fheabhsú. Ba cheart go n‑áiritheodh an Rialachán seo go gcuirtear faisnéis láidir, cothrom le dáta ar ghníomhaíochtaí aistrithe teicneolaíochta go tíortha i mbéal forbartha ar fáil.

(17) Mar thoradh ar leasuithe a rinneadh faoi Threoir 2008/101/CE[20], cuireann Treoir 2003/87/CE an scéim chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaí eitlíochta. Cuimsítear sa Treoir seo forálacha maidir le húsáid na n-ioncam ceantála, tuairisciú a dhéanamh ar úsáid na n-ioncam ceantála ag Ballstáit, agus na gníomhaíochtaí a rinneadh chun liúntais eitlíochta a chur ar ceant faoi Airteagal 3d(1) nó (2) den Treoir sin d’fhonn faireachán a dhéanamh lena áirithiú go n-úsáidtear 100 % de na hioncaim sin nó suim choibhéiseach chun críocha ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3d(4) de Threoir 2003/87/CE. Mar thoradh ar leasuithe a rinneadh faoi Threoir 2009/29/CE, cuimsíonn Treoir 2003/87/CE riachtanais tuairiscithe anois freisin maidir leis an úsáid a bhaintear as ioncaim cheantála agus ar ceart go n-úsáidtear 50 % ar a laghad chun críocha ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE. Tá trédhearcacht i ndáil le húsáid na n-ioncam a ghintear ó liúntais a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE bunriachtanach chun taca a chur faoi ghealltanais an Aontais. Ba cheart don tuairisciú ar úsáid na n-ioncam sin fianaise a sholáthar ar shuimeanna dáilte iarbhír, ar cibé an leithdháiltear ioncaim le haghaidh dáilte trí mheán infheistíochtaí tionscadail díreacha, cistí infheistíochta, nó beartas tacaíochta fioscach nó airgeadais agus cineál agus tagairt na mbeartas, tionscadal nó cistí sin.

(18) Cuireann an UNFCCC de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cumarsáidí náisiúnta agus tuarascálacha débhliantúla a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe ag baint úsáide as na treoirlínte, modheolaíochtaí, agus formáidí arna gcomhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe. Éilítear i gCinneadh 1/CP.16 go bhfeabhsófaí tuairisciú ar spriocanna maolaithe agus ar sholáthar na tacaíochta airgeadais, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní do pháirtithe tíre i mbéal forbartha.

(19) D’iompaigh Cinneadh Uimh. 406/2009/CE an timthriall tuairiscithe bliantúil reatha ina thimthriall gealltanais bliantúil a éilíonn athbhreithniú cuimsitheach ar fhardal gháis cheaptha teasa na mBallstát in achar ama níos giorra ná an t‑athbhreithniú fardail UNFCCC reatha, chun gur féidir solúbthachtaí a úsáid agus gníomh ceartaitheach a chur i bhfeidhm ag deireadh gach bliain ábhartha, mar is cuí. I bhfianaise na neamhchinnteachtaí faoi na forbairtí amach anseo faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kiótó, tá gá le próiseas athbhreithnithe a bhunú ar leibhéal an Aontais i ndáil le fardail gháis cheaptha teasa arna gcur faoi bhráid ag Ballstáit lena áirithiú go mbeidh comhlíonadh leis na hoibleagáidí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á mheas ar bhealach inchreidte, comhsheasmhach, trédhearcach agus tráthúil.

(20) Tá plé á dhéanamh i láthair na huaire faoin bpróiseas UNFCCC ar roinnt gnéithe teicniúla a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó fhoinsí agus aistriú linnte, cosúil le Poitéinsil Téimh Dhomhanda (GWPanna), scóip na ngás ceaptha teasa tuairiscithe agus Treoir mhodheolaíoch ón IPCC le húsáid chun fardail náisiúnta um gháis cheaptha teasa a ullmhú. D’fhéadfadh athbhreithnithe ar na gnéithe modheolaíochta sin i gcomhthéacs an phróisis UNFCCC agus atháireamh ina dhiaidh sin d'amshraitheanna na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa leibhéal agus treochtaí na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a athrú. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí dá leithéid ar leibhéal náisiúnta agus, nuair is cuí, moladh a dhéanamh chun an Rialachán seo a athchóiriú chun comhsheasmhacht leis na modheolaíochtaí úsáidte i gcomhthéacs an phróisis UNFCCC a áirithiú.

(21) Ba cheart astaíochtaí gáis cheaptha teasa thar amshraitheanna tuairiscithe a mheas ag úsáid na modhanna céanna. Ba cheart na tosca astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta bunúsacha a ghnóthú agus a úsáid ar bhealach comhsheasmhach, ag áirithiú nach n-athraítear treochtaí astaíochtaí mar thoradh ar athruithe ar mhodhanna nó toimhdí meastacháin. Ba cheart atháirimh a dhéanamh i gcomhréir le treoirlínte comhaontaithe agus ba cheart iad a chur i gcrích agus é mar aidhm comhsheasmhacht, cruinneas agus iomláine na hamshraithe tuairiscithe a fheabhsú, mar aon le cur chun feidhme modhanna níos mionsonraithe. Nuair atá athrú tagtha ar an modheolaíocht nó an bealach trína mbailítear tosca astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta bunúsacha, ba cheart do Bhallstáit na fardail don amshraith tuairiscithe a atháireamh agus measúnú a dhéanamh ar an ngá le hatháirimh bunaithe ar na cúiseanna atá tugtha sna treoirlínte comhaontaithe, go háirithe le haghaidh príomhchatagóirí. Ba cheart don Rialachán seo a shonrú cibé an gcuirtear éifeachtaí de chuid atháireamh dá leithéid san áireamh agus céard iad na coinníollacha faoina dtarlaíonn sé sin.

(22) Bíonn tionchar ag eitlíocht ar an aeráid dhomhanda trí dhé-ocsaíd charbóin (CO2) a scaoileadh ach trí astaíochtaí agus meicníochtaí eile freisin, lena n-áirítear astaíochtaí ocsaídí nítrigine agus méadú scamall ciorrais.I bhfianaise na tuisceana eolaíche ar na tionchair seo atá ag forbairt go gasta, ba cheart athbhreithniú cothrom le dáta a dhéanamh go rialta ar thionchair neamh‑CO2 na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

(23) Tá sé mar aidhm ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt inbhuanaithe agus cúnamh a thabhairt i dtreo feabhas suntasach agus intomhaiste a bhaint amach i gcomhshaol na hEorpa, trí fhaisnéis atá tráthúil, spriocdhírithe, ábhartha agus iontaofa a sholáthar do lucht déanta-beartais, d’institiúidí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart don EEA cuidiú leis an gCoimisiún, mar is cuí, le hobair faireacháin agus tuairiscithe, go háirithe i gcomhthéacs córas fardail an Aontais agus a chóras um réamh-mheastacháin, beartais agus bearta, chun an t-athbhreithniú saineolach bliantúil a dhéanamh ar fhardail na mBallstát, chun dul chun cinn i ndáil lena thiomantais laghdaithe astaíochtaí, tionchair athraithe aeráide, leochaileacht agus oiriúnú a mheas, agus chun faisnéis aeráide fónta a chur in iúl don phobal.

(24) Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme na riachtanas faireacháin agus tuairiscithe faoin Rialachán seo mar aon le forbairtí amach anseo faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kiótó a leanúint d'fhonn chomhsheasmhacht a áirithiú. Maidir leis sin, nuair is cuí, ba cheart don Choimisiún forálacha den Rialachán seo a aisghairm nó a leasú.Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme Airteagal 20(5) den Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Chun riachtanais tuairiscithe chomhchuibhithe a bhunú le faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus ar fhaisnéis eile atá ábhartha do bheartas athraithe aeráide, ba cheart an chumhacht chun glacadh le gníomhartha de réir Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an Coimisiún i ndáil le leasú Iarscríbhinn I an Rialacháin seo, Ballstáit ag tuairisciú ar LULUCF agus ar iompar muirí, córais náisiúnta na mBallstát, an t-athbhreithniú saineolach ar shonraí fardail na mBallstát, na riachtanais mhionsonraithe maidir le hábhar, struchtúr, formáid agus próisis tíolactha de chuid tuairisciú na mBallstát chomh maith le haisghairm agus leasú oibleagáidí áirithe de bhun an Rialacháin seo. Is den tábhacht ach go háirithe é go gcuireann an Coimisiún comhairliúcháin i gcrích i gcaitheamh na hoibre ullmhúcháin dá chuid, ag leibhéal saineolaí freisin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(25) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh mholta, atá leagtha amach in Airteagal 1 den Rialachán seo, a bhaint amach go leordhóthanach mar gheall ar a gcuid nádúir, agus gur fearr, mar sin, de bharr scála agus iarrachtaí an ghnímh, a bhainfí amach iad ar leibhéal an Aontais, d’fhéadfadh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréire, mar atá leagtha amach san Airteagal sin ní théann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach d’fhonn na cuspóirí úd a bhaint amach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil 1

Ábhar, scóip agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Bunaíonn an Rialachán seo meicníocht i ndáil le:

(a) tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine an tuairiscithe de chuid an Aontais agus a chuid Ballstát chuig Rúnaíocht an UNFCCC a áirithiú;

(b) tuairisciú agus fíorú faisnéise a bhaineann le gealltanais de bhun an UNFCCC agus Phrótacal Kiótó agus cinntí arna nglacadh fúthu agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn a bhaineann leis na gealltanais sin a chomhlíonadh;

(c) astaíochtaí antrapaigineach uile ag foinsí agus aistriú linnte astaíochtaí gáis cheaptha teasa nach bhfuil á rialú ag Prótacal Montréal ar shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin sna Ballstáit a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu;

(d) faireachán, tuairisciú, athbhreithniú agus fíorú astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus faisnéis eile de bhun Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(e) astaíochtaí CO2 ón iompar muirí a thuairisciú;

(f) faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar úsáid ioncam arna chruthú ag liúntais cheantála faoi Airteagal 3d(1), (2) nó 10(1) de Threoir 2003/87/CE, de bhun Airteagail 3d(4) agus 10(3) den Treoir sin;

(g) faireachán agus tuairisciú ar na gníomhaíochtaí arna nglacadh de láimh ag Ballstáit chun oiriúnú d'iarmhairtí dosheachanta an athraithe aeráide;

(h) measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a gcuid oibleagáidí faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a chomhlíonadh;

(i) faisnéis agus sonraí a bhailiú atá riachtanach chun tacú le foirmliú agus meastóireacht beartais um athrú aeráide an Aontais amach anseo.

Airteagal 2

Scóip

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) straitéisí forbartha íseal-charbóin an Aontais agus a Bhallstáit agus aon nuashonrú ábhartha de réir Chinneadh 1/CP.16;

(b) astaíochtaí gáis cheaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I ó earnálacha agus ó fhoinsí agus ó aistriú linnte cumhdaithe i bhfardail náisiúnta gháis ceaptha teasa de bhun Airteagal 4, mír 1(a), den UNFCCC agus arna n-astú laistigh de chríocha na mBallstát;

(c) astaíochtaí gáis cheaptha teasa a thiteann laistigh de raon feidhme Airteagail 2(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(d) astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó shoithí muirí ag teacht i dtír ag calafoirt Bhallstát;

(e) na tionchair neamh-CO2 a bhaineann le hastaíochtaí ó eitlíocht shibhialta;

(f) réamh-mheastacháin an Aontais agus a Bhallstáit ar gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, mar aon le beartais agus le bearta na mBallstát;

(g) tacaíocht chomhiomlán airgeadais agus theicneolaíoch, tionscadal-sonrach agus tír‑sonrach, do thíortha i mbéal forbartha;

(h) úsáid na n-ioncam ó liúntais cheantála de bhun Airteagail 3d(1) agus (2) agus 10(1) de Chinneadh 2003/87/CEC;

(i) gníomhaíocht na mBallstát ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach chun oiriúnú don athrú aeráide.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn ‘poitéinseal téamh domhanda’ de ghás an cion iomlán do théamh domhanda de thoradh ar astú aonad amháin gáis i gcoibhneas le haonad amháin den ghás tagartha, dé-ocsaíd charbóin, ag a bhfuil luach 1;

(2) ciallaíonn ‘córas fardail náisiúnta’ córas de shocruithe institiúideacha, dlí agus nós imeachta bunaithe laistigh de Bhallstát agus a bhfuil sé mar aidhm leis astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gáis cheaptha teasa nach bhfuil á rialú ag Prótacal Montréal a mheas, agus córas chun tuairisciú agus cartlannú a dhéanamh ar fhaisnéis fardail de réir Chinneadh 19/CMP.1 Chomhdháil na bPáirtithe chuig UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe Prótacal Kiótó ('Cinneadh 19/CMP.1') nó aon chinntí ábhartha eile de bhun an UNFCCC nó Phrótacal Kiótó;

(3) ciallaíonn ‘údaráis inniúla fardail’ aon údarás nó údaráis arna chur ar iontaoibh faoi chóras fardail náisiúnta Ballstáit agus é mar aidhm fardal gáis cheaptha teasa a thiomsú;

(4) ciallaíonn ‘dearbhú cáilíochta’ nó ‘QA’ córas pleanáilte de nósanna imeachta athbhreithnithe a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go bhfuil cuspóirí dearbhaithe cáilíochta sonraí á gcomhlíonadh agus go bhfuil na meastacháin agus an fhaisnéis is fearr agus is féidir á dtuairisciú ar mhaithe le tacú le héifeachtacht an chláir rialaithe cáilíochta agus cabhrú leis na Ballstáit;

(5) ciallaíonn ‘rialú cáilíochta’ nó ‘QC’ córas de ghnáth-ghníomhaíochtaí teicniúla a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht na faisnéise agus na meastachán atá á dtiomsú a thomhas agus a rialú agus é mar aidhm sláine sonraí, cruinneas agus iomláine a áirithiú, earráidí agus easnaimh a aithint agus déileáil leo, sonraí agus ábhar eile a úsáidtear a dhoiciméadú agus a chartlannú, agus gníomhaíochtaí uile QA a thaifeadadh;

(6) ciallaíonn ‘táscaire’ fachtóir cainníochtúil nó cáilíochtúil nó athróg a chuireann le tuiscint níos fearr ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme beartas agus beart agus treochtaí a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa;

(7) ciallaíonn ‘aonad den mhéid sannta’ nó ‘AAU’ aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe chuig UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe chuig Prótacal Kiótó ('Cinneadh 13/CMP.1');

(8) ciallaíonn ‘aonad ionsúcháin’ nó ‘RMU’ aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san Iarscríbhinn le Cinneadh 13/CMP.1 nó i gcinntí ábhartha eile UNFCCC nó comhlachtaí Phrótacal Kiótó;

(9) ciallaíonn ‘aonad laghdaithe astaíochtaí’ nó ‘ERU’ aonad eisithe de bhun na bhforálacha ábhartha san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1 agus na cinntí ábhartha de bhun an UNFCCC nó Phrótacal Kiótó

(10) ciallaíonn ‘laghdú astaíochtaí deimhnithe’ nó ‘CER’ aonad eisithe de bhun Airteagal 12 de Phrótacal Kiótó agus na ceanglais faoi, mar aon leis na forálacha ábhartha san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 13/CMP.1;

(11) ciallaíonn ‘clárlann náisiúnta’ clárlann i bhfoirm bunachar sonraí caighdeánaithe leictreonach a áiríonn sonraí maidir le heisiúint, sealúchas, aistriú, éadáil, cealú agus scor ERUanna, CERanna, AAUanna agus RMUanna agus tuiliompar ERUanna, CERanna agus AAUanna;

(12) ciallaíonn ‘beartais agus bearta’ gach ionstraim pholaitiúil, riaracháin, agus reachtach a bhfuil sé mar aidhm leo gealltanais faoi Airteagal 4, míreanna 2(a) agus (b), UNFCCC a chur chun feidhme, lena n-áirítear na hionstraimí sin nach bhfuil srianadh agus laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa mar bhunchuspóir iontu;

(13) ciallaíonn ‘córas náisiúnta do bheartais agus bearta agus réamh-mheastacháin’ córas de shocruithe institiúideacha, dlí agus nós imeachta bunaithe laistigh de Bhallstát agus é mar aidhm beartais agus bearta a thuairisciú agus réamh‑mheastacháin d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a ullmhú agus a thuairisciú de réir Airteagal 13 den Rialachán seo;

(14) ciallaíonn ‘measúnú ex-ante beartas agus beart’ meastóireacht ar éifeachtaí réamh-mheasta beartais nó birt;

(15) ciallaíonn ‘measúnú ex-post beartas agus beart’ measúnú ar na héifeachtaí a bhí ag beartas nó ag beart;

(16) ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin gan bhearta’ réamh-mheastacháin gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, réamh‑mheastacháin nach n-áiríonn éifeachtaí gach beartas agus gach beart atá pleanáilte, glactha nó curtha chun feidhme i ndiaidh na bliana roghnaithe mar thúsphointe don réamh-mheastachán ábhartha;

(17) ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin le bearta’ réamh-mheastacháin gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríonn éifeachtaí, i dtéarmaí laghduithe ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, beartas agus beart a bhfuil glactha leo agus atá curtha chun feidhme;

(18) ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin le bearta breise’ réamh-mheastacháin d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríonn éifeachtaí, i dtéarmaí laghduithe ar bheartais agus ar bhearta a bhfuil glactha leo agus atá curtha chun feidhme agus é mar aidhm leo athrú aeráide a mhaolú mar aon le beartais agus le bearta atá pleanáilte;

(19) ciallaíonn ‘anailís íogaireachta’ imscrúdú ar algartam samhaltaithe nó toimhdiú chun chomh híogair nó chomh cobhsaí is atá sonraí aschuir na samhla a chainníochtú i ndáil le hathrú ar na sonraí ionchuir nó ar na buntoimhdí. Cuirtear é seo i gcrích trí luachanna ionchuir nó cothromóidí samhaltaithe a athrú agus súil a choinneáil ar an athrú atá ar an aschur samhaltaithe, dá réir sin;

(20) ciallaíonn ‘cabhair i leith maolú ar an athrú aeráide’ tacaíocht do ghníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha, gníomhaíochtaí a chuireann leis an gcuspóir de chomhchruinnithe gáis cheaptha teasa san atmaisféar a chobhsú ag leibhéal a chuirfeadh cosc ar thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach sa chóras aeráide;

(21) ciallaíonn ‘cabhair i leith oiriúnú don athrú aeráide’ tacaíocht do ghníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha, gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo leochaileacht córas daonna nó nádúrtha in aghaidh impleacht an athraithe aeráide agus rioscaí aeráide a laghdú, trí acmhainn agus solúbthacht oiriúnaitheach tíortha i mbéal forbartha a chothú nó a mhéadú;

(22) ciallaíonn ‘ceartúcháin theicniúla’ coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta gáis cheaptha teasa déanta i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo nuair atá na sonraí fardail curtha ar fáil neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht le rialacha nó treoirlínte idirnáisiúnta nó Aontais atá beartaithe teacht in ionad na meastachán a cuireadh ar fáil ar dtús;

(23) ciallaíonn ‘atháirimh’, comhsheasmhach le treoirlínte tuairiscithe UNFCCC ar fhardail bhliantúla, nós imeachta atá dírithe ar athmheastachán astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áiríodh i bhfardail roimhe seo mar thoradh ar athrú ar mhodheolaíochtaí, athruithe sa tslí a bhfuil fachtóirí astaíochtaí agus sonraí gníomhaíochta á bhfáil agus á n-úsáid, nó catagóirí nua foinse agus linnte á gcur san áireamh.

Caibidil 2

Straitéisí forbartha íseal-charbóin

Airteagal 4

Straitéisí forbartha íseal-charbóin

1. Déanfaidh gach Ballstát, agus an Coimisiún thar ceann an Aontais, straitéis forbartha íseal-charbóin a dhearadh agus a chur chun feidhme, a chuirfidh leis na nithe seo a leanas:

(a) faireachán thrédhearcach agus chruinn ar an dul chun cinn iarbhír agus réamh‑mheasta déanta ag Ballstáit, lena n-áirítear na bearta arna gcur chun feidhme ag an Aontas, bainteach le gealltanais an Aontais agus na mBallstát faoin UNFCCC a chomhlíonadh agus é mar aidhm astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha a laghdú nó a shrianadh;

(b) tiomantais laghduithe gáis cheaptha teasa na mBallstát a chomhlíonadh faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus laghduithe fadtéarmacha in astaíochtaí agus aistriú linnte a fheabhsú i ngach earnáil ar aon dul le cuspóir an Aontais astaíochtaí a laghdú 80 go dtí 95 % faoi 2050 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990, i gcomhthéacs na laghduithe riachtanacha, de réir IPCC, sna tíortha i mbéal forbartha mar ghrúpa.

2. Cuirfidh na Ballstáit a straitéis forbartha ísealcharbóin faoi bhráid an Choimisiúin bliain amháin i ndiaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo nó de réir aon chlár ama comhaontaithe go hidirnáisiúnta i gcomhthéacs phróisis UNFCCC.

3. Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit na straitéisí forbartha ísealcharbóin mar aon le nuashonrú ar bith ar fáil don phobal gan mhoill.

Caibidil 3

Tuairisciú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa stairiúla agus aistrithe

Airteagal 5

Córas fardail náisiúnta

1. Bunóidh, oibreoidh agus déanfaidh Ballstáit iarracht leanúnach córais fardail náisiúnta a fheabhsú ar mhaithe le meastachán a dhéanamh maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte gáis cheaptha teasa arna liostú in Iarscríbhinn I an Rialacháin seo d'fhonn tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine a bhfardal gáis cheaptha teasa a áirithiú.

2. Áiritheoidh Ballstáit go mbeidh rochtain ag a n-údaráis inniúla fardail ar na nithe thíos, agus go soláthróidh a gcóras fardail náisiúnta rochtain dá n-údaráis inniúla ar:

(a) sonraí agus modhanna tuairiscithe do ghníomhaíochtaí agus do shuiteálacha faoi Threoir 2003/87/CE chun críche fardail náisiúnta gáis cheaptha teasa a ullmhú chun comhsheasmhacht a áirithiú sna hastaíochtaí gáis cheaptha teasa tuairiscithe faoi scéim trádála astaíochtaí an Aontais agus sna fardail náisiúnta gáis cheaptha teasa;

(b) sonraí arna mbailiú trí na córais tuairiscithe ar gháis fhluairínithe sna hearnálacha éagsúla, bunaithe faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 chun críche fardail náisiúnta gáis cheaptha teasa a ullmhú;

(c) astaíochtaí, sonraí bunúsacha agus modheolaíochtaí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 chun críche fardail náisiúnta gáis cheaptha teasa a ullmhú;

(d) sonraí tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008.

3. Cinnteoidh Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla fardail na nithe thíos, agus go n-áireofar na nithe seo i gcóras fardail náisiúnta a n-údaráis inniúla fardail:

(a) úsáid a bhaint as na córais tuairiscithe bunaithe faoi Airteagal 6(4) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 chun réamh-mheastachán gás fluairínithe sna fardail gáis cheaptha teasa a fheabhsú;

(b) a bheith in ann seiceálacha bliantúla comhsheasmhachta dá dtagraítear i bpointí (l) agus (m) d’Airteagal 7(1) den Rialachán seo a dhéanamh;

Airteagal 6

Córas fardail an Aontais

Córas fardail a fhorbairt don Aontas chun tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na bhfardal náisiúnta a áirithiú ag féachaint d'fhardal gáis cheaptha teasa an Aontais atá bunaithe leis seo. Déanfaidh an Coimisiún an córas seo a riar, a chothú agus mar aon le hiarracht leanúnach é a fheabhsú, lena n-áirítear:

(a) clár dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, a áireoidh cuspóirí cáilíochta a shonrú agus plean fardail dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a dhréachtú. Cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit a gcláir dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur chun feidhme;

(b) nós imeachta chun réamh-mheastachán a dhéanamh, i gcomhar leis an mBallstát i gceist, ar aon sonraí atá fágtha as an áireamh san fhardal náisiúnta;

(c) athbhreithniú saineolach bliantúil ar fhardail gháis cheaptha teasa na mBallstát.

Airteagal 7

Fardail gháis cheaptha teasa

1. Is iad na Ballstáit a chinnfidh agus a thuairisceoidh na nithe seo a leanas don Choimisiún faoin 15 Eanáir gach bliain ('bliain X'):

(a) a n-astaíochtaí antrapaigineacha gáis cheaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I an Rialacháin seo agus a hastaíochtaí antrapaigineacha gáis cheaptha teasa dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE do bhliain X-2. Gan dochar do thuairisciú na ngás ceaptha teasa liostaithe in Iarscríbhinn I an Rialacháin seo, glacfar leis go bhfuil na hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ó chatagóir foinse IPCC '1.A.3.A eitlíocht shibhialta' cothrom le nialas chun críche Airteagail 3 agus 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(b) sonraí maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha aonocsaíde charbóin (CO), dé‑ocsaíde sulfair (SO2), ocsaídí de nítrigin (NOx) agus comhdhúile so‑ghalaithe orgánacha (VOC) mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 7 de Threoir 2001/81/CE, do bhliain X-2;

(c) a n-astaíochtaí antrapaigineacha gáis cheaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte CO2 trí aistrithe de thoradh LULUCF, don bhliain X-2;

(d) a n-astaíochtaí antrapaigineacha gáis cheaptha teasa ag foinsí agus aistrithe CO2 trí aistrithe de thoradh ghníomhaíochtaí LULUCF de bhun Phrótacal Kiótó agus faisnéis ar chuntasaíocht na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus aistrithe ó thalamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus gníomhaíochtaí foraoiseachta, de réir Airteagal 3, mír 3, agus, i gcás ina gcinneann Ballstát é a úsáid, Airteagal 3, mír 4, de Phrótacal Kiótó, agus cinntí ábhartha fúthu, do na blianta idir 2008 agus X-2. Lena chois sin, tuairisceoidh Ballstáit a chinn cuntas a dhéanamh de bhainistíocht talamh saothraithe, bainistíocht talamh féaraigh nó athfhásrú faoi Airteagal 3, mír 4, de Phrótacal Kiótó ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte do gach gníomhaíocht don bhliain 1990;

(e) aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) do na blianta idir 1990 agus bliain X-3, ag cur na gcúiseanna do na hathruithe seo san áireamh freisin;

(f) faisnéis ar tháscairí, don bhliain X-2;

(g) faisnéis óna chlárlann náisiúnta maidir le heisiúint, sealúchas, aistriú, cealú, aistarraingt agus tuiliompar AAUanna, RMUanna, ERUanna agus CERanna, don bhliain X-1;

(h) faisnéis achoimre ar aistrithe curtha i gcrích de bhun Airteagail 3(4) agus (5) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, don bhliain X-1;

(i) faisnéis maidir le húsáid a bhaint as cur chun feidhme comhpháirteach, meicníocht ghlan forbartha agus trádáil idirnáisiúnta astaíochtaí, de bhun Airteagail 6, 12 agus 17 de Phrótacal Kiótó, nó aon meicníocht sholúbtha ar bith eile dá bhforáiltear in ionstraimí eile arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe don UNFCCC nó do Chomhdháil na bPáirtithe chuig UNFCCC ag feidhmiú mar chruinniú de Pháirtithe Phrótacal Kiótó, ar mhaithe lena ngealltanas maidir le srianadh nó laghdú cainníochtaithe astaíochtaí a chomhlíonadh de bhun Airteagal 2 de Chinneadh Uimh. 2002/358/CE[21] agus Phrótacal Kiótó nó aon ghealltanais a bheidh ann amach anseo faoi UNFCCC nó Phrótacal Kiótó, don bhliain X-2;

(j) faisnéis ar na céimeanna chun réamh-mheastacháin fardail a fheabhsú, go háirithe sna réimsí den fhardal a bhí faoi réir coigeartuithe agus moltaí i ndiaidh athbhreithnithe saineolacha;

(k) leithdháileadh iarbhír nó réamh-mheasta na n-astaíochtaí fíoraithe tuairiscithe ag suiteálacha agus ag oibreoirí faoi Threoir 2003/87/CE chuig catagóirí foinse an fhardail náisiúnta gáis cheaptha teasa agus cóimheas leis na hastaíochtaí fíoraithe leis na hastaíochtaí iomlána tuairiscithe gáis cheaptha teasa sna catagóirí foinse, don bhliain X-2;

(l) torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na n-astaíochtaí tuairiscithe sna fardail gáis cheaptha teasa, don bhliain X-2, mar aon le:

(i)      na hastaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú faoi Chinneadh 2003/87/CE;

(ii)      na hastaíochtaí ar leibhéal áise arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006;

(m) torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na gníomhaíochta, sonraí cúlra agus toimhdí úsáidte chun astaíochtaí a réamh-mheas agus fardail gháis cheaptha teasa a ullmhú, don bhliain X-2, mar aon le:

(i)      na sonraí agus foshuímh a úsáidtear i ndáil le hullmhú na bhfardal um thruailleáin aeir faoi Chinneadh 2001/81/CE;

(ii)      na sonraí arna dtuairisciú faoi Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 842/2006;

(iii)     na sonraí fuinnimh arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 agus Iarscríbhinn B de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(n) cur síos ar aon athruithe ar an gcóras fardail náisiúnta dá gcuid;

(o) cur síos ar aon athruithe ar an gclárlann náisiúnta;

(p) aon ghnéithe eile den tuarascáil náisiúnta fardail gáis cheaptha teasa a theastaíonn chun tuarascáil fardail gáis cheaptha teasa an Aontais a ullmhú, amhail faisnéis faoi phlean dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta na mBallstát, meastóireacht ghinearálta ar neamhchinnteacht, agus measúnú ginearálta ar iomláine.

Sa chéad bhliain tuairiscithe faoin Rialachán seo, cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi bplean atá acu a bhforálacha faoi Airteagal 3(4) agus (5) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a úsáid.

2. Cuirfidh na Ballstáit tuarascáil náisiúnta fardail cothrom le dáta ar fáil don Choimisiún faoi 15 Márta gach bliain. Áireofar ina leithéid de thuarascáil an fhaisnéis ar fad arna sonrú i mír 1 den Airteagal seo agus aon nuashonrú den fhaisnéis ina dhiaidh sin;

3. Cuirfidh na Ballstáit fardail náisiúnta ar fáil do Rúnaíocht UNFCCC gach bliain, faoi 15 Aibreán, fardail ina mbeidh faisnéis chomhionann leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún de réir mhír 2 den Airteagal seo.

4. Tiomsóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil fardail gáis cheaptha teasa don Aontas agus tuarascáil fardail gáis cheaptha teasa Aontais agus cuirfear na tuarascálacha seo ar fáil do Rúnaíocht UNFCCC faoi 15 Aibreán gach bliain.

5. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 29 den Rialachán seo:

(q) substaintí a chur le nó a bhaint de liosta na ngás ceaptha teasa in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(r) riachtanais faireacháin agus tuairiscithe maidir le LULUCF a leagan amach, de réir aon chomhaontú nua idirnáisiúnta ó ghníomh reachtach arna ghlacadh de réir Airteagal 9 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

Airteagal 8

Neas-fhardail gháis cheaptha teasa

Cuirfidh Ballstáit, faoi 31 Iúil gach bliain ('bliain X') neas-fhardail gháis cheaptha teasa ar fáil don Choimisiún don bhliain X-1. Tiomsóidh an Coimisiún, bunaithe ar neas-fhardail gháis cheaptha teasa na mBallstát nó, áit ar cuí bunaithe ar a réamh-mheastacháin féin, neas-fhardal gáis cheaptha teasa gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil don phobal gach bliain faoi 30 Meán Fómhair.

Airteagal 9

Nósanna imeachta chun meastacháin astaíochtaí a chomhlánú

1. Déanfaidh an Coimisiún seiceáil tosaigh ar na sonraí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit faoi Airteagal 7(1) den Rialachán seo chun fadhbanna iomláine agus poitéinsiúla a aithint. Seolfaidh an Coimisiún na torthaí chuig na Ballstáit laistigh de 6 seachtaine ón spriocdháta. Freagróidh na Ballstáit aon cheisteanna arna n‑ardú i ndiaidh na seiceála tosaigh faoi 15 Márta, mar aon leis an bhfardal deiridh do bhliain X-2 a sholáthar.

2. I gcás nach bhfreagraíonn Ballstát do na ceisteanna arna n‑ardú ag an gCoimisiún nó nach gcuireann sé na réamh-mheastacháin iomlána fardail ar fáil a theastaíonn chun fardal an Aontais a thiomsú faoi 15 Márta, ullmhóidh an Coimisiún réamh‑mheastacháin a bheidh le húsáid in ionad na réamh-mheastachán ábhartha i bhfardal an Bhallstáit. Úsáidfidh an Coimisiún, chun na críche seo, modhanna a bheith comhsheasmhach leis na treoirlínte infheidhme do dhréachtú na bhfardal náisiúnta gáis cheaptha teasa.

Airteagal 10

Astaíochtaí CO2 ón iompar muirí a thuairisciú

1. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 29 den Rialachán seo chun na riachtanas a bhaineann le faireachán agus le tuairisciú astaíochtaí CO2 a shonrú – astaíochtaí ó iompar muirí a bhaineann le soithí muirí a thagann i dtír ag calafoirt Bhallstát. Beidh na riachtanais faireacháin agus tuairiscithe a nglacfar leo comhsheasmhach leis na riachtanais comhaontaithe ag UNFCCC agus, a mhéid agus is féidir, leis na riachtanais a bhaineann le soithí i gcomhthéacs an IMO nó trí reachtaíocht an Aontais atá ag déileáil le hastaíochtaí GCT ó iompar muirí. A mhéid agus is féidir, laghdóidh riachtanais faireacháin agus tuairiscithe ualach oibre Ballstát lena n-áirítear úsáid a bhaint as bailiú agus cothabháil lárnach sonraí.

2. I gcás inar glacadh le gníomh de bhun mhír 1, cinnfidh agus tuairisceoidh Ballstáit chuig an gCoimisiún faoi 15 Eanáir gach bliain ('bliain X') do bhliain X-2, ar na hastaíochtaí CO2 ó iompar muirí de bhun an ghnímh sin.

Caibidil 4

Clárlanna

Airteagal 11

Bunú agus feidhmiú na gclárlann

1. Déanfaidh an tAontas clárlanna a bhunú agus a chothabháil chun cuntas beacht a dhéanamh d'eisiúint, sealúchas, aistriú, sealbhú, cealú agus aistarraingt AAUanna, RMUanna, ERUanna agus CERanna agus tuiliompar AAUanna, RMUanna, ERUanna agus CERanna. Féadfaidh Ballstáit na clárlanna seo a úsáid chun cuntas cruinn a choinneáil do na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a(5) de Threoir 2003/87/CE.

2. Coinneoidh an tAontas agus na Ballstáit a gclárlanna i gcóras comhdhlúite, i gcomhar le Ballstát amháin eile nó níos mó.

3. Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil do riarthóir lárnach ainmnithe de bhun Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE.

4. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 29 den Rialachán seo, clárlann Aontais a bhunú dá dtagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 12

Scor na n-aonad faoi Phrótacal Kiótó

1. Déanfaidh Ballstáit, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfardail náisiúnta faoi Phrótacal Kiótó do gach bliain den chéad tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kiótó, lena n‑áirítear réiteach ceisteanna cur chun feidhme ar bith, AAUanna, RMUanna, ERUanna agus CERanna cothrom lena n-astaíochtaí glana don bhliain sin a scor ón gclárlann.

2. Maidir leis an mbliain deiridh den tréimhse ghealltanais faoi Phrótacal Kiótó, scoirfidh Ballstáit aonaid ón gclárlann roimh dheireadh na tréimhse bhreise chun tiomantais leagtha amach i gCinneadh 11/CMP.1 de Chomhdháil na bPáirtithe chuig UNFCCC a chomhlíonadh ag freastal mar chruinniú na bPáirtithe chuig Prótacal Kiótó.

Caibidil 5

Tuairisciú ar bheartais agus bhearta agus ar réamh-mheastacháin na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte

Airteagal 13

Córais náisiúnta i ndáil le beartais, bearta agus réamh-mheastacháin

1. Déanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, córais náisiúnta tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta a bhunú, agus a oibriú mar aon le réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a ullmhú agus a thuairisciú. Áireofar sna córais náisiúnta seo na socruithe institiúideacha, dlí agus nós imeachta ar fad arna mbunú laistigh de Bhallstát agus den Aontas chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus réamh-mheastacháin a dhéanamh faoi gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte.

2. Beidh sé mar aidhm acu tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a áirithiú, dá dtagraítear in Airteagail 14 agus 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear úsáid agus feidhmiú sonraí, modhanna agus samhlacha, agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta agus anailís íogaireachta.

Airteagal 14

Tuairisciú ar bheartais agus ar bhearta

1. Faoi 15 Márta gach bliain ('bliain X') soláthróidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún an méid seo a leanas:

(a) cur síos ar a gcóras náisiúnta chun beartais agus bearta a thuairisciú agus chun réamh-mheastacháin ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte a ullmhú agus a thuairisciú de bhun Airteagal 13(1) den Rialachán seo, nó faisnéis faoi aon athruithe arna ndéanamh ar an gcóras sin i gcás ina bhfuil cur síos den chineál sin curtha ar fáil cheana féin;

(b) aon fhaisnéis bhreise nó faisnéis cothrom le dáta ábhartha dá straitéisí forbartha ísealcharbóin dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo agus cur chun feidhme na straitéisí seo a chur chun cinn;

(c) faisnéis faoi bheartais agus faoi bhearta náisiúnta, agus faoi chur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte, ar bhonn earnála do gach gás ceaptha teasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis seo crostagairtí le beartais infheidhme náisiúnta nó Aontais, go háirithe crostagairtí a bhaineann le caighdeán an aeir, lena n-áirítear:

(i)      cuspóir an bheartais nó an bhirt agus cur síos gearr ar an mbeartas nó ar an mbeart;

(ii)      an cineál ionstraime beartais;

(iii)     stádas cur chun feidhme;

(iv)     táscairí chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn thar am;

(v)     meastacháin chainníochtúla na n‑éifeachtaí ar astaíochtaí ag foinsí agus aistriú linnte gáis cheaptha teasa arna roinnt de réir an méid seo a leanas:

– torthaí an mheasúnaithe ex-ante ar éifeachtaí gach beartais agus birt. Cuirfear meastacháin ar fáil le haghaidh gach tréimhse 4 bliana todhchaí ag críochnú le 0 nó 5 go díreach i ndiaidh bhliain X, le deighilt idir astaíochtaí gáis cheaptha teasa faoi réir Threoir 2003/87/CE agus astaíochtaí faoi réir Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

– torthaí an mheasúnaithe ex-post ar éifeachtaí gach beartais agus birt ar mhaolú ar athrú aeráide áit a raibh a leithéid ar fáil, le deighilt shonrach idir na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa arna gclúdach faoi Threoir 2003/87/CE agus na hastaíochtaí gáis cheaptha teasa arna gclúdach faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

(vi)     meastacháin de chostais réamh-mheasta beartas agus beart, mar aon le réamh-mheastacháin, de réir mar is cuí, de chostais réadaithe na mbeartas agus na mbeart;

(vii)    gach tagairt don mheasúnú agus do na tuarascálacha teicniúla tacaíochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(d) faisnéis faoi bheartais nó faoi bhearta arna gur chun feidhme nó arna bpleanáil a bhfuil sé mar aidhm leo reachtaíocht agus faisnéis ábhartha de chuid an Aontais a chur chun feidhme, faisnéis a bhaineann le nósanna imeachta comhlíonta agus cur chun feidhme náisiúnta;

(e) an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) de chuid Airteagail 6(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(f) faisnéis faoin nglacadh atá le gníomhaíocht an Bhallstáit mar ghné shuntasach de na hiarrachtaí arna gcur i gcrích ag leibhéal náisiúnta mar aon leis an tionchar forlíontach a bheidh ag úsáid réamh-mheasta an chur chun feidhme chomhpháirtigh, an mheicníocht ghlan forbartha agus trádáil idirnáisiúnta astaíochtaí ar ghníomhaíocht intíre de réir fhorálacha ábhartha Phrótacal Kiótó agus na cinntí arna nglacadh fúthu.

2. Cuirfidh Ballstáit aon mheasúnú ar chostais agus ar éifeachtaí beartas agus beart náisiúnta ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach, mar aon le haon fhaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte le cois aon tuarascálacha teicniúla atá ag tacú leis na measúnuithe seo. Ba cheart a áireamh iontu seo cur síos ar na samhlacha agus ar na cur chuige modheolaíocha a úsáideadh, sainmhínithe agus toimhdí bunúsacha.

Airteagal 15

Tuairisciú ar réamh-mheastacháin

1. Tuairisceoidh Ballstáit don Choimisiún faoi 15 Márta gach bliain ('bliain X') faoi réamh‑mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag foinsí nó aistriú linnte, eagraithe de réir an gháis agus de réir na hearnála. Áireofar sna réamh‑mheastacháin seo meastacháin chainníochtúla do thréimhse 4 bliana todhchaí ag críochnú le 0 nó 5 díreach i ndiaidh an chéad bhliain X eile. Áireofar sna réamh‑mheastacháin náisiúnta aon bheartais agus aon bhearta a glacadh ag leibhéal an Aontais lena n-áirítear:

(a) réamh-mheastacháin gan bhearta, réamh-mheastacháin le bearta, agus réamh-mheastacháin le bearta breise;

(b) réamh-mheastacháin iomlána gáis cheaptha teasa agus réamh‑mheastacháin ar leith d’astaíochtaí réamh-mheasta gáis cheaptha teasa do na foinsí astaíochtaí arna gclúdach faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(c) aithint shoiléir de bheartais agus de bhearta náisiúnta, réigiúnacha agus Aontais atá san áireamh sna réamh-mheastacháin d'astaíochtaí gáis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte. Sa chás nach bhfuil a leithéid sin de bheartais agus de bhearta san áireamh, tabharfar sonrú agus míniú soiléir;

(d) torthaí na hanailíse íogaireachta a rinneadh i ndáil leis na réamh‑mheastacháin;

(e) gach tagairt ábhartha don mheasúnú agus na tuarascálacha teicniúla a thacaíonn leis na measúnuithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.

2. Sa chás nach gcuireann Ballstát na réamh-mheastacháin iomlána ar fáil faoi 15 Márta gach bliain, d'fhéadfadh an Coimisiún meastacháin a ullmhú de réir mar a bheidh ag teastáil chun réamh-mheastacháin an Aontais a thiomsú.

3. Cuirfidh Ballstáit a réamh-mheastacháin náisiúnta d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag foinsí agus aistriú linnte mar aon le haon tuarascálacha teicniúla atá ag tacú leis na réamh-mheastacháin seo ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach. Ba cheart a áireamh iontu seo cur síos ar na samhlacha agus ar na cur chuige modheolaíocha a úsáideadh, sainmhínithe agus toimhdí bunúsacha.

Caibidil 6

Tuairisciú ar fhaisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide

Airteagal 16

Tuairisciú ar ghníomhartha oiriúnaithe náisiúnta

Tuairisceoidh Ballstáit don Choimisiún faoi 15 Márta gach bliain, faisnéis maidir lena ngníomhartha arna gcur chun feidhme nó arna bpleanáil chun oiriúnú d’athrú aeráide, go háirithe, straitéisí oiriúnaithe náisiúnta nó réigiúnacha agus bearta oiriúnaithe. Áireofar san fhaisnéis seo leithdháileadh buiséid de réir na hearnála beartais agus, i ndáil le gach beart oiriúnaithe, an príomhchuspóir, an cineál ionstraime, an stádas cur chun feidhme agus an chatagóir impleachta don athrú aeráide (cosúil le tuile, ardú ar leibhéal na mara, teochtaí foircneacha, triomach, agus imeachtaí aimsire foircneacha).

Airteagal 17

Tuairisciú ar thacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha

Tuairisceoidh Ballstáit, bunaithe ar na sonraí is fearr ar fáil, don Choimisiún faoi 15 Márta gach bliain ('bliain X') i ndáil leis na nithe seo:

(a) faisnéis faoi thacaíocht airgeadais arna gealladh agus arna híoc amach le tíortha i mbéal forbartha faoin UNFCCC do bhliain X-1, faoin tacaíocht airgeadais arna gealladh do bhliain X agus faoin soláthar tacaíochta a bheartaítear. San fhaisnéis tuairiscithe áireofar:

(i)      an acmhainní nua agus breise iad na hacmhainní airgeadais atá tugtha ag na Ballstáit do thíortha i mbéal forbartha i gcomhthéacs an UNFCCC agus an bealach a rinneadh an tacaíocht seo a áireamh;

(ii)      faisnéis faoi aon acmhainní airgeadais arna leithdháileadh ag an mBallstát, faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an UNFCCC bunaithe ar an gcineál cainéil, cainéil dhéthaobhacha, réigiúnacha nó cainéil iltaobhacha eile;

(iii)     faisnéis chainníochtúil faoi shreabhadh airgeadais bunaithe ar "mharcóirí Rio do chabhair i leith maolú ar an t‑athrú aeráide agus cabhair i leith oiriúnú don athrú aeráide" ('marcóirí Rio') ar chuir Grúpa um Chúnamh Forbartha an OECD tús leis agus faisnéis mhodheolaíoch a bhaineann le cur chun feidhme modheolaíocht mharcóirí Rio maidir le hathrú aeráide ;

(iv)     faisnéis mhionsonraithe faoin gcúnamh tugtha ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, de réir mar is cuí, do thíortha i mbéal forbartha atá leochaileach d’éifeachtaí athrú aeráide le linn dóibh a bheith ag oiriúnú do na hathruithe aeráide seo;

(v)     faisnéis mhionsonraithe faoin gcúnamh arna thabhairt ag na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, de réir mar is cuí, do thíortha i mbéal forbartha ar mhaithe le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a mhaolú;

(b) faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na mBallstát a bhaineann le haistriú teicneolaíochta chuig tíortha i mbéal forbartha faoin UNFCCC agus faoi theicneolaíochtaí aistrithe do bhliain X-1, faisnéis faoi ghníomhaíochtaí pleanáilte a bhaineann le haistriú teicneolaíochta chuig tíortha i mbéal forbartha faoin UNFCCC agus faoi theicneolaíochtaí atá le haistriú do bhliain X agus do na blianta ina dhiaidh sin. Ba cheart go n-áireofaí faisnéis freisin maidir le cibé an raibh an teicneolaíocht aistrithe in úsáid chun éifeachtaí athrú aeráide a mhaolú nó a oiriúnú, tír faighteora, méid tacaíochta curtha ar fáil, agus an cineál teicneolaíochta arna haistriú.

Airteagal 18

Tuairisciú ar úsáid na n-ioncam ceantála agus na gcreidmheas tionscadail

1. Soláthróidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún faoi 15 Márta gach bliain ('bliain X') don bhliain X-1:

(a) cosaint mhionsonraithe mar atá luaite in Airteagal 6(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

(b) faisnéis maidir le húsáid ioncam i rith bhliain X-1, arna chruthú ag na Ballstáit trí liúntais cheantála de bhun Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE. Áireofar san fhaisnéis seo freisin faisnéis shonrach agus mhionsonraithe maidir le húsáid 50 % de na hioncaim, an ghníomhaíocht a rinneadh dá dheasca, agus sonrófar freisin catagóir a leithéid de ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de réir Airteagal 10(3) de Threoir 2003/87/CE mar aon leis an tír nó réigiún ábhartha is tairbhí a léiriú;

(c) faisnéis maidir le húsáid ioncam arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála eitlíochta de bhun Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE;

(d) faisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus faisnéis maidir leis an tslí a gcuireann a mbeartas ceannacháin le comhlíonadh comhaontú idirnáisiúnta ar athrú aeráide.

2. I gcás na mBallstát sin a chinneann úsáid a bhaint as méid atá cothrom leis na hioncaim cheantála arna gcruthú chun críocha de bhun Airteagail 3d(4) agus 10(3) de Threoir 2003/87/CE, baineann na riachtanais a luaitear i bpointe (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo leis an méid seo.

3. Beidh ioncaim cheantála nach bhfuil íoctha amach nuair a chuireann Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún de bhun an Airteagail seo cainníochtaithe agus tuairiscithe i dtuarascálacha sna blianta ina dhiaidh sin.

4. Cuirfidh Ballstáit na tuarascálacha a cuireadh ar fáil don Choimisiún de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

Airteagal 19

Tuarascálacha débhliantúla agus cumarsáidí náisiúnta

5. Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla, de réir Chinneadh 1/CP.16 agus cumarsáidí náisiúnta de réir Airteagal 12 de UNFCCC ar fáil do Rúnaíocht UNFCCC.

6. Chomh maith leis sin, cuirfidh Ballstáit cumarsáidí náisiúnta agus tuarascálacha débhliantúla ar fáil don Choimisiún.

Caibidil 7

Athbhreithniú saineolach an Aontais ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa

Airteagal 20

Athbhreithniú fardail saineolach

1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú saineolach tosaigh ar na sonraí fardail náisiúnta arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7(2) den Rialachán seo ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh faoin leithdháileadh bliantúil astaíochtaí dá bhforáiltear sa cheathrú fomhír d’Airteagal 3(2) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

2. Ag tosú leis na sonraí a arna dtuiarisciú don bhliain 2013, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú saineolach bliantúil ar na sonraí fardail náisiúnta arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7(2) den Rialachán seo agus é mar aidhm faireachán a dhéanamh ar ghnóthachtáil Ballstát maidir lena n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú nó a shrianadh de bhun Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, agus aon spriocanna laghdaithe nó srianta gáis cheaptha teasa atá sonraithe i reachtaíocht an Aontais.

3. Beidh na nithe seo a leanas i gceist le hathbhreithnithe saineolacha tosaigh agus bliantúla:

(a) seiceálacha chun trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh a fhíorú;

(b) seiceálacha chun cásanna a aithint inar ullmhaíodh na sonraí fardail ar bhonn nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach an UNFCCC nó le rialacha an Aontais; agus

(c) áit ar cuí, na ceartúcháin theicniúla a thagann chun cinn a áireamh.

4. Beidh de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 29 den Rialachán seo chun na rialacha a bhaineann le reáchtáil athbhreithnithe saineolacha dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo a chinneadh, tascanna a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh.

5. Glacfaidh an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh maidir le suim iomlán na n-astaíochtaí don bhliain ábhartha ag eascairt ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát i ndiaidh an athbhreithnithe bhliantúil ábhartha a thabhairt chun críche.

6. Beidh na sonraí do gach Ballstát, mar atá taifeadta sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 11 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE agus Airteagal 19 de Threoir 2003/87/CE amhail ag an dáta díreach mí i ndiaidh foilsiú gnímh cur chun feidhme glactha de bhun mhír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear athruithe ar a leithéid de shonraí ag éirí as an mBallstát sin a bheith ag baint úsáide as solúbthachtaí an Bhallstáit sin de bhun Airteagail 3 agus 5 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, ábhartha i ndáil le húsáid Airteagal 7(1) de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

Airteagal 21

Aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an atháirimh

1. Nuair a bheidh an t-athbhreithniú saineolach bliantúil ar na sonraí fardail don bhliain 2020 críochnaithe de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo, áireoidh an Coimisiún de réir na foirmle sonraithe in Iarscríbhinn II den Rialachán seo, suim atháirithe na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa do gach Ballstát.

2. Gan dochar d’Airteagal 31(2) den Rialachán seo, úsáidfidh an Coimisiún, i dteannta nithe eile, an tsuim atháirithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a bheidh a spriocanna á moladh le haghaidh laghduithe ó shrianadh astaíochtaí do gach Ballstát don tréimhse i ndiaidh 2020 de bhun Airteagal 14 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

3. Foilseoidh an Coimisiún, gan mhoill, torthaí na n-áireamh a rinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo.

Caibidil 8

Meastóireacht ar dhul chun cinn i dtreo tiomantas Aontais agus idirnáisiúnta

Airteagal 22

Meastóireacht ar dhul chun cinn

1. Déanfaidh an Coimisiún, meastóireacht bhliantúil, bunaithe ar an bhfaisnéis tuairiscithe in Airteagail 7, 8, 11 agus 15 go 18 den Rialachán seo, agus i gcomhar leis na Ballstáit, ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas agus ag a Bhallstáit ar mhaithe leis na nithe seo a leanas a chur i gcrích, agus é mar aidhm a chinneadh an bhfuil dóthain dul chun cinn déanta:

(a) gealltanais faoi Airteagal 4 den UNFCCC agus Airteagal 3 de Phrótacal Kiótó mar atá sonraithe sna cinntí atá glactha ag Comhdháil na bPáirtithe chuig an UNFCCC atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe do Phrótacal Kiótó;

(b) oibleagáidí atá sonraithe in Airteagal 3 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

2. Déanfaidh an Coimisiún measúnú débhliantúil ar impleacht iomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí neamh-CO2 a chur san áireamh, dála ocsaídí de nítrigin, agus éifeachtaí, dála méadu scamall ciorrais, bunaithe ar shonraí astaíochtaí curtha ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo, agus an chainníocht seo a fheabhsú trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is cuí.

3. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi 31 Deireadh Fómhair gach bliain, tuarascáil ina mbeidh achoimre de chonclúidí na measúnaithe dá dtagraítear i mír 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 23

Tuairisciú ar an tréimhse bhreise chun gealltanais faoi Phrótacal Kiótó a chomhlíonadh

Cuirfidh an tAontas agus gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC faoin tréimhse bhreise chun na gealltanais dá dtagraítear i mír 3 de Chinneadh 13/CMP.1 a chomhlíonadh nuair a bheidh an tréimhse sin caite.

Caibidil 9

Comhar agus tacaíocht

Airteagal 24

Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas

Comhoibreoidh agus comhordóidh na Ballstáit agus an tAontas lena chéile i ndáil le hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bhaineann le:

(a) fardal gáis cheaptha teasa an Aontais agus tuarascáil fardail gáis cheaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán seo;

(b) cumarsáid náisiúnta an Aontais a ullmhú de bhun Airteagal 12 de UNFCCC agus tuarascáil dhébhliantúil de bhun Chinneadh 1/CP.16;

(c) nósanna imeachta athbhreithithe agus comhlíonta faoin UNFCCC agus faoi Phrótacal Kiótó de réir aon chinneadh infheidhme faoin UNFCCC nó faoi Phrótacal Kiótó mar aon le nós imeachta an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail gháis cheaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo;

(d) aon choigeartuithe de bhun Airteagal 5, mír 2, de Phrótacal Kiótó nó i ndiaidh phróiseas athbhreithnithe an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo nó aon athruithe eile ar fhardail agus ar thuarascálacha fardail atá curtha ar fáil, nó atá le cur ar fáil, do Rúnaíocht UNFCCC;

(e) neas-fhardal gáis cheaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo;

(f) tuairisciú i ndáil le scor AAUanna, CERanna, ERUanna nó RMUanna i ndiaidh na tréimhse bhreise dá dtagraítear i mír 14 de Chinneadh 13/CMP.1 chun gealltanais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 3, mír 1, de Phrótacal Kiótó.

Airteagal 25

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

Cabhróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leis an gCoimisiún comhlíonadh le hAirteagail 6 go 10, 13 go 20, 22 agus 23 den Rialachán seo de réir a chláir oibre bhliantúil. Áireoidh sé seo cabhair le:

(a) fardal gáis cheaptha teasa an Aontais a thiomsú agus tuarascáil gáis cheaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(b) nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích agus é mar aidhm fardal gáis cheaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(c) réamh-mheastacháin a ullmhú do shonraí nach bhfuil tuairiscithe sna fardail náisiúnta gáis cheaptha teasa;

(d) an t-athbhreithniú saineolach bliantúil a chur i gcrích;

(e) neas-fhardal gáis cheaptha teasa an Aontais a thiomsú;

(f) an fhaisnéis tuairiscithe ag na Ballstáit maidir le réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta a thiomsú;

(g) nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích ar an bhfaisnéis tuairiscithe ag Ballstáit faoi réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta;

(h) réamh-mheastacháin a ullmhú do shonraí maidir le réamh-mheastacháin nach bhfuil tuairiscithe ag na Ballstáit;

(i) sonraí a thiomsú a theastaíonn do thuarascáil bhliantúil Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle arna hullmhú ag an gCoimisiún;

(j) faisnéis bailithe faoin Rialachán seo a scaipeadh, lena n-áirítear bunachar sonraí ar bheartais agus ar bhearta maolaithe Ballstát a chothú agus a nuashonrú, mar aon le teach imréitigh ar impleachtaí, leochaileachtaí agus oiriúnú d’athrú aeráide.

Caibidil 10

Tarmligean

Airteagal 26

Riachtanais tuairiscithe mhionsonraithe

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 29 den Rialachán seo ar mhaithe le rialacha tuairiscithe mionsonraithe a leagan amach, lena n‑áirítear rialacha ar ábhar, struchtúr, formáid agus próisis tíolactha do Bhallstáit atá ag tuairisciú faisnéise de bhun Airteagail 4, 5, 7, 8 agus 13 go 19 den Rialachán seo.

Airteagal 27

Riachtanais ar chórais náisiúnta

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 29 den Rialachán seo ar mhaithe le riachtanais a leagan amach maidir le bunú, oibriú agus feidhmiú chórais náisiúnta na mBallstát de bhun Airteagail 5 agus 13 den Rialachán seo.

Airteagal 28

Aisghairm nó leasú na n-oibleagáidí

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún glacadh le gníomhartha tarmligthe de réir Airteagal 29 den Rialachán Airteagail 4 go 7, 10 go 12, 14, 15, 17 agus 19 den Rialachán seo a aisghairm, nó aon chuid, nó na hAirteagail seo a leasú, más amhlaidh go mbíonn forbairtí idirnáisiúnta nó forbairtí eile mar bhonn le cás nach bhfuil na hoibleagáidí de bhun na nAirteagal seo ag teastáil níos mó ann, gan a bheith i gcomhréir leis na tairbhí comhfhreagracha nó comhsheasmhach leis na riachtanais tuairiscithe faoin UNFCCC nó dúblálach leo. Ní chiallóidh aon ghníomh arna ghlacadh de bhun an Airteagail seo go mbeidh oibleagáidí tuairiscithe an Aontais agus oibleagáidí tuairiscithe idirnáisiúnta, ar an iomlán, níos dochraidí do na Ballstáit.

Airteagal 29

Feidhmiú tarmligin

1. Bronntar an chumhacht i ndáil le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar an gCoimisiún faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Bronnfar an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7, 10, 11, 20 agus 26 go 28 de chuid an Rialacháin seo ar an gCoimisiún le haghaidh tréimhse ama neamhchinntithe ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 7, 10, 11, 20, agus 26 go 28 den Rialachán seo a aisghairm am ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacann sé le gníomh tarmligthe, cuirfidh an Coimisiún a leithéid in iúl go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe de bhun Airteagail 7, 10, 11, 20 nó 26 go 28 de chuid an Rialacháin seo i bhfeidhm i gcás nach gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid in iúl laistigh de thréimhse 2 mhí ó tugadh fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin ngníomh sin nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad agóid in iúl. Déanfar an tréimhse sin a leathnú le 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil 11

Forálacha Críochnaitheacha.

Airteagal 30

Nós imeachta coiste

Tabharfaidh Coiste um Athrú Aeráide cúnamh don Choimisiún. Is coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011[22] a bheidh sa choiste sin.

Airteagal 31

Athbhreithniú

1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú rialta ar chomhréireacht na bhforálacha faireacháin agus tuairiscithe faoin Rialachán seo le cinntí todhchaí a bhaineann le UNFCCC agus Prótacal Kiótó nó reachtaíocht eile an Aontais.

2. Más rud é, i rith na tréimhse gealltanais faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE, go dtagann athrú ar na rialacha idirnáisiúnta a bhaineann le meastachán astaíochtaí gáis cheaptha teasa d'ullmhú fardal gáis cheaptha teasa, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheidh ag na rialacha nua chun críche Chinneadh Uimh. 406/2009/CE.

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE.

Déanfar forléiriú ar thagairtí i ndail leis an gCinneadh aisghairthe mar thagairtí i leith an Rialacháin seo agus léifear iad faoi réir an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Gáis Cheaptha Teasa

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

Meatán (CH4)

Ocsaíd Nítriúil (N2O)

Heicseafluairíd sulfair (SF6)

Trífhluairíd nítrigine (NF3)

Hidreafluaracarbóin (HFCanna):

HFC-23         CHF3

HFC-32         CH2F2

HFC-41         CH3F

HFC-125       CHF2CF3

HFC-134       CHF2CHF2

HFC-134a     CH2FCF3

HFC-143       CH2FCHF2

HFC-143a     CH3CF3

HFC-152       CH2FCH2F

HFC-152a     CH3CHF2

HFC-161       CH3CH2F

HFC-227ea   CF3CHFCF3

HFC-236cb   CF3CF2CH2F

HFC-236ea   CF3CHFCHF2

HFC-236fa    CF3CH2CF3

HFC-245fa    CHF2CH2CF3

HFC-245ca   CH2FCF2CHF2

HFC-365mfc CH3CF2CH2CF3

HFC-43-10mee CF3CHFCHFCF2CF3 nó (C5H2F10)

Sárfhluaracarbóin (PFCanna):

PFC-14, Sárfhluarameatán, CF4

PFC-116, Sárfhluaraeatán, C2F6

PFC-218, Sárfhluaraprópán, C3F8

PFC-318, Sárfhluaracioglabútáin, c-C4F8

Sárfhluaracioglaprópán c-C3F6

PFC-3-1-10, Sárfhluarabútán, C4F10

PFC-4-1-12, Sárfhluarapeantán, C5F12

PFC-5-1-14, Sárfhluaraheacsán, C6F14

PFC-9-1-18  C10F18

IARSCRÍBHINN II

Suim Atháirithe na nAstaíochtaí Gáis Cheaptha Teasa ag Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 21(1)

Ríomhfar suim atháirithe na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa ag Ballstáit de réir na foirmle seo a leanas:

Nuair is ionann:

– ti,2012 agus leithdháileadh astaíochtaí bliantúil na mBallstát arna chinneadh de bhun an cheathrú mír d'Airteagal 3(2) agus Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE;

– ti,2022 agus leithdháileadh astaíochtaí bliantúil na mBallstát don bhliain i de bhun an cheathrú mír d'Airteagal 3(2) agus Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE faoi mar a dhéanfaí é a ríomh dá mbeadh úsáid bainte as sonraí fardail athbhreithnithe curtha faoi bhráid in 2022 mar ionchur;

– ei,j agus astaíochtaí gáis cheaptha teasa an Bhallstáit don bhliain i arna bhunú de bhun gníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(5) tar éis an athbhreithnithe fardail shaineolaigh sa bhliain j.

IARSCRÍBHINN III

Tábla Comhghaoil

Cinneadh Uimh. 280/2004/CE || An Rialachán seo

Airteagal 1 || Airteagal 1

Airteagal 2(1) || Airteagal 4(1)

Airteagal 2(2) || -

Airteagal 2(3) || Airteagal 4(3)

Airteagal 3(1) || Airteagal 7(1) agus Airteagal 7(2)

Airteagal 3(2) || Airteagal 14(1) agus Airteagal 15(1)

Airteagal 3(3) || Airteagal 26, Airteagal 27, Airteagal 28, Airteagal 29

Airteagal 4(1) || Airteagal 6

Airteagal 4(2) || Airteagal 6

Airteagal 4(3) || Airteagal 25

Airteagal 4(4) || Airteagal 5(1)

Airteagal 5(1) || Airteagal 22(1)

Airteagal 5(2) || Airteagal 22(3)

Airteagal 5(3) || -

Airteagal 5(4) || -

Airteagal 5(5) || Airteagal 23

Airteagal 5(6) || -

Airteagal 5(7) || Airteagal 25

Airteagal 6(1) || Airteagal 11(1)

Airteagal 6(2) || Airteagal 11(3)

Airteagal 7(1) || -

Airteagal 7(2) || Airteagal 12(1) agus Airteagal 12(2)

Airteagal 7(3) || -

Airteagal 8(1) || Airteagal 24

Airteagal 8(2) || Airteagal 7(3)

Airteagal 8(3) || -

Airteagal 9(1) || Airteagal 30

Airteagal 9(2) || -

Airteagal 9(3) || -

Airteagal 10 ||

Airteagal 11 || Airteagal 32

Airteagal 12 || Airteagal 33

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1.           CREATLACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.        Teideal an togra/tionscnaimh

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meicníocht chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus faisnéis eile ar leibhéal náisiúnta agus Aontais atá ábhartha don athrú aeráide

1.2.        Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[23]

AN COMHSHAOL AGUS GNÍOMHAÍOCHT AERÁIDE [07]

1.3.        An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua i ndiaidh treoirthionscadail/réamhghníomhaíocht[24]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le leathnú ar ghníomhaíocht reatha

x Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4.        Cuspóirí

1.4.1.     Cuspóir(í) straitéiseach ilbhliantúil an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Tá an togra seo bunaithe go láidir sa straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh. Cuireann sé go díreach le comhlíonadh ceann amháin den chúig sprioc cheannlíne atá leagtha amach ag an Straitéis, is é sin, laghdú 20 % ar astaíochtaí a bhaint amach faoi 2020.

1.4.2.     Cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Sainchuspóir:

Beartas agus reachtaíocht AE maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur chun feidhme (cód ABB 07 12)

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann:

07 12 01 (Beartas agus reachtaíocht AE maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur chun feidhme)

1.4.3.     An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh na hiarmhairtí a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Tá sé riachtanach an mheicníocht faireacháin atá ann cheana a leasú d’fhonn beartais áirithe um athrú aeráide a chur chun feidhme agus tairbhí a sheachadadh do gach saoránach agus gnóthas, go háirithe i ndáil le cáilíocht aeir a fheabhsú, soláthar fuinnimh a áirithiú, fás eacnamaíoch glas a chur chun cinn agus nuálaíocht. Cabhróidh an togra seo freisin chun creidiúnacht an AE a mhéadú go hidirnáisiúnta trí fhaisnéis ardchaighdeáin a sholáthar ar an ngníomh arna ghlacadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Tríd an bhfaisnéis sin a bhailiú, áiritheoidh an togra seo freisin go bhfuil an AE ullmhaithe níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar bith amach anseo a bhaineann leis an athrú aeráide.

1.4.4.     Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Comhfhreagraíonn na táscairí seo a leanas do chuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla an togra:

- Líon na gcásanna neamhchomhlíonta arna sainaithint ar leibhéal an AE nó faoin UNFCCC;

- Líon na dtuarascálacha arna gcur faoi bhráid in am don Choimisiún agus/nó don UNFCCC;

- Comhsheasmhacht na dtuarascálacha ar leibhéal an AE leo sin arna dtíolacadh ag na Ballstáit mar atá léirithe in athbhreithnithe an AE agus an UNFCCC;

- Comhsheasmhacht na sonraí astaíochtaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit faoin MMD agus ionstraimí tuairiscithe eile mar atá léirithe in athbhreithnithe an AE agus an UNFCCC;

- Iomláine na dtuarascálacha BS arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin agus faoin UNFCCC nuair a chuirtear iad i gcomparáid le riachtanais atá ann cheana féin;

- An úsáid a bhaineann Ballstáit as modheolaíochtaí agus formáidí tuairiscithe coiteanna agus iad ag tuairisciú ar thacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta;

- An úsáid a bhaineann Ballstáit as treoirlínte tuairiscithe agus modheolaíochta intíre agus idirnáisiúnta;

- Iomláine thuarascálacha na mBallstát á gcur faoi bhráid an Choimisiúin agus an UNFCCC i gcomparáid le riachtanais atá ann cheana féin;

- An úsáid a bhaineann Ballstáit as cleachtais agus formáidí tuairiscithe coiteanna le haghaidh réamh-mheastachán, beartas, beart agus astaíochtaí iarbhír;

- Infhaighteacht sonraí agus faisnéise agus cruthú sreafaí faisnéise nua sna réimsí sonraithe sa togra.

1.5.        Na forais leis an togra/tionscnamh

1.5.1.     Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is é cuspóir gearrthéarmach an togra seo ná cur go suntasach le cuspóir laghdaithe astaíochtaí an AE do 2020 agus Straitéis 2020 an AE a bhaint amach. Baineann cuspóir fadtéarmach leis an togra freisin, eadhon laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach san AE tar éis 2020.

Sa ghearrthéarma, beidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta soláthair a sheoladh chun an cúnamh teicniúil atá de dhíth chun an togra a chur chun feidhme a ghnóthú, go háirithe don athbhreithniú fardail saineolach dá bhforáiltear in Airteagal 20 den togra.

1.5.2.     Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Ní mór roinnt de na forálacha a áirítear sa togra seo a chur chun feidhme ar leibhéal an AE de bharr go bhfuil sé riachtanach faoi dhlí an AE, eadhon Cinneadh Uimh. 406/2009/CE agus an Treoir 2003/87/CE athbhreithnithe.

Ós rud é go ndéantar na gealltanais uileghabhálacha aeráide ar leibhéal an AE, tá sé níos éifeachtaí freisin na hionstraimí tuairiscithe riachtanacha a fhorbairt ar leibhéal an AE. Chomh maith leis sin, chun na fadhbanna sainaitheanta a shárú, cosúil le comhsheasmhacht agus tráthúlacht de chuid tuairisciú an AE agus na mBallstát do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ní mór sonraí agus modhanna a chomhordú thar an 27 Ballstát, rud ar féidir a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtaí ar leibhéal an AE.

1.5.3.     Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Cuireann an togra na ceachtanna a foghlaimíodh trí Chinneadh Uimh. 280/2004/CE a chur chun feidhme agus an t-aiseolas a fuarthas ó gheallsealbhóirí san áireamh. Tá sé mar aidhm ag an togra díriú ar na laigí agus fadhbanna sainaitheanta agus riachtanais tuairiscithe a shimpliú, de réir mar is infheidhme. Is léir, ach go háirithe, i bhfianaise na taithí i gcur chun feidhme an MMD nár tháinig na torthaí a rabhthas ag súil leo (m.sh. táscairí éilithe) ó riachtanais tuairiscithe áirithe nó nár úsáideadh an fhaisnéis sa chaoi inar ceapadh go n‑úsáidfí í. Dá bhrí sin déantar leasú ar na riachtanais sin lena áirithiú go mbaineann brí agus cuspóir leis an tuairisciú. Déantar riachtanais nua a ailíniú le faisnéis agus sruthanna tuairiscithe atá ann cheana féin.

1.5.4.     Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhédfadh a bheith ann le hionstraimí eile

Baineann an togra go dlúth leis an Straitéis Eoraip 2020 agus leis an bpríomhthionscnamh Eoraip 2020 d’Eoraip ó thaobh éifeachtúlachta acmhainní de. Tá sé comhsheasmhach le beartais aeráide, fuinnimh agus sóisialta an AE agus comhlántach dóibh.

1.6.        Fad agus tionchar airgeadais

¨ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh in éifeacht ó [LL/MM]BBBB go [LL/MM]BBBB

– ¨  Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB

x Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Is cosúil go gcuirfear tús le cur chun feidhme in 2013, ag brath ar dhul chun cinn an phróisis reachtaíochta

1.7.        Modhanna bainistíochta atá beartaithe[25]

x Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ¨  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[26]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Teideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha laistigh den bhrí Airteagail 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Beidh na Ballstáit freagrach as formhór den togra seo a chur chun feidhme. Tabharfaidh an Coimisiún Treoir do na Ballstáit agus déanfaidh sé measúnú ar na tuarascálacha arna dtíolacadh acu. Déanfaidh sé seiceáil, athbhreithniú agus tiomsú ar roinnt den fhaisnéis a bheidh san áireamh sna tuarascálacha sin.

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.        Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Má chomhlíonann na tuarascálacha arna n‑iarraidh faoin togra na ceanglais intíre agus idirnáisiúnta leireofar cibé an mbaineann an togra amach a chuid cuspóirí.

Leanfar de measúnú a dhéanamh ar na tuarascálacha arna n‑ullmhú faoin togra ag leibhéal an AE agus/nó ag leibhéal idirnáisiúnta ar bhonn bliantúil, gach 2 bhliain agus/nó gach 4 bliana. Leanfaidh an measúnú ar astaíochtaí iarbhír le bheith cuimsitheach agus curtha i gcrích ag saineolaithe ar leibhéal AE agus idirnáisiúnta araon. Is í sprioc an mheasúnaithe ná cabhair a thabhairt chun tuairisciú a fheabhsú agus comhlíonadh spriocanna agus gealltanas a mheas. Moltar anois go ndéanfaí measúnú freisin ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí aeráide eile go léir ar bhonn bliantúil ar leibhéal an AE le béim á leagan ar iomláine agus ar chomhlíonadh treoraíochta, agus déanfar an measúnú sin gach 2 agus/nó 4 bliana ar leibhéal idirnáisiúnta. Arís, is saineolaithe a chuireann an measúnú i gcrích agus tá sé mar aidhm comhlíonadh a mheas agus réimsí a shainaithint le haghaidh breis feabhsúcháin.

2.2.        Córas bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.     Na Rioscaí a aithníodh

De bhrí gur rialachán é an togra, ní bhaineann trasuí náisiúnta leis. Tá teorainn leis na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an rialacháin seo de bharr gurb ionann an mheicníocht bheartaithe agus leanúint den mheicníocht reatha agus feabhas a chur uirthi.

2.2.2.     Modhanna rialaithe atá beartaithe

Beidh na bearta a ghlacfar chun déileáil lena leithéid de rioscaí mar a chéile leo siúd atá in úsáid anois: comhphlé agus comhar méadaithe leis na Ballstáit, go háirithe tríd an gCoiste um Athrú Aeráide agus a chuid grúpaí oibre, úsáid á baint as coisteolaíocht agus as cúnamh teicniúil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.

2.3.        Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó beartaithe.

I bhfianaise na suimeanna atá i gceist agus an cineál soláthair, ní chruthaíonn an tionscnamh seo rioscaí calaoise ar leith. Déanfaidh an Coimisiún bainistiú agus rialú ar an obair trí úsáid a bhaint as a chuid uirlisí rialta go léir, cosúil le Plean Bainistíochta Bliantúil na hArd-Stiúrthóireachta CLIMA.

Tá ábharthacht ar leith le caighdeáin rialaithe inmheánaigh Uimh. 2, 7, 8, 9, 11, 12, 13, 15 agus 16. Ina theannta sin, cuirfear na prionsabail atá leagtha síos i Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/202 ón gComhairle (an 'Rialachán Airgeadais') agus a chuid rialacha cur chun feidhme i bhfeidhm go hiomlán.

Beidh na nósanna imeachta soláthair á rialú ag ciorcad airgeadais na hArd-Stiúrthóireachta CLIMA: ciorcad atá díláraithe i bpáirt lena mbaineann neamhspleáchas ordlathach ó AO(s)D na ndaoine i mbun tionscnaimh agus fíoraithe airgeadais.

Déanfaidh coiste rialaithe inmheánach (ENVAC) scrúdú freisin ar an bpróiseas maidir leis an gconraitheoir a roghnú agus déanfaidh sé fíorú ar chomhsheasmhacht na nósanna imeachta arna nglacadh ag na hOifigigh Údaráis le rialacha an Rialacháin Airgeadais agus leis na Rialacha Cur Chun Feidhme le haghaidh meascán de shampla randamach agus de shampla bunaithe ar riosca de chonarthaí soláthair phoiblí.

I dteannta leis na bearta sin, leagfar síos i ngníomhartha tarmligthe treoirlínte teicniúla a rialaíonn na hathbhreithnithe saineolacha dá dtagraítear in Airteagal 20 freisin. Áiritheofar leis na treoirlínte sin go bhfuil na daoine atá i mbun na n-athbhreithnithe saineolacha a dhéanamh neamhspleách agus cáilithe go cuí.

3.           TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSNAMH

3.1.        Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na líne buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Tuairisc…………………...……….] || LD/LN ([27]) || ó thíortha an CSTE[28] || ó thíortha is iarrthóirí[29] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagail 18(1) (aa) de chuid an Rialacháin Airgeadais

2 || 07.12.01 [Reachtaíocht agus beartas an Aontais maidir le gníomhú ar son na haeráide á gcur chun feidhme] || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

5 || 07.01.02.11 [Caiteachas bainistíochta eile] || LN || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh – NÍL

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir [Ceannteideal……………………………………..] || LN/LD || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagail 18(1) (aa) de chuid an Rialacháin Airgeadais

|| [XX.YY.YY.YY] || || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL || TÁ/NÍL

3.2.        An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

3.2.1.     Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

CUIRFEAR AN TOGRA CHUN FEIDHME AG BAINT ÚSÁIDE AS AN mBUISÉAD EISEACH AGUS NÍ BHEIDH TIONCHAR AIGE AR AN gCREAT AIRGEADAIS ILBHLIANTÚIL.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Líon || [Ceannteideal 2]

DG: <CLIMA> || || || Bliain N[30] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid 07.12.01 || Oibleagáidí || (1) || 0.2540 || 1.6310 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 10.04

Íocaíochtaí || (2) || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9.665

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach[31] || || || || || || || ||

Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG <CLIMA> || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 0.2540 || 1.6310 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 10.04

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9.665

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 0 .2540 || 1. 6310 || 1. 631 || 1. 631 || 1. 631 || 1. 631 || 1 .631 || 10.04

Íocaíochtaí || (5) || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9.665

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL <2> den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáisí || =4+ 6 || 0.2540 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 10.04

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9.665

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal amháin:

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 0.2540 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 10,04

Íocaíochtaí || (5) || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9,665

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || 0.2540 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 10,04

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0.2540 || 1.256 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 1.631 || 9,665

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 ||  Caiteachas riaracháin ‘

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

DG: <CLIMA> ||

Ÿ Acmhainní daonna || 0.254 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 3.302

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 1.925

IOMLÁN DG <CLIMA> || Leithreasaí || 0.529 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 5.227

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0.529 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 5.227

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain N[32] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || …tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 0.783 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 15.267

Íocaíochtaí || 0.783 || 2.039 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 2.414 || 14.892

3.2.2.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí nua (tá an tionscnamh mar chuid den chreat airgeadais reatha)

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || …tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál aschuir[33] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Beartas agus reachtaíocht AE maidir le gníomhú ar son na haeráide a chur chun feidhme (cód ABB 07 12)

- Aschur || Cúnamh teicniúil || 0.717 || 2 || 0.254 || 2 || 1.631 || 2 || 1.631 || 2 || 1.631 || 2 || 1.631 || 2 || 1.631 || 2 || 1.631 || 14 || 10.04

Fo-iomlán don chuspóir SONRACH || 1 || 0.254 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 7 || 10.04

COSTAS IOMLÁN || 1 || 0.254 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 1 || 1.631 || 7 || 10.04

3.2.3.     An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

3.2.3.1.  Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos: (tá an tionscnamh mar chuid den chreat airgeadais reatha)

Beidh na riachtanais le haghaidh leithreasaí de chineál riaracháin á gcomhlíonadh ag an leithdháileadh atá sannta cheana féin chun bainistíocht na gníomhaíochta seo agus/nó atá ath‑imscartha laistigh den DG, á bhforlíonadh, más gá, ag aon leithdháileadh breise arna dheonú ar an DG bainistíochta faoi chreat an nós imeachta leithdháilte bliantúil, faoi réir srianta buiséadacha.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N[34] || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || …tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0.254[35] || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 0.508 || 3.302

Caiteachas riaracháin eile || 0.275[36] || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 0.275 || 1. .925

Fo-iomlán CHEANNTEIDIL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0. 529 || 0 .783 || 0 .783 || 0 .783 || 0. 783 || 0 .783 || 0 .783 || 5. 227

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[37] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0

IOMLÁN || 0.529 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 0.783 || 5.227

3.2.3.2.  Na n-acmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanais

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– x Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna leithdháilte i láthair na huaire, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) ||

|| 07 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíochta an Choimisiúin) || 254000[38] || 508000 || 508000 || 508000 || 508000 || 508000 || 508000

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha : FTE)[39] ||

|| XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach domhanda’) || || || || || || ||

|| XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || || || || || || ||

|| XX 01 04 yy [40] || - sa Cheanncheathrú[41] || || || || || || ||

|| - i dtoscaireachtaí || || || || || || ||

|| XX 01 05 02 (CA, INT, SNE — Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE — Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || 254000 || 508000 || 508000 || 508000 || 508000 || 508000 || 508000

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha

.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le baint amach:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Gníomh a ghlacadh chun riachtanais an Choimisiúin (m.sh. tuarascálacha BS a athbhreithniú, anailís a dhéanamh, faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme) a chur chun feidhme.

Pearsanra seachtrach ||

3.2.4.     Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– x Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[42].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

[…]

3.2.5.     Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– x Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑measta thíos:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || || || || || || || ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || || || || || || || ||

3.3.        An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– x Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

¨         ar acmhainní dílse

¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncam : || Leithreasaí atá ar fáil don tréimhse bhuiséadeach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[43]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || … iontráil na colúin a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

….

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

….

[1]               IO L 49, 19.2.2004, lch.1.

[2]               IO L 33, 7.2.1994, lch.11.

[3]               IO L 130, 15.5.2002, lch.1.

[4]               IO L 55, 1.3.2005, lch.57.

[5]               http://ec.europa.eu/clima/consultations/0008/index_en.htm

[6]               IO C ,, lch. .

[7]               IO C ,, lch. .

[8]               IO L 49, 19.2.2004, lch.1.

[9]               IO L 33, 7.2.1994, lch.13.

[10]             IO L 130, 15.5.2002, lch.4.

[11]             IO L 140, 5.6.2009, lch.136.

[12]             IO L 140, 5.6.2009, lch. 63.

[13]             IO L 297, 31.10.1988, lch.21.

[14]             IO L 275, 25.10.2003, lch. 32.

[15]             IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

[16]             IO L 309, 27.11.2001, lch. 22.

[17]             IO L 161, 14.6.2006, lch. 1.

[18]             IO L 304, 4.11.2008, lch. 1.

[19]             COM(2009)147 Críochnaitheach.

[20]             IO L 8, 13.1.2009, lch. 3.

[21]             IO L 130, 15.5.2002, lch. 1.

[22]             IO L 55, 28.2.2011, lch.13.

[23]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí, ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[24]             Mar a tagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[25]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html.

[26]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[27]             LD. = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[28]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. .

[29]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[30]             Is í Bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is ionann 2013 agus an meastachán is fearr do N i láthair na huaire.

[31]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE a chur chun feidhme (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach.

[32]             Is í Bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[33]             Is ionann aschur agus táirgí/seirbhísí atá le soláthar (m.sh.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, s.rl.).

[34]             Is í Bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

[35]             Cuimsíonn na suimeanna bliantúla go léir ar an líne seo 0,127M€ i ndáil le baill foirne ag obair ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE (atá aisghairthe faoin Togra).

[36]             Baineann na suimeanna bliantúla ar an líne seo le costais reatha i ndáil le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE (atá aisghairthe faoin Togra).

[37]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach.

[38]             Cuimsíonn na suimeanna bliantúla go léir ar an líne seo 0,127M€ i ndáil le baill foirne ag obair ar chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 280/2004/CE (atá aisghairthe faoin Togra).

[39]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta (‘Intérimaire’); JED = ‘Jeune Expert en Délégation’ (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[40]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (línte ‘BA’ roimhe seo).

[41]             Go príomha do Chistí Struchtúrtha, Ciste Talmhaíochta na hEorpa um Fhorbairt Tuaithe (EAFRD) agus Ciste Iascaigh na hEorpach (EFF).

[42]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[43]             A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, .i.e. méideanna comhlána agus 25 % de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.