52011PC0750

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí /* COIM/2011/0750 leagan deireanach - 2011/0365 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.           COMHTHÉACS AN TOGRA

Tá méadú seasta ag teacht ar thábhacht na mbeartas a bhaineann le Limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais le blianta beaga anuas. Tá na beartais seo i gcroílár an tionscadail Eorpaigh chun limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú a bhféadfaidh saoránaigh an Aontais agus náisiúnaigh tríú tíortha dul isteach, gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua, caipiteal, eolas agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí náisiúnta an tsaothair á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n‑urramú go hiomlán agus a slándáil deimhnithe. Trí Chlár Stócólm 2009, daingníodh tábhacht mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile,[1] agus ina theannta sin, tá sé ar cheann de na réimsí a ndearnadh athruithe tábhachtacha orthu faoi Chonradh Liospóin.

I réimse na Slándála Inmheánaí, cuireadh treoir shoiléir ar fáil i ndoiciméid ríthábhachtacha, amhail an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis Slándála Inmheánaí,[2] faoi threo na ngníomhaíochtaí sna blianta atá romhainn. I gcás an bhainistithe teorann agus an bheartais víosaí, sa Teachtaireacht maidir le hImirce[3] leagadh amach níos mó sonraí faoi na dúshláin atá romhainn i ndáil le slándáil teorann agus forbairt limistéir gan teorainneacha inmheánacha. Sa Teachtaireacht maidir le rialachas Schengen[4] cuireadh tograí i láthair chun acquis Schengen a neartú trí bhíthin córais rialachais a bheadh in ann freagairt go héifeachtach, agus ar bhealach tráthúil comhordaithe ar fud an Aontais, do dhálaí agus do dhúshláin eisceachtúla a d'fhéadfadh feidhmiú foriomlán Schengen a chur i mbaol. An Teachtaireacht maidir le teorainneacha cliste - roghanna agus an bealach chun cinn[5] leagtar amach an chaoi a bhféadfadh córais TF nua amhail córas Dul isteach/Imeachta agus Clár um Thaistealaithe Cláraithe cur le bainistiú níos fearr ar shreabha imirce san Aontas.

Is gné lárnach den chomhchóras um bainistiú comhtháite teorainneacha í an fhorbairt a rinneadh ar mheicníochtaí dlúthpháirtíochta an Aontais, ag tacú le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ardchaighdeáin ar chaighdeáin an Aontais maidir le bainistiú teorann agus maidir leis an gcomhbheartas víosaí. Is ionann feabhas a chur ar chomhordú comhair oibríochtúil ag na Ballstáit maidir le rialú teorann trí Ghníomhaireacht Frontex agus céim thábhachtach i dtreo fhorbairt an chórais. Ina theannta sin, tríd an gCiste um Theorainneacha Seachtracha, léiríonn an tAontas dlúthpháirtíocht trí chúnamh airgeadais do na Ballstáit siúd a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha agus víosaí i bhfeidhm.

Iarradh go sainráite i gClár Stócólm go gcruthófaí Ciste chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí agus chun cur chuige comhleanúnach cuimsitheach a bhunú maidir le comhoibriú i bhforghníomhú an dlí, lena n‑áirítear bainistiú ar theorainneacha seachtracha an Aontais.

In aghaidh an chúlra sin, mhol an Coimisiún, ina thogra ar an 29 Meitheamh 2011 maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020[6], go gcuirfí Ciste Slándála Inmheánaí ar bun mar chuid de struchtúr simplithe dé-Chiste ar mhaithe leis an gcaiteachas a dhéanfar sa todhchaí sa réimse gnóthaí baile, lena n‑áirítear freisin Ciste Tearmainn agus Imirce a chruthú. Beidh buiséad domhanda ionann agus EUR 4,648 milliún (i luachanna an lae inniu) ag an gCiste Slándála Inmheánaí le tacú le cur chun feidhme na gcúig chuspóir straitéiseacha atá leagtha amach sa Straitéis Slándála Inmheánaí: na líonraí coireachta idirnáisiúnta a chur dá dtreoir; an sceimhlitheoireacht a chosc agus tabhairt faoi radacú agus faoi earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i gcibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann; agus cur le stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus tubaistí.

I ngeall ar bhoinn éagsúla na gConarthaí le haghaidh an raoin leathain cuspóirí a bheidh le clúdach, ní féidir ó thaobh dlí an Ciste Slándála Inmheánaí a bhunú i gcáil ionstraime airgeadais aonair. Tá sé beartaithe mar sin an Ciste a bhunú mar chreat maoinithe cuimsitheach, ina gcuimseofar dhá thogra sainiúil don earnáil - an togra seo ar cheann acu – arna gcomhlánú ag ionstraim chothrománach ina leagfar síos forálacha coiteanna.

Tá níos mó mionsonraí faoin struchtúr dlí le fáil i Roinn 3.

2.           TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

I gcomhréir leis an mbéim níos mó a chuirtear ar an meastóireacht mar ionstraim le bonn a chur faoi cheapadh beartas, tá torthaí meastóireachta, an comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus an measúnú tionchair mar bhonn leis an togra seo.

Cuireadh tús in 2010 leis an obair ullmhúcháin ar na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh gnóthaí baile agus leanadh ar aghaidh léi sa bhliain 2011. Mar chuid den obair ullmhúcháin sin, seoladh staidéar meastóireachta/measúnaithe tionchair i mí na Nollag 2010 le cúnamh ó chonraitheoir seachtrach. Tugadh an staidéar chun críche i mí Iúil 2011 agus tugadh le chéile ann na torthaí meastóireachta a bhí ar fáil maidir leis na hionstraimí airgeadais a bhí ann cheana agus cuireadh eolas ar fáil le haghaidh na bhfadhbanna, na gcuspóirí agus na roghanna beartais, lena n‑áirítear an iarmhairt is dócha a bheadh acu, a ndearnadh iniúchadh orthu sa mheasúnú tionchair. Agus an staidéar seo mar bhonn aige, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil um measúnú tionchair, faoinar thug an Bord um Measúnú Tionchair a thuairim ar an 9 Meán Fómhair 2011.

I gcomhréir leis an mbéim níos mó a chuirtear ar mheastóireacht mar ionstraim le bonn a chur faoi cheapadh beartais, cuireadh san áireamh go hiomlán sa togra reachtach seo an mheastóireacht mheántéarma a rinneadh ar an gCiste um Theorainneacha Seachtracha. Ina thuarascáil an [... Samhain 2011], rinne an Coimisiún measúnú ar na gnéithe cainníochtúla agus cáilíochtúla de chur chun feidhme an Chiste don tréimhse 2007-2009. Cuirtear i láthair sa tuarascáil forbhreathnú ar na gníomhaíochtaí tairbhiúla a rinneadh i mBallstáit faoin gCiste chun feabhas a chur ar bhainistiú theorainneacha seachtracha an Aontais agus ar láimhseáil víosaí ar an leibhéal náisiúnta. Leagtar béim ar leith inti ar bhearta na mBallstát i réimse na slándála doiciméad, ar na hinfheistíochtaí móra a rinneadh chun an cumas faireachais ar theorainneacha a threisiú maidir le bealaí isteach na Meánmhara agus an Atlantaigh agus ar treoirthionscadail maidir le rialú uathoibrithe teorann agus maidir le cláir um thaistealaithe cláraithe.

Cuireadh san áireamh na torthaí ar chomhairliúchán poiblí tiomnaithe ar líne maidir le todhchaí an chistithe do ghnóthaí baile[7], comhairliúchán a mhair ón 5 Eanáir go dtí an 20 Márta 2011 agus a raibh páirtithe leasmhara ó laistigh den Aontas agus ó thríú tíortha in ann páirt a ghlacadh ann agus an togra seo á ullmhú. Fuarthas 115 freagra san iomlán ó dhaoine aonair agus thar ceann eagraíochtaí, lena n‑áirítear 8 ndearcpháipéar. Ghlac freagróirí ó na Ballstáit uile chomh maith le freagróirí i roinnt tríú tíortha páirt sa chomhairliúchán.

In Aibreán 2011 tugadh le chéile sa chomhdháil "The future of EU funding for Home Affairs: A Fresh Look” (Todhchaí an Chistithe ón AE do Ghnóthaí Baile: Breithiúnas úr) na príomhpháirtithe leasmhara (na Ballstáit, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta etc.) agus tugadh deis dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl dá chéile maidir le todhchaí an chistithe ón AE do ghnóthaí baile. Ba ócáid í an chomhdháil freisin chun toradh an bhreithnithe agus an chomhairliúcháin phoiblí a bhailíochtú.

Pléadh todhchaí an chistithe ón AE do ghnóthaí baile le páirtithe leasmhara institiúideacha go minic ag ócáidí éagsúla: lena n‑áirítear, díospóireacht neamhfhoirmiúil lóin le linn na Comhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an 21 Eanáir 2011, bricfeasta neamhfhoirmiúil le comhordaitheoirí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa ar an 26 Eanáir 2011, ag éisteacht an Choimisinéara Malmström os comhair Choiste SURE na Parlaiminte ar an 10 Márta 2011 agus le linn d’Ard‑Stiúrthóir na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile agus do Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile na Parlaiminte a gcuid tuairimí a chur in iúl dá chéile ar an 17 Márta 2011.

Cuireadh comhairle na saineolaithe faoi na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo i réimse na Slándála Inmheánaí ar fáil trí bhíthin pléití a bhí ar siúl le linn Chomhdháil EOS maidir le Tionsclaíocht agus Slándáil ar an 9 Feabhra 2011 agus ag an gCoiste Inimirce agus Tearmainn ar an 22 Feabhra 2011. Ina theannta sin, pléadh gnéithe teicniúla a bhaineann le cur chun feidhme na hionstraime airgeadais a bheidh ann amach anseo i réimse na Slándála Inmheánaí ar bhonn comhairliúcháin scríofa i mí Aibreáin 2011 le saineolaithe na mBallstát faoi chuimsiú an Chomhchoiste um an gClár Ginearálta maidir le Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce ("Coiste SOLID").

Deimhníodh leis na comhairliúcháin, na comhdhálacha agus le pléite na saineolaithe seo go bhfuil comhaontú foriomlán ann i measc na bpríomhpháirtithe leasmhara maidir leis an ngá le raon feidhme na gníomhaíochta i ndáil le cistiú ón Aontas a leathnú i réimse na slándála inmheánaí, lena n‑áirítear maidir lena gné sheachtrach, agus gur gá féachaint leis na meicníochtaí soláthair a shimpliú agus a dhéanamh níos solúbtha, go háirithe le bheith in ann freagairt d’éigeandálaí. D’fhonn cur lena luach, ba cheart go bhfreagródh caiteachas an Aontais ní b’fhearr do thosaíochtaí agus do ghealltanais straitéiseacha ar leibhéal an Aontais agus ba cheart go dtacódh sé le cur chun feidhme acquis ghnóthaí baile an Aontais. I réimse na slándála inmheánaí, mheas na páirtithe leasmhara go raibh na tosaíochtaí téamacha leathana socraithe cheana ag Clár Stócólm na bliana 2009 agus ag Straitéis Slándála Inmheánaí na bliana 2010. Ba cheart mar sin sainiú cuimsitheach a dhéanamh ar mheicníocht chistiúcháin a bheidh ann amach anseo, ina gcuimseofar forghníomhú an dlí, gardaí teorann agus pobail chustaim. Measadh go raibh sé tábhachtach freisin úsáid níos fearr a bhaint as gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, amhail Europol agus Frontex. Léiríodh tacaíocht leathan chun líon na n‑ionstraimí airgeadais a laghdú go struchtúr dé-Chiste, ar an gcoinníoll go ndéanfaí cúrsaí a shimpliú dá bharr. D’aontaigh na páirtithe leasmhara freisin go raibh gá le meicníocht sholúbtha phráinnfhreagartha. Measadh tríd is tríd gurbh í bainistíocht chomhpháirteach ina ndéanfaí athrú chuig clárú ilbhliantúil an modh bainistíochta iomchuí i gcomhair an chaiteachais ar ghnóthaí baile. Ach ba é tuairim na n‑eagraíochtaí neamhrialtasacha, áfach, gur cheart leanúint freisin den chur i ngníomh díreach.

3.           EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Bunaítear an ceart beart a dhéanamh le hAirteagal 3(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina sonraítear “cuirfidh an tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais, gan teorainneacha inmheánacha, ina n‑áiritheofar saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac”.

Tugtar údar do gníomhaíocht an Aontais ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais (“an Conradh” ina dhiaidh seo), ina leagtar amach modh chun limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú. Tarraingítear aird freisin ar Airteagal 80 den Chonradh ina sonraítear go mbeidh beartais siúd an Aontais agus a gcur chun feidhme faoi rialú ag prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte córa freagrachta, lena n‑áirítear a impleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit.

D’fhonn an Ciste Slándála Inmheánaí a chruthú ní mór dhá ionstraim reachtacha a ghlacadh lena gcomhdhéanfar an Ciste. Roghnaíodh an struchtúr foriomlán seo i bhfianaise oibleagáidí an Chonartha. De bharr na rialacha vótála éagsúla sa Chomhairle de bhun Phrótacal 19 (maidir le acquis Schengen), agus Phrótacal 21 (seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais) agus Phrótacal 22 (seasamh na Danmhairge, lena n‑áirítear a seasamh maidir le Teideal V, cuid a trí den Chonradh), ní féidir ó thaobh an dlí de aon togra reachtach cuimsitheach amháin a tharraingt suas maidir le Ciste Slándála Inmheánaí, in ainneoin chomhchuibheas na gcuspóirí beartais a dtugtar aghaidh orthu.

Mar sin tá an Ciste Slándála Inmheánaí á chruthú mar chreat maoinithe cuimsitheach atá comhdhéanta de dhá ghníomh ar leith, lena mbunaítear gnéithe éagsúla den Chiste agus lena leagtar síos cuspóirí, gníomhaíochtaí incháilithe agus clúdaigh gach gné:

– Rialachán lena mbunaítear, mar chuid den Chiste, an chomhpháirt lena gcuimsítear comhoibriú na bhfórsaí póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime;

– Rialachán lena mbunaítear, mar chuid den Chiste, gné an bhainistithe teorann agus an chomhbheartais víosaí;

Faoi chuimsiú chreat maoinithe cuimsitheach an Chiste Slándála Inmheánaí, sainítear sa Rialachán seo dá réir sin an tacaíocht airgeadais le haghaidh bainistithe teorann agus le haghaidh an chomhbheartais víosaí.

Is é Airteagal 77 den Chonradh bunúis dlí an Rialacháin seo.

Tríd is tríd, is réimse é seo ina bhfuil luach breise soiléir ag baint le gníomhaíocht an Aontais seachas na Ballstáit a bheith ag gníomhú ar a gconlán féin. Tá deis níos fearr ag an Aontas Eorpach ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, beartas víosaí agus bainistiú sreabha imirce, agus ardán a sholáthar chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn taca leis na beartais sin. Cabhraíonn an tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo go mór mór chun cumais náisiúnta agus Eorpacha a neartú sna réimsí sin. Chun na críche sin, is é aidhm an Rialacháin, inter alia, tacú ar bhealach níos córasaí leis na seirbhísí a chuireann Ballstáit aonair ar fáil maidir le limistéar gach teorann a bhaint amach ("meicníocht tacaíochta oibriúcháin"), comhar idirghníomhaireachta a fheabhsú idir údaráis um fhorghníomhú teorann agus údaráis eile um fhorghníomhú an dlí agus méadú a dhéanamh ar an trealamh speisialaithe atá ar fáil i mBallstáit a chuirfear ar fáil do Ghníomhaireacht Frontex le haghaidh comhoibríochtaí ar mhaithe leis an limistéar gan teorainn a chosaint. Mar sin féin, admhaítear go hiomlán nach mór na hidirghabhálacha a dhéanamh ar an leibhéal cuí agus nár cheart ról an Aontais a leathnú thar a bhfuil riachtanach. Faoi mar a tugadh chun suntais san Athbhreithniú Buiséid, ba cheart buiséad an AE a úsáid chun earraí poiblí an AE a mhaoiniú chomh maith le gníomhaíochtaí nach bhfuil na Ballstáit agus na réigiúin in ann a mhaoiniú iad féin, nó i gcás ina bhféadfaí torthaí níos fearr a fháil.[8]

4.           IMPLEACHT BHUISÉADACH

Cuimsíonn togra an Choimisiúin le haghaidh an chéad chreata ilbhliantúil eile togra ionann agus EUR 4,648 milliún (i bpraghsanna an lae inniu) le haghaidh an Chiste Slándála Inmheánaí don tréimhse 2014-2020. Laistigh den chlúdach iomlánaíoch seo, is ionann agus EUR 3,520 milliún na hacmhainní atá le fáil chun an Rialachán sonrach seo a chur chun feidhme. Go táscach, ba cheart thart ar 61% den tsuim seo (EUR 2,150 milliún) a úsáid le haghaidh chláir náisiúnta na mBallstát agus chun tacú leis an Scéim Idirthurais Speisialta arna cur chun feidhme ag an Liotuáin, ba cheart 31% (EUR 1,100 milliún) a thiomnú don phacáiste teorainneacha cliste a fhorbairt, agus ba cheart an chuid eile a chur ar fáil d’fhonn gníomhaíochtaí an Aontais, gníomhaíochtaí éigeandála agus cúnamh teicniúil a mhaoiniú ag cur san áireamh ranníocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo ó thíortha comhlachaithe Schengen, ar cheart iad a chur leis an gclúdach iomlán.

            EUR milliún

An Ciste Slándála Inmheánaí lena n‑áirítear córais TF nua || 4,648

- Ionstraim um chomhar póilíneachta || 1,128

- Ionstraim theorann || 3,520

Ina theannta sin, i gcomhréir le Cumarsáid an Mheithimh 2011, lasmuigh de raon feidhme an Chiste Slándála Inmheánaí, tá clúdach ar leithligh EUR 822 milliún (praghsanna reatha) á chur ar leataobh le haghaidh bainistiú na gcóras mórscála TF atá ann cheana féin (Córas Faisnéise II Schengen, Córas Faisnéise Víosaí agus EURodac). Beidh bainistiú na gcóras sin á aistriú de réir a chéile ón gCoimisiún chuig an nGníomhaireacht atá le bunú i gcomhair Bainistiú Oibríochtúil Córas TF ar Mhórscála i Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais (Gníomhaireacht TF) nuair a thosóidh sí oibríochtaí go déanach in 2012.

5.           PRÍOMHEILIMINTÍ AN TOGRA

5.1.        Díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha

Trí ionstraim a bhunú le haghaidh tacaíochta airgeadais do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus don chomhbheartais víosaí don tréimhse 2014-2020, beidh an tAontas in ann

· tacú le cumais náisiúnta agus iad a neartú i réimse an rialaithe teorann agus an bheartais víosaí agus, ar an gcaoi sin, dlúthpháirtíocht airgeadais a léiriú maidir leis na cúraimí a chuirtear ar Bhallstáit aonair ag teorainneacha seachtracha agus i gconsalachtaí ar mhaithe leis an limistéar gan teorainn mar sheirbhís phoiblí a chuirtear ar fáil don Aontas (cláir náisiúnta, lena n‑áirítear "tacaíocht oibriúcháin");

· forbairt an phacáiste teorainneacha cliste a mhaoiniú, i.e. Córas Dul Isteach Imeachta de chuid an AE (EES) agus Clár um Thaistealaithe Cláraithe de chuid an AE (RTP) a bhunú;

· tabhairt isteach agus oibriú an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha, EUROUR, a mhaoiniú, go háirithe trí threalamh, bonneagar agus córais a cheannach i mBallstáit;

· rialachas Schengen agus an mheicníocht meastóireachta agus faireacháin a neartú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a dheimhniú trí (a) oibriú na meicníochta sin a mhaoiniú faoi bhainistiú díreach; (b) coinníollacht a thabhairt isteach atá bunaithe ar chomhlíonadh acquis Schengen maidir leis an tacaíochta oibriúcháin a íoc leis na Ballstáit agus (c) a cheangal ar Bhallstáit acmhainní a fuarthas le haghaidh clár faoin ionstraim seo a leithdháileadh nó a athleithdháileadh, agus tús áite á thabhairt do laigí a leigheas má sainaithníodh iad faoin meicníocht;

· acmhainn oibríochta Ghníomhaireacht Frontex a neartú trí iarraidh ar na Ballstáit acmhainní breise a chur ar leataobh faoina gcuid clár le haghaidh trealamh speisialaithe a d'fhéadfaí a chur ar fáil don Ghníomhaireacht dá cuid comhoibríochtaí;

· tacú le forbairt agus cur chun feidhme bheartais ábhartha an Aontais san AE, i dtríú tíortha faoi “ghníomhaíochtaí an Aontais", ionas go bhfeabhsófar an bainistiú foriomlán ar shreabha imirce chuig an AE (tionscadail a bhainistítear go díreach, amhail staidéir nó treoirthionscadail d'fhonn comhar le tríú tíortha a neartú, nó tionscadail a bhainistítear go hindíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais[9];

· acmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil go héasca aige chun cúnamh éigeandála a chur ar fáil i gcásanna brú phráinnigh nó brú eisceachtúil imirce;

· tacaíocht leanúnach d'fheidhmiú Scéim Shonrach Idirthurais don Liotuáin, i gcomhréir le hoibleagáidí an AE[10], tacaíocht a thabhairt mar chúiteamh as táillí tarscaoilte ó víosaí idirthurais agus costais bhreise a thabhaigh an Liotuáin de bharr cur chun feidhme scéim an Doiciméid Idirthurais Éascaithe (FTD) agus an Doiciméid Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD), amhail athsholáthar agus uasghrádú trealaimh, córais TF, costais oiliúna agus oibriúcháin.

Beidh deis leis an ionstraim seo tacaíocht chuimsitheach a thabhairt don eiseamláir rialaithe rochtana ceithre chiseal a leagann béim ar an gcoincheap maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha (bearta i dtríú tíortha, comhoibriú le tíortha comharsanachta, rialú teorann agus bearta laistigh de limistéar na saorghluaiseachta).

5.2. Acmhainní le haghaidh córas TF agus an phacáiste teorainneacha cliste

Faoi na cláir náisiúnta, d’fhéadfadh na Ballstáit a leithdháiltí a úsáid chun tacú leis an mbainistíocht agus nuair is iomchuí, a gcomhpháirteanna náisiúnta de na córais TF eile ar mhórscála atá ann cheana féin a uasghrádú.

Ina theannta sin, beidh forbairt agus cothabháil na gcóras TF amach anseo (“pacáiste teorainneacha cliste”) sa réimse seo clúdaithe ag an ionstraim seo. Faoi mar a tugadh le fios sa Teachtaireacht faoi theorainneacha cliste, tá rún ag an gCoimisiún moltaí i gcomhair Córas Dul Isteach Imeachta (SFE) an Aontais agus Clár um Thaistealaithe Cláraithe (RTP) a thíolacadh sa chéad leath den bhliain 2012. Dá réir sin, samhlaítear go mbunófar clár sonrach caiteachais faoin ionstraim seo i gcomhair forbairt Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí agus RTP amháin.

Ní amháin go n‑áireofaí mar chuid den chostas na gnéithe lárnacha (leibhéal an Aontais), ach d'áireofaí freisin gnéithe náisiúnta (Ballstáit) na gcóras TF sin, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Meastar go gcosnódh sé idir 1 agus 1.3 billiún EUR chun córais lárnacha agus náisiúnta SFE agus RTP a fhorbairt, ag brath ar na roghanna, ach d'fhéadfaí coigilteas suntasach costais a bhaint amach dá mba rud é go bhforbrófaí rogha tosaíochta an EES in éineacht le rogha tosaíochta an RTP (i.e. ar an ardán teicniúil céanna leis)[11]. Ar bhonn na dtoimhdí seo agus ós rud é nach dtosódh an fhorbairt roimh 2015, moltar go gcuirfear 1.1 billiún EUR ar leataobh i gcomhair an dá chóras sin faoin moladh seo, gan dochar do mholtaí ón gCoimisiún sa todhchaí faoin bpacáiste teorainneacha cliste agus do chinntí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin.

Samhlaíonn an Coimisiún go dtabharfar cúraimí cur chun feidhme an chláir seo don Ghníomhaireacht i gcomhair Bainistiú Oibríochtúil Córas TF ar Mhórscála i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.[12] Leasófaí an Rialachán seo ag an am cuí chun na cúraimí a bhainfeadh go sonrach le misean na Gníomhaireachta a chur san áireamh agus d’íocfaí na méideanna ábhartha d’fhóirdheontas na Gníomhaireachta as na leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí an chláir.

5.3.        Acmhainní do chláir náisiúnta

Áirithítear leanúnachas agus leibhéal áirithe intuarthachta tríd an gcleachtas reatha faoi Chistí an Chláir Ghinearálta um Dhlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce ina ndéantar na critéir a shocrú do na leithdháiltí a gheobhaidh Ballstáit don tréimhse iomlán 7 mbliana ag tús na tréimhse. Mar sin féin, is cur chuige statach go bunúsach é nach spreagann na Ballstáit chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a fhreagróidh do thosaíochtaí an Aontais agus nach ligeann don AE freagairt do chásanna agus do thosaíochtaí atá ag athrú trí acmhainní suntasacha comhchruinnithe a athleithdháileadh. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh an mheicníocht a roghnaítear chun na hacmhainní faoi na Cistí amach anseo a leithdháileadh agus a chur chun feidhme an gá le leanúnachas agus cobhsaíocht, mar réamhchoinníoll le haghaidh clárúcháin fhónta ilbhliantúil, ar thaobh amháin, agus an gá le breis solúbthachta agus oiriúnaithe d'athrú ar an taobh eile a réiteach.

I bhfianaise an méid sin thuas, tá leithdháileadh an chistiúcháin faoi bhainistíocht chomhpháirteach bunaithe ar mheascán de na nithe seo a leanas:

– Suim bhunúsach a leithdháilfear ar na Ballstáit ag tús an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile;

– Suim sholúbtha a chuirfear leis an tsuim bhunúsach, a leithdháilfear in dhá chéim.

Leithdháilfear an tsuim bhunúsach ar na Ballstáit ag tús an chéad CAI eile agus déantar í a ríomh ar bhonn critéar agus riachtanas oibiachtúil. Is ionann é agus 60% den chlúdach iomlán do chláir náisiúnta agus tá na leithdháiltí leagtha amach in aghaidh an Bhallstáit in Iarscríbhinn I den Rialachán seo. Tá siad bunaithe ar na ríomhanna do 2010-2012 faoin gCiste um Theorainneacha Seachtracha, agus suim íosta do gach Ballstát ionchorpraithe iontu. Áiritheoidh sé sin roinnt leanúnachais leis an CAI reatha agus tabharfaidh sé cobhsaíocht airgeadais do na Ballstáit chun a gcuid clár náisiúnta ilbhliantúil a phleanáil.

· Cuirfear an tsuim sholúbtha leis an tsuim bhunúsach, ag brath ar thoilteanas gach Ballstát gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoina gcuid clár náisiúnta a fhreagraíonn do thosaíochtaí sonracha an Aontais. Tá na gníomhaíochtaí sonracha sin sainmhínithe in Iarscríbhinn II agus is féidir iad a leasú. I bprionsabal, leithdháilfí é in dhá chéim: ag tús an CAI, mar chuid den idirphlé agus de na caibidlíochtaí beartais ar chláir náisiúnta na mBallstát ábhartha, agus le linn athbhreithnithe meántéarma in 2017.

Ba é an t-athbhreithniú meántéarma seo an ócáid chun athscrúdú a dhéanamh ar an staid i mBallstáit agus chun acmhainní nua a leithdháileadh do na blianta atá fágtha den CAI (2018-2020). I gcás an Rialacháin seo, beidh an t-athbhreithniú meántéarma bunaithe ar mheascán de mheasúnú forásach riosca agus de thosaíochtaí an Aontais, arna n‑athshainiú ag an Aontas. Toisc gur cinneadh na suimeanna bunúsacha le haghaidh na mBallstát ar bhonn na sonraí stairiúla ag tús na tréimhse clárúcháin, is iomchuí nuashonrú a dhéanamh. D'fhéadfaí na measúnuithe riosca/riachtanas sin a ullmhú le cabhair ó Ghníomhaireacht Frontex. Gheobhaidh Ballstáit a bhfuil, ar bhonn na measúnuithe seo, riachtanais níos mó acu nó a bhfuil rioscaí méadaithe rompu suim bhreise, rud a chuirfidh in iúl ar bhealach inláimhsithe prionsabal na dlúthpháirtíochta agus na comhroinnte freagrachta.

5.4.      Gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha

Maidir leis an ngné sheachtrach sa réimse seo, bheadh tacaíocht spriocdhírithe ann chun comhar le tríú tíortha a fheabhsú agus chun treisiú a dhéanamh ar phríomhghnéithe a bhfaireachas teorann agus a n‑inniúlacht bainistíochta sna réimsí sin ar díol suime iad ó thaobh beartas imirce an Aontais agus cuspóirí slándála inmheánaí an Aontais. Mar shampla, i gcreat an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas Teorann (EUROSUR), d'fhéadfaí maoiniú a chur ar fáil chun córais agus bonneagar tríú tíortha a nascadh le córais agus le bonneagar an Aontais chun go bhféadfaí faisnéis a mhalartú go rialta. Ní bheidh gníomhaíochtaí mar sin dírithe ar fhorbairt go díreach agus déanfaidh siad comhlánú, mar is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí an Aontais, atá fós ar an bpríomhfhoinse maoinithe le cabhrú le tríú tíortha a gcumas ábhartha a thógáil. Agus tacaíocht den sórt sin á cur chun feidhme, déanfar iarracht teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas seachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Déanfar comhlántacht a áirithiú trí chomhordú feabhsaithe leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS), agus le seirbhísí ábhartha an Choimisiúin.

Beidh gníomhaíochtaí den sórt sin á mbainistiú ag an gCoimisiún go díreach nó go hindíreach, ag eintitis nó ag daoine eile seachas na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

5.5.      Gníomhaireachtaí an Aontais

D’fhonn leas níos éifeachtaí a bhaint as inniúlachtaí agus as saineolas gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais sa réimse gnóthaí baile, tá súil ag an gCoimisiún freisin leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ar fáil de dhroim an Rialacháin Airgeadais chun na hacmhainní atá le fáil de bhun an Rialacháin seo, a chur ar iontaoibh na ngníomhaireachtaí sin, i gcomhthéacs a gcuid misean agus i gcomhlántacht lena gclár oibre d’fhonn cúraimí sonracha a chur chun feidhme. Baineann na cúraimí atá cumhdaithe sa Rialachán seo go háirithe:

– leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Gníomhaireacht Frontex), le haghaidh gníomhaíochtaí laistigh agus lasmuigh den Aontas a dteastaíonn saineolas oibríochtúil maidir le rialú teorann ina leith;

– leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Chúrsaí Tearmainn (EASO), le haghaidh gníomhaíochtaí ar nós oiliúint faoi thearmann arna tabhairt do ghardaí teorann;

– leis an Oifig Eorpach Póilíní (EURopol) agus le Coláiste Póilíneachta na hEorpa (CEPOL) mar gheall ar chomhar idirghníomhaireachta na n‑údarás um fhorfheidhmiú an dlí le gardaí teorann;

– leis an nGníomhaireacht i gcomhair Bainistiú Oibríochtúil Córas TF ar Mhórscála i Réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais (Gníomhaireacht TF) a mhéid is atá forbairt córais nua TF i gceist.

2011/0365 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 77(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[13],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[14],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ba cheart go mbainfí amach cuspóir an Aontais maidir le hardleibhéal slándála a áirithiú laistigh de limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (Airteagal 67(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais), trí bhíthin - inter alia - comhbhearta maidir le trasnú teorainneacha inmheánacha ag daoine agus le rialú teorann ag teorainneacha seachtracha agus leis an gcomhbheartas víosaí mar chuid de chóras ilsrathach arb aidhm dó taisteal dlisteanach a éascú agus ar dhul i ngleic le hinimirce mhídhleathach.

(2) Is éard atá i Straitéis Slándála Inmheánaí an AE, a ghlac an Chomhairle i mí Feabhra 2010,[15], clár oibre comhpháirteach le dul i ngleic leis na comhdhúshláin slándála sin. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Samhain 2010 The EU Internal Security Strategy in Action (Straitéis Slándála Inmheánaí an AE i mbun Gnímh)[16] athraítear prionsabail agus treoirlínte na straitéise ina ngníomhaíochtaí tairbhiúla trí na cúig chuspóir straitéiseacha a shainaithint: cur isteach ar ghréasáin choireachta idirnáisiúnta; an sceimhlitheoireacht a chosc agus aghaidh a thabhairt ar radacú agus ar earcaíocht; leibhéil slándála a ardú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa chibearspás; slándáil a neartú trí bhíthin an bhainistithe teorann; agus cur le stóinseacht na hEorpa i leith géarchéimeanna agus tubaistí.

(3) Ar na príomhphrionsabail a threoraínn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí, ba cheart go mbeadh dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, soiléireacht maidir le roinnt na gcúraimí, meas ar chearta bunúsacha agus ar riail an dlí mar aon le fócas láidir ar an gcomhthéacs foriomlán agus ar an nasc doscartha leis an tslándáil sheachtrach.

(4) D’fhonn cur chun feidhme na Straitéise Slándála Inmheánaí a chur chun cinn agus d’fhonn a áirithiú go dtiocfaidh sí chun bheith ag feidhmiú go hiarbhír, ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas a sholáthar do na Ballstáit trí Chiste Slándála Inmheánaí a bhunú.

(5) De bharr na sonraí dlíthiúla is infheidhme maidir le Teideal V den Chonradh, ní féidir ó thaobh dlí an Ciste Slándála Inmheánaí a bhunú i gcáil ionstraime aonair.

(6) Ba cheart an Ciste a bhunú dá bhrí sin mar chreat cuimsitheach le haghaidh thacaíocht airgeadais an AE i réimse na slándála inmheánaí ina gcuimsítear an ionstraim a bhunaítear leis an Rialachán seo mar aon leis an ionstraim a bunaíodh le Rialachán .../2012/AE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime. Ba cheart an creat cuimsitheach seo a chomhlánú le Rialachán …/2012/AE lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíocht géarchéime[17] ar cheart don Rialachán seo tagairt dóibh i dtaobh na rialacha maidir le clárú, le bainistíocht airgeadais, le bainistiú agus rialú, le himréiteach cuntas, le cur i gcrích clár agus le tuairisciú agus meastóireacht.

(7) Is ionann dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas le linn teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus ceann amháin de na cúig ghné den chomhbheartas maidir le teorainneacha seachtracha a bhainistiú.

(8) Ba cheart go léireodh an Ciste Slándála Inmheánaí dlúthpháirtíocht trí chúnamh airgeadais do na Ballstáit sin a chuireann forálacha Schengen maidir le teorainneacha seachtracha i bhfeidhm go hiomlán agus do na Ballstáit sin atá ag ullmhú chun páirt iomlán a ghlacadh i Schengen.

(9) Níor cheart rannpháirtíocht Ballstáit a bheith ar chomhthráth lena rannpháirtíocht in ionstraim shealadach airgeadais an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe chun inter alia gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais le haghaidh chur chun feidhme acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosa agus rialú ag teorainneacha seachtracha.

(10) Ba cheart an chuid sin den Chiste a bhaineann le teorainneacha seachtracha agus le víosaí (dá ngairtear “an Ionstraim” anseo feasta) tógáil ar an bpróiseas forbartha acmhainní a forbraíodh le cúnamh ón gCiste um Theorainneacha Seachtracha arna bhunú le Cinneadh Uimh. 574/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18] agus go leathnófaí é chun forbairtí nua a chur san áireamh.

(11) Agus cúraimí ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí i gcomhréir le acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosa á bhforghníomhú acu, cuireann Ballstáit gníomhaíochtaí i gcrích ar mhaithe leis na Ballstát go léir i limistéar Schengen agus thar a gceann agus, ar an gcaoi sin, comhlíonann siad seirbhís phoiblí don Aontas. D’fhonn dlúthpháirtíocht a léiriú, ba cheart don ionstraim seo rannchuidiú le tacú leis an gcostas oibriúcháin a bhaineann le rialú teorann agus víosaí agus cur ar chumas na mBallstát na hinniúlachtaí sin atá ríthábhachtach i leith na seirbhíse sin a chothabháil go córasach do chách. Is é atá i gceist leis an tacaíocht sin rogha costas a bhaineann leis na cuspóirí faoin ionstraim seo a aisíoc ina n‑iomláine agus beidh sí mar chuid lárnach de na cláir náisiúnta.

(12) Ba cheart go gcomhlánófaí agus go neartófaí leis an Ionstraim seo na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun comhar oibríochtúil a fhorbairt faoi choimirce na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht Frontex” anseo feasta)[19], lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí nua de thoradh leasuithe a tugadh isteach le Rialachán […][20], agus ar an gcaoi sin, an dlúthpháirtíocht a atreisiú tuilleadh idir na Ballstáit sin a rialaíonn teorainneacha seachtracha ar mhaithe le limistéar Schengen ina iomláine agus thar a cheann.

(13) Ba cheart an Ionstraim seo a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do na cearta agus do na prionsabail atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(14) Chun rialú aonfhoirmeach agus ardchaighdeáin ag teorainneacha seachtracha a áirithiú agus chun taisteal dlisteanach thar theorainneacha seachtracha a éascú laistigh de chreat straitéis slándála inmheánaí an AE, ba cheart don Ionstraim seo cur le forbairt comhchórais Eorpaigh um bhainistiú comhtháite teorainneacha, ina gcuimsítear na bearta go léir a bhaineann le beartas, le reachtaíocht, le comhar córasach, le leithdháileadh an ualaigh, an phearsanra, an trealaimh agus na teicneolaíochta arna nglacadh ag údaráis inniúla na mBallstát ar leibhéil éagsúla, ag gníomhú dóibh i gcomhar le Gníomhaireacht Frontex, le tríú tíortha agus, nuair is gá, le gníomhaithe eile, agus leas á bhaint as, inter alia, samhail slándála teorann ceithre chiseal agus anailís chomhtháite riosca an Aontais Eorpaigh.

(15) I gcomhréir le Prótacal Uimh. 5 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 2003[21] maidir le hidirthuras daoine de thalamh idir réigiún Kaliningrad agus codanna eile de Chónaidhm na Rúise, ba cheart go n‑íocfadh an Ionstraim aon chostas breise a thabhaítear i gcur chun feidhme forálacha sonracha acquis an Aontais ina gcuimsítear a leithéid de thaisteal, i.e. Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann[22] agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003[23]. Maidir leis an ngá atá le tacaíocht leanúnach airgeadais i gcomhair táillí tarscaoilte ba cheart go mbeadh sé sin ag brath ar an gcóras víosaí atá i bhfeidhm ag an Aontas le Cónaidhm na Rúise.

(16)             Ba cheart go n‑áireofaí leis tacaíocht a thabhairt do bhearta náisiúnta agus do chomhar idir Ballstáit i réimse an bheartais víosaí agus na ngníomhaíochtaí eile réamhtheorann a bhíonn ar siúl roimh rialuithe ar theorainneacha seachtracha. Tá bainistiú éifeachtach ar ghníomhaíochtaí arna n‑eagrú ag seirbhísí na mBallstát i dtríú tíortha chun leasa an chomhbheartais víosaí mar chuid de chóras ilsrathach atá dírithe ar thaisteal dlisteanach a éascú agus ar dhul i ngleic le hinimirce mírialta isteach san Aontas Eorpach, agus tá sé ina cuid lárnach den chomhchóras Eorpach um bainistiú comhtháite teorainneacha.

(17) Ina theannta sin, ba cheart dó tacú le bearta i gcríoch tíortha Schengen mar chuid d’fhorbairt an chomhchórais um bainistiú comhtháite teorainneacha a neartaíonn feidhmiú foriomlán limistéar Schengen.

(18) Ba cheart don ionstraim freisin tacú leis an Aontas Eorpach forbairt a dhéanamh ar chórais TF a thabharfadh na huirlisí do Bhallstáit chun gluaiseacht náisiúnach tríú tíortha thar theorainneacha a bhainistiú ar shlí níos éifeachtúla agus a áirithiú gur féidir taistealaithe a aithint agus a fhíorú ar shlí níos fearr (“teorainneacha cliste”). Chun na críche sin, ba cheart clár a bhunú arb é aidhm dó costas na forbartha a bhaineann le gnéithe lárnacha agus náisiúnta na gcóras sin a chlúdach, rud a áiritheodh comhsheasmhacht theicniúil, coigiltí costais agus cur chun feidhme rianúil sna Ballstáit.

(19) D’fhonn aghaidh a thabhairt láithreach ar bhrú imirce gan choinne agus ar bhagairtí ar shlándáil teorann ba cheart go bhféadfaí cúnamh éigeandála a sholáthar i gcomhréir leis an gcreat atá leagtha amach i Rialachán... 2012/AE ina leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime.

(20) Ina theannta sin, ar mhaithe le dlúthpháirtíocht fheabhsaithe i limistéar Schengen ina iomláine, nuair a aithnítear laigí nó bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, tar éis meastóireacht Schengen go háirithe, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann beart sásúil breise a dhéanamh trí úsáid a bhaint as acmhainní de réir tosaíochta, nuair is infheidhme, agus gníomhaíochtaí éigeandála á gcomhlánú.

(21) Chun dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta idir Ballstáit a neartú, ba cheart iad a spreagadh chun úsáid a bhaint as cuid de na hacmhainní atá ar fáil faoi na cláir i leith tosaíochtaí sonracha atá sainithe ag an Aontas, mar shampla trealamh teicniúil a cheannach atá ag teastáil ó Ghníomhaireacht Frontex agus comhar consalach a fhorbairt don Aontas.

(22) Chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a chosaint, ba cheart faoin Rialachán seo tacú le cur chun feidhme an Rialacháin maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú[24] mar uirlis riachtanach chun gabháil leis na beartais a áirithíonn nach mbeidh aon rialuithe ar dhaoine.

(23) I bhfianaise na taithí a fuarthas ón gCiste Teorainneacha Seachtracha agus forbairt an Chórais Faisnéise Schengen agus an Chórais Faisnéise Víosaí, meastar gurb iomchuí solúbthacht a éascú maidir le haistrithe féideartha acmhainní idir na modhanna éagsúla chun na cuspóirí a shaothraítear faoin ionstraim seo a chur chun feidhme, gan dochar don phrionsabal a bhaineann le mais chriticiúil agus cobhsaíocht airgeadais i leith na gclár agus tacaíochta oibríochtúil do Bhallstáit.

(24) Ar an mbealach céanna, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus an uasteorainn le haghaidh acmhainní atá ar fáil fós ag an Aontas (“Gníomhaíochtaí an Aontais”) a mhéadú le feabhas a chur ar chumas an Aontais ilghníomhaíochtaí a chomhlíonadh in aon bhliain bhuiséid ar leith maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus leis an gcomhbheartas víosaí ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine de réir mar is gá agus a mhéid is gá. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais staidéir agus treoirthionscadail chun an beartas agus a chur i bhfeidhm a bhrú ar aghaidh, bearta nó socruithe i dtríú tíortha a thugann aghaidh ar bhrúnna imirce ó na tíortha sin ar mhaithe le bainistiú barrmhaith ar shreabha imirce isteach san Aontas agus ar mhaithe le heagrú éifeachtúil na gcúraimí lena mbaineann ag teorainneacha seachtracha agus ag consalachtaí.

(25) Ba cheart bearta i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim seo a ghlacadh ar bhonn sineirgíochta agus comhtháthaithe le gníomhaíochtaí eile lasmuigh den AE trí bhíthin ionstraimí cúnaimh sheachtraigh an Aontais, idir gheografach agus théamach. Agus gníomhaíochtaí den sórt sin á gcur chun feidhme, ba cheart iarracht a dhéanamh teacht ar chomhchuibheas iomlán le prionsabail agus le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach agus beartas eachtrach an Aontais a bhaineann leis an tír nó leis an réigiún atá i gceist. Ní cheart go mbeadh sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt go díreach agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Déanfar comhchuibheas le beartas daonnúil an Aontais a lorg freisin, go háirithe maidir le cur chun feidhme na mbeart éigeandála.

(26) Ba cheart cistiú ó bhuiséad an Aontais a dhíriú ar ghníomhaíochtaí ina bhféadfadh idirghabháil an Aontais breis luacha a chur ar fáil i gcomparáid le gníomhaíocht na mBallstát ar a gconlán féin. Ós rud é go bhfuil deis níos fearr ag an Aontas Eorpach ná mar atá ag na Ballstáit creat a sholáthar chun dlúthpháirtíocht an Aontais a léiriú maidir le rialú teorann, beartas víosaí agus bainistiú sreabha imirce, agus chun ardán a chur ar fáil chun comhchórais TF a fhorbairt a bheidh mar bhonn agus thaca ag na beartais sin, rannchuidíonn an tacaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin Rialachán seo leis na cumais náisiúnta agus Eorpacha a neartú sna réimsí sin.

(27) Ba cheart an chumhacht a tharmligean don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’fhonn forálacha san ionstraim seo a leasú nó a fhorlíonadh maidir le sainmhíniú gníomhaíochtaí sonracha faoi na cláir náisiúnta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear le saineolaithe.

(28) Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(29) D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach éifeachtúil tráthúil na bhforálacha maidir le tacaíocht oibriúcháin atá leagtha síos sa Rialachán seo a áirithiú, agus d’fhonn an creat a bhunú i gcomhair an chláir maidir le córais nua TF ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[25].

(30) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá, dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha agus beartas víosaí, a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr a fhéadfar é a bhaint amach dá réir sin ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a chur i gcrích.

(31) Ba cheart Cinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste um Theorainneacha Seachtracha don tréimhse 2007 go 2013[26] a aisghairm.

(32) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen a thagann faoi na hábhair dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorbairt.[27].

(33) Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas na cónaidhme sin i dtaca le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen a thagann faoin ábhar dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh[28].

(34) Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a rinneadh idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le comhlachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, An Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an mbaint atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur i bhfeidhm, le cur chun feidhme agus le forbairt acquis Schengen a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, Pointe A agus Pointe B de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail thar ceann an Aontais[29].

(35) Faoin bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Comhairle ar na bearta de bhun Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach amháin “bearta lena gcinntear na tríú tíortha a gcaithfidh víosa a bheith i seilbh a gcuid náisiúnach agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát, nó bearta a bhaineann le formáid aonfhoirmeach do víosaí”. Cuireann an Rialachán seo le acquis Schengen agus faoi Airteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis an dáta a nglacfaidh an Chomhairle cinneadh ar thogra nó ar thionscnamh chun cur le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cibé an gcuirfear chun feidhme ina dhlí náisiúnta é nó nach gcuirfear.

(36) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen, agus Cinneadh 2004/926/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 ar chur i bhfeidhm codanna de acquis Schengen ag Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a glacadh ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh ná ní bheidh sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(37)             Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2001/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen. Dá réir sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sé ina cheangal uirthi ná níl sí faoi réir a chur i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Cuspóir agus raon feidhme

1. Bunaítear leis an Rialachán seo an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú agus don chomhbheartas víosaí (dá ngairtear “an Ionstraim” anseo feasta), mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (dá ngairtear “an Ciste” anseo feasta).

Go comhpháirteach le Rialachán .../2012/AE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun an choireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, bunaítear faoin Rialachán seo an Ciste Slándála Inmheánaí don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go 31 Nollaig 2020.

2. Sa Rialachán seo leagtar síos

(a) cuspóirí na tacaíochta airgeadais agus na ngníomhaíochtaí incháilithe;

(b) an creat ginearálta chun gníomhaíochtaí incháilithe a chur chun feidhme;

(c) na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoin Ionstraim ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus leithdháileadh na n‑acmhainní sin;

(d) raon feidhme agus cuspóir na modhanna sonracha éagsúla trína ndéantar an caiteachas le haghaidh bhainistiú na dteorainneacha seachtracha agus an chomhbheartais víosaí a mhaoiniú.

3. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. ..2012 [Rialachán Cothrománach].

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'teorainneacha seachtracha' teorainneacha talún na mBallstát, lena n‑áirítear teorainneacha abhann agus locha, teorainneacha farraige agus a n‑aerfoirt, a gcalafoirt abhann, a gcalafoirt mhara agus a gcalafoirt locha lena bhfuil feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le trasnú na dteorainneacha seachtracha, cibé acu is teorainneacha sealadacha iad na teorainneacha sin nó nach ea;

(b) ciallaíonn 'teorainneacha sealadacha seachtracha'

– an chomhtheorainn idir Ballstát a chuireann acquis Schengen chun feidhme go hiomlán agus Ballstát a bhfuil de cheangal air acquis Schengen a chur chun feidhme ina iomláine, i gcomhréir lena Ionstraim Aontachais, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán i bhfeidhm ina leith go fóill;

– an chomhtheorainn idir dhá Bhallstát a bhfuil de cheangal orthu acquis Schengen a chur i bhfeidhm ina iomláine, i gcomhréir lena nIonstraimí Aontachais faoi seach, ach nár tháinig an Cinneadh ábhartha ón gComhairle lena n‑údaraítear dóibh an acquis sin a chur i bhfeidhm go hiomlán, i bhfeidhm ina leith go fóill;

(c) ciallaíonn 'pointe trasnaithe teorann' aon phointe trasnaithe teorann atá údaraithe ag na húdaráis inniúla maidir le trasnú na dteorainneacha seachtracha faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006;

(d) ciallaíonn 'meicníocht mheastóireachta agus faireacháin Schengen' fíorú chur i bhfeidhm ceart acquis Schengen mar atá leagtha síos i Rialachán Uimh. .../2012/AE [30][X];

(e) ciallaíonn ‘staid éigeandála' staid ina bhfuil brú práinneach agus eisceachtúil ina dtrasnaíonn, nó ina mheastar go dtrasnóidh, líon mór nó líon díréireach náisiúnach tríú tíre teorainn sheachtrach Ballstáit amháin nó níos mó.

Airteagal 3

Cuspóirí

1. Is é cuspóir ginearálta na hIonstraime féachaint le leibhéal ard slándála a áirithiú san Aontas Eorpach.

2. Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 1, rannchuideoidh an Ionstraim – i gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i Straitéisí, i gcláir, i measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an AE – leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a) tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tír agus dul i ngleic le himirce mírialta

Déanfar baint amach an chuspóra seo a thomhas i gcoinne táscairí amhail, inter alia, líon na bpost consalachta atá trealmhaithe, slán agus/nó feabhsaithe chun próiseáil éifeachtúil víosaí a áirithiú agus chun seirbhís ardchaighdeáin a sholáthar d’iarratasóirí víosaí

(b) tacú le bainistiú teorainneacha, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha a áirithiú ar thaobh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha ar an taobh eile i gcomhréir le acquis Schengen

Déanfar baint amach an chuspóra seo a thomhas i gcomparáid le táscairí cosúil le, inter alia, trealamh a fhorbairt le haghaidh rialú teorann agus gabháil náisiúnach neamhrialta tríú tíortha ag an teorainn sheachtrach i gcomparáid leis an riosca atá ann ag an gcuid ábhartha sin den teorainn sheachtrach.

3. D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, rannchuideoidh an ionstraim leis na cuspóirí oibríochtúla seo a leanas:

(a) forbairt agus cur chun feidhme beartas a chur chun cinn ag áirithiú nach mbeidh aon rialuithe ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú na dteorainneacha inmheánacha, seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha;

(b) córas comhtháite bainistíochta do theorainneacha seachtracha a bhunú de réir a chéile, lena n‑áirítear treisiú an chomhair idirghníomhaireachta idir údaráis imirce agus údaráis um fhorghníomhú dlí na mBallstát ag na teorainneacha seachtracha agus bearta laistigh den chríoch agus na bearta tionlacain is gá a bhaineann le slándáil doiciméad agus bainistiú céannachta;

(c) forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe eile gearrfhanachta, lena n‑áirítear comhar consalach, a chur chun cinn;

(d) córais TF, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealaimh a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha an Aontais a bhunú agus a reáchtáil;

(e) cur i bhfeidhm éifeachtach agus aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosaí, lena n‑áirítear feidhmiú mheicníocht mheastóireachta agus faireacháin Schengen, a áirithiú;

(f) an comhar idir Ballstáit a fheidhmíonn i dtríú tíortha maidir le sreafaí náisiúnach tríú tíortha isteach i gcríoch na mBallstát, mar aon leis an gcomhar le tríú tíortha i dtaca leis sin a threisiú.

4. Rannchuideofar leis an Ionstraim seo freisin le maoiniú an chúnaimh theicniúil ar thionscnamh ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

1. Faoi chuimsiú na gcuspóirí atá sainmhínithe in Airteagal 3, agus i bhfianaise chonclúidí comhaontaithe an idirphlé beartais dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. .../Rialachán 2012 [Rialachán Cothrománach], tacóidh an Ionstraim le gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit nó ag na Ballstáit, agus go háirithe leo seo a leanas:

(a) bonneagair trasnaithe teorann, foirgnimh agus córais atá ag teastáil ag pointí trasnaithe teorann agus le haghaidh faireachais idir pointí trasnaithe teorann agus dul i ngleic go héifeachtach le trasnú mídhleathach na dteorainneacha seachtracha;

(b) trealamh oibriúcháin, modhanna iompair agus córais chumarsáide a theastaíonn chun rialú éifeachtach a dhéanamh ar theorainneacha agus chun daoine a bhrath, amhail críochfoirt shocraithe le haghaidh an VIS, an SIS agus an Chórais Eorpaigh um Chartlannú Íomhánna (FADO), lena n‑áirítear teicneolaíocht úrscothach;

(c) Córais TF chun sreabha imirce a bhainistiú thar theorainneacha;

(d) bonneagair, foirgnimh agus trealamh oibriúcháin atá ag teastáil chun iarratais ar víosaí a phróiseáil agus comhar consalach;

(e) staidéir, treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu comhar idirghníomhaireachta a chothú laistigh de na Ballstáit agus idir na Ballstáit, agus na moltaí, na caighdeáin oibríochtúla agus an dea-chleachtas a thig ón gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus Gníomhaireachtaí an Aontais a chur chun feidhme.

2. Faoi chuimsiú na gcuspóirí atá sainmhínithe in Airteagal 3, tacóidh an Ionstraim seo le gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha nó gníomhaíochtaí i dtríú tíortha, agus go háirithe na cinn seo a leanas:

(a) córais faisnéise, uirlisí nó trealamh chun faisnéis a roinnt idir Ballstáit agus tríú tíortha;

(b) gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh comhar oibríochtúil a chothú idir Ballstáit agus tríú tíortha, lena n‑áirítear comhoibríochtaí;

(c) staidéir, imeachtaí, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail chun saineolas teicniúil agus oibríochtúil ad hoc a chur ar fáil do thríú tíortha;

(d) staidéir, imeachtaí, oiliúint, trealamh agus treoirthionscadail trína gcuirtear moltaí, caighdeáin oibríochtúla agus dea-chleachtais shonracha chun feidhme, a thig ón gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha.

3. Níl gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 incháilithe ag teorainneacha seachtracha sealadacha.

4. Níl gníomhaíochtaí a bhaineann le rialú teorann a thabhairt isteach athuair go sealadach agus go heisceachtúil ag teorainneacha inmheánacha dá dtagraítear i gCód Teorainneacha Schengen incháilithe.

CAIBIDIL II

CREAT AIRGEADAIS AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 5

Acmhainní foriomlána agus cur chun feidhme

1. Is ionann na hacmhainní foriomlána chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus EUR 3,520 milliún.

2. Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an Chreata Airgeadais.

3. Cuirfear na hacmhainní foriomlána chun feidhme trí bhíthin na modhanna seo a leanas:

(a) cláir náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 9 agus le hAirteagal 12;

(b) tacaíocht oibriúcháin, faoi chuimsiú na gclár náisiúnta agus na gcoinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 10;

(c) feidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta, i gcomhréir le hAirteagal 11;

(d) gníomhaíochtaí an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 13;

(e) cúnamh éigeandála, i gcomhréir le hAirteagal 14;

(f) Clár a chur chun feidhme chun córais TF nua a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha an Aontais faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 15;

(g) cúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 16.

4. Cuirfear an buiséad arna leithdháileadh faoi ionstraim seo chun feidhme faoi bhainistiú comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 55(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. …./2012 [Rialachán Airgeadais Nua], cé is moite de ghníomhaíochtaí úd an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 13, den gníomhaíocht éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 14, agus den chúnamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 16(1).

Déanfar modh nó modhanna cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh an chláir maidir le forbairt córas TF nua a leagan amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

5. Úsáidfear na hacmhainní foriomlána go táscach mar seo a leanas:

(a) EUR 2,000 milliún le haghaidh chláir náisiúnta na mBallstát;

(b) EUR 1,100 milliún chun córais TF nua a bhunú a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15(2);

(c) EUR 150 milliún le haghaidh na Scéime Idirthurais Speisialta;

(d) EUR 270 milliún le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais, cúnaimh éigeandála agus cúnaimh theicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

6. Mar aon leis na hacmhainní foriomlána a bunaíodh le haghaidh Rialachán Uimh. .../2012/AE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíochta géarchéime, is ionann na hacmhainní foriomlána atá ar fáil don Rialachán seo, mar a bhunaítear iad i mír 1, agus an clúdach airgeadais don Chiste Slándála Inmheánaí agus feidhmíonn siad mar an phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bliantúil buiséadaigh de réir bhrí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais.[31].

7. Glacfaidh na tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen páirt san ionstraim i gcomhréir leis an Rialachán seo.

8. Cuirfear socruithe i gcrích maidir le ranníocaíochtaí airgeadais na dtíortha sin i leith na hIonstraime seo agus leis na rialacha forlíontacha atá riachtanach le haghaidh rannpháirtíochta den sórt sin, lena n‑áirítear forálacha lena n‑áirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais agus cumhacht iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí.

Cuirfear na ranníocaíochtaí airgeadais ó na tíortha seo leis na hacmhainní foriomlána atá ar fáil ó bhuiséad an Aontais dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 6

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí incháilithe sna Ballstáit

1. Leithdháilfear EUR 2,000 milliún ar na Ballstáit go táscach mar seo a leanas:

(a) EUR 1,200 milliún mar a léirítear in Iarscríbhinn I;

(b) EUR 450 milliún, bunaithe ar thorthaí na meicníochta a bhfuil tuairisc air in Airteagal 7;

(c) faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma agus don tréimhse amhail bliain bhuiséid 2018, EUR 350 milliún, an chuid eile de na leithreasaí atá ar fáil faoin Airteagal seo nó suim eile, arna cinneadh de bhun mhír 2, bunaithe ar thorthaí na hanailíse riosca agus na meicníochta atá leagtha síos in Airteagal 8.

2. Chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí faoin Rialachán seo mar is ceart i gcás imthosca gan choinne nó imthosca eile agus chun cur chun feidhme éifeachtach an chistithe atá ar fáil faoin Rialachán seo a áirithiú, tabharfar de chumhacht don Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, chun an tsuim tháscach atá leagtha síos i bpointe c) de mhír 1 a choigeartú.

3. Ní bhainfidh Ballstáit a aontaíonn don Aontas sa tréimhse 2012-2020 leas as leithdháiltí do chláir náisiúnta faoin ionstraim seo fad is a bhainfidh siad leas as ionstraim shealadach an Aontais a thacaíonn leis na Ballstáit is tairbhithe gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais le haghaidh chur chun feidhme acquis Schengen maidir le teorainneacha agus víosa agus rialú ag teorainneacha seachtracha.

Airteagal 7

Acmhainní le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha

1. Féadfaidh Ballstáit, de bhreis ar a leithdháileadh arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 6(1), suim bhreise a fháil, ar an gcoinníoll go bhfuil sí curtha in áirithe mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear í chun gníomhaíochtaí sonracha atá liostaithe in Iarscríbhinn II a bhaint amach.

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 ar mhaithe leis na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn II a athbhreithniú, má mheastar é a bheith iomchuí. Ar bhonn na ngníomhaíochtaí sonracha nua, féadfaidh na Ballstáit suim bhreise, mar atá leagtha síos i mír 1, a fháil, faoi réir na n‑acmhainní atá ar fáil.

3. Déanfar na suimeanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann leis an gcinneadh maoinithe aonair lena bhfaomhtar nó lena n‑athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Cothrománach].

Airteagal 8

Acmhainní faoi chuimsiú an athbhreithnithe mheántéarma

1. D'fhonn an tsuim atá sonraithe i bpointe c) d’Airteagal 6(1) a leithdháileadh, faoin 1 Meitheamh 2017, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn ionchuir agus i gcomhairle le Gníomhaireacht Frontex, tuarascáil lena socrófar, i gcomhréir le hanailís riosca Frontex, leibhéil bhagartha ag na teorainneacha seachtracha don tréimhse 2017-2020. Beidh leibhéil bhagartha bunaithe ar an ualach ar bhainistiú teorann agus ar na bagairtí a dhéanfaidh difear do shlándáil ag teorainneacha seachtracha na mBallstát in 2014-2016 agus cuirfear san áireamh iontu, inter alia, treochtaí féideartha amach anseo maidir le sreabha imirce agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ag na teorainneacha seachtracha, ag féachaint do na forbairtí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta is dócha a bheidh sna tríú tíortha lena mbaineann, go háirithe i dtíortha comharsanachta.

Cinnfear sa tuarascáil an leibhéal bagartha i gcás gach cuid den teorainn sheachtrach trí fhad na coda teorann lena mbaineann a iolrú faoin ualach arna thabhairt di, mar seo a leanas:

(a)     teorainn sheachtrach talún:

(i)      fachtóir 1 maidir le gnáthbhagairt

(ii)      fachtóir 3 maidir le meánbhagairt

(iii)     fachtóir 5 maidir le bagairt ard;

(b)     teorainn sheachtrach mhuirí:

(i)      fachtóir 1 maidir le gnáthbhagairt

(ii)      fachtóir 3 maidir le meánbhagairt

(iii)     fachtóir 5 maidir le bagairt ard.

Ar bhonn na tuarascála, cinnfidh an Coimisiún cé na Ballstáit a gheobhaidh suim bhreise. Gheobhaidh na Ballstáit sin a bhfuil leibhéal méadaithe bagartha acu i gcomparáid leis an leibhéal bagartha arna shocrú le haghaidh an ríomha don bhliain bhuiséid 2013 faoi Chinneadh 574/2007/CE acmhainní breise pro rata.

2. Ar mhaithe le leithdháileadh na n‑acmhainní faoi mhír 1

(a)     cuirfear san áireamh an líne idir na limistéir dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 866/2004 ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le córas faoi Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 10 den Ionstraim Aontachais, ach ní an teorainn mhuirí ó thuaidh den líne sin, cé nach teorainn sheachtrach talún í fad is a leanfaidh forálacha Airteagal 1 de Phrótacal 10 faoin gCipir d’Ionstraim Aontachais 2003 d’fheidhm a bheith acu;

(b)     ciallóidh teorainneacha seachtracha muirí teorainn forimeallacha fharraige teorann na mBallstát mar atá sainmhínithe de réir Airteagal 4 go hAirteagal 16 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Ach, i gcásanna ina bhfuil oibríochtaí fadtréimhseacha ag teastáil ar bhonn rialta chun imirce neamhrialta/dul isteach mídhleathach a chosc, beidh sí cothrom le teorainn fhorimeallach na limistéar ina bhfuil bagairt ard. Cinnfear é sin trí bhíthin na sonraí ábhartha maidir leis na hoibríochtaí sin in 2014-2016 a chur san áireamh arna soláthar ag na Ballstáit lena mbaineann.

3. Ina theannta sin, tar éis cuireadh a fháil ón gCoimisiún faoin 1 Meitheamh 2017, féadfaidh na Ballstáit leithdháileadh breise a fháil, ar an gcoinníoll go mbeidh sé curtha in áirithe mar sin sa chlár agus go n‑úsáidfear é chun gníomhaíochtaí áirithe a bhaint amach a bheidh le leagan síos i bhfianaise thosaíochtaí an Aontais ag an am sin.

Chuige sin tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 ar mhaithe le gníomhaíochtaí sonracha liostaithe in Iarscríbhinn II a athbhreithniú.

4. Déanfar na suimeanna breise faoin Airteagal seo a leithdháileadh ar na Ballstáit a bhaineann leis an gcinneadh maoinithe aonair lena bhfaomhtar nó lena n‑athbhreithnítear a gclár náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. …./2012 [An Rialachán Cothrománach].

Airteagal 9

Cláir náisiúnta

1. An clár náisiúnta a bheidh le hullmhú faoin Ionstraim seo agus na cinn sin a bheidh le hullmhú faoi Rialachán Uimh. .../2012/AE lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac agus le haghaidh bainistíocht géarchéime, déanfaidh na Ballstáit iad a dhréachtú go comhpháirteach agus a mholadh don Choimisiún mar chlár náisiúnta amháin le haghaidh an Chiste agus i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Cothrománach].

2. Faoi na cláir náisiúnta nach mór don Choimisiún a scrúdú agus a fhaomhadh de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Cothrománach], saothróidh na Ballstáit na cuspóirí seo a leanas go háirithe:

(a) an Córas Eorpach um Fhaireachas Teorann (EUROSUR) a fhorbairt i gcomhréir le reachtaíocht agus le treoirlínte an Aontais;

(b) an acmhainn reatha ar an leibhéal náisiúnta i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha a leathnú agus tacú leis, agus aird á tabhairt, inter alia, ar theicneolaíocht nua, ar fhorbairtí agus/nó ar chaighdeáin maidir le bainistiú sreabha imirce;

(c) tacú le forbairt bhreise an bhainistithe ar shreabha imirce trí bhíthin seirbhísí consalacha nó seirbhísí eile de chuid an Bhallstáit i dtríú tíortha, d’fhonn taisteal dlisteanach a éascú agus imirce neamhrialta isteach san Aontas a chosc;

(d) bainistiú comhtháite teorainneacha a neartú trí bhíthin uirlisí, córais chomh‑inoibritheacha nua agus modhanna oibre a thástáil agus a thabhairt isteach a bhfuil sé mar aidhm acu malartú faisnéise laistigh den Bhallstát a fheabhsú nó feabhas a chur ar chomhar idirghníomhaireachta;

(e) cur i bhfeidhm ceart aonfhoirmeach acquis an Aontais maidir le rialú teorann agus víosaí a áirithiú mar fhreagairt do laigí arna sainaithint ar leibhéal na hEorpa, arna léiriú i dtorthaí arna mbunú faoi chuimsiú mheicníocht mheastóireachta Schengen;

(f) cur leis an gcumas dul i ngleic le dúshláin atá ag teacht aníos, lena n‑áirítear bagairtí agus brúnna reatha agus amach anseo ag teorainneacha seachtracha an Aontais, ag cur san áireamh anailís riosca Frontex go háirithe.

Airteagal 10

Tacaíocht oibriúcháin faoi chláir náisiúnta na mBallstát

1. Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as suas le 50% den tsuim a leithdháiltear faoin Ionstraim seo ar a chlár náisiúnta chun maoiniú a dhéanamh ar thacaíocht oibriúcháin do na húdaráis phoiblí atá freagrach as saothrú na gcúraimí agus na seirbhísí arb ionann iad agus seirbhís phoiblí don Aontas. Baineann na cúraimí agus na seirbhísí sin le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) (a), (c) agus (d).

2. Ní chuirfear tacaíocht oibriúcháin ar fáil ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha seo a leanas:

(a) comhlíonadh acquis an Aontais maidir le teorainneacha agus víosa;

(b) comhlíonadh chaighdeáin agus threoirlínte an Aontais maidir le dea-rialachas ar theorainneacha agus maidir le víosaí, go háirithe catalóg Schengen maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha, an Lámhleabhar Praiticiúil do ghardaí teorann agus an Lámhleabhar ar víosa.

3. Chun na críche sin, sula bhfaomhfar an clár náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid bonnlíne i mBallstáit a chuir in iúl go bhfuil sé i gceist acu tacaíocht oibriúcháin a iarraidh.

Déanfar tuairimí a mhalartú leis an mBallstát lena mbaineann faoi thorthaí an Choimisiúin.

Tar éis na tuairimí a mhalartú, féadfar é a chur de choinníoll le glacadh an Choimisiúin le tacaíocht bhuiséadach faoi chuimsiú an chláir náisiúnta de chuid Ballstáit go gclárófar agus go gcuirfear i gcrích roinnt gníomhaíochtaí arb é aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na coinníollacha atá leagtha síos i mír 2 faoin tráth a gcuirfear tacaíocht bhuiséadach ar fáil.

4. Díreofar tacaíocht oibriúcháin ar chúraimí nó ar sheirbhísí sonracha agus díreofar í ar na cuspóirí faoi mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III. Béarfaidh sí aisíoc iomlán an chaiteachais a tabhaíodh chun na tascanna nó na seirbhísí arna sainiú sa chlár náisiúnta a bhaint amach, laistigh de na teorainneacha airgeadais atá socraithe sa chlár agus laistigh den uasteorainn atá leagtha síos i mír 1.

5. Beidh tacaíocht oibriúcháin faoi réir fhaireachán agus mhalartú faisnéise idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir leis an staid bonnlíne sa Bhallstát, na cuspóirí agus na spriocanna a bheidh le baint amach agus na táscairí le haghaidh dul chun cinn a mheas.

6. Déanfaidh an Coimisiún foráil, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, do nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe praiticiúla eile a bheidh le déanamh idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 11

Tacaíocht oibriúcháin don Scéim Idirthurais Speisialta

1. Cuirfidh an Ionstraim seo tacaíocht ar fáil chun cúiteamh a dhéanamh ar tháillí tarscaoilte ó víosaí arna n‑eisiúint ar mhaithe le costais idirthurais agus le costais eile a tabhaíodh le linn chur chun feidhme na scéime um an Doiciméad Idirthurais Éascaithe (an FTD) agus um an Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (an FRTD) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 693/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle.

2. Ní sháróidh na hacmhainní a leithdháiltear ar an Liotuáin de bhun mhír 1 EUR 150 milliún don tréimhse 2014-2020 agus cuirfear ar fáil iad mar thacaíocht oibriúcháin shonrach bhreise don Liotuáin.

3. Chun críche mhír 1, ciallaíonn costais bhreise costais a thig go díreach ó na ceanglais shonracha a bhaineann le cur chun feidhme oibriú na Scéime Idirthurais Speisialta agus nach ngintear mar thoradh ar an eisiúint víosaí chun críche idirthurais nó chun críocha eile.

Beidh na cineálacha seo a leanas de chostas breise incháilithe le haghaidh maoinithe:

(a)     infheistíocht i mbonneagair;

(b)     oiliúint a chur ar bhall foirne a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme;

(c)     costais oibriúcháin bhreise, lena n‑áirítear tuarastal na mball foirne a chuireann an scéim idirthurais speisialta chun feidhme go sonrach.

4. Déanfar na táillí tarscaoilte dá dtagraítear i mír 1 a ríomh ar bhonn leibhéal na dtáillí víosa agus na dtarscaoiltí táillí víosa a bhunaítear leis an gComhaontú Éascaithe Víosa idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise, faoi choimirce an chreata airgeadais atá leagtha síos i mír 2.

5. Déanfaidh an Coimisiún agus an Liotuáin athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo i gcás athruithe a imríonn tionchar ar fheidhmiú na Scéime Idirthurais Speisialta agus ar í a bheith ann.

6. Leagfaidh an Coimisiún amach trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta tuairiscithe maidir le cur i bhfeidhm na forála seo agus aon socruithe airgeadais nó aon socruithe praiticiúla eile a bheidh le déanamh idir an Liotuáin agus an Coimisiún chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

7. Chun feidhmiú rianúil na Scéime Idirthurais Speisialta a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún socruithe eatramhacha sonracha íocaíochta a dhéanamh a mhaolaíonn ó fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Chothrománach].

Airteagal 12

Clárú i gcomhréir le torthaí mheicníocht mheastóireachta agus faireacháin Schengen

Tar éis tuarascáil mheasúnaithe Schengen a bheith déanta, arna glacadh i gcomhréir leis an Rialachán maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen a fhíorú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, in éineacht leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, nuair is iomchuí, iniúchadh féachaint conas is fearr aghaidh a thabhairt ar na torthaí agus na moltaí a chur chun feidhme faoi chuimsiú a chláir náisiúnta.

Más gá, déanfaidh Ballstát athbhreithniú ar a chlár náisiúnta chun na torthaí agus na moltaí a chur san áireamh.

I gcomhphlé leis an gCoimisiún agus le Gníomhaireacht Frontex, nuair is iomchuí, déanfaidh sé acmhainní faoina chlár a athdháileadh, lena n‑áirítear, más gá, na hacmhainní sin atá cláraithe le haghaidh tacaíochta oibriúcháin, nó gníomhaíochtaí a thabhairt isteach nó a leasú a bhfuil sé mar aidhm acu na laigí a leigheas, i gcomhréir le torthaí agus le moltaí thuarascáil mheasúnaithe Schengen.

Airteagal 13

Gníomhaíochtaí an Aontais

1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfar an Ionstraim seo a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí trasnáisiúnta nó ar ghníomhaíochtaí ar díol spéise ar leith iad don Aontas (‘gníomhaíochtaí an Aontais’) a bhaineann leis na cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 3.

2. Chun a bheith incháilithe do chistiú, saothróidh gníomhaíochtaí an Aontais na cuspóirí seo a leanas go háirithe:

(a) tacú leis na bearta ullmhúcháin, faireacháin, riaracháin agus tacaíochta teicniúla, forbairt meicníochta meastóireachta, atá ag teastáil chun na beartais um theorainneacha seachtracha agus víosaí a chur chun feidhme, lena n‑áirítear rialachas Schengen a chur chun feidhme arna chinneadh ag meicníocht mheastóireachta agus faireacháin Schengen arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. ... maidir le meicníocht mheastóireachta agus faireacháin a bhunú chun cur i bhfeidhm acquis Schengen agus Cód Teorainneacha Schengen a fhíorú;

(b) feabhas a chur ar an eolas agus ar an tuiscint ar an staid atá i réim sna Ballstáit trí bhíthin anailíse, meastóireachta agus faireacháin dhlúith ar bheartais;

(c) tacú le forbairt uirlisí agus modhanna staitistiúla agus comhtháscairí;

(d) tacú le cur chun feidhme dhlí an Aontais agus chuspóirí beartais an Aontais sna Ballstáit, agus faireachán a dhéanamh orthu, agus measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá siad agus ar a dtionchar;

(e) líonrú, foghlaim fhrithpháirteach, sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtas agus cineálacha nuálacha cur chuige a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach;

(f) feasacht maidir le beartais agus le cuspóirí an Aontais a fheabhsú i measc na bpáirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach maidir le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais;

(g) cur le cumas na ngréasán Eorpach tacú le beartais agus le cuspóirí an Aontais agus iad a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh;

(h) tacú le tionscadail atá an‑nuálach a fhorbraíonn modhanna nua agus teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfaí a aistriú chuig Ballstáit eile, go háirithe tionscadail atá dírithe ar thionscadail taighde a thástáil agus a fhíorú;

(i) tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le tríú tíortha agus le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

3. Cuirfear gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. .../2012 [An Rialachán Cothrománach].

Airteagal 14

Cúnamh éigeandála

1. Cuirfidh an Ionstraim seo tacaíocht airgeadais ar fáil chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha shonracha i gcás éigeandála, mar atá sainmhínithe i bpointe (e) d’Airteagal 2.

2. Cuirfear cúnamh éigeandála chun feidhme i gcomhréir leis an meicníocht atá leagtha síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Cothrománach].

Airteagal 15

Clár a bhunú maidir le forbairt córas TF nua

1. Tá an tsuim tháscach arna leithdháileadh le haghaidh an chláir maidir le forbairt córas TF nua trína mbainistítear gluaiseacht náisiúnach tríú tír thar theorainneacha socraithe ag EUR 1,100 milliún. Cuirfear an clár chun feidhme i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais ina sainmhínítear na córais TF nua agus a mbonneagar cumarsáide a bhfuil sé d’aidhm acu, go háirithe, feabhas a chur ar bhainistiú agus ar rialú sreabha taistil ag na teorainneacha seachtracha trí na seiceálacha a neartú agus dlús a chur faoi thrasnaithe teorann ag taistealaithe rialta.

2. Beidh an Coimisiún freagrach as an gclár a bhainistiú. Glacfaidh sé creat straitéiseach ilbhliantúil, lena n‑áireofar

(a) na príomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh;

(b) miondealú ar an mbuiséad de réir blianta buiséid;

(c) an t-amchlár maidir leis an gcur chun feidhme;

(d) na modhanna bainistíochta a úsáidfear nuair atá príomhghníomhaíochtaí á gcur i gcrích. Féadfar bearta a chur i gcrích - ag an gCoimisiún go díreach, nó trí ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin - go hindíreach ag aonáin agus ag daoine seachas Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal [57] de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Nua Airgeadais]

Ba cheart go gcumhdófaí iad seo a leanas go háirithe sna príomhghníomhaíochtaí a bheidh le déanamh: forbairt agus tástáil ar an eilimint lárnach agus ar fheidhmchláir atá coitianta d’eilimintí náisiúnta na gcóras, an bonneagar cumarsáide idir na heilimintí lárnacha agus náisiúnta, an comhordú chun iad a chur ag feidhmiú, agus bainistíocht slándála na gcóras.

Glacfaidh an Coimisiún, trí ghníomhartha cur chun feidhme, leis an gcreat straitéiseach agus aon athbhreithnithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Airteagal 16

Cúnamh teicniúil

1. Ar thionscnamh ón gCoimisiún nó thar ceann an Choimisiúin, féadfaidh an Ionstraim suas le EUR 1.7 a chur leis an gCiste Slándála Inmheánaí gach bliain, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. ..../2012 [An Rialachán Cothrománach].

2. Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh an Ionstraim ranníocaíocht a dhéanamh atá suas le 5% den tsuim iomlán a leithdháiltear ar an mBallstát le haghaidh cúnaimh theicniúil faoin gclár náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. XXX/2012 [An Rialachán Cothrománach].

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2. Bronnfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa Rialachán seo ar an gCoimisiún ar feadh tréimhse seacht mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó má chuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don Choimisiún, roimh dhul in éag na tréimhse sin, nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh an comhchoiste ‘Tearmann, Imirce agus Slándála’ arna bhunú le hAirteagal 55(1) de Rialachán (AE) Uimh. …/2012 [An Rialachán Cothrománach] cúnamh don Choimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 19

Infheidhmeacht an Rialacháin (AE) Uimh. …/2012 [An Rialachán Cothrománach]

Beidh feidhm ag forálacha Rialachán (AE) Uimh.../2012 [An Rialachán Cothrománach] maidir leis an Ionstraim seo.

Airteagal 20

Aisghairm

Déanfar aisghairm ar chinneadh Uimh. 574/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lenar bunaíodh an Ciste um Theorainneacha Seachtracha le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 21

Forálacha eatramhacha

1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do bhuanú ná do mhodhnú lena n‑áirítear cealú go hiomlán nó i bpáirt, na dtionscadal agus na gclár bliantúil, go dtí go gcuirfear i gcrích iad, ná an chúnaimh airgeadais arna fhaomhadh ag an gCoimisiún, ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007 CE nó aon reachtaíocht eile a bhainfidh leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013.

2. Le linn don Choimisiún cinntí a ghlacadh maidir le cómhaoiniú faoin Ionstraim seo, cuirfidh sé san áireamh bearta a glacadh ar bhonn Chinneadh Uimh. 574/2007/CE roimh an [dáta an fhoilsithe san Iris Oifigiúil] a bhfuil iarmhairtí airgeadais acu le linn na tréimhse atá clúdaithe ag an gcómhaoiniú sin.

3. Maidir le suimeanna atá geallta i gcomhair an chómhaoinithe arna fhaomhadh ag an gCoimisiún idir 1 Eanáir 2011 agus 31 Nollaig 2013 ach nach ndearnadh na doiciméid a theastaíonn chun na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin spriocdháta chun an tuarascáil a chur isteach, saorfaidh an Coimisiún sa ghnáthchúrsa iad faoin 31 Nollaig 2017, rud a fhágfaidh go gcaithfear na méideanna a íocadh go míchuí a aisíoc.

4. Agus an méid nach mór a shaoradh sa ghnáthchúrsa á ríomh, ní thabharfar aird ar na suimeanna a bhaineann le gníomhartha a cuireadh ar fionraí mar gheall ar imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leo.

Airteagal 21

Athbhreithniú

Ar bhonn togra ón gCoimisiún, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 30 Meitheamh 2020 ar a dhéanaí.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I Suimeanna arb éard iad an bonn do chláir náisiúnta na mBallstát

Ballstát || Íosmhéid || Meánchéatadán 2010-2012 || Leithdháileadh ar bhonn céatadáin || Méid Iomlán

An Ostair || 5.000.000 || 0,82% || 8.699.674 || 13.699.674

An Bheilg || 5.000.000 || 1,13% || 11.886.638 || 16.886.638

An Bhulgáir || 5.000.000 || 3,18% || 33.578.849 || 38.578.849

An Chipir || 5.000.000 || 1,76% || 18.521.213 || 23.521.213

Poblacht na Seice || 5.000.000 || 0,84% || 8.907.377 || 13.907.377

An Danmhairg || 5.000.000 || 0,48% || 5.053.171 || 10.053.171

An Eastóin || 5.000.000 || 1,51% || 15.933.661 || 20.933.661

An Fhionlainn || 5.000.000 || 2,87% || 30.320.668 || 35.320.668

An Fhrainc || 5.000.000 || 7,20% || 75.956.454 || 80.956.454

An Ghearmáin || 5.000.000 || 4,21% || 44.390.681 || 49.390.681

An Ghréig || 5.000.000 || 14,56% || 153.636.854 || 158.636.854

An Ungáir || 5.000.000 || 3,22% || 34.018.515 || 39.018.515

An Íoslainn || 5.000.000 || 0,03% || 310.455 || 5.310.455

An Iodáil || 5.000.000 || 13,62% || 143.660.373 || 148.660.373

An Laitvia || 5.000.000 || 0,95% || 9.989.974 || 14.989.974

An Liotuáin* || 5.000.000 || 1,77% || 18.709.058 || 23.709.058

Lucsamburg || 5.000.000 || 0,04% || 379.909 || 5.379.909

Málta || 5.000.000 || 3,43% || 36.173.227 || 41.173.227

An Ísiltír || 5.000.000 || 2,30% || 24.315.326 || 29.315.326

An Iorua || 5.000.000 || 0,84% || 8.846.929 || 13.846.929

An Pholainn || 5.000.000 || 3,97% || 41.883.809 || 46.883.809

An Phortaingéil || 5.000.000 || 1,25% || 13.197.565 || 18.197.565

An Rómáin || 5.000.000 || 5,05% || 53.313.864 || 58.313.864

An tSlóvaic || 5.000.000 || 0,46% || 4.835.168 || 9.835.168

An tSlóivéin || 5.000.000 || 2,31% || 24.371.875 || 29.371.875

An Spáinn || 5.000.000 || 17,13% || 180.746.396 || 185.746.396

An tSualainn || 5.000.000 || 0,59% || 6.189.272 || 11.189.272

An Eilvéis || 5.000.000 || 1,25% || 13.216.801 || 18.216.801

An Chróit || 5.000.000 || 3,22% || 33.956.244 || 38.956.244

Iomlán || 145.000.000 || 100% || 1.055.000.000 || 1.200.000.000

Iarscríbhinn II Liosta de ghníomhaíochtaí sonracha

1. Meicníochtaí um chomhar consalach a bhunú idir dhá Bhallstát ar a laghad a chruthóidh barainneachtaí scála i ndáil le taisceadh iarratas agus le heisiúint víosaí ag consalachtaí i gcomhréir leis na prionsabail maidir le comhar atá leagtha síos sa Chód Víosa, lena n‑áirítear comhionaid iarratais i gcomhair víosaí

2. Modhanna iompair agus trealamh oibriúcháin a cheannach a mheastar a bheith riachtanach chun comhoibríochtaí a reáchtáil ag Gníomhaireacht Frontex, de bhun na dtreoirlínte arna n‑eisiúint ag an nGníomhaireacht seo

IARSCRÍBHINN III Cuspóirí le haghaidh tacaíochta oibriúcháin faoi chuimsiú na gclár náisiúnta

Cuspóir 1: Forbairt agus cur chun feidhme beartas a chur chun cinn lena áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha, seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú teorainneacha seachtracha

- oibríochtaí

- costas foirne

- costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

- uasghrádú / athsholáthar trealaimh

- eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 2: forbairt agus cur chun feidhme an chomhbheartais maidir le víosaí agus le ceadanna cónaithe gearrfhanachta eile, lena n‑áirítear comhar consalach a chur chun cinn

- oibríochtaí

- costas foirne

- costais seirbhíse, cothabháil agus deisiú

- uasghrádú / athsholáthar trealaimh

- eastát réadach (dímheas, athchóiriú)

Cuspóir 3: Córais TF, a mbonneagar cumarsáide agus a dtrealaimh a thacaíonn le bainistiú sreabha imirce thar theorainneacha seachtracha an Aontais a bhunú agus a reáchtáil

- bainistíocht oibríochtúil an SIS, an VIS agus córas nua arna mbunú sa tréimhse

- costas foirne

- costais seirbhíse, amhail cothabháil agus deisiú

- bonneagar cumarsáide agus saincheisteanna a bhaineann le slándáil

- uasghrádú / athsholáthar trealaimh

- áitreabh daingean a ghlacadh ar cíos nó a athchóiriú

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/an tionscnaimh

              1.2.    Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóir (Cuspóirí)

              1.5.    Na forais leis an togra/an tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid lena mbaineann

              3.2.    An tionchar a mheastar ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Rannpháirtíocht ó thríú páirtithe sa mhaoiniú

              3.3.    An tionchar a mheastar ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh

Cumarsáid "Building an open and secure EURope: the home affairs budget for 2014-2020” (Eoraip a fhorbairt atá oscailte agus slán: an buiséad gnóthaí baile do 2014-2020);

Togra le haghaidh Rialacháin ina leagtar síos síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime;

Togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime;

Togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí.

1.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[32]

Ceannteideal 3 faoi láthair, Teideal 18 – Gnóthaí Baile

Peirspictíochtaí Airgeadais Ilbhliantúla Amach Anseo: Ceannteideal 3 (Slándáil agus Saoránacht) - “Slándáil inmheánach”

An cineál togra/tionscnaimh

þ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua (cistiú gnóthaí baile don tréimhse 2014-2020)

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[33]

¨ Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.3. Cuspóirí 1.3.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Is é aidhm dheireanach na mbeartas gnóthaí baile limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú a bhféadfaidh saoránaigh an AE agus náisiúnaigh tríú tír dul isteach, gluaiseacht, maireachtáil agus oibriú ann, agus smaointe nua, caipiteal, eolas agus nuálaíocht á dtabhairt acu leo, nó bearnaí i margaí náisiúnta an tsaothair á líonadh acu, agus iad muiníneach go bhfuil a gcearta á n‑urramú go hiomlán agus a slándáil deimhnithe. Tá comhar le tíortha neamh‑AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun an sprioc sin a bhaint amach.

Dearbhaíodh tábhacht mhéadaitheach na mbeartas gnóthaí baile i gClár Stócólm agus sa Chlár Gníomhaíochta lena mbaineann, a bhfuil a chur chun feidhme ina thosaíocht straitéiseach de chuid an Aontais lena gcuimsítear réimsí amhail imirce (imirce dhleathach agus lánpháirtiú; tearmann; imirce agus filleadh atá mírialta), slándáil (an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac; comhar póilíneachta) agus bainistiú na dteorainneacha seachtracha (lena n‑áirítear beartas víosaí), chomh maith le gné sheachtrach na mbeartas sin. Trí Chonradh Liospóin cuirtear ar chumas an Aontais freisin uaillmhian níos fearr a léiriú i dtaca le freagairt do ghnóthaí laethúla saoránach i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais. Ba cheart go bhféachfaí ar thosaíochtaí an bheartais gnóthaí baile, go háirithe lánpháirtiú náisiúnach tríú tír, i gcomhthéacs na seacht dtionscnamh suaitheanta arna gcur i láthair i Straitéis Eoraip 2020 a bhfuil sé mar aidhm acu cuidiú leis an AE teacht tríd an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch reatha agus fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach.

Cuirfear an cúnamh airgeadais atá de dhíth ar fáil sa Chiste Slándála Inmheánaí d’fhonn torthaí inbhraite a dhéanamh de chuspóirí gnóthaí baile an Aontais.

1.3.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

AN CISTE SLÁNDÁLA INMHEÁNAÍ

Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, chun coireacht a chosc agus a chomhrac, agus le haghaidh bainistíochta géarchéime

I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí, cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an Aontais, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas

(a)        an choireacht thrasteorann, an choireacht thromchúiseach agus an choireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac, lena n‑áirítear sceimhlitheoireacht, agus chun comhordú agus comhar a threisiú idir údaráis um fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát agus le tríú tíortha ábhartha;

(b)        cumas na mBallstát agus an Aontais a fheabhsú maidir le bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna a bhaineann leis an tslándáil, agus ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil agus daoine agus an bonneagar criticiúil á chosaint orthu.

Gníomhaíochtaí reatha ABB atá i gceist: 18.05

Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus víosaí

I gcomhréir leis na tosaíochtaí a aithnítear i straitéisí, cláir, measúnuithe riosca agus bagairtí ábhartha an AE, rannchuideoidh an Ionstraim leis na cuspóirí sonracha seo a leanas

(a)        tacú le comhbheartas víosaí chun taisteal dlisteanach a éascú, cóir chomhionann a áirithiú i gcás náisiúnach tríú tíre agus dul i ngleic le himirce mírialta;

(b)        tacú le bainistiú teorainneacha, chun ardleibhéal cosanta teorainneacha seachtracha a áirithiú ar thaobh amháin, agus trasnú rianúil na dteorainneacha seachtracha ar an taobh eile i gcomhréir le acquis Schengen.

Gníomhaíochtaí reatha ABB atá i gceist: 18.02 (chomh fada is a bhaineann sé leis an gCiste um Theorainneacha Seachtracha).

1.3.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe

Tá cur síos níos mionsonraithe ar éifeachtaí an togra maidir le tairbhithe/spriocghrúpaí i Roinn 4.1.2 den Mheasúnú Tionchair.

I gcoitinne, beidh éifeacht thairbheach ag simpliú arna thabhairt isteach ag gach leibhéal den phróiseas maoinithe agus ag gach modh bainistíochta ar na próisis faoina ndéanfar tacaíocht airgeadais a bhainistiú.

Comhar póilíneachta, coireacht a chosc agus a chomhrac, agus bainistíocht géarchéime

Is iad na Ballstáit agus a n‑údaráis um fhorghníomhú an dlí mar aon le haon údarás eile a shainfheidhmíonn i gcosaint bonneagar criticiúil agus bainistíocht géarchéime, ach freisin na hEagraíochtaí ábhartha Idirnáisiúnta agus Neamhrialtasacha, nuair is iomchuí (e.g. i réimse bheartas chosc na coireachta, frithradacaithe agus frithgháinneála) a bheidh ar phríomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais.

Is é an daonra go léir an spriocghrúpa a bhainfidh tairbhe as na hathruithe.          I measc na mórghníomhartha beidh 1) cumas feabhsaithe riaracháin agus oibríochta na mBallstát coireacht eagraithe thromchúiseach thrasteorann a bhrath agus a ionchúiseamh, lena n‑áirítear sceimhlitheoireacht d’fhonn na bagairtí a bhaineann leis an tslándáil a eascraíonn as a leithéid de choireacht a laghdú, agus 2) go mbeadh solúbthacht níos treise san Eoraip maidir le géarchéimeanna agus tubaistí de bharr beartais níos comhtháite maidir le bainistíocht riosca a nascfaidh bagairt agus measúnú riosca le ceapadh beartas sa chaoi go mbeidh freagra níos éifeachtaí agus níos comhordaithe ag an AE ar ghéarchéim ar thaobh amháin agus go nascfar na cumais agus an saineolas reatha ar an taobh eile. Gnóthachan tábhachtach eile a bheidh ann nuair a bheidh cumas níos fearr ag na Ballstáit na daoine agus bonneagar criticiúil a chosaint agus a ullmhú in aghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhais thromchúiseacha eile a bhaineann le slándáil.

Teorainneacha seachtracha agus víosaí      Is iad na seirbhísí cur chun feidhme acquis an AE, Cód Teorainneacha Schengen, agus an Cód Víosa sna Ballstáit príomhthairbhithe na tacaíochta airgeadais i gcomhair teorainneacha agus víosaí: gardaí teorann, póilíní agus seirbhísí consalachta. Is na taistealaithe an spriocghrúpa a bhainfidh tairbhe as na hathruithe - gach duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha isteach san AE. Áireofar leis an torthaí sin cumas feabhsaithe na seirbhísí sin (1) faireachas teorann agus idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, faoi chuimsiú an Chórais Eorpaigh um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR); (2) bainistiú a dhéanamh ar shreabha imirce ag ionaid chonsalachta (iarratais ar víosaí) agus (3) feabhas a chur ar láimhseáil sreafaí paisinéirí agus pointí trasnaithe teorann, sa chaoi go gcinnteofar ardleibhéal aonfhoirmeach cosanta ar thaobh amháin, i gcomhar le seirbhísí eile forghníomhaithe an dlí, agus trasnú rianúil i gcomhréir le acquis agus leis na prionsabail maidir le láimhseáil mheasúil agus dínit ar an taobh eile. Toradh tábhachtach ar leith a bheidh air is ea an chaoi a bhunófar dhá chóras TF nua an AE maidir le gluaiseacht náisiúnach tríú tíortha thar theorainneacha (Córas Dul Isteach Imeachta an AE agus agus Clár um Thaistealaithe Cláraithe).

1.3.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh

Ós rud é gur gá comhphlé beartais a dhéanamh sula ndéantar na cláir náisiúnta a shainiú, ní féidir sraith chinntitheach táscairí a chinneadh ag an gcéim seo, sraith a úsáidfear chun baint amach na gcuspóirí sonracha atá luaite thuas a thomhas. Mar sin féin

- maidir le comhar póilíneachta agus an choireacht a chosc agus a chomhrac, i measc na dtáscairí bheadh líon na gcomhoibríochtaí trasteorann agus líon na ndoiciméad dea-chleachtais agus na n‑imeachtaí a d’eagrófaí. I measc na dtáscairí le haghaidh bainistíochta géarchéime agus cosaint an bhonneagair chriticiúil bheadh líon na n‑uirlisí a chuirfí ar fáil nó a ndéanfaí uasghrádú breise orthu chun cosaint an bhonneagair chriticiúil ag Ballstáit a éascú i ngach earnáil den gheilleagar agus líon na measúnuithe ar bhagairtí agus ar rioscaí a chuirfí ar fáil ar leibhéal an Aontais.

- i measc na dtáscairí sa réimse teorainneacha agus víosaí, bheadh líon na bpost consalachta a dhéanfaí a fheistiú, a dhaingniú nó a fheabhsú chun iarratais ar víosaí a phróiseáil go héifeachtúil agus caighdeán na seirbhíse d’iarratasóirí víosa a áirithiú, agus trealamh a fhorbairt le haghaidh rialú teorann agus gabháil náisiúnach mírialta tríú tíortha ag an teorainn sheachtrach i gcomparáid leis an riosca atá ann ag an gcuid sin den teorainn sheachtrach. Déanfaidh táscairí maidir leis an tionchar an méadú ar shlándáil na dteorann, cumas eisiúna víosaí agus cumas chun trácht na dtaistealaithe thar theorainneacha a láimhseáil go slán agus go réidh a thomhas.

1.4. Na forais leis an togra/an tionscnamh 1.4.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Beidh ar an AE leanúint ar aghaidh ag dul i ngleic le dúshláin thábhachtacha sa réimse maidir le gnóthaí baile i rith na tréimhse 2014-2020.

Tá sé riachtanach timpeallacht shlán shábháilte a áirithiú agus tá sé tairbhiúil ó thaobh fás eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta an AE. Tá ról cinniúnach ag an AE, cibé acu trí dhul i ngleic le bagairtí na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na cibearchoireachta agus na sceimhlitheoireachta agus trí bhainistíocht theorainneacha seachtracha an AE a áirithiú, nó trí fhreagairt thapa a thabhairt ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn de thoradh ar thubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine. I ré an domhandaithe, ina bhfuil na bagairtí ag méadú agus ina bhfuil méadú ag teacht ar ghné trasnáisiúnta na mbagairtí sin, ní féidir le Ballstát ar bith freagairt éifeachtach a thabhairt ina aonair. Tá freagra cuimsitheach comhtháite de dhíth lena n‑áirithiú go mbeidh údaráis um fhorghníomhú an dlí in ann dul i mbun oibre go héifeachtach thar theorainneacha agus thar dhlínsí.

Tá comhar le tíortha neamh‑AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ríthábhachtach chun na spriocanna sin a bhaint amach. Léirigh imeachtaí déanacha i dTuaisceart na hAfraice cé chomh tábhachtach agus atá sé don AE go mbeadh cur chuige cuimsitheach agus comhordaithe aige maidir le himirce, teorainneacha agus slándáil. Dá réir sin ní mór gné sheachtrach bheartais gnóthaí baile an AE atá ag éirí níos tábhachtaí le himeacht ama a neartú, i gcomhchuibheas iomlán le beartas eachtrach an Aontais.

1.4.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Cruthaíonn bainistiú sreabha imirce agus bagairtí slándála dúshláin nach féidir le Ballstáit dul i ngleic leo trí ghníomhú aonair. Is réimsí iad sin lena mbaineann luach breise soiléir maidir le heagrú bhuiséad an AE.

Tá ualach trom ar roinnt Ballstát mar gheall ar a láthair gheografach shonrach agus mar gheall ar fhad theorainneacha seachtracha an Aontais a bhfuil dualgas orthu iad a bhainistiú. In éineacht le deireadh a chur le rialuithe inmheánacha teorann, ní mór comhbhearta a bheith ann maidir le rialú agus faireachas éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá prionsabal na dlúthpháirtíochta agus roinnt chóir na ndualgas idir Ballstáit ag croílár na gcomhbheartas tearmainn, imirce agus teorainneacha seachtracha dá réir sin. Cuireann buiséad an AE na modhanna ar fáil chun freastal ar impleachtaí airgeadais an phrionsabail seo. I réimse na slándála, na coireachta tromchúisí agus eagraithe, na sceimhlitheoireachta agus na mbagairtí eile a bhaineann leis an tslándáil, is bagairtí iad a bhfuil gné trasteorann ag baint leo níos mó ná riamh. Tá comhar agus comhordú trasnáisiúnta i measc na n‑údarás um fhorghníomhú an dlí riachtanach chun na coireanna seo a chosc agus le troid ina gcoinne, mar shampla trí mhalartú faisnéise, comh‑imscrúduithe, teicneolaíochtaí comh‑inoibritheacha agus measúnuithe bagairtí agus riosca comhchoiteanna.

Tá acmhainní agus cumas substaintiúil ag teastáil ó na Ballstáit chun déileáil le sreabha inimirce, teorainneacha seachtracha an AE agus slándáil an AE. Cruthaítear barainneachtaí scála agus sineirgí de thoradh ar fheabhas ar chomhar agus ar chomhordú oibríochtúil a chuimsíonn comhthiomsú acmhainní i réimsí ar nós oiliúna agus trealaimh, rud a dhéanann úsáid níos éifeachtaí as cistí poiblí a áirithiú agus dlúthpháirtíocht, muinín frithpháirteach agus comhroinnt freagrachta as comhbheartais an AE a atreisiú i measc na mBallstát. Baineann sé seo go mór le hábhar i réimse na slándála, áit a bhfuil tacaíocht airgeadais le haghaidh gach cineál comhoibríochta trasteorann riachtanach chun comhar a fheabhsú idir póilíní, custaim, gardaí teorann agus na húdaráis bhreithiúnacha.

Maidir le gné sheachtrach na ngnóthaí baile, is léir go méadóidh glacadh beart agus comhthiomsú acmhainní ar leibhéal an AE go suntasach tionchar an AE faoi mar atá riachtanach chun cur ina luí ar thríú tíortha plé leis an AE maidir leis na saincheisteanna sin a bhaineann le himirce agus slándáil atá ina n‑ábhar spéise go príomha don AE agus do na Ballstáit.

Tá ceart an AE gníomhú i réimse na ngnóthaí baile bunaithe ar Theideal V “Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais” den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagal 77(2), Airteagal 78(2), Airteagal 79(2) agus (4) Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus Airteagal 87(2) CFAE. Tá comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta cumhdaithe ag Airteagal 212(3) CFAE. Tugtar urraim sna tograí do phrionsabal na coimhdeachta toisc go mbeidh tromlach an chistithe curtha chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta comhpháirtí agus aird á tabhairt ar inniúlachtaí institiúideacha na mBallstát.

1.4.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Cé go mbreithnítear i gcoitinne go mbaineann ionstraimí airgeadais gnóthaí baile reatha a gcuid cuspóirí amach agus go bhfeidhmíonn siad go héifeachtach, is iad seo a leanas na ceachtanna is gá a fhoghlaim ón athbhreithniú meántéarma agus ón gcomhairliúchán le páirtithe leasmhara:

– Na hionstraimí gnóthaí baile amach anseo a shimpliú agus a chuíchóiriú trí líon na gclár airgeadais a laghdú go dhá cheann trí Chiste Tearmainn agus Imirce agus Ciste Slándála Inmheánaí a chruthú. Tabharfaidh sé sin deis don AE leas níos straitéisí a bhaint as a n‑ionstraimí ionas go mbeidh siad níos freagraí do thosaíochtaí polaitiúla agus do riachtanais an AE;

– Ról an AE mar ghníomhaí domhanda a neartú, trí chomhpháirt lena mbainfidh gné sheachtrach a chur san áireamh le Cistí amach anseo chun tionchar an AE a atreisiú maidir le gné beartais sheachtraigh de bheartais gnóthaí baile;

– Tosaíocht a thabhairt do bhainistiú comhpháirteach seachas do bhainistiú láraithe más féidir d’fhonn fáil réidh le hualaí maorlathacha neamhriachtanacha;

– Cur chuige maidir le bainistíocht chomhpháirteach a bheidh níos dírithe ar thorthaí a bhunú trí athrú go clárú ilbhliantúil lena mbainfidh comhphlé beartais ar leibhéal sinsearach lena n‑áiritheofar go mbeidh cláir náisiúnta na mBallstát curtha ar chomhréim go hiomlán le cuspóirí agus le tosaíochtaí beartais an AE agus go ndíreofar ar bhaint amach torthaí;

– Bainistíocht láraithe a fheabhsú chun raon uirlisí a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí atá faoi réir ag beartas, lena n‑áireofar tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, go háirithe gníomhaíochta nuála agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a bhaineann le tríú tíortha (gné sheachtrach), mar aon le gníomhaíochtaí éigeandála, staidéir agus imeachtaí;

– Comhchreat rialacháin a bhunú lena mbainfidh comhshraith rialacha maidir le clárú, tuairisciú, bainistiú airgeadais agus rialtáin a bheidh chomh cosúil agus is féidir le Cistí AE eile arna mbainistiú i modh na bainistíochta comhpháirtí d’fhonn tuiscint níos fearr ar na rialacha a chothú i measc na bpáirtithe leasmhara go léir agus chun leibhéal ard comhchuibhis agus comhsheasmhachta a áirithiú;

– Freagairt thapa agus éifeachtach a chur ar fáil i gcás éigeandálaí, na Cistí a dhearadh ionas gur féidir leis an AE freagairt go cuí i gcásanna athraitheacha;

– Ról na ngníomhaireachtaí gnóthaí baile a fheabhsú chun comhar praiticiúil a chothú idir na Ballstáit agus cúram a chur orthu gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme ag áirithiú ag an am céanna rialú polaitiúil cuí ar ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí.

Tá mionsonraí breise ar fáil sa mheasúnú tionchair agus sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le gach Rialachán.

1.4.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Déanfaidh roinnt ionstraimí AE eile tacaíocht a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí atá comhlántach do na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gCiste Slándála Inmheánaí:

Beidh an deighilt idir an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Airgeadais Cosanta Sibhialta fós mar a dhéantar cur síos air in Airteagal 3 den chlár CIPS reatha: baineann tubaistí nádúrtha chomh maith le tubaistí neamhbheartaithe de dhéanamh an duine le cosaint shibhialta (timpistí), agus baineann tubaistí beartaithe, de dhéanamh an duine leis an tslándáil agus cumhdófar iad sa Chiste Slándála Inmheánaí dá bhrí sin.

Beidh ionsaithe sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil fós lasmuigh de raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an AE. Níl an raon feidhme beacht agus an méid a dhéanfadh Airteagal 222 den CFAE (an clásal dlúthpháirtíochta) tacaíocht a sholáthar do Bhallstáit a ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta orthu nó atá thíos de thoradh tubaiste nádúrtha agus de dhéanamh an duine soiléir freisin mar gheall go bhfuil gá le socruithe cur chun feidhme a ghlacadh go foirmiúil chuige seo nár moladh fós fiú. Dá bhrí sin, tacófar le féidearthachtaí maoinithe éigeandála i gcás mór-ionsaí sceimhlitheoireachta nó teagmhais eile a bhaineann leis an tslándáil ón gCiste Slándála Inmheánaí.

Dúnfar an bhearna idir taighde slándála faoin gClár Horizon 2020 agus cur i bhfeidhm praiticiúil na dtorthaí ó thaighde den sórt sin mar gheall go bhforálfar cuspóirí sonracha agus gníomhaíochtaí incháilithe faoin gCiste Slándála Inmheánaí a chuirfear ar chumas maoiniú a chur ar fáil chun na torthaí taighde eolaíochta (‘fréamhshamhlacha’) a thástáil agus a bhailíochtú d’fhonn iad a chur i bhfeidhm go rialta sa chleachtas (‘soláthar réamhthráchtála’).

Beidh dlúthbhaint ag an gClár Ceartais amach anseo leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus déanfaidh sé comhlánú air, go háirithe an ghné ceartais choiriúil atá aige ach tá sé dírithe níos mó ar chomhar breithiúnach, comhchuibhiú na nósanna imeachta agus aitheantas frithpháirteach, rud a dhéanfaidh forluí substaintiúil a chosc sa chleachtas.

Tacóidh gnéithe seachtracha an Chiste Slándála Inmheánaí le gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus a bhaineann le tríú tíortha a fhreastalaíonn go príomha ar leasa agus ar chuspóirí an AE, lena mbainfidh tionchar díreach ar an AE agus ar na Ballstáit agus lena n‑áiritheofar leanúnachas le gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme i gcríoch an AE. Déanfar an maoiniú sin a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhchuibheas le gníomhaíocht sheachtrach agus le beartas eachtrach an AE. Níl sé i gceist leo tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhorbairt agus ba cheart go ndéanfaidís comhlánú, nuair is iomchuí, ar an gcúnamh airgeadais arna sholáthar trí ionstraimí cabhrach seachtraí. Sa chomhthéacs sin, beidh an comharba ar an gClár Téamach Imirce & Tearmainn agus ar an Ionstraim Cobhsaíochta ábhartha go háirithe maidir leis an réimse gnóthaí baile. Cé go dtacaíonn ionstraimí cabhrach seachtraí le ceachtar de riachtanais fhorbartha na dtíortha tairbhe nó de leasa polaitiúla ginearálta an AE le páirtithe straitéiseacha, tacóidh cistí gnóthaí baile le gníomhaíochtaí sonracha i dtríú tíortha ar mhaithe le leas chuspóirí bheartas imirce agus slándála inmheánaí an AE. Dá réir sin déanfar freastal ar bhearna shonrach leo agus cuirfidh siad leis an raon uirlisí atá ar fáil don AE.

1.5. Fad agus tionchar airgeadais

þ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– þ    Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón 01/01/2014 go 31/12/2020

– þ    Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB,

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.6. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[34]

þBainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

þ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– þ    gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– þ    comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[35]

– þ    comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨    daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

þ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

þBainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

þ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraí le tabhairt)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí:

Déanfar na tograí a chur chun feidhme go príomha trí bhainistiú comhpháirteach, lena mbainfidh cláir náisiúnta ilbhliantúla.

Déanfar na cuspóirí atá le baint amach faoi na cláir náisiúnta a chomhlánú le “gníomhaíochtaí an Aontais” agus meicníocht mhearfhreagartha chun déileáil le staideanna éigeandála. Beidh siad i bhfoirm deontas agus soláthair den chuid is mó faoi bhainistíocht dhíreach láraithe lena n‑áireofar gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir leo.

Bainfear leas as gach modh féideartha chun ilroinnt a sheachaint trí acmhainní a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí an AE a bhaint amach agus úsáid a bhaint as saineolas na bpríomhpháirtithe leasmhara, nuair is iomchuí, ar bhonn comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe réime.

Déanfar cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme trí bhainistiú díreach.

Glacfaidh na tíortha a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus forbairt acquis Schengen páirt freisin sa dá ionstraim den Chiste Slándála Inmheánaí ar ionann iad agus forbairt ar acquis Schengen (na hionstraimí maidir le teorainneacha agus víosaí agus maidir le comhar póilíneachta) amhail agus dá mba Ballstáit iad, i bhfianaise Comhaontuithe Comhlachais Schengen. Glacfaidh siad páirt sna hionstraimí i gcomhréir le forálacha an Rialacháin, ag cur a gcláir náisiúnta ilbhliantúla chun feidhme agus beidh deis acu iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoi ghníomhaíochtaí an Aontais etc. Mar an gcéanna leis an gCiste um Theorainneacha Seachtracha, cuirfear socruithe sonracha i gcrích chun na rialacha breise atá riachtanach le go nglacfaidh siad páirt ann a shonrú (rialacha a eascraíonn as an Rialachán Airgeadais, a chuid Rialacha Cur Chun Feidhme agus na Conarthaí, lena n‑áirítear cumhacht iniúchóireachta na Cúirte Iniúchóirí). Ós rud é go rannchuideoidh na Stáit seo le buiséad an AE don dá ionstraim seo i gcomhréir lena OTI, cinnteoidh na socruithe freisin na ranníocaíochtaí a bheidh le fáil ó na Stáit seo mar chuid den chomhroinnt freagrachta maidir le rialachas Schengen, agus déanfar sin beag beann ar an méid a leithdháiltear orthu faoi na hionstraimí. Go dtí seo, is iad na Stáit atá i gceist ná an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Maidir le bainistíocht chomhpháirteach, tá creat comhtháite agus éifeachtach tuairiscithe, faireacháin agus meastóireachta molta. Maidir le gach clár náisiúnta, iarrfar ar Bhallstáit Coiste Faireacháin a chur ar bun ina bhféadfaidh an Coimisiún a bheith rannpháirteach.

Ar bhonn bliantúil, déanfaidh na Ballstáit tuairisciú ar chur chun feidhme an chláir ilbhliantúil. Is réamhchoinníoll iad na tuarascálacha seo chun íocaíochtaí bliantúla a fháil. Chun cur leis an bpróiseas athbhreithnithe meántéarma, iarrfar orthu in 2017 faisnéis bhreise a chur ar fáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le baint amach na gcuspóirí. Tabharfar faoi fheidhm chomhchosúil in 2019 chun coigeartuithe a dhéanamh le linn na bliana airgeadais deireanaí (2020) nuair is iomchuí sin.

Ag tacú le forbairt cultúir bunaithe ar mheastóireacht i réimse na ngnóthaí baile, beidh creat coiteann meastóireachta agus faireacháin ag na Cistí ag a mbeidh táscairí leathana a bhaineann le beartas ina leagtar béim ar chur chuige na gCistí atá dírithe ar thoradh agus ar an ról fíor-riachtanach a d’fhéadfadh a bheith acu sa mheascán beartais chun an cuspóir a bhaint amach maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. Baineann na táscairí seo leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na Cistí: forbairt cultúir choitinn na slándála teorann, an chomhair póilíneachta agus na bainistíochta géarchéime; bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce chuig an AE; cóir chothrom agus chomhionann náisiúnach tríú tír; dlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna imirce agus slándála inmheánaí agus cur chuige coitianta san AE ar an imirce agus ar an tslándáil araon maidir le tríú tíortha.

D’fhonn cur i bhfeidhm leormhaith na bprionsabal ar mheastóireacht a áirithiú, agus aird á tabhairt ar an taithí phraiticiúil ar mheastóireacht sna Ballstáit faoi chistiúchán reatha an AE ar ghnóthaí baile, oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun an creat coiteann meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt, inter alia trí theimpléid agus táscairí aschuir agus toraidh coiteanna a shainmhíniú.

Bunófar gach beart ag tús na tréimhse clárúcháin, agus ar an gcaoi sin cuirfear ar chumas na mBallstát a gcórais tuairiscithe agus mheastóireachta a bhunú ar bhonn na gceanglas agus na bprionsabal comhaontaithe.

D’fhonn ualach riaracháin a laghdú agus d’fhonn sineirgí idir tuairisciú agus meastóireacht a áirithiú, cuirfidh an fhaisnéis a theastaíonn do thuarascálacha meastóireachta leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, agus cuirfidh sí i gcrích í.

In 2018, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur isteach fosta maidir leis an athbhreithniú meántéarma arna dhéanamh ar na cláir náisiúnta.

Ar bhonn níos domhandaithe, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil idirmheánach a chur isteach maidir le cur chun feidhme na gCistí faoin 30.06.2018 agus tuarascáil mheasúnaithe ex-post faoin 30.06.2024, lena gcumhdófar an cur chun feidhme iomlán (i.e. ní amháin cláir náisiúnta atá faoi bhainistíocht chomhpháirteach).

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. An riosca nó na rioscaí a aithníodh

Ní bhíonn baol rioscaí earráide ag an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile ina cláir chaithimh. Dearbhaítear é sin leis an easnamh athfhillteach de chinntí suntasacha i dtuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí mar aon le heasnamh de ráta earráide iarmhair os cionn 2% sna blianta seo caite i dtuarascálacha gníomhaíochta bliantúla maidir leis an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile (agus Ard‑Stiúrthóireacht an Cheartais, na Saoirse agus na Slándála mar a tugadh uirthi).

I gcás bainistíochta comhpháirtí, bíonn na rioscaí ginearálta maidir le cur chun feidhme na gclár reatha i dtrí chatagóir den chuid is mó:

– Riosca ar úsáid neamhéifeachtach cistí nó úsáid nach mbeadh sprioctha go cuí;

– Earráidí de bhun chastacht rialacha agus laigí i gcórais bhainistíochta agus rialaithe;

– Úsáid neamhéifeachtach as acmhainní riaracháin (comhréireacht teoranta riachtanas);

Is fiú gnéithe sonracha maidir le córas na 4 Chiste faoin gClár Ginearálta “Dlúthpháirtíocht agus Bainistiú Sreabha Imirce” a lua freisin.

– Áirithítear i gcóras na gclár bliantúil go ndéantar íocaíochtaí deireanacha ar bhonn rialta bunaithe ar chaiteachas deimhnithe agus iniúchta. Tá tréimhse cáilitheachta na gclár bliantúil dínasctha, áfach, ó bhliain airgeadais an AE agus dá réir sin níl an slabhra dearbhaithe go hiomlán sásúil, d’ainneoin córas an‑trom.

– Tá rialacha cáilitheachta mionsonraithe socraithe ag an gCoimisiún. Áirithítear leis sin i bprionsabal aonchineálacht an chaiteachais atá maoinithe. Cruthaíonn sé ualach oibre neamhriachtanach freisin, áfach, d’údaráis náisiúnta agus don Choimisiún agus méadaíonn sé an riosca earráidí ó thairbhithe agus ó Bhallstáit mar gheall ar neamhthuiscint ar rialacha an AE.

– Tá na córais bhainistíochta agus rialaithe reatha an‑ghar dóibh siúd atá faoi na Cistí Struchtúracha. Baineann éagsúlachtaí beaga leo, áfach, eadhon i slabhra na ndualgas idir údaráis deimhniúcháin agus Údaráis Iniúchóireachta. Cruthaíonn sé seo mearbhall sna Ballstáit, go háirithe nuair a ghníomhaíonn na húdaráis sa 2 chineál Ciste. Méadaíonn sé an riosca earráidí agus bíonn faireachán níos déine de dhíth dá réir.

Déanfar na gnéithe seo a athrú go suntasach sa togra seo:

– Leanfaidh na córais bhainistíochta agus rialaithe na ceanglais ghinearálta atá socraithe sna Cistí CCS agus comhlíonfaidh siad ceanglais nua an Rialacháin Airgeadais Nua go hiomlán: déanfar na 3 húdarás a athsholáthar le 2 údarás (Údarás Freagrach agus Údarás Iniúchóireachta) a bhfuil a róil soiléirithe ag féachaint do dhearbhú níos fearr a chur ar fáil.

– Cuirfidh clárú ilbhliantúil mar aon le himréiteach bliantúil bunaithe ar na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach na tréimhsí cáilitheachta ar chomhréim le cuntais bhliantúla an Choimisiúin, gan an t-ualach riaracháin a mhéadú i gcomparáid leis an gcóras reatha.

– Déanfar spotseiceálacha ar an láthair a thabhairt chun críche mar chuid de na rialuithe 1ú leibhéal, i.e. ag an Údarás Freagrach agus tacóidh siad lena dhearbhú urrúis bainistíochta bliantúil.

– Toisc soiléiriú agus simpliú ar na rialacha cáilitheachta mar aon lena gcomhchuibhiú le hionstraimí eile tacaíochta airgeadais déanfar na botúin a dhéanann tairbhithe a bhaineann úsáid as cúnamh ó fhoinsí éagsúla a laghdú. Déanfar na rialacha cáilitheachta sin a shocrú ar leibhéal náisiúnta, cé is moite de roinnt bunphrionsabal, atá cosúil leo siúd as a mbaintear úsáid le haghaidh na gCistí CCS.

– Moltar úsáid roghanna costais simplithe, go háirithe i gcás deontas beag.

I mbainistíocht láraithe, is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

– Riosca maidir le comhfhreagras lag idir na tionscadail a fhaightear agus tosaíochtaí polaitiúla na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile;

– An riosca maidir le droch‑cháilíocht na dtionscadal a roghnaíodh agus droch‑chur chun feidhme teicniúil an tionscadail, rud a laghdaíonn tionchar an chláir; i ngeall ar nósanna imeachta roghnúcháin neamhleora, easpa saineolais nó faireachán neamhleor;

– An riosca maidir le húsáid neamhéifeachtach nó neamheacnamaíoch na gcistí a deonaíodh, le haghaidh deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a chúiteamh mar aon le féidearthachtaí teoranta chun costais incháilithe a sheiceáil ag an deasc) agus le haghaidh soláthair (corruair bíonn líon teoranta soláthraithe eacnamaíocha ann a bhfuil an saineolas acu a theastaíonn ina bhfuil féidearthachtaí neamhleora chun comparáidí a dhéanamh idir tairiscintí praghsanna);

– Bainfidh an riosca le cumas na n‑eagraíochtaí níos lú (go háirithe) caiteachas a smachtú go héifeachtach chomh maith le trédhearcacht na n‑oibríochtaí arna ndéanamh a áirithiú.

– An riosca do chlú an Choimisiúin, má aimsítear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach dearbhú páirteach a fháil as córais rialaithe inmheánaigh tríú páirtithe i ngeall ar an líon measartha ard conraitheoirí agus tairbhithe ilchineálacha, iad ar fad ag feidhmiú a gcóras rialaithe féin, agus bíonn siad measartha beag go minic.

Táthar ag súil go ndéanfar an chuid is mó de na rioscaí seo a laghdú a bhuíochas sin do thograí a spriocdhíriú níos fearr agus gnéithe simplithe atá san áireamh san athbhreithniú nua ar an Rialachán Airgeadais a úsáid.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Bainistíocht chomhpháirteach:

Ar leibhéal na mBallstát, is forbairt atá i bhfeidhm i rith 2007-2013 an struchtúr atá beartaithe do na córais bhainistíochta agus rialaithe agus caomhnaítear leis formhór na bhfeidhmeanna arna ndéanamh sa tréimhse reatha lena n‑áirítear fíoruithe riaracháin agus fíoruithe ar an láthair, iniúchóireachtaí ar chórais bhainistíochta agus rialaithe agus iniúchóireachtaí ar thionscadail. Athraítear ord na bhfeidhmeanna seo mar sin féin ionas go bhfágfar seiceálacha ar an láthair mar fhreagracht shoiléir ar an Údarás Freagrach mar chuid lárnach den ullmhúchán don chleachtadh bliantúil imréitigh na gcuntas.

D’fhonn cuntasacht a threisiú, gheobhadh na hÚdaráis Fhreagracha creidiúnú ón gcomhlacht creidiúnúcháin náisiúnta atá i gceannas ar mhaoirseacht leanúnach a dhéanamh orthu. Trí laghdú a dhéanamh ar líon na n‑údarás – gan Údarás Deimhniúcháin a bheith ann a thuilleadh agus laghdú a dhéanamh ar líon na gCistí – táthar ag súil leis go laghdófaí an t-ualach riaracháin agus gur mó an deis a bheadh ann cumas níos láidre riaracháin a fhorbairt, ach cheadófaí roinnt freagrachtaí níos soiléire freisin.

Go dtí seo níl aon mheastachán iontaofa ann maidir le costas na rialuithe ar na Cistí bainistíochta comhpháirtí sa réimse Gnóthaí Baile. Baineann an t-aon mheastachán atá ar fáil leis an CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe áit a meastar go bhfuil costais na gcúraimí a bhaineann le rialuithe (ar an leibhéal náisiúnta, gan costais an Choimisiúin a áireamh) thart ar 2% den mhaoiniú iomlán arna riar sa tréimhse 2007-2013. Baineann na costais seo leis na réimsí rialaithe seo a leanas: Díorthaítear 1% ó chomhordú náisiúnta agus ó ullmhúchán clár, baineann 82% le bainistíocht clár, 4% le deimhniúchán agus 13% le hiniúchadh.

Déanfaidh na tograí seo a leanas na costais rialaithe a mhéadú:

– cruthú agus feidhmiú comhlachta creidiúnúcháin agus athrú córais i gcoitinne;

– dearbhú bainistíochta a ghabhann leis na cuntais bhliantúla a sheoladh isteach;

– na seiceálacha ar an láthair atá le déanamh ag an Údarás Freagrach;

– an gá le breisghníomhaíocht iniúchóireachta ó na hÚdaráis Iniúchóireachta chun iniúchadh a dhéanamh ar an dearbhú bainistíochta.

Tá tograí ann freisin a laghdóidh na costais rialaithe áfach:

– Tiocfaidh deireadh le hÚdarás Deimhniúcháin. Cé go ndéanfar a bhfeidhmeanna a aistriú i bpáirt chuig an Údarás Freagrach, ceadóidh sé sin don Bhallstát cuid shuntasach de na costais a bhaineann le deimhniúchán a shábháil de thoradh éifeachtúlachta níos fearr riaracháin, laghdú ar an ngá le comhordú, agus laghdú ar raon feidhme na n‑iniúchóireachtaí;

– Beidh na rialuithe a bheidh le déanamh ag an Údarás Iniúchóireachta dírithe níos mó i dtreo athdhéanamh ar (shampla de) na rialuithe den 1ú leibhéal riaracháin agus ar na rialuithe ar an láthair arna ndéanamh ag an Údarás Freagrach. Fágfaidh sé seo go mbeidh an nós imeachta sáraíochta níos tapa agus áiritheofar freisin go dtabharfar faoi gach rialú is gá sula seolfar na cuntais bhliantúla isteach;

– De thoradh ar chostais shimplithe a úsáid, laghdófar costais agus ualaí riaracháin ar gach leibhéal, i gcás riarachán agus tairbhithe araon;

– Laghdóidh an cur i gcrích bliantúil, agus an srianadh ar an tréimhse imréitigh comhréireachta go 36 mí, tréimhse coinneála na ndoiciméad chun críocha rialaithe do riaracháin phoiblí agus tairbhithe;

– Beidh sé éigeantach sreafaí cumarsáide leictreonaí a chur ar bun idir an Coimisiún agus na Ballstáit.

Ní mór na gnéithe simplithe atá liostaithe faoi §2.2.1 thuas a chur leis sin, a rannchuideoidh leis an ualach riaracháin do thairbhithe a laghdú freisin agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin.

Táthar ag súil leis, dá bhrí sin, go mbeidh sé mar thoradh ar na tograí, ar an iomlán, go ndéanfar na costais rialaithe a athdháileadh seachas iad a mhéadú nó a laghdú. Meastar, áfach, go n‑éascóidh an t‑athdháileadh sin ar chostais (do na feidhmeanna ar fad agus de bharr na socruithe comhréireacha rialaithe, agus freisin do na Ballstáit agus na cláir ar fad) maolú níos éifeachtaí ar rioscaí agus go mbeidh slabhra dearbhaithe níos fearr agus níos tapa dá bharr.

Ar leibhéal an Choimisiúin, níltear ag súil leis go mbeidh laghdú ar chostas na bainistíochta agus na rialuithe le haghaidh bainistíochta comhpháirtí sa chéad leath den tréimhse chlárúcháin. Tá sé sin amhlaidh ar an gcéad dul síos toisc go leathnófar an méid agus na réimsí beartais a bhaineann leis an mbainistíocht chomhpháirteach i gcomparáid leis an tréimhse reatha. Dá bhrí sin beidh méadú ar éifeachtúlacht riachtanach cheana féin chun na hacmhainní céanna a choinneáil. Ina theannta sin, beidh sé de nós sna blianta tosaigh go leor tascanna tábhachtacha a dhéanamh le chéile: cur i gcrích na gclár 2007-2013 (tá na tuairiscí cur i gcrích deiridh le cur isteach faoin 31 Márta 2016), idirphlé beartais agus faomhadh na gclár náisiúnta ilbhliantúla 2014-2020 agus córas nua um imréiteach cuntas a chur ar bun. Sa dara leath den tréimhse bainfear úsáid as na hacmhainní féideartha a bheidh ar fáil chun meastóireacht agus faireachán a fheabhsú.    

Bainistiú láraithe

Maidir le bainistiú láraithe, leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag cur a chóras rialaithe reatha i bhfeidhm. Tá an córas sin comhdhéanta de na bunábhair seo a leanas: maoirseacht na stiúrthóireachtaí oibríochtúla ar oibríochtaí, rialú ex ante ag an Aonad Buiséid agus Rialaithe, an Coiste Soláthair Inmheánaigh (JPS/HPC), rialuithe ex post le haghaidh deontas nó na hiniúchóireachtaí ón gCumas Iniúchóireachta Inmheánaí agus ón tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí. Cuireann an earnáil rialaithe ex post “straitéis braite” i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm léi líon uasta na n‑aimhrialtachtaí a bhrath chun íocaíochtaí míchuí a fháil ar ais. Bunaithe ar an straitéis seo, déantar na hiniúchóireachtaí ar shampla de na tionscadail, a roghnaítear ar bhonn anailíse riosca beagnach ar fad.

Mar gheall ar an meascán seo de rialuithe ex ante agus ex post, chomh maith leis na seiceálacha deisce agus na hiniúchóireachtaí ar an láthair, bhí an ráta earráide inchainníochtaithe iarmharach ar an meán níos lú ná 2% le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, meastar an córas rialaithe inmheánaigh, chomh maith leis an gcostas a ghabhann leis, a bheith leormhaith chun an cuspóir de ráta íseal earráide a bhaint amach san Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile.

Faoi chuimsiú an chreata seo, áfach, leanfaidh an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile ag iniúchadh féidearthachtaí d’fhonn feabhas a chur ar an mbainistíocht agus simpliú a mhéadú. Go háirithe, bainfear an oiread úsáide agus is féidir as na roghanna simplithe a chuirtear ar fáil sa Rialachán Airgeadais nua mar gheall go meastar go rannchuideoidh siad leis an ualach riaracháin do thairbhithe a laghdú agus dá bhrí sin, is ionann iad agus laghdú comhuaineach ar rioscaí earráide agus ar an ualach riaracháin a bheidh ar an gCoimisiún.

Sraitheanna nua

Foráiltear sraitheanna nua le haghaidh maoinithe an AE sa réimse gnóthaí baile sna tograí, e.g. úsáid níos fearr as an saineolas atá ann cheana féin i ngníomhaireachtaí an AE, forbairt ar an ngné sheachtrach agus neartú ar na meicníochtaí éigeandála.            Beidh modhanna bainistíochta agus rialaithe nua ag teastáil le haghaidh DG HOME sa chás seo. Níl na méideanna a chuirfear ar fáil do na sraitheanna nua seo socraithe fós, ach ní dócha go mbeidh siad suntasach i gcomparáid leis an mbuiséad gnóthaí baile foriomlán. Beidh sé thar a bheith tábhachtach na modhanna agus socruithe oibre inmheánacha chun na cúraimí seo a chur chun feidhme a bhunú chomh luath agus is féidir laistigh den tréimhse, áfach, le cloí go hiomlán le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.

Léiríonn an anailís thuas go soiléir go mbeidh gá atreisiú a dhéanamh ar leibhéal na n‑acmhainní daonna atá de dhíth chun buiséad méadaithe DG HOME a chur chun feidhme, d’ainneoin na simplithe ar fad a tugadh isteach.       Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta faoin leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Anuas ar na meicníochtaí rialaithe rialála uile a chur i bhfeidhm, ceapfaidh an Ard‑Stiúrthóireacht Gnóthaí Baile straitéis frith‑chalaoise i gcomhréir le straitéis frith‑chalaoise nua an Choimisiúin (CAFS) arna glacadh an 24 Meitheamh 2011 d’fhonn a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha maidir le frith‑chalaois ailínithe go hiomlán leis an CAFS agus go bhfuil a chur chuige maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí riosca calaoise agus ar fhreagairtí imleora a shainaithint. Más gá, bunófar grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe atá tiomanta anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann leis na Cistí.

Maidir le bainistíocht chomhpháirteach, aithnítear go soiléir i straitéis frith‑chalaoise an Choimisiúin go bhfuil sé riachtanach go ndéanfadh tograí an Choimisiúin le haghaidh rialachán 2014-20220 iarratas ar na Ballstáit bearta frith‑chalaoise a chur i bhfeidhm atá éifeachtach agus comhréireach maidir leis na rioscaí calaoise sainaitheanta. In Airteagal 5 den togra reatha ceanglaítear go soiléir ar na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú agus tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún. Beidh sonraí breise maidir leis na hoibleagáidí seo mar chuid de na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna an Údaráis Fhreagraigh mar a fhoráiltear in Airteagal 24(5)(c).

Ina theannta sin, rinneadh athúsáid na gcistí a thagann ó cheartú airgeadais bunaithe ar thorthaí an Choimisiúin nó na Cúirte Iniúchóirí a shonrú go soiléir in Airteagal 41.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Líon || LD ([36]) || ó thíortha[37] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[38] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3 ||   || LD || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

· Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Líon Teideal 3 || LD/LN || ó thíortha CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3 || 18 01 04 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

3 || 18 02 bb - Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíneacht & Coireacht || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

3 || 18 01 04 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí - Cúnamh teicniúil || LN || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

3 || 18 02 cc - Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || LD || NÍL || NÍL || TÁ || NÍL

|| || || || || ||

|| || || || || ||

|| || || || || ||

|| || || || || ||

Baineann ranníocaíochtaí ó thríú tíortha leis an dá chomhpháirt den Chiste Slándála Inmheánaí.

Déanfar na critéir agus an modh chun na ranníocaíochtaí seo a ríomh a chaibidliú idir an AE agus na Stáit Chomhlachaithe ar bhonn nós imeachta ar leithligh.

Ag déanamh talamh slán de go mbeadh na céatadáin cosúil leo sin atá in úsáid faoi láthair faoin gCiste um Theorainneacha Seachtracha, d’iarrfaí ar na Stáit Chomhlachaithe ranníocaíocht de thart ar EUR 210 milliún a dhéanamh leis an ngné a bhaineann le Teorainneacha agus Víosaí agus thart ar EUR 50 milliún leis an ngné a bhaineann le comhar póilíneachta.

3.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus Saoránacht

DG HOME || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (praghsanna reatha) || || || || || || || || ||

18 02 bb An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || Oibleagáidí || (1a) || 135.076 || 143.047 || 151.283 || 159.791 || 168.578 || 177.653 || 187.022 || || 1,122.450

Íocaíochtaí || (2a) || 15.714 || 43.881 || 71.419 || 111.709 || 147.854 || 156.248 || 164.918 || 410.707 || 1,122.450

18 02 cc  Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || Oibleagáidí || (1a) || 422.310 || 447.186 || 472.886 || 499.435 || 526.856 || 555.173 || 584.412 || - || 3,508.258

Íocaíochtaí || (2a) || 59.999 || 120.794 || 223.204 || 350.813 || 461.098 || 487.256 || 514.275 || 1,290.818 || 3,508.258

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[39] || || || || || || || || ||

18 01 04 bb            An Ciste Slándála Inmheánaí - Póilíneacht agus Coireacht || || || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || 0.800 || || 5.600

18 01 04 cc             Ciste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha & Víosaí || || || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || 1.700 || || 11.900

IOMLÁN leithreasaí do DG HOME || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 559,886 || 592,733 || 626,669 || 661,726 || 697,934 || 735,326 || 773,934 || || 4.648,208

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 78,213 || 167,174 || 297,123 || 465,023 || 611,452 || 646,004 || 681,693 || 1.701,525 || 4.648,208

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || " Caiteachas riaracháin "

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ós rud é go bhfuil gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar eagrúchán inmheánach na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí.

Dá réir sin comhfhreagraíonn na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don chaiteachas riaracháin iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an dá Chiste ag an AS a áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Tar éis 2020 || IOMLÁN

DG: HOME ||

Ÿ Acmhainní daonna || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || || 145.887

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || || 1,157

IOMLÁN DG HOME || Leithreasaí || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || || 147.044

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B ||

Íocaíochtaí || || || || || || || || ||

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– þ  Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:            Cuirtear an beartas Gnóthaí Baile chun feidhme trí bhainistíocht chomhpháirteach go príomha. Cé go socraítear tosaíochtaí caiteachais ar leibhéal an AE, tugtar cúram na bainistíochta laethúla d’Údaráis Fhreagracha ar an leibhéal náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún agus na hÚdaráis Fhreagracha cinneadh le chéile maidir le comhtháscairí aschuir agus spriocanna mar chuid dá gcuid cláir náisiúnta, agus déanfaidh an Coimisiún faomhadh orthu. Tá sé deacair, dá bhrí sin, táscairí maidir le haschuir a lua go dtí go mbeidh na cláir dréachtaithe, caibidlithe agus faofa in 2013/14.   Maidir le bainistiú láraithe, níl sé indéanta do DG HOME liosta críochnaitheach a sholáthar freisin de gach aschur atá le cur ar fáil trí bhíthin na hidirghabhála airgeadais faoi na Cistí, na costais agus uimhreacha a bhaineann leo ar an meán, mar a iarrtar sa roinn seo. Níl aon uirlisí staitistiúla ann faoi láthair a thugann deis costais bhríocha ar an meán a ríomh ar bhonn na gclár reatha, agus bheadh sainmhíniú beacht den sórt sin mar shárú ar an bprionsabal gur chóir go mbeadh an clár amach anseo sách solúbtha chun dul in oiriúint do na tosaíochtaí polaitiúla idir 2014 agus 2020. Tá sé sin amhlaidh go mór mór i ndáil le cúnamh éigeandála agus gníomhaíochtaí i dtríú tíortha agus maidir le tríú tíortha.

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir[40] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH UIMH. 1[41]… || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 1 || || || || || || || || || || || || || || || ||

CUSPÓIR SONRACH UIMH. 2... || || || || || || || || || || || || || || || ||

- Aschur || || || || || || || || || || || || || || || || || ||

Fo-iomlán chuspóir sonrach Uimh. 2 || || || || || || || || || || || || || || || ||

COSTAS IOMLÁN || || || || || || || || || || || || || || || ||

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– þ Éilíonn an togra go n‑úsáidfear leithreasaí riaracháin mar a mhínítear thíos:

Ós rud é go bhfuil gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar eagrúchán inmheánach na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí.

Dá réir sin comhfhreagraíonn na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don chaiteachas riaracháin iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an dá Chiste ag an AS a áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist.

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) DG HOME

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil[42] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Acmhainní Daonna DG HOME || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 20.841 || 145,887

Caiteachas riaracháin eile || 0,156 || 0,159 || 0,162 || 0,165 || 0,168 || 0,172 || 0,175 || 1,157

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 20.997 || 21.000 || 21.003 || 21.006 || 21.009 || 21.013 || 21.016 || 147.044

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[43] den chreat airgeadais ilbhliantúil [44] || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

Acmhainní Daonna DG HOME || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 0.640 || 4.480

Caiteachas eile de chineál riaracháin || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 1.860 || 13.020

Fo-iomlán lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 2.500 || 17.500

IOMLÁN || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B

3.2.3.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– þ Éilíonn an togra/ tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Is iad figiúirí 2011 a úsáidtear do bhliain n.

Ós rud é go bhfuil gnéithe comhchoiteanna idir cur chun feidhme an Chiste Tearmainn agus Imirce agus an Chiste Slándála Inmheánaí ar nós idirphlé beartais le gach Ballstát agus ag tabhairt san áireamh go bhféadfadh sé tarlú go dtiocfadh forbairt ar eagrúchán inmheánach na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile d’fhonn bainistiú na gcistí nua a áirithiú (mar aon le cur i gcrích na gclár atá á mbainistiú faoi láthair); ní féidir an caiteachas riaracháin a roinnt idir an Ciste Tearmainn agus Imirce agus an Ciste Slándála Inmheánaí.

Dá réir sin comhfhreagraíonn na figiúirí a bhaineann le Ceannteideal 5 thíos don chaiteachas riaracháin iomlán a mheastar a bheith riachtanach chun bainistiú an dá Chiste ag an AS a áirithiú agus níl aon iomlán leithreasuithe i gceist.

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| || Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || Bliain N+4 || Bliain N+5 || Bliain N+6

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) DG HOME ||

|| 18 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136 || 136

|| XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15 || 15

|| 18 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[45] ||

|| 18 02 01 (CA, INT, SNE ón ‘gclúdach iomlánaíoch’) || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16 || 16

|| XX 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10 || 10

|| 18 01 04 bb [46] || - sa Cheanncheathrú[47] || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4 || 4

|| - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || *

|| 18 01 04 cc [48] || - sa Cheanncheathrú[49] || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6 || 6

|| - i dtoscaireachtaí || * || * || * || * || * || * || *

|| XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || || || ||

|| 10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || || || || || || ||

|| Eile 13 01 04 02) || || || || || || ||

|| IOMLÁN || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B || N/B

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón AS a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana nó atá ath‑imlonnaithe taobh istigh den AS, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don AS atá i mbun bainistíochta faoin leithdháileadh bliantúil agus i bhfianaise na srianta buiséadacha. Dhéanfaí méideanna agus iontrálacha barúlacha a choigeartú i gcás aon phróiseas seachtraithe do Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha ag an gceanncheathrú || Cuimsíonn na cúraimí is gá a thabhairt chun críche na cúraimí go léir atá riachtanach le haghaidh clár airgeadais a bhainistiú, ar nós: - ionchur a chur ar fáil don nós imeachta buiséadach;  - idirphlé beartais a dhéanamh le Ballstáit;      - cláir oibre bhliantúla/cinntí maoiniúcháin a ullmhú, tosaíochtaí bliantúla a leagan síos, cláir náisiúnta a fhaomhadh;              - cláir náisiúnta a bhainistiú, glaonna ar thograí agus glaonna ar thairiscintí agus na nósanna imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin;            - cumarsáid le páirtithe leasmhara (tairbhithe féideartha/iarbhír, Ballstáit, srl); - treoirlínte a dhréachtú do Bhallstáit               - tionscadail a bhainistiú, ar bhonn oibríochtúil agus airgeadais;               - rialuithe a fheidhmiú, faoi mar a chuirtear síos orthu thuas (fíorú ex ante, coiste soláthair, iniúchóireachtaí ex post, iniúchadh inmheánach, imréiteach na gcuntas); - cuntasaíocht;     - uirlisí TF bainistithe cláir náisiúnta agus deontais a fhorbairt agus a bhainistiú;   - faireachán agus tuairisciú maidir le baint amach cuspóirí, lena n‑áirítear sa Tuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta agus i dtuarascáil an Oifigigh um Údarú de réir fo-Thoscaireachta

Pearsanra seachtrach || Tá na cúraimí cosúil le cinn na n‑oifigeach agus na ngníomhairí sealadacha, seachas i gcás cúraimí nach féidir le pearsanra seachtrach a chomhlíonadh

Pearsanra i dtoscaireachtaí || D’fhonn cur le forbairt chur chun feidhme beartais sa réimse gnóthaí baile, agus go háirithe an ghné sheachtrach a bhaineann leis, beidh ar thoscaireachtaí an AE dóthain saineolais a bheith acu ar chúrsaí gnóthaí baile. Tharlódh gur foireann í seo ón gCoimisiún Eorpach nó ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– þ  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[50].

Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– þ Déantar foráil sa togra gur gá cistiú Eorpach a chómhaoiniú. Ní féidir an méid cruinn a chainníochtú. Bunaítear leis an rialachán uasrátaí cómhaoiniúcháin arna n‑idirdhealú de réir na gcineálacha gníomhaíochtaí:

Leithreasaí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || Costas

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe || BS || BS || BS || BS || BS || BS || BS ||

IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh || le cinneadh ||

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– þ  Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

– ¨         ar acmhainní dílse

– ¨         ar ioncam ilghnéitheach

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid ioncaim || Leithreasaí atá ar fáil don bhliain buiséadach leanúnach || Tionchar an togra/tionscnaimh[51]

Bliain N || Bliain N+1 || Bliain N+2 || Bliain N+3 || ... iontráil na colúin ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal …………. || || || || || || || ||

I gcás ioncaim ilghnéithigh shannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

Sonraigh an modh chun an tionchar ar ioncam a ríomh.

[1]               IO C 115, 4.5.2010, lch. 1

[2]               COIM (2010)673 leagan críochnaitheach

[3]               COIM (2011)248 leagan críochnaitheach

[4]               COIM (2011)561 leagan críochnaitheach

[5]               COIM(2011)680 leagan críochnaitheach

[6]               COIM(2011) 500 leagan críochnaitheach

[7]               Tá na doiciméid chomhairliúcháin agus an tuarascáil ar thorthaí an chomhairliúcháin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na hArd‑Stiúrthóireachta Gnóthaí Baile: http://ec.Europa.eu/home-affairs/news/consulting_public/consulting_0020_en.htm

[8]               “Athbhreithniú Buiséid an AE”, COIM (2010) 700, 19.10.2010.

[9]               Togra ón gCoimisiún – Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad bliantúil an Aontais (COIM(2010)815 leagan críochnaitheach an 22.12.2010). Is ionann an togra seo agus an Coimisiún ag tarraing siar na dtograí reachtacha COIM(2010)71 leagan críochnaitheach agus COIM(2010)260 leagan críochnaitheach a bhí ann roimhe seo.

[10]             I gcomhréir le Prótacal 5 a ghabhann le Conradh Aontachais na Liotuáine, maidir le cur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus an Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) (IO L 99, 17.4.2003, lch. 8; OJ L 99, 17.4.2003, lch. 15), is é an AE a íocann costas breise na Scéime agus cúitíonn sé an Liotuáin as gan táillí a fhorchur nuair a eisíonn sí na doiciméid atá i gceist do shaoránaigh na Rúise ar idirthuras tríd an AE chuig réigiún Kaliningrad nó uaidh.

[11]             Iarscríbhinn maidir le costais mheasta na gcóras - COIM(2011)680 leagan críochnaitheach

[12]             IO L 286, 1.11.2011, lch.1

[13]             IO C, , lch. .

[14]             IO C, , lch. .

[15]             Doic. 7120/10 ón gComhairle.

[16]             COIM (2010) 673 leagan críochnaitheach.

[17]             [IO L ... le críochnú]

[18]             IO L 144, 6.6.2007, lch. 22

[19]             IO L 349, 25.11.2004, lch. 1

[20]             IO Le comhlánú

[21]             IO L 236, 23.9.2003, lch. 946.

[22]             IO L 99, 17.4.2003, lch. 8.

[23]             IO L 99, 17.4.2003, lch. 15.

[24]             COIM (2011) 559 leagan críochnaitheach

[25]             IO L 55, 28.2.2011, lch 13.

[26]             IO L 144, 6.6.2007, lch. 22

[27]             IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[28]             IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

[29]             IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

[30]             COIM(2011)559 leagan críochnaitheach

[31]             COIM(2011)403 leagan críochnaitheach

[32]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[33]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[34]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[35]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[36]             LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte

[37]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[38]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[39]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[40]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.:líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[41]             Mar a thuairiscítear i Roinn 1.4.2. “Cuspóirí sonracha...” “Cuspóir sonrach (cuspóirí sonracha)...”

[42]             Clúdach foriomlán, bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear oifigigh agus foireann sheachtrach

[43]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[44]             Foireann sheachtrach arna maoiniú ó sheanlínte BA, bunaithe ar Leithdháileadh Críochnaitheach 2011 le haghaidh Acmhainní Daonna, lena n‑áirítear foireann sheachtrach ag an gCeanncheathrú agus i dToscaireachtaí

[45]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire”); JED= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[46]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”).

[47]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[48]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA”).

[49]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[50]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[51]             Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 25% de chostais bhailiúcháin a bheith bainte astu.