52011PC0760

/* COIM/2011/0760 leagan deireanach - 2011/0345 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Is é cuspóir an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin ("an Plean" anseo feasta) a leasú. Glacadh an gníomh seo sular tháinig an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm.

Tá sé mar phríomhchuspóir ag an bplean a áirithiú go ndéantar an stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban a shaothrú ar bhonn na huastáirgeachta inbhuanaithe (Airteagal 3(1)). Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar síos sa Phlean rialacha maidir le deiseanna bliantúla iascaireachta a bhunú don stoc sin i dtéarmaí na gabhála iomláine is incheadaithe. Baineann na rialacha sin leas as paraiméadair áirithe theicniúla, agus déantar stádas caomhnaithe an stoic a mheas a bheith níos fearr nó níos measa ar bhonn na bparaiméadar sin, agus dá bhrí sin déantar a mheas an bhfuiltear níos faide ó chuspóir an Phlean a bhaint amach, nó níos giorra dó. Tá na paraiméadair sin eolaíochtbhunaithe, ní rogha beartais iad. Féadfaidh forbairt agus feabhas teacht ar an eolaíocht, agus ní mór na forálacha is gá a bheith sa Phlean chun a áirithiú go gcoinnítear cothrom le dáta é leis an eolaíocht is fearr is féidir.

Dá bhrí sin, deirtear go sonrach in Airteagal 7 go mbeidh ar an gComhairle na paraiméadair sin a athbhreithniú má dhealraíonn sé nach bhfuil uasrátaí básmhaireachta na hiascaireachta agus leibhéil ghaolmhara bhithmhaise an stoic sceite arna n-úsáid chun críoch an Phlean iomchuí a thuilleadh i bhfianaise comhairle eolaíche, chun a áirithiú gur féidir leis an bplean a chuspóirí bainistíochta a bhaint amach. Dá bhrí sin, tugann an téacs seo an chumhacht don Chomhairle na heilimintí neamhriachtanacha sin den Phlean a leasú. Níl an nós imeachta cinnteoireachta sin indéanta a thuilleadh faoin CFAE.

A dhála sin, déantar foráil in Airteagal 8 maidir leis an gComhairle ag déanamh modhnú ar eilimintí áirithe den phlean (lena n-áirítear na leibhéil tagartha bhitheolaíocha arna leagan amach in Airteagal 3(2) agus a luaitear freisin in Airteagal 4(2) go 4(5) agus in Airteagal 9). Léirítear in Airteagal 1 mar atá anois an limistéar ina gcuirtear an plean i bhfeidhm. Is iomchuí an tagairt don limistéar geografach ina gcuirtear an plean i bhfeidhm a scriosadh, tagairt ar cheart í a bheith mar chuid den sainmhíniú ar an stoc. Déanfar sin mar, agus na gabhálacha iomláine is incheadaithe (TACanna) á socrú nó saothrú fadtéarmach á rialú tríd an bplean, ba cheart do na TACanna agus don phlean bheith ag cloí le bitheolaíocht an stoic, seachas a mhalairt. Bheadh torthaí míloighiciúla ar a mhalairt: dá dtiocfadh athrú ar iompar bitheolaíoch an stoic, mar shampla, agus dá rachadh sé ar imirce ar bhonn buan go háit éigin eile, bheadh an plean agus na TACanna á gcur i bhfeidhm ar limistéar a bhí "bán" ó thaobh scadán de.

Déantar foráil in Airteagal 290 den CFAE maidir le gníomh reachtach lena bhféadfar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun gnéithe neamhriachtanacha áirithe den ghníomh reachtach sin a fhorlíonadh nó a leasú. Mar thoradh air sin, ba cheart an nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 den Rialachán a aistriú isteach i gcóras de chumhachtaí tarmligthe atá le feidhmiú ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Phlean féin agus i gcás ina bhfuil léirithe san anailís go bhféadfaí na nósanna imeachta atá á mbeartú faoi láthair a mheas mar chumhachtaí tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFEA. Ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

Tá an leasú sin teoranta d'athruithe a chuireann ar chumas an phlean seo bheith ag obair go héifeachtúil laistigh den chreat nua cinnteoireachta arna bhunú le Conradh Liospóin.

2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR

Neamhbhainteach.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

• Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Na cumhachtaí atá le tarmligean don Choimisiún a shainiú i Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle agus an nós imeachta comhfhreagrach chun na gníomhartha sin a ghlacadh a bhunú, agus forálacha áirithe a oiriúnú do nósanna imeachta cinnteoireachta Chonradh Liospóin.

• Bunús dlí

Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

• Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh.

• Prionsabal na comhréireachta

Déanann an togra seo leasú ar bhearta atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle, agus níl aon chúis imní ann faoi phrionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

• Rogha na hionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh ionstraimí eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas: ní mór Rialachán a leasú le Rialachán eile.

Déanann an togra modhnú ar Airteagal 1, 2, 7 agus 8 den Phlean chun tarmligean cumhachtaí a thabhairt don Choimisiún, agus tugtar isteach leis Airteagal 9a nua ina luaitear go sonrach na coinníollacha faoina dtugtar an tarmligean sin. Cloíonn an dréachtú leis na clásail chaighdeánacha a ghabhann leis an gComhthuiscint maidir le gníomhartha tarmligthe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. Níl gá le haon nós imeachta éigeandála.

2011/0345 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Tugtar de chumhacht don Chomhairle le Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil don stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban agus do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc sin, bearta leantacha a dhéanamh maidir le huasrátaí básmhaireachta na hiascaireachta agus le leibhéil ghaolmhara bhithmhaise an stoic sceite atá sonraithe in Airteagal 3(2) agus dá dtagraítear in Airteagal 4(2), Airteagal 4(5) agus Airteagal 9 den Rialachán, agus na rátaí agus na leibhéil sin a athbhreithniú.

2. I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, féadfar a thabhairt de chumhacht don Choimisiún eilimintí neamhriachtanacha de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

3. Chun gur féidir na spriocanna atá leagtha amach sa phlean ilbhliantúil a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil agus chun go mbeidh freagairt ghasta ar athruithe ar dhálaí an stoic, ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, uasrátaí básmhaireachta na hiascaireachta agus leibhéil ghaolmhara bhithmhaise an stoic sceite a athbhreithniú i gcás ina léiríonn na mionsonraí eolaíocha nach iomchuí na luachanna sin a thuilleadh chun cuspóir an phlean a bhaint amach.

4. Toisc gur speiceas imirceach iad scadáin in uiscí iarthar na hAlban, ba cheart go bhféadfaí iad a aithint ó stoic eile tríd an limistéar ina bhfuil siad faoi láthair a shonrú, ach níor cheart cosc a chur le cur i bhfeidhm an phlean seo i gcás ina n-athraíonn an speiceas a nósanna soghluaisteachta. Ba cheart Airteagal 1 agus Airteagal 2 a mhodhnú dá réir sin.

5. Tá sé ríthábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí mar chuid den obair réamhullmhúcháin, lena n-áirítear comhairliúcháin le saineolaithe.

6. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

7. Tráth a dhéanfar an leasú sin, ba cheart an botún atá i gceannteideal Airteagal 7 a cheartú.

8. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 mar a leanas:

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

"Airteagal 1Ábhar

"Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn an stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban."

10. [Cuirtear pointe (e) seo a leanas isteach in Airteagal 2:

"(e) ciallaíonn "an stoc scadán in uiscí iarthar na hAlban" an stoc scadán ( clupea harengus ) a áitíonn uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta I roinn Vb, VIa agus VIb den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES)."

11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

"Airteagal 7

Athbhreithniú ar uasrátaí básmhaireachta na hiascaireachta agus ar leibhéil ghaolmhara bhithmhaise an stoic sceite

I gcás ina léiríonn na mionsonraí eolaíocha nach iomchuí luachanna uasrátaí básmhaireachta na hiascaireachta agus leibhéil ghaolmhara bhithmhaise an stoic sceite atá sonraithe in Airteagal 3(2), Airteagal 4(2) go 4(5) agus in Airteagal 9 a thuilleadh chun an cuspóir atá leagtha amach in Airteagal 3(1) a bhaint amach, socróidh an Coimisiún luachanna nua do na rátaí agus do na leibhéil sin trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 9a."

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

"Airteagal 8

Meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean ilbhliantúil

"Gach ceithre bliana amhail ón 18 Nollaig 2008, déanfaidh an Coimisiún oibríocht agus feidhmíocht an phlean ilbhliantúil a mheas. I gcás inar iomchuí, féadfaidh an Coimisiún oiriúnaithe ar an bplean ilbhliantúil a mholadh nó féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7."

13. Cuirtear isteach Airteagal 9a mar seo a leanas:

"Airteagal 9a

An tarmligean a fheidhmiú

"1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 ar feadh tréimhse éiginnte ó [ll/mm/bbbb] [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an rialacháin seo].

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin arna shonrú sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8 i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil agóid déanta ag Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, roimh don tréimhse sin dul in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1]