Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime /* COIM/2011/0753 leagan deireanach - 2011/0368 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Tá méadú seasta ag teacht ar thábhacht na
mbeartas a bhaineann le limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais le
blianta beaga anuas. Tá na beartais seo i gcroílár an
tionscadail Eorpaigh chun limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú a
bhféadfaidh saoránaigh an AE agus náisiúnaigh tríú tíortha dul isteach,
gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua, caipiteal, eolas
agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí náisiúnta an tsaothair
á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n-urramú go hiomlán
agus a slándáil deimhnithe. Trí Chlár Stócólm 2009, daingníodh tábhacht
mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile[1], agus ina
theannta sin, tá sé ar cheann de na réimsí a ndearnadh athruithe tábhachtacha
orthu faoi Chonradh Liospóin. I réimse na Slándála
Inmheánaí, cuireadh treoir shoiléir ar fáil i ndoiciméid ríthábhachtacha,
amhail an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis Slándála
Inmheánaí,[2] faoi threo na ngníomhaíochtaí sna blianta atá romhainn. Réimse í an
tslándáil inmheánach ina mbeidh dúshláin mhóra le sárú ag an Aontas feasta. Bagairtí tromchúiseacha a bheidh sa sceimhlitheoireacht, sa
choireacht eagraithe, san éilliú, sa chibearchoireacht agus sa gháinneáil ar
dhaoine agus ar airm i gcónaí. Meastar nach mbeidh aon athrú is cuid suntais ar
leibhéil chomhlána na coireachta ach go dtiocfaidh athrú ar a cineál mar go
mbainfidh na coirpigh úsáid as teicneolaíochtaí nua chun a gcionta a chur i gcrích.
Is é is dóichí go méadófar ar an gcoireacht trasteorann agus ar an gcoireacht
eagraithe, agus go n-éireoidh siad níos sofaisticiúla agus níos idirnáisiúnta
ina gcineál. Meastar go dtiocfaidh méadú ar chineálacha áirithe coireachta,
amhail calaois, sciúradh airgid agus cibearchoireacht. Ní mór gníomhaíochtaí
eile a dhéanamh ionas gurb éifeachtaí is féidir bonneagar criticiúil an Aontais
a chosaint, i gcoinne ionsaithe sceimhlitheoireachta go háirithe, agus chun cur
chuige comhtháite a chur á fhorbairt ag an Aontas maidir le bainistiú riosca
agus géarchéime. Le tabhairt faoi na deacrachtaí seo go léir a bheidh romhainn,
ní mór gníomhaíochtaí feabhsaithe a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ionas gur
féidir na saoránaigh a chosaint ar bhagairtí a bheidh níos trasnáisiúnta ina
gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an saothar oibríochta a dhéanfaidh údaráis
inniúla na mBallstát, lena n-áirítear trí chistiú leordhóthanach an Aontais. Sa
chomhthéacs seo, iarradh go sainráite i gClár Stócólm go gcruthófaí Ciste chun tacú
le cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí agus chun cur chuige
comhleanúnach cuimsitheach a bhunú ar mhaithe leis an gcomhoibriú i
bhforghníomhú an dlí, lena n-áirítear bainistiú theorainneacha seachtracha an
Aontais. In aghaidh an chúlra sin, mhol an Coimisiún,
ina thogra ar an 29 Meitheamh 2011 maidir leis an gcéad chreat airgeadais
ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020[3], go gcuirfí Ciste
Slándála Inmheánaí ar bun mar chuid de struchtúr simplithe dé-Chiste ar mhaithe
leis an gcaiteachas a dhéanfar sa todhchaí i réimse na ngnóthaí baile, lena
n-áirítear freisin Ciste Tearmainn agus Imirce. Beidh
buiséad domhanda ionann agus EUR 4,648 milliún (praghsanna reatha) ag an gCiste
Slándála Inmheánaí le tacú le cur chun feidhme na gcúig chuspóir straitéiseacha
atá leagtha amach sa Straitéis Slándála Inmheánaí: na líonraí coireachta
idirnáisiúnta a chur dá dtreoir; an sceimhlitheoireacht a chosc agus tabhairt
faoi radacú agus faoi earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus
do ghnólachtaí sa chibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe
teorann; agus cur le stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus
tubaistí. De bharr bhoinn éagsúla
na gConarthaí le haghaidh an raoin leathain de chuspóirí a bheidh le clúdach, ní féidir ó thaobh dlí an Ciste Slándála Inmheánaí a bhunú i gcáil
ionstraime airgeadais aonair. Tá sé beartaithe mar
sin an Ciste a bhunú mar chreat airgeadais cuimsitheach, ina gcuimseofar dhá
thogra sainiúil don earnáil - an togra seo ar cheann acu –, arna gcomhlánú ag
ionstraim chothrománach ina leagfar síos forálacha coiteanna. Tá níos mó mionsonraí
faoin struchtúr dlí le fáil i Roinn 3. 2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR I gcomhréir leis an mbéim níos mó a chuirtear ar
an meastóireacht mar ionstraim le bonn a chur faoi cheapadh beartas, tá torthaí
meastóireachta, an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus an measúnú
tionchair mar bhonn leis an togra seo. Cuireadh tús in 2010 leis an obair ullmhúcháin
ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile
agus leanadh ar aghaidh léi sa bhliain 2011. Mar chuid den obair ullmhúcháin
sin, seoladh staidéar meastóireachta/measúnaithe tionchair i mí na Nollag 2010
le cúnamh ó chonraitheoir seachtrach. Tugadh an staidéar chun críche i mí Iúil
2011 agus tugadh le chéile ann na torthaí meastóireachta a bhí ar fáil maidir
leis na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus cuireadh eolas ar fáil le
haghaidh na bhfadhbanna, na gcuspóirí agus na roghanna beartais, lena
n-áirítear an iarmhairt is dócha a bheadh acu, a ndearnadh iniúchadh orthu sa
mheasúnú tionchair. Agus an staidéar seo mar bhonn aige, d’ullmhaigh an
Coimisiún tuarascáil um measúnú tionchair, faoinar thug an Bord um Measúnú
Tionchair a thuairim ar an 9 Meán Fómhair 2011. I gcomhréir leis
an mbéim mhór a chuirtear anois ar an meastóireacht mar ionstraim le bonn a
chur faoi cheapadh beartas, cuireadh san áireamh go hiomlán sa togra reachtach
seo freisin an mheastóireacht mheántéarma fhoirmiúil a rinneadh ar an gClár
Ginearálta “An tSlándáil agus Cosaint na Saoirsí”[4],
ina gcuimsítear cur chun feidhme na gclár ISEC (An Choireacht a Chosc agus a
Chomhrac) agus CIPS (Cosc na Sceimhlitheoireachta agus rioscaí eile a bhaineann
leis an tSlándáil, an Ullmhacht lena nAghaidh, agus a nIarmhairtí a Bhainistiú)
idir 2007 agus 2009. Ina thuarascáil ar an 16
Meitheamh 2011, rinne an Coimisiún measúnú ar na
gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla a bhain le cur chun feidhme na gClár
agus leis na torthaí a baineadh amach, lena n-áirítear mapáil bheacht ar
ghníomhaíochtaí na gclár, anailís ar fheidhmiú na dtionscadal a maoiníodh agus
athbhreithniú ar na hionstraimí agus ar na meicníochtaí cur chun feidhme
d’fhonn bearta ceartaitheacha féideartha a shainaithint. Cuireadh san áireamh na torthaí ar
chomhairliúchán poiblí tiomnaithe ar líne maidir le todhchaí an chistiúcháin do
ghnóthaí baile[5], comhairliúchán a mhair
ón 5 Eanáir go dtí an 20 Márta 2011 agus a raibh páirtithe leasmhara ó laistigh
den Aontas agus ó thríú tíortha in ann páirt a ghlacadh ann agus an togra seo á
ullmhú. Fuarthas 115 freagra san iomlán ó dhaoine
aonair agus thar ceann eagraíochtaí, lena n-áirítear 8 ndearcpháipéar. Ghlac
freagróirí ó na Ballstáit uile chomh maith le freagróirí i roinnt tríú tíortha
páirt sa chomhairliúchán. In Aibreán 2011 tugadh le chéile sa chomhdháil
"The future of EU funding for Home Affairs: A
Fresh Look” (Todhchaí Chistiú an AE do Ghnóthaí Baile: Breithiúnas úr) na
príomhpháirtithe leasmhara (na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta,
eagraíochtaí na sochaí sibhialta etc) agus tugadh deis dóibh a gcuid tuairimí a
chur in iúl dá chéile maidir le todhchaí chistiú an Aontais do ghnóthaí baile.
Ba ócáid í an chomhdháil freisin chun toradh an bhreithnithe agus an chomhairliúcháin
phoiblí a bhailíochtú. Pléadh todhchaí chistiú an AE do ghnóthaí
baile le páirtithe leasmhara institiúideacha go minic ag ócáidí éagsúla: lena
n-áirítear, díospóireacht neamhfhoirmiúil lóin le linn na Comhairle um Cheartas
agus um Ghnóthaí Baile ar an 21 Eanáir 2011, bricfeasta neamhfhoirmiúil le
comhordaitheoirí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ar an 26 Eanáir 2011, ag
éisteacht an Choimisinéara Malmström os comhair Choiste SURE na Parlaiminte ar
an 10 Márta 2011 agus le linn d’Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí
Baile agus do Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
na Parlaiminte a gcuid tuairimí a chur in iúl dá chéile ar an 17 Márta 2011. Cuireadh saineolas ar
leith ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo i réimse na
Slándála Inmheánaí ar fáil trí bhíthin díospóireachtaí a eagraíodh le linn
chruinniú COSI an 5 Deireadh Fómhair 2010 áit ar mhalartaigh ionadaithe na
mBallstát agus ionadaithe na ngníomhaireachtaí (Eurojust, Europol, CEPOL agus
Frontex) a gcuid tuairimí mar thosach agus le linn Chomhdháil EOS maidir leis
an Tionsclaíocht agus an tSlándáil an 9 Feabhra 2011. Ina theannta sin, pléadh
gnéithe a bhain le cur chun feidhme na hionstraime airgeadais a bheidh ann
amach anseo i réimse na Slándála Inmheánaí le saineolaithe na Ballstát le linn
chruinnithe dhá choiste an Chláir Ghinearálta ar mhaithe leis an tSlándáil agus
le Cosaint na Saoirsí (ISEC agus CIPS) an 15 Feabhra agus an 18 Iúil 2011. Deimhníodh leis na comhairliúcháin, na comhdhálacha
agus le pléite na saineolaithe seo go bhfuil comhaontú foriomlán ann i measc na
bpríomhpháirtithe leasmhara maidir leis an ngá le raon feidhme na gníomhaíochta
i ndáil le cistiú ón Aontas a leathnú i réimse na slándála inmheánaí, lena
n-áirítear maidir lena gné sheachtrach, agus gur gá féachaint leis na
meicníochtaí soláthair a shimpliú agus a dhéanamh níos solúbtha, go háirithe le
bheith in ann freagairt d’éigeandálaí. D’fhonn cur
lena luach, ba cheart go bhfreagródh caiteachas an Aontais ní b’fhearr do
thosaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ba cheart go dtacódh gealltanais
straitéiseacha le cur chun feidhme acquis ghnóthaí baile an Aontais. I réimse
na slándála inmheánaí, mheas na páirtithe leasmhara go raibh na tosaíochtaí
téamacha leathana socraithe cheana ag Clár Stócólm na bliana 2009 agus ag
Straitéis Slándála Inmheánaí na bliana 2010. Ba cheart mar sin sainiú
cuimsitheach a dhéanamh ar mheicníocht chistiúcháin a bheidh ann amach anseo,
ina gcuimseofar forghníomhú an dlí, gardaí teorann agus pobail chustaim.
Measadh go raibh sé tábhachtach freisin úsáid níos fearr a bhaint as
gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Europol agus Frontex. Léiríodh
tacaíocht leathan chun líon na n-ionstraimí airgeadais a laghdú go struchtúr
dé-Chiste, ar an gcoinníoll go ndéanfaí cúrsaí a shimpliú dá bharr. D’aontaigh
na páirtithe leasmhara freisin go raibh gá le meicníocht sholúbtha
phráinnfhreagartha. Measadh tríd is tríd gurbh í bainistíocht chomhpháirteach
ina ndéanfaí athrú chuig clárú ilbhliantúil an modh bainistíochta iomchuí i
gcomhair an chaiteachais ar ghnóthaí baile. Ach ba é tuairim na n-eagraíochtaí
neamhrialtasacha, áfach, gur cheart leanúint freisin den bhainistiú díreach. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le
hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina sonraítear “cuirfidh an
tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan
teorainneacha inmheánacha, ina n-áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta
le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann
agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac”. Cosnaítear gníomhaíocht an Aontais ar fhorais
na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, “an Conradh” anseo ina dhiaidh seo, ina leagtar amach modh
chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú. Tá an Rialachán bunaithe
ar ilbhunúis dlí i dTeideal V den Chonradh i limistéar na saoirse, na slándála
agus an cheartais (Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE). Is
ionann na hairteagail seo agus bunúis dlí chomhoiriúnacha i bhfianaise na
sainghnéithe a bhaineann leis an gcinnteoireacht faoin Teideal seo. I ngeall ar na rialacha vótála éagsúla atá sa
Chomhairle a eascraíonn as an ngeoiméadracht éagsúil de bhun Phrótacal 19
(maidir le acquis Schengen), Phrótacal 21 (seasamh na Ríochta Aontaithe agus na
hÉireann maidir le limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais) agus
Prótacal 22 (seasamh na Danmhairge, lena n-áirítear a seasamh i leith Theideal
V, i gcuid a trí den Chonradh), ní féidir ó thaobh an dlí de aon togra
reachtach cuimsitheach amháin a dhréachtú ar mhaithe le Ciste Slándála
Inmheánaí, ainneoin comhchuibheas na gcuspóirí beartais a dtabharfar aghaidh
orthu. Mar sin tá an Ciste
Slándála Inmheánaí á chruthú mar chreat maoinithe cuimsitheach atá comhdhéanta
de dhá ghníomh ar leith, lena mbunaítear gnéithe éagsúla an Chiste agus lena
leagtar síos cuspóirí, gníomhaíochtaí incháilithe agus clúdaigh gach gné: ·
Rialachán lena mbunaítear, mar chuid den Chiste, an
chomhpháirt lena gcuimsítear comhoibriú na bhfórsaí póilíneachta, coireacht a
chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime; ·
Rialachán lena mbunaítear, mar chuid den Chiste,
comhpháirt an bhainistithe teorann agus an chomhbheartais víosaí. Faoi chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste
Slándála Inmheánaí, cuirfear ar fáil sa rialachán seo tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, malartú faisnéise agus
rochtain ar fhaisnéis, cosc na coireachta agus an comhrac
i gcoinne na coireachta trasteorann, na coireachta eagraithe agus na coireachta
tromchúisí, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, daoine
agus bonneagar criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an
tslándáil agus bainistíocht éifeachtach ar rioscaí agus géarchéimeanna a
bhaineann leis an tslándáil, ag cur comhbheartais ábhartha an AE (straitéisí,
cláir agus pleananna gníomhaíochta), an reachtaíocht, an comhar praiticiúil
agus na measúnuithe bagartha agus riosca san áireamh. Dá
réir sin, ba cheart an dá chlár a chuireann tacaíocht airgeadais ar fáil don
réimse beartais seo faoi láthair (ISEC, CIPS) a aisghairm le héifeacht ón 1
Eanáir 2014, faoi réir ag rialacha idirthréimhseacha. Fad agus a bhaineann sé
leis an gclár CIPS (Cinneadh 2007/124/CE, EURATOM ón gComhairle), ní féidir é
seo a dhéanamh faoi chuimsiú an Rialacháin seo ach tá gníomh dlíthiúil ar
leithligh de dhíth, i ngeall ar na rialacha vótála éagsúla faoin mbonn
dlíthiúil dúbailte atá aige (EC/Euratom). Tríd is tríd, is réimse é seo ina bhfuil luach
breise soiléir ag baint le gníomhaíocht an Aontais seachas na Ballstáit a
bheith ag gníomhú ar a gconlán féin. Ós rud é go
bhfuil deis níos fearr ag an Aontas Eorpach ná mar atá ag na Ballstáit tabhairt
faoi chásanna trasteorann agus ardán a chur ar fáil ar mhaithe le cineálacha
cur chuige comhchoiteanna, is maith a chuidíonn an tacaíocht airgeadais dá
bhforáiltear sa Rialachán seo le cumais náisiúnta agus cumais na hEorpa a
neartú, mar aon le comhoibriú agus comhordú trasteorann, cumarsáid éascaithe
shlán, an líonrú, an chómhuinín agus malartú na faisnéise agus na
ndea-chleachtas. Mar sin féin, admhaítear go hiomlán nach mór na
hidirghabhálacha a dhéanamh ar an leibhéal cuí agus nár cheart ról an Aontais a
leathnú thar a bhfuil riachtanach. Faoi mar a
tugadh chun suntais san Athbhreithniú Buiséid, ba cheart buiséad an AE a úsáid
chun earraí poiblí an AE a mhaoiniú chomh maith le gníomhaíochtaí nach bhfuil
na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás ina bhféadfaí
torthaí níos fearr a fháil.[6] 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Cuimsíonn togra an Choimisiúin le haghaidh an
chéad chreata ilbhliantúil eile togra ionann agus EUR 4.648 milliún (i
bpraghsanna an lae inniu) le haghaidh an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse
2014-2020. Laistigh den chlúdach airgeadais foriomlán
seo, is ionann agus EUR 1,128 milliún na hacmhainní atá le fáil go táscach chun
an Rialachán Sonrach seo a chur chun feidhme. Go táscach, ba cheart 50% den
tsuim seo (EUR 564 milliún) a úsáid le haghaidh chláir náisiúnta na mBallstát
agus ba cheart an 50% eile (EUR 564 milliún) a bhainistiú go lárnach d’fhonn
gníomhaíochtaí an Aontais, gníomhaíochtaí éigeandála agus cúnamh teicniúil a
mhaoiniú. EUR milliún An Ciste Slándála Inmheánaí lena n-áirítear córais TF nua || || 4,648 - Ionstraim um chomhar póilíneachta || || 1,128 - Ionstraim theorann || || 3,520 5. PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA ·
Fócas soiléir ar thosaíochtaí straitéiseacha D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh
éifeachtach leordhóthanach soiléirithe a bhaint amach, moltar sa rialachán seo
tacaíocht airgeadais an Aontais a dhíriú le linn na tréimhse 2014-2020 ar chúig
phríomhthosaíocht straitéiseacha (mar a shainaithnítear iad i straitéis
Slándála Inmheánaí an Aontais): –
coireacht thromchúiseach, eagraithe agus trasteorann
a chosc agus a chomhrac; –
na leibhéil slándála a ardú i leith saoránach agus
gnó sa chibearspás; –
sceimhlitheoireacht a chosc agus tabhairt faoi
radacú agus faoi earcaíocht; –
méadú ar an gcumas bonneagar
criticiúil a chosaint i ngach earnáil eacnamaíoch; agus –
cur le stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna
agus tubaistí. Ní mór do na Ballstáit, agus iad ag leagan
amach a gcuid clár náisiúnta ilbhliantúil, na tosaíochtaí straitéiseacha seo,
atá leagtha síos níos mionsonraithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an
Rialachán seo, a chur san áireamh. D’fhéadfaí iad a
leasú am ar bith le gníomh tarmligthe ar bhonn nós imeachta shimplithe dá
dtiocfadh aon bhagairt nó riosca nua chun solais. Ina theannta sin, le breis
dreasachtaí a chur ar fáil, is féidir ráta cómhaoinithe an AE ar mhaithe le
bearta náisiúnta d’fhonn aon cheann de thosaíochtaí straitéiseacha seo an
Aontais a chur chun feidhme a mhéadú suas le 90%, i gcomhréir leis an Rialachán
Cothrománach, in ionad 75%. Cumhdaítear leis na bearta
tacaíochta nithiúla lena dtacaíonn an Rialachán seo na gníomhaíochtaí sin go
háirithe a neartaíonn cumais oibríochta na mBallstát, amhail comhoibríochtaí
trasteorann, malartú na ndea-chleachtas, an tástáil agus an bailíochtú ar
mhodheolaíochtaí agus ar theicneolaíochtaí nua (le gur féidir tarraingt ar an
taighde slándála arna mhaoiniú ag an Aontas), trealamh teicniúil agus bonneagar
teicniúil a fháil, oiliúint agus malartú foirne, gníomhaíochtaí anailíse amhail
measúnuithe riosca agus bagartha, mar aon le líonrú. Leas a bhaint ar bhonn
níos éifeachtaí as inniúlacht agus as saineolas gníomhaireachtaí ábhartha an
Aontais i réimse na ngnóthaí baile, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin
leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ar fáil de dhroim an Rialacháin Airgeadais[7] laistigh de na hacmhainní atá le fáil de bhun an Rialacháin seo, cur
chun feidhme cúraimí sainiúla a chur ar iontaoibh na ngníomhaireachtaí sin,
faoi chuimsiú a gcuid misean agus mar rud a chomhlánaíonn a gcláir oibre. Maidir leis na tascanna arna gcumhdach leis an Ionstraim
seo, baineann sé seo go háirithe leis an Oifig Eorpach Póilíní (Europol), e.g.
maidir le heagrú foirne comh-imscrúdaithe nó feidhm na deisce cabhraí Prüm,
agus an Coláiste Eorpach Oiliúna (Cepol), e.g. le haghaidh fhorbairt agus chur
chun feidhme na scéimeanna Oiliúna Eorpacha, comhchuraclaim agus comh-mhodúil
théamacha, lena n-áirítear le haghaidh foirne ó údaráis um fhorghníomhú an dlí
ó thríú tíortha ábhartha. ·
Dáileadh na n-acmhainní atá ar fáil Tá dhá chuid sa tsuim iomlán atá ar fáil le
haghaidh na hIonstraime seo i gcomhair na tréimhse 2014-2020: buiséad an
Aontais (EUR 1,128 milliún i bpraghsanna reatha) agus na ranníocaíochtaí –
nach fios go fóill – ag na Ballstáit a bhaineann le cur chun feidhme, cur i
bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen (an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis,
Lichtinstéin) a bheidh rannpháirteach san Ionstraim seo. I measc na mBallstát, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach
sa Rialachán seo agus féadfaidh Éire agus an Ríocht Aontaithe glacadh lena
bheith páirteach ann, i gcomhréir lena bPrótacal faoi seach. Roinnfear an tsuim iomlán
EUR 1,128 milliún go cothrom (cóimheas 50/50): Gheobhaidh na Ballstáit
suim tháscach EUR 564 milliún (i bpraghsanna reatha) le haghaidh a gclár
náisiúnta féin (bainistíocht chomhpháirteach), maidir le gníomhaíochtaí an
Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil, cuirfidh an Coimisiún an
tsuim tháscach chéanna chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.
Baineann na critéir ar dá
réir a leithdháilfear na cistí atá le fáil ar na Ballstáit leis na luachanna
nach mór do na Ballstáit a chosaint: a ndaonra, a gcríocha agus na daoine agus
an lasta a phróiseáiltear trína n-aerfoirt agus trína gcalafoirt mhara agus
bonneagar criticiúil Eorpach arna ainmniú i gcomhréir le dlí an Aontais. Toisc
gur cuireadh cumais airgeadais éagsúla na mBallstát seachas a chéile san
áireamh sa chomhthéacs seo, cuireadh cúigiú critéar na hOlltáirgeachta Intíre
(i gcomhréir inbhéartach) leis na critéir leithdháilte eile. ·
Cúnamh éigeandála agus gníomhaíochtaí i dtríú
tíortha nó maidir le tríú tíortha Tugtar forálacha ar leith isteach leis an
rialachán seo agus sa Rialachán Cothrománach le cur ar chumas an Aontais
gníomhaíochtaí tapa éifeachtacha a dhéanamh i bhfianaise aon teagmhais a bhainfeadh
leis an tslándáil nó aon bhagairt nua a thiocfadh chun solais a d’fhéadfadh dul
i gcion go díobhálach ar shlándáil na ndaoine in aon Bhallstát nó i roinnt
Ballstát (staid éigeandála). Is é an Coimisiún i
gcónaí a chinneann ar a leithéid de chúnamh éigeandála ach is féidir leis na
Ballstáit, le Gníomhaireachtaí an Aontais, le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta nó le
Coiste Airteagal 71 (COSI), trí ionadaíocht an Bhallstáit ar leis Uachtaránacht
na Comhairle, a leithéid de chúnamh a mholadh. Ní leis an Aontas amháin a
bhaineann an cúnamh éigeandála agus féadfaidh sé freisin bearta a dhéantar i
dtríú tíortha nó a bhaineann le tríú tíortha a chuimsiú. Go ginearálta baineann liosta na
ngníomhaíochtaí i dtríú tíortha nó maidir le tríú tíortha atá incháilithe de
bhun an Rialacháin seo le gníomhaíochtaí oibríochta gearrthéarmacha a théann i
gcion go díreach ar shlándáil inmheánach an Aontais, amhail comhoibríochtaí
trasteorann, gnóthú trealaimh theicniúil, bearta malartaithe agus oiliúna,
measúnuithe bagartha agus riosca, mar aon le tacaíocht chistiúcháin le
gníomhaíochtaí feasachta agus cumarsáide. Is é an
Coimisiún a chuireann gníomhaíochtaí i dtríú tíortha i gcrích go príomha, trí
bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
Ní bheidh gníomhaíochtaí mar sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus déanfaidh
siad comhlánú, mar is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí
ionstraimí cabhrach seachtraí an Aontais, atá fós ar an bpríomhfhoinse
maoinithe le cabhrú le tríú tíortha a gcumas ábhartha a thógáil. Agus
gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, déanfar iarracht teacht ar
chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht
sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis
an réigiún atá i gceist. Déanfar comhlántacht a áirithiú trí chomhordú
feabhsaithe leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, agus le
seirbhísí ábhartha an Choimisiúin. 2011/0368 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste
Slándála Inmheánaí, ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar
póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh
bainistíochta géarchéime TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal
87(2) de, Ag féachaint don togra ón
gCoimisiún Eorpach[8], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an mhéid seo a leanas: (1) Ba cheart cuspóir an Aontais
maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar Saoirse,
Slándála agus Ceartais (Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais) a
bhaint amach, trí bhíthin, inter alia, beart d’fhonn an choireacht a chosc agus
a chomhrac agus trí bhíthin beart ar mhaithe le comhordú agus le comhoibriú
idir údaráis na mBallstát um fhorghníomhú an dlí agus leis na tríú tíortha
ábhartha. (2) Chun an
cuspóir sin a bhaint amach, ní mór gníomhaíochtaí feabhsaithe a dhéanamh ar
leibhéal an Aontais le gur féidir daoine agus earraí a chosaint ar bhagairtí
atá níos trasnáisiúnta ina gcineál i gcónaí agus chun tacú leis an obair a
dhéanann údaráis inniúla na mBallstát. Beidh
an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe, an gháinneáil ar dhrugaí, an
t-éilliú, an chibearchoireacht agus an gháinneáil ar dhaoine agus ar airm,
inter alia, ina ndúshláin i gcónaí maidir le slándáil inmheánach an Aontais. (3) Is éard atá i Straitéis
Slándála Inmheánaí don Aontas Eorpach, arna glacadh ag an gComhairle i
bhFeabhra na bliana 2010[11], clár oibre
comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála sin. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Samhain 2010 The EU
Internal Security Strategy in Action (Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i
mbun Gnímh)[12] athraítear prionsabail
agus treoirlínte na straitéise ina ngníomhaíochtaí tairbhiúla trí na cúig
chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta
idirnáisiúnta; an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú
agus ar earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí
sa chibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann; agus cur
le stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus tubaistí. (4) Ar na
príomhphrionsabail a threoraínn cur chun feidhme na Straitéise Slándála
Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, soiléireacht
maidir le roinnt na gcúraimí, cearta bunúsacha agus an smacht reatha a urramú
mar aon le fócas láidir ar an gcomhthéacs foriomlán agus an nasc doscartha leis
an tslándáil sheachtrach. (5) Le cur
chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus lena
áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart
tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí
Chiste Slándála Inmheánaí a bhunú. (6) De bharr na sainghnéithe dlí
is infheidhme maidir le Teideal V den Chonradh, ní féidir an Ciste Slándála
Inmheánaí a bhunú i gcáil ionstraime aonair. (7) Ba cheart
an Ciste a bhunú dá bhrí sin mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht
airgeadais an AE i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an ionstraim a
bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an Ionstraim a bunaíodh le
Rialachán XXX/2012/AE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí,
an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha
agus do víosaí[13]. Ba cheart comhlánú a dhéanamh ar an gcreat cuimsitheach le Rialachán
(AE) Uimh. XXX/2012[14] ina leagtar síos na
forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir
leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta,
chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta
géarchéime. (8) Ba
cheart an clúdach airgeadais foriomlán ar feadh thréimhse iomlán an Chiste a
chóbhunú ó na hacmhainní foriomlána le haghaidh an Rialacháin seo agus le
haghaidh Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012, lena mbunaítear,
mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí,
agus ba chóir go mbeadh sé seo mar an phríomhthagairt don údarás buiséadach i
rith an nós imeachta buiséadaigh ilbhliantúil i gcomhréir le Pointe 17 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach. (9) Faoi
chuimsiú chreat cuimsitheach an Chiste Slándála Inmheánaí, ba cheart don
chúnamh airgeadais a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim seo tacú le comhar póilíneachta, malartú faisnéise agus
rochtain ar fhaisnéis, cosc na coireachta, an comhrac i
gcoinne na coireachta trasteorann, na coireachta eagraithe agus na coireachta
tromchúisí, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht, daoine agus bonneagar
criticiúil a chosaint i gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus
bainistíocht éifeachtach ar rioscaí agus géarchéim a bhaineann leis an
tslándáil, ag cur comhbheartais (straitéisí, cláir agus
pleananna gníomhaíochta), an reachtaíocht agus an comhar praiticiúil san
áireamh. (10) Ba cheart
don chúnamh airgeadais sna réimsí sin tacú go háirithe le gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn comhoibríochtaí trasteorann,
rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise, malartú deachleachtais, cumarsáid
éascaithe shlán, comhoibriú, oiliúint agus malartú foirne, gníomhaíochtaí
anailíse, faireacháin agus meastóireachta, measúnuithe cuimsitheacha ar rioscaí
agus ar bhagairtí, gníomhaíochtaí múscailte feasachta, tástáil agus fíorú na
teicneolaíochta nua, taighde na heolaíochta fóiréinsí agus fáil an trealaimh
theicniúil chomh-inoibrithigh. (11) Ba cheart
bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón
Ionstraim seo a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le
gníomhaíochtaí eile lasmuigh den Aontas trí bhíthin ionstraimí cúnaimh
sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba
cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus
le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an
Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Níor cheart go
mbeadh sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go
díreach agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh
airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Déanfar comhchuibheas
le beartas daonnúil an Aontais a lorg freisin, go háirithe maidir le cur chun
feidhme na mbeart éigeandála. (12) Ba cheart an Ionstraim seo a
chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail
atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. (13) Lena
áirithiú go gcuirfear an Ciste Slándála Inmheánaí chun feidhme ar bhealach
aonfhoirmeach, cuirfear buiséad an Aontais a leithdháilfear ar an ionstraim
airgeadais seo chun feidhme trí bhíthin na bainistíochta comhpháirtí, cé is
moite de ghníomhaíochtaí ar cuid suime ar leith iad don Aontas (gníomhaíochtaí
an Aontais), den chúnamh éigeandála agus den chúnamh teicniúil, a chuirtear
chun feidhme le bainistíocht dhíreach agus indíreach. (14) Maidir
leis na hacmhainní a leithdháilfear ar na Ballstáit ionas go gcuirfidh siad
chun feidhme iad trína gcláir náisiúnta, ba cheart iad seo a roinnt ar bhonn
critéar soiléir oibiachtúil a bhaineann leis an maoin phoiblí nach mór do na
Ballstáit a chosaint, agus ar bhonn a gcumais airgeadais leibhéal ard slándála
inmheánaí a áirithiú, mar shampla critéir amhail méid an daonra, méid a
gcríche, líon na bpaisinéirí agus an méid lastais a phróiseáiltear trína
n-aerfoirt idirnáisiúnta agus trína gcalafoirt mhara idirnáisiúnta, an líon
bonneagair chriticiúil Eorpaigh agus a n-olltáirgeacht intíre. (15) D’fhonn
treisiú leis an dlúthpháirtíocht agus leis an gcomhfhreagracht as beartais,
straitéisí agus cláir chomhchoiteanna an Aontais, ba cheart na Ballstáit a
spreagadh le leas a bhaint as an gcuid de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil
do na cláir náisiúnta chun tabhairt faoi na tosaíochtaí straitéiseacha de chuid
an Aontais atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Maidir leis na tionscadail lena dtugtar faoi na tosaíochtaí sin, ba cheart
ranníocaíocht an Aontais lena gcostas iomlán incháilithe a mhéadú go 90%, i
gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán Cothrománach]. (16) Ba
cheart go mbeadh uasteorainn na n-acmhainní a bheidh fós ar fáil don Aontas le
caitheamh cothrom leis na hacmhainní a leithdháiltear ar Bhallstáit chun a
gcláir náisiúnta a chur chun feidhme. Áiritheofar leis seo go mbeidh an tAontas
in ann, i mbliain bhuiséid ar leith, tacú le gníomhaíochtaí ar cuid suime ar
leith iad don Aontas, amhail staidéir, tástáil agus bailíochtú teicneolaíochtaí
nua, tionscadail thrasnáisiúnta, an líonrú agus malartú na ndea-chleachtas, an
faireachán ar chur chun feidhme dhlíthe agus bheartais ábhartha an Aontais agus
beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais i dtríú tíortha agus maidir leo. Ba
cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí seo a dtacaítear leo i gcomhréir leis na
tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí, i gcláir, i bpleananna gníomhaíochta
agus i measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais. (17) D’fhonn
cur le cumas an AE freagairt láithreach a thabhairt ar theagmhais a bhaineann
leis an tslándáil nó ar bhagairtí atá ag teacht chun solais, ba cheart go
bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar, i gcomhréir leis an meicníocht
mhearfhreagartha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán
Cothrománach]. (18) Ba cheart cistiú ó bhuiséad an
Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais
luach breise a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a
gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag
an Aontas ná mar atá ag na Ballstáit tabhairt faoi chásanna trasteorann agus
ardán a chur ar fáil ar mhaithe le cineálacha cur chuige comhchoiteanna, ba
cheart go rannchuideodh gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh tacaíochta
faoin Rialachán seo go háirithe le cumais náisiúnta agus cumais an Aontais a
neartú, mar aon le comhoibriú agus comhordú trasteorann, an líonrú, an
chómhuinín agus malartú na faisnéise agus na ndea-chleachtas. (19) Ba cheart an chumhacht a
tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn
forálacha sa Rialachán seo maidir leis an sainmhíniú ar thosaíochtaí
straitéiseacha an Aontais a leasú nó a fhorlíonadh, agus ba cheart don
Choimisiún tabhairt faoi chomhairliúcháin oiriúnacha i rith a chuid obair
ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha
tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid
ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig
Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (20) Ar
mhaithe le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach, éifeachtúil agus tráthúil fhorálacha
an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt
don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16
Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a
bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú
cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. (21) Ba cheart
Cinneadh 2007/125/CGB an 12 Feabhra 2007, lena mbunaítear don tréimhse 2007 go
2013, mar chuid den Chlár Ginearálta maidir leis an tSlándáil agus Cosaint na
Saoirsí, an Clár faoi Leith ‘An Choireacht a Chosc agus a Chomhrac’[15] a aisghairm, faoi réir ag na forálacha idirthréimhseacha a leagtar
amach sa Rialachán seo. (22) Ós
rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is iad sin
comhordú agus comhoibriú a neartú idir na húdaráis um fhorghníomhú an dlí, cosc
agus comhrac na coireachta, daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint i
gcoinne teagmhas a bhaineann leis an tslándáil agus cumas na mBallstát agus an
Aontais rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil a bhainistiú
go héifeachtach, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar iad a
bhaint amach dá réir sin ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a
ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach
in Airteagal 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir
le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní
théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a chur i
gcrích. (23) Maidir leis an Íoslainn agus
an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen a
thagann faoi na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe H, de
Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le
socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna
thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na
hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le
acquis Schengen a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorbairt.[16]. (25) Maidir
leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal
Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas na cónaidhme sin i
dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a
thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe H, de
Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le
hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle maidir le tabhairt i
gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.[17]. (26) Maidir
le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen de réir bhrí an Phrótacail a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an
Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir
le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas
Eorpach, An Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint
atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i bhfeidhm, le cur chun feidhme agus le
forbairt acquis Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1,
Pointe H de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le
hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích
an Phrótacail thar ceann an Aontais.[18]. (27) I
gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 den Phrótacal maidir
le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach
agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg
rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal ar
an Danmhairg ná ní bheidh sí faoi réir a chur i bhfeidhm. (28) I gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na
Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála
agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis
an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den
Phrótacal sin, [níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo
agus níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i
bhfeidhm/ tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i
nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]. (29) I
gcomhréir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe
agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá
i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin,
[níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus
níl an Rialachán seo ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm/
tá fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe gur mian léi a bheith rannpháirteach i
nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo], TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Cuspóir agus raon feidhme 1. Leis an
Rialachán seo bunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do
chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh
bainistíochta géarchéimeanna (dá ngairtear “an Ionstraim” anseo feasta),
mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (dá ngairtear “an Ciste” anseo
feasta). Go
comhpháirteach le Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 lena
mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh
tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste Slándála Inmheánaí don
tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020. 2. Leagtar
síos leis an Rialachán seo (a) na cuspóirí, na gníomhaíochtaí
incháilithe agus na tosaíochtaí straitéiseacha don tacaíocht airgeadais a
chuirfear ar fáil faoin Ionstraim; (b) an creat ginearálta
chun na gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme; (c) na hacmhainní a
chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020
agus dáileachán orthu. 3. Déantar
foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach
i Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán Cothrománach]. 4. Ní
bheidh feidhm ag an Ionstraim maidir le hábhair atá cumhdaithe ag an gclár
Ceartais, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012[19]. Mar sin féin, féadfaidh an Ionstraim seo gníomhaíochtaí a chumhdach a
dhíríonn ar chomhar a spreagadh idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis um
fhorghníomhú an dlí. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) ciallaíonn ‘comhar póilíneachta’ na
bearta sonracha agus na cineálacha sonracha comhair mar atá sainmhínithe in
Airteagal 87 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. (b) ciallaíonn ‘malartú
faisnéise agus rochtain ar fhaisnéis’ bailiú, stóráil, próiseáil, anailísiú
agus malartú faisnéise atá ábhartha d’údaráis um fhorghníomhú an dlí maidir le
cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh na gcionta coiriúla, go háirithe
coireanna trasteorann, tromchúiseacha agus eagraithe. (c) ciallaíonn ‘cosc na
coireachta’ gach beart atá beartaithe chun laghdú a dhéanamh ar, nó chun cur le
laghdú a dhéanamh ar, choireacht agus ar mhothúchán neamhshláine na saoránach,
mar atá sainmhínithe i gCinneadh 2009/902/CGB an 30 Samhain 2009 ón gComhairle
lena mbunaítear an Líonra Eorpach um Chosc na Coireachta (EUPCN)[20]. (d) ciallaíonn
‘coireacht eagraithe’ iompar inphionóis arna dhéanamh ag grúpa struchtúrtha ina
bhfuil triúr nó níos mó, atá ann ar feadh tréimhse ama agus ag gníomhú i
gcomhbheart d’fhonn sochar airgeadais nó sochar ábhartha eile a ghnóthú go
díreach nó go hindíreach. (e) Ciallaíonn 'sceimhlitheoireacht' aon
cheann de na gníomhartha intinniúla nó na cionta atá sainmhínithe i
gCreat-Chinneadh 2002/475/CGB an 13 Meitheamh 2002 maidir le comhrac na
sceimhlitheoireachta[21], arna leasú le
Creat-Chinneadh 2008/919/CGB an 28 Samhain 2008[22]. (f) ciallaíonn ‘bainistiú riosca agus
géarchéime’ aon bheart a bhaineann le measúnú ar an sceimhlitheoireacht agus ar
rioscaí eile a bhaineann leis an tslándáil, lena gcosc, leis an ullmhacht
faoina gcoinne agus le bainistiú a n-iarmhairtí. (g) ciallaíonn ‘cosc agus
ullmhacht' aon bheart arb aidhm dó na rioscaí a bhaineann le hionsaithe
sceimhlitheoireachta nó le teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil a chosc
nó a laghdú. (h) ciallaíonn ‘bainistiú
iarmharta’ comhordú éifeachtach na mbeart a dhéantar d’fhonn freagairt
d’iarmhairt ionsaí sceimhlitheoireachta nó aon teagmhais eile a bhaineann leis
an tslándáil agus an iarmhairt seo a laghdú, d’fhonn a áirithiú go gcomhordófar
na gníomhaíochtaí go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an
AE. (i) ciallaíonn
‘bonneagar criticiúil’ acmhainní fisiceacha, seirbhísí, saoráidí
teicneolaíochta faisnéise, gréasáin agus sócmhainní bonneagair ar bith a
rachadh i gcion go tromchúiseach, dá gcuirfí as ord nó dá scriosfaí iad, ar
fheidhmeanna criticiúla na sochaí, lena n-áirítear slabhra an tsoláthair, an
tsláinte, an tsábháilteacht, an tslándáil, leas eacnamaíoch nó sóisialta na
ndaoine nó feidhmiú an Aontais nó na mBallstát. (j) ciallaíonn ‘staid éigeandála’ aon
teagmhas a bhaineann leis an tslándáil nó aon bhagairt nua a thiocfadh chun
solais a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm go díobhálach agus go suntasach ar
shlándáil na ndaoine in aon Bhallstát amháin nó i roinnt Ballstát. Airteagal 3 Cuspóirí 1. Is iad cuspóirí ginearálta na
hIonstraime féachaint le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas Eorpach. 2. Laistigh den
chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim – i
gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí, cláir, measúnuithe
riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais – leis na cuspóirí sonracha seo a
leanas: (a) an
choireacht thrasteorann, an choireacht thromchúiseach agus an choireacht
eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus
chun comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis um fhorghníomhú an dlí de
chuid na mBallstát agus le tríú tíortha ábhartha. Déanfar baint amach an
chuspóra seo a thomhas i gcoinne táscairí amhail, inter alia, líon na
gcomhoibríochtaí trasteorann agus líon na ndoiciméad dea-chleachtais agus na
n-imeachtaí a eagraítear. (b) cumas na
mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a
dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus
ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a
bhaineann leis an tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil á chosaint
orthu. Déanfar baint amach an chuspóra seo a thomhas
i gcoinne táscairí amhail, inter alia, líon na n-uirlisí a chuirtear ar
fáil agus/nó a ndéantar uasghrádú breise orthu chun cosaint an bhonneagair
chriticiúil ag Ballstáit a éascú i ngach earnáil den gheilleagar agus líon na
measúnuithe ar bhagairtí agus ar rioscaí a chuirtear ar fáil ar leibhéal an Aontais. 3. Chun na
cuspóirí seo a bhaint amach, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí
oibríochtúla seo a leanas trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn agus a
fhorbairt: (a) bearta (modheolaíochtaí, uirlisí agus
struchtúir) a neartaíonn cumas na mBallstát an choireacht thrasteorann,
thromchúiseach agus eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear
sceimhlitheoireacht, go háirithe trí chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí,
malartú faisnéise agus dea-chleachtas, rochtain ar shonraí, teicneolaíochtaí
comh-inoibritheacha, staitisticí inchomparáide, coireolaíocht fheidhmeach,
cumarsáid phoiblí agus múscailt feasachta. (b) comhordú riaracháin
agus oibríochtúil, comhar, comhthuiscint agus an malartú faisnéise i measc
údarás na mBallstát um fhorghníomhú an dlí, údarás eile náisiúnta, comhlachtaí
ábhartha an Aontais agus, nuair is iomchuí, le tríú tíortha. (c) scéimeanna oiliúna
maidir le cur chun feidhme beartas oiliúna Eorpach, lena n-áirítear trí bhíthin
sainchlár malartaithe um fhorghníomhú dlí an Aontais, d’fhonn fíor-chultúr
Eorpach breithiúnach agus forghníomhaithe an dlí a chothú. (d) bearta agus
dea-chleachtais chun finnéithe agus íospartaigh coire a chosaint agus tacú leo. (e) bearta lena neartaítear cumas riaracháin
agus oibríochtúil na mBallstát chun bonneagar criticiúil a chosaint i ngach
earnáil de ghníomhaíochtaí eacnamaíoch, lena n-áirítear trí bhíthin
comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, agus feabhas ar chomhordú, ar mhalartú
agus ar scaipeadh an tsaineolais agus an chleachtaidh laistigh den Aontas agus
leis na tríú tíortha ábhartha. (f) naisc shlána agus
comhordú éifeachtach a chur ar bun idir na gníomhaithe sna córais réamhrabhaidh
agus na córais chomhoibrithe ghéarchéime atá ann cheana i ngach earnáil ar
leith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear
lárionaid staide ionas gur féidir forbhreathnú cuimsitheach beacht a chur ar
fáil go tapa i gcásanna géarchéime, bearta freagartha a chomhordú, faisnéis
oscailte, faisnéis phribhléideach agus faisnéis rúnaicmithe a roinnt. (g) bearta (modheolaíochtaí, uirlisí agus
struchtúir) a dhéanann cumas riaracháin agus oibríochta na mBallstát agus an
Aontais a neartú d’fhonn measúnuithe riosca agus bagartha cuimsitheacha a
fhorbairt, d’fhonn cur ar chumas an Aontais cur chuige comhtháite a fhorbairt a
bheidh bunaithe ar chomhbhreithiúnais chomhroinnte i gcásanna géarchéime agus
chun comhthuiscint ar shainmhínithe éagsúla na mBallstát agus na dtíortha
comhpháirtíochta ar leibhéil bhagartha éagsúla a fheabhsú. 4. Rannchuideofar
leis an Ionstraim seo freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh
ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún. Airteagal 4 Gníomhaíochtaí incháilithe 1. Laistigh de na cuspóirí atá
sainmhínithe in Airteagal 3, agus i bhfianaise chonclúidí
comhaontaithe na díospóireachta beartais a fhoráiltear dóibh in Airteagal 13
den Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [Rialachán Cothrománach], tacófar leis an Ionstraim seo le gníomhaíochtaí a dhéanfar sna Ballstáit, agus
go háirithe leo seo a leanas: (a) gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar
póilíneachta agus comhordú idir údaráis um fhorghníomhú an dlí, lena n-áirítear
foirne comh-imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann,
rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise agus teicneolaíochtaí
comh-inoibritheacha; (b) líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus
comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa ghnó, taithí agus
dea-chleachtais, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus
comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht; (c) gníomhaíochtaí
anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear staidéir agus
measúnuithe bagartha, riosca agus tionchair; (d) gníomhaíochtaí ar
mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na
feasachta; (e) trealamh teicniúil,
saoráidí slána, bonneagair, na córais agus na foirgnimh a bhaineann leo – go
háirithe córais TFC agus a gcomhpháirteanna – a ghnóthú nó a uasghrádú arís
eile, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir leis an
gcibearchoireacht, go háirithe le hIonad Cibearchoireachta na hEorpa; (f) malartú, oiliúint
agus oideachas ball foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena
n-áirítear oiliúint teanga agus cleachtaí nó cláir i gcomhpháirt; (g) bearta d’fhonn
modheolaíochtaí nó teicneolaíochtaí nua a chur chun oibre, a aistriú agus a
bhailíochtú, lena n-áirítear treoirthionscadail agus bearta leantacha a
bhaineann le tionscadail taighde slándála arna gcistiú ag an Aontas. 2. Laistigh de na cuspóirí dá
dtagraítear dóibh in Airteagal 3, tacófar tríd an Ionstraim freisin le
gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha nó a chuirtear i gcrích iontu, agus
go háirithe leo seo a leanas: (a) gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear comhar
póilíneachta agus comhordú idir údaráis um fhorghníomhú an dlí, lena n-áirítear
foirne comh-imscrúdaithe agus aon fhoirm eile de chomhoibríocht thrasteorann,
rochtain ar fhaisnéis agus malartú faisnéise agus teicneolaíochtaí
comh-inoibritheacha; (b) líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus
comhfhoghlaim, agus sainaithint, malartú agus scaipeadh feasa ghnó, taithí agus
dea-chleachtais, comhroinnt faisnéise, comhfheasacht staide agus
comh-fhadbhreathnaitheacht, pleanáil teagmhais agus idir-inoibritheacht; (c) trealamh
teicniúil, lena n-áirítear córais TFC agus a gcomhpháirteanna, a ghnóthú nó a
uasghrádú arís eile; (d) malartú, oiliúint
agus oideachas ball foirne agus saineolaithe na n-údarás ábhartha, lena
n-áirítear oiliúint teanga; (e) gníomhaíochtaí ar
mhaithe leis an gcumarsáid, le scaipeadh na faisnéise agus le múscailt na
feasachta; (f) measúnuithe
bagartha, riosca agus tionchair; (g) staidéir agus
treoirthionscadail. Airteagal 5 Acmhainní foriomlána agus cur chun
feidhme 1. Is ionann na hacmhainní foriomlána
a leithdháilfear chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus EUR 1,128
milliún. 2. Údaróidh an t‑údarás
buiséadach na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an Chreata
Airgeadais. 3. Cuirfear na
hacmhainní foriomlána chun feidhme ar na modhanna seo a leanas: (a) cláir náisiúnta, i gcomhréir le
hAirteagal 6; (a) gníomhaíochtaí an Aontais, i gcomhréir le
hAirteagal 7; (c) cúnamh teicniúil, i
gcomhréir le hAirteagal 8; (d) cúnamh éigeandála, i
gcomhréir le hAirteagal 9; 4. Cuirfear an buiséad arna
leithdháileadh faoin Ionstraim seo chun feidhme faoi bhainistíocht
chomhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 55(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh.
XXXX/2012 [Rialachán Airgeadais Nua][23], cé is moite de
ghníomhaíochtaí úd an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 7, den chúnamh
teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus den chúnamh éigeandála dá
dtagraítear in Airteagal 9. 5. Úsáidfear na hacmhainní foriomlána
go táscach mar seo a leanas: (a) EUR 564 milliún ar mhaithe le cláir
náisiúnta na mBallstát; (b) EUR 564 milliún ar mhaithe le gníomhaíochtaí
an Aontais, cúnamh éigeandála agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón
gCoimisiún. 6. Mar aon
leis na hacmhainní foriomlána a bunaíodh ar mhaithe le Rialachán (AE) Uimh.
XXX/2012 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste
Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, is ionann na
hacmhainní foriomlána atá ar fáil ar mhaithe leis an Rialachán seo, mar a
bhunaítear iad i mír 1, agus an clúdach airgeadais don Chiste Slándála
Inmheánaí, agus feidhmíonn siad mar an phríomhthagairt don údarás buiséadach le
linn an nós imeachta bliantúil buiséadaigh de réir bhrí Phointe 17 den
Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an
Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta
airgeadais.[24] 7. Glacfaidh na tíortha a bhfuil baint
acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirt san
Ionstraim i gcomhréir leis an Rialachán seo. 8. Cuirfear socruithe i gcrích maidir
le ranníocaíochtaí airgeadais na dtíortha sin i leith na hIonstraime agus leis
na rialacha forlíontacha atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta den sórt
sin, lena n-áirítear forálacha lena n-áirithítear cosaint leasanna airgeadais
an Aontais agus cumhacht iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí. Cuirfear na ranníocaíochtaí airgeadais ó na
tíortha seo leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá
dtagraítear i mír 1. Airteagal 6 Cláir náisiúnta 1. An clár náisiúnta a bheidh le
hullmhú faoin ionstraim seo agus an ceann a bheidh le hullmhú faoi Rialachán
(AE) Uimh. XXX/2012 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste
Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí, déanfaidh na Ballstáit
iad a dhréachtú go comhpháirteach agus a mholadh don Choimisiún mar chlár
náisiúnta amháin le haghaidh an Chiste, i gcomhréir le hAirteagal 14 de
Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach]. 2. Faoi na
cláir náisiúnta nach mór don Choimisiún a scrúdú agus a fhaomhadh de bhun
Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach],
díreoidh na Ballstáit ar thionscadail a bhaineann le tosaíochtaí straitéiseacha
úd an Aontais atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Tabharfar de
chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 11 d’fhonn an iarscríbhinn dá dtagraítear i mír 2 a leasú trí
thosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a leasú, cur leo nó iad a scriosadh. Airteagal 7 Gníomhaíochtaí an Aontais 1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún,
féadfar an Ionstraim seo a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí
trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí ar cuid suime ar leith iad don Aontas
(‘gníomhaíochtaí an Aontais’), a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta,
sonracha agus oibríochtúla atá leagtha amach in Airteagal 3. 2. Ionas go mbeadh
siad incháilithe i gcomhair cistiúcháin, ní mór do ghníomhaíochtaí an Aontais a
bheith i gcomhréir leis na tosaíochtaí atá sainaitheanta i straitéisí, i gcláir
agus i measúnuithe bagartha agus riosca ábhartha an Aontais agus iad a bheith
ag tacú go háirithe leo seo a leanas: (a) bearta ullmhúcháin, faireacháin,
riaracháin agus tacaíochta teicniúla, meicníocht mheastóireachta a fhorbairt
atá riachtanach chun na beartais maidir le comhar póilíneachta, cosc agus
comhrac na coireachta agus bainistiú géarchéime a chur chun feidhme; (b) tionscadail trasnáisiúnta a bhfuil baint
ag dhá Bhallstát nó níos mó leo, nó ar a laghad Ballstát amháin agus tríú tír
amháin; (c) gníomhaíochtaí
anailíse, faireacháin agus meastóireachta, lena n-áirítear measúnuithe
tionchair bagartha agus riosca agus tionscadail trína ndéantar faireachán ar an
gcaoi a gcuirtear dlí an Aontais agus cuspóirí beartais an Aontais chun feidhme
sna Ballstáit; (d) tionscadail trína
gcuirtear chun cinn líonrú, cómhuinín, comhthuiscint agus comhfhoghlaim, agus
sainaithint agus scaipeadh an dea-chleachtais agus modhanna nuálacha oibre ar
leibhéal an AE, an oiliúint agus cláir malartuithe; (e) tionscadail trína
dtacaítear le forbairt uirlisí agus modhanna modheolaíochta, go háirithe i
réimse an staidrimh, agus comhtháscairí; (f) trealamh teicniúil,
saoráidí slána, bonneagair, na córais agus na foirgnimh a bhaineann leo – go
háirithe córais TFC agus a gcomhpháirteanna ar leibhéal an Aontais – a ghnóthú
nó a uasghrádú arís eile, lena n-áirítear ar mhaithe le comhar Eorpach maidir
leis an gcibearchoireacht, go háirithe Ionad Cibearchoireachta na hEorpa; (g) tionscadail arb aidhm
dóibh an fheasacht maidir le beartais agus cuspóirí an Aontais a fheabhsú i
measc na bpáirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne, lena n-áirítear
cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais; (h) tionscadail atá thar
a bheith nuálach agus trína bhforbraítear modhanna nua nó a gcuirtear
teicneolaíochtaí nua chun oibre a d’fhéadfaí a aistriú go Ballstáit eile, go háirithe tionscadail arb aidhm dóibh torthaí tionscadal taighde
slándála atá cistithe ag an Aontas a thástáil agus a bhailíochtú; (i) staidéir agus
treoirthionscadail; (j) gníomhaíochtaí a
bhaineann le tríú tíortha nó a dhéantar i dtríú tíortha, mar a thagraítear
dóibh in Airteagal 4(2). 3. Cuirfear gníomhaíochtaí an Aontais
chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An
Rialachán Cothrománach]. Airteagal 8 Cúnamh teicniúil 1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún nó
thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an ionstraim suas le EUR 800,000 a chur
leis an gCiste Slándála Inmheánaí gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 10 de
Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach]. 2. Ar thionscnamh
ó Bhallstát, féadfaidh an Ionstraim ranníocaíocht a dhéanamh atá suas le 5% den
tsuim iomlán a leithdháiltear ar an mBallstát le haghaidh cúnaimh theicniúil
faoin gclár náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh.
XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach]. Airteagal 9 Cúnamh éigeandála 1. Cuirfidh an Ionstraim seo tacaíocht
airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i
gcás éigeandála, mar atá sainmhínithe i bpointe (j) d’Airteagal 2. 2. Cuirfear cúnamh
éigeandála chun feidhme i gcomhréir leis an meicníocht atá leagtha síos in
Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach]. Airteagal 10 Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí
incháilithe sna Ballstáit 1. Leithdháilfear EUR 564 milliún ar
na Ballstáit go táscach mar seo a leanas: (a) 30% i gcomhréir lena ndaonra iomlán; (b) 10% i gcomhréir le fairsinge a gcríche
náisiúnta; (c) 10% i gcomhréir le
líon na bpaisinéirí agus le líon na dtonnaí lasta arna bpróiseáil trína
n-aerfoirt idirnáisiúnta agus trína gcalafoirt mhara idirnáisiúnta; (d) 10% i gcomhréir le
líon na mBonneagar Criticiúil Eorpach arna n-ainmniú i gcomhréir le Treoir
2008/114/CE; (e) 40% i gcomhréir
inbhéartach lena nOlltáirgeacht Intíre (caighdeán na cumhachta ceannaigh in
aghaidh an áitritheora). 2. Is iad na sonraí staidrimh is
déanaí a bheidh curtha ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) na figiúirí tagartha
a úsáidfear do na sonraí dá dtagraítear i mír 1, agus cuirfear ar fáil iad ar
bhonn na sonraí a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le dlí an Aontais agus
ar bhonn na sonraí a chuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún i gcomhréir
le Treoir 2008/114/CE. Is é an 30 Meitheamh 2013 an
dáta tagartha. Airteagal 11 An
tarmligean a fheidhmiú 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos
san Airteagal seo. 2. Bronnfar tarmligean na gcumhachtaí
dá dtagraítear sa Rialachán seo ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse seacht
mbliana ó [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go
ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh
dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh
Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear
sa Rialachán seo a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm
a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa
chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa
chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha
tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A luaithe a
ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin
go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní
thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm
ach amháin mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle ina choinne
laistigh de thréimhse 2 mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse
sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl
don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó
Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 12 Nós
imeachta coiste 1. Tabharfaidh an comhchoiste
‘Tearmainn, Imirce agus Slándála’ arna bhunú le hAirteagal 55(1) de Rialachán
(AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach] cúnamh don Choimisiún. 2. I gcás ina
ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Airteagal 13 Infheidhmeacht
Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 Beidh
feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach] i
leith na hIonstraime. Airteagal 14 Aisghairm Déantar Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle a
aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014. Airteagal 15 Forálacha
eatramhacha 1. Ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar na tionscadail arna
bhformheas ag an gCoimisiún a mhodhnú ná ar leanúint leo, lena n-áirítear iad a
chur ar ceal i bpáirt nó ina n-iomláine, go dtí go gcuirfear i gcrích iad ná ar
an gcúnamh airgeadais arna fhaomhadh ag an gCoimisiún ar bhonn Chinneadh
2007/125/CGB ón gComhairle, nó reachtaíocht ar bith eile a bhfuil feidhm aici
maidir leis an gcúnamh sin ar an 31 Nollaig 2013. 2. Agus é ag glacadh cinntí ar chómhaoiniú de bhun na hIonstraime,
cuirfidh an Coimisiún san áireamh na bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh Uimh.
2007/125/CGB roimh an [dáta an fhoilsithe san Iris Oifigiúil] a rachadh
i gcion ar an staid airgeadais le linn thréimhse an chómhaoinithe sin. 3. Maidir
leis na suimeanna arna gcur in áirithe don chómhaoiniú arna fhaomhadh ag an
gCoimisiún idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2013, nár cuireadh chuig an
gCoimisiún na doiciméid a theastaíonn ina leith le clabhsúr a chur ar na
hoibríochtaí faoin spriocdháta le haghaidh thíolacadh na tuarascála deireanaí,
aisghairfidh an Coimisiún go huathoibríoch iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a
fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc. Agus an méid nach
mór a shaoradh sa ghnáthchúrsa á ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a
bhaineann le hoibríochtaí a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí
dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo. 4. Cuirfidh Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2015
tuarascáil mheasúnaithe ar thorthaí agus ar thionchair na ngníomhaíochtaí arna
gcómhaoiniú le Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle don tréimhse ó 2011 go 2013. 5. Faoin 31 Nollaig 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh
do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar na torthaí a baineadh amach
agus ar na gnéithe cáilíochtúla agus na gnéithe cainníochtúla a bhaineann le
cur chun feidhme Chinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle i gcomhair na tréimhse
2011 go 2013. Airteagal 16 Athbhreithniú Ar bhonn togra ón gCoimisiún,
déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán
seo faoin 30 Meitheamh 2020 ar a dhéanaí. Airteagal 17 Teacht
i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm Tiocfaidh an
Rialachán seo i bhfeidhm an […] lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an
Aontais Eorpaigh. Beidh
an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme
go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN Liosta
de Thosaíochtaí Straitéiseacha an Aontais (Airteagal 6 (2)) ·
Bearta lena ndéantar coireacht thromchúiseach
eagraithe thrasteorann a chomhrac agus a chosc, go háirithe gáinneáil ar
dhrugaí, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus
tionscadail lena sainaithnítear agus lena ndíchuirtear líonraí coiriúla, an
geilleagar a chosaint ar insíothlú coiriúil agus dreasachtaí airgeadais a
laghdú trí bhíthin sócmhainní coiriúla a urghabháil, a chalcadh agus a
choigistiú. ·
Bearta lena n-ardaítear na leibhéil slándála i
leith saoránach agus gnó sa chibearspás, go háirithe tionscadail lena
bhforbraítear acmhainní i bhforghníomhú an dlí agus na breithiúna, tionscadail
lena n‑áirithítear obair leis an tionscal chun saoránaigh a chumasú agus
a chosaint, agus tionscadail lena bhfeabhsaítear acmhainní chun aghaidh a
thabhairt ar chibear-ionsaithe. ·
Bearta lena gcuirtear cosc ar sceimhlitheoireacht
agus lena dtugtar faoi radacú agus faoi earcaíocht, go háirithe tionscadail
lena gcumasaítear pobail chun roinnt cineálacha cur chuige áitiúla agus beartas
coisc a fhorbairt, tionscadail lena gcuirtear ar chumas údarás inniúil cosc a
chur ar sceimhlitheoirí rochtain a fháil ar chistiú agus ar ábhair agus lena
leantar a n-idirbhearta, tionscadail lena gcosnaítear iompar paisinéirí agus
lasta, agus tionscadail lena bhfeabhsaítear slándáil na bpléascán agus na
n-ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN). ·
Bearta arb aidhm dóibh cumas riaracháin agus
oibríochta na mBallstát a mhéadú le gur féidir leo an bonneagar criticiúil
a chosaint i ngach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear iad siúd atá cumhdaithe
ag Treoir 2008/114, go háirithe tionscadail trína gcuirtear comhpháirtíochtaí
príobháideacha poiblí chun cinn d’fhonn an mhuinín a thógáil agus cuidiú leis
an gcomhoibriú, leis an gcomhordú, leis an bpleanáil teagmhais agus le malartú
agus scaipeadh na faisnéise agus an dea-chleachtais i measc gníomhaithe poiblí
agus gníomhaithe príobháideacha. ·
Bearta trína gcuirtear le stóinseacht na hEorpa
i leith géarchéimeanna agus tubaistí, go háirithe tionscadail trína
gcuirtear chun cinn forbairt beartais chomhsheasmhaigh de chuid an Aontais
maidir le bainistíocht riosca trína nascfar measúnuithe riosca agus bagartha
leis an gcinnteoireacht, mar aon le tionscadail trína dtacaítear le freagairt
éifeachtach chomhordaithe a thabhairt i gcásanna géarchéime trína nascfar le
chéile na sainchumais, an saineolas agus na lárionaid feasachta staide atá ann
cheana (de réir na hearnála), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an
tsláinte, leis an gcosaint shibhialta agus leis an sceimhlitheoireacht. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh 1.2. Réimse/réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóir
(Cuspóirí) 1.5. Na
forais leis an togra/an tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteideal/ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid lena mbaineann
3.2. An
tionchar a mheastar ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Rannpháirtíocht
ó thríú páirtithe sa mhaoiniú 3.3. An tionchar a mheastar ar
ioncam RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.
LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH
1.1.
Teideal an togra/an tionscnaimh
Cumarsáid
"Building an open and secure Europe: the home affairs budget for
2014-2020” (Eoraip a fhorbairt atá oscailte agus slán: an buiséad gnóthaí
baile do 2014-2020); Togra le
haghaidh Rialacháin ina leagtar síos síos na forálacha ginearálta maidir leis
an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh
tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a
chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime; Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta
airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac,
agus le haghaidh bainistíochta géarchéime; Togra le
haghaidh Rialacháin lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí,
an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha
agus víosaí.
1.2.
Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat
ABM/ABB[25]
Ceannteideal 3
faoi láthair, Teideal 18 – Gnóthaí Baile Peirspictíochtaí
Airgeadais Ilbhliantúla Amach Anseo: Ceannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht)
- “Slándáil inmheánach” An cineál togra/tionscnaimh þ Baineann an togra/tionscnamh
le gníomhaíocht nua (maoiniú
gnóthaí baile don tréimhse 2014-2020) ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua tar éis
treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[26]
¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá
ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i
dtreo gníomhaíochta nua
1.3.
Cuspóirí
1.3.1.
Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin
ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe
Is é aidhm
dheireanach na mbeartas gnóthaí baile limistéar gan teorainneacha inmheánacha a
chruthú a bhféadfaidh saoránaigh an AE agus náisiúnaigh tríú tír dul isteach,
gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua, caipiteal, eolas
agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí náisiúnta an tsaothair
á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n-urramú go hiomlán
agus a slándáil deimhnithe. Tá comhar le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí
idirnáisiúnta ríthábhachtach chun an sprioc sin a bhaint amach. Dearbhaíodh
tábhacht mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile i gClár Stócólm agus sa Chlár
Gníomhaíochta lena mbaineann, a bhfuil a chur chun feidhme ina thosaíocht
straitéiseach de chuid an Aontais lena gcuimsítear réimsí amhail imirce (imirce
dhleathach agus lánpháirtiú; tearmann; imirce agus filleadh atá mírialta),
slándáil (an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chosc agus a
chomhrac; comhar póilíneachta) agus bainistiú na dteorainneacha seachtracha
(lena n-áirítear beartas víosaí), chomh maith le gné sheachtrach na mbeartas
sin. Trí Chonradh Liospóin cuirtear ar chumas an Aontais freisin uaillmhian
níos fearr a léiriú i dtaca le freagairt do ghnóthaí laethúla saoránach i
limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais. Ba cheart go bhféachfaí ar
thosaíochtaí an bheartais gnóthaí baile, go háirithe lánpháirtiú náisiúnach
tríú tír, i gcomhthéacs na seacht dtionscnamh suaitheanta arna gcur i láthair i
Straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé mar aidhm acu cuidiú leis an AE teacht tríd
an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch reatha agus fás cliste, inbhuanaithe
agus cuimsitheach a bhaint amach. Cuirfear an
cúnamh airgeadais atá de dhíth ar fáil sa Chiste Slándála Inmheánaí d’fhonn
torthaí inbhraite a dhéanamh de chuspóirí gnóthaí baile an Aontais.
1.3.2.
Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann
AN CISTE
SLÁNDÁLA INMHEÁNAÍ Ionstraim
le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a
chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí,
cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais, rannchuideoidh an
Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas (a) an choireacht thrasteorann, an choireacht
thromchúiseach agus an choireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena
n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus chun comhordú agus comhar a threisiú idir
údaráis um fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát agus le tríú tíortha
ábhartha; (b) cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú
maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar
ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh
ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an
tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil a chosaint orthu. Gníomhaíochtaí reatha ABB atá i gceist: 18.05 Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do
theorainneacha seachtracha agus víosaí I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí,
cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an AE, rannchuideoidh an
Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas (a) tacú
le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a
áirithiú i gcás náisiúnach tríú tír agus dul i ngleic le himirce mírialta; (b) tacú
le bainistiú teorainneacha, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha
a áirithiú ar thaobh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha
ar an taobh eile i gcomhréir le acquis Schengen. Gníomhaíochtaí
reatha ABB atá i gceist: 18.02 (chomh fada is a bhaineann
sé leis an gCiste um Theorainneacha Seachtracha).
1.3.3.
An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis
Sonraigh an tionchar
ba cheart a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil
sé dírithe. Tá cur síos
níos mionsonraithe ar éifeachtaí an togra maidir le tairbhithe/spriocghrúpaí i
Roinn 4.1.2 den Mheasúnú Tionchair. Beidh éifeacht
thairbheach ag simpliú i gcoitinne arna thabhairt isteach ar gach leibhéal den
phróiseas maoinithe agus i ngach modh bainistíochta ar na próisis faoina ndéanfar
tacaíocht airgeadais a bhainistiú. Comhar
póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime Is iad na Ballstáit agus a n-údaráis um fhorghníomhú an dlí
mar aon le haon údarás eile a shainfheidhmíonn i gcosaint bonneagar criticiúil
agus bainistíocht géarchéime, ach freisin na hEagraíochtaí ábhartha
Idirnáisiúnta agus Neamhrialtasacha, nuair is iomchuí (e.g. i réimse bheartas
chosc na coireachta, frithradacaithe agus frithgháinneála) a bheidh ar
phríomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais. Is é an daonra go léir an spriocghrúpa a bhainfidh
tairbhe as na hathruithe. I measc na
mórghníomhartha beidh 1) cumas feabhsaithe riaracháin agus oibríochta na
mBallstát coireacht eagraithe thromchúiseach thrasteorann a bhrath agus a ionchúiseamh,
lena n-áirítear sceimhlitheoireacht d’fhonn na bagairtí a bhaineann leis an
tslándáil a eascraíonn as a leithéid de choireacht a laghdú, agus 2) go mbeadh
solúbthacht níos treise san Eoraip maidir le géarchéimeanna agus tubaistí de
bharr beartais níos comhtháite maidir le bainistíocht riosca a nascfaidh
bagairt agus measúnú riosca le ceapadh beartas sa chaoi go mbeidh freagra níos
éifeachtaí agus níos comhordaithe ag an AE ar ghéarchéim ar thaobh amháin agus
go nascfar na cumais agus an saineolas reatha ar an taobh eile. Gnóthachan
tábhachtach eile a bheidh ann nuair a bheidh cumas níos fearr ag na Ballstáit
na daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint agus a ullmhú in aghaidh
ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais thromchúiseacha eile a bhaineann
le slándáil. Teorainneacha
seachtracha agus víosaí Is iad na
seirbhísí cur chun feidhme acquis an AE, Cód Teorainneacha Schengen, agus an
Cód Víosa sna Ballstáit príomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais i gcomhair
teorainneacha agus víosaí: gardaí teorann, póilíní agus seirbhísí consalachta.
Is na taistealaithe an spriocghrúpa a bhainfidh tairbhe as na hathruithe - gach
duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha isteach san AE. Áireofar leis an
torthaí sin cumas feabhsaithe na seirbhísí sin (1) faireachas teorann agus
idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, faoi
chuimsiú an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR); (2)
bainistiú a dhéanamh ar shreabha imirce ag ionaid chonsalachta (iarratais ar víosaí)
agus (3) feabhas a chur ar láimhseáil sreafaí paisinéirí agus pointí trasnaithe
teorann, sa chaoi go gcinnteofar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta ar thaobh
amháin, i gcomhar le seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, agus trasnú rianúil
i gcomhréir le acquis agus leis na prionsabail maidir le láimhseáil mheasúil
agus dínit ar an taobh eile. Toradh tábhachtach ar leith a bheidh air is ea an
chaoi a bhunófar dhá chóras TF nua an AE maidir le gluaiseacht náisiúnach tríú
tíortha thar theorainneacha (Córas Dul Isteach Imeachta an AE agus agus Clár um
Thaistealaithe Cláraithe).
1.3.4.
Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar
Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh Ós rud é gur
gá comhphlé beartais a dhéanamh sula ndéantar na cláir náisiúnta a shainiú, ní
féidir sraith chinntitheach táscairí a chinneadh ag an gcéim seo, sraith a
úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha atá luaite thuas a thomhas.
Mar sin féin - maidir le comhar
póilíneachta agus an choireacht a chosc agus a chomhrac, i measc na
dtáscairí bheadh líon na gcomhoibríochtaí trasteorann agus líon na ndoiciméad
dea-chleachtais agus na n-imeachtaí a d’eagrófaí. I
measc na dtáscairí le haghaidh bainistíochta géarchéime agus cosaint an
bhonneagair chriticiúil bheadh líon na n-uirlisí a chuirfí ar fáil nó a
ndéanfaí uasghrádú breise orthu chun cosaint an bhonneagair chriticiúil ag
Ballstáit a éascú i ngach earnáil den gheilleagar agus líon na measúnuithe ar
bhagairtí agus ar rioscaí a chuirfí ar fáil ar leibhéal an Aontais. - i measc na
dtáscairí sa réimse teorainneacha agus víosaí bheadh líon na bpost
consalachta a dhéanfaí a fheistiú, a dhaingniú nó a fheabhsú chun iarratais ar
víosaí a phróiseáil go héifeachtúil agus caighdeán na seirbhíse d’iarratasóirí víosa
a áirithiú, agus trealamh a fhorbairt le haghaidh rialú teorann agus gabháil
náisiúnach mírialta tríú tíortha ag an teorainn sheachtrach i gcomparáid leis
an riosca atá ann ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach. Déanfaidh táscairí maidir leis an tionchar an méadú ar
shlándáil na dteorann, cumas eisiúna víosaí agus cumas chun trácht na
dtaistealaithe thar theorainneacha a láimhseáil go slán agus go réidh a
thomhas.
1.4.
Na forais leis an togra/an tionscnamh
1.4.1.
Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó
san fhadtéarma
Beidh ar an AE
leanúint ar aghaidh ag dul i ngleic le dúshláin thábhachtacha sa réimse maidir
le gnóthaí baile sa tréimhse 2014-2020. Tá sé
riachtanach timpeallacht shlán shábháilte a áirithiú agus tá sé tairbhiúil ó
thaobh fás eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an AE. Tá ról cinniúnach ag
an AE, cibé acu trí dhul i ngleic le bagairtí na coireachta tromchúisí agus
eagraithe, na cibearchoireachta agus na sceimhlitheoireachta agus trí
bhainistíocht theorainneacha seachtracha an AE a áirithiú, nó trí fhreagairt
thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn de thoradh ar
thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine. I ré an domhandaithe, ina bhfuil na
bagairtí ag méadú agus ina bhfuil méadú ag teacht ar ghné trasnáisiúnta na
mbagairtí sin, ní féidir le Ballstát ar bith freagairt éifeachtach a thabhairt
ina aonair. Tá freagra cuimsitheach comhtháite de dhíth lena n-áirithiú go
mbeidh údaráis um fhorghníomhú an dlí in ann dul i mbun oibre go héifeachtach
thar theorainneacha agus thar dhlínsí. Tá comhar le
tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun na
spriocanna sin a bhaint amach. Léirigh imeachtaí déanacha i dTuaisceart na
hAfraice cé chomh tábhachtach agus atá sé don AE go mbeadh cur chuige cuimsitheach
agus comhordaithe aige maidir le himirce, teorainneacha agus slándáil. Dá réir
sin ní mór gné sheachtrach bheartais gnóthaí baile an AE atá ag éirí níos
tábhachtaí le himeacht ama a neartú, i gcomhchuibheas iomlán le beartas
eachtrach an Aontais.
1.4.2.
Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE
Cruthaíonn
bainistiú sreabha imirce agus bagairtí slándála dúshláin nach féidir le
Ballstáit dul i ngleic leo trí ghníomhú aonair. Is réimsí iad sin lena
mbaineann luach breise soiléir maidir le heagrú bhuiséad an AE. Tá ualach trom
ar roinnt Ballstát mar gheall ar a láthair gheografach shonrach agus mar gheall
ar fhad theorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil dualgas orthu iad a
bhainistiú. In éineacht le deireadh a chur le rialuithe inmheánacha teorann, ní
mór comhbhearta a bheith ann maidir le rialú agus faireachas éifeachtach ar
theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá prionsabal na dlúthpháirtíochta agus
roinnt chóir na ndualgas idir Ballstáit ag croílár na gcomhbheartas tearmainn,
imirce agus teorainneacha seachtracha dá réir sin. Cuireann buiséad an AE na
modhanna ar fáil chun freastal ar impleachtaí airgeadais an phrionsabail seo. I
réimse na slándála, na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na
sceimhlitheoireachta agus na mbagairtí eile a bhaineann leis an tslándáil, is
bagairtí iad a bhfuil gné trasteorann ag baint leo níos mó ná riamh. Tá comhar
agus comhordú trasnáisiúnta i measc na n-údarás um fhorghníomhú an dlí
riachtanach chun na coireanna seo a chosc agus le troid ina gcoinne, mar shampla
trí mhalartú faisnéise, comh-imscrúduithe, teicneolaíochtaí comh-inoibritheacha
agus measúnuithe bagairtí agus riosca comhchoiteanna. Tá acmhainní
agus cumas substaintiúil ag teastáil ó na Ballstáit chun déileáil le sreabha
inimirce, teorainneacha seachtracha an AE agus slándáil an AE. Cruthaítear
barainneachtaí scála agus sineirgí de thoradh ar fheabhas ar chomhar agus ar
chomhordú oibríochtúil a chuimsíonn comhthiomsú acmhainní i réimsí ar nós
oiliúna agus trealaimh, rud a dhéanann úsáid níos éifeachtaí as cistí poiblí a
áirithiú agus dlúthpháirtíocht, muinín frithpháirteach agus comhroinnt
freagrachta as comhbheartais an AE a atreisiú i measc na mBallstát. Baineann sé
seo go mór le hábhar i réimse na slándála, áit a bhfuil tacaíocht airgeadais le
haghaidh gach cineál comhoibríochta trasteorann riachtanach chun comhar a
fheabhsú idir póilíní, custaim, gardaí teorann agus na húdaráis bhreithiúnacha.
Maidir le gné
sheachtrach na ngnóthaí baile, is léir go méadóidh glacadh beart agus
comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an AE go suntasach tionchar an AE faoi mar
atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha plé leis an AE maidir leis na
saincheisteanna sin a bhaineann le himirce agus slándáil atá ina n-ábhar spéise
go príomha don AE agus do na Ballstáit. Tá ceart an AE
gníomhú i réimse na ngnóthaí baile bunaithe ar Theideal V “Limistéar Saoirse,
Slándála agus Ceartais” den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
go háirithe Airteagal 77(2), Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4)
Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE. Tá comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí
idirnáisiúnta cumhdaithe ag Airteagal 212(3) CFAE. Tugtar urraim sna tograí do
phrionsabal na coimhdeachta toisc go mbeidh tromlach an chistiúcháin curtha
chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí agus aird á
tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát.
1.4.3.
Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe
seo
Cé go
mbreithnítear i gcoitinne go mbaineann ionstraimí airgeadais gnóthaí baile
reatha a gcuid cuspóirí amach agus go bhfeidhmíonn siad go héifeachtach, seo a
leanas na ceachtanna is gá a fhoghlaim ón athbhreithniú meántéarma agus ón
gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara: – Na hionstraimí gnóthaí baile amach anseo a shimpliú agus a chuíchóiriú trí líon na gclár airgeadais a laghdú go dhá cheann trí Chiste
Tearmainn agus Imirce agus Ciste Slándála Inmheánaí a chruthú. Tabharfaidh sé
sin deis don AE leas níos straitéisí a bhaint as a n-ionstraimí ionas go mbeidh
siad níos freagraí do thosaíochtaí polaitiúla agus do riachtanais an AE; – Ról an AE mar ghníomhaí domhanda a neartú, trí
chomhpháirt lena mbainfidh gné sheachtrach a chur san áireamh le Cistí amach
anseo chun tionchar an AE a atreisiú maidir le gné beartais sheachtraigh de bheartais
gnóthaí baile; – Tosaíocht a thabhairt do bhainistíocht chomhpháirteach seachas do bhainistiú láraithe más féidir d’fhonn fáil réidh le hualaí
maorlathacha neamhriachtanacha; – Cur chuige maidir le bainistíocht chomhpháirteach a bheidh níos dírithe
ar thorthaí a bhunú trí athrú go clárú ilbhliantúil
lena mbainfidh comhphlé beartais ar leibhéal sinsearach lena n-áiritheofar go
mbeidh cláir náisiúnta na mBallstát curtha ar chomhréim go hiomlán le cuspóirí
agus le tosaíochtaí beartais an AE agus go ndíreofar ar bhaint amach torthaí; – Bainistiú láraithe a fheabhsú chun raon uirlisí a chur ar fáil le
haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi réir ag beartas, lena
n-áirítear tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, go háirithe
gníomhaíochta nuála agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a bhaineann le
tríú tíortha (gné sheachtrach), mar aon le gníomhaíochtaí éigeandála, staidéir
agus imeachtaí; – Comhchreat rialúcháin a bhunú lena mbainfidh
comhshraith rialacha maidir le clárú, tuairisciú, bainistiú airgeadais agus
rialuithe a bheidh chomh cosúil agus is féidir le Cistí AE eile arna mbainistiú
i modh na bainistíochta comhpháirtí d’fhonn tuiscint níos fearr ar na rialacha
a chothú i measc na bpáirtithe leasmhara go léir agus chun leibhéal ard
comhchuibhis agus comhsheasmhachta a áirithiú; – Freagairt thapa agus éifeachtach a chur ar fáil i gcás éigeandálaí, na Cistí a dhearadh ionas gur féidir leis an AE freagairt go cuí i
gcásanna athraitheacha; – Ról na ngníomhaireachtaí gnóthaí baile a fheabhsú chun comhar praiticiúil a chothú idir na Ballstáit agus cúram a chur
orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme ag áirithiú ag an am céanna
rialú polaitiúil cuí ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí. Tá mionsonraí
breise ar fáil sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le
gach Rialachán.
1.4.4.
Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a
bheith ann le hionstraimí ábhartha eile
Déanfaidh
roinnt ionstraimí AE eile tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí atá
comhlántach do na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gCiste Slándála Inmheánaí: Beidh an
deighilt idir an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais
Cosanta Sibhialta fós mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 3 den chlár
CIPS reatha: baineann tubaistí nádúrtha chomh maith le tubaistí
neamhbheartaithe de dhéanamh an duine le cosaint shibhialta (timpistí), agus
baineann tubaistí beartaithe, de dhéanamh an duine leis an tslándáil agus
cumhdófar iad sa Chiste Slándála Inmheánaí dá bhrí sin. Beidh ionsaithe sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a
bhaineann leis an tslándáil fós lasmuigh de raon feidhme Chiste
Dlúthpháirtíochta an AE. Níl an raon feidhme beacht agus an méid a
dhéanfadh Airteagal 222 den CFAE (an clásal dlúthpháirtíochta) tacaíocht a
sholáthar do Bhallstáit a ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta orthu nó atá
thíos de thoradh tubaiste nádúrtha agus de dhéanamh an duine soiléir freisin
mar gheall go bhfuil gá le socruithe cur chun feidhme a ghlacadh go foirmiúil
chuige seo nár moladh fós fiú. Dá bhrí sin, tacófar le féidearthachtaí
maoinithe éigeandála i gcás mór-ionsaí sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a
bhaineann leis an tslándáil ón gCiste Slándála Inmheánaí. Dúnfar an bhearna idir taighde slándála faoin gClár
Horizon 2020 agus cur i bhfeidhm praiticiúil na dtorthaí ó thaighde den
sórt sin mar gheall go bhforálfar cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí
incháilithe faoin gCiste Slándála Inmheánaí a chuirfear ar chumas maoiniú a
chur ar fáil chun na torthaí taighde eolaíochta (‘fréamhshamhlacha’) a thástáil
agus a bhailíochtú d’fhonn iad a chur i bhfeidhm go rialta sa chleachtas
(‘soláthar réamhthráchtála’). Beidh dlúthbhaint ag an gClár Ceartais amach
anseo leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus déanfaidh sé comhlánú air, go
háirithe an ghné ceartais choiriúil atá aige ach tá sé dírithe níos mó ar
chomhar breithiúnach, comhchuibhiú na nósanna imeachta agus aitheantas
frithpháirteach, rud a dhéanfaidh forluí substaintiúil a chosc sa chleachtas. Tacóidh gnéithe seachtracha an Chiste Slándála Inmheánaí le
gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a bhaineann le tríú tíortha a
fhreastalaíonn go príomha ar leasa agus ar chuspóirí an AE, lena mbainfidh
tionchar díreach ar an AE agus ar na Ballstáit agus lena n-áiritheofar
leanúnachas le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i gcríoch an AE. Beidh an
maoiniú sin deartha agus curtha chun feidhme i gcomhchuibheas le gníomhaíocht
sheachtrach agus le beartas eachtrach an AE. Níl sé i gceist leo tacú le
gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú,
nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí
cabhrach seachtraí. Sa chomhthéacs sin, beidh an comharba ar an gClár
Téamach Imirce & Tearmainn agus ar an Ionstraim Cobhsaíochta ábhartha
go háirithe maidir leis an réimse gnóthaí baile. Cé go dtacaíonn ionstraimí
cabhrach seachtraí le ceachtar de riachtanais fhorbartha na dtíortha tairbhe nó
de leasa polaitiúla ginearálta an AE le páirtithe straitéiseacha, tacóidh cistí
gnóthaí baile le gníomhaíochtaí sonracha i dtríú tíortha chun leasa chuspóirí
inmheánacha slándála an AE. Dá réir sin déanfar freastal ar bhearna sonrach leo
agus cuirfidh siad leis an raon uirlisí atá ar fáil don AE.
1.5.
Fad agus tionchar airgeadais
þ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta –
þ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 01/01/2014 go 31/12/2020 –
þ Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 ¨ Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB
agus BBBB, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
1.6.
Modhanna bainistíochta atá beartaithe[27]
þBainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
þ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
þ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[28]
–
þ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais þ Bainistíocht chomhpháirteach leis na
Ballstáit þBainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha þ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí
idirnáisiúnta (sonraí le tabhairt) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí: Déanfar na
tograí a chur chun feidhme go príomha trí bhainistíocht chomhpháirteach, lena
mbainfidh cláir náisiúnta ilbhliantúla. Déanfar na
cuspóirí atá le baint amach faoi na cláir náisiúnta a chomhlánú le
“gníomhaíochtaí an Aontais” agus meicníocht mhearfhreagartha chun déileáil le
staideanna éigeandála. Beidh siad i bhfoirm deontas agus soláthair den chuid is
mó faoi bhainistíocht dhíreach láraithe lena n-áireofar gníomhaíochtaí i dtríú
tíortha agus maidir leo. Bainfear leas
as gach modh féideartha chun ilroinnt a sheachaint trí acmhainní a dhíriú ar
líon teoranta cuspóirí an AE a bhaint amach agus úsáid a bhaint as saineolas na
bpríomhpháirtithe leasmhara, nuair is iomchuí, ar bhonn comhaontuithe
comhpháirtíochta agus comhaontuithe réime. Déanfar cúnamh
teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme trí bhainistíocht
dhíreach láraithe. Glacfaidh na
tíortha a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus forbairt
acquis Schengen páirt freisin sa dá ionstraim den Chiste Slándála Inmheánaí ar
ionann iad agus forbairt ar acquis Schengen (na hionstraimí maidir le
teorainneacha agus víosaí agus maidir le comhar póilíneachta) amhail agus dá
mba Ballstáit iad, i bhfianaise Comhaontuithe Comhlachais Schengen. Glacfaidh
siad páirt sna hionstraimí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin, ag cur a
gcláir náisiúnta ilbhliantúla chun feidhme agus beidh deis acu iarratas a
dhéanamh ar mhaoiniú faoi ghníomhaíochtaí an Aontais etc. Mar an gcéanna leis
an gCiste um Theorainneacha Seachtracha, cuirfear socruithe sonracha i gcrích
chun na rialacha breise atá riachtanach le go nglacfaidh siad páirt ann a
shonrú (rialacha a eascraíonn as an Rialachán Airgeadais, a chuid Rialacha Cur
Chun Feidhme agus na Conarthaí, lena n-áirítear cumhacht iniúchóireachta na
Cúirte Iniúchóirí). Ós rud é go rannchuideoidh na Stáit seo le buiséad an AE
don dá ionstraim seo i gcomhréir lena OTI, cinnteoidh na socruithe freisin na
ranníocaíochtaí a bheidh le fáil ó na Stáit seo mar chuid den chomhroinnt
freagrachta maidir le rialachas Schengen, agus déanfar sin beag beann ar an
méid a leithdháiltear orthu faoi na hionstraimí. Go dtí seo, is iad na Stáit
atá i gceist ná an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin.
2.
BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.
Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Maidir le
bainistíocht chomhpháirteach, tá creat comhtháite agus
éifeachtach tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta molta. Maidir le gach
clár náisiúnta, iarrfar ar Bhallstáit Coiste Faireacháin a chur ar bun ina
bhféadfaidh an Coimisiún a bheith rannpháirteach. Ar bhonn
bliantúil, déanfaidh na Ballstáit tuairisciú ar chur chun feidhme an chláir
ilbhliantúil. Is réamhchoinníoll iad na tuarascálacha seo chun íocaíochtaí
bliantúla a fháil. Chun cur leis an bpróiseas athbhreithnithe meántéarma,
iarrfar orthu in 2017 faisnéis bhreise a chur ar fáil ar an dul chun cinn a
rinneadh maidir le baint amach na gcuspóirí. Tabharfar
faoi fheidhm chomhchosúil in 2019 chun coigeartuithe a dhéanamh le linn na
bliana airgeadais deireanaí (2020) nuair is iomchuí sin. Ag tacú le forbairt cultúir bunaithe ar mheastóireacht i
réimse na ngnóthaí baile, beidh creat coiteann meastóireachta agus faireacháin
ag na Cistí ag a mbeidh táscairí leathana a bhaineann le beartas ina leagtar
béim ar chur chuige na gCistí atá dírithe ar thoradh agus ar an ról
fíor-riachtanach a d’fhéadfadh a bheith acu sa mheascán beartais chun an
cuspóir a bhaint amach maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a
chruthú. Baineann na táscairí seo leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na
Cistí: forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair póilíneachta
agus an bhainistithe géarchéime; bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig
an AE; cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú tír; dlúthpháirtíocht
agus comhar idir na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar
shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí agus cur chuige coitianta san
AE ar an imirce agus ar an tslándáil araon maidir le tríú tíortha. D’fhonn cur i bhfeidhm leormhaith na bprionsabal ar
mheastóireacht a áirithiú, agus aird á tabhairt ar an taithí phraiticiúil ar
mheastóireacht sna Ballstáit faoi chistiúchán reatha an AE ar ghnóthaí baile,
oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun an creat coiteann
meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt, inter alia trí theimpléid agus
táscairí aschuir agus toraidh coiteanna a shainmhíniú. Bunófar gach beart ag tús na tréimhse clárúcháin, agus ar
an gcaoi sin cuirfear ar chumas na mBallstát a gcórais tuairiscithe agus
mheastóireachta a bhunú ar bhonn na gceanglas agus na bprionsabal
comhaontaithe. D’fhonn ualach riaracháin a laghdú agus d’fhonn sineirgí
idir tuairisciú agus meastóireacht a áirithiú, cuirfidh an fhaisnéis a theastaíonn
do thuarascálacha meastóireachta leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar
fáil sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, agus cuirfidh sí i
gcrích í. In 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur isteach
fosta maidir leis an athbhreithniú meántéarma arna dhéanamh ar na cláir
náisiúnta. Ar bhonn níos domhandaithe, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil idirmheánach a chur
isteach maidir le cur chun feidhme na gCistí faoin 30.06.2018 agus tuarascáil
mheasúnaithe ex-post faoin 30.06.2024, lena gcumhdófar an cur chun feidhme
iomlán (i.e. ní amháin cláir náisiúnta atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach).
2.2.
Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.
An riosca nó na rioscaí a aithníodh
Ní bhíonn baol
rioscaí earráide ag an Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile ina cláir chaithimh.
Dearbhaítear é sin leis an easnamh athfhillteach de chinntí suntasacha i
dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí mar aon le heasnamh de ráta
earráide iarmhair os cionn 2% sna blianta seo caite i dtuarascálacha gníomhaíochta
bliantúla maidir leis an Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile (agus
Ard-Stiúrthóireacht an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála mar a tugadh
uirthi). I gcás
bainistíochta comhpháirtí, bíonn na rioscaí ginearálta
maidir le cur chun feidhme na gclár reatha i dtrí chatagóir den chuid is mó: – Riosca ar úsáid neamhéifeachtach cistí nó úsáid nach mbeadh sprioctha
go cuí; – Earráidí de bhun chastacht rialacha agus laigí i gcórais bhainistíochta
agus rialaithe; – Úsáid neamhéifeachtach as acmhainní riaracháin (comhréireacht teoranta
riachtanas); Is fiú gnéithe
sonracha maidir le córas na 4 Chiste faoin gClár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht
agus Bainistiú Sreabha Imirce” a lua freisin. – Áirithítear i gcóras na gclár bliantúil go ndéantar íocaíochtaí
deireanacha ar bhonn rialta bunaithe ar chaiteachas deimhnithe agus iniúchta.
Tá tréimhse cáilitheachta na gclár bliantúil dínasctha, áfach, ó bhliain
airgeadais an AE agus dá réir sin níl an slabhra dearbhaithe go hiomlán sásúil,
d’ainneoin córas an-trom. – Tá rialacha cáilitheachta mionsonraithe socraithe ag an gCoimisiún.
Áirítear leis sin i bprionsabal aonchineálacht an chaiteachais atá maoinithe.
Cruthaíonn sé ualach oibre neamhriachtanach freisin, áfach, d’údaráis náisiúnta
agus don Choimisiún agus méadaíonn sé an riosca earráidí ó thairbhithe nó ó
Bhallstáit mar gheall ar neamhthuiscint ar rialacha an AE. – Tá na córais bhainistíochta agus rialtáin reatha an-ghar dóibh siúd atá
faoi na Cistí Struchtúracha. Baineann éagsúlachtaí beaga ag baint leo, áfach,
eadhon i slabhra na ndualgas idir údaráis deimhniúcháin agus Údaráis
Iniúchóireachta. Cruthaíonn sé seo mearbhall sna Ballstáit, go háirithe nuair a
ghníomhaíonn na húdaráis sa 2 chineál Ciste. Méadaíonn sé an riosca earráidí
agus bíonn faireachán níos déine de dhíth dá réir. Déanfar na
gnéithe seo a athrú go suntasach sa togra seo: – Leanfaidh na córais bhainistíochta agus rialaithe na ceanglais
ghinearálta atá socraithe sna Cistí CCS agus comhlíonfaidh siad ceanglais nua
an Rialacháin Airgeadais Nua go hiomlán: déanfar na 3 húdarás a athsholáthar le
2 údarás (Údarás Freagrach agus Údarás Iniúchóireachta) a bhfuil a róil
soiléirithe ag féachaint do dhearbhú níos fearr a chur ar fáil. – Cuirfidh clárú ilbhliantúil mar aon le himréiteach bliantúil bunaithe
ar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach na tréimhsí
cáilitheachta ar chomhréim le cuntais bhliantúla an Choimisiúin, gan an
t-ualach riaracháin a mhéadú i gcomparáid leis an gcóras reatha. – Déanfar spotseiceálacha ar an láthair a thabhairt chun críche mar chuid
de na rialuithe 1ú leibhéal, i.e. ag an Údarás Freagrach agus
tacóidh siad lena dhearbhú urrúis bainistíochta bliantúil. – Toisc soiléiriú agus simpliú ar na rialacha cáilitheachta mar aon lena
gcomhchuibhiú le hionstraimí eile tacaíochta airgeadais déanfar na botúin a
dhéanann tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú. Déanfar na rialacha cáilitheachta sin a shocrú ar leibhéal
náisiúnta, cé is moite de roinnt bunphrionsabal, atá cosúil leo siúd as a
mbaintear úsáid le haghaidh na gCistí CCS. – Moltar úsáid roghanna costais simplithe, go háirithe i gcás deontas
beag. I mbainistíocht
láraithe, is iad seo a leanas na príomhrioscaí: – Riosca maidir le comhfhreagras lag idir na tionscadail a fhaightear
agus tosaíochtaí polaitiúla na hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile; – An riosca maidir le droch-cháilíocht na dtionscadal a roghnaíodh agus
droch-chur chun feidhme teicniúil an tionscadail, rud a laghdaíonn tionchar an
chláir; i ngeall ar nósanna imeachta roghnúcháin neamhleora, easpa saineolais
nó faireachán neamhleor; – An riosca maidir le húsáid neamhéifeachtach nó neamheacnamaíoch na
gcistí a deonaíodh, le haghaidh deontas (an chastacht a bhaineann le costais
incháilithe iarbhír a chúiteamh mar aon le féidearthachtaí teoranta chun
costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus le haghaidh soláthair
(corruair bíonn líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha ann a bhfuil an
saineolas acu a theastaíonn ina bhfuil féidearthachtaí neamhleora chun
comparáidí a dhéanamh idir tairiscintí praghsanna); – Bainfidh an riosca le cumas na n-eagraíochtaí níos lú (go háirithe)
caiteachas a smachtú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n-oibríochtaí arna ndéanamh a áirithiú. – An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó
gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais
rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard
conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, iad ar fad ag feidhmiú a gcóras
rialaithe féin, agus bíonn siad measartha beag go minic. Táthar ag súil
go ndéanfar an chuid is mó de na rioscaí seo a laghdú a bhuíochas sin do
thograí a spriocdhíriú níos fearr agus gnéithe simplithe atá san áireamh sa
Rialachán Airgeadais nua a úsáid.
2.2.2.
Modhanna rialaithe atá beartaithe
Bainistíocht
chomhpháirteach: Ar leibhéal
na mBallstát, is forbairt atá i bhfeidhm i rith
2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais bhainistíochta agus
rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna arna ndéanamh sa
tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an
láthair, iniúchóireachtaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe agus
iniúchóireachtaí ar thionscadail. Athraítear ord na
bhfeidhmeanna seo mar sin féin ionas go bhfágfar seiceálacha ar an láthair mar
fhreagracht shoiléir ar an Údarás Freagrach mar chuid lárnach den ullmhúchán
don chleachtadh bliantúil imréitigh na gcuntas. D’fhonn cuntasacht a threisiú, gheobhadh na hÚdaráis
Fhreagracha creidiúnú ón gcomhlacht creidiúnúcháin náisiúnta atá i gceannas ar
mhaoirseacht leanúnach a dhéanamh orthu. Trí laghdú a dhéanamh ar líon na
n-údarás – gan Údarás Deimhniúcháin a bheith ann a thuilleadh agus laghdú a
dhéanamh ar líon na gCistí – táthar ag súil leis go laghdófaí an t-ualach
riaracháin agus gur mó an deis a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a
fhorbairt, ach cheadófaí roinnt freagrachtaí níos soiléire freisin. Go dtí seo níl
aon mheastachán iontaofa ann maidir le costas na rialuithe ar na Cistí
bainistíochta comhpháirtí sa réimse Gnóthaí Baile. Baineann
an t-aon mheastachán atá ar fáil leis an CFRE agus leis an gCiste
Comhtháthaithe áit a meastar go bhfuil costais na gcúraimí a bhaineann le
rialuithe (ar an leibhéal náisiúnta, gan costais an Choimisiúin a áireamh)
thart ar 2% den mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013. Baineann na
costais seo leis na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear 1% ó chomhordú
náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann 82% le bainistíocht clár, 4% le
deimhniúchán agus 13% le hiniúchadh. Déanfaidh na tograí seo a leanas na costais rialaithe a mhéadú: – cruthú agus feidhmiú comhlachta creidiúnúcháin agus athrú córais i
gcoitinne; – dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na cuntais bhliantúla a sheoladh
isteach; – na seiceálacha ar an láthair atá le déanamh ag an Údarás Freagrach; – an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na hÚdaráis
Iniúchóireachta chun iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta. Tá tograí ann
freisin a laghdóidh na costais rialaithe áfach: – Tiocfaidh deireadh le hÚdarás Deimhniúcháin. Cé
go ndéanfar a bhfeidhmeanna a aistriú i bpáirt chuig an Údarás Freagrach,
ceadóidh sé sin don Bhallstát cuid shuntasach de na costais a bhaineann le
deimhniúchán a shábháil de thoradh éifeachtúlachta níos fearr riaracháin,
laghdú ar an ngá le comhordú, agus laghdú ar raon feidhme na n‑iniúchóireachtaí; – Beidh na rialuithe a bheidh le déanamh ag an Údarás Iniúchóireachta
dírithe níos mó i dtreo athdhéanamh ar (shampla de) na rialuithe den 1ú
leibhéal riaracháin agus ar na rialuithe ar an láthair arna ndéanamh ag an
Údarás Freagrach. Fágfaidh sé seo go mbeidh an nós imeachta sáraíochta níos
tapa agus áiritheofar freisin go dtabharfar faoi gach rialú is gá sula seolfar
na cuntais bhliantúla isteach; – De thoradh ar chostais shimplithe a úsáid, laghdófar costais agus ualaí
riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon; – Laghdóidh an cur i gcrích bliantúil, agus an srianadh ar an tréimhse
imréitigh comhréireachta go 36 mí, tréimhse coinneála na ndoiciméad chun
críocha rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe; – Beidh sé éigeantach sreafaí cumarsáide leictreonaí a chur ar bun idir
an Coimisiún agus na Ballstáit. Ní mór na
gnéithe simplithe atá liostaithe faoi §2.2.1 thuas a chur leis sin, a
rannchuideoidh leis an ualach riaracháin do thairbhithe a laghdú freisin agus
dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar
an ualach riaracháin. Táthar ag súil
leis, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar an iomlán, go
ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh seachas iad a mhéadú nó a laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh an t‑athdháileadh
sin ar chostais (do na feidhmeanna ar fad agus de bharr na socruithe
comhréireacha rialaithe, agus freisin do na Ballstáit agus na cláir ar fad)
maolú níos éifeachtaí ar rioscaí agus go mbeidh slabhra dearbhaithe níos fearr
agus níos tapa dá bharr. Ar leibhéal
an Choimisiúin, níltear ag súil leis go mbeidh laghdú
ar chostas na bainistíochta agus na rialuithe le haghaidh bainistíochta
comhpháirtí sa chéad leath den tréimhse chlárúcháin. Tá
sé sin amhlaidh ar an gcéad dul síos toisc go leathnófar an méid agus na réimsí
beartais a bhaineann leis an mbainistíocht chomhpháirteach i gcomparáid leis an
tréimhse reatha. Dá bhrí sin beidh méadú ar éifeachtúlacht riachtanach cheana
féin chun na hacmhainní céanna a choinneáil. Ina theannta sin, beidh sé de nós
sna blianta tosaigh go leor tascanna tábhachtacha a dhéanamh le chéile: cur i
gcrích na gclár 2007-2013 (tá na tuairiscí cur i gcrích deiridh le cur isteach
faoin 31 Márta 2016), idirphlé beartais agus faomhadh na gclár náisiúnta
ilbhliantúla 2014-2020 agus córas nua um imréiteach cuntas a chur ar bun. Sa
dara leath den tréimhse bainfear úsáid as na hacmhainní féideartha a bheidh ar
fáil chun meastóireacht agus faireachán a fheabhsú. Bainistiú
láraithe Maidir le bainistiú
láraithe, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag cur a chóras rialaithe reatha i
bhfeidhm. Tá an córas sin comhdhéanta de na bunábhair seo a leanas: maoirseacht
na stiúrthóireachtaí oibríochtúla ar oibríochtaí, rialú ex ante ag an Aonad
Buiséid agus Rialaithe, an Coiste Soláthair Inmheánaigh (JPS/HPC), rialuithe ex
post le haghaidh deontas nó na hiniúchóireachtaí ón gCumas Iniúchóireachta
Inmheánaí agus ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí. Cuireann
an earnáil rialaithe ex post “straitéis braite” i bhfeidhm a bhfuil sé mar
aidhm léi líon uasta na n-aimhrialtachtaí a bhrath chun íocaíochtaí míchuí a
fháil ar ais. Bunaithe ar an straitéis seo, déantar na hiniúchóireachtaí ar
shampla de na tionscadail, a roghnaítear ar bhonn anailíse riosca beagnach ar
fad. Mar gheall ar an meascán seo de rialuithe ex ante agus ex
post, chomh maith leis na seiceálacha deisce agus na hiniúchóireachtaí ar an
láthair, bhí an ráta earráide inchainníochtaithe iarmharach ar an meán níos lú
ná 2% le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, meastar an córas rialaithe
inmheánaigh, chomh maith leis an gcostas a ghabhann leis, a bheith leormhaith
chun an cuspóir de ráta íseal earráide a bhaint amach san Ard-Stiúrthóireacht
Gnóthaí Baile. Faoi chuimsiú an chreata seo, áfach, leanfaidh an Ard-Stiúrthóireacht
Gnóthaí Baile ag iniúchadh féidearthachtaí d’fhonn feabhas a chur ar an
mbainistíocht agus simpliú a mhéadú. Go háirithe, bainfear an oiread úsáide
agus is féidir as na roghanna simplithe a chuirtear ar fáil sa Rialachán
Airgeadais nua mar gheall go meastar go rannchuideoidh siad leis an ualach
riaracháin ar thairbhithe a laghdú agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú
comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin a bheidh ar an
gCoimisiún. Sraitheanna nua Foráiltear sraitheanna nua le haghaidh maoinithe an AE sa
réimse gnóthaí baile sna tograí, e.g. úsáid níos fearr as an saineolas atá ann
cheana féin i ngníomhaireachtaí an AE, forbairt ar an ngné sheachtrach agus
neartú ar na meicníochtaí éigeandála.
Beidh modhanna bainistíochta agus rialaithe nua ag teastáil le haghaidh
DG HOME sa chás seo.
Níl na méideanna a chuirfear ar fáil do na sraitheanna nua seo socraithe fós,
ach ní dócha go mbeidh siad suntasach i gcomparáid leis an mbuiséad gnóthaí
baile foriomlán. Beidh sé thar a bheith tábhachtach na modhanna agus socruithe
oibre inmheánacha chun na cúraimí seo a chur chun feidhme a bhunú chomh luath
agus is féidir laistigh den tréimhse, áfach, le cloí go hiomlán le prionsabail
na bainistíochta fónta airgeadais. Léiríonn an
anailís thuas go soiléir go mbeidh gá atreisiú a dhéanamh ar leibhéal na
n-acmhainní daonna atá de dhíth chun buiséad méadaithe DG HOME a chur chun
feidhme, d’ainneoin na simplithe ar fad a tugadh isteach.
Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil
bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana nó atá ath-imlonnaithe taobh
istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt
don AS atá i mbun bainistíochta faoin leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise
na srianta buiséadacha
2.3.
Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Anuas ar na
meicníochtaí rialaithe rialála uile a chur i bhfeidhm, ceapfaidh an
Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile straitéis frith-chalaoise i gcomhréir le
straitéis frith-chalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) arna glacadh an 24
Meitheamh 2011 d’fhonn a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha
maidir le frith-chalaois ailínithe go hiomlán leis an CAFS agus go bhfuil a
chur chuige maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca
calaoise agus ar fhreagairtí imleora a shainaithint. Más
gá, bunófar grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta anailís
a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann leis na Cistí. Maidir le
bainistíocht chomhpháirteach, aithnítear go soiléir i straitéis frith-chalaoise
an Choimisiúin go bhfuil sé riachtanach go ndéanfadh tograí an Choimisiúin le
haghaidh rialachán 2014-2020 iarratas ar na Ballstáit bearta frith-chalaoise a
chur i bhfeidhm atá éifeachtach agus comhréireach maidir leis na rioscaí
calaoise sainaitheanta. In Airteagal 5 den togra
reatha ceanglaítear go soiléir ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a
bhrath agus a cheartú agus tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún. Beidh
sonraí breise maidir leis na hoibleagáidí seo mar chuid de na rialacha
mionsonraithe maidir le feidhmeanna an Údaráis Fhreagraigh mar a fhoráiltear in Airteagal 24(5)(c). Ina theannta
sin, rinneadh athúsáid na gcistí a thagann ó cheartú airgeadais bunaithe ar
thorthaí an Choimisiúin nó na Cúirte Iniúchóirí a shonrú go soiléir in
Airteagal 41.
3.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus
na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar
· Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon || LD ([29]) || ó thíortha[30] an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[31] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL · Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Líon Teideal 3 || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 3 || 18 01 04 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 02 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 01 04 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL 3 || 18 02 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL Baineann ranníocaíochtaí ó thríú tíortha leis
an dá chomhpháirt den Chiste Slándála Inmheánaí. Déanfar na critéir agus an modh chun na
ranníocaíochtaí seo a ríomh a chaibidliú idir an AE agus na Stáit
Chomhlachaithe ar bhonn nós imeachta ar leithligh. Ag déanamh talamh slán de go
mbeadh na céatadáin cosúil leo sin atá in úsáid faoi láthair faoin gCiste um
Theorainneacha Seachtracha, d’iarrfaí ar na Stáit Chomhlachaithe ranníocaíocht
de thart ar EUR 210 milliún a dhéanamh leis an ngné a bhaineann le
Teorainneacha agus Víosaí agus thart ar EUR 50 milliún leis an ngné a bhaineann
le comhar póilíneachta.
3.2.
An tionchar a mheastar ar chaiteachas
3.2.1.
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas
EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus Saoránacht DG HOME || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna reatha) || || || || || || || || || 18 02 bb An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || Oibleagáidí || (1a) || 135.076 || 143.047 || 151.283 || 159.791 || 168.578 || 177.653 || 187.022 || || 1,122.450 Íocaíochtaí || (2a) || 15.714 || 43.881 || 71.419 || 111.709 || 147.854 || 156.248 || 164.918 || 410.707 || 1,122.450 18 02 cc Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || Oibleagáidí || (1a) || 422.310 || 447.186 || 472.886 || 499.435 || 526.856 || 555.173 || 584.412 || - || 3,508.258 Íocaíochtaí || (2a) || 59.999 || 120.794 || 223.204 || 350.813 || 461.098 || 487.256 || 514.275 || 1,290.818 || 3,508.258 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[32] || || || || || || || || || 18 01 04 bb An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || || || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || || 5.600 18 01 04 cc Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || || || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || || 11.900 IOMLÁN leithreasaí do DG HOME || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 559,886 || 592,733 || 626,669 || 661,726 || 697,934 || 735,326 || 773,934 || || 4.648,208 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 78,213 || 167,174 || 297,123 || 465,023 || 611,452 || 646,004 || 681,693 || 1.701,525 || 4.648,208 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin " Ós rud é go bhfuil
gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce
agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát
agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar
eagrúchán inmheánach na hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú
na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú
faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste
Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí. Dá réir sin
comhfhreagraíonn na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don
chaiteachas riaracháin iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an
dá Chiste ag an AS a áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist. EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN DG: HOME || Acmhainní daonna || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || || 145.887 Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || || 1,157 IOMLÁN DG HOME || Leithreasaí || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044 EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || Íocaíochtaí || || || || || || || || ||
3.2.2.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí
–
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
þ Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair
oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Cuirtear an beartas Gnóthaí Baile chun feidhme trí bhainistíocht
chomhpháirteach go príomha. Cé go socraítear tosaíochtaí caiteachais ar
leibhéal an AE, tugtar cúram na bainistíochta laethúla d’Údaráis Fhreagracha ar
an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún agus na hÚdaráis Fhreagracha
cinneadh le chéile maidir le comhtháscairí aschuir agus spriocanna mar chuid dá
gcuid cláir náisiúnta, agus déanfaidh an Coimisiún faomhadh orthu. Tá sé
deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le haschuir a lua go dtí go mbeidh na
cláir dréachtaithe, caibidlithe agus faofa in 2013/14.
Maidir le bainistiú láraithe, níl sé indéanta do DG HOME liosta
críochnaitheach a sholáthar freisin de gach aschur atá le cur ar fáil trí
bhíthin na hidirghabhála airgeadais faoi na Cistí, na costais agus uimhreacha a
bhaineann leo ar an meán, mar a iarrtar sa roinn seo. Níl aon uirlisí
staitistiúla ann faoi láthair a thugann deis costais bhríocha ar an meán a
ríomh ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh sainmhíniú beacht den sórt sin mar
shárú ar an bprionsabal gur chóir go mbeadh an clár amach anseo sách solúbtha
chun dul in oiriúint do na tosaíochtaí polaitiúla idir 2014 agus 2020. Tá sé
sin amhlaidh go mór mór i ndáil le cúnamh éigeandála agus gníomhaíochtaí i
dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha. Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[33] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[34]… || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || || CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2... || || || || || || || || || || || || || || || || - Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || || COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||
3.2.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de
chineál riaracháin
3.2.3.1.
Achoimre
–
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál
riaracháin –
þ Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a
mhínítear thíos: Ós rud é go bhfuil
gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce
agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát
agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar
eagrúchán inmheánach na hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú
na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú
faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste
Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí. Dá réir sin comhfhreagraíonn
na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don chaiteachas riaracháin
iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an dá Chiste ag an AS a
áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist. EUR milliún (go dtí
an 3ú deachúil) DG HOME CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil[35] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Acmhainní Daonna DG HOME || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 145,887 Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || 1,157 Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || 147.044 Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[36] den chreat airgeadais ilbhliantúil [37] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN Acmhainní Daonna DG HOME || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 4.480 Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 13.020 Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 17.500 IOMLÁN || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B
3.2.3.2.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh
riachtanach
–
¨ Ní éilítear leis an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna –
þ Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna
mar a mhínítear thíos: Is iad figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n. Ós rud é go bhfuil
gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce
agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát
agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar
eagrúchán inmheánach na hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú
na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú
faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste
Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí. Dá réir sin
comhfhreagraíonn na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don
chaiteachas riaracháin iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an
dá Chiste ag an AS a áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist. Sloinnfear
an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6 Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) DG HOME || || 18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 18 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[38] || || 18 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach iomlánaíoch’) || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || XX 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 18 01 04 bb [39] || - i gCeanncheathrú[40] || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || * || 18 01 04 cc [41] || - i gCeanncheathrú[42] || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || * || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || || || || || || || || Eile 13 01 04 02) || || || || || || || || IOMLÁN || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B Is é XX an réimse beartais nó an
teideal buiséid lena mbaineann. Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna
trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana
nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh
breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta faoin
leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha. Dhéanfaí méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú
i gcás aon phróiseas seachtraithe do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ag an gceanncheathrú || Cuimsíonn na cúraimí is gá a thabhairt chun críche na cúraimí go léir atá riachtanach le haghaidh clár airgeadais a bhainistiú, ar nós: - ionchur a chur ar fáil don nós imeachta buiséadach; - idirphlé beartais a dhéanamh le Ballstáit; - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan síos, cláir náisiúnta a fhaomhadh; - cláir náisiúnta a bhainistiú, glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin; - cumarsáid le páirtithe leasmhara (tairbhithe féideartha/iarbhír, Ballstáit, srl); - treoirlínte a dhréachtú do Bhallstáit - tionscadail a bhainistiú, ar bhonn oibríochtúil agus airgeadais; - rialuithe a fheidhmiú, faoi mar a chuirtear síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste soláthair, iniúchóireachtaí ex post, iniúchóireacht inmheánach, imréiteach na gcuntas); - cuntasaíocht; - uirlisí TF bainistithe cláir náisiúnta agus deontais a fhorbairt agus a bhainistiú; - faireachán agus tuairisciú maidir le baint amach cuspóirí, lena n-áirítear sna Tuarascálacha Bliantúla Gníomhaíochta agus i dtuarascálacha Fo-Thoscaireachta na nOifigeach um Údarú Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cinn na n-oifigeach agus na ngníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a chomhlíonadh Pearsanra i dtoscaireachtaí || D’fhonn cur le forbairt chur chun feidhme beartais sa réimse gnóthaí baile, agus go háirithe an ghné sheachtrach a bhaineann leis, beidh ar thoscaireachtaí an AE dóthain saineolais a bheith acu ar chúrsaí gnóthaí baile. Tharlódh gur foireann í seo ón gCoimisiún Eorpach nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.
3.2.4.
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil
reatha
–
þ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat
airgeadais ilbhliantúil eile. –
¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha ag gabháil leis an togra/tionscnamh
seo sa chreat airgeadais ilbhliantúil. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. –
¨ Éilítear leis an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil[43]. Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
3.2.5.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
–
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do
chómhaoiniú le tríú páirtithe –
þ Déantar foráil sa togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir
an méid cruinn a chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí
cómhaoiniúcháin arna n-idirdhealú de réir na gcineálacha gníomhaíochtaí: Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Costas Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS || IOMLÁN na leithreasaí cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh ||
3.3.
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–
þ Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid ioncaim: || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain bhuiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[44] Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) Airteagal …………. || || || || || || || || I gcás ioncaim
ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n-imrítear tionchar orthu. Sonraigh an modh chun an
tionchar ar ioncam a ríomh. [1] IO C 115 de 4.5.2010, lch 1. [2] COIM (2010) 673 leagan críochnaitheach. [3] COIM (2011) 500 leagan críochnaitheach. [4] COIM(2011) 318 leagan críochnaitheach an
16 Meitheamh 2011: Teachtaireacht maidir leis an meastóireacht
mheántéarma ar an gCreatchlár “An tSlándáil agus Cosaint na Saoirsí" (2007-2013). [5] Tá na doiciméid chomhairliúcháin agus an tuarascáil ar
thorthaí an chomhairliúcháin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na
hArd-Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile: http://ec.europa.eu/home-affairs/news/consulting_public/consulting_0020_en.htm
[6] “Athbhreithniú Buiséid an AE”, COIM (2010) 700,
19.10.2010. [7] Togra ón gCoimisiún –
Rialachán maidir leis an rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad
bliantúil an Aontais (COIM (2010) 815 leagan críochnaitheach an 22.12.2010). Is
ionann an togra seo agus an Coimisiún ag tarraing siar go foirmiúil na tograí
reachtacha COIM (2010) 71 leagan críochnaitheach agus COIM (2010) 260 leagan
críochnaitheach a bhí ann roimhe seo. [8] IO C … [9] IO C … [10] IO C … [11] Doic. 7120/10 ón gComhairle. [12] COIM (2010) 673 leagan críochnaitheach. [13] IO L … [14] IO L … [15] IO L 58, 24.2.2007, lch 7. [16] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31. [17] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1. [18] IO L 160, 18.06.2011, lch. 1. [19] IO L … [20] IO L 321 an 8.12.2009, lch 44. [21] IO L 64, 22.6.2002, lch 3. [22] IO L 330, 9.12.2008, lch 21. [23] IO L … [24] COIM(2010)543 leagan críochnaitheach. [25] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [26] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [27] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [28] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den
Rialachán Airgeadais. [29] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí
neamhdhifreáilte [30] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [31] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [32] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), agus le
taighde indíreach agus taighde díreach a chur chun feidhme. [33] Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar
(e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de
bhóithre a rinneadh, etc.). [34] Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóir sonrach
(cuspóirí sonracha)...” [35] Clúdach foriomlán, bunaithe ar Leithdháileadh
Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear
oifigigh agus foireann sheachtrach [36] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), agus le
taighde indíreach agus taighde díreach a chur chun feidhme. [37] Foireann sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA,
bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna,
lena n‑áirítear foireann sheachtrach ag an gCeanncheathrú agus i
dToscaireachtaí [38] CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta
("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en Délégation"
(saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí
náisiúnta ar iasacht; [39] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [40] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [41] Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí
faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”). [42] Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh
Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh
(CEI) go bunúsach. [43] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [44] Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna
talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina
nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a
bheith bainte astu.