52011PC0715

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar /* COIM/2011/0715 leagan deireanach - 2011/0315 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Tá an trádáil i dtáirgí áirithe cruach idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na Rúise á rialú le Comhaontú, lena mbunaítear freisin cuótaí le haghaidh allmhairí isteach san Aontas Eorpach de chruach de thionscnamh Chónaidhm na Rúise. Mar a fhoráiltear in Airteagal 10(4) den Chomhaontú, le haontachas Chónaidhm na Rúise leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ní foláir an Comhaontas a fhoirceannadh agus na cuótaí a dhíothú.

Dá bhrí sin foráiltear sa togra reatha Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú sin san Aontas Eorpach ar an dáta ar a mbeidh Cónaidhm na Rúise ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

2011/0315 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)       Maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht agus Comhar lena mbunaítear comhpháirtíocht idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na Rúise, den pháirt eile[1], dá ngairtear 'CCC' anseo feasta, tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 1997.

(2)       In Airteagal 21(1) den CCC foráiltear go rialófar trádáil i dtáirgí áirithe cruach le Teideal III den Chomhaontú sin, cé is moite d'Airteagal 15 de, agus le forálacha comhaontaithe ar shocruithe cainníochtúla.

(3)       Ar an 26 Deireadh Fómhair 2007, rinne an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Chónaidhm na Rúise an Comhaontú sin maidir le trádáil i dtáirgí áirithe cruach[2] a chur i gcrích, dá dtagraítear anseo feasta mar 'an Comhaontú'.

(4)       Ar an 22 Deireadh Fómhair 2007, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 maidir le srianta áirithe ar allmhairí táirgí áirithe cruach ó Chónaidhm na Rúise a riar[3] chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

(5)       Sa Chomhaontú ordaítear, i gcás ina n-aontaíonn Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Trádála roimh don Chomhaontú dul in éag, go ndéanfar an Comhaontú a fhoirceannadh agus dá thoradh sin go ndíothófar na teorainneacha cainníochtúla amhail ó dháta an aontachais.

(6)       Ar an dáta ar a mbeidh Cónaidhm na Rúise ina comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ní bheidh gá leis an Rialachán chun an Comhaontú a chur chun feidhme níos mó. Ba cheart dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007 a aisghairm le héifeacht ón dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1342/2007.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar an dáta ar a n-aontaíonn Cónaidhm na Rúise don Eagraíocht Dhomhanda Thrádála.

Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuige sin.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile is go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [dáta]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

[1]               IO L 327, 28.11.1997, lch. 3.

[2]               IO L 300, 17.11.2007, lch. 52.

[3]               IO L 300, 17.11.2007, lch. 1.